European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2869

20.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tábhacht ag baint le rochtain éasca agus struchtúrtha ar shonraí, lena n-áirítear ar fhaisnéis arna soláthar ar bhonn deonach, chun gur féidir le cinnteoirí sa gheilleagar agus sa tsochaí cinntí fónta a dhéanamh a fhreastalaíonn ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Tá rochtain den sórt sin riachtanach freisin chun cur leis na deiseanna fáis d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus chun cur lena n-infheictheacht agus lena nuálaíocht. Dá rollfaí amach spásanna coiteanna Eorpacha sonraí in earnálacha ríthábhachtacha, lena n-áirítear an earnáil airgeadais, d’fhreastalófaí ar an gcuspóir go soláthrófaí rochtain éasca ar fhoinsí iontaofa faisnéise sna hearnálacha sin. Meastar go rachaidh an earnáil airgeadais féin faoi chlaochlú digiteach sna blianta atá le teacht, agus ba cheart don Aontas tacú leis an gclaochlú sin, trí airgeadas sonraíbhunaithe a chur chun cinn go háirithe. Ina theannta sin, maidir le hairgeadas inbhuanaithe a chur i gcroílár an chórais airgeadais, is modh ríthábhachtach é chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach. Ionas go n-éireoidh leis an aistriú glas sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rialachas sóisialta gnólachtaí inrochtana go héasca d’infheisteoirí ionas go mbeidh siad níos eolaí agus cinntí á ndéanamh acu faoi infheistíochtaí. Chun na gcríoch sin, maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais, neamhairgeadais agus faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol, le cúrsaí sóisialta agus leis an rialachas maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha (‘eintitis’) a gceanglaítear orthu faisnéis den sórt sin a chur ar fáil don phobal, nó a dhéanann faisnéis den sórt sin a nochtadh go poiblí do chomhlacht bailiúcháin ar bhonn deonach, is gá an méid sin a fheabhsú. Is modh éifeachtúil é chun é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ardán láraithe a bhunú, lena dtabharfar rochtain leictreonach ar an bhfaisnéis ábhartha uile.

(2)

I dteachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses - new action plan [Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil - plean gníomhaíochta nua], mhol an Coimisiún feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais de chuid eintiteas trí phointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a chruthú. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A digital finance strategy for the EU [Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach], leagtar amach i dtéarmaí ginearálta conas a d’fhéadfadh an tAontas claochlú digiteach an airgeadais a chur chun cinn sna blianta amach romhainn, go háirithe conas is féidir maoiniú sonraíbhunaithe a chur chun cinn. Ina dhiaidh sin, i dteachtaireacht uaidh an 6 Iúil 2021 dar teideal Strategy for Financing the Transition to a Sustainable Economy [Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú], chuir an Coimisiún airgeadas inbhuanaithe i gcroílár an chórais airgeadais mar mhodh ríthábhachtach chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019.

(3)

Bunaítear ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun rochtain éasca láraithe a sholáthar don phobal ar fhaisnéis faoi eintitis agus faoina dtáirgí atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht, ar faisnéis í a cheanglaítear ar údaráis agus eintitis a fhoilsiú de bhun gníomhartha reachtacha an Aontais sna réimsí sin. Ba cheart an foilsiú sin a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal ‘comhdú uair amháin’ agus gan aon cheanglais bhreise maidir le nochtadh a bheith i gceist seachas na ceanglais sin a shonraítear le dlí. Ina theannta sin, ba cheart aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit a bheith in ann faisnéis faoina ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais nó do mhargaí caipitil nó a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin, ar bhonn deonach, d’fhonn an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2859.

