ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2011.055.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

54
28 Feabhra 2011


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ( 2 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

13

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

19

Ráitis ón gCoimisiún

19

 


 

(1)   Faoin tagairt L 55 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.2.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 181/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2011

maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 24 Eanáir 2011 (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gníomhaíocht ag an Aontas i réimse an iompair de bhus agus de chóiste, i measc nithe eile, a áirithiú go bhfuil leibhéal ard cosanta ann do phaisinéirí ar cosaint í atá inchomparáide le modhanna eile iompair is cuma cén áit a dtaistealaíonn siad. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí i gcoitinne.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir bus nó an paisinéir cóiste an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta a thabhairt do gach paisinéir.

(3)

Ba cheart go ndéanfaí saintréithe na hearnála seo, ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide is mó atá inti, a chur san áireamh i mbearta an Aontais atá ceaptha chun feabhas a chur ar chearta na bpaisinéirí in earnáil an iompair de bhus agus de chóiste.

(4)

Ba cheart go dteachtfadh paisinéirí agus, ar a laghad, go dteachtfadh daoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil, cosaint leordhóthanach i gcás ina dtarlódh tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, agus Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (3) á cur san áireamh.

(5)

Le linn an dlí náisiúnta a roghnú is infheidhme maidir le cúiteamh i leith báis, lena n-áirítear costais réasúnacha sochraide, nó díobhála pearsanta, chomh maith le cúiteamh i leith bagáiste a chailliúint nó i leith damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart go gcuirfí san áireamh Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (5)

(6)

Chomh maith le cúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás ina dtarlaíonn bás nó díobháil phearsanta nó cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart go mbeadh paisinéirí i dteideal cúnaimh maidir lena riachtanais phraiticiúla láithreacha tar éis tionóisce. Más gá, ba cheart go mbeadh garchabhair, cóiríocht, bia, éadaí agus iompar san áireamh sa chúnamh sin.

(7)

Ba cheart go rachadh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí chun tairbhe do na saoránaigh i gcoitinne. Dá dhroim sin, ba cheart go mbeadh deiseanna ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, úsáid a bhaint as seirbhísí bus agus cóiste a bheadh inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna i dtaca le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(8)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh ar fhorais a bhaineann lena míchumas nó lena soghluaisteacht laghdaithe, seachas ar chúiseanna a bhfuil údar leo ar fhorais a bhaineann le sábháilteacht nó le dearadh feithiclí nó bonneagair. Faoi chuimsiú na reachtaíochta ábhartha maidir le cosaint oibrithe, ba cheart go dteachtfadh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an ceart chun cúnaimh i gcríochfoirt agus ar bord feithiclí. Ar mhaithe leis an uilechuimsitheacht shóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh saor in aisce. Ba cheart do na hiompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus is fearr go ndéanfaí an córas Eorpach um chaighdeánú a úsáid ina leith sin.

(9)

Le linn cinneadh a dhéanamh maidir le dearadh críochfort nua, agus mar chuid de nuachóirithe móra, ba cheart do chomhlachtaí bainistithe críochfoirt féachaint le riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le “dearadh do chách”. In aon chás, ba cheart do na comhlachtaí bainistithe críochfoirt pointí a ainmniú ina mbeadh na daoine sin in ann a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus go bhfuil gá acu le cúnamh.

(10)

Ar an gcuma chéanna, gan dochar don reachtaíocht atá ann cheana nó do reachtaíocht a bheidh ann amach anseo maidir le ceanglais theicniúla le haghaidh busanna agus cóistí, ba cheart d’iompróirí na riachtanais sin a chur san áireamh, más féidir, nuair atá cinneadh á dhéanamh acu maidir le trealmhú feithiclí nua agus feithiclí atá án-athfheistiú as an nua.

(11)

Ba cheart do Bhallstáit féachaint leis an mbonneagar atá ann cheana a fheabhsú i gcás inar gá sin chun a chur ar chumas iompróirí rochtain a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chomh maith le cúnamh iomchuí a sholáthar.

(12)

Chun freagairt do riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart go ndéanfaí an fhoireann a oiliúint go leordhóthanach. D’fhonn aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí náisiúnta tiománaithe a éascú, d’fhéadfaí oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas a sholáthar mar chuid den cháiliú tosaigh nó den oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompair earraí nó paisinéirí (6) Chun comhchuibheas a áirithiú idir tabhairt isteach na gceanglas oiliúna agus na dteorainneacha ama a leagtar amach sa Treoir sin, ba cheart go gceadófaí an fhéidearthacht go mbeadh díolúine ann le linn tréimhse teoranta ama.

(13)

Le linn inneachar na hoiliúna a bhaineann le míchumas a ullmhú, ba cheart dul i gcomhairle le heagraíochtaí atá ionadaíoch do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin páirteach san ullmhúchán sin.

(14)

Ba cheart go gcuimseofaí, le cearta paisinéirí bus agus cóiste, faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Maidir leis an bhfaisnéis shár-riachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí bus agus cóiste, ba cheart í a sholáthar freisin, arna iarraidh sin, i bhformáidí malartacha a bheadh inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, amhail cló mór, caint shoiléir, Braille, cumarsáid leictreonach ar féidir rochtain a fháil uirthi le teicneolaíocht oiriúnaitheach, agus clostéipeanna.

(15)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo srian ar chearta na n-iompróirí cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta infheidhme.

(16)

Ba cheart laghdú a dhéanamh ar an gciotaí a dhéantar do phaisinéirí de bharr chealú a dturais nó de bharr moille suntasaí ar a dturas. Chuige sin, ba cheart aire leormhaith a thabhairt do phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó chríochfoirt agus ba cheart faisnéis leordhóthanach a thabhairt dóibh ar bhealach a bheadh inrochtana do gach paisinéir. Ba cheart freisin go mbeadh na paisinéirí in ann a dturas a chealú agus aisíocaíocht a fháil i leith a dticéad nó leanúint ar aghaidh lena dturas nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla. Má mhainníonn iompróirí an cúnamh is gá a sholáthar do phaisinéirí, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag paisinéirí cúiteamh airgid a fháil.

(17)

Agus iad ag obair i bpáirt leis na geallsealbhóirí, leis na cumainn ghairmiúla agus le cumainn custaiméirí, paisinéirí, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart d’iompróirí comhoibriú chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na socruithe sin feabhas a chur ar an bhfaisnéis, ar an gcúram agus ar an gcúnamh a thairgtear do phaisinéirí aon uair a chuirtear isteach ar a dturas, go háirithe i gcás moilleanna fada nó i gcás ina gcealaítear turas, agus béim ar leith á leagan ar phaisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu de bharr míchumais, soghluaisteachta laghdaithe, breoiteachta, scothaoise agus toirchis, lena n-áirítear paisinéirí tionlacain agus paisinéirí atá ag taisteal i dteannta leanaí óga. Ba cheart na comhlachtaí forfheidhmiúcháin náisiúnta a chur ar an eolas faoi na socruithe sin.

(18)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chearta paisinéirí a bunaíodh le Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (7) Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna ina gcuirtear turas láneagraithe ar ceal ar chúiseanna seachas cealú na seirbhíse iompair de bhus nó de chóiste.

(19)

Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas go hiomlán maidir lena gcearta faoin Rialachán seo, ionas gur féidir leo na cearta sin a fheidhmiú go héifeachtach.

(20)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí um ghearáin arna gcur chun feidhme ag iompróirí nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus comhlacht inniúil nó comhlachtaí inniúla a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chomhall. Ní dhéanfaidh sé seo difear do na cearta atá ag paisinéirí sásamh dlíthiúil a lorg ó chúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(22)

Agus na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit chun gearáin a thíolacadh á gcur san áireamh, b’fhearr go ndéanfaí gearán maidir le cúnamh a chur chuig an gcomhlacht nó chuig na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sa Bhallstát ina bhfuil an pointe bordála nó an pointe tuirlingthe suite..

(23)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid iompair phoiblí agus úsáid faisnéise comhtháite agus ticéad comhtháite a chur chun cinn chun barr feabhais a chur ar úsáid agus idir-inoibritheacht na modhanna agus na n-oibreoirí éagsúla iompair.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leibhéal coibhéiseach cosanta agus cúnaimh a áirithiú le haghaidh paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste ar fud na mBallstát, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(26)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8)

(27)

Ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú an Rialacháin seo a bhunú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (9) Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(28)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt freisin ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (10) agus ar Threoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir le hiompar de bhus agus de chóiste a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir paisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a thairgeann iompróirí;

(b)

cearta paisinéirí i gcás ina dtarlaíonn tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste agus is cúis le bás nó díobháil phearsanta nó cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste;

(c)

neamh-idirdhealú agus cúnamh sainordaitheach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

cearta paisinéirí i gcás cealaithe nó moille;

(e)

an fhaisnéis íosta a bheidh le soláthar do phaisinéirí;

(f)

láimhseáil gearán;

(g)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a thaistealaíonn ar sheirbhísí rialta do chatagóirí neamhshonraithe paisinéirí i gcás ina bhfuil pointe bordála nó pointe tuirlingthe an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit agus i gcás inarb é atá i bhfad sceidealta na seirbhíse ná 250 km nó níos faide.

