ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2011.304.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

54
22 Samhain 2011


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún ( 1 )

18

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 304 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1168/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus pointe (b) agus pointe (d) d'Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé ina phríomhchuspóir beartais ag an Aontas beartas imirce Eorpach atá réamhbhreathnaitheach agus cuimsitheach a fhorbairt, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha, ar beartas é atá bunaithe ar chearta an duine, ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht.

(2)

Is éard is aidhm do bheartas Aontais i réimse na dteorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite teorann a dhéanamh lena n-áirithítear ardleibhéal aonfhoirmeach rialaithe agus ardleibhéal aonfhoirmeach faireachais, rud atá ina atoradh riachtanach de shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar chomhpháirt bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Chuige sin, táthar ag smaoineamh ar chomhrialacha a bhunú maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta i ndáil le rialú na dteorainneacha seachtracha agus faireachas a dhéanamh orthu.

(3)

Chun na comhrialacha maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta, i ndáil le rialú na dteorainneacha seachtracha agus faireachas a dhéanamh orthu, a chur chun feidhme ar shlí éifeachtúil, tá gá le comhordú breise a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit.

(4)

Le bainistiú éifeachtúil na dteorainneacha seachtracha trí bhíthin seiceálacha agus faireachais, rannchuidítear leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla agus i gcoinne gáinneála ar dhaoine agus rannchuidítear leo freisin leis na bagairtí ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a laghdú.

(5)

Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a ndéantar ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a bhfuil deireadh curtha acu le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

(6)

Sa bhliain 2004, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (3), (Frontex) (“an Ghníomhaireacht” anseo feasta), ar gníomhaireacht í a tháinig chun bheith oibríochtúil i mBealtaine 2005. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 sa bhliain 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear sásra chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú (4).

(7)

Tá tuilleadh feabhsaithe ar ról na Gníomhaireachta ag teacht le cuspóir an Aontais beartas a fhorbairt d’fhonn coincheap an Bhainistithe Chomhtháite Teorann a thabhairt isteach de réir a chéile. Ba cheart don Ghníomhaireacht, laistigh de theorainneacha a sainordaithe, tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le linn dóibh an choincheap sin a chur chun feidhme, amhail a shainmhínítear é i gconclúidí na Comhairle maidir le Bainistiú Comhtháite Teorann an 4 agus an 5 Nollaig 2006.

(8)

Éilítear leis an gclár ilbhliantúil i gcomhair limistéir saoirse, slándála agus ceartais a fhónann don saoránach (Clár Stócólm) arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach an –10 agus an 11 Nollaig 2009 soiléiriú a dhéanamh ar an ról atá ag an nGníomhaireacht maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a bhainistiú agus an ról sin a fheabhsú.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, sainordú na Gníomhaireachta a athbhreithniú chun a cuid inniúlachtaí oibríochtúla ach go háirithe a neartú, agus lena linn sin a áirithiú go bhfuil na bearta uile a dhéantar comhréireach i ndáil leis na cuspóirí arna saothrú, go bhfuil siad éifeachtach agus go n-urramaítear go hiomlán leo cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus cearta lucht iarrtha tearmainn, lena n-áirítear go háirithe an toirmeasc ar refoulement.

(10)

Ba cheart na féidearachtaí reatha atá ann chun cúnamh éifeachtach a sholáthar do na Ballstáit maidir le gnéithe oibríochtúla a bhaineann le bainistiú ar na teorainneacha seachtracha a threisiú ó thaobh na n-acmhainní teicniúla atá ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann an comhordú ar chomhoibríochtaí nó ar thionscadail phíolóta a phleanáil le beachtas leordhóthanach.

(11)

Le leibhéil íosta trealaimh theicniúil riachtanaigh arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus/nó ar bhonn éigeantach ag na Ballstáit ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla, rannchuideofar go mór leis na hoibríochtaí atá beartaithe is oibríochtaí a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht a phleanáil ar shlí níos fearr agus a chur chun feidhme ar shlí níos fearr.

(12)

Ba cheart don Ghníomhaireacht liostaí trealaimh theicniúl a bhainistiú i leith trealaimh theicniúil atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta trí thaifid lárnacha a chur ar bun agus a choimeád i gcomhthiomsú trealaimh theicniúil. Ba cheart go mbeadh an líon íosta de chatagóirí trealaimh theicniúil riachtanaigh mar chuid den chomhthiomsú sin chun a chumasú don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chur i gcrích.

(13)

Chun oibríochtaí éifeachtacha a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht foirne gardaí teorann a chur ar bun. Ba cheart do Bhallstáit rannchuidiú leis na foirne sin le líon iomchuí gardaí teorann oilte agus ba cheart dóibh na gardaí sin a chur ar fáil i gcomhair imscartha, mura rud é go bhfuil siad ag tabhairt aghaidhe ar chúinsí eisceachtúla a dhéanann difear suntasach d’urscaoileadh cúraimí náisiúnta.

(14)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann rannchuidiú leis na foirne sin trí bhíthin na ngardaí teorann arna dtabhairt ar iasacht ag na Ballstáit don Ghníomhaireacht ar bhonn leath-bhuan, ar gardaí teorann iad ar cheart dóibh le linn a gcúraimí á gcur i gcrích a bheith faoi réir an chreata dhlíthiúil chéanna agus atá na haoi-oifigigh arna dtabhairt go díreach ag Ballstáit do na foirne sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht a rialacha inmheánacha maidir le saineolaithe náisiúnta a tugadh ar iasacht a oiriúnú chun go mbeidh an Ballstát aíochta in ann treoracha díreacha a thabhairt do na gardaí teorann le linn comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta.

(15)

Le plean oibríochtúil atá dea-shainithe, lena n-áirítear meastóireacht agus oibleagáid i leith teagmhais a thuairisciú, ar plean é a bheidh comhaontaithe roimh thús comhoibríochtaí nó tionscadal píolóta i measc na Gníomhaireachta agus an Ballstát aíochta, rannchuideofar go mór le cuspóirí an Rialacháin seo agus modus operandi níos comhchuibhithe a bheith ann maidir le comhordú comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta.

(16)

Ba cheart don Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an scéim tuairiscithe teagmhas chun aon fhaisnéis a bhaineann le líomhaintí inchreidte maidir le sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 nó ar Chód Teorainneacha Schengen arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ach go háirithe, lena n-áirítear cearta bunúsacha, le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta nó le linn mear-idirghabhálacha, a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta phoiblí ábhartha agus chuig a Bord Bainistíochta (“an Bord Bainistíochta”).

(17)

Tá sé léirithe go bhfuil anailís riosca ina phríomhghné i ndáil le hoibríochtaí a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart a cáilíocht a fheabhsú trí mhodh a chur leis chun measúnú a dhéanamh maidir le cumas Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann agus brúnna ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart, áfach, go mbeadh na measúnuithe sin gan dochar do shásra meastóireachta Schengen.

(18)

Ba cheart don Ghníomhaireacht oiliúint a sholáthar ar leibhéal Eorpach, lena n-áirítear oiliúint ar chearta bunúsacha, ar rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar rochtain nósanna imeachta tearmainn, do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta Ballstát agus oiliúint bhreise agus seimineáir bhreise i ndáil le rialú agus le faireachas ag na teorainneacha seachtracha agus le haistriú náisiúnach tríú tíortha, ar náisiúnaigh iad atá i láthair sna Ballstáit go neamhdhleathach, a sholáthar d'oifigigh sna seirbhísí náisiúnta inniúla. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna, lena n-áirítear clár malartaithe, a eagrú i gcomhar le Ballstáit ar a gcríoch. Ba cheart do Bhallstáit torthaí obair na Gníomhaireachta ó thaobh sin de a lánpháirtiú i gcláir oiliúna náisiúnta a ngardaí teorann.

(19)

Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a thagann chun cinn i dtaighde eolaíochta is taighde atá ábhartha i leith a réimse gníomhaíochta, agus ba cheart di rannchuidiú leis na forbairtí sin, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.

(20)

Sa chuid is mó de na Ballstáit, tagann na gnéithe oibríochtúla, a bhaineann le náisiúnaigh tríú tíortha atá i láthair sna Ballstáit go neamhdhleathach a chur ar ais, faoi inniúlacht na n-údarás atá freagrach as na teorainneacha seachtracha a rialú. Ós rud é go bhfuil breisluach soiléir ag baint le cur i gcrích na gcúraimí sin ar leibhéal Aontais, ba cheart mar sin don Ghníomhaireacht, agus beartas an Aontais maidir le cur ar ais á chomhlíonadh go hiomlán, comhordú agus eagrú chomhoibríochtaí na mBallstát maidir le cur ar ais a áirithiú agus ba cheart di dea-chleachtais a shainaithint maidir le doiciméid taistil a fháil agus cód iompraíochta a shainiú, ar cód é a mbeadh gá ann déanamh dá réir le linn náisiúnaigh tríú tíortha, atá i láthair ar chríocha na mBallstát go neamhdhleathach, a aistriú. Níor cheart aon acmhainní airgeadais de chuid an Aontais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí ná d'oibríochtaí nach gcuirtear i gcrích i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt um Chearta Bunúsacha”).

(21)

Chun a bunchuspóir a chomhlíonadh agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil i gcúrsaí a chumhdaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”). Ba cheart don Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil a éascú idir Ballstáit agus tríú tíortha faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach.

(22)

Tá comhar le tríú tíortha i ndáil le cúrsaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ag éirí níos tábhachtaí. Ar mhaithe le múnla tathagach comhair a bhunú le tríú tíortha ábhartha, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann tionscadail a sheoladh agus a mhaoiniú maidir le cúnamh teicniúil agus oifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha i gcomhar le húdaráis inniúla na dtíortha sin. Tar éis di an oiliúint riachtanach a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí. Is ní ábhartha é fresin comhar a bhunú le tríú tíortha maidir le caighdeáin Aontais i ndáil le bainistiú teorann a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus dínit an duine a urramú.

(23)

Chun coinníollacha fostaíochta oscailte agus trédhearcacha a áirithiú agus cóir chomhionann a bheith ann don fhoireann, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (6) maidir le foireann agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na rialacha sicréideachta gairmiúla nó dualgais coibhéiseacha rúndachta eile.

(24)

Anuas ar sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta forálacha sonracha a ghlacadh chun ligean do shaineolaithe náisiúnta ó Bhallstáit a thabhairt ar iasacht leis an nGníomhaireacht. Ba cheart go sonrófaí sna forálacha sin, i measc rudaí eile, gur cheart go ndéanfaí gardaí teorann náisiúnta atá ar iasacht agus atá le himscaradh i rith comhoibríochtaí, tionscadal píolóta nó mear-idirghabhálacha a mheas mar aoi-oifigigh agus na cúraimí comhfhreagracha orthu agus na cumhachtaí comhfhreagracha a bheith acu.

(25)

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7) i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh, dá bhrí sin, ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht agus ba cheart é a bheith de chumhacht aige nó aici rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá dá fhiosrúcháin nó dá fiosrúcháin.

(26)

A mhéid is atá na Ballstáit ag próiseáil sonraí pearsanta, beidh feidhm go hiomlán ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8).

(27)

Le linn di bainistiú oibríochtúil córas TF a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht déanamh de réir caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí, agus na ceanglais ghairmiúla is airde á gcur san áireamh aici.

(28)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a leasú dá réir.

(29)

Déantar leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú agus comhlíontar leis na prionsabal a aithnítear, go háirithe, i CFAE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go sonrach, an ceart chun dínit an duine, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn, prionsabal an non-refoulement, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, cearta an linbh agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. Ba cheart go mbeadh aon úsaid a bhaintear as forneart i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta, lena n-áirítear le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta.

(30)

Ba cheart nach ndéanfadh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil ar Muir nó faoi Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar an gcomhar oibríochtúil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát a chruthú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a baint amach.

(32)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (9), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (10). Dá réir sin, ba cheart do thoscaireachtaí ó Phoblacht na hÍoslainne agus ó Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach mar chomhaltaí de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu.

(33)

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (11), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (12). Dá réir sin, ba cheart do thoscaireacht Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach mar chomhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu.

(34)

Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (13), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14). Dá réir sin, ba cheart do thoscaireacht Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach mar chomhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, ach é sin agus cearta vótála teoranta a bheith acu.

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(36)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (15). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ag glacadh páirte ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(37)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (16); dá bhrí sin, níl Éire ag glacadh páirte ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(38)

Ba cheart don Ghníomhaireacht eagrú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú inar féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an saineolas agus as na saoráidí a bhféadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheith toilteanach a thairiscint, i gcomhréir leis na modhanna a chinnfidh an Bord Bainistíochta ar bhonn cáis go cás. Chuige sin, ba cheart cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán i bplé a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla den sórt sin a ullmhú.

(39)

Tá conspóid ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe maidir le teorannú theorainneacha Ghiobráltar.

(40)

Ní thuigtear le fionraí infheidhmeacht an Rialacháin seo maidir le teorainneacha Ghiobráltar go bhfuil aon athrú ar sheasaimh faoi seach na Stát lena mbaineann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Á bhreithniú di gurb iad na Ballstáit atá freagrach as rialú agus as faireachas ar na teorainneacha seachtracha, déanfaidh an Ghníomhaireacht, mar chomhlacht de chuid an Aontais amhail a shainítear in Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo, an tslí ina gcuirtear bearta an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, go háirithe Cód Teorainneacha Schengen arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 (*1), a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtaí. Déanfaidh sí amhlaidh trína áirithiú go gcomhordaítear gníomhaíochtaí na mBallstát agus na bearta sin á gcur chun feidhme, agus, ar an gcaoi sin, rannchuideoidh sí le leibhéal éifeachtach, ard agus comhionann de rialú ar dhaoine agus d'fhaireachas ar theorainneacha seachtracha na mBallstát.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán aici, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt um Chearta Bunúsacha’); an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’); oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement; agus na cearta bunúsacha, agus déanfaidh sí amhlaidh agus aird á tabhairt aici ar thuarascálacha an Fhóraim Chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26a den Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht freisin an tacaíocht theicniúil agus an saineolas atá riachtanach do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit agus déanfaidh sí an dlúthpháirtíocht idir Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 1a mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“1a.

chun críche Airteagal 3, Airteagal 3b, Airteagal 3c, Airteagal 8 agus Airteagal 17, ciallaíonn ‘Foirne Eorpacha Gardaí Teorann’ foirne a bheidh le himscaradh i rith comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta; chun críche Airteagail 8a go 8g, foirne a bheidh le himscaradh i gcomhair mear-idirghabhálacha teorann (‘mear-idirghabhálacha’) de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 (*2), agus chun críche phointe (ea) agus phointe (g) d’Airteagal 2(1) agus chun críche Airteagal 5, foirne a bheidh le himscaradh i rith comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha;

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear sásra chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 30).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

ciallaíonn ‘Ballstát aíochta’ Ballstát ina dtarlaíonn comhoibríocht, tionscadal píolóta nó mear-idirghabháil nó an Ballstát as a seoltar é;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 agus phointe 5:

“4.

ciallaíonn ‘baill na bhfoirne’ gardaí teorann na mBallstát atá ar seirbhís leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta;

5.

ciallaíonn ‘Ballstát iarrthach’ Ballstát a n-iarrann a údaráis inniúla ar an nGníomhaireacht foirne a imscaradh i gcomhair mear-idirghabhálacha ar a chríoch;”;

(3)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

“(c)

anailísí riosca a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar bhrúnna ag na teorainneacha seachtracha;

(d)

páirt a ghlacadh i bhforbairt taighde atá ábhartha chun rialú agus faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha;”;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(da)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit i gcúinsí ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar an ní go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le cúinsí áirithe;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe leis na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha;”;

(iv)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ea)

Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a chur ar bun ar foirne iad a bheidh le himscaradh i rith comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha;”;

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f) agus phointe (g):

“(f)

an tacaíocht riachtanach a sholáthar do na Ballstáit, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dóibh, comhoibríochtaí maidir le cur ar ais a chomhordú nó a eagrú;

(g)

gardaí teorann ó na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imscaradh chuig Ballstáit i gcomhoibríochtaí, i dtionscadail phíolóta nó i mear-idirghabhálacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007;”;

(vi)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(h)

córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, trína bhféadfar malartú tapa agus iontaofa a dhéanamh maidir le faisnéis a bhaineann le rioscaí atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear an Líonra Faisnéise agus Comhordúcháin arna bhunú le Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (*3);

(i)

an cúnamh is gá a sholáthar d'fhorbairt agus d'oibriú córais Eorpaigh faireachais teorann agus, de réir mar is iomchuí, d'fhorbairt comhéadain choitinn chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht córas.

(*3)  Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle an 16 Márta 2005 lena mbunaítear Líonra daingean gréasán-bhunaithe Faisnéise agus Comhordúcháin le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát (IO L 83, 1.4.2005, lch. 48).”;"

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, ní dhéanfar aon duine a chur ó bhord ar chríoch tíre de shárú ar phrionsabal an non-refoulement nó a bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí an duine sin a dhíbirt aisti nó a chur ar ais go dtí tír eile de shárú ar an bprionsabal sin ná ní thabharfar an duine sin ar láimh d'údaráis tíre ar aon shlí eile. Díreofar ar riachtanais speisialta leanaí, ar íospartaigh gáinneála, ar dhaoine a bhfuil cúnamh liachta de dhíth orthu, ar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus ar dhaoine soghonta eile i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.”;

(c)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh:

“Déanfaidh na Ballstáit tuairisc a chur chuig an nGníomhaireacht ar na cúrsaí oibríochtúla sin ag na teorainneacha seachtracha atá lasmuigh de réim na Gníomhaireachta. Cuirfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an Stiúrthóir Feidhmiúcháin’) Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta (‘an Bord Bainistíochta’) ar an eolas faoi na hábhair sin ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.”;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

Cód Iompraíochta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht Cód Iompraíochta atá infheidhme i leith na n-oibríochtaí go léir a bheidh á gcomhordú ag an nGníomhaireacht a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh. Déanfar nósanna imeachta arna mbeartú chun prionsabail an smachta reachta a ráthú agus cearta bunúsacha a urramú a leagan síos leis an gCód Iompraíochta agus beidh fócas ar leith ar mhionaoisigh gan tionlacan agus ar dhaoine soghonta, mar aon le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu, agus beidh an cód sin infheidhme maidir le gach duine atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an Cód Iompraíochta a fhorbairt i gcomhar leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26a.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta ag na teorainneacha seachtracha

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tograí le haghaidh comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear iarrataí ó na Ballstáit ar iarrataí iad a bhaineann le himthosca a fhágann go bhfuil gá le cúnamh teicniúil méadaithe agus cúnamh oibríochtúil méadaithe, go háirithe i gcásanna ina bhfuil brúnna sonracha agus díréireacha ann, a mheasúnú, a fhormheas agus a chomhordú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta a thionscnamh uaithi féin agus a dhéanamh í féin i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann agus i gcomhaontú leis na Ballstáit aíochta.

Féadfaidh sí, freisin, a trealamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit atá rannpháirteach sna comhoibríochtaí nó sna tionscadail phíolóta.

Ba cheart anailís riosca chuimsitheach a dhéanamh sula ndéantar comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta.

1a.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas, deireadh a chur le comhoibríochtaí agus le tionscadail phíolóta más rud é nach bhfuil na coinníollacha faoina seoltar na comhoibríochtaí nó na tionscadail phíolóta sin á gcomhlíonadh a thuilleadh.

Féadfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach i gcomhoibríocht nó i dtionscadal píolóta a iarraidh ar an nGníomhaireacht deireadh a chur leis an gcomhoibríocht nó leis an tionscadal píolóta sin.

Forálfaidh an Ballstát baile do bhearta iomchuí araíonachta nó eile i gcomhréir lena dhlí náisiúnta i gcás ina ndéantar cearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta a shárú le linn comhoibríochta nó tionscadail phíolóta.

Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta a fhionraí nó deireadh a chur leo, ina n-iomláine nó i bpáirt, má mheasann sé/sí go bhfuil sáruithe den sórt sin de chineál tromchúiseach nó gur dócha go leanfar dóibh.

1b.   Is éard a bheidh sa Ghníomhaireacht comhthiomsú de ghardaí teorann dá ngairtear Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir le hAirteagal 3b, agus féadfar na foirne sin a imscaradh le linn na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta dá dtagraítear i mír 1. Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh cinneadh faoi imscaradh acmhainní daonna agus trealaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 3a agus le hAirteagal 7.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú trína brainsí speisialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 16, maidir le comhoibríochtaí agus tionscadail phíolóta a eagrú ar bhonn praiticiúil.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar thorthaí na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta agus cuirfidh sí na tuarascálacha mionsonraithe meastóireachta i dteannta le breathnuithe an Oifigigh um Chearta Bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 26a, chuig an mBord Bainistíochta laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís chuimsitheach chomparáideach ar na torthaí sin d'fhonn cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta amach anseo agus áireofar í ina tuarascáil ghinearálta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 20(2), a fheabhsú.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na comhoibríochtaí agus na tionscadail phíolóta dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú trí bhíthin deontas óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

5.   Beidh feidhm ag mír 1a agus ag mír 4 maidir le mear-idirghabhálacha freisin.”;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Gnéithe eagrúcháin comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean oibríochtúil a tharraingt suas i leith comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta dá dtagraítear in Airteagal 3(1). Tiocfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát aíochta, i gcomhairle leis na Ballstáit atá rannpháirteach i gcomhoibríocht nó i dtionscadal píolóta, ar chomhaontú faoin bplean oibríochtúil ina mionsonrófar na gnéithe eagrúcháin i dtráth cuí roimh an tús atá beartaithe maidir leis an gcomhoibríocht nó an tionscadal píolóta sin.

Cuimseoidh an plean oibríochtúil gach gné a mheastar a bheith riachtanach chun an comhoibríocht nó an tionscadal píolóta a chur i gcrích, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an gcúinse maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear an aidhm oibríochtúla;

(b)

fad intuartha na comhoibríochta nó an tionscadail píolóta;

(c)

an limistéar geografach ina dtarlóidh an chomhoibríocht nó an tionscadal píolóta;

(d)

tuairisc ar chúraimí agus ar threoracha speisialta i gcomhair na n-aoi-oifigeach, lena n-áirítear maidir le féachaint ar bhunachair shonraí ar shlí incheadaithe agus le harmáin incheadaithe seirbhíse, armlón incheadaithe agus trealamh incheadaithe sa Bhallstát aíochta;

(e)

comhdhéanamh fhoirne aoi-oifigeach, mar aon le himscaradh foirne ábhartha eile;

(f)

forálacha maidir le ceannas agus le smacht, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta atá freagrach as comhoibriú leis na haoi-oifigigh agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe na gardaí teorann ina measc atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na n-aoi-oifigeach sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil atá le himscaradh le linn na comhoibríochta nó an tionscadail píolóta, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an fhoireann a iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h)

forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhais is tuairisciú láithreach ag an nGníomhaireacht chuig an mBord Bainistíochta agus chuig údaráis phoiblí náisiúnta ábhartha;

(i)

scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna i gcomhair na tuarascála meastóireachta agus dáta deiridh chun an tuarascáil meastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 3(3);

(j)

maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar gheografach ina dtarlaíonn an chomhoibríocht nó an tionscadal píolóta, lena n-áirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus cur ó bhord;

(k)

modhanna maidir le comhar le tríú tíortha, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Beidh comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit aíochta araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibríochtúil. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochtúil arna leasú nó arna oiriúnú a sheoladh láithreach chuig na Ballstáit rannpháirteacha.

3.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, mar chuid dá cúraimí maidir le comhordú, cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe eagrúcháin uile, lena n-áirítear ball foirne de chuid na Gníomhaireachta do bheith i láthair le linn na gcomhoibríochtaí agus na dtionscadal píolóta dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 3b

Comhdhéanamh agus imscaradh na bhFoirne Eorpacha Gardaí Teorann

1.   Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta, trí thromlach glan dá chomhaltaí is comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, cinneadh maidir le próifílí agus líon foriomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar na próifílí agus ar líon foriomlán na ngardaí teorann a dhéanfar ina dhiaidh sin. Rannchuideoidh Ballstáit leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann, trí bhíthin comhthiomsú náisiúnta agus é sin ar bhonn na bpróifílí éagsúla arna sainiú ag an nGníomhaireacht, trí ghardaí teorann a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin atá ag teastáil a ainmniú.

2.   Maidir le rannchuidiú Ballstát ó thaobh a ngardaí teorann de, le comhoibríochtaí sonracha nó tionscadail phíolóta sonracha don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na gardaí teorann ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar chúinse eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhall cúraimí náisiúnta. Déanfar iarraidh den sórt sin 45 lá ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe. Ní dhéanfar an méid sin aon difear d'uathriail an Bhallstáit baile i dtaca le roghnú foirne agus le fad ré a n-imscartha.

3.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, freisin, leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann trí ghardaí teorann inniúla atá ar iasacht ó na Ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta de bhun Airteagal 17(5). Déanfar rannchuidiú Ballstát ó thaobh gardaí teorann dá gcuid a chur ar iasacht leis an nGníomhaireacht don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit.

I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit gardaí teorann ar fáil le bheith curtha ar iasacht, mura rud é go ndéanfadh sé sin difear tromchúiseach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta. Sna cásanna sin, féadfaidh Ballstáit na gardaí teorann atá curtha ar iasacht acu a athghairm.

