ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
2 Feabhra 2016


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2016/93 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen

1

 

*

Rialachán (AE) 2016/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

6

 

*

Rialachán (AE) 2016/95 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

9

 

*

Rialachán (AE) 2016/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh

13

 


 

(1)   Faoin tagairt L 26 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

2.2.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/93 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2016

lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d), Airteagal 78(2)(e) agus (g), Airteagal 79(2)(c) agus (d) agus Airteagal 87(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den straitéis le haghaidh reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais trédhearcacht dhlí an Aontais a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil aon chuspóir acu a thuilleadh a aisghairm.

(2)

Roinnt gníomhartha ar cuid de acquis Schengen iad, níl siad ábhartha a thuilleadh mar gheall ar a gcineál sealadach nó toisc go bhfuil an méid atá le fáil iontu i ngníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh.

(3)

I gCinneadh SCH/Com-ex (95) PV 1 rev. ón gCoiste Feidhmiúcháin (2), rinneadh tagairt do chás an-sonrach i ndáil leis an réamhchomhairliúchán a d’iarr an Phortaingéil i leith iarratasóirí Indinéiseacha ar víosaí. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ar rialacháin iad lena ndéantar foráil do rialacha nua i gcomhair réamhchomhairliúchán le Ballstáit eile maidir le víosaí a eisiúint.

(4)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (95) 21 ón gCoiste Feidhmiúcháin (5), rinneadh foráil don oibleagáid atá ar na Ballstáit faisnéis staidrimh a mhalartú chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an imirce ag teorainneacha seachtracha. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (6), ar rialachán é lena gcuirtear na cúraimí ar Frontex anailís riosca a dhéanamh i ndáil le rioscaí atá ag teacht chun cinn agus i ndáil leis an staid reatha ag na teorainneacha seachtracha, agus freisin córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú lena bhféadfaí faisnéis den sórt sin a mhalartú.

(5)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (96) 13 rev. 1 ón gCoiste Feidhmiúcháin (7), bunaíodh na prionsabail lena rialaítear cearta agus oibleagáidí na mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu agus cearta agus oibleagáidí na mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu i ndáil le víosaí Schengen a eisiúint i dtríú tíortha nach ndéantar ionadaíocht ar gach stát de chuid Schengen iontu. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, ar rialachán é lena ndéantar foráil do rialacha nua maidir leis na socruithe ionadaíochta i gcásanna ina dtoilíonn Ballstát ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Ballstát eile chun iarratais a scrúdú agus víosaí a eisiúint thar ceann an Bhallstáit sin.

(6)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (97) 39 rev. ón gCoiste Feidhmiúcháin (8), formheasadh na treoirphrionsabail i ndáil le modhanna cruthúnais agus le fianaise tháscach faoi na comhaontuithe um athligean isteach idir stáit Schengen. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle (9) agus theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún (10), ar rialacháin iad lena ndéantar foráil go bhfuil eilimintí cruthúnais agus fianaise imthoisceach le húsáid chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar thearmann.

(7)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 1 rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (11), rinneadh foráil do roinnt beart lenar díríodh ar éifeachtúlacht na seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ar rialachán é lena leagtar amach na rialacha maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú, agus theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle, ar rialachán é lena gcuirtear an cúram ar Frontex an bealach a réiteach chun na bearta Comhphobail a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a chur i bhfeidhm, trína áirithiú go gcomhordaítear gníomhaíochtaí na mBallstát agus na bearta sin á gcur chun feidhme.

(8)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 18 rev. ón gCoiste Feidhmiúcháin (13), rinneadh foráil do nós imeachta a bheidh le leanúint ag na stáit de chuid Schengen a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu laissez-passer a fháil chun náisiúnaigh eachtracha neamhdhleathacha a aisdúichiú. Foráladh leis freisin don deis fiosrú a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, ar an ngá atá ann úsáid a bhaint as modh eile níos ceangailtí ar na tíortha lena mbaineann fadhbanna i ndáil leis sin. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis don Aontas comhaontuithe um athligean isteach a thabhairt i gcrích le roinnt tríú tíortha. Leis na comhaontuithe sin, leagadh amach na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí sonracha a bheidh le comhlíonadh ag údaráis na dtríú tíortha agus na mBallstát maidir le náisiúnaigh eachtracha a bhfuil cónaí orthu san Aontas go mírialta a aisdúichiú.

(9)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 21 ón gCoiste Feidhmiúcháin (14), formheasadh rialacha comhchoiteanna maidir le stampaí a ghreamú de phas gach iarratasóra ar víosa mar bhealach chun an duine céanna a chosc ó iarratais ar víosa iolracha nó i ndiaidh a chéile a chur isteach. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, ar rialachán é lenar foráladh do shraith nua rialacha maidir le víosaí a eisiúint agus maidir le doiciméad taistil iarratasóra a stampáil.

(10)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 37 def. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (15), bunaíodh tacar beart leis an aidhm cur chuige comhtháite a bhunú chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na himirce neamhdhleathaí. Rinneadh na bearta a chur i bhfeidhm le Cinneadh ón Lárghrúpa an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le bearta a ghlacadh chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac (SCH/Com-ex (98) 117). D’imigh na Cinntí sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle (16), ar rialachán é lena mbunaítear creat coiteann chun oifigigh idirchaidrimh inimirce a phostú i dtríú tíortha, theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, ar rialachán é lena ndéantar foráil do shraith choiteann beart maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha, agus theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle (17), ar cinneadh é lena gcuirtear cúraimí sonracha ar Europol, ar cúraimí iad a bhaineann le malartú faisnéise, lena n-áirítear ar an imirce neamhrialta a chomhrac.

