ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 248

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
13 Iúil 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/1134ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú

11

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 248/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1133 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (e) d’Airteagal 78(2), pointe (d) d’Airteagal 82(1), pointe (a) d’Airteagal 87(2) agus Airteagal 88(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (3), bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch do mhalartú sonraí víosaí idir Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí VIS, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le malartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit d’fhonn scrúdú ar iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagadh amach na rialacha faoi chlárú na n-aitheantóirí bithmhéadracha in VIS. Le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (6), bunaíodh an rochtain atá ag údaráis fhorfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) ar VIS. Ba cheart an Cinneadh sin a lánpháirtiú i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun é a chur i gcomhréir le creat an Chonartha atá ann faoi láthair.

(2)

Le Rialacháin (AE) 2019/817 (7) agus 2019/818 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh idir-inoibritheacht idir córais áirithe faisnéise AE ionas go ndéanfadh na córais sin agus a gcuid sonraí forlíonadh ar a chéile d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú, d’fhonn rannchuidiú le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac agus d’fhonn rannchuidiú le leibhéal ard slándála laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear caomhnú na slándála poiblí agus an bheartais phoiblí agus coimirciú na slándála i gcríocha na mBallstát.

(3)

A bhuí leis an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE, tá na córais sin in ann a bheith ag forlíonadh a chéile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun rannchuidiú leis an gcalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta sonraí na gcóras faisnéise AE ábhartha a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil na gcóras faisnéise AE ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú do na Ballstáit, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn na córais faisnéise AE ábhartha a neartú agus a shimpliú, chun rochtain údaráis forfheidhmithe dlí ar VIS, an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus Eurodac a shruthlíniú, agus chun tacú le cuspóirí VIS, Chóras Faisnéise Schengen (SIS), EES, ETIAS, Eurodac, agus an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN).

(4)

Leis na comhchodanna idir-inoibritheachta, cumhdaítear VIS, SIS, EES, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol chun go gcumasófar cuardach a dhéanamh ar shonraí Europol san am céanna leis na córais faisnéise AE sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na comhchodanna idir-inoibritheachta sin a úsáid chun na cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh agus, le linn VIS a cheadú, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 a úsáid chun cur ar chumas údaráis na mBallstát rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil, chórasach, rialaithe a bheith acu ar chórais faisnéise AE, ar shonraí Europol agus ar bhunachair sonraí Interpol a bhíonn ag teastáil chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcearta rochtana, agus chun tacú le cuspóirí VIS.

(5)

Le ESP, beifear in ann na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear sna córais faisnéise AE eile lena mbaineann a chuardach i gcomhthráth.

(6)

Ba cheart an chomparáid idir na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile agus i mbunachair sonraí eile a uathoibriú. Má léirítear le comparáid den sórt sin gurb ann do cheangal comhfhreagrach, ar a dtugtar “amas”, idir aon cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh in iarratas agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise eile sin nó sna bunachair sonraí sin, nó le sonraí pearsanta i liosta faire ETIAS, ba cheart d’oibreoir ón údarás inniúil an t-iarratas a fhíorú de láimh. Agus an cinneadh á dhéanamh i dtaobh víosa gearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó gan é a eisiúint, ba cheart an measúnú a dhéanann an t-údarás inniúil ar amais a chur san áireamh.

(7)

Leagtar síos sa Rialachán seo an modh ar a gcuirfear chun feidhme an idir-inoibritheacht agus na coinníollacha faoina mbeidh sonraí a stóráiltear in SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol, á gceadú ag próiseas uathoibrithe VIS chun críche amais a shainaithint. Mar thoradh air sin, tá sé riachtanach Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013 (9), (AE) 2016/794 (10), (AE) 2018/1862 (11), (AE) 2019/816 (12) agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun VIS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol.

(8)

Maidir leis na coinníollacha faoina bhfuil na húdaráis víosaí, de pháirt amháin, in ann sonraí a stóráiltear in Eurodac a cheadú, agus, faoina bhfuil údaráis ainmnithe VIS, den pháirt eile, in ann sonraí Europol, sonraí áirithe SIS agus sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN a cheadú chun críocha VIS, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire, beachta maidir le rochtain na n-údarás sin ar na sonraí sin, maidir le cineál na gcuardach agus na gcatagóirí sonraí, agus ba cheart an méid sin go léir a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun dualgais na n-údarás sin a chomhlíonadh. Ar an dul céanna, níor cheart na sonraí a stóráiltear i gcomhad iarratais VIS a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin a oibríonn na córais faisnéise fholuiteacha i gcomhréir leis na socruithe dá gcuid rannpháirtíochta.

(9)

Le Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), déantar cúraimí nua a leithdháileadh ar Europol amhail tuairimí a chur ar fáil tar éis d’údaráis ainmnithe VIS agus d’Aonaid Náisiúnta ETIAS iarrataí ar cheadú a dhéanamh. Chun na cúraimí sin a chur chun feidhme, is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin.

(10)

Chun tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh iarratasóir ar víosa gearrfhanachta, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí, ba cheart VIS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil ceangal comhfhreagrach ar bith ann idir sonraí sna comhaid iarratais VIS agus sonraí ECRIS-TCN sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát i dtaca le ciontuithe i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta.

(11)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, uaidh féin, i gcás ina bhfaightear amas i gcóras ECRIS-TCN, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sna Ballstáit a léirítear. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéis a fhaightear as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

(12)

Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(13)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(14)

A mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (16). Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann sé le Europol, Eurodac agus ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (18).

(16)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (19), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (20).

(17)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú le Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (22).

(18)

Ionas go mbeidh an Rialachán seo ag luí leis an gcreat dlí atá ann cheana, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL Via

ROCHTAIN AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ

Airteagal 22a

Rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí

Beidh rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin chun fíorú de láimh a dhéanamh ar amais a spreagtar mar thoradh ar na cuardaigh uathoibrithe a dhéanann VIS de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus chun iarratais ar víosaí a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Airteagal 22b

Idir-inoibritheacht le VIS

Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), beidh Eurodac nasctha leis an tairseach chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).”;"

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Taifid nó logaí a choimeád chun críocha idir-inoibritheachta le VIS

Nuair atá Eurodac á cheadú, dá dtagraítear in Airteagal 22a den Rialachán seo, coimeádfar taifead nó log ar gach oibríocht phróiseála sonraí a dhéantar in Eurodac agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(q)

tuairim a chur ar fáil tar éis iarraidh ar cheadú a fháil dá dtagraítear in Airteagal 9e(4), Airteagal 9g(4) agus Airteagal 22b(14) agus (16) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rochtain ag Eurojust, ag OLAF agus, chun críocha ETIAS amháin, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, chun críocha VIS amháin, ag údaráis ainmnithe VIS ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas údaráis ainmnithe VIS, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar shonraí arna gcur ar fáil chun críocha phointe (a) d’Airteagal 18(2) den Rialachán seo, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag an mBallstát, ag an gcomhlacht de chuid an Aontais, ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis i gceist ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Rialachán seo.

I gcás braite, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an mbrath a chomhroinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a chomhroinnt ach amháin a mhéid a bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an mbrath chun go ndéanfadh údaráis ainmnithe VIS a gcuid cúraimí a bhaineann le VIS a chomhlíonadh, agus a mhéid sin amháin.

Beidh feidhm ag míreanna 2 go 7 den Airteagal seo dá réir.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Logaí a choinneáil chun críocha idir-inoibritheachta le VIS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in SIS agus VIS de bhun Airteagal 50a den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

in Airteagal 44(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(g)

amais a spreagadh mar thoradh ar chuardaigh uathoibrithe ó VIS a fhíorú de láimh agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le hAirteagail 9d agus 9g nó le hAirteagal 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 50a

Idir-inoibritheacht le VIS

Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), déanfar SIS Láir a cheangal le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*7)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”."

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(d)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus in Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) na sonraí in ECRIS-TCN a úsáid chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 2(1) agus pointe (a) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Leis an Rialachán seo, tacaítear freisin le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

“(6)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha, Eurojust, Europol agus OIPE, agus údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(c)

bratach lena léirítear, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

“1a.   Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus na sonraí seo a leanas ó phointe (a) de mhír 1, in CIR: sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; ainmneacha roimhe sin, más infheidhme, ainmneacha bréige nó ailiasanna i gcás fáil a bheith orthu, cineál agus uimhir dhoiciméid taistil an duine, i gcás fáil a bheith orthu, chomh maith le hainm an údaráis eisiúna.

Féadfaidh na sonraí dá dtagraítear i mír 3 agus, sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, cód an Bhallstáit chiontaithigh a bheith in CIR. Stórálfar sonraí eile ECRIS-TCN sa lárchóras.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gcás ina sainaithneofar amais tar éis na huathphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 27a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, beidh na bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo inrochtana agus inchuardaithe ag VIS Láir amháin chun críocha na bhfíoruithe de bhun Airteagal 7a den Rialachán seo i gcomhar le pointe (e) d’Airteagal 9a(4) nó le pointe (e) d’Airteagal 22b(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh na bratacha ná cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheicthe ag aon údarás seachas údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh a chruthaigh an taifead ar cuireadh bratach leis.”;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7.   I gcás amais, cuirfidh an lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil leis an náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach chun críche céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun na críche seo a leanas:

(a)

iarraidh a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

(b)

iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo; nó

(c)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 7a

ECRIS-TCN a úsáid le haghaidh fíoruithe VIS

1.   Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), beidh ECRIS-TCN nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh chun ECRIS-TCN a cheadú agus chun na sonraí ábhartha in VIS a chur i gcomparáid le sonraí ábhartha ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

2.   Chun na cúraimí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh, ní bheidh ceart rochtana ag údaráis ainmnithe VIS, dá dtagraítear in Airteagal 9d agus in Airteagal 22b(13) den Rialachán sin, ach ar shonraí ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

(*9)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”;"

(7)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Nuair a rachaidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 in éag, léirscriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí, lena n-áirítear aon sonraí méarlorg, aon íomhánna den aghaidh nó aon bhratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1), ón lárchóras agus ó CIR. I gcásanna ina ndéantar na sonraí a bhain le ciontú i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) a léirscriosadh ón taifead coiriúil náisiúnta, ach ina gcoinnítear faisnéis faoi chiontuithe eile an duine chéanna, ní bhainfear den taifead sonraí ach an bhratach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1). I gcás inar féidir, déanfar an léirscriosadh go huathoibríoch, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dhul in éag na tréimhse coinneála.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, léirscriosfar na bratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) go huathoibríoch 25 bliana tar éis an bhratach a chruthú, a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta, agus 15 bliana tar éis an bhratach a chruthú, a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta coiriúla eile.”;

(8)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní dhéanfar na sonraí a iontráiltear sa lárchóras agus in CIR a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil le náisiúnaigh tríú tír, nó chun tacú le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Na sonraí a iontráiltear in CIR, déanfar iad a phróiseáil chomh maith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/818 d’fhonn ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le VIS

I dtaca leis na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagal 7a den Rialachán seo, coinneofar loga i gcás gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a dhéantar in CIR agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 20:

“(20)

ciallaíonn ‘údaráis ainmnithe’ na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit mar a shainmhínítear i bpointe (3a) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i bpointe (26) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus i bpointe (21) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240;”;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Chun críocha Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, stórálfar in CIR freisin, arna scaradh go loighciúil ó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816. Ní bheidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816 ach ar an mbealach dá dtagraítear in Airteagal 5(7) den Rialachán sin, agus ar an mbealach sin amháin.”;

(3)

in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na huathphróiseála de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus chun na gcríoch sin amháin, ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

(*10)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”."

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chuirfear tús le hoibriú VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 154.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 286) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (IO C 227, 14.6.2021, lch. 20). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).

(7)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(8)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56).

(12)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(15)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(16)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(17)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(18)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(19)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(20)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(21)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(22)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 248/11


RIALACHÁN (AE) 2021/1134Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (a), (b), (d) agus (e) d’ Airteagal 77(2) agus pointe (a) d’Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (3) a bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch chun sonraí víosaí a mhalartú idir Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí VIS, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le sonraí faoi víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit d’fhonn scrúdú ar iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagadh amach na rialacha faoi chlárú na n-aitheantóirí bithmhéadracha in VIS. Le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (6), leagadh síos na coinníollacha faoina bhfuil údaráis ainmnithe Ballstát agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) in ann rochtain a fháil chun VIS a cheadú chun na gcríoch cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Cuireadh tús le hoibríochtaí VIS an 11 Deireadh Fómhair 2011 agus de réir a chéile a rolladh amach é i gconsalachtaí na mBallstát uile idir Deireadh Fómhair 2011 agus Feabhra 2016.

(2)

Is iad cuspóirí foriomlána VIS feabhas ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí láir trí mhalartú sonraí idir Ballstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú; ‘an tsiopadóireacht víosaí’ a chosc; an comhrac i gcoinne na calaoise aitheantais a éascú; seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú; cuidiú le haon duine a shainaithint nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici; éascu a dhéanamh ar an gcinneadh i dtaobh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); agus rannchuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach aon ceann de na Ballstáit a chosc.

(3)

Sa teachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016 dar teideal Stronger and Smarter Information Systems for Borders and Security [Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste um Theorainneacha agus Slándáil], thug an Coimisiún cuntas ar an ngá atá ann go ndéanfadh an tAontas neartú agus feabhsú ar a chuid córas faisnéise, ar an ailtireacht sonraí agus ar an malartú faisnéise i réimse an bhainistithe teorann, fhorfheidhmiú an dlí agus na frithsceimhlitheoireachta, agus chuir sé béim ar an ngá atá le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise. Sainaithníodh sa teachtaireacht freisin gur gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise, lena n-áirítear maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa fadfhanachta ina seilbh acu.

(4)

I dtreochlár 2016 uaithi chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an mbainistiú faisnéise, agus sna conclúidí uaithi an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an mbealach chun cinn i dtaca le feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais a áirithiú, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tabhairt faoi staidéar indéantachta chun go mbunófar lárstóras de chuid an Aontais ina mbeidh faisnéis faoi víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe. Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún dhá staidéar arbh é an chonclúid a bhí leo gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú stórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha teicniúil ab fhearr, agus go mbeadh sé riachtanach agus comhréireach raon feidhme VIS a leathnú chun go mbeadh faisnéis faoi víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe san áireamh ann.

(5)

Sa teachtaireacht uaidh an 27 Meán Fómhair 2017 dar teideal Delivery of the European Agenda on Migration [Cur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce], luaigh an Coimisiún nach amháin gur uirlis bhunriachtanach d'éascú na turasóireachta agus d'éascú cúrsaí gnó atá i gcomhbheartas víosaí an Aontais, ach gurb uirlis ríthábhachtach é le rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta chuig an Aontas a chosc. Sa teachtaireacht sin, d’aithin an Coimisiún gur gá an comhbheartas víosaí a chur in oiriúint fós do na dúshláin atá ann faoi láthair, agus réitigh TF nua á gcur san áireamh agus an sochar a bhaineann le taisteal éascaithe le víosa á chur i gcothromaíocht le himirce fheabhsaithe, leis an tslándáil agus le bainistiú teorainneacha. Dúirt sé sa teachtaireacht sin go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat dlí VIS, agus é mar aidhm aige sin próiseáil víosaí a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le gnéithe a bhaineann le cosaint sonraí agus rochtain d'údaráis forfheidhmithe dlí, rud a chuirfeadh le húsáid VIS le haghaidh catagóirí agus úsáidí nua sonraí agus chun úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí idir-inoibritheachta.

(6)

Sa teachtaireacht uaidh an 14 Márta 2018 maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat dlí VIS, mar chuid de phróiseas machnaimh níos leithne ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise.

(7)

In Airteagal 21 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (8) (Coinbhinsiún Schengen), tugtar do shealbhóirí ceadanna cónaithe bailí nó víosaí fadfhanachta bailí an ceart chun saorghluaiseachta laistigh de chríoch na bpáirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar feadh tréimhse nach faide ná 90 in aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na páirtithe conarthacha sin a aithint go frithpháirteach. Faoi láthair, níl aon bhealach ann chun a sheiceáil an bhféadfadh iarratasóirí ar cheadanna cónaithe nó víosaí fadfhanachta den sórt sin nó sealbhóirí ceadanna cónaithe nó víosaí fadfhanachta den sórt sin a bheith ina mbagairt ar shlándáil na mBallstát seachas an Ballstát a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise atá ann faoi láthair, ba cheart faisnéis faoi iarratasóirí ar víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe agus faoi shealbhóirí víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a stóráil in VIS. A mhéid a bhaineann leis na doiciméid sin, ba cheart é a bheith de chuspóir ag VIS tacú le hardleibhéal slándála, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis maidir le limistéar Schengen mar limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, trí chuidiú lena mheas cibé acu atá iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis freisin éifeachtacht agus éifeachtúlacht seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha agus seiceálacha laistigh de chríoch na mBallstát a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta a fheabhsú. Ba cheart do VIS cuidiú chun aon duine a shainaithint nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, go háirithe chun filleadh an duine sin a éascú. Ba cheart dó rannchuidiú freisin le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú; ceart-sainaithint daoine a áirithiú; cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a éascú; agus tacú le cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (SIS).

(8)

Ba cheart Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB a chomhtháthú i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 chun na rialacha maidir le bunú agus úsáid VIS a chomhdhlúthú in aon Rialachán amháin.

(9)

Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, ba cheart struchtúr VIS a leagan síos freisin. Ba cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) a bheith freagrach as forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil VIS agus a chomhpháirteanna. I gcás ina ndéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí ar bith a bhaineann le VIS, ba cheart dó faireachán géar a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, go háirithe forálacha maidir leis an tslándáil, rúndacht agus cosaint sonraí. Níor cheart bainistiú oibríochtúil VIS a chur de chúram ar chuideachtaí ná ar eagraíochtaí príobháideacha.

(10)

Nuair a bhí Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á ghlacadh, aithníodh nár mhór aghaidh a thabhairt ar cheist leordhóthanacht iontaofacht mhéarloirg na leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois chun críoch sainaitheanta agus fíoraithe agus, go háirithe, ar éabhlóid na méarlorg de réir mar a théitear in aois, ar bhonn staidéar a bhí le déanamh faoi fhreagracht an Choimisiúin. Is é ba chonclúid do staidéar dar teideal Fingerprint Recognition for Children [Leanaí a Aithint as a gCuid Méarlorg] a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde in 2013 gur féidir aithint méarlorg leanaí idir 6 bliana agus 12 bhliain a dhéanamh le leibhéal sásúil cruinnis faoi choinníollacha áirithe. I mí na Nollag 2017, leis an dara staidéar dar teideal Automatic fingerprint recognition: from children to elderly [Aithint Uathoibríoch na Méarlorg: ón leanbh go dtí an duine aosta], deimhníodh an toradh sin agus tugadh tuilleadh léargais ar thionchar na haoise ar cháilíocht na méarlorg. Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún staidéar eile in 2017 dar teideal Feasibility and implications of lowering the fingerprinting age for children and on storing a scanned copy of the visa applicant's travel document in the Visa Information System (VIS) [An indéantacht agus na himpleachtaí a bhaineann leis an aois méarlorgaireachta do leanaí a laghdú agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra ar víosa a stóráil sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS)], ar staidéar é a tugadh chun críche in 2018 agus inar fiosraíodh an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann leis an aois méarlorgaireachta do leanaí a ísliú go 6 bliana sa phróiseas víosa. Is é toradh an staidéir sin gur fearr a d'fhéadfaí cuspóirí VIS a bhaint amach ach an aois méarlorgaireachta a ísliú, go háirithe i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise aitheantais agus i dtaca leis na seiceála ag pointe trasnaithe teorann seachtraí a éascú, agus go bhféadfadh breis sochair a bheith ann dá bharr ach an comhrac i gcoinne shárú chearta an linbh, agus cosc an tsáraithe sin a neartú, go háirithe trí chumasú ar shainaithint nó fíorú céannachta leanaí ar náisiúnaigh tríú tír iad i limistéar Schengen agus atá i gcás inar sáraíodh a gcearta nó ina bhféadfaí go sárófaí iad, mar shampla toisc gur íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar leanaí iad, gur leanaí iad atá ar iarraidh nó gur mionaoisigh neamhthionlactha iad atá ag iarraidh tearmainn. San am céanna, is grúpa an-leochaileach iad leanaí agus ba cheart bailiú a sonraí bithmhéadracha a bheith faoi réir coimircí níos déine, lena n-áirítear an tréimhse choinneála i gcomhair stóráil sonraí a theorannú, agus faoi réir teorannú ar na críocha ar chucu a fhéadfar na sonraí sin a úsáid do chásanna ina bhfuil sé ar mhaithe le leas an linbh. Léiríodh sa staidéar a tugadh chun críche in 2018 freisin go mbíonn méarloirg daoine scothaosta ar chaighdeán níos ísle agus gan ach meánchruinneas ag baint leo agus moladh bearta chun na heasnaimh sin a mhaolú. Ba cheart do na Ballstáit na moltaí a sainaithníodh sa staidéar sin a leanúint agus é mar chuspóir acu cáilíocht na méarlorg agus na meaitseála sonraí bithmhéadracha a fheabhsú.

(11)

Tá na Ballstáit chun tús áite a thabhairt do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta a bhforáiltear dó sa Rialachán seo. Táthar le dea-bhail, sábháilteacht, slándáil agus tuairimí an linbh a chur san áireamh agus táthar le béim chuí a chur orthu de réir aois agus inmhe an linbh. Bíonn ábharthacht faoi leith in VIS nuair is baol gurb íospartach na gáinneála ar dhaoine an leanbh.

(12)

Ba cheart go mbainfeadh an nós imeachta maidir le víosaí agus VIS tairbhe as na forbairtí teicneolaíochta a bhaineann le híomhá den aghaidh a aithint. Ba cheart, agus íomhá d'aghaidh iarratasóirí á taifeadadh in VIS, gurbh í an riail a bheadh i bhfeidhm go ndéanfaí íomhánna beo den aghaidh a ghlacadh tráth a chuirfear iarratais isteach, agus nuair a bheidh iarratais ar víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe á bpróiseáil freisin, i gcás ina gceadaítear sin leis an dlí náisiúnta. Trí íomhánna beo den aghaidh a ghlacadh nuair a chuirfear iarratais isteach, rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí bithmhéadracha freisin, amhail 'aghaidhmhorfáil' a úsáidtear le haghaidh calaois aitheantais. Níor cheart ach íomhánna den aghaidh a rinneadh beo a úsáid le haghaidh macasamhlú bithmhéadrach.

(13)

Maidir le sonraí bithmhéadracha, arb é atá i gceist leo i gcomhthéacs an Rialacháin seo méarloirg agus íomhánna den aghaidh, is rudaí uathúla iad agus, dá bhrí sin, is iontaofa go mór iad ná sonraí alfa-uimhriúla chun críche duine a shainaithint. Mar sin féin, is ionann sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta íogaire. Leagtar síos sa Rialachán seo bunús agus coimircí le haghaidh phróiseáil na sonraí sin chun críoch shainaithint na ndaoine lena mbaineann.

(14)

Ba cheart na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an t-iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta a bheith á bpróiseáil ag VIS chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh teacht an iarratasóra isteach i gcríoch na mBallstát a bheith ina bhagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí, agus chun measúnú a dhéanamh freisin ar an riosca go ndéanfadh an t-iarratasóir imirce neamhrialta. Maidir le hiarratasóirí ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, ba cheart measúnaithe den sórt sin a theorannú do mheasúnú a dhéanamh an bhféadfadh an náisiúnach tríú tír a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí.

(15)

Ní féidir measúnú a dhéanamh ar rioscaí den sórt sin gan próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a bhaineann le céannacht an iarratasóra, an doiciméad taistil, agus sonraí ábhartha eile. Ba cheart gach mír de shonraí pearsanta in iarratas a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh a cláraíodh sna córais faisnéise agus sna bunachair sonraí seo a leanas: VIS, SIS, an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), Eurodac, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN) a mhéid a bhaineann le ciontuithe as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile, sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD Interpol), bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid Taistil lena mbaineann Fógraí (TDAWN Interpol)), liosta faire ETIAS dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus le táscairí riosca sonracha. Na catagóirí sonraí pearsanta ar cheart a úsáid chun comparáid a dhéanamh, ba cheart iad a bheith teoranta do na catagóirí sonraí atá sna córais faisnéise agus sna bunachair sonraí a cuardaíodh, i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha.

(16)

Le Rialacháin (AE) 2019/817 (11) agus (AE) 2019/818 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE áirithe ionas go n-oibríonn na córais sin agus a gcuid sonraí as lámha a chéile d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú, d'fhonn rannchuidiú le himirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, agus d'fhonn rannchuidiú le leibhéal ard slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear caomhnú na slándála poiblí agus an bheartais phoiblí agus coimirciú na slándála i gcríocha na mBallstát.

(17)

De thairbhe na hidir-inoibritheachta idir córais faisnéise AE, is féidir leis na córais sin obair as lámha a chéile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun rannchuidiú leis an gcalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta sonraí na gcóras faisnéise AE ábhartha a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil na gcóras faisnéise AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú do na Ballstáit, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn córais faisnéise AE ábhartha a neartú agus a shimpliú, chun an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí ar VIS, EES, ETIAS agus Eurodac a shruthlíniú, agus chun tacú le cuspóirí VIS, SIS, EES, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN.

(18)

Leis na comhchodanna idir-inoibritheachta, cumhdaítear VIS, SIS, EES, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN mar aon le sonraí Europol chun go gcumasófar cuardach a dhéanamh ar shonraí Europol san am céanna leis na córais faisnéise AE sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na comhchodanna idir-inoibritheachta sin a úsáid chun na cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh, agus le linn VIS a cheadú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 a úsáid chun rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil, chórasach, rialaithe ag údarás na mBallstát a chumasú ar chórais faisnéise AE, ar shonraí Europol agus ar bhunachair sonraí Interpol a bhíonn ag teastáil chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcearta rochtana, agus chun tacú le cuspóirí VIS.

(19)

Le ESP, beifear in ann na sonraí atá stóráilte in VIS agus na sonraí atá stóráilte sna córais faisnéise AE eile lena mbaineann a chuardach i gcomhthráth.