Ní rachaidh ré uasta iasachtaí den sórt sin thar sé mhí i dtréimhse 12 mhí. Chun críche an Rialacháin seo, measfar gur aoi-oifigigh iad na gardaí teorann atá ar iasacht agus beidh na cúraimí orthu agus na cumhachtaí acu dá bhforáiltear in Airteagal 10. Measfar gurb ionann an Ballstát a thug na gardaí teorann i dtrácht ar iasacht agus an Ballstát baile de réir mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 1a chun Airteagal 3c, Airteagal 10 agus Airteagal 10b a chur i bhfeidhm. Maidir le baill foirne atá fostaithe ag an nGníomhaireacht ar bhonn sealadach agus nach bhfuil cáilithe chun feidhmeanna rialaithe teorann a chur chun críche, déanfar iad a imscaradh le linn comhoibríochtaí agus tionscadal píolóta i gcomhair cúraimí comhordaithe, agus i gcomhair na gcúraimí sin amháin.

4.   Déanfaidh baill de chuid na bhFoirne Eorpacha Gardaí Teorann, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear rochtain ar nósanna imeachta tearmainn, agus dínit an duine. Beidh cibé bearta a ghlacfar le linn chomhlíonadh a gcúraimí agus fheidhmiú a gcumhachtaí comhréireach i leith cuspóirí a shaothraítear leis na bearta sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar fhorais inscne, bhunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 8g, ainmneoidh an Ghníomhaireacht oifigeach comhordaithe le haghaidh gach comhoibríochta nó tionscadail píolóta ina n-imscarfar baill de na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann.

Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordaithe ná an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát aíochta agus na mBallstát rannpháirteacha a chothú.

6.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais arna dtabhú ag na Ballstáit chun a ngardaí teorann a chur ar fáil de bhun mhír 1 den Airteagal seo do na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir le hAirteagal 8h.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht líon na ngardaí teorann a bheidh tiomanta ag gach Ballstát do na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil.

Airteagal 3c

Treoracha do na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann

1.   Le linn Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imscaradh, eiseoidh an Ballstát aíochta treoracha do na foirne sin i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3a(1).

2.   Trí bhíthin a hoifigigh comhordaithe, dá dtagraítear in Airteagal 3b(5), féadfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí maidir leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Bhallstát aíochta. Má dhéanann sí amhlaidh, tabharfaidh an Ballstát aíochta aird ar na tuairimí sin.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 8g, tabharfaidh an Ballstát aíochta an cúnamh uile is gá don oifigeach comhordaithe, lena n-áirítear rochtain iomlán ar na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann gach uile thráth le linn an imscartha.

4.   Beidh baill na bhFoirne Eorpacha Gardaí Teorann, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú, faoi réir bhearta araíonachta a mBallstát baile i gcónaí.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Anailís riosca

Forbróidh an Ghníomhaireacht múnla coiteann um anailís riosca comhtháite agus cuirfidh sí i bhfeidhm é.

Ullmhóidh sí anailísí riosca atá ginearálta agus anailísí riosca atá sainiúil araon lena dtíolacadh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Chun críche anailíse riosca, féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di dul i gcomhairle roimh ré leis an Ballstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, measúnú a dhéanamh ar a chumas nó ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann mar aon le brúnna ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha. Chuige sin féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar threalamh agus ar acmhainní na mBallstát ó thaobh rialú teorann de. Beidh an measúnú bunaithe ar fhaisnéis arna dtabhairt ag an Ballstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, agus ar thuarascálacha maidir le comhoibríochtaí, tionscadail phíolóta, mear-idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta agus torthaí na nithe sin go léir. Beidh na measúnuithe sin gan dochar do shásra meastóireachta Schengen.

Cuirfear torthaí na measúnuithe sin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

Chun críoch an Airteagail seo, déanfaidh Ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an gcúinse atá ann ag na teorainneacha seachtracha, agus maidir le bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann, a sholáthar don Ghníomhaireacht.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí múnla choitinn um anailís riosca chomhtháite a ionchorprú ina hoibre forbartha ar lárchuraclaim coiteann i gcomhair oiliúint gardaí teorann ar oiliúint í dá dtagraítear in Airteagal 5.”;

(8)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh an Ghníomhaireacht ardoiliúint a sholáthar do ghardaí teorann is baill de na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann, ar ardoiliúint í a bheidh ábhartha maidir lena gcúraimí agus lena gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na gardaí teorann sin i gcomhréir leis an sceideal i ndáil le hardoiliúint agus freachnamh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a áirithiú go mbeidh oiliúint faighte ag gardaí teorann agus pearsanra eile go léir na mBallstát atá rannpháirteach sna Foirne Eorpacha Gardaí Teoranta agus ag foireann na Gníomhaireachta i ndlí ábhartha an Aontais agus i ndlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta maille le treoirlínte chun daoine atá ag lorg cosanta a shainaithint agus chun na daoine sin a stiúrú chuig na saoráidí iomchuí, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárchuraclaim choiteanna a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh i gcomhair oiliúint gardaí teorann agus déanfaidh sí oiliúint a sholáthar ar an leibhéal Eorpach do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear oiliúint maidir le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus dlí muirí ábhartha.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na lárchuracalaim choiteanna a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26a.

Déanfaidh Ballstáit na lárchuraclaim choiteanna a lánpháirtiú in oiliúint a ngardaí teorann náisiúnta.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas i ndiaidh na míre deireanaí:

“Bunóidh an Ghníomhaireacht clár malartaithe lena gcumasófar do ghardaí teorann atá rannpháirteach sna Foirne Eorpacha Gardaí Teorann eolas sonrach nó cur amach sonrach a fháil ó thaithí agus ó dhea-chleachtais thar lear trína bheith ag obair le gardaí teorann i mBallstát eile taobh amuigh dá mBallstát féin.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 agus Airteagal 7:

“Airteagal 6

Faireachán a dhéanamh ar thaighde agus rannchuidiú le taighde

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán forghníomhach ar na forbairtí a tharlaíonn i dtaighde is forbairtí atá ábhartha maidir le rialú agus faireachas ar theorainneacha seachtracha, agus rannchuideoidh sí go forghníomhach leis na forbairtí sin agus scaipfidh sí an fhaisnéis sin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.

Airteagal 7

Trealamh teicniúil

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, í féin nó i gcomhúinéireacht le Ballstát áirithe, trealamh teicniúil le haghaidh rialú teorainneacha seachtracha a fháil mar éadáil nó é a léasú chun an trealamh sin a imscaradh le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta, mear-idirghabhálacha, comhoibríochtaí maidir le cur ar ais nó tionscadal cúnaimh theicniúil i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Déanfar anailís chríochnúil maidir le riachtanais agus costas is tairbhe sula bhfaightear mar éadáil nó ar léas trealamh a mbeadh costais shuntasacha ag gabháil leis don Ghníomhaireacht. Forálfar d’aon chaiteachas den sórt sin i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 29(9). I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil tábhachtach mar éadáil nó ar léas, amhail soithí patróil nó feithiclí patróil don fharraige mhór nó soithí patróil nó feithiclí patróil cois cósta, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás éadála agus comhúinéireachta, tiocfaidh an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le Ballstát amháin go foirmiúil go ndéanfaidh an Ballstát sin foráil do chlárú an trealaimh i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme sa Bhallstát sin;

(b)

i gcás léasa, déanfar an trealamh a chlárú i mBallstát áirithe.

Ar bhonn comhaontaithe shamplaigh arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht, comhaontóidh Ballstát an chláraithe agus an Ghníomhaireacht maidir leis na modúlachtaí lena n-áirítear na tréimhsí a mbeidh lánfháil ag an nGníomhaireacht ar na sócmhainní atá faoi chomhúinéireacht, chomh maith le téarmaí úsáide an trealaimh.

Déanfaidh Ballstát an chláraithe nó soláthróir trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an fhoireann theicniúil is gá a sholáthar chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte.

2.   Cuirfear an Ghníomhaireacht ar bun agus coimeádfaidh sí taifid lárnaithe de threalamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil ar comhthiomsú é atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta chun críocha na teorainneacha seachtracha a rialú. Beidh líon íosta de réir gach cineál trealaimh theicniúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil. Imscarfar an trealamh a liostaítear sa chomhthiomsú trealaimh theicniúil le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 8a agus Airteagal 9.

3.   Rannchuideoidh na Ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 2. Maidir le rannchuidiú na mBallstát don chomhthiomsú agus in imscaradh an trealaimh sin le haghaidh oibríochtaí sonracha, déanfar é a phleanáil bunaithe ar chaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus a mhéid atá sé ina chuid den líon íosta trealaimh theicniúil le haghaidh bliana áirithe, cuirfidh Ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é go bhfuil siad os comhair cáis eisceachtúil a dhéanann difear go substaintiúil d’urscaoileadh cúraimí náisiúnta. Déanfar iarraidh den sórt sin 45 lá ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe. Déanfar athbhreithniú bliantúil ar na rannchuidithe leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na taifid maidir leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil a bhainistiú mar a leanas:

(a)

aicmiú de réir cineáil trealaimh agus de réir oibríochta;

(b)

aicmiú de réir úinéara (Ballstát, Gníomhaireacht, eile);

(c)

líonta foriomlána de threalaimh atá ag teastáil;

(d)

ceanglais foirne, más infheidhme;

(e)

faisnéis eile, amhail mionsonraí clárúcháin, ceanglais iompair agus chothabhála, na córais onnmhairíochta náisiúnta is infheidhme, treoracha teicniúla, nó faisnéis eile ábhartha chun an trealamh a láimhseáil i gceart.

5.   Maoineoidh an Ghníomhaireacht imscaradh an trealaimh theicniúil atá ina chuid den líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil arna soláthar ag Ballstát áirithe le haghaidh bliana áirithe. I gcás imscaradh trealaimh theicniúil nach bhfuil ina chuid den líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a chómhaoiniú go dtí suim uasta 100 % den chaiteachas incháilithe, agus aird á tabhairt ar imthosca ar leith na mBallstát is Ballstát atá ag imscaradh trealaimh theicniúil den sórt sin.

Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, cinnfidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24, ar bhonn bliantúil, na rialacha maidir le trealamh teicniúil, lena n-áirítear na líonta foriomlána íosta, de réir cineáil trealaimh theicniúil, is gá, na coinníollacha i leith imscartha agus aisíoc costas. Chun críocha buiséadacha, ba cheart don Bhord Bainistíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Márta gach bliain.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an líon íosta de réir cineáil de threalamh theicniúil a thogradh i gcomhréir lena riachtanais atá aici, go háirithe chun go mbeidh sí in ann comhoibríochtaí, tionscadail phíolóta, mear-idirghabhálacha agus comhoibríochtaí maidir le cur ar ais a chur i gcrích i gcomhréir lena clár oibre don bhliain i dtrácht.

Má chruthaítear nach leor an líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil chun plean oibríochtúil, a bheidh comhaontaithe i gcomhair comhoibríochtaí, tionscadail phíolóta, mear-idirghabhálacha nó comhoibríochtaí maidir le cur ar ais, a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a athbhreithniú bunaithe ar bhonn a riachtanas a bhfuil údar maith ag baint leo agus ar bhonn comhaontaithe idir na Ballstáit.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairisc ar chomhdhéanamh agus ar imscaradh trealaimh atá ina chuid den chomhthiomsú de threalamh teicniúil don Bhord Bainistíochta ar bhonn míosúil. Más rud é nach mbaintear amach an líon íosta de réir cineáil de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi gan mhoill. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh an tosaíocht a thabhairt d'imscaradh an trealaimh theicniúil go práinneach agus déanfaidh sé gach beart is gá chun na heaspaí atá aitheanta a leigheas. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na heaspaí arna sainaithint agus faoi na bearta a rinneadh. Déanfaidh an Coimisiún, ina dhiaidh sin, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin, agus a mheasúnú féin a chur in iúl dóibh freisin.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an líon trealaimh theicniúil a gheall gach Ballstát a chur isteach sa chomhthiomsú, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil.”;

(10)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), maidir le Ballstát amháin nó níos mó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhrúnna sonracha agus díréireacha agus atá os comhair imthosca ar dá réir a n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochta le linn dóibh a n-oibleagáidí maidir le rialú agus faireachas teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, féadfaidh siad cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 3, an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochta a eagrú don Bhallstát iarrthach nó do na Ballstáit iarrthacha.”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas i mír 2:

“(c)

gardaí teorann ó na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a imscaradh.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil i gcomhair seiceálacha agus faireachas a dhéanamh i leith na dteorainneacha seachtracha chun go n-úsáidfeadh a saineolaithe é faoi chuimsiú na mear-idirghabhálacha fad a mhairfidh na mear-idirghabhálacha sin.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8a:

“Airteagal 8a

Mear-idirghabhálacha

Arna iarraidh sin do Bhallstáit a thugann aghaidh ar cúinse brú phráinnigh agus eisceachtúil, go háirithe i gcás ina sroicheann líonta ard náisiúnach tríú tíre ar náisiúnaigh iad atá ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríoch an Bhallstáit sin ag láithreacha de chuid na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht Foireann Eorpach Gardaí Teorann (‘foireann/foirne’) amháin nó níos mó a imscaradh ar feadh tréimhse teoranta ar chríoch an Bhallstáit iarrthaigh ar feadh na ré iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 863/2007.”;

(12)

in Airteagal 8d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann amháin nó níos mó a imscaradh, déanfaidh an Ghníomhaireacht in éineacht leis an mBallstát iarrthach plean oibríochtúil a tharraingt suas láithreach, agus i cibé cás ag tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a glacadh an chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 8e.”;

(13)

in Airteagal 8e, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e), phointe (f) agus phointe (g):

“(e)

comhdhéanamh na bhfoirne, mar aon le himscaradh baill foirne ábhartha eile;

(f)

forálacha a bhaineann le ceannas agus le rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta atá freagrach as comhar leis na foirne, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin ina measc atá i gceannas ar na foirne le linn na tréimhse imscartha, agus áit na bhfoirne sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil a bheidh le himscaradh in éineacht leis na foirne, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an fhoireann a ndearnadh iarraidh ina leith, iompar agus loighistic eile, agus forálacha airgeadais;”;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(h)

forálacha mionsonraithe maidir le teagmhais a thuairisciú láithreach ag an nGníomhaireacht chuig an mBord Bainistíochta agus chuig údaráis phoiblí náisiúnta ábhartha;

(i)

scéim thuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcálacha don tuarascáil ar mheastóireacht agus dáta deiridh chun an tuarascáil chríochnaitheach ar mheastóireacht a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(3);

(j)

maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar geografach ina dtarlaíonn an mear-idirghabháil, lena n-áirítear tagairtí do dhlí idirnáisiúnta agus do dhlí Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus cur ó bhord;

(k)

modhanna maidir le comhar le tríú tíortha, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.”;

(14)

in Airteagal 8h(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“1.   Íocfaidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag Ballstáit agus iad ag cur a ngardaí teorann ar fáil chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 3(1b), Airteagal 8a agus Airteagal 8c:”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Comhar maidir le cur ar ais

1.   Faoi réir bheartas an Aontais maidir le cur ar ais, agus go háirithe faoi réir Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le comhchaighdeáin agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit le haghaidh náisiúnaigh tríú tíre atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (*4), agus gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí maidir le cur ar ais, déanfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a sholáthar, agus arna iarriadh sin do na Ballstáit rannpháirteacha, áiritheoidh sí comhordú nó eagrú comhoibríochtaí chur ar ais Ballstát, lena n-áirítear trí aerárthaí a chairtiú chun críocha na n-oibríochtaí sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na hoibríochtaí agus na tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo a mhaoiniú nó a chómhaoiniú le deontais óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint freisin as acmhainní airgeadais de chuid an Aontais ar acmhainní iad atá ar fáil sa réimse cur ar ais. Ina comhaontuithe deontais leis na Ballstáit, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh aon tacaíocht airgeadais faoi réir urramú iomlán na Cairte um Chearta Bunúsacha.

1a.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Cód Iompraíochta i leith náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais a fhorbairt, ar cód é ag a mbeidh feidhm le linn gach comhoibríochta maidir le cur ar ais ar comhoibríochtaí iad arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus ina mbeidh tuairisc ar na nósanna imeachta caighdeánaithe coiteanna ar dá mbarr ba cheart go mbeifí in ann eagrú comhoibríochtaí maidir le cur ar ais a shimpliú agus lena n-áiritheofaí go gcuirfí na náisiúnaigh tríú tír ar ais ar shlí dhaonnachtúil le hurramú na gceart bunúsach go hiomlán, go háirithe prionsabail dínit an duine, toirmisc ar chéasadh agus toirmisc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an chirt chun saoirse agus slándála, agus na gceart chun chosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

1b.   Tabharfar aird sa Chód Iompraíochta, go háirithe, ar an oibleagáid atá leagtha amach in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE chun foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach faireacháin ar chur ar ais éigeantach agus ar an Straitéis um Chearta Bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) den Rialachán seo. Déanfar an faireachán ar chomhoibríochtaí maidir le cur ar ais a dhéanamh ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus trédhearcach agus clúdófar leis an gcomhoibríocht iomlán maidir le cur ar ais ón gcéim réamhimeachta go dtí go gcuirtear na daoine atá á gcur ar ais de láimh sa tír ina bhfuil siad le cur ar ais.

1c.   Cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas go rialta faoina riachtanais i dtaobh cúnaimh nó comhordaithe. Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas plean oibríochtúil forásach chun an tacaíocht oibríochta is gá, lena n-áirítear an trealamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1), a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha. I gcomhréir le hAirteagal 24 agus ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le hinneachar agus le modus operandi a bheidh sa chlár oibríochtúil forásach.

2.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis inniúla sna tríú tíortha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 14, chun na cleachtais is fearr maidir le doiciméid taistil a fháil a shainaithint agus maidir le náisiúnaigh tríú tír atá i láthair go neamhdhleathach a chur ar ais.

(*4)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.”;"

(16)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Le linn do na haoi-oifigigh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, comhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus urramóidh siad cearta bunúsacha agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Córais mhalartaithe faisnéise

Féadfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá a dhéanamh chun malartú faisnéise atá ábhartha dá cúraimí leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13. Forbróidh sí agus oibreoidh sí córas faisnéise trína bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na páirtithe sin, lena n-áirítear sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 11a, Airteagal 11b agus in Airteagal 11c.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá a dhéanamh chun éascú a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha dá chúraimí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn má bhaineann an fhaisnéis sin le gníomhaíochtaí ina mbíonn siad rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 20(5).”;

(18)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Cosaint sonraí

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht.

Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí is oifigeach na Gníomhaireachta. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Gan dochar d’Airteagal 11b agus Airteagal 11c, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha riaracháin.

Airteagal 11b

Próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs comhoibríochtaí maidir le cur ar ais

1.   Le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil le heagrú agus le comhordú comhoibríochtaí Ballstát maidir le cur ar ais, ar cúraimí iad dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta daoine, is daoine atá faoi réir na gcomhoibríochtaí maidir le cur ar ais sin, a phróiseáil.

2.   Le próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin, urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Thar aon rud eile, beidh an phróiseáil sin teoranta go háirithe do na sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun críocha na comhoibríochta maidir le cur ar ais agus é sin ar shlí dhocht.

3.   Déanfar na sonraí pearsanta a scrios a luaithe a bheidh an cuspóir ar dá bharr a bailíodh iad bainte amach agus déanfar an scrios sin tráth nach déanaí ná deich lá tar éis dheireadh na comhoibríochta maidir le cur ar ais.

4.   I gcás nach ndéanann Ballstát na sonraí pearsanta a aistriú chuig an t-iompróir, féadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí sin a aistirú.

5.   Déanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a.

Airteagal 11c

Próiseáil sonraí pearsanta a bhailítear le linn comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha

1.   Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát sonraí pearsanta a bhailiú i gcomhthéacs comhoibríochtaí, tionscadal píolóta agus mear-idirghabhálacha, agus faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh an Ghníomhaireacht tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta arna mbailiú ag na Ballstáit i rith oibríochtaí den sórt sin agus arna dtarchur chuig an nGníomhaireacht chun rannchuidiú le slándáil theorainneacha seachtracha na mBallstát.

2.   Beidh tuilleadh próiseála sonraí pearsanta den sórt sin ag an nGníomhaireacht teoranta do na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a bhfuil droch-amhras ag údaráis inniúla Ballstát ina leith ar fhorais réasúnacha, go bhfuil baint acu i ngníomhaíochtaí coiriúla tras-teorann, go ndéanann siad gníomhaíochtaí mídhleathacha imirce a éascú nó go bhfuil siad páirteach i ngníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine mar a shainmhínítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir le sainmhíníú eascú teacht isteach, idirthurais agus cónaí neamhúdaraithe (*5).

3.   Maidir leis na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

iad a tarchur, ar bhonn cás-ar-chás, chuig Europol nó chuig gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile an Aontais, faoi réir Airteagal 13;

(b)

iad a úsáid chun na hanailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 a ullmhú. Déanfar na sonraí a dhíphearsanú i dtorthaí na n-anailísí riosca.

4.   Déanfar na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe a bheidh siad tarchurtha chuig Europol nó chuig gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó a luaithe a mbainfear úsáid astu chun na hanailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 a ullmhú. Ní rachaidh an téarma stórála, in aon chás, thar thrí mhí tar éis dháta bailithe na sonraí sin.

5.   Le próiseáil na sonraí pearsanta den sórt sin, urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Ní bhainfidh an Ghníomhairecht úsáid as na sonraí pearsanta chun críche imscrúduithe, is nithe a fhanann faoi fhreagracht údaráis inniúla na mBallstát.

Thar aon rud eile, beidh an phróiseáil sin teoranta go háirithe do na sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3 agus beidh siad teoranta sa tslí sin go docht.

6.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, beidh toirmeasc ar an nGníomhaireacht sonraí pearsanta den sórt sin a tharchur chuig tríú tíortha nó chuig tríú páirtithe eile, agus ar chur in iúl na sonraí sin do thríú tíortha nó do thríú páirtithe eile.

7.   Déanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a.

Article 11d

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh- rúnaicmithe a chosaint

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha (*6) a chur i bhfeidhm. Beidh feidhm ag na rialacha sin, inter alia, maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála a bhaineann le próiseáil faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe mar atá leagtha amach sa Chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún, a chur i bhfeidhm. Bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála sin.

(*5)  IO L 328, 5.12.2002, lch. 17."

(*6)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.”;"

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

“Airteagal 13

Comhar le gníomhaireachtaí Aontais agus comhlachtaí Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha’), le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil in ábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha CFAE agus na forálacha ar inniúlacht na gcomhlachtaí sin. I ngach cás, cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon socruithe den sórt sin.

Beidh tarchur sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht, ar aghaidh chuig gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nó cur in iúl na sonraí sin dóibh, faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta agus beidh an tarchur agus an cur in iúl sin faoi réir formheasta roimh ré ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht freisin, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí de chuid an Aontais nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5, a mhéid go mbeidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, go bhféadfaí de bharr a láithreachta rannchuidiú le feabhsú an chomhair agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéantar léi aon difear do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin. Ní fhéadfaidh rannpháirtíocht na mbreathnadóirí sin a bheith ann ach amháin le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 agus ní fhéadfaidh sé a bheith ann ach amháin le comhaontú an Bhallstáit aíochta i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na mbreathnadóirí curtha sa phlean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 3a(1). Gheobhaidh na breathnadóirí sin an oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht sula nglacfaidh siad páirt sna gníomhaíochtaí.

Airteagal 14

Comhar oibríochtúil le tríú tíortha agus comhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha a éascú

1.   In ábhair a thagann faoi réim a ngníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil idir Ballstáit agus tríú tíortha a éascú, faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, lena n-áirítear maidir le cearta an duine.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit noirm agus caighdeáin a chomhlíonadh ar noirm iad atá comhionann, ar a laghad, leo sin a leagtar síos le reachtaíocht Aontais agus déanfaidh siad dá réir freisin nuair atá comhar le tríú tíortha ar siúl ar chríoch na dtíortha sin.

Beidh sé mar thoradh ag comhair a bhunú le tríú tíortha, ná caighdeáin Eorpacha um bainistiú teorann a chur chun cinn, agus an urraim do chearta bunúsacha agus dínit an duine á gcumhdach aige chomh maith.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis tríú tíortha atá inniúil in ábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre arna gcur i gcrích leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha CFAE. Ní bhainfidh na socruithe oibre sin ach le bainistiú comhair oibríochtúil.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cuid oifigeach idirchaidrimh, is oifigigh idirchaidrimh ar chóir an chosaint is treise agus is féidir a bheith acu chun a ndualgais a chur i gcrích, a imscaradh i dtríú tíortha. Beidh siad mar chuid de líonraí áitiúla nó réigiúnacha comhair d'oifigigh idirchaidrimh inimirce na mBallstát arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (*7). Ní imscarfar oifigigh idirchaidrimh ach i dtríú tíortha ina gcomhlíontar lena gcleachtais bhainistithe teorann caighdeáin íosta a bhaineann le cearta an duine. Déanfaidh an Bord Bainistíochta a n-imscaradh a fhormheas. Faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, ba cheart tosaíocht maidir le himscaradh a thabhairt do na tríú tíortha sin arb ionann iad, bunaithe ar anailís riosca, agus tír tionscnaimh nó tír idirthurais i dtaca le himirce neamhdhleathach. Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh a fháil a bheidh curtha ar dualgas ag na tríú tíortha sin freisin, ar feadh tréimhse teoranta ama. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 24, glacfaidh an Bord Bainistíochta liosta na dtosaíochtaí ar bhonn bliantúil.