2.   Maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, ach i gcás inar giorra ná 250 km fad sceidealta na seirbhíse, beidh feidhm ag Airteagail 4(2), 9 agus 10(1), ag pointe (b) d’Airteagal 16(1), ag Airteagal 16(2), ag Airteagal 17(1) agus (2), agus ag Airteagal 24 go hAirteagal 28.

3.   Ina theannta sin, cé is moite d’Airteagal 9 go hAirteagal 16, d’Airteagal 17(3), agus de Chaibidil IV, de Chaibidil V agus de Chaibidil VI, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a thaistealaíonn ar sheirbhísí ócáideacha i gcás ina bhfuil pointe bordála tosaigh an phaisinéara nó pointe tuirlingthe deiridh an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit.

4.   Cé is moite d’Airteagail 4(2), 9 agus10(1), de phointe (b) d’Airteagal 16(1), d’Airteagal 16(2), d’Airteagal 17(1) agus (2), agus d’Airteagal 24 go hAirteagal 28, féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, seirbhísí rialta baile a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfar díolúintí den sórt sin a dheonú amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin.

5.   Ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh na Ballstáit seirbhísí rialta faoi leith a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh uastréimhse ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, de bhrí go ndéantar cuid shuntasach de na seirbhísí rialta sin, lena n-áirítear stad sceidealta amháin, ar a laghad, a oibriú lasmuigh den Aontas. Féadfar díolúintí den sórt sin a athnuachan aon uair amháin.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4 agus mhír 5 do chineálacha éagsúla seirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí, má mheastar nach bhfuil díolúine den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin2 Márta 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4 agus mhír 5.

7.   Ní thuigfear as aon ní atá sa Rialachán seo gurb ionann é agus ní atá ar neamhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le ceanglais theicniúla le haghaidh busanna nó cóistí nó le haghaidh bonneagair nó le haghaidh trealaimh ag stadanna bus agus ag críochfoirt, ná gurb ionann é agus ní lena ndéantar forálacha a thabhairt isteach de bhreis ar na forálacha sin atá sa reachtaíocht sin.

8.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta paisinéirí faoi Threoir 90/314/CEE agus ní bheidh feidhm aige i gcás ina ndéantar turas láneagraithe dá dtagraítear sa Treoir sin a chur ar ceal ar chúiseanna seachas cealú seirbhíse rialta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhísí rialta” seirbhísí lena ndéantar foráil maidir le hiompar paisinéirí de bhus nó de chóiste ag eatraimh shonraithe feadh bealaí sonraithe agus paisinéirí á dtabhairt ar bord agus á ligean amach ag stadanna réamhshocraithe;

(b)

ciallaíonn “seirbhísí ócáideacha” seirbhísí nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar sheirbhísí rialta agus arb é atá sa phríomhthréith dá gcuid ná grúpaí paisinéirí arna gcur le chéile ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra é féin a iompar de bhus nó de chóiste;

(c)

ciallaíonn “conradh iompair” conradh le haghaidh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís rialta amháin nó níos mó nó seirbhís ócáideach amháin nó níos mó a sholáthar;

(d)

ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(e)

ciallaíonn “iompróir” duine nádúrtha nó dlítheanach seachas tionscnóir turas, gníomhaire taistil nó díoltóir ticéad, ar duine é a thairgeann iompar don phobal i gcoitinne trí sheirbhísí rialta nó trí sheirbhísí ócáideacha;

(f)

ciallaíonn “iompróir feidhmiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an t-iompróir, a dhéanann an t-iompar iomlán nó cuid de a fheidhmiú iarbhír;

(g)

ciallaíonn “díoltóir ticéad” aon idirghabhálaí a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(h)

ciallaíonn “gníomhaire taistil” aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(i)

ciallaíonn “tionscnóir turas” eagraí nó miondíoltóir, seachas an t-iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(j)

ciallaíonn “duine atá faoi mhíchumas” nó “duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe” aon duine a dtagann laghdú ar a shoghluaisteacht agus é ag úsáid seirbhís iompair, ar laghdú é a éiríonn mar thoradh ar aon mhíchumas coirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, cibé acu buan nó sealadach), ar mhíchumas nó laige intleachta, nó ar aon ní eile is cúis le míchumas, nó mar thoradh ar aois, agus aon duine ar mar gheall ar an mbail atá air atá aire iomchuí ag teastáil uaidh agus ar ina leith nach mór na seirbhísí a chuirtear ar fáil do gach paisinéir a oiriúnú dá riachtanais áirithe;

(k)

ciallaíonn “coinníollacha rochtana” caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaineachta busanna agus/nó críochfort ainmnithe lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(l)

ciallaíonn “áirithint” áirithint i gcomhair suíocháin ar bord bus nó cóiste do sheirbhís rialta ag am imeachta sonrach;

(m)

ciallaíonn “críochfort” críochfort foireannaithe ar ina leith atá sé sceidealta, de réir an bhealaigh shonraithe, go stopfaidh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe ag paisinéirí, agus ar críochfort é atá trealmhaithe le saoráidí amhail deasc chlárúcháin, seomra feithimh nó oifig ticéad;

(n)

ciallaíonn “stad bus” aon phointe, seachas críochfort, ar ina leith atá sé sceidealta, de réir an bhealaigh shonraithe, go stopfaidh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe ag paisinéirí;

(o)

ciallaíonn “comhlacht bainistithe críochfoirt” eintiteas eagraíochtúil i mBallstát ar eintiteas é atá freagrach as críochfort ainmnithe a bhainistiú;

(p)

ciallaíonn “cealú” gan seirbhís rialta a bhí sceidealta a oibriú;

(q)

ciallaíonn “moill” an difríocht idir an t-am a bhí sceidealta i gcomhair imeacht na seirbhíse rialta i gcomhréir leis an amchlár a foilsíodh agus an t-am ar imigh sí iarbhír.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conartha

1.   Eiseoidh na hiompróirí ticéad chuig an bpaisinéir mura rud é go bhfuil doiciméid eile ann lena dtugtar teidlíocht ar iompar. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfar na coinníollacha conartha agus na taraifí a chuireann iompróirí i bhfeidhm a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach nó neamhdhíreach atá bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara deiridh nó ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmiúla eile

1.   I gcás ina mbeifear tar éis comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chur faoi chúram iompróra fheidhmiúil, díoltóra ticéad nó aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a chuir na hoibleagáidí sin faoi chúram an duine sin faoi dhliteanas, dá ainneoin sin, maidir le gníomhartha agus neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmiúil sin.

2.   De bhreis air sin, maidir leis an bpáirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt comhlíonadh oibleagáide faoina chúram, beidh sé faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

1.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

2.   Féadfaidh iompróirí coinníollacha conartha a thairiscint atá níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

CÚITEAMH AGUS CÚNAMH I GCÁS TIONÓISCÍ

Airteagal 7

Bás nó díobháil phearsanta do phaisinéirí agus cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste

1.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh paisinéirí i dteideal cúiteamh a fháil i leith báis, lena n-áirítear costais réasúnacha sochraide, nó díobhála pearsanta chomh maith le bagáiste a chailliúint nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid bus nó cóiste. I gcás báis paisinéara, beidh feidhm ag an gceart sin, ar a laghad, maidir le daoine a raibh sé, nó a mbeadh sé, de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil.

2.   Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a dhéanfar méid an chúitimh a ríomh. Aon uasteorainn le cúiteamh i leith báis agus díobhála pearsanta, nó i leith bagáiste a chailliúint nó i leith damáiste do bhagáiste, ar uasteorainn í dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, ní lú ná an méid seo a leanas í ar gach ócáid ar leith:

(a)

EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara;

(b)

EUR 1 200 in aghaidh gach ítime bagáiste. I gcás damáiste do chathaoireacha rothaí, do threalamh soghluaisteachta eile nó d’fheistí cúnaimh eile, beidh an cúiteamh comhionann, i gcónaí, leis an gcostas a ghabhann leis an trealamh a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó a athsholáthar nó a dheisiú.

