ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.094.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
30 Márta 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 259/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le fosfáití agus comhdhúile eile fosfair a úsáid i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ( 2 )

16

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ( 2 )

22

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 261/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

38

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

49

 


 

(1)   Faoin tagairt L 94 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 258/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh 2001/748/CE ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2001 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal na Náisiún Aontaithe maidir le monarú agus le gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón, atá i gceangal le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (2), shínigh an Coimisiún an Prótacal sin (dá ngairtear “Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe” anseo feasta) thar ceann an Chomhphobail an 16 Eanáir 2002.

(2)

Tháinig Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhar i measc Páirtithe a chur chun cinn, a éascú agus a neartú d’fhonn monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón a chosc, a chomhrac agus a dhíothú, i bhfeidhm an 3 Iúil 2005.

(3)

D’fhonn rianú arm tine a éascú agus d’fhonn gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a chomhrac go héifeachtúil, is gá an malartú faisnéise idir Ballstáit a fheabhsú, go háirithe trí úsáid níos fearr a bhaint as na bealaí cumarsáide atá ann cheana.

(4)

Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (3) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4).

(5)

Sa Teachtaireacht uaidh an 18 Iúil 2005 maidir le bearta chun breis slándála a áirithiú i ndáil le pléascáin, maidhmitheoirí, trealamh déanta buamaí agus airm tine (5), d’fhógair an Coimisiún go raibh sé de rún aige Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme mar chuid de na bearta nach mór a ghlacadh d’fhonn an tAontas a bheith in ann an Prótacal sin a thabhairt i gcrích.

(6)

Ceanglaítear, le Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ar Pháirtithe nósanna imeachta nó córais riaracháin a chur i bhfeidhm nó a fheabhsú chun monarú, marcáil, allmhairiú agus onnmhairiú arm tine a rialú go héifeachtach.

(7)

Chun Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, ceanglaítear freisin go ndéanfaí cionta coiriúla de mhonarú nó de gháinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, agus go gcuirfear bearta i gcrích chun gur féidir earraí a mhonaraítear nó a ndéantar gáinneáil orthu sa tslí sin a choigistiú.

(8)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha ná armlón atá beartaithe go sonrach d’úsáid mhíleata. Maidir leis na bearta lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ba cheart iad a oiriúnú chun foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe maidir le hairm tine d’úsáid shibhialtach. Ba cheart, dá thoradh sin, éascú éigin a áirithiú maidir le húdarú d’il-lastais, do bhearta idirthurais agus d’onnmhairithe sealadacha chun críoch dleathach.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina ndéantar tagairt do leasanna riachtanacha maidir le slándáil na mBallstát, ná níl aon iarmhairt ag an Rialachán seo ar Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (6), ná ar Threoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le héadáil agus seilbh arm a rialú (7). Fairis sin, ní bheidh feidhm ag Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ná ag an Rialachán seo dá thoradh sin, maidir le hidirbhearta ó Stát amháin go Stát eile ná le haistrithe Stáit i gcásanna ina ndéanfadh cur i bhfeidhm an Phrótacail dochar do cheart Stáit is Páirtí gníomhaíocht a chur i gcrích chun leasa na slándála náisiúnta, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe.

(10)

Tá Treoir 91/477/CEE dírithe ar aistrithe arm d’úsáid shibhialtach laistigh de chríoch an Aontais, ach díríonn an Rialachán seo ar bhearta i leith onnmhairú ó chríoch an Aontais go tríú tíortha nó tríothu.

(11)

Bíonn airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, faoi réir dhlí an Aontais, nuair a allmhairítear ó thríú tíortha iad, agus faoi réir cheanglais Threoir 91/477/CEE go háirithe.

(12)

Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú maidir leis na forálacha i ndáil le taifead a choinneáil atá i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais.

(13)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun na cumhachtaí iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla.

(14)

D’fhonn liosta a choinneáil de na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a bhfuil údarú ag teastáil ina dtaobh faoin Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (8) agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(15)

Ghlac an tAontas corpas rialacha custaim, atá le fáil i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (9) agus a fhorálacha cur chun feidhme mar atá leagtha amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (10). Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (11) a chur san áireamh freisin, ar rialachán é a bhfuil feidhm ag a fhorálacha i gcéimeanna éagsúla de réir Airteagal 188 de. Níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann srian ar chumhacht ar bith faoi Chód Custaim an Chomhphobail agus a fhorálacha cur chun feidhme, ná de bhun an Chóid agus na bhforálacha sin.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás ina ndéanfar sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(17)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chóras an Aontais maidir le rialú onnmhairithe agus le haistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (12).

(18)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir le forálacha ábhartha eile maidir le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón atá ceaptha go sonrach d’úsáid mhíleata, maidir le straitéisí slándála, gáinneáil aindleathach arm beag agus arm éadrom agus onnmhairí teicneolaíochta míleata, lena n-áirítear Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (13).

(19)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

(20)

Ní chuireann an Rialachán seo bac ar Bhallstáit a rialacha bunreachtúla maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur i bhfeidhm, agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún á chur san áireamh (14),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha lena rialáiltear údarú onnmhairithe agus bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, chun críche Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (“Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe”).

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “arm tine” aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann grán, urchar nó diúracán nó atá ceaptha chun iad a dhíchur trí bhíthin tiomántáin indóite, nó aon arm dá leithéid a d’fhéadfaí a athchóiriú chun iad a dhíchur agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Meastar go bhféadfaí gléas a athrú chun grán, urchar nó diúracán a dhíchur trí mheán tiomántán indóite sna cásanna seo a leanas:

má tá cuma airm tine air, agus

más féidir é a athchóiriú chuige sin de bharr a dhéanaimh, nó an ábhair as a bhfuil sé déanta;

(2)

ciallaíonn “páirteanna” aon eilimint nó aon eilimint athsholáthair dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus atá ceaptha go sonrach le haghaidh airm tine agus atá riachtanach dá fheidhmiú, lena n-áirítear bairille, fráma nó glacadóir, sleamhnán nó sorcóir, bloc bolta nó craosbhloc, agus gléas ar bith atá ceaptha nó oiriúnaithe chun fothram airm tine arna scaoileadh, a mhaolú;

(3)

ciallaíonn “comhpháirteanna riachtanacha” meicníocht dúnta craois, cuasán agus bairille airm tine a áirítear, ós rud é gur réada ar leithligh iad, i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil sé beartaithe iad a fheistiú;

(4)

ciallaíonn “armlón” an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de a úsáidtear in arm tine, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údaraithe sa Bhallstát ábhartha;

(5)

ciallaíonn “airm tine díghníomhachtaithe” réada atá ag teacht ar dhóigh eile leis an sainmhíniú ar arm tine agus a cuireadh as feidhm go buan trí bhíthin a ndíghníomhachtaithe, á áirithiú go bhfuil na codanna riachtanacha ar fad do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná iad a mhodhnú chun an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith.

Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun go bhfíoróidh údarás inniúil na bearta díghníomhachtaithe sin. Forálfaidh na Ballstáit, i gcomhthéacs an fhíoraithe sin, d’eisiúint teastais nó taifid lena bhfianófar gur gníomhachtaíodh an t-arm tine nó gur cuireadh marc, atá infheicthe go soiléir, lena léirítear sin, ar an arm tine;

(6)

ciallaíonn “onnmhairiú”:

(a)

nós imeachta onnmhairithe de réir bhrí Airteagal 161 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(b)

ath-onnmhairú de réir bhrí Airteagal 182 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, seachas earraí atá i mbun gluaiseachta faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, dá dtagraítear in Airteagal 91 den Rialachán sin, nuair nár comhlíonadh aon fhoirmiúlachtaí ath-onnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 182(2) de;

(7)

ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoi na rialacha atá i bhfeidhm, aon chomhlachas daoine a n-aithnítear go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh ach nach bhfuil stádas dlíthiúil duine dlítheanaigh aige;

(8)

ciallaíonn “onnmhaireoir” aon duine, atá bunaithe san Aontas, a dhéanann dearbhú onnmhairithe nó a ndéantar dearbhú onnmhairithe ar a shon, is é sin le rá an duine a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír, an tráth a ghlactar leis an dearbhú, agus a bhfuil sé de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an t-earra amach as críoch chustaim an Aontais. Mura mbeidh aon chonradh onnmhairithe tugtha i gcrích nó mura mbeidh sealbhóir an chonartha ag gníomhú ar a shon féin, ciallóidh an t-onnmhareoir an duine a bhfuil an chumhacht aige cinneadh a dhéanamh an t-earra a sheoladh ó chríoch an Aontais.

I gcás ina fhabhreoidh an ceart chun fáil réidh le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón do dhuine atá bunaithe lasmuigh den Aontas de bhun an chonartha ar a bhfuil an t-onnmhairiú bunaithe, measfar gurb é an t-onnmhaireoir an páirtí conarthach bunaithe san Aontas;

(9)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(10)

ciallaíonn “dearbhú onnmhairithe” an gníomh trína dtugann duine le fios ar an mbealach ar leith atá forordaithe go bhfuil sé i gceist aige airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a chur faoi nós imeachta onnmhairithe;

(11)

ciallaíonn “onnmhairiú sealadach” gluaiseacht arm tine a fhágann críoch chustaim an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a ath-allmhairiú laistigh de thréimhse nach mó ná 24 mí;

(12)

ciallaíonn “idirthuras” iompar earraí a fhágann críoch chustaim an Aontais agus a théann trí chríoch tríú tíre amháin nó níos mó ná sin, i gcás ina bhfuil an chríoch dheiridh i dtríú tír eile;

(13)

ciallaíonn “trasloingsiú” idirthuras lena mbaineann an oibríocht fhisiciúil earraí a dhíluchtú ón modh allmhairithe iompair agus iad a athluchtú ina dhiaidh sin, lena n-onnmhairiú an athuair, go modh eile iompair de ghnáth;

(14)

ciallaíonn “údarú onnmhairithe”:

(a)

údarú amháin nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh lastais amháin a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní deiridh sainaitheanta amháin atá i dtríú tír nó;

(b)

il-údarú nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh il-lastas a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní deiridh sainaitheanta atá i dtríú tír nó;

(c)

údarú uilíoch nó ceadúnas a dheonaítear d’onnmhaireoir sonrach le haghaidh il-lastas a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó ná sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón chuig aon fhaighteoir nó aon choinsíní sainaitheanta deiridh amháin atá i dtríú tír amháin nó i dtríú tíortha éagsúla;

(15)

ciallaíonn “gáinneáil aindleathach” allmhairiú, onnmhairiú, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch tríú tíre, nó trasna críche Ballstáit amháin chuig críoch tríú tíre, má tá feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

níl sé údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le téarmaí an Rialacháin seo;

(b)

níl na hairm tine marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) de Threoir 91/477/CEE;

(c)

níl na hairm tine allmhairithe marcáilte tráth a n-allmhairithe le marc simplí ar a laghad, lenar féidir an chéad tír allmhairithe laistigh den Aontas Eorpach a shainaithint nó, i gcás nach bhfuil marc den chineál sin ar na hairm tine, le marc uathúil lena sainaithnítear na hairm tine allmhairithe;

(16)

ciallaíonn “rianú” rianú córasach arm tine agus, i gcás inar féidir é, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón ón monaróir go dtí an gceannaitheoir chun críche cabhrú le húdaráis inniúla na mBallstát monarú agus gáinneáil aindleathach a bhrath, a scrúdú agus a anailísiú.

Airteagal 3

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

idirbhearta ó Stát amháin go Stát eile ná aistrithe Stáit;

(b)

airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón má tá siad ceaptha go sonrach d’úsáid mhíleata agus, i gcás ar bith, airm tine a bhfuil cumas lámhaigh atá go hiomlán uathoibríoch acu;

(c)

airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón nuair is dul chuig na fórsaí armtha, na póilíní, nó údaráis phoiblí na mBallstát atá i ndán dóibh;

(d)

bailitheoirí agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le gnéithe cultúrtha agus stairiúla na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón agus a bhfuil an t-aitheantas sin acu chun críche an Rialacháin seo ón mBallstát a bhfuil siad bunaithe ina chríoch, ar an gcoinníoll go n-áirithítear go bhfuil bearta rianaithe i bhfeidhm;

(e)

airm tine dhíghníomhachtaithe;

(f)

airm tine sheanda agus a macasamhla, mar a shainmhínítear iad i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ar an gcoinníoll nach n-áirítear le hairm tine sheanda, airm tine a monaraíodh tar éis 1899.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 (Cód Custaim an Chomhphobail), Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 (forálacha chur chun feidhme Chód Custaim an Chomhphobail), Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 (an Cód Custaim Nuashonraithe), ná don chóras chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 (an Rialachán Dé-Úsáide).

CAIBIDIL II

ÚDARÚ, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE ONNMHAIRITHE AGUS BEARTA ALLMHAIRITHE AGUS IDIRTHURAIS

Airteagal 4

1.   Beidh gá le húdarú onnmhairithe arna bhunú i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Bronnfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe an t-údarú sin agus déanfar é a eisiúint i scríbhinn nó go leictreonach.

2.   I gcás ina n-éilítear údarú onnmhairithe d’onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón de bhun an Rialacháin seo agus i gcás ina mbeidh an t-onnmhairiú sin freisin faoi réir ceanglas údaraithe i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, féadfaidh na Ballstáit aon nós imeachta amháin a úsáid chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an Rialachán seo agus leis an gComhsheasamh sin a chomhlíonadh.

3.   Más rud é go bhfuil na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó ná sin seachas sa Bhallstát ina ndearnadh an t-iarratas ar údarú onnmhairithe, léireofar an méid sin ar an iarratas sin. Rachaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar údarú onnmhairithe faoina bhráid i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát a bheidh i gceist láithreach agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leo aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith aige nó acu maidir le húdarú den sórt sin a bhronnadh a chur in iúl laistigh de 10 lá oibre, agus beidh siad ina gceangal ar an mBallstát ina ndearnadh an t-iarratas.

Airteagal 5

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Iarscríbhinn I a leasú ar bhonn na leasuithe a dhéantar ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus ar bhonn na leasuithe a dhéantar ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE.

Airteagal 6

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse dochinnte.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun tarmligean a chúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin arna sonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, sula mbeidh an tréimhse sin caite, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 7

1.   Sula ndéantar údarú onnmhairithe le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a eisiúint, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an t-allmhairiú ábhartha údaraithe ag an tríú tír atá i mbun allmhairithe agus;

(b)

go bhfuil fógra tugtha i scríbhinn ag na tríú tíortha idirthurais, más ann dóibh, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas, nach ndéanfaidh siad aon agóid i gcoinne an idirthurais. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na nithe a leanas:

lastais ar muir nó d’aer agus trí chalafoirt nó aerfoirt tríú tíortha ar an gcoinníoll nach bhfuil aon trasloingsiú ná athrú sa mhodh iompair,

i gcás onnmhairithe sealadacha i gcomhair críoch is féidir a fhíorú a bheith dleathach, lena n-áirítear sealgaireacht, lámhach spóirt, meastóireacht, taispeántais gan díol, agus deisiúchán.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, mura bhfaighfear aon agóid maidir leis an idirthuras laistigh de 20 lá oibre ón lá a chuireann an t-onnmhaireoir iarratas i scríbhinn isteach nach ndéanfar aon agóid i gcoinne an idirthurais, glacfar leis nach bhfuil aon agóid ag an tríú tír idirthurais a ndeachthas i gcomhairle léi.

3.   Maidir leis na doiciméid riachtanacha a chruthaíonn gur údaraigh an tríú tír allmhairithe an t-allmhairiú agus nach ndearna an tríú tír idirthurais aon agóid i gcoinne an idirthurais, déanfaidh an t-onnmhaireoir iad a chur ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an údarú onnmhairithe a eisiúint.

4.   Déanfaidh na Ballstáit iarratais ar údarú onnmhairithe a phróiseáil laistigh de thréimhse ama, a bheidh le socrú le dlí náisiúnta nó le cleachtas, nach faide ná 60 lá oibre, ón dáta a mbeidh an fhaisnéis riachtanach go léir curtha ar fáil do na húdaráis inniúla. Faoi chúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú go tréimhse 90 lá oibre.

5.   Ní bheidh an tréimhse bailíochta le haghaidh údaraithe onnmhairithe níos faide ná an tréimhse bailíochta le haghaidh an údaraithe allmhairithe. I gcás nach sonraítear tréimhse bailíochta san údarú allmhairithe, seachas faoi chúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, is naoi mí ar a laghad a bheidh sa tréimhse bailíochta le haghaidh údaraithe onnmhairithe.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbainfear úsáid as doiciméid leictreonacha d’fhonn na hiarratais ar údarú onnmhairithe a phróiseáil.

Airteagal 8

1.   Chun críche an rianaithe, áireofar an fhaisnéis seo a leanas san údarú onnmhairithe agus sa cheadúnas allmhairithe nó san údarú allmhairithe arna eisiúnt ag an tríú tír is allmhaireoir agus sna doiciméid a ghabhann leo:

(a)

dátaí eisithe agus éagtha;

(b)

áit eisithe;

(c)

an tír onnmhairithe;

(d)

an tír allmhairithe;

(e)

an tríú tír nó na tríú tíortha idirthurais, nuair is infheidhme;

(f)

an coinsíní;

(g)

an faighteoir deiridh, más eol é tráth an lastais;

(h)

na sonraí lena bhféadfar na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón a shainaithint, lena n-áirítear an mharcáil atá ar na hairm tine, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas.

2.   Cuirfidh an t-onnmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, má tá sé sa cheadúnas allmhairithe nó san údarú allmhairithe, ar fáil roimh ré do na tríú tíortha idirthurais, ar a dhéanaí sula seolfar an lastas.

Airteagal 9

1.   Nósanna imeachta simplithe i ndáil le hairm tine, lena bpáirteanna, lena gcomhpháirteanna riachtanacha agus le harmlón, a onnmhairiú ar bhonn sealadach nó a athonnmhairiú, mar seo a leanas:

(a)

Ní cheanglófar aon údarú onnmhairithe i ndáil leis:

(i)

an méid seo a leanas á onnmhairiú ar bhonn sealadach ag sealgairí nó ag lámhachóirí spóirt mar chuid dá ngiúirléidí pearsanta le linn turais chuig tríú tír, ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad in iúl do na húdaráis inniúla cúiseanna an turais, go háirithe trí chuireadh nó cruthúnas eile a sholáthar faoi na gníomhaíochtaí sealgaireachta nó lámhaigh spóirt sa tríú tír is ceann scríbe:

arm tine amháin nó níos mó ná ceann amháin,

a gcomhpháirteanna riachtanacha, má tá siad marcáilte, chomh maith lena bpáirteanna,

an t-armlón a ghabhann leo, faoi theorainn uasmhéid de 800 urchar do shealgairí agus uasmhéid de 1 200 urchar do lámhachóirí spóirt;

(ii)

an méid thuas á ath-onnmhairiú ag sealgairí nó ag lámhachóirí spóirt mar chuid dá ngiúirléidí pearsanta le linn turais tar éis dóibh cead isteach sealadach a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí sealgaireachta nó lámhaigh spóirt, ar an gcoinníoll gur sealúchas de chuid duine atá bunaithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais i gcónaí na hairm tine sin, agus ar an gcoinníoll go n-ath-onnmhairítear na hairm tine chuig an duine sin.