4.   Beidh ar áireamh i gcúraimí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus i gcomhréir le cearta bunúsacha, teagmhálacha a bhunú le húdaráis inniúla an tríú tír sin dár sannadh iad agus na teagmhálacha sin a choimeád ar bun d'fhonn rannchuidiú le cosc a chur ar inimirce neamhdhleathach, agus leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce sin, agus rannchuidiú le himircigh neamhdhleathacha a chur ar ais.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as maoiniú ón Aontas i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach. Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha maidir le hábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, a mhéid go mbeidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, go bhféadtar leis an láithreacht sin rannchuidiú le comhar a fheabhsú agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéantar aon difear leis do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin. Ní fhéadfaidh rannpháirtíocht na mbreathnadóirí sin a tharlú ach amháin le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 agus ní fhéadfaidh sé tarlú ach amháin le comhaontú an Bhallstáit aíochta i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3. Áireofar rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht breathnadóirí curtha sa phlean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3a(1). Gheobhaidh na breathnadóirí sin an oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht sula mbeidh siad rannpháirteach sna gníomhaíochtaí.

7.   Le linn do Bhallstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 2(2), féadfaidh siad forálacha a bhaineann le ról agus le hinniúlacht na Gníomhaireachta a áireamh, go háirithe forálacha a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill de chuid na foirne arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht le linn na gcomhoibríochtaí nó na dtionscadal píolóta dá dtagraítear in Airteagal 3.

8.   Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo faoi réir thuairim a fháil ón gCoimisiún roimh ré agus cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán i leith na ngníomhaíochtaí sin a luaithe agus is féidir.

(*7)  IO L 64, 2.3.2004, lch. 1.”;"

(20)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.”;

(21)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 15a

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát ina bhfuil a suíomh Comhaontú maidir le Ceanncheathrú a thabhairt i gcrích, tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta lena mbunaítear na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sa Bhallstát sin agus maidir leis na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus le daoine dá dteaghlach. Tabharfar an Comhaontú maidir le Ceanncheathrú i gcrích tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil. Ba cheart don Bhallstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta na dálaí is fearr agus is féidir a sholáthar chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirithítear scolaíocht ilteangach, atá dírithe ar an Eoraip, agus naisc iompair iomchuí.”;

(22)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun Airteagal 3b(5) a chur chun feidhme, ní fhéadfar a ainmniú mar oifigeach comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 8g ach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta atá faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh nó faoi réir Theideal II de Choinníollacha fostaíochta sheirbhísígh eile an Aontais Eorpaigh. Chun Airteagal 3b(3) a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach saineolaithe náisiúnta atá fostaithe sa Ghníomhaireacht ar iasacht ón mBallstát a ainmniú le ceangailt leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann. Ainmneoidh an Ghníomhaireacht na saineolaithe náisiúnta sin a bheidh ar ceangal leis na Foirne Eorpacha Gardaí Teorann i gcomhréir leis an Airteagal sin.”;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme is gá i gcomhaontú leis an gCoimisiún, de bhun Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a chur ar iasacht don Ghníomhaireacht. Tabharfar aird leis na forálacha sin ar cheanglais Airteagal 3b(3), go háirithe an ní go measfar gur aoi-oifigigh iad agus go bhfuil na cúraimí agus na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu. Áireofar leo sin forálacha maidir le coinníollacha imscartha.”;

(23)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a bhunú agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh, go háirithe an plean beartais foirne ilbhliantúil. I gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais i gcomhair na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (*8), déanfar an plean ilbhliantúil beartais foirne a thíolacadh don Choimisiún agus don údarás buiséadach tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún;

(*8)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.”;"

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(i)

plean ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, arb í is aidhm leis an bplean ná léargas a thabhairt ar straitéis fhadtéarmach amach anseo maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige le forbairt ar bhainistiú oibríochtúil na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde dá bhforáiltear in Airteagal 6.”;

(24)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

“Déanfar na téarmaí oifige a fhadú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Beidh ionadaí amháin agus malartach amháin ag ceachtar acu ar an mBord Bainistíochta. Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, forbraíodh socruithe lena sonraítear cineál rannpháirtíochta, an méid rannpháirtíochta, agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh rannpháirtíochta ag na tíortha sin i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.”;

(25)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú ar an tslí ina bhfuil a chuid nó a cuid cúraimí á chur i gcrích, go háirithe maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Chearta Bunúsacha agus faireachán a dhéanamh ar an straitéis sin, le tuarascáil ghinearálta na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin, an clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin agus plean ilbhliantúil na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 20(2).”;

(b)

i mír 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(g)

cur chun feidhme na pleananna oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3a agus Airteagal 8e a áirithiú.”;

(26)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Article 26a

An Straitéis um Chearta Bunúsacha

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a Straitéis um Chearta Bunúsacha a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sásra éifeachtach a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh i leith urraim ceart bunúsach i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Fóram Comhairliúcháin a bhunú chun cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an mBord Bainistíochta i gcúrsaí a bhaineann le cearta bunúsacha. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh don Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, d'Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus d'eagraíochtaí ábhartha eile a bheith rannpháirteach san Fhóram Comhairliúcháin. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh comhdhéanamh agus modhanna oibre an Fhóraim Chomhairliúcháin agus i dtaobh modhanna i dtaca le faisnéis a tharchur chuig an bhFóram Comhairliúcháin.

Rachfar i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Straitéis um Chearta Bunúsacha, ar an gCód Iompraíochta agus ar lárchuraclaim choiteanna, agus maidir le cur chun feidhme na nithe sin.

Déanfaidh an Fóram Comhairliúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

3.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú agus beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá ag an nOifigeach sin sa réimse um chearta bunúsacha. Beidh sé nó sí neamhspleách agus a chuid nó a cuid dualgas mar Oifigeach um Chearta Bunúsacha á gcomhlíonadh agus tuairisceoidh sé nó sí go díreach chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an bhFóram Comhairliúcháin. Déanfaidh sé nó sí an tuairisciú ar bhonn rialta agus, ar an tslí sin, rannchuideoidh sé nó sí leis an sásra le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha.

4.   Beidh rochtain ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus ag an bhFóram Comhairliúcháin ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann le hurraim ceart bunúsach i ndáil le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.”;

(27)

in Airteagal 33, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“2a.   Sa chéad mheasúnú tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (*9) déanfar anailís freisin ar an ngá atá ann le tuilleadh comhardaithe mhéadaithe ar bhainistiú theorainneacha seachtracha na mBallstát, lena n-áirítear an bhféadfaí córas Eorpach gardaí teorann a chruthú.

2b.   Beidh anailís shonrach ar áireamh sa mheastóireacht ar an tslí inar ndearnadh an Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(*9)  IO L 304, 22.11.2011, lch. 1.”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 162.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2011.

(3)  IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

(4)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 30.

(5)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(6)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(10)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(15)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(16)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.


22.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1169/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí na bearta a ghlacann sé de bhun Airteagal 114 de.

(2)

Is gné shár-riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuirtear go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha dá barr.

(3)

Chun ardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun a gceart chun faisnéise a ráthú, ba cheart a áirithiú go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go cuí maidir leis an mbia a chaitheann siad. Is féidir tionchar a bheith ag, inter alia, dálaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla ar na roghanna a dhéanann tomhaltóirí.

(4)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí um bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (3), foráiltear gur prionsabal ginearálta de dhlí um bia é bunús a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia a chaitheann siad agus chun cosc a chur ar aon chleachtas lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur ar míthreoir.

(5)

Le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó-go-tomhaltóir sa mhargadh inmheánach (4), cumhdaítear gnéithe áirithe soláthair faisnéise do thomhaltóirí chun cosc a chur go sonrach ar ghníomhaíochtaí míthreoracha agus ar easnaimh faisnéise. Ba cheart go ndéanfaí na prionsabail ghinearálta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a chomhlánú le rialacha sonracha a bhaineann le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí.

(6)

Leagtar síos rialacha an Aontais maidir le lipéadú bia atá infheidhme maidir le gach bia i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht earraí bia (5). Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1978, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Le Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 um lipéadú cothúcháin ar earraí bia (6), leagtar síos rialacha maidir le hinneachar agus le cur i láthair faisnéise cothúcháin ar bhianna réamhphacáilte. De réir na rialacha sin, is go saorálach a dhéanfar faisnéis chothúcháin a áireamh mura rud é go ndéantar maíomh cothúcháin i dtaca leis an mbia. Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1990, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Comhlánaítear na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú le roinnt forálacha atá infheidhme maidir le gach bia in imthosca áirithe nó maidir le catagóirí áirithe bianna. Ina theannta sin, tá roinnt rialacha sonracha ann atá infheidhme maidir le bianna sonracha.

(9)

Cé go bhfuil cuspóirí bunaidh agus príomhghnéithe na reachtaíochta maidir le lipéadú fós bailí, is gá an reachtaíocht sin a shruthlíniú chun comhlíonadh níos éasca, agus soiléireacht níos fearr a áirithiú do gheallsealbhóirí agus is gá í a nuachóiriú chun forbairtí nua i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh. Rachaidh an Rialachán seo chun leasa an mhargaidh inmheánaigh, tríd an dlí a shimpliú, an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, agus chomh maith leis sin rachaidh sé chun tairbhe na saoránach trína cheangal go ndéanfar bianna a lipéadú ar mhodh soiléir, intuigthe agus soléite.

(10)

Tá leas an phobail i gcoitinne i gceist sa ghaolmhaireacht atá ann idir réim bia agus sláinte agus i rogha na réime bia iomchuí chun freastal ar riachtanais aonair an duine. Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2007 maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht (an “Páipéar Bán ón gCoimisiún”), tugadh faoi deara gur modh tábhachtach é an lipéadú cothúcháin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le comhdhéanamh bianna agus chun cuidiú leo rogha eolasach a dhéanamh. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2007 dar teideal “Straitéis an AE um beartas tomhaltóirí 2007-2013 – Tomhaltóirí a chumasú, leas tomhaltóirí a fheabhsú, agus tomhaltóirí a chosaint go héifeachtach” leagtar béim ar a shár-riachtanaí atá sé, ó thaobh na hiomaíochta éifeachtaí agus ó thaobh leas na dtomhaltóirí de araon, tomhaltóirí a chumasú chun rogha eolasach a dhéanamh. Le heolas ar bhunphrionsabail an chothaithe agus le faisnéis chothúcháin iomchuí a bheith ar bhianna, rannchuideofaí go mór le cur ar chumas an tomhaltóra rogha eolasach den sórt sin a dhéanamh. Is sásra tábhachtach iad feachtais oideachais agus faisnéise chun feabhas a chur ar thuiscint na dtomhaltóirí ar fhaisnéis bhia.

(11)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus forfheidhmiú réasúnach agus comhréireach a áirithiú, is iomchuí Treoir 90/496/CEE agus Treoir 2000/13/CE a aisghairm agus Rialachán amháin a chur ina n-ionad lena n-áiritheofar deimhneacht do thomhaltóirí agus do na geallsealbhóirí eile agus lena laghdófar an t-ualach riaracháin.

(12)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí gníomhartha cothrománacha eile a aisghairm agus a áireamh sa Rialachán seo, eadhon Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 1987 maidir leis an neart alcóil de réir toirte a léiriú ar an lipéadú ar dheochanna alcólacha atá ar díol leis an tomhaltóir deiridh (7), Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún an 8 Márta 1999 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe ar fhorálacha Airteagal 7 de Threoir 79/112/CEE ón gComhairle maidir le lipéadú ar earraí bia (8), Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú ar earraí bia a bhfuil quinín iontu, agus ar earraí bia a bhfuil caiféin iontu (9), Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún an 31 Márta 2004 maidir le lipéadú ar bhianna agus ar chomhábhair bhia le fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil agus/nó eistir fíteastanóil bhreise (10) agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2008 maidir leis an sainordú go ndéanfar sonraí seachas na sonraí dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú ar an lipéadú ar earraí bia (11).

(13)

Is gá sainmhínithe, prionsabail, ceanglais agus nósanna imeachta comhchoiteanna a shocrú ionas go ndéanfar creat soiléir agus bonn comhchoiteann a leagan amach do bhearta an Aontais agus do bhearta náisiúnta lena rialaítear faisnéis bhia.

(14)

Chun cur chuige cuimsitheach, éabhlóideach a leanúint maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do thomhaltóirí maidir leis an mbia a chaitheann siad, ba cheart sainmhíniú leathan a bheith ann ar dhlí um fhaisnéis bhia, ar sainmhíniú é lena gclúdófaí rialacha de chineál ginearálta agus de chineál sonrach, mar aon le sainmhíniú leathan ar fhaisnéis bhia lena gclúdófaí freisin an fhaisnéis a sholáthraítear trí mhodhanna eile seachas an lipéad.

(15)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Aontais ach amháin maidir le gnóthais, ar eintitis iad de réir a gcoincheapa a bhfuil sé intuigthe ina leith go ngabhann leanúnachas áirithe ó thaobh gníomhaíochtaí de agus leibhéal áirithe eagrúcháin leo. Níor cheart go dtiocfadh oibríochtaí amhail bia a láimhseáil agus a sheachadadh ar bhonn ócáideach, béilí a riar agus bia a dhíol ag daoine príobháideacha, mar shampla ag ócáidí carthanais, nó ag aontaí agus cruinnithe áitiúla sa phobal faoi réim feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart go ndéanfaí dóthain solúbthachta a sholáthar le dlí um fhaisnéis bhia chun go mbeifí in ann coimeád cothrom le dáta leis na riachtanais nua atá ag tomhaltóirí maidir le faisnéis agus chun go n-áiritheofaí cothromaíocht idir cosaint an mhargaidh inmheánaigh agus na difríochtaí i leith léargas tomhaltóirí sna Ballstáit.

(17)

Ba cheart go gceanglófaí faisnéis shainordaitheach bhia ar an ábhar, go príomha, go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí bia ar leith a shainaithint agus a úsáid go hiomchuí agus roghanna a dhéanamh a bheidh oiriúnach dá riachtanais cothaithe féin. Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí gnó bia le hinrochtaineacht na faisnéise sin don lucht lagamhairc.

(18)

Chun go mbeifear in ann dlí um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha tomhaltóirí maidir leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad, ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin, agus an gá atá le faisnéis shainordaitheach bhia á mheas, go bhfuil sé léirithe go forleathan gur mian le tromlach mór tomhaltóirí go nochtfaí faisnéis áirithe.

(19)

Níor cheart ceanglais shainordaitheacha nua a bhunú maidir le faisnéis bhia, áfach, ach amháin más gá sin agus i gcás inar gá sin, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na hinbhuaine.

(20)

Le dlí um fhaisnéis bhia, ba cheart go gcuirfí toirmeasc ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuirfeadh an tomhaltóir ar míthreoir go háirithe faisnéis maidir le saintréithe an bhia, iarmhairtí nó airíonna an bhia, nó faisnéis lena gcuirfi airíonna leigheasacha i leith bianna. Chun bheith éifeachtach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le fógraíocht agus cur i láthair bianna.

(21)

Chun cosc a chur ar ilroinnt na rialacha a bhaineann le freagracht oibreoirí gnó bia maidir le faisnéis bhia, is iomchuí freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia sa réimse seo a shoiléiriú. Ba cheart go mbeadh an soiléiriú sin i gcomhréir leis na freagrachtaí, maidir leis an tomhaltóir, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(22)

Ba cheart liosta a tharraingt suas den fhaisnéis shainordaitheach go léir ba cheart a sholáthar i bprionsabal i gcás gach bia a bheartaítear don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis a cheanglaítear cheana féin faoi reachtaíocht Aontais atá ann cheana a choinneáil sa liosta sin ós rud é go meastar ina leith i gcoitinne gur acquis luachmhar é i ndáil le faisnéis tomhaltóirí.

(23)

Chun athruithe agus forbairtí i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh, ba cheart a fhoráil go gcumhachtófaí don Choimisiún a chumasú maidir le sonraí áirithe a chur ar fáil trí mhodhanna malartacha. Trí dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí, ba cheart go mbeadh sé níos éasca athruithe tráthúla agus dea-roghnaithe a dhéanamh ar cheanglais maidir le faisnéis bhia.

(24)

Nuair a úsáidtear comhábhair áirithe nó substaintí nó táirgí áirithe eile (amhail áiseanna próiseála) chun bianna a tháirgeadh agus nuair atá na nithe sin fós sna bianna sin, is féidir leo a bheith ina gcúis le hailléirgí nó le héadulaingtí i ndaoine áirithe, agus d’fhéadfadh roinnt de na hailléirgí nó de na héadulaingtí sin sláinte na ndaoine lena mbaineann a chur i mbaol. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faisnéis faoi bhreiseáin bhia, faoi áiseanna próiseála agus faoi shubstaintí nó táirgí eile a bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch go bhfuil iarmhairtí ailléirgeacha nó éadulaingte acu agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó éadulaingtí chun a chumasú do thomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil ailléirgí nó éadulaingtí bia orthu, roghanna eolasacha a dhéanamh atá sábháilte dóibh.

(25)

Chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu i mbia, is iomchuí foráil a dhéanamh do shainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu. Á chur san áireamh go bhféadfadh sé gur bia núíosach atá i mbia ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu nó atá déanta as nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, ba cheart an creat reachtach iomchuí don sainmhíniú sin a bhreithniú i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bhianna núíosacha (12).

(26)

Ba cheart go mbeadh lipéid bia soiléir agus intuigthe chun cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí a dteastaíonn uathu roghanna bia agus cothaithe níos eolasaí a dhéanamh. Léirítear i staidéir gur eilimint thábhachtach í inléiteacht go héasca chun gur mó an seans go rachaidh an fhaisnéis lipéadaithe i gcion ar lucht a léite agus go bhfuil faisnéis táirge nach bhfuil inléite ar cheann de na príomhchúiseanna le míshástacht i measc na dtomhaltóirí maidir le lipéid bhia. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige cuimsitheach a fhorbairt chun gach gné a bhaineann le hinléiteacht a chur san áireamh, lena n-áirítear cló, dath agus codarsnacht.

(27)

Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis bhia, ní mór féachaint ar na bealaí go léir ina soláthraítear bia do thomhaltóirí, lena n-áirítear bia a dhíol trí chianchumarsáid. Cé go bhfuil sé soiléir gur cheart go gcomhlíonfadh aon bhia a sholáthraítear trí chiandíol na ceanglais chéanna faisnéise a chomhlíonann bia a dhíoltar sna siopaí, is gá a shoiléiriú gur cheart i gcásanna den sórt sin go mbeadh an fhaisnéis ábhartha shainordaitheach bhia ar fáil freisin sula gcuirfí an ceannach i gcrích.

(28)

Tá forbairt shuntasach tagtha le blianta anuas ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun bianna a reo agus úsáidtear na teicneolaíochtaí seo go forleathan anois chun feabhas a chur ar chúrsaíocht earraí i margadh inmheánach an Aontais agus chun na rioscaí maidir le sábháilteacht bia a laghdú. Cuireann reo agus dí-reo ina dhiaidh sin ar earraí bia áirithe, go háirithe táirgí feola agus iascaigh, teorainn le haon úsáid bhreise eile a d’fhéadfaí a bhaint astu, áfach, agus d’fhéadfadh siad éifeacht a bheith acu freisin ar a sábháilteacht, ar a mblas agus ar a gcáilíocht fhisiceach. Os a choinne sin, i gcás táirgí eile, go háirithe im, ní bhíonn na héifeachtaí sin ag an reo. Dá bhrí sin, i gcás táirge a bheith dí-reoite, ba cheart an tomhaltóir deiridh a bheith curtha ar an eolas go hiomchuí i dtaca le dáil an táirge sin.

(29)

Ba cheart go ndéanfaí léiriú maidir le tír thionscnaimh bia áirithe nó bunáitíocht bhia áirithe a sholáthar aon uair is dóigh go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir, d’uireasa na faisnéise sin, i dtaca le fíorthír thionscnaimh nó le fíorbhunáitíocht an táirge sin. I ngach cás eile, ba cheart léiriú maidir le tír thionscnaimh nó bunáitíocht a sholáthar ar bhealach nach meabhlófaí an tomhaltóir agus ar bhonn critéar arna sainiú go soiléir agus lena n-áiritheofaí machaire réidh don tionscal agus lena bhfeabhsófaí an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a bhaineann le tír thionscnaimh bia áirithe nó le bunáitíocht bhia áirithe. Níor cheart go mbeadh feidhm ag na critéir sin maidir le léirithe a bhaineann le hainm nó le seoladh an oibreora gnó bia.

(30)

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh fonn ar oibreoirí gnó bia ionad tionscnaimh bia a léiriú ar bhonn saorálach chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar cháilíochtaí a dtáirge. Ba cheart go gcomhlíonfaí le léirithe den sórt sin critéir chomhchuibhithe freisin.

(31)

Mar thoradh ar ghéarchéim na heinceifileapaite spúinsí bólachta, tá an léiriú ar an ionad tionscnaimh sainordaitheach faoi láthair san Aontas i gcás mairteola agus táirgí mairteola (13) agus cruthaíodh ionchais dá bharr sin ar thaobh na dtomhaltóirí. Daingnítear leis an measúnacht tionchair ón gCoimisiún gur dealraitheach gurb é tionscnamh na feola an t-ábhar is mó cúram do thomhaltóirí. Caitear feolta eile go forleathan san Aontas, amhail muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil. Is iomchuí, dá bhrí sin, an dearbhú sainordaitheach maidir le tionscnamh a fhorchur i leith na dtáirgí sin. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir na ceanglais shonracha maidir le hionad tionscnaimh cineálacha éagsúla feola de réir shaintréithe speiceas an ainmhí. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bunú ceanglas sainordaitheach trí rialacha cur chun feidhme, ar ceanglais iad a d’fhéadfadh a bheith éagsúil lena chéile ag brath ar an gcineál feola atá i gceist, agus prionsabal na comhréireachta agus an t-ualach riaracháin a bheadh ar oibreoirí gnó bia agus ar údaráis forfheidhmiúcháin á gcur san áireamh.

(32)

Forbraíodh forálacha sainordaitheacha i leith ionad tionscnaimh ar bhonn cur chuige ceartingearach a rinneadh mar shampla i gcás meala (14), torthaí agus glasraí (15), éisc (16), mairteola agus táirgí mairteola (17) agus ola olóige (18). Tá gá le fiosrú a dhéanamh i dtaobh arbh fhéidir lipéadú sainordaitheach maidir le hionad tionscnaimh a leathnú chuig lipéadú le haghaidh bianna eile. Dá bhrí sin, is iomchuí a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a ullmhú lena gcumhdófar na hearraí bia seo a leanas: saghsanna eile feola seachas mairteoil, muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil; bainne; bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu; agus comhábhair as a ndéantar os cionn 50 % de bhia áirithe. Ós rud é go bhfuil bainne i measc na dtáirgí a meastar ina leith go bhfuil spéis faoi leith ag baint le léiriú a ionaid tionscnaimh, ba cheart go gcuirfí tuarascáil an Choimisiúin i dtaca leis an táirge sin ar fáil a luaithe agus is féidir. Ar bhonn chonclúidí tuarascálacha den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú nó féadfaidh sé dul i mbun tionscnamh nua, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn earnála.

(33)

Déantar rialacha neamhfhabhracha an Aontais maidir le hionad tionscnaimh a leagan síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (19) agus déantar na forálacha cur chun feidhme a bhaineann leis na rialacha sin a leagan síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (20). Cinnfear tír thionscnaimh bianna ar bhonn na rialacha sin, ar rialacha iad a bhfuil eolas maith ag oibreoirí gnó bia agus ag córais riaracháin orthu, agus ba cheart go n-éascódh sé sin iad a cur chun feidhme.

(34)

Baineann an dearbhú cothúcháin ar bhia le faisnéis maidir le fuinneamh agus le cothaithigh áirithe a bheith i mbianna. Maidir le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin ar phacáistiú, ba cheart go gcuideodh sé le gníomhaíochtaí cothaitheacha atá mar chuid de bheartais sláinte poiblí a d’fhéadfadh moltaí eolaíocha a thabhairt le haghaidh oideachas cothúcháin i gcomhair an phobail agus go dtacódh sé le roghanna eolasacha a dhéanamh i dtaobh bia.

(35)

Chun comparáid idir táirgí atá i bpacáistí de mhéideanna éagsúla a éascú, is iomchuí go gcoinneofaí an ceanglas go ndéanfadh an dearbhú sainordaitheach cothúcháin tagairt do mhéideanna 100 g nó 100 ml agus, más iomchuí, cead a thabhairt dearbhuithe breise, atá bunaithe ar chuid, a dhéanamh. Dá bhrí sin, i gcás bia a bheith réamhphacáilte agus codanna aonair nó aonaid tomhaltais a bheith sainaitheanta, ba cheart dearbhú cothúcháin de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais, de bhreis ar an sloinneadh de réir 100 g nó de réir 100 ml, a cheadú. Ina theannta sin, chun comparáidí a bhaineann le codanna nó aonaid tomhaltas a sholáthar, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún rialacha a ghlacadh maidir leis an gcaoi a scríobhtar an dearbhú cothúcháin de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais i leith catagóirí sonracha bia.