(4)

Ba cheart roinnt Rialachán i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta a leasú chun feidhmiú ESAP a chumasú. Chun feidhmiú fónta agus éifeachtúil ESAP a bhaint amach ar mhodh comhréireach, is gá uas-scálú an bhailiúcháin agus an tíolactha faisnéise a dhéanamh de réir a chéile. Tá sé beartaithe go mbeidh an ceanglas chun faisnéis a chur ar fáil do ESAP ina chuid dhílis de ghníomhartha reachtacha earnála an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859 agus d’aon ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear do rochtain láraithe ar fhaisnéis ar ESAP. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le déanamh inrochtana ar ESAP agus ar na comhlachtaí bailiúcháin arna n-ainmniú chun an fhaisnéis sin a bhailiú mar chuid den athbhreithniú ar na gníomhartha reachtacha earnála sin de chuid an Aontais, chun a áirithiú go dtabharfar le ESAP rochtain éasca láraithe do rannpháirtithe sa mhargadh ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu agus go dtiocfaidh ESAP chun bheith ina phointe tagartha.

(5)

Ba cheart ESAP a bhunú le tréimhse ama uaillmhianach, agus céimeanna idirmheánacha á nglacadh chun a fhóntacht oibríochtúil agus a éifeachtúlacht a áirithiú. Go háirithe, ba cheart am leordhóthanach a leithdháileadh chun ESAP a chur chun feidhme go teicniúil agus chun faisnéis a bhailiú atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit. Ba cheart céim thosaigh 12 mhí a bheith ag forbairt ESAP chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun an bonneagar TF a bhunú agus chun é a thástáil ar bhonn líon teoranta sreafaí faisnéise a bhailiú. Ina dhiaidh sin, ba cheart, le himeacht ama, líon breise sreafaí faisnéise agus feidhmiúlachtaí a ionchorprú de réir a chéile i bhforbairt ESAP, ar luas lenar féidir ESAP a fhorbairt ar bhealach fónta éifeachtúil. Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh ar fheidhmiú ESAP le linn a chur chun feidhme agus a oibríochta chun go bhféadfaí aon choigeartuithe a dhéanamh chun freastal ar riachtanais a chuid úsáideoirí agus chun a éifeachtúlacht theicniúil a áirithiú.

(6)

Chun críocha fheidhmiú ESAP, ba cheart comhlachtaí bailiúcháin a ainmniú chun faisnéis atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht a bhailiú ó eintitis. In éagmais comhlacht bailiúcháin atá bunaithe cheana féin faoi dhlí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith solúbtha maidir le bailiú faisnéise ina ndlínse a eagrú, ba cheart dóibh comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad a ainmniú, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/2859, chun faisnéis a bhailiú agus a stóráil, agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ESMA dá réir sin. Chun críche faisnéis a chur ar fáil ar ESAP ar bhealach costéifeachtúil, ba cheart bailiú, tarchur agus stóráil na faisnéise a bheith bunaithe, a mhéid is féidir, ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana maidir le bailiú, tarchur agus stóráil atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chomh maith leis na nósanna imeachta agus leis an mbonneagar atá i bhfeidhm chun faisnéis a tharchur ó na comhlachtaí bailiúcháin chuig ESMA.

(7)

Chun a áirithiú go soláthrófar le ESAP rochtain thráthúil ar fhaisnéis atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht mar a leagtar amach i Rialachán (AE)2023/2859, ba cheart d’eintitis a bhfaisnéis a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin an tráth céanna a chuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal. Dá réir sin, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin an fhaisnéis a chur ar fáil do ESAP ar bhealach uathoibrithe. Ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin leas a bhaint, a mhéid is féidir, as na nósanna imeachta agus as an mbonneagar atá ann cheana maidir le bailiú faisnéise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun faisnéis a tharchur chuig ESMA gan moill mhíchuí.

(8)

Ionas go bhféadfaí an fhaisnéis ar ESAP a úsáid go digiteach, ba cheart d’eintitis an fhaisnéis a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart na meiteashonraí arna n-iarraidh ag na comhlachtaí bailiúcháin sin a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó ag ESMA (ar a dtugtar le chéile ‘Údaráis Maoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’) a ghlacadh, lena sonraítear na meiteashonraí le haghaidh gach píosa faisnéise, conas a dhéanfar na sonraí san fhaisnéis a struchtúrú, an fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus an fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid i gcásanna den sórt sin. Maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta, ba cheart do na ÚMEnna, ag gníomhú dóibh tríd an gComhchoiste, idirchaidreamh a dhéanamh le EFRAG maidir le forbairt na ndréachtchaighdeán sin. Ba cheart bonn cirt a bheith le formáid mheaisín-inléite a thabhairt isteach i ngeall ar anailís a dhéanamh lena gcuirfí san áireamh na costais agus na tairbhí d’eintitis agus d’úsáideoirí na faisnéise agus d’aon pháirtithe eile lena mbaineann, go háirithe na comhlachtaí bailiúcháin, na húdaráis inniúla agus ÚMEnna.

