EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R1026

Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

IO L 316, 14.11.2012, p. 34–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1026/oj

14.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/34


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1026/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (“Unclos”) agus i gComhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach an 4 Lúnasa 1995 (“UNFSA”) a chur chun feidhme, chun stoic éisc áirithe chomhroinnte, stoic éisc traslimistéir áirithe agus stoic éisc mhórimirceacha áirithe a bhainistiú teastaíonn comhar gach tíre a bhfuil an stoc ina huiscí (na Stáit chósta) agus na tíortha a saothraíonn a gcabhlaigh an stoc sin (na Stáit iascaireachta). Féadfar an comhar sin a bhunú faoi chuimsiú na n-eagraíochtaí réigiúnacha um bhainistíocht iascaigh (ERBIanna) nó, mura bhfuil inniúlacht ag ERBIanna maidir leis an stoc i gceist, trí bhíthin socruithe ad hoc i measc na dtíortha a bhfuil leas san iascach sin acu.

(2)

Maidir le tríú tír a bhfuil leas aici in iascach lena mbaineann stoc ar leas coiteann don tír sin agus don Aontas é, i gcás ina gceadaíonn tír den sórt sin, gan aird chuí a thabhairt ar phátrúin iascaireachta atá ann cheana féin nó ar chearta, dualgais agus leasanna tíortha eile agus an Aontais, gníomhaíochtaí iascaireachta a chuirfidh inbhuanaitheacht an stoic sin i mbaol, agus i gcás ina mainníonn sí comhoibriú le tíortha eile agus leis an Aontas chun é a bhainistiú, ba cheart bearta sonracha a ghlacadh chun rannchuidiú na tíre sin le caomhnú an stoic sin a spreagadh.

(3)

Ba cheart a mheas go bhfuil stoic éisc i staid neamh-inbhuanaithe nuair nach gcoinnítear iad go leanúnach ar na leibhéil, nó os cionn na leibhéal, ar féidir leo uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, nó, mura féidir meastachán a dhéanamh ar na leibhéil seo, nuair nach ndéantar na stoic a choinneáil go leanúnach laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

(4)

Is gá na coinníollacha a shainiú faoinar féidir a mheas gur tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe tír agus faoinar féidir tír a bheith faoi réir beart faoin Rialachán seo, lena n-áirítear próiseas a thabharfaidh an ceart éisteacht a fháil do na tíortha lena mbaineann agus a thabharfaidh deis dóibh beart ceartaitheach a dhéanamh.

(5)

Thairis sin, is gá an cineál beart a fhéadfar a dhéanamh i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe a shainiú agus coinníollacha ginearálta a bhunú chun bearta den sórt sin a ghlacadh ionas go mbeidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus go mbeidh siad cothromasach, costéifeachtach agus comhoiriúnach leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(6)

Ba cheart na bearta den sórt sin a bheith dírithe ar dhíchur na ndreasachtaí atá ann do na tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe, iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é. Féadfar é sin a bhaint amach, inter alia, trí shrian a chur ar allmhairiú táirgí éisc arna ngabháil ag soithí a dhéanann iascaireacht ar stoc ar leas coiteann é atá faoi rialú na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe, trí shrian a chur ar rochtain na soithí sin ar chalafoirt, nó trí chosc a chur ar úsáid soithí iascaireachta ón Aontas nó trealamh iascaireachta ón Aontas chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é atá faoi rialú na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe.

(7)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht an Aontais chun stoic éisc a chaomhnú éifeachtach agus comhoiriúnach, tá sé den tábhacht go dtabharfar aird ar na bearta atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíchur (3).

(8)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil bearta arna nglacadh i gcoinne tíre faoin Rialachán seo fónta ó thaobh an chomhshaoil de, éifeachtach, comhréireach agus comhoiriúnach le rialacha idirnáisiúnta, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí comhshaoil, trádála, eacnamaíocha agus sóisialta a mbeifear ag súil leo de bharr beart den sórt sin, sula nglacfar iad.