(20)

Comparáid na sonraí atá stóráilte in VIS le sonraí atá stóráilte i gcórais faisnéise eile agus i mbunachair sonraí eile, ba cheart í a bheith uathoibrithe. Má léirítear le comparáid den sórt sin gurb ann do chomhfhreagairt, dá ngairtear ‘amas’, idir aon sonra pearsanta nó aon chumasc de shonraí pearsanta atá in iarratas agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise eile sin nó sna bunachair sonraí eile sin, nó le sonraí pearsanta i liosta faire ETIAS, ba cheart d’oibreoir ón údarás inniúil an t-iarratas a fhíorú de láimh. Ag brath ar an gcineál sonraí lena spreagtar an t-amas, ba cheart don údarás inniúil víosaí nó inimirce, don Aonad Náisiúnta ETIAS dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 nó d'údarás lárnach arna ainmniú ag an mBallstát (údarás ainmnithe VIS) an t-amas a fhíorú de láimh agus a mheasúnú. Ós rud é go mbíonn amais a ghintear le córais um fhorfheidhmiú an dlí nó bhreithiúnacha nó bunachair sonraí um fhorfheidhmiú an dlí nó bhreithiúnacha níos íogaire de ghnáth, is iad údaráis ainmnithe VIS nó na hAonaid Náisiúnta ETIAS, seachas consalachtaí, ba cheart iad a fhíorú nó a mheasúnú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás amháin a ainmniú mar údarás ainmnithe VIS. Níor cheart Biúró SIRENE a ainmniú mar údarás ainmnithe VIS ach amháin má leithdháiltear a dhóthain acmhainní breise air ionas gur féidir leis an mBiúró an cúram sin a chomhlíonadh. Ba cheart an measúnú ar na hamais arna dhéanamh ag an údarás inniúil a chur san áireamh sa chinneadh maidir leis an víosa ghearrfhanachta a eisiúint nó gan í a eisiúint nó nuair a bheidh measúnú á dhéanamh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar shlándáil inmheánach nó ar shláinte phoiblí na mBallstát.

(21)

Ós rud é go mbeidh VIS mar chuid de chreat coiteann na hidir-inoibritheachta, is gá forbairt na ngnéithe agus na bpróiseas nua a bheith comhleanúnach go hiomlán le gnéithe agus próisis atá sna córais faisnéise AE eile atá mar chuid den chreat sin. Na cuardaigh uathoibrithe a sheolfar le VIS chun a fháil amach an mbeidh eolas ag córais faisnéise AE eile ar fhaisnéis faoi iarratasóir ar víosa nó ar chead cónaithe, is é an toradh a bheidh orthu sin amais in aghaidh na gcóras faisnéise AE eile sin. Tá córas cuardach den chineál céanna ann faoi láthair i gcóras amháin eile, eadhon ETIAS, agus faightear coincheap na n-amas in EES freisin, lena n-áirítear i dtaca le hidir-inoibritheacht EES-VIS, agus in SIS.

(22)

Má dhiúltaítear iarratas ar víosa ghearrfhanachta, ní ar bhonn uathphróiseáil na sonraí pearsanta sna hiarratais ar víosa, agus ar an mbonn sin amháin, ba cheart an diúltú sin a dhéanamh.

(23)

Iarratasóirí ar diúltaíodh víosa ghearrfhanachta dóibh ar bhonn faisnéis ar toradh í ar an bpróiseáil a dhéantar in VIS, ba cheart cead achomhairc a bheith acu. Is sa Bhallstát a rinne an cinneadh maidir leis an iarratas ar cheart na hachomhairc a sheoladh, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Tá feidhm ag na coimircí agus na rialacha maidir le hachomharc faoi Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

(24)

Le húsáid táscairí riosca sonracha a chomhfhreagraíonn do riosca slándála, do riosca imirce neamhrialta, nó d'ardrioscaí eipidéime a sainaithníodh roimhe sin, ba cheart rannchuidiú le hanailís a dhéanamh ar an iarratas ar víosa ghearrfhanachta. Na critéir a úsáidtear chun na táscairí riosca sonracha a shainiú, níor cheart, i gcás ar bith, iad a bheith bunaithe ar ghnéas ná ar aois an iarratasóra, agus orthu sin amháin. Níl siad le bheith bunaithe, i gcás ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine, dath, a tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, tuairim pholaitiúil nó eile, reiligiún nó creideamh fealsúnach an iarratasóra, ballraíocht an iarratasóra i gceardchumann, ballraíocht an iarratasóra i mionlach náisiúnta nó maoin, breith, míchumas nó gnéaschlaonadh an iarratasóra. A mhéid is féidir agus i gcás inarb ábhartha, ba cheart na rialacha, na nósanna imeachta agus an struchtúr rialachais maidir leis na táscairí riosca sonracha a ailíniú leo sin le haghaidh rialacha ETIAS maidir le scagadh, mar a leagtar síos in Airteagail 9, 10 agus 33 de Rialachán (AE) 2018/1240. Ba cheart do Láraonad ETIAS dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 na táscairí riosca sonracha a shainiú, a bhunú, a mheasúnú ar bhonn ex ante, a chur chun feidhme, a athbhreithniú, a scriosadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhonn ex post, tar éis dul i gcomhairle le Bord VIS um Scagadh ar a mbeidh ionadaithe ó na húdaráis víosaí láir agus na gníomhaireachtaí lena mbaineann. Chun cuidiú lena áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha agus na táscairí riosca sonracha á gcur chun feidhme, ba cheart Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha a bhunú. Ba cheart gurb é Oifigeach um Chearta Bunúsacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a sholáthróidh an rúnaíocht dá chruinnithe.

(25)

Ní mór freagraí éifeachtacha a thabhairt ar theacht chun cinn leanúnach cineálacha nua rioscaí slándála, patrúin nua imirce neamhrialta agus ardrioscaí eipidéime, agus ní mór cur ina gcoinne le modhanna nua-aimseartha. Ó tharla próiseáil méideanna suntasacha sonraí pearsanta a bheith i gceist le modhanna nua-aimseartha, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach ionas nach mbeifear ag teacht salach ach oiread agus is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach ar na cearta atá ann ar urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, agus do chosaint sonraí pearsanta.

(26)

Maidir le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta, nó náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, ba cheart a áirithiú go gcuirfear ar a laghad leibhéal seiceálacha i bhfeidhm orthu agus a chuirtear i bhfeidhm ar náisiúnaigh tríú tír atá ag déanamh iarratais ar údarú taistil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240. Chuige sin, maidir le liosta faire ETIAS, arb é atá ann sonraí a bhaineann le daoine a bhfuil amhras ina dtaobh go ndearna siad cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile nó gur ghlac siad páirt i gcion den sórt sin nó daoine a bhfuil táscairí fíriciúla nó cúiseanna réasúnacha ina dtaobh a thugann le fios go ndéanfaidh siad cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile, ba cheart an liosta sin a úsáid chun fíoruithe a dhéanamh i ndáil leis na catagóirí sin de náisiúnaigh tríú tír chomh maith.

(27)

Chun a ndualgas a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún Schengen, ba cheart d'iompróirí idirnáisiúnta, maidir le náisiúnaigh tríú tír a gceanglaítear orthu víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ar seilbh acu, a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta, bhailí víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ar seilbh acu trí chuardach a sheoladh chuig VIS. Ba cheart an fíorú seo a bheith indéanta trí shonraí VIS a astarraingt gach lá agus iad a chur i mbunachar sonraí ar leithligh atá inléite amháin, lena mbeifí in ann íos-fhothacar sonraí riachtanacha a astarraingt le cuardach a éascú a mbeadh freagra CGL/NÍL SÉ CGL air. Níor cheart an comhad iarratais féin a bheith inrochtana ag iompróirí idirnáisiúnta. Leis na sonraíochtaí teicniúla chun rochtain a fháil ar VIS tríd an ngeata iompróra, ba cheart an cur isteach ar thaisteal na bpaisinéirí agus ar iompróirí idirnáisiúnta a laghdú a mhéid is féidir. Chuige sin, ba cheart comhtháthú na ngeataí iompróra le EES agus ETIAS a mheas.

(28)

D'fhonn tionchar na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ar iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste a theorannú, ba cheart réitigh mhóibíleacha sho-úsáidte a chur ar fáil.

(29)

Ba cheart an measúnú ar oiriúnacht, comhoiriúnacht agus comhleanúnachas na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Choinbhinsiún Schengen dá dtagraítear sa réamhrá le Rialachán (AE) 2018/1240 chun críocha ETIAS i dtaca le forálacha maidir le hiompar thar tír ag cóistí a leathnú chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chumhdach freisin.

(30)

Ba cheart a shonrú le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 údaráis na mBallstát a bhfuil údarú acu chun rochtain a fháil ar VIS chun sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh nó a cheadú maidir le hiarratais ar víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe agus cinntí ina dtaobh chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Rialachán sin, agus, a oiread agus is gá, chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

(31)

An phróiseáil a dhéantar ar shonraí VIS maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, ba cheart di a bheith comhréireach leis na cuspóirí arna saothrú agus ba cheart di a bheith riachtanach chun cúraimí na n-údarás inniúil a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart srian a chur leis an rochtain atá ag údaráis inniúla áirithe ar shonraí i dtaca le daoine a raibh ceadanna cónaithe acu ar taifead in VIS ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó gan srianadh.

(32)

Agus VIS in úsáid acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go n-urramaítear dínit agus sláine na ndaoine a bhfuil a gcuid sonraí á n-iarraidh, agus nach ndéanann siad aon idirdhealú ar dhaoine den sórt sin ar fhorais a bhaineann le gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

(33)

Is den riachtanas é go mbeidh an fhaisnéis is nuashonraithe ag na húdaráis forfheidhmithe dlí má tá siad lena gcuid cúram a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus cineálacha tromchúiseacha coire eile. Le Cinneadh 2008/633/CGB, bunaíodh an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ag Europol ar VIS. Ba cheart an Cinneadh sin a chomhtháthú i Rialachán (CE) 767/2008, lena chur i gcomhréir le creat an Chonartha faoi láthair.

(34)

Is léir cheana féin a úsáidí atá rochtain ar shonraí VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i dtaobh daoine a maraíodh in imthosca foréigneacha a shainaithint nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, an sceimhlitheoireacht nó gáinneáil ar dhrugaí. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí VIS a bhaineann le fanachtaí fada a bheith ar fáil freisin d'údaráis ainmnithe na mBallstát agus do Europol, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(35)

Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag Europol maidir leis an gcomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe coireachta trasteorann chun tacú le coireacht a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais, ba cheart an rochtain atá ag Europol faoi láthair ar VIS faoi chuimsiú a chúraimí a chódú agus a shruthlíniú, agus na forbairtí is déanaí ar an gcreat dlí, amhail Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), á gcur san áireamh freisin.

(36)

An rochtain ar VIS chun críche cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, is ionann í agus cur isteach ar na cearta bunúsacha maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus maidir le sonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil in VIS a chosaint. Ní mór aon chur isteach den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí, agus ní mór an dlí a fhoirmliú ar bhealach a bheadh beacht a dhóthain chun gur féidir le daoine aonair a n-iompraíocht a choigeartú agus ní mór, leis an dlí, daoine aonair a chosaint ar aon treallachas agus raon feidhme na lánrogha a bhronntar ar na húdaráis inniúla agus modh a fheidhmithe a léiriú ar bhealach soiléir a dhóthain. Ní féidir aon chur isteach den sórt sin ar chearta bunúsacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leis i sochaí dhaonlathach chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint agus má tá sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá le baint amach.

(37)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2019/817 don fhéidearthacht go ndéanfaidh údarás póilíneachta de chuid Ballstáit ar thug an reachtaíocht náisiúnta an chumhacht sin dó duine a shainaithint trí bhíthin shonraí bithmhéadracha an duine sin le linn seiceáil céannachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh cúinsí sonracha ann, áfach, inar gá duine a shainaithint toisc gur chun leasanna an duine é déanamh amhlaidh. Ar chásanna den sórt sin tá cásanna ina bhfuarthas duine a bhí ar iarraidh nó a fuadaíodh, nó duine arbh íospartach gáinneála ar dhaoine é nó í. I gcásanna den sórt sin, ba cheart rochtain thapa a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí ar shonraí VIS ionas gur féidir an duine a shainaithint go tapa agus go hiontaofa, gan comhlíonadh gach réamhchoinníll agus gach coimirce bhreise ar rochtain an fhorfheidhmithe dlí a bheith ag teastáil.

(38)

I réimse an chomhair póilíneachta, is rud bunúsach atá sa chomparáid a dhéantar ar bhonn na méarlorg neamhfhollas, is é sin an rian dachtalascópach a d’fhéadfaí a aimsiú ar láthair coire. Maidir leis an bhféidearthacht méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid leis na sonraí méarlorg atá stóráilte in VIS i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil an déantóir coire nó an t-íospartach cláraithe in VIS, sin féidearthacht a bheadh ina huirlis an-luachmhar ag na húdaráis forfheidhmithe dlí chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla nuair nach bhfuil d'fhianaise ar láthair an chiona ach méarloirg neamhfhollasa.

(39)

Is gá údaráis inniúla a ainmniú i ngach Ballstát, mar aon leis na lárphointí rochtana trína bhfuil na hiarratais ar rochtain ar shonraí VIS le cur isteach, agus is gá liosta a choinneáil de na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe chun rochtain den sórt sin a iarraidh chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, nó a imscrúdú.

(40)

Maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí atá á stóráil i Lárchóras VIS, ba cheart do na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarrataí sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart an t-údar cuí a lua leo. Na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe agus atá údaraithe chun rochtain ar shonraí VIS a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe, agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as a áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán na coinníollacha rochtana a bhunaítear sa Rialachán seo. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an iarraidh ar rochtain a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh ach ina dhiaidh sin.

(41)

Chun sonraí pearsanta a chosaint agus chun an fhéidearthacht go ndéanfadh údaráis forfheidhmithe dlí cuardaigh chórasacha a sheachaint, níor cheart sonraí VIS a phróiseáil ach i gcásanna sonracha agus nuair is gá sin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar VIS a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhfaighfear faisnéis de thoradh na rochtana sin a rannchuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(42)

Níor cheart na sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS a choimeád níos faide ná mar is gá chun críocha VIS. Is iomchuí na sonraí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a stóráil ar feadh tréimhse 5 bliana ionas go bhféadfar na sonraí a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na hiarratais ar víosaí gearrfhanachta, chun rófhanacht i ndeireadh na tréimhse bailíochta a bhrath, agus chun measúnuithe slándála a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír a ghnóthaigh iad. D'fhéadfaí eisiúint víosaí gearrfhanachta amach anseo a éascú de bharr sonraí faoin úsáid a baineadh as doiciméad cheana. Níor leor tréimhse stórála ba ghiorra ná sin chun na gcríoch a luaitear. Ba cheart na sonraí a léirscriosadh tar éis tréimhse 5 bliana, mura mbeidh forais ann chun iad a léirscriosadh níos túisce.

(43)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus Rialachán (CE) Uimh.767/2008 á chur i bhfeidhm acu. Is le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a rialaítear an phróiseáil a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí ar shonraí pearsanta chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

(44)

Baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach (EBCG), mar aon le buíonta de bhaill foirne a mbíonn baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, tá siad i dteideal, de réir Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), córais faisnéise AE agus bunachair sonraí AE a cheadú nuair is gá chun a gcuid cúraimí oibríochtúla a chomhlíonadh, cúraimí a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh, faoi údarás an Bhallstáit óstaigh. Chun críche an ceadú sin a éascú, agus chun a chur ar chumas na bhfoirne rochtain éifeachtach a fháil ar shonraí VIS, ba cheart rochtain ar VIS a thabhairt dóibh. Le rochtain den sórt sin, ba ceart cloí leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha a ghabhann leis an rochtain atá i bhfeidhm ar údaráis na mBallstát atá inniúil faoi gach sainchríoch ar féidir sonraí VIS a cheadú ina taobh.

(45)

Náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh nuair nach gcomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), is cuid bhunúsach é de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, agus is cúis thábhachtach a bhaineann le leas substaintiúil an phobail é.

(46)

Chun feabhas a chur ar an gcomhar a dhéanann tríú tíortha maidir le hathghlacadh na n-imirceach neamhrialta, agus chun filleadh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a éascú arbh fhéidir go mbeadh a gcuid sonraí á stóráil in VIS, ba cheart cóipeanna de dhoiciméad taistil iarratasóirí a stóráil in VIS. Ní hionann agus faisnéis a astarraingítear as VIS, is rud a bhfuil aitheantas níos forleithne dó i dtríú tíortha atá i gcóipeanna de dhoiciméid taistil.

(47)

Níor cheart sonraí pearsanta atá stóráilte in VIS a aistriú chuig aon tríú tír ná eagraíocht idirnáisiúnta, ná iad a chur ar fáil dóibh. Mar eisceacht ón riail sin, áfach, ba cheart é a bheith indéanta sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil aistriú den sórt sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis i gcásanna aonair chun cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh nó lena filleadh nó lena athlonnú nó lena hathlonnú. In éagmais cinneadh leordhóthanachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó in éagmais coimircí iomchuí a bhfuil aistrithe faoina réir de bhun an Rialacháin sin, ba cheart é a bheith indéanta, ar bhonn eisceachtúil, sonraí VIS a aistriú chuig tríú tír chun críoch fillte nó athlonnaithe, ach sin i gcás ina bhfuil gá leis an aistriú ar chúiseanna tábhachtacha leasa phoiblí dá dtagraítear sa Rialachán sin agus sa chás sin amháin.

(48)

Ba cheart é a bheith indéanta freisin sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a aistriú chuig tríú tír i gcás eisceachtúil práinne, ina mbeadh garchontúirt a bhainfeadh le cion sceimhlitheoireachta nó dá mbeadh beatha duine i ngarchontúirt agus baint ag an gcontúirt sin le cion coiriúil tromchúiseach. Ba cheart garchontúirt do bheatha duine a thuiscint mar chontúirt a eascraíonn as cion coiriúil tromchúiseach a dhéantar in aghaidh an duine sin amhail mórdhíobháil choirp, trádáil aindleathach in orgáin dhaonna nó fíochán daonna, fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil agus gabháil giall, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus éigniú. Níor cheart sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tír ach amháin má áirithítear go gcuirfear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a fheidhmíonn VIS aon fhaisnéis maidir le taifid víosa atá ar seilbh ag an tríú tír iarrthach.

(49)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le gníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na cúraimí á ndéanamh acu a bhfuil siad freagrach astu i dtaca le bainistiú oibríochtúil VIS.

(50)

Is cuid éigeantach den nós imeachta a ghabhann le scrúdú víosaí gearrfhanachta atá i gceadú an liosta de dhoiciméid taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú, doiciméid is féidir a fhormhuiniú le víosa, faoi mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ba cheart do na húdaráis víosa an oibleagáid sin a chur chun feidhme go córasach, agus dá bhrí sin, ba cheart an liosta sin a ionchorprú in VIS ionas gur féidir fíorú uathoibríoch a dhéanamh ar dhoiciméad taistil an iarratasóra.

(51)

Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in VIS, ba cheart eu-LISA a bheith freagrach as cáilíocht sonraí a athneartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a fhorbairt agus a chothabháil, agus as tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit go tráthrialta.

(52)

Ionas gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid VIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirce agus bainistiú teorainneacha, ba cheart do eu-LISA a bheith in ann acmhainn a fhorbairt chun staidreamh a thuairisciú do na Ballstáit, don Choimisiún, agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine na sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do eu-LISA staidreamh áirithe a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/817. Níor cheart sonraí pearsanta a bheith in aon staidreamh a tháirgtear.

(53)

Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(54)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ag ceanglas víosa, ar baill teaghlaigh iad de shaoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó léi nó ar baill teaghlaigh de náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, agus nach bhfuil cárta cónaithe acu dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE. Foráiltear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus a leagtar síos sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt do na teorainneacha agus coinníollacha sin. Leagtar síos na teorainneacha agus na coinníollacha sin i dTreoir 2004/38/CE.

(55)

Faoi mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag baill teaghlaigh den sórt sin ní amháin chun dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ach tá sé de cheart acu víosa dul isteach a fháil chun na críche sin. Ní mór do na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun na víosaí riachtanacha a fháil, víosaí nach mór a eisiúint saor ina aisce a luaithe agus is féidir, agus ar bhonn nós imeachta brostaithe.

(56)

An ceart chun víosa a fháil, ní rud gan choinníoll é, mar is féidir é a dhiúltú do bhaill teaghlaigh ar fhorais a bhaineann leis an mbeartas poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tsláinte phoiblí de bhun Threoir 2004/38/CE. Ós amhlaidh atá, ní féidir sonraí pearsanta ball teaghlaigh a fhíorú ach amháin nuair a bhaineann na sonraí lena gcéannacht agus lena stádas agus a mhéid go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt slándála nó ar an mbagairt ar an tsláinte phoiblí a d'fhéadfadh a bheith i gceist leo, agus a mhéid sin amháin. Níor cheart scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar víosaí ó bhaill teaghlaigh den sórt sin ach amháin i gcoinne na n-ábhar imní atá ann ó thaobh na slándála nó na sláinte poiblí de, agus ní i gcoinne na n-ábhar imní a bhaineann le rioscaí imirce.

(57)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur gá cur chun feidhme comhbheartais maidir le víosaí a áirithiú, ardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den limistéar gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha agus a áirithiú go ndéanfar córas bainistíochta comhtháite le haghaidh na dteorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(58)

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha dochta rochtana ar VIS agus na coimircí riachtanacha. Foráiltear ann freisin do chearta rochtana, ceartúcháin agus léirscriosta daoine aonair agus leigheasanna na ndaoine aonair go háirithe don cheart ar leigheas breithiúnach agus don mhaoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí faoi chúram na n-údarás neamhspleách poiblí. Tugtar coimircí eile isteach leis an Rialachán seo chun riachtanais shonracha na gcatagóirí nua sonraí a chlúdach, sonraí a bheidh á bpróiseáil in VIS. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe ceart dínite an duine, an ceart ar shaoirse agus ar shlándáil, an ceart ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, an ceart ar thearmann agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus cosaint i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta, an ceart ar neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart ar leigheas éifeachtach.

(59)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(60)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (21); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(61)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (22), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, B, C agus F, d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (23).

(62)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (24), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, B, C agus F, d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (25) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (26).

(63)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (27), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, B, C agus F, d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (28) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (29).

(64)

Maidir leis an mBulgáir, leis an gCróit, leis an gCipir agus leis an Rómáin, is éard atá i bhforálacha an Rialacháin seo forálacha lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen faoi seach, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005 arna léamh i gcomhar le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle (30) agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

(65)

Ba cheart Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB a aisghairm. Ba cheart tagairtí do na Cinntí aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá in Iarscríbhinní I agus II, faoi seach.

(66)

Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 a leasú.

(67)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus thug sé tuairim an 12 Nollaig 2018 (32),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS)";

(2)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Bunaítear leis an Rialachán seo an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus sainítear ann cuspóir agus feidhmiúlachtaí an chórais agus na freagrachtaí atá air. Leagtar amach leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta agus ar na cinntí a dhéantar i dtaca leis sin, lena n-áirítear an cinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi, chun imscrúdú ar iarratais den sórt sin agus cinntí gaolmhara a éascú.";

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

"Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit i ndáil le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear i ndáil le cinntí áirithe i dtaca le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.";

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"Airteagal 2

Cuspóir VIS

1.   Is é cuspóir VIS feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí maidir le gearrfhanachtaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí trí mhalartú sonraí idir Ballstáit i ndáil le hiarratais agus i ndáil leis na cinntí lena mbaineann a éascú, chun na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú;

(b)

cosc a chur le seachaint na gcritéar lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar víosa;

(c)

an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;

(d)

seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;

(e)

cuidiú chun aon duine a aithint agus a fhilleadh nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici;

(f)

cuidiú chun daoine a aithint in imthosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 22p;

(g)

cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) agus Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) a éascú;

(h)

rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(i)

rannchuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit a chosc;

(j)

rannchuidiú le ceart-aithint daoine;

(k)

tacú le cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaineann le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir teacht isteach a dhiúltú, daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil nó chun críoch tabhairt suas nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha, daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.

2.   Maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, beidh sé mar chuspóir ag VIS malartú sonraí idir na Ballstáit i ndáil leis na hiarratais agus leis na cinntí lena mbaineann a éascú, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le hardleibhéal slándála sna Ballstáit uile trí rannchuidiú leis an measúnú i dtaobh an meastar go bhfuil an t-iarratasóir ar víosa fadfhanachta nó ceada cónaithe, nó sealbhóir an víosa nó an cheada sin, ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí;

(b)

seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann seachtraí agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;

(c)

cuidiú chun aon duine a aithint agus a fhilleadh nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici;

(d)

rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(e)

rannchuidiú le ceart-aithint daoine;

(f)

cuidiú chun daoine a aithint in imthosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 22p;

(g)

cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus Threoir 2013/32/AE a éascú;

(h)

tacú le cuspóirí SIS a bhaineann le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir teacht isteach a dhiúltú, daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil nó chun críoch tabhairt suas nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha, daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.

Airteagal 2a

Struchtúr

1.   Beidh VIS bunaithe ar struchtúr láraithe agus is é a bheidh ann:

(a)

an stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) a bunaíodh le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(b)

córas faisnéise lárnach ('Lárchóras VIS');

(c)

comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta (NUInna) i ngach Ballstát, bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul lena chéile do na Ballstáit uile ionas gur féidir ceangal a dhéanamh idir Lárchóras VIS agus na bonneagair náisiúnta sna Ballstáit;

(d)

bonneagar cumarsáide idir Lárchóras VIS agus NUInna;

(e)

bealach cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus Lárchóras an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES);

(f)

bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus na nithe seo a leanas:

(i)

bonneagair lárnacha na tairsí cuardaigh Eorpaí (ESP) a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817;

(ii)

an tseirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí a bunaíodh le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/817;

(iii)

CIR; agus

(iv)

an brathadóir ilchéannachtaí a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/817;

(g)

sásra do chomhairliúchán i dtaca le hiarratais agus malartú faisnéise idir údaráis víosaí (VISMail);

(h)

geata iompróra;

(i)

seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir Lárchóras VIS, de pháirt amháin, agus an geata iompróra agus córais idirnáisiúnta (bunachair sonraí Interpol), den pháirt eile;

(j)

stóras sonraí chun críoch tuairiscithe agus staidrimh.

Déanfaidh Lárchóras VIS, na NUInna, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus bonneagar cumarsáide VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí Lárchóras EES, NUInna EES, gheata iompróra ETIAS, sheirbhís gréasáin EES agus bhonneagar cumarsáide EES, faoi seach, a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.

2.   Beidh dhá NUI ar a laghad, dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, ann do gach Ballstát, a sholáthróidh an nasc fisiceach idir na Ballstáit agus líonra fisiciúil VIS. Déanfar an nasc tríd an mbonneagar cumarsáide, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, a chriptiú. Beidh na NUInna suite in áitreabh an Bhallstáit. Úsáidfear na NUInna go heisiach chun na gcríoch arna mbunú le gníomhartha reachtacha an Aontais.