(9)

Níor cheart na comhlachtaí bailiúcháin a bheith freagrach as cruinneas ábhar na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis a fhíorú, mura rud é go bhfuil sainordú acu é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859. Ba cheart eintitis a thíolacann faisnéis ar bhonn éigeantach a bheith freagrach as cruinneas na faisnéise a thíolactar de bhun a n-oibleagáidí dlíthiúla faoi na gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn sin nó faoin dlí náisiúnta.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 19 Eanáir 2022.

(11)

Thug an Banc Ceannais Eorpach tuairim uaidh an 7 Meitheamh 2022 (8).

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh na faisnéise poiblí is ceart a bheith inrochtana trí ESAP a chomhchuibhiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:

Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11a, pointe 2:

‘2.   Foilseoidh ESMA ar láithreán gréasáin (‘ardán rátála Eorpach’) na rátálacha indibhidiúla creidmheasa arna gcur faoina bhráid de bhun mhír 1.

Déanfar an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ionchorprú san ardán rátála Eorpach.

Féadfaidh an pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE)/2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) feidhmeanna an ardáin rátála Eorpaigh a chomhlíonadh.

(*1)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).’;"

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 13a

Inrochtaineacht faisnéise ar ESAP

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8(6) agus (7), Airteagal 8a(1) agus (3), Airteagal 10(1) agus (4), Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar ESAP.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na gníomhaireachta rátála creidmheasa, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;

(vi)

an tír ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;

(vii)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun críoch an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 8d(2), Airteagal 11(2), Airteagal 11a(1) agus (2), Airteagal 18(3), Airteagal 24(5) agus Airteagal 36d(1) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.’.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

I Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Iúil 2026 [30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/289;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid an duine de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh daoine dlítheanacha aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun críche an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

4.   Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013

I Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 17a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA an fhaisnéis sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Rialachán seo chun an bunachar lárnach sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

I Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 18a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA an fhaisnéis sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag údaráis inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Rialachán seo chun an bunachar lárnach sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 5

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

I Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 434b

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na hinstitiúide lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid na hinstitiúide de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh institiúidí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun críoch an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ÚBE.

4.   Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 6

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014

I Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 13a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta iniúchóireachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid an ghnólachta iniúchóireachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gnólachtaí iniúchóireachta ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, tar éis dul i gcomhairle le CCEFI, chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Airteagal 7

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

I Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 21a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2) agus Airteagal 19(3) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar duine dlítheanach é, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid, de réir catagóire, an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar duine dlítheanach é, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh eisitheoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2028, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go bhfuil cead ag údarás inniúil féin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(3) den Rialachán seo a phoibliú, chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(3) den Rialachán seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

5.   Ón 10 Eanáir 2028,déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 34(1) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanra san fhaisnéis.

6.   Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 8

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

I Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 23a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6), Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagail 18(4) agus 27(1), Airteagal 34, Airteagail 40(5) agus 42(5), 44(2), 45(6) agus Airteagal 48 den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8). Is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 9

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014

I Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 29a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair bheidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo á phoibliú aige, déanfaidh an monaróir PRIIPanna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun é a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

Leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an mhonaróra PRIIP lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid an mhonaróra PRIIP de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh monaróirí PRIIP ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2028, chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859, agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 27(1) agus 29(1) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (8), den Rialachán seo.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an mhonaróra PRIIP lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1, a áirithiú, forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚMEnna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh siad tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 10