(11)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 59 rev. ón gCoiste Feidhmiúcháin (18), rinneadh foráil do shraith treoirlínte maidir le comhairleoirí doiciméad a imscaradh ar dhóigh chomhordaithe le haghaidh trácht muirí agus aeir agus ag ionadaíochtaí consalacha na mBallstát leis an gcuspóir go neartófaí an comhrac in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 377/2004, ar rialachán é lena mbunaítear rialacha nua do na hoifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha.

(12)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (99) 7 rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (19), formheasadh plean maidir le hoifigigh idirchaidrimh na mBallstát a thabhairt ar iasacht chómhalartach chun comhairle agus cúnamh a thabhairt i gcomhlíonadh cúraimí slándála agus seiceála ag teorainneacha seachtracha. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, ar rialacháin iad lenar tugadh isteach creat dlíthiúil nua le haghaidh comhair idir na Ballstáit maidir leis an rialú ag teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht.

(13)

Le Rialachán (CE) Uimh. 189/2008 ón gComhairle (20), bunaíodh sonraíochtaí atá ábhartha do thástálacha áirithe SIS II leis an aidhm go léireofaí go bhfeidhmíonn SIS II láir, an bonneagar cumarsáide agus na hidirghníomhaíochtaí idir SIS II láir agus na córais náisiúnta (N.SIS II) i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla a leagtar amach in ionstraimí dlí SIS II. Chuaigh éifeacht dhlíthiúil an rialacháin sin i léig a luaithe a bhí feidhm ag SIS II an 9 Aibreán 2013.

(14)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlithiúil, ba cheart na Cinntí sin agus an Rialachán sin atá imithe as feidhm a aisghairm.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon aisghairm roinnt gníomhartha de chuid an Aontais ó acquis Schengen atá imithe as feidhm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(17)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (21). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (22). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (23), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (24).

(20)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (25), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (26) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (27).

(21)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (28), a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus gluaiseacht daoine, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (29) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (30),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas:

Cinneadh SCH/Com-ex (95) PV 1 rev. (beartas víosaí),

Cinneadh SCH/Com-ex (95) 21 (malartú faisnéise staidrimh),

Cinneadh SCH/Com-ex (96) 13 rev. 1 (eisiúint víosaí Schengen),

Cinneadh SCH/Com-ex (97) 39 rev. (fianaise faoi na comhaontuithe um athligean isteach),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 1 rev. 2 (tascfhórsa),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 18 rev. (deacrachtaí laissez-passer a fháil),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 21 (stampáil pasanna),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 37 def. 2 (an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí),

Cinneadh SCH/C (98) 117 (an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 59 rev. (comhairleoirí doiciméad),

Cinneadh SCH/Com-ex (99) 7 rev. 2 (oifigigh idirchaidrimh), agus

Rialachán (CE) Uimh. 189/2008 ón gComhairle (tástálacha SIS II).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Nollaig 2015.

(2)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 5 Bealtaine 1995 maidir le comhbheartas víosa. Cinneadh atá i miontuairiscí chruinniú an Choiste Feidhmiúcháin a tionóladh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 1995 (SCH/Com-ex (95) PV 1 rev.) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 175).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(5)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 20 Nollaig 1995 maidir le sonraí staidrimh agus le sonraí sonracha a bhaineann le neamhfheidhmithe a d’fhéadfadh tarlú ag na teorainneacha seachtracha a mhalartú go tapa idir stáit Schengen (SCH/Com-ex (95) 21) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 176).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(7)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 27 Meitheamh 1996 maidir leis na prionsabail le haghaidh víosaí Schengen a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 30(1)(a) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme (SCH/Com-ex (96) 13 rev. 1) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 180).

(8)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 15 Nollaig 1997 maidir leis na treoirphrionsabail i ndáil le modhanna cruthúnais agus le fianaise tháscach laistigh de chreat na gcomhaontuithe um athligean isteach idir stáit Schengen (SCH/Com-ex (97) 39 rev.) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 188).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a taisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 50, 25.2.2003, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a taisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 222, 5.9.2003 lch. 3).

(11)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 21 Aibreán 1998 maidir le gníomhaíochtaí an Tascfhórsa (SCH/Com-ex (98) 1 rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 191).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(13)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 23 Meitheamh 1998 maidir le bearta a ghlacfar i ndáil le tíortha lena mbaineann fadhbanna maidir le saincheist na ndoiciméad a bheidh ag teastáil le díbirt ó chríoch Schengen (SCH/Com-ex (98) 18 rev.) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 197).

(14)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 23 Meitheamh 1998 maidir le pasanna iarratasóirí ar víosaí a stampáil (SCH/Com-ex (98) 21) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 200).

(15)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le glacadh beart chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac (SCH/Com-ex (98) 37 def. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 203).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le gréasán oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú. (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(17)  Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).

(18)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 16 Nollaig 1998 maidir le comhairleoirí doiciméad a imscaradh ar dhóigh chomhordaithe (SCH/Com-ex (98) 59 rev.) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 308).

(19)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 28 Aibreán 1999 maidir le hoifigigh idirchaidrimh (SCH/Com-ex (99) 7 rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 411).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 189/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis na tástálacha ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt (IO L 57, 1.3.2008, lch. 1).

(21)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(22)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(23)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(24)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(25)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(26)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(27)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Cónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(28)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(29)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(30)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


2.2.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2016/94 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2016

lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1)(d) agus Airteagal 87(2)(a) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den straitéis le haghaidh reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais trédhearcacht dhlí an Aontais a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil aon chuspóir acu a thuilleadh a aisghairm.

(2)

Roinnt gníomhartha a glacadh i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, agus ar cuid de acquis Schengen iad, níl siad ábhartha a thuilleadh mar gheall ar a gcineál sealadach nó toisc go bhfuil an méid atá le fáil iontu i ngníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh.

