EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R1025

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 316, 14.11.2012, p. 12–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/07/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj

14.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/12


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1025/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir príomhúil don chaighdeánú sonraíochtaí deonacha teicniúla nó cáilíochta a shainiú, ar sonraíochtaí iad a fhéadfaidh táirgí, próisis táirgthe nó seirbhísí, atá ann anois nó a bheidh ann amach anseo, a chomhlíonadh. D’fhéadfadh roinnt nithe a bheith i gceist le caighdeánú, amhail caighdeánú ar ghráid nó ar thoisí éagsúla de tháirge ar leith nó caighdeánú ar shonraíochtaí teicniúla i margaí táirgí nó seirbhísí ina bhfuil comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht le táirgí nó córais eile fíor-riachtanach.

(2)

Is iad na geallsealbhóirí lena mbaineann a eagraíonn caighdeánú Eorpach, agus is dóibh a dhéantar an méid sin, bunaithe ar ionadaíocht náisiúnta (an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (Cenelec)) agus ar rannpháirteachas díreach (Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI)), agus tá sé bunaithe ar phrionsabail atá aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) i réimse an chaighdeánúcháin eadhon comhleanúnachas, trédhearcacht, oscailteacht, comhthoil, cur i bhfeidhm deonach, neamhspleáchas ó shainleasanna agus éifeachtúlacht (“na prionsabail bhunaidh”). I gcomhréir leis na prionsabail bhunaidh, tá sé tábhachtach go mbeadh na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear údaráis phoiblí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), páirteach go hiomchuí sa phróiseas náisiúnta agus Eorpach um chaighdeánú. Ba cheart freisin do chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí a spreagadh agus a éascú.

(3)

Tá caighdeánú Eorpach ina chuidiú le hiomaíocht fiontar a mhéadú trí bhíthin saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, idir-inoibritheacht gréasán, modhanna cumarsáide, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht go háirithe a éascú. Déanann caighdeánú Eorpach iomaíochas domhanda an tionscail Eorpaigh a threisiú, go háirithe nuair a dhéantar é ar bhonn comhordúcháin leis na comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú, eadhon Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), an Coimisiún Leictriteicniúil Idirnáisiúnta (IEC) agus an tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU). Bíonn éifeachtaí suntasacha dearfacha eacnamaíocha ag caighdeáin, mar shampla déantar dul i bhfód eacnamaíoch ar an margadh inmheánach a chur chun cinn agus spreagtar forbairt táirgí nó margaí nua agus feabhsaithe, mar aon le dálaí feabhsaithe soláthair. Is gnách, dá bhrí sin, go méadaíonn caighdeáin iomaíochas agus go laghdaíonn siad costais aschuir agus díolacháin, rud a théann chun tairbhe do na geilleagair ina n-iomláine agus do na tomhaltóirí go sonrach. Is féidir le caighdeáin feabhas a chur ar cháilíocht agus í a choimeád, faisnéis a sholáthar agus idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht a áirithiú, agus ar an dóigh sin méadaíonn an tsábháilteacht agus an luach a fhaigheann tomhaltóirí.

(4)

Déanann eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, eadhon CEN, Cenelec agus ETSI, caighdeáin Eorpacha a ghlacadh.

(5)

Tá ról an-tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha sa mhargadh inmheánach, mar shampla trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe ina thoimhdiú go bhfuil táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh ar comhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann leis na táirgí sin i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú. Ba cheart na ceanglais sin a shainiú go beacht chun aon mhíléiriú ó thaobh na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú de a sheachaint.

(6)

Tá ról atá ag éirí níos tábhachtaí ag an gcaighdeánú sa trádáil idirnáisiúnta agus in oscailt suas na margaí. Ba cheart don Aontas féachaint leis an gcomhar idir eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas freisin modhanna cur chuige déthaobhacha le tríú tíortha a chur chun cinn chun comhordú a dhéanamh ar dhíchill don chaighdeánú agus chun caighdeáin Eorpacha a chur chun cinn, mar shampla nuair a bhíonn comhaontuithe á gcaibidliú nó trí shaineolaithe um chaighdeánú a thabhairt ar iasacht do thríú tíortha. Thairis sin, ba cheart don Aontas teagmháil idir eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus fóraim agus cuibhreannais phríobháideacha a spreagadh, agus fós tosaíocht an chaighdeánúcháin Eorpaigh a choimeád ar bun.

(7)

Rialaítear caighdeánú Eorpach le creat sonrach dlí arb é atá ann trí cinn de ghníomhartha dlíthiúla éagsúla, eadhon Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (3), Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le caighdeánú Eorpach a mhaoiniú (4) agus Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le caighdeánú i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus na teileachumarsáide (5). Mar sin féin, níl an creat reachtach reatha bord ar bhord leis na forbairtí atá déanta sa chaighdeánú Eorpach le scór éigin bliain anuas. Ba cheart, dá bhrí sin, an creat reachtach reatha a shimpliú agus a oiriúnú chun gnéithe nua den chaighdeánú a chur san áireamh sa chaoi is go léireoidh sé na forbairtí is deireanaí sin agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo don chaighdeánú Eorpach. Baineann sé sin go háirithe leis an méadú atá tagtha ar fhorbairt chaighdeáin le haghaidh seirbhísí agus forás táirgí caighdeánúcháin seachas caighdeáin fhoirmiúla.

(8)

Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le todhchaí an chaighdeánaithe Eorpaigh (6), i dteannta tuarascáil an Phainéil Saineolaígh i ndáil leis an Athbhreithniú ar an gCóras Eorpach um Chaighdeánú (Express) Fheabhra 2010 dar teideal “Caighdeánú ar mhaithe le hEoraip iomaíoch agus nuálach: fís don bhliain 2020”, leagtar amach lear mór moltaí straitéiseacha i ndáil leis an athbhreithniú ar an gcóras Eorpach um chaighdeánú.

(9)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh caighdeáin agus caighdeánú ina n-uirlisí beartais éifeachtacha ag an Aontas, tá gá le córas um chaighdeánú atá éifeachtach agus éifeachtúil, trína bhféadfaidh na rannpháirtithe go léir teacht ar chomhaontú ar bhealach solúbtha trédhearcach, agus atá inmharthana ó thaobh airgeadais de.

(10)

Le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (7) bunaítear forálacha ginearálta a éascaíonn feidhmiú na saoirse bunaíochta do sholáthróirí seirbhísí agus saorghluaiseacht seirbhísí, ag coinneáil ardchaighdeáin seirbhísí ar bun san am céanna. Cuireann an Treoir sin oibleagáid ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, forbairt caighdeán Eorpach deonach a spreagadh agus é mar aidhm leis éascú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht idir seirbhísí arna soláthar ag soláthróirí i mBallstáit éagsúla, ar fhaisnéis a sholáthar don fhaighteoir agus ar cháilíocht soláthair seirbhísí. Maidir le Treoir 98/34/CE, tá feidhm ag caighdeáin maidir le táirgí, áfach, agus níl caighdeáin maidir le seirbhísí cumhdaithe go sainráite inti. Mar sin féin, i réaltacht an mhargaidh inmheánaigh, tá ag laghdú ar ábharthacht an dealaithe idir seirbhísí agus earraí. Go praiticiúil, ní i gcónaí is féidir dealú soiléir a dhéanamh idir caighdeáin maidir le táirgí agus caighdeáin le haghaidh seirbhísí. Is iomaí sin caighdeán maidir le táirgí a bhfuil comhchuid seirbhíse ag gabháil leo agus is minic go mbaineann caighdeáin maidir le seirbhísí go páirteach le táirgí chomh maith. Is gá, dá bhrí sin, an creat dlíthiúil reatha a oiriúnú do na dálaí nua sin trí bhíthin a raon feidhme a leathnú chuig caighdeáin le haghaidh seirbhísí.

(11)

Fearacht na gcaighdeán eile, tá caighdeáin maidir le seirbhísí deonach agus ba cheart iad a bheith faoi thionchar an mhargaidh lenar cheart tosaíocht a bheith ag riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus geallsealbhóirí a ndéanann an caighdeán difear dóibh go díreach nó go hindíreach, agus ba cheart leas an phobail a chur san áireamh iontu agus iad a bheith bunaithe ar na prionsabail bhunaidh, lena n-áirítear comhthoiliú. Ba cheart iad a bheith dírithe go príomha ar sheirbhísí atá nasctha le táirgí agus próisis.

(12)

Maidir leis an gcreat dlíthiúil lena gceadaítear don Choimisiún a iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó roinnt díobh caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin do sheirbhísí a dhréachtú, déantar é a fheidhmiú agus lán-urraim á tabhairt do dháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí é. Baineann sé seo go háirithe le hAirteagail 14, 151, 152, 153, 165, 166 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le Prótacal (Uimh. 26) maidir le Seirbhísí Leasa Ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an CFAE ar dá réir gur ag na Ballstáit atá an inniúlacht eisiach prionsabail bhunaidh a gcóras slándála sóisialta, a gcóras gairmoiliúna agus a gcóras sláinte a shainiú agus na creatchoinníollacha do bhainistiú, maoiniú, eagrú agus seachadadh na seirbhísí a sholáthraítear laistigh de na córais sin a mhúnlú, lena n-áirítear — gan dochar d’Airteagal 168(4) CFAE agus do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (8) — sainiú na gceanglas, na cáilíochta agus na gcaighdeán sábháilteachta is infheidhme ina leith. Níor cheart don Choimisiún, trí bhíthin iarrata den sórt sin, difear a dhéanamh don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú agus don cheart gníomh tionscail a dhéanamh i gcomhréir le dlí agus cleachtais náisiúnta a urramaíonn dlí an Aontais.