(b)

Nuair a bheidh críoch chustaim an Aontais á fágáil ag sealgairí agus lámhachóirí spóirt, trí Bhallstát seachas an Ballstát a bhfuil cónaí orthu ann, cuirfidh siad Pas Arm Tine Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus in Airteagal 12 de Threoir 91/477/CEE ar fáil do na húdaráis inniúla. I gcás taistil d’aer, cuirfear an Pas Arm Tine Eorpach ar fáil do na húdaráis inniúla i gcás ina dtugtar na hearraí ábhartha don aerlíne lena n-iompair amach as críoch chustaim an Aontais.

Nuair a bheidh críoch chustaim an Aontais á fágáil ag sealgairí agus lámhachóirí spóirt, tríd an mBallstát a bhfuil cónaí orthu ann, féadfaidh siad doiciméad eile a roghnú seachas Pas Arm Tine Eorpach lena chur ar fáil, ar doiciméad é a measann údaráis inniúla an Bhallstáit sin a bheith bailí chun na críche sin.

(c)

Cuirfidh na húdaráis inniúla Ballstáit an próiseas onnmhairíochta ar fionraí le haghaidh tréimhse nach faide ná 10 lá nó, i gcás inar gá sin a dhéanamh, cuirfidh siad cosc ar bhealach eile ar airm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón a chur amach as críoch chustaim an Aontais tríd an Bhallstáit sin, i gcás ina mbeidh forais amhrais acu faoi na cúiseanna a thug sealgairí nó lámhachóirí spóirt mar bhunús dóibh a bheith i gcomhréir leis na breithnithe ábhartha agus leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10. I gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfar an tréimhse dá dtagraítear sa phointe seo a fhadú go tréimhse 30 lá.

2.   Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta don mhéid seo a leanas:

(a)

airm tine a ath-onnmhairiú i ndiaidh dóibh a bheith ligthe isteach ar bhonn sealadach lena luacháil nó lena dtaispeáint gan díol nó lena bpróiseáil go hinmheánach le haghaidh a ndeisithe, ar an gcoinníoll gur sealúchas de chuid duine atá bunaithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais i gcónaí na hairm tine sin, agus go n-ath-onnmhairítear iad chuig an duine sin;

(b)

airm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a athonnmhairiú má tá siad i stóráil sealadach nó i gcásanna eile ina mbeidh siad faoi mhaoirseacht chustaim ón tráth a dtagann siad isteach i gcríoch chustaim an Aontais go dtí go dtéann siad amach;

(c)

airm tine a onnmhairiú ar bhonn sealadach chun críche luachála agus deisithe agus taispeána gan díol, ar an gcoinníoll go gcruthóidh an t-onnmhaireoir go bhfuil na hairm tine ina sheilbh go dleathach agus go n-onnmhaireoidh sé iad de réir na nósanna imeachta custaim um próiseáil amach nó um onnmhairiú sealadach.

Airteagal 10

1.   Agus cinneadh á dhéanamh an dtabharfar údarú onnmhairithe faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit na breithnithe ábhartha ar fad san áireamh, lena n-áireofar na nithe seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

a n-oibleagáidí agus a dtiomantais mar pháirtithe sna socruithe ábhartha idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairithe, nó faoi na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha;

(b)

breithnithe beartais náisiúnta, beartais eachtraigh agus beartais slándála, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES;

(c)

breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe, an coinsíní, an fhaighteoir agus riosca an atreoraithe.

2.   I dteannta na mbreithnithe ábhartha atá leagtha amach i mír 1, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratas ar údarú onnmhairithe, tabharfaidh na Ballstáit aird ar chur i bhfeidhm an onnmhaireora d’acmhainní agus nósanna imeachta comhréireacha agus leormhaithe chun comhlíonadh fhorálacha agus chuspóirí an Rialacháin seo agus théarmaí agus choinníollacha an údaraithe a áirithiú.

Agus cinneadh á dhéanamh an dtabharfar nó nach dtabharfar údarú faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir leis na smachtbhannaí a fhorchuirtear le cinntí a ghlacann an Chomhairle nó trí chinneadh de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nó trí rún ceangailteach de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le trádbhaic arm.

Airteagal 11

1.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

diúltóidh siad údarú onnmhairithe a thabhairt má tá taifead coiriúil ag an iarratasóir, ar taifead coiriúil é a bhaineann le hiompar ar cion é atá liostaithe in Airteagal 2(2) den Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (15), nó i ndáil le taifead coiriúil a bhaineann le hiompar ar bith eile, ar an gcoinníoll gurbh iompar é ba inphionóis le huasmhéid de chailleadh saoirse de cheithre bliana ar a laghad nó gur cion is inphionóis le píonós níos tromchúisí é;

(b)

neamhneoidh, fionróidh, modhnóidh nó cúlghairfidh siad údarú onnmhairithe mura gcomhlíontar na coinníollacha ar ar bronnadh é nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

Tá an mír seo gan dochar d’aon rialacha níos déine atá ann faoin reachtaíocht náisiúnta.

2.   I gcás ina ndiúltaíonn Ballstáit údarú onnmhairithe a thabhairt, nó ina ndéanann siad údarú onnmhairithe a neamhnú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas ina thaobh sin agus roinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha leo. I gcás ina bhfuil údarú onnmhairithe curtha ar fionraí ag údaráis inniúla Ballstáit, cuirfear a measúnú deiridh in iúl do na Ballstáit eile ag deireadh na tréimhse fionraí.

3.   Sula dtabharfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit údarú onnmhairithe faoin Rialachán seo, cuirfidh siad san áireamh gach diúltú faoin Rialachán seo ar cuireadh fógra chucu faoi, chun a dhearbhú ar dhiúltaigh údaráis inniúla Ballstáit eile nó Ballstát cheana údarú a thabhairt d’idirbheart eile arbh ionann é, go bunúsach, agus an t-idirbheart a bhfuil iarratas ina leith á dhéanamh anois (maidir le hearra a bhfuil na pairiméadair bhunúsacha céanna nó na saintréithe teicniúla bunúsacha céanna aige agus maidir leis an t-allmhaireoir nó leis an gcoinsíní céanna).

I dtús báire, féadfaidh siad dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát a d’eisigh diúltaithe, neamhnithe, fionraithe, modhnuithe nó cúlghairmeacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2. Má chinneann údaráis inniúla an Bhallstáit údarú a thabhairt, tar éis an chomharliúcháin sin, tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla na mBallstát eile, lena soláthrófar an fhaisnéis ábhartha ar fad d’fhonn an cinneadh a mhíniú.

4.   Comhlíonfaidh an fhaisnéis ar fad a roinnfear i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo forálacha Airteagal 19(2) maidir lena rúndacht.

Airteagal 12

I gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm, coinneoidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse nach giorra ná 20 bliain, an fhaisnéis ar fad a bhaineann le hairm tine agus, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir é, lena bpáirteanna agus lena gcomhpháirteanna riachtanacha agus le harmlón, ar faisnéis í atá riachtanach chun na hairm tine sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a rianú agus a shainaithint, agus chun gáinneáil aindleathach na dtáirgí sin a chosc agus a bhrath. Áireofar leis an bhfaisnéis sin áit eisithe, dáta eisithe agus dáta éagtha an údaraithe onnmhairithe; an tír onnmhairithe; an tír allmhairithe; an tríú tír idirthurais, i gcás inarb infheidhme; an coinsíní; an faighteoir deiridh, más eol é tráth an onnmhairithe; agus cur síos ar na hearraí agus an méid acu atá ann, lena n-áirítear aon mharcáil a chuirtear orthu.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le honnmhairithe mar a dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 13

1.   I gcás ina mbeidh siad in amhras, iarrfaidh na Ballstáit ar an tríú tír is allmhaireoir a dhearbhú go bhfuarthas an lastas a seoladh d’airm tine, dá bpáirteanna agus dá gcomhpháirteanna riachtanacha nó d’armlón.

2.   Arna iarraidh sin ó thríú tír is Páirtí i bPrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe tráth an onnmhairithe, déanfaidh Ballstáit a dheimhniú go bhfuarthas, laistigh de chríoch chustaim an Aontais, an lastas seachadta d’airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, a áiritheofar i bprionsabal trí na doiciméid ábhartha onnmhairithe custaim a sholáthair.

3.   Comhlíonfaidh na Ballstáit mír 1 agus mír 2 i gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm. Maidir le honnmhairithe, go háirithe, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit dul i dteagmháil leis an onnmhaireoir nó go díreach leis an tríú tír atá i mbun onnmhairithe.

Airteagal 14

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil a nósanna imeachta údaraithe slán agus gur féidir barántúlacht na ndoiciméad údaraithe a fhíorú nó a bhailíochtú.

Féadfar fíorú agus bailíochtú a áirithiú freisin, i gcás inarb iomchuí, trí chainéil taidhleoireachta.

Airteagal 15

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gceart, glacfaidh na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá chun go mbeidh sé de chumas ag a n-údaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a bhailiú maidir le haon ordú nó idirbheart a bhaineann le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón; agus

(b)

a dhearbhú go bhfuil na bearta maidir le rialú onnmhairithe á gcur i bhfeidhm i gceart. D’fhéadfaí a áireamh leis sin go háirithe an chumhacht dul isteach in áitreabh daoine a bhfuil leas acu in idirbheart onnmhairithe.

Airteagal 16

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL III

FOIRMIÚLACHTAÍ CUSTAIM

Airteagal 17

1.   Nuair a bheidh foirmiúlachtaí custaim i ndáil le hairm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón a onnmhairiú á gcur i gcrích ag an onnmhaireoir in oifig chustaim an onnmhairithe, cuirfidh sé cruthúnas ar fáil go bhfuarthas aon údarú onnmhairithe a bhí riachtanach.

2.   Féadfar a éileamh ar an onnmhaireoir aistriúchán a sholáthar go teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhú onnmhairithe á chur isteach ar cheann ar bith de na doiciméid a cuireadh ar fáil mar chruthúnas.

3.   Gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar dóibh faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 agus de bhun an Rialacháin sin, cuirfidh na Ballstáit próiséas an onnmhairithe óna gcríoch féin ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá nó, más gá, cuirfidh sé cosc ar bhealach eile ar airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, agus iad cumhdaithe ag údarú bailí onnmhairithe, a chur amach as críoch custaim an Aontais trína gcríoch féin, má tá fórais amhrais acu:

(a)

níor cuireadh faisnéis ábhartha san áireamh tráth a tugadh an t-údarú; nó

(b)

go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí ón tráth a tugadh an t-údarú.

I gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil bunús leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú go 30 lá.

4.   Le linn na tréimhse nó na tréimhse fadaithe dá dtagraítear i mír 3, scaoilfidh na Ballstáit leis na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, nó gníomhóidh siad de bhun Airteagal 11(1)(b).

Airteagal 18

1.   Féadfaidh Ballstáit a fhoráil gur féidir foirmiúlachtaí custaim maidir le honnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, a chur i gcrích in oifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, agus sna hoifigí sin amháin.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a bhainfidh leas as an rogha atá leagtha amach i mír 1, an Coimisiún ar an eolas faoi na hoifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, nó faoi athruithe arna ndéanamh orthu ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL IV

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 19

1.   Glacfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus i gcomhréir le hAirteagal 21(2) na bearta iomchuí uile chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir údaráis inniúla d’fhonn éifeachtúlacht na mbeart a bhunaítear leis an Rialachán seo a fheabhsú. Féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis sin:

(a)

sonraí onnmhaireoirí a ndiúltaítear dá n-iarratas ar údarú nó sonraí onnmhaireoirí ar ghlac Ballstáit cinntí ina leith de bhun Airteagal 11;

(b)

sonraí i dtaobh coinsínithe nó gníomhairí eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí amhrasacha agus, má tá siad ar fáil, sonraí faoi na bealaí a chuathas.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (16) maidir le cúnamh frithpháirteach, agus go háirithe ag na forálacha de maidir le rúndacht faisnéise, maidir le bearta faoin Airteagal seo, gan dochar d’Airteagal 20 den Rialachán seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

1.   Bunófar Grúpa Comhordaithe um Onnmhairiú Arm Tine (an “Grúpa Comhordaithe”) agus beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí air.

Scrúdóidh an Grúpa Comhordaithe aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhféadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú. Beidh sé faoi cheangal na rialacha rúndachta i Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

2.   Aon uair a bhfuil gá leis, rachaidh Cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe, nó an Grúpa Comhordaithe, i gcomhairle le haon gheallsealbhóirí ábhartha a mbaineann an Rialachán seo leo.

Airteagal 21

1.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   Faoin 19 Aibreán 2012, cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun Airteagail 7, 9, 11 agus 17 a chur chun feidhme. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Faoin 19 Aibreán 2017, agus ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin ag an nGrúpa Comhordaithe, agus ar aon chuma gach 10 mbliana déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, a bhféadfadh moltaí a bheith inti i leith an Rialachán a leasú. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis iomchuí uile don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú, lena n-áireofar faisnéis faoi úsáid an nós imeachta aonair dá bhforáiltear in Airteagal 4(2).

Airteagal 22

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meán Fómhair 2013.

Beidh feidhm, áfach, ag mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 13 ón tríochadú lá tar éis an dáta a thiocfaidh Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe san Aontas Eorpach i bhfeidhm, i ndiaidh cur i gcrích an Phrótacail de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Deireadh Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Márta 2012.

(2)  IO L 280, 24.10.2001, lch. 5.

(3)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(4)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(5)  COM(2005) 329. Fógraíodh sa Teachtaireacht freisin, modhnú teicniúil ar Threoir 91/477/CEE atá dírithe ar na forálacha iomchuí a éilítear le Prótacal na Náisiún Aontaithe maidir le haistrithe arm, a mbaineann an Treoir leo, laistigh den Chomhphobal, a chomhtháthú, agus leasaíodh é ar deireadh le Treoir 2008/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 8.7.2008, lch. 5).

(6)  IO L 146, 10.6.2009, lch. 1.

(7)  IO L 256, 13.9.1991, lch. 51.

(8)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(9)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(10)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

(11)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(12)  IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

(13)  IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.

(14)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(15)  IO L 190, 18.7.2002, lch. 1.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I (1)

Liosta na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón

 

Tuairisc

CÓD AC (2)

1

Airm tine ghearra leathuathoibríocha nó airm tine ghearra athchaite

ex 9302 00 00

2

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh lárlámhaigh

ex 9302 00 00

3

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh imeall-lámhaigh, ar lú a bhfad iomlán ná 28 cm

ex 9302 00 00

4

Airm tine leathuathoibríocha fhada ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

5

Airm tine leathuathoibríocha fhada nach féidir a bpiléarlann ná a gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil, i gcás go mbeidh an gléas lódála inaistrithe nó i gcás nach mbeifear cinnte nach féidir an t-arm sin a athrú, le gnáthuirlisí, ina arm ar féidir a bpiléarlann agus a gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil.

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

6

Airm tine athchaite fhada agus airm tine leathuathoibríocha fhada le bairillí mínchró nach faide ná 60 cm

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

7

Airm tine leathuathoibríocha, le húsáid ag sibhialtaigh, atá cosúil le hairm le meicníochtaí uathoibríocha

ex 9302 00 00

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

8

Airm tine athchaite fhada seachas na cinn a liostaítear i bpointe 6

ex 9303 20 95

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

9

Airm tine fhada le bairillí eitreacha aonurchair

ex 9303 30 00

ex 9303 90 00

10

Airm tine leathuathoibríocha fhada seachas na cinn atá i bpointí 4 go 7

ex 9303 90 00

11

Airm tine aonurchair ghearra le forbhualadh imeall-lámhaigh, nach lú a bhfad iomlán ná 28 cm

ex 9302 00 00

12

Airm tine aonurchair fhada le bairillí mínchró

9303 10 00

ex 9303 20 10

ex 9303 20 95

13

Páirteanna atá ceaptha go sonrach le haghaidh airm tine agus atá riachtanach dá fheidhmiú, lena n-áirítear bairille, fráma nó glacadóir, sleamhnán nó sorcóir, bloc bolta nó craosbhloc, agus gléas ar bith atá ceaptha nó oiriúnaithe chun an fothram a thagann as arm tine a scaoileadh, a mhaolú.

Aon chomhpháirt riachtanach d’airm tine mar sin: an meicníocht dúnta craois, cuasán agus bairille airm tine a áirítear, ós rud é gur réada ar leithligh iad, i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil sé beartaithe iad a fheistiú

ex 9305 10 00

ex 9305 21 00

ex 9305 29 00

ex 9305 99 00

14

Armlón: an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de a úsáidtear in arm tine, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údaraithe sa Bhallstát ábhartha

ex 3601 00 00

ex 3603 00 90

ex 9306 21 00

ex 9306 29 00

ex 9306 30 10

ex 9306 30 90

ex 9306 90 90

15

Bailiúcháin agus baill na mbailitheoirí ar ábhar spéise iad go stairiúil

Seandachtaí atá ann le níos mó ná 100 bliain

ex 9705 00 00

ex 9706 00 00

Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)

ciallaíonn “arm tine gearr” arm tine le bairille nach faide ná 30 ceintiméadar nó arm tine le bairille nach faide ná 60 ceintiméadar a fhad foriomlán;

(b)

ciallaíonn “arm tine fada” aon arm tine seachas arm tine gearr;

(c)

ciallaíonn “arm tine uathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus atá in ann níos mó ná urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(d)

ciallaíonn “arm tine leathuathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus nach bhfuil in ann ach urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(e)

ciallaíonn “arm tine athchaite” arm tine atá ceaptha lena athlódáil ó philéarlann nó ó shorcóir tar éis urchar a scaoileadh trí ghníomh a oibrítear de láimh;

(f)

ciallaíonn “arm tine aonurchair” arm tine gan piléarlann a lódáiltear sula scaoilfear gach urchar trí urchar a chur isteach de láimh sa chuasán nó i gcuaisín lódála ag craos an bhairille.


(1)  Bunaithe ar Ainmníocht Chomhcheangailte na n-earraí mar a leagtar síos í i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

(2)  I gcás ina luaitear cód a bhfuil “ex” roimhe, cinntear an scóip tríd an gCód AC agus an tuairisc a fhreagraíonn dó araon a úsáid.


IARSCRÍBHINN II

(samhail d’fhoirmeacha údaraithe onnmhairithe)

(dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo)

Agus údaruithe onnmhairithe á ndeonú acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú go mbeidh cineál an údaraithe feiceálach ar an bhfoirm a eisítear.

Ta an t- údarú onnmhairithe thíos bailí i ngach Ballstát san Aontas Eorpach go dtí go rachaidh sé in éag.

Image

Image

Image


30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/16


RIALACHÁN (AE) Uimh. 259/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le fosfáití agus comhdhúile eile fosfair a úsáid i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina Thuarascáil an 4 Bealtaine 2007 chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa, rinne an Coimisiún meastóireacht, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar úsáid fosfáití i nglantaigh. Tar éis tuilleadh anailíse, baineadh as mar thátal gur cheart úsáid fosfáití i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a theorannú chun an méid a chuireann fosfáití ó ghlantaigh le rioscaí eotrófaithe a laghdú agus chun an costas a bhaineann le hasbhaint fosfáití i ngléasraí cóireála fuíolluisce a laghdú. Is mó an méid a shábháilfear ó thaobh costais ná an costas a bhainfeadh le glantaigh níocháin tomhaltóra a athfhoirmliú le roghanna malartacha ar fhosfáití.

