ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.300.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

52
14 Samhain 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú ( 2 )

34

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle ( 2 )

51

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar ( 2 )

72

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ( 2 )

88

 


 

(1)   Faoin tagairt L 300 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1069/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhéadfadh seachtháirgí ainmhithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chur i mbaol. Léirigh géarchéimeanna san am atá caite agus a bhain le ráigeanna den ghalar crúb agus béil, le leathadh einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha amhail einceifíleapaite spúinseach bhólachta (ESB) agus le dé-ocsainí in ábhair bheatha, na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, do shábháilteacht an bhiashlabhra agus an tslabhra beathaithe agus do mhuinín na dtomhaltóirí a leanann as mí-úsáid seachtháirgí áirithe ainmhithe. Ina theannta sin, d’fhéadfadh drochthionchar níos leithne a bheith ag géarchéimeanna den sórt sin ar an tsochaí ina hiomláine, leis an tionchar a bheadh acu ar chor socheacnamaíoch na bhfeirmeoirí agus na n-earnálacha tionsclaíocha lena mbaineann agus ar mhuinín na dtomhaltóirí maidir le sábháilteacht táirgí ar de bhunadh ainmhíoch iad. D’fhéadfadh drochiarmhairtí a bheith ag ráigeanna galair ar an gcomhshaol, ní amháin mar gheall ar na fadhbanna diúscartha a bhíonn i gceist, ach ó thaobh bithéagsúlachta de freisin.

(2)

Eascraíonn seachtháirgí ainmhithe go príomha le linn ainmhithe atá ceaptha mar bhia don duine a bheith á marú, le linn táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch ar nós táirgí déiríochta, agus le linn d’ainmhithe marbha a bheith á ndiúscairt agus le linn bearta rialaithe galar. D’fhéadfaidís an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chur i mbaol cibé foinse as a dtagann siad. Ní mór an riosca sin a rialú ar bhealach leordhóthanach, trí tháirgí den sórt sin a threorú ar bhealach sábháilte lena ndiúscairt nó trína n-úsáid chun críocha difriúla, ar choinníoll go gcuirtear dianchoinníollacha i bhfeidhm a dhéanfaidh na rioscaí sláinte a bheidh i gceist a íoslaghdú.

(3)

Ní rogha réadúil é go ndéanfaí gach seachtháirge ainmhí a dhiúscairt, mar go mbeadh costais neamhinbhuanaithe agus rioscaí don chomhshaol mar thoradh air sin. Ós a choinne sin, tá leas soiléir ann do gach saoránach má úsáidtear réimse leathan de sheachtháirgí ainmhithe ar shlí shábháilte d’fheidhmeanna éagsúla ar mhodh inbhuanaithe ar choinníoll go ndéantar na rioscaí sláinte a íoslaghdú. Go deimhin, is gnách go mbaintear úsáid as raon leathan de sheachtháirgí ainmhithe in earnálacha tábhachtacha táirgeachta, amhail an tionscal cógaisíochta, beatha agus leathair.

(4)

Leis na teicneolaíochtaí nua tá an úsáid a d’fhéadfadh líon mór earnálacha táirgeachta a bhaint as seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe leathnaithe, go háirithe i gcás fuinneamh a ghiniúint. Ach d’fhéadfadh rioscaí sláinte a bheith ag gabháil le húsáid na dteicneolaíochtaí nua sin nach mór a íoslaghdú freisin.

(5)

Ba cheart rialacha sláinte Comhphobail maidir le seachtháirgí ainmhithe a bhailiú, a iompar, a láimhseáil, a chóireáil, a chlaochlú, a phróiseáil, a stóráil, a chur ar an margadh, a dháileadh, a úsáid nó a dhiúscairt a leagan síos i gcreat comhtháite agus cuimsitheach.

(6)

Ba cheart go mbeadh na rialacha ginearálta sin comhréireach leis an riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe nuair a dhéileálann oibreoirí leo ag céimeanna difriúla den tslabhra ó bhailítear iad go n-úsáidtear iad nó go ndéantar iad a dhiúscairt. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna rialacha na rioscaí don chomhshaol a bheadh ann le linn na n-oibríochtaí sin. Ba cheart go n-áireofaí i gcreat an Chomhphobail rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe a chur ar an margadh, lena n-áirítear a dtrádáil laistigh den Chomhphobal agus a n-allmhairiú, i gcás inarb iomchuí.

(7)

Leag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos rialacha sláinte an Chomhphobail maidir le seachtháirgí ainmhithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine i Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (3). Bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus mar ghníomh faoi Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2000 ar Shábháilteacht Bia, tugadh isteach, leis an Rialachán sin, sraith de rialacha atá dírithe ar shábháilteacht an bhiashlabhra agus an tslabhra beathaithe a chosaint, agus atá comhlántach le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le bia agus beatha. Leis na rialacha sin, cuireadh feabhas mór ar an leibhéal cosanta sa Chomhphobal i gcoinne na rioscaí a leanann as seachtháirgí ainmhithe.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002, tugadh isteach aicmiú seachtháirgí ainmhithe i dtrí chatagóir de réir mhéid an riosca atá i gceist. Ceanglaítear ar oibreoirí seachtháirgí ainmhithe de chatagóirí difriúla a choinneáil scartha óna chéile más rud é gur mian leo úsáid a bhaint as seachtháirgí ainmhithe nach gcuireann an tsláinte phoiblí ná sláinte ainmhithe rómhór i mbaol, go háirithe más rud é go ndíorthaítear na táirgí sin ó ábhar a bhíonn oiriúnach mar bhia don duine. Leis an Rialachán sin, freisin, tugadh isteach an prionsabal nár cheart ábhar lena mbaineann ardleibhéal riosca a thabhairt mar bhia d’ainmhithe feirmshaothraithe, agus nár cheart ábhar beatha a thabhairt d’ainmhithe ar ábhar é atá díorthaithe ó ainmhithe de speiceas an ainmhí sin. De bhun an Rialacháin sin, ní chuirfear sa slabhra beathaithe ach ábhar ó ainmhithe a mbeidh cigireacht tréidliachta déanta air. Ina theannta sin, leagtar síos freisin na rialacha maidir le caighdeáin phróiseála lena n-áirithítear go laghdaítear na rioscaí.

(9)

Faoi Airteagal 35(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoi na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit lena áirithiú go ndéantar an Rialachán sin a chomhlíonadh. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, más cuí. Cuireadh an tuarascáil faoina mbráid an 21 Deireadh Fómhair 2005 agus sonraíodh ann gur cheart prionsabail Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a chothabháil. Ina theannta sin, tarraingíodh aird ar na réimsí inar measadh go raibh gá le leasuithe ar an Rialachán sin, go háirithe soiléiriú maidir le hinfheidhmeacht na rialacha i ndáil le táirgí críochnaithe, an gaol le reachtaíocht eile de chuid an Chomhphobail agus aicmiú ábhair áirithe. Tacaíonn na torthaí ó shraith de staidéir faisnéise a rinne Oifig Bia agus Tréidliachta an Choimisiúin (FVO) sna Ballstáit in 2004 agus 2005 leis na tátail sin. De réir an FVO tá gá le feabhsuithe maidir le hinrianaitheacht ar shreabhadh seachtháirgí ainmhithe agus maidir le héifeachtacht agus le comhchuibhiú rialuithe oifigiúla.

(10)

Ghlac an Coiste Stiúrtha Eolaíoch, ar ghabh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) ina ionad in 2002, le roinnt tuairimí maidir le seachtháirgí ainmhithe. Léiríonn na tuairimí sin an gá atá le príomhphrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a chothabháil; go háirithe an prionsabal nár cheart go gcuirfí seachtháirgí ainmhithe atá díorthaithe ó ainmhithe a léirítear, mar thoradh ar chigireacht sláinte, nach bhfuil siad oiriúnach mar bhia don duine, sa slabhra beathaithe. Féadfar, áfach, na seachtháirgí ainmhithe sin a aisghabháil agus a úsáid i dtáirgeadh táirgí teicniúla nó tionsclaíocha faoi choinníollacha sláinte sonraithe.

(11)

Léirítear le conclúidí Uachtaránacht na Comhairle maidir le tuarascáil an Choimisiúin an 21 Deireadh Fómhair 2005 arna nglacadh i Nollaig 2005, agus na comhairliúcháin a rinne an Coimisiún ina dhiaidh sin, gur cheart na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a fheabhsú. Ba cheart príomhchuspóirí na rialacha maidir le seachtháirgí ainmhithe, eadhon rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe agus cosaint shábháilteacht an bhiashlabhra agus an tslabhra beathaithe a leagan síos go soiléir. Ba cheart, le forálacha an Rialacháin seo, go bhféadfaí na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

(12)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí nach féidir a úsáid mar bhia don duine faoi reachtaíocht an Chomhphobail, go háirithe nuair nach gcomhlíonann siad reachtaíocht sláinteachais bia nó i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar an margadh mar bhia ós rud é nach bhfuil siad sábháilte nó siocar go ndéanann siad dochar do shláinte an duine nó mar gheall nach bhfuil siad oiriúnach mar bhia don duine (seachtháirgí ainmhithe ‘de réir an dlí’). Ba cheart, áfach, go mbeadh feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonann rialacha áirithe ionas go bhféadfaí iad a úsáid mar bhia don duine nó ar amhábhair iad do tháirgeadh táirgí, fiú amháin más rud é gur chun críocha eile iad ar deireadh (seachtháirgí ainmhithe ‘de rogha’).

(13)

Ina theannta sin, d’fhonn cosc a chur le rioscaí a eascraíonn ó ainmhithe fiáine, ba cheart go mbeadh coirp nó páirteanna de choirp ainmhithe den sórt sin a mbeadh amhras ann iad a bheith ionfhabhtaithe le galar in-tarchurtha faoi réir na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Níor cheart, agus an méid sin á áireamh, go dtabharfaí le tuiscint go mbeadh oibleagáid ann coirp ainmhithe fiáine básaithe nó ainmhithe fiáine a dhéantar a fhiach ina ngnáthóg nádúrtha a bhailiú agus a dhiúscairt. Más rud é go gcloítear le dea-chleachtais fhiaigh, féadfar inní agus páirteanna eile de choirp géim fiáine a dhiúscairt ar shlí shábháilte ar an láthair. Tá cleachtais den sórt sin chun rioscaí a mhaolú fadbhunaithe sna Ballstáit agus tá siad bunaithe i gcásanna áirithe ar thraidisiúin chultúrtha nó ar reachtaíocht náisiúnta a rialaíonn gníomhaíochtaí sealgairí. Leagtar síos le reachtaíocht Chomhphobail, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (4), rialacha maidir le feoil agus seachtháirgí ó ghéim fiáin. Cuireann na rialacha sin an fhreagracht maidir le rioscaí a chosc ar dhaoine oilte amhail sealgairí. Ag féachaint do na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don bhiashlabhra, níor cheart go mbeadh seachtháirgí ó ghéim fiáin maraithe faoi réir an Rialacháin seo ach a mhéid a bhíonn feidhm ag reachtaíocht sláinteachais bia i gcás géim den sórt sin a chur ar an margadh agus go mbíonn baint ag oibríochtaí a dhéantar i mbunaíochtaí ina láimhseáiltear géim leis. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh seachtháirgí ainmhithe le haghaidh ullmhú trófaithe géime cumhdaithe leis an Rialachán seo chun rioscaí do shláinte ainmhithe a chosc a thig ó sheachtháirgí den sórt sin.

(14)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe uisceacha cé is moite d’ábhar as árthaí a oibríonn faoi reachtaíocht sláinteachais bia an Chomhphobail. Ba cheart, áfach, go nglacfaí bearta atá comhréireach leis na rioscaí maidir le hábhar a láimhseáil agus a dhiúscairt a fhaightear ar bord árthaí iascaireachta mar thoradh ar dhí-inniú éisc agus a léiríonn comharthaí de ghalar. Ba cheart go nglacfaí bearta den sórt sin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhonn measúnú rioscaí ón institiúid chuí eolaíoch ag féachaint don fhianaise atá ar fáil i ndáil le héifeachtacht bhearta áirithe chun leathadh galar a d’fhéadfadh daoine a tholgadh, go háirithe paraisítí áirithe.

(15)

De dheasca na rioscaí teoranta a thagann ó ábhair a úsáidtear mar amhbhia peataí ar fheirm nó a sholáthraítear do ghnólachtaí bia, níor cheart go mbeadh gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an amhbhia peata sin cumhdaithe faoi na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(16)

Is iomchuí na hainmhithe atá le haicmiú mar pheataí a shoiléiriú sa Rialachán seo, ionas nach n-úsáidfear seachtháirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe den sórt sin i mbeathú ainmhithe feirmshaothraithe. Ba cheart, go háirithe, go n-aicmeofaí ainmhithe a choinneáiltear chun críocha seachas críocha feirmeoireachta, amhail don chompánachas, mar ainmhithe peata.

(17)

Ar mhaithe le comhchuibheas i ndáil le reachtaíocht an Chomhphobail, ba cheart go mbainfí úsáid, sa Rialachán seo, as sainmhínithe áirithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (5) agus i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (6). Ba cheart go ndéanfaí an tagairt do Threoir 86/609/CEE ón gComhairle an 24 Samhain 1986 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha turgnamhacha agus eolaíochta (7) eile a shoiléiriú.

(18)

Ar mhaithe le comhchuibheas i ndáil le reachtaíocht an Chomhphobail, ba cheart go mbainfí úsáid, sa Rialachán seo, as an sainmhíniú ar ‘ainmhí uisceach’ faoi mar atá leagtha síos i dTreoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe i ndáil le hainmhithe dobharshaothraithe agus a dtáirgí, agus maidir le galair áirithe in ainmhithe dobharshaothraithe (8) a chosc agus a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh inveirteabraigh uisceacha nach bhfuil cumhdaithe faoin sainmhíniú sin agus nach leathnaíonn galair faoi réir ag na ceanglais chéanna agus a bhíonn ainmhithe uisceacha.

(19)

Sonraítear i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (9) na coinníollacha maidir le cead a eisiúint do líonadh talún. Ba cheart go ndéanfadh an Rialachán seo foráil do dhiúscairt seachtháirgí ainmhithe trí líonadh talún a mbeidh cead den sórt sin eisithe ina leith.