(13)

Tá na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú faoi réir an dlí iomaíochta a mhéid is féidir a mheas gur gnóthas nó comhlachas gnóthas iad de réir bhrí Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE.

(14)

Laistigh den Aontas, is iad na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú a ghlacann caighdeáin náisiúnta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caighdeáin a mbeadh easaontacht eatarthu agus le baic theicniúla sa mhargadh inmheánach. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe leis an margadh inmheánach agus éifeachtacht an chaighdeánúcháin laistigh den Aontas, an malartú tráthrialta faisnéise a dhéantar idir na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus an Coimisiún maidir lena ngníomhaíochtaí caighdeánúcháin atá á déanamh faoi láthair agus a dhéanfar amach anseo a dhearbhú, mar aon leis an bprionsabal neamhghníomhaíochta is infheidhme maidir leis na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú laistigh de chreat na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú lena bhforáiltear d’aistarraingt caighdeán náisiúnta tar éis caighdeán Eorpach nua a fhoilsiú. Ba cheart freisin do na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú déanamh de réir na bhforálacha maidir le malartú faisnéise atá in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Baic Theicniúla ar Thrádáil (9).

(15)

Maidir le hoibleagáid na mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh a gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, níor cheart go gceanglófaí léi reachtaíocht shainiúil náisiúnta a ghlacadh chun na comhlachtaí sin a aithint.

(16)

Maidir leis an malartú tráthrialta faisnéise idir na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus an Coimisiún, níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú oibleagáidí agus gealltanais eile a chomhlíonadh, go háirithe comhlíonadh Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Baic Theicniúla ar Thrádáil.

(17)

Maidir le hionadaíocht leasa shochaíoch agus le geallsealbhóirí sochaíocha i ngníomhaíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, tagraíonn sé do ghníomhaíochtaí eagraíochtaí agus páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar leasanna a bhfuil ábharthacht mhór shochaíoch ag gabháil leo, mar shampla leasanna comhshaoil, leasanna tomhaltóra nó leasanna fostaithe. Maidir le hionadaíocht leasanna sóisialta agus geallsealbhóirí sóisialta i ngníomhaíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, áfach, tagraíonn sé go háirithe do ghníomhaíochtaí eagraíochtaí agus páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar chearta bunúsacha na n-oibrithe, mar shampla ceardchumainn.

(18)

D’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta, ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú faisnéis inrochtana ar a gcuid gníomhaíochtaí a éascú tríd an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) ina gcórais um chaighdeánú faoi seach a chur chun cinn, mar shampla trí shásra comhairliúcháin ar líne atá éasca le húsáid a sholáthar do na geallsealbhóirí ábhartha go léir chun go bhféadfaidís trácht a dhéanamh ar dhréacht-chaighdeáin agus trí chruinnithe fíorúla de na coistí teicniúla a eagrú, lena n-áirítear trí bhíthin ríomhchomhdhálú nó físchomhdhálú.

(19)

Is féidir le caighdeáin a bheith ina gcuidiú do bheartas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin shochaíocha amhail an t-athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe acmhainní, an nuálaíocht, aosú an daonra, imeascadh daoine faoi mhíchumas, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht oibrithe agus a ndálaí oibre. D’fhéadfadh an tAontas buntáiste iomaíochta a chruthú dá chuid fiontar agus trádáil a éascú, go háirithe do FBManna, ar cuid mhór d’fhiontair na hEorpa iad, ach forbairt caighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta maidir le hearraí agus teicneolaíochtaí a chur chun cinn sna margaí atá ag fairsingiú sna réimsí sin.

(20)

Is uirlisí tábhachtacha iad caighdeáin d’iomaíochas gnóthas agus go háirithe do FBManna, a bhfuil a rannpháirteachas sa phróiseas um chaighdeánú tábhachtach don dul chun cinn teicniúil san Aontas. Is gá, dá bhrí sin, go ndéanfaidh an creat um chaighdeánú FBManna a spreagadh le bheith páirteach go gníomhach agus a gcuid réiteach teicneolaíochta nuálaí a sholáthar do na díchill um chaighdeánú. Áirítear leis sin feabhas a chur ar a rannpháirteachas ar an leibhéal náisiúnta mar ar féidir leo a bheith níos éifeachtaí a bhuí do chostais níos ísle agus don easpa bacainní teanga. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí, leis an Rialachán seo, ionadaíocht agus rannpháirteachas FBManna sna coistí teicniúla, idir náisiúnta agus Eorpach a fheabhsú, agus ba cheart go ndéanfadh sé an rochtain agus an fheasacht atá acu i ndáiríre ar chaighdeáin a éascú.

(21)

Tá caighdeáin Eorpacha ríthábhachtach ó thaobh a iomaíche atá FBManna, ach is amhlaidh i gcásanna áirithe atá FBManna tearcionadaithe i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe na hEorpa. Ba cheart, dá bhrí sin, go spreagfadh agus go n-éascódh an Rialachán seo ionadaíocht agus rannpháirteachas iomchuí ag FBManna sa phróiseas Eorpach um chaighdeánú trí bhíthin eintitis a bhíonn i dteagmháil go héifeachtach le FBManna agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar FBManna ar an leibhéal náisiúnta, agus atá ionadaíoch go cuí orthu.

(22)

Is féidir tionchar mór a bheith ag caighdeáin ar an tsochaí, go háirithe ar shábháilteacht agus ar fholláine tomhaltóirí, ar éifeachtúlacht gréasán, ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht oibrithe agus ar a ndálaí oibre, ar inrochtaineacht agus ar réimsí beartais phoiblí eile. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go neartófar ról agus ionchur geallsealbhóirí sochaíocha i bhforbairt caighdeán, tríd an tacaíocht ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí, leasanna comhshaoil agus leasanna sochaíocha a threisiú.

(23)

Maidir le hoibleagáid na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ionadaíocht agus rannpháirteachas éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir a spreagadh agus a éascú, ní ghabhann cearta vótála le haghaidh na ngeallsealbhóirí sin leis an méid sin, mura rud é go bhfuil na cearta vótála sin forordaithe le rialacha inmheánacha nós imeachta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

(24)

Ba cheart don chóras Eorpach um chaighdeánú lán-aird a thabhairt freisin ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (10). Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, maidir le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí, go ndéanfadh siad ionadaíocht leordhóthanach ar dhaoine faoi mhíchumas agus go gcuirfeadh siad a gcuid leasanna san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfaí rannpháirtíocht na ndaoine faoi mhíchumas sa phróiseas um chaighdeánú a éascú ar gach modh atá ar fáil.

(25)

Mar gheall ar thábhacht an chaighdeánaithe mar uirlis chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais, agus chun agóidí ex-post in aghaidh na gcaighdeán comhchuibhithe mar aon le modhnuithe ar na caighdeáin sin a sheachaint, tá sé tábhachtach go mbeadh na húdaráis phoiblí rannpháirteach sa chaighdeánú ag gach céim i bhfhorbairt na gcaighdeán sin a bhféadfadh siad a bheith páirteach iontu agus go háirithe sna réimsí a chuimsítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú le haghaidh táirgí.

(26)

Ba cheart an tionchar a imreoidh táirgí agus seirbhísí ar an gcomhshaol le linn a saolré a chur san áireamh i gcaighdeáin. Tá uirlisí tábhachtacha forbartha ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (ACT), a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair den sórt sin. Ba cheart, dá réir sin, go n-áiritheodh an Rialachán seo gur féidir le ACT ról gníomhach a bheith aige sa chóras Eorpach um chaighdeánú.

(27)

Tá inmharthanacht an chomhair idir an Coimisiún agus an córas Eorpach um chaighdeánú ag brath ar iarrataí ar fhorbairt caighdeán a dhéanfar amach anseo a bheith pleanáilte go cáiréiseach. D’fhéadfaí feabhas a chur ar an bpleanáil sin, go háirithe trí ionchur a bheith ag páirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis náisiúnta um fhaireachas an mhargaidh, trí shásraí a thabhairt isteach chun tuairimí a bhailiú agus chun malartú faisnéise i measc na bpáirtithe leasmhara go léir a éascú. Ós rud é go bhforáiltear cheana le Treoir 98/34/CE don fhéidearthacht a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a fhorbairt, is iomchuí pleanáil níos fearr agus níos trédhearcaí a leagan síos i gclár oibre bliantúil inar cheart forléargas a bheith ann ar gach iarraidh ar chaighdeáin a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún iad a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. Is gá leibhéal ard comhair idir na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an Coimisiún a áirithiú le linn dá chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú a bheith á bhunú agus le linn do na hiarrataí ar chaighdeáin a bheith á n-ullmhú chun anailís a dhéanamh ar a ábhartha don mhargadh atá an t-ábhar beartaithe agus ar na cuspóirí beartais arna leagan síos ag an reachtóir, chomh maith leis an deis a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú freagairt níos tapa do ghníomhaíochtaí caighdeánúcháin a iarraidh.