3.   Déanfaidh Lárchóras VIS feidhmeanna maoirseachta teicniúla agus riaracháin agus beidh Lárchóras cúltaca VIS aige a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile Lárchóras VIS a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar an gcóras sin. Beidh Lárchóras VIS suite in Strasbourg (an Fhrainc) agus beidh Lárchóras cúltaca VIS suite in Sankt Johann im Pongau (an Ostair).

4.   Leis an mbonneagar cumarsáide, tacófar agus rannchuideofar chun go n-áiritheofar go mbeidh VIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú. Áireofar sa bhonneagar sin iomarcaíochtaí le haghaidh na nasc idir Lárchóras VIS agus Lárchóras cúltaca VIS agus iomarcaíochtaí le haghaidh na nasc idir gach NUI, de pháirt amháin, agus Lárchóras VIS agus Lárchóras cúltaca VIS, den pháirt eile. Soláthrófar leis an mbonneagar cumarsáide líonra príobháideach fíorúil criptithe tiomnaithe do shonraí VIS agus don chumarsáid i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus eu-LISA.

5.   Cuirfidh eu-LISA réitigh theicniúla chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh VIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú trí oibriú comhuaineach Lárchóras VIS agus Lárchóras cúltaca VIS, ar choinníoll go mbeidh sé fós ar chumas Lárchóras cúltaca VIS oibriú VIS a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar Lárchóras VIS, nó trí dhúbailt a dhéanamh ar an gcóras nó ar a chomhpháirteanna.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31)."

(**)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).";"

(4)

scriostar Airteagal 3;

(5)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3), (4) agus (5):

"3.

ciallaíonn “údaráis víosaí” na húdaráis i ngach Ballstát atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar iarratais agus as cinntí a dhéanamh i dtaobh iarratais ar víosaí nó atá freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur leo, lena n-áirítear na húdaráis víosaí láir agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag an teorainn;

3a.

ciallaíonn “údarás ainmnithe” údarás arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 22l(1) mar údarás atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

3b.

ciallaíonn "údarás ainmnithe VIS" údarás arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 9d(1) mar údarás atá freagrach as an bhfíorú de láimh agus as gníomhaíocht leantach i dtaca le hamais dá dtagraítear sa mhír sin;

3c.

ciallaíonn “Láraonad ETIAS” an t-aonad a bunaíodh laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

4.

ciallaíonn “foirm iarratais” an fhoirm iarratais chomhchuibhithe ar Víosa Schengen a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

5.

ciallaíonn “iarratasóir” aon duine a thaisc iarratas ar víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).";"

(b)

cuirtear isteach an méid na seo a leanas in ionad phointí (12), (13) agus (14):

"12.

ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i Lárchóras VIS agus in CIR i gcomhréir le hAirteagail 9 go 14 agus 22a go 22f;

13.

ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(a) agus (aa) d’Airteagal 9 agus i bpointe (d) d’Airteagal 22a(1);

14.

ciallaíonn “sonraí méarlorg” sonraí VIS a bhaineann le méarloirg;

15.

ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhá digiteach den aghaidh;

16.

ciallaíonn “amas” comhfhreagairt a bhunaítear trí na sonraí pearsanta atá ar taifead i gcomhad iarratais VIS a chur i gcomparáid ar bhealach uathoibrithe leis na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j nó leis na sonraí pearsanta atá stóráilte i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe in VIS, i gcóras faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 9a nó 22b (córais faisnéise AE), i sonraí Europol, nó i mbunachair sonraí de chuid Interpol a bheidh á gcuardach ag VIS;

17.

ciallaíonn "sonraí Europol" sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

18.

ciallaíonn "cead cónaithe" cead cónaithe a eisíonn Ballstát i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (**) agus doiciméad dá dtagraítear i bpointe (16)(b) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

19.

ciallaíonn "víosa fadfhanachta" údarú a eisíonn Ballstát dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Schengen;

20.

ciallaíonn “údaráis mhaoirseachta” an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***) agus an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****);

21.

ciallaíonn "forfheidhmiú an dlí" cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

22.

ciallaíonn “cion sceimhlitheoireachta” aon cheann de na cionta faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*****) nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin, na cionta faoin dlí náisiúnta atá coibhéiseach le ceann de na cionta sin;

23.

ciallaíonn “cion coiriúil tromchúiseach” cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (******), nó atá coibhéiseach leis, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é 3 bliana ar a laghad a uastréimhse.

(*)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53)."

(**)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1)."

(***)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(****)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bhíonn á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89)."

(*****)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6)."

(******)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).";"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 5 agus 6:

"Airteagal 5

Catagóirí sonraí

1.   Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:

(a)

sonraí alfa-uimhriúla:

(i)

maidir leis an iarratasóir ar víosa agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) d'Airteagal 9 agus in Airteagail 10 go 14;

(ii)

maidir leis an iarratasóir ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe agus maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh, a athnuadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagal 22a agus Airteagail 22c go 22f,

(iii)

maidir leis na hamais dá dtagraítear in Airteagail 9a agus 22b agus na tuairimí réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9e, 9g agus 22b;

(b)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (5) d’Airteagal 9 agus i bpointe (j) d’Airteagal 22a(1);

(c)

sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 agus i bpointe (k) d’Airteagal 22a(1);

(ca)

scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil dá dtagraítear i bpointe (7) d’Airteagal 9 agus i bpointe (h) d’Airteagal 22a(1);

(d)

naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(4).

1a.   Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) go (ca) agus pointí (5) agus (6) d’Airteagal 9 agus i bpointí (d) go (g), (j) agus (k) d’Airteagal 22a(1) in CIR. Déanfar an chuid eile de shonraí VIS a stóráil i Lárchóras VIS.

1b.   Ní bheidh fíorú agus aithint in VIS trí bhíthin íomhá den aghaidh indéanta ach amháin i gcomparáid le híomhánna den aghaidh atá ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh an íomhá den aghaidh beo tráth a cuireadh isteach an t-iarratas, i gcomhréir le pointe (5) d’Airteagal 9 agus pointe (j) d’Airteagal 22a(1).

2.   Gan dochar do thaifeadadh oibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34, maidir leis na teachtaireachtaí arna dtarchur le VISMail i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), ní dhéanfar iad a thaifeadadh in VIS.

Airteagal 5a

Liosta de dhoiciméid taistil aitheanta

1.   Maidir leis an liosta de dhoiciméid taistil aitheanta a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad a fhéadfar a fhormhuiniú le víosa, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), déanfar é a chomhtháthú in VIS.

2.   Le VIS, cuirfear an fheidhmiúlacht ar fáil chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta de dhoiciméid taistil aitheanta, agus chun fógra a thabhairt faoi na doiciméid taistil atá liostaithe a bheith aitheanta nó gan a bheith aitheanta de bhun Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 6

Rochtain chun sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh agus a cheadú

1.   Is d'fhoireann chuí-údaraithe na n-údarás víosaí agus ag na húdaráis atá inniúil chun iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bhailiú nó chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22a go 22f, agus acusan amháin, a fhorchoimeádfar go heisiach rochtain ar VIS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) iontráil, a leasú nó a léirscriosadh. Beidh líon na mball foirne cuí-údaraithe teoranta bunaithe ar riachtanais iarbhír a seirbhíse.

2.   Is d'fhoireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 15 go 22, Airteagail 22g go 22m, agus Airteagal 45e den Rialachán seo, agus chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817, a fhorchoimeádfar go heisiach rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú.

Beidh rochtain den sórt sin teoranta a mhéid is gá rochtain ar na sonraí chun cúraimí na n-údarás sin agus na gcomhlachtaí sin de chuid an Aontais a fheidhmiú i gcomhréir leis na críocha sin, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí arna saothrú.

2a.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid sonraí dá bhforáiltear i gCaibidlí II, III agus IIIa, ní úsáidfear sonraí méarlorg agus íomhánna d'aghaidh leanaí ach chun VIS a chuardach agus, i gcás amas a fháil, ní dhéanfar iad a rochtain ach chun céannacht an linbh a fhíorú:

(a)

mar chuid den nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa i gcomhréir le hAirteagal 15; nó

(b)

ag na teorainneacha seachtracha nó laistigh de chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagail 18, 19 nó 20 nó le hAirteagal 22g, 22h nó 22i.

I gcás nach féidir cuardach le sonraí alfa-uimhriúla a dhéanamh mar gheall ar easpa doiciméid taistil, féadfar sonraí méarlorg leanaí a úsáid freisin chun VIS a chuardach mar chuid den nós imeachta tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21, 22, 22j nó 22k.

2b.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 22h, i gcás daoine a raibh ceadanna cónaithe bailí ar seilbh acu atá ar taifead in VIS ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó gan bhriseadh, ní bheidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát ach chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 22c agus an fhaisnéis maidir le stádas an cheada cónaithe a cheadú.

2c.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 22i, i gcás daoine a raibh ceadanna cónaithe bailí ar seilbh acu atá ar taifead in VIS ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó gan bhriseadh, ní bheidh rochtain ar VIS ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát ach chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 22c agus an fhaisnéis maidir le stádas an cheada cónaithe a cheadú. I gcás nach dtíolacfaidh an duine doiciméad taistil bailí nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi bharántúlacht an doiciméid taistil a tíolacadh nó i gcás inar theip ar an bhfíorú de bhun Airteagal 22h, beidh rochtain ar VIS ag na húdaráis inniúla freisin chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) agus (i) d’Airteagal 22a(1) a cheadú.

2d.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid na sonraí dá bhforáiltear in Airteagail 22j agus 22k, ní bheidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn ar shonraí VIS a bhaineann le daoine a raibh ceadanna cónaithe bailí ar seilbh acu atá ar taifead in VIS, i gcomhréir le Caibidil IIIa, ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó gan bhriseadh.

2e.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil IIIb, ní bheidh rochtain ag údaráis ainmnithe na mBallstát ná ag Europol ar shonraí VIS a bhaineann le daoine a raibh ceadanna cónaithe bailí ar seilbh acu atá ar taifead in VIS, i gcomhréir le Caibidil IIIa, ar feadh tréimhse 10 mbliana nó níos mó gan bhriseadh.

2f.   De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid na sonraí dá bhforáiltear in Airteagail 45e agus 45f, ní bheidh rochtain ag baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, cé is moite d'fhoirne bainistithe teorann, ar shonraí VIS a bhaineann le daoine a raibh ceadanna cónaithe bailí ar seilbh acu atá ar taifead in VIS, i gcomhréir le Caibidil IIIa, ar feadh tréimhse 10 bliana nó níos mó gan bhriseadh.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar VIS chun sonraí VIS a iontráil, a leasú, a léirscriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl don Choimisiún agus do eu-LISA gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 45b. Sonrófar sa liosta an cuspóir a bhféadfaidh gach údarás sonraí VIS a phróiseáil chuici. Féadfaidh gach Ballstát, tráth ar bith, an liosta a chuir sé in iúl a leasú nó a ionadú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas dá réir sin.

Na húdaráis atá i dteideal VIS a cheadú nó rochtain a fháil air chun na gcríoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ainmneofar iad i gcomhréir le Caibidil IIIb.

4.   De bhreis ar na nithe arna gcur in iúl a luaitear i mír 3, déanfaidh gach Ballstát liosta d'aonaid oibríochta na n-údarás inniúil náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar VIS chun críocha an Rialacháin seo a chur in iúl do eu-LISA gan mhoill freisin. Sonrófar sa liosta an cuspóir ar chuige a bhfuil rochtain ar shonraí VIS le tabhairt do gach aonad oibríochta. Le VIS, cuirfear an fheidhmiúlacht ar fáil chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar na liostaí sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an bhfeidhmiúlacht chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

(*)  Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an liosta de dhoiciméid taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad a fhéadfar a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra a chur ar bun chun an liosta sin a bhunú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).";"

(7)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Áiritheoidh gach údarás inniúil nach mbeidh mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta in VIS go ndéanfar idirdhealú i gcoinne iarratasóirí ar víosaí, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe nó sealbhóirí víosaí, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ar fhorais a bhaineann le gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

Le linn sonraí pearsanta a phróiseáil in VIS, déanfaidh gach údarás inniúil dínit an duine agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a lánurramú, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta faoin Rialachán seo, i gcomhréir leis na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Cuirfear dea-bhail, sábháilteacht agus slándáil an linbh san áireamh, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go bhféadfadh an leanbh a bheith ina íospartach nó ina híospartach gáinneála ar dhaoine. Cuirfear tuairimí an linbh san áireamh freisin, agus béim iomchuí á cur ar aois agus ar aibíocht an linbh.";

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

"IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ AG NA hÚDARÁIS VÍOSAÍ";

(9)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   I gcás ina mbeidh an t-iarratas inghlactha de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfaidh an t-údarás víosaí an comhad iarratais a chruthú laistigh de 3 lá oibre trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil in VIS, a mhéid a cheanglaítear ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   I gcás nach gcaithfear sonraí sonracha a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar, cuirfear “neamhbhainteach” sna réimsí sonracha sonraí. Luafar "VIS 0" i gcás nach ann do shonraí méarlorg; ina theannta sin, ceadófar leis an gcóras idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna de bhun phointí (a) go (e) d’Airteagal 13(7) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

6.   Ar chruthú an chomhaid iarratais i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, déanfar go huathoibríoch, le VIS, na cuardaigh de bhun Airteagal 9a a sheoladh agus torthaí a sheoladh ar ais. Ceadóidh an t-údarás inniúil víosaí VIS chun an t-iarratas a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 15.";

(10)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (4) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (ca):

"(a)

sloinne (ainm an teaghlaigh); túsainm nó túsainmneacha (céadainmn nó céadainmneacha); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí faoi láthair; gnéas;

(aa)

sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; náisiúntacht bhreithe;

(b)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil;

(c)

dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;

(ca)

an tír a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

"(l)

slí bheatha reatha (grúpa poist) agus fostóir; maidir le mic léinn: ainm an fhorais oideachais;";

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(n)

i gcás inarb infheidhme, gurb amhlaidh go ndéanann iarratasóir iarratas mar bhall teaghlaigh le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) maidir leis nó léi nó mar bhall teaghlaigh le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige nó aici atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus tríú tír, den pháirt eile;

(*)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, p. 77).";"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus (6):

"5.

íomhá d'aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus léiriú ann i dtaobh ar glacadh an íomhá den aghaidh beo tráth a cuireadh isteach an t-iarratas;

6.

méarloirg an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

7.

scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil.";

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

"Léireoidh an t-iarratasóir a shlí bheatha reatha nó a slí bheatha reatha (grúpa poist) ar liosta réamhshocraithe.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an liosta réamhshocraithe de shlite beatha reatha (grúpaí poist) a leagan síos.";

(11)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

"Airteagal 9a

Cuardaigh i gcórais faisnéise agus bunachair sonraí eile

1.   Déanfar na comhaid iarratais a phróiseáil go huathoibríoch le VIS chun amais a bhrath i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

2.   I gcás ina ndéanfar comhad iarratais a chruthú, seiceálfar le VIS an aithnítear an doiciméad taistil a bhaineann leis an iarratas sin i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE, trí chuardach uathoibríoch a dhéanamh sa liosta de dhoiciméid taistil aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 5a den Rialachán seo, agus seolfar toradh ar ais. Má léirítear leis an gcuardach nach n-aithníonn Ballstát amháin nó níos mó an doiciméad taistil, beidh feidhm ag Airteagal 25(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 i gcás ina n-eisítear víosa.

3.   Chun críocha na bhfíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 21(1), pointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 21(3) agus Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus chun críocha an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(1) den Rialachán seo, déanfar, le VIS, cuardach a sheoladh trí úsáid a bhaint as ESP chun na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (6) d'Airteagal 9 den Rialachán seo a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe iontu seo a leanas:

(a)

SIS;

(b)

EES;

(c)

an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240 (liosta faire ETIAS);

(d)

Eurodac;

(e)

an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN);

(f)

sonraí Europol;

(g)

bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD Interpol), agus

(h)

bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid Taistil lena mbaineann Fógraí (TDAWN Interpol).

Déanfar an chomparáid le sonraí alfa-uimhriúla agus bithmhéadracha araon, ach amháin i gcás nach bhfuil ach ceann amháin de na catagóirí sonraí sin sa chóras faisnéise nó sa bhunachar sonraí a cuardaíodh.

4.   Fíorófar le VIS, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann le SIS:

(i)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil a cailleadh, a goideadh, a mí-leithghabháladh nó a neamhbhailíodh;

(ii)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú;

(iii)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le filleadh;

(iv)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach, nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta;

(v)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal;

(vi)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

(vii)

an bhfuil an t-iarratasóir nó an doiciméad taistil faoi réir foláireamh maidir le daoine nó ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha;

(b)

a mhéid a bhaineann le EES:

(i)

an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair in EES gur rófhantóir an t-iarratasóir nó ar tuairiscíodh in EES gur rófhantóir san am atá caite an t-iarratasóir;

(ii)

an bhfuil sé ar taifead in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;

(iii)

an sárófar, leis an tréimhse fanachta a bheartaíonn an t-iarratasóir, an uastréimhse fanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, beag beann ar thréimhsí féideartha fanachta arna n-údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó cead cónaithe;

(c)

a mhéid a bhaineann le ETIAS:

(i)

an duine é an t-iarratasóir a bhfuil údarú taistil a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh ar taifead ina leith in ETIAS nó an gcomhfhreagraíonn doiciméad taistil an iarratasóra d’údarú taistil den sórt sin a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh;

(ii)

an gcomhfhreagraíonn na sonraí a sholáthraítear mar chuid den iarratas do shonraí atá i liosta faire ETIAS;

(d)

a mhéid a bhaineann le Eurodac, an bhfuil an t-iarratasóir cláraithe sa bhunachar sonraí sin;

(e)

a mhéid a bhaineann le ECRIS-TCN, an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine ar taifeadadh a shonraí nó a sonraí sa chóras sin le linn na 25 bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le ciontuithe i gcionta sceimhlitheoireachta nó le linn na 15 bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le ciontuithe as cionta coiriúla tromchúiseacha eile;

(f)

a mhéid a bhaineann le sonraí Europol, an gcomhfhreagraíonn na sonraí a soláthraíodh san iarratas do shonraí atá ar taifead i sonraí Europol;

(g)

a mhéid a bhaineann le bunachair sonraí Interpol:

(i)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh a bheith caillte, goidte nó neamhbhailíochtaithe in SLTD Interpol;

(ii)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN Interpol.

5.   Maidir le foláirimh SIS i leith daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha, i leith daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus i leith daoine nó ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha, ní dhéanfar na foláirimh sin a chuardach ach amháin chun críocha an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 2(1).

6.   Maidir le SLTD Interpol agus TDAWN Interpol, déanfar aon chuardaigh agus aon fhíorú ar dhóigh nach nochtfar aon fhaisnéis d'úinéir an fholáirimh Interpol. Mura gcomhlíontar an ceanglas dá bhforáiltear sa mhír seo, ní chuardófar, le VIS, bunachair sonraí Interpol.

7.   Maidir le sonraí Europol dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 4 den Airteagal seo, gheofar san uathphróiseáil an fógra iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 21(1b) de Rialachán (AE) 2016/794.

8.   Spreagfar amas i gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí uile as an gcomhad iarratais, nó cuid de na sonraí sin, a úsáidfear le haghaidh an chuardaigh go hiomlán nó i bpáirt do na sonraí atá i dtaifead, foláireamh nó comhad de chuid na gcóras faisnéise nó na mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 3. Saineofar sa lámhleabhar dá dtagraítear in Airteagal 9h(2) comhfhreagairt pháirteach, lena n-áirítear leibhéal dóchúlachta chun teorainn a chur le líon na n-amas bréige.

9.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 3 amas a bhaineann le pointe (a)(i), (ii) agus (iii), pointe (b), pointe (c)(i), pointe (d) agus pointe (g)(i) de mhír 4, cuirfear, le VIS, tagairt sa chomhad iarratais d'aon amas agus, i gcás inarb ábhartha, do na Ballstáit a d'iontráil nó a sholáthair na sonraí a spreag an t-amas.

10.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 3 amas a bhaineann le pointe (a)(iv), pointe (c)(ii), pointí (e) agus (f) agus pointe (g)(ii) de mhír 4, ní léireofar, le VIS, sa chomhad iarratais ach go bhfuil gá le fíorú breise.

I gcás amais de bhun phointe (a)(iv), pointí (e) agus (f) agus pointe (g)(ii) de mhír 4, seolfar, le VIS, fógra uathoibrithe maidir leis na hamais sin chuig údarás ainmnithe VIS an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais. I bhfógra uathoibrithe den sórt sin, beidh na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointí (4), (5) agus (6) d’Airteagal 9.

I gcás amais de bhun phointe (c)(ii) de mhír 4, seolfar, le VIS, fógra uathoibrithe maidir leis na hamais sin chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d'iontráil na sonraí nó, más rud é gur Europol a d'iontráil na sonraí, chuig Aonad Náisiúnta ETIAS na mBallstát a bheidh ag próiseáil an iarratais. San fhógra uathoibrithe sin beidh na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointe (4) d’Airteagal 9.

11.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 3 amas a bhaineann le pointe (a)(v), (vi) agus (vii) de mhír 4, ní thaifeadfar, le VIS, an t-amas sa chomhad iarratais ná ní léireofar sa chomhad iarratais go bhfuil gá le fíorú breise.

12.   Coimeádfar uimhir thagartha uathúil an taifid sonraí a spreag amas sa chomhad iarratais chun críche logaí a choimeád, tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 45a.

13.   Déanfar, le VIS, na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (4)(a), (aa), (g), (h), (j), (k) agus (l) d'Airteagal 9 a chur i gcomparáid leis na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j.

Airteagal 9b

Forálacha sonracha i ndáil le baill teaghlaigh de shaoránaigh den Aontas nó baill teaghlaigh de náisiúnaigh tríú tír eile ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais

1.   Maidir le náisiúnach tríú tír ar ball é nó í de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó léi nó ar ball é nó í de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus na Ballstáit, de pháirt amháin, agus tríú tír, den pháirt eile, déanfar na cuardaigh uathoibrithe de bhun Airteagal 9a(3) chun críche seiceála nach ann d'aon táscairí fíorasacha nó d'aon fhorais réasúnacha bunaithe ar tháscairí fíorasacha lena chinneadh gurbh ann do riosca don tslándáil nó d'ardriosca eipidéime i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE de bharr an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát, agus chun na críche sin amháin.

2.   Ní fhíorófar an méid seo a leanas le VIS:

(a)

an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir an t-iarratasóir nó ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite de thoradh EES a cheadú;

(b)

an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí nó a sonraí ar taifead in Eurodac.

3.   I gcás ina dtuairiscítear amas leis an uathphróiseáil de bhun Airteagal 9a(3) den Rialachán seo, ar amas é a chomhfhreagraíonn d'fholáireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1861, fíoróidh an t-údarás víosaí an foras leis an gcinneadh faoinar iontráladh an foláireamh sin in SIS. Más rud é go mbaineann an foras sin le riosca inimirce neamhdhlíthiúla, ní dhéanfar an foláireamh a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an iarratas. Déanfaidh an t-údarás víosaí i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2018/1861.

4.   Ní bheidh feidhm ag na táscairí riosca sonracha bunaithe ar rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla arna gcinneadh de bhun Airteagal 9j.

Airteagal 9c

Fíorú de láimh agus gníomhaíocht leantach i dtaca le hamais arna ndéanamh ag údaráis inniúla víosaí

1.   Maidir le haon amas de bhun Airteagal 9a(9), déanfaidh údarás inniúil víosaí an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa é a fhíorú de láimh.

2.   Chun críocha an fhíoraithe de láimh faoi mhír 1 den Airteagal seo, beidh rochtain ag an údarás inniúil víosaí ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhaid iarratais nasctha, agus ar na hamais a spreagadh le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(9).

Beidh rochtain shealadach ag an údarás inniúil víosaí freisin ar shonraí in SIS, EES, ETIAS, Eurodac nó SLTD Interpol a spreag an t-amas ar feadh thréimhse na bhfíoruithe dá dtagraítear san Airteagal seo agus fad a bheidh an t-iarratas ar víosa á scrúdú agus i gcás nós imeachta achomhairc. Beidh rochtain shealadach den sórt sin i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear SIS, EES, ETIAS, Eurodac agus SLTD Interpol.

3.   Fíoróidh an t-údarás inniúil víosaí an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra atá ar taifead sa chomhad iarratais do na sonraí atá in aon cheann de na córais faisnéise nó na bunachair sonraí a cuardaíodh.

4.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais do na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise nó bunachar sonraí ábhartha, cuirfear an t-amas san áireamh agus an t-iarratas ar víosa á scrúdú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

5.   I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais do na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise nó bunachar sonraí ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí an t-amas bréige a léirscriosadh ón gcomhad iarratais.

6.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch de bhun Airteagal 9a(13) den Rialachán seo amas, déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí measúnú ar an riosca slándála, an riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó an t-ardriosca eipidéime, agus cuirfidh sé an riosca san áireamh agus iarratas ar víosa á scrúdú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil víosaí, in imthosca ar bith, cinneadh uathoibríoch ar bhonn amas a bunaíodh ar tháscairí riosca sonracha. Déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí measúnú ar na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla agus na hardrioscaí eipidéime i ngach cás ar bhonn leithligh.

Airteagal 9d

Fíorú de láimh i dtaca le hamais arna dhéanamh ag údaráis ainmnithe VIS

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás (‘údarás ainmnithe VIS’) chun na gcríoch amais de bhun phointí (a)(iv) go (vii), phointí (e) agus (f) agus phointe (g)(ii) d'Airteagal 9a(4) a fhíorú de láimh agus gníomhaíocht leantach a dhéanamh maidir leo. Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná údarás amháin a ainmniú mar údarás ainmnithe VIS. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA faoi údarás ainmnithe VIS.

I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit Biúró SIRENE a ainmniú mar údarás ainmnithe VIS, leithdháilfidh siad acmhainní breise leordhóthanacha chun go mbeidh Biúró SIRENE in ann na cúraimí a chuirtear ar an údarás ainmnithe VIS faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Beidh údarás ainmnithe VIS i mbun oibríochta le linn uaireanta oibre rialta ar a laghad. Beidh rochtain shealadach aige ar na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais agus ar na sonraí in SIS, ECRIS-TCN, sonraí Europol nó TDAWN Interpol a spreag an t-amas, ar feadh thréimhse an fhíoraithe dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagal 9g.

3.   Fíoróidh údarás ainmnithe VIS, laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra a bheith seolta ag VIS, an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra a taifeadadh sa chomhad iarratais do na sonraí atá i gceann de na córais faisnéise nó na bunachair sonraí a cuardaíodh.