(20)

I gcomhréir leis an Rialachán seo ba cheart gur ar oibreoirí a bheadh an phríomhfhreagracht maidir le dul i mbun oibríochtaí. Ag an am céanna, éilíonn leas an phobail ó thaobh rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc go mbeadh córas bailithe agus diúscartha bunaithe lena áirithiú go ndéanfar seachtháirgí ainmhithe nach bhféadfar a úsáid, nó nach ndéanfar a úsáid ar chúiseanna eacnamaíocha, a úsáid agus a dhiúscairt i slí shábháilte. Ba cheart go gcuirfeadh raon feidhme an chórais bailithe agus diúscartha méid iarbhír na seachtháirgí ainmhithe a fhabhraítear i mBallstát áirithe san áireamh. Ba cheart go léireodh sé freisin, ar bhonn réamhchúraim, an gá le hacmhainneacht diúscartha níos leithne i gcás mór-ráigeanna de ghalair in-tarchurtha nó i gcás teipeanna teicniúla sealadacha i saoráid diúscartha a bheadh ann cheana. Ba cheart go mbeadh cead ag Ballstáit comhoibriú lena chéile agus le tríú tíortha ar choinníoll go gcomhlíontar cuspóirí an Rialacháin seo.

(21)

Is tábhachtach an pointe tosaigh a aimsiú i saolré seachtháirgí ainmhithe ar cheart go mbeadh ceanglais an Rialacháin seo infheidhme ina dhiaidh sin. Chomh luath agus a bheidh táirge ina sheachtháirge ainmhithe níor cheart, go dtiocfadh sé ar ais sa bhiashlabhra. Bíonn cúinsí speisialta infheidhme maidir le hamhábhair áirithe, amhail seithí a láimhseáil, a láimhseáiltear i mbunaíochtaí agus i ngléasraí a chomhtháitear ag an am céanna sa bhiashlabhra agus an slabhra um sheachtháirgí ainmhithe. Sna cásanna sin, ba cheart go nglacfaí na bearta riachtanacha trí dheighilt chun rioscaí ionchasacha ar an mbiashlabhra a mhaolú, rioscaí ar féidir leo teacht ó thraséilliú. Ba cheart dálaí riosca-bhunaithe a chinneadh d’ionaid eile chun traséilliú a chosc go háirithe tríd an slabhra um sheachtháirgí ainmhithe agus an biashlabhra a scaradh.

(22)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus rialú ceart a dhéanamh ar rioscaí ionchasacha, ba cheart pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a chinneadh do tháirgí gan ábharthacht dhíreach do shábháilteacht an tslabhra beathaithe acu a thuilleadh. I gcás táirgí áirithe a rialaítear faoi reachtaíocht eile Chomhphobail, ba cheart pointe deiridh den sórt sin a chinneadh ag an gcéim monaraíochta. Ba cheart táirgí a bhain an pointe deiridh seo amach a bheith díolmhaithe ó shrianta faoin Rialachán seo. Ba cheart go háirithe go gceadófaí táirgí i ndiaidh an phointe deiridh a chur ar an margadh gan srian faoin Rialachán seo agus féadfaidh oibreoirí, nach bhfuil formheasta ná cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, iad a láimhseáil agus iad a iompar.

(23)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta áfach pointe deiridh den sórt sin a mhodhnú, go háirithe i gcás rioscaí nua atá ag teacht chun cinn. Le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 díolmhaítear táirgí áirithe, go háirithe guanó, seithí ar leith a chuirtear trí fhoirmeacha cóireála éagsúla amhail súdaireacht, agus bua-chomharthaí géim áirithe, díolmhaithe ó cheanglais an Rialacháin sin. Ba cheart go bhforáilfí do dhíolúintí cosúla sna bearta cur chun feidhme a bheidh le glacadh faoin Rialachán seo do tháirgí amhail táirgí olacheimiceacha agus na táirgí deiridh ó tháirgeadh bithdhíosail, faoi na coinníollacha iomchuí.

(24)

D’fhonn ard-leibhéal cosanta a áirithiú i ndáil leis an tsláinte phoiblí agus le sláinte ainmhithe, ba cheart do Bhallstáit leanúint leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar sheachtháirgí ainmhithe a choinsíniú ó limistéar nó ó bhunaíochtaí srianta, go háirithe i gcás ráige de ghalar a liostaítear i dTreoir 92/119/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992 lena ndéantar bearta ginearálta Comhphobail a thabhairt isteach maidir le galair áirithe ainmhithe a rialú agus bearta sonracha i ndáil le galar saicíneach muc (10).

(25)

Ba cheart gur i mbunaíochtaí nó i ngléasraí a mbíonn ceadú faighte acu roimh ré ón údarás inniúil maidir le seachtháirgí ainmhithe a mbíonn mórchuid riosca ag gabháil leo don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a rachfaí i mbun oibríochtaí den sórt sin, agus iontu sin amháin. Ba cheart go mbeadh an coinníoll sin i bhfeidhm go háirithe i gcás bunaíochtaí nó gléasraí próiseála agus bunaíochtaí nó gléasraí eile a láimhseálann nó stórálann seachtháirgí ainmhithe ag a bhfuil ábharthacht dhíreach do shábháilteacht an tslabhra beathaithe. Ba cheart go gceadófaí seachtháirgí ainmhithe a bhaineann le níos mó ná catagóir amháin a láimhseáil sa bhunaíocht chéanna nó sa ghléasra céanna ar choinníoll go ndéantar tras-éilliú a chosc. Ba cheart go gceadófaí, ina theannta sin, na coinníollacha sin a leasú má eascraíonn an oiread ábhair le diúscairt agus le próiseáil de bharr mhór-ráige de ghalar, ar an gcoinníoll go n-áiritheofar nach leanfaidh iomadú ar rioscaí galair as an úsáid shealadach faoi choinníollacha leasaithe den sórt sin.

(26)

Níor cheart go mbeadh gá le ceaduithe den sórt sin, áfach, i ndáil le bunaíochtaí nó gléasraí ina ndéantar ábhair áirithe shábháilte a phróiseáil nó a láimhseáil amhail táirgí a dhéantar a phróiseáil an oiread is nach gcuireann siad an tsláinte phoiblí ná sláinte ainmhithe i mbaol a thuilleadh. Ba cheart go mbeadh bunaíochtaí nó gléasraí den sórt sin cláraithe le go gceadófaí sreabhadh ábhair a rialú go hoifigiúil agus a inrianaitheacht a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé sin infheidhme freisin i ndáil le hoibreoirí a iompraíonn seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, mura mbeidh siad faoi réir ag aon srian a thuilleadh ós rud é go mbeidh pointe deiridh sa slabhra cinntithe.

(27)

Ba cheart go gceadófaí bunaíochtaí nó gléasraí tar éis faisnéis a chur faoi bhráid an údaráis inniúil agus i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an láthair a léiríonn go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo maidir le hinfreastruchtúr agus trealamh na bunaíochta nó an ghléasra, ionas go ndéanfar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascraíonn ón bpróiseas a imshrianadh ar shlí leordhóthanach. Ba cheart go mbeifí in ann na ceaduithe a dheonú go coinníollach d’fhonn deis a thabhairt d’oibreoirí easpaí a cheartú sula bhfaighidh an bhunaíocht nó an gléasra formheas iomlán.

(28)

Níor cheart go n-éileofaí go gceadófaí nó go gclárófaí bunaíochtaí nó gléasraí a bhfuil a n-oibríochtaí ceadaithe cheana féin i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le sláinteachas bia faoin Rialachán seo, ós rud é go gcuirtear cuspóirí an Rialacháin seo san áireamh cheana féin i gcás ceaduithe nó clárúcháin faoin reachtaíocht Comhphobail seo. Ba cheart, áfach, go mbeadh oibleagáid ar bhunaíochtaí nó ar ghléasraí a ceadaíodh nó a cláraíodh faoi reachtaíocht sláinteachais ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus a bheidh faoi réir ag rialuithe oifigiúla a rinneadh chun críocha comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú.

(29)

Ba cheart seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a aicmiú i dtrí chatagóir ina léirítear leibhéal an riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a bhaineann leo, ar bhonn measúnuithe riosca. Cé nár cheart seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe lena mbaineann riosca ard a úsáid ach do chríocha lasmuigh den bhiashlabhra, ba cheart a n-úsáid lena mbaineann riosca níos ísle a cheadú faoi choinníollacha sábháilte.

(30)

D’fhéadfadh forbairt próiseas lena gcuirfí deireadh le rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó a dhéanfadh iad a íoslaghdú leanúint as dul chun cinn in eolaíocht agus i dteicneolaíocht. Ba cheart go bhféadfaí leasuithe a dhéanamh ar liostaí na seachtháirgí ainmhithe a leagtar amach sa Rialachán seo, chun dul chun cinn den sórt sin a chur san áireamh. Ba cheart don fhoras eolaíochta cuí, amhail an UESB, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach nó an Coiste Eolaíoch um Tháirgí Tomhaltais measúnú riosca a dhéanamh, ag brath ar na cineálacha seachtháirgí ainmhithe a bhfuil a rioscaí le measúnú, sula ndéanfaí aon leasuithe den sórt sin, agus i gcomhréir le prionsabail ghinearálta reachtaíochta Comhphobail atá dírithe ar leibhéal ard cosanta a áirithiú do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe. Ba cheart, áfach, go mbeadh sé soiléir nuair a dhéantar seachtháirgí ainmhithe as catagóirí éagsúla a mheascadh gur cheart an meascán a láimhseáil i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha síos do chion an mheascáin a bhaineann leis an gcatagóir lena mbaineann an riosca is mó.

(31)

Mar gheall ar an mbaol ard do shláinte an phobail, níor cheart seachtháirgí ainmhithe as a bhféadfadh baol maidir le heinceifileapaite spúinseach in-tarchurtha (TSE) a eascairt a úsáid, go háirithe, do bheatha. Ba cheart go mbeadh an srian sin infheidhme chomh maith maidir le hainmhithe fiáine trína bhféadfaí galar teagmhálach a tharchur. Ba cheart go mbeadh an srian ar sheachtháirgí ainmhithe a thabhairt mar bheatha as a bhféadfadh riosca TSE eascairt gan dochar do na rialacha beathaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001.

(32)

Níor cheart seachtháirgí ainmhithe ó ainmhithe a úsáidtear le haghaidh turgnamh faoi mar a shainmhínítear iad in i dTreoir 86/609/CEE a úsáid i mbeatha, de bharr na rioscaí ionchasacha a d’fhéadfadh teacht óna seachtháirgí ainmhithe. Féadfaidh Ballstáit, áfach, úsáid seachtháirgí ainmhithe ó ainmhithe a cheadú a úsáideadh le haghaidh turgnamh chun breiseáin bheatha a thástáil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a úsáid i gcothú ainmhithe (11).

(33)

Tá sé neamhdhleathach substaintí agus táirgí áirithe a úsáid, faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le huasteorainneacha iarmhair do tháirgí íocshláinte tréidliachta in earraí bia de bhunadh ainmhíoch a bhunú (12) agus faoi Threoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic (13). Chomh maith leis sin, leagtar síos rialacha breise i dTreoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe (14). Leagtar rialacha síos freisin i dTreoir 96/23/CE atá infheidhme i gcás ina ndéantar a shuíomh go bhfuil iarmhair de shubstaintí údaraithe nó d’ábhar salaithe a sháraíonn leibhéil cheadaithe áirithe i láthair. D’fhonn comhchuibheas reachtaíochta Comhphobail a áirithiú, ba cheart táirgí de bhunadh ainmhíoch ina n-aimsítear substaintí a sháraíonn Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 agus Treoracha 96/22/CE agus 96/23/CE a aicmiú mar ábhar Chatagóir 1 nó ábhar Chatagóir 2, de réir mar is cuí, ag féachaint don riosca a bhaineann leo don bhiashlabhra agus don slabhra beathaithe.

(34)

Níor cheart go mbeadh gá le haoileach agus le hábhar ó chonair an díleá a dhiúscairt, ar choinníoll go n-áiritheofar le cóireáil cheart nach ndéanfar galair a tharchur agus iad á gcur amach ar an talamh. Níor cheart seachtháirgí ainmhithe ó ainmhithe a fhaigheann bás ar an bhfeirm ná ó ainmhithe a mharaítear chun galair a dhíothú a úsáid sa slabhra beathaithe. Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag an srian sin maidir le seachtháirgí ainmhithe allmhairithe a ligtear isteach sa Chomhphobal, sa chás nach gcomhlíonann siad reachtaíocht an Chomhphobail arna n-iniúchadh ag pointe teorann an Chomhphobail, agus ar tháirgí nach gcomhlíonann na ceanglais is infheidhme le linn seiceálacha a dhéantar laistigh den Chomhphobal. Níor cheart go mbeadh eisiamh táirgí a chuirtear ar fáil do chigireacht teorann ón slabhra beathaithe mar thoradh ar neamhchomhlíonadh Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le coigeartú dlíthe na mBallstát i ndáil le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (15) agus neamhchomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid (16).

(35)

Ón dáta ar tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 i bhfeidhm, déanann aicmiú mainneachtana seachtháirgí ainmhithe áirithe mar ábhar Chatagóir 2 na húsáidí a d’fhéadfadh a bheith acu a theorannú go mór, cé nach gá go mbeadh sé sin comhréireach leis na rioscaí a bhíonn i gceist. Chuige sin, ba cheart na seachtháirgí ainmhithe sin a athaicmiú mar ábhar Chatagóir 3, le go bhféadfaí iad a úsáid chun críocha beathaithe áirithe. Maidir le haon seachtháirgí ainmhithe eile nach liostaítear faoi cheann de na trí chatagóir, ba cheart an t-aicmiú mainneachtana mar ábhar Chatagóir 2 a chothabháil ar chúiseanna réamhchúraim, go háirithe chun eisiamh ginearálta ábhair den sórt sin ón slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe, seachas ainmhithe fionnaidh a dhaingniú.