Airteagal 8

Riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí

I gcás ina dtarlaíonn tionóisc a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, soláthróidh an t-iompróir cúnamh réasúnach agus comhréireach maidir le riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí tar éis na tionóisce. Áireofar sa chúnamh sin, más gá, cóiríocht, bia, éadaí, iompar agus éascú garchabhrach. Ní hionann aon chúnamh a sholáthraítear agus dliteanas a aithint.

I gcás gach paisinéara ar leith, féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta a theorannú do EUR 80 in aghaidh na hoíche agus d’uastréimhse dhá oíche.

CAIBIDIL III

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 9

An ceart chun iompair

1.   Ní dhiúltóidh iompróirí, gníomhairí taistil ná tionscnóirí turas, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe, glacadh le háirithint ó dhuine, ná ní dhiúltóidh siad, ar na forais sin, ticéad a eisiúint chuig duine nó a sholáthar do dhuine ar dhóigh eile ná duine a thógáil ar bord.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan aon chostas breise.

Airteagal 10

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   D’ainneoin Airteagal 9(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas diúltú, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe, glacadh le háirithint ó dhuine, ticéad a eisiúint chuig duine nó ticéad a sholáthar do dhuine ar dhóigh eile, nó duine a thógáil ar bord:

(a)

chun ceanglais sábháilteachta infheidhme, arna mbunú leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a chomhlíonadh nó chun ceanglais sláinte agus sábháilteachta, arna mbunú ag na húdaráis inniúla, a chomhlíonadh;

(b)

i gcás ina bhfágann dearadh na feithicle nó an bhonneagair, lena n-áirítear na stadanna bus agus na críochfoirt, go mbeadh sé dodhéanta an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a thógáil ar bord nó an duine sin a chur ó bhord nó é a iompar ar mhodh a bheadh sábháilte agus a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar glacadh le háirithint nó ticéad a eisiúint nó a sholáthar ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas an duine lena mbaineann ar an eolas maidir le haon seirbhís inghlactha mhalartach arna hoibriú ag an iompróir.

3.   Más rud é go ndiúltófar cead bordála, ar fhorais a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe, do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe d’ainneoin gur duine é a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil ceanglais phointe (a) d’Airteagal 14(1) comhlíonta aige, tairgfear rogha don duine sin agus d’aon duine a bheidh á thionlacan, de bhun mhír 4 den Airteagal seo, idir na nithe seo a leanas:

(a)

an ceart chun aisíocaíocht a fháil agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte a fháil saor in aisce, a luaithe is féidir, chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair; agus

(b)

seachas i gcás nach bhfuil sé indéanta, leanúint den turas nó athródú trí sheirbhísí réasúnacha eile iompair chuig an gceann scríbe, de réir mar atá leagtha amach sa chonradh iompair.

Ní dhéanfaidh mainneachtain fógra a thabhairt i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 14(1) difear don cheart maidir le haisíoc an airgid arna íoc ar an ticéad.

4.   Más rud é, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe ar na cúiseanna atá leagtha amach i mír 1, go ndiúltóidh iompróir, gníomhaire taistil nó tionscnóir turas glacadh le háirithint ó dhuine, ticéad a eisiúint chuig duine nó ticéad a sholáthar ar dhóigh eile do dhuine nó duine a thógáil ar bord, féadfaidh an duine sin a iarraidh go mbeidh sé á thionlacan ag duine eile dá rogha féin, ar duine é a bheidh in ann an cúnamh a thabhairt a theastaíonn ón duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna a leagtar amach i mír 1.

Iomprófar an duine tionlacain sin saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta, tabharfar suíochán dó taobh leis an duine atá faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas i muinín mhír 1, cuirfidh siad an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna atá leis sin agus arna iarraidh sin, cuirfidh siad an duine lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin laistigh de chúig lá oibre ón tráth a fhaightear an iarraidh.

Airteagal 11

Inrochtaineacht agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu.

2.   Maidir leis na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1, lena n-áirítear téacs dlíthe idirnáisiúnta, dhlíthe an Aontais nó dlíthe náisiúnta lena mbunaítear na ceanglais sábháilteachta ar a bhfuil na coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha sin maidir le rochtain bunaithe, cuirfidh na hiompróirí agus na comhlachtaí bainistithe críochfoirt ar fáil go poiblí iad, go fisiciúil nó ar an Idirlíon, i bhformáidí a bheidh inrochtana arna iarraidh sin, sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Nuair atá an fhaisnéis sin á cur ar fáil, tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.   Déanfaidh tionscnóirí turas na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1 agus a bhfuil feidhm acu maidir le turais a áirítear i dtaisteal láneagraithe, i saoirí láneagraithe agus i dturais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol a chur ar fáil.

4.   Déanfar an fhaisnéis maidir le coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dháileadh go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

5.   Áiritheoidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ghinearálta go léir faoin turas agus faoi na coinníollacha iompair ar fáil i bhformáidí iomchuí inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, áirithintí agus faisnéis ar líne. Dáilfear an fhaisnéis go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

Airteagal 12

Críochfoirt a ainmniú

Ainmneoidh na Ballstáit críochfoirt bus agus cóiste ina dtabharfar cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Déanfaidh an Coimisiún liosta a chur ar fáil ar an Idirlíon de na críochfoirt ainmnithe do bhusanna agus do chóistí.

Airteagal 13

An ceart chun cúnaimh ag críochfoirt ainmnithe agus ar bord busanna agus cóistí

1.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ag críochfoirt arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ar cúnamh é a sholáthrófar ar a laghad go feadh an méid a shonraítear i gcuid (a) d’Iarscríbhinn I.

2.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí cúnamh a sholáthar, saor in aisce, do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar bord busanna agus cóistí, ar cúnamh é a sholáthrófar ar a laghad go feadh an méid a shonraítear i gcuid (b) d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Coinníollacha faoina soláthraítear cúnamh

1.   Comhoibreoidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar choinníoll:

(a)

go ndéantar fógra faoin ngá atá ag an duine leis an gcúnamh sin a thabhairt d’iompróirí, do chomhlachtaí bainistithe críochfoirt, do ghníomhairí taistil nó do thionscnóirí turas, 36 huaire an chloig ar a dhéanaí sula mbeidh an cúnamh ag teastáil; agus

(b)

go dtiocfaidh na daoine lena mbaineann ar an láthair ag an bpointe ainmnithe:

(i)

tráth a shonróidh an t-iompróir roimh ré ar tráth é nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe mura rud é go gcomhaontóidh an t-iompróir agus an paisinéir ar thréimhse níos giorra, nó

(ii)

mura ndéantar tráth ar bith a shonrú, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe.

2.   De bhreis ar mhír 1, déanfaidh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra a thabhairt don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, faoi na riachtanais shonracha atá acu i dtaca le suíocháin, ar choinníoll gurb eol an tráth sin go bhfuil an riachtanas ann.

3.   Déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá chun éascaíocht a dhéanamh maidir le fógraí a fháil ó dhaoine atá faoi mhíchumas nó ó dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoin ngá atá acu le cúnamh. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin ag na críochfoirt ainmnithe uile agus ag a ndíolphointí, lena n-áirítear díolachán le teileafón agus tríd an Idirlíon.

4.   Más rud é nach dtugtar fógra ar bith i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 agus le mír 2, déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go soláthrófar an cúnamh ar shlí a fhágfaidh go mbeidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord na seirbhíse imeachta, athrú chuig an tseirbhís chomhfhreagrach nó tuirlingt den tseirbhís teachta ar cheannaigh sé ticéad di.

5.   Déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt pointe a ainmniú, laistigh den chríochfort nó lasmuigh de, ar pointe é inar féidir le daoine atá faoi mhíchumas nó le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus cúnamh a iarraidh. Beidh comharthaíocht shoiléir ann chuig an bpointe agus déanfar faisnéis bhunúsach faoin gcríochfort agus faoin gcúnamh a sholáthraítear a thairiscint ann i bhformáidí inrochtana.

Airteagal 15

Faisnéis a tharchur chuig tríú páirtí

Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas fógra dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 14(1), déanfaidh siad an fhaisnéis a aistriú, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige, chuig an iompróir nó chuig an gcomhlacht bainistithe críochfoirt a luaithe is féidir

Airteagal 16

Oiliúint

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta oiliúna a bhaineann le míchumas, lena n-áirítear treoracha, a bhunú, agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

maidir lena bpearsanra, seachas tiománaithe, lena n-áirítear pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, ar foireann í a sholáthraíonn cúnamh díreach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de réir mar a thuairiscítear i gcuid (a) agus i gcuid (b) d’Iarscríbhinn II; agus

(b)

maidir lena bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, ar foireann í a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, nó le saincheisteanna a bhaineann le daoine den phobal atá ag taisteal, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de réir mar a thuairiscítear i gcuid (a) d’Iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh Ballstát, go ceann uastréimhse cúig bliana ón 1 Márta 2013 díolúine a dheonú ó chur i bhfeidhm phointe (b) de mhír (1) maidir le hoiliúint a chur ar thiománaithe.