4.   I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais do na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise nó bunachar sonraí ábhartha, léirscriosfaidh údarás ainmnithe VIS an léiriú ar an gcomhad iarratais go bhfuil gá le fíorú breise ón gcomhad iarratais.

Airteagal 9e

Fíorú de láimh agus gníomhaíocht leantach i dtaca le hamais i liosta faire ETIAS

1.   Is é Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d'iontráil na sonraí i liosta faire ETIAS nó, i gcás gur Europol a d'iontráil na sonraí, Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais a dhéanfaidh amais a fhíorú de láimh agus a dhéanfaidh gníomhaíocht leantach ina leith de bhun phointe (c)(ii) d'Airteagal 9a(4).

2.   Fíoróidh an t-aonad náisiúnta ETIAS ábhartha, laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra a bheith seolta ag VIS, an gcomhfhreagraíonn na sonraí a taifeadadh sa chomhad iarratais do na sonraí atá i liosta faire ETIAS.

3.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí sa chomhad iarratais do na sonraí atá i liosta faire ETIAS, tabharfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS tuairim réasúnaithe d’údarás víosaí láir an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir ina riosca don tslándáil phoiblí, agus cuirfear an tuairim sin san áireamh agus an t-iarratas ar víosa á scrúdú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

4.   I gcás gurb é Europol a d'iontráil na sonraí i liosta faire ETIAS, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais tuairim Europol a iarraidh gan mhoill, chun na críche a thuairim réasúnaithe a dhréachtú. Chun na críche sin, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS na sonraí a taifeadadh sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointe (4) d’Airteagal 9 a sheoladh chuig Europol. Freagróidh Europol laistigh de 60 uair an chloig ó dháta na hiarrata. I gcás nach dtugann Europol freagra faoin sprioc-am sin, measfar nach bhfuil aon fhoras ann chun agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

5.   Seolfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an tuairim réasúnaithe chuig an údarás víosaí láir laistigh de 7 lá féilire ón bhfógra a bheith seolta ag VIS. I gcás nach seolann Aonad Náisiúnta ETIAS freagra faoin sprioc-am sin, measfar nach bhfuil aon fhoras ann chun agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

6.   Déanfar an tuairim réasúnaithe a thaifeadadh sa chomhad iarratais ar bhealach a dhéanann nach mbeidh rochtain uirthi ach ag údarás víosaí láir an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa.

7.   I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí sa chomhad iarratais do na sonraí atá i liosta faire ETIAS, cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS é sin in iúl d’údarás víosaí láir an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais agus léirscriosfaidh an t-údarás sin an taifead á rá go bhfuil gá le fíorú breise ón gcomhad iarratais.

Airteagal 9f

Gníomhaíocht leantach i dtaca le hamais áirithe arna déanamh ag Biúró SIRENE

1.   I gcás amais de bhun phointe (a)(iii) go (vii) d'Airteagal 9a(4), agus tar éis fíorú de láimh a bheith déanta, tabharfaidh an t-údarás inniúil víosaí nó údarás ainmnithe VIS fógra faoi amais den sórt sin do Bhiúró SIRENE an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais.

2.   I gcás amais de bhun phointe (a)(iii) d'Airteagal 9a(4), déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh sé an Ballstát eisiúna ar an eolas láithreach trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chun go scriosfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh láithreach agus go n-iontrálfaidh sé foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861;

(b)

i gcás nach bhfuil toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh sé an Ballstát eisiúna ar an eolas láithreach trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chun go scriosfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh gan mhoill.

3.   I gcás amais de bhun phointe (a)(iv) go (vii) d'Airteagal 9a(4) den Rialachán seo, déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais aon ghníomhaíocht leantach is iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 9g

Gníomhaíocht leantach i dtaca le hamais áirithe arna déanamh ag údaráis ainmnithe VIS

1.   I gcás amais fíoraithe de bhun phointe (e) nó (f) nó phointe (g)(ii) d'Airteagal 9a(4), déanfaidh údarás ainmnithe VIS, más gá, aon ghníomhaíocht leantach iomchuí. Chun na críche sin, rachaidh sé i mbun comhairliúcháin, i gcás inarb iomchuí, le Biúró Lárnach Náisiúnta Interpol an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais, Europol nó údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (*).

2.   Déanfaidh údarás ainmnithe VIS tuairim réasúnaithe i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt don tslándáil phoiblí a thabhairt d'údarás víosaí láir an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa, agus cuirfear an tuairim sin san áireamh agus an t-iarratas ar víosa á scrúdú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

3.   I gcás amais fíoraithe de bhun phointe (e) d'Airteagal 9a(4) den Rialachán seo, i gcás inar tugadh an ciontú sular cuireadh tús le hoibríochtaí ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 35(4) de Rialachán (AE) 2019/816, ní dhéanfaidh údarás ainmnithe VIS, sa tuairim réasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, aon chiontuithe i gcionta sceimhlitheoireachta a tugadh níos mó ná 25 bliana roimh dháta an iarratais ar víosa nó ciontuithe i gcionta coiriúla tromchúiseacha eile a tugadh níos mó ná 15 bliana roimh dháta an iarratais ar víosa a chur san áireamh.

4.   I gcás ina mbaineann amas arna fhíorú de láimh ag údarás ainmnithe VIS leis na sonraí Europol dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 9a(4), iarrfaidh údarás ainmnithe VIS tuairim Europol gan mhoill chun a chúram dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Chun na críche sin, seolfaidh údarás ainmnithe VIS na sonraí a taifeadadh sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointí (4), (5) agus (6) d’Airteagal 9 chuig Europol. Freagróidh Europol laistigh de 60 uair an chloig ó dháta an iarratais. I gcás nach dtugann Europol freagra faoin sprioc-am sin, measfar nach bhfuil aon fhoras ann chun agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

5.   I gcás amais fíoraithe de bhun phointe (a)(iv) d'Airteagal 9a(4) den Rialachán seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle le Biúró SIRENE an Bhallstáit a d'eisigh an foláireamh, déanfaidh údarás ainmnithe VIS an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais tuairim réasúnaithe i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an tslándáil phoiblí a thabhairt don údarás víosaí láir a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa, agus cuirfear an tuairim sin san áireamh agus an t-iarratas ar víosa á scrúdú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

6.   Déanfar an tuairim réasúnaithe a thaifeadadh sa chomhad iarratais ar bhealach a fhágann nach mbeidh rochtain ar an tuairim sin ach ag an údarás ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d de chuid an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais agus ag údarás víosaí láir an Bhallstáit chéanna.

7.   Seolfaidh údarás ainmnithe VIS an tuairim réasúnaithe chuig an údarás víosaí láir laistigh de 7 lá féilire ón bhfógra a bheith seolta ag VIS. I gcás amais fíoraithe de bhun phointe (e) d'Airteagal 9a(4), 10 lá féilire a bheidh sa sprioc-am chun an tuairim réasúnaithe a sheoladh. I gcás nach seolann údarás ainmnithe VIS tuairim réasúnaithe den sórt sin faoin sprioc-am sin, measfar nach bhfuil aon fhoras ann chun agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

Airteagal 9h

Cur chun feidhme agus lámhleabhar

1.   Chun críche Airteagail 9a go 9g a chur chun feidhme, déanfaidh eu-LISA, i gcomhar leis na Ballstáit agus le Europol, bealaí iomchuí a bhunú le haghaidh na bhfógraí agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun na nósanna imeachta agus na rialacha is gá do chuardaigh, fíoruithe agus measúnuithe a leagan síos i lámhleabhar.

Airteagal 9i

Freagrachtaí Europol

Déanfaidh Europol a chóras faisnéise a oiriúnú chun a áirithiú gur féidir uathphróiseáil na gcuardach de bhun Airteagail 9a(3) agus 22b(2) a dhéanamh.

Airteagal 9j

Táscairí riosca sonracha

1.   Déanfar na táscairí riosca sonracha a chur i bhfeidhm mar algartam lenar féidir próifíliú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 a dhéanamh trí chomparáid a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 9a(13) den Rialachán seo, idir na sonraí a taifeadadh i gcomhad iarratais de chuid VIS agus táscairí riosca sonracha arna mbunú ag Láraonad ETIAS faoi mhír 4 den Airteagal seo go bhféadfadh rioscaí slándála, rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla nó ardrioscaí eipidéime a bheith ann. Iontrálfaidh Láraonad ETIAS na táscairí riosca sonracha in VIS.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun rioscaí sonracha a bhaineann leis an tslándáil nó le hinimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

staidreamh arna ghiniúint ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhanachta agus diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;

(b)

staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe d'iarratais ar víosaí mar gheall ar riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime a bhaineann le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;

(c)

staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolú idir faisnéis a bhailítear tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht sealbhóirí víosa nó diúltuithe teacht isteach;

(d)

faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin Ballstát;

(e)

faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhanachta nó diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa i leith Ballstáit;

(f)

faisnéis arna soláthar ag Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun na rioscaí a shonrú, faoi mar a shainítear sa Rialachán seo agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rioscaí ar a mbunófar na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Déanfar athbhreithniú ar na rioscaí sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gach 6 mhí ar a laghad agus, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme nua a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

4.   Ar bhonn na rioscaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le mír 3, bunóidh Láraonad ETIAS sraith táscairí riosca sonracha a bheidh comhdhéanta de theaglaim de shonraí lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

aoisghrúpa, gnéas, náisiúntacht;

(b)

tír chónaithe agus cathair chónaithe;

(c)

na Ballstáit cinn scríbe;

(d)

Ballstát an chéad dul isteach;

(e)

cuspóir an taistil;

(f)

slí bheatha reatha (grúpa poist).

5.   Beidh na táscairí riosca sonracha spriocdhírithe agus comhréireach. Ní bheidh siad bunaithe, i gcás ar bith, ar ghnéas an duine ná ar aois an duine, agus orthu sin amháin, ná ar fhaisnéis ina léirítear dath, cine, tionscnamh ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, tuairim pholaitiúil nó eile, reiligiún nó creideamh fealsúnach duine, ballraíocht duine i gceardchumann, ballraíocht duine i mionlach náisiúnta nó maoin, breith, míchumas nó gnéaschlaonadh duine.

6.   Déanfaidh Láraonad ETIAS na táscairí riosca sonracha a shainiú, a bhunú, a mheasúnú ar bhealach ex ante, a chur chun feidhme, a athbhreithniú, a scriosadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhealach ex post, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord VIS um Scagadh.

Airteagal 9k

Bord VIS um Scagadh

1.   Bunaítear leis seo Bord VIS um Scagadh a mbeidh feidhm chomhairleach aige laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Beidh sé comhdhéanta d'ionadaí ó údarás víosaí láir gach Ballstáit, ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ó Europol.

2.   Rachaidh Lárionad ETIAS i gcomhairle le Bord VIS um Scagadh maidir leis na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j a shainiú, a bhunú, a mheasúnú ar bhealach ex ante, a chur chun feidhme, a athbhreithniú, a scriosadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhealach ex post.

3.   Eiseoidh Bord VIS um Scagadh tuairimí, treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2. Agus moltaí á n-eisiúint aige, déanfaidh Bord VIS um Scagadh na moltaí arna n-eisiúint ag Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha a chur san áireamh.

4.   Tiocfaidh Bord VIS um Scagadh le chéile nuair is gá, dhá uair sa bhliain ar a laghad. Iompróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta costais agus seirbhísiú a chruinnithe.

5.   Féadfaidh Bord VIS um Scagadh dul i gcomhairle le Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

6.   Glacfaidh Bord VIS um Scagadh rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige trí thromlach simplí a chuid comhaltaí.

Airteagal 9l

Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha

1.   Bunaítear leis seo Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha a mbeidh feidhm chomhairleach agus bhreithmheasa aige. Gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach agus dá neamhspleáchas, beidh an Bord comhdhéanta d'Oifigeach um Chearta Bunúsacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, d'ionadaí ón bhfóram comhairleach maidir le cearta bunúsacha de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, d'ionadaí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, d'ionadaí ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/679 agus d'ionadaí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

2.   Déanfaidh Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha breithmheasanna rialta agus eiseoidh sé moltaí do Bhord VIS um Scagadh maidir le tionchar phróiseáil na n-iarratas agus chur chun feidhme Airteagal 9j ar chearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

Chomh maith leis sin, tacóidh Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha le Bord VIS um Scagadh agus a chúraimí á bhfeidhmiú aige nuair a théann Bord VIS um Scagadh i gcomhairle leis maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

Beidh rochtain ag Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha ar na hiniúchtaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/1240.

3.   Tiocfaidh Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha le chéile nuair is gá, dhá uair sa bhliain ar a laghad. Iompróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta costais agus seirbhísiú a chruinnithe. Tionólfar a chruinnithe ar áitribh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta rúnaíocht ar fáil dá chruinnithe sin. Glacfaidh Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige trí thromlach simplí a chuid comhaltaí.

4.   Tabharfar cuireadh d'ionadaí amháin ó Threoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha freastal ar chruinnithe de chuid Bhord VIS um Scagadh i gcáil chomhairleach. Beidh rochtain ag comhaltaí Threoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha ar an bhfaisnéis agus ar na comhaid a bheidh ag Bord VIS um Scagadh.

5.   Cuirfidh Treoirbhord VIS um Chearta Bunúsacha tuarascáil bhliantúil ar fáil. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí.

(*)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).";"

(12)

in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f)

an chríoch a bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal inti, i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;";

(13)

scriostar Airteagal 11.

(14)

leasaítear Airteagal 12(2) mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(iia)

nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;";

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"Comhfhreagróidh uimhriú na bhforas diúltaithe in VIS d'uimhriú na bhforas diúltaithe san fhoirm chaighdeánach chun víosa a dhiúltú a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.";

(15)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"4.   I gcás ina ndéantar an comhad iarratais a nuashonrú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, seolfar, le VIS, fógra chuig an mBallstát a d'eisigh an víosa lena gcuirtear in iúl an cinneadh i dtaca le neamhniú nó cúlghairm na víosa sin agus na forais leis an gcinneadh sin. Ginfear fógra den sórt sin go huathoibríoch i Lárchóras VIS agus tarchuirfear trí VISMail é i gcomhréir le hAirteagal 16.";

(16)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil víosaí VIS a cheadú chun na gcríoch iarratais agus na cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin a scrúdú, lena n-áirítear an cinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm, nó síneadh a chur léi i gcomhréir leis na forálacha iomchuí. Leis an gceadú a dhéanann an t-údarás inniúil víosaí in VIS, suífear an méid seo a leanas:

(a)

an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh chun víosa a eisiúint, a dhiúltú, a neamhniú a chúlghairm nó síneadh a chur léi; agus

(b)

an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh chun víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint, a dhiúltú, a aistarraingt, a chúlghairm, a neamhniú, a athnuachan nó síneadh a chur léi nó leis.";

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag, an tír a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(ea)

íomhá den aghaidh;

(f)

uimhir an ghreamáin víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe agus dáta eisiúna aon víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe roimhe sin;";

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"2a.   Ní bheidh an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 2 ar an aon chritéar cuardaigh amháin.";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar le ceann amháin nó níos mó de na sonraí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo go bhfuil sonraí a bhaineann leis an iarratasóir ar taifead in VIS, tabharfar rochtain don údarás víosaí inniúil ar na comhaid iarratais agus ar na comhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(3) agus (4) agus Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin.";

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

VIS a úsáid le haghaidh comhairliúcháin agus iarrthaí ar dhoiciméid

1.   Chun críoch comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar an iarraidh chomhairliúcháin agus na freagairtí uirthi a tharchur i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina gcruthófar comhad iarratais in VIS maidir le náisiúnach tríú tír shonrach nó náisiúnach a bhaineann le catagóir shonrach de náisiúnaigh den sórt sin a n-iarrtar comhairliúchán roimh ré ina leith de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar, le VIS, an iarraidh ar chomhairliúchán a tharchur go huathoibríoch trí VISMail chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit i dtrácht.

Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig VIS, agus déanfar, le VIS, an freagra sin a tharchur trí VISMail chuig an mBallstát a chruthaigh an t-iarratas.

I gcás freagairt dhiúltach, sonrófar sa fhreagairt sin an bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach, ar an tsláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta.

Chun críoch an nós imeachta comhairliúcháin a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin, déanfar liosta de na Ballstáit a cheanglaíonn ar a n-údaráis lárnacha comhairle a fháil ó údaráis lárnacha Ballstát eile le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais ar víosaí aonfhoirmeacha a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó catagóirí sonracha de náisiúnaigh den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar na liostaí sin a chomhtháthú in VIS. Le VIS, cuirfear an fheidhmiúlacht ar fáil chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta sin.

3.   Beidh feidhm ag tarchur faisnéise trí VISMail maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

faisnéis a tharchur maidir le víosaí arna n-eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó chuig catagóirí sonracha de náisiúnaigh den sórt sin (fógra ex post) de bhun Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(b)

faisnéis a tharchur maidir le víosaí arna n-eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu de bhun Airteagal 25(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(c)

faisnéis a tharchur maidir le cinntí chun víosa a neamhniú agus a chúlghairm agus maidir leis na forais leis an gcinneadh sin de bhun Airteagal 13(4);

(d)

iarrataí a tharchur ar shonraí a cheartú nó ar léirscriosadh sonraí de bhun Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2) faoi seach chomh maith le teagmhálacha idir Ballstáit de bhun Airteagal 38(2);

(e)

aon teachtaireachtaí eile a bhaineann le comhar consalach a mbíonn tarchur sonraí pearsanta atá ar taifead in VIS nó a bhaineann leis i gceist leo, le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí maidir le cóipeanna de doiciméid a thacaíonn leis an iarratas a chur ar aghaidh, agus le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid sin.

3a.   Déanfar an liosta de Bhallstáit a cheanglaíonn go gcuirfear a n-údaráis lárnacha ar an eolas maidir le víosaí arna n-eisiúint ag Ballstáit eile chuig náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó chuig catagóirí sonracha de náisiúnaigh den sórt sin de bhun Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chomhtháthú in VIS. Le VIS, forálfar do bhainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta sin.

3b.   Déanfar tarchur faisnéise de bhun phointí (a), (b) agus (c) de mhír 3 a ghiniúint go huathoibríoch le VIS.

3c.   Freagróidh na húdaráis inniúla víosaí iarrataí de bhun phointe (e) de mhír 3 laistigh de 3 lá oibre.

4.   Ní úsáidfear na sonraí pearsanta a tharchuirfear de bhun an Airteagail seo ach chun dul i gcomhairle leis na húdaráis víosaí láir agus iad a chur ar an eolas agus don chomhar consalach.";

(18)

scriostar Airteagal 17;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

"ROCHTAIN AG ÚDARÁIS EILE AR SHONRAÍ VÍOSAÍ";

(20)

leasaítear Airteagal 17a mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"(e)

céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú in VIS le méarloirg, i gcás gur le méarloirg nó le híomhá den aghaidh a dhéantar céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú, nó le híomhá den aghaidh, i gcás ina bhfuil an íomhá den aghaidh ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth a cuireadh isteach an t-iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18(6) den Rialachán seo.";

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"3a.   Trí idir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas VIS tús a chur leis an bpróiseas faoina léirscriosfar an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó shainchomhad EES i gcás ina bhfuil íomhá den aghaidh ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth a cuireadh isteach an t-iarratas.

3b.   Trí idir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas EES fógra uathoibríoch a thabhairt do VIS i gcomhréir le hAirteagal 23(3) den Rialachán seo i gcás ina ndéanfar imeacht linbh atá faoi bhun 12 bhliain d'aois a iontráil sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.";

(21)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

íomhánna den aghaidh;";

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

íomhánna den aghaidh;";

(c)

leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

"(ii)

go ndéantar an chéannacht a fhíorú, ag an bpointe trasnaithe teorann lena mbaineann, le méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh a glacadh beo i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES, fíoróidh siad méarloirg nó íomhá d'aghaidh an tsealbhóra víosa leis na méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo atá ar taifead in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir úsáid a bhaint as a méarloirg nó as íomhá dá n-aghaidh, déanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1 leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 1.";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7.   Chun críche na méarloirg nó na híomhánna den aghaidh a fhíorú in VIS, dá bhforáiltear i mír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil cuardach in EES a sheoladh ó EES go VIS.";

(22)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"I gcás nach féidir céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú le méarloirg, féadfaidh na húdaráis inniúla an fíorú a dhéanamh leis an íomhá den aghaidh freisin.";

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

íomhánna den aghaidh;";

(23)

in Airteagal 19a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ina theannta sin, má léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS, fíoróidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES méarloirg nó íomhá d’aghaidh an náisiúnach tríú tír leis na méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo atá ar taifead in VIS. Féadfaidh an t-údarás sin an fíorú a sheoladh ó EES. I gcás náisiúnaigh tríú tír nach féidir úsáid a bhaint as a gcuid méarlorg nó as íomhá dá n-aghaidh, is leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 2, agus leosan amháin, a dhéanfar an cuardach.";

(24)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Chun críoch aon duine a shainaithint a bhféadfadh sé gur cláraíodh é nó í cheana in VIS nó nach gcomhlíonann sé nó sí, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, le fanacht nó le cónaí a dhéanamh ar chríoch na mBallstát, agus chucu siúd amháin, beidh ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES nó laistigh de chríoch na mBallstát an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, nó fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh ag na húdaráis sin rochtain ar VIS d'fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an duine sin.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an duine sin nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe(4)(a), (aa), (b), (c) nó (ca), nó pointe (5) d'Airteagal 9a. Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.";

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

"(c)

íomhánna den aghaidh;

(d)

na sonraí a iontráladh maidir le haon víosa a eisítear, a dhiúltaítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a gcuirtear síneadh léi, dá dtagraítear in Airteagail 10 go 14.";

(25)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 21 agus 22:

"Airteagal 21

Rochtain ar shonraí VIS chun an fhreagracht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh

1.   Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ar VIS ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(a), (aa), (b), (c) nó (ca), nó pointe (5) d'Airteagal 9. Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil víosa a eisíodh le dáta éaga nach mó ná 6 mhí roimh dháta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, nó víosa ar cuireadh síneadh léi go dtí dáta éaga nach mó ná 6 mhí roimh dháta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais a cheadú, agus, a mhéid a bhaineann leis na sonraí a liostaítear i bpointe (e) den mhír seo, chun na sonraí faoin gcéile agus faoi na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na críche sin amháin:

(a)

uimhir an iarratais agus an t-údarás a d'eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa, agus cibé ar eisigh nó nár eisigh an t-údarás í thar ceann Ballstáit eile;

(b)

na sonraí a thógtar ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointe (4)(a) agus (aa) d’Airteagal 9;

(c)

íomhánna den aghaidh;

(d)

na sonraí a iontráiltear maidir le haon víosa a eisítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a gcuirtear síneadh léi, dá dtagraítear in Airteagail 10, 13 agus 14;

(e)

na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(a) agus (aa) d’Airteagal 9 de chomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22

Rochtain ar shonraí VIS chun an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.   Chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(a), (aa), (b), (c) nó (ca), nó pointe (5) d'Airteagal 9. Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí a bhaineann leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas faoin iarratasóir agus in aon chomhaid iarratais nasctha faoin iarratasóir a cheadú de bhun Airteagal 8(3), agus, a mhéid a bhaineann leis na sonraí a liostaítear i bpointe (f) den mhír seo, chun sonraí faoin gcéile agus faoi na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na críche sin amháin:

(a)

uimhir an iarratais;

(b)

na sonraí a thógtar ó na foirmeacha iarratais dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 9;

(c)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 9;

(d)

scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil dá dtagraítear i bpointe (7) d'Airteagal 9;

(e)

na sonraí a iontráiltear maidir le haon víosa a eisítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a gcuirtear síneadh léi dá dtagraítear in Airteagail 10, 13 agus 14;

(f)

na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 9 de chomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.";

(26)

i ndiaidh Airteagal 22, cuirtear na Caibidlí seo a leanas isteach:

"CAIBIDIL IIIa

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE

Airteagal 22a

Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil tráth a dhéantar iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

1.   Tráth a dhéantar iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, déanfaidh an t-údarás atá inniúil ar an iarratas a bhailiú nó a scrúdú comhad iarratais a cruthú gan mhoill, trí na sonraí seo a leanas a iontráil in VIS a mhéid a cheanglaítear ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ábhartha:

(a)

uimhir iarratais;

(b)

faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur iarradh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

(c)

an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas, lena n-áirítear a shuíomh;

(d)

sloinne (ainm an teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta breithe, náisiúntacht nó náisiúntachtaí faoi láthair, gnéas, áit bhreithe;

(e)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil;

(f)

dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;

(g)

an tír a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;

(h)

scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil;

(i)

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra;

(j)

íomhá d'aghaidh an iarratasóra, agus léiriú ann i dtaobh ar glacadh an íomhá den aghaidh beo tráth a cuireadh isteach an t-iarratas;

(k)

méarloirg an iarratasóra.

2.   I dtaca le méarloirg dá dtagraítear i mír 1(k), ní dhéanfar méarloirg leanaí atá faoi bhun 6 bliana d'aois a iontráil in VIS.

I dtaca le híomhánna den aghaidh agus méarloirg dá dtagraítear i bpointí (j) agus (k) de mhír 1, ní dhéanfar sonraí mionaoiseach a iontráil in VIS ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

tá oiliúint shonrach curtha ar na baill foirne a thógann sonraí mionaoisigh chun sonraí bithmhéadracha mionaoisigh a thógáil ar bhealach nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh;

(b)

beidh gach mionaoiseach faoi thionlacan duine fásta de theaghlach an mhionaoisigh, nó caomhnóir dlíthiúil, nuair a bheidh na sonraí á dtógáil;

(c)

ní úsáidfear aon fhorneart chun na sonraí a thógáil.

3.   Ar an gcomhad iarratais a chruthú, déanfaidh VIS na cuardaigh de bhun Airteagal 22b a sheoladh go huathoibríoch.

4.   I gcás ina bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir mar chuid de ghrúpa nó in éineacht le ball teaghlaigh, cruthóidh an t-údarás comhad iarratais do gach aon duine sa ghrúpa agus nascfaidh sé comhaid na ndaoine sin a chuir iarratas isteach in éineacht lena chéile ar víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe.

5.   I gcás nach gcaithfear sonraí ar leith a sholáthar i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó nach féidir iad a sholáthar, cuirfear "neamhbhainteach" sna réimsí sonracha sonraí. I gcás méarlorg, ceadófar leis an gcóras idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar.