(28)

Sula ndéantar ceist maidir le hiarrataí ar chaighdeáin Eorpacha nó ar tháirgí Eorpacha caighdeánúcháin, nó maidir le hagóidí in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt os comhair an choiste a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát, mar shampla trí na coistí arna gcur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais a thabhairt i dtreis nó, sa chás nach ann do na coistí sin, trí chineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe na hearnála.

(29)

Tá sé sonraithe i roinnt treoracha lena gcomhchuibhítear na coinníollacha faoina margaítear táirgí go bhféadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a ghlacadh, ar ar a mbonn a dhéantar an toimhde go bhfuil comhréireacht ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha. Mar sin féin, i roinnt mhaith de na treoracha sin tá réimse leathan forálacha maidir le hagóidí a dhéanamh i gcoinne na gcaighdeán sin nuair nach gcumhdaíonn na caighdeáin na ceanglais uile is infheidhme nó nuair nach gcumhdaíonn siad ina n-iomláine iad. Tá forálacha éagsúla as a leanann neamhchinnteacht d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ann go háirithe i dTreoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le trealamh cosanta pearsanta (11), i dTreoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú (12), i dTreoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (13), i dTreoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (14), i dTreoir 95/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 1995 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hardaitheoirí (15), i dTreoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Bealtaine 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le brú-threalamh (16), i dTreoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais (17), i dTreoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir le hearraí piriteicniúla a chur ar an margadh (18), i dTreoir 2009/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite (19) agus i dTreoir 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárthaigh bhrú shimplí (20). Is gá, dá bhrí sin, an nós imeachta aonfhoirmeach dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí (21) a chur ar áireamh sa Rialachán seo, na forálacha ábhartha sna Treoracha sin a scrios, chomh maith leis an gceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a leathnú chuig Parlaimint na hEorpa.

(30)

Ba cheart d’údaráis phoiblí an úsáid is fearr is féidir a bhaint as raon iomlán na sonraíochtaí teicniúla ábhartha atá ann agus iad ag soláthar crua-earraí, bogearraí agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise, trí bhíthin, mar shampla, sonraíochtaí teicniúla a roghnú is féidir le gach soláthraí leasmhar a úsáid, rud a chothóidh tuilleadh iomaíochta agus a laghdóidh an baol gur cliaint faoi chuing a bheidh sna comhlachtaí sin. I dTreoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (22), i dTreoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (23), i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú (24) agus i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (25), sonraítear gur cheart sonraíochtaí teicniúla sa soláthar poiblí a shainiú trí thagairt do chaighdeáin náisiúnta a thrasuíonn caighdeáin Eorpacha, formheasanna teicniúla Eorpacha, sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna, caighdeán idirnáisiúnta, córas eile tagairtí teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú nó — nuair nach ann dóibh sin — trí thagairt do chaighdeáin náisiúnta, formheasanna teicniúla náisiúnta nó sonraíochtaí teicniúla náisiúnta a bhaineann le dearadh, ríomh agus cur i gcrích na n-oibreacha agus le húsáid na dtáirgí, nó a gcoibhéis. Is minic, áfach, gur eagraíochtaí eile um fhorbairt caighdeán a fhorbraíonn sonraíochtaí teicniúla TFC agus nach dtagann siad faoi aon cheann de na catagóirí caighdeán agus formheasanna atá leagtha síos i dTreoir 2004/17/CE, i dTreoir 2004/18/CE, nó i dTreoir 2009/81/CE nó i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go bhféadfadh sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar poiblí a bheith ag tagairt do shonraíochtaí teicniúla TFC, chun freagairt don fhorás mear atá ag teacht ar réimse TFC, chun soláthar trasteorann seirbhísí a éascú, chun iomaíocht a spreagadh agus chun idir-inoibritheacht agus nuálaíocht a chur chun cinn.

(31)

Maidir le sonraíochtaí teicniúla nach ndéanann eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a ghlacadh, níl stádas acu atá coibhéiseach le caighdeáin Eorpacha. Tá roinnt sonraíochtaí teicniúla TFC nach bhforbraítear i gcomhréir leis na prionsabail bhunaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, nós imeachta um shainaithint sonraíochtaí teicniúla TFC a leagan síos sa Rialachán seo a bhféadfaí tagairt a dhéanamh dóibh sa soláthar poiblí, lena rachfaí i gcomhairle le cuid mhór geallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, fiontair agus údaráis phoiblí. Ba cheart ceanglais a leagan síos leis an Rialachán seo freisin, i bhfoirm liosta critéar, le haghaidh na sonraíochtaí teicniúla sin agus na bpróiseas forbartha atá gaolmhar leo. Maidir leis na ceanglais le haghaidh sonraíochtaí teicniúla TFC a shainaithint, ba cheart a áirithiú leo go n-urramófar cuspóirí beartais phoiblí agus riachtanas na sochaí, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar na prionsabail bhunaidh.

(32)

Chun nuálaíocht agus iomaíocht a chothú, níor cheart go bhfágfadh sainaithint a thabhairt do shonraíocht theicniúil ar leith nach bhféadfaí sonraíocht theicniúil iomaíoch a shainaithint i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Ba cheart aon sainaithint a bheith faoi réir chomhlíonadh na gcritéar agus faoi réir leibhéal suntasach glactha sa mhargadh a bheith ag an tsonraíocht theicniúil.

(33)

D’fhéadfadh na sonraíochtaí teicniúla TFC a shainaithnítear a bheith ina gcuidiú ó thaobh chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (ISA) (26) lena mbunaítear, don tréimhse 2010-2015, clár um réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, lena soláthraítear réitigh choiteanna agus réitigh chomhroinnte a éascaíonn idir-inoibritheacht.

(34)

D’fhéadfadh cásanna áirithe teacht chun cinn sa réimse TFC ina mbeadh sé iomchuí úsáid caighdeán ábhartha ar leibhéal an Aontais a spreagadh, nó a cheangal na caighdeáin sin a chomhlíonadh, chun idir-inoibritheacht sa mhargadh aonair a áirithiú agus chun níos mó saoirse rogha a thabhairt d’úsáideoirí. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfadh caighdeáin Eorpacha shonraithe riachtanais tomhaltóirí a thuilleadh nó go gcuirfidís bac le forbairt theicniúil. Ar na cúiseanna sin, déantar, le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (27), a chumasú don Choimisiún, i gcás inar gá, a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin a tharraingt suas, liosta caighdeán nó sonraíochtaí a bhunú agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh d’fhonn a n-úsáid a spreagadh, nó a gcur chun feidhme a dhéanamh éigeantach, nó d’fhonn caighdeáin nó sonraíochtaí a bhaint den liosta sin.

(35)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo cosc a chur ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leanúint de bheith ag forbairt caighdeán sa réimse TFC ná de bheith ag géarú ar an gcomhoibriú a dhéanann siad le comhlachtaí eile a fhorbraíonn caighdeáin, go háirithe sa réimse TFC, chun comhleanúnachas a áirithiú agus chun ilroinnt agus dúbailt a sheachaint le linn caighdeáin agus sonraíochtaí a bheith á gcur chun feidhme.

(36)

Níor cheart go mbainfeadh an nós imeachta chun sonraíochtaí teicniúla TFC dá bhforáiltear sa Rialachán seo a shainaithint an bonn de chomhleanúnachas an chórais Eorpaigh um chaighdeánú. Ba cheart, dá bhrí sin, go leagfaí síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina bhféadfar a mheas nach bhfuil sonraíocht theicniúil contrártha do chaighdeáin Eorpacha eile.

(37)

Sula ndéanfar sonraíochtaí teicniúla TFC a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thagairtiú sa soláthar poiblí a shainaithint, ba cheart an tArdán Il-Gheallsealbhóirí arna bhunú ag an gCoimisiún le Cinneadh an 28 Samhain 2011 (28) a úsáid mar fhóram i gcomhair comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí Eorpacha agus náisiúnta, leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis na Ballstáit chun dlisteanacht an phróisis a áirithiú.

(38)

Le Cinneadh 1673/2006/CE bunaítear rialacha maidir le ranníocaíocht an Aontais leis an maoiniú a thugtar chun caighdeánú Eorpach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin eile a fhorbairt agus a athbhreithniú sa chaoi is go dtacóidh siad le cuspóirí, reachtaíocht agus beartais an Aontais. Is iomchuí, ar mhaithe le simpliú i gcúrsaí riaracháin agus buiséadacha, forálacha an Chinnidh sin a ionchorprú sa Rialachán seo agus úsáid a bhaint cibé uair is féidir as na nósanna imeachta is lú a bhfuil anró ag baint leo.