(36)

Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún, leagadh béim ar eilimintí áirithe cothaitheacha atá tábhachtach do shláinte an phobail amhail saill sháithithe, siúcraí nó sóidiam. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí eilimintí den sórt sin a chur san áireamh sna ceanglais a bhaineann le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin.

(37)

Ós rud é gurb é ceann amháin de na cuspóirí atá ag an Rialachán seo bunús a sholáthar don tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh, tá sé tábhachtach a áirithiú i ndáil leis sin go dtuigfidh an tomhaltóir deiridh go héasca an fhaisnéis a sholáthraítear ar an lipéadú. Dá bhrí sin, is iomchuí an téarma “salann” a úsáid ar an lipéadú in ionad théarma comhfhreagrach an chothaithigh, “sóidiam”.

(38)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas dhlí an Aontais, maidir le maímh chothúcháin nó shláinte a chuirtear ar lipéid bhia ar bhonn saorálach, ba cheart go mbeidís i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna (21).

(39)

Chun go seachnófar ualaí neamhriachtanacha ar oibreoirí gnó bia, is iomchuí go ndéanfaí catagóirí áirithe bianna neamhphróiseáilte nó catagóirí áirithe bianna, ar ina leith nach toisc bhunúsach í an fhaisnéis chothúcháin ó thaobh chinntí ceannaigh na dtomhaltóirí, nó a bhfuil an pacáistiú orthu róbheag do na ceanglais shainordaitheacha lipéadaithe, a dhíolmhú ón bhforáil shainordaitheach go ndéanfar dearbhú cothúcháin a áireamh, mura rud é go ndéantar foráil faoi rialacha eile de chuid an Aontais d’oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis sin a sholáthar.

(40)

Agus cineál sonrach deochanna alcólacha á chur san áireamh, is iomchuí a iarraidh ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh na n-earraí sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, agus an gá atá ann le comhleanúnachas le beartais ábhartha eile an Aontais a áirithiú á chur san áireamh aige, tuarascáil a dhéanamh laistigh de thrí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas i dtaca le faisnéis a sholáthar i ndáil le comhábhair agus faisnéis chothúcháin ar dheochanna alcólacha. Ina theannta sin, agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh chun tacú le Ballstáit díobháil alcól-ghaolmhar a laghdú (22), tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (23), obair an Choimisiúin, agus an imní atá ar an bpobal i gcoitinne faoi dhíobháil alcól-ghaolmhar go háirithe do thomhaltóirí óga agus leochaileacha á chur san áireamh aige, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis na Ballstáit, an gá atá le sainmhíniú ar dheochanna amhail “mianraí meisciúla” ar deochanna iad atá dírithe go sonrach ar dhaoine óga a bhreithniú. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a bhaineann le deochanna alcólacha a mholadh freisin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(41)

Chun bheith tarraingteach don ghnáth-thomhaltóir agus chun fónamh don chríoch fhaisnéisiúil dá bhfuil sí á tabhairt isteach agus i bhfianaise an leibhéil reatha eolais maidir le cothúchán, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis chothúcháin a sholáthraítear simplí agus sothuigthe. D’fhéadfadh go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí má tá cuid den fhaisnéis chothúcháin sa phríomhréimse radhairc, ar a dtugtar “aghaidh an phacáiste” de ghnáth, agus cuid di ar an taobh eile den phacáiste, mar shampla “cúl an phacáiste”. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an dearbhú cothúcháin sa réimse céanna radhairc. Ina theannta sin féadfar, ar bhonn saorálach, na heilimintí is tábhachtaí den fhaisnéis chothúcháin a athrá sa phríomhréimse radhairc, sa chaoi is go bhfeicfidh tomhaltóirí an fhaisnéis riachtanach chothúcháin go héasca agus bianna á gceannach acu. D’fhéadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí dá mbeadh rogha shaor ann maidir leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a athrá. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú cén fhaisnéis a fhéadfar a athrá.

(42)

Chun oibreoirí gnó bia a spreagadh chun an fhaisnéis atá sa dearbhú cothúcháin i gcomhair bianna amhail deochanna alcólacha agus bianna neamh-réamhphacáilte, ar bianna iad a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe ón dearbhú cothúcháin, a sholáthar ar bhonn saorálach, ba cheart an rogha a thabhairt dóibh gan ach eilimintí teoranta den dearbhú cothúcháin a dhearbhú. Mar sin féin, is iomchuí a chinneadh go soiléir cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar ar bhonn saorálach chun nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir de bharr rogha shaor an oibreora gnó bia.

(43)

Tá forbairt déanta le déanaí maidir leis an gcaoi a ndéanann roinnt Ballstát agus roinnt eagraíochtaí in earnáil an bhia an dearbhú cothúcháin a shloinneadh, is é sin seachas sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh in aghaidh an 100 g, in aghaidh an 100 ml nó in aghaidh na coda, trí fhoirmeacha grafacha nó trí shiombailí a úsáid. D’fhéadfadh sé go gcabhródh na bealaí breise sin maidir le sloinneadh agus cur i láthair le tomhaltóirí an dearbhú cothúcháin a thuiscint níos fearr. Níl dóthain fianaise ann, áfach, ar fud an Aontais faoin gcaoi a dtuigeann agus a n-úsáideann an gnáth-thomhaltóir na bealaí malartacha maidir le sloinneadh nó cur i láthair na faisnéise. Dá bhrí sin, is iomchuí go lámhálfaí bealaí éagsúla a fhorbairt maidir le sloinneadh agus cur i láthair, ar bealaí iad a fhorbrófar ar bhonn critéar a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i ndáil le húsáid na mbealaí sin maidir le le sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh, i ndáil leis an éifeacht atá acu ar an margadh inmheánach, agus i ndáil lena inmhianaithe atá sé iad a chomhchuibhiú tuilleadh.

(44)

Chun cuidiú leis an gCoimisiún an tuarascáil sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún faoi úsáid na mbealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin ar an margadh ina gcríoch. Chun déanamh amhlaidh, ba cheart go gcumhachtófaí do na Ballstáit a iarraidh ar na hoibreoirí gnó bia a bhfuil bianna á gcur ar an margadh acu ina gcríoch, ar bianna iad a bhfuil bealaí breise orthu maidir le sloinneadh nó cur i láthair, fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta faoi úsáid na mbealaí breise den chineál sin agus faoi na fírinnithe ábhartha maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo.

(45)

Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí leibhéal áirithe comhsheasmhachta a áirithiú maidir le forbairt bealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin. Is iomchuí dá bhrí sin go ndéanfaí malartú agus roinnt na ndea-chleachtas agus na taithí ar bhonn leanúnach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a chur chun cinn agus go ndéanfaí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a chur chun cinn maidir leis na malartuithe sin.

(46)

Maidir le dearbhú mhéideanna na n-eilimintí cothaitheacha agus táscairí comparáideacha i bhfoirm atá so-aitheanta a chur sa réimse céanna radhairc i bhfoirm atá so-aitheanta sa chaoi go mbeifear in ann airíonna cothaitheacha an bhia a mheasúnú, ba cheart go mbreithneofaí an méid sin ina iomláine mar chuid den dearbhú cothúcháin agus níor cheart déileáil leis mar ghrúpa maíomh aonair.

(47)

Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go dtarlaíonn sé ina lán cásanna go dtugtar an fhaisnéis shaorálach bhia ar shlí a théann chun dochar do shoiléireacht na faisnéise sainordaithí bia. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a sholáthar chun cabhrú le hoibreoirí gnó bia agus le húdaráis forfheidhmiúcháin cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar faisnéise sainordaithí bia agus soláthar faisnéise saorálaí bia.

(48)

Ba cheart go gcoimeádfadh Ballstáit an ceart chun rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a sholáthar a bhaineann le bianna neamh-réamhphacáilte ach sin ag brath ar na coinníollacha praiticiúla áitiúla agus ar na dálaí praiticiúla áitiúla. Cé go bhfuil éileamh tomhaltóirí ar fhaisnéis eile teoranta i gcásanna den sórt sin, meastar gur faisnéis an-tábhachtach í an fhaisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint gur féidir an chuid is mó de na teagmhais ailléirge bia a rianú siar go bia neamh-réamhphacáilte. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann a sholáthar don tomhaltóir i gcónaí.

(49)

Níor cheart go mbeadh Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, mura rud é go n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh le dlí Aontais. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh i ndáil le hábhair nach ndéantar a chomhchuibhiú go sonrach sa Rialachán seo. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh na bearta náisiúnta sin cosc, bac ná srian le saorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(50)

Tá tomhaltóirí an Aontais ag léiriú níos mó spéise i gcur chun feidhme rialacha leasa ainmhithe an Aontais ag tráth a maraithe, lena n-áirítear cibé a ndearnadh an t-ainmhí a stiúdadh sular maraíodh é. Ina leith sin, ba cheart, i gcomhthéacs straitéis de chuid an Aontais amach anseo maidir le cosaint agus leas ainmhithe, go mbreithneofaí staidéar a dhéanamh faoi an bhféadfaí an fhaisnéis ábhartha ar stiúdadh ainmhithe a thabhairt do thomhaltóirí.

(51)

Ba cheart go bhféadfaí na rialacha um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do thimpeallacht shóisialta, eacnamaíoch agus theicneolaíoch atá ag athrú go tapa.

(52)

Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh rialacha dlí um beatha agus bia, agus comhlíonadh rialacha um shláinte ainmhithe agus rialacha um leas ainmhithe a fhíorú (24).

(53)

Ba cheart tagairtí do Threoir 90/496/CEE i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bianna (25) a thabhairt cothrom le dáta le go gcuirfí an Rialachán seo san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir.

(54)

Dá ndéanfaí na ceanglais maidir le faisnéis bhia a thabhairt cothrom le dáta go neamhrialta agus go minic, d’fhéadfadh sé go gcuirfí ualaí suntasacha riaracháin ar ghnóthaí bia go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go mbeidh feidhm, tar éis idirthréimhse iomchuí, ar an lá céanna in aon bhliain féilire, ag na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh le linn na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú. Ba cheart maoluithe ar an bprionsabal sin a cheadú i gcásanna práinne, nuair is é is cuspóir do na bearta lena mbaineann ná sláinte an duine a chosaint.

(55)

Chun a chumasú d’oibreoirí gnó bia lipéadú a dtáirgí a chur in oiriúint do na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go ndéanfaí foráil maidir le hidirthréimhsí iomchuí i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(56)

I bhfianaise na n-athruithe suntasacha, atá á dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, ar na ceanglais a bhaineann le lipéadú cothúcháin, go háirithe athruithe i ndáil le hinneachar an dearbhaithe cothúcháin, is iomchuí a údarú d’oibreoirí gnó bia gníomhú in oirchill ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(57)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus, gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(58)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas, inter alia, infhaighteacht sonraí sainordaitheacha áirithe ar mhodh seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad, liosta na mbianna nach gceanglaítear liosta comhábhar a thaispeáint orthu, athscrúdú a dhéanamh ar an liosta substaintí nó táirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí, nó liosta na gcothaitheach a bhféadfar dearbhú a dhéanamh ar bhonn saorálach ina dtaobh. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(59)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, inter alia, i ndáil leis na modhanna chun sonra amháin nó níos mó a shloinneadh trí phicteagraim nó trí shiombailí in ionad trí fhocail nó trí uimhreacha, i ndáil leis an gcaoi a sonrófaí an dáta íosmharthanachta, i ndáil leis an gcaoi a sonrófaí an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht i gcás feola, i ndáil le beachtas na luachanna dearbhaithe don dearbhú cothúcháin, nó i ndáil le sloinneadh an dearbhaithe cothúcháin in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (26),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, déantar an bunús a sholáthar chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus na difríochtaí i dtaca le brath tomhaltóirí, agus riachtanas faisnéise tomhaltóirí, á gcur san áireamh ach feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna.

2.   Leis an Rialachán seo bunaítear na prionsabail, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta lena rialaítear faisnéis bhia, agus lipéadú bia go háirithe. Leagtar síos leis na modhanna chun an ceart chun faisnéise atá ag tomhaltóirí a ráthú, na nósanna imeachta chun faisnéis bhia a sholáthar, agus an gá atá le solúbthacht leordhóthanach a sholáthar chun freagairt ar fhorbairtí amach anseo agus ar cheanglais nua faisnéise á chur san áireamh.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí gnó bia ag gach céim den bhiashlabhra, i gcás ina mbaineann a ngníomhaíochtaí le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí. Beidh feidhm aige maidir leis na bianna go léir a bheartaítear a sholáthar don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear bianna a dhéanann oll-lónadóirí a sheachadadh agus bianna a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i ndáil le seirbhísí lónadóireachta a chuireann gnóthais iompair ar fáil nuair a dhéantar an t-imeacht ar chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le bianna áirithe.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

na sainmhínithe ar “bia”, “dlí um bia”, “gnó bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol”, “cur ar an margadh” agus “tomhaltóir deiridh” atá in Airteagal 2 agus i bpointí (1), (2), (3), (7), (8) agus (18) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b)

na sainmhínithe ar “próiseáil”, “táirgí neamhphróiseáilte” agus “táirgí próiseáilte” i bpointe (m), i bpointe (n) agus i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (27);

(c)

an sainmhíniú ar “einsím bia” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (28);

(d)

na sainmhínithe ar “breiseán bia”, “áis phróiseála” agus “iompróir” i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (29);

(e)

an sainmhíniú ar “blastáin” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (30);

(f)

na sainmhínithe ar “feoil”, “feoil inneall-scartha”, “ullmhóidí feola”, “táirgí iascaigh” agus “táirgí feola” i bpointí 1.1, 1.14, 1.15, 3.1 agus 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (31);

(g)

an sainmhíniú “fógraíocht” i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht atá míthreorach agus comparáideach (32).

2.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “faisnéis bhia” an fhaisnéis a bhaineann le bia agus a sholáthraítear don tomhaltóir deiridh trí bhíthin lipéid, trí bhíthin aon ábhair eile a ghabhann leis an mbia, nó trí aon mhodh eile lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha nó cumarsáid ó bhéal;

(b)

ciallaíonn “dlí um fhaisnéis bhia” forálacha an Aontais lena rialaítear an fhaisnéis bhia, agus go háirithe lipéadú, lena n-áirítear rialacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach bia in imthosca faoi leith nó maidir le catagóirí áirithe bianna agus catagóirí áirithe rialacha nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le bianna sonracha;

(c)

ciallaíonn “faisnéis shainordaitheach bhia” na sonraí a gceanglaítear, le forálacha Aontais, go soláthrófar iad don tomhaltóir deiridh;

(d)

ciallaíonn “oll-lónadóir” aon bhunaíocht (lena n-áirítear feithicil nó stainnín seasta nó stainnín soghluaiste), amhail bialanna, ceaintíní, scoileanna, ospidéil agus gnóthais lónadóireachta, ina n-ullmhaítear bia, i gcúrsa gnó, lena chaitheamh ag an tomhaltóir deiridh;

(e)

ciallaíonn “bia réamhphacáilte” aon ní amháin atá le cur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí, arb éard atá ann an bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht an bia a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdaítear le “bia réamhphacáilte” bianna a dhéantar a phacáil sa díolphointe arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dírigh;

(f)

ciallaíonn “comhábhar” aon substaint nó táirge, lena n-áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhchuid de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair;

(g)

ciallaíonn “an bhunáitíocht” aon áit a léirítear ina leith gurb aisti an bia agus nach í “an tír thionscnaimh” í mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92; ní hionann ainm, ainm gnó nó seoladh an oibreora gnó bia a bheith ar an lipéad agus léiriú ar thír thionscnaimh nó ar bhunáitíocht an bhia de réir bhrí an Rialacháin seo;

(h)

ciallaíonn “comhábhar cumaisc” comhábhar ar táirge é féin de níos mó ná comhábhar amháin;

(i)

ciallaíonn “lipéad” aon chlib, aon bhranda, aon mharc, aon ábhar pictiúrtha nó aon ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;

(j)

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocail, aon sonraí, aon trádmharcanna, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann le bia den sórt sin nó trína ndéantar tagairt dó;

(k)

ciallaíonn “réimse radhairc” gach dromchla den phacáiste is féidir a léamh ó phointe radhairc amháin;

(l)

ciallaíonn “príomhréimse radhairc” réimse radhairc an phacáiste ar dóchúla gurb é is túisce a fheicfidh an tomhaltóir ar an gcéad amharc ag tráth a cheannaithe, agus trínar féidir leis an tomhaltóir táirge a aithint láithreach a mhéid a bhaineann lena chineál nó a nádúr agus, más infheidhme, lena ainm branda. Má tá príomhréimsí radhairc éagsúla agus comhchosúla ar phacáiste, is é an príomhréimse radhairc an ceann a roghnaíonn an t-oibreoir gnó bia;

(m)

ciallaíonn “inléiteacht” cuma fhisiceach na faisnéise, sa chaoi gur féidir leis an bpobal i gcoitinne an fhaisnéis a fheiceáil agus déantar an chuma sin a chinneadh trí eilimintí éagsúla, inter alia, clómhéid, spás idir litreacha, spás idir línte, leithead na stríce, dath an chló, cló-aghaidh, cóimheas leithead le hairde na litreacha, dromchla an ábhair agus codarsnacht shuntasach idir an cló agus an cúlra;

(n)

ciallaíonn “ainm dlíthiúil” ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha an Aontais den sórt sin, an t-ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí;

(o)

ciallaíonn “gnáthainm” ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith;

(p)

ciallaíonn “ainm tuairisciúil” ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é;

(q)

ciallaíonn “comhábhar príomha” comhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid nó a méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna;

(r)

ciallaíonn “dáta íosmharthanachta bia” an dáta deireanach a choimeádann an bia a airíonna sonracha nuair a stóráiltear i gceart é;

(s)

ciallaíonn “cothaitheach” próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, sóidiam, vitimíní agus mianraí atá liostaithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh sin;

(t)

ciallaíonn “nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air” aon ábhar a tháirgtear d’aon ghnó ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de thimpeall is 100 nm nó níos lú, nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu nach mó ná 100 nm ceann amháin nó níos mó dá dtoisí, lena n–áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó ná 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad.

Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

na hairíonna sin a bhaineann le hachar sonrach mór dromchla na n–ábhar sin; agus/nó

(ii)

airíonna fisiceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna neamh-nanafhoirmeacha an ábhair chéanna;

(u)

ciallaíonn “meán cianchumarsáide” aon mheán cianchumarsáide a fhéadfar a úsáid, gan an soláthróir agus an tomhaltóir beirt a bheith i láthair go fisiciúil an tráth céanna, chun conradh a thabhairt i gcrích idir na páirtithe sin.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar tagairt le tír thionscnaimh bia do thionscnamh bia de réir mar a chinntear í i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92.

4.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.   Agus faisnéis bhia á soláthar, féachfar le hardleibhéal cosanta sláinte agus leasanna tomhaltóirí a bhaint amach trí bhonn a sholáthar do thomhaltóirí deiridh ar dá réir féadfaidh siad roghanna eolasacha a dhéanamh agus úsáid shábháilte a bhaint as bia, ag féachaint go háirithe do chúrsaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla.

2.   Is é an aidhm a bheidh ag dlí um fhaisnéis bhia saorghluaiseacht a bhaint amach san Aontas le haghaidh bia a tháirgtear agus a mhargaítear go dlíthiúil, agus i gcás inarb iomchuí, an gá atá ann le leasanna dlisteanacha táirgeoirí a chosaint agus an gá atá ann le táirgeadh táirgí cáilíochta a chur chun cinn á gcur san áireamh.

3.   Nuair a dhéantar ceanglais nua a bhunú leis an dlí um fhaisnéis bhia, deonófar idirthréimhse tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua, seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe. Le linn idirthréimhse den sórt sin, féadfar bianna a bhfuil lipéid orthu nach gcomhlíonann na ceanglais nua a chur ar an margadh agus dá éis féadfar leanúint de stoic bianna den sórt sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse a dhíol go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe.

4.   Déanfar comhairliúchán oscailte agus trédhearcach poiblí, lena n-áirítear le geallsealbhóirí, go díreach nó trí chomhlachtaí ionadaitheacha, le linn ullmhú, meastóireacht agus athbhreithniú an dlí um fhaisnéis bia, ach amháin sa chás nach féidir é a dhéanamh de bharr phráinne an ábhair.

Airteagal 4

Prionsabail lena rialaítear faisnéis shainordaitheach bhia

1.   I gcás ina mbeidh faisnéis shainordaitheach bhia ina ceanglas faoin dlí um fhaisnéis bhia, bainfidh an fhaisnéis sin le faisnéis a thiocfaidh, go háirithe, faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

faisnéis i dtaca le haitheantas agus le chomhdhéanamh an bhia, agus maidir le hairíonna nó le saintréithe eile an bhia;

(b)

faisnéis i dtaca le cosaint sláinte tomhaltóirí agus maidir le húsáid shábháilte bhia. Bainfidh an fhaisnéis go háirithe:

(i)

le haitreabúidí comhdhéanaimh a d’fhéadfadh a bheith dochrach do shláinte grúpaí áirithe tomhaltóirí;

(ii)

le marthanacht, le stóráil agus le húsáid shábháilte;

(iii)

le tionchar ar an tsláinte, lena n-áirítear na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le tomhailt dhochrach bia agus tomhailt ghuaiseach bia;

(c)

faisnéis maidir le saintréithe cothaitheacha chun go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta chothaithe acu, roghanna eolasacha a dhéanamh.

2.   Agus an gá le faisnéis shainordaitheach bhia á chur san áireamh agus chun go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, tabharfar aird ar an riachtanas atá ann go forleathan ó thaobh bunáite tomhaltóirí le haghaidh faisnéise áirithe, ar faisnéis í atá rí-thábhachtach dóibh nó ar aon leasanna do thomhaltóirí, ar leasanna iad a nglactar go ginearálta leo.

Airteagal 5

Dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

Déanfar aon bheart Aontais i réimse an dlí um fhaisnéis bhia, ar dóigh dó difear a dhéanmh do shláinte an phobail, a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

CAIBIDIL III

CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA AGUS FREAGRACHTAÍ OIBREOIRÍ GNÓ BIA

Airteagal 6

Buncheanglas

Beidh faisnéis bhia ag gabháil le haon bia a bheartaítear lena sholáthar don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Cóirchleachtais maidir le faisnéis

1.   Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:

(a)

maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe;

(b)

trí iarmhairtí nó tréithe a chur i leith bia, ar iarmhairtí nó tréithe iad nach bhfuil aige;

(c)

trína thabhairt le tuiscint go bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis an mbia nuair atá tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, go háirithe trí bhéim ar leith a chur ar chomhábhair agus/nó cothaithigh áirithe a bheith ann nó a bheith in easnamh;

(d)

trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin.

2.   Beidh faisnéis bhia cruinn, soiléir agus sothuighte don tomhaltóir.

3.   Faoi réir maoluithe dá bhforáiltear le dlí an Aontais, is infheidhme maidir le huiscí mianraí nádúrtha agus le bia le haghaidh úsáidí cothaitheacha faoi leith, ní chuirfear i leith aon bhia le faisnéis bhia go bhfuil an t-airí aige galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas, ná ní dhéanfar tagairt do na hairíonna sin.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2, agus ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

fógraíocht;

(b)

cur i láthair bianna, go háirithe an cruth, an dealramh agus an phacáistíocht atá orthu, na hábhair pacáistíochta a úsáidtear, an bealach ina leagtar amach na bianna agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint iad.

Airteagal 8

Freagrachtaí

1.   Is é an t-oibreoir gnó bia a bheidh freagrach as an bhfaisnéis bhia ná an t-oibreoir gnó bia ar faoina ainm nó faoi ainm a ghnó a ndéantar an bia a mhargú, nó, mura bhfuil an t-oibreoir sin bunaithe san Aontas, is é an t-allmhaireoir chuig margadh an Aontais a bheidh freagrach aisti.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir gnó bia atá freagrach as an bhfaisnéis bhia a áirithiú go bhfuil faisnéis bhia ann agus áiritheoidh sé beachtas na faisnéise bia sin i gcomhréir leis an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus le ceanglais de chuid na bhforálacha náisiúnta ábhartha.

3.   Ní dhéanfaidh oibreoirí gnó bia nach bhfuil tionchar acu ar fhaisnéis bhia, bia a sholáthar ar bia é a bhfuil a fhios acu ina leith nó a thoimhdíonn siad ina leith, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh mar phroifisiúnaigh, nach gcomhlíonann sé an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus ceanglais na bhforálacha náisiúnta ábhartha.

4.   Ní mhodhnóidh oibreoirí gnó bia, laistigh de na gnóthaí faoina gcúram, an fhaisnéis a ghabhann le bia, da mba rud é go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar míthreoir mar gheall ar an modhnú sin nó dá laghdófaí mar gheall ar an modhnú sin, ar aon dóigh eile, an leibhéal cosanta do thomhaltóirí agus na deiseanna atá ag an tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh. Tá oibreoirí gnó bia freagrach as aon athruithe a dhéanann siad ar fhaisnéis bhia a ghabhann le bia.

