European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/897

19.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/897 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) 2023/2053 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh moltaí caomhnaithe agus forfheidhmithe an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) chun feidhme go deireanach i ndlí an Aontais trí Rialacháin (AE) 2017/2107 (3), (AE) 2023/2053 (4) agus (AE) 2023/2833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) +. Ó glacadh Rialachán (AE) 2017/2107, ghlac ICCAT ag na cruinnithe bliantúla a bhí aige in 2017, 2018, 2019, 2021 agus 2022 roinnt beart atá ceangailteach ó thaobh an dlí de maidir le hacmhainní iascaigh atá faoina chúram a chaomhnú. Baineann na bearta sin le hábhair a chumhdaítear, inter alia, le Rialacháin (AE) 2017/2107 agus (AE) 2023/2053.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2107 a leasú chun bearta ICCAT maidir le tuinníní trópaiceacha a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, tuinnín colgach na Meánmhara, tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, colgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, mácónna biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, mairlín gorm, mairlín geal, mairlín cruinnghainneach, agus forálacha a bhaineann le bailiú sonraí maidir le colgán na ndealg, bailiú sonraí agus tuairisciú i gcás mairlín, mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh, foghabháil turtar, an chórais um fhaireachán soithí, breathnóirí réigiúnacha ICCAT, freagrachtaí breathnóirí eolaíocha agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), chomh maith le liosta nuashonraithe de speicis ICCAT, cleachtais láimhseála agus scaoilte shábháilte nuashonraithe le haghaidh turtair mhara, íoscaighdeáin a thabhairt isteach maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo le haghaidh siorcanna mácónna biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, agus treoirlínte maidir leis an tionchar éiceolaíoch feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) a laghdú.

(3)

Ba cheart Rialachán (AE) 2023/2053 a leasú chun bearta ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais maidir le bainistiú tuinnín ghoirm maille le forálacha a bhaineann le sainmhínithe, aistrithe cuótaí, toirmeasc coinneála, iascaigh áineasa, liostaí soithí, liostaí gaistí agus feirmeacha, taifead ICCAT ar fheirmeacha, tuairisciú, aistrithe, údaruithe aistrithe, aitheantóirí cur i gcaighean, údaruithe cur i gcaighean, oibríochtaí cur i gcaighean agus físfhaireachán a dhéantar orthu sin, rialú cur i gcaighean, oibríochtaí saothraithe, gníomhaíochtaí rialaithe saothraithe ar na feirmeacha tar éis cur i gcaighean, agus forfheidhmiú, chomh maith le cláir breathnóirí náisiúnta agus clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT, rialacha maidir le déileáil le héisc mharbha nó éisc chaillte, an nós imeachta maidir le hoibríochtaí caighean iompair a shéalú, agus an teimpléad le haghaidh dearbhú próiseála agus dearbhú saothraithe.

(4)

Le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, níor cheart ach moltaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais d’fhonn iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus a áirithiú gur féidir le gach duine na rialacha a ghlacadh.

(5)

Tá na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(6)

Is dócha go leasófar forálacha áirithe de mholtaí ICCAT ag cruinnithe bliantúla ICCAT amach anseo i ngeall ar bhearta nua teicniúla agus bainistíochta a thabharfar isteach maidir le hiascaigh a rialaítear faoi Choinbhinsiún ICCAT. Dá bhrí sin, chun leasuithe ar mholtaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais roimh thús an tséasúir iascaireachta, ní mór an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na gnéithe seo a leanas:

teorainneacha acmhainneachta tuinníní trópaiceacha a bhaineann le pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta a thuairisciú, líon na soithí tacaíochta atá ag gabháil d’iascach tuinnín trópaiceach, tabhairt anonn bliantúil tuinnín mórshúileach, thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, ceanglais maidir le feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna), srianta ar líon na soithí gabhála de chuid an Aontais atá ag díriú ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh, ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán, an céatadán de chumhdach breathnóra eolaíoch a thomhas agus tagairtí do mholtaí ó ICCAT,

a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinnín ghoirm: tabhairt anonn bliantúil, teorainneacha ama a thuairisciú, tréimhsí ama le haghaidh séasúir iascaireachta, inneachar dearbhuithe maidir le tabhairt anonn agus forálacha maidir le cur i gcaighean, maoluithe maidir le limistéir iascaireachta, soithí iascaireachta agus trealamh iascaireachta a ainmniú agus maolú maidir le tuinnín gorm a iascach chun críoch feirmeoireachta, coinníollacha maidir le breathnóirí réigiúnacha a shannadh d’fheirmeacha, agus

liosta na speiceas ICCAT, cleachtais láimhseála shábháilte agus scaoilte shábháilte le haghaidh turtair mhara, íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, treoirlínte maidir le tionchar éiceolaíoch FADanna a laghdú, cláir bhreathnóra, ceanglais maidir le déileáil le héisc mharbha nó éisc chaillte, an nós imeachta maidir le hoibríochtaí séalaithe na gcaighean iompair, an dearbhú próiseála agus an dearbhú saothraithe.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6) an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(7)

Níor cheart méadú a theacht ar líon na soithí tacaíochta mar a leagtar amach i Moladh 22-01 ICCAT. Ní dhéanann cur i bhfeidhm cúlghabhálach den sórt sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do chosaint an ionchais dhlisteanaigh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2017/2107 agus (AE) 2023/2053 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2107

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(2a)

ciallaíonn ‘mairlín’ speicis den fhine Istiophoridae atá á mbainistiú ag ICCAT;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

‘(20)

ciallaíonn 'soitheach tacaíochta' soitheach seachas árthach atá ar bord nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil feistithe air agus a éascaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta, a chuidíonn leo nó a ullmhaíonn iad, lena n-áirítear trí sholáthairtí a sholáthar do shoitheach gabhála agus feiste comhthiomsaithe éisc a imscaradh, a sheirbhísiú agus a aisghabháil;’;

(c)

cuirtear an pointé seo a leanas isteach:

‘(23a)

ciallaíonn ‘ní snámhach’ nó ‘FOB’ aon ní nádúrtha nó saorga atá ar snámh (i.e. ar an dromchla nó ar an bhfodhromchla) nach bhfuil ar a chumas gluaiseacht as féin; is feistí comhbhailithe éisc (FADanna) iad FOBanna atá de dhéantús an duine agus a chuirtear amach d’aon ghnó agus/nó a rianaítear d’aon ghnó; is loga iad FOBanna a chailltear de thaisme ó fhoinsí antraipeacha agus nádúrtha;’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (24):

‘(24)

ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ nó ‘FAD’ ní, struchtúr nó feiste buan, leathbhuan nó sealadach d’aon ábhar, bíodh sé de dhéantús an duine nó nádúrtha, a chuirtear amach nó a rianaítear, agus a úsáidtear chun éisc a chomhthiomsú lena ngabháil ina dhiaidh sin; is féidir le FADanna a bheith ar ancaire (aFADanna) nó ar fuaidreamh (dFADanna);’;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(24a)

ciallaíonn ‘cur FAD’ trealamh iascaireachta a shocrú timpeall scoil tuinnín atá bainteach le FAD;’;

(f)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(27a)

ciallaíonn ‘spiléir éadomhain’ spiléir ina bhfuil tromlach na nduán ag doimhneacht níos lú ná 100 méadar nuair a chuirtear amach iad;’;

(g)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(30)

ciallaíonn ‘duán ciorclach’ duán a bhfuil pointe aige atá casta siar go hingearach i gcoinne na lorga chun cruth ciorclach nó ubhchruthach a dhéanamh; níor cheart frithchúiteamh níos mó ná 10 gcéim a bheith ag duáin chiorclacha;

(31)

ciallaíonn ‘baoi oibríochtúil’ aon bhaoi gléasta, a gníomhachtaíodh, a casadh air nó a cuireadh amach roimhe ar muir, a tharchuireann suíomh agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil amhail meastacháin sondála fuaime.’;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5a

Teorainn acmhainneachta maidir le tuinnín trópaiceach

1.   Bunóidh na Ballstáit, faoin 31 Eanáir gach bliain, pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta achmhainneachta le haghaidh tuinnín trópaiceach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbainisteofar acmhainneacht fhoriomlán a gcabhlach spiléireachta agus peas-saighne i gcomhréir leis na pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 1, go háirithe chun teorainn a chur ar ghabhálacha tuinnín trópaiceach, i gcomhréir leis na teorainneacha gabhála arna mbunú faoi dhlí an Aontais.

3.   Ní mhéadóidh na Ballstáit líon a soithí tacaíochta ón líon soithí a taifeadadh i mí Meithimh 2023.

4.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún na dátaí ar a mbainfear úsáid as a dteorainn ghabhála iomlán maidir le speicis tuinnín trópaiceach. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.   Maidir le soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta móra de chuid an Aontais (20 méadar ar fad ar an iomlán nó níos faide), tuairisceoidh na Ballstáit gabhálacha tuinnín trópaiceach don Choimisiún ar bhonn míosúil, agus tuairisceoidh siad don Choimisiún gach seachtain nuair a ghabhfar 80 % dá gcuid teorainneacha gabhála.

6.   Gach 3 mhí, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún faisnéis maidir le cainníocht na dtuinníní trópaiceacha de réir speiceas a ghabh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu laistigh de 15 lá féilire ó dheireadh na tréimhse inar gabhadh iad, eadhon faoin 15 Aibreán, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 15 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin, mura rud é go gcuirtear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún go míosúil. Seolfar an fhaisnéis sin, cibé acu a sheolfar gach 3 mhí nó ar bhonn míosúil í, agus úsáid á baint as formáid na tuarascála comhiomlánaithe ar shonraí gabhála. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 30 Aibreán, faoin 30 Iúil agus faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 30 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin.’

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Toirmeasc ar aischur tuinníní trópaiceacha arna ngabháil ag soithí peas-saighne de chuid an Aontais

1.   Soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá údaraithe tuinnín trópaiceach a iascach, déanfaidh siad gach tuinnín trópaiceach a ghabhtar a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú chuig calafort.

2.   Tuinnín trópaiceach a ghabhfaidh soitheach peas-saighne de chuid an Aontais, ní dhéanfar é a aischur le linn an chuir nuair a dhúnfar an eangach go hiomlán agus nuair a aisghabhfar breis agus leath na heangaí. Má bhíonn fadhb theicniúil leis an nós imeachta um eangach a dhúnadh nó a aisghabháil a fhágann nach féidir an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm, déanfaidh na máistrí, nó na baill den chriú ar a son, gach iarracht na tuinníní a scaoileadh saor san uisce a luaithe is féidir.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar tuinníní trópaiceacha a aischur sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcinnfidh an máistir go bhfuil na tuinníní trópaiceacha a gabhadh i bhfostú nó brúite sa pheas-saighean, go ndearnadh damáiste dóibh mar gheall ar fhoghail, nó go bhfuair siad bás agus gur lobh siad san eangach i ngeall ar chliseadh trealaimh a chuir cosc leis na gnáthghníomhaíochtaí maidir leis an eangach a aisghabháil, maidir leis an iascaireacht agus maidir leis na héisc a scaoileadh saor beo;

(b)

i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh gur gabhadh na tuinníní trópaiceacha le linn an chuir deiridh agus nach bhfuil dóthain acmhainneachta stórála ann chun na tuinníní trópaiceacha a gabhadh sa chur sin a stóráil; ní fhéadfar na héisc sin a aischur ach amháin ar choinníoll:

(i)

go bhféachfaidh an máistir nó na baill den chriú leis na tuinníní a scaoileadh saor beo a luaithe is féidir; agus

(ii)

nach ndéanfar aon oibríocht iascaireachta eile tar éis an t-aschur a bheith déanta, go dtí go ndéanfar na tuinníní ar bord an tsoithigh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

4.   Tuairisceoidh máistrí na soithí iascaireachta gach ábhar muirí aischurtha a tugadh faoi deara do Bhallstáit bhrataí na soithí. Seolfaidh na Ballstáit na tuarascálacha maidir leis an ábhar muirí aischurtha chuig an gCoimisiún mar chuid de shonraí Thascanna I agus II.’

;

(4)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní cheadófar do shoithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha, lena n-áirítear soithigh tacaíochta, tuinníní trópaiceacha i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír, ná aon chineál tacaíochta a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear FADanna nó baoithe a chur amach agus a aisghabháil. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

3.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe le tuinníní trópaiceacha a iascach de bhun Airteagal 6, féadfar a cheadú dóibh foghabháil tuinníní trópaiceacha a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil, maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaítear do na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus tabharfaidh siad faisnéis maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn siad go gcomhlíontar an teorainn sin.’

;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Liosta de na soithí a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha aon bhliain ar leith

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain liosta de na soithí údaraithe, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a rinne tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT nó a thug aon chineál tacaíochta don ghníomhaíocht iascaireachta (soithí tacaíochta) sa bhliain féilire roimhe sin. I gcás soithí peas-saighne, áireofar ar an liosta sin freisin na soithí tacaíochta a thacaigh leis an ngníomhaíocht iascaireachta, gan beann ar a mbratach. Faoin 31 Iúil gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT faoi na liostaí a fuarthas ó na Ballstáit.

Airteagal 8a

Tearcúsáid nó barrachas tuinnín mórshúileach

1.   Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear nó farasbarr an chuóta nó na teorann sin maidir le thuinnín mórshúileach, féadfar iad a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha nó bainfear iad as an gcuóta nó an teorainn, de réir mar is iomchuí, le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir leis na moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do thuinnín mórshúileach.

2.   An tearcúsáid uasta de thuinnín mórshúileach is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sé an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.’

;

(6)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh is mó ná 300 FAD in aghaidh an tsoithigh ag a mbeidh baoithe oibríochtúla atá gníomhach in úsáid ag an am céanna.

5.   Déanfar líon FADanna a bhfuil baoithe oibríochtúla acu a fhíorú trí bhillí teileachumarsáide a fhíorú. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit na fíoruithe sin.

6.   Féadfaidh na Ballstáit soithí peas-saighne, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a údarú le FOBanna a chur ar choinníoll go bhfuil breathnóir nó córas faireacháin leictreonach atá ag feidhmiú ar bord an tsoithigh iascaireachta atá in ann cineál an chuir agus comhdhéanamh na speiceas a fhíorú, agus lena soláthraítear faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh.’

;

(7)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Agus FADanna á n-úsáid nó á ndearadh acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú nach rachaidh na FADanna uile a chuirtear amach i bhfostú, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn X;

(b)

déanfaidh siad iarracht a áirithiú go ndéanfar gach FAD as ábhair in-bhithdhíghrádaithe, mar shampla neamhphlaistigh, cé is moite d’ábhair a úsáidfear chun baoithe rianaithe FAD a dhéanamh.

3.   Gach bliain, ina bpleananna bainistíochta FADanna, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh chun mír 2 a chomhlíonadh.’

;

(8)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

tuairisc loga nó aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD agus aitheantas baoithe nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint);’;

(b)

i mír 2, cuirtear an pointe a leanas léi:

‘(g)

aitheantas baoithe.’;

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

aitheantóir FAD (i.e., marcáil FAD agus aitheantas baoithe).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Coimeádfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais liosta de FADanna a cuireadh amach ina mbeidh ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus tabharfaidh siad an liosta cothrom le dáta ar bhonn míosúil i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II.”

;

(9)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (b) go (d):

‘(b)

líon agus cineál na rabhchán/na mbaoithe (e.g. raidió, sonóir amháin, sonóir le sondálaí fuaime) a imscartar ar bhonn míosúil i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;

(c)

meánlíon na rabhchán/mbaoithe a ghníomhachtaítear agus a dhíghníomhachtaítear ar bhonn míosúil a lean gach soitheach;

(d)

meánlíon FADanna a chailltear ar bhonn míosúil ag a bhfuil baoithe gníomhacha;’;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(f)

gabhálacha agus iarracht na soithí peas-saighne agus na mbád baoite, agus líon na gcur (i gcás peas-saighní) de réir modh iascaireachta (scoileanna a bhaineann le FOBanna agus iascaigh scoile saoire) i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;

(g)

nuair a dhéantar gníomhaíochtaí soithí peas-saighne i gcomhar le báid bhaoite, tuairiscí maidir le gabhálacha agus iarracht soithí peas-saighne a bhaineann le báid bhaoite i gcomhréir le ceanglais sonraí Thascanna I agus II.’;

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Cumhdach breathnóra agus toirmeasc ar FAD a chur amach i ndáil le hógánaigh a chosaint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain FADanna ar fuaidreamh do thréimhse 15 lá roimh thús na dtréimhsí coiscthe arna mbunú faoi dhlí an Aontais.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach cumhdach breathnóra íosta a bhunú, mar a leanas:

(a)

maidir lena soithí spiléireachta atá 20 méadar ar fad nó níos faide, áiritheoidh siad cumhdach breathnóra 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta faoi 2022, trí bhreathnóir daonna a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta;

(b)

maidir lena soithí peas-saighne, cumhdach breathnóra 100 % ar an iarracht iascaireachta, trí bhreathnóir a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhailigh na breathnóirí nó an córas faireacháin leictreonach formheasta ón mbliain roimhe sin a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT agus do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh faoin 30 Aibreán agus na ceanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 72 á gcur san áireamh.’

;

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Iascaireacht NNN a shainaithint

Má chuireann Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT an Coimisiún ar an eolas faoi shárú a d'fhéadfadh a bheith déanta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar Airteagal 7(2) nó Airteagal 14 (1) nó (2), cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát brataí lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát sin an cás a imscrúdú láithreach agus, má bhíonn an soitheach ag iascaireacht i gcomhar le nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiúcháin éisc, lena n-áirítear FADanna, le linn na tréimhse coiscthe, iarrfaidh sé ar an soitheach scor den iascaireacht agus, más gá, an limistéar a fhágáil gan mhoill. Tuairisceoidh an Ballstát brataí lena mbaineann don Choimisiún gan mhoill faoi thorthaí a chuid imscrúduithe agus na bearta a rinneadh mar thoradh orthu. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Stát cósta agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT.’;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal II, Chaibidil II:

‘CAIBIDIL II

TUINNÍN COLGACH

Roinn 1

Tuinnín colgach an atlantaigh thuaidh agus an atlantaigh theas ’;

(13)

cuirtear na hairteagail a leanas isteach:

‘Airteagal 17a

Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), do shoithí gabhála mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu le tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, ní cheadófar dóibh tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas ó limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcásanna den sórt sin.

3.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach de bhun mhír 1, féadfar a cheadú dóibh foghabháil thuinnín colgaca an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaíonn siad do shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.

Airteagal 17b

Tearcúsáid agus barrachas thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.   Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear nó farasbarr an chuóta nó na gabhála sin do thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh nó an Atlantaigh Theas, féadfar iad a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha nó bainfear iad as an gcuóta nó an teorainn, de réir mar is iomchuí, le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir le moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas.

2.   Tearcúsáid uasta thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sí an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.

Airteagal 17c

Taifead ar ghabhálacha thuinnín colgach an Atlantaigh Theas

Ballstáit bhrataí na soithí a dhéanann tuinnín colgach an Atlantaigh Theas a iascach, tuairisceoidh siad gabháil chruinn agus bhailíochtaithe thuinnín colgaca an Atlantaigh Theas do Rúnaíocht ICCAT mar chuid de shonraí Thascanna I agus II dá dtagraítear in Airteagal 50.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).’;"

(14)

i dTeideal II, Caibidil II, cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

Roinn 2

Tuinnín colgach na meánmhara

Airteagal 17d

Iascaigh áineasa le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara

1.   Gan dochar d’aon toirmeasc ar iascaigh áineasa faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, ní dhéanfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag gabháil d’iascaigh áineasa níos mó ná trí eiseamal de thuinnín colgach na Meánmhara a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír in aghaidh an tsoithigh in aghaidh an lae.

2.   Beidh toirmeasc ar thuinnín colgach na Meánmhara a ghabhtar in iascaigh áineasa a mhargú.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta uile atá ag gabháil d’iascach áineasa, atá údaraithe tuinnín colgach na Meánmhara a iascach, don Choimisiún agus do Rúnaíocht ICCAT, 15 lá ar a laghad sula ndéanfar na gníomhaíochtaí. Soithí nach bhfuil ar an liosta sin, ní údarófar dóibh tuinnín colgach na Meánmhara a iascach.’;

(15)

cuirtear na hairteagail a leanas isteach:

‘Airteagal 18a

Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403, do shoithí gabhála mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu le colgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe a dhíríonn ar cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, ní cheadófar dóibh colgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas ó limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

3.   Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe colgáin an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach de bhun mhír 1, féadfar a cheadú dóibh foghabháil cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaíonn siad do shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.

Airteagal 18b

Tearcúsáid cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.   Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear do cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, féadfar í a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir leis na moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas.