(39)

I bhfianaise go dtacaíonn caighdeánú Eorpach le beartais agus reachtaíocht an Aontais i raon ríleathan réimsí agus i bhfianaise cineálacha éagsúla gníomhaíochta caighdeánúcháin a bheith ann, is gá foráil a dhéanamh maidir le socruithe éagsúla maoinithe. Baineann sé sin den chuid is mó le deontais d’uireasa glaonna ar thairiscintí a thugtar do na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus do na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 110(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (29) agus le pointe (d) d'Airteagal 168(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha céanna maidir leis na comhlachtaí sin nach n-aithnítear mar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú sa Rialachán seo ach ar tugadh sainordú dóibh i ngníomh bunúsach agus ar cuireadh ar iontaoibh dóibh réamhobair a dhéanamh chun tacú le caighdeánú Eorpach, i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

(40)

Sa mhéid is go leanann eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí an Aontais, ba cheart lár-rúnaíochtaí éifeachtacha agus éifeachtúla a bheith acu. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith ag an gCoimisiún deontais a sholáthar do na heagraíochtaí sin a fhéachann le cuspóir a bhaint amach a bhaineann le leas ginearálta Eorpach gan prionsabal an laghdaithe bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 113(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a chur i bhfeidhm, i gcás deontas oibriúcháin.

(41)

I gCinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) (30), i gCinneadh Uimh. 1926/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail maidir le beartas tomhaltóirí (2007-2013) (31), agus i Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (32), tá foráil déanta cheana féin maidir le tacaíocht airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar FBManna, tomhaltóirí agus leasanna comhshaoil i gcúrsaí caighdeánaithe, agus íoctar deontais shonracha le heagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna sóisialta i gcúrsaí caighdeánaithe. An maoiniú a dhéantar faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, tiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig 2013. Tá sé riachtanach d’fhorbairt an chaighdeánaithe Eorpaigh go leanfaí de rannpháirteachas gníomhach na n-eagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar FBManna, tomhaltóirí, agus leasanna comhshaoil agus leasanna sóisialta a chothú agus a spreagadh. Féachann eagraíochtaí den sórt sin le cuspóir a bhaint amach a bhaineann le leas ginearálta Eorpach, agus is éard atá iontu, de bhua an tsainordaithe shonraigh atá tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta dóibh, gréasán Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá gníomhach sna Ballstáit agus a chuireann chun cinn prionsabail agus beartais a luíonn le cuspóirí na gConarthaí. I ngeall ar an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn na heagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar FBManna, tomhaltóirí, agus leasanna comhshaoil agus leasanna sóisialta i gcaighdeánú Eorpach agus i ngeall ar a gcuspóirí reachtúla, tá ról buan ag na heagraíochtaí atá sár-riachtanach le haghaidh chuspóirí agus bheartais an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leanúint de bheith ag soláthar deontas do na heagraíochtaí sin gan prionsabal an laghdaithe bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 113(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a chur i bhfeidhm, i gcás deontas oibriúcháin.

(42)

Ba cheart gur leor an maoiniú a thugtar do ghníomhaíochtaí caighdeánúcháin chun réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann le bunú caighdeán nó bunú táirgí Eorpacha caighdeánúcháin le haghaidh táirgí agus le haghaidh seirbhísí. Tá gá leis sin go príomha le haghaidh oibre taighde, ullmhú réamhdhoiciméad le haghaidh reachtaíochta, tástálacha idirshaotharlainne agus bailíochtú nó measúnú caighdeán. Ba cheart leanúint de bheith ag cur chun cinn gníomhaíochtaí caighdeánaithe ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal idirnáisiúnta trí bhíthin clár a bhaineann le cúnamh teicniúil a thabhairt do thríú tíortha agus le dul i gcomhar leis na tíortha sin. D’fhonn an rochtain atá ar an margadh a fheabhsú agus d’fhonn a iomaíche atá fiontair an Aontais a neartú, ba cheart go bhféadfaí deontais a thabhairt do chomhlachtaí eile trí ghlaonna ar thairiscintí nó, nuair is gá, trí dheontais a dhámhachtain.

(43)

Ba cheart, trí mhaoiniú an Aontais, go bhféachfaí le caighdeáin Eorpacha nó le táirgí Eorpacha caighdeánúcháin le haghaidh táirgí agus le haghaidh seirbhísí, an úsáid a bhaineann fiontair as caighdeáin a éascú trí thacaíocht mhéadaithe dá n-aistriú isteach i dteangacha oifigiúla éagsúla an Aontais, chun an deis a thabhairt do FBManna lán tairbhe a bhaint as tuiscint agus feidhmiú na gcaighdeán Eorpach, a chomhtháite atá an córas um chaighdeánú Eorpach a neartú, agus rochtain chothrom thrédhearcach ar chaighdeáin Eorpacha ag gach gníomhaire margaidh ar fud an Aontais a áirithiú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcásanna ina bhfágann úsáid caighdeán gur féidir reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

(44)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go bhféadfaí an saineolas is gá a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiniúchóireacht agus bainistiú airgeadais, mar aon le hacmhainní tacaíochta riaracháin atá in ann cur chun feidhme a éascú, agus ba cheart go bhféadfaí meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar a ábhartha atá gníomhaíochtaí dá dtugann an tAontas maoiniú, chun a áirithiú go bhfuil siad úsáideach agus éifeachtach.

(45)

Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar chalaois agus ar mhírialtachtaí agus chun cistí a íocadh go míchuí a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (33) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar mhírialtachtaí eile (34) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (35).

(46)

Chun liostaí na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a thabhairt cothrom le dáta agus chun na critéir maidir le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do gheallsealbhóirí FBManna agus do gheallsealbhóirí sochaíocha a oiriúnú d’fhorbairtí nua a bhaineann le cineál neamhbhrabúsach na n-eagraíochtaí sin agus lena ionadaíche atá siad, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(47)

Ba cheart go mbeadh an coiste arna bhunú leis an Rialachán seo ina chúnamh don Choimisiún sna nithe go léir a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag féachaint go cuí do na saineolaithe earnálacha.

(48)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (36).

(49)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid le haghaidh glacadh gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le hagóidí i gcoinne caighdeán comhchuibhithe agus i gcás nach bhfuil na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann foilsithe go fóill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach raibh ann go fóill de thoradh an chaighdeáin ábhartha toimhde comhréireachta i leith na gceanglas fíor-riachtanach arna leagan amach i reachtaíocht infheidhme an Aontais maidir le comhchuibhiú.

(50)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh gach iarraidh ar chaighdeánú a chuirfear faoi bhráid eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus le haghaidh glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme i ndáil le hagóidí i gcoinne caighdeán comhchuibhithe agus i gcás ina bhfuil na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe i gceist foilsithe cheana féin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhféadfadh cinneadh den sórt sin iarmhairtí a bheith aige ar thoimhde na comhréireachta i leith na gceanglas infheidhme fíor-riachtanach.

(51)

Chun príomhchuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú agus chun nósanna imeachta cinnteoireachta meara a éascú, chomh maith leis an am forbartha foriomlán do chaighdeáin a laghdú, ba cheart a mhéid is féidir go mbainfí úsáid as na bearta nós imeachta dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chuireann ar chumas chathaoirleach an choiste ábhartha, de réir phráinn an ábhair, teorainn ama a leagan síos faoinar cheart don Choiste a thuairim a thabhairt. Thairis sin, i gcás ina mbíonn údar maith leis, ba cheart go bhféadfaí tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, agus ba cheart go bhféachfaí ar thost ó thaobh an chomhalta den choiste de mar chomhaontú intuigthe.

(52)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcaighdeán agus an chaighdeánaithe a áirithiú mar uirlisí beartais don Aontas trí chomhar idir eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus an Coimisiún, caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpach caighdeánúcháin i gcomhair táirgí agus seirbhísí mar thaca le reachtaíocht agus beartais an Aontais a bhunú, sonraíochtaí teicniúla TFC is incháilithe don tagairtiú a shainaithint agus caighdeánú Eorpach agus rannpháirteachas geallsealbhóirí i gcaighdeánú Eorpach a mhaoiniú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a n-éifeachta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(53)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 89/686/CEE, 93/15/CEE, 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE a leasú dá réir.

(54)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE agus Cinneadh 87/95/CEE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear rialacha maidir leis an gcomhar idir eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, na Ballstáit agus an Coimisiún, maidir le bunú caighdeán Eorpach agus bunú táirgí Eorpacha caighdeánúcháin le haghaidh táirgí agus seirbhísí chun tacú le reachtaíocht agus beartais de chuid an Aontais, maidir le sainaithint sonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe do thagairtiú, maidir le caighdeánú Eorpach a mhaoiniú agus maidir le rannpháirteachas geallsealbhóirí sa chaighdeánú Eorpach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “caighdeán” sonraíocht theicniúil, arna glacadh ag comhlacht aitheanta um chaighdeánú, atá ceaptha lena fheidhmiú arís is arís nó ar bhonn leantach, sonraíocht nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach, agus a thagann faoi réir ceann de na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “caighdeán idirnáisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag comhlacht idirnáisiúnta um chaighdeánú;

(b)

ciallaíonn “caighdeán Eorpach” caighdeán arna ghlacadh ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú;

(c)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán Eorpach arna ghlacadh ar bhonn iarrata ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú;

(d)

ciallaíonn “caighdeán náisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag comhlacht náisiúnta um chaighdeánú;

(2)

ciallaíonn “táirge Eorpach caighdeánúcháin” aon sonraíocht theicniúil eile seachas caighdeán Eorpach, arna glacadh ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus atá ceaptha lena feidhmiú arís is arís nó ar bhonn leantach agus nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach;