(36)

Cuirtear an dualgas príomha maidir le reachtaíocht Comhphobail a chomhlíonadh, a bhfuil sé mar aidhm léi sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe a chosaint, ar oibreoirí gnólachtaí bia agus beatha le reachtaíocht eile a tháinig i bhfeidhm tar éis Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (17), eadhon Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (18) agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais do shláinteachas beatha (19), agus dá bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 comhlántach. Ag teacht leis an reachtaíocht sin, ba cheart go mbeadh oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo freagrach go príomha, freisin, as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart an oibleagáid sin a shoiléiriú agus a shonrú tuilleadh maidir leis an tslí a ndéanfar inrianaitheacht a áirithiú, amhail seachtháirgí ainmhithe a bhailiú agus a dháileadh ar leithligh. Ba cheart go leanfaí d’oibriú córas bunaithe a áirithíonn inrianaitheacht do tháirgí a fheidhmíonn ar leibhéal náisiúnta amháin, má chuireann seo faisnéis choibhéiseach ar fáil. Ba cheart go ndéanfaí gach iarracht úsáid leictreonach doiciméadúcháin agus modhanna eile doiciméadúcháin nach n-úsáideanna taifid ar pháipéar a chur chun cinn, chomh fada agus a áirítear inrianaitheacht.

(37)

Tá córas féinseiceálacha riachtanach lena áirithiú go ndéanfar ceanglais an Rialacháin seo a chomhall laistigh de bhunaíocht nó de ghléasra. Le linn seiceálacha oifigiúla ba cheart go gcuirfeadh na húdaráis inniúla feidhmiú a seiceálacha féin san áireamh. I mbunaíochtaí nó i ngléasraí áirithe ba cheart féinseiceálacha a dhéanamh trí chóras bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le hanailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla (HACCP). Ba cheart go mbeadh prionsabail HACCP bunaithe ar an taithí den chur chun feidhme faoi reachtaíocht Chomhphobail maidir le sláinteachas bia agus beatha. Ar an gcuma seo, d’fhéadfadh treoracha náisiúnta maidir le dea-chleachtas a bheith ina n-uirlis úsáideach chun cur chun feidhme praiticiúil phrionsabail HACCP agus gnéithe eile den Rialachán seo a éascú.

(38)

Níor cheart seachtháirgí ainmhithe a úsáid ach amháin má dhéantar na rioscaí do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe a íoslaghdú le linn a bpróiseála agus táirgí díorthaithe a mhonaraítear ar bhonn seachtháirgí ainmhithe á gcur ar an margadh. Mura bhfuil an rogha sin ar fáil, ba cheart na seachtháirgí a dhiúscairt faoi choinníollacha sábháilte. Ba cheart na roghanna maidir le seachtháirgí ainmhithe de chuid na gcatagóirí éagsúla a shoiléiriú i gcomhchuibheas le reachtaíocht eile an Chomhphobail. Go ginearálta, ba cheart go mbeadh na roghanna ann do chatagóir lena mbaineann riosca níos mó ar fáil chomh maith, mura mbeidh léirbhreithnithe speisialta infheidhme ó tharla go mbaineann riosca le seachtháirgí áirithe ainmhithe.

(39)

Ba cheart seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a dhiúscairt i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann le líonadh talún agus le dramhaíl a loscadh. D’fhonn comhchuibheas a áirithiú, ba cheart go rachfaí i mbun loiscthe i gcomhréir le Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh (20). Tá comhloscadh dramhaíola – mar oibríocht aisghabhála nó diúscartha – faoi réir coinníollacha comhchosúla maidir le ceadú agus oibriú le loscadh dramhaíola, go háirithe maidir le luachanna teorann astaíochtaí aeir, sceitheadh fuíolluisce agus iarmhair, ceanglais rialaithe, ceanglais mhonatóireachta agus ceanglais tomhais. Dá bhíthin sin, ba cheart go gceadófaí comhloscadh díreach na dtrí chatagóir ábhar gan próiseáil a dhéanamh roimh ré. Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha a achtú chun gléasraí loiscthe ardtoillte agus ísealtoillte a cheadú.

(40)

Ba cheart úsáid seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe mar bhreosla sa phróiseas dócháin a údarú agus ní chóir go bhfeicfí é mar oibríocht diúscartha dramhaíola. Ba cheart, áfach, go rachfaí i mbun úsáide den sórt sin faoi choinníollacha lena ndéanfaí cosaint shláinte an phobail agus shláinte ainmhithe a áirithiú, chomh maith leis na caighdeáin chomhshaoil chuí.

(41)

Ba cheart go bhforálfaí, leis an Rialachán seo, go bhféadfaí paraiméadair a leagan síos le haghaidh modhanna próiseála maidir le fad ama, teocht agus brú le haghaidh seachtháirgí ainmhithe, go háirithe do na modhanna dá dtagraítear anois mar mhodh 2 go modh 7 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002.

(42)

Ba cheart sliogáin ó shliogiasc a bhfuil na fíocháin bhoga nó an t-iasc bainte astu a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin. De bharr na gcleachtas éagsúil atá sa Chomhphobal maidir le fíochán bog nó iasc den sórt sin a bhaint as sliogáin, ba cheart go bhféadfaí sliogáin a úsáid nach bhfuil an fíochán bog nó an t-iasc go léir bainte astu, ar choinníoll nach leanfadh eascairt riosca do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe as úsáid den sórt sin. D’fhéadfadh treoracha náisiúnta maidir le dea-chleachtas cuidiú le faisnéis a scaipeadh maidir le coinníollacha cearta faoina bhféadfaí dul i mbun úsáide den sórt sin.

(43)

Ag féachaint don riosca teoranta do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe a eascraíonn ó tháirgí den sórt sin, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann ullmhú ullmhóidí bithdhinimiciúla agus a n-úsáid ar an talamh a údarú, ar bhonn ábhair Chatagóir 2 agus ábhair Chatagóir 3, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (21).

(44)

Baineann bealaí tairbhiúla maidir le fuinneamh a ghiniúint le teicneolaíochtaí núíosacha atáthar á bhforbairt ar bhonn seachtháirgí ainmhithe nó bealaí chun táirgí den sórt sin a dhiúscairt ar shlí shábháilte. Féadfar diúscairt shábháilte tarlú trí mheascán de mhodhanna chun seachtháirgí ainmhithe a choimeád go sábháilte ar an láithreán le modhanna diúscartha bunaithe agus trí mheascán de pharaiméadair phróiseála údaraithe le caighdeáin nua a ndearnadh measúnú fabhach orthu. D’fhonn ascnamh gaolmhar in eolaíocht agus i dteicneolaíocht a chur san áireamh, ba cheart teicneolaíochtaí den sórt sin a údarú mar mhodhanna malartacha chun seachtháirgí ainmhithe a dhiúscairt tríd an gComhphobal. Má bhíonn próiseas teicneolaíochta forbartha ag duine aonair ba cheart go ndéanfadh UESB iarratas, arna sheiceáil ag an údarás inniúil, a scrúdú sula ndéanfaí údarú den sórt sin a dheonú lena áirithiú go ndéanfar poitéinseal laghdaithe riosca an phróisis a mheasúnú agus go gcaomhnaítear cearta daoine aonair, lena n-áirítear rúndacht faisnéise gnó. D’fhonn comhairle a chur ar fáil d’iarratasóirí ba cheart formáid chaighdeánach a ghlacadh. Ós rud é nach bhfuil ach feidhm tháscach ag an doiciméad sin ba cheart é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach i gcomhair leis an UESB.

(45)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá beartaithe chun críocha beathaithe agus leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach a chur ar an margadh le cosaint an bhiashlabhra agus an tslabhra beathaithe a áirithiú. Níor cheart ach ábhar ó Chatagóir 3 a úsáid chun ainmhithe feirmshaothraithe seachas ainmhithe fionnaidh a bheathú. D’fhéadfadh leasacháin a bheadh táirgthe ar bhonn seachtháirgí ainmhithe difear a dhéanamh do shábháilteacht an bhiashlabhra agus an tslabhra beathaithe. Sa chás go mbíonn siad déanta ó fheoil agus mhin chnámh díorthaithe ó ábhar Chatagóir 2 nó ó próitéin ainmhithe próiseáilte, ba cheart comhpháirt, amhail substaint neamhorgánach nó do-dhíleáite, a chur leis lena n-úsáid dhíreach chun críocha beathaithe a chosc. Níor cheart go mbeadh meascadh den chineál sin riachtanach go háirithe i gcás táirgí a mbainfidh an tomhaltóir deiridh úsáid astu mura mbainfear mí-úsáid as an táirge chun críocha beathaithe. Agus na comhpháirteanna á gcinneadh, ba cheart go gcuirfí san áireamh imthosca difriúla maidir leis an aeráid agus an ithir agus an cuspóir a bhaineann le leasacháin áirithe a úsáid.

(46)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1523/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena dtoirmisctear fionnadh cat agus fionnadh madraí agus táirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú nó a onnmhairiú amach as (22) toirmeasc ginearálta ar fhionnadh cat agus fionnadh madraí agus ar tháirgí a bhfuil fionnadh den sórt sin iontu a chur ar an margadh agus a allmhairiú nó a onnmhairiú. Níor cheart go ndéanfadh an toirmeasc sin difear, áfach, don oibleagáid faoin Rialachán seo maidir le seachtháirgí ainmhithe ó chait agus ó mhadraí, lena n-áirítear fionnadh, a dhiúscairt.

(47)

D’fhéadfadh cur chun cinn na heolaíochta agus an taighde agus gníomhaíochtaí ealaíonta úsáid seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe as gach catagóir a éileamh, uaireanta i gcainníochtaí faoi bhun scála na malartuithe tráchtála. Le hallmhairiú agus úsáid seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe den sórt sin a éascú, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil ábalta na coinníollacha d’oibríochtaí den sórt sin a shocrú ar bhonn cásanna sonracha. Ba cheart coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos má bhíonn gníomh ag leibhéal Comhphobail riachtanach.

(48)

Tá forálacha mionsonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 lena gceadaítear, trí mhaolú, ábhair Chatagóir 2 agus ábhair Chatagóir 3 a thabhairt mar bheatha d’ainmhithe i zúnna. Ba cheart forálacha comhchosúla a leagan síos sa Rialachán seo agus ba cheart go mbeadh beathú ábhair áirithe Chatagóir 1 ceadaithe agus anuas air sin go bhféadfaí rialacha mionsonraithe a leagan síos le haon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte ainmhithe nó do shláinte an phobail a rialú.

(49)

Ceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ábhar Chatagóir 1 a thabhairt mar bheatha do speicis éan neicreafagach nó agus speicis eile atá cosanta nó atá i mbaol agus a bhfuil cónaí orthu ina ngnáthóg nádúrtha chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn.. Le huirlis leordhóthanach do chaomhnú na speiceas sin a sholáthar, ba cheart go leanfaí leis an gcleachtas beathaithe sin a cheadú faoin Rialachán seo, i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos chun scaipeadh galar a chosc. Ag an am céanna, ba cheart coinníollacha sláinte a leagan síos sna bearta cur chun feidhme a cheadaíonn ábhar Chatagóir 1 a úsáid chun críocha beathaithe i gcórais féaraigh fhairsinge agus chun críocha speiceas eile feoiliteoirí, amhail béir agus mic tíre. Is tábhachtach go gcuirfeadh na coinníollacha sláinte san áireamh pátrúin nádúrtha chaitheamh bia an speicis lena mbaineann chomh maith le cuspóirí an Chomhphobail chun an bhithéagsúlacht a chur cinn dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2006 dar teideal ‘Stad a chur le cailliúint bhithéagsúlachta faoi 2010 - agus ina dhiaidh sin’.

(50)

D’fhéadfaí glacadh i gcásanna áirithe le seachtháirgí ainmhithe a adhlacadh nó a dhó, go háirithe ainmhithe marbha, agus go háirithe i limistéir iargúlta, nó i gcásanna rialaithe galair a éilíonn go ndéanfaí diúscairt éigeandála ar na hainmhithe a mharaítear mar bheart chun rialú a dhéanamh ar ráig de ghalar in-tarchurtha tromchúiseach. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh cead diúscáirt a dhéanamh ar an láthair i gcás imthosca speisialta, ós rud é go bhféadfadh acmhainneacht na gcniog-chlós nó na loisceoirí laistigh de réigiún nó de Bhallstát a bheith ina fhachtóir teorannaithe ar shlí eile maidir le galar a rialú.

(51)

Ba cheart an maolú atá ann faoi láthair maidir le seachtháirgí ainmhithe a adhlacadh agus a dhó a shíneadh chuig limistéir nach féidir a shroicheadh go praiticiúil nó a chuirfeadh sláinte agus sábháilteacht an phearsanra bailithe i mbaol. Léiríonn an taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 agus le tubaistí nádúrtha amhail dóiteáin foraoise agus tuilte i mBallstáit áirithe go bhféadfaí, in imthosca eisceachtúla den sórt sin, glacadh le diúscairt trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair chun diúscairt thapa ainmhithe a áirithiú agus chun iomadú rioscaí galair a sheachaint. Ba cheart go mbeadh teorainn le méid foriomlán na limistéar iargúlta i mBallstát, bunaithe ar an taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, lena áirithiú go gcomhallfar an oibleagáid ghinearálta maidir le córas diúscartha ceart a chomhlíonann na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(52)

Ba cheart go gceadófaí do bhunaíochtaí nó do ghléasraí áirithe nach láimhseálann ach cainníochtaí beaga de sheachtháirgí ainmhithe nach gcuireann sláinte ainmhithe ná sláinte an phobail i mbaol seachtháirgí den sórt sin a dhiúscairt ar shlí eile seachas trí dhiúscairt i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi mhaoirseacht oifigiúil. Ba cheart, áfach, na critéir maidir le himthoscaí eisceachtúla a leagan síos ag leibhéal an Chomhphobail lena áirithiú go gcuirtear iad i bhfeidhm, bunaithe ar cás iarbhír earnálacha áirithe agus infhaighteacht córas diúscartha eile i mBallstáit áirithe eile.

(53)

Ba cheart go mbeadh na gníomhartha a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil a ghlacadh sonraithe le linn dó a bheith ag déanamh rialú oifigiúil chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go háirithe maidir le hoibríochtaí a chur ar fionraí nó iad a chosc go buan nó coinníollacha a ghearradh chun cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart na rialuithe oifigiúla seo a dhéanamh i gcreat pleananna rialuithe ilbhliantúla faoi Rialachán Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a áirithiú (23).

(54)

Lena áirithiú go bhféadfaidh Ballstáit rialú a dhéanamh ar an gcainníocht ábhair a thugtar isteach ina gcríoch lena dhiúscairt ba cheart go ndéanfadh an t-údarás inniúil fáil ábhair den sórt sin isteach ar a chríoch a údarú.