2.   Tearcúsáid uasta cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sí an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.’

;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal II, Chaibidil IV:

‘CAIBIDIL IV

MAIRLÍN, COLGÁN NA NDEALG, MAIRLÍN GORM, MAIRLÍN GEAL AGUS MAIRLÍN CRUINNGHAINNEACH ’;

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 27 go 29:

‘Airteagal 27

Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a ghabhtar beo a scaoileadh saor

1.   A mhéid is féidir, scaoilfidh soithí spiléir peiligeacha de chuid an Aontais agus soithí peas-saighne de chuid an Aontais saor go pras mairlín gorm (Makaira nigricans) agus mairlín geal (Tetrapturus albidus) agus mairlín cruinnghainneach (Tetrapturus georgei) go léir atá ina mbeatha tráth a thugtar ar bord iad, agus aird chuí á tabhairt ar shábháilteacht bhaill den chriú, ar bhealach is lú díobháil agus ar bhealach le go dtiocfaidh a oiread iasc agus is féidir slán.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na n-íoschaighdeán maidir leis na nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19-05 ó ICCAT trí threoirlínte a sholáthar dá gcabhlach. Ar mhaithe le scaoileadh sábháilte mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha beo arna ngabháil, beidh na nithe seo a leanas ar fáil go héasca ar deic na soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus beidh rochtain éasca ag baill den chriú orthu: gaireas ardaithe, gearrthóir boltaí, uirlis bainte duáin nó uirlis scaoilte duáin, agus gearrthóir líne.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint leormhaith ar mháistrí agus ar bhaill de chriú a soithí iascaireachta, go mbeidh siad ar an eolas faoi na teicnící cearta maolaithe, aitheantais, láimhseála agus scaoilte agus go n-úsáidfidh siad na teicnící sin, agus áiritheoidh na Ballstáit freisin go gcoinneofar ar bord an trealamh uile is gá chun mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha a scaoileadh i gcomhréir leis na treoirlínte faoi híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo dá dtagraítear i mír 2.

4.   Féachfaidh na Ballstáit le básmhaireacht mairlíní gorma, marilíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha i ndiaidh an scaoilte saor a íoslaghdú in iascaigh ICCAT.

5.   Féadfaidh na Ballstáit soithí spiléir peiligeacha agus a soithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a údarú mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha atá marbh a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, laistigh dá dteorainn ghabhála.

Airteagal 28

Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a thabhairt i dtír de bhreis ar na deiseanna iascaireachta

Nuair atá a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndíolfar agus nach gcuirfear ar an margadh mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha arna dtabhairt i dtír, ar mairlíní iad a bhí marbh tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad. Ní bhainfear tabhairt i dtír dá leithéid de theorainneacha gabhála an Bhallstáit mar a leagtar amach iad ar bhonn theorainn an Aontais maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar síos i mír 2 de Mholadh ICCAT 19-05 iad, ar choinníoll go mínítear toirmeasc mar sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Iascach áineasa mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh

1.   Ballstáit bhrataí na soithí atá ag gabháil d'iascach áineasa mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh, áiritheoidh siad go leanfaidh cumhdach breathnóra eolaíoch de 5 % de na gabhálacha de mhairlín gorm, de mhairlín geal agus de mhairlín cruinnghainneach a thugtar i dtír a bhreathnú.

2.   In iascaigh áineasa mairlín ghoirm, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 251 cm i bhfad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

3.   In iascaigh áineasa mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 168 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

4.   Maidir le mairlín gorm, mairlín geal nó mairlín cruinnghainneach a ghabhtar in iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar a ndíol nó a gcur ar díol ina gconablacha iomlána nó ina gcodanna de chonablach.

5.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, in iascaigh áineasa, go scaoilfear aon iasc saor ar bhealach is lú is díobháil.

Airteagal 29a

Sonraí a bhailiú maidir le colgán na ndealg

Baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha cholgán na ndealg, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha atá beo agus marbh, agus tuairisceoidh siad na sonraí sin gach bliain mar chuid de thíolacadh sonraí Thascanna I agus II chun tacú leis an bpróiseas measúnaithe ar stoc.

Airteagal 29b

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le mairlín, mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach

1.   Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme lena n-áiritheofar tuairisciú ar shonraí cruinne i dtaca le gabháil mairlín, iarracht, méid agus ábhar muirí aischurtha do ICCAT i gcomhréir le ceanglais ICCAT maidir le sonraí Thascanna I agus II a thíolacadh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a mbileoga seiceála maidir le mairlíní a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 18-05 ICCAT lena n-áirítear faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn intíre chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun mairlíní a chaomhnú agus a bhainistiú.

3.   Mura dtuairisceofar sonraí Thasc I, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha marbh, maidir le mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach i gcomhréir le Rún 01-06 ICCAT agus Moladh 11-15 ICCAT, toirmeascfar na speicis sin a choinneáil.’

;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh (Isurus oxyrinchus)

1.   Ní dhéanfar díobháil do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh a ghabhtar i soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus scaoilfear saor san fharraige iad go pras a mhéid is indéanta, agus aird chuí á tabhairt ar shábháilteacht bhaill den chriú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu na híoschaighdeáin i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 33a

Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas (Isurus oxyrinchus)

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidhsoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu na híoschaighdeáin i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um láimhseáil agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

2.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go míosúil gach tabhairt i dtír incheadaithe de shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas a dhéanann soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu. Cuirfear na tuarascálacha sin chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dheireadh na míosa féilire ina ndearnadh na gabhálacha. Ina theannta sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach bliain maidir le hábhair mhuir aischurtha marbha, scaoileadh beo agus líon iomlán gabhálacha na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.

3.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, Ballstáit bhrataí soithí a ghabh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas (tabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha marbh), cuirfidh siad in iúl don Choimisiún an mhodheolaíocht staidrimh a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar ábhar muirí aischurtha marbh agus ar scaoileadh beo. Soláthróidh na Ballstáit a bhfuil iascaigh cheirde agus mhionscála acu faisnéis freisin faoina gcláir maidir le bailiú sonraí.

4.   Mar chuid dá gcúraimí bliantúla sonraí maidir le Tascanna 1 agus II a thíolacadh, soláthróidh na Ballstáit na sonraí ábhartha uile maidir le siorcanna mácó biorshrónach an Atlantaigh Theas don Choimisiún, lena n-áirítear meastacháin ar ábhar muirí aischurtha marbh agus ar scaoileadh beo trí úsáid a bhaint as na modhanna arna bhformheas ag Buanchoiste ICCATum Thaighde agus um Staidreamh.

5.   Soithí iascaireachta a choinníonn siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas, ní dhéanfaidh siad siorcanna mácónna biorshrónacha an Atlantaigh Theas a thrasloingsiú go hiomlán nó go páirteach, ar siorcanna iad a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT.’

;

(19)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 36a

Sonraí a bhailiú maidir le siorcanna

1.   Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme lena n-áiritheofar tuairisciú cruinn ar shonraí i dtaca le gabháil siorcanna, iarracht, méid agus ábhar muirí aischurtha do ICCAT i gcomhréir leis na ceanglais maidir le sonraí Thascanna I agus II a sholáthar.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a mbileoga seiceála cur chun feidhme maidir le siorcanna, rud a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 18-06 ICCAT, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn intíre chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú.’

;

(20)

Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a bhíonn ag iascaireacht le spiléir éadomhain an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gan ach duáin mhóra chiorclacha a úsáid;

(b)

gan ach baoite éisc eite a úsáid; nó

(c)

bearta eile a úsáid a bhfuil athbhreithniú déanta orthu agus a mheas ICCAT a bheith éifeachtach agus a d’fhormheas ICCAT chun ráta idirghníomhaíochta na dturtar mara in iascaigh spiléir éadomhain a laghdú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh na Ballstáit é seo a leanas:

(a)

a áirithiú go laghdófar na hidirghníomhaíochtaí le turtair mhara agus go gcuirfear deireadh leo a mhéid is féidir, i gcás inar doiciméadaíodh teagmháil le turtair mhara agus ina dtugtar tuairisc do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh ina leith, trí úsáid a bhaint as ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe foghabhálacha seo a leanas nó trí leanúint dá n-úsáid:

(i)

cineálacha trealaimh mhalartacha nó nua agus mionathruithe trealaimh;

(ii)

srianta iascaireachta amlimistéir agus tréimhsí coiscthe i gcásanna ina bhfuil riosca níos mó ann d’dirghníomhaíochtaí le turtair mhara;

(iii)

marcáil éifeachtach trealamh eangaí statach lenar féidir le turtair mhara iad a bhrath, mar shampla, dathanna eangaí, frithchaiteoirí éighníomhacha éadroma, trastomhas sreangáin thiubha, coirc nó ábhair eile laistigh den líon a úsáid;

(iv)

modhnuithe ar iompraíocht iascaireachta agus ar straitéis iascaireachta (e.g. laghdú ar an am maothaithe, etc.);

(b)

a cheangal ar shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

ciorclú turtar mara a sheachaint a mhéid is féidir;

(ii)

turtair mhara chiorclaithe nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair mhara atá i bhfostú ar FADanna, i gcás inarb indéanta; agus

(iii)

a áirithiú go dtógtar FADanna a imscartar i gcomhréir le hIarscríbhinn X chun deireadh a chur go héifeachtach le rioscaí dul i bhfostú na dturtar mara;

(c)

gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor go sábháilte turtair mhara ar bhealach a uasmhéadóidh an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán tríd an méid seo a leanas a cheangal:

(i)

déanfaidh soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta, agus cineálacha eile soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a úsáideann trealamh a d’fhéadfadh turtair mhara a chur i bhfostú, uirlisí bainte duáin, gearrthóirí dorú agus cliabhán ardaithe nó eangacha cochaill a iompar ar bord, de réir mar is iomchuí do gach cineál trealaimh agus atá i gcomhréir leis na ‘Cleachtais is Fearr maidir le turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor’ de Threoirlínte FAO chun básmhaireacht na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta (2009) (‘treoirlínte FAO’);

(ii)

úsáideann úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i), chomh maith le haon bhreathnóirí ar bord, an trealamh dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na cleachtais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara in Iarscríbhinn VI, agus i gcomhréir le treoirlínte FAO;

(iii)

go spreagfar úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i) dul faoi oiliúint ar úsáid an trealaimh dá dtagraítear sa phointe sin;

(d)

a cheangal ar a n-iascairí ar shoithí atá ag díriú ar speicis a chumhdaítear le Coinbhinsiún ICCAT aon turtar mara arna ghabháil agus atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach a thabhairt ar bord, más indéanta, a luaithe is féidir agus a théarnamh a chothú, lena n-áirítear é a athbheochan, i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn VI sula gcuirfear ar ais san uisce é;

(e)

a áirithiú go bhfuil iascairí ar an eolas faoi theicnící cuí maolaithe agus láimhseála, mar a chuirtear síos orthu in Iarscríbhinn VI, agus go n-úsáideann siad na teicnící sin.

5.   Féachfaidh na Ballstáit le cumhdach breathnóra eolaíoch na soithí iascaireachta spiléireachta a ghabhann d’iascaigh ICCAT ina ndearnadh teagmháil le turtair mhara a dhoiciméadú agus a thuairisciú do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh, thar an íosleibhéal 5 %, go 10 % faoin 1 Eanáir 2024. Féadfar an méadú sin a bhaint amach le breathnóirí daonna nó le córais um fhaireachán leictreonach (EMS), nó leis an dá rud.

D‘ainneoin na chéad fhomhíre, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fhad ina n-iomláine, i gcás ina bhféadfadh imní urghnách a bheith ann maidir le sábháilteacht a fhágann nach féidir breathnóir a chur amach ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid lena mbaileofar sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí sin a shonraítear sa Rialachán seo ar bhealach a áiritheoidh clúdach comparáideach. Aon bhealaí cur chuige malartacha a chuirfear chun feidhme de bhun na fomhíre seo, beidh siad faoi réir fhormheas ICCAT ag an gcruinniú bliantúil roimh a gcur chun feidhme.

6.   Sa Mheánmhuir:

(a)

ní bheidh feidhm ag mír 2a;

(b)

beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ón 1 Eanáir 2026.’

;

(21)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 44a

Córas um fhaireachán soithí

I gcás ina mbeidh feistí rianaithe suiteáilte in soithí iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feistí rianaithe na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu ag feidhmiú go buan agus go leanúnach agus go mbaileofar agus go dtarchuirfear an fhaisnéis chuig údaráis inniúla an Bhallstáit uair amháin gach uair an chloig ar a laghad i gcás soithí peas-saighne agus ar a laghad uair amháin gach 2 uair an chloig i gcás gach soithigh eile atá dírithe ar speicis ICCAT.

I gcás cliseadh teicniúil nó neamhoibriú an fheiste rianaithe atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, déanfar an feiste a dheisiú nó feiste eile a chur ina ionad a luaithe is féidir nó i gcás ar bith laistigh de 1 mhí amháin ó tharla an teagmhas, ach amháin mura bhfuil an soitheach á oibriú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thuilleadh. Ní chuirfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais tús le turas iascaireachta gan an feiste rianaithe a bheith deisithe nó feiste eile a bheith curtha ina ionad.’;

(22)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

ainm an tsoithigh, uimhir chláir,

uimhir taifid ICCAT (más ann),

Uimhir IMO,

an t-ainm a bhí ann roimhe (más ann),

an bhratach roimhe seo (más ann),

mionsonraí a scriosta ó chláir eile (más ann),

comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió,

cineál soithí, fad, olltonnáiste cláraithe (OTC) agus acmhainneacht iompair,

ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí,

an cineál transloingsithe a údaraítear (i.e., i gcalafort, ar muir),

tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú.’

;

(23)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Article 58a

Sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gclár breathnóra réigiúnacha ICCAT le haghaidh trasloingsiú ar muir

1.   I gcás soithí ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain orthu sin feistithe leis an trealamh sábháilteachta iomchuí le haghaidh fad iomlán gach turais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

rafta tarrthála ina mbeidh toilleadh leordhóthanach le haghaidh gach duine ar bord agus ag a mbeidh deimhniú cigireachta a bheidh bailí ar feadh na tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord an tsoithigh;

(b)

dóthain seaicéad tarrthála nó forchultacha sábháilteachta do gach duine ar bord, a chomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha; agus

(c)

rabhchán raidió lena léirítear suíomh éigeandála (EPRIB) a bheidh cláraithe i gceart agus trasfhreagróir cuardaigh agus tarrthála (SART) nach rachaidh in éag go dtí go dtiocfaidh deireadh le tréimhse an bhreathnóra ar bord an tsoithigh.

2.   Gach soitheach de chuid an Aontais ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, déanfaidh siad plean gníomhaíochta éigeandála (‘EAP’) a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheidh le leanúint i gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, i gcás ina mbeidh sé nó sí ar iarraidh nó i gcás ina dtoimhdeofar é nó í a bheith tite thar bord, i gcás ina mbeidh tinneas air nó uirthí nó gortú tromchúiseach déanta air nó uirthi a chuireann a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht nó a leas i mbaol, nó i gcás ina ndéanfar ionsaí, bagairt nó ciapadh air nó uirthi nó i gcás ina ndéanfar imeagla a chur air nó uirthi. Ní mór na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19-10 ICCAT a áireamh, inter alia, in EAPanna den sórt sin.

3.   Gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, cuirfidh siad EAPanna faoi bhráid an Choimisiúin chun iad a tharchur chuig ICCAT ar mhaithe lena bpostáil ar shuíomh gréasáin ICCAT. Soláthrófar EAP nua nó leasaithe don Choimisiún lena chur chuig ICCAT lena phostáil ar shuíomh gréasáin ICCAT nuair a bheidh sé ar fáil.

4.   Ní bheidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais incháilithe le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith ar bord aige ach san aon chás go bhfuil EAP curtha isteach aige. Thairis sin, má shainaithníonn an Coimisiún neamhréireanna leis na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19–10 ICCAT ar bhonn na faisnéise in EAP, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear moill ar bhreathnóir a chur ar bord soithigh de chuid an Bhallstáit brataí lena mbaineann go dtí go dtabharfar aghaidh ar an neamhréir go leordhóthanach.’

;

(24)

Leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cumhdach breathnóra 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, peas-saighne, agus na hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite, gaistí, eangacha geolbhaigh agus trálaeir, agus sin dírithe ar speicis ICCAT‘;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar céatadán an chumhdaigh breathnóra dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a ríomh mar seo a leanas:

(a)

maidir le hiascach peas-saighne, de réir líon na gcur nó líon na dturas;

(b)

maidir le hiascach spiléir peiligeach, de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur, nó líon na dturas;

(c)

maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite agus le gaistí, de réir laethanta iascaireachta;

(d)

maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le heangacha geolbhaigh, de réir uaireanta iascaireachta nó laethanta iascaireachta; agus

(e)

maidir le hiascaigh a dhéantar le trálaeir, de réir gabhálacha iascaireachta nó laethanta iascaireachta.‘

;

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

‘Airteagal 63

Cúraimí breathnóirí eolaíocha

1.   Cuirfidh gach Ballstát de cheangal ar bhreathnóirí na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a)

faisnéis faoi ghníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a breathnaíodh a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

bailiú sonraí, lena n-áirítear spriocghabháil iomlán, foghabháil agus ábhar muirí aischurtha (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige agus éanlaith mhara) a chainníochtú, comhdhéanamh na méideanna a mheas agus a thomhas a oiread is indéanta, stádas diúscartha (i.e. ábhar coinnithe ar bord, aischurtha agus é marbh, nó scaoilte saor ina bheatha) agus bailiú samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéir saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii)

faisnéis maidir le na clibeanna uile a aimsíodh;

(iii)

faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear suíomh na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid, faisnéis faoi iarracht iascaireachta (e.g. líon na dtacar, líon na nduán), dáta gach oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, amanna tosaithe agus stoptha na gníomhaíochta iascaireachta, úsáid rudaí um chomhbhailiú éisc, lena n-áirítear FADanna, agus riocht ginearálta na n-ainmhithe a scaoiltear saor a bhaineann le rátaí marthanais (i.e. marbh nó beo, gortaithe);

(b)

breathnú agus taifead a dhéanamh ar úsáid na mbeart maolaithe chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus faisnéis ábhartha eile;

(c)

breathnú ar dhálaí comhshaoil agus iad a thuairisciú, a mhéid is féidir (e.g. staid na farraige, aeráid agus paraiméadair hidreolaíocha,);

(d)

breathnú ar FADanna agus iad a thuairisciú, i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a glacadh faoin gclár ilbhliantúil um chaomhnú agus um bainistiú tuinnín trópaiceach; agus

(e)

aon chúraimí eolaíocha eile a dhéanamh mar a mhol Buanchoiste ICAAT um Thaighde agus um Staidreamh agus mar a chomhaontaigh an Coimisiún.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh breathnóirí an méid seo a leanas:

(a)

ní chuirfidh siad isteach ar threalamh leictreonach an tsoithigh;

(b)

beidh siad eolach ar nósanna imeachta práinne atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomh na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach;

(c)

déanfaidh siad cumarsáid, de réir mar is gá, leis an máistir faoi shaincheisteanna agus cúraimí ábhartha an bhreathnóra;

(d)

ní chuirfidh siad bac ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ná ar ghnáthoibríochtaí an tsoithigh ná ní chuirfidh siad isteach orthu sin;

(e)

glacfaidh siad páirt i seisiúin faisnéisithe in éineacht leis na hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre atá freagrach as clár na mbreathnóirí a chur chun feidhme.

3.   Máistir an tsoithigh ar chuige a shannfar an breathnóir, déanfaidh sé nó sí an méid seo a leanas:

(a)

rochtain iomchuí a cheadú ar an soitheach agus ar oibríochtaí an tsoithigh;

(b)

a cheadú don bhreathnóir na gcúraimí breathnóra a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

rochtain iomchuí a sholáthar ar threalamh an tsoithigh, ar an doiciméadacht (lena n-áirítear logleabhair leictreonacha agus pháipéir), agus ar an ngabháil;

(ii)

cumarsáid a dhéanamh tráth ar bith le hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre;

(iii)

a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mbreathnóir ar an leictreonaic agus ar threalamh eile a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

trealamh loingseoireachta satailíte,

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(iv)

a áirithiú nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh a breathnaíodh crioscaíl le trealamh ná le doiciméadacht an bhreathnóra ná nach scriosfaidh sé nó sí trealamh ná doiciméadacht an bhreathnóra, nach gcuirfidh sé nó sí bac nó treampán ar an mbreathnóir nó nach ngníomhóidh sé nó sí ar bhealach eile a d’fhéadfadh cosc gan ghá a chur ar an mbreathnóir chúraimí breathnóra a dhéanamh;

(c)

cóiríocht a sholáthar, lena n-áirítear calú, bia agus áiseanna leordhóthanacha sláintíochta agus leighis, do na breathnóirí, a bheidh ar chomhchaighdeán le cóiríocht na n-oifigeach;

(d)

spás leordhóthanach a sholáthar ar an droichead nó sa teach píolóta don bhreathnóir chun cúraimí breathnóra a dhéanamh, chomh maith le spás ar an deic a bheidh leordhóthanach chun cúraimí breathnóra a dhéanamh.