(3)

Bhí sé d’aidhm ag Cinneadh SCH/Com-ex (93) 14 ón gCoiste Feidhmiúcháin (2) comhar breithiúnach praiticiúil a fheabhsú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac maidir leis na cásanna sin inar dhiúltaigh Ballstát comhoibriú, agus sna cásanna sin amháin. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Gníomh 2000/C-197/01 ón gComhairle (3), ar coinbhinsiún é lena bhforáiltear do chomhar níos doimhne idir na Ballstáit i réimse an chúnaimh fhrithpháirtigh maidir le gach cion agus dá bhrí sin maidir le gáinneáil drugaí.

(4)

Le Dearbhú SCH/Com-ex (97) decl.13, rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (4), tugadh aghaidh ar fhuadach mionaoiseach agus ar thógáil neamhdhleathach mionaoiseach ag duine de na tuismitheoirí ón duine ar tugadh an ceart coimeádta dó nó di. D’imigh an Dearbhú sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE ón gCoimisiún (6), ar nithe iad a dhéanann foráil do rialacha nua maidir le mionaoisigh a sheiceáil agus an teorainn sheachtrach á trasnú acu agus maidir leis na gníomhaíochtaí comhfhreagracha de chuid bhiúrónna Sirene.

(5)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (98) 52 ón gCoiste Feidhmiúcháin (7), glacadh lámhleabhar Schengen maidir le comhar póilíneachta trasteorann lena gcabhraítear leis na Ballstáit oibríochtaí trasteorann a chur i gcrích. D’imigh an Cinneadh sin as feidhm nuair a cuireadh ábhar an lámhleabhair isteach sa chatalóg uasdátaithe moltaí maidir le cur i bhfeidhm ceart acquis Schengen agus maidir le dea-chleachtais i gcomhar póilíneachta, sa lámhleabhar maidir le hoibríochtaí trasteorann agus sa choimre d’oifigigh idirchaidrimh fhorfheidhmiú an dlí.

(6)

Le Cinneadh SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2 ón gCoiste Feidhmiúcháin (8), glacadh Comhaontú maidir le Comhar in Imeachtaí um Chionta i gcoinne na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre. Tugadh an Comhaontú sin i gcrích idir Ballstáit áirithe agus tugadh i gcrích é le dhá thríú stát freisin (an Íoslainn agus an Iorua). Ní cuid de acquis Schengen é dá bhrí sin. Ina theannta sin, níor tháinig sé i bhfeidhm riamh agus níor thug aon cheann de na Ballstáit dearbhú faoi Airteagal 20(3) den Chomhaontú sin i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir na Ballstáit sin a bhfuil sé daingnithe acu. Dá bhrí sin, níl aon ábharthacht ag an gCinneadh sin agus ba cheart é a aisghairm.

(7)

Le Cinneadh 2008/173/CGB ón gComhairle (9), leagadh amach an raon feidhme mionsonraithe agus na nósanna imeachta le haghaidh eagrú, comhordú agus bailíochtú i dtaca le tástálacha áirithe arb é is aidhm leo a mheas an gcomhlíontar le Córas Faisnéise Schengen II (SIS II) na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla mar a shainítear in ionstraimí dlíthiúla SIS II iad. Chuaigh éifeacht dhlíthiúil an Chinnidh sin i léig a luaithe a tháinig SIS II chun bheith oibríochtúil an 9 Aibreán 2013.

(8)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlithiúil, ba cheart na Cinntí sin agus an Dearbhú sin atá imithe as feidhm a aisghairm.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon roinnt gníomhartha de chuid an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm, agus ar cuid de acquis Schengen iad, a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(11)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen ina bhfuil Éire rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (10).

(12)

Tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt an 24 Iúil 2013 i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, níl feidhm a thuilleadh ag na Cinntí ná ag an Dearbhú atá imithe as feidhm agus dá dtagraítear thuas, maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail ón 1 Nollaig 2014, de bhun an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) den Phrótacal sin. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (12).

(14)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (14).

(15)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (16),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas:

Cinneadh SCH/Com-ex (93) 14 (gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac),

Dearbhú SCH/Com-ex (97) decl. 13 rev 2 (fuadach mionaoiseach),

Cinneadh SCH/Com-ex (98) 52 (an lámhleabhar póilíneachta),

Cinneadh SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2 (cionta i gcoinne na rialachán um thrácht ar bhóithre), agus

Cinneadh 2008/173/CGB (tástálacha SIS II).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Nollaig 2015.

(2)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 14 Nollaig 1993 maidir le comhar breithiúnach praiticiúil a fheabhsú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac (SCH/Com-ex (93) 14) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 427).

(3)  Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1).

(4)  Dearbhú ón gCoiste Feidhmiúcháin an 9 Feabhra 1998 maidir le fuadach mionaoiseach (SCH/Com-ex (97) decl. 13, rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 436).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2013 maidir le Lámhleabhar Sirene agus bearta cur chun feidhme eile don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 71, 14.3.2013, lch. 1).

(7)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Nollaig 1998 maidir leis an Lámhleabhar maidir le comhar póilíneachta trasteorann (SCH/Com-ex (98) 52) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 408).

(8)  Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir leis an gComhaontú i ndáil le comhar in imeachtaí um chionta i gcoinne na rialachán um thrácht ar bhóithre (SCH/Com-ex (99) 11 rev. 2) (IO L 239, 22.9.2000, lch. 428).

(9)  Cinneadh 2008/173/CGB ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir le tástálacha an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 57, 1.3.2008, lch. 14).

(10)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(11)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(12)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(13)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(14)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(15)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 3.

(16)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).