(55)

Féadfar steiriliú faoi bhrú agus coinníollacha iompair foghabhálacha a fhorchur chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a rialú. D’fhonn inrianaitheacht agus comhoibriú a áirithiú idir údaráis inniúla Ballstát a rialaíonn seoladh seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, ba cheart an córas TRACES a tugadh isteach le Cinneadh 2004/292/CE (24) ón gCoimisiún a úsáid chun faisnéis a chur ar fáil maidir le seoladh ábhair agus feoil agus min chnámh nó saill ainmhíoch de Chatagóir 1 agus de Chatagóir 2 atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 1 agus ábhar Chatagóir 2 agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 3. I gcás ábhar a sheoltar de ghnáth i méideanna beaga i gcomhair taighde, úsáid oideachasúil, ealaíonta nó dhiagnóiseach, ba cheart coinníollacha speisialta a leagan síos chun aistriú ábhar den sórt sin a éascú sa Chomhphobal. Ba cheart socruithe déthaobhacha a éascaíonn rialú ábhar a bhogtar idir Ballstáit a bhfuil teorainn choiteann acu a cheadú faoi chúinsí speisialta.

(56)

D’fhonn iompar coinsíneachtaí trí thríú tíortha atá comharsanach le níos mó ná Ballstát amháin a éascú, ba cheart réimeas speisialta a thabhairt isteach i gcomhair seoladh coinsíneachtaí ó chríoch Ballstáit amháin go Ballstát eile trí chríoch tríú tír lena áirithiú, go háirithe, go mbeidh coinsíneachtaí a thiocfaidh isteach arís sa Chomhphobal faoi réir seiceálacha tréidliachta i gcomhréir le Treoir 89/662/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1989 maidir le seiceálacha tréidliachta i dtrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (25).

(57)

Ar mhaithe le comhleanúnachas i reachtaíocht an Chomhphobail tá gá soiléiriú a dhéanamh ar an ngaol idir na rialacha arna leagan síos sa Rialachán seo agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir le dramhaíl. Go háirithe, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú leis na toirmisc ar allmhairithe dramhaíola arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (26). Chun éifeachtaí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol a chosc ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a bhfuil sé beartaithe iad a dhiúscairt trí loscadh nó trí líonadh talún. Ba cheart cosc a chur freisin ar onnmhairiú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe i gcás gurb é an cuspóir a n-úsáid i ngléasra bithgháis nó múirínithe chuig tríú tíortha nach bhfuil ina gcomhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, le hiarmhairtí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol agus a chuirfeadh sláinte ainmhithe agus an tsláinte phoiblí i mbaol a chosc. Le linn dó na forálacha chun maolú a thabhairt ón toirmeasc ar onnmhairiú, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún lánurraim a thabhairt ina chinntí do Choinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt, arna thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle (27), agus don leasú ar an gCoinbhinsiún a leagadh síos i gCinneadh III/1 ó Chomhdháil na bPáirtithe, arna fhormheasadh thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 97/640/CE ón gComhairle (28), agus arna chur chun feidhme le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

(58)

Chomh maith leis sin ba cheart a áirithiú nach ndéanfar seachtháirgí ainmhithe atá measctha nó éillithe le dramhaíl ghuaiseach, mar atá arna liostú i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíolacha de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus i dTreoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíolacha guaiseacha de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (29), a allmhairiú, a onnmhairiú ná a choinsíniú idir Ballstáit ach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

(59)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta rialuithe a dhéanamh i mBallstáit. Ba cheart rialuithe Comhphobail a dhéanamh i dtríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(60)

Ba cheart go ndéanfaí allmhairiú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe isteach sa Chomhphobal agus idirthuras ábhar den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha a bheidh chomh dian ar a laghad agus atá na rialacha is infheidhme laistigh den Chomhphobal. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfaí na rialacha is infheidhme maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe i dtríú tíortha a aithint mar chomhionann leis na rialacha arna leagan síos i reachtaíocht an Chomhphobail. De bharr an riosca a d’fhéadfadh eascairt astu ba cheart go mbeadh sraith rialacha allmhairithe níos simplithe infheidhme maidir le táirgí a bheidh ceaptha d’úsáidí lasmuigh den slabhra beathaithe.

(61)

Tá reachtaíocht an Chomhphobail a bhaineann le monarú táirgí díorthaithe lena bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar tháirgí cosmaideacha, mar tháirgí íocshláinte nó mar fheistí liachta comhdhéanta de chreat cuimsitheach maidir le táirgí den sórt sin a chur ar an margadh: Treoir 76/768/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí cosmaideacha (30), Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (31), Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (32), Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hionchlannáin mhíochaine ghníomhacha (33), Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí liachta (34) agus Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro  (35) (‘na Treoracha sonracha’). Ní fhoráiltear, áfach, sna Treoracha sonracha maidir le táirgí cosmaideacha agus feistí liachta do chosaint in aghaidh rioscaí do shláinte ainmhithe. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na rioscaí sin agus ba cheart go bhféadfaí leas a bhaint as bearta cosanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(62)

Ba cheart go mbeadh seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a sholáthraítear mar ábhar nó mar chomhábhair le haghaidh táirgí díorthaithe den sórt sin a mhonarú faoi réir cheanglais na dTreoracha sonracha, a mhéid a leagann siad síos rialacha lena rialaítear rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe. Tá ábhar tosaigh de bhunadh ainmhíoch a d’fhéadfaí a úsáid chun na táirgí díorthaithe dá dtagraítear a mhonarú á rialáil leis na Treoracha sonracha sin cheana féin agus déantar coinníollacha áirithe a fhorchur lena áirithiú go gcosnófar an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe. Déantar, go háirithe, ábhair Chatagóir 1 agus ábhair Chatagóir 2 a eisiamh mar chuid de chomhdhéanamh táirge chosmaidigh le Treoir 76/768/CEE agus cuirtear de cheangal ar mhonaróirí dea-chleachtais monaraíochta a chur i bhfeidhm. Tugtar sonraíochtaí mionsonraithe isteach le Treoir 2003/32/CE ón gCoimisiún (36) i ndáil le feistí liachta a mhonaraítear ag úsáid fíochán de bhunadh ainmhíoch.

(63)

Ba cheart, áfach, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin leagtha síos fós sna Treoracha sonracha nó i gcás nach gcumhdaítear rioscaí áirithe don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe leo, agus ba cheart go mbeadh bhféadfaí leas a bhaint as bearta cosanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(64)

Ní théann táirgí díorthaithe áirithe isteach sa bhiashlabhra ná ní chuirtear amach ar thalamh iad ar a mbíonn ainmhithe feirmshaothraithe ar féarach nó ar a ngearrtar luibhre chun críche beathaithe. Áirítear ar tháirgí díorthaithe den sórt sin táirgí le haghaidh úsáidí teicniúla, amhail seithí cóireáilte do tháirgeadh leathair, olann phróiseáilte don tionscal teicstíle, táirgí cnámh le haghaidh gliú agus ábhar próiseáilte a bheartaítear a úsáid i mbeatha do pheataí. Ba cheart go gceadófaí d’oibreoirí táirgí den sórt sin a chur ar an margadh ar choinníoll go ndíorthaítear iad ó amhábhar nach n-éilíonn aon chóireáil nó go n-áirithítear rialú riosca leordhóthanach leis an gcóireáil nó le húsáid deiridh an ábhair chóirithe.

(65)

Léiríodh mainneachtainí áirithe i roinnt Ballstát maidir le comhlíonadh na rialacha a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002. Dá réir sin, chomh maith le dianfhorghníomhú na rialacha sin, teastaíonn smachtbhannaí coiriúla agus eile in aghaidh oibreoirí nach mbíonn na rialacha sin á gcomhlíonadh acu. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go leagfaidh Ballstáit rialacha síos i ndáil le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.

(66)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha sláinte poiblí agus ainmhithe a leagan síos do sheachtháirgí ainmhithe agus do tháirgí díorthathe d’fhonn rioscaí a chosc agus a íoslaghdú don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a thagann ó na táirgí sin, agus go háirithe, chun sábháilteacht an slabhra bia agus beatha a chosaint, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(67)

D’fhonn cur le deimhneacht dhlíthiúil agus i bhfianaise chuspóir ginearálta an Choimisiúin, ba cheart creat comhtháite rialacha a leagan síos leis an Rialachán seo, agus na rialacha a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 á gcur san áireamh, chomh maith leis an taithí a fuarthas agus an dul chun cinn atá déanta ón dáta ar tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(68)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (37).

(69)

D’fhonn comhchuibheas agus soiléire reachtaíochta Comhphobail a fheabhsú, ba cheart go leagfaí síos na rialacha teicniúla a bhaineann le hoibríochtaí sonracha lena mbaineann seachtháirgí ainmhithe, atá leagtha síos sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002, agus sna bearta cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún ar bhonn an Rialacháin sin (38), in ionstraimí cur chun feidhme ar leithligh. Ba cheart dul i gcomhairle le agus faisnéis a bhailiú ó thomhaltóirí agus grúpaí sochghairmiúla a bhfuil baint acu le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo agus é sin a dhéanamh i gcomhréir le Cinneadh 2004/613/CE ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2004 maidir le grúpa comhairleach i ndáil leis an mbiashlabhra agus le sláinte ainmhithe agus plandaí (39).

(70)

Ba cheart go háirithe go dtabharfaí de chumacht don Choimisiúin rialacha a ghlacadh lena modhnaítear an pointe deiridh i slabhra monaraíochta táirgí díorthaithe áirithe agus lena mbunaítear pointe deiridh den sórt sin do tháirgí díorthaithe áirithe eile, rialacha maidir le galair dháiríre in-tarchurtha, dá mbeadh siad ann, nár cheart seoladh seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a cheadú agus/nó na coinníollacha a cheadódh seoladh den sórt sin, agus bearta lena n-athraítear aicmiú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díórthaithe, bearta maidir le srianadh ar úsáid agus diúscairt seachtháirgí ainmhithe, bearta lena leagtar síos coinníollacha chun maoluithe áirithe maidir le húsáid, bailiú agus diúscairt seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe agus le bearta lena n-údaraítear nó lena ndiúltaítear modh malartach ar leith maidir le húsáid nó diúscairt seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe.

(71)

Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha níos sonraí a ghlacadh maidir le bailiú agus iompar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, an t-infreastruchtúr, trealamh agus na ceanglais sláinteachais do bhunaíochtaí agus do ghléasraí a láimhseálann seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díórthaithe, na coinníollacha agus na ceanglais theicniúla maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a láimhseáil, lena n-áirítear an fhianaise a bheidh le cur i láthair chun críocha bailíochta cóireálá den sórt sin, coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a chur ar an margadh, ceanglais a bhaineann le foinsiú sábháilte, cóireáil shábháilte agus úsáidí sábháilte deiridh, coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú agus a bheith in idirthuras agus a onnmhairiú, socruithe mionsonraithe maidir le rialuithe oifigiúla a chur chun feidhme lena n-áirítear na modhanna tagartha d’anailísí micribhitheolaíocha chomh maith le coinníollacha maidir le srianadh ar choinsíniú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe áirithe idir Ballstáit. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí neamhriachtanacha nua, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(72)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun bearta a ghlacadh lena sonraítear na coinníollacha i ndáil le seachtháirgí ainmhithe a choinsíniú ó ghabháltais, ó ghléasraí nó ó chriosanna atá srianta. Ar fhorais phráinne, is gá an nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE maidir le glacadh bearta lena modnaítear an pointe deiridh i slabhra monaraíochta táirgí áirithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Roinn 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha sláinte poiblí agus sláinte ainmhithe do sheachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, d’fhonn rioscaí don tsláinte phoiblí agus ainmhithe a eascraíonn ó na táirgí sin a chosc nó a íoslaghdú, agus go háirithe sábháilteacht an tslabhra bia agus beatha a chosaint.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá eisiata ó bhia don duine faoi reachtaíocht Chomhphobail; agus

(b)

na táirgí seo a leanas a dhéanfar a eisiamh ón mbiashlabhra go neamh-inchúlghairthe, atá chun críocha eile seachas do bhia don duine de bhun cinneadh tábhachtach ag oibreoir:

(i)

táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfar a bheith beartaithe mar bhia don duine faoi reachtaíocht an Chomhphobail;

(ii)

amhábhair chun táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas:

(a)

coirp iomlána nó codanna de choirp ainmhithe fiáine, seachas géim fiáin, nach bhfuil amhras ann go bhfuil siad ionfhabhtaithe nó buailte le galar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh, ach amháin ainmhithe uisceacha a thugtar i dtír chun críocha tráchtála;

(b)

coirp iomlána nó codanna de ghéim fiáin nach mbailítear tar éis iad a mharú, i gcomhréir le dea-chleachtas fiaigh, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(c)

seachtháirgí ainmhithe ó ghéim fiáin agus ó fheoil géim fhiáin dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(d)

úicítí, suthanna agus seamhan atá beartaithe chun críocha pórúcháin;

(e)

bainne amh, gruth buí agus táirgí a dhíorthaítear astu, a fhaightear, a choinnítear, a dhéantar a dhiúscairt nó a úsáidtear ar an bhfeirm thionscnaimh;

(f)

sliogáin ó shliogiasc a bhfuil an fíochán bog agus an t-iasc bainte astu;

(g)

dramhaíl lónadóireachta, ach amháin:

(i)

má thionscnaíonn sí ó mhodh iompair atá ag oibriú go hidirnáisiúnta;

(ii)

má bhíonn sí dírithe ar chríocha beathaithe;

(iii)

má táthar chun é a phróiseáil trí steiriliú faoi brú nó a phróiseáil trí modhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó chun é a chlaochlú go bithghás nó go múirín;

(h)

gan dochar do reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail, ábhar ó árthaí lena gcomhlíontar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, a éiríonn le linn a n-oibríochtaí iascaireachta agus a dhiúscraítear ar muir, ach amháin ábhar a dhíorthaítear ó dhí-inniú iasc a léiríonn comharthaí galair, lena n-áirítear paraisítí, atá teagmhálach don duine;

(i)

amhbhia peata a thagann ó shiopaí miondíola, áit a ndéantar an gearradh agus an stóráil chun críche an t-amhbhia peata a chur ar fáil don tomhaltóir láithreach;

(j)

amhbhia peata atá díorthaithe ó ainmhithe a maraíodh ar an bhfeirm bhunaidh do thomhaltas teaghlaigh príobháideach; agus

(k)

eiscréid agus fual seachas aoileach agus guanó neamh-mhianaithe.