(3)

ciallaíonn “dréachtchaighdeán” doiciméad ina bhfuil téacs na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le hábhar ar leith, díreach mar atá sé tar éis na hoibre ullmhúcháin agus nuair a scaiptear é le go ndéanfadh an pobal trácht nó scrúdú air, ar doiciméad é atá á mheas i gcomhair a ghlactha i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha maidir le caighdeáin;

(4)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad ina bhforordaítear na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas, seirbhís nó córas agus ina leagtar síos ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

na saintréithe a chaithfidh a bheith ag táirge, agus lena n-áirítear leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, idir-inoibritheacht, caomhnú comhshaoil, sláinte, sábháilteacht nó toisí, agus lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis an táirge i dtaca leis an ainm faoina ndíoltar é, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistíocht, marcáil nó lipéadú agus nósanna imeachta um measúnacht comhréireachta;

(b)

modhanna agus próisis táirgthe a úsáidtear i dtaca le táirgí talmhaíochta amhail a shainmhínítear in Airteagal 38(1) CFAE, táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe, táirgí míochaine, mar aon le modhanna agus próisis táirgthe a bhaineann le táirgí eile, i gcás ina n-imríonn siad tionchar ar a saintréithe;

(c)

na saintréithe a chaithfidh a bheith ag seirbhís, lena n-áirítear leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, idir-inoibritheacht, caomhnú comhshaoil, sláinte nó sábháilteacht, agus lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis an soláthraí ó thaobh na faisnéise atá le cur ar fáil don fhaighteoir, amhail a shonraítear in Airteagal 22(1) go (3) de Threoir 2006/123/CE;

(d)

na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta, amhail a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (37), i ndáil lena mbuntréithe;

(5)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil TFC” sonraíocht theicniúil i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(6)

ciallaíonn “táirge” aon táirge arna mhonarú go tionsclaíoch agus aon táirge talmhaíochta, lena n-áirítear táirgí éisc;

(7)

ciallaíonn “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féin-fhostaithe a thugtar de ghnáth ar luach saothair, amhail a shainmhínítear in Airteagal 57 CFAE;

(8)

ciallaíonn “eagraíocht Eorpach um chaighdeánú” eagraíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(9)

ciallaíonn “comhlacht idirnáisiúnta um chaighdeánú” Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC) agus an tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU);

(10)

ciallaíonn “comhlacht náisiúnta um chaighdeánú” comhlacht a dtugann Ballstát fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo.

CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTEACHAS NA NGEALLSEALBHÓIRÍ

Airteagal 3

Trédhearcacht chláir oibre na gcomhlachtaí um chaighdeánú

1.   Uair sa bhliain, ar a laghad, déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a chlár oibre a bhunú. Beidh faisnéis maidir leis na caighdeáin agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a bhfuil sé ar intinn ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nó ag comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a ullmhú nó a leasú sa chlár oibre sin, atá á n-ullmhú nó á leasú acu agus a ghlac siad sa tréimhse roimh an gclár oibre, mura rud é go bhfuil siad comhionann nó coibhéiseach le trasuímh caighdeán idirnáisiúnta nó Eorpach.

2.   Luafar sa chlár oibre, i ndáil le gach caighdeán agus le gach táirge Eorpach caighdeánúcháin, an méid seo a leanas:

(a)

an t-ábhar;

(b)

an chéim atá bainte amach i bhforbairt na gcaighdeán agus i bhforbairt na dtáirgí Eorpacha caighdeánúcháin;

(c)

tagairtí d’aon chaighdeán idirnáisiúnta a úsáidtear mar bhonn.

3.   Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a clár oibre nó a chlár oibre a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin nó ar a shuíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin eile a bhfuil teacht ag an bpobal air, chomh maith le fógra a chur ar fáil ar fhoilseachán náisiúnta nó i gcás inarb iomchuí, ar fhoilseachán Eorpach a bhaineann le caighdeánú, á thabhairt le fios gurb ann don chlár oibre.

4.   Tráth nach déanaí ná tráth foilsithe a chláir oibre, déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht Eorpach náisiúnta um chaighdeánú fógra a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha eile um chaighdeánú agus do na comhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú agus don Choimisiún á chur in iúl dóibh gurb ann don chlár oibre. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na Ballstáit tríd an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 22.

5.   Ní fhéadfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agóid a dhéanamh i gcoinne ábhar i gcomhair a chaighdeánaithe ina gclár oibre a bheith á mheas ar leibhéal na hEorpa i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus ní fhéadfaidh siad aon ghníomhaíocht a dhéanamh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chinneadh ina leith sin.

6.   Le linn caighdeán comhchuibhithe a bheith á ullmhú, nó tar éis é a fhormheas, ní ghlacfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhchuibhiú atá beartaithe agus, go háirithe, ní dhéanfaidh siad caighdeán náisiúnta nua nó caighdeán náisiúnta athbhreithnithe nach bhfuil ag teacht go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe atá cheana ann a fhoilsiú sa réimse atá i gceist. Tar éis caighdeán comhchuibhithe nua a bheith foilsithe, déanfar gach caighdeán náisiúnta atá contrártha dó a tharraingt siar laistigh de thréimhse ama réasúnach.

Airteagal 4

Trédhearcacht na gcaighdeán

1.   Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú aon dréachtchaighdeán náisiúnta, aon dréachtchaighdeán Eorpach nó aon dréacht-táirge Eorpach caighdeánúcháin a chur, i bhfoirm leictreonach ar a laghad, chuig eagraíochtaí Eorpacha eile um chaighdeánú agus chuig comhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú nó chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dóibh.

2.   Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú freagra a thabhairt laistigh de thrí mhí ar aon bharúlacha maidir le haon dréacht dá dtagraítear i mír 1, is barúlacha a fhaigheann siad ó aon eagraíocht Eorpach eile um chaighdeánú, ó aon chomhlacht náisiúnta eile um chaighdeánú nó ón gCoimisiún, agus cuirfidh siad na barúlacha sin san áireamh go hiomchuí.

3.   Nuair a fhaigheann comhlacht náisiúnta um chaighdeánú barúlacha lena gcuirtear in iúl go mbeadh tionchar diúltach ag an dréachtchaighdeán ar an margadh inmheánach, rachaidh sé i gcomhairle leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis an gCoimisiún sula nglacfaidh sé é.

4.   Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh siad rochtain ar dhréachtchaighdeáin náisiúnta ar shlí a fhágfaidh go mbeidh deis ag na páirtithe ábhartha uile, go háirithe iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, barúlacha a chur isteach;

(b)

ligfidh siad do chomhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú páirt éighníomhach nó ghníomhach a ghlacadh sna gníomhaíochtaí atá beartaithe trí bhreathnóir a chur ann.

Airteagal 5

Rannpháirteachas geallsealbhóirí sa chaighdeánú Eorpach

1.   Déanfaidh eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ionadaíocht iomchuí agus rannpháirteachas éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sochaíocha, a spreagadh agus a éascú ina gcuid gníomhaíochtaí caighdeánaithe. Déanfaidh siad, go háirithe, ionadaíocht agus rannpháirteachas den sórt sin a spreagadh agus a éascú trí na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar leibhéal forbartha beartas agus ag na céimeanna seo a leanas i bhforbairt caighdeán Eorpach nó i bhforbairt táirgí Eorpacha caighdeánúcháin:

(a)

ítimí nua oibre a mholadh agus a ghlacadh;

(b)

plé teicniúil ar mholtaí;

(c)

barúlacha maidir le dréachtaí a chur isteach;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha nó ar tháirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ann cheana;

(e)

scaipeadh faisnéise faoi chaighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá glactha agus feasacht ina leith a mhéadú.

2.   Sa bhreis ar an gcomhoibriú le húdaráis um faireachas an mhargaidh sna Ballstáit, le saoráidí taighde an Choimisiúin agus le heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ionadaíocht iomchuí, ar leibhéal teicniúil, ar ghnóthais, ar ionaid taighde, ar ollscoileanna agus ar eintitis dhlítheanacha eile a spreagadh agus a éascú i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe a bhaineann le réimse atá ag dul i dtábhacht agus a bhfuil mórimpleachtaí aici ó thaobh beartas agus nuálaíochta teicniúla, más rud é gur ghlac na heintitis dhlítheanacha lena mbaineann páirt i dtionscadal a bhaineann leis an réimse sin agus atá á mhaoiniú ag an Aontas faoi chreatchlár ilbhliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse na taighde, na nuálaíochta agus na forbartha teicneolaíochta, arna ghlacadh de bhun Airteagal 182 CFAE.

Airteagal 6

Rochtain FBManna ar chaighdeáin

1.   Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú rochtain FBManna ar chaighdeáin agus ar phróisis um fhorbairt caighdeán a spreagadh agus a éascú chun go mbainfear leibhéal níos airde rannpháirteachais amach sa chóras caighdeánaithe, mar shampla:

(a)

trí na tionscadail um chaighdeánú ar chun sainleasanna FBManna a shainaithint ina gcláir oibre bhliantúla;

(b)

trí rochtain ar ghníomhaíochtaí um chaighdeánú a thabhairt ach gan oibleagáid a chur ar FBManna a bheith ina gcomhaltaí de chomhlacht náisiúnta um chaighdeánú;

(c)

trí shaor-rochtain nó rátaí speisialta a thabhairt le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú;

(d)

trí shaor-rochtain a thabhairt ar dhréachtchaighdeáin;

(e)

trí achomaireachtaí de na caighdeáin a chur ar fáil saor in aisce ar a láithreán gréasáin;

(f)

trí rátaí speisialta a chur i bhfeidhm maidir le soláthar na gcaighdeán nó cairn de chaighdeán a sholáthar ar phraghas laghdaithe.