2.2.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


RIALACHÁN (AE) 2016/95 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2016

lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 82(1), 83(1), 87(2) agus 88(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den straitéis le haghaidh reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais trédhearcacht dhlí an Aontais a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil aon chuspóir acu a thuilleadh a aisghairm.

(2)

Tá roinnt gníomhartha a glacadh i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla tar éis imeacht as feidhm toisc go bhfuil an méid atá iontu le fáil i ngníomhartha eile a tháinig ina ndiaidh.

(3)

Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB ón gComhairle (2), cruthaíodh Eolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe frithsceimhlitheoireachta chun go mbeadh fáil níos forleithne agus níos éasca orthu ag gníomhaireachtaí sna Ballstáit go léir. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle (3), ar cinneadh é lena gcuirtear an cúram ar Europol tacú leis an gcomhar frithpháirteach idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus é a neartú chun an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta tromchúisí a chosc agus a chomhrac, agus tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle (4), ar cinneadh é lenar tugadh isteach creat nua ar mhaithe le comhar trasteorann chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

(4)

Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/699/CGB ón gComhairle (5), ainmníodh Aonad Drugaí Europol mar an t-údarás ar cheart faisnéis ó na Ballstáit i dtaca le próifíliú ceimiceach a sheoladh chuige. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/371/CGB.

(5)

Bhí sé d’aidhm ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB ón gComhairle (6) an comhar idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na mBallstát a neartú trí eolaire réimsí inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe a chruthú. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/371/CGB, ar cinneadh é lena gcuirtear an cúram ar Europol eolas speisialaithe ar nósanna imeachta imscrúdaitheacha údaráis inniúla na mBallstát a fhorbairt agus comhairle a thabhairt faoi imscrúduithe.

(6)

Bhí sé d’aidhm ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB ón gComhairle (7) an comhar idir údaráis ábhartha na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na handúile i ndrugaí a neartú agus iarraidh ar na Ballstáit a ndlíthe a chomhfhogasú agus iad a dhéanamh comhoiriúnach lena chéile a mhéid is gá chun an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac san Aontas. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Gníomh 2000/C 197/01 ón gComhairle (8) agus theacht i bhfeidhm Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (9).

(7)

Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB ón gComhairle (10) bhí na Ballstáit in ann obair i gcomhar le chéile agus tugadh an t-údarás dóibh faisnéis a roinnt maidir le himeachtaí ar mhórscála ar a bhfreastalaíonn líon mór daoine ó níos mó ná Ballstát amháin, chun an t-ord poiblí a chaomhnú, daoine agus a gcuid maoine a chosaint, agus cionta coiriúla a chosc. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle, Chinneadh 2002/348/CGB ón gComhairle (11) agus Chinneadh 2007/412/CGB (12), ar cinntí iad lena bhforáiltear do rialacha nua i ndáil le malartú sonraí neamhphearsanta agus pearsanta agus cineálacha eile comhair chun an t-ord poiblí agus an tslándáil a chaomhnú i gcás mórimeachtaí.

(8)

Bhí sé d’aidhm ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB ón gComhairle (13) malartú faisnéise agus eolais a mhéadú idir údaráis chustaim agus údaráis eile forfheidhmithe dlí, go háirithe maidir le drugaí. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm Ghníomh 98/C 24/01 ón gComhairle (14), gníomh lenar dréachtaíodh an Coinbhinsiún um Chúnamh agus Comhar Frithpháirteach idir Riaracháin Chustaim, lenar tugadh rialacha mionsonraithe isteach maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir na Ballstáit chun sáruithe ar fhorálacha náisiúnta custaim a chosc agus a bhrath, agus tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (15), ar cinneadh é a mhéadaíonn éifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe na n-údarás custaim trí chóras eolais custaim a bhunú agus tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh 2009/371/CGB, ar cinneadh é lena gcuirtear an cúram ar Europol tacú le comhar custaim.

(9)

Níor dhaingnigh ach seacht mBallstát Coinbhinsiún an 17 Meitheamh 1998 maidir le Dícháiliúcháin ón Tiomáint, arna dhréachtú le Gníomh 98/C 216/01 ón gComhairle (16), agus níor tháinig an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm riamh. Ina theannta sin, i measc na seacht mBallstát sin, ní raibh dearbhú déanta ach ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 15(4) den Choinbhinsiún sin a cheadaigh go mbeadh feidhm ag an gCoinbhinsiún eatarthu sula dtiocfadh sé i bhfeidhm i ngach Ballstát. Mar sin féin, tar éis fógra a bheith tugtha ag an Ríocht Aontaithe an 24 Iúil 2013 i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, tá an Gníomh sin ón gComhairle agus an Coinbhinsiún sin scortha d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail ón 1 Nollaig 2014, de bhun an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) den Phrótacal sin. Toisc nach bhfuil na hionstraimí sin infheidhme a thuilleadh idir aon cheann de na Ballstáit, tá a n-ábharthacht in acquis an Aontais caillte acu agus ba cheart iad a aisghairm.

(10)

Le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB ón gComhairle (17), bunaíodh córas maidir le dea-chleachtas a mhalartú idir na Ballstáit ar mhaithe le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil in ábhair choiriúla a chomhlíonadh. D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir na Ballstáit.

(11)

Cuireadh Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir leis an Ordú Eorpach um Imscrúduithe (EIO) in ionad Chinneadh Réime 2008/978/CGB ón gComhairle (19) maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach (EEW) toisc go raibh raon feidhme EEW ró-theoranta. Ós rud é go mbeidh feidhm ag EIO idir 26 Bhallstát agus nach mbeidh feidhm ag EEW ach amháin idir an dá Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach in EIO, níl EEW úsáideach, dá bhrí sin, a thuilleadh mar ionstraim le haghaidh comhar in ábhair choiriúla agus ba cheart é a aisghairm.