(2)

Sna roghanna malartacha éifeachtúla ar ghlantaigh níocháin tomhaltóra fosfáit-bhunaithe, tá gá le méideanna beaga de chomhdhúile eile fosfair, eadhon fosfónáití, a d’fhéadfadh, má mhéadaítear na cainníochtaí díobh atá in úsáid, a bheith ina gcúis imní ó thaobh an chomhshaoil de. Cé go bhfuil sé tábhachtach spreagadh a thabhairt d’úsáid substaintí malartacha a bhfuil próifíl comhshaoil níos fabhraí acu ná fosfáití agus comhdhúile eile fosfair i monarú glantach níocháin tomhaltóra agus glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, ba cheart nach mbeadh riosca ar bith ann, nó ba cheart gur riosca is ísle a bheadh ann, don duine agus/nó don chomhshaol ó shubstaintí den sórt sin, faoina ngnáthchoinníollacha úsáide. Ba cheart, dá bhrí sin, an córas REACH (4) a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí den sórt sin.

(3)

Maidir leis an idirghníomhaíocht idir fosfáití agus comhdhúile eile fosfair, is gá rogha chúramach a dhéanamh maidir le raon feidhme agus leibhéal an teorann maidir le húsáid fosfáití i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an teorann ní hamháin maidir le fosfáití ach maidir le gach comhdhúil fosfair freisin chun nach mbeifí taobh le comhdhúile eile fosfair a chur in áit fosfáití. Ba cheart go mbeadh an teorainn ar an gcion fosfair íseal go leor chun cosc éifeachtach a chur ar fhoirmlithe de ghlantaigh níocháin tomhaltóra fosfáit-bhunaithe a mhargú, agus ba cheart di a bheith ard go leor chun an t-íosmhéid fosfónáití atá riachtanach le haghaidh foirmlithe malartacha a cheadú.

(4)

Ní hiomchuí, faoi láthair, na teorainneacha ar úsáid fosfáití agus úsáid comhdhúile eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a leathnú chuig glantaigh institiúideacha agus tionsclaíocha ar leibhéal an Aontais, mar níl roghanna malartacha ar úsáid fosfáití sna glantaigh sin ar fáil go fóill a bheadh oiriúnach go teicniúil agus indéanta ó thaobh na heacnamaíochta de. Maidir le glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, is dóchúil go mbeidh roghanna malartacha ar fáil ar shlí níos forleithne go luath amach anseo. Is iomchuí, dá bhrí sin, srian a chur ar úsáid fosfáití sna glantaigh sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag srian den sórt sin ó dháta amach anseo a mbeifear ag súil leis faoin tráth sin go mbeidh substaintí malartacha ar fhosfáití ar fáil go forleathan chun forbairt táirgí nua a spreagadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, freisin uaschion fosfair incheadaithe a shonrú atá bunaithe ar fhianaise lena n-áirítear srianta náisiúnta atá ann cheana ar fhosfar i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra. Is gá a fhoráil freisin, áfach, gur cheart don Choimisiún, sula dtiocfaidh an srian sin chun bheith infheidhme ar fud an Aontais, measúnú críochnúil a dhéanamh ar an teorainnluach ar measúnú é a bheadh bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil, agus má tá údar maith leis, togra reachtach a thíolacadh. Ba cheart go gcumhdófaí leis an measúnú sin an tionchar atá ag glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ag a bhfuil leibhéil fosfair atá os cionn agus faoi bhun an teorainnluacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa ar an gcomhshaol, ar an tionscal agus ar thomhaltóirí, agus go gcumhdófaí leis chomh maith substaintí malartacha ar na glantaigh sin, agus nithe lena n-áirítear a gcostas, a n-infhaighteacht, a n-éifeachtúlacht glantacháin agus a dtionchar ar chóireáil fuíolluisce á gcur san áireamh.

(5)

Is é ceann d’aidhmeanna an Rialacháin seo an comhshaol a chosaint trí eotrófú de bharr fosfair i nglantaigh a úsáideann tomhaltóirí a laghdú. Ní bheadh sé iomchuí, dá bhrí sin, iallach a chur ar Bhallstáit a bhfuil srianta i bhfeidhm cheana féin acu maidir le fosfar i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra na srianta sin a oiriúnú sula dtiocfaidh an srian Aontais chun bheith infheidhme. Ina theannta sin, is inmhianaithe go gceadófaí do Bhallstáit na srianta atá leagtha amach sa Rialachán seo a thabhairt isteach de réir a chéile agus chomh luath agus is féidir.

(6)

Ba cheart sainmhíniú ar “glanadh” a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 in ionad tagartha don chaighdeán ISO ábhartha ar mhaithe leis an inléiteacht a éascú, agus ba cheart sainmhínithe ar “glantach níocháin tomhaltóra” agus ar “glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra” a áireamh freisin. Ina theannta sin, is iomchuí an sainmhíniú atá ar “cur ar an margadh” a shoiléiriú agus sainmhíniú ar “cur ar fáil ar an margadh” a áireamh.

(7)

Chun faisnéis chruinn a sholáthar laistigh den scála ama is giorra agus is féidir, is iomchuí an tslí ina bhfoilsíonn an Coimisiún na liostaí de na húdaráis inniúla agus de na saotharlanna faofa a nuachóiriú.

(8)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 684/2004 a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, chun forálacha a thabhairt isteach maidir le glantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí agus chun teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh ailléirginí cumhráin a thabhairt isteach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin is leasuithe atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaca leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(10)

Is iomchuí foráil a dhéanamh chun go ndéanfaí cur i bhfeidhm na srianta a bhunaítear leis an Rialachán seo a chur siar chun deis a thabhairt d’oibreoirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a gcuid glantach níocháin tomhaltóra fosfáit-bunaithe agus a gcuid glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra fosfáit-bhunaithe a athfhoirmliú trí roghanna malartacha a úsáid le linn a ngnáth-thimthrialla athfhoirmlithe chun na costais a ghabhann leis sin a íoslaghdú.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an méid a chuireann fosfáití ó ghlantaigh tomhaltóra le rioscaí an eotrófaithe a laghdú, an costas a bhaineann le hasbhaint fosfáití i ngléasraí cóireála fuíolluisce a laghdú agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach bhféadfar le bearta náisiúnta a bhfuil sonraíochtaí teicniúla éagsúla acu feabhsú cuimsitheach ar cháilíocht an uisce a thrasnaíonn teorainneacha náisiúnta a áirithiú, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(12)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc agus an ceathrú fleasc, agus cuirtear cúigiú fleasc leis:

“—

lipéadú breise ar ghlantaigh, lena n-áirítear ailléirginí cumhráin,

an fhaisnéis a chaithfidh na monaróirí a choimeád lena cur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát agus dá bpearsanra liachta,

teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“1a.

Ciallaíonn ‘glantach níocháin tomhaltóra’ glantach le haghaidh níocháin arna chur ar an margadh lena úsáid ag neamhphroifisiúnaigh, lena n-áirítear i neachtlainníní poiblí.

1b.

Ciallaíonn ‘glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra’ glantach arna chur ar an margadh lena úsáid i miasniteoirí uathoibríocha ag neamhphroifisiúnaigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ciallaíonn ‘glanadh’ an próiseas lena mbaintear deascán neamh-inmhianaithe amach ó shubstráit nó ó laistigh de shubstráit agus ina n-athraítear go staid tuaslagáin nó chuig staid spréite é.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

“9.

Ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad chur ar fáil táirge ar mhargadh an Aontais. Measfar gurb ionann allmhairiú isteach i gcríoch custaim an Aontais agus cur ar an margadh.

9a.

Ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé i gcomaoin ar íocaíocht nó saor in aisce.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

Teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair

Ní dhéanfar glantaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn VIa agus nach gcomhlíonann na teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair ar teorainneacha iad atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin a chur ar an margadh ó na dátaí atá leagtha amach inti.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún na liostaí de na húdaráis inniúla, atá luaite i mír 1, agus de na saotharlanna faofa, atá luaite i mír 2, a chur ar fáil go poiblí.”;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ina theannta sin, beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear i Roinn B d’Iarscríbhinn VII ar phacáistíocht glantach níocháin tomhaltóra agus ar phacáistíocht glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra.”;

(6)

in Airteagal 12, scriostar mír 3;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

“Airteagal 13

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun na leasuithe a thabhairt isteach is gá chun Iarscríbhinní I go IV, Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Úsáidfidh an Coimisiún caighdeáin Eorpacha, aon uair is féidir.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun leasuithe a thabhairt isteach ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le glantaigh tuaslagóir-bhunaithe.

3.   I gcás ina mbunaíonn an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh na n-ailléirginí cumhráin, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun an teorainn 0,01 % atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn VII a oiriúnú dá réir sin.

Airteagal 13a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 19 Aibreán 2012. Faoin 19 Iúil 2016 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí breise cúig bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Clásal saorghluaiseachta

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian nó bac ar ghlantaigh, agus/nó dromchlaghníomhaithe le haghaidh glantach, a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, a chur ar fáil ar an margadh, ar fhorais a ndéileáiltear leo sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a leagan síos maidir le srianta ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh ar ina leith nach bhfuil aon srianta maidir leis an gcion leagtha amach dóibh in Iarscríbhinn VIa, i gcás ina bhfuil údar maith leis na rialacha sin, go háirithe, ar fhorais amhail cosaint na sláinte poiblí nó cosaint an chomhshaoil agus i gcás ina bhfuil roghanna malartacha eile ar fáil atá indéanta go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na rialacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 19 Márta 2012 a choimeád ar bun, ar rialacha iad a bhaineann le srianta ar chion na bhfosfáití agus na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh ar ina leith nach bhfuil na srianta atá leagtha amach dóibh in Iarscríbhinn VIa tagtha chun bheith infheidhme fós. Déanfar bearta náisiúnta den sórt sin atá ann cheana féin a thuairisciú don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2012 agus féadfaidh siad leanúint orthu de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta a mbeidh feidhm ag na srianta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIa.

4.   Ón 19 Márta 2012 go dtí an 31 Nollaig 2016, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh lena ndéantar an srian ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh a chur chun feidhme, ar srian é atá leagtha síos i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa, i gcás ina bhfuil údar maith leis, go háirithe ar fhorais amhail cosaint na sláinte poiblí nó an chomhshaoil agus i gcás ina bhfuil roghanna malartacha eile ar fáil atá indéanta go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de. Déanfaidh Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta den sórt sin i gcomhréir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise. (5)

5.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chur ar fáil go poiblí.

(8)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina bhfuil forais inchosanta ag Ballstát le creidiúint go bhfuil glantach sonrach ina riosca do shábháilteacht nó sláinte an duine nó do shábháilteacht nó do shláinte ainmhithe nó go bhfuil sé ina riosca don chomhshaol, cé go gcomhlíontar riachtanais an Rialacháin seo leis, féadfaidh sé gach beart sealadach iomchuí a ghlacadh, ar bearta iad atá ar comhréir le cineál an riosca, chun a áirithiú nach bhfuil riosca ag baint leis an nglantach lena mbaineann a thuilleadh, go ndéantar é a bhaint den mhargadh nó go ndéantar é a athghairm laistigh de thréimhse réasúnta nó go gcuirtear srian ar a infhaighteacht.

Cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin, agus na cúiseanna lena chinneadh á lua aige.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Tuarascáil

1.   Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht trí bhíthin measúnaithe chríochnúil i dtaobh cibé ar cheart an srian atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa a mhodhnú, agus faisnéis ó na Ballstáit maidir leis an gcion fosfair i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra arna gcur ar an margadh ina gcríocha á cur san áireamh aige agus i bhfianaise aon fhaisnéis eolaíochta atá ann cheana nó aon fhaisnéis nua eolaíochta atá ar fáil dó maidir le substaintí a úsáidtear i bhfoirmlithe ina bhfuil fosfáití agus i bhfoirmlithe malartacha. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin anailís maidir leis an tionchar atá ag glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ar an gcomhshaol, ar an tionscal agus ar thomhaltóirí is glantaigh a bhfuil leibhéil fosfair acu atá os cionn agus faoi bhun an teorainnluacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIa, agus nithe lena n-áirítear costas, infhaighteacht, éifeachtúlacht glanta agus an tionchar ar chóireáil fuíolluisce á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú críochnúil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Ina theannta sin, má mheasann an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe chríochnúil dá dtagraítear i mír 1, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an srian a chuirtear ar fhosfáití agus ar chomhdhúile eile fosfair arna n-úsáid i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, déanfaidh sé togra reachtach iomchuí a thíolacadh faoin 1 Iúil 2015. Ní mór é a bheith mar aidhm ag aon togra den sórt sin an tionchar diúltach ó na táirgí glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra go léir ar an gcomhshaol i gcoitinne a íoslaghdú, agus aird á tabhairt d’aon chostais eacnamaíocha mar a shainítear iad sa mheasúnú críochnúil sin. Mura rud é go gcinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a mhalairt, ar bhonn togra den sórt sin, faoin 31 Nollaig 2016, tiocfaidh an teorainnluach atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VIa chun bheith ina teorainn don chion fosfair i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra ón dáta atá leagtha amach sa phointe sin.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin bearta iomchuí a cheadaíonn d’údaráis inniúla na mBallstát cosc a chur ar ghlantaigh nó ar dhromchlaghníomhaithe le haghaigh glantach nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

Áireofar sna rialacha sin bearta lena gceadaítear d’údaráis inniúla na mBallstát coinsíneachtaí glantach nach gcomhlíonann an Rialachán seo a choinneáil.”;

(11)

déantar an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004;

(12)

leasaítear Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

(a)

i Roinn A, scriostar an téacs seo a leanas:

“Má bhunaíonn CECTNB teorainneacha tiúchana riosca-bhunaithe aonair le haghaidh na n-ailléirginí cumhráin ina dhiaidh sin, togróidh an Coimisiún go ndéanfar na teorainneacha sin a ghlacadh chun iad a chur in ionad na teorann 0,01 % a luaitear thuas. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B:

“B.   Lipéadú maidir le faisnéis dáileogachta

Mar a fhorordaítear in Airteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is forálacha maidir le lipéadú, i gcás pacáistíochta glantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne.

Glantaigh níocháin tomhaltóra

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistíocht na nglantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne agus atá beartaithe lena n-úsáid mar ghlantaigh níocháin:

na cainníochtaí molta agus/nó na treoracha dáileogachta arna sloinneadh i millilítir nó i ngraim atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin, i leith na leibhéal cruais uisce cruas bog, meánach agus crua agus treoracha do phróisis níocháin d’aon timthriall amháin nó de dhá thimthriall,

maidir le glantaigh tromshaothair, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘gnáthshalaithe’, agus, maidir le glantaigh d’fhabraicí fíneáilte, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘beagshalaithe’, ar féidir iad a ní le hinneachar an phacáiste agus úsáid á baint as uisce de chruas meánach, arb ionann é agus 2,5 mileamól CaCO3/l,

déanfar toilleadh aon chupáin tomhais, más ann dó, a léiriú i millilítir nó i ngraim, agus beidh marcáil air chun an dáileog de ghlantach atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin a léiriú i leith na leibhéal cruais uisce cruas bog, meánach agus crua.

Is iad na gnáthualaí meaisín níocháin ná 4,5 kg fabraic thirim do ghlantaigh thromshaothair agus 2,5 kg fabraic thirim do ghlantaigh saothair éadroim, i gcomhréir le sainmhínithe Chinneadh 1999/476/CE ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na Critéir Éiceolaíocha maidir le hÉicilipéad Comhphobail a bhronnadh ar Ghlantaigh Níocháin (6). Measfar go bhfuil glantach ina ghlantach tromsaothair mura rud é gurb é cúram na fabraice, i.e. níochán ar theocht íseal, fabraicí fíneáilte agus dathanna, a chuirtear chun cinn go príomha i maíomh an mhonaróra.

Glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistíocht na nglantach arna ndíol leis an bpobal i gcoitinne agus atá beartaithe lena n-úsáid mar ghlantaigh miasniteoirí uathoibríocha:

an gnáthdháileogacht arna sloinneadh i ngraim nó i ml nó i líon na dtaibléad le haghaidh an phríomhthimthrialla níocháin do threalamh boird gnáthshalaithe i miasniteoir de chóiriú ionaid dháréag atá líonta go hiomlán, agus na treoracha, i gcás inarb iomchuí, don chruas uisce cruas bog, meánach agus crua.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 71.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Feabhra 2012.

(3)  IO L 104, 8.4.2004, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.).

(5)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.”;

(6)  IO L 187, 20.7.1999, lch. 52. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2011/264/AE (IO L 111, 30.4.2011, lch. 34.).”.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VIa

TEORAINNEACHA AR CHION NA bhFOSFÁITÍ AGUS AR CHION NA gCOMHDHÚL EILE FOSFAIR

Glantach

Teorainneacha

An dáta óna mbeidh feidhm ag an teorainn

1.

Glantaigh níocháin tomhaltóra

Ní chuirfear ar an margadh iad más comhionann le 0,5 gram, nó os a chionn, an cion iomlán fosfair sa chainníocht mholta den ghlantach atá le húsáid i bpríomhthimthriall an phróisis níocháin do ghnáthualach meaisín níocháin mar a shainítear í i Roinn B d’Iarscríbhinn VII le haghaidh uisce ar crua a chruas uisce

le haghaidh fabraicí ‘gnáthshalaithe’ i gcás glantach tromshaothair,

le haghaidh fabraicí ‘beagshalaithe’ i gcás glantach le haghaidh fabraicí fíneáilte.

30 Meitheamh 2013

2.

Glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

Ní chuirfear ar an margadh iad más comhionann le 0,3 gram, nó os a chionn, an cion iomlán fosfair sa ghnáthdháileogacht mar a shainítear í i Roinn B d’Iarscríbhinn VII

1 Eanáir 2017”


30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/22


RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gá margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha in euro, gan aon idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann, ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chuige sin, is é is aidhm do thionscadal an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) comhsheirbhísí íocaíochta a fhorbairt don Aontas ar fad chun iad a chur in ionad na seirbhísí náisiúnta íocaíochta atá ann faoi láthair. De thoradh caighdeáin, rialacha agus cleachtais atá oscailte agus coiteann a thabhairt isteach le haghaidh íocaíochtaí, agus trí bhíthin próiseála comhtháite íocaíochta, ba cheart go ndéanfadh SEPA seirbhísí íocaíochta in euro atá slán, ar phraghas iomaíoch, soláimhsithe don úsáideoir agus iontaofa a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm aige seo i gcás íocaíochtaí SEPA, laistigh de theorainneacha náisiúnta agus trasna na dteorainneacha náisiúnta sin, faoi na bunchoinníollacha céanna agus i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí céanna, is cuma cén áit laistigh den Aontas a bhfuil siad lonnaithe. Ba cheart SEPA a chur i gcrích i slí a chumasaíonn rochtain ar iontrálaithe nua sa mhargadh agus ar fhorbairt táirgí nua agus a chruthaíonn dálaí atá fabhrach maidir le breis iomaíochta i seirbhísí íocaíochta agus maidir le nuálaíochtaí maidir le híocaíochtaí a fhorbairt gan bhac agus a chur chun feidhme go mear ar fud an Aontais. Dá dhroim sin, ba cheart go mbeadh brú síos ar phraghsanna ar sheirbhísí íocaíochta leictreonacha in euro ar bhonn “togha an chineáil” mar thoradh ar fheabhas ar bharainneachtaí scála, méadú ar éifeachtúlachtaí oibríochtúla agus neartú ar iomaíocht. Ba cheart go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag baint leis sin, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil íocaíochtaí sách costasach i gcomparáid le Ballstáit eile. Níor cheart go méadófaí praghsanna foriomlána d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta (“USIanna”) go ginearálta agus do thomhaltóirí go háirithe le linn an ascnaimh go SEPA. Seachas sin, sa chás gur tomhaltóir é an USI, ba cheart go spreagfaí an prionsabal nach ngearrfar muirir níos airde. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag faire ar fhorbairtí praghais san earnáil íocaíochta agus iarrtar air anailís bhliantúil de seo a chur ar fáil.