5.   Gan dochar do mhír 2 go mír 4, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, lastigh de na gnóthaí atá faoina rialú, go gcomhlíonfar ceanglais an dlí um fhaisnéis bhia agus ceanglais forálacha náisiúnta atá ábhartha maidir lena ngníomhaíochtaí agus fíoróidh na hoibreoirí gnó bia sin go gcomhlíonfar na ceanglais sin.

6.   Maidir le faisnéis a bhaineann le bia neamh-réamhphacáilte ar bia é a cheaptar don tomhaltóir deiridh nó a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí, áiritheoidh oibreoirí gnó bia laistigh de na gnóthaí a bheidh faoina rialú féin go ndéanfar faisnéis a tharchur chuig an oibreoir gnó bia a fhaigheann an bia chun go bhféadfar, nuair is gá, an fhaisnéis shainordaitheach bhia a sholáthar don tomhaltóir deiridh.

7.   Sna cásanna seo a leanas, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, sna gnóthaí faoina rialú, go dtaispeánfar na sonraí sainordaitheacha a cheanglaítear faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 ar an réamhphacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte léi, nó sna doiciméid tráchtála ina ndéantar tagairt do na bianna i gcás ina bhféadtar a ráthú go ngabhann doiciméid den sórt sin leis an mbia a ndéanann siad tagairt dó nó gur seoladh iad sular seachadadh an bia nó tráth a sheachadta:

(a)

i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha don tomhaltóir deiridh ach go ndéantar é a mhargú ag céim níos luaithe ná tráth a dhíolta leis an tomhaltóir deiridh agus i gcás nach bhfuil díol le holl-lónadóir i gceist ag an gcéim sin;

(b)

i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha lena sholáthar d’oll-lónadóirí chun é a ullmhú, a phróiseáil, a scoilteadh nó a ghearradh suas.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, áiritheoidh oibreoirí gnó bia freisin go dtaispeánfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 9(1) ar an bpacáistíocht sheachtrach ina gcuirfear na bianna réamhphacáilte i láthair chun iad a mhargú.

8.   Déanfaidh oibreoirí gnó bia a sholáthraíonn bia nach bhfuil ceaptha don tomhaltóir deiridh ná d’oll-lónadóirí, d’oibreoirí gnó bia eile a áirithiú go soláthrófar dóthain faisnéise do na hoibreoirí gnó bia eile sin ionas go gcuirfear ar a gcumas, i gcás inarb iomchuí, a gcuid dualgas faoi mhír 2 a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS SHAINORDAITHEACH BHIA

ROINN 1

Inneachar agus cur i láthair

Airteagal 9

Liosta de shonraí sainordaitheacha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 35 agus faoi réir na n-eisceachtaí atá sa Chaibidil seo, beidh léiriú na sonraí seo a leanas sainordaitheach:

(a)

ainm an bhia;

(b)

an liosta comhábhar;

(c)

aon chomhábhar nó áis phróiseála a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a dhíorthaítear ó shubstaint nó ó tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingt agus a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó a ullmhú agus atá fós sa táirge deiridh, fiú i bhfoirm athraithe;

(d)

cainníocht comhábhar áirithe nó cainníocht catagóirí áirithe comhábhar;

(e)

glanchainníocht an bhia;

(f)

an dáta íosmharthanachta nó an dáta “le húsáid roimh”;

(g)

aon choinníollacha speisialta stórála agus/nó aon choinníollacha speisialta úsáide;

(h)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora ghnó bhia dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(i)

an tír thionscnaimh nó bunáitíocht i gcás ina bhforáiltear dóibh in Airteagal 26;

(j)

treoracha um úsáid i gcás inar dheacair an bia a úsáid ar bhealach iomchuí d’uireasa na dtreoracha sin;

(k)

i dtaca le deochanna ar mó a gcion alcóil ná 1,2 % alcóil de réir toirte, an neart alcólach iarbhír de réir toirte;

(l)

dearbhú cothúcháin.

2.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1, léireofar iad le focail agus le huimhreacha. Gan dochar d’Airteagal 35, féadfar iad a léiriú freisin trí phicteagraim nó trí shiombailí.

3.   I gcás ina nglacann an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú trí bhíthin picteagraim nó siombailí in ionad focal nó uimhreacha.

Chun a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as modhanna eile chun faisnéis shainordaitheach bhia a léiriú seachas i bhfocail agus in uimhreacha, agus ar an gcoinníoll go n-áirithítear an leibhéal céanna faisnéise agus a bheadh ann le focail agus le huimhreacha, féadfaidh an Coimisiún, agus fianaise ar thuiscint chomhionann tomhaltóra á cur san áireamh aige, na critéir faoina bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú trí phicteagraim nó siombailí in ionad focal nó uimhreacha a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51.

4.   Chun cur chun feidhme comhionann mhír 3 den Airteagal seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na modúlachtaí le haghaidh cur i bhfeidhm na gcritéar a ghlacadh i gcomhréir le mír 3 chun ceann amháin nó níos mó de na sonraíochtaí a léiriú trí phicteagraim nó siombailí in ionad focal nó uimhreacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 10

Sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna

1.   De bhreis ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 9(1), leagtar síos in Iarscríbhinn III sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna.

2.   Chun faisnéis do thomhaltóirí maidir le saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna a áirithiú agus d’fhonn dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí eolaíocha, cosaint shláinte tomhaltóirí nó úsáid shábháilte bhia a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51.

Más rud é, i gcás éigeandála ina mbeadh sláinte tomhaltóirí i mbaol, agus gur gá é sin a dhéanamh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 11

Meáchain agus tomhais

Beidh Airteagal 9 gan dochar d’fhorálacha níos sonraí de chuid an Aontais maidir le meáchain agus le tomhais.

Airteagal 12

Infhaighteacht agus suíomh na faisnéise sainordaithí bia

1.   Beidh fáil ar fhaisnéis shainordaitheach bhia agus beidh teacht uirthi go furasta, i gcomhair gach bia, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I gcás bia réamhphacáilte, taispeánfar faisnéis shainordaitheach bhia go díreach ar an bpacáiste nó ar lipéad atá ceangailte leis.

3.   Chun a áirithiú go bhféadfaidh tomhaltóirí leas a bhaint as modhanna eile chun faisnéis shainordaitheach bhia a sholáthar, ar faisnéis í atá níos oiriúnaí maidir le sonraí sainordaitheacha áirithe, agus ar choinníoll go ndéantar an leibhéal céanna faisnéise a áirithiú agus a bheadh ar an bpacáiste nó ar an lipéad, féadfaidh an Coimisiún, agus fianaise ar thuiscint aonfhoirmeach tomhaltóra agus úsáid fhorleathan na modhana sin ag tomhaltóirí á cur san áireamh aige, critéir faoina bhféadfar sonraí sainordaitheacha áirithe a léiriú trí mhodhanna eile seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51.

4.   Chun a áirithiú go gcuirfear mír 3 den Airteagal seo chun feidhme go comhionann, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na modúlachtaí le haghaidh cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh chun ceann amháin nó níos mó de na sonraíochtaí sainordaitheacha a léiriú trí bhealaí eile seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   I gcás bia neamh-réamhphacáilte, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 44.

Airteagal 13

Cur i láthair na sonraí sainordaitheacha

1.   Gan dochar do na bearta náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 44(2), déanfar an fhaisnéis shainordaitheach bhia a mharcáil in áit fheiceálach ionas go mbeidh sí sofheicthe, inléite gan dua, agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Ní dhéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile an fhaisnéis a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón bhfaisnéis ná ní chuirfidh sé isteach uirthi.

2.   Gan dochar d’fhorálacha sonracha an Aontais is infheidhme maidir le bianna áirithe, nuair a dhéantar na sonraí sainordaitheacha a liostaítear in Airteagal 9(1) a thaispeáint ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte leis, déanfar na sonraí sin a chló ar an bpacáiste nó ar an lipéad ar slí a chinnteoidh an inléiteacht, i gcarachtair a mbeidh clómhéid acu inarb ionann is 1,2 mm nó ar mó ná 1,2 mm an x-airde, mar a shainítear in Iarscríbhinn IV.

3.   I gcás pacáistíochta nó coimeádáin ar lú ná 80 cm2 an dromchla is mó atá orthu, beidh x-airde an chlómhéid dá dtagraítear i mír 2 comhionann nó níos mó ná 0,9 mm.

4.   Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, rialacha a bhunú maidir le hinléiteacht.

Chun na críche céanna dá dtagraitear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, na ceanglais faoi mhír 5 den Airteagal seo a leathnú go dtí sonraí sainordaitheacha breise maidir le saghsanna sonracha bianna nó le cineálacha sonracha bianna.

5.   Déanfar na sonraí a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (e), agus i bpointe (k) d’Airteagal 9(1) a thaispeáint sa réimse céanna radhairc.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 den Airteagal seo sna cásanna a shonraítear in Airteagal 16(1) agus (2).

Airteagal 14

Ciandíol

1.   Gan dochar do na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Airteagal 9, i gcás bianna réamhphacáilte a dhíoltar trí mheán cianchumarsáide:

(a)

beidh faisnéis shainordaitheach bhia ar fáil, seachas na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1), sula gcuirtear an ceannach i gcrích agus taispeánfar í ar an ábhar a ghabhann leis an gciandíol nó soláthrófar í trí mhodhanna iomchuí eile arna sainaithint ag an oibreoir gnó bia go soiléir. Nuair a úsáidfear modhanna iomchuí eile, soláthrófar an fhaisnéis shainordaitheach bhia gan costais bhreise a bheith á ngearradh ar thomhaltóirí ag an oibreoir gnó bia;

(b)

beidh na sonraí sainordaitheacha uile ar fáil tráth an tseachadta.

2.   I gcás bianna neamh-réamhphacáilte a dhíoltar trí mheán cianchumarsáide, cuirfear na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 44 ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le bianna a dhíoltar trí bhíthin meaisíní díola uathoibríocha nó trí bhíthin áitribh tráchtála uathoibrithe.

Airteagal 15

Ceanglais teanga

1.   Gan dochar d’Airteagal 9(3), taispeánfar faisnéis shainordaitheach bhia i dteanga atá sothuigthe do thomhaltóirí na mBallstát ina ndéantar bia a mhargú.

2.   Laistigh dá gcríoch féin, féadfaidh na Ballstáit, ina ndéantar ábhar bia a mhargú, a leagan síos go dtabharfar na sonraí sin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   Ní chuirfear, le mír 1 ná le mír 2, aon bhac ar na sonraí sin a léiriú i roinnt teangacha.

Airteagal 16

Sonraí áirithe sainordaitheacha a fhágáil ar lár

1.   I gcás buidéal gloine a cheaptar don athchúrsáil agus a bhfuil marc doscriosta orthu agus dá bhrí sin nach bhfuil aon lipéad, aon fháinne ná aon choiléar orthu, ní bheidh sainordaitheach ach na sonraí a liostaítear i bpointí (a), (c), (e), (f) agus (l) d’Airteagal 9(1).

2.   I gcás pacáistíochta nó coimeádán ar lú ná 10 cm2 achar an dromchla is mó orthu, is iad na sonraí a liostaítear i bpointí (a), (c), (e) agus (f) d’Airteagal 9(1) amháin a bheidh sainordaitheach ar an bpacáiste nó ar an lipéad. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9(1) a sholáthar trí mhodhanna eile nó soláthrófar iad arna iarraidh sin don tomhaltóir.

3.   Gan dochar d’fhorálacha eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú sainordaitheach cothúcháin, ní bheidh an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach i gcás na mbianna a liostaítear in Iarscríbhinn V.

4.   Gan dochar d’fhorálacha eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear liosta na gcomhábhar nó dearbhú sainordaitheach cothúcháin, ní bheidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (l) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach maidir le deochanna a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte iontu.

Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i gcrích maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus Airteagal 30(1) i dtaca leis na táirgí dá dtagraítear sa mhír seo, agus lena bhféachfar ar cheart deochanna alcólacha a chumhdach amach anseo, go háirithe, faoin gceanglas maidir le faisnéis i ndáil leis an luach fuinnimh a sholáthar agus faoi na cúiseanna lena dtabharfaí údar maith le díolúintí féideartha, agus an gá atá ann go n-áiritheofaí comhchuibheas le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh. Sa chomhthéacs seo, breithneoidh an Coimisiún an gá sainmhíniú a mholadh do “mianraí meisiciúla”.

Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin, ar togra é lena gcinnfear na rialacha i dtaca le liosta na gcomhábhar nó dearbhú sainordaitheach cothúcháin i gcás na dtáirgí sin.

ROINN 2

Forálacha mionsonraithe maidir le sonraí sainordaitheacha

Airteagal 17

Ainm an bhia

1.   Is é a ainm dlíthiúil a bheidh mar ainm an bhia. D’uireasa ainm den sórt sin, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, mura bhfuil gnáthainm ann dó nó mura n-úsáidtear an gnáthainm, déanfar ainm tuairisciúil a sholáthar don bhia.

2.   Ceadófar, sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú, ainm an bhia a úsáidtear le linn an táirge a mhonarú go dlíthiúil agus a mhargú go dlíthiúil sa Bhallstát ina dtáirgtear é. Dá mba rud é, áfach, go gcuirfí bac ar thomhaltóirí sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú fios a fháil i leith fhíorchineál an bhia agus conas idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus bianna a bhféadfaidís a cheapadh ina leith gurb iad na bianna céanna iad, de bharr chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Rialacháin seo, go háirithe na forálacha a leagtar amach in Airteagal 9, soláthrófar faisnéis thuairisciúil eile i dteannta ainm an bhia agus beidh sí suite i ngaireacht d’ainm an bhia.

3.   I gcásanna eisceachtúla, ní dhéanfar ainm an bhia sa Bhallstát ina dtáirgtear an bia a úsáid sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú nuair atá an bia a dhéantar a ainmniú leis an ainm sin sa Bhallstát ina dtáirgtear an bia, chomh éagsúil ó thaobh a chomhdhéanaimh nó a phróisis mhonaraithe de, ón mbia a bhfuil aithne air faoin ainm sin sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú, agus nach leor mír 2 chun a áirithiú go bhfaighidh na tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú an fhaisnéis cheart.

4.   Ní dhéanfar ainm a dhéantar a chosaint mar mhaoin intleachtúil, mar ainm branda nó mar aon ainm maisiúil a chur in ionad ainm an bhia.

5.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le hainm an bhia agus na sonraí a ghabhfaidh leis.

Airteagal 18

An liosta comhábhar

1.   Beidh ceannteideal oiriúnach ar bharr an liosta comhábhar nó roimh an liosta comhábhar, arb éard a bheidh ann an focal “comhábhair” nó ar ceannteideal é lena n-áirítear an focal sin. Áireofar leis an liosta gach comhábhar an bhia, in ord íslitheach de réir meáchain, mar a taifeadadh iad tráth a n-úsaide agus an bia á mhonarú.

2.   Déanfar comhábhair a ainmniú lena n-ainm sonrach, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 17 agus in Iarscríbhinn VI.

3.   Maidir leis na comhábhair go léir atá ann i bhfoirm nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, déanfar iad a léiriú go soiléir ar an liosta comhábhar. Cuirfear an focal “nana” idir lúibíní i ndiaidh ainmneacha comhábhar den chineál sin.

4.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VII rialacha teicniúla chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

5.   Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51, an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu dá dtagraítear i bpointe (t) d’Airteagal 2(2) a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar leibhéal idirnáisiúnta.

Airteagal 19

An liosta comhábhar a fhágáil ar lár

1.   Maidir leis na bianna seo a leanas, ní cheanglaítear liosta comhábhar a chur leo:

(a)

torthaí úra agus glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh, nár gearradh nó nach ndearnadh a chóireáil ar dhóigh chomhchosúil;

(b)

uisce carbónáitithe, nuair a léirítear lena thuairisc go ndearnadh é a charbónáitiú;

(c)

fínéagair choipthe a dhíorthaítear go heisiach ó tháirge bunúsach amháin, ar choinníoll nár cuireadh aon chomhábhar eile leo;

(d)

cáis, im, bainne coipthe agus uachtar coipthe, nár cuireadh aon chomhábhar eile leo seachas táirgí lachtacha, einsímí bia agus cultúir mhiocrorgánacha atá sár-riachtanach don mhonarú, nó i gcás na cáise nach cáis úr ná cáis phróiseáilte í, an salann is gá chun í a mhonarú;

(e)

bianna nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin:

(i)

go bhfuil an t-ainm céanna ar an mbia agus atá ar an gcomhábhar; nó

(ii)

i gcás ina bhféadtar cineál an chomhábhair a shainaithint go soiléir de bharr ainm an bhia.

2.   Chun go gcuirfí san áireamh an ábharthacht atá ag baint, don tomhaltóir, le liosta comhábhar le haghaidh saghsanna sonracha bia nó catagóirí sonracha bia, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna áirithe, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh, ar choinníoll nach é a bheidh de thoradh ar nithe a fhágáil ar lár ná nach mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil don tomhaltóir deiridh ná d’oll-lónadóirí.

Airteagal 20

Comhchodanna bia a fhágáil ar lár ón liosta comhábhar

Gan dochar d’Airteagal 21, ní cheanglófar na comhchodanna bia seo a leanas a áireamh sa liosta comhábhar:

(a)

comhchodanna comhábhair, ar comhchodanna iad a rinneadh a scaradh go sealadach le linn an phróisis mhonaraithe agus a athcuireadh leis ach gan dul thar a gcoibhneas bunaidh;

(b)

breiseáin bhia agus einsímí bia:

(i)

nach bhfuil i mbia áirithe ach amháin ar an gcúis go raibh siad i gcomhábhar amháin nó níos mó den bhia sin, i gcomhréir le prionsabal an tabhartha anonn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ar choinníoll nach bhfuil feidhm theicneolaíoch acu sa táirge críochnaithe; nó

(ii)

a úsáidtear mar áiseanna próiseála;

(c)

iompróirí agus substaintí nach breiseáin bhia iad, ach a úsáidtear ar an mbealach céanna agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag na hiompróirí, agus nach n-úsáidtear ach sna méideanna atá dianriachtanach;

(d)

substaintí nach breiseáin bhia iad ach a úsáidtear ar an mbealach céanna, a bhfuil an cuspóir céanna acu le háiseanna próiseála, agus atá fós sa táirge deiridh, fiú amháin má athraíodh a bhfoirm;

(e)

uisce:

(i)

i gcás nach n-úsáidfear an t-uisce le linn an phróisis mhonaraithe ach chun comhábhar a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéanamh; nó

(ii)

i gcás meáin leachtaigh nach ndéantar é a chaitheamh de ghnáth.

Airteagal 21

Substaintí áirithe nó táirgí áirithe is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a lipéadú

1.   Gan dochar do na rialacha a ghlacfar faoi Airteagal 44(2), comhlíonfaidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) na ceanglais seo a leanas:

(a)

léireofar iad sa liosta comhábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18(1), le tagairt shoiléir d’ainm na substainte nó d’ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II; agus

(b)

cuirfear béim ar ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II trí chlóchur a fhéadfar a idirdhealú go soiléir ón gcuid eile den liosta comhábhar, mar shampla tríd an gcló, an stíl nó dath an chúlra.

In éagmais liosta comhábhar, beidh an focal “ann” ina gcuid den léiriú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) agus beidh ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II ina ndiaidh.

I gcás ina dtagann roinnt comhábhar bia éagsúil nó roinnt áiseanna próiseála bia éagsúla ó shubstaint aonair nó ó tháirge aonair, ar substaint í nó ar táirge é, atá liostaithe in Iarscríbhinn II, beidh sé sin soiléir ón lipéadú i leith gach comhábhar nó gach áis próiseála lena mbaineann.

Ní bheidh gá ann leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) a léiriú i gcásanna ina dtagraítear le hainm an bhia go soiléir don tsubstaint nó don táirge lena mbaineann.

2.   Chun faisnéis níos fearr a áirithiú do thomhaltóirí agus chun an dul chun cinn eolaíoch agus an t-eolas teicniúil is déanaí a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn II a athscrúdú go rianúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51.

Más rud é, i gcás éigeandála ina mbeadh sláinte tomhaltóirí i mbaol, agus gur gá é sin a dhéanamh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 22

Léiriú cainníochtúil comhábhar

1.   Beidh gá le léiriú i leith cainníochta comhábhair nó i leith cainníochta catagóire comhábhar a úsáidtear chun bia a mhonarú nó a ullmhú:

(a)

i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar ann mar chuid d’ainm an bhia nó i gcás ina ndéanann an tomhaltóir iad agus an t-ainm sin a chomhcheangal le chéile de ghnáth; nó

(b)

i gcás ina gcuirtear béim ar an gcomhábhar sin nó ar an gcatagóir sin comhábhar lena mbaineann ar an lipéadú le focail, le pictiúir nó le grafaicí; nó

(c)

i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar sár-riachtanach chun tuairisc a thabhairt i leith bia agus chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb ionann iad agus an bia mar gheall ar a ainm nó ar a chruth.

2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VIII rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an léiriú cainníochta i leith comhábhar áirithe.

Airteagal 23

Glanchainníocht

1.   Déanfar glanchainníocht bhia a shloinneadh, trí lítir, trí cheintilítir, trí mhillilítir, trí chileagraim nó trí ghraim a úsáid, de réir mar is iomchuí:

(a)

in aonaid toirte i gcás táirgí leachta;

(b)

in aonaid mhaise i gcás táirgí eile.

2.   Chun a áirithiú gur fearr a thuigfidh an tomhaltóir an fhaisnéis bhia atá ar an lipéadú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás bianna áirithe sonracha, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, modh éagsúil a bhunú chun an ghlanchainníocht a shloinneadh seachas an modh a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Leagtar síos in Iarscríbhinn IX na rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i mbfheidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an ghlanchainníocht a léiriú.

Airteagal 24

Dáta íos-mharthanachta, an dáta “le húsáid roimh” agus dáta an reo

1.   I gcás bianna atá an-mheatach, ó thaobh na micribhitheolaíochta de, agus ar dóigh ina leith dá réir sin go mbainfeadh riosca láithreach do shláinte an duine leo tar éis tréimhse giorra, déanfar an dáta “le húsáid roimh” a chur in ionad an dáta íosmharthanachta. Tar éis an dáta “le húsáid roimh”, measfar bia a bheith neamhshábháilte i gcomhréir le hAirteagal 14(2) go (5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2.   Déanfar an dáta iomchuí a shloinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn X.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhionann na dóighe ina léirítear an dáta íos-mharthanachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn X a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha ina leith seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 25

Coinníollacha stórála nó coinníollacha úsáide

1.   I gcásanna inar gá coinníollacha speisialta stórála agus/nó coinníollacha úsáide a bheith ann maidir le bianna, déanfar na coinníollacha sin a léiriú.

2.   Chun go mbeifear in ann bia a stóráil agus a úsáid go cuí i ndiaidh an pacáiste a oscailt, déanfar na coinníollacha agus/nó an teorainn ama don tomhailt a léiriú, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 26

Tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia mar speisialtachtaí traidisiúnta faoi ráthaíocht (33) agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí agus d’earraí bia talmhaíochta a chosaint (34).

2.   Beidh léiriú na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta sainordaitheach:

(a)

más rud é, de bharr mainneachtana i leith an léirithe sin, go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir maidir le fíorthír thionscnaimh an bhia nó maidir le fíorbhunáitíocht an bhia, go háirithe dá dtabharfaí le tuiscint, thairis sin, leis an bhfaisnéis a ghabhann leis an mbia nó leis an lipéad, ina iomláine, go bhfuil tír thionscnaimh éagsúil nó bunáitíocht éagsúil ag an mbia;

(b)

maidir le feoil, a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“AC”) a liostaítear in Iarscríbhinn XI. Beidh cur i bhfeidhm an phointe seo faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8.

3.   I gcás ina dtugtar an tír thionscnaimh nó bunáitíocht bhia áirithe agus ina bhfuil sí éagsúil le thír thionscnaimh nó bunáitíocht a phríomh-chomhábhair:

(a)

tabharfar tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair atá i gceist freisin; nó

(b)

léireofar nach ionann tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht an bhia.

Beidh cur i bhfeidhm na míre seo faoi réir na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 a ghlacadh.

4.   Laistigh de chúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm phointe (b) de mhír 2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun meastóireacht a dhéanamh ar an léiriú sainordaitheach i leith tíre tionscnaimh nó i leith bunáitíochta i gcomhair táirgí dá dtagraítear sa phointe sin.

5.   Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta maidir leis na bianna seo a leanas:

(a)

saghsanna feola seachas mairteoil agus iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(b)

bainne;

(c)

bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta;

(d)

bianna neamhphróiseáilte;

(e)

táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu;

(f)

comhábhair ar mó iad ná 50 % den bhia.

6.   Faoin 13 Nollaig 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta d’fheoil a úsáidtear mar chomhábhar.

7.   Cuirfear san áireamh leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 gur gá do thomhaltóirí a bheith ar an eolas, an bhféadfar léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta a sholáthar agus anailís ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart sin, lena n-áirítear an tionchar dlíthiúil ar an margadh inmheánach agus an tionchar ar thrádáil idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis na tuarascálacha sin chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú.