4.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglóidh sé, i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbeidh breathnóir eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu agus speicis ICCAT á n-iascach acu;

(b)

déanfaidh sé maoirseacht ar shábháilteacht a chuid breathnóirí;

(c)

spreagfaidh sé a institiúid eolaíoch nó a údarás intíre, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, le comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eolaíocha nó le húdaráis intíre i mBallstáit nó in CPCanna eile chun tuarascálacha breathnóirí agus sonraí ó bhreathnóirí a mhalartú eatarthu;

(d)

soláthróidh sé faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme Mholadh ICCAT 16-14 ina thuarascáil bhliantúil lena húsáid ag an gCoimisiún agus ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, lena n-áireofar:

(i)

na mionsonraí maidir le struchtúr agus dearadh a gclár breathnóirí eolaíocha, lena n-áirítear, inter alia:

an spriocleibhéal den chumhdach breathnóra de réir chineál an iascaigh agus chineál an trealaimh agus, chomh maith leis sin, an chaoi a ndéantar é a thomhas,

na sonraí is gá a bhailiú,

na prótacail atá curtha i bhfeidhm maidir le sonraí a bhailiú agus a láimhseáil,

faisnéis maidir leis an gcaoi a roghnófar soithí le haghaidh cumhdaigh chun spriocleibhéal na mBallstát maidir le cumhdach breathnóra a bhaint amach,

ceanglais maidir le hoiliúint breathnóirí, agus

na ceanglais maidir le cáilíochtaí breathnóirí;

(ii)

an líon soithí ar a ndéanfar faireachán, an leibhéal cumhdaigh a bhainfear amach de réir chineál an iascaigh agus de réir chineál an trealaimh, agus sonraí maidir leis an gcaoi a ndearnadh na leibhéil chumhdaigh sin a ríomh;

(e)

tar éis an fhaisnéis a thíolacadh den chéad uair a cheanglaítear faoi mhír (d)(i), athruithe ar struchtúr agus ar dhearadh a chlár breathnóirí a thuairisciú ina thuarascálacha bliantúla i gcás ina dtarlóidh na hathruithe sin, agus sa chás sin amháin; agus leanúint de bheith ag tuairisciú na faisnéise is gá de bhun phointe (d)(ii) don Choimisiún gach bliain;

(f)

gach bliain, agus úsáid á baint as na formáidí leictreonacha ainmnithe arna bhforbairt ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, tuairisceoidh sé don choiste sinfaisnéis arna bailiú trí chláir breathnóirí intíre lena húsáid ag an gCoimisiún, go háirithe le haghaidh an mheasúnaithe a dhéanfar ar an stoc agus chun críocha eolaíocha eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le ceanglais eile i leith tuairisciú sonraí agus atá comhsheasmhach le ceanglais rúndachta intíre;

(g)

áiritheoidh sé go gcuirfidh a chuid breathnóirí prótacail láidre maidir le bailiú sonraí chun feidhme, le linn dóibh a gcúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i gcrích, lena n-áirítear, de réir mar is gá agus is iomchuí, grianghrafadóireacht a úsáid.’

;

(26)

in Airteagal 66, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Déanfaidh gach Ballstát iniúchadh gach bliain ar 5 % ar a laghad d’oibríochtaí teacht i dtír agus trasloingsithe a dhéanfaidh soithí iascaireachta tríú tír ina chalafoirt ainmnithe.

5.   Déanfaidh na Ballstáit bhrataí tuarascálacha ar sháruithe ó chigirí Stát an chalafoirt a mheas agus gníomhóidh siad dá réir mar a ghníomhóidís i gcás tuarascálacha óna gcigirí féin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2403.’

;

(27)

i dTeideal III, Caibidil VII, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 66a

Soithí a amharc

1.   Baileoidh na Ballstáit a oiread faisnéise is féidir, trí oibríochtaí cigireachta agus faireachais a dhéanfaidh a n-údaráis inniúla i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, i gcás ina n-amharcfar soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, soitheach iascaireachta tríú tír nó soitheach nach bhfuil náisiúntacht aici mbun iascaireachta nó i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht (e.g. trasloingsiú), agus measfar iad a bheith ag gabháil d’iascaireacht NNN.

2.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hamharc ar shoithí i gcomhréir leis an mbileog faisnéise aimsithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 19-09 ICCAT.

3.   I gcás ina n-amharcfar soitheach de bhun mhír 1, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann (‘an Ballstát amhairc’) fógra gan moill mhíchuí d’údaráis iomchuí Bhallstát brataí an tsoithigh a amharcadh, CPC brataí an tsoithigh a amharcadh nó pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí an tsoithigh a amharcadh agus soláthróidh sé aon íomhá thaifeadta den soitheach dóibh, agus:

(a)

i gcás ina mbeidh bratach Ballstáit ar foluain ar an soitheach a amharcadh, déanfaidh an Ballstát brataí, gan moill mhíchuí, gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach lena mbaineann; an Ballstát amhairc agus Ballstát brataí an tsoithigh a amharcadh, soláthróidh siad araon faisnéis maidir leis an amharc don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), lena n-áirítear sonraí i dtaca le haon ghníomhaíocht leantach a dhéanfar;

(b)

i gcás ina mbeidh bratach CPC eile, bratach pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí eile nó bratach neamhchinntithe ar foluain ar an soitheach a amharcadh nó i gcás nach mbeidh náisiúntacht aici soláthróidh an Ballstát amhairc gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis an amharc don Choimisiún agus do EFCA, gan moill mhíchuí; tabharfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis amhairc do Rúnaíocht ICCAT.’

;

(28)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 69a

Soithí NNN

Áiritheoidh na Ballstáit nach n-údarófar do shoithí atá san áireamh ar liosta NNN ICCAT tabhairt i dtír, trasloingsiú, athbhreoslú, athsholáthar ná gabháil d’idirbhearta tráchtála eile.’;

(29)

in Airteagal 71(1), cuirtear an dáta ‘an 1 Lúnasa’ in ionad ‘an 20 Lúnasa’;

(30)

leasaítear Airteagal 73(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Iarscríbhinní I go X;’;

‘(aa)

na teorainneacha acmhainneachta maidir le tuinníní trópaiceacha faoi Airteagal 5a a bhaineann le pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta a thuairisciú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, chomh maith leis an líon soithí tacaíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7(1), Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 14(1), Airteagal 18, Airteagal 20(2), (3), agus (4), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1) agus (2), Airteagal 26(1) agus (3), Airteagal 40(1), Airteagal 42(1), Airteagal 44(3), Airteagal 47(2), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 50(1) agus (2), Airteagal 56(3), Airteagal 57(1), (2) agus (3), Airteagal 59(1) agus (2), Airteagal 64, Airteagal 65(2), Airteagal 66(1) agus (2), Airteagal 67(1) agus (2), Airteagal 69(2), Airteagal 70(2), (3) agus (5), agus Airteagal 71(1);’;

‘(ba)

tabhairt anonn bhliantúil an tuinnín mhórshúiligh faoi Airteagal 8a;

(bb)

na ceanglais le haghaidh FADanna faoi Airteagal 10(1) agus (2);

(bc)

na tagairtí do mholtaí ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 10(2), Airteagal 28, Airteagal 27(3), Airteagal 29b(2) agus (3), Airteagal 36a(2), Airteagal 58a(2) agus (4), Airteagal 63(4), pointe (d), agus Airteagal 66a(2);’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

an cumhdach breathnóra íosta faoi Airteagal 14(2);

‘(ca)

na srianta ar an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 17;

(cb)

tabhairt anonn bhliantúil thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 17b;

(cc)

pleananna bainistíochta um cholgán an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 18;

(cd)

tabhairt anonn bhliantúil cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 18b;’

(d)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(j)

na ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán faoi Airteagal 41;

(k)

tomhas chéatadán an ríomha faoi Airteagal 61(2);’;

(31)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(32)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI;

(33)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinní IX agus X.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/2053

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘ICCAT’ an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(2)

ciallaíonn ‘SCRS’ Buanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;

(3)

ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(4)

ciallaíonn ‘Limistéar an Choinbhinsiúin’ an ceantar geografach, mar a leagtar amach in Airteagal I den Choinbhinsiún;

(5)

ciallaíonn ‘CPC’ Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún agus páirtí comhoibritheach neamhchonarthach, eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach, nó eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach iascaireachta;

(6)

ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(7)

ciallaíonn ‘Ballstát feirme’ nó ‘an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm’ an Ballstát a bhfuil an fheirm lonnaithe faoina dhlínse;

(8)

ciallaíonn ‘Ballstát brataí’ an Ballstát a bhfuil an soitheach iascaireachta faoina bhratach;

(9)

ciallaíonn ‘Ballstát an ghaiste’ nó ‘an Ballstát atá freagrach as an ngaiste’ an Ballstát a bhfuil an gaiste lonnaithe faoina dhlínse;

(10)

ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear chun acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí gabhála, soithí próiseála, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí atá ag gabháil don trasloingsiú, soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;

(11)

ciallaíonn ‘soitheach gabhála’ soitheach a úsáidtear chun acmhainní tuinnín ghoirm a ghabháil ar bhonn tráchtála;

(12)

ciallaíonn ‘soitheach tarraingthe’ aon soitheach a úsáidtear chun caighin tuinnín ghoirm bheo a tharraingt;

(13)

ciallaíonn ‘soitheach próiseála’ soitheach ar a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí a leanas ar tháirgí iascaigh, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;

(14)

ciallaíonn ‘soitheach tacaíochta’ aon soitheach iascaireachta, seachas soitheach gabhála, soitheach próiseála, soitheach tarraingthe, soitheach atá ag gabháil don trasloingsiú, soitheach iompair atá feistithe chun táirgí tuinnín nó soitheach coimhdeachta a iompar agus atá údaraithe chun oibriú in iascach an tuinnín ghoirm chun cúraimí tacaíochta a dhéanamh;

(15)

ciallaíonn ‘soitheach coimhdeachta’ aon soitheach a úsáidtear chun tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair nó feirmeoireachta, ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe nó chuig soitheach próiseála;

(16)

is éard is ‘soitheach cósta mionscála’ ann soitheach gabhála a bhfuil rud nach lú ná trí cinn de na cúig thréith seo a leanas ag roinnt leis:

(a)

fad iomlán is lú ná 12 mhéadar;

(b)

ní dhéanann an soitheach a chuid iascaireachta ach amháin laistigh de na huiscí atá i ndlínse an Bhallstáit brataí;

(c)

is lú ná 24 uair an chloig fad na dturas iascaireachta;

(d)

bunaítear gurb é ceathrar líon uasta ball den chriú;

(e)

déanann an soitheach iascaireacht agus úsáid á baint as teicnící atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol;

(17)

ciallaíonn ‘soitheach spiléir peiligeach mórscála’ soitheach spiléir peiligeach is mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(18)

ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(19)

ciallaíonn ‘peas-saighean’ aon líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(20)

ciallaíonn ‘comhoibríocht iascaireachta’ aon oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála leithdháilte na gcion;

(21)

ciallaíonn ‘grúpa trealaimh’ grúpa de shoithí iascaireachta arb é an trealamh céanna atá in úsáid acu agus ar leithdháileadh cuóta grúpa orthu;

(22)

ciallaíonn ‘iarracht iascaireachta’ an toradh a bhíonn ar acmhainneacht an tsoithigh iascaireachta, agus an toradh a bhíonn ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta chun déine a chuid oibríochtaí iascaireachta a thomhas; bíonn éagsúlacht sa tomhas sin ó threalamh go trealamh; is é líon na nduán nó líon na n-uaireanta duáin an tomhas atá ann i gcás iascaigh spiléir; is é líon na laethanta bádóireachta an tomhas atá ann i gcás na soithí peas-saighne (aga iascaireachta agus aga cuardaigh);

(23)

ciallaíonn ‘iascaireacht go gníomhach’, i gcás aon soitheach gabhála, an ghabháil a fhéachann an soitheach sin lena dhéanamh ar thuinnín gorm i rith séasúr iascaireachta ar leith;

(24)

ciallaíonn ‘DGTG’ doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm;

(25)

ciallaíonn ‘r-DGTG’ doiciméad leictreonach um ghabháil tuinnín ghoirm;

(26)

ciallaíonn ‘trasloingsiú’ gach a bhfuil nó cuid dá bhfuil de tháirgí iascaireachta ar bord soitheach iascaireachta a athluchtú go soitheach iascaireachta eile; mar sin féin, an t-athluchtú a dhéantar ar an tuinnín gorm marbh ón bpeas-saighean, ón ngaiste, nó ón soitheach tarraingthe ar shoitheach coimhdeachta, is éard a mheastar nach trasloingsiú atá san athluchtú sin;

(27)

ciallaíonn ‘tuinnín gorm beo’ tuinnín gorm a choinnítear beo ar feadh tréimhse áirithe i ngaiste, nó an tuinnín a aistrítear agus é beo chuig ionad feirmeoireachta, nó tuinnín a bhíonn i gcaighean, nó á thógáil ar fheirm, tuinnín a a dhéantar a shaothrú i ndeireadh ama, nó tuinnín a scaoiltear saor;

(28)

ciallaíonn ‘saothrú’ tuinnín gorm a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;

(29)

ciallaíonn ‘gaiste’ trealamh feistithe ar ancaire ar an ngrinneall, a mbíonn treoireangach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach i bhfál nó sraith d’fhálta, áit a gcoimeádtar é sula ndéantar é a shaothrú;

(30)

ciallaíonn ‘cur i gcaighean’ tuinnín gorm a athlonnú ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus an bhithmhais iomlán atá iontu a mhéadú;

(31)

ciallaíonn ‘cur i gcaighean rialaithe’ an oibríocht cur i gcaighean a dhéantar arís agus arís eile arna iarraidh sin do na húdaráis rialaithe, chun líon agus nó meánmheáchan na n-iasc atá á gcur i gcaighean a fhíorú;

(32)

ciallaíonn ‘feirmeoireacht’ nó ‘ramhrú’ tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;

(33)

ciallaíonn ‘feirm’ limistéar muirí, i suíomh amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann acu sainithe go soiléir le comhordanáidí geografacha le sainmhíniú soiléir ar dhomhanfhad agus ar dhomhanleithead do gach ceann de phointí an pholagáin, a úsáidtear chun tuinnín gorm arna ghabháil le gaistí nó soithí peas-saighne a ramhrú nó a shaothrú;

(34)

ciallaíonn ‘acmhainneacht feirmeoireachta ionchuir’ an t-uasmhéid tuinnín ghoirm fhiáin i dtonaí a cheadaítear d’fheirm a chur i gcaighean le linn séasúr iascaireachta;

(35)

ciallaíonn ‘aistriú’ aistriú a dhéanamh ar ní ar bith de na nithe seo a leanas:

(a)

tuinnín gorm beo ó líon an tsoithigh gabhála chuig an gcaighean iompair;

(b)

tuinnín gorm beo ón ngaiste go dtí an caighean iompair, bíodh soitheach tarraingthe i láthair nó ná bíodh;

(c)

tuinnín gorm beo ón gcaighean iompair chuig caighean iompair eile;

(d)

caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó shoitheach tarraingthe amháin chuig soitheach tarraingthe eile;

(e)

tuinnín gorm beo idir caighin éagsúla san aon fheirm amháin (aistriú laistigh den fheirm);

(f)

tuinnín gorm beo ó fheirm chuig caighean iompair;

(36)

ciallaíonn ‘aistriú rialaithe’ athdhéanamh aon aistrithe a chuirtear chun feidhme arna iarraidh sin do na húdaráis rialaithe;

(37)

ciallaíonn ‘aistriú idir feirmeacha’ tuinnín gorm beo a athlonnú ó fheirm amháin go feirm eile ina bhfuil dhá chéim, aistriú ó chaighean na feirme deontóra go caighean iompair agus cur i gcaighean ón gcaighean iompair go dtí caighean na feirme glactha;

(38)

ciallaíonn ‘an chéad aistriú’ tuinnín gorm beo a aistriú ó pheas-saighean nó ó ghaiste chuig caighean iompair;

(39)

ciallaíonn ‘aistriú breise’ aon aistriú a dhéantar tar éis an chéad aistrithe agus roimh an gcur i gcaighean ar an bhfeirm chinn scríbe, mar shampla a bhfuil sa dá chaighean iompair a roinnt nó a chumasc, cé is moite d’aistrithe deonacha nó rialaithe;

(40)

ciallaíonn ‘aistriú deonach’ athdhéanamh aon aistrithe a chuireann an t-oibreoir deontóra chun feidhme go deonach;

(41)

ciallaíonn ‘ceamara rialaithe’ ceamara steiréascópach nó gnáth-fhíscheamara chun críoch na rialuithe de bhun an Rialacháin seo;

(42)

ciallaíonn ‘ceamara steiréascópach’ ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó rud is mó ná dhá lionsa, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil ar mhaithe le fad an éisc a thomhas;

(43)

ciallaíonn ‘oibreoir deontóra’ máistir an tsoithigh, nó ionadaí de chuid mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe, nó oibreoir na feirme nó an ghaiste, nó ionadaí de chuid oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, as a dtionscnaíonn oibríocht aistrithe, ach amháin i gcás aistrithe deonacha agus rialaithe;

(44)

Ciallaíonn ‘Ballstát an oibreora deontóra’ an Ballstát a fheidhmíonn a dhlínse ar an oibreoir deontóra.’;

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní fhéadfar a cheadú tuinnín gorm beo ó ghabháil ó bhlianta roimhe sin laistigh d’fheirm nár saothraíodh a thabhairt anonn, ach amháin má dhéanann an Ballstát córas rialaithe athneartaithe a fhorbairt agus a thuairisciú don Choimisiún. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear de bhun Airteagail 56c, 56d agus 61 ar a laghad.’

;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Cuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn

1.   Ní cheadófar tabhairt anonn uathoibríoch cuóta nár úsáideadh

2.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh go n-aistreofar uaschéatadán 5 % dá chuóta bliantúil ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an iarraidh sin san áireamh ina phleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta atá le háireamh i bpleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta de chuid an Aontais chun go bhformhuineoidh ICCAT í.’

;

(4)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní dhéanfar cuótaí a aistriú idir an tAontas agus CPCanna eile ach amháin le húdarú roimh ré ó na Ballstáit agus ó na CPCanna lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT maidir le cainníocht na gcuótaí lena mbaineann sula n-aistreofar na cuótaí.’

;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Plean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinnín ghoirm, déanfaidh sé plean faireacháin, rialaithe agus cigireachta bliantúil a cheapadh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Cuirfidh gach Ballstát a phlean faoi seach faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfaidh gach Ballstát a phlean amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagtar amach sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta le haghaidh tuinnín ghoirm a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)

an clár gníomhaíochta náisiúnta um rialú tuinnín ghoirm a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus, tar éis an dáta sin, i gcomhréir leis an gclár náisiúnta um rialú a bunaíodh faoi Airteagal 93a den Rialachán sin.’;

(6)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainneacht feirmeoireachta tuinnín a theorannú don acmhainneacht feirmeoireachta iomlán a cláraíodh i dtaifead ICCAT ar na feirmeacha atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm (‘taifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm’) nó a údaraíodh agus a dearbhaíodh le ICCAT in 2018.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.   Tuairisceoidh na Ballstáit staitisticí maidir leis an méid bliantúil cur i gcaighean (ionchuir éisc fhiáin a gabhadh), saothrú agus onnmhairiú chuig an gCoimisiún, a tharchuirfidh na sonraí chuig Rúnaíocht ICCAT, go dtí go mbeidh feidhmiúlacht eastósctha sonraí forbartha ag Rúnaíocht ICCAT sa chóras r-DGTG agus go mbeidh an fheidhmiúlacht sin ar fáil.

7.   I gcás inarb iomchuí, cuirfidh na Ballstáit pleananna bainistíochta feirmeoireachta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Bealtaine gach bliain lena dtarchur chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Meitheamh gach bliain.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1), pointe (c):

‘(c)

an plean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 14; agus’;

(8)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, má chuireann dálaí aimsire cosc ar oibríochtaí iascaireachta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfear líon laethanta atá coibhéiseach le líon na laethanta a cailleadh, suas le 10 lá, leis na séasúir iascaireachta dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   Ceadófar do shoithí gabhála spiléir peiligeacha mórscála tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine gach bliain cé is moite den limistéar Siar ó 10°I agus ó Thuaidh ó 42°T.’

