EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0273
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/273 of 23 February 2022 concerning the authorisation of preparations of Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 and Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 as silage additives for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/273 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 a údarú mar bhreiseáin sadhlais le haghaidh gach speicis ainmhí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/273 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 a údarú mar bhreiseáin sadhlais le haghaidh gach speicis ainmhí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/977
IO L 43, 24.2.2022, p. 17–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/17 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/273 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2022
maidir le hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 a údarú mar bhreiseáin sadhlais le haghaidh gach speicis ainmhí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratais ar údarú i leith ullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin. |
(3) |
Baineann na hiarratais le húdarú ullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí, ullmhóidí atá le haicmiú sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin theicneolaíocha”. |
(4) |
I dtuairimí an 23 Meitheamh 2021 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas (2) , (3) , (4) , (5) , (6) , (7) nach bhfuil tionchar díobhálach ag na hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 ná Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig sé ar an gconclúid gur cheart a mheas gur íogróirí riospráide iad na breiseáin agus chuir sé in iúl nach bhféadfaí teacht ar chonclúid maidir le greannú an chraicinn agus greannú na súl nó maidir leis an íogrú craicinn a d’fhéadfadh na breiseáin a dhéanamh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí na mbreiseán. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh na hullmhóidí feabhas a chur ar leasú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as. Chomh maith leis sin, an tuarascáil faoin modh anailíse i leith na mbreiseán beathaithe agus iad i mbeathú, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás an tuarascáil sin a fhíorú. |
(5) |
Is léir ón measúnú a rinneadh ar na hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na n-ullmhóidí sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóidí a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an ngrúpa feidhmiúil “breiseáin sadhlais”, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6700.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6701.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6702.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6703.
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6704.
(7) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6705.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21701 |
Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023. - Modh anailíse (1)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21016 |
Pediococcus pentosaceus IMI 507024 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Pediococcus pentosaceus IMI 507024 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus IMI 507024. Modh anailíse (3)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21017 |
Pediococcus pentosaceus IMI 507025 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Pediococcus pentosaceus IMI 507025 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus IMI 507025. Modh anailíse (5)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21601 |
Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026. Modh anailíse (7)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21602 |
Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027. - Modh anailíse (9)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
1k21603 |
Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 ina bhfuil ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028. Modh anailíse (11)
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
16.3.2032 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(2) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1.5-3.0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(4) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(5) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(6) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(7) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(8) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(9) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(10) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(11) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(12) Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).