(2)

Tá sé ríthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de, go n-éireodh le SEPA. Luíonn SEPA go hiomlán le straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé d’aidhm aici geilleagar níos cliste a chruthú, ar geilleagar é ina dtiocfaidh rachmas de thoradh nuálaíochta agus de thoradh úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Rinne Parlaimint na hEorpa ina rún an 12 Márta 2009 (4) agus ina rún an 10 Márta 2010 (5) maidir le SEPA a chur chun feidhme, agus rinne an Chomhairle sna conclúidí a ghlac sí an 2 Nollaig 2009, béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hascnamh tapa chuig SEPA a bhaint amach.

(3)

Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (6), soláthraítear bunús dlí nua-aimseartha chun margadh inmheánach aonair d’íocaíochtaí a chruthú, dar buneilimint é SEPA.

(4)

Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal (7) do roinnt beart éascaithe le go n-éireodh le SEPA amhail prionsabal chomhionannas na muirear ar íocaíochtaí trasteorann a shíneadh go dochair dhíreacha agus inrochtaineacht do dhochair dhíreacha.

(5)

Níor leor na hiarrachtaí féinrialála a rinne an earnáil baincéireachta Eorpach trí thionscnamh SEPA chun dlús a chur le hascnamh comhbheartaithe chuig scéimeanna uile-Aontais le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon. Go háirithe, ní dhearnadh leasanna tomhaltóra agus leasanna eile a chur san áireamh i slí leordhóthanach agus thrédhearcach. Ba cheart go n-éisteofaí le guth gach geallsealbhóra lena mbaineann. Thairis sin, ní dhearnadh an próiseas féinrialála a chur faoi réir sásraí iomchuí rialachais, rud a d’fhéadfadh an glacadh mall a bhí leis ar thaobh an éilimh a mhíniú go páirteach. Cé gur dul chun cinn suntasach é do rialachas thionscadal SEPA Comhairle SEPA a bheith curtha ar bun le déanaí, tá gá fós leis go bhfanfadh an rialachas i lámha na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí (CEI) go bunúsach agus go foirmiúil. Ba cheart mar sin go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar shocruithe rialachais thionscadal SEPA ina iomláine roimh dheireadh 2012 agus, nuair is iomchuí, moladh a dhéanamh. Ba cheart go ndeánfadh an t-athbhreithniú sin scrúdú, inter alia, ar chomhdhéanamh CEI, ar an idirghníomhaíocht idir CEI agus an struchtúr uileghabhálach rialachais, amhail Comhairle SEPA, agus ról an struchtúir uileghabhálaigh sin.

(6)

Ní ghinfear na tairbhí iomlána a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe ach trí bhíthin ascnaimh thapa agus chuimsithigh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais, ionas go bhféadfar deireadh a chur leis na costais arda a bhaineann le táirgí “leagáide” agus táirgí SEPA a reáchtáil go comhuaineach. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun cur i gcrích gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus gach idirbheart dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas a chumhdach. Níor cheart, áfach, go mbeadh idirbhearta cárta cumhdaithe ag an gcéim seo, ós rud é go bhfuil comhchaighdeáin le haghaidh íocaíochtaí cárta san Aontas fós á bhforbairt. Níor cheart seoltáin airgid, íocaíochtaí arna bpróiseáil go hinmheánach, idirbhearta íocaíochta mórluacha, íocaíochtaí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta (SSIanna) dá gcuntas féin agus íocaíochtaí trí fhóin phóca nó trí aon mheán eile teileachumarsáide nó trí fheiste digiteach nó TF teacht laistigh de raon feidhme na rialacha sin ós rud é nach bhfuil na seirbhísí íocaíochta sin inchomparáide le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha. Ba cheart an t-idirbheart íocaíochta sin a áireamh, áfach, sa chás go n-úsáidtear cárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin nó go n-úsáidtear aon fheiste eile amhail teileafón soghluaiste mar mheán chun idirbheart íocaíochta a thosú ag an bpointe díolacháin nó go cianda, a mbeidh mar thoradh air aistriú creidmheasa nó dochar díreach go dtí cuntas agus ó chuntas íocaíochta a bheidh sainaitheanta leis an uimhir náisiúnta bhunúsach chuntas bhainc atá ann (BBAN) nó leis an uimhir idirnáisiúnta chuntas bhainc (IBAN). Ina theannta sin, de bharr shaintréithe na n-íocaíochtaí arna bpróiseáil trí chórais íocaíochta mhórluacha, eadhon an ardtosaíocht agus an phráinn a bhaineann leo, mar aon leis an mórluach atá iontu, ní iomchuí íocaíochtaí den sórt sin a chumhdach faoin Rialachán seo. Ba cheart nach gcuirfí san áireamh leis an eisiamh sin íocaíochtaí de dhochar díreach, ach amháin má iarrann an t-íocóir go mbeadh an íocaíocht treoraithe trí chóras íocaíochta mórluacha.

(7)

Tá roinnt ionstraimí íocaíochta ann faoi láthair, le haghaidh íocaíochtaí ar líne den chuid is mó, ar seirbhísí iad a úsáideann an IBAN agus an cód aitheantóra gnó (BIC) agus atá bunaithe ar aistrithe creidmheasa nó ar dhochair dhíreacha ach a bhfuil gnéithe breise ag baint leo. Meastar go bhfeidhmeoidh na seirbhísí sin thar na teorainneacha náisiúnta atá orthu faoi láthair agus d’fhéadfaidís éileamh na dtomhaltóirí ar seirbhísí íocaíochta atá nuálaíoch, sábháilte agus neamhchostasach a shásamh. Ionas nach ndéanfar seirbhísí den sórt sin a eisiamh ón margadh, níor cheart feidhm a bheith ag rialáil na ndátaí deiridh le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar dhíreach dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin ar an aistriú creidmheasa nó ar an dochar díreach atá mar bhunús leis na hidirbhearta sin.

(8)

I gcás fhormhór mór na n-idirbheart íocaíochta san Aontas, is féidir íocaíocht ar leith a shainaithint tríd an IBAN amháin a úsáid, gan an BIC a lua sa bhreis air sin. Agus an méid seo á chur in iúl, tá eolaire, bunachar sonraí nó meán eile teicniúil chun an BIC a aithint de réir IBAN ar leith bunaithe cheana ag mórán Ballstát. Níl an BIC ag teastáil ach amháin i líon beag breise de chásanna. Ceaptar nach bhfuil údar maith leis agus go mbainfeadh ualach rómhór leis go gcuirfí iachall ar íocóirí agus ar íocaithe ar fud an Aontais BIC a chur ar fáil i gcónaí mar aon leis an IBAN don líon beag sin cásanna ina bhfuil gá leis seo faoi láthair. Cur chuige i bhfad níos simplí a bheadh ann go ndéanfadh na SSIanna agus páirtithe eile na cásanna sin a réiteach agus go gcuirfidís deireadh leo sa chás nach féidir cuntas íocaíochta a shainaithint gan débhrí tríd an IBAN a thabhairt. Dá réir sin, ba cheart an meán teicniúil is gá a fhorbairt, chun a chumhachtú do gach úsáideoir cuntas íocaíochta a shainaithint gan débhrí tríd an IBAN amháin.

(9)

D’fhonn aistriú creidmheasa a dhéanamh, ní mór rochtain a bheith ar chuntas íocaíochta an íocaí. Dá bhrí sin, d’fhonn go n-áiritheofar go n-úsáidfaí seirbhísí aistrithe creidmheasa agus seirbhísí do dhochair dhíreacha uile-Aontais, ba cheart oibleagáid inrochtaineachta a bhunú ar fud an Aontais. Chun trédhearcacht a fheabhsú, is iomchuí freisin an oibleagáid sin agus an oibleagáid inrochtaineachta a bhaineann le dochair dhíreacha a bunaíodh cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a chomhdhlúthú in aon ghníomh amháin. Ba cheart go mbeadh gach cuntas íocaíochta íocaithe a bheidh inrochtana d’aistriú creidmheasa náisiúnta inrochtana trí scéim d’aistriú creidmheasa uile-Aontais. Ba cheart go mbeadh gach cuntas íocaíochta íocóra a bheidh inrochtana do dhochar díreach náisiúnta inrochtana trí scéim do dhochar díreach uile-Aontais. Ba cheart go beadh feidhm aige seo gan dochar do chinneadh SSI bheith rannpháirteach in aistriú creidmheasa nó i scéim dochair dhírigh ar leith.

(10)

Réamhriachtanas le haghaidh iomaíochta is ea idir-inoibritheacht theicniúil. Chun margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh córas íocaíochtaí leictreonacha in euro, tá sé bunriachtanach go mbeidh próiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach gan constaicí teicniúla ná rialacha gnó amhail go gcaithfí breis agus aon chóras amháin a leanúint chun íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. Ba cheart go ndéanfaí aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha faoi scéim, a gcloífidh SSIanna a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar fhormhór na SSIanna i bhformhór na mBallstát agus a dhéanann suas tromlach glan na SSIanna san Aontas le bunrialacha na scéime sin, agus a mbeidh na bunrialacha céanna i bhfeidhm inti le haghaidh idirbheart trasteorann agus idirbheart náisiúnta, ar idirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh iad. I gcás ina bhfuil breis agus córas íocaíochta amháin ann le haghaidh próiseáil íocaíochtaí den sórt sin, ba cheart na córais íocaíochta sin a bheith idir-inoibritheach trí chaighdeáin ar fud an Aontais agus go hidirnáisiúnta a úsáid ionas go bhféadfaidh gach USI agus gach SSI leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le híocaíochtaí miondíola euro gan uaim ar fud an Aontais.

(11)

I bhfianaise shaintréithe an mhargaidh ghnó, agus cé go gcaithfidh gach scéim d’aistriú creidmheasa nó de dhochar díreach ó ghnó go gnó nó scéim aistrithe creidmheasa cloí le gach foráil eile sa Rialachán seo, lena n-áirítear na rialacha céanna a bheith ann le haghaidh idirbheart trasteorann agus idirbheart náisiúnta, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an riachtanas go mbeadh rannpháirtithe a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar thromlach na SSIanna i bhformhór na mBallstát ach amháin sa mhéid agus go mba cheart go ndéanfadh SSIanna a bhfuil seirbhísí d’aistriú creidmheasa nó de dhochar díreach ó ghnó go gnó nó scéim aistrithe creidmheasa ionadaíocht ar thromlach na SSIanna i bhformhór na mBallstát nach bhfuil seirbhísí den sórt sin ar fáil iontu, agus gur cheart go ndéanfaidís suas tromlach na SSIanna a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil laistigh den Aontas.

(12)

Tá sé fíor-riachtanach ceanglais theicniúla a shainathaint, ar ceanglais iad a chinneann gan doiléire na gnéithe ar cheart a urramú i scéimeanna íocaíochta uile-Aontais atá le forbairt faoi shocruithe rialachais iomchuí d’fhonn idir-inoibritheacht idir córais íocaíochta a áirithiú. Níor cheart do cheanglais theicniúla den sórt sin srian a chur ar sholúbthacht agus ar nuálaíocht, ach ba cheart iad a bheith oscailte d’fhorbairtí nua agus d’fheabhsuithe nua a d’fhéadfadh a bheith ann i margadh na n-íocaíochtaí, agus neodrach ina dtaobh. Ba cheart riachtanais theicniúla a cheapadh agus saintréithe aistrithe creidmheasa agus dochar díreach á gcur san áireamh, go háirithe maidir leis na gnéithe sonraí atá sa teachtaireacht íocaíochta.

(13)

Tá sé tábhachtach bearta a ghlacadh chun muinín na SSIanna a mhéadú maidir le seirbhísí den sórt sin a úsáid, go háirithe i gcás dochar díreach. Ba cheart go gceadódh bearta den sórt sin d’íocóirí a iarraidh ar a SSIanna teorannú a dhéanamh ar bhailiú dochar díreach go méid áirithe nó go tréimhse áirithe agus liosta íocaithe dearfach nó diúltach a chur ar bun. Mar chuid de chreat bhunú scéimeanna dochar díreach ar fud an Aontais, is iomchuí gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as seiceálacha den sórt sin. Mar sin féin, ar mhaithe le cur chun feidhme praiticiúil sheiceálacha den sórt sin ar íocaithe, tá sé tábhachtach go mbeadh SSIanna ábalta seiceáil a dhéanamh ar bhonn an IBAN, agus, ar feadh idirthréimhse nuair is gá sin, an BIC, nó aon sainaitheantóir creidiúnaithe d’íocaithe sainaitheanta. Tá cearta ábhartha eile úsáideoirí curtha ar bun cheana i dTreoir 2007/64/CE agus ba cheart iad a áirithiú go hiomlán.

(14)

Bunchloch is ea caighdeánú teicniúil le haghaidh comhtháthú líonraí, amhail margadh íocaíochtaí an Aontais. Ba cheart é a bheith éigeantach caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid ó dháta áirithe le haghaidh gach idirbhirt ábhartha. I gcomhthéacs íocaíochtaí, is iad na caighdeáin éigeantacha sin an IBAN, an BIC, agus an caighdeán teachtaireachtaí seirbhísí airgeadais “ISO 20022 XML”. Riachtanas is ea é, dá bhrí sin, le haghaidh idir-inoibritheachta iomláine ar fud an Aontais go n-úsáidfeadh gach SSI na caighdeáin sin. Ba cheart, go háirithe, úsáid éigeantach IBAN agus BIC nuair is gá a chur chun cinn trí bhearta cuimsitheacha cumarsáide agus éascaithe sna Ballstáit chun ascnamh rianúil agus éasca chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais a cheadú, le haghaidh tomhaltóirí go háirithe. Ba cheart go mbeadh SSIanna in ann comhaontú, go déthaobhach nó go hiltaobhach, ar bhunleagan na gcarachtar Laidineach a leathnú chun tacú le héagsúlachtaí réigiúnacha i ngnáth-theachtaireachtaí SEPA.

(15)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach gníomhaí, agus go háirithe saoránaigh de chuid an Aontais, ar an eolas ceart, go tráthúil, ionas go mbeidh siad ullamh go hiomlán do na hathruithe a tugadh isteach le SEPA. Dá réir sin, ba cheart go ndéanfadh na príomhpháirtithe leasmhara, amhail SSIanna, riaracháin phoiblí agus bainc cheannais náisiúnta, mar aon le húsáideoirí troma íocaíochtaí rialta feachtais faisnéise sainiúla agus fairsinge a chur ar bun, a bheidh i gcomhréir leis an ngá a bheidh ann agus a bheidh oiriúnaithe dá bpobal mar is gá, d’fhonn feasacht phoiblí a ardú agus saoránaigh a ullmhú don ascnamh go SEPA. Go háirithe, tá gá le saoránaigh a chur ar an eolas i dtaobh aistriú ó na UNCBanna go dtí leas a bhaint as UICBanna. Tá ról níos oiriúnaí ag coiste náisiúnta comhordaithe SEPA chun feachtais faisnéise den sórt sin a chomhordú.

(16)

D’fhonn próiseas aistrithe comhaontaithe a cheadú ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus leis an tsimplíocht do thomhaltóirí, is iomchuí spriocdháta amháin a leagan síos don ascnamh faoinar cheart do gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh na ceanglais theicniúla sin a chomhlíonadh, ach an margadh a fhágáil ar oscailt i gcomhair tuilleadh forbartha agus nuálaíochta.

(17)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta, ar feadh idirthréimhse, SSIanna a cheadú chun a údarú do thomhaltóirí leanúint de bheith ag baint úsáide as BBAN d’idirbhearta íocaíochtaí náisiúnta ar an gcoinníoll go n-áireofar an inoibritheacht tríd an mBBAN a mhalartú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir sainchuntais íocaíochta de chuid an SSI lena mbaineann. Níor cheart go ndéanfadh an SSI muirir a ghearradh go díreach nó go hindíreach ná aon chostais eile a bhaineann leis an seirbhís sin a ghearradh.

(18)

Cé go bhfuil éagsúlacht ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le leibhéal forbartha sheirbhísí aistrithe creidmheasa agus dochar díreach, chuirfeadh spriocdháta comónta i ndeireadh tréimhse leordhóthanaí don chur chun feidhme, a cheadódh do gach próiseas is gá tarlú, le hascnamh comhordaithe, comhréireach agus lánpháirtithe go SEPA a bheith ann agus chabhródh sé go mór le bac a chur le SEPA ar dhá-luas, a chuirfeadh níos mó mearbhaill ar thomhaltóirí.

(19)

Ba cheart go mbeadh a ndóthain ama ag SSIanna agus ag USIanna chun dul in oiriúint do na riachtanais theicniúla. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh an tréimhse oiriúnaithe moill gan ghá ar na leasanna do thomhaltóirí ná go gcuirfí pionós ar iarrachtaí oibreoirí réamhghníomhacha atá tar éis bogadh i dtreo SEPA cheana féin. I gcás idirbhearta íocaíochta náisiúnta nó trasteorann, ba cheart go dtabharfadh na SSIanna na seirbhísí teicniúla is gá dá gcustaiméirí miondíola d’fhonn comhshó réidh agus slán a áirithiú go dtí na riachtanais theicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo.

(20)

Tá sé tábhachtach cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal íocaíochta maidir le múnlaí gnó do dhochair dhíreacha. Tá sé bunriachtanach táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh (TIIanna) ar dhochair dhíreacha a rialáil chun dálaí iomaíochta neodracha a chruthú idir SSIanna agus, ar an dóigh sin, ligean do mhargadh aonair forbairt le haghaidh dochar díreach. D’fhéadfadh na táillí sin le haghaidh idirbheart a dhéantar a dhiúltú, a eiteach, a aischur nó a fhreaschur toisc nach féidir iad a chur i gcrích nó a mbeidh próiseáil eisceachtúil mar thoradh orthu (dá ngairtear “R-idirbhearta”, áit is féidir go gciallaíonn “R”“diúltaíonn”, “eitíonn”, “aischuireann”, “freaschuireann”, “aisghairmeacha” agus “iarrtha go gcuirfí ar ceal”), cabhrú chun costais a leithdháileadh go héifeachtúil laistigh den mhargadh aonair. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go rachaidh sé chun tairbhe margaidh Eorpaigh éifeachtaigh i ndochar díreach cosc a chur ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt. Mar sin féin, ba cheart táillí R-idirbhearta a cheadú, ar chuntar go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Caithfaidh SSIanna faisnéis shoiléir agus intuigthe a thabhairt do thomhaltóirí ar tháillí do R-idirbhearta ar mhaithe le trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí. I ngach cás, tá na rialacha do R-idirbhearta gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil tréithe difriúla go ginearálta ag dochair dhíreacha agus íocaíochtaí cárta, go háirithe i dtéarmaí acmhainneacht ard íocaithe dreasachtaí a thabhairt d’íocóirí chun dochar díreach a úsáid trí chonradh a bheidh ann cheana idir an t-íocaí agus an t-íocóir, agus nach mbeidh conradh den sórt sin ann d’íocaíochtaí cárta agus gur imeacht ar leith agus neamhrialta é an t-idirbheart íocaíochta. Dá bhrí sin, tá na forálacha maidir le TIIanna do dhochair dhíreacha gan dochar don anailís faoi rialacha iomaíochais an Aontais maidir le TIIanna d’idirbhearta cárta íocaíochta. Ní chumhdaítear leis an toirmeasc faoin Rialachán seo seirbhísí breise roghnacha más rud é gur léir agus gur aonchiallach gur seirbhísí ar leith iad ó phríomhsheirbhísí dochar díreach agus más rud é go mbeidh SSIanna agus USIanna saor go hiomlán seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil nó a úsáid. Mar sin féin, tá siad fós faoi réir ag rialacha iomaíochais an Aontais agus náisiúnta.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an deis TII in aghaidh an idirbhirt a chur i bhfeidhm agus ba cheart coinníollacha ginearálta a leagan síos le haghaidh cur i bhfeidhm táillí idirmhalartaithe le haghaidh R-idirbheart.