3.   Beidh an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail agus é mar chuspóir aige galair ainmhithe a rialú agus a dhíothú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘seachtháirgí ainmhithe’ coirp iomlána nó codanna d’ainmhithe, nó táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe, nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine lena n-áirítear úicítí, suthanna agus seamhan;

2.

ciallaíonn ‘táirgí díorthaithe’ aon táirge a fhaightear ó chóireáil amháin nó níos mó na cóireáil amháin, ó chlaochlaithe ó chéimeanna próiseála ar sheachtháirgí ainmhithe;

3.

ciallaíonn ‘táirgí de bhunadh ainmhíoch’ táirgí de bhunadh ainmhíoch faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 8.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

4.

ciallaíonn ‘conablach’ conablach a shainmhínítear i bpointe 1.9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

5.

ciallaíonn ‘ainmhí’ aon ainmhí inveirteabrach nó veirteabrach;

6.

ciallaíonn ‘ainmhí feirmshaothraithe’:

(a)

aon ainmhí arna choinneáil, arna ramhrú nó arna phórú ag daoine agus a úsáidtear chun bia, olann, fionnadh, cleití, seithí agus craicne nó aon táirge a fhaightear ó ainmhithe nó chun críocha feirmeoireachta eile;

(b)

equidae;

7.

ciallaíonn ‘ainmhí fiáin’ aon ainmhí nach mbíonn á choinneáil ag daoine;

8.

ciallaíonn ‘peata’ aon ainmhí a bhaineann le speiceas a bhíonn á chothú agus á choinneáil ag daoine ach nach n-itear chun críocha seachas chun críocha feirmeoireachta;

9.

ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ ainmhithe uisceacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1)(e) de Threoir 2006/88/CE;

10.

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás lárnach Ballstáit atá inniúil comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú nó aon údarás a dtarmligtear an inniúlacht sin chuige; cumhdaítear ann freisin, más iomchuí, údarás comhfhreagrach tríú tír;

11.

ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a bhfuil seachtháirge ainmhithe nó táirge díorthaithe faoina rialú iarbhír, lena n-áirítear iompróirí, trádálaithe agus úsáideoirí;

12.

ciallaíonn ‘úsáideoir’ na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbaineann úsáid as seachtháirge ainmhithe nó táirge díorthaithe chun críocha beathaithe speisialta nó chun críocha taighde nó chun críocha sonracha eile;

13.

ciallaíonn ‘bunaíocht’ nó ‘gléasra’ aon áit ina ndéantar oibríocht áirithe lena mbaineann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a láimhseáil, seachas árthach iascaireachta;

14.

ciallaíonn ‘a chur ar an margadh’ aon oibríocht arb é is cuspóir leis seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a dhíol le tríú páirtí sa Chomhphobal nó aon fhoirm soláthair eile ar íocaíocht nó saor in aisce le tríú páirtí den sórt sin nó iad a stóráil d’fhonn iad a sholáthar chuig tríú páirtí den sórt sin;

15.

ciallaíonn ‘idirthuras’ gluaiseacht tríd an gComhphobal ó chríoch tríú tír chuig críoch tríú tír eile, seachas ar muir nó d’aer;

16.

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ gluaiseacht ón gComhphobal chuig tríú tír;

17.

ciallaíonn ‘einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEanna)’ gach einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

18.

ciallaíonn ‘ábhar sonraithe priacail’ ábhar sonraithe priacail mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

19.

ciallaíonn ‘steiriliú faoi bhrú’ seachtháirgí ainmhithe a phróiseáil, tar éis laghdú i méid cáithníní go dtí méid nach mó ná 50 mm, go dtí lár-theocht breis agus 133 °C ar feadh 20 nóiméad ar a laghad gan briseadh ag dearbh-bhrú de 3 bhar;

20.

ciallaíonn ‘aoileach’ aon eiscréid agus/nó fual de chuid ainmhithe feirmshaothraithe seachas éisc saothraithe, a bhfuil nó nach bhfuil easair ann;

21.

ciallaíonn ‘líonadh talún údaraithe’ líonadh talún a bhfuil cead eisithe ina leith i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE;

22.

ciallaíonn ‘leasachán orgánach’ agus ‘feabhsaí ithreach’ ábhair de bhunadh ainmhíoch a úsáidtear chun cothú plandaí agus airíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus gníomhaíochtaí bitheolaíocha ithreacha, a chothabháil nó a fheabhsú, ar leithligh nó le chéile; féadfaidh aoileach, guanó neamh-mhianaithe, ábhar ó chonair an díleá, múirín agus iarmhair dhíleáite a bheith san áireamh orthu;

23.

ciallaíonn ‘limistéar iargúlta’ limistéar ina bhfuil an daonra ainmhithe chomh beag, agus a bhfuil bunaíochtaí nó gléasraí diúscartha chomh fada uaidh go mbeadh na socruithe riachtanacha maidir le seachtháirgí ainmhithe a bhailiú agus a iompar dochraideach ar shlí do-ghlactha i gcomparáid le diúscairt áitiúil;

24.

ciallaíonn ‘bia’ nó ‘earraí bia’ bia nó earraí bia faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

25.

ciallaíonn ‘beatha’ nó ‘earraí beathaithe’ beatha nó earraí beathaithe faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

26.

ciallaíonn ‘lártheifneoir nó deighilteoir sloda’ ábhar a bhailítear mar sheachtháirge i ndiaidh íonú bainne amh agus bainne bearrtha agus uachtar a scaradh ó bhainne amh;

27.

ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl faoi mar a shainmhínitear í i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE.

Roinn 2

Oibleagáidí

Airteagal 4

Pointe tosaigh sa slabhra monaraíochta agus oibleagáidí

1.   A luaithe a ghineann oibreoirí seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, aithneoidh siad iad agus áiritheoidh siad go ndéiléalfar leo i gcomhréir leis an Rialachán seo (pointe tosaigh).

2.   Áiritheoidh oibreoirí ag gach céim i ndáil le bailiú, iompar, láimhseáil, cóireáil, claochlú, próiseáil, stóráil, cur ar an margadh, dáileadh, úsáid agus diúscairt laistigh den ghnó atá faoina rialú go gcomhlíonfaidh seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe ceanglais an Rialacháin seo atá ábhartha maidir lena ngníomhaíochtaí.

3.   Déanfaidh Ballstáit faireachán agus dearbhóidh siad go gcomhlíonfaidh oibreoirí ceanglais ábhartha an Rialacháin seo ar fud an tslabhra iomláin seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe faoi mar a dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, cothabhálfaidh siad córas de rialuithe oifigiúla i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail.

4.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh córas leordhóthanach ar fáil ina gcríoch trína n-áiritheofar go ndéanfar seachtháirgí ainmhithe:

(a)

a bhailiú, a shainaithint agus a iompar gan mhoill mhíchuí; agus

(b)

a chóireáil, a úsáid nó a dhiúscairt i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   Féadfaidh Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi mhír 4 i gcomhar le Ballstáit eile nó le tríú tíortha.

Airteagal 5

An pointe deiridh sa slabhra monaraíochta

1.   Measfar go mbeidh táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 a bhain an chéim monaraíochta amach agus atá á rialáil leis an reachtaíocht Chomhphobail dá dtagraítear san Airteagal sin tar éis an pointe deiridh den slabhra monaraithe a bhaint amach agus ón bpointe sin ar aghaidh ní bheidh siad faoi réir ag ceanglais an Rialacháin seo.

Féadfar na táirgí díorthaithe sin a chur ar an margadh gan srianta orthu ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo agus ní bheidh siad faoi réir ag rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Féadfaidh an pointe deiridh sa slabhra monaraithe a mhodhnú:

(a)

do tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 33(a) go (d), i gcás rioscaí do shláinte ainmhithe;

(b)

do tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 33(e) go (f), i gcás rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe;

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(6).

2.   Maidir le táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 35 agus Airteagal 36 nach mbaineann riosca suntasach leo don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe, féadfaidh pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a chinneadh agus ón bpointe sin ar aghaidh ní bheidh iad faoi réir ag ceanglais an Rialacháin seo.

Féadfar na táirgí díorthaithe sin a chur ar an margadh gan srianta orthu ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo agus ní bheidh siad faoi réir ag rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(5).

3.   I gcás rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 53 agus ag Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le bearta éigeandála ar tháirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 agus in Airteagal 36 den Rialachán seo.

Roinn 3

Srianta sláinte ainmhithe

Airteagal 6

Srianta ginearálta sláinte ainmhithe

1.   Ní sheolfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe ó speicis sho-ghabhálacha amach ó gabháltais, bunaíochtaí, gléasraí nó criosanna atá faoi réir ag srianta

(a)

de bhun reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail; nó

(b)

de bharr galar teagmhálach tromchúiseach a bheith ann

(i)

a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/119/CEE; nó

(ii)

atá leagtha síos i gcomhréir leis an dara fomhír.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) den chéád fhomhír, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina ndéantar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a choinsíniú faoi choinníollacha atá ceaptha chun leathadh galar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe a chosc.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(5).

Roinn 4

Aicmiú

Airteagal 7

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a aicmiú

1.   Déanfar seachtháirgí ainmhithe a aicmiú i gcatagóirí sonracha lena léirítear an leibhéal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascraíonn as na seachtháirgí ainmhithe sin, i gcomhréir leis na liostaí a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10.

2.   Beidh táirgí díorthaithe faoi réir rialacha don chatagóir sonrach de sheachtháirgí ainmhithe as a ndíorthaítear iad, mura sonrófar a mhalairt sa Rialachán seo, nó dá bhforáiltear i mbearta arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an Rialachán seo, a d’fhéadfadh na coinníollacha a shonrú nach mbeadh táirgí díorthaithe faoi réir ag na rialacha sin, a chur chun feidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10 a leasú chun ascnamh eolaíoch a chur san áireamh maidir le measúnú ar an leibhéal riosca, ar choinníoll gur féidir ascnamh den sórt sin a shainaithint ar bhonn measúnaithe riosca arna dhéanamh ag an bhforas eolaíochta cuí. Ní fhéadfar, áfach, aon seachtháirgí ainmhithe a liostaítear sna hAirteagail sin a bhaint de na liostaí sin agus ní fhéadfar ach athruithe aicmithe a dhéanamh nó seachtháirgí ainmhithe breise a chur leis.

4.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 8

Ábhar Chatagóir 1

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 1:

(a)

coirp iomlána agus gach cuid de choirp, lena n-áirítear seithí agus craicne, na n-ainmhithe seo a leanas:

(i)

ainmhithe a bhfuil amhras ina leith go bhfuil siad ionfhabhtaithe le TSE i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001 nó a ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil TSE iontu;

(ii)

ainmhithe a mharaítear i gcomhthéacs na mbeart chun TSE a dhíothú;

(iii)

ainmhithe nach ainmhithe feirmshaothraithe ná ainmhithe fiáine iad, lena n-áirítear peataí, ainmhithe i zúnna agus ainmhithe sorcais;

(iv)

ainmhithe a úsáidtear le haghaidh turgnamh faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(d) de Threoir 86/609/CEE gan dochar d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003;

(v)

ainmhithe fiáine, nuair a bhíonn amhras ann go bhfuil siad ionfhabhtaithe le galair a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh;

(b)

an t-ábhar seo a leanas:

(i)

ábhar sonraithe priacail;

(ii)

coirp iomlána nó codanna de choirp ainmhithe marbha ina mbíonn ábhar sonraithe priacail ag tráth a ndiúscartha;

(c)

seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe a chuaigh faoi chóireáil mhídhleathach faoi mar a shainmhínítear í in Airteagal 1(2)(d) de Threoir 96/22/CE nó in Airteagal 2(b) de Threoir 96/23/CE;

(d)

seachtháirgí ainmhithe ina bhfuil iarmhair de shubstaintí eile agus d’ábhair salaithe chomhshaoil atá liostaithe i nGrúpa B(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/23/CE, má théann na hiarmhair sin thar an leibhéal ceadaithe a leagtar síos le reachtaíocht an Chomhphobail nó mura bhfuil ann dó, leis an reachtaíocht náisiúnta;

(e)

seachtháirgí ainmhithe a bailíodh le linn cóireála uisce fuíll atá de dhíth faoi na rialacha cur chun feidhm arna nglacadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 27:

(i)

ó bhunaíochtaí agus ó ghléasraí a phróiseálann ábhar Chatagóir 1; nó

(ii)

ó bhunaíochtaí nó ó ghléasraí ina mbaintear ábhar riosca sonraithe as;

(f)

dramhaíl lónadóireachta ó mhodh iompair atá ag oibriú go hidirnáisiúnta;

(g)

meascáin d’ábhar Chatagóir 1 le hábhar Chatagóir 2 nó le hábhar Chatagóir 3 nó díobh araon.

Airteagal 9

Ábhar Chatagóir 2

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 2:

(a)

aoileach, guanó neamh-mhianaithe, ábhar ó chonair an díleá;

(b)

seachtháirgí ainmhithe a bailíodh le linn cóireála uisce fuíll atá de dhíth faoi na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 27:

(i)

ó bhunaíochtaí agus ó ghléasraí a phróiseálann ábhar Chatagóir 2; nó

(ii)

ó sheamlais seachas na cinn atá cumhdaithe faoi Airteagal 8(e);

(c)

seachtháirgí ainmhithe ina bhfuil iarmhair de shubstaintí údaraithe nó d’ábhar salaithe a sháraíonn na leibhéil cheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Threoir 96/23/CE;

(d)

táirgí de bhunadh ainmhíoch a ndearbhaítear iad a bheith mí-oiriúnach mar bhia don duine de bharr go bhfuil earraí coimhthíocha sna táirgí sin;

(e)

táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ábhar Chatagóir 1:

(i)

a allmhairítear nó a thugtar isteach ó thríú tír agus nach gcomhlíonann reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail dá n-allmhairiú nó dá dtabhairt isteach sa Chomhphobal ach amháin i gcás ina gceadaítear iad a allmhairiú nó a thabhairt isteach, le reachtaíocht an Chomhphobail, faoi réir srianta sonracha nó faoi réir iad a chur ar ais chuig an tríú tír; nó

(ii)

a choinsínítear chuig Ballstát eile agus nach gcomhlíontar ceanglais arna leagan síos nó arna n-údarú le reachtaíocht an Chomhphobail ach amháin i gcás ina gcuirtear ar ais iad trí údarú an údaráis inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(f)

ainmhithe agus codanna d’ainmhithe, ach amháin iad sin dá dtagraítear in Airteagal 8 nó in Airteagal 10,

(i)

a bhásaigh seachas a bheith maraithe mar bhia don duine nó, lena n-áirítear ainmhithe a mharaítear chun críocha rialaithe galar,

(ii)

féatais;

(iii)

úicítí, suthanna agus seamhan nach bhfuil beartaithe chun críocha pórúcháin; agus

(iv)

éanlaith chlóis á marbh sa bhlaosc;

(g)

meascáin d’ábhar Chatagóir 2 le hábhar Chatagóir 3;

(h)

seachtháirgí ainmhithe seachas ábhar Chatagóir 1 nó ábhar Chatagóir 3.