;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 21a

Toirmeasc ar thuinnín gorm a choinneáil ar bord soithí tacaíochta

Ní dhéanfaidh soithí tacaíochta tuinnín gorm a choinneáil ar bord ná a iompar.’;

(10)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh na Ballstáit cuóta sonrach a leithdháileadh, i gcás inarb iomchuí, ar iascaigh áineasa. Déanfar tuinnín gorm a d’fhéadfadh a bheith marbh a chur san áireamh sa leithdháileadh sin, lena n-áirítear faoi chuimsiú iascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh saor’. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcuóta a leithdháiltear ar iascaigh áineasa nuair a chuirfidh siad a bpleananna iascaigh faoina bhráid.’

;

(11)

Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh Ballstáit ag a bhfuil cuóta tuinnín ghoirm arna leithdháileadh ar na hiascaigh áineasa rialú ar na hiascaigh sin trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa. Má iarrann ICCAT é, cuirfidh na Ballstáit liosta ar fáil don Choimisiún de na soithí sin ar deonaíodh údarú iascaireachta dóibh le haghaidh tuinnín ghoirm. Tarchuirfidh an Coimisiún an liosta sin ar aghaidh go leictreonach chuig ICCAT. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach ar an liosta:

(a)

ainm an tsoithigh;

(b)

an uimhir ar an gclár;

(c)

an uimhir thaifid ICCAT (más ann di);

(d)

an t-ainm a bhí air roimhe seo (más ann dó);

(e)

ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála lena n-áirítear meáchan gach tuinnín ghoirm a gabhadh in iascaigh áineasa, agus cuirfidh siad na sonraí don bhliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT.’

;

(12)

Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gach bliain, aon mhí amháin roimh thús na tréimhse údaraithe iascaireachta, cuirfidh na Ballstáit na liostaí soithí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

liosta de gach soitheach gabhála a dhéanann iascaireacht go gníomhach ar thuinnín gorm; agus

(b)

liosta de gach soitheach eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an tuinnín gorm, seachas soithí gabhála.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas i ngach liosta soithí:

(a)

ainm agus uimhir chláir an tsoithigh;

(b)

sonrú ar an gcineál soithigh a dhéanann idirdhealú ar a laghad idir soithí gabhála, soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta, soithí tacaíochta agus soithí próiseála;

(c)

fad agus olltonnáiste cláraithe (OTC) nó, i gcás inar féidir, olltonnáiste (GT);

(d)

Uimhir IMO (i gcás inarb iomchuí);

(e)

an trealamh a úsáidtear (más ann dó);

(f)

an bhratach roimhe seo (más ann di);

(g)

an t-ainm a bhí air roimhe seo (más ann dó);

(h)

aon mhionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile;

(i)

comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);

(j)

ainm agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí; agus

(k)

tréimhse ama údaraithe chun tuinnín gorm a iascach, a oibriú agus a iompar le haghaidh feirmeoireachta.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 15 lá roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta ionas gur féidir na soithí sin a áirítear ar na liostaí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí údaraithe agus, más ábhartha, iad a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar ar fad nó is faide ná sin ina n-iomláine agus atá údaraithe chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, le linn bliain féilire, ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta dár tugadh fógra páirt a ghlacadh san iascach mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó force majeure. Sna himthosca sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill faoi sin agus solathróidh sé an méid seo a leanas:

(a)

mionsonraí iomlána an tsoithigh nó na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad an tsoithigh sin; agus

(b)

cuntas cuimsitheach ar an gcúis atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí ábhartha.’

;

(13)

Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Mar chuid dá phlean iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach liosta de na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar ar an liosta sin ainm agus uimhir chláir na ngaistí agus comhordanáidí geografacha pholagán an ghaiste. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi aon ábhar breise a chuirfear lena liosta gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinnín gorm, agus faoi aon ábhar a scriostar de nó a mhodhnaítear air. Tarchuirfidh an Coimisiún athruithe den sórt sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.’

;

(14)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 28a

Liostaí feirmeacha agus taifead ar fheirmeacha

1.   Mar chuid dá phlean iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach liosta feirmeacha atá údaraithe tuinnín gorm a iascach san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an liosta sin:

(a)

ainm na feirme;

(b)

an uimhir ar an gclár;

(c)

ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí;

(d)

an t-ionchur agus an acmhainneacht iomlán feirmeoireachta a leithdháiltear ar gach feirm;

(e)

comhordanáidí geografacha na limistéar atá údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta; agus

(f)

stádas na feirme (gníomhach nó neamhghníomhach).

Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na feirmeacha sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.

2.   Feirmeacha nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm, ní mheasfar iad a bheith údaraithe tuinnín gorm a iascach san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir.

3.   Ní údarófar gníomhaíochtaí feirmeoireachta, lena n-áirítear beathú chun críoch ramhraithe nó saothrú, lasmuigh de na comhordanáidí geografacha arna bhformheas le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi aon ábhar breise a chuirfear lena liostaí feirmeacha, agus faoi aon ábhar a scriostar díobh nó a dhéantar modhnú orthu. Tarchuirfidh an Coimisiún na hathruithe sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach gcuirfear tuinnín gorm ar fheirm nach bhfuil liostaithe i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm agus nach bhfaighidh na feirmeacha sin tuinnín gorm ó shoithí nach bhfuil i dTaifead ICCAT ar shoithí. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar aon oibríochtaí ar fheirmeacha nach bhfuil cláraithe i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.’

;

(15)

in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar don cheart rochtana ar chalafort faoin dlí idirnáisiúnta a bhaineann le soithí iascaireachta i nguais nó i gcásanna force majeure.’

;

(16)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Sula rachaidh siad isteach sa chalafort, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear soithí próiseála agus soithí coimhdeachta, a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26, nó a n-ionadaithe, 4 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra d’údarás inniúil a mBallstáit brataí nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír, faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

dáta agus am teachta measta;

(b)

meastachán ar an gcainníocht tuinnín ghoirm a choinnítear ar bord;

(c)

faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír san Aontas a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuótaí, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Leagfar amach sa phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe a bheidh glactha ag gach Ballstát.’

;

(17)

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, nó a n-ionadaithe, atá ag gabháil d’oibríochtaí trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú agus a tharchur chuig údaráis inniúla a mBallstát brataí tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dháta an trasloingsithe sa chalafort. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta trasloingsithe, nó a n-ionadaithe, dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Nascfar dearbhú trasloingsithe ICCAT le r-DGTG chun cros-seiceáil na sonraí atá ann a éascú.’

;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:

‘Airteagal 36

Tuarascálacha ar ghabhálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit

Cuirfidh gach Ballstát tuarascálacha ar ghabhálacha faoi bhráid an Choimisiúin gach coicís. Áireofar sna tuarascálacha sin na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 32 a mhéid a bhaineann le gaistí agus soithí gabhála. Déanfar an fhaisnéis a leagan amach de réir an chineáil trealaimh. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.’;

(19)

Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   De mhaolú ar mhír 1, chun tuinnín a scaoileadh saor ó fheirmeacha, ní bheidh ach breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 39 i láthair ar na soithí tarraingthe.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII oibleagáidí, freagrachtaí agus cúraimí na mbreathnóirí náisiúnta.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar cumhdach ionadaíocht ama agus spásúil chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht iascaireachta agus gnéithe eolaíocha agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis na cabhlaigh agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;

(b)

go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;

(c)

go mbeidh na breathnóirí oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;

(d)

go gsoláthrófar liosta teagmhálaithe do bhreathnóirí, sula rachaidh said i mbun oibre, laistigh d’údarás inniúil an Bhallstáit i gcás inar cheart dóibh barúlacha a thuairisciú;

(e)

go ndéanfar, a mhéid is féidir, an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin.

(f)

go gceadóidh máistrí soithí iascaireachta agus oibreoirí gaiste do bhreathnóirí rochtain a fháil ar na modhanna leictreonacha cumarsáide ar bord na soithí iascaireachta nó ar na gaistí.’

;

(20)

Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d), mír 2:

‘(d)

le linn gach aistrithe ó chaighean feirme amháin go caighin iompair, a tharraingítear go feirm eile ina dhiaidh sin;’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Ballstát ábhartha saothrú ó fheirmeacha suas le 1 000 kg in aghaidh an lae agus suas le 50 tonna ar a mhéad in aghaidh na feirme in aghaidh na bliana chun an margadh tuinnín ghoirm úir a sholáthar a údarú ar choinníoll go mbeidh cigire náisiúnta údaraithe ón mBallstát feirme ar an láthair le haghaidh 100 % de na saothraithe sin agus go rialóidh sé an oibríocht ina hiomláine. Déanfaidh an cigire náisiúnta údaraithe sin na cainníochtaí a saothraíodh a bhailíochtú freisin i gcóras r-DGTG. Sna cásanna sin, ní bheidh síniú bhreathnóir réigiúnach ICCAT ag teastáil sa roinn maidir le faisnéis bailte de r-DGTG.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean agus saothraithe. I gcás force majeure, agus tar éis don Bhallstát feirme na himthosca sin arb ionann iad agus force majeure a dhearbhú nó i gcás ina mbeidh feirmeacha comharsanacha, de réir mar a bheidh siad údaraithe agus á rialú ag aon Bhallstát feirme amháin, ag feidhmiú go comhpháirteach mar aonad amháin, féadfaidh níos mó ná feirm amháin breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a chomhroinnt chun leanúnachas na n-oibríochtaí feirmeoireachta a ráthú, má áirithítear go gcuirfear cúraimí bhreathnóir réigiúnach ICCAT i gcrích mar is cuí agus tar éis dearbhú a fháil ón mBallstát feirme.’;

‘4a.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás aistriú idir dhá fheirm éagsúla faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna, féadfar aon bhreathnóir réigiúnach ICCAT amháin a shannadh chun an próiseas iomlán a chumhdach lena n-áirítear éisc a aistriú go caighean iompair tarraingthe, tarraingt na n-iasc ón bhfeirm dheontóra chuig an bhfeirm chinn scríbe agus éisc a chur i gcaighean ar an bhfeirm chinn scríbe. Sa chás sin, cuirfidh an fheirm dheontóra breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT amach agus roinnfidh an fheirm dheontóra agus an fheirm chinn scríbe an costas, mura gcinnfidh oibreoirí na bhfeirmeacha sin a mhalairt.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní chuirfidh máistrí, baill den chriú, ná úinéirí feirmeacha, gaistí ná soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha ICATT ná ní chuirfidh siad isteach orthu ná ní rachaidh siad i bhfeidhm go míchuí orthu ar mhodh ar bith agus iad i mbun a ndualgas’;

7.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII oibleagáidí, freagrachtaí agus cúraimí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT.’

;

(21)

leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Sula gcuirfear tús le hoibríocht aistrithe, lena n-áirítear aistriú deonach, seolfaidh an t-oibreoir deontóra réamhfhógra aistrithe chuig an mBallstát brataí, chuig an mBallstát feirme nó chuig an mBallstát an ghaiste ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

líon agus meastachán ar mheáchan na dtuinníní gorma aonair a bheidh le haistriú;

(b)

ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, na soithí tarraingthe, na feirme nó an ghaiste;

(c)

dáta agus suíomh na gabhála;/

(d)

dáta agus am measta an aistrithe;

(e)

an suíomh measta (domhanleithead agus domhanfhad) ina ndéanfar an t-aistriú agus uimhreacha na gcaighean deontóra agus glactha;

(f)

ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe;

(g)

ainm agus uimhir ICCAT na feirme deontóra, i gcás aistriú ó chaighean na feirme go caighean iompair;

(h)

uimhreacha caighin an dá chaighean feirme agus aon chaighean iompair atá i gceist, i gcás aistrithe laistigh den fheirm.’

;

(b)

scriostar mír 2;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Sannfar uimhir aitheantais uathúil dá dtagraítear in Airteagal 45c do gach caighean a úsáidtear in oibríochtaí aistrithe agus in iompar gaolmhar tuinnín ghoirm bheo.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an réamhfhógra aistrithe a thíolacadh, údaróidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 an t-aistriú nó diúltóidh sé é a údarú. Ní chuirfear tús leis an aistriú gan an uimhir údaraithe roimh ré lena léirítear gur eisíodh an t-údarú dearfach (AUT).’

;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   Ní bheidh aistrithe deonacha ná aistrithe rialaithe faoi réir údarú aistrithe nua.’

;

(22)

Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Diúltú an t-aistriú a údarú agus tuinnín gorm a scaoileadh saor ina dhiaidh sin ’;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) go (e):

‘(b)

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a thuairisciú go cuí, ná nár údaraíodh na tuinníní gorma aonair a chur i gcaighean;

(c)

nach raibh údarú iascaireachta bailí le haghaidh tuinnín gorm arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 28 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;

(d)

maidir leis an soitheach tarraingthe ar dearbhaíodh gurbh é a fuair an t-aistriú iasc, nach bhfuil sé cláraithe i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta eile dá dtagraítear in Airteagal 26, nó nach bhfuil córas um fhaireacháin soithí (CFS) nó feiste rianaithe coibhéiseach lánfheidhmiúil feistithe air; nó

(e)

ní thuairiscítear go bhfuil an fheirm chinn scríbe gníomhach i dtaifead ICCAT ar shaoráidí feirmeoireachta tuinnín ghoirm.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás cliseadh teicniúil ar a CFS le linn iompar chuig an bhfeirm, déanfar soitheach tarraingthe eile ar a mbeidh CFS lánfheidhmiúil a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe, nó suiteálfar nó úsáidfear CFS lánfheidhmiúil nua, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chliste theicniúil sin. Mar eisceacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 72 uair an chloig sin i gcás force majeure nó srianta oibríochtúla dlisteanacha. Cuirfear an cliseadh teicniúil in iúl láithreach don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi. Déanfaidh an máistir nó ionadaí an mháistir, ón tráth a bhraithfear an cliseadh teicniúil go dtí go leigheasfar é, comhordanáidí nuashonraithe geografacha an tsoithigh iascaireachta a chur in iúl trí mhodh iomchuí teileachumarsáide gach uair an chloig d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí.’

;

(23)

Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ag deireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh an t-oibreoir deontóra dearbhú aistrithe ICCAT (ITD) a chomhlánú agus a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI chuig na páirtithe seo a leanas:

(a)

údaráis inniúla an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste;

(b)

breathnóir réigiúnach ICCAT i gcás ina bhfuil sé éigeantach an breathnóir sin a bheith i láthair; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cinn scríbe.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Rachaidh an ITD bunaidh leis an aistriú chuig an bhfeirm chinn scríbe áit a bhfuil tuinníní gorma aonair le cur i gcaighean.

Ar an gcéad aistriú, déanfaidh an t-oibreoir deontóra dearbhú aistrithe bunaidh a dhúbláil i gcás ina n-aistreofar aon ghabháil amháin ón bpeas-saighean nó ón ngaiste chuig níos mó ná caighean iompair amháin.

I gcás aistriú breise, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra an dearbhú aistrithe a nuashonrú trí roinn 3 (aistrithe breise) a chomhlánú, agus soláthróidh an máistir sin an dearbhú aistrithe nuashonraithe don soitheach tarraingthe glactha.

Coimeádfar cóip de ITD ar bord na soithí gabhála deontóra nó na soithí tarraingthe deontóra, nó coinneoidh oibreoir an ghaiste deontóra nó na feirme deontóra é, agus beidh rochtain air tráth ar bith chun críocha rialaithe le linn an tséasúir iascaireachta.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfar faisnéis maidir le héisc a bhreathnaítear a bheith marbh le linn aistrithe nó le linn iompar éisc go dtí an fheirm chinn scríbe a thaifeadadh i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.”

;

(24)

Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh an t-oibreoir deontóra go ndéanfar faireachán ar an aistriú le físcheamara san uisce chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á aistriú a chinneadh, cé is moite de chaighin a aistrítear idir dhá shoitheach tarraingthe, toisc nach n-aistrítear na tuinníní gorma aonair beo idir na caighin sin. Déanfar an fístaifeadadh i gcomhréir leis na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

Déanfaidh gach údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra na bearta is gá chun a áirithiú go soláthróidh an t-oibreoir deontóra cóipeanna de na fístaifid ábhartha gan mhoill:

(a)

i gcás an chéad aistrithe agus aon aistrithe dheonaigh, chuig breathnóir réigiúnach ICCAT, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe ghlactha agus, ag deireadh an turais iascaireachta, chuig údarás inniúil Bhallstát brataí nó Bhallstát gaiste an oibreora deontóra;

(b)

le haghaidh aistrithe breise, chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe deontóra, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe glactha agus, ag deireadh an turais tarraingthe, chuig údarás inniúil Ballstáit brataí an tsoithigh tarraingthe deontóra;

(c)

i gcás aistrithe idir dhá fheirm dhifriúil, chuig breathnóir réigiúnach ICCAT, chuig máistir an tsoithigh tarraingthe ghlactha agus, chuig údarás inniúil Ballstáit feirme an oibreora deontóra; agus

(d)

má tá cigire náisiúnta nó cigire ICCAT i láthair le linn na hoibríochta aistrithe, chuig an gcigire sin.

‘1a.   Rachaidh an fístaifead ábhartha leis na héisc go dtí an fheirm chinn scríbe. Coimeádfar cóip ag na gaistí, ar na feirmeacha nó ar bord na soithí deontóra, agus beidh rochtain air chun críoch rialaithe tráth ar bith le linn an tséasúir iascaireachta.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Coimeádfaidh an t-oibreoir deontóra agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na fístaifid a bhaineann le haistrithe ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad iad chomh fada agus is gá chun críoch rialaithe agus forfheidhmithe.”

;

(25)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 43a

Aistrithe deonacha agus rialaithe

1.   Mura gcomhlíonann an fístaifead dá dtagraítear in Airteagal 43 na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X, agus go háirithe mura bhfuil a cháilíocht ná a shoiléire maith a dhóthain chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh, féadfaidh an t-oibreoir deontóra aistrithe deonacha a dhéanamh.

2.   Mura rinneadh aon aistriú deonach, nó más rud é, d’ainneoin an aistrithe dheonaigh, nach féidir fós líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh, ordóidh údarás inniúil Ballstáit brataí, Ballstáit gaiste nó Ballstáit feirme an oibreora deontóra aistriú rialaithe a dhéanfar arís agus arís eile go dtí go mbeidh cáilíocht an fhístaifeadta maith a dhóthain chun líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú a chinneadh.

3.   Déanfar na haistrithe deonacha agus rialaithe isteach i gcaighean folamh. Úsáidfear líon na n-iasc atá á n-aistriú, mar a cinneadh le linn an aistrithe dheonaigh, chun an logleabhar, ITD agus na ranna ábhartha den r-DGTG a chomhlánú.

4.   Ní dhéanfar an caighean iompair a scaradh ón soitheach peas-saighne, ón ngaiste nó ón gcaighean feirme go dtí go mbeidh a chúraimí curtha i gcrích ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne, nó i láthair ag an bhfeirm nó ag an ngaiste.

5.   Mura bhfuil an cháilíocht fístaifeadta de na haistrithe deonacha maith a dhóthain fós chun líon na n-iasc atá á n-aistriú a chinneadh, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra a cheadú go scarfar na caighin iompair ón soitheach peas-saighne, ón ngaiste nó ón bhfeirm. Sa chás sin, ordóidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra doras nó doirse na gcaighean iompair lena mbaineann a shéalú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVa, agus ceanglóidh sé go ndéanfar aistrithe rialaithe ag ama cinnte agus in áit chinnte, i láthair údarás inniúil Bhallstáit brataí, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit feirme lena mbaineann.

6.   I gcás nach féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit brataí, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit feirme a bheith i láthair ag an aistriú rialaithe, déanfar an t-aistriú rialaithe i láthair bhreathnóir réigiúnach ICCAT. Sa chás sin, beidh an t-oibreoir feirme ar leis na tuinníní gorma aonair atá á n-aistriú freagrach as breathnóir réigiúnach ICCAT a imscaradh chun an t-aistriú rialaithe a fhíorú.”

;

(26)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

‘Airteagal 44

Imscrúdú ag údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra’;

1.   Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát an oibreora deontóra imscrúdú ar gach cás atá mar a leanas:

(a)

tá difríocht is mó ná 10 % idir líon na dtuinníní gorma aonair a thuairiscigh an t-oibreoir deontóra in ITD agus líon na dtuinníní gorma aonair a chinn breathnóir réigiúnach ICCAT, nó an breathnóir náisiúnta, de réir mar is iomchuí;

(b)

níor shínigh breathnóir réigiúnach ICCAT ITD.

Déanfar an lamháil earráide 10 % dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a shloinneadh mar chéatadán d’fhigiúirí an oibreora deontóra.