8.   Faoin 13 Nollaig 2013, tar éis measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

9.   I gcás bianna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6, breithneoidh na tuarascálacha agus na measúnuithe tionchair a dhéanfar faoin Airteagal seo, inter alia, na roghanna do na modúlachtaí maidir le tír thionscnaimh agus bunáitíocht na mbianna sin a léiriú, go háirithe i ndáil le gach ceann de na pointí cinntitheacha seo a leanas i saolré an ainmhí:

(a)

áit bhreithe;

(b)

áit tógála;

(c)

áit mharaithe.

Airteagal 27

Treoracha um úsáid

1.   Déanfar na treoracha um úsáid bhia a léiriú i gcaoi ina bhféadfar an bia a úsáid go hiomchuí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme mhír 1 i leith bianna áirithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 28

Neart alcólach

1.   I gcás táirgí a aicmítear i gcód AC 2204, is iad na rialacha a bhaineann le léiriú an nirt alcólaigh de réir toirte na rialacha a leagtar síos i bhforálacha sonracha an Aontais is infheidhme maidir le táirgí den sórt sin.

2.   Déanfar an neart alcólach iarbhír de réir toirte do dheochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu, seachas na deochanna dá dtagraítear i mír 1, a léiriú i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.

ROINN 3

Dearbhú cothúcháin

Airteagal 29

Gaolmhaireacht le reachtaíocht eile

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le bianna a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta seo a leanas:

(a)

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia (35);

(b)

Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú (36).

2.   Beidh feidhm ag an Roinn seo gan dochar do Threoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia atá ceaptha chun críocha cothúcháin áirithe (37) agus do na Treoracha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin.

Airteagal 30

Inneachar

1.   Áireofar sa dearbhú sainordaitheach cothúcháin an méid seo a leanas:

(a)

luach fuinnimh; agus

(b)

méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéiní agus salann.

I gcás inarb iomchuí, féadfar ráiteas a thaispeáint i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin ar ráiteas é lena léirítear gur de thoradh sóidiam a fhaightear go nádúrtha, agus é sin amháin, is ann don mhéid salainn atá ann.

2.   Féadfar inneachar an dearbhaithe sainordaithí chothúcháin dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh le léiriú i leith méideanna ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

monai-neamhsháitheáin;

(b)

polai-neamhsháitheáin;

(c)

polóil;

(d)

stáirse;

(e)

snáithín;

(f)

aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus atá ann i méideanna suntasacha, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII.

3.   Nuair is ar lipéadú ábhair bhia réamhphacáilte a sholáthraítear an dearbhú cothúcháin sainordaitheach dá dtagraítear i mír 1, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a athrá air:

(a)

an luach fuinnimh; nó

(b)

an luach fuinnimh in éineacht leis na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn.

4.   De mhaolú ar Airteagal 36(1), nuair a sholáthraítear le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 16(4), dearbhú cothúcháin, féadtar inneachar an dearbhaithe a theorannú don luach fuinnimh amháin.

5.   Gan dochar d’Airteagal 44 agus de mhaolú ar Airteagal 36(1), i gcás ina ndéantar, le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 44(1), dearbhú cothúcháin a sholáthar, féadfar inneachar an dearbhaithe sin a theorannú:

(a)

don luach fuinnimh; nó

(b)

don luach fuinnimh in éineacht leis na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn.

6.   Chun ábharthacht na sonraí dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo, maidir le faisnéis don tomhaltóir, a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, na liostaí atá i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo a leasú, trí shonraí a chur leo nó trí shonraí a bhaint.

7.   Faoin 13 Nollaig 2014, tíolacfaidh an Coimisiún, agus fianaise eolaíochta agus an taithí a bheidh ag na Ballstáit á gcur san áireamh aige, tuarascáil maidir le tras-saillte a bheith i mbianna agus i réim bia fhoriomlán dhaonra an Aontais. Is é aidhm na tuarascála measúnú a dhéanamh ar iarmhairt na modhanna iomchuí a d’fhéadfadh a chumasú do thomhaltóirí roghanna bia agus roghanna cothaithe foriomlána a dhéanamh, ar roghanna iad atá níos sláintiúla nó lena bhféadfaí soláthar roghanna bia atá níos sláintiúla do thomhaltóirí a chur chun cinn, lena n-áirítear i measc nithe eile, faisnéis faoi thras-saillte a sholáthar do thomhaltóirí nó srianta a chur lena n-úsáid. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur i dteannta na tuarascála sin.

Airteagal 31

Ríomh

1.   Déanfar an luach fuinnimh a ríomh trí na fachtóirí coinbhéartachta atá liostaithe in Iarscríbhinn XIV a úsáid.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, fachtóirí coinbhéartachta a ghlacadh le haghaidh na vitimíní agus le haghaidh na mianraí a luaitear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, chun cion vitimíní den sórt sin agus cion mianraí den sórt sin i mbianna a ríomh ar dhóigh níos cruinne. Déanfar na fachtóirí coinbhéartachta sin a chur le hIarscríbhinn XIV.

3.   Is iad an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach sa bhia mar a dhíoltar é a bheidh sa luach fuinnimh agus i méideanna na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5).

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia tar éis ullmhúchán a dhéanamh air, ar choinníoll go dtugtar treoracha ullmhúcháin sách mionsonraithe agus go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia mar a ullmhaítear é lena thomhailt.

4.   Is é a bheidh sna luachanna a dhearbhaítear, de réir an cháis ar leith, meánluachanna atá bunaithe ar:

(a)

anailís an mhonaróra ar an mbia;

(b)

ríomh ar mheánluachanna aitheanta nó ar iarbhír na gcomhábhar a úsáidtear; nó

(c)

ríomh ar bhonn sonraí atá bunaithe go ginearálta agus a nglactar go ginearálta leo.

Féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme comhionann na míre seo ó thaobh bheachtas na luachanna dearbhaithe de, amhail na difríochtaí idir na luachanna dearbhaithe agus na luachanna arna mbunú le linn seiceálacha oifigiúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 32

Sloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml

1.   Déanfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5), a shloinneadh trí úsáid a bhaint as na haonaid tomhais a liostaítear in Iarscríbhinn XV.

2.   Déanfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5), a shloinneadh in aghaidh 100 g nó in aghaidh 100 ml.

3.   I gcás ina sholáthraítear é, déanfar an dearbhú maidir le vitimíní agus mianraí, de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i mír 2, a shloinneadh freisin mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII i gcoibhneas leis an 100 g nó leis an 100 ml.

4.   De bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 30(1), (3), (4) agus (5), a shloinneadh, de réir mar is iomchuí, mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII i gcoibhneas leis an 100 g nó leis an 100 ml.

5.   I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil de bhun mhír 4, déanfar an ráiteas breise seo a leanas a léiriú i ndlúthghaireacht di: “Iontógáil tagartha don ghnáthaosach (8 400 kJ/2 000 kcal)”.

Airteagal 33

Sloinneadh de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais

1.   Sna cásanna seo a leanas, féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5), a shloinneadh de réir coda agus/nó de réir aonad tomhaltais, atá so-aitheanta ag an tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an chuid nó an t-aonad a chainníochtú ar an lipéad agus go sonrófar líon na gcodanna nó na n-aonad atá sa phacáiste:

(a)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(2) arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;

(b)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(3) maidir le méideanna vitimíní agus méideanna mianraí, arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;

(c)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(4), arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml nó in ionad an bhealaigh sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 32(2), sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 30(3), féadfar méideanna na gcothaitheach agus/nó céatadán na n-iontógálacha tagartha, ar iontógálacha iad a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII, a shloinneadh in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais amháin.

Nuair a shloinntear méideanna na gcothaitheach in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfar an luach fuinnimh a shloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml agus in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais.

3.   De mhaolú ar Airteagal 32(2), sna cásanna dá dtagraítear d’Airteagal 30(5), féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach agus/nó céatadán na n-iontógálacha tagartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII a shloinneadh in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais amháin.

4.   Léireofar an chuid nó an t-aonad a úsáidtear i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin.

5.   Chun cur chun feidhme comhionann a áirithiú i leith shloinneadh an dearbhaithe chothúcháin in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais agus d’fhonn foráil a dhéanamh do bhonn comparáide comhionann ag an tomhaltóir, déanfaidh an Coimisiún, agus iompar tomhaltais iarbhír an tomhaltóra mar aon leis na moltaí cothaithe á gcur san áireamh aige, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le sloinneadh in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais i gcomhair catagóirí áirithe bianna. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 34

Cur i láthair

1.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus (2) a áireamh sa réimse céanna radhairc. Cuirfear i láthair i dteannta a chéile iad i bhformáid shoiléir agus, i gcás inarb iomchuí, san ord maidir le cur i láthair dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XV.

2.   Cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus (2) i láthair, más leor an spás atá ann dó sin, i bhfoirm tábla agus na huimhreacha ailínithe ann. Mura leor an spás, taispeánfar an dearbhú i bhformáid líneach.

3.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(3) a chur i láthair:

(a)

sa phríomhréimse radhairc; agus

(b)

trí chlómhéid a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 13(2).

Féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(3) a chur i láthair i bhformáid atá éagsúil leis an bhformáid a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(4) agus (5) a chur i láthair i bhformáid atá éagsúil leis an bhformáid a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo.

5.   I gcásanna ina bhfuil luach diomaibhseach fuinnimh nó méid diomaibhseach cothaithigh nó cothaitheach i dtáirge, féadfar ráiteas, amhail “méideanna diomaibhseacha … ann” a chur in ionad na faisnéise maidir leis na heilimintí sin agus léireofar an ráiteas sin i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin, más ann dó.

Chun cur chun feidhme comhionann na míre seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an luach fuinnimh agus le méideanna cothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5) a bhféadfar breathnú air nó orthu mar luach diomaibhseach nó mar mhéideanna diomaibhseacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

6.   Chun cur i bhfeidhm comhionann a áirithiú maidir leis an mbealach a ndéantar an dearbhú cothúcháin a chur i láthair sna formáidí dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 35

Bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh

1.   De bhreis ar na bealaí chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (4) agus in Airteagal 33 agus na bealaí curtha i láthair dá dtagraítear in Airteagal 34(2), féadfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5) a thabhairt trí bhealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh agus/nó a chur i láthair trí mhodhanna grafacha nó trí shiombailí a úsáid de bhreis ar fhocail nó ar uimhreacha ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad bunaithe ar thaighde atá iontaofa agus atá bailí ó thaobh na heolaíochta de agus nach gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir leo, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

go leanann a bhforbairt as comhairliúchán le réimse leathan grúpa geallsealbhóirí;

(c)

go ndéantar leo tuiscint tomhaltóirí a éascú maidir le rannchuidiú an bhia nó tábhacht an bhia maidir le cion fuinnimh agus cion cothaitheach réime bia;

(d)

go bhfuil fianaise atá bailí ó thaobh na heolaíochta de ann chun tacú leo, ar fianaise í lena léirítear go dtuigeann an gnáth-thomhaltóir na bealaí sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh;

(e)

i gcás bealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh, go bhfuil siad bunaithe ar na hiontógálacha comhchuibhithe tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, nó dá n-uireasa sin, ar chomhairle eolaíoch a nglactar léi go ginearálta maidir le hiontógálacha fuinnimh nó cothaitheach;

(f)

go bhfuil siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach; agus

(g)

nach gcruthaíonn a gcur i bhfeidhm constaicí ar shaorghluaiseacht earraí.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a mholadh do na hoibreoirí gnó bia bealach breise amháin nó níos mó a úsáid chun an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair arb é an bealach é nó arb iad na bealaí iad is fearr dar leo a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (g) de mhír 1. Cuirfidh na Ballstáit sonraí na mbealaí breise sin chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh ar na cineálacha breise sin ar fáil don Choimisiún.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán iomchuí ar bhealaí breise atá ar an margadh ina gcríoch, ar bealaí iad ina ndéantar an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair.

Ar mhaithe le héascú an fhaireacháin ar úsáid na mbealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hoibreoirí gnó bia a chuireann bianna a bhfuil an fhaisnéis sin orthu ar an margadh ina gcríoch fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir le húsáid bealaigh bhreise chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh agus féadfaidh na Ballstáit a cheangal orthu údair mhaithe ábhartha a thabhairt dóibh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (g) de mhír 1. I gcásanna den sórt sin, féadfar a cheangal freisin go dtabharfaí faisnéis maidir le scor d’úsáid a bhaint as na bealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún malartú na faisnéise idir na Ballstáit, é féin agus geallsealbhóirí a éascú agus a eagrú, faoi ábhair a bhaineann le haon bhealaí breise a úsáid chun an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair.

5.   Faoin 13 Nollaig 2017, i bhfianaise na taithí arna fáil aige, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh, maidir leis an éifeacht atá acu ar an margadh inmheánach agus i dtaca le hinmholtacht comhchuibhithe bhreise i leith na mbealaí sin chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh. Chun na críche seo, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha don Choimisiún maidir le húsáid na mbealaí breise sin chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh atá ar an margadh ina gcríoch. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis an tuarascáil sin le haghaidh na forálacha ábhartha de chuid an Aontais a mhodhnú.

6.   Chun cur i bhfeidhm comhionann an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme mhír 1, mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL V

FAISNÉIS SHAORÁLACH BHIA

Airteagal 36

Ceanglais is infheidhme

1.   I gcás ina ndéanfar an fhaisnéis bhia dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 a sholáthar ar bhonn saorálach, comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 agus i Roinn 3 de Chaibidil IV.

2.   Maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn saorálach, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní chuirfear an tomhaltóir ar míthreoir léi, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi; agus

(c)

beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i dtaca le faisnéis shaorálach bhia i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis faoi shubstaintí nó faoi tháirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a d’fhéadfadh a bheith i mbia, agus nach d’aon toil a bheidís ann;

(b)

faisnéis a bhaineann le hoiriúnacht bia do veigeatóirí nó veigeáin; agus

(c)

léiriú ar na hiontógálacha tagartha le haghaidh grúpa sonrach/grúpaí sonracha den daonra chomh maith leis na hiontógálacha tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar na tomhaltóirí a chur ar an eolas go hiomchuí, i gcás ina ndéanfaidh na hoibreoirí gnó bia faisnéis shaorálach bhia a sholáthar ar bhonn éagsúil a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur ar an tomhaltóir, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, a fhoráil go ndéanfar faisnéis shaorálach faoi bhia a chur ar fáil i gcásanna eile, chomh maith leis na cinn dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 37

Cur i láthair

Ní thaispeánfar an fhaisnéis bhia shaorálach chun aimhleas an spáis atá ar fáil le haghaidh na faisnéise bia sainordaithí.

CAIBIDIL VI

BEARTA NÁISIÚNTA

Airteagal 38

Bearta náisiúnta

1.   Maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun ina leith mura bhfuil sé sin údaraithe faoi dhlí Aontais. Níor cheart go n-eascródh constaicí ar shaorghluaiseacht earraí as na bearta náisiúnta seo, lena n-áirítear idirdhealú i leith bianna ó Bhallstáit eile.

2.   Gan dochar d’Airteagal 39, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le hábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcuireann na bearta sin cosc, bac ná srian ar shaorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 39

Bearta náisiúnta maidir le sonraí sainordaitheacha breise

1.   De bhreis ar na sonraí sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 45, bearta lena gceanglaítear sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr, ar a laghad, ceann amháin de na forais seo a leanas:

(a)

an tsláinte phoiblí a chosaint;

(b)

tomhaltóirí a chosaint;

(c)

an chalaois a chosc;

(d)

cearta maoine tionsclaíche agus tráchtála a chosaint, léirithe bunáitíochta agus ainmníochtaí cláraithe tionscnaimh a chosaint, agus iomaíocht éagórach a chosc.

2.   Trí bhíthin mhír 1, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach maidir le léiriú sainordaitheach thír tionscnaimh an bhia nó léiriú sainordaitheach bhunáitíocht an bhia ach i gcás ina mbeidh nasc cruthaithe ann idir cáilíochtaí áirithe an bhia agus a thionscnamh nó a bhunáitíocht. Agus fógra á thabhairt don Choimisiún faoi na bearta sin, cuirfidh na Ballstáit fianaise ar fáil lena léireofar gur mór ag formhór na dtomhaltóirí go soláthrófaí an fhaisnéis sin.

Airteagal 40

Bainne agus táirgí bainne

Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh de mhaolú ar Airteagal 9(1) agus ar Airteagal 10(1) i gcás bainne agus táirgí bainne a chuirtear i láthair i mbuidéil ghloine a cheaptar lena n-athúsáid.

Cuirfidh siad téacs na mbeart seo in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 41

Deochanna alcólacha

Go dtí go nglacfar na forálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16(4), féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a choimeád ar bun maidir le comhábhair a liostú i gcás deochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu.

Airteagal 42

Glanchainníocht a shloinneadh

Cheal na bhforálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) maidir leis an nglanchainníocht a shloinneadh le haghaidh bianna sonraithe ar mhodh atá éagsúil leis an modh dá bhforáiltear in Airteagal 23(1), féadfaidh na Ballstáit na bearta náisiúnta a ghlac siad roimh an 12 Nollaig 2011 a choimeád ar bun.

Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta den sórt sin. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

Airteagal 43

Léiriú saorálach maidir le hiontógálacha tagartha le haghaidh grúpa sonrach/grúpaí sonracha den daonra

Go dtí go nglacfar forálacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 36(3), féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh maidir le léiriú saorálach na n-iontógálacha tagartha le haghaidh grúpaí sonracha den daonra.

Déanfaidh na Ballstáit téacs na mbeart sin a chur chuig an gCoimisiún gan mhoill.

Airteagal 44

Bearta náisiúnta le haghaidh bia neamh-réamhphacáilte

1.   I gcás ina dtairgtear bianna lena ndíol gan réamhphacáistíocht don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí, nó i gcás ina ndéantar bianna a phacáil san áitreabh díola arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó ina ndéantar iad a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dhírigh:

(a)

beidh soláthar na sonraí a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach;

(b)

ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 a sholáthar mura nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta lena gceanglaítear go ndéanfar cuid de na sonraí sin nó na sonraí sin go léir nó eilimintí de na sonraí sin a sholáthar.

2.   Féadfaidh Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh maidir leis na bealaí trína ndéanfar na sonraí sin uile, nó cuid díobh, nó eilimintí de na sonraí sin a shonraítear i mír 1, a chur ar fáil, agus, i gcás inarb iomchuí, an bealach ina ndéanfar iad a shloinneadh nó a chur i láthair.

3.   Déanfaidh Ballstáit téacs na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i mír 2 a chur chuig an gCoimisiún gan mhoill.

Airteagal 45

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát a mheasann gur gá reachtaíocht nua a ghlacadh maidir le faisnéis bhia, fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta a bheartaítear agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena dtugtar údar maith do na bearta sin.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 má mheasann sé go mbeadh an comhairliúchán sin fóinteach nó má iarrann aon Bhallstát air an comhairliúchán sin a dhéanamh. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfuil an próiseas sin trédhearcach do na geallsealbhóirí uile.

3.   Ní fhéadfaidh an Ballstát a mheasann gur gá reachtaíocht nua maidir le faisnéis bhia a ghlacadh na bearta a bheartaítear a ghlacadh go dtí trí mhí tar éis an dáta a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach bhfuil tuairim dhiúltach faighte aige ón gCoimisiún.

4.   Más tuairim dhiúltach í an tuairim a fhaightear ón gCoimisiúin, agus sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo in éag, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2) a thionscnamh chun a chinneadh an bhféadfar na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme faoi réir na modhnuithe iomchuí, más gá.

5.   Maidir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (38), ní bheidh feidhm aici maidir leis na bearta a thagann faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt a shonraítear san Airteagal seo.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 46

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Chun go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha, sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí le faisnéis, agus faoi réir na bhforálacha d’Airteagal 10(2) agus d’Airteagal 21(2) a bhaineann leis na leasuithe ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51.

Airteagal 47

Idirthréimhse maidir leis na bearta cur chun feidhme nó na gníomhartha tarmligthe agus dáta chur i bhfeidhm na mbeart nó na ngníomhartha sin

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo chun bearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2) nó trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

bunóidh sé idirthréimhse iomchuí chun na bearta nua a chur i bhfeidhm, ar idirthréimhse í ar lena linn a fhéadfar bianna a chur ar an margadh ar bianna iad a mbeidh lipéid orthu ar lipéid iad nach mbeidh na bearta nua á gcomhlíonadh acu agus ar idirthréimhse í ar dá héis a fhéadfar leanúint de bheith ag díol stoic na mbianna sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse go dtí go mbeidh siad go léir ídithe; agus

(b)

áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na bearta sin ón 1 Aibreán in aon bhliain féilire.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna práinne, i gcás inarb é is cuspóir do na bearta dá dtagraítear sa mhír sin sláinte an duine a chosaint.

Airteagal 48

Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh don Choimisiún. Is Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 an Coiste sin.

2.   I gcás ina ndéántar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 49

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006

In Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

“Beidh sé sainordaitheach lipéadú a dhéanamh maidir le cothúchán do tháirgí a ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte ina leith, cé is moite d’fhógraíocht chineálach. Is éard a bheidh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (*1). I gcás ina ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte i gcomhair cothaithigh dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 dearbhófar méid an chothaithigh sin i gcomhréir le hAirteagail 31 go 34 den Rialachán sin.

Maidir le méid na substainte nó méid na substaintí, méideanna na substainte nó méideanna na substaintí lena mbaineann maíomh cothúcháin nó sláinte nach dtaispeántar ar an lipéadú cothúcháin, déanfar é nó iad a lua sa réimse radhairc céanna leis an lipéadú cothúcháin agus sloinnfear é/iad i gcomhréir le hAirteagal 31, le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Beidh na haonaid tomhais a úsáidtear chun méid na substainte a shloinneadh iomchuí do na substaintí aonair lena mbaineann.

Airteagal 50

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006

Cuirtear an méid seo in ionad mhír 3 d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006:

“3.   Táirgí ar cuireadh vitimíní nó mianraí leo agus a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh sé sainordaitheach lipéadú cothúcháin a chur orthu. Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthrófar an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (*2) agus na méideanna iomlána de na vitimíní agus de na mianraí a bhí ann nuair a cuireadh leis an mbia iad.

Airteagal 51

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(3), Airteagal 10(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13(4), Airteagal 18(5), Airteagal 19(2), Airteagal 21(2), Airteagal 23(2), Airteagal 30(6), Airteagal 31(2), Airteagal 36(4) agus Airteagal 46, déanfar í a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana tar éis 12 Nollaig 2011. Tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(3), Airteagal 10(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13(4), Airteagal 18(5), Airteagal 19(2), Airteagal 21(2), Airteagal 23(2), Airteagal 30(6), Airteagal 31(2), Airteagal 36(4) agus Airteagal 46 a chúlgairm tráth ar bith. Déanfar le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(3), Airteagal 10(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13(4), Airteagal 18(5), Airteagal 19(2), Airteagal 21(2), Airteagal 23(2), Airteagal 30(6), Airteagal 31(2), Airteagal 36(4) nó Airteagal 46 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 52

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe, a ghlactar faoin Airteagal seo, i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 51(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 53

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE agus 2008/5/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 amhail ón 13 Nollaig 2014.

2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 54

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le bianna arna gcur ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh an 13 Nollaig 2014, agus nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.

Maidir le bianna arna gcur ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh an 13 Nollaig 2016 agus nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar síos i bpointe (l) d’Airteagal 9(1), féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.

Maidir le bianna arna gcur ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh an 1 Eanáir 2014, agus nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn VI, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.

2.   Idir an 13 Nollaig 2014 agus an 13 Nollaig 2016, i gcás ina ndéantar an dearbhú cothúcháin a sholáthar ar bhonn saorálach, comhlíonfar leis an dearbhú sin forálacha Airteagal 30 go hAirteagal 35.

3.   D’ainneoin Threoir 90/496/CEE, Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, féadfar bianna arna lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 30 go hAirteagal 35 den Rialachán seo a chur ar an margadh roimh an 13 Nollaig 2014.

D’ainneoin Rialachán (CE) Uimh. 1162/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha maidir le cur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 853/2004, (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), féadfar bianna arna lipéadú i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar an margadh roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 55

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 13 Nollaig 2014, cé is moite de phointe (l) d’Airteagal 9(1) a mbeidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2016, agus cé is moite de Chuid B d’Iarscríbhinn VI a mbeidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 81.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2010 (IO C 236 E, 12.8.2011, lch. 187.) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 21 Feabhra 2011 (IO C 102 E, 2.4.2011, lch. 1.). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh on gComhairle an 29 Meán Fómhair 2011.

(3)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(4)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(5)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(6)  IO L 276, 6.10.1990, lch. 40.

(7)  IO L 113, 30.4.1987, lch. 57.

(8)  IO L 69, 16.3.1999, lch. 22.

(9)  IO L 191, 19.7.2002, lch. 20.

(10)  IO L 97, 1.4.2004, lch. 44.

(11)  IO L 27, 31.1.2008, lch. 12.

(12)  IO L 43, 14.2.1997, lch. 1.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1.).

(14)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1580/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2200/96 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2201/96 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1182/2007 ón gComhairle in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí (IO L 350, 31.12.2007, lch. 1.).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle an 17 Nollaig 1999 maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 17, 21.1.2000, lch. 22.).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000.

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1019/2002 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2002 maidir le caighdeáin mhargaíochta i leith ola olóige (IO L 155, 14.6.2002, lch. 27.).