Airteagal 22b

Cuardaigh i gcórais faisnéise agus bunachair sonraí

1.   Déanfar na comhaid iarratais a phróiseáil go huathoibríoch le VIS chun amais a bhrath i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

2.   Chun críche measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí na mBallstát de bhun phointe (e) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 agus chun críocha an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 2(2) den Rialachán seo, seolfar cuardach le VIS trí úsáid a bhaint as ESP chun na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) agus pointí (i), (j) agus (k) d'Airteagal 22a(1) den Rialachán seo a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe iontu seo a leanas:

(a)

SIS;

(b)

EES;

(c)

ETIAS, lena n-áirítear liosta faire ETIAS;

(d)

VIS;

(e)

ECRIS-TCN;

(f)

sonraí Europol;

(g)

SLTD Interpol; agus

(h)

TDAWN Interpol.

Déanfar an chomparáid le sonraí alfa-uimhriúla agus bithmhéadracha araon, ach amháin i gcás nach bhfuil ach ceann amháin de na catagóirí sonraí sin sa chóras faisnéise nó sa bhunachar sonraí a cuardaíodh.

3.   Fíorófar le VIS, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann le SIS:

(i)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil a cailleadh, a goideadh, a mí-leithghabháladh nó a neamhbhailíodh;

(ii)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú;

(iii)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le filleadh;

(iv)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach, nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta;

(v)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal;

(vi)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

(vii)

an bhfuil an t-iarratasóir nó an doiciméad taistil faoi réir foláireamh maidir le daoine nó ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha;

(b)

a mhéid a bhaineann le EES, an bhfuil sé ar taifead in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir ar bhonn cúis a chomhfhreagraíonn do phointí (B), (D), (H) nó (I) de Chuid B d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399;

(c)

a mhéid a bhaineann le ETIAS:

(i)

an duine é nó í an t-iarratasóir a bhfuil údarú taistil a diúltaíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh ar taifead ina leith in ETIAS ar bhonn cúis a chomhfhreagraíonn do phointe (a), (b), (d) nó (e) d'Airteagal 37(1) nó d'Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, nó an gcomhfhreagraíonn doiciméad taistil an iarratasóra d'údarú taistil den sórt sin a diúltaíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh;

(ii)

an gcomhfhreagraíonn na sonraí a sholáthraítear mar chuid den iarratas do shonraí atá i liosta faire ETIAS;

(d)

a mhéid a bhaineann le VIS, an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine:

(i)

a bhfuil víosa a diúltaíodh a neamhníodh nó a cúlghaireadh ar taifead ina leith in VIS ar bhonn cúis a chomhfhreagraíonn do phointe (a)(i), (v) nó (vi) nó do phointe (b) d'Airteagal 12(2);

(ii)

a bhfuil víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh ar taifead ina leith in VIS ar bhonn cúis a chomhfhreagraíonn do phointe (a) d'Airteagal 22d(1); nó

(iii)

an gcomhfhreagraíonn a údarú taistil nó a húdarú taistil do víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii);

(e)

a mhéid a bhaineann le ECRIS-TCN, an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine ar taifeadadh a shonraí nó a sonraí sa chóras sin le linn na 25 bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le ciontuithe i gcionta sceimhlitheoireachta nó le linn na 15 bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le ciontuithe i gcionta coiriúla tromchúiseacha eile;

(f)

a mhéid a bhaineann le sonraí Europol, an gcomhfhreagraíonn na sonraí a soláthraíodh san iarratas do shonraí atá ar taifead i sonraí Europol;

(g)

a mhéid a bhaineann le bunachair sonraí Interpol:

(i)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh a bheith caillte, goidte nó neamhbhailíochtaithe in SLTD Interpol;

(ii)

an gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN Interpol.

4.   Maidir le foláirimh SIS i leith daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha, i leith daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus i leith daoine nó ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha, ní dhéanfar na foláirimh sin a chuardach ach amháin chun críocha an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 2(2).

5.   Maidir le Interpol SLTD agus Interpol TDAWN, déanfar aon chuardaigh nó aon fhíorú ar dhóigh nach nochtfar aon fhaisnéis d'úinéir fholáireamh Interpol.

Mura gcomhlíontar an ceanglas dá bhforáiltear sa mhír seo, ní chuardófar, le VIS, bunachair sonraí Interpol.

6.   Maidir le sonraí Europol, gheofar san uathphróiseáil an fógra iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 21(1b) de Rialachán (AE) 2016/794.

7.   Spreagfar amas i gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí uile as an gcomhad iarratais, nó cuid de na sonraí as an gcomhad iarratais, a úsáidfear le haghaidh an chuardaigh go hiomlán nó i bpáirt do na sonraí atá i dtaifead, foláireamh nó comhad de chuid na gcóras faisnéise nó na mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2. Saineofar sa lámhleabhar dá dtagraítear i mír 18 comhfhreagairt pháirteach, lena n-áirítear leibhéal dóchúlachta chun teorainn a chur le líon na n-amas bréige.

8.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 2 amas a bhaineann le pointe (a)(i), (ii) agus (iii), pointe (b), pointe (c)(i), pointe (d) agus pointe (g)(i) de mhír 3, cuirfear, le VIS, tagairt sa chomhad iarratais d'aon amas agus, i gcás inarb ábhartha, do na Ballstáit a d'iontráil nó a sholáthair na sonraí a spreag an t-amas.

9.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 2 amas a bhaineann le pointe (a)(iv), pointe (c)(ii), pointí (e) agus (f) agus pointe (g)(ii) de mhír 3, ní léireofar, le VIS, sa chomhad iarratais ach go bhfuil gá le fíorú breise.

I gcás amais de bhun phointe (a)(iv), phointí (e) agus (f) agus phointe (g)(ii) de mhír 3, seolfar, le VIS, fógra uathoibrithe maidir leis na hamais sin chuig údarás ainmnithe VIS an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais. San fhógra uathoibrithe sin beidh na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointí (d) go (g), agus (i), (j) agus (k) d'Airteagal 22a(1).

I gcás amais de bhun phointe (c)(ii) de mhír 3, seolfar, le VIS, fógra uathoibrithe maidir leis na hamais sin chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d'iontráil na sonraí nó, más rud é gur Europol a d'iontráil na sonraí, chuig Aonad Náisiúnta ETIAS na mBallstát a bheidh ag próiseáil an iarratais. San fhógra uathoibrithe sin beidh na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais i gcomhréir le pointí (d) go (g) agus (i) d'Airteagal 22a(1).

10.   I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid uathoibríoch dá dtagraítear i mír 2 amas a bhaineann le pointe (a)(v), (vi) agus (vii) de mhír 3, ní thaifeadfar, le VIS, an t-amas sa chomhad iarratais, ná ní léireofar sa chomhad iarratais go bhfuil gá le fíorú breise.

11.   Coimeádfar uimhir thagartha uathúil an taifid sonraí a spreag amas sa chomhad iarratais chun críche logaí a choimeád, tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 45a.

12.   Déanfaidh údarás inniúil víosaí nó inimirce an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe fíorú de láimh ar aon amas de bhun mhír 6.

Chun críocha an fhíoraithe de láimh faoin gcéad fhomhír den mhír seo, beidh rochtain ag an údarás inniúil ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhaid iarratais nasctha, agus ar na hamais a spreagadh le linn na huathphróiseála de bhun mhír 7.

Beidh rochtain shealadach ag an údarás inniúil freisin ar shonraí in VIS, SIS, EES, ETIAS, nó SLTD Interpol a spreag an t-amas ar feadh thréimhse na bhfíoruithe dá dtagraítear san Airteagal seo agus fad a bheidh an t-iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe á scrúdú agus i gcás nós imeachta achomhairc.

Fíoróidh an t-údarás inniúil an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra atá ar taifead sa chomhad iarratais do na sonraí atá in aon cheann de na córais faisnéise agus na bunachair sonraí a cuardaíodh.

I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais do na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéis nó bunachar sonraí ábhartha, cuirfear an t-amas san áireamh agus measúnú á dhéanamh faoina bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí na mBallstát a bheidh ag próiseáil an iarratais.

I gcás ina mbaineann an t-amas le duine a ndearna Ballstát eile foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú nó foláireamh maidir le filleadh a iontráil ina leith in SIS, beidh feidhm ag an réamhchomhairliúchán de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1861 nó Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1860.

I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais do na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise nó bunachar sonraí ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil an t-amas bréige a léirscriosadh ón gcomhad iarratais.

13.   Maidir leis an bhfíorú de láimh ar amais de bhun phointí (a)(iv) go (vii), phointí (e) agus (f) agus phointe (g)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo a dhéanfaidh údaráis ainmnithe VIS, beidh feidhm ag Airteagal 9d dá réir sin.

14.   Maidir leis an bhfíorú de láimh agus an ghníomhaíocht leantach i dtaca le hamais i liosta faire ETIAS de bhun phointe (c)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo a dhéanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS, beidh feidhm ag Airteagal 9e dá réir sin. Tuigfear gurb ionann an tagairt don údarás víosaí láir agus tagairt don údarás víosaí nó inimirce atá inniúil maidir le víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe.

15.   Maidir leis an ngníomhaíocht leantach i dtaca le hamais in SIS de bhun phointe (a)(iv) go (vii) de mhír 3 den Airteagal seo a dhéanfaidh Biúrónna SIRENE, beidh feidhm ag Airteagal 9f dá réir sin.

16.   Maidir leis an ngníomhaíocht leantach i dtaca le hamais de bhun phointe (e) nó (f) nó phointe (g)(ii) de mhír 3 den Airteagal seo a dhéanfaidh údaráis ainmnithe VIS, beidh feidhm ag Airteagal 9g dá réir sin. Tuigfear gurb ionann an tagairt don údarás víosaí láir agus tagairt don údarás víosaí nó inimirce atá inniúil maidir le víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe.

17.   Chun críche an tAirteagal seo a chur chun feidhme, déanfaidh eu-LISA, i gcomhar leis na Ballstáit agus le Europol, bealaí iomchuí a bhunú le haghaidh na bhfógraí agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear san Airteagal seo.

18.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun na nósanna imeachta agus na rialacha is gá do chuardaigh, fíoruithe agus measúnuithe a leagan síos i lámhleabhar.

Airteagal 22c

Sonraí atá le cur leis an gcomhad iarratais i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh

I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais i gcás ina ndéantar na sonraí a bhailiú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus/nó leis an dlí náisiúnta ábhartha:

(a)

faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur eisíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

(b)

an t-údarás a rinne an cinneadh;

(c)

an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint agus an dáta a rinneadh é;

(d)

an cineál doiciméid a eisíodh (víosa fadfhanachta nó cead cónaithe);

(e)

uimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a eisíodh;

(f)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;

(g)

na sonraí a liostaítear in Airteagal 22a(1), má tá siad ar fáil agus mura ndearnadh iad a iontráil sa chomhad iarratais tráth a rinneadh iarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe.

Airteagal 22d

Sonraí atá le cur leis an gcomhad iarratais i gcásanna áirithe nuair a dhiúltaítear víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

1.   I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú toisc go meastar go bhfuil an t-iarratasóir ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí nó toisc gur thíolaic an t-iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a rinneadh a fhalsú, nó a ndearnadh crioscaíl leo, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais i gcás ina ndéantar na sonraí a bhailiú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ábhartha:

(a)

faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur diúltaíodh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe toisc go meastar an t-iarratasóir a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach nó ar an tsláinte phoiblí nó toisc gur thíolaic an t-iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, a rinneadh a fhalsú nó a ndearnadh crioscaíl leo;

(b)

an t-údarás a rinne an cinneadh;

(c)

an áit a ndearnadh an cinneadh agus an dáta a rinneadh é.

2.   I gcás ina ndéanfar cinneadh críochnaitheach víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú ar bhonn cúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1, scriosfar an comhad iarratais gan mhoill ó VIS.

Airteagal 22e

Sonraí atá le cur leis an gcomhad iarratais i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh

I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingt, a chúlghairm nó a neamhniú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais i gcás ina ndéantar na sonraí a bhailiú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ábhartha:

(a)

faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl go ndearnadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a aistarraingt, a chúlghairm nó a neamhniú;

(b)

an t-údarás a rinne an cinneadh;

(c)

an áit a ndearnadh an cinneadh agus an dáta a rinneadh é;

(d)

i gcás inarb infheidhme, na forais a bhí leis an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingt, a chúlghairm nó a neamhniú, i gcomhréir le hAirteagal 22d.

Airteagal 22f

Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta ar cuireadh síneadh léi nó cead cónaithe a athnuadh

1.   I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh síneadh a chur le víosa fadfhanachta, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais, i gcás ina ndéantar na sonraí a bhailiú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí ábhartha náisiúnta:

(a)

faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa fadfhanachta;

(b)

an t-údarás a rinne an cinneadh;

(c)

an áit a ndearnadh an cinneadh agus an dáta a rinneadh é;

(d)

uimhir an ghreamáin víosa;

(e)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bailíochta na víosa fadfhanachta.

2.   I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh cead cónaithe a athnuachan, beidh feidhm ag Airteagal 22c.

Airteagal 22g

Rochtain ar shonraí VIS chun víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a fhíorú ag pointí trasnaithe teorann seachtraí

1.   Chun céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú, nó chun barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú, nó chun a fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir leis an Rialachán sin chun VIS a chuardach leis na sonraí seo a leanas:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; gnéas; cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil; cód trí litir na tíre a d'eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil; agus dáta éaga thréimhse bailíochta an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil; nó

(b)

uimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir na víosa fadfhanachta ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil um rialú teorainneacha chun na sonraí seo a leanas atá sa chomhad iarratais agus i gcomhaid iarratais nasctha a cheadú de bhun Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

an fhaisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl an ndearnadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, a aistarraingt, a chúlghairm, a neamhniú, a athnuachan nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;

(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e), agus (f) d’Airteagal 22c;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 22f(1);

(d)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 22a(1).

3.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, beidh rochtain ar VIS freisin ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí chun méarloirg nó íomhá d'aghaidh shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú leis na méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo atá ar taifead in VIS.

4.   I gcás ina dteipfidh ar fhíorú shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe nó an doiciméid taistil nó le barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe nó an doiciméid taistil, beidh rochtain ar VIS ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí ar shonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 22i(1) agus (2).

Airteagal 22h

Rochtain ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát

1.   Chun céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú, nó barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú, nó chun a fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ar VIS ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát chun cuardach a dhéanamh le huimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe in éineacht le fíorú mhéarloirg shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe.

I gcás nach féidir céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú le méarloirg, féadfaidh na húdaráis inniúla an fíorú a dhéanamh leis an íomhá den aghaidh freisin.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas atá sa chomhad iarratais agus i gcomhaid iarratais nasctha a cheadú de bhun Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

an fhaisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl an ndearnadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, a aistarraingt, a chúlghairm, a neamhniú, a athnuachan nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;

(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 22c;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 22f(1);

(d)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 22a(1).

3.   I gcás ina dteipfidh ar fhíorú shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra nó le barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe nó an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil ar shonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 22i(1) agus (2).

Airteagal 22i

Rochtain ar shonraí VIS chun aithint a dhéanamh

1.   Chun críche aon duine a aithint a d'fhéadfadh a bheith cláraithe cheana in VIS nó nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ar VIS, chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an duine sin, ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 nó laistigh de chríoch na mBallstát i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an duine sin nó ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) nó pointe (j) d’Airteagal 22a(1). Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí a bhaineann leis an iarratasóir ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais agus i gcomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 22a(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

uimhir an iarratais, an fhaisnéis maidir le stádas agus an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas;

(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) agus (i) d’Airteagal 22a(1);

(c)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 22a(1);

(d)

na sonraí a iontráladh maidir le haon víosa fadfhanachta nó le haon chead cónaithe a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh, ar cuireadh síneadh leis nó léi nó a athnuadh, dá dtagraítear in Airteagail 22c go 22f.

3.   I gcás ina mbeidh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe i seilbh duine, is i gcomhréir le hAirteagal 22g nó 22h a dhéanfaidh na húdaráis inniúla VIS a rochtain ar dtús.

Airteagal 22j

Rochtain ar shonraí VIS chun an fhreagracht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh

1.   Chun críche cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ar VIS ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an iarrthóra tearmainn nó ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) nó pointe (j) d’Airteagal 22a(1). Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais a cheadú agus, a mhéid a bhaineann leis na sonraí a liostaítear i bpointe (e) den mhír seo, chun sonraí i gcomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 22a(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na críche sin amháin:

(a)

an uimhir iarratais agus an t-údarás a rinne an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, a chúlghairm, a neamhniú, a athnuachan nó a chuir síneadh léi nó leis;

(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) agus (i) d’Airteagal 22a(1);

(c)

na sonraí a iontráladh maidir le haon víosa fadfhanachta nó aon chead cónaithe a eisíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh, ar cuireadh síneadh léi nó leis nó a athnuadh, dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22e agus 22f;

(d)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 22a(1);

(e)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) d’Airteagal 22a(1) i gcomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22k

Rochtain ar shonraí VIS chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.   Chun críche iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ar VIS ag na húdaráis inniúla tearmainn, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) nó pointe (j) d’Airteagal 22a(1). Ní bheidh an íomhá den aghaidh ar an aon chritéar cuardaigh amháin, áfach.

2.   Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí a bhaineann leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ar taifead in VIS, beidh rochtain ar VIS ag an údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas faoin gcomhad iarratais a cheadú agus, a mhéid a bhaineann leis na sonraí a liostaítear i bpointe (f) den mhír seo, chun sonraí i gcomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 22a(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na críche sin amháin:

(a)

uimhir an iarratais;

(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) agus (i) d’Airteagal 22a(1);

(c)

íomhánna den aghaidh dá dtagraítear i bpointí (j) d’Airteagal 22a(1);

(d)

scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 22a(1);

(e)

na sonraí a iontráladh maidir le haon víosa fadfhanachta nó aon chead cónaithe a eisíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh, ar cuireadh síneadh léi nó leis nó a athnuadh, dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22e agus 22f;

(f)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) go (g) d’Airteagal 22a(1) i gcomhaid iarratais nasctha a bhaineann leis an gcéile agus na leanaí.

3.   Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL IIIb

NÓS IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR VIS CHUN CRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ

Airteagal 22l

Údaráis ainmnithe na mBallstát

1.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis atá i dteideal sonraí VIS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Is chun críocha an cháis shonraigh ar ceadaíodh na sonraí ina leith, agus chun na gcríoch sin amháin, a dhéanfar na sonraí arna rochtain ag na húdaráis sin a phróiseáil.

2.   Coimeádfaidh gach Ballstát liosta dá údaráis ainmnithe agus cuirfidh sé an liosta sin in iúl do eu-LISA agus don Choimisiún. Féadfaidh gach Ballstát, tráth ar bith, an liosta a chuir sé in iúl a leasú nó a ionadú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas dá réir sin.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar VIS. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22o le haghaidh rochtain ar shonraí VIS a iarraidh.

Féadfaidh na húdaráis ainmnithe agus an lárphointe rochtana a bheith san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhlíonadh.

4.   Cuirfidh gach Ballstát a lárphointe rochtana in iúl don Choimisiún agus do eu-LISA agus féadfaidh sé an méid atá curtha in iúl aige a leasú tráth ar bith nó féadfaidh sé nithe eile a chur in ionad an mhéid sin.

5.   Ar an leibhéal náisiúnta, coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochta laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain a iarraidh ar shonraí VIS tríd an lárphointe rochtana.

6.   Is í foireann chuí-chumhachtaithe an lárphointe rochtana, agus ise sin amháin, a bheidh údaraithe chun sonraí VIS a rochtain i gcomhréir le hAirteagail 22n agus 22o.

Airteagal 22m

Europol

1.   Ainmneoidh Europol ceann amháin dá aonaid oibríochta mar ‘údarás ainmnithe Europol’ agus tabharfaidh sé údarás dó rochtain a iarraidh ar shonraí VIS trí lárphointe rochtana ainmnithe VIS dá dtagraítear i mír 2 chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Is chun críocha an cháis shonraigh ar ceadaíodh na sonraí ina leith, agus chun na gcríoch sin amháin, a dhéanfar na sonraí arna rochtain ag Europol a phróiseáil.

2.   Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid Europol mar lárphointe rochtana. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22r le haghaidh rochtain ar shonraí VIS a iarraidh.

Agus a chúraimí á bhfeidhmiú faoin Rialachán seo, gníomhóidh an lárphointe rochtana go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ó údarás ainmnithe Europol maidir le toradh an fhíoraithe.

Airteagal 22n

Nós imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1.   Cuirfidh na haonaid oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 22l(5) iarraidh réasúnaithe leictreonach nó i scríbhinn faoi bhráid na lárphointí rochtana dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin chun rochtain a fháil ar shonraí VIS. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana ar comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 22o. Má tá na coinníollacha comhlíonta, déanfaidh an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil. Tarchuirfear sonraí VIS a bhfuarthas rochtain orthu chuig na haonaid oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 22l(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí.

2.   I gcás práinn eisceachtúil nuair is gá garchontúirt do bheatha duine a chosc, ar garchontúirt í a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile, déanfaidh an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus ní fhíoróidh siad ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 22o ach ar bhealach ex post, lena n-áirítear an raibh cás práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus, ar aon chuma, ag tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis an iarraidh a phróiseáil.

3.   I gcás ina léirítear le fíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí VIS, déanfaidh na húdaráis uile a cheadaigh sonraí den sórt sin na sonraí a fuarthas rochtain orthu ó VIS a léirscriosadh gan mhoill agus cuirfidh siad an lárphointe rochtana ar an eolas faoin léirscriosadh.

Airteagal 22o

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

1.   Gan dochar d'Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817, beidh rochtain ag údaráis ainmnithe ar VIS chun críoch ceadaithe i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is gá agus is comhréireach ceadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

is gá agus is comhréireach ceadú i gcás sonrach;

(c)

tá forais réasúnacha ann chun a mheas go rannchuideofar, le ceadú shonraí VIS, go mór le haon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe leis an Rialachán seo;

(d)

seoladh cuardach in CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 agus léirítear leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

2.   Ní cheanglófar an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh rochtain ar VIS riachtanach mar uirlis chun an cúlra i dtaobh víosaí nó tréimhsí údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú i dtaobh amhrastach aitheanta, déantóir aitheanta nó íospartach amhrasta aitheanta ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile, nó i gcás nach stóráiltear in CIR an chatagóir sonraí lena ndéantar an cuardach.

3.   Beidh ceadú VIS teoranta do chuardach a dhéanamh sa chomhad iarratais le haon cheann de na sonraí seo a leanas:

(a)

sloinne nó sloinnte (ainm nó ainmneacha teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus/nó gnéas;

(b)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, an tír a d'eisigh an doiciméad taistil agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(c)

uimhir an ghreamáin víosa nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe agus dáta éaga bhailíocht na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, de réir mar is infheidhme;

(d)

méarloirg, lena n-áirítear méarloirg neamhfhollasa;

(e)

íomhá den aghaidh.

4.   Ní bheidh an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 ar an aon chritéar cuardaigh amháin.

5.   I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéantar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar na sonraí a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo mar aon le haon sonraí eile a thógtar ón gcomhad iarratais lena n-áirítear sonraí arna n-iontráil i leith aon doiciméad a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh, a aistarraingíodh, a athnuadh nó ar cuireadh síneadh leis. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(l) d'Airteagal 9 atá ar taifead sa chomhad iarratais murar iarradh go sainráite na sonraí sin a cheadú in iarraidh réasúnaithe agus mura bhfuarthas formheas le fíorú neamhspleách.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, ní bhainfear úsáid as na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 3 a bhaineann le leanaí faoi bhun 14 bliana d'aois ach chun VIS a chuardach agus, i gcás amas, ní thabharfar rochtain orthu ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé riachtanach chun na gcríoch cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, arb iad na leanaí sin na híospartaigh, agus chun leanaí atá ar iarraidh a chosaint;

(b)

tá sé riachtanach i gcás sonrach; agus

(c)

is chun leasa an linbh é na sonraí a úsáid.

Airteagal 22p

Rochtain ar shonraí VIS chun daoine a aithint i gcásanna sonracha

1.   De mhaolú ar Airteagal 22o(1), ní bheidh sé de cheangal ar údaráis ainmnithe na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin a chomhlíonadh chun rochtain ar VIS a fháil chun na gcríoch daoine a aithint ar daoine iad a bhí ar iarraidh, a fuadaíodh nó a aithníodh ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine, agus a bhfuil foras réasúnach lena mheas ina leith go dtacófar, le ceadú shonraí VIS, leis na daoine sin a aithint nó go rannchuideofar le cásanna sonracha gáinneála ar dhaoine a imscrúdú. In imthosca den sórt sin, féadfaidh na húdaráis ainmnithe cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg na ndaoine sin.

2.   I gcás nach féidir úsáid a bhaint as méarloirg na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 nó ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(a) go (ca) d'Airteagal 9 (4) nó i bpointí (d) go (g) d'Airteagal 22a(1).

3.   I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéantar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí in Airteagal 9 agus in Airteagal 22a, agus ar na sonraí i gcomhaid iarratais nasctha i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus (4) nó Airteagal 22a(4).

Airteagal 22q

Úsáid a bhaint as sonraí VIS chun críche foláirimh a iontráil in SIS maidir le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal agus rochtain ar na sonraí sin

1.   Féadfar úsáid a bhaint as sonraí VIS chun críche foláireamh a iontráil in SIS maidir le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2018/1862. Sna cásanna sin, áiritheoidh an lárphointe rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22l(3) go dtarchuirfear na sonraí trí mhodhanna slána.

2.   I gcás amas i leith fholáireamh SIS trí úsáid a bhaint as sonraí VIS dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údaráis cosanta leanaí agus údaráis náisiúnta bhreithiúnacha a iarraidh ar údarás a bhfuil rochtain aige ar VIS rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí sin chun críocha a gcúraimí. Áireofar ar na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha sin iad siúd atá freagrach as ionchúisimh phoiblí a thionscnamh in imeachtaí coiriúla agus as fiosrúcháin bhreithiúnacha sula gcúiseofar duine, agus a n-údaráis chomhordúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1862. Beidh feidhm ag na coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na sonraí a tharchur ar bhealach slán.

Airteagal 22r

Nós imeachta agus coinníollacha maidir le rochtain ag Europol ar shonraí VIS

1.   Beidh rochtain ag Europol ar VIS chun críoch ceadaithe i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is gá agus is comhréireach an ceadú chun críche tacú le bearta na mBallstát agus iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

is gá agus is comhréireach an ceadú i gcás sonrach;

(c)

tá forais réasúnacha ann chun a mheas go rannchuideofar, le ceadú shonraí VIS, go mór le haon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe leis an Rialachán seo;

(d)

seoladh cuardach in CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 agus léirítear leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

2.   Ní cheanglófar an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh rochtain ar VIS riachtanach mar uirlis chun an cúlra i dtaobh víosaí nó tréimhsí údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú i dtaobh amhrastach aitheanta, déantóir aitheanta nó íospartach amhrasta aitheanta ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile, nó i gcás nach stóráiltear in CIR an chatagóir sonraí lena ndéantar an cuardach.