(12)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil, ba cheart na Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha sin atá imithe as feidhm, an Coinbhinsiún sin, an Gníomh sin ón gComhairle agus an Cinneadh Réime sin a aisghairm.

(13)

Cé go bhforáiltear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do threoracha a ghlacadh, is é an rogha i ndáil le rialachán mar ionstraim chun Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB agus Cinneadh Réime 2008/978/CGB a aisghairm an rogha iomchuí ós rud é nach mbunaítear leis an Rialachán seo rialacha íosta maidir le cionta agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú, ach ní dhéantar ach gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm leis gan gníomhartha nua a chur ina n-ionad.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon roinnt gníomhartha de chuid an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

Tar éis an fógra a bheith tugtha ag an Ríocht Aontaithe an 24 Iúil 2013 i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, tá scortha ag Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha 96/610/CGB, 96/699/CGB, 96/747/CGB, 96/750/CGB, 97/339/CGB, 97/372/CGB agus 98/427/CGB, agus Gníomh 98/C 216/01 ón gComhairle d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail ón 1 Nollaig 2014, de bhun an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) den Phrótacal sin. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo i ndáil leis na gníomhartha dlíthiúla sin agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.Mar sin féin, i gcomhréir leis an tríú habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 10(4) den Phrótacal sin, lean Cinneadh Réime 2008/978/CGB, faoi mar a cuireadh Treoir 2014/41/AE ina ionad, de bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Gníomhartha atá imithe as feidhm a aisghairm

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas:

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB (eolaire d’inniúlachtaí frith-sceimhlitheoireachta),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/699/CGB (próifíliú ceimiceach drugaí),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB (eolaire d’inniúlachtaí don chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB (andúil i ndrugaí agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB (comhar i dtaca leis an ord poiblí agus leis an tslándáil),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB (comhar idir údaráis chustaim),

Gníomh 98/C 216/01 ón gComhairle agus Coinbhinsiún an 17 Meitheamh 1998 (dícháiliúcháin ón tiomáint),

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB (dea-chleachtas i gcúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla), agus

Cinneadh Réime 2008/978/CGB (barántas fianaise Eorpach).

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Aon bharántas fianaise Eorpach a forghníomhaíodh faoi Chinneadh Réime 2008/978/CGB leanfaidh sé de bheith faoi rialú ag an gCinneadh Réime sin go dtí go dtabharfar na himeachtaí coiriúla ábhartha chun críche le cinneadh cinntitheach.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Nollaig 2015.

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/610/CGB an 15 Deireadh Fómhair 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hEolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe frithsceimhlitheoireachta a chruthú agus a choinneáil chun comhar frithsceimhlitheoireachta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 273, 25.10.1996, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).

(4)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(5)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/699/CGB an 29 Samhain 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le malartú faisnéise faoi phróifíliú ceimiceach drugaí chun comhar feabhsaithe a éascú idir na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 322, 12.12.1996, lch. 5).

(6)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/747/CGB an 29 Samhain 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le heolaire inniúlachtaí, scileanna agus saineolais speisialaithe a chruthú agus a choinneáil i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe idirnáisiúnta, chun comhar i bhforfheidhmiú an dlí idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a éascú (IO L 342, 31.12.1996, lch. 2).

(7)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/750/CGB an 17 Nollaig 1996 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhfhogasú dhlíthe agus chleachtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh chun an andúil i ndrugaí a chomhrac agus chun an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac (IO L 342, 31.12.1996, lch. 6).

(8)  Gníomh 2000/C-197/01 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1)

(9)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

(10)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/339/CGB an 26 Bealtaine 1997 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le comhar i dtaca leis an ord poiblí agus leis an tslándáil (IO L 147, 5.6.1997, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2002/348/CGB ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir le slándáil i dtaca le cluichí sacair lena mbaineann gné idirnáisiúnta (IO L 121, 8.5.2002, lch. 1).

(12)  Cinneadh 2007/412/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 lena leasaítear Cinneadh 2002/348/CGB maidir le slándáil i dtaca le cluichí sacair lena mbaineann gné idirnáisiúnta (IO L 155, 15.6.2007, lch. 76).

(13)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/372/CGB an 9 Meitheamh 1997, a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun critéir spriocdhírithe agus modhanna roghnúcháin, etc. a scagadh, agus chun faisnéis chustaim agus phóilíneachta a bhailiú (IO L 159, 17.6.1997, lch. 1).

(14)  Gníomh 98/C-24/01 ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 ag dréachtú, ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Choinbhinsiúin um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (IO C 24, 23.1.1998, lch. 1).

(15)  Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).

(16)  Gníomh 98/C-216/01 ón gComhairle an 17 Meitheamh 1998 ag dréachtú an Choinbhinsiúin maidir le Dícháiliúcháin ón Tiomáint (IO C 216, 10.7.1998, lch. 1).

(17)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/427/CGB an 29 Meitheamh 1998, a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le dea-chleachtas i gcúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla (IO L 191, 7.7.1998, lch. 1).

(18)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(19)  Cinneadh Réime 2008/978/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach chun earraí, doiciméid agus sonraí a fháil le húsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 72).


2.2.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

13


RIALACHÁN (AE) 2016/96 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2016

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear i bhfeidhm i ndlí an Aontais forálacha na scéime um rialú agus um fhorfheidhmiú (“an Scéim”) arna bunú le moladh a ghlac an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) le linn a chruinnithe bhliantúil an 15 Samhain 2006, agus arna leasú ina dhiaidh sin le roinnt moltaí ag na Cruinnithe Bliantúla i Samhain 2007, Samhain 2008, agus Samhain 2009.