Ar thionscnamh an imscrúdaithe, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra údarás inniúil Bhallstáit brataí na soithí tarraingthe nó CPC na soithí tarraingthe lena mbaineann ar an eolas faoin imscrúdú agus áiritheoidh sé nach gceadófar aon aistriú ón gcaighean iompair ábhartha ná chuige go dtí go gcuirfear an t-imscrúdú i gcrích.

I gcás inarb infheidhme, áireofar san imscrúdú anailís ar na fístaifid ábhartha uile. Ach amháin i gcás force majeure, cuirfear imscrúdú den sórt sin i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm agus in aon chás laistigh de 96 uair an chloig ó thionscnamh an imscrúdaithe. Ní údarófar cur i gcaighean ná ní bhailíochtófar an chuid ábhartha den r-DGTG go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe.

2.   Maidir le gach oibríocht aistrithe ina bhfuil gá le fístaifeadadh, i gcás ina bhfuil difríocht is mó ná 10 % i líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú arna thuairisciú ag an oibreoir deontóra in ITD agus an líon a chinnfidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra nó CPC an oibreora deontóra neamhchomhlíonadh féideartha ag an soitheach iascaireachta, an gaiste nó an fheirm lena mbaineann a bheidh ann.”

;

(27)

i gCaibidil V, Roinn 6, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 45a

Leasuithe ar ITDanna agus r-DGTGanna tar éis cigireachtaí ar muir nó imscrúduithe

Más rud é, tar éis cigireacht ar muir nó imscrúdú a dhéanamh, go suítear go bhfuil difríocht is mó ná 10 % idir líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú seachas an líon iasc a dearbhaíodh in ITD agus in r-DGTG, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an oibreora deontóra r-DGTG a leasú chun toradh na cigireachta nó an imscrúdaithe a léiriú.’;

(28)

i gCaibidil V, Roinn 7, cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 45b

Forálacha ginearálta

1.   Ainmneoidh gach Ballstát feirme údarás inniúil aonair a bheidh freagrach as bailiú agus fíorú faisnéise maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ina dhlínse, as gníomhaíochtaí feirme a dhéantar faoina dhlínse a rialú, agus as tuairisciú d’údaráis inniúla Ballstáit brataí agus Bhallstát gaiste agus CPCanna na soithí nó na ngaistí a ghabh na tuinníní i gcaighean agus as comhoibriú leis na húdaráis inniúla sin.

2.   Beidh gach gníomhaíocht iascaigh agus feirme tuinnín ghoirm faoi réir an rialaithe a leagtar amach sa phlean bliantúil faireacháin, rialaithe agus cigireachta arna thíolacadh faoi Airteagal 14.

3.   Na Ballstáit a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur i gcaighean, déanfaidh siad faisnéis a mhalartú agus comhoibreoidh siad le chéile chun a áirithiú go mbeidh líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair, a bhfuil sé beartaithe iad a chur i gcaighean, cruinn, i gcomhréir leis na méideanna gabhála arna dtuairisciú ag máistir an tsoithigh pheas-saighne nó ag oibreoir gaiste, agus a dhearbhófar sna ranna ábhartha de r-DGTG.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit feirme go gcoinneoidh oibreoirí feirme plean scéimreach cruinn ar bun i gcónaí dá bhfeirmeacha, ina léireofar uimhreacha uathúla sainaitheanta na gcaighean uile, dá dtagraítear in Airteagal 45c, agus a suíomh ar leith ar an bhfeirm. Cuirfear an plean sin ar fáil i gcónaí d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme chun críoch rialaithe agus do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá imscartha ar an bhfeirm. Beidh aon nuashonrú ar an bplean scéimreach faoi réir fógra a thabhairt roimh ré d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme. Déanfar an plean scéimreach a thabhairt cothrom le dáta aon uair a mhodhnaítear líon agus/nó dáileadh na gcaighean feirme.

5.   Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an fhaisnéis, na doiciméid agus an t-ábhar ar fad a bhaineann le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ar fheirmeacha faoina dhlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus coinneoidh siad an fhaisnéis a fhad is gá chun críoch forfheidhmithe. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin mutatis mutandis maidir le hoibreoirí feirme i ndáil le hoibríochtaí cur i gcaighean a dhéantar ar a gcuid feirmeacha.

Airteagal 45c

Uimhir aitheantais uathúil

1.   Sula gcuirfear tús leis an bhfeachtas iascaireachta tuinnín ghoirm, sannfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme uimhir uathúil inaitheanta (‘uimhir an chaighin’) do gach caighean a bhaineann le feirmeacha atá faoina dhlínse, lena n-áirítear na caighin sin a úsáidtear chun na héisc a iompar go dtí an fheirm.

2.   Déanfar uimhreacha caighin a eisiúint i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint an chóid alfa-3 a chomhfhreagraíonn don Bhallstát feirme. Beidh uimhreacha na gcaighean buan agus ní bheidh siad inaistrithe ó chaighean go caighean.

3.   Déanfar uimhreacha na gcaighean a stampáil nó a phéinteáil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile d’fháinne an chaighin agus os cionn na líne uisce, i ndath atá i gcodarsnacht leis an gcúlra ar a bhfuil siad péinteáilte nó stampáilte, agus beidh siad infheicthe agus inléite ag am ar bith chun críoch rialaithe. Beidh na litreacha agus na huimhreacha 20 cm ar airde ar a laghad agus beidh siad 4 cm ar a laghad ar tiús.

4.   De mhaolú ar mhír 3, ceadófar modhanna malartacha chun an uimhir ar an gcaighean a mharcáil, ar choinníoll go dtugann siad an ráthaíocht chéanna maidir le hinfheictheacht, inléiteacht agus dosháraitheacht.

Airteagal 45d

Údarú cur i gcaighean

1.   Beidh gach oibríocht cur i gcaighean faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4.

2.   Iarrfaidh an t-oibreoir feirme go n-eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme údarú cur i gcaighean. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh san údarú cur i gcaighean:

(a)

líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá le cur i gcaighean dá dtagraítear in ITD;

(b)

ITD ábhartha;

(c)

líon r-DGTGanna lena mbaineann, arna dhearbhú agus arna bhailíochtú ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC;

(d)

tuarascálacha uile na n-iasc a fhaigheann bás le linn iad a iompar, arna dtaifeadadh go cuí i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

3.   Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fógra faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 d’údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstáit an ghaiste nó CPCanna, agus iarrfaidh sé dearbhú go bhféadfar an oibríocht cur i gcaighean a údarú.

4.   Laistigh de 3 lá oibre, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC gur féidir an oibríocht cur i gcaighean lena mbaineann a údarú nó go ndiúltófar di. I gcás diúltaithe, sonróidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste na cúiseanna leis an diúltú sin. Áireofar an t-ordú scaoilte ina dhiaidh sin sa diúltú.

5.   Eiseoidh an Ballstát feirme an t-údarú cur i gcaighean láithreach tar éis dó an dearbhú a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC lena mbaineann. In éagmais an dearbhaithe sin, ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an oibríocht cur i gcaighean.

6.   Ní údarófar oibríochtaí cur i gcaighean mura mbeidh an tacar iomlán faisnéise a cheanglaítear faoi mhír 2 ag gabháil leis na héisc atá faoi réir an údaraithe cur i gcaighean.

7.   Go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 44 arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC, ní údarófar an oibríocht cur i gcaighean agus ní dhéanfar bailíochtú ar na codanna ábhartha i dtaobh faisnéis gabhála ná faisnéis trádála i dtaobh trádáil in éisc bheo de r-DGTG.

8.   Murar eisigh údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC an t-údarú cur i gcaighean laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh ar údarú cur i gcaighean a fháil ón oibreoir feirme, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme na héisc go léir atá sa chaighean iompair lena mbaineann a scaoileadh saor agus déanfar amhlaidh, i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Gan mhoill, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste nó CPC lena mbaineann agus Rúnaíocht ICCAT ar an eolas i dtaobh an scaoilte.’

;

(29)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

‘Airteagal 46

Údarú cur i gcaighean a dhiúltú

1.   Diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas má mheastar leis:

(a)

nach raibh cuóta leordhóthanach ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a ghabh na héisc chun an tuinnín gorm a bhí le cur i gcaighean a chumhdach;

(b)

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an chainníocht iasc a bhí le cur i gcaighean a thuairisciú go cuí; nó

(c)

nach bhfuil údarú iascaireachta bailí chun tuinnín gorm a iascach arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 28 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc.

2.   Má dhiúltaíonn an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas, déanfaidh sé:

(a)

údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC a chur ar an eolas faoi; agus

(b)

a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC dul ar aghaidh leis na gabhálacha a urghabháil agus leis na héisc a scaoileadh saor isteach san fharraige.’;

Airteagal 46a

Cur i gcaighean

1.   Nuair a shroichfidh an soitheach tarraingthe garchomharsanacht na feirme, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go gcoinneofar an soitheach tarraingthe sin fad 1 mhuirmhíle ar a laghad ó aon tsaoráid de chuid na feirme go dtí go mbeidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme i láthair go fisiciúil. Déanfar faireachán i gcónaí ar shuíomh agus ar ghníomhaíocht an tsoithigh tarraingthe sin.

2.   Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme tús a chur leis an gcur i gcaighean gan an údarás sin agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair nó sula mbeidh na codanna ábhartha i dtaobh faisnéis gabhála agus faisnéis trádála i dtaobh trádáil in éisc bheo de r-DGTG comhlánaithe agus bailíochtaithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstáit an ghaiste nó CPCanna.

3.   Cuirfear toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire mar chaighin feirme, gan na héisc a athlonnú chun taifeadadh ceamara steiréascópach a cheadú.

4.   Tar éis na tuinníní gorma aonair a aistriú ón gcaighean tarraingthe go dtí an caighean feirme, áiritheoidh údarás rialaithe an Bhallstáit feirme go ndéanfar caighin feirme ina bhfuil na tuinníní gorma aonair a shéalú i gcónaí. Ní fhéadfar an séalú a dhíshéalú ach amháin nuair a bheidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme i láthair agus an t-údarú tugtha. Bunóidh údarás rialaithe an Bhallstáit feirme prótacail chun caighin feirme a shéalú, lena n-áiritheofar go n-úsáidfear séalaí oifigiúla agus go socrófar na séalaí sin ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit feirme go gcuirfear gabhálacha an tuinnín ghoirm i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus go ndéanfar iad a dheighilt ar bhonn an Bhallstáit brataí nó CPC tionscnaimh agus na bliana inar gabhadh iad. I gcás inar gabhadh an tuinnín gorm i gcomhoibríocht iascaireachta áfach, cuirfear na gabhálacha lena mbaineann i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus déanfar iad a dheighilt ar bhonn na comhoibríochta iascaireachta agus na bliana inar gabhadh iad.

6.   Cuirfear éisc i gcaighean roimh an 22 Lúnasa gach bliain, mura rud é go soláthróidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm cúiseanna bailí, lena n-áirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil cur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. In aon chás, ní chuirfear na héisc i gcaighean tar éis an 7 Meán Fómhair gach bliain. Ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí thuas i gcás aistrithe idir feirmeacha.’

;

(30)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

‘Airteagal 47

Doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm

Cuirfear toirmeasc ar na Ballstáit feirme údarú a thabhairt tuinnín gorm a chur i gcaighean mura mbeidh na doiciméid a cheanglaítear le ICCAT faoi chuimsiú an chláir de dhoiciméid um ghabháil ó Rialachán (AE) 2023/2833 (*2) ag gabháil leo. Beidh na doiciméid cruinn agus críochnaitheach, agus déanfaidh an Ballstát brataí na soithí gabhála nó CPC na soithí gabhála nó Ballstát an ghaiste gabhála nó CPC an ghaiste gabhála iad a bhailíochtú.

(*2)  Rialachán (AE) 2023/2883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 (IO L, 2023/2833, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2833/oj).’;"

(31)

Scriostar Airteagal 48;

(32)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49 go 52:

‘Airteagal 49

Taifeadadh ar oibríochtaí cur i gcaighean trí cheamaraí rialaithe agus trí dhearbhú cur i gcaighean

1.   Áiritheoidh na Ballstáit feirme go ndéanfaidh a n-údaráis rialaithe faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean trí úsáid a bhaint as gnáthcheamaraí agus ceamaraí steiréascópacha araon. Déanfar fístaifid le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean i gcomhréir leis na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

2.   Maidir le fístaifeadadh an cheamara rialaithe a úsáidtear chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean a chinneadh, mura gcomhlíonann cáilíocht an fhístaifeadta sin na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme cur i gcaighean rialaithe go dtí go bhféadfar líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a chinneadh. Ní bheidh athdhéanamh na hoibríochta cur i gcaighean faoi réir údarú nua cur i gcaighean.

3.   I gcás cur i gcaighean rialaithe, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar caighean na feirme deontóra a shéalú agus nach féidir an caighean a chúbláil roimh an oibríocht nua cur i gcaighean. Caighin na feirme glactha a úsáidtear sa chur i gcaighean rialaithe, beidh siad folamh.

4.   Nuair a bheidh an oibríocht cur i gcaighean curtha i gcrích, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go mbeidh rochtain láithreach ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar gach fístaifead ceamara rialaithe agus go gceadófar dó cóip a dhéanamh, más gá, chun an chúraim d’anailís a dhéanamh ar na fístaifid sin tráth eile nó in áit eile.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát feirme, i gcás gach oibríochta cur i gcaighean, go dtíolacfaidh an t-oibreoir feirme dearbhú ICCAT maidir le cur i gcaighean laistigh de sheachtain amháin tar éis na hoibríochta cur i gcaighean iarbhír, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 50

Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh

1.   Más rud é, i gcás oibríocht gabhála aonair, gur mó ná 10 % an difríocht idir líon na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean de réir mar a chuir údarás inniúil an Bhallstáit feirme in iúl i gcomhréir le hAirteagal 51(3) agus an líon a tuairiscíodh a bheith gafa agus/nó aistrithe in r-DGTG nó in ITD, seolfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste imscrúdú chun an meáchan cruinn gabhála a bheidh le hasbhaint den chuóta náisiúnta tuinnín ghoirm a chinneadh.

2.   Mar thaca leis an imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste an fhaisnéis chomhlántach uile agus torthaí na hanailíse ábhartha ar fhístaifid a rinne údaráis inniúla an Bhallstáit brataí agus an Bhallstáit feirme a raibh baint acu leis an iompar agus an oibríocht cur i gcaighean lena mbaineann.

3.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear Ballstáit bhrataí na soithí a raibh baint acu leis na héisc a iompar, comhoibreoidh siad go gníomhach, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis agus an doiciméadacht uile atá ar fáil dóibh a mhalartú.

4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 1 mhí tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme na torthaí ar an gcur i gcaighean a chur in iúl.

5.   Má bhíonn difríocht is mó ná 10 % idir an líon tuinníní gorma aonair a tuairiscíodh a ghabh an soitheach nó an gaiste lena mbaineann agus an líon a chinn údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste de thoradh an imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé gur neamhchomhlíonadh arna dhéanamh ag an soitheach nó ag an ngaiste lena mbaineann é sin.

6.   An lamháil earráide 10 % dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5, sloinnfear í mar chéatadán de na figiúirí arna dtuairisciú ag máistir an tsoithigh iascaireachta nó ag ionadaí an mháistir sin nó ag oibreoir an ghaiste nó ag ionadaí an oibreora sin, agus beidh sé infheidhme ar leibhéal na hoibríochta aonair cur i gcaighean.

7.   Cinnfidh an Ballstát brataí gabhála nó Ballstát an ghaiste meáchan an tuinnín ghoirm a bheidh le hasbhaint dá chuóta náisiúnta tuinnín ghoirm, agus na cainníochtaí a chuirfear i gcaighean, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn XI, á gcur san áireamh, ar cainníochtaí iad lena n-áirithítear go ríomhfar an meáchan tráth an chur i gcaighean bunaithe ar an ngaol idir fad agus meáchan i gcás éisc fiáine, agus na básanna tuairiscithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

8.   I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áfach, gurb éisc chaillte iad na tuinníní gorma aonair, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XIII, déanfar meáchan na n-iasc a cailleadh a asbhaint de chuóta an Bhallstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII tríd an meánmheáchan aonair tráth an chur i gcaighean, arna chur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme, a chur i bhfeidhm maidir le líon na dtuinníní gorma aonair atá sa ghabháil, de réir mar a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste mar thoradh ar an anailís a rinne sé ar an gcéad fhístaifead aistrithe i gcomhthéacs an imscrúdaithe.

9.   D’ainneoin mhír 8, tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit brataí a bhfuil baint acu le hiasc a iompar go dtí an fheirm chinn scríbe, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste cinneadh a dhéanamh gan na héisc a cinneadh san imscrúdú gur cailleadh iad a asbhaint de chuóta an Bhallstáit, i gcás ina mbeidh sé doiciméadaithe go cuí ag an oibreoir gur caillteanais force majeure iad na caillteanais (i.e. pictiúir den chaighean a ndearnadh damáiste dó, tuarascálacha meitéareolaíocha), ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha curtha in iúl d’údarás inniúil Bhallstát an oibreora díreach tar éis an teagmhais agus nár tharla básanna deimhnithe mar thoradh ar na caillteanais.

Airteagal 51

Bearta agus cláir chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean a chinneadh

1.   Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean trí anailís a dhéanamh ar an bhfístaifead de gach oibríocht cur i gcaighean arna sholáthar ag oibreoir na feirme. Chun an anailís sin a dhéanamh, leanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit feirme na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.

2.   I gcás ina bhfuil difríocht is mó ná 10 % idir an líon nó an meáchan arna chinneadh ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme agus na figiúirí comhfhreagracha a tuairiscíodh i ndearbhú ICCAT maidir le cur i gcaighean, seolfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme imscrúdú chun cúiseanna na neamhréireachta a shainaithint agus, de réir mar is iomchuí, líon agus/nó meáchan na dtuinníní gorma aonair a cuireadh i gcaighean a choigeartú. Sloinnfear an lamháil earráide 10 % sin mar chéatadán de na figiúirí arna soláthar ag an oibreoir feirme.

3.   Tar éis chur i gcrích oibríochta cur i gcaighean nó, i gcás comhoibríocht iascaireachta nó ghaistí an Bhallstáit chéanna, tar éis chur i gcrích na hoibríochta deireanaí cur i gcaighean a bhaineann leis an gcomhoibríocht iascaireachta nó leis na gaistí sin, cuirfidh an Ballstát feirme torthaí an chláir steiréascópaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI in iúl don Bhallstát brataí gabhála nó do Bhallstát an ghaiste nó do CPC an ghaiste i gcomhréir le Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn XI.

4.   Cuirfidh an Ballstát feirme torthaí an chláir steiréascópaigh dá dtagraítear i mír 3 in iúl freisin don eintiteas a oibríonn clár na mbreathnóirí réigiúnacha ICCAT thar ceann ICCAT.

5.   Déanfar an clár steiréascópach dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Ní cheadmhach modhanna malartacha a úsáid ach amháin más rud é go mbeidh siad formhuinithe ag ICCAT le linn a chruinnithe bhliantúil.

6.   Cuirfidh gach Ballstát feirme na nósanna imeachta agus na torthaí a bhaineann leis an gclár steiréascópach nó modhanna malartacha dá dtagraítear i mír 5 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair gach bliain chun go ndéanfar iad a tharchur chuig SCRS faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

7.   Déanfaidh oibreoir na feirme gach tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn oibríocht cur i gcaighean a thuairisciú, i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

8.   Déanfaidh an Ballstát brataí gabhála nó Ballstát an ghaiste ordú scaoilte a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII le haghaidh na gcainníochtaí a cuireadh i gcaighean ar mó iad ná na cainníochtaí a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh, más rud é:

(a)

nach mbeidh an t-imscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 50(1) curtha i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón tráth a cuireadh torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl le haghaidh oibríocht cur i gcaighean amháin, nó le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean ó chomhoibríocht iascaireachta; nó

(b)

go léireoidh toradh an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(1) gur mó líon agus/nó meánmheáchan an tuinníní ghoirm ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh.

Déanfar an bhreis a scaoileadh i láthair údaráis rialaithe.

9.   Úsáidfear torthaí an chláir steiréascópaigh chun a chinneadh an gá éisc a scaoileadh agus déanfar na dearbhuithe cur i gcaighean agus na codanna ábhartha de DGTG a líonadh isteach dá réir sin. Nuair a bheidh ordú scaoilte eisithe, iarrfaidh oibreoir na feirme údarás rialaithe náisiúnta agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair chun faireachán a dhéanamh ar an scaoileadh.