Airteagal 17

Cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh eile soghluaisteachta

1.   Beidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faoi dhliteanas, i gcás inarbh iad ba chúis le cailliúint cathaoireacha rothaí, trealaimh eile soghluaisteachta nó feistí cúnaimh nó le damáiste a dhéanamh dóibh. Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt atá faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin cúiteamh a thabhairt maidir leis an gcailliúint nó an damáiste sin.

2.   Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 comhionann leis an gcostas a ghabhann le hathsholáthar nó deisiú an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

3.   I gcás inar gá, déanfar gach iarracht trealamh sealadach athsholáthair nó feistí sealadacha athsholáthair a sholáthar go tapa. I gcás inar féidir sin, beidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla ag cathaoireacha rothaí, ag trealamh soghluaisteachta nó ag feistí cúnaimh eile ar gnéithe iad a bheidh comhchosúil le gnéithe teicniúla agus feidhmiúla na nithe a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Airteagal 18

Díolúintí

1.   Gan dochar d’Airteagal 2(2), féadfaidh Ballstáit seirbhísí rialta intíre a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm fhorálacha uile na Caibidle seo, nó roinnt díobh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go bhfuil an leibhéal cosanta atá ann do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal cosanta atá ann faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún beart iomchuí má mheastar nach bhfuil díolúine den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin 2 Márta 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1.

CAIBIDIL IV

CEARTA PAISINÉIRÍ I GCÁS CEALAITHE NÓ MOILLE

Airteagal 19

Leanúint ar aghaidh, athródú agus aisíocaíocht

1.   I gcás ina measfaidh iompróir le réasún go gcealófar seirbhís rialta nó go mbeidh moill is faide ná 120 nóiméad leis an imeacht ó chríochfort, nó i gcás ró-áirithinte, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir na nithe seo a leanas:

(a)

leanúint ar aghaidh nó athródú chuig an gceann scríbe deiridh, a luaithe is féidir, gan aon chostas breise agus faoi choinníollacha inchomparáide, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair;

(b)

aisíoc phraghas an ticéid, agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce de bhus nó de chóiste, a luaithe is féidir, chuig an gcéad phointe imeachta, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair.

2.   Má mhainníonn an t-iompróir an rogha dá dtagraítear i mír 1 a thairscint don phaisinéir, beidh an ceart ag an bpaisinéir cúiteamh a fháil arb ionann é agus 50 % de phraghas an ticéid, i dteannta na haisíocaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. Íocfaidh an t-iompróir an tsuim sin laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh ar chúiteamh a chur faoina bhráid.

3.   I gcás ina dtagann an bus nó an cóiste chun bheith do-oibrithe le linn an turais, socróidh an t-iompróir go leanfar den tseirbhís i bhfeithicil eile ón ionad ina bhfuil an fheithicil dho-oibrithe, nó socróidh sé modh iompair ón ionad ina bhfuil an fheithicil dho-oibrithe go dtí pointe feithimh nó críochfort oiriúnach óna mbeifear in ann leanúint ar aghaidh leis an turas.

4.   I gcás ina ndéanfar seirbhís rialta a chealú nó i gcás ina mbeidh moill is faide ná 120 nóiméad le himeacht ó stad bus, beidh ceart ag paisinéirí ar leanúint den tseirbhís nó ar athródú nó aisíoc phraghas an ticéid a fháil ón iompróir, de réir mar a dhéantar tagairt dóibh i mír (1).

5.   Déanfar íoc na haisíocaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 agus i mír 4 laistigh de 14 lá tar éis an tairiscint a dhéanamh nó an iarraidh a fháil. Cumhdóidh an íocaíocht costas iomlán an ticéid de réir an phraghais ar ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nach ndearnadh, agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bunaidh an phaisinéara. I gcás pasanna taistil nó ticéad séasúir beidh an íocaíocht comhionann leis an gcuid chomhréireach de chostas iomlán an phas nó an ticéid. Déanfar an aisíocaíocht in airgead, mura rud é go nglacann an paisinéir le cineál eile aisíocaíochta.

Airteagal 20

Faisnéis

1.   I gcás ina gcealófar imeacht seirbhíse rialta, nó ina gcuirfear moill ar sheirbhís rialta, déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt a chur ar an eolas faoin méid sin a luaithe is féidir agus, ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an ama imeachta sceidealta, agus faoin am imeachta measta, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Más rud é, de réir an amchláir, go gcailleann paisinéirí nascsheirbhís de bharr cealaithe nó de bharr moille, déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, gach iarracht réasúnach na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, a áirithiú gur i bhformáidí inrochtana a gheobhaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

4.   I gcás inarb indéanta, déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a sholáthar, laistigh den teorainn ama a shonraítear i mír 1, trí mheán leictreonach do gach paisinéir, lena n-áirítear na paisinéirí sin a imíonn ó stadanna bus, más rud é gur iarr an paisinéir an méid sin agus go mbeidh sé tar éis na sonraí teagmhála riachtanacha a sholáthar don iompróir.

Airteagal 21

Cúnamh i gcás imeachtaí a chuirtear ar ceal nó a bhfuil moill orthu

I gcás turais ar faide ná trí huaire an chloig a fhad sceidealta, déanfaidh an t-iompróir, i gcás cealaithe nó i gcás moille maidir le himeacht ón gcríochfort ar feadh tréimhse is faide ná 90 nóiméad, an méid seo a leanas a thairiscint saor in aisce don phaisinéir:

(a)

sneaiceanna, béilí nó sóláistí i gcoibhneas réasúnach leis an am feithimh nó leis an moill, ar choinníoll go bhfuil na nithe sin ar fáil ar an mbus nó sa chríochfort nó gur féidir, le réasún, iad a sholáthar;

(b)

seomra in óstán nó cóiríocht eile chomh maith le cúnamh chun iompar a shocrú idir an críochfort agus áit na cóiríochta i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó. Féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta i gcás gach paisinéara a theorannú do EUR 80 in aghaidh na hoíche agus d’uastréimhse dhá oíche, gan iompar go dtí an críochfort agus ón gcríochfort agus go dtí áit na cóiríochta agus ó áit na cóiríochta a chur san áireamh.

Le linn dó an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus ar riachtanais aon daoine a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 22

Éilimh bhreise

Ní chuirfidh aon ní sa Chaibidil seo cosc ar phaisinéirí damáistí a lorg i gcomhréir leis an dlí náisiúnta os comhair cúirteanna náisiúnta i leith caillteanais mar thoradh ar chealú nó ar mhoill ar sheirbhísí rialta.

Airteagal 23

Díolúintí

1.   Seachas i gcás paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu, ní bheidh feidhm ag Airteagal 19 ná ag Airteagal 21 maidir le paisinéirí a bhfuil ticéid oscailte acu ar choinníoll nach sonraítear an t-am imeachta.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 21 i gcás ina gcruthaíonn an t-iompróir gurbh é ba chúis leis an gcealú nó leis an moill ná drochdhálaí aimsire nó mórthubaistí nádúrtha a chuir oibriú sábháilte na seirbhíse bus nó cóiste i mbaol.

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS LE GEARÁIN

Airteagal 24

Ceart chun faisnéise maidir le taisteal

Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, faisnéis leordhóthanach a sholáthar do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal. I gcás inarb indéanta, is i bhformáidí a bheidh inrochtana a sholáthrófar an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.

Airteagal 25

Faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, a áirithiú go ndéanfar faisnéis iomchuí agus sothuigthe maidir lena gcearta faoin Rialachán seo a sholáthar do phaisinéirí ag imeacht ón gcríochfort dóibh ar a dhéanaí. Soláthrófar an fhaisnéis sin ag críochfoirt agus, i gcás inarb infheidhme, ar an Idirlíon. Arna iarraidh sin do dhuine atá faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, is i bhformáid inrochtana a sholáthrófar an fhaisnéis, nuair is indéanta sin. Cuimseoidh an fhaisnéis sin sonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmiúcháin nó sonraí teagmhála na gcomhlachtaí forfheidhmiúcháin arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 28(1).

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo arna hullmhú ag an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus arna cur ar fáil do na hiompróirí agus do na comhlachtaí sin.