(2)

Le linn a chruinnithe bhliantúil i Samhain 2012, ghlac NEAFC Moladh 15:2013 lenar leasaíodh Airteagal 13 den scéim maidir le heolas faoi thrasloingsiú agus faoin gcalafort cur i dtír a chur in iúl. Le linn a chéad chruinnithe bhliantúil eile i Samhain 2013, ghlac NEAFC Moladh 9:2014 lenar leasaíodh Airteagal 1, Airteagail 20 go 25, agus Airteagal 28 den scéim, maidir leis na sainmhínithe, le roinnt forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le rialú ag stát an chalafoirt ar shoithí iascaireachta eachtracha agus le nósanna imeachta maidir le sárú. Le linn a chruinnithe bhliantúil i Samhain 2014, ghlac NEAFC Moladh 12:2015 lenar leasaíodh Moladh 9:2014 i ndáil le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 23 den scéim maidir le rialú ag stát an chalafoirt ar shoithí iascaireachta eachtracha.

(3)

Faoi Airteagal 12 agus Airteagal 15 den Choinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh arna fhormheas le Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle (4), tháinig Moladh 15:2013 i bhfeidhm an 8 Feabhra 2013.

(4)

Tháinig Moladh 9:2014, arna leasú le Moladh 12:2015, i bhfeidhm an 1 Iúil 2015. Ós rud é gur tháinig Moladh 9.2014 chun bheith ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha ar an dáta sin, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm an Mholta sin.

(5)

Is gá na Moltaí sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“6.

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iascaireachta’ iascaireacht, lena n-áirítear comhoibríochtaí iascaireachta, oibríochtaí próiseála éisc, trasloingsiú nó cur i dtír acmhainní iascaigh nó táirgí a ndearnadh astu agus aon ghníomhaíocht tráchtála eile a dhéantar mar ullmhúchán d’iascaireacht nó atá bainteach le hiascaireacht, lena n-áirítear, pacáistiú, iompair, athbhreoslú nó athsholáthar;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

“10.

ciallaíonn ‘soitheach Páirtí neamhChonarthaigh’ aon soitheach atá páirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil faoi bhratach Páirtí Chonarthaigh, lena n-áirítear soithí a bhfuil foras réasúnach ann lena cheapadh nach bhfuil aon náisiúntacht acu;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13:

“13.

ciallaíonn ‘calafort’ aon áit ar an gcladach a úsáidtear i gcomhair cur i dtír nó a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann nó a thacaíonn le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó áit ar an gcladach nó gar don chladach atá ainmnithe ag Páirtí Conarthach chun acmhainní iascaigh a thrasloingsiú;”;

(2)

i bpointe (d) d’Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

“Gan dochar do Chaibidil IV, déanfaidh an soitheach glactha, 24 huaire an chloig ar a laghad roimh aon chur i dtír, an ghabháil iomlán ar bord, an meáchan iomlán atá le cur i dtír, ainm an chalafoirt agus an dáta agus an t-am a mheastar a chuirfear an ghabháil i dtír a thuairisciú, cibé an bhfuil an calafort sin laistigh nó lasmuigh de limistéar an Choinbhinsiúin.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

“RIALÚ AG STÁT AN CHALAFOIRT AR IASC ARNA GHABHÁIL AG SOITHÍ A bhFUIL BRATACH PÁIRTÍ CHONARTHAIGH EILE AR FOLUAIN ACU”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Raon feidhme

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ná do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (5), beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo maidir le húsáid chalafoirt na mBallstát ag soithí iascaireachta a bhfuil acmhainní iascaigh acu ar bord, arna ngabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu, ar acmhainní iascaigh iad nár cuireadh i dtír nó nár trasloingsíodh roimhe sin ag calafort.

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Calafoirt ainmnithe

Ainmneoidh na Ballstáit na calafoirt ina mbeidh cead acmhainní iascaigh arna ngabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu a chur i dtír nó a thrasloingsiú, nó ina mbeidh cead seirbhísí calafoirt a sholáthar do na soithí sin agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na calafoirt sin. Tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis na calafoirt sin agus maidir le haon athrú a thiocfaidh ar liosta na gcalafort ainmnithe do Rúnaí NEAFC 15 lá ar a laghad roimh an dáta a dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

Ní cheadófar cur i dtír ná trasloingsiú iasc arna ghabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu, na ní cheadófar seirbhísí calafoirt a sholáthar do na soithí sin, ach amháin i gcalafoirt ainmnithe.”;

(6)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nuair atá sé ar intinn ag máistir soithigh iascaireachta a bhfuil iasc dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo á iompar aige dul isteach i gcalafort, tabharfaidh máistir an tsoithigh, nó a ionadaí, fógra chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an calafort is mian leis a úsáid, tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh an am a meastar go sroichfear an calafort.

Féadfaidh Ballstát, áfach, foráil a dhéanamh do thréimhse eile um fhógra, agus an cineál próiseála a dhéantar ar an iasc a gabhadh nó an fad idir na meánna agus calafoirt an Bhallstáit, go háirithe, á gcur san áireamh aige. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, agus Rúnaí NEAFC ar an eolas faoi gan mhoill.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Féadfaidh an duine a thug an réamhfhógra dá dtagraítear i mír 1 é a chealú trí fhógra a thabhairt d’udaráis inniúla an chalafoirt ba mhian leis an máistir a úsáid tráth nach déanaí ná 24 huaire an chloig roimh an am a fógraíodh mar an t-am a measadh go sroichfí an calafort sin.”;