Leasú ar Rialachán (AE) 2015/760

I Rialachán (AE) 2015/760, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 25a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an dara fomhír, den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA an fhaisnéis sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag údarás inniúil ELTIFanna i gcomhréir le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, den Rialachán seo chun an clár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an dara fomhír, den Rialachán seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile ELTIF údaraithe lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh ELTIF údaraithe, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 11

Leasú ar Rialachán (AE) 2015/2365

I Rialachán (AE) 2015/2365, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 32a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh stórtha trádála an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an stóir trádála lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an stóir trádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an stóir trádála de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh stórtha trádála aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22(4), pointe (b), Airteagal 25(3) agus Airteagal 26(1) agus (4) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an duine lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(3), Airteagal 19(8) agus Airteagal 25(1), an dara habairt, agus Airteagal 25(2), an dara habairt, den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an stóir trádála lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an stóir trádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 12

Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1011

I Rialachán (AE) 2016/1011, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 28a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), Airteagal 11(1), pointe (c), Airteagail 12(3), 13(1), 25(7), 26(3), 27(1) agus 28(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an riarthóir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) …/…+;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid an riarthóra de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh riarthóirí ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sna comhlachtaí bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 13

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1129

I Rialachán (AE) 2017/1129, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 21a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Iúil 2026, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointí (f) agus (g), Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), Airteagail 8(5), 9(4), 10(2), 17(2), 21(1), 21(9) agus 23(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora, ainmneacha uile an tairgeora nó ainmneacha uile an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tairgeora nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh eisitheoirí, tairgeoirí, nó daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar daoine dlítheanacha iad, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil. Bainfidh an t-údarás inniúil, a mhéid is féidir, leas as na nósanna imeachta agus an bonneagar arna gceapadh agus arna gcur chun feidhme agus Airteagal 25(6), den Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

4.   Ón 10 Iúil 2026, chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 42(1) den Rialachán seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora nó, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha uile an tairgeora, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora nó, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tairgeora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 14

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1131

I Rialachán (AE) 2017/1131, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 37a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA na sonraí sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo chun an clár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 15

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1238

I Rialachán (AE) 2019/1238, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 70a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an soláthraí TPPU an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an tsoláthraí TPPU lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí TPPU, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an tsoláthraí TPPU de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh soláthraithe TPPU aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2028, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 65(6) den Rialachán seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ÚEÁPC.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an tsoláthraí TPPU lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí TPPU, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 63(4) agus Airteagal 69(1) agus (4) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an tsoláthraí TPPU lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí TPPU, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚEÁPC measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚEÁPC treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2033

I Rialachán (AE) 2019/2033, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 46a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid a Sé den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an ghnólachta infheistíochta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gnólachtaí infheistíochta aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ÚBE.

4.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 17

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2088

I Rialachán (AE) 2019/2088, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 18a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 4(1), (3), (4) agus (5), Airteagail 5(1) agus 10(1) den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó ainmneacha uile an chomhairleora airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chomhairleora airgeadais mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó méid na gcomhairleoirí airgeadais, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais ar daoine dlítheanacha iad aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2028, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚMEnna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh siad tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   I gcás inar gá, déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 18

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/1114

I Rialachán (AE) 2023/1114, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 110a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 88(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora, ainmneacha uile an tairgeora nó ainmneacha uile an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tairgeora nó aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

i gcás daoine dlítheanacha, méid, de réir catagóire, an eisitheora, an tairgeora nó an duine, atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 109 agus 110 den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, ainmneacha uile eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus ainmneacha uile an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 19

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2631

I Rialachán (AE) 2023/2631, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15 a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon cheann acu seo a leanas á phoibliú aige:

(a)

an bhileog eolais, an t-athbhreithniú réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog eolais, tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an t-athbhreithniú iareisiúna a bhaineann le tuarascáil leithdháilte bhliantúil amháin, nó a bhaineann le roinnt tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an tuarascáil tionchair, an t-athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

an nochtadh réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 20, agus an nochtadh iareisiúna tréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 21;

déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 nó 4 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an eisitheora, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, an dara fomhír, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

4.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Nollaig 2023

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 307, 12.8.2022, lch. 3.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(19)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(22)  Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).

(23)  Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

(27)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2869/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)