3.   Beidh ceadú VIS teoranta do chuardach a dhéanamh sa chomhad iarratais le haon cheann de na sonraí seo a leanas:

(a)

sloinne nó sloinnte (ainm nó ainmneacha teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus/nó gnéas;

(b)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, an tír a d'eisigh an doiciméad taistil agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(c)

uimhir an ghreamáin víosa nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe agus dáta éaga bhailíocht na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, de réir mar is infheidhme;

(d)

méarloirg, lena n-áirítear méarloirg neamhfhollasa;

(e)

íomhá den aghaidh.

4.   Ní bheidh an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 ar an aon chritéar cuardaigh amháin.

5.   I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéantar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo agus ar aon sonraí eile a thógtar ón gcomhad iarratais, lena n-áirítear sonraí a iontráladh i leith aon doiciméad a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh, a aistarraingíodh, a athnuadh nó ar cuireadh síneadh leis. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(l) d'Airteagal 9 atá ar taifead sa chomhad iarratais murar iarradh go sainráite na sonraí sin a cheadú in iarraidh réasúnaithe agus mura bhfuarthas formheas le fíorú neamhspleách.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, ní bhainfear úsáid as na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 3 a bhaineann le leanaí faoi bhun 14 bliana d'aois ach chun VIS a chuardach agus, i gcás amas, ní thabharfar rochtain orthu ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé riachtanach chun na gcríoch cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, arb iad na leanaí sin na híospartaigh, agus chun leanaí atá ar iarraidh a chosaint;

(b)

tá sé riachtanach i gcás sonrach; agus

(c)

is chun leasa an linbh é na sonraí a úsáid.

7.   Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh réasúnaithe leictreonach a chur faoi bhráid lárphointe rochtana Europol chun sonraí VIS uile nó tacar sonraí VIS ar leith a cheadú. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh lárphointe rochtana Europol ar comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Más tá na coinníollacha uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil. Tarchuirfear sonraí VIS a bhfuarthas rochtain orthu chuig údarás ainmnithe Europol ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí.

8.   An phróiseáil ar shonraí a fuair Europol trí shonraí VIS a cheadú, beidh sí faoi réir údarú ó Bhallstát thionscnamh na sonraí. Gheofar an t-údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

Airteagal 22s

Logaí a choimeád i dtaobh iarrataí ar shonraí VIS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú

1.   Coimeádfaidh eu-LISA logaí i gcás na n-oibríochtaí próiseála sonraí uile laistigh de VIS a bhaineann leis an rochtain a dhéanfaidh na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22l(3) chun críocha Chaibidil IIIb. Léireofar sna logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí ar baineadh úsáid astu chun an cuardach a sheoladh, na sonraí a tarchuireadh le VIS agus ainm bhaill foirne údaraithe na lárphointí rochtana a rinne na sonraí a iontráil agus a aisghabháil.

2.   Ina theannta sin, coimeádfaidh gach Ballstát agus Europol logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile laistigh de VIS a eascraíonn as iarrataí ar shonraí VIS a cheadú nó as rochtain ar shonraí VIS chun críocha Chaibidil IIIb.

3.   Leis na logaí dá dtagraítear i mír 2, léireofar an méid seo a leanas:

(a)

cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar shonraí VIS a cheadú nó a rochtain, lena n-áirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar cheadú;

(b)

an cinneadh a glacadh i ndáil le hinghlacthacht na hiarrata;

(c)

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d)

an dáta agus an t-am baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar VIS;

(e)

i gcás inarb infheidhme, úsáid an nós imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 22n(2) agus an toradh ar an bhfíorú ex post;

(f)

cé acu sonraí nó tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22o(3) a úsáideadh i ndáil leis an gceadú; agus

(g)

i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794, marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach nó tarchur na sonraí.

4.   Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ach amháin chun inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun slándáil agus sláine na sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Scriosfar na logaí sin bliain amháin tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 23 dul in éag, mura mbeidh gá leo i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana. An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta inniúla, beidh rochtain acu ar na logaí sin ar iarraidh uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh. Beidh rochtain ag an údarás atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil ar na logaí sin freisin chun na críche sin. Seachas i gcás críocha den sórt sin, déanfar sonraí pearsanta a léirscriosadh sna comhaid náisiúnta uile agus i gcomhaid Europol uile tar éis tréimhse aon mhí, ach amháin má bhíonn na sonraí sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá ar siúl ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith. Ní fhéadfar ach logaí ina bhfuil sonraí neamhphearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50.

Airteagal 22t

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

1.   Beidh rochtain ar VIS chun é a cheadú ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós i gcás inar fíor an méid seo a leanas i leith na rochtana sin:

(a)

tá sí laistigh de raon feidhme chumhachtaí na n-údarás ainmnithe sin;

(b)

tá sí faoi réir na gcoinníollacha céanna leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 22o(1);

(c)

déantar, roimh ré, iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó leictreonach a chur faoi bhráid údarás ainmnithe Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis; ansin, iarrfaidh an t-údarás sin ar an lárphointe rochtana náisiúnta VIS a cheadú.

2.   Ballstát nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós, cuirfidh sé sonraí atá aige faoi víosaí ar fáil do na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó leictreonach, faoi réir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22o(1) a chomhlíonadh.";

(27)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

"Airteagal 23

Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.   Stórálfar gach comhad iarratais in VIS ar feadh 5 bliana ar a mhéad, gan dochar don léirscriosadh dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 25 agus gan dochar do choimeád na logaí dá dtagraítear in Airteagal 34.

Tosóidh an tréimhse sin:

(a)

ar dháta éaga na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur eisíodh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

(b)

ar dháta éaga nua na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur cuireadh síneadh le víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe nó go ndearnadh an víosa nó an cead a athnuachan;

(c)

ar an dáta a chruthaítear an comhad iarratais in VIS, más rud é go ndearnadh an t-iarratas a aistarraingt agus a dhúnadh;

(d)

ar dháta an chinnidh ón údarás freagrach, más rud é go ndearnadh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú, a aistarraingt, a chúlghairm nó a neamhniú, de réir mar is infheidhme.

2.   Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, léirscriosfar go huathoibríoch in VIS an comhad iarratais agus na naisc leis an gcomhad sin dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus Airteagal 22a(4).

3.   De mhaolú ar mhír 1, léirscriosfar méarloirg agus íomhánna den aghaidh a bhaineann le leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois ar dhul in éag na víosa, na víosa fadfhanachta nó an chead cónaithe agus, i gcás víosa, ar an leanbh a bheith imithe amach as na teorainneacha seachtracha.

Chun críocha an léirscriosta sin, tabharfar, le EES, fógra go huathoibríoch do VIS nuair a iontrálfar imeacht an linbh sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.";

(28)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

"Airteagal 24

Sonraí a leasú

1.   Is ag an mBallstát atá freagrach, agus aige sin amháin, a bheidh an ceart chun sonraí a chuir sé chuig VIS a leasú, trí shonraí den sórt sin a cheartú nó a léirscriosadh.

2.   Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh in VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin in VIS de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát freagrach. Déanfar an teachtaireacht sin a tharchur le VISMail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

I gcás ina dtagraíonn na sonraí míchruinne do naisc a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(3) nó (4) nó Airteagal 22a(4) nó i gcás ina bhfuil nasc ar iarraidh, seiceálfaidh an Ballstát freagrach na sonraí lena mbaineann agus tabharfaidh sé freagra laistigh de 3 lá oibre, agus ceartóidh sé an nasc más gá. Mura dtugtar freagra laistigh den sprioc-am sin, leigheasfaidh an Ballstát a rinne an t-iarratas an nasc agus tabharfaidh sé fógra, trí VISMail, don Bhallstát freagrach faoin gceartú a rinneadh.

3.   Seiceálfaidh an Ballstát freagrach na sonraí lena mbaineann a luaithe is féidir agus, más gá, ceartóidh sé nó léirscriosfaidh sé na sonraí sin láithreach.";

(29)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Luath-léirscriosadh na sonraí”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

"1.   Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, déanfaidh an Ballstát a chruthaigh an comhad na comhaid iarratais agus na naisc ábhartha na comhaid iarratais agus na naisc a bhaineann leis an iarratasóir a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(3) agus (4) nó Airteagal 22a(4) a léirscriosadh ó VIS.

2.   Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit freagrach ar an eolas gan mhoill má fhaigheann iarratasóir náisiúntacht an Bhallstáit sin. Déanfar an teachtaireacht sin a tharchur trí VISMail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).";

(30)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Bainistiú oibríochtúil

1.   Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil agus oibríochtúil VIS agus a chomhpháirteanna mar a leagtar amach in Airteagal 2a. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go ndéantar an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil a úsáid i gcónaí le haghaidh na gcomhpháirteanna sin, faoi réir anailís costais agus tairbhe.

2.   Beidh eu-LISA freagrach as na cúraimí seo a leanas maidir leis an mbonneagar cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na NUInna:

(a)

maoirseacht;

(b)

slándáil;

(c)

an caidreamh idir na Ballstáit agus an soláthraí a chomhordú;

(d)

cúraimí a bhaineann leis an mbuiséad a chur chun feidhme;

(e)

éadáil agus athnuachan;

(f)

ábhair chonarthacha.

3.   Is é a bheidh i mbainistiú oibríochtúil VIS na cúraimí go léir a bheidh riachtanach chun go bhfeidhmeoidh VIS 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo. Aireofar ann, go háirithe, an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh VIS ar leibhéal a bheidh sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, go háirithe maidir leis an aga freagartha a bheidh ag údaráis víosaí, ag na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe agus ag na húdaráis teorann chun VIS a cheadú. Beidh na hagaí freagartha sin chomh gearr agus is féidir.";

8a.   Féadfaidh eu-LISA úsáid a bhaint as fíorshonraí pearsanta anaithnidithe in VIS chun críoch tástála sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh diagnóisice agus deisiú nuair a aimsítear fabhtanna i Lárchóras VIS;

(b)

chun teicneolaíochtaí agus teicnící nua a thástáil a bheidh ábhartha maidir le feidhmíocht Lárchóras VIS nó an tarchur sonraí chuige a fheabhsú.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, beidh na bearta slándála, an rialú rochtana agus na gníomhaíochtaí logála sa timpeallacht tástála ar aon dul leo siúd in VIS. Na fíorshonraí pearsanta a ghlacfar le haghaidh tástála, déanfar sonraí anaithnide díobh sa chaoi is nach féidir a dhéanamh amach cé an t-ábhar sonraí a thuilleadh.

9.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (*), déanfaidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais chomhionanna rúndachta eile a chur i bhfeidhm maidir lena fhoireann go léir a mbeidh orthu a bheith ag obair le sonraí VIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

10.   I gcás ina ndéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha in aon chúraimí a bhaineann le VIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

(*)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.”;"

(31)

scriostar Airteagal 27;

(32)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 27a

Idir-inoibritheacht le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol

Bunófar idir-inoibritheacht idir VIS agus SIS, ETIAS, Eurodac, ECRIS-TCN agus sonraí Europol chun gur féidir uathphróiseáil na gcuardach i gcórais eile de bhun Airteagail 9a go 9g agus Airteagal22b a dhéanamh. Beidh an idir-inoibritheacht ag brath ar ESP.";

(33)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

"1.   Beidh VIS ceangailte le córas náisiúnta gach Ballstáit tríd an NUI sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta, a sholáthróidh rochtain ar VIS do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2), agus a cheanglóidh an t-údarás náisiúnta sin leis an NUI.";

(b)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

an córas náisiúnta a fhorbairt agus é a chur in oiriúint do VIS;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

na costais a thabhaíonn an córas náisiúnta a sheasamh agus na costais as é a cheangal leis an NUI a sheasamh, lena n-áirítear costais infheistíochta agus costais oibríochtúla an bhonneagair cumarsáide idir an NUI agus an córas náisiúnta.";

(34)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

“Airteagal 29

Freagracht as úsáid agus cáilíocht na sonraí

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bpróiseálfar na sonraí go dleathach, agus go háirithe gurb í an fhoireann chuí-údaraithe amháin a mbeidh rochtain aici ar shonraí a phróiseáiltear in VIS chun a gcúraimí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh an Ballstát freagrach, go háirithe:

(a)

go mbaileofar na sonraí go dleathach;

(b)

go dtarchuirfear na sonraí go dleathach chuig VIS;

(c)

go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus ar cháilíocht leordhóthanach agus iomlán a ndóthain nuair a tharchuirfear chuig VIS iad.

2.   Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar VIS i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas:

(a)

glacfaidh sé na bearta is gá chun slándáil Lárchóras VIS agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na NUInna a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit;

(b)

áiritheoidh sé gur ag foireann chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí a phróiseáiltear in VIS chun cúraimí eu-LISA a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2a.   Déanfaidh eu-LISA sásra agus nósanna imeachta a fhorbairt agus a chothabháil d'fhonn seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in VIS, agus cuirfidh sé tuarascálacha rialta ar fáil do na Ballstáit. Cuirfidh eu-LISA tuarascáil rialta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ina gcumhdófar na saincheisteanna a tháinig chun cinn.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sásra agus na nósanna imeachta chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh agus na ceanglais iomchuí maidir le comhlíonadh ó thaobh cáilíocht sonraí de a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

3.   Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh sé de bhun mhír 2.

4.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in VIS, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le pointe (7) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus a mbeidh freagracht lárnach air as an bpróiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an ainmniú.

Airteagal 29a

Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil

1.   Ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(4), Airteagail 9 go 14, Airteagal 22a, agus Airteagail 22c go 22f a iontráil in VIS ach tar éis do na húdaráis náisiúnta fhreagracha seiceáil cháilíochta a dhéanamh agus déanfar iad a phróiseáil le VIS tar éis seiceáil cháilíochta a bheith déanta ag VIS i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   Le VIS, déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14, Airteagal 22a agus Airteagail 22c go 22f i gcomhréir leis an mír seo.

Cuirfear tús leis na seiceálacha cáilíochta nuair a bheidh comhaid iarratais á gcruthú nó á nuashonrú in VIS. I gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha cáilíochta na caighdeáin cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, cuirfear, le VIS, an t-údarás freagrach nó na húdaráis fhreagracha ar an eolas go huathoibríoch. Ní dhéanfar na cuardaigh uathoibrithe de bhun Airteagal 9a(3) agus Airteagal 22b(2) a spreagadh ag VIS ach tar éis seiceáil cháilíochta dhearfach a bheith ann.

Déanfar seiceálacha cáilíochta ar íomhánna den aghaidh agus ar mhéarloirg nuair a bheidh comhaid iarratais á gcruthú nó á nuashonrú in VIS, féachaint an bhfuil na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí lena gceadaítear meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh á gcomhlíonadh.

Déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(4) nuair a bheidh faisnéis faoi na húdaráis inniúla náisiúnta á stóráil in VIS.

3.   Bunófar caighdeáin cháilíochta i ndáil le stóráil na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíocht na gcaighdeán cáilíochta sin a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).";

(35)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

"Airteagal 31

Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha nó d'eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Ní dhéanfar sonraí a phróiseáiltear in VIS de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ná a chur ar fáil dóibh cé is moite d'aistrithe chuig Interpol chun críche na cuardaigh a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 9a(4) agus i bpointe (g) d'Airteagal 22b(3) den Rialachán seo. Tá aistrithe sonraí pearsanta chuig Interpol faoi réir fhorálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (4)(a), (b), (ca), (k) agus (m) agus i bpointí (6) agus (7) d’Airteagal 9 nó i bpointí (d) go (i) agus (k) d’Airteagal 22a(1) den Rialachán seo agus féadfar na sonraí sin a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, nó a chur ar fáil dóibh, ar choinníoll gur gá é i gcásanna aonair chun céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun críoch fillte i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, nó, maidir le haistrithe chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, chun críoch athlonnaithe i gcomhréir le scéimeanna athlonnaithe Eorpacha nó náisiúnta, agus ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an Coimisiún tar éis cinneadh a ghlacadh maidir le leibhéal cosanta leordhóthanach sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

soláthraíodh coimircí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, amhail trí chomhaontú um athligean isteach atá i bhfeidhm idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír i gceist;

(c)

tá feidhm ag pointe (d) d'Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Thairis sin, ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aistriú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh na sonraí á n-aistriú i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais, go háirithe forálacha maidir le cosaint sonraí, comhaontuithe um athligean isteach, agus dlí náisiúnta an Bhallstáit a aistríonn na sonraí;

(b)

beidh a fhormheas tugtha ag an mBallstát a d'iontráil na sonraí in VIS;

(c)

aontóidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí a phróiseáil ach chun na gcríoch dár cuireadh ar fáil iad.

Faoi réir na chéad fhomhíre agus an dara fomhír den mhír seo, i gcás inar eisíodh cinneadh maidir le filleadh a glacadh de bhun Threoir 2008/115/CE i dtaca le náisiúnach tríú tír, ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aistriú ach amháin sa chás nach mbeadh forfheidhmiú an chinnidh sin maidir le filleadh curtha ar fionraí agus ar choinníoll nár tíolacadh aon achomharc lena bhféadfaí a fhorfheidhmiú a chur ar fionraí.

3.   Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar do chearta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ná do chearta tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le non-refoulement.

4.   Na sonraí pearsanta a bhainfidh Ballstát nó Europol as VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ní dhéanfar iad a aistriú chuig aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach arna bhunú laistigh den Aontas nó lasmuigh de ná ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin i gcás ina ndéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2016/680.

5.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás ainmnithe na sonraí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) go (ca) d'Airteagal 9 agus i bpointí (d) go (g) d'Airteagal 22a(1) a aistriú chuig tríú tír i gcásanna aonair, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas agus sa chás sin amháin:

(a)

baineann práinn eisceachtúil leis an gcás, ina bhfuil:

(i)

garchontúirt a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta; nó

(ii)

beatha duine i ngarchontúirt agus baint ag an gcontúirt sin le cion coiriúil tromchúiseach;

(b)

is gá sonraí a aistriú chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú ar chríoch na mBallstát nó sa tríú tír lena mbaineann;

(c)

tá rochtain ag an údarás ainmnithe ar na sonraí sin i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 22n agus 22o;

(d)

déantar an t-aistriú i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680, go háirithe i gCaibidil V de;

(e)

rinne an tríú tír iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó leictreonach a thíolacadh; agus

(f)

áirithítear go gcuirtear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn VIS aon fhaisnéis sna córais faisnéise víosaí atá i seilbh na tíre iarrthaí.

I gcás ina ndéantar aistriú de bhun na chéad fomhíre den mhír seo, déanfar an t-aistriú sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoin údarás inniúil is faighteoir, an bonn cirt a bhí leis an aistriú agus na sonraí pearsanta a aistríodh.";

(36)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(ea)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí le trealamh cumarsáide sonraí;";

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

"(ja)

a áirithiú gur féidir, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais a suiteáladh a chur ag obair arís mar is ceart;

(jb)

an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabht dá n-éireoidh d'fheidhmiú na gcóras a thuairisciú i gceart agus go ndéantar cibé bearta teicniúla is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a fháil ar ais i gcás ina dtarlódh truailliú sonraí mar gur mhífheidhmigh na córais;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Glacfaidh eu-LISA na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach maidir le hoibriú VIS, lena n-áirítear plean slándála a ghlacadh.”;

(37)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 32a

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil VIS, agus a d'fhéadfadh bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do shonraí VIS, nó leis na sonraí sin a chailleadh, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun a áirithiú go dtabharfar freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí.

3.   Gan dochar d'fhógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta agus an sárú sin a chur in iúl de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, nó iad araon, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do eu-LISA agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi theagmhais slándála. I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála i ndáil le Lárchóras VIS, tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi. Tabharfaidh Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta fógra don Choimisiún agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcás teagmhas slándála a bhaineann le VIS.

4.   Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú VIS nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí VIS a sholáthar don Choimisiún agus, i gcás ina ndéanfadh sé difear dóibh, do Bhallstáit, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Déanfar teagmhais den sórt sin a thuairisciú freisin i gcomhréir leis an bplean bainistithe teagmhais atá le soláthar ag eu-LISA.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, eu-LISA agus Europol i gcás ina dtarlódh teagmhas slándála.

6.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi theagmhais thromchúiseacha agus faoi na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt orthu. Aicmiú EU RESTRICTED/RESTREINT UE a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.";

(38)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 33 agus 34:

"Airteagal 33

Dliteanas

1.   Gan dochar do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí agus don cheart chun cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725:

(a)

aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de bharr aon bheart nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh nó arna dhéanamh ag Ballstát, beidh sé nó sí i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;

(b)

aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di de bharr gníomhaíocht nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo arna déanamh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, beidh sé nó sí i dteideal cúiteamh a fháil ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin de chuid an Aontais.

Beidh an Ballstát nó an institiúid, comhlacht, oifig nó an ghníomhaireacht sin de chuid an Aontais díolmhaithe óna dhliteanas nó óna dliteanas faoin gcéad fhomhír, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leis nó léi a chruthú nárbh é nó í a bhí freagrach as an imeacht as ar eascair an damáiste.

2.   I gcás ina dteipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus an teip sin ina chúis damáiste do VIS, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin murach gur theip, agus sa mhéid gur theip, ar eu-LISA nó ar Bhallstát eile atá rannpháirteach in VIS bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a rialálfar iad. Éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar iad.";

Airteagal 34

Logaí a choimeád

1.   Coimeádfaidh gach Ballstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA logaí ar a gcuid oibríochtaí próiseála sonraí uile in VIS. Léireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a)

cuspóir na rochtana;

(b)

an dáta agus an t-am;

(c)

an cineál sonraí a iontráladh;

(d)

an cineál sonraí a úsáideadh le haghaidh cuardaigh; agus

(e)

ainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí.

Ina theannta sin, coimeádfaidh gach Ballstát logaí ar an bhfoireann atá cuí-údaraithe chun sonraí a iontráil in VIS nó chun iad a aisghabháil as.

2.   Maidir leis na cuardaigh agus na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagail 9a go 9g agus 22b, coimeádfar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in EES, ETIAS, SIS, ECRIS-TCN agus Eurodac, faoi seach, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 28a de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 18a de Rialachán (AE) 2018/1861, Airteagal 18a de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 31a de Rialachán (AE) 2019/816, faoi seach.

3.   Maidir leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 45c den Rialachán seo, coimeádfar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in VIS agus EES i gcomhréir leis an Airteagal sin agus Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226. Maidir leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 17a den Rialachán seo, coimeádfar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in VIS agus EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226.

4.   Ní dhéanfar logaí a choimeádtar de bhun an Airteagail seo a úsáid ach amháin chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus chun slándáil sonraí a áirithiú freisin. Cosnófar na logaí le bearta iomchuí i gcoinne rochtain agus modhnú neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana amháin tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 23 dul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin a mbeidh tús curtha leo cheana.";

(39)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:

"Airteagal 36

Pionóis

Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 agus do Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de shárú ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.";

(40)

i gCaibidil VI, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 46a

Cosaint sonraí

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis víosaí, teorann, tearmainn agus inimirce ar shonraí pearsanta nuair a bheidh cúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

3.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát, faoi Chaibidil IIIb den Rialachán seo, ar shonraí pearsanta a stóráiltear in VIS, lena n-áirítear rochtain ar na sonraí sin, chun na gcríoch dá dtagraítear sa Chaibidil sin.

4.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 maidir leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo.";

(41)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

"1.   Gan dochar don cheart chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh an Ballstát freagrach iarratasóirí agus na daoine dá dtagraítear i bpointe (4)(f) d’Airteagal 9 den Rialachán seo a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

céannacht an rialaitheora dá dtagraítear in Airteagal 29(4), lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora;";

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

na catagóirí d’fhaighteoirí na sonraí, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 22l agus Europol;

(ca)

go bhféadfaidh rochtain a bheith ag na Ballstáit agus ag Europol ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;";

(iv)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(ea)

go bhféadfar sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán seo agus chuig Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle (*);

(*)  Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d'acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).";"

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f)

gurb ann don cheart rochtain a iarraidh ar shonraí a bhaineann leo, don cheart chun a iarraidh go ndéanfaí sonraí míchruinne a bhaineann leo a cheartú, go ndéanfaí sonraí neamhiomlána a bhaineann leo a chomhlánú, go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leo agus a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh nó go gcuirfí srian le próiseáil na sonraí sin, agus don cheart faisnéis a fháil maidir leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta, nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, más infheidhme, a éistfidh gearáin maidir le cosaint sonraí pearsanta;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i bhfoirm ghonta thrédhearcach intuigthe agus inrochtana don iarratasóir i scríbhinn, le friotail teanga ghlan shoiléir, tráth a bhaileofar na sonraí, an íomhá den aghaidh agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 22a. Déanfar leanaí a chur ar an eolas ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois, lena n-áirítear trí uirlisí amhairc a úsáid chun míniú a thabhairt ar an nós imeachta maidir le méarloirg a ghlacadh.";

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"In éagmais foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, soláthrófar an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.";

(42)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 38 go 43:

"Airteagal 38

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh agus go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Chun a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag duine ar bith go gcuirfí in iúl dó nó di na sonraí a bhaineann leis nó léi atá ar taifead in VIS agus an Ballstát a d'iontráil na sonraí sin in VIS. Déanfaidh an Ballstát a gheobhaidh an iarraidh í a scrúdú agus freagra a thabhairt uirthi a luaithe is féidir, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, ar a dhéanaí.

2.   Féadfaidh aon duine a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leis nó léi agus go léirscriosfaí sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach.

I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig an mBallstát freagrach agus ina bhfaightear amach go bhfuil sonraí VIS míchruinn ó thaobh fíoras de nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 24(3), na sonraí sin in VIS a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill agus laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, ar a dhéanaí. Dearbhóidh an Ballstát freagrach gan mhoill i scríbhinn don duine lena mbaineann go bhfuil beart déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a léirscriosadh.

I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát freagrach, rachaidh údaráis an Bhallstáit ar chuige a díríodh an iarraidh i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit fhreagraigh laistigh de thréimhse 7 lá. Leanfaidh an Ballstát freagrach ar aghaidh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Cuirfidh an Ballstát a chuaigh i dteagmháil le húdarás an Bhallstáit fhreagraigh don duine lena mbaineann ar an eolas gur cuireadh a iarraidh nó a hiarraidh ar aghaidh, faoin mBallstát ar cuireadh chuige í agus faoin gcuid eile den nós imeachta.