(22)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí do R-idirbhearta ar fud an Aontais. Ba cheart go ndéanfaí comhtháthú de réir a chéile ar na táillí do R-idirbhearta d’fhonn agus nach mbeadh éagsúlacht eatarthu thar na Ballstáit go feadh méid a bhagródh ar an machaire réidh.

(23)

I roinnt Ballstát, tá seirbhísí íocaíochtaí leagáide áirithe ann, ar aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha iad ach a bhfuil feidhmiúlachtaí an-sonrach acu, ar chúiseanna staire nó dlí go minic. Bíonn méid idirbhearta seirbhísí den sórt sin imeallach de ghnáth. D’fhéadfaí seirbhísí den sórt sin a aicmiú mar tháirgí nideoige dá bhrí sin. Ba cheart go gcuideodh idirthréimhse le haghaidh táirgí nideoige den sórt sin, ar idirthréimhse í a bheadh fada go leor chun tionchar an ascnaimh ar USIanna a íoslaghdú, le dhá thaobh an mhargaidh díriú ar dtús ar ascnamh thromchuid na n-aistrithe creidmheasa agus na ndochar díreach, sa dóigh go bhféadfaí mórchuid na dtairbhí féideartha a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe san Aontas a fháil ní ba luaithe. I roinnt Ballstát, tá ionstraimí dochair dhírigh ann a bhfuil an dealramh orthu go bfhuil siad an-chosúil le hidirbhearta cárta íocaíochta sa mhéid agus go n-úsáideann an t-íocóir cárta ag an bpointe díolacháin chun an t-idirbheart íocaíochta a thosú ach is scéim dochair dhírigh an t-idirbheart íocaíochta bunúsach. In idirbhearta íocaíochta den sórt sin, úsáidtear an cárta do léamh amach amháin d’fhonn sainordú leictreonach a chumasú, a chaithfear a shíniú ar pháipéar ag an bpointe díolacháin. Cé nach féidir seirbhísí íocaíochta den sórt sin a aicmiú mar tháirge nideoige, tá gá le hidirthréimhse i ndáil le seirbhísí íocaíochta den sórt sin mar go bhfuil méid shubstainteach idirbheart i gceist. D’fhonn páirtithe leasmhara a chumasú malairt SEPA leordhóthanach a chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh fad leordhóthanach san idirthréimhse sin.

(24)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh d’íocaíochtaí, tá sé bunriachtanach a áirithiú go mbeidh íocóirí amhail tomhaltóirí, gnóthais nó údaráis phoiblí in ann aistrithe creidmheasa a chur chuig cuntais íocaíochta atá ag na híocaithe le SSIanna atá lonnaithe i mBallstáit eile agus a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(25)

D’fhonn go mbeadh trasdul réidh ann go SEPA, ba cheart go mbeadh údarú bailí íocaíochta chun dochair dhíreacha athfhillteacha a bhailiú in aon scéim leagáide fós bailí tar éis an spriocdháta ascnaimh a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart a mheas gurb ionann údarú den sórt sin agus toiliú go ndéanfadh SSI an íocóra na dochair dhíreacha a bheidh bailithe ag an íocaí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo, cheal dlí náisiúnta a bhaineann le bailíocht leantach an tsainordaithe nó chomhaontuithe tomhaltóra a athródh sainorduithe do dhochair dhíreacha chun go gceadófaí leanúint ar aghaidh leo. Mar sin féin, caithfear cearta tomhaltóirí a chosaint, agus más rud é go mbeidh cearta neamhchoinníollacha aisíocaíochta ag na sainorduithe do dhochair dhíreacha a bheidh ann cheana, ba cheart na cearta sin a choimeád ar bun.

(26)

Ba cheart é a thabhairt de chumhacht d’údaráis inniúla a ndualgais faireacháin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus na bearta uile is gá a ghlacadh lena n-áirítear gearáin a bhreithniú chun a áirithiú go gcomhlíonann SSIanna an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit deimhin de gur féidir gearáin i gcoinne SSIanna mar gheall ar gan an Rialachán seo a chomhlíonadh a chomhdú agus gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil trí mhodhanna riaracháin nó breithiúnacha. Chun go spreagfaí comhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhoibreodh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena chéile agus, nuair is iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus le bainc cheannais na mBallstát agus leis na húdaráis ábhartha inniúla eile, amhail an tÚdarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (ÚEB), a ainmnítear faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme ar SSIanna.

(27)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus a áirithiú go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus go gcuirtear i bhfeidhm iad. Níor cheart na pionóis sin a chur i bhfeidhm ar thomhaltóirí.

(28)

Chun a áirithiú gur féidir sásamh a thabhairt i gcás inar cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach mícheart, nó ina eascraíonn díospóidí idir USIanna agus SSIanna maidir le cearta agus oibleagáidí faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt a bhunú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta sin ach amháin i gcás tomhaltóirí nó i gcás tomhaltóirí agus micreafhiontair.

(29)

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ÚEB agus BCE. Ba cheart go mbeadh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

(30)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh na riachtanais theicniúla d’aistrithe creidmheasa agus do dhochair dhíreacha in euro suas chun dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Sa Dearbhú (Uimh. 39) maidir le hAirteagal 290 CFAE, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, thug an Chomhdháil dá haire go raibh sé i gceist ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle i gcónaí le saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí agus trédhearcach le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le BCE agus le gach geallsealbhóir ábhartha. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(31)

Ós rud é go mbeadh ar SSIanna a bheidh bunaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu obair ullmhúcháin speisialta a dhéanamh lasmuigh den mhargadh íocaíochta dá airgeadra náisiúnta, ba cheart a cheadú do na SSIanna sin cur i bhfeidhm na gceanglas teicniúil a chur siar ar feadh tréimhse áirithe. Ba cheart, áfach, go gcomhlíonfadh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu na riachtanais theicniúla chun fíor-limistéar Eorpach íocaíochta a chruthú, rud a threiseoidh an margadh inmheánach.

(32)

D’fhonn a chinntiú go mbeidh tacaíocht leathan do SEPA ann i measc an phobail, tá gá le hardleibhéal cosanta d’íocóirí, go háirithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha. Tugann an scéim pan-Eorpach do dhochair dhíreacha thomhaltóirí, an t-aon scéim atá ann faoi láthair, arna forbairt ag an CEI, ceart aisíocaíochta a bheidh “gan cheist agus gan choinníoll” i gcás íocaíochtaí údaraithe i rith na tréimhse ocht seachtaine ón dáta ar a ndéanfar na cistí sin a chur do dhochar, fad agus go mbeidh an ceart aisíocaíochta seo faoi roinnt coinníollacha faoi Airteagal 62 agus Airteagal 63 de Threoir 2007/64/CE. I bhfianaise staid an mhargaidh faoi láthair agus an gá atá le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeacht na bhforálacha sin sa tuarascáil a dhéanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 87 de Threoir 2007/64/CE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, lena mbeidh togra dá athbhreithniú, más iomchuí, tráth nach déanaí ná 1 Samhain 2012.

(33)

Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo a rialú le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9). Ba cheart go mbeadh an t-ascnamh go SEPA agus caighdeáin chomónta agus rialacha comónta a thabhairt isteach d’íocaíochtaí bunaithe ar chomhlíonadh an dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta íogaire a chosaint sna Ballstáit agus leasanna shaoránaigh an Aontais a choimiriciú.

(34)

Tá teachtaireachtaí airgeadais a bhaineann le híocaíochtaí agus le haistrithe in SEPA lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 28 Meitheamh 2010 maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (10).

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon riachtanais ghnó agus riachtanais theicniúla d’aistrithe creidmheasa agus do dhochair dhíreacha nua a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge nó a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

De bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009, cuirfidh na Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta de suas le EUR 50 000 atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar SSIanna i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí. Foinse mhór sonraí i dteannta foinsí eile ab ea bailiú staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe a tháinig chun cinn tar éis deireadh na rialuithe ar mharlairt eachtrach agus a bhfuil rannpháirt aici i staidreamh ar ardchaighdeán. Ó thosach na 1990í roghnaigh Ballstáit áirithe brath níos mó ar fhaisnéis a bheidh tuairiscthe go díreach ag cuideachtaí agus teaghlaigh seachas ar shonraí a bheidh tuairiscthe tríd na bainc ar son a gcustaiméirí. Cé gur réiteach é tuairisciú a bheidh bunaithe ar shocraíocht a laghdaíonn, i dtéarmaí na sochaí ina hiomláine, costas tiomsaithe chomhardú na n-íocaíochtaí agus, ag an am céanna, staidreamh ar chaighdeán maith a áirithiú i ndianthéarmaí íocaíochtaí trasteorann, d’fhéadfadh tuairisciú den sórt sin a choimeád ar bun i mBallstáit áirithe an éifeachtúlacht a laghdú agus na costais a ardú. Ós rud é costas íocaíochtaí trasteorann a laghdú mar cheann d’aidhmeanna SEPA, ba cheart deireadh iomlán a chur le tuairsiciú ar chomhardú íocaíochtaí a bheidh bunaithe ar shocruithe.

(37)

Chun an chinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú is iomchuí na spriocdhátaí maidir le táillí idirmhalartaithe atá leagtha amach in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a ailíniú leis na forálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(38)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse íocaíochta agus go bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra lonnaithe san Aontas, nó i gcás ina mbeidh an t-aon soláthraí seirbhíse íocaíochta (SSI) lena mbaineann an t-idirbheart íocaíochta lonnaithe san Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh idir agus laistigh de SSIanna, lena n-áirítear a ghníomhaithe nó brainsí, ar a gcuntas féin;

(b)

idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chórais íocaíochta mórluacha, amach ó idirbhearta íocaíochta do dhochair dhíreacha nach mbeidh sé iarrtha ag an íocóir go mbeadh siad treoraithe trí chóras íocaíochta ardluacha;

(c)

idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta nó feiste comhchosúil, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim, ach amháin má úsáidtear an cárta íocaíochta nó an feiste comhchosúil chun faisnéis a bheidh riachtanach a ghiniúint chun aistriú creidmheasa nó dochar díreach a dhéanamh chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó le IBAN, agus ó na cuntas sin;

(d)

idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN agus ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh ar idirbhearta íocaíochta den sórt sin;

(e)

idirbhearta seoltán airgid mar a ndéantar sainmhíniú orthu in Airteagal 4(13) de Threoir 2007/64/CE;

(f)

idirbhearta íocaíochta lena n-aistrítear airgead leictreonach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air (11), ach amháin más aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air.

3.   I gcás ina mbeidh scéimeanna íocaíochta bunaithe ar idirbhearta íocaíochta trí aistrithe creidmheasa nó trí dhochair dhíreacha, ach má tá gnéithe nó seirbhísí breise roghnacha ag baint leo, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach ar na haistrithe creidmheasa nó na dochair dhíreacha atá mar bhunús leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aistriú creidmheasa” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra ó SHSI ar leis cuntas íocaíochta an íocóra, ar bhonn treorach ón íocóir;

(2)

ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocóra a chur chun dochair, ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn thoiliú an íocóra;

(3)

ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta íocóra ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta do chuntas íocaíochta íocóra;

(4)

ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar leis cuntas íocaíochta agus a bheartaítear mar fhaighteoir cistí is ábhar d’idirbheart íocaíochta;

(5)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas atá sealbhaithe in ainm úsáideora seirbhíse íocaíochta amháin nó níos mó a úsáidtear chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh;

(6)

ciallaíonn “córas íocaíochta” córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach nó socrú idirbheart íocaíochta;

(7)

ciallaíonn “scéim íocaíochta” sraith aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte chur chun feidhm arna gcomhaontú idir SSIanna chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit, agus ar sraith í atá ar leithligh ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime;

(8)

ciallaíonn “SSI” soláthraí seirbhíse íocaíochta faoi aon cheann de chatagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2007/64/CE, ach déanann sé na comhlachtaí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (12) agus a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE;

(9)

ciallaíonn “USI” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí;

(10)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena n-aistrítear cistí idir cuntas íocaíochta san Aontas, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

(11)

ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá SSI ag iarraidh go ndéanfaí idirbheart íocaíochta;

(12)

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí ar dhochair dhíreacha;

(13)

ciallaíonn “TII” táille idirmhalartaithe iltaobhaigh atá faoi réir ag socrú idir níos mó ná dhá SSIanna;

(14)

ciallaíonn “BBAN” aitheantóir uimhreach cuntais bhainc íocaíochta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le SSI i mBallstát agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh idirbheart náisiúnta íocaíochta agus go bhfuil an cuntas íocaíochta sin sainaitheanta le IBAN d’idirbhearta trasteorann íocaíochta;

(15)

ciallaíonn “IBAN” aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta uathúil i mBallstát, a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(16)

ciallaíonn “BIC” cód aitheantóra gnó lena sainaithnítear gan débhrí SSI, a bhfuil a eilimintí sainithe ag an ISO;

(17)

ciallaíonn “caighdeán ISO 20022 XML” caighdeán le haghaidh forbairt teachtaireachtaí airgeadais leictreonacha mar atá sainmhínithe ag ISO, lena gcuimsítear léiriú fisiciúil na n-idirbheart íocaíochta i gcomhréir XML, i gcomhréir le rialacha gnó agus treoirlínte cur chun feidhme scéimeanna uile-Aontais le haghaidh idirbheart íocaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta mórluach” córas íocaíochta arb é a bpríomhaidhm idirbhearta íocaíochta aonair ar ardtosaíocht agus ardphráinn, agus ar luach mór go príomha, a phróiseáil, a ghlanadh nó a íoc;

(19)

ciallaíonn “dáta socraíochta” dáta ar a ndéantar na hoibleagáidí maidir le haistriú cistí a urscaoileadh idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí;

(20)

ciallaíonn “bailiú” cuid d’idirbheart dochair dhírigh a thosaíonn óna thionscnamh ag an íocaí go dtí a dheireadh tríd an ngnáthdhochar ó chuntas íocaíochta an íocóra;

(21)

ciallaíonn “sainordú” comhthoil nó údarú a thugann an t-íocóir don íocaí (go díreach nó go hindíreach tríd an íocaí) do SSI an íocóra chun a cheadú don íocaí bailiú a thionscnamh do dhochar ó chuntas íocaíochta sainithe an íocóra agus a cheadú do SSI an íocóra cloí le treoracha den sórt sin;

(22)

ciallaíonn “córas íocaíochta miondíola” córas íocaíochta arb é a phríomhchuspóir aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha a phróiseáil, a ghlanadh nó a shocrú, a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir agus ar luach beag íseal go príomha iad ar thosaíocht íseal, agus nach córas íocaíocht mórluacha é sin;

(23)

ciallaíonn “micreafhiontar” fiontar ar fiontar é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13);

(24)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha eile seachas críocha trádála, gnó nó gairme i gconarthaí seirbhíse íocaíochta;

(25)

ciallaíonn “R-idirbheart” idirbheart íocaíochta nach féidir le SSI a chur i gcrích i gceart nó a bhfuil próiseáil eisceachtúil mar thoradh air, inter alia toisc easpa cistí, cúlghairm, luach nó dáta mícheart, easpa sainordaithe nó cuntas mícheart nó dúnta;

(26)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta trasteorann” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla;

(27)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta náisiúnta” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(28)

ciallaíonn “páirtí tagartha” duine nádúrtha nó duine dlíthiúil ar thar a cheann a dhéanann íocóir íocaíocht nó go bhfaigheann íocaí íocaíocht.

Airteagal 3

Inrochtaineacht

1.   Beidh SSI de chuid íocaithe atá inrochtana d’aistriú creidmheasa náisiúnta faoi scéim íocaíochta, i gcomhréir le rialacha scéim íocaíochta uile-Aontais, d’aistrithe creidmheasa arna thionscnamh ag íocóir trí SSI lonnaithe in aon Bhallstát.

2.   Beidh SSI de chuid íocóra atá inrochtana do dhochar díreach náisiúnta faoi scéim íocaíochta, i gcomhréir leis na rialacha de scéim íocaíochta uile-Aontais, do dhochair dhíreacha arna dtionscnamh ag íocóir trí SSI lonnaithe in aon Bhallstát.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ar fáil do chustaiméirí faoin scéim íocaíochta.

Airteagal 4

Idir-inoibritheacht

1.   Déanfaidh scéimeanna íocaíochta a bheidh le húsáid ag SSIanna chun críocha aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a dhéanamh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gurb ionann a rialacha d’aistrithe náisiúnta agus trasteorann creidmheasa laistigh den Aontas agus, gurb amhlaidh do dhochair dhíreacha náisiúnta agus trasteorann laistigh den Aontas; agus

(b)

gurb ionann na rannpháirtithe sa scéim íocaíochta agus formhór SSIanna i bhformhór na mBallstát, agus go ndéanann siad suas tromlach na SSIanna laistigh den Aontas, agus SSIanna a dhéanann aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha faoi seach agus iad sin amháin á gcur san áireamh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, sa chás nach tomhaltóir an t-íocóir ná an t-íocaí, ní dhéanfar ach na Ballstáit ina ndeánfaidh SSIanna seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil agus na SSIanna sin amháin a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil a chur san áireamh.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir nó, sa chás nach mbeidh oibreoir foirmeáilte ann, déanfaidh rannpháirtithe an chórais íocaíochta miondíola laistigh den Aontas deimhin de go bhfuil a gcóras íocaíochta idir-inoibritheach go teicniúil le seirbhísí eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas trí bhíthin caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní dhéanfaidh siad rialacha gnó a ghlacadh a chuirfidh srian leis an idir-inoibritheacht le córais eile íocaíochta miondíola laistigh den Aontas. Ní bheidh iachall ar sheirbhísí íocaíochta a bheidh ainmnithe faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (14) idir-inoibritheacht theicniúil a áirithiú le córais eile íocaíochta a bheidh ainmnithe faoin Treoir chéanna.

3.   Ní chuirfidh constaicí teicniúla isteach ar phróiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach.

4.   Féadfaidh úinéir na scéime íocaíochta nó, i gcás nach mbeidh úinéir foirmeálta scéime íocaíochta ann, príomh-rannpháirtí an chórais nua íocaíochta miondíola iontrála a bhfuil rannpháirtithe aige in ocht mBallstát ar a laghad iarratas a chur isteach go dtí údaráis inniúla sna Ballstáit ina mbeidh úinéir na scéime íocaíochta nó an príomh-rannpháirtí lonnaithe do mhaolú sealadach ó ná coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1. Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit eile ina bhfuil rannpháirtí ag an gcóras nua íocaíochta iontrála, leis an gCoimisiún agus leis an BCE, féadfaidh na húdaráis inniúla sin maolú den sórt sin a dheonú do thrí bliana ar a mhéid. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin a gcinneadh a bhunú ar fhéidearthacht na scéime íocaíochta nua iontrála scéim íocaíochta pan-Eorpach lánfheidhme a fhorbairt agus ar a rannpháirtíocht i leith iomaíochas a fhorbairt nó nuálaíocht a chur chun cinn.