2.   Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú sár-chleachtais a mhalartú agus é mar aidhm acu feabhas a chur ar rannpháirteachas FBManna i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú agus úsáid na gcaighdeán ag FBManna a mhéadú agus a éascú.

3.   Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú tuarascálacha bliantúla a sheoladh chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i dtaca lena ngníomhaíochtaí i mír 1 agus i mír 2 agus i dtaca le gach beart eile chun feabhas a chur ar dhálaí do na FBManna chun úsáid a bhaint as caighdeáin agus a bheith rannpháirteach i bpróiseas forbartha na gcaighdeán. Foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na tuarascálacha sin ar a láithreáin gréasáin.

Airteagal 7

Rannpháirteachas na n-údarás poiblí sa chaighdeánú Eorpach

Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, rannpháirteachas na n-údarás poiblí, lena n-áirítear údaráis um fhaireachas an mhargaidh, a spreagadh sna gníomhaíochtaí náisiúnta um chaighdeánú a bheidh dírithe ar chaighdeáin a fhorbairt nó a athbhreithniú, is gníomhaíochtaí arna n-iarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10.

CAIBIDIL III

CAIGHDEÁIN EORPACHA AGUS TÁIRGÍ EORPACHA CAIGHDEÁNÚCHÁIN A THACAÍONN LE REACHTAÍOCHT AGUS BEARTAIS AN AONTAIS

Airteagal 8

An clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach

1.   Glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach, ina sainaithneofar tosaíochtaí straitéiseacha don chaighdeánú Eorpach, agus straitéisí fadtéarmacha an Aontais i gcomhair fáis á gcur san áireamh aige. Sonrófar ann na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ar intinn ag an gCoimisiún a iarraidh ó na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Saineofar sa chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach na cuspóirí sainiúla agus na beartais shainiúla maidir leis na caighdeáin Eorpacha chomh maith le táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ar intinn ag an gCoimisiún a iarraidh ó na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le hAirteagal 10. Is féidir leis an gCoimisiún, i gcásanna práinne, iarrataí a eisiúint gan é sin a chur in iúl roimh ré.

3.   Beidh ar áireamh freisin sa chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach cuspóirí do ghné idirnáisiúnta an chaighdeánaithe Eorpaigh, mar thaca le reachtaíocht agus beartais an Aontais.

4.   Déanfar an clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach a ghlacadh i ndiaidh comhairliúchán leathan a sheoladh leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus leis na Ballstáit tríd an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.

5.   Tar éis a ghlactha, cuirfidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil um chaighdeánú ar fáil ar a láithreán gréasáin é.

Airteagal 9

Comhar le saoráidí taighde

Rannchuideoidh saoráidí taighde an Choimisiúin le hullmhú chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 8 agus cuirfidh siad ionchur eolaíoch ar fáil do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, ina réimsí saineolais, chun a áirithiú go ndéanfar iomaíochas eacnamaíoch agus riachtanais shochaíocha, amhail inbhuanaitheacht chomhshaoil agus ábhair imní a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, a chur san áireamh sna caighdeáin Eorpacha.

Airteagal 10

Iarrataí caighdeánúcháin chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de na teorainneacha ar na hinniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, a iarraidh ar chomhlacht Eorpach amháin um chaighdeánú nó roinnt díobh caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú faoi spriocdháta a bheidh leagtha síos. Beidh na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin faoi thionchar an mhargaidh, tabharfaidh siad aird ar leas an phobail agus ar na cuspóirí beartais a bheidh luaite go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún agus beidh siad bunaithe ar chomhthoil. Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh leis an doiciméad iarrtha agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh.

2.   Déanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 22(3) tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo chomh maith leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, nuair is ann do choiste den sórt sin, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha.

3.   Tabharfaidh an eagraíocht Eorpach ábhartha um chaighdeánú le fios, laistigh d’aon mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an nglacann sé leis an iarraidh nó nach nglacann.

4.   I gcás ina ndéantar iarraidh ar mhaoiniú, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis an glacadh dá dtagraítear i mír 3 a fháil, na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú a chur ar an eolas faoi dhámhadh deontais chun caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú.

5.   Cuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar chun na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt. Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na doiciméid arna ndréachtú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a iarraidh tosaigh.

6.   I gcás ina gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais a bhfuil sé mar aidhm leis a chumhdach, agus a leagtar amach i reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán comhchuibhithe gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar mhodh eile i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh comhfhreagrach de reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú.

Airteagal 11

Agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán comhchuibhithe

1.   Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach ndéanann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is cuspóir dó a chomhlíonadh ina n-iomláine, ar ceanglais iad atá leagtha amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas ina leith le míniú mionsonraithe, agus déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann dó, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, a chinneadh:

(a)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú faoi shrianta inti;

(b)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a choimeád in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad a choimeád inti faoi shrianta nó iad a tharraingt siar ón Iris Oifigiúil sin.

2.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na caighdeáin chomhchuibhithe a bheidh curtha faoi réir an chinnidh dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann.

4.   Glacfar an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

5.   Glacfar an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Airteagal 12

Fógra a thabhairt d’eagraíochtaí geallsealbhóirí

Déanfaidh an Coimisiún córas fógartha a bhunú do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo chun comhairliúchán cuí agus ábharthacht don mhargadh a áirithiú sula ndéantar:

(a)

clár oibre bliantúil an Aontais um chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a ghlacadh;

(b)

iarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh;

(c)

cinneadh maidir le hagóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán comhchuibhithe a ghlacadh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(d)

cinneadh maidir le sainaithint sonraíochtaí teicniúla TFC dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh;

(e)

gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh.

CAIBIDIL IV

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA TFC

Airteagal 13

Sonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe le haghaidh tagairtiú

1.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar thogra a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, sonraíochtaí teicniúla TFC a shainaithint nach caighdeáin náisiúnta, Eorpacha ná idirnáisiúnta iad ach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ar sonraíochtaí iad a fhéadfar a thagairtiú, go príomha chun idir-inoibritheacht sa soláthar poiblí a chumasú.

2.   Nuair a dhéantar sonraíocht theicniúil TFC arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 a mhodhnú nó a tharraingt siar nó nuair nach gcomhlíonann an tsonraíocht sin a thuilleadh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar thogra a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, sonraíocht theicniúil mhodhnaithe TFC a shainaithint nó an sainaitheantas a tharraingt siar.

3.   Déanfar na cinntí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh tar éis comhairliúcháin leis an ardán il-gheallsealbhóirí Eorpach um chaighdeánú TFC, ina n-áirítear eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha, agus tar éis comhairliúcháin leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann don choiste sin, nó, murab ann do choiste den sórt sin, tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha.

Airteagal 14

Sonraíochtaí teicniúla TFC a úsáid sa soláthar poiblí

Is éard a bheidh i sonraíochtaí teicniúla TFC dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo sonraíochtaí teicniúla coiteanna dá dtagraítear i dTreoir 2004/17/CE, i dTreoir 2004/18/CE agus dTreoir 2009/81/CE, agus i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002.

CAIBIDIL V

CAIGHDEÁNÚ EORPACH A MHAOINIÚ

Airteagal 15

An tAontas do mhaoiniú eagraíochtaí um chaighdeánú

1.   Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí caighdeánaithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt agus a athbhreithniú, rud is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais;

(b)

cáilíocht caighdeán Eorpach nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhíorú agus a gcomhréireacht le reachtaíocht chomhfhreagrach agus beartais chomhfhreagracha an Aontais a fhíorú;

(c)

réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i dtaca le caighdeánú Eorpach, lena n-áirítear staidéir, gníomhaíochtaí comhair, lena n-áirítear comhar idirnáisiúnta, seimineáir, meastóireachtaí, anailísí comparáideacha, obair thaighde, obair saotharlainne, tástálacha idirshaotharlainne, obair measúnachta comhréireachta agus bearta lena áirithiú go ngiorrófar na tréimhsí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt agus a athbhreithniú gan dochar do na prionsabail bhunaidh, go háirithe prionsabail na hoscailteachta, na cáilíochta, na trédhearcachta agus na comhthola i measc na ngeallsealbhóirí uile;

(d)

gníomhaíochtaí lár-rúnaíochtaí na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear forbairt beartas, comhordú gníomhaíochtaí caighdeánaithe, próiseáil oibre teicniúla agus soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara;

(e)

caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a úsáidtear chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais a aistriú go teangacha oifigiúla an Aontais nach teangacha oibre na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iad nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo, go teangacha eile nach teangacha oifigiúla de chuid an Aontais iad;

(f)

faisnéis a tharraingt suas chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a mhíniú, a léiriú agus a shimpliú, lena n-áirítear treoracha d’úsáideoirí a tharraingt suas, achomaireachtaí caighdeán, faisnéis faoi dhea-chleachtais agus gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt, mar aon le straitéisí agus cláir oiliúna;

(g)

gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu cláir um chúnamh teicniúil a thabhairt i gcrích, comhar le tríú tíortha agus an córas um chaighdeánú Eorpach chomh maith le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a chur chun cinn agus a fheabhsú i measc páirtithe leasmhara san Aontas agus ar leibhéal idirnáisiúnta.