Airteagal 26

Gearáin

Déanfaidh iompróirí sásra láimhseála gearán a chur ar bun, nó beidh sásra láimhseála gearán i bhfeidhm acu, maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 27

Gearáin a thíolacadh

Gan dochar d’éilimh ar chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 7, más mian le paisinéir a chumhdaítear leis an Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir, tíolacfaidh sé an gearán sin laistigh de thrí mhí ón dáta ar feidhmíodh an tseirbhís rialta nó ón dáta a raibh sé ceaptha an tseirbhís rialta a fheidhmiú. Laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh an t-iompróir gearán, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir á rá go raibh bunús lena ghearán, gur diúltaíodh don ghearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Ní faide ná trí mhí ón dáta a bhfaightear an gearán an t-am a thógfaidh sé chun an freagra deiridh a sholáthar.

CAIBIDIL VI

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 28

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí atá ann cheana féin mar chomhlacht nó mar chomhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí rialta ó phointí atá suite ina chríoch agus maidir le seirbhísí rialta ó thríú tír chuig na pointí sin. Déanfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar chomhlachtaí bainistithe críochfoirt, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh aon phaisinéir gearán a thíolacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, don chomhlacht iomchuí arna ainmniú faoi mhír 1, nó d’aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh Ballstát, ar gearán é a bhaineann le sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh go ndéanfaidh an paisinéir, mar chéad chéim, gearán a chur faoi bhráid an iompróra agus, sa chás sin, gníomhóidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin nó aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nach réitítear faoi Airteagal 27.

Airteagal 29

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

Faoin 1 Meitheamh 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmiúcháin a ainmneofar de bhun Airteagal 28(1) tuarascáil maidir lena ngníomhaíochtaí sa dá bhliain féilire roimhe sin a fhoilsiú, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe, tuairisc ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus staidreamh maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 30

Comhar idir comhlachtaí forfheidhmiúcháin

Aon uair is iomchuí, déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(1) faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus faoina gcleachtais chinnteoireachta. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh maidir leis an gcúram sin.

Airteagal 31

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin a thabhairt don Choimisiún faoin 1 Márta 2013 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Tuarascáil

Faoin 2 Márta 2016, déanfaidh an Coimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi oibriú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá sin, chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme ar shlí níos mionsonraithe nó chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 33

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“19.

Rialachán (AE) Uimh.: 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste (12)

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Márta 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Feabhra 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

MARTONYI J.


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 99.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 312.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010 (IO C 122 E, 11.5.2010, lch. 1.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), cinneadh ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 agus rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 11.

(4)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

(5)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(6)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(10)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(11)  IO L 373, 21.12.2004, lch. 37.

(12)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 1.”


IARSCRÍBHINN I

CÚNAMH A SHOLÁTHRÓFAR DO DHAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DO DHAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

(a)   Cúnamh ag críochfoirt ainmnithe

An cúnamh agus na socruithe is gá chun a chumasú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an gcríochfort agus iarratas ar chúnamh a dhéanamh ag pointí ainmnithe;

dul ón bpointe ainmnithe chuig an deasc chlárúcháin, chuig an seomra feithimh agus chuig an áit bordála;

an fheithicil a bhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is cuí;

a mbagáiste a luchtú;

a mbagáiste a athfháil;

tuirlingt den fheithicil;

dul ar bord bus nó cóiste agus madra cúnaimh aitheanta in éineacht leo;

dul ar aghaidh chuig an suíochán.

(b)   Cúnamh ar bord

An cúnamh agus na socruithe is gá chun a chumasú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

faisnéis riachtanach i bhformáidí inrochtana a bhaineann le turas a fháil arna iarraidh sin don phaisinéir;

dul ar bord/tuirlingt i rith sosanna i dturas, má tá pearsanra seachas an tiománaí ar bord.


IARSCRÍBHINN II

OILIÚINT A BHAINEANN LE CÚRSAÍ MÍCHUMAIS

(a)   Oiliúint ar fheasacht mhíchumais

Áirítear an méid seo a leanas le hoiliúint foirne a dhéileálann go díreach le daoine den phobal atá ag taisteal:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteacht agus amharc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama ag dul dóibh, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumais éagsúla daoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe;

na bacainní ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní dearcaidh, bacainní timpeallachta/fisiciúla agus bacainní eagraíochtúla;

madraí cúnaimh aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais madraí cúnaimh;

a bheith ag déileáil le teagmhais gan choinne;

scileanna idirphearsanta agus modhanna chun cumarsáid a dhéanamh leis na bodhair agus le daoine lagéisteachta, le daoine lagamhairc, le daoine a bhfuil a n-urlabhra lagaithe agus le daoine a bhfuil míchumas foghlama ag dul dóibh;

conas cathaoireacha rothaí agus áiseanna eile soghluaisteachta a láimhseáil chun damáiste a sheachaint (más ann dóibh, le haghaidh na foirne uile atá freagrach as bagáiste a láimhseáil).

(b)   Oiliúint maidir le cúnamh míchumais

Áirítear na nithe seo a leanas san oiliúint don fhoireann a thugann cúnamh go díreach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

conas cabhrú le lucht úsáide cathaoireacha rothaí aistriú isteach agus amach as cathaoir rothaí;

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag taisteal in éineacht le madra cúnaimh aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin;

teicnící chun paisinéirí lagamhairc a thionlacan agus chun madraí cúnaimh aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh ar féidir leo cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas faoi conas an trealamh sin a láimhseáil;

úsáid a bhaint as an trealamh cúnaimh bordála agus tuirlingthe a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus tuirlingthe a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine atá faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú;

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. A bheith feasach freisin go bhféadfadh paisinéirí áirithe atá faoi mhíchumas a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith ag brath ar an gcúnamh a sholáthraítear;

eolas ar gharchabhair.


28.2.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/13


RIALACHÁN (AE) Uimh. 182/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2011

lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 291(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin (“gníomhartha bunúsacha” anseo feasta) cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tabharfar iad don Chomhairle.

(2)

Is faoin reachtóir atá sé, agus na critéir a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) á n-urramú go hiomlán aige, cinneadh a dhéanamh i ndáil le gach gníomh bunúsach i dtaobh an dtabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh sin.

(3)

Go dtí seo, bhí feidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún á rialú le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 (2).

(4)

Le CFAE, ceanglaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle anois na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a leagan síos a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(5)

Is gá a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta maidir le rialú den sórt sin soiléir agus éifeachtach agus go bhfuil siad comhréireach le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme agus go léiríonn siad ceanglais institiúideacha an CFAE, chomh maith leis an taithí a fuarthas agus leis an gcleachtas coiteann a leanadh le linn Cinneadh 1999/468/CE a chur chun feidhme.

(6)

Maidir leis na gníomhartha bunúsacha sin lena gceanglaítear rialú ag na Ballstáit i ndáil le glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún, is iomchuí, chun críocha rialaithe den sórt sin, go ndéanfaí coistí a bheadh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, a chur ar bun.

(7)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh tarchur chuig coiste achomhairc san áireamh sa sásra rialaithe agus go dtiocfadh an coiste sin le chéile ar an leibhéal iomchuí.

(8)

Ar mhaithe le simpliú, níor cheart don Choimisiún cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach amháin i gcomhréir le ceann amháin de dhá nós imeachta, eadhon an nós imeachta comhairliúcháin nó an nós imeachta scrúdúcháin.

(9)

Chun tuilleadh simpliúcháin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha coiteanna nós imeachta maidir leis na coistí, lena n-áirítear na príomhfhorálacha a bhaineann le feidhmiú na gcoistí agus an fhéidearthacht go bhféadfaidís tuairim a thabhairt uatha trí nós imeachta i scríbhinn.

(10)

Ba cheart critéir a leagan síos chun maidir le cinneadh an nós imeachta a úsáidfear maidir le glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Chun comhsheasmhacht níos mó a bhaint amach, ba cheart go mbeadh na riachtanais maidir le nósanna imeachta comhréireach le cineál agus tionchar na ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh.

(11)

Go háirithe, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le gníomhartha a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun gníomhartha bunúsacha a chur chun feidhme agus maidir le gníomhartha cur chun feidhme sonracha a ghlacadh a bhféadfadh tionchar tábhachtach a bheith ag baint leo. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta sin nach féidir leis an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh más rud é nach bhfuil siad i gcomhréir le tuairim an choiste, ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla ina bhféadfadh feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse teoranta ama. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta freisin go bhfuil an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtghníomhartha cur chun feidhme, agus na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh den choiste á gcur san áireamh.

(12)

Ar choinníoll go ndéantar cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis an ngníomh bunúsach, ar cumhachtaí iad a bhaineann le cláir lena ngabhann impleachtaí substaintiúla buiséadacha nó atá dírithe ar thríú tíortha, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin.

(13)

Ba cheart do chathaoirleach coiste féachaint le teacht ar réitigh a bhfuil an tacaíocht is leithne agus is féidir acu laistigh den choiste nó den choiste achomhairc agus ba cheart go míneodh an cathaoirleach an modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar na dearcaí a léiríodh sa choiste nó sa choiste achomhairc maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó cúiteacha.