5.   Cé is moite de sheirbhísí íocaíochta a bhaineann leas as tarscaoileadh faoi Airteagal 16(4), beidh éifeacht ag an Airteagal seo faoin 1 Feabhra 2014.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha

1.   Déanfaidh SSIanna aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní mór dóibh aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn chun cuntais íocaíochta a aithint gan féachaint do láthair na SSIanna lena mbaineann;

(b)

ní mór dóibh úsáid a bhaint as formáidí teachtaireachta i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn, agus idirbhearta íocaíochta á dtarchur chuig SSI eile le córas íocaíochta miondíola;

(c)

ní mór dóibh a áirithiú go n-úsáideann USIanna aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn le haghaidh cuntas íocaíochta a aithint, cibé an bhfuil SSI an íocóra agus SSI an íocaí araon nó an t-aon SSI amháin san idirbheart íocaíochta atá suite sa Bhallstát céanna nó nach bhfuil;

(d)

ní mór dóibh a áirithiú sa chás nach tomhaltóir nó micreathionscadal é an USI a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa aonair nó dochair dhírigh aonair nach dtarchuirtear go haonair, ach a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir, go mbaintear úsáid as formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn.

Gan dochar do phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na SSIanna, ar iarraidh shonrach USI, na formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn a úsáid maidir leis an USI sin.

2.   Déanfaidh na SSIanna aistrithe creidmheasa i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:

(a)

ní mór do SSI an íocóra a áirithiú go gcuireann an t-íocóir na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(a) den Iarscríbhinn;

(b)

ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocaí;

(c)

ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(d) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocaí.

3.   Déanfaidh na SSIanna dochair dhírigh i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:

(a)

ní mór do SSI an íocóra a áirithiú:

(i)

go gcuireann an t-íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(a) den Iarscríbhinn leis an gcéad dhochar díreach agus le dochar díreach aonuaire agus le gach idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin;

(ii)

go dtugann an t-íocaí cead do SSI an íocaí agus an íocóra (go díreach nó go hindíreach leis an íocaí), déanfaidh an t-íocaí nó tríú páirtí thar ceann an íocaí na sainorduithe, maraon le modhnuithe níos deireanaí nó cealú, a stóráil agus déanfaidh an SSI an t-íocaí a chur ar an eolas maidir leis an oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE;

(b)

ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocóra;

(c)

ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(c) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocóir;

(d)

caithfidh sé a bheith de cheart ag an íocóir ordú dá SSI:

(i)

bailiú dochair dhírigh a theorannú chuig méid áirithe nó tréimhsiúlacht nó chucu iad araon;

(ii)

i gcás nach bhforálann sainordú faoi scéim íocaíochta an ceart chun aisíocaíochta, d’fhonn gach idirbheart dochair dhírigh a fhíorú, agus d’fhonn a sheiceáil arb ionann méid agus tréimhsiúlacht an idirbhirt dochair dhírigh agus méid agus tréimhsiúlacht atá aontaithe sa sainordú, sula gcuirfear chun dochair dá gcuntas íocaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an sainordú;

(iii)

d’fhonn aon dochair dhíreacha chuig cuntas íocaíochta an íocóra a bhlocáil nó d’fhonn aon dochair dhíreacha a thionscnaigh ceann amháin nó níos mó de na híocaithe sonracha nó chun dochair dhírigh a údarú nár tionscnaíodh ach ag ceann amháin de na híocaithe sonracha.

I gcás nach íocóir ná íocaí é an tomhaltóir, ní cheanglófar ar na SSIanna pointe (d)(i), (ii) ná (iii) a chomhlíonadh.

Cuirfidh SSI an íocóra an t-íocóir ar an eolas maidir leis na cearta dá dtagraítear i bpointe (d) i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE.

Ar an gcéad idirbheart dochair dhírigh nó ar idirbheart dochair dhírigh aonuaire agus ar idirbheart dochair dhírigh ina dhiaidh sin, tarchuirfidh an t-íocaí an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig a SSI nó tarchuirfidh SSI an íocóra an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig SSI an íocóra le gach idirbheart dochair dhírigh.

4.   Mar aon leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-íocaí a ghlacann idirbhearta creidmheasa a aitheantóir cuntais íocaíochta in iúl atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn agus, go dtí an 1 Feabhra 2014 le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus go dtí an 1 Feabhra 2016 le haghaidh idirbheart íocaíochta trasteorainn, ach i gcás inar gá, BIC an SSI dá íocóirí, nuair a iarrtar aistriú creidmheasa.

5.   Roimh an gcéad idirbheart dochair dhírigh, déanfaidh íocóir a aitheantóir cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a chur in iúl. Déanfaidh an t-íocóir BIC SSI an íocóra a chur in iúl go dtí an 1 Feabhra 2014 le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus go dtí an 1 Feabhra 2016 le haghaidh idirbheart íocaíochta trasteorainn, ach i gcás inar gá agus sa chás sin amháin.

6.   I gcás nach bhforálann an creatchomhaontú idir an t-íocóir agus SSI an íocóra don cheart maidir le haisíocaíocht, déanfaidh SSI an íocóra, gan dochar do mhír (3)(a)(ii), gach idirbheart dochair dhírigh a fhíorú chun a sheiceáil arb ionann méid an idirbhirt dochair dhírigh a tíolacadh agus an méid a comhaontaíodh sa sainordú sula gcuirfear chun dochair cuntas íocaíochta an íocóra, bunaithe ar fhaisnéis atá bainteach le sainordú.

7.   I ndiaidh an 1 Feabhra 2014, ní bheidh USIanna ag teastáil le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta agus i ndiaidh an 1 Feabhra 2016 le haghaidh SSIanna idirbhearta íocaíochta trasteorann chun BIC SSI íocóra nó SSI an íocaí a léiriú.

8.   Ní ghearrfaidh SSI an íocóra ná SSI an íocaí muirir bhreise ná táillí eile ar an bpróiseas léamh-amach chun sainordú a ghiniúint go huathoibríoch le haghaidh na n-idirbheart íocaíochta sin a tionscnaíodh trí nó trí mheán cárta íocaíochta ag an díolphointe, lena ndéantar dochar díreach.

Airteagal 6

Dátaí deiridh

1.   Faoin 1 Feabhra 2014, déanfar aistrithe creidmheasa a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (2) agus (4) agus i bpointe 1 agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

2.   Faoin 1 Feabhra 2014, déanfar dochair dhíreacha a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3) agus leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (3), (5), (6) agus (8) agus i bpointe 1 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

3.   Gan dochar d’Airteagal 3, déanfar dochair dhíreacha a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8(1) ón 1 Feabhra 2017 le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta agus faoin 1 Samhain 2012 le haghaidh íocaíochtaí trasteorann.

4.   Maidir le hidirbhearta náisiúnta íocaíochta Ballstáit nó, le formheas an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh SSIanna Ballstáit, tar éis dó ullmhacht agus réidhe a saoránach a chur san áireamh agus a mheasúnú, dátaí níos luaithe a shocrú dóibh siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 7

Bailíocht sainorduithe agus an ceart chun aisíocaíochta

1.   Leanfaidh aon údarú íocaithe bailí chun dochair dhírigh athfhillteacha a bhailiú i scéim íocaíochta leagáide roimh an 1 Feabhra 2014 de bheith bailí i ndiaidh an dáta sin agus measfar gurb ionann é agus toiliú go ndéanfaidh SSI an íocóra na dochair dhíreacha athfhillteacha a bhailigh an t-íocóir sin a fheidhmiú i gcomhlíonadh an Rialacháin seo d’uireasa aon dlí náisiúnta nó comhaontuithe custaiméirí a choinníonn bailíocht na sainorduithe dochair dhírigh.

2.   Ceadófar leis na sainorduithe dá dtagraítear dóibh i mír 1 aisíocaíochtaí neamhchoinníollacha agus aisíocaíochtaí siardhátaithe chuig dáta na híocaíochta siardhátaithe i gcás foráil a bheith déanta d’aisíocaíochtaí den sórt sin faoi chreat an tsainordaithe atá ann cheana féin.

Airteagal 8

Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha

1.   Gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm maidir le hidirbhearta dochair dhírigh ag aon TII in aghaidh an idirbhirt dochair dhírigh ná ag comhaontú eile luacha saothair ag a bhfuil cuspóir nó éifeacht atá coibhéiseach.

2.   I gcás R-idirbhearta féadfar TII a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

dírítear leis an socrú ar chostais a leithdháileadh go héifeachtúil chuig an SSI, nó chuig an USI, is cúis leis an R-idirbheart, de réir mar is iomchuí, agus é á chur san áireamh go bhfuil costais idirbhirt ann agus áirithítear nach muirearaítear an t-íocóir go huathoibríoch agus beidh an SSI faoi thoirmeasc USIanna a mhuirearú i leith táillí áirithe R-idirbhearta a sháraíonn an costas a bhíonn ar an SSI i gcomhair idirbhearta den sórt sin;

(b)

tá na táillí bunaithe ar chostas, agus air sin amháin;

(c)

ní sháraíonn leibhéal na dtáillí an costas iarbhír a bheidh ar R-idirbheart a láimhseáil ag an SSI inchomparáide is costas-éifeachtúla a bhfuil costas orthu de dhroim R-idirbhirt, ar páirtí ionadaíoch é don socrú i dtéarmaí mhéid na n-idirbheart agus chineál na seirbhísí;

(d)

de bharr chur i bhfeidhm na dtáillí i gcomhréir le fomhír (a), le fomhír (b) agus le fomhír (c), cuirtear cosc ar SSI ó tháillí breise mhuirearú, a bhaineann leis na costais a chumhdaíonn na táillí idirmhalartaithe sin, a ghearradh ar a USIanna faoi seach;

(e)

níl aon rogha mhalartach ann atá praiticiúil agus inmharthanach go heacnamaíoch ar an socrú, ar rogha mhalartach í trína láimhseálfaí R-idirbhearta ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna nó ní b’éifeachtúla agus ar an gcostas céanna nó ní b’ísle do thomhaltóirí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfar ach catagóirí costais atá ábhartha go díreach agus gan aon éideimhne maidir le láimhseáil R-idirbheart a mheas agus táillí an R-idirbhirt á ríomh. Cinnfear na costais sin go cruinn. Beidh miondealú mhéid na gcostas, lena n-áirítear a chomhpháirteanna ar fad a shainaithint ar bhonn leithligh, mar chuid den socrú chun fíorú agus monatóireacht éasca a cheadú.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le socruithe aontaobhacha a dhéanann SSI agus maidir le socruithe déthabhaobhacha idir SSIanna a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le cuspóir nó éifeacht socrú iltaobhach.

Airteagal 9

Inrochtaineacht íocaíochta

1.   Ní dhéanfaidh íocóir a dhéanann aistriú creidmheasa chuig íocaí a bhfuil cuntas íocaíochta acu atá lonnaithe laistigh den Aontas an Ballstát a shonrú ina lonnófar an cuntas íocaíochta ar choinníoll go bhfuil fáil ar an gcuntas íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3.

2.   Ní dhéanfaidh íocaí a dhéanann aistriú creidmheasa nó a úsáideann dochar díreach chun cistí a bhailiú ó íocóir a bhfuil cuntas íocaíochta aige atá lonnaithe laistigh den Aontas an Ballstát a shonrú ina bhfuil an cuntas íocaíochta le bheith lonnaithe ar choinníoll go bhfuil fáil ar an gcuntas íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh Ballstáit údaráis phoiblí, comhlachtaí atá aitheanta sa dlí náisiúnta nó údaráis phoiblí a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht sin dóibh go sainráiteach, lena n-áirítear bainc cheannais náisiúnta, a ainmniú mar údaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla atá ainmnithe faoi mhír 1 faoin 1 Feabhra 2013. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta) (ÚEB), gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

3.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh breis is údarás inniúil amháin ar a gcríoch le haghaidh ábhar a gcumhdaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh Ballstáit go n-oibreoidh na húdarais sin i ndlúthchomhar ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhall go héifeachtach.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla monatóireacht éifeachtach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag SSIanna agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Comhoibreoidh siad le chéile i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2007/64/CE agus le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 11

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Feabhra 2013, na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 1 Lúnasa 2013 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní chuirfear na pionóis dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar thomhaltóirí.

Airteagal 12

Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir USIanna agus SSIanna. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú nó i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad comhlachtaí nua a bhunú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin 1 Feabhra 2013. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh an tAirteagal seo infeidhme i gcás SSIanna ar tomhaltóirí iad nó i gcas iad siúd ar tomhaltóirí nó micreafhiontair iad agus sna cásanna sin amháin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na húdaráis inniúla sin faoin 1 Lúnasa 2013.

Airteagal 13

Cumhachtaí a tharmligean

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d’fhonn an Iarscríbhinn a leasú chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí margaidh a chur san áireamh.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 31 Márta 2012. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ón uair a tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Faoin 1 Feabhra 2017, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus faoi bhráid BCE agus ÚEB lena ngabhfaidh togra, más iomchuí.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochtaí náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chumasaíonn do USIanna ar tomhaltóirí iad de leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar an gcoinníoll go n-áirithítear idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go daingean isteach san aitheantóir cuntais íocaíochta faoi seach atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Seachadfar an t-aitheantóir an cuntas íocaíochta sin don USI tionscantach, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir bhreise ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.

2.   Déanfaidh SSIanna a thairgíonn seirbhísí íocaíochta atá ainmnithe in euro agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 3 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016 agus seirbhísí íocaíochta á dtairiscint acu atá ainmnithe in euro. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, comhlíonfaidh SSI atá lonnaithe sa Bhallstát sin Airteagal 3 laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann i limistéar an euro.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh sa Bhallstát sin go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta aistrithe creidmheasa nó dochair dhírigh sin ag a bhfuil sciar charnach den mhargadh, bunaithe ar an staidreamh íocaíochta oifigiúil a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach go bliantúil, ar lú ná 10 % é den líon iomlán d’idirbhearta aistrithe creidmheasa nó d’idirbhearta dochair dhírigh faoi seach.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta íocaíochta sin a ghintear trí chárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin agus a bhfuil dochar díreach ó chuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN de thoradh orthu.

5.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2) féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údaráis inniúla, go dtí an 1 Feabhra 2016, roinnt de na ceanglais shonracha a tharscaoileadh chun na formáidí teachtaireachta a úsáid atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) le haghaidh USIanna a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa indibhidiúla nó dochair dhírigh indibhidiúla a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir. In ainneoin tarscaoileadh a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh SSIanna na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) a chomhlíonadh más rud é go n-iarrann USI seirbhís den sórt sin.

6.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit na ceanglais a bhaineann le foráil BIC le haghaidh idirbheart íocaíochtaí náisiúnta in Airteagal 5(4), (5) agus (7) a chur siar go dtí an 1 Feabhra 2016.

7.   Más rud é go mbeartaíonn Ballstát úsáid a bhaint as maolú dá bhforáiltear i mír 1, 3, 4, 5 nó 6, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún dá réir sin faoin 1 Feabhra 2013, agus ceadóidh sé dá údarás inniúil ina dhiaidh sin, de réir mar is iomchuí, roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 5, in Airteagal 6(1) nó (2) agus san Iarscríbhinn, le haghaidh na hidirbhearta ábhartha íocaíochta dá dtagraítear sna míreanna agus sna fomhíreanna faoi seach agus go ceann tréimhse nach faide ná tréimhse an mhaolaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na hidirbhearta íocaíochta atá faoi réir an mhaolaithe agus maidir le haon athrú ina dhiaidh sin.

8.   Déanfaidh SSIanna atá suite, agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh oibreoirí córais eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 4(2) a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016.

Más rud é, áfach, go dtugtar isteach an euro mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, déanfaidh SSIanna nó i gcás inarb ábhartha, oibreoirí córas eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe sa Bhallstát agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta, sa Bhallstát sin na forálacha faoi seach a chomhlíonadh laistigh de bhliain amháin den dáta ar tháinig an Ballstát isteach sa limistéar euro, ach tráth nach luaithe ná na dátaí faoi seach atá sonraithe do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 31 Márta 2012.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

“10.

ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air (15).

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.”;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) maidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht trasteorann a dhéanamh gan IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (16), an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.

(4)

in Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le héifeacht ón 1 Feabhra 2016, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(b)

i mír 2, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(c)

i mír 3, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;

(6)

scriostar Airteagal 8.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 155, 25.5.2011, lch. 1.

(2)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 74.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2012.

(4)  IO C 87 E, 1.4.2010, lch. 166.

(5)  IO C 349 E, 22.12.2010, lch. 43.

(6)  IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

(7)  IO L 266, 9.10.2009, lch. 11.

(8)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(10)  IO L 195, 27.7.2010, lch. 5.

(11)  IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

(12)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(13)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(14)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(15)  IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.”;

(16)  IO L 94, 30.3.2012, lch. 22.”;


IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5)

(1)

I dteannta na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Airteagal 5, beidh na ceanglais theicniúla seo a leanas infheidhme maidir le haistrithe creidmheasa agus le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a)

Is é IBAN an t-aitheantóir cuntais íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (c).

(b)

Is é an caighdeán ISO 20022 XML an caighdeán don fhormáid teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (d).

(c)

Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Féadfaidh scéimeanna íocaíochta spás a thabhairt le haghaidh líon níos mó carachtar, seachas má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin tá feidhm ag an teorainn theicniúil sin.

(d)

Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (2) agus pointe (3) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir SSIanna sa slabhra íocaíochta.

(e)

Nuair a bheidh na sonraí is gá ar fáil i bhfoirm leictreonach, déanfaidh idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.

(f)

Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ach ní cheanglaítear orthu idirbhearta íocaíochta a phróiseáil le méid nialasach.

(g)

Ní chuirtear oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe creidmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích.

(2)

I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa:

(a)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a):

(i)

ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(ii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(iv)

ainm an íocaí, i gcás go mbeidh sé ar fáil;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin.

(b)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b):

(i)

ainm an íocóra;

(ii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;

(iii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iv)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi)

aon chód aitheantais íocaithe;

(vii)

ainm aon pháirtí tagartha de chuid an íocaí;

(viii)

aon chuspóir de chuid an aistrithe creidmheasa;

(ix)

catagóir aon chuspóra de chuid an aistrithe creidmheasa.

(c)

Ina theannta sin, tabharfaidh SSI an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do SSI an íocaí:

(i)

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii)

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii)

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(iv)

dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa;

(v)

uimhir thagartha SSI an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.

(d)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c):

(i)

ainm an íocóra;

(ii)

méid an aistrithe creidmheasa;

(iii)

aon fhaisnéis seoltáin.

(3)

I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh:

(a)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)(i):

(i)

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(ii)

ainm an íocaí;

(iii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(iv)

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(v)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(vi)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(vii)

i gcás do dtabharfar sainordú an íocóra tar éis an 31 Márta 2012, an dáta ar a síníodh é;

(viii)

an méid a bhaileofar;

(ix)

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(x)

aitheantóir an íocaí;

(xi)

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, i gcás ina bhfuil an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;

(xii)

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir;

(xiii)

aon chuspóir de chuid an bhailithe;

(xiv)

aon chatagóir de chuid chuspóir an bhailithe.