(7)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Cur i dtír nó trasloingsiú agus úsáid eile an chalafoirt a údarú”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“1.   I bhfreagairt ar fhógra arna thabhairt de bhun Airteagal 24, déanfaidh stát brataí an tsoithigh iascaireachta a mbeidh sé beartaithe aige cur i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh, nó stát brataí nó stáit bhrataí na soithí deontóra, i gcás ina raibh an soitheach iascaireachta páirteach in oibríochtaí trasloingsithe lasmuigh d’uiscí an Aontais, déanfaidh siad an méid seo a leanas a dhearbhú, tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh:”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní fhéadfar tús a chur le hoibríochtaí cur i dtír ná trasloingsithe go dtí go mbeidh údarú faighte ó údaráis inniúla Bhallstát an chalafoirt tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh go cuí. Ní thabharfar an t-údarú sin ach amháin i gcás ina mbeidh an dearbhú ó stát na brataí dá dtagraítear i mír 1 faighte.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Ní údarófar cur i dtír, trasloingsiú ná úsáid eile an chalafoirt má fhaigheann Ballstát an chalafoirt fianaise shoiléir gur tógadh an ghabháil éisc atá ar bord de shárú ar na ceanglais is infheidhme ar Pháirtí Conarthach maidir le limistéir faoina dhlínse náisiúnta.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát an chalafoirt fógra, gan mhoill, do mháistir an tsoithigh nó dá ionadaí agus do stát brataí an tsoithigh maidir lena gcinneadh i dtaca le cur i dtír, trasloingsiú agus úsáid eile an chalafoirt a údarú nó gan iad a údarú, tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh de réir mar is iomchuí agus cuirfidh siad Rúnaí NEAFC ar an eolas faoi.”;

(8)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh gach Ballstát cigireachtaí ar 5 % ar a laghad de chur i dtír agus de thrasloingsiú éisc úir agus ar 7,5 % ar a laghad d’iasc reoite ina gcalafoirt i gcaitheamh gach bliana tuairiscithe, ar bhonn bainistíochta riosca a chuireann san áireamh na treoirlínte ginearálta a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Déanfar na cigireachtaí ar bhealach cóir, trédhearcach agus neamhchlaonta agus ní bheidh siad ina gciapadh d’aon soitheach.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Scrúdóidh na cigirí limistéir uile an tsoithigh atá ábhartha d’fhonn comhlíonadh na mbeart ábhartha caomhantais agus bainistíochta a fhíorú. Déanfar na cigireachtaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Déanfaidh gach Ballstát na hiarrachtaí uile is féidir chun cumarsáid a éascú le máistir an tsoithigh nó le comhaltaí sinsearacha chriú an tsoithigh, lena n-áirítear ateangaire trína áirithiú go mbeidh ateangaire in éineacht leis an gcigire, i gcás inar féidir agus inar gá.”;

(e)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Ní chuirfidh cigirí náisiúnta aon bhac ar chumas an mháistir cumarsáid a dhéanamh le húdaráis stát na brataí.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh Ballstát an chalafoirt cuireadh a thabhairt do chigirí de chuid Páirtithe Conarthacha eile dul i dteannta a gcuid cigirí féin agus breathnú ar an gcigireacht.”;

(9)

in Airteagal 29(2) cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Ballstát a dhéanann an chigireacht torthaí na cigireachta sin in iúl freisin don Pháirtí Conarthach ar tharla an sárú ina uiscí agus don stát a bhfuil máistir an tsoithigh ina náisiúnach de.”;

(10)

déantar Iarscríbhnn I den Iarscríbhinn;

(11)

cuirtear Iarscríbhinn II nua isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(12)

cuirtear Iarscríbhinn III nua isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe 1 agus pointí 4-12 d’Airteagal 1, áfach, ón 1 Iúil 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  IO C 332, 8.10.2015, lch. 81.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Eanáir 2016.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).

(4)  Cinneadh ón gComhairle 81/608/CEE an 13 Iúil 1981 maidir leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt i gcrích (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).”;


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010:

“IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE GINEARÁLTA MAIDIR LE BAINISTIÚ RIOSCA I NDÁIL LE RIALÚ AG BALLSTÁT AN CHALAFOIRT

Ciallaíonn ‘bainistiú riosca’ rioscaí a aithint go córasach agus na bearta uile is gá chun tarluithe na rioscaí sin a theorannú a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí amhail sonraí agus faisnéis a bhailiú, rioscaí a anailísiú agus a mheasúnú, beart a ullmhú agus a dhéanamh, agus faireachán agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bpróiseas agus ar a thorthaí.

Ar bhonn a mheasúnaithe riosca, sainíonn gach Ballstát a bhfuil calafort ann a straitéis um bainistiú riosca chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart a chuimsiú sa straitéis sin ionstraimí rialúcháin agus modhanna cigireachta iomchuí agus costéifeachtacha a shainaithint, a thuairisciú agus a shannadh i dtaca leis an gcineál riosca agus i dtaca leis an leibhéal riosca a mheastar a bheith ann, agus sprioc-thagarmharcanna a bhaint amach.

Leagtar síos critéir um measúnú riosca agus um bainistiú riosca i gcomhair gníomhaíochtaí i ndáil le seiceáil, cigireacht agus fíorú d’fhonn anailísí riosca tráthúla agus measúnuithe ginearálta a dhéanamh ar fhaisnéis i dtaca le rialú agus cigireacht a dhéanamh.