(9)

Más rud é go bhfuil na bearta arna nglacadh i gcoinne tíre faoin Rialachán seo neamhéifeachtach agus má leantar, i gcás na tíre sin, de bheith á meas mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe, féadfar bearta breise a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(10)

Ba cheart do na bearta arna nglacadh i gcoinne tíre faoin Rialachán seo scor d’fheidhm a bheith acu an tráth a ghlacfaidh an tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe na bearta is gá chun rannchuidiú le caomhnú an stoic ar leas coiteann é.

(11)

D’fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe a shainaithint, le bearta a ghlacadh i ndáil leis an tír sin agus le cinneadh gur cheart go scoirfeadh bearta den sórt sin d’fheidhm a bheith acu. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(12)

Ba cheart don Choimisiún bearta cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le deireadh cur i bhfeidhm beart arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo, ina n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos creat chun bearta áirithe a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí agus le beartais tríú tíortha, ar nithe iad a bhaineann le hiascach, d’fhonn caomhnú fadtéarmach a áirithiú i gcás stoc éisc ar leas coiteann iad don Aontas agus do na tríú tíortha sin.

2.   Féadfaidh feidhm a bheith ag na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo i ngach cás inar gá comhar idir tríú tíortha agus an tAontas chun stoic ar leas coiteann iad a chomhbhainistiú, lena n-áirítear cás ina ndéanfar an comhar sin i gcomhthéacs ERBI nó comhlachta chomhchosúla.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “stoc ar leas coiteann é” stoc éisc atá ar fáil don Aontas agus do thríú tíortha araon de bharr a dháilte gheografaigh agus ar stoc éisc é ar gá comhar idir tíortha den sórt sin agus an tAontas, i gcúinsí déthaobhacha nó iltaobhacha, chun é a bhainistiú;

(b)

ciallaíonn “speicis bhainteacha” aon iasc a thagann ón éiceachóras céanna leis an stoc ar leas coiteann é agus a dhéanann seilg ar an stoc sin, a ndéanann an stoc sin seilg air, a théann in iomaíocht leis le haghaidh bia agus spáis mhaireachtála nó atá sa limistéar céanna iascaireachta agus a shaothraítear nó a thógtar isteach go taismeach san iascach céanna nó sna hiascaigh chéanna;

(c)

ciallaíonn “eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh” nó “ERBI” eagraíocht fhoréigiúnach nó réigiúnach nó eagraíocht chomhchosúil a bhfuil sé d’inniúlacht aici faoin dlí idirnáisiúnta bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhunú i gcomhair beo-acmhainní muirí a cuireadh faoina freagracht de bhua an choinbhinsiúin nó an chomhaontaithe lenar bunaíodh í;

(d)

ciallaíonn “allmhairiú” iasc nó táirgí éisc a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear lena dtrasloingsiú ag calafoirt ina chríoch;

(e)

ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir, nó cuid díobh, atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile;

(f)

ciallaíonn “staid neamh-inbhuanaithe” an dáil sa chás nach gcoinnítear an stoc go leanúnach ar na leibhéil, nó os cionn na leibhéal, ar féidir leo uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh nó, mura féidir meastachán a dhéanamh ar na leibhéil sin, sa chás nach ndéantar an stoc a choinneáil go leanúnach laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte; tá na leibhéil stoic lena gcinnfear an bhfuil an stoc i staid neamh-inbhuanaithe le cinneadh ar bhonn na fianaise eolaíche is fearr a bheidh ar fáil;

(g)

ciallaíonn “teorainneacha bitheolaíocha sábháilte” fóireacha mhéid an stoic ar laistigh díobh gurb ann d'ardleibhéal dóchúlachta gur féidir leis an stoc é féin a athsholáthar agus ag an am céanna iascaigh ardtáirgthe a cheadú ann;

(h)

ciallaíonn “tír” tríú tír, lena n-áirítear críocha a bhfuil stádas féinrialaitheach acu agus a bhfuil inniúlachtaí acu i réimse caomhnaithe agus bainistithe beo-acmhainní muirí.