Airteagal 52

Scaoileadh a bhaineann le hoibríochtaí cur i gcaighean

1.   Déanfar an cinneadh maidir leis na héisc atá le scaoileadh i gcomhréir le Roinn B, pointe 3, d’Iarscríbhinn XI.

2.   I gcás inar mó meáchan an tuinníní ghoirm atá á gcur i gcaighean ná an meáchan ar dearbhaíodh gur gabhadh é agus/nó gur aistríodh é, eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí gabhála nó Bhallstát an ghaiste ordú scaoilte agus cuirfidh sé an t-ordú sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit feirme lena mbaineann gan mhoill. Eiseofar an t-ordú scaoilte i gcomhréir le Roinn B, pointe 3, d’Iarscríbhinn XI, agus cúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal na comhoibríochta iascaireachta nó an ghaiste á chur san áireamh, i gcomhréir le Roinn B, pointe 5, d’Iarscríbhinn XI.

3.   Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir leis an bprótacal a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.’

;

(33)

Scriostar Airteagail 53 go 55;

(34)

cuirtear na ranna seo a leanas leis:

Roinn 7a

Oibríochtaí saothraithe

Airteagal 56a

Saothrú

1.   Soithí próiseála a bhfuil sé beartaithe acu oibriú ar fheirmeacha nó ar ghaistí, seolfaidh siad réamhfhógra chuig an mBallstát feirme nó chuig Ballstát an ghaiste 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh theacht an tsoithigh chuig limistéar na feirme nó an ghaiste. Áireofar sa réamhfhógra ar a laghad an dáta agus an t-am a mheastar a shroichfidh an soitheach agus faisnéis i dtaobh an bhfuil tuinnín gorm ar bord ag an soitheach próiseála, agus, más amhlaidh go bhfuil, soláthrófar ann mionsonraí maidir leis an lastas, lena n-áirítear cainníochtaí de réir meáchan próiseáilte agus beomheáchan agus sonraí maidir le tionscnamh (feirm nó gaiste agus Ballstát nó CPC) an tuinnín ghoirm atá ar bord.

2.   Beidh aon oibríocht saothraithe ar fheirmeacha nó ar ghaistí faoi réir údarú ón mBallstát feirme nó ó Bhallstát an ghaiste. Chuige sin, déanfaidh oibreoir na feirme nó an ghaiste a bhfuil sé beartaithe aige tuinnín gorm a shaothrú iarraidh ar údarú a chur faoi bhráid an Bhallstáit feirme nó Ballstát an ghaiste, de réir mar is infheidhme, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

dáta nó tréimhse an saothraithe,

cainníochtaí measta atá le saothrú i líon na dtuinníní gorma aonair agus i gcileagraim,

an uimhir r-DGTG a bhaineann leis na tuinníní gorm aonair atá le saothrú,

mionsonraí na soithí cúnta a bhfuil baint acu leis an oibríocht, agus

ceann scríbe an tuinnín ghoirm shaothraithe (soitheach próiseála, onnmhairiú, margadh áitiúil, etc.).

3.   Cé is moite de na tuinníní gorma aonair atá ar tí bháis, ní údarófar aon oibríocht shaothraithe sula gcinnfear torthaí ghlacadh an chuóta i gcomhréir le hAirteagal 50(7) go (9), agus sula ndéanfar an scaoileadh gaolmhar.

4.   Ní dhéanfar oibríochtaí saothraithe gan breathnóir náisiúnta a bheith i láthair i gcás gaistí nó breathnóir réigiúnach ICCAT i gcás saothrú ar fheirmeacha. Maidir le héisc a sheachadtar ar shoithigh próiseála, féadfaidh an breathnóir náisiúnta nó breathnóir réigiúnach ICCAT a gcúraimí ábhartha a dhéanamh ó na soithigh próiseála.

5.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste torthaí na n-oibríochtaí saothraithe uile a dhéantar ar fheirmeacha agus ar ghaistí atá faoina ndlínse a fhíorú agus a chros-seiceáil, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis ábhartha uile atá ina seilbh. Déanfaidh údaráis inniúla rialaithe na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste cigireacht ar gach oibríocht saothraithe tuinnín ghoirm atá ceaptha do shoithí próiseála agus ar chéatadán den chuid eile d’oibríochtaí saothraithe bunaithe ar anailís riosca.

6.   I gcás gurb é soitheach próiseála ceann scríbe an tuinnín ghoirm, comhlánóidh máistir an tsoithigh próiseála nó a ionadaí dearbhú próiseála. Nuair a bheidh an tuinnín gorm a shaothraítear le tabhairt i dtír go díreach isteach sa chalafort, comhlánóidh oibreoir na feirme nó an ghaiste dearbhú saothraithe. Déanfaidh breathnóir náisiúnta nó breathnóir réigiúnach ICCAT atá i láthair ag an oibríocht shaothraithe na dearbhuithe próiseála agus saothraithe a bhailíochtú.

7.   Déanfar na dearbhuithe próiseála agus saothraithe a tharchur trí ríomhphost chuig údaráis inniúla an Bhallstáit feirme laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hoibríochta saothraithe trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVb.

Roinn 7b

Gníomhaíochtaí rialaithe ar na feirmeacha tar éis cur i gcaighean

Airteagal 56b

Aistrithe laistigh den fheirm

1.   Ní dhéanfar aistriú laistigh den fheirm mura mbeidh údarú tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme. Déanfar gach aistriú a thaifeadadh le ceamaraí rialaithe chun líon na dtuinníní gorma aonair a aistríodh a dhearbhú. Comhlíonfaidh an fístaifead na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme faireachán agus rialú ar na haistrithe sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar gach aistriú laistigh den fheirm a thaifeadadh i gcóras r-DGTG.

2.   D’ainneoin an tsainmhínithe ar chur i gcaighean in Airteagal 5, pointe 30, ní mheasfar gur cur i gcaighean é tuinníní gorma aonair a athlonnú idir dhá shuíomh éagsúla ar an bhfeirm chéanna (aistriú laistigh den fheirm) agus úsáid á baint as caighean iompair, chun críocha Roinn 7.

3.   Le linn aistrithe laistigh den fheirm, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme athghrúpáil éisc den tionscnamh brataí céanna agus an chomhoibríocht chéanna iascaireachta a údarú, ar choinníoll go gcoinnítear inrianaitheacht agus infheidhmeacht na rátaí fáis SCRS.

4.   Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme agus oibreoir na feirme na fístaifid ó aistrithe laistigh den fheirm a dhéantar ar fheirmeacha faoina dhlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis a fhad is gá chun críoch forfheidhmithe.

Airteagal 56c

Tabhairt anonn

1.   Sula gcuirfear tús leis na chéad séasúir iascaireachta peas-saighne agus gaiste eile, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme measúnú críochnúil ar an tuinnín gorm beo arna thabhairt anonn sna feirmeacha atá faoina dhlínse. Chuige sin, aistreofar an tuinnín gorm beo lena mbaineann chuig caighin fholmha agus déanfar faireachán orthu le ceamaraí rialaithe chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a aistreofar a chinneadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar rialú bliantúil ar thabhairt anonn tuinnín ghoirm ó bhlianta agus ó chaighin nár tharla aon shaothrú iontu tríd an nós imeachta rialaithe randamach a leagtar amach in Airteagal 56e a chur i bhfeidhm.

3.   An tuinnín gorm beo arna thabhairt anonn, cuirfear i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean ar an bhfeirm agus déanfar iad a dheighilt ar bhonn na comhoibríochta iascaireachta nó ar bhonn Bhallstát an ghaiste tionscnaimh chéanna nó CPC an ghaiste tionscnaimh chéanna.

4.   Maidir le fístaifead an cheamara rialaithe ó aistrithe an mheasúnaithe ar thabhairt anonn, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go gcomhlíonfaidh sé na híoschaighdeáin ábhartha le haghaidh nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus go gcinnfear líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn XI.

5.   Go dtí go bhforbróidh SCRS algartam chun an fad a choinbhéartú ina mheáchan maidir le hiasc ramhraithe nó iasc saothraithe, déanfar meáchan na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn a chinneadh trí úsáid a bhaint as na táblaí rátaí fáis is nuashonraithe arna dtáirgeadh ag SCRS.

6.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme imscrúdú cuí ar an difríocht sa líon tuinníní gorma aonair idir an líon a bheidh mar thoradh ar an measúnú ar thabhairt anonn agus an líon a bhfuiltear ag súil leis tar éis an tsaothraithe agus déanfar é a thaifeadadh i gcóras r-DGTG. I gcás farasbairr, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go scaoilfear an líon comhfhreagrach de thuinníní gorma aonair. Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Ní cheadófar cúiteamh as difríochtaí idir caighin éagsúla ar an bhfeirm. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme lamháil earráide 5 % a cheadú, ar a mhéad, idir líon na dtuinníní gorma aonair a fuarthas mar thoradh ar an measúnú ar thabhairt anonn agus líon na dtuinníní aonair a measadh a bheith i láthair sa chaighean.

7.   Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme an fístaifead agus na doiciméid ábhartha uile ó mheasúnuithe ar thabhairt anonn a dhéantar ar fheirmeacha faoina ndlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus coimeádfaidh sé an fhaisnéis sin chomh fada agus is gá chun críocha forfheidhmithe.

Airteagal 56d

An dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn

1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát feirme dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn a chur i gcrích agus a tharchur chuig an gCoimisiún, i gceangal leis an bplean athbhreithnithe bainistíochta feirmeoireachta, laistigh de 10 lá tar éis dheireadh an mheasúnaithe ar thabhairt anonn. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa dearbhú sin:

(a)

an Ballstát brataí;

(b)

ainm agus uimhir ICCAT na feirme;

(c)

bliain na gabhála;

(d)

tagairtí don Chlár Leictreonach de Dhoiciméid um Ghabháil Tuinnín Ghoirm (r-DGTG) a chomhfhreagraíonn do na gabhálacha a thugtar anonn;

(e)

uimhreacha na gcaighean;

(f)

cainníochtaí (arna sloinneadh in kg) agus líon na dtuinníní gorma aonair arna dtabhairt anonn;

(g)

meánmheáchan;

(h)

faisnéis maidir le gach ceann de na hoibríochtaí um measúnú ar thabhairt anonn: dáta agus uimhreacha na gcaighean; agus

(i)

faisnéis maidir le haistrithe laistigh den fheirm roimhe seo, nuair is infheidhme.

Cuirfidh an Coimisiún an dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 15 lá tar éis dheireadh na hoibríochta um measúnú ar thabhairt anonn.

2.   Déanfar tuarascáil an chórais steiréascópaigh, i gcás inarb infheidhme, a cheangal leis an dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn.

Airteagal 56e

Rialuithe randamacha

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme rialuithe randamacha ar fheirmeacha atá faoina dhlínse. Déanfar na rialuithe randamacha íosta dá dtagraítear i mír 2 ar fheirmeacha idir tráth a dhéantar na hoibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích bliain ar leith agus an chéad chur i gcaighean den bhliain dár gcionn. Is é a bheidh i gceist leis na rialuithe sin go ndéanfar gach tuinnín gorm aonair a aistriú go héigeantach ó chaighin feirme go caighin feirme eile ionas gur féidir líon na dtuinníní gorma aonair a chomhaireamh trí fhístaifid rialaithe a úsáid.

2.   Socróidh gach Ballstát feirme líon íosta rialuithe randamacha a bheidh le déanamh ar gach feirm faoina dhlínse. Cumhdóidh líon na rialuithe randamacha 10 % ar a laghad de líon na gcaighean i ngach feirm tar éis na n-oibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích, a mbeidh rialú amháin ar a laghad in aghaidh na feirme i gceist leis, chomh maith le slánú suas i gcás inar gá. Beidh roghnú na gcaighean a bheidh le rialú bunaithe ar anailís riosca. Léireofar an phleanáil le haghaidh rialuithe randamacha atá le cur i gcrích i bplean faireacháin, rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fógra 2 lá féilire ar a mhéad a thabhairt do na feirmeacha lena mbaineann go ndéanfar rialú randamach, ach ní bheidh sé sin éigeantach. Sna cásanna sin, ní chuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme in iúl don oibreoir feirme cé na caighin atá roghnaithe ach ar theacht chuig an bhfeirm lena mbaineann dó.

4.   Déanfaidh na hoibreoirí feirme gach beart is iomchuí chun na hoibríochtaí rialaithe randamacha a éascú agus, i gcás ina dtabharfar réamhfhógra, áiritheoidh siad go bhfuil gach modh i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme rialuithe randamacha a dhéanamh tráth, agus in aon chaighean ar an bhfeirm.

5.   Féachfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme leis an tréimhse idir ordú na rialuithe randamacha agus an dáta a dhéantar na hoibríochtaí rialaithe a laghdú. Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh an deis ag an oibreoir feirme na caighin lena mbaineann a chúbláil sula gcuirfear an rialú randamach i gcrích.

6.   Tar éis an rialaithe randamaigh, déanfar aon difríocht idir líon na dtuinníní gorma aonair a chinntear leis na rialuithe randamacha agus an líon a mheastar a bheidh sa chaighean a imscrúdú go cuí agus a thaifeadadh i gcóras r-DGTG. I gcás farasbairr, ordóidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go scaoilfear an líon comhfhreagrach de thuinníní gorma aonair. Déanfar an oibríocht scaoilte a sheoladh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. Ní cheadófar cúiteamh as difríochtaí idir caighin éagsúla ar an bhfeirm. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme lamháil earráide 5 % a cheadú idir líon na dtuinníní gorma aonair atá ann mar thoradh ar an aistriú rialaithe agus líon na dtuinníní aonair a measadh a bheith i láthair sa chaighean.

7.   Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme fístaifid uile rialuithe randamacha a dhéantar ar fheirmeacha faoina ndlínse ar feadh 3 bliana ar a laghad agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis sin a fhad is gá chun críocha forfheidhmithe.

8.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na rialuithe randamacha in iúl do Rúnaíocht ICCAT roimh thús an tséasúir peas-saighne nua is infheidhme maidir le gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17, lena gcur ar aghaidh chuig Coiste ICCAT um Chomhlíonadh.

Airteagal 56f

Aistrithe idir feirmeacha

1.   Ní dhéanfar tuinníní gorma aonair beo aonair a aistriú idir dhá fheirm dhifriúil gan údarú i scríbhinn a bheith tugtha ag údaráis inniúla an Bhallstáit feirme lena mbaineann roimh ré.

2.   Comhlíonfaidh an t-aistriú ó chaighean na feirme deontóra go dtí an caighean iompair ceanglais mar a leagtar amach i Roinn 6 lena n-áirítear fístaifead chun dearbhú a dhéanamh ar líon na dtuinníní gorma aonair a aistríodh, comhlánú ITD agus fíorú na hoibríochta ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT.

3.   D’ainneoin mhír 2, i gcásanna ina mbeidh an caighean feirme ar fad le haistriú chuig an bhfeirm chinn scríbe, ní bheidh sé riachtanach fístaifeadadh a dhéanamh ar an oibríocht agus déanfar an caighean séalaithe a iompar chuig an bhfeirm chinn scríbe.

4.   Beidh cur i gcaighean an tuinnín ghoirm ag an bhfeirm chinn scríbe faoi réir na gceanglas maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean a leagtar amach in Airteagail 46a agus 49 agus Airteagal 51(1), (2) agus (7), lena n-áirítear fístaifead chun líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a cuireadh i gcaighean a dhearbhú agus fíorú na hoibríochta ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Ní bheidh feidhm ag cinneadh ar mheáchan le haghaidh tuinníní gorma aonair atá á gcur i gcaighean ó fheirm eile go dtí go mbeidh algartam forbartha ag SCRS chun an fad a choinbhéartú ina mheáchan le haghaidh iasc ramhraithe nó iasc saothraithe nó le haghaidh an dá rud.’;

(35)

Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad míreanna 1 agus 2:

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit bhrataí CFS chun feidhme le haghaidh a soithí iascaireachta uile dá gcuid atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad san iomlán agus dá soithigh tarraingthe uile, gan beann ar a bhfad, i gcomhréir le hIarscríbhinn XV. Déanfaidh na soithí sin teachtaireachtaí a tharchur uair amháin ar a laghad gach 2 uair an chloig, seachas i gcás soithí tarraingthe agus soithí peas-saighne a tharchuirfidh ar a laghad gach uair an chloig.

2.   Tosóidh na soithí iascaireachta a bhfuil sé de cheanglas orthu CFS a bheith acu i gcomhréir le mír 1 ar shonraí CFS a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT 5 lá ar a laghad roimh a dtréimhse údaraithe agus leanfaidh siad ar a laghad 5 lá tar éis a dtréimhse údaraithe, ach amháin má chuirtear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún go mbainfí an soitheach de thaifead ICCAT ar shoithí.’

;

(b)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

go ndéanfar teachtaireachtaí CFS ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún mar a leagtar amach i mír 1.’;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ba)

I gcás mífheidhmiú teicniúil ar CFS, déanfar soitheach tarraingthe eile a bhfuil CFS lánfheidhmiúil aige a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe lena mbaineann; mura bhfuil aon soitheach tarraingthe eile ar fáil, déanfar CFS nua oibríochtúil a shuiteáil ar bord nó a úsáid má tá sé suiteáilte cheana, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig, ach amháin i gcás force majeure, agus ba cheart é sin a chur in iúl do Rúnaíocht ICCAT; idir an dá linn, déanfaidh an máistir nó ionadaí an mháistir, ón tráth ar braitheadh an teagmhas agus/nó a cuireadh in iúl é, comhordanáidí geografacha nuashonraithe an tsoithigh tarraingthe a chur in iúl trí mhodhanna teileachumarsáide iomchuí d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí gach uair an chloig.’;

(36)

in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Cigireachtaí i gcás sáruithe amhrasta’ ;

(37)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

‘Airteagal 61

Forfheidhmiú

Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát feirme beart forfheidhmiúcháin iomchuí i ndáil le feirm, i gcás ina bhfuil sé suite, i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme, nach gcomhlíonann an fheirm sin Airteagail 45b go 52 den Rialachán seo. Féadfar a áireamh ar na bearta sin, ag brath ar thromchúis an chiona agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, an t-údarú a chur ar fhionraí nó an fheirm a bhaint de liosta náisiúnta na bhfeirmeacha agus/nó pionóis airgeadais a fhorchur.’;

(38)

in Airteagal 66, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (c):

‘(a)

tabhairt anonn bhliantúil an tuinnín ghoirm faoi Airteagal 8;

(b)

na sprioc-amanna ar fúthu nach mór faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagail 15(7), Airteagail 16(1), Airteagail 24(4), Airteagail 26(1), Airteagail 29(1), Airteagail 32(2) agus (3), Airteagail 35(5) agus (6), Airteagail 36, Airteagail 41(3), Airteagail 44(2), Airteagail 50(4), Airteagail 57(5), pointe (b) agus Airteagail 58(6);

(c)

na tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí iascaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) go (4);’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

‘(k)

Iarscríbhinní I go XVb;’;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(l)

inneachar an dearbhaithe maidir le tabhairt anonn a leagtar síos in Airteagal 7(2), pointe (a), agus forálacha maidir le cur i gcaighean a leagtar síos in Airteagal 7(2), pointe (b);

(m)

na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 17(2) chun limistéir iascaireachta, soithí iascaireachta agus trealamh a ainmniú, agus maoluithe in Airteagal 17(3) maidir le tuinnín gorm a iascach chun críoch feirmeoireachta;

(n)

coinníollacha maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT a shannadh d’fheirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 39(4).’;

(39)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VIII;

(40)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XIII;

(41)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinní XVa agus XVb.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 55.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2023/2833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 (IO L, 2023/2833, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2833/oj).