(14)

Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh maidir le glacadh dréachtghníomhartha cur chun feidhme eile a bhaineann le hearnálacha atá thar a bheith íogair, go háirithe cánachas, sláinte an tomhaltóra, sábháilteacht bia agus cosaint an chomhshaoil, gníomhóidh an Coimisiún, chun réiteach cothrom a fháil agus a mhéid is féidir, ar shlí ina seachnófar dul i gcoinne aon seasaimh cheannasaigh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh den choiste achomhairc, ar seasamh é a bheadh in aghaidh oiriúnacht gnímh chur chun feidhme.

(15)

Mar riail ghinearálta, ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin i ngach cás eile nó i gcás ina meastar gur nós imeachta níos iomchuí é.

(16)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ngníomh bunúsach, gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil feidhm le bheith acu láithreach a ghlacadh ar mhórchúiseanna práinne.

(17)

Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras, ar bhonn rialta, faoi imeachtaí coistí.

(18)

Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in ann, aon tráth, a léiriú don Choimisiún gurb é a thuairim ná go dtéann dréachtghníomh cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa ghníomh bunúsach, agus a gcearta maidir leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht ghníomhartha an Aontais á gcur san áireamh dóibh.

(19)

Ba cheart rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi imeachtaí coistí a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin. (3)

(20)

Ba cheart don Choimisiún clár ina mbeidh faisnéis faoi imeachtaí coistí a choinneáil. Dá dhroim sin, maidir leis na rialacha a bhaineann le cosaint doiciméad atá aicmithe mar dhoiciméid rúnda agus is infheidhme maidir leis an gCoimisiún, ba cheart go mbeadh feidhm acu freisin maidir le húsáid an chláir.

(21)

Ba cheart Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm. Chun an trasdul ón réimeas dá bhforáiltear i gCinneadh 1999/468/CE chuig an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart a thuiscint gurb ionann aon tagairt i reachtaíocht atá ann cheana do na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chinneadh sin, cés is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a den Chinneadh sin, agus tagairt do na nósanna imeachta comhfhreagracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart éifeachtaí Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE a choimeád i bhfeidhm go sealadach chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana agus a dhéanann tagairt don Airteagal sin.

(22)

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí an Choimisiúin, faoi mar atá leagtha síos sa CFAE, maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta lena rialaítear na sásraí a mbeidh feidhm acu i gcás ina sainaithnítear, le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí (“gníomh bunúsach” anseo feasta), go bhfuil gá le coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme agus ceanglaítear leis go bhfuil glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún le bheith faoi rialú na mBallstát.

Airteagal 2

Na nósanna imeachta a roghnú

1.   Féadfaidh foráil a bheith i ngníomh bunúsach maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta comhairliúcháin nó an nós imeachta scrúdúcháin, agus aird á tabhairt ar chineál nó ar thionchar an ghnímh cur chun feidhme atá riachtanach.

2.   Tá feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin, go háirithe, maidir leis na gníomhartha seo a leanas a ghlacadh:

(a)

gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu;

(b)

gníomhartha cur chun feidhme eile a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(i)

cláir a bhfuil impleachtaí substaintiúla ag gabháil leo;

(ii)

an comhbheartas talmhaíochta agus an comhbheartas iascaigh;

(iii)

an comhshaol, slándáil agus sábháilteacht, nó sláinte nó sábháilteacht daoine, ainmhithe nó plandaí a chosaint;

(iv)

an comhbheartas tráchtála;

(v)

cánachas.

3.   Mar riail ghinearálta, tá feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ar gníomhartha iad nach dtagann faoi réim raon feidhme mhír 2. Féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin freisin, áfach, i gcásanna cuí-réasúnaithe, maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 3

Forálacha coiteanna

1.   Beidh feidhm ag na forálacha coiteanna a leagtar amach san Airteagal seo maidir leis na nósanna imeachta go léir dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 8.

2.   Déanfaidh coiste a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gcoiste. Ní ghlacfaidh an cathaoirleach páirt i vótáil an choiste.

3.   Déanfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún a chur faoi bhráid an choiste.

Seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú laistigh de 14 lá ón lá a dhéantar an dréachtghníomh cur chun feidhme agus dréachtchlár oibre a chur faoi bhráid an choiste. Tabharfaidh an coiste a thuairim faoin dréachtghníomh cur chun feidhme laistigh de theorainn ama a fhéadfaidh an cathaoirleach a leagan síos de réir phráinn an ábhair. Beidh na teorannacha ama comhréireach agus tabharfaidh siad deis luath agus éifeachtach do chomhaltaí an choiste chun an dréachtghníomh cur chun feidhme a scrúdú agus a ndearcadh a léiriú.

4.   Go dtí go dtugann an coiste tuairim, féadfaidh aon chomhalta den choiste leasuithe a mholadh agus féadfaidh an cathaoirleach leaganacha leasuithe den dréachtghníomh cur chun feidhme a thíolacadh.

Féachfaidh an cathaoirleach le teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste. Cuirfidh an cathaoirleach an coiste ar an eolas faoin modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na moltaí sin ar tugadh tacaíocht mhór dóibh laistigh den choiste.

5.   I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an cathaoirleach tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn. Seolfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme chuig comhaltaí an choiste agus, de réir phráinn an ábhair, leagfaidh an cathaoirleach síos teorainn ama le tuairim a thabhairt. Maidir le haon chomhalta den choiste nach gcuireann i gcoinne an dréachtghnímh cur chun feidhme nó nach staonann go sainráite ó vótáil air sula dtéann an teorainn ama sin in éag, measfar gur aontaigh an comhalta sin go hintuigthe leis an dréachtghníomh cur chun feidhme.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa ghníomh bunúsach, déanfar an nós imeachta i scríbhinn a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcinneann an Cathaoirleach amhlaidh nó go n-iarrann comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

6.   Déanfar tuairim an choiste a thaifeadadh sna miontuairiscí. Beidh sé de cheart ag comhaltaí an choiste a iarraidh go ndéanfar a seasamh a thaifeadadh sna miontuairiscí. Seolfaidh an cathaoirleach na miontuairiscí chuig comhaltaí an choiste gan mhoill.

7.   I gcás inarb infheidhme, beidh tarchur chuig coiste achomhairc san áireamh sa sásra rialaithe.

Glacfaidh an coiste achomhairc a chuid rialacha nós imeachta féin trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é, ar thogra ón gCoimisiún.

I gcás ina dtéitear i muinín an choiste achomhairc, tiocfaidh an coiste sin le chéile 14 lá ar a thúisce, seachas i gcásanna cuí-réasúnaithe, agus sé seachtaine, ar a dhéanaí, tar éis dáta an tarchuir. Gan dochar do mhír 3, tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim laistigh de dhá mhí ó dháta an tarchuir.

Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gcoiste achomhairc.

Déanfaidh an cathaoirleach dáta an chruinnithe den choiste achomhairc a shocrú i ndlúthchomhar le comhaltaí an choiste, chun a chumasú do na Ballstáit agus don Choimisiún leibhéal iomchuí ionadaíochta a áirithiú. Faoin 1 Aibreán 2011, comórfaidh an Coimisiún an chéad chruinniú den choiste achomhairc chun a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Airteagal 4

An nós imeachta comhairliúcháin

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin, tabharfaidh an coiste a thuairim trí vótáil más gá sin. Má vótálann an coiste, tabharfar an tuairim trí thromlach simplí na gcomhaltaí a chomhdhéanann an coiste.

2.   Cinnfidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme atá le glacadh, agus na conclúidí ó aon phlé laistigh den choiste agus an tuairim a tugadh á gcur san áireamh go hiomlán.

Airteagal 5

An nós imeachta scrúdúcháin

1.   I gcás ina mbeidh feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin, tabharfaidh an coiste a thuairim tríd an tromlach a leagtar síos in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 238(3) CFAE, i gcás gníomhartha atá le glacadh ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar vótaí ionadaithe na mBallstát laistigh den choiste a ualú ar an tslí a leagtar amach sna hAirteagail sin.

2.   I gcás ina dtugann an coiste tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

3.   Gan dochar d’Airteagal 7, má thugann an coiste tuairim dhiúltach, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. I gcás ina meastar gá a bheith le gníomh cur chun feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe den dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste chéanna laistigh de dhá mhí ón tráth a thugtar an tuairim dhiúltach nó féadfaidh an cathaoirleach, laistigh de mhí amháin ón tráth a thugtar an tuairim sin, an dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste achomhairc le haghaidh tuilleadh plé ina leith.