Airteagal 10

Ábhar Chatagóir 3

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 3:

(a)

conablaigh agus codanna d’ainmhithe a mharaítear nó, i gcás géim, coirp nó codanna d’ainmhithe, a mharaítear, agus atá oiriúnach mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail, ach nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála;

(b)

conablaigh agus na codanna seo a leanas a thagann ó ainmhithe a maraíodh i seamlas agus ar measadh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu nó coirp agus na codanna seo a leanas d’ainmhithe ó ghéim a maraíodh mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail:

(i)

conablaigh nó coirp agus codanna d’ainmhithe a dhiúltaítear mar ábhar atá mí-oiriúnach mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail, ach nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe;

(ii)

cloigne éanlaith clóis;

(iii)

seithí agus craicne, lena n-áirítear a gcuid fuílleach agus aon fhoroinnt orthu, adharca agus cosa, lena n-áirítear na falaing agus cnámha carpais agus meiteacharpais, cnámha tarsais agus meiteatarsais de:

ainmhithe, seachas athchogantaigh ar ghá tástáil TSE a dhéanamh orthu, agus

athchogantaigh a ndearnadh tástáil orthu ar a raibh toradh diúltach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001,

(iv)

guairí muc,

(v)

cleití.

(c)

seachtháirgí ainmhithe ó éanlaith chlóis agus lagomorpha a mharaítear ar an bhfeirm dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nach raibh aon chomhartha galair le haithint air, is féidir a thabhairt do dhaoine agus d’ainmhithe;

(d)

fuil ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh trí fhuil a fhaightear ó na hainmhithe seo a leanas a maraíodh i seamlas ar breithníodh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail;

(i)

ainmhithe, seachas athchogantaigh ar ghá tástáil TSE a dhéanamh orthu; agus

(ii)

athchogantaigh a ndearnadh tástáil orthu ar a raibh toradh diúltach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(e)

seachtháirgí ainmhithe a thagann ó tháirgeadh táirgí atá ceaptha mar bhia don duine, lena n-áirítear cnámha agus geirdheascadh díbhealaithe, lártheifneoir nó deighilteoir sloda ó phróiseáil bainne;

(f)

táirgí de bhunadh ainmhíoch, nó earraí bia ina bhfuil táirgí de bhunadh ainmhíoch nach bhfuil ceaptha a thuilleadh mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála nó de bharr fadhbanna monaraíochta nó fadhbanna pacáistithe nó fadhbanna eile nach n-eascraíonn aon riosca don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe astu;

(g)

bia peataí agus earraí beathaithe de bhunadh ainmhíoch, nó earraí beathaithe ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha a thuilleadh mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála nó de bharr fadhbanna monaraíochta nó fadhbanna pacáistithe nó fadhbanna eile nach n-eascraíonn aon riosca don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe astu;

(h)

fuil, broghais, olann, cleití, gruaig, cluimhreach, adharca, gearrthóga crúb agus bainne amh a thagann ó ainmhithe beo nár léirigh aon comhartha de ghalar atá teagmhálach don duine ná d’ainmhithe tríd an táirge sin;

(i)

ainmhithe uisceacha, agus codanna d’ainmhithe den sórt sin, seachas mamaigh mara, nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe;

(j)

seachtháirgí ainmhithe ó ainmhithe uisceacha a thagann ó bhunaíochtaí nó ó ghléasraí ina monaraítear táirgí a bheidh ina mbia don duine;

(k)

ón ábhar seo a leanas a thagann ó ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe:

(i)

sliogáin ó shliogéisc a bhfuil fíochán bog nó an t-iasc ann;

(ii)

na nithe seo a leanas a thagann ó ainmhithe talúnda:

seachtháirgí gorlainne,

uibheacha,

seachtháirgí uibheacha lena n-áirítear blaoscanna uibhe;

(iii)

sicíní lae a maraíodh ar chúiseanna tráchtála;

(l)

inveirteabraigh uisceacha agus thalúnda seachas speicis atá pataigineach don duine nó d’ainmhithe;

(m)

ainmhithe agus codanna díobh d’oird zó-eolaíochta Rodentia agus Lagomorpha, ach amháin ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(iii), (iv) agus (v) agus ábhar Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9(a) go (g);

(n)

seithí agus craicne, crúba, cleití, olann, adharca, gruaig, cluimhreach agus fionnadh ó ainmhithe marbha nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe tríd an táirge sin ach amháin iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den Airteagal seo;

(o)

fiochán saille ó ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh a maraíodh i seamlas ar breithníodh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail;

(p)

dramhaíl lónadóireachta ach amháin an dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 8(f).

CAIBIDIL II

Diúscairt agus úsáid seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

Roinn 1

Srianta ar úsáid

Airteagal 11

Srianta ar úsáid

1.   Beidh cosc ar na húsáidí seo a leanas i ndáil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe:

(a)

beathú ainmhithe talúnda speicis ar leith seachas ainmhithe fionnaidh le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp ainmhithe den speiceas céanna;

(b)

beathú ainmhithe feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, le dramhaíl lónadóireachta nó ábhar beatha ina mbíonn dramhaíl lónadóireachta nó ábhar a díorthaíodh as dramhaíl lónadóireachta;

(c)

ainmhithe feirmshaothraithe a bheathú le luibhre ó thalamh go díreach ar féarach nó trína mbeathú le luibhre bainte, ó thalamh ar a mbeidh leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach, cé is moite d’aoileach, curtha mura ndéanfar an féarach nó an bhaint tar éis an tréimhse feithimh a áiritheoidh rialú leordhóthanach ar na rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe agus a mhairfidh 21 lá ar a laghad a bheith caite; agus

(d)

beathú iasc saothraithe le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp iasc saothraithe den speiceas céanna.

2.   Féadfar bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas a leagan síos:

(a)

na seiceálacha agus na rialuithe a bheidh le déanamh chun cur chun feidhme na dtoirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, lena n-áirítear modhanna agus tástálacha braite a úsáid chun láithreacht ábhar de bhunadh speiceas áirithe agus tairsigh de mhéideanna neamhshunstasacha de phróitéiní ainmhíoch próiseáilte a dheimhniú dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) de mhír 1 a tharlaíonn de bharr éiliú theagmhasaigh nach féidir a sheachaint go teicniúil,

(b)

coinníollacha maidir le beathú ainmhithe fionnaidh speicis le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp ainmhithe den speiceas céanna;

(c)

coinníollacha maidir le hainmhithe feirmshaothraithe a bheathú le luibhre ó thalamh ar a mbeidh leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach curtha air, go háirithe modhnú ar an tréimhse feithimh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Roinn 2

Diúscairt agus úsáid

Airteagal 12

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 1

Déanfar ábhar Chatagóir 1

(a)

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh:

(i)

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii)

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(b)

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 1:

(i)

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii)

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(c)

i gcás ábhar Chatagóir 1, ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(i) agus (ii), a dhiúscairt trí phróiseáil le steiriliú faoi bhrú, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil agus é a chur i líonadh talún údaraithe;

(d)

i gcás ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(f), a dhiúscairt trína chur i líonadh talún údaraithe;

(e)

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin; le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil; nó

(f)

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhéir leis na hAirteagail sin.

Airteagal 13

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 2

Déanfar ábhar Chatagóir 2:

(a)

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh:

(i)

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii)

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(b)

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 2:

(i)

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii)

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(c)

a dhiúscairt i líonadh talún údaraithe, i ndiaidh próiseála le steiriliú faoi bhrú agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(d)

a úsáidtear chun leasúcháin nó feabhsaithe ithreach a mhonarú a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirtegal 32 i ndiaidh phróiseáil trí steiriliú faoi bhrú nuair is infheidhme agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(e)

a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás:

(i)

i ndiaidh próiseála trí steiriliú faoi bhrú agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil; nó

(ii)

i gcás aoiligh, conair an díleá agus a ábhar, bainne, táirgí de bhunadh bainne agus gruth buí, uibheacha agus táirgí uibhe ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalar in-tarchurtha tromchúiseach a scaipeadh, i ndiaidh réamhphróiseála nó gan aon réamhphróiseáil;

(f)

a chur amach ar an talamh gan phróiseáil, i gcás aoiligh, ábhair ó chonair an díleá atá deighilte ó chonair an díleá, bainne, táirgí de bhunadh bainne agus gruth buí ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalar in-tarchurtha tromchúiseach a scaipeadh;

(g)

i gcás ábhair a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha, sadhlas a dhéanamh de nó é a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás;

(h)

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin; le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil; nó

(i)

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhéir leis na hAirteagail sin.

Airteagal 14

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 3

Déanfar ábhar Chatagóir 3:

(a)

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh, le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil;

(b)

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 3;

(c)

a dhiúscairt i líonadh talún údaraithe, i ndiaidh próiseála;

(d)

a phróiseáil, ach amháin i gcás ábhair Chatagóir 3 atá athraithe trí lobhadh nó milleadh sa dóigh is gur riosca do-ghlactha é don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, an táirge sin, agus a úsáid:

(i)

chun beatha a mhonarú d’ainmhithe feirmshaothraithe seachas ainmhithe fionnaidh, a bheidh le chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 31, seachas i gcás ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(ii)

chun beatha a mhonarú d’ainmhithe fionnaidh, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 36;

(iii)

chun beatha a mhonarú do bhia peataí, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 35; nó

(iv)

chun leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 32 a mhonarú;

(e)

a úsáidtear chun bia peataí a tháirgeadh, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 35;

(f)

a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás;

(g)

i gcás ábhair a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha, sadhlas a dhéanamh de nó é a mhúiríniú nó a chlaochlú i mbithghás;

(h)

i gcás sliogán ó shliogéisc ach amháin iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(f), agus blaoscanna uibhe a úsáid faoi choinníollacha arna gcinneadh ag an údarás inniúil a chuireann cosc ar aon riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe;

(i)

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil;

(j)

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(k)

i gcás dramhaíl lónadóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(p) a phróiseáil trí steiriliú faoi bhrú nó a phróiseáil trí mhodhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó chun é a mhúiríniú nó é chlaochlú go bithghás; nó

(l)

a chur amach ar an talamh gan phróiseáil, i gcás bainne amh, ruth buí ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalair atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe tríd na táirgí sin.

Airteagal 15

Bearta chur chun feidhme

1.   Féadfar bearta do chur chun feidhme den Roinn seo a leagan sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha speisialta maidir le hábhar a láimhseáil agus a dhiúscairt ar bord atá díorthaithe ó dhí-inniú éisc a léiríonn comharthaí galar, lena n-áirítear paraisítí, atá teagmhálach don duine;

(b)

modhanna próiseála do sheachtháirgí ainmhithe ach amháin steiriliú faoi brú, go háirithe maidir le paraiméadair a fheidhmeofar sna modhanna próiseála sin, go háirithe an t-am, an teocht an brú agus méid na gcáithníní;

(c)

paraiméadair chun seachtháirgí ainmhithe a chlaochlú, lena n-áírítear dramhaíl lonadóireachta, go bithghás nó go múirín;

(d)

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a loscadh agus a chomhloscadh;

(e)

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a dhó;

(f)

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10(c) a ghiniúint agus a láimhseáil;

(g)

sadhlas a dhéanamh as ábhar a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha;

(h)

buanmharcáil ar sheachtháirgí ainmhithe;

(i)

seachtháirgí ainmhithe, leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach áirithe a chur amach ar an talamh;

(j)

úsáid seachtháirgí ainmhithe áirithe chun a thabhairt mar bheatha do ainmhithe feirmshaothraithe; agus

(k)

leibhéal an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe i ndáil le hábhar áirithe a bhreithnítear a bheith do-ghlactha dá dtagraítear in Airteagal 14(d).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.   Go dtí go nglacfar rialacha dá dtagraítear:

(a)

i bpointe (c), i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a chothabháil i leith:

(i)

seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10(c) a ghiniúint agus a láimhseáil;

(ii)

chun seachtháirgí ainmhithe a chlaochlú dá dtagraítear in Airteagal 10(p); agus

(iii)

chun sadhlas a dhéanamh as ábhar a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha;

(b)

i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear ann a dhiúscairt ar muir, gan dochar do reachtaíocht comhshaoil an Chomhphobail.

Roinn 3

Maoluithe

Airteagal 16

Maoluithe

De mhaolú ar Airteagal 12, ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14 féadfar seachtháirgí ainmhithe:

(a)

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1), a láimhseáiltear agus a dhiúscairtear i gcomhréir leis na coinníollacha speisialta atá leagtha síos de bhun an phointe sin;

(b)

a úsáid chun críocha taighde agus chun críocha sonracha eile i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 18, a úsáid chun críocha beathaithe faoi leith i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(d)

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 19, a dhiúscairt i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(e)

a dhiúscaítear nó a úsáidtear i gcomhréir le modhanna malartacha arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 20, bunaithe ar pharaiméadair a d’fhéadfadh steiriliú faoi bhrú nó ceanglais eile an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme a chur san áireamh;

(f)

i gcás ábhair Chatagóir 2 agus ábhair Chatagóir 3 agus má tá sé údaraithe ag an údarás inniúil a úsáid chun ullmhóidí bithdhinimiciúla a ullmhú agus a chur amach ar an talamh dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh 834/2007;

(g)

i gcás ábhar Chatagóir 3 agus, údaraíonn an t-údarás inniúil é, féadfar iad a úsáid mar bheatha do pheataí má;

(h)

i gcás seachtháirgí ainmhithe seachas ábhar Chatagóir 1, a éiríonn le linn idirghabhála máinliachta ar ainmhithe beo nó le linn saolú ainmhithe ar an bhfeirm agus, má tá sé údaraithe ag an údarás inniúil amhlaidh, a dhiúscairt ar an bhfeirm sin.