(6)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ICCAT

Fine

An t-ainm Laidine

An t-ainm Gaeilge

Scombridae

Acanthocybium solandri

an Wahoo

Allothunnus fallai

an Tuinnín caol

Auxis rochei

an Tuinnín piléir

Auxis thazard

an Tuinnín frigéid

Euthynnus alletteratus

an Tuinnín beag

Gasterochisma melampus

Rí-iasc féileacáin

Katsuwonus pelamis

Boiníotó aigéanach

Orcynopsis unicolor

an Boiníotó aondathach

Sarda sarda

an Boiníotó Atlantach

Scomberomorus brasiliensis

an Ronnach buí Brasaíleach

Scomberomorus cavalla

an Rí-ronnach

Scomberomorus maculatus

an Ronnach buí Atlantach

Scomberomorus regalis

an Ronnach rí-úil

Scomberomorus tritor

Ronnach buí na hAfraice Thiar

Thunnus alalunga

an Tuinnín colgach

Thunnus albacares

an Tuinnín buí

Thunnus atlanticus

an Tuinnín dubheite

Thunnus maccoyii

an Tuinnín gorm deisceartach

Thunnus obesus

an Tuinnín mórshúileach

Thunnus thynnus

an Tuinnín gorm

Istiophoridae

Istiophorus albicans

Colgán na ndealg Atlantach

Makaira indica

an Mairlín dubh

Makaira nigricans

An Mairlín gorm Atlantach

Tetrapturus albidus

an Mairlín geal Atlantach

Tetrapturus belone

Mairlín meánmhuirí

Tetrapturus georgii

Mairlín cruinnghainneach

Tetrapturus pfluegeri

Mairlín gobfhada

Xiphiidae

Xiphias gladius

an Colgán

Alopiidae

Alopias superciliosus

an Siorc súisteála mórshúileach

Alopias vulpinus

an Siorc súisteála

Carcharhinidae

Carcharhinus falciformis

an Síodsiorc

Carcharhinus galapagensis

Siorc Oileáin Galapagos

Carcharhinus longimanus

an Siorc bán aigéanach

Prionace glauca

an Siorc gorm

Lamnidae

Carcharodon carcharias

an Siorc bán mór

Isurus oxyrinchus

an Mácó biorshrónach

Isurus paucus

Siorc mácó fadeiteach

Lamna nasus

an Craosaire

Sphyrnidae

Sphyrna lewini

an Ceann casúir scolbach

Sphyrna mokarran

an Siorc ceann casúir

Sphyrna zygaena

an Ceann casúir coiteann

Rhincodontidae

Rhincodon typus

an Míolsiorc

Pseudocarchariidae

Pseudocarcharias kamoharai

an Siorc crogallach

Cetorhinidae

Cetorhinus maximus

an Liamhán gréine

Dasyatidae

Pteroplatytrygon violacea

Roc peiligeach an gha nimhe

Mobulidae

Manta alfredi

N/A (1)

Manta birostris

Roc na caille

Mobula hypostoma

an Diabhalroc Atlantach

Mobula japonica

N/A (1)

Mobula mobular

Roc an diabhail

Mobula tarapacana

an Diabhalroc Sileach

Mobula thurstoni

an Roc mínearrach

’.

(1)  Níl gnáthainm ar fáil.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN VI

Cleactais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara

A.   Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte peas-saighne

1.

Aon uair a amharctar turtar mara san eangach, déanfar gach iarracht réasúnach an turtar mara a tharrtháil sula rachaidh sé i bhfostú san eangach.

2.

Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.

3.

Má bhíonn turtar mara i bhfostú le linn rollála lín, stopfar an rolláil lín a luaithe a thiocfaidh an turtar as an uisce; déanfar an eangach a bhaint den turtar gan é a ghortú sula n-atosófar ar an rolláil lín.

4.

Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh, go ndéantar turtar mara a thabhairt de thaisme ar bord an tsoithigh agus é beo agus gníomhach, nó marbh, scaoilfear saor an turtar mara chomh tapa agus is féidir.

5.

Má thugtar turtar mara ar bord an tsoithigh agus má tá sé i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.

B.   Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte an tsoithigh spiléir

1.

Nuair is indéanta, agus má tá an t-oibreoir nó baill den chriú ar bord oilte go cuí, tabharfar turtair mhara i dtámhshuan ar bord láithreach.

2.

Tar éis turtar mara a amharc, cuirfear moill ar luas an tsoithigh agus an ríl eangaí agus déanfar treo an tsoithigh a choigeartú chun bogadh i dtreo an turtair mhara, agus an teannas ar an líne a laghdú a oiread is féidir.

3.

Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.

4.

Má tá turtar mara rómhór nó má tá duán ann sa chaoi nach féidir bordáil go sábháilte gan damáiste breise a dhéanamh don turtar mara nó é a ghortú tuilleadh, úsáidfear bearrthóirí eangaí chun an líne a ghearradh agus an oiread líne agus is féidir a bhaint sula scaoilfear an turtar mara.

5.

Má bhreathnaítear go bhfuil duán sa turtar mara nó go bhfuil sé á chur i bhfostú ag trealamh spiléireachta le linn oibríochtaí tarlaithe, scoirfidh oibreoir an tsoithigh d’oibríochtaí tarlaithe láithreach go dtí go mbainfear an turtar mara den trealamh spiléireachta nó go dtí go dtabharfar ar bord an tsoithigh é.

6.

Má bheidh duán seachtrach sa turtar mara nó duán atá go hiomlán infheicthe, bainfear an duán den turtair mhara chomh tapa agus chomh cúramach agus is féidir. Mura féidir duán a bhaint de thurtar mara (e.g. ionghafa nó ar díon béil), gearrfar an líne chomh gar agus is féidir don duán.

7.

Déanfar turtair mhara bheo a chur ar ais san fharraige tar éis iad a láimhseáil mar seo a leanas:

(a)

inneall an tsoithigh a chur sa ghiar neodrach ionas go mbeidh an lián dícheangailte agus go stopfar an soitheach, agus an turtar mara a scaoileadh saor ón bhfearas atá imscartha; agus

(b)

a thabhairt faoi deara go bhfuil an turtar mara i bhfad go leor ón soitheach sula rachfar i mbun an liáin agus sula leanfaidh sé ar aghaidh.

8.

Má thugtar an turtar mara ar bord an tsoithigh atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.

C.   Turtar mara ar bord a athbheochan

1.

Agus turtar mara á láimhseáil, déanfar iarracht an t-ainmhí a choinneáil ag an mblaosc, gan teagmhaigh le réigiún an chinn agus an mhuiníl, agus na lapaí.

2.

Déanfar iarracht aon earraí coimhthíocha a bhaint agus/nó a fhuascail den turtar mara, mar shampla aon earraí plaisteacha, líontán, nó duáin leabaithe, etc.

3.

Cuirfear an turtar mara ar a bhlaosc íochtar (plastrón) ionas go mbeidh an turtar mara ag seasamh mar is ceart, leithlisithe go sábháilte agus doghluaiste ar dhromchla stuáilte, mar shampla bonn gluaisteán gan imeall, cúisín bád, nó corna rópa. Is é príomhchuspóir an dromchla stuáilte an turtar mara a ardú ón deic chun cabhrú le srian a chur air. A ceathrúna deiridh a ardú ar a laghad 6 orlach (15 cm) ar feadh tréimhse 4 uair an chloig go 24 uair an chloig. Braitheann a airde sin ar mhéid an turtair; tá arduithe níos mó ag teastáil le haghaidh turtair mhara níos mó. Go tréimhsiúil, déan an turtar farraige a luascadh go réidh ó chlé go deas agus ó dheas go clé trí ghreim a choinneáil ar imeall seachtrach na blaoisce (carapás) agus taobh amháin a ardú thart ar 3 orlach (8 cm), ansin déan an rud céanna ar an taobh eile. Déan teagmháil go réidh leis an tsúil agus bain pinse as an eireaball (tástáil frithluaile) go tréimhsiúil chun a fháil amach an bhfuil freagairt ann.

4.

Déanfar turtair mhara atá á n-athbheochan a chur faoi scáth agus a choinneáil tais ach ní dhéanfar iad a chur i gcoimeádán uisce ar chúinse ar bith. Is é tuáille uisciúil, a chuirtear thar an ceann, a charapás, agus a lapaí an modh is éifeachtaí chun turtar mara a choinneáil tais.

5.

Turtair mhara a athbheoitear agus a thagann chun bheith gníomhach, ní scaoilfear saor iad thar phosta an bháid ach amháin nuair nach bhfuil trealamh iascaireachta in úsáid (i.e. nach bhfuil sé á chur ná á tharraingt go gníomhach), nuair atá giaranna an innill sa ghiar neodrach, agus i limistéir nach dócha go ndéanfaidh soithí iad a athghabháil ná a ghortú.

6.

Turtair mhara nach bhfreagraíonn don tástáil frithluaile nó nach ngluaiseann laistigh de 4 uair an chloig (suas le 24 uair an chloig, más féidir), cuirfear ar ais san uisce iad ar an mbealach céanna leis an turtair mhara atá ag gluaiseacht go gníomhach.
’.

IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN IX

Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo le haghaidh siorcanna mako biorshrónacha an atlantaigh thuaidh agus an atlantaigh theas

Leis an Iarscríbhinn seo, leagtar amach íoschaighdeáin maidir le cleachtais um láimhseáil shábháilte do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus áirítear leis moltaí sonracha maidir le hiascaigh spiléireachta agus pheas-saighne araon.

Tá na híoschaighdeáin sin oiriúnach do shiorcanna mácó biorshrónacha beo nuair a scaoiltear saor iad, bídís faoi bheartais neamhchoinneála, nó nuair a scaoiltear go deonach iad. Ní thagann na híoschaighdeáin sin in ionad aon rialacha sábháilteachta níos déine a d’fhéadfadh a bheith bunaithe faoin dlí náisiúnta.

1.

Tús áite don tsábháilteacht: Déanfar na híoschaighdeáin sin a mheas i bhfianaise na sábháilteachta agus na praiticiúlachta do bhaill den chriú. Tabharfar tús áite i gcónaí do shábháilteacht bhaill den chriú. Ar a laghad, caithfidh baill an chriú lámhainní oiriúnacha agus ní bheidh cead acu a bheith ag obair gar do bhéal siorcanna.

2.

Oiliúint: Tá ábhair oiliúna ar fáil do na Ballstáit sna trí theanga oifigiúla de chuid ICCAT.

3.

Modh scaoilte: A mhéid is féidir, na siorcanna uile atá á scaoileadh saor, fanfaidh siad san uisce i gcónaí ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint. Áirítear leis sin an líne a ghearradh chun an siorc a scaoileadh saor agus é fós san uisce, trí úsáid a bhaint as gearrthóir boltaí nó as feistí bainte duáin chun an duán a bhaint más féidir, nó an líne a ghearradh chomh gar don duán agus is féidir (agus mar sin a lú de líne shraoilleach agus is féidir a fhágáil).

4.

Bí ullamh: Ullmhófar uirlisí roimh ré (e.g., canbhás nó slisní eangaí, sínteáin ar mhaithe le hiompar nó ardú, eangach mór mogaill nó greille chun haistí nó coimeadáin in iascaigh pheas-saighne agus i ngearrthóirí a bhfuil hanla fada acu a chlúdach agus uirlisí bainte duáin in iascaigh spiléireachta, a liostaítear faoi Roinn E).

A.   Moltaí ginearálta do gach iascach

1.

Má tá sé sábháilte ó thaobh oibríochta de déanamh amhlaidh, an soitheach a stopadh nó a luas a laghdú go suntasach.

2.

Nuair a bhíonn an siorc i bhfostú (in eangach, líne iascaireachta, etc.), gearr an eangach/an líne go cúramach saor ón ainmhí, má tá sé sábháilte amhlaidh a dhéanamh, agus scaoil saor chun na farraige é a luaithe is féidir, gan é a bheith i bhfostú in aon rud.

3.

Más féidir, agus an siorc á choimeád san uisce, déan iarracht fad an tsiorc a thomhas.

4.

Chun greamanna a chosc, cuir rud ar nós iasc nó bata mór/cuaille adhmaid, sa ghiall.

5.

Más rud é, ar chúis ar bith, go gcaithfear siorc a thabhairt ar an deic, déan é a chur ar ais san uisce chomh tapa agus is féidir chun an deis mharthanais a mhéadú agus chun rioscaí do bhaill den chriú a laghdú.

B.   Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh spiléireachta

1.

Tabhair an siorc chomh gar don soitheach agus is féidir gan an iomarca teannais a chur ar líne thitimeáin chun go seachnófar an fhéidearthacht go bhféadfadh duán scaoilte nó línte titimeáin bhriste duáin, meáchain agus codanna eile a scaoileadh i dtreo na soithí agus bhaill den chriú ar ardluas.

2.

Daingnigh an taobh thall den phríomhlíne spiléir chuig an mbád ionas nach dtarraingeoidh aon fhearas atá fágtha san uisce ar an líne agus ar an siorc.

3.

Má bhíonn duán san ainmhí, agus an duán le feiceáil sa chorp nó sa bhéal, bain úsáid as feiste bainte duáin nó gearrthóir líne a bhfuil hanla fada air chun an frídín duáin a bhaint, agus bain an duán ina dhiaidh sin.

4.

Mura féidir an duán a bhaint nó mura féidir an duán a fheiceáil, gearr líne an riain (nó an snúda, an treoraí) chomh gar agus is féidir don duán (más féidir, a lú de líne agus/nó ábhar treoraí agus is féidir a fhágáil agus gan aon mheáchain a cheangal leis an siorc).

C.   Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh pheas-saighne

1.

I gcás ina bhfuil siad sa pheas-saighne: Déan an eangach a shíneadh amach chomh fada chun tosaigh agus is féidir chun aon siorcanna a fheiceáil go luath chun freagairt go tapa. Ná hardaigh siorcanna san eangach i dtreo na hulóige meicniúla. Laghdaigh luas an tsoithigh chun teannas na heangaí a mhaolú agus chun go mbeifear in ann an siorc atá i bhfostú a bhaint den eangach. Más gá, bain úsáid as clipéar chun an eangach a ghearradh.

2.

I gcás ina bhfuil siad i dtéada beaga nó ar deic: Bain úsáid as eangach lasta saintógtha mór-mhogall nó slisne canbháis nó feiste den chineál céanna. Má cheadaítear amhlaidh le leagan amach an tsoithigh, d’fhéadfaí na siorcanna a scaoileadh freisin trí na téada beaga a fholmhú go díreach ar choimeádán agus trí rampa scaoilte atá á choinneáil suas ar uillinn a nascann le bearna ar ráille na deice bairr, gan gá do bhaill den chriú é a ardú nó a láimhseáil.

D.   Moltaí sonracha agus cleachtais um láimhseáil shábháilte do gach iascach

1.

A mhéid is féidir, ná hardaigh siorcanna as an uisce ag baint úsáid as an líne thitimeáin, go háirithe má tá duán iontu ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint.

2.

Ná hardaigh siorcanna trí shreanga nó cáblaí tanaí a úsáid, nó leis an eireaball amháin.

3.

Ná buail siorc ar dhromchla ar bith, mar shampla chun an t-ainmhí a bhaint den líne.

4.

Ná déan iarracht aon duán a bhogadh atá ionghafa go domhain agus nach bhfuil le feiceáil.

5.

Ná déan iarracht duán a bhaint trí tharraingt go géar ar an líne thitimeáin.

6.

Ná gearr an t-eireaball nó aon chuid eile den chorp.

7.

Ná gearr nó ná cuir poill sa siorc.

8.

Ná déan an siorc a gheafáil nó a chiceáil, nó lámha a chur isteach sna scoilteanna geolbhaigh.

9.

Ná nocht an siorc don ghrian ar feadh tréimhsí fada.

10.

Ná cuir do mhéara ná do lámha san eangach agus siorc á thabhairt ar an mbád (d’fhéadfadh gortú tromchúiseach a bheith mar thoradh air).

E.   Uirlisí úsáideacha le haghaidh láimhseáil shábháilte agus scaoileadh sábháilte:

(a)

lámhainní (tá craiceann siorcanna garbh; áirithíonn lámhainní go ndéanfar siorcanna a láimhseáil go sábháilte agus go gcosnófar lámha bhaill den chriú ó ghreamanna);

(b)

tuáille nó éadach (is féidir tuáille nó éadach fliuctha i sáile a chur ar shúile an tsiorca chun an siorc a shuaimhniú);

(c)

feistí bainte duáin (e.g. gearrthóir líne eireabaill muice, gearrthóirí boltaí nó greamairí gearrtha);

(d)

úim nó sínteán siorcanna (más gá);

(e)

rópa eireaball (chun siorc a bhfuil duán ann a dhaingniú más gá é a bhaint den uisce);

(f)

píobán sáile (má táthar ag súil go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ná 5 nóiméad ag teastáil chun siorc a scaoileadh, cuir píobán isteach ina bhéal ionas go sreabhfaidh an sáile isteach ann go measartha; déan cinnte go bhfuil an caidéil deice ar siúl ar feadh roinnt nóiméad sula gcuirfear é i mbéal siorca);

(g)

feiste nó modh tomhais (e.g. déan cuaille, treoraí agus snámhán a mharcáil, nó téip tomhais);

(h)

bileog sonraí chun gach gabháil a thaifeadadh;

(i)

trealamh clibeála (más infheidhme).

IARSCRÍBHINN X

Treoirlínte maidir le tionchar éiceolaíoch FADanna in iascaigh ICCAT a laghdú

1.   

Ní chlúdófar struchtúr dromchla FAD, nó má chlúdaítear é, ní clúdófar é ach amháin le hábhar lena mbainfí an riosca is lú go ndéanfaí speicis foghabhála a chur i bhfostú ann a chlúdaítear é.

2.   

Beidh comhpháirteanna fodhromchla an FAD comhdhéanta go heisiach d’ábhar nach rachaidh i bhfostú (e.g. gan téada nó canbhás).

3.   

Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht d’úsáid ábhar in-bhithmhillte.

’.

IARSCRÍBHINN IV

‘IARSCRÍBHINN VIII

Cláir breathnóirí

I.   Clár breathnóirí náisiúnta

1.

Is iad bheidh sna cúraimí breathnóirí náisiúnta, go ginearálta, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh soithí iascaireachta agus gaistí an Rialacháin seo.

2.

Nuair a imscarfar ar bord soitheach gabhála é, déanfaidh an breathnóir náisiúnta an ghníomhaíocht iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áirítear go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

meastachán an bhreathnóra náisiúnta ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma aonair a gabhadh (foghabháil san áireamh);

(b)

diúscairt na gabhála, amhail í a choinneáil ar bord, a aischur marbh nó a scaoileadh saor ina mbeatha mar shampla;

(c)

limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;

(d)

tomhas na hiarrachta iascaireachta (mar shampla an líon tacar, an líon duán), mar a shainítear i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;

(e)

dáta na gabhála;

(f)

fíorú ar chomhsheasmhacht na n-iontrálacha a dhéantar sa logleabhar le meastachán gabhála an bhreathnóra náisiúnta féin.

3.

Nuair a imscarfar ar shoitheach tarraingthe iad, déanfaidh na breathnóirí náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

i gcás aistriú eile lena mbaineann bogadh éisc idir dhá chaighean iompair:

(i)

anailís a dhéanamh gan mhoill ar an bhfístaifead den aistriú breise, chun meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma aonair atá á n-aistriú;

(ii)

fógra a thabhairt láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát brataí maidir leis na soithí bronntacha tarraingthe faoi bharúlacha an bhreathnóra náisiúnta, lena n-áirítear an líon tuinníní gorma aonair arna meas ag an mbreathnóir náisiúnta agus an líon comhfhreagrach tuinníní gorma aonair a thuairiscigh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra ar na DTSanna; agus

(iii)

torthaí na hanailíse a rinne an breathnóir náisiúnta a áireamh sna tuarascálacha breathnóirí chuig údaráis inniúla na mBallstát brataí de chuid na soithí tarraingthe deontóra;

(b)

na tuinníní gorma aonair uile a breathnaíodh a bheith marbh le linn an turais iompair a thaifeadadh agus a thuairisciú;

(c)

soithí a mheastar a bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe ICCAT a amharc agus a thaifeadadh; agus

(d)

fógra a thabhairt gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstáit bhrataí na soithí deontóra tarraingthe maidir le tuarascálacha an bhreathnóra ag deireadh an turais tarraingthe.

4.

Nuair a imscarfar ar ghaiste iad, déanfaidh na breathnóirí náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

údarú saothraithe arna eisiúint ag údaráis inniúla Bhallstáit an ghaiste a fhíorú;

(b)

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus/nó saothraithe a rinne máistir an tsoithigh próiseála, nó ionadaí an mháistir, nó a rinne oibreoir an ghaiste a bhailíochtú.

5.

Déanfaidh an breathnóir náisiúnta obair eolaíoch freisin, mar shampla, na sonraí uile a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn moltaí ó SCRS, a bhailiú.

II.   Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

1.

Ceanglóidh gach Ballstát ar oibreoirí feirmeacha agus gaistí, agus ar mháistrí soithí peas-saighne, nó ar ionadaithe na máistrí, atá faoina dhlínse breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a imscaradh, a leagtar amach in Airteagal 39.

2.

Ceapfar breathnóirí réigiúnacha ICCAT roimh an 1 Aibreán, nó a luaithe is indéanta, gach bliain, agus cuirfear iad ar fheirmeacha, ar ghaistí agus ar bord an tsoithigh peas-saighne a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain orthu agus a chuireann clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT chun feidhme. Eiseofar cárta breathnóirí réigiúnacha ICCAT do gach breathnóir.

3.

Síneoidh an dá pháirtí lena mbaineann conradh ina liostófar na cearta agus na dualgais idir breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT agus máistir an tsoithigh iascaireachta nó oibreoir na feirme nó an ghaiste.

4.

Bunófar lámhleabhar maidir le clár bhreathnóirí ICCAT.