Airteagal 3

Tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

Féadfar tír a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe i gcás:

(a)

ina mainníonn sí comhoibriú chun stoc ar leas coiteann é a bhainistiú agus forálacha Unclos agus UNFSA á gcomhlíonadh go hiomlán, nó le forálacha aon chomhaontaithe idirnáisiúnta eile nó aon norm den dlí idirnáisiúnta; agus

(b)

inarb amhlaidh:

(i)

go mainníonn sí bearta bainistíochta iascaigh riachtanacha a ghlacadh; nó

(ii)

go nglacann sí bearta bainistíochta iascaigh gan aird chuí a thabhairt ar chearta, dualgais agus leasanna tíortha eile agus an Aontais, agus go dtagann de na bearta bainistíochta iascaigh sin, arna mbreithniú i dteannta beart arna ndéanamh ag tíortha eile agus ag an Aontas, gníomhaíochtaí iascaireachta a bhféadfadh staid neamh-inbhuanaithe an stoic a bheith de thoradh orthu. Meastar an coinníoll seo a bheith comhlíonta freisin sa chás, maidir leis na bearta bainistíochta iascaigh arna nglacadh ag an tír sin, nár tháinig díobh bainistíocht neamh-inbhuanaithe ach amháin de thoradh beart arna nglacadh ag tíortha eile agus dá dtoradh sin amháin.

Airteagal 4

Bearta i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta seo a leanas a ghlacadh i ndáil le tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe:

(a)

an tír sin a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe;

(b)

soithí sonracha nó cabhlaigh shonracha de chuid na tíre sin a bhfuil feidhm le bheith ag bearta áirithe maidir leo a shainaithint, más gá;

(c)

srianta cainníochtúla a chur ar allmhairithe éisc d’iasc ón stoc ar leas coiteann é a gabhadh faoi rialú na tíre sin, agus ar allmhairithe táirgí éisc atá déanta d’iasc den sórt sin nó ina bhfuil iasc den sórt sin;

(d)

srianta cainníochtúla a chur ar allmhairí éisc d’aon speiceas bainteach sa chás gur gabhadh é le linn iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é agus atá faoi rialú na tíre sin, agus ar allmhairithe táirgí éisc atá déanta d’iasc den sórt sin nó ina bhfuil iasc den sórt sin; tráth a nglacfaidh an Coimisiún an beart, déanfaidh sé a chinneadh, cé na speicis agus a ngabhálacha a thagann faoi chuimsiú raon feidhme an bhirt, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán seo, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm;

(e)

srianta a chur ar úsáid chalafoirt an Aontais ag soithí a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu, ar soithí iad a iascann an stoc ar leas coiteann é agus/nó speicis ghaolmhara agus a iompraíonn iasc agus táirgí iascaigh a thionscnaíonn ón stoc ar leas coiteann é agus/nó speicis ghaolmhara a ghabh soithí a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu nó a ghabh soithí a bhí údaraithe ag an tír sin cé go raibh bratach eile ar foluain acu; ní bheidh feidhm ag srianta den sórt sin i gcásanna force majeure ná i gcásanna éigeantais de réir bhrí Airteagal 18 Unclos maidir le seirbhísí is fíorghá chun na staideanna sin a leigheas;

(f)

toirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais soithí iascaireachta a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu a cheannach;

(g)

toirmeasc a chur ar shoithí a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu a mbratach a athrú chun go mbeadh bratach aon cheann de na tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe ar foluain acu;

(h)

toirmeasc a chur ar Bhallstáit a údarú go dtabharfaí comhaontuithe cairtfhostaithe i gcrích sa chás go gcairtfhostaíonn oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a soithí d’oibreoirí eacnamaíocha de chuid na tíre sin;

(i)

toirmeasc a chur ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, nó ar threalamh agus soláthairtí iascaireachta a bhfuil gá leo chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é, a onnmhairiú chuig an tír sin;

(j)

toirmeasc a chur ar chomhaontuithe trádála príobháideacha a thabhairt i gcrích idir oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus oibreoirí an tír sin a bhfuil sé d’aidhm acu a chumasú do shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu leas a bhaint as deiseanna iascaireachta de chuid na tíre sin;