Airteagal 17

Críocha taighde agus críocha sonracha eile

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 12, ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14 úsáid seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a údarú do thaispeántais, do ghníomhaíochtaí ealaíonta agus chun críocha fáthmheasa, oideachais nó taighde faoi choinníollacha a áiritheoidh rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe.

Áireofar ar na coinníollacha sin:

(a)

toirmeasc ar aon úsáid eile a bhaint as na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe chun críocha eile ina dhiaidh sin; agus

(b)

an oibleagáid chun na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe a dhiúscairt go sábháilte nó iad a athsheoladh go dtí a n-ionad tionscnaimh, más iomchuí.

2.   I gcás rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a éilíonn go nglacfaí bearta a chumhdóidh críoch iomlán an Chomhphobail, go háirithe i gcás rioscaí atá ag teacht chun cinn as an nua, féadfar coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos chun na seachtháirgí ainmhithe agus na táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú agus a úsáid. D’fhéadfaí ceanglais maidir le stóráil, pacáistiú, sainaithint, iompar agus diúscairt a áireamh ar na coinníollacha sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 18

Críocha beathaithe speisialta

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14, agus faoi choinníollacha a áiritheoidh rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, bailiú agus úsáid ábhar Chatagóir 2 a údarú, ar choinníoll gur ó ainmhithe é nár maraíodh ná a bhásaigh de bharr galair a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh a bheith orthu nó gur ceapadh go bhféadfadh sé a bheith orthu, agus úsáid ábhar Chatagóir 3 le tabhairt mar bheatha:

(a)

d’ainmhithe i zúnna;

(b)

d’ainmhithe sorcais;

(c)

do reiptílí agus d’éin chreiche seachas ainmhithe i zúnna ná ainmhithe sorcais;

(d)

d’ainmhithe fionnaidh;

(e)

d’ainmhithe fiáine;

(f)

do mhadraí ó chonchróite nó ó chonairtí aitheanta;

(g)

do mhadraí agus do chait in ionaid dídine;

(h)

do chruimheanna agus do phéisteanna a úsáidtear mar bhaoite iascaireachta.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 12 agus i gcomhréir le na coinníollacha arna leagan síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo:

(a)

ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(b)(ii) agus ábhar a eascraíonn ó ainmhithe i zúnna a thabhairt mar bheatha d’ainmhithe i zúnna; agus

(b)

ábhar ó Chatagóir 1 dá dtagraítear in 8(b)(ii) a thabhairt mar bheatha do speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó atá cosanta agus do speicis eile a mhaireann ina ngnáthóg nádúrtha, d’fhonn an bhithéagsúlacht a chur chun cinn.

3.   Féadfaidh an Coimisiún bearta do chur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha faoina bhféadfar an bailiú agus an úsáid dá dtagraítear i mír 1 a údarú i ndáil le haistriú, le dáileadh, le stóráil agus le húsáid ábhar Chatagóir 2 agus ábhar Chatagóir 3 chun críocha beathaithe, lena n-áirítear rioscaí a bheidh ag teacht chun cinn as an nua; agus

(b)

coinníollacha faoina bhféadfar ábhar de Chatagóir 1 dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a údarú, i gcásanna áirithe a bheidh de mhaolú ar Airteagal 21(1), lena n-áirítear:

(i)

na speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó atá cosanta agus speicis eile i mBallstáit áirithe a bhféadfar an t-ábhar sin a thabhairt dóibh mar bheatha;

(ii)

bearta chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 19

Bailiú, iompar agus diúscairt

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar na hAirteagail 12, 13, 14 agus 21, údarú a thabhairt chun:

(a)

peataí marbha agus equidae a dhiúscairt trí adhlacadh;

(b)

trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair nó trí mhodhanna eile faoi mhaoirseacht oifigiúil a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe ó ábhair Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(v) agus (b)(ii), ó ábhair Chatagóir 2 agus ó ábhair Chatagóir 3 i limistéir iargúlta;

(c)

ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(b)(ii), ábhair Chatagóir 2, agus ábhair Chatagóir 3 i limistéir nach féidir a rochtain ar éigin nó nach bhféadfaí iad a rochtain ach in imthosca, ó thaobh cúinsí geografacha nó aeráide nó de bharr tubaiste nádúrtha, a d’fhéadfadh rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht na ndaoine a chruthú a bheadh ag déanamh an bhailithe nó go n-éileodh rochtain go gcaithfí úsáid a bhaint as deiseanna bailiúcháin díréireacha, a dhiúscairt trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair nó trí mhodhanna eile faoi mhaoirseacht oifigiúil a choscann rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe;

(d)

i gcás ábhar Chatagóir 2 agus ábhar Chatagóir 3 nach riosca iad don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe agus nuair nach dtéann na méideanna thar mhéid áirithe in aghaidh na seachtaine, an mhéid seo á chinntiú i gcomhréir le cineál na ngníomhaíochtaí a sheoltar agus speiceas tionscnaimh na seachtháirgí ainmhithe lena mbaineann;

(e)

seachtháirgí ainmhithe ach amháin ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(i), i gcás ráige galair infhógartha a dhiúscairt trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair faoi choinníollacha a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe, sa chás go gcuirfeadh iompar chuig an ngléasra ceadaithe is gaire chun na seachtháirgí ainmhithe a phróiseáil nó a dhiúscairt le hiomadú rioscaí sláinte nó as a n-eascródh, i gcás ráige forleithne de ghalar eipeasótach, rud a chiallódh go bhfuiltear tar éis dul thar acmhainneacht diúscartha na ngléasraí sin; agus

(f)

trí bheacha nó seachtháirgí beachadóireachta a dhó nó a adhlacadh ar an láthair faoi choinníollacha a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe.

2.   Ní cheadófar don daonra ainmhithe de speiceas áirithe sna limistéir iargúlta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 dul thar uaschéatadán de dhaonra ainmhithe den speiceas sin sa Bhallstát lena mbaineann.

3.   Cuirfidh Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún faoi:

(a)

na limistéir a dhéanann siad a aicmiú mar limistéir iargúlta chun pointe (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus na cúiseanna leis an aicmiú sin, agus faisnéis cothrom le dáta maidir le haon athrú ar an aicmiú sin; agus

(b)

an úsáid a bhaineann siad as na húdaruithe dá bhforáiltear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 i ndáil le hábhar Chatagóir 1 agus le hábhar Chatagóir 2.

4.   Leagfar síos bearta chur chun feidhme an Airteagail seo síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha a bheidh dírithe ar rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcás dó agus adhlacadh ar an láthair a áirithiú;

(b)

uaschéatadán an daonra ainmhithe dá dtagraítear i mír 2;

(c)

an méid seachtháirgí ainmhithe, maidir le cineál na ngníomhaíochtaí agus na speiceas tionscnaimh, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1; agus

(d)

an liosta galar dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Roinn 4

Modhanna malartacha

Airteagal 20

Modhanna malartacha a údarú

1.   Féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a thionscnamh chun malairt modha a údarú chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a úsáid nó a dhiúscairt, nó é sin a thionscnamh tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar, a d’fhéadfadh ionadú a dhéanamh thar ceann níos mó ná páirtí leasmhar amháin.

2.   Seolfaidh páirtithe leasmhara a n-iarratais chuig údarás inniúil an Bhallstáit a mbeidh sé i gceist acu an mhalairt modha a úsáid.

Déanfaidh an t-údaras inniúil measúnú laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis an t-iarratas comhlánaithe a fháil, cibé an gcomhlíonann an t-iarratas an fhormáid chaighdeánach d’iarratais dá dtagraítear i mír 10.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil iarratais na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara, maille le tuarascáil ar an meastóireacht sin, faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (UESB) agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas mar gheall air seo.

4.   Nuair a thosóidh an Coimisiún an próiseas údaraithe, seolfaidh sé tuarascáil ar a mheastóireacht go dtí an UESB.

5.   Déanfaidh an UESB measúnú, laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas comhlánaithe a fháil, an áirithíonn an modh arna thíolacadh, maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe:

(a)

go rialófar i slí a choscann a n-iomadú sular ndiúscrófar iad, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le bearta chur chun feidhme an Rialacháin seo; nó

(b)

go laghdófar iad go céim ar ionann ar a laghad é, don chatagóir lena mbaineann de sheachtháirgí ainmhithe, agus na modhanna próiseála a bheidh leagtha síos de bhun phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1).

Eiseoidh an UESB tuairim ar an iarratas a bheidh tíolactha.

6.   I gcásanna cuí-réasúnaithe ina n-éileoidh an UESB faisnéis bhreise ó iarratasóirí, féadfar an tréimhse dá bhforáiltear i mír 5 a shíneadh.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó leis an iarratasóir, cinnfidh an UESB tréimhse faoina bhféadfar an fhaisnéis a sholáthar dó agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an t-iarratasóir más iomchuí ar an eolas faoin tréimhse bhreise riachtanach.

7.   Sa chás gur mian le hiarratasóirí faisnéis bhreise a chur isteach ar a gconlán féin, seolfaidh siad é go díreach chuig an UESB.

Sa chás sin ní dhéanfar an tréimhse dá bhforáiltear i mír 5 a shíneadh ar feadh tréimhse breise.

8.   Cuirfidh an UESB a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, an t-iarratasóir agus údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

9.   Laistigh de thrí mhí tar éis thuairim an UESB a fháil agus ag cur na tuairime sin san áireamh, cuirfidh an Coimisiún an beart atá molta agus a bheidh le glacadh i gcomhréir le mír 11 in iúl don iarratasóir.

10.   Glacfar formáid chaighdeánach d’iarratais ar mhalairt modhanna i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

11.   Tar éis tuairim an UESB a fháil, glacfar an méid seo a leanas:

(a)

beart lena n-údaraítear modh malartach chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a úsáid nó a dhiúscairt; nó

(b)

beart lena ndiúltaítear malairt modha den sórt sin a údarú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

TEIDEAL II

OIBLEAGÁIDÍ AR OIBREOIRÍ

CAIBIDIL I

Oibleagáidí ginearálta

Roinn 1

Bailiú, iompar agus inrianaitheacht

Airteagal 21

Bailiú agus sainaithint maidir le catagóir agus le hiompar

1.   Déanfaidh oibreoirí seachtháirgí ainmhithe a bhailiú, a shainaithint agus a iompar gan moill mhíchuí faoi choinníollacha a chuirfidh cosc ar rioscaí teacht chun cinn do shláinte ainmhithe agus don tsláinte phoiblí.

2.   Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh doiciméad tráchtála ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le linn iompair nó, nuair a éileoidh an Rialachán nó beart arna ghlacadh i gcomhréir le mír 6 amhlaidh, deimhniú sláinte a bheith de dhíth.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír féadfaidh an t-údarás inniúil iompar aoiligh a údarú idir dhá phointe a bheidh ar an bhfeirm chéanna nó idir feirmeacha agus úsáideoirí aoiligh laistigh den Bhallstát céanna gan doiciméad tráchtála ná deimhniú sláinte.

3.   Áireofar i ndoiciméid tráchtála agus i ndeimhnithe sláinte a bheidh ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe le linn iompair ar a laghad faisnéis ar an mbunadh, ar an gceann scríbe agus ar an méid táirgí den sórt sin agus tuairisc ar na seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe agus a marcáil, nuair a éilíonn an Rialachán seo marcáil den sórt sin.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarchur an eolais dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí chóras malartach a údarú, áfach, i gcás seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a iomprófar laistigh de chríoch Bhallstáit.

4.   Baileoidh, iompróidh agus diúscróidh oibreoirí dramhaíl lónadóireachta, i gcomhréir leis na bearta náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2008/98/CE.

5.   Déanfar na bearta seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3):

(a)

múnlaí do dhoiciméid tráchtála a éilítear a bheith ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe le linn iompair; agus

(b)

múnlaí do dheimhnithe sláinte agus na coinníollacha lena rialaítear an tslí a chaithfidh siad a bheith ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le linn iompair.

6.   Féadfaidh an Coimisiún bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagal seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cásanna a n-éilítear deimhniú sláinte ag féachaint don leibhéal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascródh as táirgí díorthaithe áirithe;

(b)

cásanna ina gceadaítear, de mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 2 agus ag féachaint don leibhéal íseal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascródh as seachtháirgí áirithe ainmhithe nó as táirgí díorthaithe áirithe, go bhféadfar táirgí díorthaithe a iompar gan na doiciméid ná na deimhnithe dá dtagraítear sa mhír sin;

(c)

ceanglais maidir le sainaithint, lena n-áirítear lipéadú, agus le deighilt chatagóirí éagsúla de sheachtháirgí ainmhithe le linn iompair; agus

(d)

coinníollacha le rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a tharlódh le linn bailiú agus iompar seachtháirgí ainmhithe a chosc, lena n-áirítear coinníollacha d’iompar sábháilte na dtáirgí sin i ndáil le coimeádáin, feithiclí agus ábhar pacáistithe.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 22

Inrianaitheacht

1.   Coinneoidh oibreoirí a bheidh ag coinsíniú, ag iompar nó ag fáil seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe taifead de na coinsíneachtaí agus de na doiciméid tráchtála ghaolmhara nó de na deimnithe sláinte gaolmhara.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, sa chás gur deonaíodh údarú maidir le hiompar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe gan doiciméid tráchtála ná deimhnithe sláinte i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 21(2) nó i gcomhréir leis na bearta chur chun feidhme a ghlactar faoi Airteagail 21(6)(b).

2.   Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 chun go n-aithneofaí:

(a)

na hoibreoirí eile dár soláthraíodh a seachtháirgí ainmhithe nó a dtáirgí díorthaithe; agus

(b)

na hoibreoirí ónar soláthraíodh iad.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don údarás inniúil má lorgaíonn sé é.