(b)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b):

(i)

BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(ii)

BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);

(iii)

ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(iv)

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(v)

ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe);

(vi)

cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);

(vii)

cód aitheantais na scéime íocaíochta;

(viii)

dáta socraíochta an bhailithe;

(ix)

tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe;

(x)

an cineál sainordaithe;

(xi)

an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);

(xii)

ainm an íocaí;

(xiii)

IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;

(xiv)

más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;

(xv)

IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;

(xvi)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(xvii)

dáta sínithe an tsainordaithe má thugann an t-íocóir sainordú tar éis an 31 Márta 2012;

(xviii)

an méid a bhaileofar;

(xix)

tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xx)

aitheantóir an íocaí;

(xxi)

aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);

(xxii)

aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir.

(c)

Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(c):

(i)

tagairt uathúil an tsainordaithe;

(ii)

aitheantóir an íocaí;

(iii)

ainm an íocaí;

(iv)

an méid a bhaileofar;

(v)

aon fhaisnéis seoltáin;

(vi)

cód aitheantais na scéime íocaíochta.


30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/38


RIALACHÁN (AE) Uimh. 261/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá na hathchóirithe a rinneadh ar chomheagrú na margaí (CEM) i ndiaidh a chéile, ar athchóirithe iad a chumhdaíonn bainne agus táirgí bainne, agus atá cuimsithe anois i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (4), dírithe ar an margadh, is é sin le rá, ligtear do chomharthaí praghais cinntí feirmeoirí a threorú i dtaobh cad atá le táirgeadh agus cá mhéad de atá le táirgeadh, d’fhonn staid iomaíoch na hearnála déiríochta mar aon lena hinmharthanacht i gcomhthéacs trádála domhandaithe a neartú. Rinneadh cinneadh dá bhrí sin cuótaí a mhéadú de réir a chéile trí Rialachán (CE) Uimh. 72/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le modhnuithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta trí na Rialacháin seo a leanas a leasú: Rialacháin (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 320/2006, (CE) Uimh. 1405/2006, (CE) Uimh. 1234/2007, (CE) Uimh. 3/2008 agus (CE) Uimh. 479/2008 agus trí na Rialacháin seo a leanas a aisghairm: Rialacháin (CEE) Uimh. 1883/78, (CEE) Uimh. 1254/89, (CEE) Uimh. 2247/89, (CEE) Uimh. 2055/93, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 2596/97, (CE) Uimh. 1182/2005 agus (CE) Uimh. 315/2007 (5), (athbhreithniú ar an athchóiriú 2008-2009), a ghlacadh, d’fhonn céimniú amach rianúil a áirithiú go dtí deireadh chóras cuóta an bhainne faoi 2015.

(2)

Sa tréimhse ó 2007 go 2009, tharla forbairtí eisceachtúla i margaí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, arbh é an toradh a bhí orthu faoi dheireadh titim praghsanna in 2008/09. I dtús báire, bhí meath suntasach ar sholáthairtí de bharr dálaí aimsire eisceachtúla san Aigéine, agus tháinig ardú tapa suntasach ar phraghsanna dá bhrí sin. Cé go raibh soláthairtí an domhain ag téarnamh agus cé go raibh praghsanna ag dul i dtreo leibhéal níos normálta, bhí tionchar diúltach ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a tharla ina dhiaidh sin ar tháirgeoirí déiríochta an Aontais, toisc gur chuir sé go mór le luaineacht na bpraghsanna. Is é a bhí mar thoradh ar phraghsanna tráchtearraí a bheith níos airde ná méadú suntasach ar chostais ábhar beatha agus ar chostais eile ionchuir, lena n-áirítear fuinneamh. Ina dhiaidh sin, nuair a tháinig laghdú ar an éileamh domhanda agus ar an éileamh san Aontas, an t-éileamh ar bhainne agus ar tháirgí bainne san áireamh, le linn tréimhse inar fhan táirgeadh san Aontas cobhsaí, thit praghsanna san Aontas go dtí an leibhéal is ísle sa líontán sábhála. Níorbh ionann amach agus amach an titim ghéar sin i bpraghsanna tráchtearraí déiríochta agus praghsanna níos ísle a bheith ar tháirgí déiríochta ar leibhéal an tomhaltóra, rud a chruthaigh, do na hearnálacha iartheachtacha, idir corrlach mór i gcás fhormhór na dtáirgí ó earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne i bhformhór na dtíortha, agus rud nár lig don éileamh ar na táirgí sin athrú i gcomhréir le praghsanna ísle tráchtearraí, rud a mhoilligh téarnamh na bpraghsanna agus ba mheasa dá bharr tionchar na bpraghsanna ísle ar tháirgeoirí bainne, rud a chuir inmharthanacht a lán díobh i mbaol go mór.

(3)

Mar fhreagairt ar an staid dheacair sin i margadh an bhainne, bunaíodh Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Bainne (“GAS”) i mí Dheireadh Fómhair 2009 chun plé a dhéanamh ar na socruithe meántéarmacha agus fadtéarmacha le haghaidh earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar socruithe iad, i gcomhthéacs na gcuótaí déiríochta a bheith ag teacht chun deiridh in 2015, a chuideodh chun an margadh agus ioncam na dtáirgeoirí bainne a chobhsú agus chun trédhearcacht san earnáil a fheabhsú.

(4)

Fuair an GAS ionchur ó bhéal agus i scríbhinn ó mhórghrúpaí geallsealbhóirí Eorpacha sa slabhra soláthair déiríochta a dhéanann ionadaíocht ar fheirmeoirí, próiseálaithe déiríochta, trádálaithe déiríochta, miondíoltóirí agus tomhaltóirí. Ina theannta sin, fuair an GAS ionchur ó shaineolaithe acadúla ar tugadh cuireadh dóibh, ó ionadaithe tríú tíortha, ó údaráis náisiúnta iomaíochta agus ó sheirbhísí an Choimisiúin. Tionóladh comhdháil do gheallsealbhóirí déiríochta freisin an 26 Márta 2010, rud a thug deis do réimse níos leithne gníomhairí sa slabhra soláthair a dtuairimí a chur in iúl. Thíolaic an GAS a thuarascáil an 15 Meitheamh 2010. Sa tuarascáil bhí anailís ar staid reatha na hearnála déiríochta agus roinnt moltaí a bhí dírithe ar chaidreamh conarthach, cumhacht margála táirgeoirí, eagraíochtaí idirghairme/idirchraoibhe, trédhearcacht (lena n-áirítear tuilleadh forbartha ar an Uirlis Eorpach um Fhaireachán Praghsanna) bearta margaidh agus todhchaíochtaí, caighdeáin margaíochta agus lipéadú de réir ionaid tionscnaimh, agus nuálaíocht agus taighde. Tá an Rialachán seo, atá ceaptha lena bheith ina chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin go léir, dírithe ar na chéad cheithre shaincheist díbh.

(5)

Luaigh an GAS go bhfuil difríochtaí móra ann idir na hearnálacha táirgíochta agus próiseála déiríochta sna Ballstáit. Tá difríochtaí móra ann freisin idir staid na n-oibreoirí agus staid na gcineálacha oibreoirí laistigh de na Ballstáit aonair. Ach tá comhchruinniú an tsoláthair íseal in go leor cásanna, áfach, rud a bhfuil éagothroime sa chumhacht margála sa slabhra soláthair idir feirmeoirí agus déirithe mar thoradh air. Is féidir cleachtais tráchtála mhíchothroma a bheith mar thoradh ar an éagothroime sin; go háirithe, d’fhéadfadh sé nach eol do na feirmeoirí, tráth a seachadtar é, cén praghas a gheobhaidh siad ar a gcuid bainne toisc gur minic a shocraíonn na déirithe an praghas níos déanaí ar bhonn an bhreisluacha a fhaightear, rud nach mbíonn aon smacht ag an bhfeirmeoir air go minic.

(6)

Tá fadhb ann dá réir sin maidir le tarchur praghsanna feadh an tslabhra, go háirithe maidir le praghsanna ag geata na feirme, nach gnách go n-athraíonn a leibhéal i gcomhréir leis na costais mhéadaitheacha táirgeachta. Ar an taobh eile, le linn 2009 níor oiriúnaigh an soláthar bainne go pras don éileamh laghdaithe. Go deimhin, i roinnt Ballstáit ar táirgeoirí móra iad, sholáthair na feirmeoirí níos mó ná mar a sholáthair siad an bhliain roimhe sin, mar fhreagairt ar na praghsanna laghdaithe. Comhchruinníodh an breisluach sa slabhra déiríochta de réir a chéile sna hearnálacha iartheachtacha, go háirithe i gcás déirithe agus miondíoltóirí, agus praghas deiridh do thomhaltóirí bainne ann nach bhfuil á léiriú sa phraghas a íoctar le táirgeoirí. Ba cheart go spreagfaí na gníomhairí go léir sa slabhra déiríochta, lena n-áirítear an earnáil dáileacháin, comhoibriú le chéile chun dul i ngleic leis an éagothromaíocht seo.

(7)

I gcás na ndéirithe, ní i gcónaí a dhéantar pleanáil mhaith i dtaobh thoirt an bhainne a sheachadfar chucu le linn an tséasúir. I gcás comharchumann déiríochta fiú (atá faoi úinéireacht feirmeoirí, a bhfuil saoráidí próiseála acu agus ina bpróiseáiltear 58 % de bhainne amh an Aontais) d’fhéadfadh easpa a bheith ann maidir leis an soláthar a oiriúnú i bhfianaise an éilimh: tá dualgas ar fheirmeoirí a gcuid bainne go léir a sheachadadh ar a gcomharchumann agus tá dualgas ar an gcomharchumann glacadh leis an mbainne ar fad.

(8)

Ní bhaintear úsáid fhorleathan as conarthaí foirmiúla i scríbhinn roimh sheachadadh, fiú amháin conarthaí foirmiúla ina bhfuil gnéithe bunúsacha. D’fhéadfadh sé go gcabhródh na conarthaí sin, áfach, le freagracht na n-oibreoirí sa slabhra déiríochta a mhéadú agus le feasacht a mhéadú maidir leis an ngá chun go gcuirfí san áireamh níos fearr comharthaí an mhargaidh, chun aistriú praghsanna a fheabhsú agus chun an soláthar a oiriúnú don éileamh, agus freisin chun cuidiú chun cleachtais áirithe tráchtála éagóracha a sheachaint.

(9)

In éagmais reachtaíocht Aontais maidir le conarthaí den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, laistigh dá gcórais féin de dhlí na gconarthaí, úsáid na gconarthaí sin a dhéanamh éigeantach ar choinníoll go n-urramaítear dlí an Aontais agus an méid sin á dhéanamh agus go háirithe go n-urramaítear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus comheagrú an mhargaidh. I bhfianaise éagsúlacht na gcásanna arb ann dóibh ar fud an Aontais i ndáil le dlí na gconarthaí, agus ar mhaithe leis an gcoimhdeacht, ba cheart gur faoi na Ballstáit a fhanfadh an cinneadh sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag coinníollacha comhionanna maidir le gach seachadadh bainne amh ar chríoch áirithe. Mar sin, má chinneann Ballstát nach mór do gach seachadadh bainne amh ar a chríoch ag feirmeoir chuig próiseálaí a bheith cumhdaithe le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le seachadtaí bainne amh a thiocfaidh ó Bhallstáit eile, ach nach mbeadh feidhm aici maidir le seachadtaí chuig Ballstáit eile. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a fhágfaí cinneadh a dhéanamh cibé an gceanglófar ar chéad cheannaitheoir tairiscint i scríbhinn chuig feirmeoir maidir le conradh den sórt sin a dhéanamh.

(10)

Chun íoschaighdeáin iomchuí a áirithiú do na conarthaí sin, áfach, mar aon le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagrú na margaí, ba cheart roinnt coinníollacha bunúsacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir le húsáid na gconarthaí sin. Ba cheart na coinníollacha bunúsacha sin go léir a chaibidliú go neamhshrianta, áfach. Ionas go neartófaí cobhsaíocht an mhargaidh déiríochta agus an margadh do tháirgeoirí bainne i mBallstáit áirithe ina bhfuil úsáid conarthaí fíorghairide sách forleathan, ba cheart go gceadófaí do Bhallstáit fad íosta a shocrú le haghaidh na gconarthaí sin agus/nó na dtairiscintí sin. Níor cheart an fad íosta sin a fhorchur, áfach, ach amháin ar chonarthaí idir céad cheannaitheoirí agus na táirgeoirí bainne nó i dtairiscintí a dhéanfadh céad cheannaitheoirí le táirgeoirí bainne. Thairis sin, níor cheart go gcuirfeadh sé as d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart go mbeadh saoirse ag táirgeoirí bainne gan a bheith páirteach ann nó an fad íosta sin a dhiúltú. I measc na gcoinníollacha bunúsacha, is den tábhacht é go bhféadfar an praghas is iníoctha don seachadadh a shocrú sa chonradh, de rogha na bpáirtithe conarthacha, mar phraghas seasta nó ar phraghas a bheadh ag athrú agus an t-athrú sin ag brath ar thosca sainithe amhail toirt agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh a bheidh á sheachadadh, gan an fhéidearthacht go mbeadh cumasc de phraghas seasta do thoirt ar leith agus praghas de réir foirmle do thoirt bhreise de bhainne amh a bheidh á sheachadadh i gconradh aonair a eisiamh.

(11)

Maidir le comharchumainn déiríochta a bhfuil forálacha acu ina gcuid reachtanna nó sna rialacha nó na cinntí atá bunaithe orthu sin a bhfuil éifeachtaí acu atá cosúil le héifeachtaí na gcoinníollacha bunúsacha le haghaidh conarthaí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart, ar mhaithe le simplíocht, go ndéanfaí iad a dhíolmhú ón gceangal conradh i scríbhinn a dhéanamh.

(12)

D’fhonn éifeachtacht an chórais chonradh-bhunaithe atá leagtha amach thuas a neartú, i gcás ina mbailíonn páirtithe idirmheánacha bainne ó fheirmeoirí chun é a sheachadadh ar phróiseálaithe, ba cheart go dtabharfaí do na Ballstáit an fhéidearthacht an córas sin a chur i bhfeidhm freisin ar na páirtithe idirmheánacha sin.

(13)

Foráiltear in Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh feidhm ag rialacha iomaíochta an Aontais maidir le táirgeadh táirgí talmhaíochta agus trádáil sna táirgí sin, ach sin go feadh an méid a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi chuimsiú Airteagal 43(2) CFAE, a dhéanann foráil é féin do bhunú chomheagrú na margaí talmhaíochta, agus go feadh an méid sin amháin.

(14)

D’fhonn forbairt inmharthana táirgthe a áirithiú agus mar sin caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí déiríochta, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh próiseálaithe déiríochta a neartú, rud a mbeadh leithdháileadh níos cothroime ar an mbreisluach feadh an tslabhra soláthair mar thoradh air. D’fhonn cuspóirí sin an chomhbheartais talmhaíochta a bhaint amach, dá bhrí sin, ba cheart foráil a ghlacadh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) CFAE go gceadófaí d’eagraíochtaí táirgeoirí ina bhfuil feirmeoirí déiríochta nó a gcomhlachais, agus iad sin amháin, téarmaí conartha, lena n-áirítear praghas, a chaibidliú go comhpháirteach le déirí maidir le táirgeadh a gcomhaltaí nó cuid de. Ba cheart gurb iad na heagraíochtaí táirgeoirí, agus iad sin amháin, a iarrann aitheantas faoi Airteagal 122 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, agus a fhaigheann an t-aitheantas sin, a bheadh incháilithe chun leas a bhaint as an bhforáil sin. Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an bhforáil sin i dtaca le heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, lena n-áirítear comharchumainn, a phróiseálann bainne amh uile a gcomhaltaí, ó tharla nach bhfuil seachadadh de bhainne amh chuig próiseálaithe eile i gceist. Lena chois sin, ba cheart go ndéanfaí foráil go bhféadfaí eagraíochtaí táirgeoirí atá ann cheana agus a aithnítear faoin dlí náisiúnta a aithint de facto faoin Rialachán seo.

(15)

Ionas nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú éifeachtach comharchumann agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú i gcás ina ngabhann, le ballraíocht feirmeora i gcomharchumann, oibleagáid a bheith ann i dtaca le táirgeadh bainne uile an fheirmeora sin, nó cuid de, bainne amh a sheachadadh, a bhfuil na coinníollacha chuige sin leagtha amach laistigh de reachta an chomharchumainn nó sna rialacha nó sna cinntí atá bunaithe orthu siúd, níor cheart go mbeadh na coinníollacha sin faoi réir caibidlíochta trí eagraíocht táirgeoirí.

(16)

Ina theannta sin, d’fhonn iomaíocht éifeachtach a choimeád sa mhargadh déiríochta, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí arna sloinneadh i gcéatadáin de tháirgeadh an Aontais agus de tháirgeadh aon Bhallstáit arna chumhdú leis na caibidlíochtaí sin. An teorainn chéanna arna sloinneadh i gcéatadán den táirgeadh náisiúnta, ba cheart go mbeadh feidhm ar dtús aici maidir le toirt an bhainne amh a tháirgtear sa Bhallstát is táirgeoir nó i ngach ceann de na Ballstáit is táirgeoirí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an teorainn chéanna chéatadáin maidir le toirt an bhainne amh a sheachadtar chuig aon Bhallstát cinn scríbe ar leith.

(17)

I bhfianaise thábhacht shonrúcháin cosanta tionscnaimh (SCT) agus tháisc cosanta geografach (TCG), go háirithe do réigiúin íogaire tuaithe, agus chun an breisluach a áirithiú agus chun cáilíocht cáiseanna, go háirithe, a choimeád a bheidh ag tairbhiú de SCT nó de TCG, agus i gcomhthéacs chóras na gcuótaí bainne a bheidh ag dul in éag, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit rialacha a chur i bhfeidhm chun soláthar na cáise sin a bheidh á táirgeadh i limistéar geografach sainithe a rialú. Ba cheart go gcumhdófaí leis na rialacha sin táirgeadh iomlán na cáise lena mbaineann agus ba cheart go ndéanfadh eagraíocht idirchraoibhe, eagraíocht táirgeoirí nó grúpa mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí agus d’earraí bia talmhaíochta a chosaint (6) iad a iarraidh. Ba cheart go mbeadh an iarraidh sin á thacú ag tromlach mór de tháirgeoirí bainne, ar tromlach é a sheasann do thromlach mór na toirte bainne a úsáidtear don cháis sin, agus i gcás grúpaí agus eagraíochtaí idirchraoibhe, ag tromlach mór de tháirgeoirí cáise agus a sheasann do thromlach mór de thoirt na cáise. Thairis sin, ba cheart na rialacha sin a bheith faoi réir coinníollacha dochta, go háirithe chun damáiste don trádáil i dtáirgí i margaí eile a sheachaint agus chun cearta mionlach a chosaint. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha arna nglacadh a fhoilsiú láithreach agus fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún, seiceálacha rialta a áirithiú, agus na rialacha a aisghairm i gcás nach mbeidís á gcomhlíonadh.

(18)

Tugadh isteach rialacha ar leibhéal an Aontais le haghaidh eagraíochtaí idirchraoibhe i roinnt earnálacha. Féadfaidh na heagraíochtaí sin ról úsáideach a bheith acu in idirphlé a chumasú idir gníomhairí ar an slabhra soláthair agus i ndea-chleachtas agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn. Ba cheart na rialacha sin a chur i bhfeidhm freisin in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, chomh maith le forálacha lena soiléirítear seasamh na n-eagraíochtaí sin faoi dhlí na hiomaíochta, ar choinníoll nach saobhann gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin an iomaíocht nó an margadh inmheánach nó nach ndéantar difear dochrach do dhea-fheidhmiú chomheagrú na margaí talmhaíochta leo. Ba cheart do na Ballstáit na gníomhairí ábhartha uile a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna heagraíochtaí idirchraoibhe.