2.   Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt freisin dóibh seo a leanas:

(a)

comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí um chaighdeánú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfaidh na comhlachtaí náisiúnta i gcomhpháirt le heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú;

(b)

comhlachtaí eile a bhfuil sé curtha ar iontaoibh dóibh rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, nó an obair dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (g) de mhír 1 a dhéanamh, i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

Airteagal 16

An tAontas do mhaoiniú eagraíochtaí Eorpacha eile

Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhair maoiniú ón Aontas do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

feidhmiú na n-eagraíochtaí sin agus feidhmiú a ngníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú Eorpach agus le caighdeánú idirnáisiúnta, lena n-áirítear próiseáil oibre teicniúla agus soláthar faisnéise do chomhaltaí agus do pháirtithe leasmhara eile;

(b)

saineolas dlíthiúil agus teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear staidéir, i ndáil le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin agus i ndáil le forbairt na gcaighdeán agus na dtáirgí sin mar aon le saineolaithe a oiliúint;

(c)

páirt a ghlacadh san obair theicniúil i dtaca le forbairt agus athbhreithniú caighdeán Eorpach agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, rud is gá agus is iomchuí chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais;

(d)

caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, chomh maith le faisnéis faoi chaighdeáin agus a n-úsáid, a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara, lena n-áirítear FBManna agus tomhaltóirí.

Airteagal 17

Socruithe um maoiniú

1.   Is mar seo a leanas a chuirfear maoiniú ón Aontas ar fáil:

(a)

trí dheontais d’uireasa glao ar thairiscintí, nó trí chonarthaí i ndiaidh nósanna imeachta um sholáthar poiblí, a thabhairt dóibh seo a leanas:

(i)

eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(ii)

comhlachtaí atá sainaitheanta le gníomh bhunúsach, de réir bhrí Airteagal 49 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 15(1) den Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú;

(b)

trí dheontais tar éis glao ar thairiscintí, nó trí chonarthaí i ndiaidh nósanna imeachta um sholáthar poiblí, a thabhairt do chomhlachtaí eile dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 15(2):

(i)

chun rannchuidiú le forbairt agus athbhreithniú caighdeán Eorpach agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(1);

(ii)

chun an réamhobair nó obair choimhdeach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(iii)

chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(c)

trí dheontais tar éis glao ar thairiscintí a thabhairt do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhair maoiniú ón Aontas chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16 a dhéanamh.

2.   Féadfar gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú:

(a)

trí dheontais le haghaidh gníomhaíochtaí;

(b)

trí dheontais oibriúcháin do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. I gcás athnuachana, ní dhéanfar na deontais oibriúcháin a laghdú go huathoibríoch.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na socruithe um maoiniú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, maidir le suimeanna na ndeontas agus, i gcás inar gá, maidir le huaschéatadán an mhaoinithe de réir chineál na gníomhaíochta.

4.   Ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe, is i gcnapshuimeanna a thabharfar deontais chun na gníomhaíochtaí caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh agus i gcás na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(1) íocfar na deontais sin ar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

go nglacfar caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin arna n-iarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 nó go ndéanfar athbhreithniú orthu laistigh de thréimhse nach faide ná an tréimhse atá sonraithe san iarraidh dá dtagraítear san Airteagal sin;

(b)

go ndéanfar ionadaíocht shásúil ar FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta in gníomhaíochtaí Eorpacha caighdeánúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach san obair sin.

5.   Maidir leis na comhchuspóirí comhair agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a thugtar d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a shainmhíniú sna creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta arna síniú idir an Coimisiún agus na heagraíochtaí um chaighdeánú agus na geallsealbhóirí sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin.

Airteagal 18

Bainistíocht

Maidir leis na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun gníomhaíochtaí caighdeánaithe a mhaoiniú, féadfaidh siad na costais riaracháin a chumhdach freisin a bhaineann leis an ullmhúchán, faireachán, cigireacht, iniúchadh agus meastóireacht is gá go díreach chun Airteagal 15, Airteagal 16 agus Airteagal 17 a chur chun feidhme, lena n-áirítear staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilseacháin, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta d’fhonn faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile ar chúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

Airteagal 19

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Nuair a dhéanfar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus, má dhéantar neamhrialtachtaí a bhrath, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2.   I gcás gníomhaíochtaí de chuid an Aontais arna maoiniú de bhun an Rialacháin seo, ciallóidh coincheap na neamhrialtachta a shainítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach a éiríonn as gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch agus a bhfuil d’éifeacht leis an sárú sin, nó a mbeadh d’éifeacht leis, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid arna mbainistiú ag an Aontas trí mhír chaiteachais nach bhfuil údar maith léi.

3.   Forálfar in aon chomhaontuithe agus conarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, faireachán agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí, ar iniúchtaí iad a fhéadfar a dhéanamh ar an láthair más gá.

CAIBIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE, AN COISTE AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH

Airteagal 20

Gníomhartha tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thabhairt chun dáta chun athruithe ina n-ainm nó ina struchtúr a chur san áireamh;

(b)

na critéir a bhaineann le heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú do thuilleadh forbairtí maidir leo a bheith neamhbhrabúsach agus ionadaíoch. Ní bheidh d’éifeacht ag na hoiriúnuithe sin aon chritéir nua a chruthú nó aon chritéir nó catagóir eagraíochta atá cheana ann a dhíbhe.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste cúnamh de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse atá leagtha síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 23

Comhar an choiste le heagraíochtaí um chaighdeánú agus le geallsealbhóirí

Oibreoidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 24

Tuarascálacha

1.   Cuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe inti faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagail 4, 5, 10, 15 agus 17;

(b)

ionadaíocht ar FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta i gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú;

(c)

ionadaíocht ar FBManna ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

(d)

úsáid TFC sa chóras caighdeánaithe;

(e)

an comhar idir comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

2.   Maidir leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha, a fuair maoiniú Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad tuarascáil bhliantúil a chur chuig an gCoimisiún faoina ngníomhaíochtaí. Beidh go háirithe sa tuarascáil sin fáisnéis mhionsonraithe faoi chomhaltas na n-eagraíochtaí sin agus faoi na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.   Faoin 31 Nollaig 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh sa tuarascáil sin anailís ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, meastóireacht ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise cheanglais reachtaíochta agus bheartais an Aontais chomh maith le measúnú ar bhearta nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun simpliú a dhéanamh ar mhaoiniú an chaighdeánaithe Eorpaigh agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Faoin 2 Eanáir 2015, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar an nós imeachta arna bhunú le hAirteagal 10 den Rialachán seo maidir leis an tréimhse ama chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún a chonclúidí a thíolacadh i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Leasuithe

1.   Scriostar na forálacha seo a leanas:

(a)

Airteagal 6(1) de Threoir 89/686/CEE;

(b)

Airteagal 5 de Threoir 93/15/CEE;

(c)

Airteagal 6(1) de Threoir 94/9/CE;

(d)

Airteagal 6(1) de Threoir 94/25/CE;

(e)

Airteagal 6(1) de Threoir 95/16/CE;

(f)

Airteagal 6 de Threoir 97/23/CE;

(g)

Airteagal 14 de Threoir 2004/22/CE;

(h)

Airteagal 8(4) de Threoir 2007/23/CE;

(i)

Airteagal 7 de Threoir 2009/23/CE;

(j)

Airteagal 6 de Threoir 2009/105/CE.

Déanfar tagairtí do na forálacha scriosta sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.   Leasaítear Treoir 98/34/CE leis seo mar a leanas:

(a)

in Airteagal 1, scriostar mír 6 go mír 10;

(b)

scriostar Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4;

(c)

in Airteagal 6(1), scriostar na focail “leis na hionadaithe thar ceann na n-institiúidí um chaighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II”;

(d)

in Airteagal 6(3), scriostar an chéad fhleasc;

(e)

in Airteagal 6(4), scriostar pointe (a), pointe (b) agus pointe (e);

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

I gcomhréir le hAirteagal 8(1), cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na hiarrataí go léir a dhéantar chuig institiúidí um chaighdeánú lena n-iarrtar orthu sonraíochtaí teicniúla nó caighdeán i gcomhair táirgí sainiúla a tharraingt suas ionas go ndéanfar rialachán teicniúil a achtú le haghaidh na dtáirgí sin mar dhréacht-rialacháin theicniúla, agus luafaidh siad na forais atá ann dá n-achtú.”;

(g)

in Airteagal 11, cuirtear an abairt seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh staidreamh bliantúil maidir leis na fógraí a fhaightear.”;

(h)

scriostar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

Déanfar na tagairtí do na foralácha sin atá scriosta a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 27

Comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina gcomhlachtaí um chaighdeánú.

Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, chomh maith le haon athruithe a dhéantar ar an liosta sin chun é a thabhairt cothrom le dáta, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Forálacha idirthréimhseacha

I ngníomhartha de chuid an Aontais ina ndéantar foráil do thoimhde comhréireachta le ceanglais fhíor-riachtanacha trí chaighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 98/34/CE a chur i bhfeidhm, déanfar tagairtí do Threoir 98/34/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo, seachas tagairtí don choiste arna chur ar bun le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE maidir le rialacháin theicniúla.