3.   I gcás nach n-aontaíonn an Ballstát freagrach leis an éileamh go bhfuil sonraí atá ar taifead in VIS míchruinn ó thaobh fíoras de, nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, glacfaidh sé cinneadh riaracháin gan mhoill lena míneofar i scríbhinn don duine lena mbaineann an fáth nach bhfuil sé ar intinn aige na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú nó a léirscriosadh.

4.   Sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann freisin ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus faisnéis maidir le haon chúnamh atá ar fáil don duine sin, lena n-áirítear ó na húdaráis mhaoirseachta inniúla.

5.   Cuimseofar in aon iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 1 nó 2 an fhaisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a aithint. Úsáidfear an fhaisnéis sin go heisiach chun gur féidir na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a fheidhmiú.

6.   Coimeádfaidh an Ballstát freagrach taifead i bhfoirm doiciméad i scríbhinn go ndearnadh iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó 2 agus mar a chuathas ina bun. Cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta inniúla sonraí gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an chinnidh na sonraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a cheartú nó a léirscriosadh nó tar éis an chinnidh riaracháin dá dtagraítear i mír 3.

7.   De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus a mhéid a bhaineann le sonraí atá sna tuairimí réasúnaithe atá ar taifead in VIS i gcomhréir le hAirteagail 9e(6), Airteagal 9g(6) agus Airteagal 22b(14) agus (16) mar thoradh ar na cuardaigh de bhun Airteagail 9a agus 22b, agus sa mhéid sin amháin, déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a mhéid is gá, agus fad a bheidh páirtshrian nó srian iomlán den sórt sin ina bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach agus aird cuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bac ar fhiosrúcháin oifigiúla nó dhlíthiúla, imscrúduithe oifigiúla nó dlíthiúla nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)

dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c)

an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d)

an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó

(e)

cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi aon diúltú nó srianadh rochtana agus faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú nó leis an srianadh sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d'aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas go bhféadfaí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.

Déanfaidh an Ballstát doiciméadú ar na cúiseanna fíorasacha nó dlíthiúla ar a mbunaítear an cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta.

I gcásanna den sórt sin, beidh an duine lena mbaineann in ann a chearta nó a cearta a fheidhmiú trí na húdaráis mhaoirseachta inniúla freisin.

Airteagal 39

Comhar chun cearta cosanta sonraí a áirithiú

1.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 38 a fhorghníomhú.

2.   I ngach Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna iarraidh sin dó, cabhair a thabhairt don ábhar sonraí agus comhairle a chur air nó uirthi maidir lena cheart nó lena ceart a fheidhmiú go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh nó próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Chun na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit fhreagraigh agus údarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh le chéile.

Airteagal 40

Leigheasanna

1.   Gan dochar d'Airteagail 77 agus 79 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit a dhiúltaigh an ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis nó léi, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus Airteagal 39(2) den Rialachán seo. Beidh feidhm ag an gceart caingean a thabhairt nó gearán den sórt sin a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuarthas aon fhreagra, laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 38, ar iarrataí ar rochtain a fháil ar na sonraí, nó go ndéanfaí iad a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó i gcás nár dhéileáil an rialaitheoir sonraí leis na hiarrataí ar chor ar bith.

2.   Beidh cúnamh le fáil ón údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 i gcaitheamh na n-imeachtaí.

Airteagal 41

Maoirsiú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann.

2.   Déanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le Caibidil IIIb, lena n-áirítear rochtain na mBallstát ar shonraí pearsanta agus tarchur na sonraí sin chuig VIS agus as VIS.

3.   Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta fhreagracha iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, gach 4 bliana ar a laghad. Féadfar torthaí an iniúchta a chur san áireamh sna meastóireachtaí a dhéanfar faoin sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (*). Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an ghníomhaíocht a rinneadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, na léirscriostaí agus na sriantaí próiseála a rinneadh mar fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain acmhainní ag a n-údaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun go mbeidh comhairle ar fáil dóibh ó dhaoine a bhfuil a ndóthain eolais acu ar shonraí bithmhéadracha.

5.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus, go háirithe, tabharfaidh siad faisnéis dóibh maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain do na húdaráis mhaoirseachta ar a gcuid logaí agus ceadóidh siad rochtain dóibh tráth ar bith ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann le VIS.

Airteagal 42

Maoirseacht arna déanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA, Europol agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoin Rialachán seo agus as a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/1725 nó, a mhéid a bhaineann le Europol, le Rialachán (AE) 2016/794.

2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach 4 bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.

3.   Soláthróidh eu-LISA faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin dó, tabharfaidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid uile agus ar a chuid logaí dá dtagraítear in Airteagail 22s, 34 agus 45c, agus ceadóidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar a áitribh ar fad tráth ar bith.

Airteagal 43

Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi seach chun maoirseacht chomhordaithe ar VIS agus ar na córais náisiúnta a áirithiú.

2.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad aon deacrachtaí maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna i bhfeidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó i bhfeidhmiú chearta an ábhair sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht ar chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.   Chun críocha mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Eagróidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí na cruinnithe sin agus iompróidh sé costais na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.   Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil chomhpháirteach ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA gach dara bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 16 Meán Fómhair 1998 ón gCoiste Feidhmiúcháin lena mbunaítear Buanchoiste um mheastóireacht a dhéanamh ar Schengen agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).";"

(43)

scriostar Airteagal 44;

(44)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

"Airteagal 45

Cur chun feidhme ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach d'fhorbairt Lárchóras VIS, na NUInna i ngach Ballstát agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na NUInna maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dearadh ailtireacht fhisiciúil Lárchóras VIS lena n-áirítear a líonra cumarsáide;

(b)

gnéithe teicniúla a mbeidh tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta;

(c)

gnéithe teicniúla a mbeidh impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu do bhuiséid na mBallstát nó a mbeidh impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu do na córais náisiúnta;

(d)

forbairt ceanglas slándála, lena n-áirítear gnéithe bithmhéadracha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta a leagan síos a bheidh riachtanach le haghaidh chur chun feidhme teicniúil fheidhmiúlachtaí Lárchóras VIS, go háirithe:

(a)

chun na sonraí a iontráil agus chun iarratais a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagail 10 go 14, Airteagal 22a agus Airteagail 22c go 22f;

(b)

chun rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15, Airteagail 18 go 22, Airteagail 22g go 22k, Airteagail 22n go 22r agus Airteagail 45e agus 45f;

(c)

chun sonraí a cheartú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagail 23, 24 agus 25;

(d)

chun na logaí a choimeád agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 34;

(e)

don sásra ceadaithe agus do na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16;

(f)

chun rochtain a fháil ar na sonraí chun críoch tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 45a.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i dtaca le cáilíocht, taifeach agus úsáid méarlorg agus na híomhá den aghaidh le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus aithint in VIS.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 45a

Úsáid shonraí VIS chun críoch tuairiscithe agus staidrimh

1.   Beidh rochtain ar VIS ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, eu-LISA, na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 9j, chun na sonraí seo a leanas a cheadú chun críoch tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, ach gan an aithint indibhidiúil a lamháil agus i gcomhréir leis na coimircí a bhaineann le neamh-idirdhealú dá dtagraítear in Airteagal 7(2):

(a)

faisnéis maidir le stádas;

(b)

an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas, lena n-áirítear a shuíomh;

(c)

gnéas, aois agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí an iarratasóra;

(d)

tír agus cathair chónaithe an iarratasóra, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(e)

slí bheatha reatha (grúpa poist) an iarratasóra, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(f)

Ballstát an chéad dul isteach agus an chéad cheann scríbe, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(g)

dáta agus áit an iarratais agus an cinneadh maidir leis an iarratas (arna eisiúint, dhiúltú, neamhniú, chúlghairm, athnuachan nó shíneadh);

(h)

an cineál doiciméid a ndearnadh iarratas ina leith nó a eisíodh, i.e. an víosa idirthurais aerfoirt a bhí i gceist, nó víosa aonfhoirmeach nó víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;

(i)

an cineál doiciméid taistil agus an tír a d'eisigh an doiciméad taistil, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(j)

an cinneadh i dtaca leis an iarratas agus, i gcás diúltaithe, tarraingt siar, neamhnithe nó cúlghairme, na forais a cuireadh in iúl leis an gcinneadh sin;

(k)

amais a eascraíonn as cuardaigh ar chórais faisnéise AE, ar shonraí Europol nó ar bhunachair sonraí Interpol de bhun Airteagail 9a nó 22b, arna ndifreáil de réir córais nó bunachair sonraí, nó amais i gcoinne na dtáscairí riosca sonracha de bhun Airteagal 9j, agus amais inar deimhníodh, tar éis fíorú de láimh de bhun Airteagail 9c, 9d, 9e nó 22b, go gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí atá i gceann de na córais faisnéise nó na bunachair sonraí a cuardaíodh;

(l)

cinntí chun víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú, ar cinntí iad atá comhghaolaithe le hamas a fíoraíodh de láimh agus a deimhníodh i gceann de na córais faisnéise nó na bunachair sonraí a cuardaíodh nó le hamas i gcoinne na dtáscairí riosca sonracha;

(m)

an t-údarás inniúil, lena n-áirítear a shuíomh, a rinne an cinneadh maidir leis an iarratas agus dáta an chinnidh, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(n)

na cásanna ina ndearna an t-iarratasóir céanna iarratas ar víosa a chur faoi bhráid níos mó ná údarás víosaí amháin, ina luaitear na húdaráis víosaí sin, a suíomh agus dátaí na gcinntí;

(o)

príomhchuspóirí an turais, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin;

(p)

iarratais ar víosaí a phróiseáiltear de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(q)

na sonraí a iontráladh i ndáil le haon doiciméad a aistarraingíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leis, de réir mar is infheidhme;

(r)

dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;

(s)

an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(t)

na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 9 a sholáthar iontu, i gcomhréir le hAirteagal 8(5);

(u)

na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 9 a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla, i gcomhréir le hAirteagal 8(5);

(v)

na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 9 a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 8(5);

(w)

naisc chuig an gcomhad iarratais a bhí ann roimhe sin maidir leis an iarratasóir sin chomh maith le naisc i dtaca le comhaid iarratais na ndaoine a bhí ag taisteal le chéile, a mhéid a bhaineann le víosaí amháin.

Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta ar VIS chun na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a cheadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 32 de Rialachán (AE) 2019/1896 a dhéanamh.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817. I gcomhréir le hAirteagal 39(1) den Rialachán sin, le sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach, tabharfar deis do na húdaráis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a fháil, chun tacú le cur chun feidhme na dtáscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j den Rialachán seo, chun an measúnú ar na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla agus na hardrioscaí eipidéime a fheabhsú, chun cur le héifeachtúlacht na seiceálacha teorann agus chun cuidiú leis na húdaráis víosaí iarratais ar víosaí a phróiseáil.

3.   Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú VIS dá dtagraítear in Airteagal 50(1) go bhféadfar staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta chun an faireachán sin a áirithiú.

4.   Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí ina léireofar, i gcás gach suímh inar taisceadh iarratas ar víosa agus i gcás gach Ballstáit, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

líon na víosaí idirthurais aerfoirt (A) a ndearnadh iarratas orthu; líon na víosaí A a eisíodh, arna imdhealú de réir dul isteach aonuaire idirthurais aerfoirt agus dul isteach iolrach idirthurais aerfoirt; líon na víosaí A a diúltaíodh;

(b)

líon na víosaí gearrfhanachta (C) a ndearnadh iarratas orthu (agus é imdhealaithe de réir phríomhchuspóirí an turais); líon na víosaí C a eisíodh, arna imdhealú de réir víosaí a eisíodh le haghaidh dul isteach aonuaire, dul isteach faoi dhó nó dul isteach iolrach agus na víosaí deireanacha sin roinnte de réir fhad na bailíochta (6 mhí nó faoina bhun, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 4 bliana, 5 bliana); líon na víosaí a eisíodh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta (LTV) acu; líon na víosaí C a diúltaíodh;

Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817.

5.   Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ina léireofar, i gcás gach suímh, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

líon iomlán na víosaí fadfhanachta a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh agus ar cuireadh síneadh leo;

(b)

líon iomlán na gceadanna cónaithe a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh, a cúlghaireadh, a neamhníodh agus ar cuireadh síneadh leo.

6.   Ag deireadh gach bliana, déanfar sonraí staidrimh a thiomsú i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Beidh miondealú ar shonraí maidir le gach suíomh agus gach Ballstát sa staidreamh. Foilseofar an tuarascáil agus tarchuirfear í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

7.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA staidreamh ar fáil dó maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí nó an bheartais imirce agus tearmainn, lena n-áirítear gnéithe de bhun chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.

Airteagal 45b

Fógraí

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an údarás a bhfuiltear chun a mheas gurb é an rialaitheoir é dá dtagraítear in Airteagal 29(4).

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a mbeidh rochtain acu ar VIS chun sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh nó a cheadú in VIS agus maidir leis an údarás ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d(1) agus Airteagal 22b(14).

3 mhí tar éis dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite de na húdaráis ar tugadh fógra ina leith den bhun na chéad fhomhíre den mhír seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athruithe ar na húdaráis ar tugadh fógra ina leith. I gcás ina ndéanfar athruithe den sórt sin, foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite nuashonraithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uair sa bhliain. Coinneoidh eu-LISA suíomh poiblí gréasáin ar bun a nuashonrófar go leanúnach ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA maidir lena n-údaráis ainmnithe agus maidir lena lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22l agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill maidir le haon athruithe i ndáil leis sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar athruithe ar an bhfaisnéis sin, foilseoidh an Coimisiún leagan comhdhlúite nuashonraithe di uair sa bhliain. Coinneoidh an Coimisiún suíomh poiblí gréasáin ar bun, a nuashonrófar go leanúnach, ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

Airteagal 45c

Rochtain ag iompróirí ar shonraí ar mhaithe le fíorú

1.   Chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d'Airteagal 26(1) de Choinbhinsiún Schengen, déanfaidh aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste cuardach a sheoladh chuig VIS chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí, de réir mar is infheidhme, ar seilbh ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa nó a gceanglaítear orthu víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ar seilbh acu.

2.   Le rochtain shlán ar an ngeata iompróra dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 2a, lena n-áirítear go bhféadfaí úsáid a bhaint as réitigh theicniúla mhóibíleacha, tabharfar deis d'iompróirí an cuardach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh sula rachaidh paisinéir ar bord.

Chun na críche sin, a mhéid a bhaineann le víosaí, soláthróidh an t-iompróir na sonraí dá dtagraítear i bpointí 4(a), (b) agus (c) d'Airteagal 9 agus, a mhéid a bhaineann le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, soláthróidh an t-iompróir na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d'Airteagal 22a(1), mar a bheidh sa doiciméad taistil. Sonróidh an t-iompróir an Ballstát dul isteach freisin nó, i gcás idirthurais aerfoirt, an Ballstát idirthurais.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, i gcás idirthuras aerfoirt, ní bheidh ar an iompróir cuardach a sheoladh chuig VIS, seachas i gcás ina gceanglófar ar an náisiúnach tríú tír víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

3.   Le VIS, soláthrófar freagra CGL/NÍL SÉ CGL d’iompróirí, á shonrú an bhfuil víosa bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ag an duine, de réir mar is infheidhme.

I gcás inar eisíodh víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirfear san áireamh sa fhreagra a chuirfear ar fáil le VIS na Ballstáit ina bhfuil an víosa bailí mar aon leis an mBallstát dul isteach arna shonrú ag an iompróir.

Féadfaidh iompróirí an fhaisnéis a sheoltar mar aon leis an bhfreagra a gheofar a stóráil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ní mheasfar an freagra CGL/NÍL SÉ CGL a bheith ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú an gheata iompróra agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

4.   I gcás ina ndiúltófar bordáil do náisiúnaigh tríú tír de thoradh VIS a cheadú, cuirfidh iompróirí in iúl dóibh gur de thoradh faisnéis a stóráiltear in VIS an diúltú sin, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil dóibh faoina gcearta i ndáil le rochtain ar shonraí pearsanta atá ar taifead in VIS agus i ndáil leis na sonraí sin a cheartú nó a léirscriosadh.

5.   Cuirfear scéim fíordheimhniúcháin ar bun, a bheidh forchoimeádta go heisiach d'iompróirí, chun rochtain a thabhairt ar an ngeata iompróra chun críocha an Airteagail seo do na baill chuí-údaraithe d'fhoireann na n-iompróirí. Agus an scéim fíordheimhniúcháin á cur ar bun, cuirfear san áireamh bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an scéim fíordheimhniúcháin d'iompróirí a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

6.   Leis an ngeata iompróra, bainfear úsáid as bunachar sonraí ar leithligh, a bheidh inléite amháin, a nuashonrófar go laethúil trí asbhaint-aon-slí a dhéanamh ar íos-fhothacar riachtanach shonraí VIS. Beidh eu-LISA freagrach as slándáil an gheata iompróra, as slándáil na sonraí pearsanta atá ann agus as an bpróiseas lena n-asbhainfear na sonraí pearsanta isteach sa bhunachar sonraí ar leithligh a bheidh inléite amháin.

7.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás iompróirí a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste, beidh an fíorú de bhun na míre sin roghnach ar feadh na chéad 18 mí tar éis dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

8.   Chun críche mír 1 a chur chun feidhme nó chun aon díospóid fhéideartha a réiteach a d'eascródh as an mír sin a chur i bhfeidhm, coimeádfaidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí ar an ngeata iompróra. Leis na logaí sin, léireofar dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don cheadú, na sonraí a tarchuireadh leis an ngeata iompróra agus ainm an iompróra i gceist.

Stórálfaidh eu-LISA na logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar logaí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.

Airteagal 45d

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí na sonraí a rochtain ar chúiseanna teicniúla

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 45c(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar chuid éigin de VIS, beidh na hiompróirí díolmhaithe ón oibleagáid a fhíorú leis an ngeata iompróra go bhfuil víosa bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ar seilbh ag an taistealaí. I gcás ina mbraithfidh eu-LISA cliseadh den sórt sin, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra faoi do na hiompróirí agus do na Ballstáit. Tabharfaidh sé fógra do na hiompróirí agus do na Ballstáit freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí cliseadh den sórt sin, féadfaidh siad fógra a thabhairt do Láraonad ETIAS. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug na hiompróirí in iúl do na Ballstáit gan mhoill.

2.   I gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróir dul ar aghaidh leis an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 45c(1) ar feadh i bhfad, ar chúiseanna eile seachas gur chlis ar chuid ar bith de VIS, tabharfaidh an t-iompróir fógra do Lárionad ETIAS faoin méid sin. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug an t-iompróir in iúl do na Ballstáit gan mhoill.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí sonraí a rochtain ar chúiseanna teicniúla. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 45e

Rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach

1.   Chun na cúraimí agus na cumhachtaí de bhun Airteagal 82(1) agus (10) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) a fheidhmiú, beidh an ceart ag na baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, agus ag buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le hoibríochtaí a bhaineann le filleadh, faoi chuimsiú a sainordaithe, rochtain a fháil ar shonraí VIS agus sonraí VIS a chuardach.

2.   Chun an rochtain dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú, ainmneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh mar an lárphointe rochtana. Fíorófar tríd an lárphointe rochtana go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45f maidir le rochtain ar VIS a iarraidh á gcomhlíonadh.

Airteagal 45f

Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach

1.   I bhfianaise na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 45e(1), féadfaidh foireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach iarraidh a chur faoi bhráid lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 45e(2) chun sonraí uile VIS nó tacar sonrach sonraí VIS a cheadú. Déanfar tagairt san iarraidh sin don phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann nó filleadh atá ag an mBallstát sin ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar comhlíonadh na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Má tá na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil. Tarchuirfear sonraí VIS a bhfuarthas rochtain orthu chuig an bhfoireann ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí.

2.   Chun an rochtain a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tabharfaidh an Ballstát óstach údarás do na baill den fhoireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh a chomhlíonadh; agus

(b)

tá sé riachtanach VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach ar an bhfoireann a dhéanamh.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 82(4) de Rialachán (AE) 2019/1896, ní ghníomhóidh baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, ná buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, chun freagairt ar fhaisnéis a fuarthas ó VIS ach faoi threoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.   I gcás amhrais nó má theipeann ar fhíorú chéannacht shealbhóir na víosa, shealbhóir na víosa fadfhanachta nó shealbhóir an cheada cónaithe, treoróidh an ball den fhoireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an duine chuig garda teorann de chuid an Bhallstáit óstaigh.

5.   Déanfaidh baill de na foirne sonraí VIS a cheadú mar a leanas:

(a)

agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag na baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le hAirteagal 18 nó 22g den Rialachán seo, faoi seach;

(b)

agus fíorú á dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain ag baill de na foirne ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh, laistigh den chríoch, ar náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó 22h den Rialachán seo, faoi seach;

(c)

agus aithint á déanamh ar aon duine nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, beidh rochtain ag na baill de na foirne ar shonraí VIS chun críoch aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 22i den Rialachán seo.

6.   I gcás ina nochtfar de bharr rochtain agus cuardaigh de bhun mhír 5 gurb ann do shonraí ar taifead in VIS, cuirfear an Ballstát óstach ar an eolas ina leith.

7.   Coimeádfaidh eu-LISA gach loga ar oibríochtaí próiseála sonraí in VIS a dhéanfaidh ball de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nó a dhéanfaidh buíonta de bhaill foirne a mbeidh baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh i gcomhréir le hAirteagal 34.

8.   Logálfar gach rochtain agus gach cuardach a dhéanfaidh foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 34 agus clárófar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach orthu.

9.   Chun críocha Airteagal 45e agus an Airteagail seo, ní dhéanfar aon chodanna de VIS a nascadh le haon chóras ríomhaireachta chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil a bheidh á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in VIS a mbeidh rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de VIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar íoslódáil nó cóipeáil shonraí VIS.

10.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil sonraí a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 32, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.

(*)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11)."

(**)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).";"

(45)

scriostar Airteagail 46, 47 agus 48;

(46)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 48a

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 2 Lúnasa 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) nó Airteagal 22b(18) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";

(47)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 49 agus 50:

"Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 49a

Grúpa comhairleach

Bunóidh eu-LISA Grúpa Comhairleach agus soláthróidh sé an saineolas a bhaineann le VIS don ghrúpa sin, go háirithe i gcomhthéacs a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a ullmhú.

Airteagal 50

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú VIS de réir cuspóirí i dtaca le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis riachtanach maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéantar in VIS.

3.   Gach 2 bhliain, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil VIS, lena n-áirítear an tslándáil agus na costais a ghabhann leis, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. A luaithe a bheidh an teicneolaíocht in úsáid, beidh meastóireacht ar úsáid íomhánna den aghaidh chun daoine a aithint sa tuarascáil freisin, lena n-áirítear measúnú ar aon deacrachtaí a bhí ann.

4.   Agus urraim á tabhairt d'fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí VIS ina mbeidh faisnéis agus staidreamh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cuspóir baileach an chomhairliúcháin, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona choiriúil thromchúisigh eile;

(b)

na forais réasúnacha a tugadh maidir leis an amhras, a bhfuil údar leis, go bhfuil an t-amhrastach, déantóir nó íospartach cumhdaithe leis an Rialachán seo;

(c)

líon na n-iarrataí chun rochtain a fháil ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chun rochtain a fháil ar na sonraí maidir le leanaí faoi bhun 14 bliana d'aois;

(d)

líon agus cineál na gcásanna inar úsáideadh na nósanna imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 22n(2), lena n-áirítear na cásanna sin nuair nár glacadh leis an bpráinn sin san fhíorú ex post a rinne an lárphointe rochtana;

(e)

líon agus cineál na gcásanna inar éirigh leo aithint a dhéanamh.

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin.

Cuirfear réiteach teicniúil ar fáil do na Ballstáit chun bailiú na sonraí sin de bhun Chaibidil IIIb a éascú chun críche staidreamh a ghiniúint dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí an réitigh theicniúil a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

5.   3 bliana tar éis dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar VIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann agus na gcostas a tabhaíodh, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, agus a tionchar ar chearta bunúsacha, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith VIS, slándáil VIS, an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus aon impleachtaí d'oibríochtaí amach anseo. Beidh anailís mhionsonraithe inti freisin ar na sonraí a soláthraíodh sna tuarascálacha bliantúla dá bhforáiltear le mír 4 den Airteagal seo, d'fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na rochtana ar shonraí VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar rannchuidíodh, le ECRIS-TCN a bheith á chuardach ag VIS, le tacú leis an gcuspóir measúnú a dhéanamh i dtaobh arbh fhéidir leis an iarratasóir a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6.   Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá do eu-LISA agus don Choimisiún chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 a dhréachtú.

7.   Soláthróidh eu-LISA an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."."

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Nuair a bheidh iarratas á thaisceadh, beidh iarratasóirí i láthair go pearsanta, i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 13, chun a méarloirg nó íomhá dá n-aghaidh a sholáthar. Gan dochar don chéad abairt den mhír seo agus d'Airteagal 45, féadfaidh na hiarratasóirí a n-iarratais a thaisceadh go leictreonach, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh.";

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

cead a thabhairt íomhá dá aghaidh nó dá haghaidh a ghlacadh beo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 13(7a), grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95;";

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

"Gan dochar do phointe (c) den mhír seo, féadfaidh Ballstáit a cheangal ar an iarratasóir grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 tráth gach iarratas.";

(2)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

"1.   Baileoidh na Ballstáit aitheantóirí bithmhéadracha de chuid an iarratasóra arb é a bheidh iontu íomhá d'aghaidh an iarratasóra agus na deich gcinn de mhéarloirg an iarratasóra i gcomhréir leis na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

2.   Tráth a mbeidh an chéad iarratas á chur isteach agus gach 59 mí ar a laghad ina dhiaidh sin, ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta. An tráth sin, baileofar na haitheantóirí bithmhéadracha seo a leanas de chuid an iarratasóra:

(a)

íomhá den aghaidh a glacadh beo tráth an iarratais;

(b)

na deich méarlorg a tógadh agus na méara leata agus a bailíodh go digiteach.

2a.   Déanfar na híomhánna den aghaidh agus na méarloirg dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú chun iad a thaifeadadh in VIS i gcomhréir le pointí (5) agus (6) d'Airteagal 9 de Rialachán VIS agus sna córais náisiúnta próiseála víosaí, agus chun na críche sin amháin.

3.   I gcás inar bailíodh méarloirg agus íomhá bheo den aghaidh de cháilíocht leordhóthanach ón iarratasóir agus inar iontráladh iad in VIS mar chuid d'iarratas a taisceadh tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, déanfar na sonraí sin a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.

I gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann, áfach, maidir le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an chonsalacht méarloirg agus íomhá d'aghaidh an iarratasóra sin a bhailiú laistigh den tréimhse a shonraítear sa chéad fhomhír.