(19)

D’fhonn na forbairtí sa mhargadh a leanúint, tá faisnéis thráthúil ar thoirt an bhainne amh arna sheachadadh de dhíth ón gCoimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfeadh an chéad cheannaitheoir an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit ar bhonn tráthrialta agus go dtabharfadh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi sin.

(20)

Tá fógraí ó na Ballstáit ag teastáil ón gCoimisiún i dtaca le caibidlíochtaí conarthacha, le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe, chomh maith le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, tá gá le fógraí ó na Ballstáit chun críche faireachán agus anailís a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i bhfianaise na dtuarascálacha ba cheart dó a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le forbairt an mhargaidh déiríochta.

(21)

Tá údar maith leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo i bhfianaise dhálaí reatha eacnamaíocha an mhargaidh déiríochta agus struchtúr an tslabhra soláthair. Ba cheart mar sin iad a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse fada go leor ionas go mbeadh éifeacht iomlán acu. Ós rud é gur bearta forleathana iad, áfach, ba cheart iad a bheith sealadach agus faoi réir athbhreithniú chun a fháil amach faoin gcaoi a d’oibrigh siad agus i dtaobh ar cheart go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu. Ba cheart déileáil leis sin in dhá thuarascáil ón gCoimisiún maidir le forbairt an mhargaidh déiríochta, lena gcumhdófar, go háirithe, dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le dul isteach i gcomhaontuithe maidir le comhtháirgeadh, atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2014, agus faoin 31 Nollaig 2018 faoi seach.

(22)

Braitheann geilleagar réigiún áirithe faoi mhíbhuntáiste san Aontas go trom ar tháirgeadh bainne. Mar gheall ar thréithe sainiúla na réigiún sin, ní mór beartais ghinearálta a oiriúnú chun gur féidir freastal níos fearr ar a riachtanais. Tá bearta sainiúla ann do na réigiúin sin faoi mhíbhuntaiste cheana féin sa chomhbheartas talmhaíochta. Féadfaidh bearta breise beartais a leagtar síos sa Rialachán seo rannchuidiú le staid na dtáirgeoirí bainne sna réigiúin sin faoi mhíbhuntáiste a neartú. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí sin, áfach, sna tuarascálacha thuasluaite, ar ar a mbonn ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, i gcás inar gá sin, tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

(23)

D’fhonn a áirithiú go saineofar go soiléir cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta mar aon le comhlachais thrasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí, i ndáil leis na rialacha maidir le cúnamh riaracháin a bhunú agus maidir le coinníollacha an chúnaimh sin, i gcás comhair thrasnáisiúnta agus i ndáil le ríomh thoirt an bhainne amh a bheidh cumhdaithe ag caibidlíochtaí eagraíochta táirgeoirí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún. Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le coinníollacha maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe, na fógraí ó na heagraíochtaí sin maidir le toirt an bhainne amh a bheidh á chumhdach sna caibidlíochtaí, na fógraí a thabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na heagraíochtaí sin agus na rialacha maidir le soláthar cáise a bheidh ag tairbhiú de SCT nó TCG, na rialacha mionsonraithe a bhaineann le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ábhar, formáid agus uainiú na ndearbhuithe éigeantacha san earnáil sin, gnéithe áirithe de chonarthaí maidir le bainne a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí agus na fógraí don Choimisiún maidir leis na roghanna a bheidh glactha ag an mBallstát ina leith sin, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (7).

(25)

I bhfianaise chumhachtaí an Choimisiúin i réimse dhlí iomaíochta an Aontais agus i bhfianaise chineál speisialta na ngníomhartha sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh, agus gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheith á chur i bhfeidhm, cibé an bhfuil comhaontuithe áirithe agus cleachtais chomhbheartaithe áirithe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar neamhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, an bhféadfaidh caibidlíocht ag eagraíocht táirgeoirí a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin tarlú agus ar cheart rialacha áirithe arna leagan síos ag na Ballstáit maidir le soláthar na gcáiseanna sin a rialáil a bhfuil SCT nó TCG acu a aisghairm.

(26)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

i bpointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 122, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(iiia)

bainne agus táirgí bainne;”;

(2)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 123:

“4.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt freisin d’eagraíochtaí idirchraoibhe:

(a)

a bhfuil aitheantas iarrtha go foirmiúil acu agus atá comhdhéanta d’ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le táirgeadh bainne amh agus atá nasctha le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil nó trádáil, lena n-áirítear dáileadh, táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(b)

atá foirmithe ar thionscnamh roinnt de na hionadaithe, nó na n-ionadaithe ar fad, dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i réigiún amháin nó níos mó den Aontas, agus leasanna chomhaltaí na n-eagraíochtaí idirchraoibhe agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh:

(i)

an t-eolas agus an trédhearcacht sa táirgeacht agus sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear trí shonraí staitistiúla a fhoilsiú i dtaca le praghsanna, toirteanna agus fad conarthaí maidir le bainne amh a sheachadadh, ar conarthaí iad a tugadh i gcrích roimhe seo, agus trí anailísí a sholáthar ar fhorbairtí féideartha an mhargaidh amach anseo ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(ii)

cabhrú chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar an margadh, go háirithe trí bhíthin taighde agus staidéar ar na margaí;

(iii)

tomhaltas a spreagadh, agus faisnéis a chur ar fáil, maidir le bainne agus táirgí bainne i margaí inmheánacha agus i margaí seachtracha araon;

(iv)

margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v)

leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le bainne amh a dhíol le ceannaitheoirí agus/nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le coinníollacha cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(vi)

faisnéis a sholáthar agus an taighde atá riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a choigeartú i bhfabhar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus ionchas tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí agus cosaint an chomhshaoil;

(vii)

acmhainn táirgthe na hearnála déiríochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, inter alia trí nuálaíocht a spreagadh agus cláir i dtaca le taighde feidhmeach agus forbairt a thacú chun leas iomlán a bhaint as bainne agus as táirgí bainne, go háirithe chun táirgí breisluacha a chur ar fáil a mbeadh tarraingt níos mó ag na tomhaltóirí orthu;

(viii)

bealaí a lorg chun úsáid táirgí atá dírithe ar shláinte ainmhithe a shrianadh, an bainistiú ar ionchur eile a fheabhsú agus sábháilteacht bhia agus sláinte ainmhithe a fheabhsú;

(ix)

modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht;

(x)

leas a bhaint as acmhainneacht na feirmeoireachta orgánaí agus an fheirmeoireacht sin chomh maith le táirgeadh táirgí lena ngabhann sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint agus a chur chun cinn; agus

(xi)

táirgeadh comhtháite nó modhanna táirgthe eile atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn.”;

(3)

cuirtear an Roinn seo a leanas isteach i gCaibidil II de Theideal II de Chuid II:

Roinn IIA

Rialacha maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Airteagal 126a

Aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne do gach eintiteas dlíthiúil nó do gach cuid atá sainithe go soiléir d’eintiteas dlíthiúil agus a chuireann isteach ar an aitheantas sin, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 122;

(b)

go bhfuil líon íosta comhaltaí acu agus/nó go gcumhdaíonn siad toirt íosta de tháirgeadh indíolta, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos, sa limistéar ina n-oibríonn siad;

(c)

go bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur féidir leo a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtacht agus chomhchruinniú an tsoláthair;

(d)

go bhfuil reacht acu atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

2.   Mar fhreagairt ar iarratas, féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt do chomhlachas d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais sin aon cheann de na gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht aitheanta táirgeoirí a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.

3.   Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad de bhun phointe (iiia) de phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 122.

Eagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta go dtí 3 Deireadh Fómhair 2012.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d’eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad; taiscfear an t-iarratas sin leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a chinntiú go bhfuil forálacha na Caibidle seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus ag comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain, agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta, faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 126b

Aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 123(4);

(b)

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích i réigiún amháin nó níos mó ná sin ar an gcríoch lena mbaineann;

(c)

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 123(4)(a);

(d)

nach mbeidh páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil na dtáirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

2.   Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 123(4).

3.   I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an rogha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 agus/nó le mír 2, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt don eagraíocht idirchraoibhe laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad; taiscfear an t-iarratas sin leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

aitheantas a tharraingt siar:

(i)

i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(ii)

i gcás ina mbeidh páirt ag an eagraíocht idirchraoibhe in aon cheann de na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear in Airteagal 177a(4), gan dochar d’aon phionóis eile a bheadh le forchur de bhun an dlí náisiúnta;

(iii)

i gcás nach gcomhlíonfaidh an eagraíocht idirchraoibhe an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 177a(2);

(e)

an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 126c

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 122, na conarthaí sin maidir le bainne amh arna sheachadadh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 185f(1), a chaibidliú ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

2.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibdlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(c)

ar choinníoll i gcás eagraíochta áirithe táirgeoirí:

(i)

nach mó ná 3,5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh arna chumhdú leis an gcaibidlíocht; agus

(ii)

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í; agus

(iii)

maidir le toirt an bhainne amh arna chumhdú leis an gcaibidlíocht agus a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í;

(d)

ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí i dtrácht ina gcomhaltaí d’eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin; mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla;

(e)

ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomharchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(f)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh arna chumhdú leis an gcaibidlíocht sin.

3.   In aineoinn na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) de phointe (c) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh, arna chumhdú sa chaibidlíocht sin, ar bainne é a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 500 000 tona aige.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, áirítear le tagairtí d’eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith.

5.   Chun críocha pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.

6.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

I gcás caibidlíochtaí ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) ná in Airteagal 196b(2) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

7.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn ‘údarás náisiúnta iomaíochta’ an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha i dtaca le hiomaíocht atá leagtha síos in Airteagal 101 agus in Airteagal 102 den Chonradh (8);

(b)

ciallaíonn ‘FBM’ micreafhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú ar mhicreafhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (9).

8.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus mhír 6.

Airteagal 126d

Rialáil an tsoláthair maidir le cáis a bhfuil sonrúchán cosanta tionscnaimh nó tásc cosanta geografach aici

1.   Arna iarraidh sin ag eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 122, ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 123(4) agus ag grúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar cáise a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán cosanta tionscnaimh nó de thásc cosanta geografach faoi Airteagal 2(1)(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

2.   Comhlíonfar leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 agus beidh siad faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006. Déanfar comhaontú den sórt sin idir dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí bainne nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a bheidh in úsáid do tháirgeadh na cáise dá dtagraítear i mír 1 agus, más iomchuí, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin, a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

3.   Chun críche mhír 1, maidir le cáis a bheidh ag tairbhiú de thásc cosanta geografach, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, mar atá socraithe sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.   Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d’aidhm acu soláthar na cáise sin a oirúnú don éileamh;

(b)

ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir leis an táirge lena mbaineann;

(c)

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, mar a thagraítear dó i mír 1, a fháil;

(d)

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialacha dá dtagraítear i mír 1;

(e)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht na cáise lena mbaineann;

(f)

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g)

ní áiritheofar leo nach mbeidh fáil ar sciar rómhór den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h)

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, ná ní bheidh siad ina mbac d’iontrálaithe nua sa mhargadh ná ina gcúis go ndéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga;

(i)

rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

(j)

beidh siad gan dochar d’Airteagal 126c.

5.   Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh, agus i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi aon fhógra i ndáil leis na rialacha sin.

8.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) ná in Airteagal 196b(2) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 126e

Cumhachtaí an Choimisiúin maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   D’fhonn a áirithiú go saineofar go soiléir cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne chun cur le héifeachtacht ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin gan ualach míchuí a chur orthu, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 196a lena leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta d’eagraíochtaí trasnáisiúnta;

(b)

na rialacha a bhaineann le bunú an chúnaimh riaracháin agus le coinníollacha an chúnaimh riaracháin a bheidh le tabhairt ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcás comhair thrasnáisiúnta;

(c)

rialacha breise maidir le ríomh thoirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidilíocht dá dtagraítear in Airteagal 126c(2)(c) agus (3).

2.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe atá riachtanach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur chun feidhme na gcoinníollacha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe a leagtar amach in Airteagal 126a agus in Airteagal 126b;

(b)

an fógra dá dtagraítear in Airteagal 126c(2)(f);

(c)

na fógraí a dhéanfaidh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 126a(4)(d), Airteagal 126b(3)(e), Airteagal 126c(8) agus Airteagal 126d(7);

(d)

na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh riaracháin i gcás comhair thrasnáisiúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 196b(2).

(4)

in Airteagal 175, cuirtear na focail “faoi réir Airteagal 176 go hAirteagal 177a den Rialachán seo”, in ionad “faoi réir Airteagal 176 go hAirteagal 177 den Rialachán seo”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 177a

Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe chun críche na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 123(4)(c) den Rialachán seo a chur i gcrích.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin más rud é:

(a)

go ndearnadh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe; agus

(b)

laistigh de thrí mhí ó na mionsonraí go léir a bhfuil gá leo a fháil, agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) ná in Airteagal 196b(2) a chur i bhfeidhm, nach bhfuair an Coimisiún nach bhfuil na comhaontuithe, na cinntí nó na cleachtais chomhbheartaithe ag luí le rialacha an Aontais.

3.   Ní fhéadfar na comhaontuithe, na cinntí ná na cleachtais chomhbheartaithe a chur i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 in éag.

4.   Dearbhófar go bhfuil comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe ar neamhréir le rialacha an Aontais ar aon chuma, más rud é:

(a)

go bhféadfaidh deighilt ar mhargaí ar chuma ar bith laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu;

(b)

go bhféadfaidh tionchar a bheith acu ar fheidhmiú fónta eagrú an mhargaidh;

(c)

go bhféadfaidh saobhadh ar an iomaíocht a bheith mar thoradh orthu, ar saobhadh é nach bhfuil riachtanach chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta arna saothrú trí ghníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe a bhaint amach;

(d)

a mbaineann socrú praghsanna leo;

(e)

lena bhféadfar idirdhealú a chruthú nó iomaíocht a dhíothú maidir le cion substaintiúil na dtáirgí atá i gceist.

5.   Má fhaigheann an Coimisiún, tar éis dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, nach bhfuil na coinníollacha maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm comhlíonta, déanfaidh sé cinneadh, agus gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) ná in Airteagal 196b(2) a chur i bhfeidhm, ina ndearbhófar go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis an gcomhaontú, an cinneadh nó an cleachtas comhbheartaithe i dtrácht.

Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh sin ón gCoimisiún tráth níos luaithe ná an dáta a dtabharfar fógra faoi don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann, ach amháin má thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhícheart nó má bhain sí mí-úsáid as an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh an fógra don chéad bhliain bailí le linn bhlianta an chomhaontuithe ina dhiaidh sin. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát eile, cinneadh faoi neamhluí a eisiúint ag am ar bith.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na bearta is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme go comhionann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 196b(2).”;

(6)

leasaítear Airteagal 184 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“(6)

chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2010 agus faoin 31 Nollaig 2012 maidir le forás staid an mhargaidh agus na dálaí dá bharr chun an córas cuótaí bainne a chéimniú amach go rianúil, agus tograí iomchuí ag gabháil léi, más gá sin;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(9)

chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le feidhmiú phointe (iiia) de phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 122, Airteagal 123(4), Airteagail 126c, 126d, 177a, 185e agus 185f, lena measúnaítear, go háirithe, na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcuspóir ginearálta táirgeadh a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha a dhéanamh maidir le comhtháirgeadh in éineacht le haon tograí iomchuí.”;

(7)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 185e

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Amhail ón 1 Aibreán 2015, dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí.

Chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 185f, ciallaíonn ‘céad cheannaitheoir’ gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

(a)

chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(b)

chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníocht an bhainne amh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na rialacha maidir le hábhar, le formáid agus le huainíocht na ndearbhuithe sin agus na bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 196b(2).

Airteagal 185f

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina gcinnfidh an Ballstát nach mór seachadtaí bainne ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim no céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘bailitheoir’ gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

2.   Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint maidir le conradh:

(a)

déanfar é roimh an seachadadh;

(b)

déanfar i scríbhinn é; agus

(c)

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh;

(ii)

toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus/nó nach mó a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin;

(iii)

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte agus clásail foircinn a bheith i gceist leis;

(iv)

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta;

(v)

socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh; agus

(vi)

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le conradh, agus/nó tairiscint i dtaca le conradh i gcás ina seachadfaidh feirmeoir bainne amh ar chomharchumann a bhfuil an feirmeoir ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leo siúd atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.

4.   Maidir le gnéithe uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh arna chur i gcrích ag feirmeoirí, ag bailitheoirí nó ag próiseálaithe bainne amh, lena n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2(c), déanfar iad a chaibidliú go neamhshrianta idir na páirtithe.

In ainneoin na chéad fhomhíre,

(i)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát na conarthaí i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad cheannaitheoir an bhainne amh. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus/nó

(ii)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

5.   Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm iad.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na bearta is gá maidir le cur chun feidhme comhionann phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 196b(2).”;

(8)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas le Caibidil I de Chuid VII:

“Airteagal 196a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 126e(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 2 Aibreán 2012. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 126e(1) a chúlghairm am ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 126e(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a dtabharfar fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 196b

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh coiste, dá ngairfear an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (10).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(9)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 204:

“7.   Maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, beidh feidhm ag pointe (iiia) de phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 122, ag Airteagal 123(4), agus ag Airteagail 126a, 126b, 126e, agus 177a ón 2 Aibreán 2012 go dtí an 30 Meitheamh 2020 agus beidh feidhm ag Airteagail 126c, 126d, 185e agus 185f ón 3 Deireadh Fómhair 2012 go dtí an 30 Meitheamh 2020.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 2 Aibreán 2012.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 126c, 126d, 185e agus 185f de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, mar a chuirtear isteach leis an Rialachán seo iad, ón 3 Deireadh Fómhair 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Márta 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 110.

(2)  IO C 192, 1.7.2011, lch. 36.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2012.

(4)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(5)  IO L 30, 31.1.2009, lch. 1.

(6)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

(7)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(8)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Nóta eagarthóireachta: Rinneadh teideal Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a choigeartú d’fhonn athuimhriú airteagail an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chonradh Liospóin, a chur i gcuntas; ba é Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh an tagairt a bhí ann go dtí seo.

(9)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.”;

(10)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.”;


Ceartúchán

30.3.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/49


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 65 an 11 Márta 2011 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Ar leathanach 12, Iarscríbhinn III, Cuid A, pointe 4:

in ionad:

“Seoladh IDIRLÍN”,

léitear:

“Seoladh gréasáin”;

ar leathanach 14, Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe 4:

in ionad:

“Seoladh ar líne”,

léitear:

“Seoladh gréasáin”;

ar leathanach 14, Iarscríbhinn III, Cuid B, san abairt atá ann i ndiaidh phointe 10:

in ionad:

“LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ:

‘Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé ach uair amháin leis an tionscnamh beartaithe seo ó na saoránaigh’ ”,

léitear:

“LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ:

‘Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé ach uair amháin leis an tionscnamh beartaithe seo ó na saoránaigh.’ ”;

ar leathanach 17, Iarscríbhinn III, Cuid C, pointe 2, san fhleasc atá ann faoi “LUCSAMBURG”:

in ionad:

“—

Numéro d'identification national (numéro inscrit sur la carte d'identification de la Sécurité sociale (Uimhir aitheantais náisiúnta atá scríofa ar an gcárta aitheantais Slándálasóisialta)”,

léitear:

“—

Numéro d'identification national (numéro inscrit sur la carte d'identification de la Sécurité sociale (Uimhir aitheantais náisiúnta atá scríofa ar an gcárta aitheantais slándálasóisialta)”.