I gcás ina ndéantar foráil i ngníomh de chuid an Aontais do nós imeachta chun agóid a dhéanamh i gcoinne caighdeán comhchuibhithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 den Rialachán seo maidir leis an ngníomh sin.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE agus Cinneadh 87/95/CEE.

Déanfar tagairtí do na Cinntí aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 376, 22.12.2011, lch. 69.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012.

(3)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(4)  IO L 315, 15.11.2006, lch. 9.

(5)  IO L 36, 7.2.1987, lch. 31.

(6)  IO C 70 E, 8.3.2012, lch. 56.

(7)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

(8)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.

(9)  Arna formheas ag Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir leis na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(10)  Arna formheas ag Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(11)  IO L 399, 30.12.1989, lch. 18.

(12)  IO L 121, 15.5.1993, lch. 20.

(13)  IO L 100, 19.4.1994, lch. 1.

(14)  IO L 164, 30.6.1994, lch. 15.

(15)  IO L 213, 7.9.1995, lch. 1.

(16)  IO L 181, 9.7.1997, lch. 1.

(17)  IO L 135, 30.4.2004, lch. 1.

(18)  IO L 154, 14.6.2007, lch. 1.

(19)  IO L 122, 16.5.2009, lch. 6.

(20)  IO L 264, 8.10.2009, lch. 12.

(21)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.

(22)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

(23)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

(24)  IO L 216, 20.8.2009, lch. 76.

(25)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

(26)  IO L 260, 3.10.2009, lch. 20.

(27)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(28)  IO C 349, 30.11.2011, lch. 4.

(29)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(30)  IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.

(31)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 39.

(32)  IO L 149, 9.6.2007, lch. 1.

(33)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(34)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(35)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(36)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(37)  IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.


IARSCRÍBHINN I

EAGRAÍOCHTAÍ EORPACHA UM CHAIGHDEÁNÚ

1.   CEN— An Coiste Eorpach um Chaighdeánú

2.   Cenelec— An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil

3.   ETSI— Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA TFC A SHAINAITHINT

1.

Tá glacadh sa mhargadh le sonraíochtaí teicniúla agus ní chuireann cur chun feidhme na sonraíochtaí sin isteach ar idir-inoibritheacht le cur chun feidhme na gcaighdeán Eorpach ná na gcaighdeán idirnáisiúnta atá ann cheana. Is féidir glacadh sa mhargadh a chur in iúl le samplaí oibríochtúla ó dhíoltóirí éagsúla de shonraíochtaí a cuireadh chun feidhme go comhlíontach.

2.

Tá na sonraíochtaí teicniúla comhleanúnach mar nach bhfuil siad contrártha do chaighdeáin Eorpacha, is é sin le rá go gclúdaíonn siad fearainn nach bhfuiltear ag tuar go mbeidh caighdeáin Eorpacha nua le glacadh iontu laistigh de thréimhse réasúnach ama, nach bhfuil glacadh sa mhargadh bainte amach iontu ag caighdeáin atá cheana ann nó a bhfuil na caighdeáin sin tite as feidhm, agus nach bhfuiltear ag tuar iontu go ndéanfar sonraíochtaí teicniúla a thrasuí isteach i dtáirgí Eorpacha caighdeánúcháin laistigh de thréimhse réasúnach ama.

3.

Eagraíocht neamhbhrabúsach, ar eagraíocht í atá ina cumann gairmiúil, comhlachas tionsclaíochta nó trádála nó aon eagraíocht chomhaltais eile a dhéanann, faoi chuimsiú a réimse saineolais féin, sonraíochtaí teicniúla TFC a fhorbairt agus nach eagraíocht Eorpach, náisiúnta ná idirnáisiúnta um chaighdeánú í, a rinne na sonraíochtaí teicniúla sin a fhorbairt trí phróisis a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

oscailteacht:

forbraíodh na sonraíochtaí teicniúla ar bhonn cinnteoireachta oscailte atá inrochtana ag na páirtithe leasmhara uile sa mhargadh nó i margaí ar a mbeidh tionchar ag na sonraíochtaí teicniúla sin;

(b)

comhthoil:

próiseas comhoibríoch, bunaithe ar chomhthoil a bhí sa phróiseas cinnteoireachta agus níor tugadh fabhar d’aon gheallsealbhóir ar leith. Ciallaíonn comhthoil comhaontú ginearálta, comhaontú arb éard is príomhghnéithe ann nach mbíonn aon chuid thábhachtach de na leasanna lena mbaineann i gcoinne saincheisteanna substaintiúla ar bhonn leanúnach agus go bhfuiltear ag féachaint le tuairimí na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh agus aon argóintí contrártha a réiteach. Ní hintuigthe ó chomhthoil gurb ionann é le haontoilíocht;

(c)

trédhearcacht:

(i)

maidir leis an bhfaisnéis uile a bhaineann le plé teicniúil agus le cinnteoireacht, rinneadh í a chur i gcartlann agus a shainaithint;

(ii)

rinneadh faisnéis maidir le gníomhaíochtaí nua caighdeánaithe a fhógairt go poiblí agus go forleathan ar bhealaí oiriúnacha agus inrochtana;

(iii)

iarradh ar chatagóirí ábhartha uile na bpáirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach;

(iv)

rinneadh barúlacha na bpáirtithe leasmhara a mheas agus tugadh freagraí dóibh.

4.

Tá na sonraíochtaí teicniúla ag comhlíonadh na gceanglas seo a leanas:

(a)

cothabháil: ráthaítear tacaíocht agus cothabháil leanúnach thar thréimhse fhada do shonraíochtaí foilsithe;

(b)

infhaighteacht: tá fáil ag an bpobal ar na sonraíochtaí lena gcur chun feidhme agus féadfaidh an pobal iad a úsáid ar théarmaí réasúnta (lena n-áirítear ar tháille réasúnta nó saor in aisce);

(c)

maidir le cearta maoine intleachtúla atá sár-riachtanach do chur chun feidhme sonraíochtaí, is ar bhonn (cothrom) réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ((F)RAND) atá siad ceadúnaithe d’iarratasóirí, lena n-áirítear, de rogha shealbhóir an chirt maoine intleachtúla, maoin intleachtúil sár-riachtanach a cheadúnú gan chúiteamh;

(d)

ábharthacht:

(i)

sonraíochtaí éifeachtacha agus ábhartha atá iontu;

(ii)

ní mór do na sonraíochtaí freagairt do riachtanais an mhargaidh agus do cheanglais rialála;

(e)

neodracht agus cobhsaíocht:

(i)

aon uair is féidir, is ar fheidhmíocht atá na sonraíochtaí dírithe, seachas ar shaintréithe a bhaineann le ceapadh nó ar shaintréithe tuairisciúla;

(ii)

ní dhéantar an margadh a shaobhadh leis na sonraíochtaí agus ní chuirtear teorann leis na féidearthachtaí do lucht chur chun feidhme iomaíocht agus nuálaíocht a fhorbairt, ar iomaíocht agus nuálaíocht iad atá bunaithe ar na sonraíochtaí sin;

(iii)

is ar fhorbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta ardchéime a bhunaítear sonraíochtaí;

(f)

cáilíocht:

(i)

is leor cáilíocht agus leibhéal an mhionsonraithe le gur féidir forbairt a dhéanamh ar bhealaí éagsúla iomaíocha cur chun feidhme ar tháirgí agus seirbhísí idir-inoibritheacha;

(ii)

ní dhéanann aon duine seachas na heagraíochtaí a ghlac na sonraíochtaí teicniúla comhéadain chaighdeánaithe a chur faoi cheilt ná faoi rialú.


IARSCRÍBHINN III

EAGRAÍOCHTAÍ GEALLSEALBHÓIRÍ EORPACHA IS INCHÁILITHE DO MHAOINIÚ ÓN AONTAS

1.

Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar FBManna i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a)

atá neamhrialtasach agus neamhbhrabúsach;

(b)

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar FBManna sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach, an fheasacht ar chaighdeánú a mhéadú ina measc agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa phróiseas caighdeánúcháin;

(c)

ar thug eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a dhéanann ionadaíocht ar FBManna sainordú di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna FBManna sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

2.

Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a)

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b)

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na dtomhaltóirí sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c)

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta tomhaltóirí di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na dtomhaltóirí sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

3.

Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna comhshaoil i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a)

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, ar leasanna tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b)

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhshaoil sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c)

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta comhshaoil di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhshaoil sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

4.

Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna sóisialta i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a)

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, ar leasanna tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b)

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna sóisialta sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c)

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta sóisialta di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna sóisialta sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 98/34/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (6)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (7)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (8)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (9)

Airteagal 2(8)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (10)

Airteagal 2(10)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3(3) agus (4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 27

Airteagal 2(5)

Airteagal 20(a)

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(3) agus (5) agus Airteagal 4(4)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(3), an chéad fhleasc

Airteagal 6(4)(a)

Airteagal 20(a)

Airteagal 6(4)(b)

Airteagal 6(4)(e)

Airteagal 10(2)

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 27

Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 15

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 17

Airteagal 6(1)

Airteagal 18

Airteagal 6(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 7

Airteagal 19

Cinneadh 87/95/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 14

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 24(3)

Airteagal 9


Top