A.   Cáilíochtaí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag breathnóirí réigiúnacha ICCAT ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chur i gcrích:

(a)

taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

(b)

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, agus ar threoirlínte traenála ICCAT;

(c)

cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

(d)

an cumas anailís a dhéanamh ar fhístaifid;

(e)

a mhéid is féidir, eolas sásúil ar theanga an Bhallstáit brataí, an Bhallstáit feirme nó Bhallstát an ghaiste nó CPC brataí, feirme nó an ghaiste ina bhfuil a gcúraimí á ndéanamh acu.

B.   Oibleagáidí bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT

1.

Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;

(b)

a bheith ina náisiúnach de cheann de na Ballstáit nó de CPCanna agus, a mhéid is féidir, ní náisiúnaigh iad de Bhallstát brataí an tsoithigh peas-saighne nó de CPC brataí an tsoithigh peas-saighne, den Bhallstát feirme nó de CPC feirme, nó de Bhallstát an ghaiste nó de CPC an ghaiste faoi bhreathnú;

(c)

a bheith in ann na cúraimí a leagtar amach in Cuid II, Roinn C a dhéanamh;

(d)

a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann Rúnaíocht ICCAT;

(e)

ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach tuinnín ghoirm.

2.

Déileálfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe arna stiúradh ag na soithí peas-saighne mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas sin i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

3.

Comhlíonfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit brataí nó feirme nó CPC brataí nó feirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach, ar an bhfeirm nó ar an ngaiste a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.

4.

Urramóidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar fhoireann uile an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

C.   Cúraimí an bhreathnóra réigiúnaigh ICCAT

1.

Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na cúraimí seo a leanas go háirithe:

(a)

mar chúram ginearálta:

(i)

breathnóireacht agus faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta tuinnín ghoirm ag comhlíonadh bhearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;

(ii)

obair eolaíoch, mar shampla samplaí a bhailiú nó sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na moltaí ó SCRS;

(iii)

soithí a bhfuil amhras ann go bhfuil siad i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a aimsiú agus taifead a dhéanamh orthu, agus taifead a dhéanamh ar ainm an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann agus ar a uimhir ICCAT agus iad a fhíorú;

(iv)

aon chúraimí eile arna chinneadh ag an gCoimisiún a fheidhmiú;

(b)

maidir le soithí peas-saighne nó gníomhaíocht gabhála gaistí:

(i)

breathnú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar agus tuairisciú orthu;

(ii)

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(c)

maidir leis na chéad aistrithe ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste chuig caighin iompair:

(i)

na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéanfar a thaifeadadh agus tuairisciú orthu;

(ii)

suíomh an tsoithigh agus é i mbun aistrithe a fhíorú;

(iii)

athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar na fístaifid uile a bhaineann leis an oibríocht aistrithe lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme;

(iv)

meastachán a dhéanamh ar líon na dtuinníní gorma aonair atá á n-aistriú agus an toradh a thaifeadadh in ITD;

(v)

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne;

(vi)

toradh na hanailíse a dhéanfar a thaifeadadh agus a thuairisciú;

(vii)

iontrálacha a cuireadh sa réamhfhógra aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus in ITD dá dtagraítear in Airteagal 42 agus sa r-DGTG, a fhíorú;

(viii)

a fhíorú go gcuirtear ITD dá dtagraítear in Airteagal 42 ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste;

(ix)

maidir le haistrithe rialaithe, uimhir aitheantais na séalaí a fhíorú agus a áirithiú go gcuirfear na séalaí ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh;

(d)

maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean, athbhreithniú a dhéanamh ar na fístaifid cheamara tráth an chur i gcaighean chun líon na dtuinníní gorma aonair a chuirtear i gcaighean a chinneadh, in am trátha chun go bhféadfaidh oibreoir na feirme an dearbhú cur i gcaighean lena mbaineann a chomhlánú;

(e)

maidir le sonraí a fhíorú:

(i)

na sonraí atá in ITDanna, agus sna dearbhuithe cur i gcaighean agus sa r-DGTG a fhíorú agus a dheimhniú, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar na fístaifid;

(ii)

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne, na bhfeirmeacha agus na ngaistí;

(iii)

i gcás ina bhfuil an oibríocht ábhartha i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus go bhfuil an fhaisnéis atá sna doiciméid sin i gcomhréir leis na barúlacha a thug breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, sínigh na ITDanna, na dearbhuithe cur i gcaighean agus an r-DGTG, le hainm agus le huimhir ICCAT scríofa go soiléir; nó i gcás easaontais, léirigh ar ITD agus na dearbhuithe cur i gcaighean ábhartha nó sa r-DGTG lena mbaineann go raibh sé nó sí i láthair, agus na cúiseanna leis an easaontas, agus luaigh go sonrach na rialacha nó na nósanna imeachta nár urramaíodh, dar le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT;

(f)

maidir le scaoileadh:

(i)

maidir le scaoileadh roimh an gcur i gcaighean, breathnaigh ar an oibríocht scaoilte ón bpeas-saighne nó ón gcaighean iompair agus tuairiscigh ar an oibríocht sin, i gcomhréir leis an bprótacal scaoilte in Iarscríbhinn XII;

(ii)

maidir le scaoileadh tar éis an chur i gcaighean, breathnú ar leithscaradh na n-iasc roimh ré agus an oibríocht scaoilte ina dhiaidh sin agus tuairisciú air sin, i gcomhréir leis an bprótacal scaoilte in Iarscríbhinn XII, lena n-áirítear trína fhíorú go gcomhlíonann cáilíocht an fhístaifeadta den leithscaradh roimhe sin na híoscaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus lena gcinntear líon na dtuinníní gorma aonair a scaoiltear saor;

(iii)

sa dá chás, an t-ordú scaoilte arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC lena mbaineann a fhíorú agus an fhaisnéis sa dearbhú scaoilte arna dhéanamh ag an deontóir nó ag an oibreoir feirme a bhailíochtú;

(g)

maidir le hoibríocht shaothraithe ar fheirmeacha:

(i)

údarú saothraithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC feirme a fhíorú;

(ii)

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus saothraithe arna ndéanamh ag máistir an tsoithigh próiseála, nó ag a ionadaí, nó ag oibreoir na feirme a bhailíochtú;

(h)

maidir le tuairisciú

(i)

clárú agus fíorú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí; maidir le gach tuinnín gorm aonair arna gclibeáil le clibeanna leictreonacha, sampláil bhitheolaíoch iomlán (otailití, an dealg agus sampla géiniteach) a dhéanamh de réir na dtreoirlínte arna n-eisiúint ag SCRS;

(ii)

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú faoi Roinn C agus deis a thabhairt do mháistir an tsoithigh iascaireachta agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis ábhartha a chur leis na tuarascálacha sin;

(iii)

na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (h)(ii) a chur faoi bhráid an eintitis a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT, lena dtarchur chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(iv)

i gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT go bhféadfadh sé nár comhlíonadh moladh ICCAT, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thíolacadh gan mhoill chuig an eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus cuirfidh an t-eintiteas sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit brataí lena mbaineann, agus chuig Rúnaíocht ICCAT; chun na críche sin, bunóidh an t-eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT córas trína bhféadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl go slán;

(v)

fianaise (i.e. grianghraif, fístaifid) a fháil, a mhéid is féidir, ar neamhchomhlíonadh féideartha a bhraitear agus iad a cheangal leis an tuarascáil ó bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

D.   Oibleagáidí na mBallstát brataí, na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste

1.

Maidir le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, áiritheoidh na Ballstáit brataí, na Ballstáit feirme nó Ballstáit an ghaiste an méid seo a leanas:

(a)

go gceadaítear rochtain dó ar phearsanra ar an soitheach peas-saighne, ar an bhfeirm agus ar an ngaiste agus ar threalamh, ar chaighin, ar threalamh agus ar thaifid an cheamara rialaithe;

(b)

má iarrtar sin air agus chun na dualgais a leagtar amach i gclár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chomhlíonadh, go gceadófar rochtain dó ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí a bhfuil na breathnóirí sannta dóibh:

(i)

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii)

scáileáin taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii)

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c)

go soláthraítear cóiríocht dó, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d’oifigigh;

(d)

go soláthraítear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta dó le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

2.

Áiritheoidh an Ballstát brataí, Ballstát an ghaiste agus an Ballstát feirme nach gcuirfidh máistrí, baill den chriú, agus ná úinéirí feirmeacha, gaistí nó soithí bac ná imeagla ar bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT i gcomhlíonadh dhualgais bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT, agus nach gcuirfear isteach air ná nach n-imreofar tionchar air, agus nach dtabharfar breab dó ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dó.

3.

Soláthrófar cóipeanna de na sonraí amha, na hachoimrí agus na tuarascálacha uile a bhaineann leis an turas iascaireachta do na Ballstáit bhrataí, do Bhallstáit an ghaiste nó do na Ballstáit feirme, ar bhealach atá i gcomhréir le haon cheanglais rúndachta sonraí is infheidhme. Cuirfear tuarascálacha breathnóirí réigiúnacha ICCAT faoi bhráid an Choiste um Chomhlíonadh agus SCRS.

4.

Údaráis inniúla na mBallstát brataí, na mBallstát feirme nó Bhallstáit an ghaiste i gcás ina bhfuil seirbhísí breathnóra á soláthar ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, féadfaidh siad a iarraidh go n-ionadófaí an breathnóir má tá fianaise acu nach bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT nó nach bhfuil na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo á ndéanamh go leordhóthanach aige nó aici. Déanfar na cásanna sin a thuairisciú do Phainéal 2.

E.   Táillí agus eagrúchán

1.

Is iad oibreoirí na bhfeirmeacha agus na ngaistí agus úinéirí na soithí peas-saighne a mhaoineoidh na costais a bhaineann le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur chun feidhme. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir agus íocfar í isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT a úsáidtear chun clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur chun feidhme.

2.

Ní shannfar aon bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT do shoitheach, do ghaiste nó d’fheirm nár íocadh na táillí ina leith, mar a cheanglaítear faoin Iarscríbhinn seo.
’.

IARSCRÍBHINN V

‘IARSCRÍBHINN XIII

DÉILEÁIL LE hÉISC MHARBHA NÓ CHAILLTE

A.   Taifead ar thuinnín gorm atá marbh nó caillte

1.

Déanfaidh an t-oibreoir deontóra, i gcás oibríocht aistrithe agus an t-iompar gaolmhar, nó oibreoir na feirme, i gcás oibríocht cur i gcaighean nó gníomhaíochtaí feirmeoireachta, an líon tuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn aon oibríocht a rialaítear faoin Rialachán seo a thuairisciú, agus déanfar é a asbhaint de chuóta ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.

2.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘éisc chaillte’ na tuinníní gorma aonair atá ar iarraidh nach raibh údar leo mar bhásmhaireachtaí tar éis na ndifríochtaí a d’fhéadfaí a bhrath le linn an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo.

B.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás le linn na gabhála agus an chéad aistrithe

1.

An líon tuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn na gabhála agus an chéad aistrithe ó shoitheach peas-saighne nó ó ghaiste, déanfar iad a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh peas-saighne nó i dtuarascáil laethúil an ghaiste maidir le gabhálacha, agus tuairisceofar iad in ITD agus i roinn 4 (Faisnéis faoin aistriú) den r-DGTG.

2.

Soláthrófar r-DGTG do mháistir an tsoithigh tarraingthe agus ranna 2 (Faisnéis faoi ghabhálacha), 3 (Faisnéis trádála) agus 4 (Faisnéis faoin aistriú) lena n-áirítear foranna maidir le 'éisc mharbha' comhlánaithe.

3.

Áireofar i roinn 2 (Faisnéis faoi ghabhálacha) de r-DGTG gach tuinnín ghoirm aonair a ghabhtar. Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i roinn 3 (Faisnéis trádála) agus i roinn 4 (Faisnéis faoin aistriú) den r-DGTG (lena n-áirítear foranna maidir le ‘éisc mharbha’) cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i roinn 2 (Faisnéis faoi ghabháil), tar éis asbhaintí na mbásmhaireachtaí uile a breathnaíodh idir an ghabháil agus cur i gcrích an aistrithe.

4.

I gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh ITD ag gabháil le r-DGTG.

5.

Déanfar cóip de r-DGTG agus roinn 8 (Faisnéis trádála) comhlánaithe a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh coimhdeachta a thugann tuinnín gorm marbh i dtír (nó coinneofar iad ar an soitheach gabhála nó ar an ngaiste má tugadh go díreach i dtír iad). Beidh cóip de ITD ag gabháil leis na héisc mharbha sin agus leis an gcóip sin de r-DGTG.

6.

Beidh na cainníochtaí d’éisc mharbha taifeadta in r-DGTG an tsoithigh gabhála a rinne a ngabháil, nó i gcás comhoibríochtaí iascaireachta (‘COInna’), in r-DGTG na soithí gabhála rannpháirteacha nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain orthu atá ag glacadh páirt in COI.

C.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn aistrithe agus oibríochtaí iompair eile

1.

Tuairisceoidh máistrí na soithí tarraingthe, agus úsáid á baint as an teimpléad dá bhforáiltear i Roinn F, gach tuinnín gorm aonair a faigheann básagus iad á n-iompair. Comhlánóidh máistir an tsoithigh tarraingthe línte aonair gach uair a bhraitear iasc marbh nó iasc caillte.

2.

I gcás aistrithe breise, soláthróidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra bunchóip na tuarascála do mháistir an tsoithigh tarraingthe a bheidh ag glacadh an tuinnín ghoirm, agus coimeádfaidh sé cóip ar bord fad a mhairfidh an feachtas.

3.

Ar theacht chuig an bhfeirm cinn scríbe do chaighean iompair, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe an tacar iomlán tuarascálacha maidir le héisc mharbha a sheachadadh trí úsáid a bhaint as an teimpléad dá bhforáiltear i Roinn F chuig údarás inniúil an Bhallstáit feirme nó CPC feirme atá freagrach as an bhfeirm.

4.

Chun críche ghlacadh an chuóta atá le cinneadh ag an mBallstát brataí nó ag Ballstát an ghaiste, déanfar meáchan na n-iasc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn iompair a mheas mar a leanas:

(a)

i gcás éisc mharbha:

(i)

i gcás tabhairt i dtír, cuirfear an meáchan éifeachtach i bhfeidhm tráth an tabhairt i dtír;

(ii)

i gcás ina n-aischuirfear na héisc mharbha, déanfar meánmheáchan na dtuinníní gorma aonair a bunaíodh tráth an chur i gcaighean a chur i bhfeidhm maidir le líon na dtuinníní gorma aonair a aiscuireadh;

(b)

maidir le héisc a mheasfar ar shlí eile a bheith ina n-éisc chaillte tráth an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 50, cuirfear meánmheáchan tuinníní gorma aonair a bunaíodh tráth an chur i gcaighean i bhfeidhm maidir leis na tuinníní gorma aonair a mheasfar a bheith ina n-éisc chaillte, de réir mar a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit brataí nó Bhallstát an ghaiste mar thoradh ar an anailís a rinne sé ar an gcéad fhístaifead aistrithe i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin.

D.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean

Maidir leis na héisc a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean, déanfaidh oibreoir na feirme iad a thuairisciú ar an dearbhú cur i gcaighean. Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme go ndéanfar líon agus meáchan na dtuinníní gorma aonair a fhaigheann bás le linn oibríochtaí cur i gcaighean a thuairisciú san fhoroinn ábhartha de roinn 6 (Faisnéis faoi fheirmeoireacht) den r-DGTG.

E.   Déileáil le héisc a fhaigheann bás nó a chailltear le linn gníomhaíochtaí feirmeoireachta

Déanfaidh oibreoir na feirme éisc mharbha nó chaillte nó iad siúd a imíonn ó fheirmeacha, lena n-áirítear éisc a líomhnaítear a goideadh nó a d’éalaigh, a thuairisciú d’údarás inniúil anBhallstáit feirme díreach tar éis na héisc mharbha nó chaillte a bhrath. Beidh an fhianaise tacaíochta is gá ag gabháil le tuarascáil oibreoir na feirme (e.g. gearán arna chomhdú faoi na héisc a goideadh, tuairisc ar an damáiste i gcás ina ndéantar damáiste don chaighean). Tar éis dó an tuarascáil sin a fháil, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit feirme na hathruithe is gá i bhfeidhm nó cuirfidh sé an r-DGTG lena mbaineann ar ceal (tar éis na bhforbairtí is gá i gcóras r-DGTG).

F.   Teimpléad tuairiscithe

Tuairisciú ar éisc a fhaigheann bás le linn aistrithe agus oibríochtaí tarraingthe eile

Soitheach tarraingthe

Ainm

 

Uimhir ICCAT agus bratach

 

Uimhir ITD agus uimhir an chaighin

 

Ainm an mháistir

 

Soitheach nó soithí gabhála / gaiste

Ainm an tsoithigh nó na soithí / Ainm an ghaiste

 

Uimhir ICCAT agus uimhir COI

 

uimhir nó uimhreacha r-DGTGanna

 

Soitheach tarraingthe a bhí ann roimhe (más ann dó)

Ainm

 

Uimhir ICCAT agus bratach

 

Uimhir ITD agus uimhir an chaighin

 

Líon iomlán na dtuinníní gorma a tuairiscíodh go raibh siad básaithe (*1)

 

An fheirm chinn scríbe

CPC / Ainm / Uimhir ICCAT

 

Dáta

Líon na dtuinníní gorma marbha

Síniú an mháistir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN

 

 

’.

(*1)  I gcás aistrithe breise, déanfaidh máistir an tsoithigh tarraingthe deontóra an leagan bunaidh den tuarascáil maidir le caillteanais a sheachadadh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe glactha.


IARSCRÍBHINN VI

‘IARSCRÍBHINN XVa

Nós imeachta maidir le hoibríochtaí séalaithe caighean iompair

1.   

Sula n-imscarfar iad ar shoitheach peas-saighne, ar ghaiste, nó ar shoitheach tarraingthe, soláthróidh an t-eintiteas a oibríonn clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus údaráis inniúla an Bhallstáit 25 shéala ICCAT ar a laghad do gach breathnóir réigiúnach agus do gach breathnóir náisiúnta de chuid ICCAT atá faoina bhfreagracht, faoi seach, agus coimeádfaidh sé taifead ar na séalaí arna soláthar agus arna n-úsáid.

2.   

Beidh an t-oibreoir deontóra freagrach as na caighin a shéalú. Chun na críche sin, déanfar trí shéala ar a laghad, a chuirfear ar bhealach a chuirfidh cosc ar oscailt na ndoirse gan na séalaí a bhriseadh, a chur ar dhoras gach caighin.

3.   

Is éard a bheidh san oibríocht séalaithe físeán arna thaifeadadh ag an oibreoir deontóra agus beifear in ann na séalaí a shainaithint agus a fhíorú gur cuireadh na séalaí i gceart. Comhlíonfaidh an fístaifead na híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Beidh an fístaifead lena mbaineann ag gabháil leis na héisc go dtí an fheirm chinn scríbe. Coimeádfar cóip den fhístaifeadadh ar bord na soithí gabhála deontóra nó na ngaistí agus beidh rochtain uirthi tráth ar bith chun críoch rialaithe le linn an fheachtais iascaireachta. Cuirfear cóip den fhístaifead ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne nó ar an ngaiste, nó don bhreathnóir náisiúnta ar an soitheach tarraingthe glactha, lena tarchcur chuig údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC nó do bhreathnóir réigiúnach ICCAT atá i láthair ag an aistriú rialaithe ina dhiaidh sin.

4.   

Áireofar san fhístaifead den aistriú rialaithe ina dhiaidh sin an oibríocht neamhshéalaithe, a dhéanfar ar bhealach ina bhféadfar na séalaí a shainaithint agus a fhíorú nach ndearnadh crioscaíl leis na séalaí.

IARSCRÍBHINN XVb

Teimpléad le haghaidh dearbhú próiseála agus dearbhú saothraithe

Próiseáil / Saothrú (ciorclaigh)

Dáta an tsaothraithe(l/m/b): / /

Feirm / Gaiste (ciorclaigh)

Uimhir/Uimhreacha an chaighin/na gcaighean:

Líon na n-iasc aonair a shaothraítear:

Beomheáchan i gcileagraim an tuinnín ghoirm a shaothraítear:

Meáchan i gcileagraim an tuinnín ghoirm a shaothraítear:

uimhir/uimhreacha r-DGTG a bhaineann leis an tuinnín gorm a shaothraítear:

Mionsonraí na soithí cúnta a bhfuil baint acu leis an oibríocht:

Ainm:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Ceann scríbe an tuinnín shaothraithe (onnmhairiú, margadh áitiúil, nó eile) (déan an ceann scríbe a chiorclú)

I gcás eile, sonraigh, le do thoil, an méid seo a leanas:

Bailíochtú déanta ag breathnóir náisiúnta nó ag breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT, de réir mar is iomchuí:

Ainm an bhreathnóra:

Uimh. ICCAT:

Síniú:

’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/897/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)