(19)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(20)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

(21)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(22)  IO C 187 E, 24.7.2008, lch. 160.

(23)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 81.

(24)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(25)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(26)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(27)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.

(28)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.

(29)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(30)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(31)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(32)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.

(33)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.

(34)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

(35)  IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.

(36)  IO L 164, 26.6.2009, lch. 45.

(37)  IO L 124, 20.5.2009, lch. 21.

(38)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(39)  IO L 314, 1.12.2009, lch. 10.


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE SONRACHA

Amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(4)

1.

ciallaíonn “dearbhú cothúcháin” nó “lipéadú cothúcháin” an fhaisnéis ina luaitear:

(a)

luach fuinnimh; nó

(b)

luach fuinnimh agus ceann amháin nó níos mó de na cothaithigh seo a leanas, agus na cothaithigh sin amháin:

saill (sáitheáin, monai-neamhsháitheáin, pola-neamhsháitheáin),

carbaihiodráit (siúcraí, polóil, stáirse),

salann,

snáithín,

próitéin,

aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus a bhfuil méideanna suntasacha díobh ann, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII;

2.

ciallaíonn “saill” iomlán na lipidí, agus áirítear ann fosfailipidí;

3.

ciallaíonn “sáitheáin” aigéid shailleacha nach bhfuil nasc dúbailte iontu;

4.

ciallaíonn “tras-saill” aigéid shailleacha a bhfuil ar a laghad nasc dúbailte carbóin-charbóine neamh-chomhchuingeach (eadhon nasc atá á idirscor ag grúpa meitiléine amháin ar a laghad) amháin sa tras-chumraíocht;

5.

ciallaíonn “monai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil nasc dúbailte cis amháin iontu;

6.

ciallaíonn “polai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil dhá nasc dúbailte cis, cis-mheitiléine idirscortha nó níos mó iontu;

7.

ciallaíonn “carbaihiodráit” aon charbaihiodráit a dhéantar a mheitibiliú i ndaoine, agus lena n-áirítear polóil;

8.

ciallaíonn “siúcraí” na monaisiúicrídí agus na déshiúicrídí ar fad atá sa bhia, gan polóil a chur san áireamh;

9.

ciallaíonn “polóil” alcóil a bhfuil dhá ghrúpa hiodrocsaile nó níos mó iontu;

10.

ciallaíonn “próitéin” an mhéid próitéine a ríomhtar tríd an bhfoirmle seo a leanas: próitéin = nítrigin Kjeldahl iomlán × 6,25;

11.

ciallaíonn “salann” an mhéid chomhionann salainn agus é á ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas: salann = sóidiam × 2,5;

12.

ciallaíonn “snáithín” polaiméirí carbaihiodráite a bhfuil trí cinn nó níos mó d’aonaid mhonaiméireacha iontu, nach ndéantar a dhíleá ná a ionsú i stéig bheag an duine agus ar de na catagóirí seo a leanas iad:

polaiméirí carbaihiodráite inite a fhaightear go nádúrtha sa bhia mar a chaithtear é,

polaiméirí carbaihiodráite inite a fuarthas ó amhábhar bia trí mheáin fhisiciúla, einsímeacha nó ceimiceacha agus a bhfuil dea-éifeacht fhiseolaíoch acu a léirítear le fianaise eolaíoch a bhfuil glacadh ginearálta léi,

polaiméirí carbaihiodráite sintéiseacha inite a bhfuil dea-éifeacht fhiseolaíoch acu, ar dea-éifeacht í a léirítear le fianaise eolaíoch a bhfuil glacadh ginearálta léi;

13.

ciallaíonn “meánluach” an luach is fearr a sheasann do mhéid an chothaithigh i mbia áirithe, agus a fhreagraíonn do lamháltais i leith inathraitheachta séasúraí, patrún tomhaltais agus dálaí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hathrú ar an bhfíorluach.


IARSCRÍBHINN II

SUBSTAINTÍ NÓ TÁIRGÍ IS CÚIS LE hAILLÉIRGÍ NÓ LE hÉADULAINGTÍ

1.

Gránaigh a bhfuil glútan iontu, eadhon: cruithneacht, seagal, eorna, coirce, speilt, camut nó a dtréithchineálacha hibridithe, agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

síoróipí glúcóis chruithneacht-bhunaithe, lena n-áirítear deaslós (1);

(b)

maltódeisliní chruithneacht-bhunaithe (1);

(c)

síoróipí glúcóis eorna-bhunaithe;

(d)

gránaigh a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;

2.

Crústaigh agus táirgí a rinneadh astu;

3.

Uibheacha agus táirgí a rinneadh astu;

4.

Éisc agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

geilitín éisc a úsáidtear mar iompróir d’ullmhóidí vitimíneacha nó d’ullmhóidí caraitéanóideacha;

(b)

geilitín éisc nó iascghlae, a úsáidtear mar oibreán mínitheach i mbeoir agus i bhfíon;

5.

Piseanna talún agus táirgí a rinneadh astu;

6.

Pónairí soighe agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

ola agus saill soighe atá scagtha go hiomlán (1);

(b)

tócaifearóil mheasctha nádúrtha (E306), tócaifearól D-alfa nádúrtha, aicéatáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha, sucanáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha a fhaightear ó phónairí soighe;

(c)

fíteastaróil atá díorthaithe ó olaí glasraí agus eistir fíteastaróil a fhaightear ó phónairí soighe;

(d)

eistear stanóil planda a tháirgtear ó staróil ola glasraí ó phónairí soighe;

7.

Bainne agus táirgí a rinneadh as (lena n-áirítear lachtós), seachas an méid seo a leanas:

(a)

meadhg a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh, lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;

(b)

lactiteal;

8.

Cnónna, eadhon: almóinní (Amygdalus communis L.), cnónna coill (Corylus avellana), gallchnónna (Juglans regia), cnónna caisiú (Anacardium occidentale), cnónna peagáin (Carya illinoinensis (Wangenh.) K. Koch), cnónna Brasaíleacha (Bertholletia excelsa), cnónna pistéise (Pistacia vera), cnónna macadaíme nó cnónna Thír na Banríona (Macadamia ternifolia), agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin cnónna a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh, lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;

9.

Soilire agus táirgí a rinneadh as;

10.

Mustard agus táirgí a rinneadh as;

11.

Síolta seasamain agus táirgí a rinneadh astu;

12.

Dé-ocsaíd sulfair agus suilfítí ag tiúchain de bhreis agus 10 mg/kg nó 10 mg/lítear maidir leis an méid iomlán SO2, ar dé-ocsáid sulfair agus suilfítí iad atá le ríomh i dtaca le táirgí mar a chuirtear ar fáil lena dtomhailt iad nó mar tháirgí a athrinneadh i gcomhréir le treoracha na monaróirí;

13.

Lúipín agus táirgí a rinneadh as;

14.

Moilisc agus táirgí a rinneadh astu.


(1)  Agus na táirgí a rinneadh astu, sa mhéid nach dóigh don phróiseas faoina ndeachaigh siad méadú a dhéanamh ar an leibhéal ailléirgeachta, mar atá measúnaithe ag an Údarás atá freagrach as an táirge ábhartha as ar tháinig siad, dá bharr.


IARSCRÍBHINN III

BIANNA AR INA LEITH IS GÁ CEANN AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE SHONRAÍ BREISE A ÁIREAMH AR A LIPÉADÚ

SAGHAS NÓ CATAGÓIR BIA

SONRAÍ

1.   Bianna atá pacáistithe i ngáis áirithe

1.1.

Bianna ar cuireadh lena marthanacht trí bhíthin gás pacáistíochta atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“pacáistíodh an táirge seo in atmaisféar cosanta”.

2.   Bianna a bhfuil milseoirí iontu

2.1.

Bianna a bhfuil milseoir nó milseoirí iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“le milseoir(í)”, gabhfaidh an ráiteas seo le hainm an bhia.

2.2.

Bianna a bhfuil siúcra áirithe breise nó siúcraí breise mar aon le milseoir breise nó milseoirí breise iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“le siúcra(í) agus milseoir(í)”, gabhfaidh an ráiteas seo le hainm an bhia.

2.3.

Bianna a bhfuil aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“Apairtéim ann (foinse feiniolalainín)”; beidh na focail sin ar an lipéad i gcásanna gur le tagairt don E-uimhir amháin a bheidh aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime luaite i liosta na gcomhábhar.

“Foinse feiniolalainín ann”; beidh na focail sin ar an lipéad i gcásanna gur leis an ainm sonrach a bheidh aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime luaite i liosta na gcomhábhar.

2.4.

Bianna a bhfuil níos mó ná 10 % polóil bhreise iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar a róthomhailt”.

3.   Bianna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a salann amóiniam iontu

3.1.

Milseogra nó deochanna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 100 mg/kg nó 10 mg/l nó níos mó.

cuirfear “Liocras ann” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar, seachas nuair a bhíonn an téarma “liocras” san áireamh sa liosta comhábhar nó in ainm an bhia cheana. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

3.2.

Milseogra a bhfuil aigéad glicricsíníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 4 g/kg nó níos mó.

cuirfear “Liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

3.3.

Deochanna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 50 mg/l nó níos mó, nó 300 mg/l nó níos mó i gcás deochanna le breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu (1).

cuirfear “Liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

4.   Deochanna a bhfuil ardchion caiféine nó bianna le caiféin breise iontu

4.1.

Deochanna, seachas deochanna atá bunaithe ar chaife, ar thae nó ar úsc caife nó ar úsc tae nuair a áirítear in ainm an bhia an téarma “caife” nó “tae”, deochanna atá:

ceaptha bheith ólta gan aon athrú orthu agus agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu, ó cibé foinse, nó

i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm thirim a gcuirtear caiféin iontu le linn an phróisis athdhéanta, ó cibé foinse, agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu.

“Le hardchion caiféine. Ní mholtar é seo do leanaí ná do mhná atá torrach nó ag cothú leis an gcíoch” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm na dí, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh an 100 ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo.

4.2.

Bianna seachas deochanna, lena gcuirtear caiféin chun críche fiseolaíche.

“Caiféin ann. Ní mholtar é seo do leanaí ná do mhná torracha” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm an táirge, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh an 100 g/ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo. I gcás breiseán bia, déanfar an cion caiféine a shloinneadh ar an lipéadú, in aghaidh na coda, de réir an mholta maidir le tomhaltas laethúil.

5.   Bianna a bhfuil fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil bhreise iontu

5.1.

Bianna nó comhábhair bhia a bhfuil fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil bhreise iontu.

(1)

“le stéaróil phlanda bhreise” nó “le stanóil phlanda bhreise” sa réimse radhairc céanna ina dtaispeántar ainm an bhia;

(2)

sonrófar cion an méid fíteastaról breise, an méid eistear fíteastaról breise, an méid fíteastanól breise nó an méid eistear fíteastanól atá ann nó iontu (arna shloinneadh mar % nó mar g saor-staról planda/saor-stanól planda an 100 g nó an 100 ml bia) sa liosta comhábhar;

(3)

ráiteas a léiríonn go bhfuil an bia beartaithe do dhaoine gur mhian leo leibhéal colaistéaról a gcuid fola a laghdú;

(4)

ráiteas nár chóir do dhaoine a bhfuil cógas laghdaithe colaistéaróil á thógáil acu an táirge seo a ithe ach faoi mhaoirseacht dochtúra;

(5)

ráiteas sofheicthe go bhféadfadh an bia gan a bheith oiriúnach ó thaobh cothaithe de do mhná atá torrach nó atá ag cothú leis an gcíoch nó do leanaí faoi chúig bliana d’aois;

(6)

an chomhairle gur gá an bia a úsáid mar chuid de réim chothrom, ilchineálach bia, lena n-áirítear torthaí agus glasraí a ithe go rialta chun cabhrú leis na leibhéil charaitéanóideacha a choimeád;

(7)

sa réimse céanna radhairc ina bhfuil an ráiteas a cheanglaítear faoi phointe (3) thuas, ráiteas gur chóir caitheamh de bhreis agus 3 g in aghaidh an lae de stéaróil phlanda breise/stanóil phlanda breise, a sheachaint;

(8)

sainmhíniú ar cad é an chuid den bhia nó den chomhábhar bia lena mbaineann (agus b’fhearr é sin a thabhairt i ng nó i ml) agus an méid stéaróil/stanóil phlanda atá i ngach cuid díobh.

6.   Feoil reoite, ullmhóidí feola reoite agus táirgí neamhphróiseáilte reoite iascaigh

6.1.

Feoil reoite, ullmhóidí feola reoite agus táirgí neamhphróiseáilte reoite iascaigh.

dáta an reo nó dáta an chéad reo i gcásanna ina ndearnadh an táirge a reo níos mó ná uair amháin, i gcomhréir le pointe (3) d’Iarscríbhinn X.


(1)  Beidh feidhm ag an leibhéal sin maidir leis na táirgí a thairgtear mar táirgí atá réidh le caitheamh nó mar tháirgí athdhéanta de réir threoracha na monaróirí.


IARSCRÍBHINN IV

SAINMHÍNIÚ AR x-AIRDE

x – AIRDE

Image

IARSCRÍBHINN V

BIANNA ATÁ DÍOLMHAITHE ÓN gCEANGLAS I dTACA LEIS AN DEARBHÚ SAINORDAITHEACH COTHÚCHÁIN

1.

Táirgí neamhphróiseáilte nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin chomhábhar;

2.

Táirgí próiseáilte nach ndearnadh aon phróiseáil orthu ach iad a aibiú agus nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin de chomhábhair;

3.

Uisce a bheartaítear lena ól ag daoine, lena n-áirítear uisce nach bhfuil ach dé-ocsaíd charbóin agus/nó blastáin agus iad sin amháin mar chomhábhair bhreise ann;

4.

Luibh, spíosra nó meascán díobh;

5.

Salann agus ionadaigh salainn;

6.

Milseoirí barr tábla;

7.

Táirgí a chumhdaítear le Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus shiocaire (1), pónairí caife iomlána nó meilte agus pónairí caife iomlána nó meilte gan chaiféin;

8.

Insiltí luibheanna agus torthaí, tae, tae gan chaiféin, tae ar an toirt nó intuaslagtha nó úsc tae, tae ar an toirt gan chaiféin nó tae intuaslagtha gan chaiféin nó úsc tae gan chaiféin, nach bhfuil comhábhair bhreise eile iontu seachas blastáin nach n-athraíonn luach cothaitheach an tae;

9.

Fínéagair choipthe agus ionadaigh fínéagair, lena n-áirítear fínéagair nach bhfuil ach blastáin agus iad sin amháin mar chomhábhair bhreise iontu;

10.

Blastáin;

11.

Breiseáin bhia;

12.

Áiseanna próiseála;

13.

Einsímí bia;

14.

Geilitín;

15.

Cumaisc théachtaithe suibhe;

16.

Giosta;

17.

Gumaí coganta;

18.

Bia pacáistithe nó bia i gcoimeádáin ar lú ná 25 cm2 an dromchla is mó atá orthu;

19.

Bia, lena n-áirítear bia lámhcheardaithe, a sholáthraíonn monaróirí i méideanna beaga táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh.


(1)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.


IARSCRÍBHINN VI

AINM AN BHIA AGUS SONRAÍ SONRACHA A GHABHANN LEIS

CUID A —   SONRAÍ SAINORDAITHEACHA A GHABHANN LE hAINM AN BHIA

1.

Áireofar, le hainm an bhia, sonraí maidir le staid fhisiceach an bhia nó an bealach sonrach inar cuireadh cóireáil air nó beidh na sonraí sin ag gabháil leis (mar shampla, púdraithe, athreoite, reothriomaithe, mear-reoite, tiubhaithe, deataithe) i ngach cás ina bhféadfaí an ceannaitheoir a chur ar míthreoir d’uireasa na faisnéise sin.

2.

I gcás bianna a reoitear sula ndíoltar iad agus a dhíoltar díreoite, beidh an ainmníocht “dí-reoite” ag gabháil leis na mbia.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhábhair atá sa táirge deiridh;

(b)

bianna ar céim riachtanach den phróiseas táirgeachta é an reo;

(c)

bianna nach bhfuil aon tionchar diúltach ag an dí-reo ar shábháilteacht nó ar cháilíocht an bhia.

Beidh feidhm ag an bpointe seo gan dochar do phointe 1.

3.

I gcás bianna atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch, taispeánfar ceann de na léirithe seo a leanas air:

“ionradaithe” nó “cóireáilte le radaíocht ianaíoch”, agus sonraí eile mar a luaitear i dTreoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch (1).

4.

I gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú – chomh maith leis an liosta comhábhar – ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán, agus maidir leis an léiriú sin:

(a)

beidh sé i ndlúthghaireacht d’ainm an táirge; agus

(b)

déanfar é trí úsáid a bhaint as clómhéid ag a bhfuil x-airde de 75 % ar a laghad de x-airde ainm an táirge agus ní bheidh an clómhéid sin níos lú ná an clómhéid íosta a cheanglaítear le hAirteagal 13(2) den Rialachán seo.

5.

I gcás táirgí feola, ullmhóidí feola agus táirgí iacaigh a bhfuil próitéiní ina gcáilíocht féin iontu, lena n-áirítear próitéiní hidrealaithe, ar de thionscnamh ainmhíocha difriúil iad, déanfar léiriú gur ann do na próitéiní sin agus cad dar tionscnamh iad a chur ar ainm an bhia.

6.

I gcás táirgí feola agus ullmhóidí feola a bhfuil a chosúlacht orthu gur stiall, spóla, slisne, cuid nó conablach feola iad, beidh ar áireamh in ainm an bhia léiriú maidir le huisce breise a bheith leis más mó an méid uisce atá leis ná 5 % de mheáchan an táirge deiridh. Beidh feidhm ag na rialacha céanna sin i gcás táirgí iascaigh agus táirgí ullmhaithe iascaigh a bhfuil a chosúlacht orthu gur stiall, spóla, slisne, cuid, filéad nó an t-iomlán de tháirge éisc iad.

7.

Maidir le táirgí feola, ullmhóidí feola agus táirgí iascaigh a bhféadfaí a thuiscint ina dtaobh gur déanta as píosa iomlán feola nó éisc atá siad, ach gurb éard atá iontu go hiarbhír ná píosaí éagsúla atá cumasctha le chéile ag comhábhair eile, lena n-áirítear breiseáin bhia agus einsímí bia nó le modhanna eile, beidh an léiriú seo a leanas orthu:

sa Bhulgáiris

:

“формовано месо” agus “формована риба”;

sa Spáinnis

:

“combinado de piezas de carne” agus “combinado de piezas de pescado”;

sa tSeicis

:

“ze spojovaných kousků masa” agus “ze spojovaných kousků rybího masa”;

sa Danmhairgis

:

“Sammensat af stykker af kød” agus “Sammensat af stykker af fisk”;

sa Ghearmáinis

:

“aus Fleischstücken zusammengefügt” agus “aus Fischstücken zusammengefügt”;

san Eastóinis

:

“liidetud liha” agus “liidetud kala”;

sa Ghréigis

:

“μορφοποιημένο κρέας” agus “μορφοποιημένο ψάρι”;

sa Bhéarla

:

“formed meat” agus “formed fish”;

sa Fhraincis

:

“viande reconstituée” agus “poisson reconstitué”;

sa Ghaeilge

:

“píosaí feola ceangailte” agus “píosaí éisc ceangailte”;

san Iodáilis

:

“carne ricomposta” agus “pesce ricomposto”;

sa Laitvis

:

“formēta gaļa” agus “formēta zivs”;

sa Liotuáinis

:

“sudarytas (-a) iš mėsos gabalų” agus “sudarytas (-a) iš žuvies gabalų”;

san Ungáiris

:

“darabokból újraformázott hús” agus “darabokból újraformázott hal”;

sa Mháltais

:

“laħam rikostitwit” agus “ħut rikostitwit”;

san Ollainnis

:

“samengesteld uit stukjes vlees” agus “samengesteld uit stukjes vis”;

sa Pholainnis

:

“z połączonych kawałków mięsa” agus “z połączonych kawałków ryby”;

sa Phortaingéilis

:

“carne reconstituída” agus “peixe reconstituído”;

sa Rómáinis

:

“carne formată” agus “carne de pește formată”;

sa tSlóvaicis

:

“spájané alebo formované mäso” agus “spájané alebo formované ryby”;

sa tSlóivéinis

:

“sestavljeno, iz koščkov oblikovano meso” agus “sestavljene, iz koščkov oblikovane ribe”;

san Fhionlainnis

:

“paloista yhdistetty liha” agus “paloista yhdistetty kala”;

sa tSualainnis

:

“sammanfogade bitar av kött” agus “sammanfogade bitar av fisk”.

CUID B —   CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LEIS AN AINMNÍOCHT “MIONFHEOIL”

1.

Critéir maidir le comhdhéanamh a dhéantar a sheiceáil ar bhonn an mheáin laethúil:

 

Cion saille

Collaigin/cóimheas próitéine-feola (2)

mionfheoil thrua

≤ 7 %

≤ 12 %

fíor-mhionmhairteoil

≤ 20 %

≤ 15 %

mionfheoil a bhfuil feoil muice iontu

≤ 30 %

≤ 18 %

mionfheoil ó speicis eile

≤ 25 %

≤ 15 %

2.

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil IV de Roinn V d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, taispeánfar na nathanna seo a leanas ar an lipéadú:

“céatadán den chion saille faoi …”,

“cóimheas collaigin/próitéin feola faoi …”.

3.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfí mionfheoil ar an margadh faoi mharc náisiúnta, ar mionfheoil í nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo, agus ar marc é nach féidir aon iomrall a bheith ann idir é agus na marcanna eile dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

CUID C —   CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LE CRAICNE ISPÍNÍ A AINMNIÚ

Mura bhfuil an craiceann ispín inite, ní mór é sin a léiriú.


(1)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.

(2)  Sloinntear cóimheas collaigine/próitéine feola mar chéatadán de chollaigin i bpróitéin feola. Ciallaíonn cion na collaigine cion an hiodrocsapróilín arna iolrú ar fhachtóir de 8.


IARSCRÍBHINN VII

COMHÁBHAIR A LÉIRIÚAGUS A AINMNIÚ

CUID A —   FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE COMHÁBHAIR A LÉIRIÚ IN ORD ÍSLITHEACH DE RÉIR MEÁCHAIN

Catagóir an chomhábhair

Foráil maidir le léiriú de réir meáchain

1.

Táirgí a bhfuil uisce breise iontu agus táirgí so-ghalaithe

Déanfar na comhábhair seo a liostú in ord a meáchain sa táirge críochnaithe. Déanfar an méid uisce a cuireadh leis an mbia mar chomhábhar a ríomh trí mhéid iomlán na gcomhábhar eile a bhaint de mhéid iomlán an táirge chríochnaithe. Ní chaithfear an méid sin a chur san áireamh mura mó é ná 5 % de réir meáchain den táirge críochnaithe. Níl feidhm ag an maolú seo maidir le feoil, ullmhóidí feola, táirgí neamhphróiseáilte iascaigh agus moilisc dhébhlaoscacha neamhphróiseáilte

2.

Comhábhair a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm díhiodráitithe a athdhéantar tráth an mhonaraithe

Féadfar iad a liostú in ord a meáchain a taifeadadh sular dlúthaíodh nó sular díhiodráitíodh iad

3.

Comhábhair a úsáidtear i mbia dlúth nó i mbia díhiodráitithe, a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leo

Féadfar iad a liostú in ord a gcion sa táirge athdhéanta ar an gcoinníoll go gcuirtear frása leo, amhail, “comhábhair an táirge athdhéanta”, nó “comhábhair an táirge réidh le húsáid”

4.

Torthaí, glasraí nó beacáin, nach troime ná a chéile ar bhealach suntasach aon cheann díobh agus a úsáidtear i gcionmhaireachtaí ar dual dóibh athrú, i meascán mar chomhábhair bhia

Féadfar iad a ghrúpáil le chéile ar an liosta comhábhar faoin ainmníocht: “torthaí”, “glasraí” nó “beacáin” agus an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” ina dhiaidh sin, agus go díreach ina dhiaidh sin, liosta na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge. I gcásanna den sórt sin, áireofar an meascán sa liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge

5.

Meascáin de spíosraí nó de luibheanna, nach troime go suntasach aon cheann díobh ó thaobh chionmhaireacht an mheáchain de

Féadfar iad a liostú in ord difriúil ar choinníoll go mbeidh frása, amhail “i gcionmhaireacht athraitheach”, ag dul leis an liosta comhábhar

6.

Comhábhair ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe

Féadfar iad a liostú in ord eile i ndiaidh na gcomhábhar eile

7.

Comhábhair, atá comhchosúil lena chéile nó ar féidir iad a úsáid in ionad a chéile, ar dhócha go n-úsáidfear iad chun bia a dhéanamh nó a ullmhú gan a chomhdhéanamh, a nádúr nó a luach meabhairbhraite a athrú, agus sa mhéid nach bhfuil iontu ach níos lú ná 2 % den táirge críochnaithe

Féadfar tagairt dóibh sa liosta comhábhar trí bhíthin an ráitis “… agus/nó … ann”, i gcás ina mbeidh ar a laghad comhábhar amháin de, ar a mhéid, dhá chomhábhar sa táirge críochnaithe. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia nó comhábhair a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn seo, ná maidir le substaintí ná táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí

8.