4.   I gcás nach dtugtar aon tuairim, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dara fomhír. I gcás nach nglacann an Coimisiún an dréachtghníomh cur feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe de a chur faoi bhráid an choiste.

Gan dochar d’Airteagal 7, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme más rud é:

(a)

go mbaineann an gníomh sin le cánachas, le seirbhísí airgeadais, le cosaint sláinte nó sábháilteachta daoine, ainmhithe nó plandaí, nó le bearta coimirce iltaobhacha cinntitheacha,

(b)

go bhforáiltear leis an ngníomh bunúsach nach bhféadfar an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcás nach dtugtar aon tuairim, nó

(c)

go bhfuil tromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an coiste ina choinne.

In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcás ina meastar gá a bheith le gníomh cur chun feidhme, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe den ghníomh sin a chur faoi bhráid an choiste chéanna laistigh de dhá mhí ó dháta na vótála nó féadfaidh an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme a chur faoi bhráid an choiste achomhairc laistigh de mhí amháin ó dháta na vótála le haghaidh tuilleadh plé ina leith.

5.   De mhaolú ar mhír 4, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh, i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim agus ina bhfuil tromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an coiste sin i gcoinne an dréachtghnímh cur chun feidhme.

Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ceithre lá dhéag ar a thúisce agus mí amháin ar a dhéanaí tar éis an chruinnithe coiste, comhaltaí an choiste a chur ar an eolas faoi thorthaí na gcomhairliúchán sin agus déanfaidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme a thíolacadh don choiste achomhairc. De mhaolú ar Airteagal 3(7), tiocfaidh an coiste achomhairc le chéile ceithre lá dhéag ar a thúisce agus mí amháin ar a dhéanaí tar éis thíolacadh an dréachtghnímh cur chun feidhme. Tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim i gcomhréir le hAirteagal 6. Beidh na teorainneacha ama a leagtar síos sa mhír seo gan dochar don ghá go ndéanfar na spriocdhátaí a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha ábhartha a urramú.

Airteagal 6

Tarchur chuig an gcoiste achomhairc

1.   Tabharfaidh an coiste achomhairc a thuairim leis an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 5(1).

2.   Go dtí go dtugtar tuairim, féadfaidh aon chomhalta den choiste achomhairc leasuithe ar an dréachtghníomh cur chun feidhme a mholadh agus féadfaidh an cathaoirleach a chinneadh cibé acu a mhodhnófar nó nach modhnófar é.

Féachfaidh an cathaoirleach le teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste achomhairc.

Cuirfidh an cathaoirleach an coiste achomhairc ar an eolas faoin modh ina ndearnadh na pléití agus na moltaí i gcomhair leasuithe a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na moltaí i gcomhair leasuithe ar tugadh tacaíocht mhór dóibh laistigh den choiste achomhairc.

3.   I gcás ina dtugann an coiste achomhairc tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

I gcás nach dtugtar aon tuairim, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

I gcás ina dtugann an coiste achomhairc tuairim dhiúltach, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme.

4.   De mhaolú ar mhír 3, maidir le bearta coimirce iltaobhacha cinntitheacha a ghlacadh, i gcás nach dtugtar tuairim dhearfach arna vótáil leis an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 5(1), ní ghlacfaidh an Coimisiún na dréachtbhearta.

5.   De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 1 Meán Fómhair 2012, déanfaidh an coiste a thuairim maidir le dréachtbhearta cinntitheacha frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é.

Airteagal 7

Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla

De mhaolú ar Airteagal 5(3) agus ar an dara fomhír d’Airteagal 5(4), féadfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcás inar gá é a ghlacadh gan mhoill le nach gcruthófar cur isteach suntasach ar na margaí i réimse na talmhaíochta nó riosca do leasanna airgeadais an Aontais de réir bhrí Airteagal 325 CFAE.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme atá glactha a chur faoi bhráid an choiste achomhairc láithreach. I gcás ina dtabharfaidh an coiste achomhairc tuairim dhiúltach i dtaobh an ghnímh cur chun feidhme atá glactha, aisghairfidh an Coimisiún an gníomh sin láithreach. I gcás ina dtabharfaidh an coiste achomhairc tuairim dhearfach nó i gcás nach dtugann sé aon tuairim, fanfaidh an gníomh cur chun feidhme i bhfeidhm.

Airteagal 8

Gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach

1.   De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5, féadfar a fhoráil le gníomh bunúsach, ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe, go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm aige láithreach, gan é a chur faoi bhráid coiste roimh ré, agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí mura rud é go bhforáiltear a mhalairt leis an ngníomh bunúsach.

3.   Ceithre lá dhéag ar a dhéanaí tar éis an gníomh dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, cuirfidh an cathaoirleach faoi bhráid an choiste ábhartha é chun a thuairim a fháil ina leith.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin, i gcás ina dtugann an coiste tuairim dhiúltach, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le mír 2 a aisghairm láithreach.

5.   I gcás ina nglacann an Coimisiún bearta sealadacha frithdhumpála nó frithchúitimh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit nó tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas ina leith i gcásanna fíorphráinne. Sa chás deireanach sin, beidh na comhairliúcháin ann deich lá, ar a dhéanaí, tar éis na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur in iúl do na Ballstáit.

Airteagal 9

Rialacha nós imeachta

1.   Déanfaidh gach coiste, trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann é, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh ar thogra óna chathaoirleach, ar bhonn rialacha caighdeánacha atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. Foilseoidh an Coimisiún na rialacha caighdeánacha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

A mhéid is gá, déanfaidh coistí atá ann cheana a rialacha nós imeachta a oiriúnú do na rialacha caighdeánacha.

2.   Maidir leis na prionsabail agus na coinníollacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus leis na rialacha i ndáil le cosaint sonraí atá infheidhme maidir leis an gCoimisiún, beidh feidhm acu freisin maidir leis na coistí.

Airteagal 10

Faisnéis maidir le himeachtaí na gcoistí

1.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár d’imeachtaí na gcoistí agus beidh an méid seo a leanas sa chlár sin:

(a)

liosta de na coistí,

(b)

cláir oibre chruinnithe na gcoistí,

(c)

na taifid achoimre, mar aon leis na liostaí de na húdaráis agus de na heagraíochtaí lena mbaineann na daoine arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh,

(d)

na dréachtghníomhartha cur chun feidhme ar ina leith a iarrtar ar na coistí tuairim a thabhairt,

(e)

torthaí na vótála,

(f)

na dréachtghníomhartha cur chun feidhme críochnaitheacha tar éis tuairim na gcoistí a thabhairt,

(g)

an fhaisnéis a bhaineann le glacadh na ndréachtghníomhartha críochnaitheacha cur chun feidhme ag an gCoimisiún, agus

(h)

sonraí staidrimh ar obair na gcoistí.

2.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil freisin ar obair na gcoistí.

3.   Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

4.   Ag an am céanna agus a sheolfaidh an Coimisiún na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (d) agus i bpointe (f) de mhír 1 chuig comhaltaí an choiste, cuirfidh sé na doiciméid sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, chomh maith leis sin, cuirfidh sé in iúl dóibh go bhfuil na doiciméid sin ar fáil.

5.   Déanfar an fhaisnéis tagartha a bhaineann leis na doiciméid uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) de mhír 1, chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1, a phoibliú sa chlár.

Airteagal 11

Ceart grinnscrúdaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

I gcás ina ndéantar gníomh bunúsach a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, aon tráth, a léiriú don Choimisiún gurb é a thuairim go dtéann dréachtghníomh cur chun feidhme thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa ghníomh bunúsach. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an dréachtghníomh cur chun feidhme, agus na seasaimh a léiríodh á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh an mbeartaíonn sé an dréachtghníomh cur chun feidhme a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.

Airteagal 12

Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm

Déantar Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm leis seo.

Déanfar éifeachtaí Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE a choimeád ar bun chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana agus a dhéanann tagairt don Airteagal sin.

Airteagal 13

Forálacha idirthréimhseacha: gníomhartha bunúsacha atá ann cheana a oiriúnú

1.   I gcás ina ndéantar foráil le gníomhartha bunúsacha a glacadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo;

(b)

i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo ach ní bheidh feidhm ag an dara fomhír ná an tríú fomhír d’Airteagal (5)4 den Rialachán seo;

(c)

i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 5 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo agus measfar go bhforáiltear leis an ngníomh bunúsach nach bhféadfaidh an Coimisiún, i gcás nach dtugtar tuairim, an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, mar a shamhlaítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(4);

(d)

i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 6 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo;

(e)

i gcás ina ndéantar tagairt sa ghníomh bunúsach d’Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag Airteagal 10 agus ag Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 9 den Rialachán seo maidir le gach coiste atá ann cheana.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 den Rialachán seo ach amháin maidir le nósanna imeachta atá ann cheana agus ina ndéantar tagairt d’Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   Ní dhéanfaidh na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos san Airteagal seo réamhbhreith ar chineál na ngníomhartha lena mbaineann.