Thairis sin, más rud é, an tráth a dtaiscfear an t-iarratas ar víosa, nach féidir a dheimhniú láithreach gur bailíodh na méarloirg laistigh den tréimhse a shonraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go mbaileofar iad.

4.   Beidh taifeach leordhóthanach agus cáilíocht leordhóthanach ag íomhá d'aghaidh na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i mír 2 chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe. Beidh ceanglais theicniúla na híomhá sin d'aghaidh an iarratasóra dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa 8ú heagrán de dhoiciméad 9303 de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).";

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"6a.   Nuair a bheidh aitheantóirí bithmhéadracha mionaoiseach á mbailiú, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá oiliúint shonrach curtha ar na baill foirne a thógann aitheantóirí bithmhéadracha mionaoisigh chun aitheantóirí bithmhéadracha mionaoisigh a thógáil ar bhealach nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh;

(b)

beidh gach mionaoiseach faoi thionlacan duine fásta de theaghlach an mhionaoisigh, nó caomhnóir dlíthiúil, nuair a bheidh na haitheantóirí bithmhéadracha á dtógáil;

(c)

ní úsáidfear aon fhorneart chun na haitheantóirí bithmhéadracha a thógáil.";

(c)

leasaítear mír 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois agus daoine os cionn 75 bliain d'aois;";

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

"(e)

daoine a gceanglaítear orthu teacht i láthair mar fhinné os comhair cúirteanna agus binsí idirnáisiúnta i gcríoch na mBallstát agus a bheadh i mbaol mór dá mbeidís i láthair go pearsanta chun iarratas a chur isteach.";

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"7a.   Féadfaidh iarratasóirí dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (e) de mhír 7 a bheith díolmhaithe freisin ó ghlacadh beo íomhánna dá n-aghaidh tráth a cuireadh isteach an t-iarratas.

7b.   I gcásanna eisceachtúla, nach féidir na sonraíochtaí i dtaca le cáilíocht agus le taifeach a leagtar amach maidir le clárú beo na híomhá den aghaidh a chomhlíonadh, féadfar an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó shlis an Doiciméid leictreonaigh Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD). Sula mbainfear na sonraí ón tslis, deimhneofar barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí, ach amháin mura bhfuil sin indéanta ar chúiseanna teicniúla nó dodhéanta toisc nach bhfuil deimhnithe bailí ar fáil. I gcásanna den sórt sin, ní chuirfear an íomhá den aghaidh isteach i gcomhad an iarratasóra in VIS de bhun Airteagal 9 de Rialachán VIS ach amháin tar éis fíorú leictreonach a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis an eMRTD don íomhá bheo d'aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.";

(e)

scriostar mír 8;

(3)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"3a.   Chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha san áireamh, i gcás inarb infheidhme, toradh na bhfíoruithe ar amais de bhun Airteagal 9c de Rialachán VIS nó an tuairim réasúnaithe a thug údarás ainmnithe VIS, mar a shainmhínítear i bpointe (3b) d’Airteagal 4 de Rialachán VIS, nó aonad náisiúnta ETIAS, dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), i gcomhréir le hAirteagail 9e agus 9g den Rialachán sin.

De mhaolú ar Airteagal 4(1), i gcás iarratais ina bhfuil tuairim réasúnaithe tugtha ag údarás ainmnithe VIS nó ag Aonad Náisiúnta ETIAS, tabharfar de chumhacht do na húdaráis lárnacha cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas iad féin nó, tar éis dóibh an tuairim réasúnaithe a mheasúnú, cuirfidh siad in iúl don chonsalacht a bheidh ag próiseáil an iarratais go bhfuil agóid á déanamh acu i gcoinne an víosa a eisiúint.

3b.   Chun críche measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha, i gcás ina bhfuil nasc dearg ann i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), na difríochtaí sna céannachtaí nasctha a mheasúnú agus a chur san áireamh.

3c.   Cuirfear amais i gcoinne na dtáscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j de Rialachán VIS de bhun Airteagal 9a(13) den Rialachán sin san áireamh agus iarratas ar víosa á scrúdú. Ní dhéanfaidh an chonsalacht ná na húdaráis lárnacha cinneadh go huathoibríoch in imthosca ar bith ar bhonn amais a bheidh bunaithe ar tháscairí riosca sonracha. Déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha measúnú ar na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla agus na hardrioscaí eipidéime i ngach cás ar bhonn leithligh.

(*)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1)."

(**)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).";"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Fíoróidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha, trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuarthas ó EES, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), an mbeidh uastréimhse fanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir de thoradh an fhanachta atá beartaithe, beag beann ar thréimhsí féideartha fanachta arna n-údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).";"

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"8a.   Tabharfaidh consalachtaí aird ar leith ar an bhfíorú ceart ar chéannacht mionaoiseach agus ar an nasc leis an duine a bhfuil údarás tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil á fheidhmiú nó á feidhmiú aige nó aici chun gáinneáil ar leanaí a chosc.";

(4)

i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

"(iv)

víosa a eisiúint ar chúiseanna práinne, cé nár cuireadh na fíoruithe ar amais i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 9a go 9g de Rialachán VIS;";

(5)

in Airteagal 35, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"5a.   I bprionsabal, ní eiseofar víosa ag an teorainn sheachtrach do náisiúnach tríú tír nach bhfuil na fíoruithe ar amais i gcomhréir le hAirteagail 9a go 9g de Rialachán VIS curtha i gcrích ina leith.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici do chríoch an Bhallstáit eisiúna a eisiúint ag an teorainn sheachtrach do dhaoine den sórt sin, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 25(1).";

(6)

in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 35(3) go (5a).";

(7)

in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

"2.   Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, déanfaidh foireann chonsalach agus foireann na n-údarás lárnach dínit an duine agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán. Beidh aon bhearta a ghlacfar comhréireach leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

3.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, ní dhéanfaidh foireann chonsalach ná foireann na n-údarás lárnach idirdhealú in aghaidh daoine ar fhorais a bhaineann le gnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Tabharfaidh siad aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Tabharfar tús áite do leas an linbh.";

(8)

scriostar Airteagal 46.

(9)

leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   2 bhliain tar éis d'fhorálacha uile an Rialacháin seo teacht chun bheith infheidhme, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar a chur i bhfeidhm ar fáil. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí arna saothrú agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.";

(b)

scriostar míreanna 3 agus 4.

(10)

i bpointe C(b) d’Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“–

urramóidh siad dínit daonna agus sláine na n-iarratasóirí, gan idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais a bhaineann le gnéas, tionscnamh ciníoch nó eithneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh,

urramóidh siad na forálacha maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a thógáil a leagtar síos in Airteagal 13, agus";

(11)

scriostar Iarscríbhinn XII.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/399

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, leasaítear mír 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(bb)

i gcás ina mbíonn víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ar seilbh ag náisiúnach tríú tír, is é a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe agus barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe trí VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22g de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

In imthosca ina dteipfidh ar an bhfíorú ar chéannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe nó ar fhíorú bharántúlacht nó bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe, nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra nó le barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe nó an doiciméid taistil, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil sin an tslis doiciméid a fhíorú.";

(b)

scriostar pointí (c) go (f);

(2)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

"6.

Mionaoisigh

6.1.

Tabharfaidh gardaí teorann aird ar leith ar mhionaoisigh, bídís ag taisteal faoi thionlacan nó gan tionlacan. Beidh mionaoisigh a thrasnaíonn teorainn sheachtrach faoi réir na seiceálacha céanna le daoine fásta ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh, dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

6.2.

I gcás mionaoisigh thionlactha, seiceálfaidh an garda teorann go bhfuil cúram tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil ag na daoine atá ag tionlacan mionaoiseach, go háirithe i gcás nach bhfuil ach duine fásta amháin ag tionlacan na mionaoiseach agus go bhfuil amhras mór ann go bhféadfadh sé gur baineadh na mionaoisigh go mídhleathach ó chúram na ndaoine a bhfuil cúram tuismitheora nó cúram caomhnóireacht dhlíthiúil acu orthu. Sa dara cás sin, déanfaidh an garda teorann imscrúdú eile chun aon mhíréireachtaí nó bréagnuithe san fhaisnéis a tugadh a aimsiú.

6.3.

I gcás mionaoisigh atá ag taisteal gan tionlacan, áiritheoidh na gardaí teorann, trí bhíthin seiceálacha críochnúla ar dhoiciméid taistil agus ar dhoiciméid tacaíochta, nach n-imeoidh na mionaoisigh ón gcríoch in aghaidh thoil na ndaoine a bhfuil cúram tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil acu orthu.

6.4.

Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta sin ar fáil do na Ballstáit.

6.5.

I gcás ina bhfuil amhras ann maidir le haon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointí 6.1, 6.2 agus 6.3, bainfidh na gardaí teorann úsáid as an liosta de phointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh.

6.6.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint shonrach ag gardaí teorann a fhíoraíonn sonraí bithmhéadracha leanaí nó a dhéanann leanbh a shainaithint leo chun déanamh amhlaidh ar bhealach nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Nuair a bheidh leanbh faoi thionlacan tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil, gabhfaidh an duine sin leis an leanbh nuair a bheidh na sonraí bithmhéadracha á bhfíorú nó nuair a úsáidfear iad chun sainaithint a dhéanamh. Ní úsáidfear forneart. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá, go ndéanfar an bonneagar ag pointí trasnaithe teorann a chur in oiriúint d'úsáid sonraí bithmhéadracha leanaí.".

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"(e)

i gcás ina ndéantar céannacht sealbhóra víosa a fhíorú trí mhéarloirg nó íomhá den aghaidh a úsáid, céannacht sealbhóra víosa a fhíorú ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES trí mhéarloirg nó íomhá d'aghaidh an tsealbhóra víosa a chur i gcomparáid leis na méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo atá ar taifead in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus (4) den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Ní úsáidfear don chomparáid sin ach íomhánna den aghaidh atá ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh an íomhá den aghaidh beo tráth ar cuireadh isteach an t-iarratas ar víosa.";

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"3a.   Le hidir-inoibritheacht, beifear in ann an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 16(1) a léirscriosadh ón sainchomhad i gcás ina bhfuil íomhá den aghaidh ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth ar cuireadh isteach an t-iarratas ar víosa.

3b.   Le hidir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas EES fógra a thabhairt go huathoibríoch do VIS i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcás ina ndéantar imeacht linbh atá faoi bhun 12 bhliain d'aois a iontráil sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán seo.";

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"5.   Ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), beidh EES nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).";"

(2)

in Airteagal 9(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"Le EES, cuirfear an fheidhmiúlacht ar fáil chun bainistiú lárnach a dhéanamh ar an liosta sin. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht sin a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).";

(3)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh faoi phointe (b) d'Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, bainfidh iompróirí úsáid as an tseirbhís gréasáin chun a fhíorú, i gcás náisiúnach tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta ar seilbh aige nó aici, ar víosa í a eisíodh chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó, an bhfuil an líon dul isteach a údaraítear úsáidte ag an náisiúnach tríú tír cheana féin nó an bhfuil sealbhóir na víosa gearrfhanachta tagtha chuig deireadh na huastréimhse fanachta údaraithe.

Cuirfidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 16(1) den Rialachán seo ar fáil. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra "CGL/NÍL SÉ CGL" d’iompróirí. Féadfaidh iompróirí an fhaisnéis a sheoltar agus an freagra a gheofar a stóráil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Bunóidh iompróirí scéim fíordheimhniúcháin chun a áirithiú gur ag an bhfoireann údaraithe amháin a bheidh rochtain ar an tseirbhís gréasáin. Ní bheidh sé indéanta an freagra "CGL/NÍL SÉ CGL" a mheas ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

I gcás ina ndiúltófar bordáil do náisiúnaigh tríú tír mar gheall ar fhreagra na seirbhíse gréasáin, cuirfidh iompróirí in iúl dóibh gur faisnéis atá stóráilte in EES is cúis leis an diúltú sin agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil dóibh faoina gcearta maidir le rochtain ar shonraí pearsanta atá ar taifead in EES agus maidir le sonraí pearsanta atá ar taifead in EES a cheartú nó a léirscriosadh.";

(4)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   I gcás inar gá sainchomhad a chruthú nó íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 17(1) a nuashonrú, déanfar an íomhá den aghaidh a ghlacadh beo. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa i gcás ina bhfuil íomhá den aghaidh ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth ar cuireadh isteach an t-iarratas.";

(b)

scriostar mír 5;

(5)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

an íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 15, mura bhfuil íomhá den aghaidh ar taifead in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth ar cuireadh isteach an t-iarratas.";

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"1a.   Más rud é, i gcás náisiúnach tríú tír a bhfuil íomhá dá aghaidh nó dá haghaidh, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, ina shainchomhad nó ina sainchomhad, go ndéantar íomhá dá aghaidh nó dá haghaidh a thaifeadadh ina dhiaidh sin in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth ar cuireadh isteach an t-iarratas, léirscriosfar an íomhá den aghaidh ón sainchomhad in EES.";

(6)

in Airteagal 18(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"De mhaolú ar Airteagal 15(1) agus ar phointe (d) d'Airteagal 16(1) den Rialachán seo, i gcás ina ndiúltaítear cead isteach don náisiúnach tríú tír bunaithe ar chúis a luaitear faoi phointe (B) nó (D) de Chuid B d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399 agus i gcás ina bhfuil amhras ann faoi bharántúlacht na híomhá den aghaidh atá ar taifead in VIS, déanfar an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a ghlacadh beo agus a chur isteach sa sainchomhad beag beann ar aon íomhá den aghaidh atá ar taifead in VIS.";

(7)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Má léiríonn an cuardach in EES a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, déanfaidh na húdaráis teorann an méid seo a leanas:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa, an íomhá bheo den aghaidh a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17(1) nó na méarloirg a fhíorú trína seiceáil in EES; agus

(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa:

(i)

an íomhá den aghaidh a rinneadh beo a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh atá ar taifead in EES dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 16(1) den Rialachán seo nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo atá ar taifead in VIS i gcomhréir le pointe (5) d'Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; nó

(ii)

na méarloirg a fhíorú go díreach in VIS i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Chun na méarloirg nó an íomhá den aghaidh arna glacadh beo a fhíorú in VIS le haghaidh sealbhóirí víosa, féadfaidh na húdaráis teorann an cuardach a sheoladh in VIS go díreach ó EES mar a fhoráiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.";

(b)

sa dara fomhír de mhír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, má léiríonn an cuardach in VIS a dhéantar leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS, déanfar fíorú in VIS leis na méarloirg nó leis an íomhá den aghaidh arna glacadh beo i gcomhréir le hAirteagal 18(6) den Rialachán sin. Chun na críche sin, féadfaidh an t-údarás teorann cuardach a sheoladh ó EES go VIS dá bhforáiltear in Airteagal 18(7) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. I gcás ina dteipfeadh ar fhíorú náisiúnaigh tríú tír de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis teorann na sonraí in VIS a rochtain chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.";

(8)

in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"5.   Beidh rochtain ar na sonraí ábhartha in EES ag na húdaráis inniúla víosaí agus ag na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, chun críche na hamais de bharr na gcuardach in EES a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagail 9c agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus chun críche na hiarratais sin a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh.";

(9)

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát a thugann le tuiscint go bhfuil sonraí a bhaineann le víosaí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de nó neamhiomlán nó gur próiseáladh na sonraí sin in EES de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé cruinneas na sonraí sin a sheiceáil i dtosach báire in VIS agus, más gá, déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in EES nó a léirscriosadh ó EES. I gcás inarb ionann na sonraí atá ar taifead in VIS agus na sonraí atá ar taifead in EES, cuirfidh sé an Ballstát atá freagrach as na sonraí sin a iontráil in VIS ar an eolas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí a iontráil in VIS na sonraí sin a sheiceáil agus, más gá, déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in VIS nó a léirscriosadh láithreach ó VIS agus cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas agus déanfaidh an Ballstát sin, más gá, na sonraí sin a cheartú nó a chomhlánú in EES nó a léirscriosadh ó EES gan mhoill agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).".

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(da)

tacú le cuspóirí VIS maidir leis an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú agus rannchuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach na mBallstát a chosc, trí chuardaigh in ETIAS a cheadú, lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34;";

(2)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(ca)

na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a shainiú agus a bhunú, measúnú ex ante a dhéanamh orthu, iad a chur chun feidhme, meastóireacht ex post agus athbhreithniú a dhéanamh orthu agus iad a scriosadh tar éis dul i gcomhairle le Bord VIS um Scagadh;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"(e)

iniúchtaí rialta a dhéanamh ar phróiseáil na n-iarratas agus ar chur chun feidhme Airteagal 33 den Rialachán seo agus Airteagal 9j de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, lena n-áirítear trí mheasúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar ar chearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta;";

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h)

fógra a thabhairt d'iompróirí i gcásanna ina gclisfeadh ar Chóras Faisnéise ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 46(1) den Rialachán seo nó ar VIS dá dtagraítear in Airteagal 45d(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;";

(b)

i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(aa)

faisnéis maidir le feidhmiú na dtáscairí riosca sonracha i gcomhair VIS.";

(3)

in Airteagal 8(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

"(h)

fíorú de láimh a dhéanamh ar na hamais i liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo arb iad na cuardaigh uathoibrithe a dhéantar le VIS de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a spreag iad agus gníomhaíocht leantach a dhéanamh i leith na n-amas sin, i gcomhréir le hAirteagal 9e den Rialachán sin.";

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 11a

Idir-inoibritheacht le VIS

Ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), beidh Lárchóras ETIAS agus CIR nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).";"

(5)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"4b.   Déanfar an rochtain ar lárchóras ETIAS a bheidh ag údaráis víosaí agus ag na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, i gcomhréir le hAirteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, a theorannú d'fhíorú an bhfuil an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe nó a dhoiciméad taistil nó a doiciméad taistil ag comhfhreagairt d'údarú taistil a eisíodh, a diúltaíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh i Lárchóras ETIAS agus na cúiseanna a bhí leis an eisiúint, an diúltú, an cúlghairm nó an neamhniú.";

(6)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

"Caibidil IXa

ÚSÁID ETIAS AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ AGUS AG ÚDARÁIS ATÁ INNIÚIL CHUN CINNEADH A DHÉANAMH MAIDIR LE HIARRATAS AR VÍOSA FADFHANACHTA NÓ CEAD CÓNAITHE

Airteagal 49a

Rochtain ar shonraí ag údaráis víosaí agus ag údaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

Chun críche na fíoruithe a leagtar síos in Airteagail 9c agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh, beidh sé de cheart ag na húdaráis inniúla víosaí agus ag na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe sonraí ábhartha i Lárchóras ETIAS agus in CIR a rochtain.";

(7)

in Airteagal 69(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(h)

na hamais arb iad na cuardaigh uathoibrithe a rinneadh in VIS a spreag iad de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, na sonraí arna bpróiseáil ag na húdaráis inniúla víosaí agus ag na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe chun críche na hamais a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagail 9c agus 22b den Rialachán sin, agus na sonraí arna bpróiseáil ag Aonaid Náisiúnta ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 9e den Rialachán sin.";

(8)

in Airteagal 75(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

"(d)

na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9j de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.".

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1860

I Rialachán (AE) 2018/1860, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Infheidhmeacht fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1861

Sa mhéid nach suitear leis an Rialachán seo iad, i dtaca le foláirimh a iontráil, a phróiseáil agus a nuashonrú, na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus eu-LISA, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus an tréimhse athbhreithnithe a bhaineann le foláirimh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staidreamh, a leagtar síos in Airteagail 6 go 19, Airteagal 20(3) agus (4), Airteagail 21, 23, 32 agus 33, Airteagal 34(5), Airteagal 36a agus Airteagail 38 go 60 de Rialachán (AE) 2018/1861, beidh feidhm acu sin go léir maidir le sonraí arna n-iontráil agus arna bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.”.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1861

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1861 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 18a

Logaí a choinneáil chun críocha idir-inoibritheachta le VIS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in SIS agus VIS de bhun Airteagal 36c den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.";

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 36a

Idir-inoibritheacht le VIS

Ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), beidh SIS Láir nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11)."."

Airteagal 8

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/817

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

"(20)

ciallaíonn 'údaráis ainmnithe' údaráis ainmnithe na mBallstát mar a shainmhínítear i bpointe (26) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226, i bpointe (3a) d'Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus i bpointe (21) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240;";

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (5) agus (6) d’Airteagal 9 agus i bpointí (k) agus (j) d’Airteagal 22a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, ar choinníoll, a mhéid a bhaineann leis an íomhá den aghaidh, go ndearnadh í a thaifeadadh in VIS agus léiriú ann gur glacadh beo í tráth a cuireadh isteach an t-iarratas;";

(3)

in Airteagal 18(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) go (ca) agus pointí (5) agus (6) d’Airteagal 9 agus i bpointí (d) go (g), (j) agus (k) d’Airteagal 22a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;";

(4)

in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

na húdaráis víosaí agus na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nuair a bheidh comhad iarratais á chruthú nó á nuashonrú in VIS i gcomhréir leis an Rialachán sin;

(ba)

na húdaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagail 9d agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nuair a fhíorófar de láimh amais arna spreagadh ag cuardaigh uathoibrithe ó VIS ar ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán sin;";

(5)

in Airteagal 27(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainm nó ainmneacha baiste); dáta breithe; áit bhreithe; inscne, agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) and (aa) d’Airteagal 9 agus i bpointe (d) d’Airteagal 22a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;";

(6)

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

na húdaráis víosaí agus na húdaráis atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcomhair meaitseanna a tharla nuair a bhí comhad iarratais á chruthú nó á nuashonrú in VIS i gcomhréir leis an Rialachán sin, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i bpointe (ba) den mhír seo;

(ba)

na húdaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagail 9d agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcomhair naisc bhuí a cruthaíodh idir sonraí in VIS agus in ECRIS-TCN, agus i gcomhair na nasc sin amháin, nuair a bhí comhad iarratais á chruthú nó á nuashonrú in VIS i gcomhréir leis an Rialachán sin;";

(7)

in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Déanfaidh eu-LISA CRRS ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 45a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1860, agus iad deighilte go loighciúil de réir córas faisnéise AE, a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla. Is trí bhíthin próifílí úsáideora rialaithe, slánrochtana agus sonracha a thabharfar rochtain ar CRRS, chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 45a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861.";

(8)

in Airteagal 72, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"1a.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, chun críocha na huathphróiseála de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, teoranta do na críocha sin, ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11)."."

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1896

In Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/1896, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(afa)

na cúraimí agus na hoibleagáidí a cuireadh de chúram ar an nGníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chomhlíonadh;".

Airteagal 10

Aisghairm

Aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB. Déanfar tagairtí do na Cinntí sin a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, faoi seach.

Airteagal 11

Oibríochtaí a thosú

1.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena socrófar an dáta a dtosóidh oibríochtaí VIS de bhun an Rialacháin seo. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh sin a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5a(3), Airteagal 6(5), an tríú mír d'Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus (3), Airteagal 22b(18), an dara fomhír d'Airteagal 29(2a), an dara fomhír d'Airteagal 29a(3), Airteagal 45, an ceathrú fomhír d'Airteagal 45c(3), an dara fomhír d'Airteagal 45(c)5, Airteagal 45d(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 glactha;

(b)

beidh fógra tugtha ag eu-LISA don Choimisiún maidir le cur i gcrích rathúil na ngníomhaíochtaí tástála ar fad;

(c)

beidh fógra tugtha ag na Ballstáit don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá déanta acu chun sonraí a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo agus go bhfuil fógra tugtha acu don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar an bpróiseas faoina ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh de réir a chéile, agus cuirfidh sé toradh na ngníomhaíochtaí tástála dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.   Faoin 3 Lúnasa 2022 agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staid na himeartha i ndáil leis an ullmhúchán i gcomhair chur chun feidhme iomlán an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin maidir leis na costais a tabhaíodh, agus faisnéis faoi rioscaí ar bith a d'imreodh tionchar ar chostais fhoriomlána VIS, costais a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais.

I gcás moilleanna ar chur chun feidhme iomlán an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna leis na moilleanna agus a dtionchar ó thaobh ama agus airgeadais in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a luaithe agus is féidir.

4.   Foilseofar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a shocróidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11, cé is moite díobh seo a leanas:

(a)

na forálacha seo a leanas, a mbeidh feidhm acu ón 2 Lúnasa 2021:

(i)

pointe (6) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5a(3) agus Airteagal 6(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(ii)

pointe (10)(c) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis an tríú mír d'Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(iii)

pointe (11) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 9h(2) agus Airteagal 9j(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(iv)

pointe (26) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 22b(18) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(v)

pointe (34) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis an dara fomhír d’Airteagal 29(2a) agus an dara fomhír d’Airteagal 29a(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(vi)

pointe (44) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 45, an ceathrú fomhír d'Airteagal 45c(3), an dara fomhír d’Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45d(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(vii)

pointe (46) d’Airteagal 1;

(viii)

pointe (47) d’Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 49 agus an tríú fomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; agus

(ix)

pointe (2) d'Airteagal 4 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

pointí (40) go (43) d'Airteagal 1, a mbeidh feidhm acu ón 3 Lúnasa 2022;

(c)

pointe (44) d'Airteagal 1 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 45e agus 45f de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, a mbeidh feidhm aige ón 3 Lúnasa 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 154.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 286) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (IO C 235, 17.6.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(8)  Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).

(9)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(12)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(13)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(16)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(17)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(19)  Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

(20)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(21)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(22)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(23)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(24)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(25)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(26)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(27)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(28)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(29)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(30)  Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d'acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lgh. 39).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 008, 12.1.2001, lch. 1).

(32)  IO C 50, 8.2.2019, lch. 4.


IARSCRÍBHINN I

TÁBLA COMHGHAOIL LE hAGHAIDH CHINNEADH 2004/512/CE

Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 2a

Airteagal 2

-

Airteagail 3 agus 4

Airteagal 45

Airteagal 5

Airteagal 49

Airteagal 6

-


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL LE hAGHAIDH CHINNEADH 2008/633/CGB

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagail 22l agus 22m

Airteagal 45b

Airteagal 4

Airteagal 22n

Airteagal 5

Airteagal 22o

Airteagal 6

Airteagal 22t

Airteagal 7

Airteagal 22m

Airteagal 22r

Airteagal 8

Airteagal 28(5), Airteagal 31(4) agus (5), agus

Caibidil VI

Airteagal 9

Airteagal 32

Airteagal 10

Airteagal 33

Airteagal 11

Airteagal 35

Airteagal 12

Airteagal 36

Airteagal 13

Airteagal 30

Airteagal 14

Airteagal 38

Airteagal 15

-

Airteagal 16

Airteagal 22s

Airteagal 17

Airteagal 50