(k)

toirmeasc a chur ar chomhoibríochtaí iascaireachta ina bhfuil baint ag soithí iascaireachta a bhfuilbratach Ballstáit ar foluain acu agus soithí iascaireachta a bhfuil bratach na tíre sin ar foluain acu.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 5

Ceanglais ghinearálta maidir leis na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo

1.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4:

(a)

bainfidh siad le caomhnú an stoic ar leas coiteann é;

(b)

tabharfar éifeacht dóibh i dteannta srianta ar iascaireacht ag soithí de chuid an Aontais nó ar tháirgeadh nó ar thomhailt laistigh den Aontas i ndáil le hiasc den speiceas ar glacadh na bearta ina thaobh, agus i ndáil le táirgí éisc déanta d’iasc den sórt sin nó ina bhfuil iasc den sórt sin;

(c)

beidh siad comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, agus beidh siad comhoiriúnach leis na hoibleagáidí arna bhforchur, le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas agus le haon noirm ábhartha eile den dlí idirnáisiúnta.

2.   Sna bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfear bearta a glacadh cheana de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 i gcuntas.

3.   Ní chuirfear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 i bhfeidhm ar bhealach go bhféadfaí áis a bhaint astu le haghaidh idirdhealú treallach ná idirdhealú gan bunús idir tíortha ina bhfuil na coinníollacha céanna i réim, ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta.

4.   Nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún, chun a áirithiú go bhfuil na bearta sin fónta ó thaobh an chomhshaoil de, éifeachtach, comhréireach agus comhoiriúnach le rialacha idirnáisiúnta, meastóireacht ar na héifeachtaí comhshaoil, trádála, eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh ag na bearta sin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma agus ar an ualach riaracháin a bhainfidh lena gcur chun feidhme.

5.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, forálfar leo maidir le córas iomchuí i gcomhair a bhforfheidhmithe ag údaráis inniúla.

Airteagal 6

Nósanna imeachta sula nglacfar bearta i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

1.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 a ghlacadh, tabharfaidh sé fógra don tír i dtrácht go bhfuil sé ar intinn aige í a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe. I gcásanna den sórt sin, cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach.

2.   Maidir leis an fógra sin, beidh faisnéis ar áireamh ann maidir leis na fáthanna a bhfuil an tír sin arna sainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe agus tabharfar tuairisc ann ar na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ina taobh de bhun an Rialacháin seo.

3.   Sula nglacfaidh sé bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, tabharfaidh an Coimisiún deis réasúnach don tír i dtrácht freagra a thabhairt i scríbhinn ar an bhfógra agus an staid a leigheas laistigh de mhí amháin ón bhfógra sin a fháil.

Airteagal 7

Tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe

1.   Scoirfidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 d’fheidhm a bheith acu tráth a dhéanfaidh an tír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe bearta ceartaitheacha iomchuí a ghlacadh, ar bearta iad is gá chun an stoc ar leas coiteann é a chaomhnú agus a bhainistiú, agus ar bearta ceartaitheacha iad:

(a)

a glacadh go huathrialaitheach, nó a comhaontaíodh i gcomhthéacs comhairliúcháin leis an Aontas agus, más infheidhme, le tíortha eile lena mbaineann; agus

(b)

nach mbainfidh an bonn d’éifeacht beart arna nglacadh ag an Aontas go huathrialaitheach nó i gcomhar le tíortha eile, chun críche chaomhnú na stoc éisc lena mbaineann.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena gcinnfear cé acu an bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 comhlíonta agus lena bhforálfar, más gá, go scoirfidh na bearta arna nglacadh maidir leis an tír lena mbaineann de bhun Airteagal 4 d’fheidhm a bheith acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, agus a bhaineann le briseadh eacnamaíoch nó sóisialta gan choinne, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le cur i bhfeidhm láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3) chun a chinneadh go bhfuil na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun scor d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 8

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 de.

4.   Déanfar torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear ann.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 112.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2012.

(3)  IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.


Top