Tá soithí iascaireachta aonair, grúpaí soithí iascaireachta, oibreoirí, agus/nó gníomhaíocht iascaireachta – ar speicis éagsúla agus in áiteanna éagsúla i Limistéar an Choinbhinsiúin – faoi réir rialú agus cigireachtaí i gcomhréir leis an leibhéal riosca atá sannta dóibh, trí na critéir seo a leanas a úsáid, inter alia, ar toimhdí ginearálta iad ar leibhéal riosca maidir le rialú ag Ballstát an chalafoirt ar chur i dtír agus ar thrasloingsiú sa chalafort:

(a)

gabhálacha arna dtógáil ag soitheach Páirtí neamhChonarthaigh;

(b)

gabhálacha reoite;

(c)

gabhálacha a bhfuil toirt mhór iontu;

(d)

gabhálacha ar trasloingsíodh iad cheana ar muir;

(e)

gabhálacha arna dtógáil lasmuigh d’uiscí atá faoi dhlínse na bPáirtithe Conarthacha, i.e. sa Limistéar Rialála;

(f)

gabhálacha arna dtógáil laistigh agus lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin araon;

(g)

gabhálacha speiceas a bhfuil ardluach orthu;

(h)

gabhálacha ó acmhainní iascaigh ina bhfuil na deiseanna iascaireachta thar a bheith teoranta;

(i)

líon na gcigireachtaí a rinneadh roimhe seo agus líon na sáruithe a braitheadh i ndáil le soitheach agus/nó oibreoir.”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010:

“IARSCRÍBHINN III

NÓSANNA IMEACHTA CIGIREACHTA BHALLSTÁT AN CHALAFOIRT

Déanfaidh na cigirí naisiúnta mar a leanas:

(a)

fíoróidh siad go bhfuil doiciméid aitheantais an tsoithigh atá ar bord agus an fhaisnéis i ndáil le húinéir an tsoithigh fíor, iomlán agus ceart, lena n-áirítear trí bhíthin teagmháil iomchuí a dhéanamh leis an stát brataí nó trí bhíthin taifid idirnáisiúnta na soithí más gá;

(b)

fíoróidh siad go bhfuil bratach agus marcálacha an tsoithigh (e.g. an t-ainm, an chláruimhir sheachtrach, uimhir aitheantais loinge na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), an comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió agus marcálacha eile, na príomhthoisí) i gcomhréir leis an bhfaisnéis sna doiciméid;

(c)

fíoróidh siad go bhfuil na húdaruithe i gcomhair iascaireachta nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht fíor, iomlán, ceart agus i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 24;

(d)

déanfaidh siad athbhreithniú ar na doiciméid agus ar na taifid eile go léir ar bord atá ábhartha, lena n-áirítear iad sin atá i bhformáid leictreonach agus sonraí an chórais um fhaireachán soithí (VMS) ó stát na brataí nó ó na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh iomchuí. I measc na ndoiciméad ar doiciméid ábhartha iad tá logleabhair, doiciméid maidir leis an ngabháil, an trasloingsiú agus an trádáil, liostaí an chriú, pleananna agus líníochtaí stuála, tuarascálacha ar na stórais éisc, agus na doiciméid a éilítear de bhun an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES);

(e)

scrúdóidh siad an trealamh iascaireachta uile ar bord atá ábhartha, lena n-áirítear aon trealamh atá stuáilte as radharc chomh maith le gairis a bhaineann leis an iascaireacht, agus fíoróidh siad go bhfuil siad i gcomhréir le coinníollacha na n-údaruithe. Scrúdófar an trealamh iascaireachta freisin d’fhonn a áirithiú go bhfuil gnéithe amhail méid an mhogaill agus tiús an tsreangáin, na gairis agus na ceangaltáin, toisí agus cumraíocht na n-eangach, na potaí, na dreidirí, méid agus líon na nduán, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme agus go bhfuil na marcálacha ar aon dul leis na marcálacha atá údaraithe don soitheach;

(f)

cinnfidh siad ar gabhadh an t-iasc ar bord i gcomhréir leis na húdaruithe is infheidhme;

(g)

déanfaidh siad faireachán ar an díluchtú iomlán nó ar an trasloingsiú iomlán agus déanfaidh siad cros-seiceáil idir na cainníochtaí de réir speicis a taifeadadh sa réamhfhógra um chur i dtír agus na cainníochtaí de réir speicis a cuireadh i dtír nó a trasloingsíodh;

(h)

scrúdóidh siad an t-iasc, lena n-áirítear trína sampláil, d’fhonn cainníocht agus comhdhéanamh na n-iasc a chinneadh. Chun na críche sin, féadfaidh na cigirí na coimeádáin ina ndearnadh an t-iasc a réamhphacáil a oscailt agus an ghabháil nó na coimeádáin a bhogadh d’fhonn sláine na stórais éisc a chinntiú. Féadfar cigireachtaí a dhéanamh ar an gcineál táirge agus ar chinneadh an mheáchain ainmniúil mar chuid den scrúdú sin;

(i)

nuair a bheidh an cur i dtír nó an trasloingsiú curtha i gcrích, fíoróidh agus nótálfaidh siad na cainníochtaí de réir speicis a bheidh fágtha ar bord;

(j)

déanfaidh siad a mheas an bhfuil fianaise shoiléir ann lena chreidiúint go raibh soitheach páirteach in iascaireacht NNN nó i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht a bhí mar thaca le hiascaireacht den sórt sin;

(k)

cuirfidh siad an tuarascáil ar fáil do mháistir an tsoithigh agus beidh inti toradh na cigireachta, lena n-áirítear bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh, agus síneoidh an cigire agus an máistir í. Ní bheidh i síniú an mháistir ach admháil go bhfuair sé cóip den tuarascáil. Tabharfar an deis don mháistir nótaí tráchta nó agóid ina haghaidh a chur leis an tuarascáil agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar an deis dó dul i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha stát na brataí, go háirithe má bhíonn fíordheacrachtaí aige ábhar na tuarascála a thuiscint. Cuirfear cóip den tuarascáil ar fáil don mháistir; agus

(l)

socróidh siad go ndéanfar aistriúchán ar na doiciméid ábhartha i gcás inar gá agus inar féidir.”.