Airteagal 14

Socrú idirthréimhseach

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste a thuairim cheana i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 15

Athbhreithniú

Faoin 1 Márta 2016, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Rialacháin seo maille le tograí reachtacha iomchuí, más gá sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Márta 2011.

Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Feabhra 2011

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

MARTONYI J.


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2011.

(2)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(3)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.


RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN

Le hAirteagal 5(2) den Rialachán, ceanglaítear go nglacfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme má thugann an coiste tuairim dhearfach uaidh. Leis an bhforáil sin, ní choiscfear go bhféadfaidh an Coimisiún, de réir an chleachtais reatha agus i gcásanna an-eisceachtúla, imthosca nua a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh na vótála a chur san áireamh agus go bhféadfaidh sé a chinneadh gan dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, tar éis dó an coiste agus an reachtóir a chur ar an eolas mar is iomchuí.


RÁITIS ÓN gCOIMISIÚN

Tabharfaidh an Coimisiún faoi scrúdú ar na gníomhartha reachtacha uile atá i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, ionas a mheasúnú ar gá na hionstraimí sin a oiriúnú do chóras na ngníomhartha tarmligthe a tugadh isteach le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Coimisiún na tograí is iomchuí ar aghaidh chomh luath agus is féidir agus tráth nach déanaí ná na dátaí a luaitear san fhéilire táscach atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas seo.

Fad is a bheidh an clár ailínithe sin ar siúl, coimeádfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas ar bhonn rialta maidir le dréachtbhearta cur chun feidhme a bhaineann leis na hionstraimí sin, ar bearta iad ar cheart gníomhartha tarmligthe a dhéanamh díobh amach anseo.

Maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm agus a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forálacha atá i gceangal leis an nós imeachta sin i ngach ionstraim a bhfuil sé ar intinn aige a mhodhnú, d'fhonn iad a oiriúnú in am trátha i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chonradh. Thairis sin, beidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dteideal bunghníomhartha a shonrú a measann siad gur cheart tosaíocht a thabhairt dá n-oiriúnú.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thorthaí an phróisis sin faoi dheireadh 2012 chun meastachán a dhéanamh i ndáil le cé mhéad gníomhartha reachtacha atá fós i bhfeidhm a bhfuil tagairtí iontu don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ansin ullmhóidh an Coimisiún na tionscnaimh reachtacha is iomchuí chun an t-oiriúnú a thabhairt chun críche. Is é cuspóir iomlán an Choimisiúin go mbeadh na forálacha uile lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú bainte de na hionstraimí reachtacha uile faoi dheireadh 7ú téarma na Parlaiminte.

Tugann an Coimisiún dá aire gur sheol sé staidéar le déanaí lena soláthrófar athbhreithniú iomlán agus oibiachtúil ar gach gné de bheartas cosanta trádála agus de chleachtas cosanta trádála an AE, lena n-áirítear meastóireacht ar fheidhmíocht, ar mhodhanna oibre, ar úsáid agus ar éifeachtacht scéim reatha na n-ionstraimí cosanta trádála i dtaca leis na cuspóirí beartais trádála atá aici a bhaint amach, meastóireacht ar éifeachtacht chinntí beartais an Aontais Eorpaigh, idir chinntí reatha agus cinntí a d'fhéadfaí a dhéanamh (e.g., tástáil leasa an Aontais, an riail an dleachta is lú, an córas bailithe dleachta) i gcomparáid leis na cinntí beartais a dhéanann comhpháirtithe áirithe trádála agus scrúdú ar na bunrialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontasacha i bhfianaise chleachtas riaracháin institiúidí an AE, bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise mholtaí agus rialuithe Chomhlacht Réitithe Díospóidí an WTO.

I bhfianaise thorthaí an staidéir agus an dul chun cinn sa chaibidlíocht maidir leis an gClár Oibre Doha um Fhorbairt, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí ionstraimí cosanta trádála an AE a thabhairt suas chun dáta agus a nuachóiriú tuilleadh agus, dá bhféadfaí, cén chaoi lena dhéanamh.

Meabhraíonn an Coimisiún freisin na tionscnaimh atá curtha i gcrích aige le déanaí chun feabhas a chur ar thrédhearcacht oibriúchán na n-ionstraimí cosanta trádála (amhail Oifigeach Éisteachta a cheapadh) maille lena chuid oibre leis na Ballstáit chun príomhghnéithe an chleachtais chosanta trádála a shoiléiriú. Dar leis an gCoimisiún, tá an-tábhacht ag roinnt leis an obair sin agus déanfaidh sé iarracht, i gcomhairle leis na Ballstáit, tionscnaimh eile a aithint a bhféadfaí tabhairt fúthu chun na críche sin.

Faoi na rialacha nós imeachta coiste atá bunaithe ar Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, i gcás ina dtabharfaidh coiste bainistíochta de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tuairim neamhfhabhrach uaidh, ní mór don Choimisiún an dréachtbheart atá i gceist a chur faoi bhráid na Comhairle agus féadfaidh an Chomhairle tuairim dhifriúil a thabhairt uaithi taobh istigh de mhí amháin. Mar sin féin, ní bheidh aon cosc ar an gCoimisiún gníomhú ach beidh an rogha aige an beart a chur i ngníomh nó a chur i bhfeidhm a chur siar. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún an beart a ghlacadh má mheasann sé tríd is tríd go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha dochúlaithe a bheith ann don mhargadh, dá gcuirfí ar fionraí cur i bhfeidhm an bhirt. Má chineann an Chomhairle a mhalairt ina dhiaidh sin, is beart gan éifeacht a dhéanfar den bheart a chuir an Coimisiún i bhfeidhm, dar ndóigh. Dá bharr sin, soláthraítear leis na rialacha reatha ionstraim don Choimisiún lenar féidir leas coiteann an Aontais uile a chosaint trí bheart a ghlacadh ar a laghad ar bhonn idirthréimhseach.

Is é is cuspóir d'Airteagal 7 den Rialachán an cur chuige sin a choinneáil mar chuid de na socruithe nua nós imeachta coiste ach é a theorannú do chásanna eisceachtúla agus ar bhonn critéar a bheadh sainithe go soiléir agus a bheadh sriantach. Mar thoradh air sin, bheadh ar chumas an Choimisiúin dréachtbheart a ghlacadh cé ainneoin tuairim neamhfhabhrach a bheith ag an gcoiste scrúdaithe ina leith ar an gcoinníoll go ‘gcuirfí isteach go mór ar na margaí (…) nó (…) gcuirfí (…) leasanna airgeadais an Aontais i mbaol mura nglacfadh an coiste iad laistigh de sprioc am ordaitheach.’ Tagraítear leis an bhforáil do chásanna nach féidir fanacht go dtí go gcaithfidh an coiste vóta arís maidir leis an dréachtbheart céanna nó le dréachtbheart eile mar go gcuirfí isteach go mór, idir an dá linn, ar an margadh e.g. mar thoradh ar iompar amhantrach na n-oibreoirí. D'fhonn cumas an Aontais chun gníomhú a áirithiú, thabharfaí an deis do na Ballstáit agus don Choimisiún plé eolasach breise a dhéanamh i dtaca leis an dréachtbheart ach gan cinntí a fhágáil gan a thógáil agus ina n-ábhar tuairimíochta, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar na margaí agus ar an mbuiséad.

D'fhéadfadh cásanna mar sin a bheith ann i gcomhthéacs bhainistíocht laethúil an CGT (m.sh. aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a shocrú, ceadúnais a bhainistiú, clásal coimirce speisialta) nuair is minic nach foláir cinntí a dhéanamh go tapa a mbeadh iarmhairtí eacnamaíoca suntasacha acu ar na margaí, ar fheirmeoirí agus ar oibreoirí agus, dá réir, ar bhuiséad an Aontais freisin.

I gcásanna ina dtabharfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle le tuiscint don Choimisiún go measann siad go sáraítear le dréachtghníomh cur chun feidhme na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa bhunghníomh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú láithreach ar an dréachtghníomh cur chun feidhme agus seasamh na Comhairle nó Pharlaimint na hEorpa á chur san áireamh aige.

Gníomhóidh an Coimisiún ar bhealach lena dtabharfar aird chuí ar phráinn an ábhair.

Roimh dó a chinneadh an ndéanfar an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, a leasú nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas maidir lena mbeartaíonn sé a dhéanamh agus maidir leis na cúiseanna chuige sin.