Olaí scagtha de thionscnamh glasraí

Féadfar iad a ghrúpáil le chéile sa liosta comhábhar faoin ainmníocht “olaí glasraí”, agus liosta de thionscnamh sonrach glasraí a bheith díreach ina dhiaidh, agus féadfar an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” a chur ina dhiaidh freisin. Má bhíonn siad grúpáilte le chéile, déanfar olaí glasraí a chur ar an liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na n-olaí glasraí atá sa táirge.

Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le hola hidriginithe

9.

Saillte scagtha de thionscnamh glasraí

Féadfar iad a ghrúpáil le chéile sa liosta comhábhar faoin ainmníocht “saillte glasraí”, agus liosta de thionscnamh sonrach glasraí a bheith díreach ina dhiaidh, agus féadfar an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” a chur ina dhiaidh freisin. Má bhíonn siad grúpáilte le chéile, déanfar saillte glasraí a chur ar an liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na saillte glasraí atá sa táirge.

Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le saill hidriginithe

CUID B —   COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ LE hAINM CATAGÓIRE SEACHAS LE hAINM SONRACH

Gan dochar d’Airteagal 21, maidir le comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí de bhianna liostaithe thíos agus ar comhchodanna iad de bhia eile, féadfar iad a ainmniú faoi ainm na catagóire sin in ionad an ainm shonraigh.

Sainmhíniú ar chatagóir an bhia

Ainmníocht

1.

Olaí scagtha de thionscnamh ainmhíoch

“Ola”, agus an aidiacht “ainmhíoch”, nó an léiriú maidir le tionscnamh sonrach ainmhíoch.

Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le hola hidriginithe

2.

Saillte scagtha de thionscnamh ainmhíoch

“Saill”, agus an aidiacht “ainmhíoch”, nó an léiriú maidir le tionscnamh sonrach ainmhíoch.

Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le saill hidriginithe

3.

Meascáin de phlúir a fuarthas as dhá ghránspeiceas nó níos mó

“Plúr”, agus liosta ina dhiaidh sin de na gránaigh a úsáideadh chun an plúr a dhéanamh, in ord íslitheach de réir meáchain

4.

Stáirsí, agus stáirsí a athraíodh ar mhodh fisiceach nó trí einsímí

“Stáirse”

5.

Gach speiceas éisc nuair a úsáidtear an t-iasc mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach ndéantar tagairt le hainm ná le cur i láthair an bhia sin do shainspeiceas éisc

“Éisc”

6.

Gach saghas cáise nuair a úsáidtear an cháis nó meascán de cháiseanna mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach tagairt é ainm agus cur i láthair an bhia sin do shainchineál cáise

“Cáis”

7.

Iomlán na spíosraí nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia iad

“Spíosra(í)” nó “spíosraí measctha”

8.

Iomlán na luibheanna nó codanna de luibheanna nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia iad

“Luibh(eanna)” nó “luibheanna measctha”

9.

Gach saghas ullmhóidí guma a úsáidtear chun bonn guma a mhonarú le haghaidh guma coganta

“Bonn guma”

10.

Gach saghas táirge gránaigh bácáilte faoi ghrabhróga

“Grabhróga” nó “roscaí”, de réir mar is iomchuí

11.

Gach saghas siúcróis

“Siúcra”

12.

Deaslós anhiodrach nó deaslós monaihiodrach

“Deaslós”

13.

Síoróip ghlúcóis agus síoróip ghlúcóis anhiodrach

“Síoróip ghlúcóis”

14.

Gach saghas próitéine bainne (cáiséiní, cáiséineáití agus próitéiní meidhg) agus meascáin a dhéantar astu

“Próitéiní bainne”

15.

Im cócó brúite, asbhrúite nó scagtha

“Im cócó”

16.

Gach saghas fíona a chumhdaítear le hIarscríbhinn XIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1)

“Fíon”

17.

Matáin chnámharlaigh (2) de speicis mhamacha agus éan a nglactar leo a bheith oiriúnach lena n-ithe ag daoine agus a bhfuil fíochán cuimsithe nó greamaitheach nádúrtha orthu, nuair nach mó cion iomlán na saille agus an fhíocháin tacaíochta ná na luachanna atá léirithe thíos agus nuair a úsáidtear an fheoil mar chomhábhar i mbia eile.

Uaschionta na saille agus an fhíocháin tacaíochta do chomhábhair dá dtagraítear leis an téarma “… fheoil” [nó “feoil …” de réir mar a bheidh]

Speiceas

Cion saille

Cóimheas collaigin/próitéin feola (4)

Mamaigh (seachas coiníní agus muca) agus meascáin de speicis ar mamaigh iad den chuid is mó

25  %

25  %

Muca

30  %

25  %

Éin agus coiníní

15  %

10  %

Má dhéantar na huasteorainneacha a shárú, ach má chomhlíontar na critéir eile don sainmhíniú “feoil”, ní mór cion na “… fheola” [nó na “feola …”, de réir mar a bheidh] a ísliú dá réir sin agus ní mór saill agus/nó fíochán tacaíochta a lua sa liosta comhábhar i dteannta an téarma “… fheoil” [nó “feoil …”, de réir mar a bheidh].

Eisiatar ón sainmhíniú seo na táirgí a chumhdaítear faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha”

“… fheoil” [nó feoil …, de réir mar a bheidh] agus ainm(neacha) (3) an speicis ainmhithe óna bhfaightear í

18.

Gach saghas táirgí a thagann faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha”

“feoil inneall-scartha” agus ainm(neacha) (3) speiceas na n-ainmhithe óna bhfaightear í

CUID C —   COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ LE hAINM A gCATAGÓIRE AGUS A nAINM SONRACH NÓ A nE-UIMHIR SHONRACH INA DHIAIDH

Gan dochar d’Airteagal 21, ní mór breiseáin bhia agus einsímí bia a bhaineann le ceann de na catagóirí a liostaítear sa Chuid seo, seachas na cinn a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20 a ainmniú de réir na catagóire sin agus a n-ainm sonrach nó an E-uimhir, más iomchuí, a chur síos ina dhiaidh sin. Má bhaineann comhábhar le breis agus catagóir amháin, léireofar an chatagóir is iomchuí i leith na príomhfheidhme i gcás an bhia lena mbaineann.

 

Aigéad

 

Rialtán aigéadachta

 

Oibreán frithstolptha

 

Oibreán frithchúrtha

 

Frithocsaídeoir

 

Toirteoir

 

Dath

 

Eiblitheoir

 

Salainn eiblithe (5)

 

Oibreán teannta

 

Méadaitheoir blais

 

Oibreán plúrchóireála

 

Oibreáin chúrtha

 

Oibreán glóthúcháin

 

Oibreán glónrúcháin

 

Taisleán

 

Stáirse modhnaithe (6)

 

Leasaitheach

 

Gás tiomána

 

Oibreán éiritheach

 

Leithliseoir

 

Cobhsaitheoir

 

Milseoir

 

Tiúsóir

CUID D —   BLASTÁIN ATÁ SA LIOSTA COMHÁBHAR A AINMNIÚ

1.

Ainmneofar blastáin trí cheachtar de na téarmaí seo a leanas:

“blastán/blastáin” nó trí ainm níos sonraí ar an mblastán nó cur síos níos sonraí air má tá na blastáin arna sainmhíniú i bpointí (b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 sa chomhchuid bhlaistithe,

“blastán deataigh/blastáin deataigh”, nó “blastán deataigh/blastáin deataigh a tháirgtear ó bhia/bhianna nó ó chatagóir bia nó ó fhoinse/fhoinsí bia”(e.g. blastán deataigh a tháirgtear ón bhfáibhile), i gcás ina bhfuil blastáin a shainmhínítear in bpointe (f) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 sa chomhchuid bhlaistithe agus i gcás ina dtugtar blas deataithe don bhia leis.

2.

Úsáidtear an téarma “nádúrtha” chun tuairisc a dhéanamh ar bhlastáin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

3.

Cuinín agus/nó caiféin a úsáidtear mar bhlastán i dtáirgeadh agus in ullmhú an bhia, is ina n-ainmneacha a luafar iad sa liosta comhábhar, díreach tar éis an téarma “blastán” nó “blastáin”.

CUID E —   COMHÁBHAIR CUMAISC A AINMNIÚ

1.

Féadfar comhábhar cumaisc a áireamh sa liosta comhábhar, faoina ainmíocht féin sa mhéid go bhfuil sé seo leagtha amach de réir dlí nó bunaithe de réir custaim, ina mheáchan iomlán, agus liosta a chomhábhar a bheith díreach ina dhiaidh sin.

2.

Gan dochar d’Airteagal 21, ní bheidh an liosta comhábhar éigeantach le haghaidh comhábhar cumaisc:

(a)

nuair a shainmhínítear comhdhéanamh an chomhábhair chumaisc i bhforálacha reatha Aontais, agus sa mhéid gur lú ná 2 % an comhábhar cumaisc den táirge críochnaithe; ní bheidh feidhm, áfach, ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20;

(b)

maidir le comhábhair chumaisc arb é atá iontu meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe, seachas breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20;

(c)

nuair is éard atá sa chomhábhar cumaisc ná bia ar ina leith nach gá liosta comhábhar a sholáthar faoi fhorálacha Aontais.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(2)  Is cuid de na matáin chnámharlaigh iad an scairt agus na matáin choganta, ach ní chuirtear an croí, an teanga, matáin an chinn (seachas na matáin choganta), matáin an charpais, an tarsais agus an eireabaill san áireamh.

(3)  Féadfar ainm ginearálta an chomhábhair don speiceas ainmhithe lena mbaineann a úsáid i gcomhair an lipéadaithe as Béarla, in ionad na hainmníochta sin.

(4)  Sloinntear an cóimheas collaigine/próitéine feola mar chéatadán na collaigine i bpróitéin feola. Ciallaíonn cion na collaigine, cion an hiodrocsapróilín arna iolrú ar fhachtóir de 8.

(5)  I gcás cáiseanna próiseáilte agus táirgí atá bunaithe ar cháiseanna próiseáilte agus dóibh sin amháin.

(6)  Ní cheanglófar an t-ainm sonrach ná an E-uimhir a léiriú.


IARSCRÍBHINN VIII

LÉIRIÚ CAINNÍOCHTÚIL COMHÁBHAR

1.

Ní bheidh gá le léiriú cainníochtúil:

(a)

i leith comhábhair nó catagóire comhábhar:

(i)

a bhfuil a meáchan glan díscithe á léiriú i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn IX;

(ii)

a bhfuil sé éigeantach cheana féin a chainníochtaí a thaispeáint ar an lipéadú faoi fhorálacha an Aontais;

(iii)

nach n-úsáidtear ach cainníochtaí beaga de le haghaidh cuspóirí blaistithe; nó

(iv)

nach leor an comhábhar, cé gur ann dó in ainm an bhia, le go mbeadh rogha an tomhaltóra á rialú aige sa tír ina gcuirtear ar an margadh é, toisc nach bhfuil baint riachtanach ag athruithe i gcainníocht an chomhábhair le saintréithiúlacht an bhia nó nach leor iad le go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir é agus bianna eile atá cosúil leis;

(b)

i gcás ina leagtar síos go cruinn, le forálacha sonracha an Aontais, cainníocht an chomhábhair nó cainníocht catagóire de chomhábhair agus nach bhforáiltear dá léiriú ar an lipéadú; nó

(c)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 4 agus i bpointe 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn VII.

2.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) nó ag pointe (b) d’Airteagal 22(1) i gcás:

(a)

aon chomhábhair nó aon chatagóire de chomhábhair a chumhdaítear leis an léiriú “le milseoir(í)” nó “le siúcra(í) agus milseoir(í)” má ghabhann an tásc sin le hainm an bhia, de bhun Iarscríbhinn III; nó

(b)

aon vitimín breise nó aon mhianra breise más substaint í atá faoi réir dearbhaithe cothúcháin.

3.

Déanfar an léiriú maidir le cainníocht an chomhábhair nó cainníocht na catagóire de chomhábhair:

(a)

a shloinneadh mar chéatadán, a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair nó na gcomhábhar ag an am a úsáidtear é/iad; agus

(b)

a thaispeáint in ainm an bhia nó díreach in aice le hainm an bhia nó i liosta comhábhar i dtaca leis an gcomhábhar nó leis an gcatagóir de chomhábhair lena mbaineann.

4.

De mhaolú ar phointe 3:

(a)

i gcás ina mbeidh taise caillte ag bianna i ndiaidh teaschóireála nó cóireála eile, sloinnfear an chainníocht mar chéatadán a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáideadh i gcomparáid leis an táirge críochnaithe, ach amháin más mó ná 100 % an chainníocht sin nó cainníocht iomlán na gcomhábhar ar fad a léirítear ar an lipéadú, cás ina léireofar an chainníocht bunaithe ar mheáchan an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáidtear chun 100 g den táirge críochnaithe a ullmhú;

(b)

léireofar cainníocht na gcomhábhar so-ghalaithe bunaithe ar a gcionmhaireacht de réir meáchain sa táirge críochnaithe;

(c)

féadfar cainníocht na gcomhábhar a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm dhíhiodráitithe agus a athdhéantar le linn an phróisis mhonaraithe a léiriú ar bhonn a gcionmhaireachta de réir meáchain sa táirge críochnaithe mar a taifeadadh sula ndearnadh iad a dhlúthú nó a dhíhiodráitiú;

(d)

i gcás bianna tiubhaithe nó bianna díhiodráitithe a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leis, féadfar cainníocht na gcomhábhar a léiriú ar bhonn a gcionmhaireachta de réir meáchain sa táirge athdhéanta.


IARSCRÍBHINN IX

DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN nGLANCHAINNÍOCHT

1.

Ní bheidh sé sainordaitheach dearbhú na glanchainníochta a thaispeáint sna cásanna seo a leanas:

(a)

bianna a d’fhéadfadh cuid shuntasach dá thoirt nó dá mhais a chailleadh agus a dhíoltar de réir an lín nó a dhéantar a mheá i láthair an cheannaitheora;

(b)

bianna ar lú a nglanchainníocht ná 5 g nó 5 ml; ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le spíosraí ná luibheanna; nó

(c)

bianna a dhíoltar de ghnáth de réir an lín, ar choinníoll gur féidir líon na n-itimí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh, nó mura féidir, go léirítear ar an lipéadú é.

2.

I gcás ina gceanglaítear cineál áirithe cainníochta (mar shampla an chainníocht ainmniúil, an íoschainníocht, an mheánchainníocht) a léiriú, le forálacha Aontais nó, cheal forálacha Aontais, le forálacha náisiúnta, measfar gurb í an chainníocht sin an ghlanchainníocht chun críocha an Rialacháin seo.

3.

I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá earra nó níos mó ná dhá earra réamhphacáilte ar leith a bhfuil an chainníocht chéanna den táirge céanna iontu, léireofar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht atá i ngach pacáiste ar leith agus líon iomlán na bpacáistí sin a lua. Ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí sin a léiriú áfach, i gcás inar féidir líon iomlán na bpacáistí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh agus i gcás inar féidir léiriú amháin ar a laghad de ghlanchainníocht gach phacáiste ar leith a fheiceáil go soiléir ón taobh amuigh.

4.

I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá phacáiste nó níos mó ná dhá phacáiste nach measfar mar aonaid dhíolacháin, tabharfar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht iomlán agus an líon pacáistí ar leith a léiriú.

5.

I gcás ina gcuirfear bia soladach i láthair i meán leachtach, léireofar freisin meáchan glan díscithe an bhia. I gcás bia a rinneadh a ghlónrú, ní áireofar an glónrú i meáchan glan dearbhaithe an bhia.

Chun críocha an phointe seo, ciallóidh “meán leachtach” na táirgí seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i meascáin nó a bheith reoite nó mear-reoite chomh maith, ar an gcoinníoll nach mbeidh sa leacht ach gné chúnta i dtaca le heilimintí riachtanacha na hullmhóide sin agus nach toisc chinntitheach é don cheannach: uisce, tuaslagáin uisciúla de shalainn, sáile, tuaslagáin uisciúla d’aigéid bhia, fínéagar, tuaslagáin uisciúla de shiúcraí, tuaslagáin uisciúla de shubstaintí milsitheacha eile, súnna torthaí nó súnna glasraí i gcás torthaí nó glasraí.


IARSCRÍBHINN X

DÁTA ÍOSMHARTHANACHTA, AN DÁTA “LE hÚSÁID ROIMH” AGUS DÁTA AN REO

1.

Léireofar an dáta íosmharthanachta mar a leanas:

(a)

beidh na focail seo a leanas roimh an dáta:

“B’fhearr roimh …” nuair a áirítear léiriú, maidir leis an lá, sa dáta,

“B’fhearr roimh dheireadh …” i gcásanna eile;

(b)

gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a):

an dáta féin, nó

tagairt don áit ina sonrófar an dáta ar an lipéadú.

Más gá, tabharfar cur síos, i ndiaidh na sonraí seo, ar na coinníollacha stórála is gá a chomhlíonadh le go bhfanfaidh an táirge marthanach don tréimhse atá sonraithe;

(c)

an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.

Ach:

i gcás bianna nach seasfaidh níos faide ná trí mhí, is leor léiriú maidir leis an lá agus an mhí,

i gcás bianna a sheasfaidh níos faide ná trí mhí ach nach seasfaidh níos faide ná 18 mí, is leor léiriú maidir leis an mí agus an mbliain,

i gcás bianna a sheasfaidh níos faide ná 18 mí, is leor léiriú maidir leis an mbliain;

(d)

faoi réir forálacha Aontais lena bhforchuirtear modhanna eile chun an dáta a léiriú, ní cheanglófar an dáta íosmharthanachta a léiriú:

le haghaidh torthaí agus glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh, nár gearradh nó nach ndearnadh a chóireáil ar dhóigh chomhchosúil; ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le síolta péactha agus táirgí dá samhail, amhail péacáin léagúim,

fíonta, fíonta licéir, fíonta súilíneacha, fíonta cumhraithe, agus táirgí comhchosúla a tháirgtear ó thorthaí eile seachas fíonchaora, agus deochanna a thagann faoin gcód AC 2206 00 a tháirgtear ó fhíonchaora nó ó úrfhíonta fíonchaora,

le haghaidh deochanna a bhfuil 10 % alcóil de réir toirte iontu nó níos mó,

le haghaidh earraí báicéirí nó cócairí taosráin a itear laistigh de 24 uair a chloig i ndiaidh a monaraithe de ghnáth, de bharr a gcineáil,

le haghaidh fínéagair,

le haghaidh salainn chócaireachta,

le haghaidh siúcra sholadaigh,

le haghaidh táirgí milseogra arb éard atá iontu siúcraí blaistithe agus/nó daite den chuid is mó,

le haghaidh gumaí coganta agus táirgí coganta comhchosúla.

2.

Léireofar mar a leanas an dáta “le húsáid roimh …”:

(a)

beidh na focail “le húsáid roimh …” roimhe;

(b)

gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail i bpointe (a):

an dáta féin, nó

tagairt don áit ina sonrófar an dáta ar an lipéadú.

Tabharfar cur síos i ndiaidh na sonraí sin ar na coinníollacha stórála a chaithfear a chomhlíonadh;

(c)

an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa data;

(d)

léireofar an dáta “le húsáid roimh” ar gach cuid aonair réamhphacáilte.

3.

Léireofar dáta an reo agus dáta an chéad reo amhail dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

beidh na focail “Arna reo an …” roimhe;

(b)

gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a):

an dáta féin, nó

tagairt don áit ina sonrófar an dáta ar an lipéadú;

(c)

an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.


IARSCRÍBHINN XI

SAGHSANNA FEOLA A bhFUIL SÉ SAINORDAITHEACH AN TÍR THIONSCNAIMH NÓ AN BHUNÁITÍOCHT A LUA INA LEITH

Cóid AC

(Ainmníocht Chomhcheangailte 2010)

Tuairisc

0203

Muiceoil, úr, fhuaraithe nó reoite

0204

Caoireoil nó feoil ghabhar, úr, fhuaraithe nó reoite

Ex02 07

Éineoil a thagann faoin gceannteideal 0105 , úr, fhuaraithe nó reoite


IARSCRÍBHINN XII

NEART ALCÓLACH

Is le figiúr a mbeidh ann nach mó ná an t-aon ionad deachúlach amháin a léireofar an neart iarbhír alcólach de réir toirte i leith deochanna a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte iontu. Beidh an tsiombail “% vol.” ina dhiaidh agus féadfaidh an focal “alcól” nó an giorrúchán “alc” a bheith roimhe.

Cinnfear an neart alcólach ag teocht 20 °C.

Is mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas a bheidh na lamháltais dheimhneacha agus na lamháltais dhiúltacha a cheadaítear i leith léiriú an nirt alcólaigh de réir toirte agus a shloinntear i ndearbhluachanna iad. Beidh feidhm acu gan dochar do na lamháltais a dhíorthófar ón modh anailíse a úsáidfear chun an neart alcólach a chinneadh.

Cur síos ar an deoch

Lamháltas deimhneach nó diúltach

1.

Beoracha faoi chód AC 2203 00 a bhfuil neart alcólach nach mó ná 5,5 % vol. iontu; deochanna gan súilíní a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora

0,5 % vol.

2.

Beoracha le neart alcólach is mó ná 5,5 % vol.; deochanna súilíneacha a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora, ceirtlis, leannta piorraí, fíonta torthaí agus a leithéidí, a fhaightear ó thorthaí seachas fíonchaora, bídís nó ná bídís leathshúilíneach nó súilíneach, meá

1 % vol.

3.

Deochanna a bhfuil torthaí maothaithe nó codanna de phlandaí iontu

1,5 % vol.

4.

Aon deoch eile a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte inti

0,3 % vol.


IARSCRÍBHINN XIII

IONTÓGÁLACHA TAGARTHA

CUID A –   IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LAETHÚLA LE HAGHAIDH VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)

1.   Vitimíní agus mianraí a fhéadfar a dhearbhú agus a luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de (LTCanna)

Vitimín A (μg)

800

Vitimín D (μg)

5

Vitimín E (mg)

12

Vitimín K (μg)

75

Vitimín C (mg)

80

Tiaimín (mg)

1,1

Ribeaflaivin (mg)

1,4

Niaicin (mg)

16

Vitimín B6 (mg)

1,4

Aigéad fólach (μg)

200

Vitimín B12 (μg)

2,5

Bitin (μg)

50

Aigéad pantaitéineach (mg)

6

Potaisiam (mg)

2 000

Clóiríd (mg)

800

Cailciam (mg)

800

Fosfar (mg)

700

Maignéisiam (mg)

375

Iarann (mg)

14

Sinc (mg)

10

Copar (mg)

1

Mangainéis (mg)

2

Fluairíd (mg)

3,5

Seiléiniam (μg)

55

Cróimiam (μg)

40

Molaibdéineam (μg)

50

Iaidín (μg)

150

2.   Méid suntasach vitimíní agus mianraí

Go hiondúil, ba cheart aird a thabhairt do na luachanna seo a leanas agus an méid suntasach á chinneadh:

15 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 agus a sholáthraítear le 100 g nó le 100 ml i gcás táirgí eile seachas deochanna,

7,5 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 agus a sholáthraítear le 100 ml i gcás deochanna, nó

15 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 de réir coda mura bhfuil ach cuid amháin sa phacáiste.

CUID B –   IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH FUINNIMH AGUS COTHAITHEACHA ROGHNAITHE SEACHAS VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)

Fuinneamh nó cothaitheach

Iontógáil tagartha

Fuinneamh

8 400  kJ/2 000  kcal

Iomlán na saille

70  g

Sáitheáin

20  g

Carbaihiodráit

260  g

Siúcraí

90  g

Próitéin

50  g

Salann

6  g


IARSCRÍBHINN XIV

FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA

FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA CHUN FUINNEAMH A RÍOMH

An luach fuinnimh a bheidh le dearbhú, ríomhfar é leis na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas:

carbaihiodráit (seachas polóil)

17 kJ/g — 4 kcal/g

polóil

10 kJ/g — 2,4 kcal/g

próitéin

17 kJ/g — 4 kcal/g

saill

37 kJ/g — 9 kcal/g

salaitrimí

25 kJ/g — 6 kcal/g

alcól (eatánól)

29 kJ/g — 7 kcal/g

aigéad orgánach

13 kJ/g — 3 kcal/g

snáithín

8 kJ/g — 2 kcal/g

eiríotról

0 kJ/g — 0 kcal/g


IARSCRÍBHINN XV

SLOINNEADH AGUS CUR I LÁTHAIR AN DEARBHAITHE MAIDIR LE COTHÚCHÁN

Is iad seo a leanas na haonaid tomhais atá le húsáid sa dearbhú cothúcháin i gcás fuinnimh (ciligiúil (kJ) agus cileacalraí (kcal)) agus i gcás maise (gram (g), milleagram (mg), nó micreagram (μg)) agus ord chur i láthair na faisnéise, mar is iomchuí:

fuinneamh

kJ/kcal

saill

g

arb é atá ann

sáitheáin

g

monai-neamhsháitheáin

g

polai-neamhsháitheáin

g

carbaihiodráit

g

arb é atá ann

siúcraí

g

polóil

g

stáirse

g

snáithín

g

próitéin

g

salann

g

vitimíní agus mianraí

na haonaid a shonraítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII