ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.266.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht


9 Deireadh Fómhair 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 923/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear an dara clár Marco Polo chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú Marco Polo II ( 2 )

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 ( 2 )

11

 


 

(1)   Faoin tagairt L 266 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

9.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 923/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear an dara clár ‘Marco Polo’ chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú ‘Marco Polo II’

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) agus Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leis an athbhreithniú meántéarma ar an bPáipéar Bán um Iompar 2001 ón gCoimisiún dar teideal ‘Coinnímis an Eoraip ag gluaiseacht – Soghluaisteacht inbhuanaithe dár n-ilchríoch’, an 22 Meitheamh 2006, tarraingítear aird ar an gcumas atá ag Clár Marco Polo, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú (an Clár Marco Polo) (3), mar fhoinse maoinithe chun roghanna malartacha a thairiscint d’oibreoirí ar bhóithre plódaithe tríd úsáid a bhaint as modhanna eile iompair. Dá bhrí sin is ionann Clár Marco Polo agus gné bhunúsach amháin sa bheartas iompair reatha.

(2)

Mura nglacfar aon ghníomh cinntitheach, meastar go dtiocfaidh méadú níos mó ná 60 % ar iompar lasta de bhóthar ina iomláine san Eoraip faoin mbliain 2013. Is í an éifeacht a bheadh aige sin ná go dtiocfadh fás measta 20,5 billiún tona-chiliméadar ar lasta bóthair idirnáisiúnta in aghaidh na bliana don Aontas Eorpach faoin mbliain 2013, agus go mbeadh iarmhairtí diúltacha aige sin i dtaca le costais bhreise ar bhonneagar bóithre, tionóiscí, plódú, truailliú áitiúil agus domhanda, damáiste don chomhshaol agus neamhiontaofacht an tslabhra soláthair agus na bpróiseas loighistice.

(3)

Chun déileáil leis an bhfás sin, ní mór úsáid níos mó a bhaint as loingseoireacht farraige ghairid, as iarnróid agus as uiscebhealaí intíre ná mar a dhéantar faoi láthair, agus is gá tionscnaimh chumhachtacha bhreise a spreagadh ón earnáil iompair agus loighistice, lena n-áirítear calafoirt thirime agus ardáin eile a éascaíonn an idirmhódúlacht, chun cur chuige nua agus úsáid nuálaíochtaí teicniúla a spreagadh i ndáil le gach ceann dár modhanna iompair agus i ndáil lena mbainistiú.

(4)

Tá sé mar chuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh modhanna iompair atá oiriúnach don chomhshaol a neartú, is cuma an leanfaidh aistriú sonrach modha nó éifeacht seachanta as an gcuspóir sin ó thaobh tarlaithe de bhóthar.

(5)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 (4) ceanglaíodh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Marco Polo II (‘an Clár’ anseo feasta) agus tograí a thíolacadh chun an Clár sin a leasú má bhí gá leis sin.

(6)

Measadh i meastóireacht sheachtrach ar thorthaí Chlár Marco Polo nach mbainfeadh an Clár sin a chuid cuspóirí amach i dtaca le haistriú modha agus rinneadh roinnt moltaí inti maidir le héifeachtacht an Chláir a fheabhsú.

(7)

Rinne an Coimisiún anailís tionchair ar na bearta a moladh sa mheastóireacht sheachtrach agus ar bhearta eile atá dírithe ar éifeachtúlacht an Chláir a mhéadú. Léiríodh san anailís sin go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 chun rannpháirtíocht na bhfiontar beag agus na micreafhiontar a éascú, chun tairseacha cáilitheachta na gníomhaíochta a ísliú, chun méid an mhaoinithe a mhéadú agus chun nósanna imeachta cur chun feidhme agus riaracháin an Chláir a shimpliú.

(8)

Ba cheart rannpháirtíocht na bhfiontar beag agus na micreafhiontar sa Chlár a mhéadú trína cheadú do ghnóthais aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus trí na tairseacha cáilitheachta a ísliú i gcás tograí arna dtíolacadh ag fiontair iompair uiscebhealaigh intíre.

(9)

Ba cheart na tairseacha cáilitheachta do thograí ar mhaoiniú a ísliú agus a shloinneadh i dtéarmaí na dtona-chiliméadar a aistrítear in aghaidh na bliana, ach amháin i gcás gníomhaíochtaí comhfhoghlama. Ba cheart na tairseacha sin a ríomh thar thréimhse iomlán chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn gan aon ráta bliantúil cur chun feidhme a shocrú. Níor cheart go mbeadh aon ghá a thuilleadh le tairseach shonrach a bhainfeadh le gníomhaíochtaí seachanta tráchta agus ba cheart ré íosta a bhunú don chineál seo gníomhaíochta, do ghníomhaíochtaí catalaíocha agus do ghníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige.

(10)

Ba cheart méid an mhaoinithe a mhéadú trí shainmhíniú a thabhairt isteach maidir le ‘lasta’, chun an ghné iompair a chur san áireamh nuair atá an t-aistriú modha á ríomh, agus faduithe eisceachtúla a cheadú ar ré uasta na ngníomhaíochtaí i gcás moill a bheith ann maidir lena dtosú. Ba cheart uasdátú mhéid an mhaoinithe ó EUR 1 go EUR 2 de réir an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 a léiriú i dtéacs na hIarscríbhinne sin, mar atá arna leasú.

(11)

Chun cur chun feidhme an Chláir a shimpliú, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 maidir le coinníollacha maoinithe do bhonneagar coimhdeach a scriosadh. Ina theannta sin, ba cheart deireadh a chur leis an nós imeachta coiste maidir le roghnú bliantúil na ngníomhaíochtaí atá le maoiniú.

(12)

Ba cheart nasc níos mionsonraithe idir an Clár agus an Gréasáin Iompair Tras-Eorpaigh (‘TEN-T’ anseo feasta), lena leagtar amach an creat do Mhótarbhealaí na Farraige, a bhunú agus ba cheart na gnéithe comhshaoil a leathnú chun costais sheachtracha iomlána na ngníomhaíochtaí a chur san áireamh.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 a leasú dá réir.

(14)

Chun a áirithiú gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar an modh is caoithiúla agus is gasta, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm chomh luath agus is féidir tar éis a ghlactha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 leis seo mar a leanas:

1.

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(p)

ciallaíonn “lasta”, chun críche na ríomhaireachta i leith “tona-chiliméadar” a aistrítear den bhóthar, na hearraí a iompraítear, an t-aonad iompair idirmhódúil móide an fheithicil bhóthair, lena n-áirítear aonaid fholmha iompair idirmhódúla agus feithiclí folmha bóthair, i gcás ina n-aistrítear den bhóthar iad.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1):

‘1.   Déanfaidh gnóthais nó cuibhreannais atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha rannpháirteacha gníomhaíochtaí a thíolacadh, dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) agus (4).’;

3.

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 1:

‘(b)

Gníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige; laistigh den Aontas Eorpach, beidh gníomhaíochtaí den sórt sin i gcomhréir leis na gnéithe den tionscadal tosaíochta Mótarbhealaí na Farraige atá sainmhínithe faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte an Chomhphobail chun an gréasán iompair tras-Eorpaigh a fhorbairt (5);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tá na coinníollacha maoinithe agus na ceanglais eile do na gníomhaíochtaí éagsúla leagtha amach san Iarscríbhinn.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Státchabhair

Ní dhéanfaidh cúnamh airgeadais Comhphobail do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár cosc a chur ar Státchabhair a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a mhéid atá cabhair den sórt sin comhoiriúnach leis na socruithe státchabhrach a leagtar síos sa Chonradh agus a mhéid atá sí laistigh de na teoireannacha carnacha arna mbunú do gach saghas gníomhaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn.’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Gníomhaíochtaí a thíolacadh

Déanfar gníomhaíochtaí a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna n-eisiúint de bhun Airteagal 6. Maidir leis an ábhar a thíolacfar, beidh an fhaisnéis go léir ann is gá lena chumasú don Choimisiún a rogha a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Airteagal 9.

Más gá, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na hiarratasóirí chun a bpróiseas iarratais a éascú, mar shampla trí dheasc cabhrach ar-líne.’;

6.

cuirtear an méid seo in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Gníomhaíochtaí do chúnamh airgeadais a roghnú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a thíolactar. Le linn gníomhaíochtaí a roghnú do chúnamh airgeadais faoin gclár, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

na coinníollacha a leagtar amach i gcolún iomchuí na hIarscríbhinne;

(c)

rannchuidiú na ngníomhaíochtaí i leith plódú ar na bóithre a laghdú;

(d)

tuillteanais choibhneasta chomhshaoil na ngníomhartha agus tuillteanais choibhneasta na ngníomhartha i dtéarmaí costais sheachtracha a laghdú, lena n-áirítear an rannchuidiú i leith laghdú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha comhshaoil de thoradh ar loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus iompar uiscebhealaí intíre. Tabharfar aird faoi leith ar ghníomhaíochtaí a théann thar cheanglais chomhshaoil atá ceangailteach ó thaobh dlí;

(e)

inbhuaine na ngníomhaíochtaí ina n-iomláine.

Tar éis dó an coiste dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur ar an eolas, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh chun cúnamh airgeadais a dheonú.

Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoina chinneadh.’;

7.

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún Teachtaireacht ar na torthaí atá bainte amach le Cláir Marco Polo don tréimhse 2003-2010 a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Déanfaidh sé amhlaidh sula dtarraingeoidh sé suas togra le haghaidh tríú Clár Marco Polo agus beidh aird aige ar chinntí na Teachtaireachta le linn an togra sin a tharraingt suas.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Déileálfaidh an Teachtaireacht dá dtagraítear i mír 2 leis na nithe seo a leanas go háirithe:

tionchar an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 923/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fomhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear dara clár “Marco Polo” chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú “Marco Polo II” (6),

taithí na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Iomaíocht agus Nuálaíocht i dtaca le bainistiú clár,

an gá atá le hidirdhealú a dhéanamh idir modhanna iompair, maidir leis na coinníollacha i gcomhair maoinithe, ar bhonn sábháilteachta, feidhmíochta comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh,

éifeachtacht na ngníomhaíochtaí seachanta tráchta,

an gá atá le cúnamh éileamh-bhunaithe a chur ar bun ag céim an iarratais, agus aird á tabhairt ar riachtanais fiontar beag iompair agus micreafhiontar iompair,

an cúlú eacnamaíochta a aithint mar chúis eisceachtúil le fad a chur le ré gníomhaíochtaí,

ísliú na dtairseach cáilitheachta i gcás gníomhaíochta atá sonrach ó thaobh an táirge de,

an fhéidearthacht go ndéanfar spriocanna i gcomhair tairseach íosta maoinithe le haghaidh gníomhaíochtaí atá beartaithe a léiriú i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh agus tairbhí comhshaoil, de bhreis ar na tona-chiliméadair a aistrítear,

a oiriúnaí atá sé an t-aonad iompair a áireamh sa sainmhíniú ar an téarma “lasta”,

infhaighteacht forléargas iomlán bliantúil ar na gníomhaíochtaí a mbeidh cómhaoiniú faighte acu,

an fhéidearthacht go ndéanfar comhsheasmhacht a áirithiú idir an Clár, an Plean Gníomhaíochta Loighistice agus clár TEN-T trí bhearta iomchuí a dhéanamh chun leithdháileadh na gcistí comhphobail a chomhordú, go háirithe le haghaidh Mhótarbhealaí na Farraige,

an fhéidearthacht go bhféadfadh na costais a thabhaítear i dtríú tír a bheith cáilithe más gnóthais ó Bhallstát a chuireann an ghníomhaíocht i gcrích,

an gá atá le saintréithe sonracha na hearnála uiscebhealaí intíre, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide na hearnála sin, a chur san áireamh, mar shampla trí shainchlár le haghaidh na hearnála uiscebhealaí intíre,

an fhéidearthacht go bhféadfaí an Clár a leathnú chuig tíortha comharsanacha, agus

an fhéidearthacht go bhféadfaí an Clár a oiriúnú tuilleadh chun fónamh do na Ballstáit oileánda agus oileánracha.

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003, le héifeacht ón 14 Nollaig 2006.

Leanfar de na conarthaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a thagann faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003 a rialú leis an Rialachán sin go dtí go dtugtar iad i gcrích go hoibríochtúil iad nó go dtugtar iad i gcrích ó thaobh airgeadais de.’;

9.

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006;

10.

Scriostar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim an 24 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(3)  IO L 196, 2.8.2003, lch. 1.

(4)  IO L 328, 24.11.2006, lch. 1.

(5)  IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.’;

(6)  IO L 266, 9.10.2009, lch 1.’;


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Coinníollacha agus ceanglais maidir le maoiniú de réir Airteagal 5(2)

An Cineál Gníomhaíochta

A.

Catalaíoch

Airteagal 5(1)(a)

B.

Mótarbhealaí na Farraige

Airteagal 5(1)(b)

C.

Aistriú modha

Airteagal 5(1)(c)

D.

Seachaint tráchta

Airteagal 5(1)(d)

E.

Comhfhoghlaim

Airteagal 5(1)(e)

1.

Coinníollacha maidir le maoiniú

(a)

bainfidh an ghníomhaíocht chatalaíoch a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)

bainfidh an ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)

bainfidh gníomhaíocht an aistrithe modha a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 36 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)

bainfidh an ghníomhaíocht seachanta tráchta a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)

is é a leanfaidh as an ngníomhaíocht chomhfhoghlama ná feabhsú ar sheirbhísí tráchtála sa mhargadh, agus go háirithe cuirfear chun cinn agus/nó éascófar seachaint tráchta bóthair nó aistriú modha ó na bóithre go dtí loingseoireacht farraige ghairid, iarnróid agus uiscebhealaí intíre, trí chomhoibriú a fheabhsú agus trí fhios gnó a roinnt; mairfidh sí 24 mí ar a mhéid;

(b)

tá an ghníomhaíocht chatalaíoch nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistice, teicneolaíochta, modhanna, trealaimh, táirgí, bonneagair nó seirbhísí a thugtar;

(b)

tá an ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistice, teicneolaíochta, modhanna, trealaimh, táirgí, bonneagair nó seirbhísí a thugtar; cuirfear san áireamh freisin cáilíocht ard na seirbhíse, nósanna imeachta agus cigireachtaí simplithe, comhlíonadh caighdeán sábháilteacht agus slándála, rochtain mhaith ar na calafoirt, naisc éifeachtúla le cúlchríocha, agus seirbhísí calafoirt solúbtha éifeachtúla;

(b)

ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht athraithe modha, go háirithe idir modhanna ailtéarnacha iompair le hais iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, a bheidh contrártha don leas coiteann;

(b)

tá an ghníomhaíocht seachanta tráchta nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistic táirgeachta a lánpháirtiú isteach i loighistic iompair;

(b)

tá an ghníomhaíocht chomhfhoghlama nuálaíoch ar leibhéal Eorpach;

(c)

táthar ag súil gurb é a leanfaidh as an ngníomhaíocht chatalaíoch ná aistriú modha iarbhír, a bheidh intomhaiste agus inbhuanaithe, ó bhóithre go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre;

(c)

is é is aidhm don ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná seirbhísí idirmhódúla mórthoirte, ardmhinicíochta a spreagadh don iompar lasta trí loingseoireacht farraige ghairid, lena n áirítear comhsheirbhísí lasta-paisinéirí de réir mar is iomchuí, nó teaglaim de loingseoireacht farraige ghairid in éineacht le modhanna iompair eile ina mbíonn turais de bhóthar chomh gearr agus is féidir; ba cheart, más féidir é, go mbeadh seirbhísí comhtháite iompair lasta cúlchríche ann, trí iompar iarnróid agus/nó trí iompar uiscebhealaí intíre, mar chuid den ghníomhaíocht;

(c)

leis an ngníomhaíocht aistrithe modha, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach;

(c)

is é is aidhm don ngníomhaíocht seachanta tráchta ná éifeachtúlacht níos mó a spreagadh san iompar lasta idirnáisiúnta i margaí na hEorpa gan bac a chur ar fhás eacnamaíoch trí dhíriú ar na próisis táirgeachta agus/nó dáiliúcháin a mhodhnú, agus, sa tslí sin, achair níos giorra, fachtóirí níos airde lódála, laghdú ar thurais fholmha, laghdú ar shreafaí dramhaíola, laghdú ar thoirt agus/nó ar mheáchan nó aon éifeacht eile as a leanfadh laghdú suntasach ar iompar lasta de bhóthar a bhaint amach, ach gan difear dochrach a dhéanamh don aschur táirgeachta ná don fhórsa saothair;

(c)

ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht chomhfhoghlama, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

(d)

leis an ngníomhaíocht chatalaíoch, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

(d)

táthar ag súil gurb é a leanfaidh as an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná aistriú modha iarbhír, a bheidh intomhaiste agus inbhuanaithe agus a bheidh níos airde ná an ráta fáis atá tuartha d’iompar lasta de bhóthar, ar aistriú modha é ó bhóithre go loingseoireacht farraige ghairid go huiscebhealaí intíre nó go hiompar iarnróid;

(d)

nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht aistrithe modha go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

(d)

leis an ngníomhaíocht chomhfhoghlama, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún.

(e)

ní leanfaidh aon saobhadh ar iomaíochas sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht chatalaíoch, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

(e)

leis an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

 

(d)

leis an ngníomhaíocht seachanta tráchta, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

 

(f)

nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht chatalaíoch go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

(f)

ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

 

(e)

ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht seachanta tráchta, go háirithe maidir le modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

 

 

(g)

nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

(f)

nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht seachanta tráchta go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

2.

Méid agus raon feidhme an mhaoinithe

(a)

Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí catalaíocha teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)

Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)

Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí athraithe modha teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)

Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí seachanta tráchta teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)

Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí comhfhoghlama teoranta d’uasmhéid 50 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail.

 

 

 

(b)

Ní fhéadtar an cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí seachanta tráchta a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí gnó nó táirgeachta nach bhfuil aon bhaint dhíreach acu le cúrsaí iompair ná le cúrsaí dáiliúcháin.

 

(b)

Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(b)

Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(b)

Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(c)

Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach 500 tona-chiliméadar nó 25 feithicil-chiliméadar de lasta bóthair a sheachnaítear. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

 

(c)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(c)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(c)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(d)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

 

3.

Foirm agus ré an chomhaontaithe fóirdheontais

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí catalaíocha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí aistrithe modha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 38 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí seachanta tráchta ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán.. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí comhfhoghlama ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 26 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus féadfar an ré sin a fhadú ar iarratas ón tairbhí, laistigh den chlúdach buiséadach tosaigh, ar feadh ré bhreise 26 mí, má bhaintear torthaí dearfacha amach le linn an chéad 12 mhí d’fheidhmiú na gníomhaíochta.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 38 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 44 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 52 mí.

4.

Tairseach do luach an chonartha

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta catalaíche ná 30 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha nó seachaint tráchta in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná 200 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta aistrithe modha ná 60 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. Maidir le gníomhaíochtaí aistrithe modha a mbeidh sé mar aidhm acu aistriú chuig uiscebhealaí intíre a chur chun feidhme, beidh siad faoi réir thairseach speisialta 13 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta seachanta tráchta ná 80 milliún tona-chiliméadar nó 4 mhilliún feithicil-chiliméadar de thrácht lasta a sheachnaítear in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta comhfhoghlama ná EUR 250 000.

5.

Scaipeadh

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí catalaíocha, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí Mótarbhealaí na Farraige, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Ní shamhlaítear go mbeidh gníomhaíochtaí sonracha scaipiúcháin ann le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe modha.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí seachanta tráchta, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí comhfhoghlama, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.’


9.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (CE) Uimh. 924/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 95(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú agus chun trádáil trasteorann laistigh den Chomhphobal a éascú, tá sé riachtanach go bhfuil na muirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro agus na muirir ar íocaíochtaí comhfhreagracha laistigh de Bhallstát mar an gcéanna. Bunaítear prionsabal chomhionannas na muirear le Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro (4), atá infheidhme maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro agus in kronor na Sualainne suas go dtí EUR 50 000, nó a chomhluach.

(2)

Le tuarascáil an Choimisiúin an 11 Feabhra 2008 faoi chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, deimhnítear go bhfuil cur i bhfeidhm an Rialacháin sin tar éis na muirir i leith íocaíochtaí trasteorann in euro a laghdú go héifeachtach go leibhéal na muirear náisiúnta agus gur thug an Rialachán spreagadh do thionscal Eorpach na n-íocaíochtaí na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun bonneagar d’íocaíochtaí a fhorbairt ar fud an Chomhphobail.

(3)

I dtuarascáil an Choimisiúin rinneadh scrúdú ar na fadhbanna praiticiúla a bhain le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001. Mar thoradh, moladh leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán sin chun déileáil leis na fadhbanna a aithníodh le linn an phróisis athbhreithnithe. Baineann na fadhbanna sin le suaitheadh an mhargaidh inmheánaigh in íocaíochtaí de bharr oibleagáidí éagsúla tuairiscithe staidrimh, fadhbanna maidir le forghníomhú Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 toisc nach bhfuil go leor údarás náisiúnta inniúil aitheanta ann, easpa comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt i gcás díospóidí a bhaineann leis an Rialachán sin agus toisc nach gcumhdaítear dochair dhíreacha leis an Rialachán sin.

(4)

Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (5) soláthraítear bunús dlí nua-aimseartha chun margadh inmheánach aonair d’íocaíochtaí a chruthú ar fud an Chomhphobail. D’fhonn comhsheasmhacht dhlíthiúil idir an dá ionstraim dlí a áirithiú, tá sé inmholta forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a leasú, go háirithe na sainmhínithe.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 cumhdaítear aistrithe creidmheasa trasteorann agus idirbhearta íocaíochtaí leictreonacha trasteorann. I gcomhréir le cuspóir Threoir 2007/64/CE eadhon íocaíochtaí trasteorann dochar díreach a bheith indéanta, tá sé inmholta raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a leathnú. Maidir le hionstraimí íocaíochta atá, go príomha nó go heisiatach, páipéar-bhunaithe, níl sé inmholta fós prionsabal chomhionannas na muirear a chur i bhfeidhm, ós rud é nach féidir, mar gheall ar na cineálacha íocaíochtaí atá i gceist, iad a phróiseáil ar bhealach chomh héifeachtúil céanna le híocaíochtaí leictreonacha.

(6)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal chomhionannas na muirear maidir le híocaíochtaí a tionscnaíodh nó a foirceannadh ar pháipéar nó in airgead, a phróiseáiltear go leictreonach le linn an tslabhra fhorghníomhaithe íocaíochta, seachas seiceanna agus maidir leis na muirir go léir atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbheart íocaíochta, lena n-áirítear muirir atá nasctha go díreach le conradh, seachas muirir chomhshó airgeadra. Áirítear le muirir indíreacha, muirir as ordú buan íocaíochta a shocrú, nó táillí as cárta íocaíochta, nó cárta dochair nó cárta creidmheasa, ar mar a chéile ar cheart dó a bheith d’idirbhearta íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann laistigh den Chomhphobal.

(7)

Chun ilroinnt na margaí íocaíochta a chosc, is iomchuí prionsabal chomhionannas na muirear a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, ba cheart íocaíocht náisiúnta, atá beagnach nó go hiomlán mar an gcéanna leis an íocaíocht trasteorann, a shainaithint do gach cineál íocaíochta trasteorann. Is féidir, inter alia, na critéir seo a leanas a úsáid, mar shampla, chun an íocaíocht náisiúnta a fhreagraíonn d’íocaíocht trasteorann a aithint: an cainéal a úsáidtear chun an íocaíocht a thionscnamh, a dhéanamh nó a fhoirceannadh, an méid uathoibrithe, aon ráthaíocht íocaíochta, stádas custaiméara agus an caidreamh leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta, nó an ionstraim íocaíochta a úsáidtear, faoi mar a shainmhínitear in Airteagal 4(23) de Threoir 2007/64/CE í. Níor cheart go mbreathnófaí ar na critéir seo mar chritéir uileghabhálacha.

(8)

Ba cheart do na húdaráis inniúla treoirlínte a eisiúint chun íocaíochtaí comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Ba cheart don Choimisiún, agus cuidiú á fháil aige, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste um Íocaíochtaí, treoir leordhóthanach a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla.

(9)

Tá sé tábhachtach go n-éascófaí do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. I dtaca leis sin, ba cheart caighdeánú a chur chun cinn, go háirithe, maidir le húsáid na hUimhreach Idirnáisiúnta Chuntas Bhainc (IBAN) agus an Chóid Aitheantóra Bhainc (BIC). Is iomchuí mar sin faisnéis leordhóthanach maidir leis an IBAN agus an BIC don chuntas i dtrácht a sholáthar d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.

(10)

Cuireann éagsúlacht na n-oibleagáidí tuairiscithe staidrimh i ndáil le comhardú íocaíochtaí, oibleagáidí nach bhfuil feidhm acu ach amháin i gcás íocaíochta trasteorann, bac ar fhorbairt mhargaidh íocaíochta lánpháirtithe, go háirithe faoi chreat Limistéir Aonair Íocaíochtaí Euro (SEPA). Is inmholta i gcomhthéacs SEPA, athmheasúnú a dhéanamh, faoin 31 Deireadh Fómhair 2011, ar an oiriúnacht a bhaineann leis na hoibleagáidí tuairiscithe sin atá bunaithe ar shocraíochtaí bainc a bhaint amach. D’fhonn soláthar leanúnach, tráthúil agus éifeachtúil staidrimh chomhardú na n-íocaíochtaí a ráthú tá sé inmhianaithe a áirithiú maidir le sonraí íocaíochtaí atá ar fáil go réidh, amhail IBAN, BIC, méid an idirbhirt nó sonraí bunúsacha comhiomlánaithe maidir le híocaíochtaí a bhaineann le hionstraimí íocaíochta éagsúla, go bhféadfaí fós iad a bhailiú, más rud é nach gcuireann an próiseas bailiúcháin isteach ar phróiseáil íocaíochtaí uathoibhríoch agus go bhféadfaí an próiseas bailiúcháin a uathoibriú go hiomlán. Níl aon tionchar ag an Rialachán seo ar oibleagáidí tuairiscithe chun críocha beartais eile, amhail sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, ná chun críocha fioscacha.

(11)

Faoi láthair, úsáidtear múnlaí difriúla gnó do scéimeanna dochair dhírigh náisiúnta atá ann cheana. Chun lainseáil scéim dhochair dhíreacha SEPA a éascú, is gá múnla coiteann gnó a chur ar bun agus soiléireacht níos fearr dlí ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh a chur ar fáil. D’fhéadfaí é seo a bhaint amach, go heisceachtúil, i gcás dochar díreach trasteorann trí uasmhéid a shocrú don táille idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt le linn na hidirthréimhse. Ba cheart go mbeadh saorchead, áfach, ag na páirtithe sa chomhaontú iltaobhach méid níos lú a shocrú nó táille nialasach idirbhirt iltaobhaigh a aontú. I gcás dhochair dhíreacha náisiúnta SEPA, d’fhéadfaí an táille idirbhirt náisiúnta chéanna nó comhaontú eile luacha saothair idirbhainc idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra a úsáid mar an táille sin a úsáideadh go náisiúnta roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Má laghdaítear nó má chealaítear a leithead de tháille idirbhirt iltaobhaigh náisiúnta nó comhaontú eile luacha saothair le linn na hidirthréimhse, mar thoradh ar chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta mar shampla, ba cheart go mbeadh na socruithe athbhreithnithe infheidhme maidir le dochair dhíreacha náisiúnta SEPA le linn na hidirthréimhse. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil an t-idirbheart dochair dhírigh faoi réir ag comhaontú déthaobhach, ba cheart go mbeadh tosaíocht ag téarmaí chomhaontaithe dhéthaobhaigh dá leithead seo thar aon táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó aon chomhaontú eile luacha saothair. Is féidir leis an tionscal úsáid a bhaint as an deimhneacht dhlíthiúil a chuirtear ar fáil le linn na hidirthréimhse chun múnla coiteann, fadtréimhseach gnó a aontú le haghaidh dhochar díreach SEPA a oibriú. Ag deireadh na hidirthréimhse, ba cheart go mbeadh réiteach fadtréimhseach ar mhúnla gnó dhochar díreach SEPA ullmhaithe agus ag teacht le dlí iomaíochta an CE agus le creat rialúcháin an Chomhphobail. Laistigh den chreat ina bhfuil comhráite marthanach leis an tionscal baincéireachta agus ar bhonn rannpháirtíochta ó na gníomhaithe ábhartha margaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, treoir a thabhairt faoi phráinn maidir le cuspóir agus critéir inmheasta maidir le comhoiriúnacht an luacha saothair idirbhainc iltaobhaigh sin, a d’fhéadfadh a áireamh i measc rudaí eile táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh, dlí iomaíochta an CE agus creat rialúcháin an Chomhphobail.

(12)

D’fhonn idirbheart dochair dhírigh a dhéanamh, ní mór rochtain a bheith ar chuntas an íocóra. Dá bhrí sin, chun go mbeadh rath ar ghlacadh dhochair dhíreacha SEPA, is ríthábhachtach go mbeadh rochtain ar na cuntais uile íocóra más amhlaidh atá cheana féin do dhochair dhíreacha náisiúnta arna n-ainmniú in euro atá ann cheana féin, nó ní bheidh an t-íocóir agus an t-íocaí in ann leasanna a bhaint as bailiú trasteorann dochair dhírigh. Mura bhfuil rochtain ar an gcuntas íocóra faoi scéim dhochair dhíreacha SEPA, ní bheidh an t-íocóir (an féichiúnaí) agus an t-íocaí (an creidiúnaí) in ann leas a bhaint as na deiseanna nua d’íocaíocht dochair dhírigh atá ar fáil. Is tábhachtach é seo go háirithe i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí bailiú dochair dhírigh i mbaisc-chomhad, ar bhonn míosúil nó ráithiúil, mar shampla, do bhillí leictreachais nó do bhillí eile fóntais, agus ní mar bhailiú ar leithligh do gach custaiméir. Mura mbíonn creidiúnaithe in ann rochtain a fháil ar a bhféichiúnaithe in aon oibríocht amháin, beidh gá le hidirghabháil bhreise láimhe, is dóiche a ardódh costais. Dá bhrí sin, d’uireasa rochtana éigeantaí do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, ní bheidh éifeachtúlacht bailithe dochair dhírigh feabhsaithe go hiomlán agus leanfaidh iomaíocht ar leibhéal pan-Eorpach de bheith srianta. Ag féachaint do ghnéithe sainiúla na ndochar díreach idir gnólachtaí, áfach, is leis an gcoiscéim dochair dhírigh SEPA amháin, agus ní le scéim dochair dhírigh gnó-le-gnó SEPA ar cheart don fhoráil seo feidhm a bheith aige. Cumhdaíonn an oibleagáid rochtana ceart an tsoláthróra seirbhíse íocaíochta gan idirbheart dochair dhírigh a fhorghníomhú i gcomhréir le rialacha na scéime dochair dhírigh maidir le, mar shampla, idirbhearta a shéanadh, a dhiúltú nó a thabhairt ar ais. Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh an oibleagáid rochtana infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar tugadh údarú dóibh idirbhearta dochair dhírigh a chur ar fáil agus a dhéanamh ach nach ngabhann go tráchtála de ghníomhaíochtaí den chineál sin.

(13)

Ina theannta sin, agus na ceanglais theicniúla atá de dhíth don inrochtaineacht á gcur san áireamh, is tábhachtach go mbeadh dóthain ama ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta íocóra chun ullmhúchán a dhéanamh maidir le hoibleagáid éigeantach inrochtaineachta a chomhlíonadh. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh idirthréimhse ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta d’uasmhéid aon bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh. Ós rud é go mbeadh ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ó Bhallstáit atá lasmuigh den limistéar euro níos mó oibre ullmhúcháin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh cead ag na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sin cur i bhfeidhm na n-oibleagáide éigeantaí inrochtaineachta a chur siar ar feadh cúig bliana ar an uasmhéid tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart, áfach, go mbeadh ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát agus a thug an euro isteach mar a airgeadra laistigh de cheithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo an oibleagáid éigeantach inrochtaineachta a chomhlíonadh laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit i dtrácht i limistéar an euro.

(14)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht d’údaráis inniúla a ndualgais faireacháin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann na soláthraithe seirbhísí íocaíochta forálacha an Rialacháin seo.

(15)

Chun a áirithiú gur féidir sásamh a fháil nuair a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go mícheart, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta do ghearán nó achomhairc leordhóthanach agus éifeachtach a bhunú chun díospóidí idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus soláthraí na seirbhíse íocaíochta a réiteach. Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh agus gearán lasmuigh den chúirt a cheapadh trí chomhlachtaí atá ann cheana a ainmniú i gcás inarb iomchuí, nó, trí chomhlachtaí nua a bhunú.

(16)

Tá sé riachtanach a áirithiú go gcomhoibríonn údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt ar shlí ghníomhach chun go réiteofar díospóidí trasteorann faoin Rialachán seo go rianúil agus go tráthúil. Ba cheart go mbeadh sé indéanta go ndéanfaí comhoibriú den chineál sin trí fhaisnéis a mhalartú i ndáil leis an dlí nó an cleachtas dlíthiúil ina ndlínse féin nó trí nósanna imeachta gearáin nó sásaimh a aistriú nó a ghlacadh más iomchuí.

(17)

Ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

(18)

Bheadh sochair shoiléire ag baint le leathnú an Rialacháin seo go hairgeadraí seachas an euro, go háirithe maidir le líon na n-íocaíochtaí a chumhdófar. Dá bhrí sin, ionas go bhféadfadh Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu feidhmiú an Rialacháin seo a leathnú go híocaíochtaí trasteorann arna n-ainmniú ina n-airgeadra náisiúnta, ba cheart nós imeachta fógartha a bhunú. Ba cheart a áirithiú, áfach, nach mbeidh ar Bhallstáit atá tar éis an nós imeachta um fhógra sin a chomhlíonadh cheana fógra nua a chur isteach.

(19)

Tá sé inmhianaithe go dtíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an oiriúnacht a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta bunaithe ar shocraíocht. Is iomchuí freisin go ndéanfaidh an Coimisiúin tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo, ag measúnú, go háirithe, úsáid IBAN agus BIC chun íocaíochtaí laistigh den Chomhphobal a éascú chomh maith le forbairt an mhargaidh i ndáil le cur i bhfeidhm forálacha ar idirbhearta dochair dhírigh. I gcomhthéacs fhorbairt SEPA, is iomchuí freisin go ndéanfaidh an tuarascáil sin measúnú ar oiriúnacht na huasteorann EUR 50 000, a bhfuil feidhm faoi láthair aici maidir le prionsabal an chomhionannais muirear.

(20)

Ar chúiseanna deimhneachta agus soiléireachta dlíthiúla ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a aisghairm.

(21)

Chun comhchuibheas dlí idir an Rialachán seo agus Treoir 2007/64/CE a áirithiú, go háirithe maidir le trédhearcacht coinníollacha agus riachtanais faisnéise do sheirbhísí íocaíochta agus maidir le cearta agus dualgais i dtaca le soláthar agus úsáid seirbhísí íocaíochta, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Samhain 2009. Is iomchuí go ligfear do na Ballstáit bearta a ghlacadh a thugann pionóis isteach i gcás ina ndéantar sáruithe ar an Rialachán seo go dtí an 1 Meitheamh 2010.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an ghnímh, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann laistigh den Chomhphobal, lena n-áirítear go bhfuil na muirir ar na híocaíochtaí trasteorann laistigh den chomhphobal mar an gcéanna leis na cinn ar íocaíochtaí san airgeadra céanna laistigh de Bhallstát.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí trasteorann, i gcomhréir le forálacha Threoir 2007/64/CE, atá ainmnithe in euro nó in airgeadra náisiúnta na mBallstát a bhfuil fógra tugtha acu maidir lena gcinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú go dtí a n-airgeadra féin, i gcomhréir le hAirteagal 14.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse íocaíochta dá gcuntas féin nó thar ceann soláthraithe eile seirbhíse íocaíochta.

4.   Leagann Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 síos rialacha maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ainmnithe in euro idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘íocaíocht trasteorann’ idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit dhifriúla.

2.

ciallaíonn ‘íocaíocht náisiúnta’ idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

3.

ciallaíonn ‘íocóir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta.

4.

ciallaíonn ‘íocaí’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta.

5.

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse íocaíochta’ aon cheann de chatagóirí de dhuine dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (6) a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE.

6.

ciallaíonn ‘úsáideoir seirbhíse íocaíochta’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó mar íocaí, nó sa dá cháil.

7.

ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta’ gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó ag íocaí nó trí íocaí, lena gcuirtear, lena n-aistrítear nó lena n-aistarraingítear cistí, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí.

8.

ciallaíonn ‘ordú íocaíochta’ treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta.

9.

ciallaíonn ‘muirear’ muirear a ghearrann soláthraí seirbhíse íocaíochta ar an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus ag a bhfuil baint dhíreach nó indíreach le hidirbheart íocaíochta.

10.

ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3)(b) de Threoir 2000/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air (7).

11.

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine dlítheanach atá ag gníomhú chun críocha eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm.

12.

ciallaíonn ‘micreaghnóthas’ gnóthas ar gnóthas é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiúin an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide (8).

13.

ciallaíonn ‘táille idirmhalartaithe’ táille a íoctar idir soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí do gach idirbheart dochair dhírigh.

14.

ciallaíonn ‘dochar díreach’ seirbhís íocaíochta ina gcuirtear cuntas íocaíochta íocóra do dhochar, i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn chomhthoil an íocóra, comhthoil do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí nó do sholáthraí seirbhíse íocaíochta féin an íocóra.

15.

ciallaíonn ‘scéim dochair dhírigh’ sraith choiteann rialacha, cleachtas agus caighdeán arna n-aontú idir na soláthraithe seirbhíse íocaíochta maidir le hidirbhearta dochair dhírigh a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Muirir ar íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha

1.   Beidh na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann suas go dtí EUR 50 000 mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta ar leibhéal na muirear ar íocaíocht trasteorann déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach a aithint.

Eiseoidh na húdaráis inniúla treoirlínte chun íocaíochtaí comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach laistigh den Choiste um Íocaíochta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85(1) de Threoir 2007/64/CE chun comhsheasmhacht treoirlínte maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a áirithiú.

3.   I gcás ina bhfuil Ballstát tar éis fógra a thabhairt maidir lena chinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú maidir lena airgeadra náisiúnta fógartha ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfar íocaíocht náisiúnta atá ainmnithe in airgeadra an Bhallstáit sin a mheas a bheith comhfhreagrach d’íocaíocht trasteorann atá ainmnithe in euro.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le muirir chomhshó airgeadra.

Airteagal 4

Bearta chun uathoibriú íocaíochtaí a éascú

1.   Déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a chur in iúl d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta.

Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, léireoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta ar ráitis chuntais, nó in iarscríbhinn a ghabhann leo.

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis a cheanglaítear faoin mír seo ar fáil saor in aisce d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta.

2.   Nuair is iomchuí, maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta atá i gceist:

(a)

i gcás idirbheart arna dtionscnamh ag an íocóir, cuirfidh an t-íocóir, arna iarraidh sin air, IBAN an íocaí agus BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí in iúl don soláthraí seirbhíse íocaíochta;

(b)

i gcás idirbheart arna dtionscnamh ag an íocaí, cuirfidh an t-íocaí, arna iarraidh sin air, IBAN an íocaí agus BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí in iúl don soláthraí seirbhíse íocaíochta.

3.   Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) maidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta an t-idirbheart íocaíochta a dhéanamh gan an IBAN ná an BIC a chur in iúl i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.

4.   I gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta atá i gceist, le haghaidh sonraisciú earraí agus seirbhísí sa Chomhphobal, cuirfidh soláthróir earraí agus seirbhísí a ghlacann le híocaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a IBAN féin agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta in iúl dá chustaiméirí.

Airteagal 5

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí

1.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2010, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta suas le EUR 50 000 atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh Ballstáit leanúint de shonraí comhiomlánaithe a bhailiú nó faisnéis ábhartha eile atá ar fáil go héasca, ar choinníoll nach mbeidh aon tionchar ag an mbailiúchán sin ar phróiseáil dhíreach íocaíochtaí agus gur féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta é a uathoibriú go hiomlán.

Airteagal 6

Táille idirmhalartaithe d’idirbhearta dochair dhírigh trasteorann

D’uireasa comhaontaithe dhéthaobhaigh idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra, beidh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh de EUR 0,088 ar a mhéid iníoctha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra infheidhme maidir le gach idirbheart dochair dhírigh trasteorann a dhéantar roimh an 1 Samhain 2012, mura raibh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh níos ísle arna comhaontú idir na soláthróirí seirbhíse íocaíochta lena mbaineann.

Airteagal 7

Táille idirmhalartaithe d’idirbhearta dochair dhírigh náisiúnta

1.   Gan dochar do mhír 2 ná do mhír 3, i gcás feidhm a bheith ag táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú eile luacha saothair d’idirbheart dochair dhírigh náisiúnta a fhorghníomhaítear roimh an 1 Samhain 2009 idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra, beidh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú eile luacha saothair infheidhme i gcás aon idirbhirt dochair dhírigh náisiúnta roimh an 1 Samhain 2012.

2.   I gcás táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú luacha saothair eile a bheith laghdaithe nó curtha ar ceal roimh an 1 Samhain 2012, beidh an laghdú nó an cealú sin forghníomhaithe roimh an an dáta sin.

3.   I gcás comhaontú déthaobhach a bheith ann idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra d’idirbheart dochair dhírigh náisiúnta, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na hidirbhearta dochair dhírigh náisiúnta sin a fhorghníomhaítear roimh an 1 Samhain 2012.

Airteagal 8

Inrochtaineacht maidir le hidirbhearta dochair dhírigh

1.   Beidh rochtain ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta íocóra a mbeidh rochtain air maidir le hidirbheart dochair dhírigh náisiúnta atá ainmnithe in euro ar chuntas íocaíochta an íocóra sin, i gcomhréir leis an scéim dochair dhírigh, d’idirbhearta dochair dhírigh atá ainmnithe in euro agus arna dtionscnamh ag íocaí trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát ar bith.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ar fáil do chustaiméirí faoin scéim dochair dhírigh.

3.   Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta ceanglais mhír 1 agus mhír 2 faoin 1 Samhain 2010.

4.   D’ainneoin mhír 3, comhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige ceanglais mhír 1 agus mhír 2 maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ainmnithe in euro faoin 1 Samhain 2014. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 1 Samhain 2013, comhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe sa Bhallstát sin ceanglais mhír 1 agus mhír 2 laistigh de bhliain amháin ó theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann i limistéar an euro.

Airteagal 9

Na hÚdaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla faoin 29 Aibreán 2010. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá cheana ann a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

Iarrfaidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

Airteagal 10

Nósanna imeachta gearáin do sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo

1.   Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus páirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le cásanna ina gcuirfear i leith soláthraithe seirbhísí íocaíochta gur sháraigh siad an Rialachán seo.

Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta atá ann cheana a úsáid nó a leathnú chun na críche sin.

2.   I gcás inarb iomchuí agus gan dochar don cheart chun imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte i gcomhréir le dlí náisiúnta nós imeachta, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl don pháirtí a chuir an gearán isteach go bhfuil nósanna imeachta ann um ghearán agus sásamh a fháil lasmuigh den chúirt arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 11

Nósanna imeachta ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta. Chun na críche sin déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad comhlachtaí nua a bhunú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin faoin 29 Aibreán 2010. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás úsáideoirí seirbhíse íocaíochta ar thomhaltóirí nó micreaghnóthais iad. I gcás den sórt sin, cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 12

Comhar trasteorann

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí atá freagrach as nósanna imeachta um ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt sna Ballstáit dhifriúla, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, go gníomhach agus go pras chun díospóidí trasteorann a réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarlóidh an comhar sin.

Airteagal 13

Pionóis

Gan dochar d’Airteagal 17, leagfaidh Ballstáit síos na rialacha, faoin 1 Meitheamh 2010, maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 29 Deireadh Fómhair 2010 agus cuirfidh siad in iúl dó gan mhoill aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 14

Cur i bhfeidhm maidir le hairgeadraí eile seachas an euro

1.   Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 6, d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 8, a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún dá réir sin. Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe an Rialacháin seo 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.

2.   Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 7 nó Airteagal 8 nó aon teaglaim de na hAirteagail sin a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún. Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe Airteagal 6, Airteagal 7 nó Airteagal 8 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.

3.   Ní cheanglófar ar na Ballstáit a mbeidh, ar an 29 Deireadh Fómhair 2009 an nós imeachta fógartha de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 comhlíonta acu, an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt.

Airteagal 15

Athbhreithniú

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2011, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hoiriúnacht deireadh a chur le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíochtaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus faoi bhráid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

2.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2012, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus faoi bhráid an Bhainc Cheannais Eorpaigh lena ngabhfaidh togra, más iomchuí. Cumhdófar sa tuarascáil an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

IBAN agus BIC a úsáid i ndáil le huathoibriú íocaíochtaí;

(b)

oiriúnacht na huasteorann dá bhforáiltear in Airteagal 3(1); agus

(c)

forbairtí sa mhargadh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8.

Airteagal 16

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001, le héifeacht ón 1 Samhain 2009.

Forléireofar tagairtí a dhéanfar don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim an 24 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 21, 28.1.2009, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(4)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 13.

(5)  IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

(6)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(7)  IO L 275, 27.10.2000, lch. 39.

(8)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.