3.   Féadfar glacadh le bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), go háirithe maidir leis:

(a)

an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil do na húdaráis inniúla;

(b)

an tréimhse ama a gcaithfear an fhaisnéis sin a choinneáil lena linn.

Roinn 2

Clárú agus formheas

Airteagal 23

Oibreoirí, bunaíochtaí nó gléasraí a chlárú

1.   D’fhonn go gclárófaí iad, déanfaidh na hoibreoirí:

(a)

sula dtosófar ar na hoibríochtaí, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas maidir le haon bhunaíochtaí nó le haon ghléasraí faoina gcúram atá gníomhach in aon chuid de ghiniúint, d’iompar, de láimhseáil, de phróiseáil, de stóráil, de chur ar an margadh, de dháileadh, d’úsáid nó de dhiúscairt seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

(b)

faisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil maidir le:

(i)

catagóir na seachtháirgí ainmhithe nó na dtáirgí díorthaithe faoina gcúram;

(ii)

nádúr na n-oibríochtaí a dhéantar ina n-úsáidtear seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe mar ábhar tosaigh.

2.   Déanfaidh oibreoirí faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil don údarás inniúil i leith aon bhunaíochtaí nó aon ghléasraí faoina gcúram dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, lena n-áirítear aon athrú suntasach sna gníomhaíochtaí amhail aon dúnadh síos de bhunaíocht nó de ghléasra atá ag feidhmiú.

3.   Féadfar rialacha mionsonraithe maidir le clárú dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

4.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le haon fhógra chun cláraithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le bunaíochtaí a ghineann seachtháirgí ainmhithe agus atá formheasta nó cláraithe cheana i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 nó Rialachán (CE) Uimh. 853/2004; agus i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le bunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta cheana i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

Beidh feidhm ag an maolú céanna i gcás gníomhaíochtaí lena n-áireofar seachtháirgí ainmhithe a ghiniúint ar an láthair amháin; agus a dhéantar ar fheirmeacha agus ar áitribh eile ina ndéantar ainmhithe a choimeád, a phórú nó ina dtugtar aire dóibh.

Airteagal 24

Bunaíochtaí nó gléasraí a chlárú

1.   Déanfaidh oibreoirí deimhin de go ndéanfaidh an t-údarás inniúil na bunaíochtaí nó na gléasraí atá faoina gcúram a fhormheas, sa chás go ndéanann na bunaíochtaí nó na gléasraí sin ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

próiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe le steiríliú faoi bhrú, le modhanna próiseála dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó le modhanna malartacha a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b)

diúscairt, mar dhramhaíl, le loisceadh seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, ach amháin na bunaíochtaí nó gléasraí a bhfuil ceadúnas feidhmithe acu i gcomhréir le Treoir 2000/76/CE;

(c)

diúscairt nó aisghabháil seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le comhloisceadh, más dramhaíl iad, ach amháin na bunaíochtaí nó gléasraí a bhfuil ceadúnas feidhmithe acu i gcomhréir le Treoir 2000/76/CE;

(d)

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a úsáid mar bhreosla do dhó;

(e)

monarú bhia peataí;

(f)

monarú leasúchán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach;

(g)

seachtháirgí ainmhithe agus/nó táirgí díorthaithe a chlaochlú go bithghás nó go múirín;

(h)

seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil tar éis dóibh a bheith bailithe, trí mhodhanna amhail sórtáil, gearradh, fuarú, reo, salannú, seithe nó craiceann nó ábhar le riosca sainiúil a bhaint;

(i)

seachtháirgí ainmhithe a stóráil;

(j)

stóráil ar ábhar díorthaithe a bhfuil sé i gceist:

(i)

go ndéanfaí é a dhiúscairt trí líonadh talún nó loisceadh nó a bhfuil sé i gceist é a aisghabháil nó a dhiúscairt trí chomhloisceadh;

(ii)

é a úsáid mar bhreosla chun críocha dóite;

(iii)

é a úsáid mar bheathú ainmhithe, ach amháin i gcás bunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta nó cláraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(iv)

é a úsáid mar leasachán orgánach agus mar fheabhsaí ithreach, ach amháin i gcás stórála in áit ina ndéantar é a leathadh go díreach.

2.   Sonrófar, leis an gceadú dá dtagraítear i mír 1, an mbeidh an bhunaíocht nó an gléasra ceadaithe d’oibríochtaí le seachtháirgí ainmhithe agus/nó táirgí díorthaithe ó:

(a)

chatagóir áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10; nó

(b)

níos mó ná catagóir amháin dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10, agus arna thabhairt le fios an bhfuiltear i mbun oibríochtaí den sórt sin:

(i)

go buan faoi choinníollacha diandheighilte a dhéanann aon rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc; nó

(ii)

go sealadach faoi choinníollacha a dhéanann éilliú a chosc, chun toradh a thabhairt ar an easpa acmhainneachta do tháirgí den sórt sin a eascraíonn de bharr:

ráige forleithne de ghalar eipeasótach, nó

tosca neamhghnáthacha nach bhfuil súil leo.

Airteagal 25

Ceanglais sláinteachais ghinearálta

1.   Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh na bunaíochtaí nó gléasraí atá faoina gcúram agus a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) agus (h):

(a)

tógtha i slí inar féidir iad a ghlanadh agus a dhífhabhtú go héifeachtach agus, nuair is iomchuí, tógfar na hurláir sa tslí gur féidir leachtanna a dhraenáil go héasca;

(b)

go mbeidh rochtain acu ar áiseanna leordhóthaineacha cosúil le leithrisí, seomraí feistis agus báisíní láimhe do dhaoine foirne;

(c)

go mbeidh na socruithe iomchuí ann chun cosaint i gcoinne lotnaidí, cosúil le feithidí, creimirí agus éin;

(d)

go gcoimeádfar an tsuiteáil agus na fearais i staid mhaith agus go ndéanfar deimhin de go ndéanfar na fearais tomhais a chalabrú go rialta; agus

(e)

go mbeidh na socruithe iomchuí acu do ghlanadh agus do dhífhabhtú na soitheach agus na bhfeithiclí a bheidh in úsáid d’fhonn rioscaí éillithe a sheachaint.

2.   Caithfidh aon duine a oibreoidh sa bhunaíocht nó sa ghléasra dá dtagraítear i mír 1 éadach a bheidh oiriúnach, glan agus, más gá, cosantach.

I gcás bunaíochta nó gléasra áirithe, más iomchuí:

(a)

ní rachaidh aon duine a oibríonn san earnáil neamhghlan isteach san earnáil ghlan gan a chuid nó a cuid éadach agus a bhróga nó a bróga oibre a athrú i dtosach nó gan iad a bheith dífhabhtaithe aige nó aici;

(b)

ní bhogfar trealamh ná innealra ón earnáil neamhghlan go dtí an earnáil ghlan gan iad a bheith glanta agus dífhabhtaithe i dtosach; agus

(c)

cuirfidh an t-oibreoir nós imeachta ar bun a bhaineann le gluaiseacht daoine d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid gluaiseachta agus déanfaidh sé cur síos ar úsáid cheart na ndabhcha coise agus na ndabhcha rotha.

3.   I mbunaíochtaí nó i ngléasraí a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a):

(a)

láimhseálfar na seachtháirgí ainmhithe sa tslí gur féidir na rioscaí éillithe a sheachaint;

(b)

déanfar seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil a luaithe agus is féidir. I ndiaidh na próiseála, láimhseálfar agus stórálfar na táirgí díorthaithe i slí inar féidir na rioscaí truaillithe a sheachaint;

(c)

i gcás inarb iomchuí, le linn aon phróiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe, déanfar gach cuid den seachtháirge ainmhithe agus den táirge díorthaithe a chóireáil ag teocht áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama agus cuirfear cosc ar na rioscaí athéillithe;

(d)

seiceálfaidh na hoibreoirí na paraiméadair is infheidhme, go háirithe an teocht, an brú, an t-am, méid na gcáithníní, le gairis uathoibríocha i gcás inarb iomchuí;

(e)

cuirfear gnásanna glanta ar bun agus déanfar doiciméadacht air seo do gach cuid de na bunaíochtaí nó de na gléasraí.

Airteagal 26

Seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil i ngnó an bhia

1.   Déanfar cóireáil, próiseáil nó stóráil sheachtháirgí ainmhithe i mbunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nó i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 faoi choinníollacha a dhéanfaidh traséilliú a chosc agus, más iomchuí, déanfar é seo i roinn de chuid na bunaíochta nó an ghléasra a bheidh tiomnaithe chuige seo.

2.   Féadfar amhábhair do tháirgeadh geilitín nó collaigine nach bhfuil sé i gceist iad a úsáid do thomhaltas daonna a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil sna bunaíochtaí sin a bhfuil údarú sainiúil faighte acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, Iarscríbhinn III, Roinn XIV, Caibidil I, pointe 5 agus Roinn XV, Caibidil I, pointe 5, a fhad agus a bheidh cosc ar an riosca chun galair a leathadh trí dheighilt a dhéanamh ar na hamhábhair sin ó amhábhair chun táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 gan dochar do cheanglais níos sainiúila a leagtar síos i reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail.

Airteagal 27

Bearta chur chun feidhme

Leagfar síos na bearta chun an Roinn seo agus Roinn 1 den Chaibidil seo a chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais bonneagair agus trealaimh is infheidhme i mbunaíochtaí nó i ngléasraí;

(b)

na ceanglais sláinteachais is infheidhme maidir le gach cineál láimhseála de sheachtháirgí ainmhithe agus de tháirgí díorthaithe, lena n-áirítear bearta lena modhnaítear na ceanglais sláinteachais do na bunaíochtaí nó do na gléasraí dá dtagraítear in Airteagal 25(1);

(c)

na coinníollacha agus na ceanglais theicniúla chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a láimhseáil, a chóireáil, a chlaochlú, a phróiseáil agus a stóráil agus na coinníollacha chun fuíolluisce a chóireáil;

(d)

an fhianaise a chaithfidh an t-oibreoir a chur ar fáil chun cóireáil, claochlú agus próiseáil sheachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, ar a gcumas chun rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc;

(e)

na coinníollacha a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe de níos mó ná catagóir amháin dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10 a láimhseáil sa bhunaíocht chéanna nó sa ghléasra céanna:

(i)

sa chás go dtéitear i mbun na n-oibríochtaí sin ar leithligh;

(ii)

sa chás go dtéitear i mbun na n-oibríochtaí sin go sealadach i dtosca áirithe;

(f)

na coinníollacha chun trasthéilliú a chosc nuair a dhéantar seachtháirgí ainmhithe a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil i roinn de chuid na bunaíochta nó an ghléasra a bheidh tiomnaithe chuige seo agus dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)

na gnáthpharaiméadair chlaochlaithe do ghléasraí bithgháis agus múirínithe;

(h)

na ceanglais is infheidhme maidir le loscadh nó comhloscadh i ngléasraí ardamhainneacht agus i ngléasraí íseal-acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(b) agus (c); agus

(i)

na ceanglais is infheidhme maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(d) a loscadh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Roinn 3

Féinseiceálacha agus anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla

Airteagal 28

Féinseiceálacha

Déanfaidh oibreoirí féinseiceálacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil ina gcuid bunaíochtaí nó gléasraí d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Áiritheoidh siad nach bhfágfaidh aon seachtháirgí ainmhithe ná aon táirgí díorthaithe an bhunaíocht nó an gléasra má táthar in amhras fúthu nó má tá sé faighte amach ina dtaobh nach gcomhlíonann siad an Rialachán seo, ach amháin mura mbeidh sé i gceist iad a dhiúscairt.

Airteagal 29

Anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla

1.   Déanfaidh oibreoirí a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil agus bunófar é seo ar phrionsabail anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla (HACCP):

(a)

do sheachtháirgí ainmhithe a phróiseáil;

(b)

do sheachtháirgí ainmhithe a chlaochlú go bithghás agus go múirín;

(c)

do níos mó ná aon chatagóir amháin de sheachtháirgí ainmhithe nó de tháirgí díorthaithe a láimhseáil agus a stóráil sa bhunaíocht chéanna nó sa ghléasra céanna;

(d)

do mhonarú bia peataí.

2.   Déanfaidh na hoibreoirí a shainmhínítear i mír 1 an méid seo go háirithe:

(a)

aon ghuaiseanna a aithint a chaithfear a chosc, a dhíbirt nó a laghdú go dtí leibhéil inghlactha;

(b)

na pointí rialaithe criticiúla a aithint ag an gcéim nó ag na céimeanna ina mbeidh rialú riachtanach chun guais a chosc nó a dhíbirt nó í a laghdú go dtí leibhéil inghlactha;

(c)

teorainneacha criticiúla a bhunú ag pointí rialaithe criticiúla a scarann inghlacthacht ó neamhinghlacthacht chun guaiseanna aitheanta a chosc, a dhíbirt nó a laghdú;

(d)

nósanna imeachta monatóireachta éifeachtacha a bhunú agus a chur chun feidhme ag pointí rialaithe criticiúla;

(e)

gníomhaíocht ceartaithe a bhunú nuair a léiríonn an mhonatóireacht nach bhfuil pointe rialúcháin criticiúil faoi smacht;

(f)

nósanna imeachta a bhunú lena bhfhíoraítear go bhfuil na bearta a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) críochnaitheach agus go bhfuil siad ag feidhmiú go héifeachtach. Rachfar i mbun nósanna imeachta fíorúcháin go rialta;

(g)

doiciméid agus taifid a chur le chéile a bheidh i gcomhréir le nádúr agus méid na ngnólachtaí chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (f) a léiriú.

3.   Nuair a dhéantar aon mhodhnú ar tháirge, ar phróiseas nó ar aon chéim den táirgeadh, den phróiseáil, den stóráil nó den leithdháileadh, athbhreithneoidh na hoibreoirí a nósanna imeachta agus déanfaidh siad na hathruithe is gá.

4.   Féadfar glacadh le bearta a éascóidh an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Airteagal 30

Treoracha náisiúnta dea-chleachtais

1.   I gcás inar gá sin, spreagfaidh na húdaráis inniúla forbairt, scaipeadh agus úsáid dheonach na dtreoracha náisiúnta dea-chleachtais, go háirithe do chur i bhfeidhm phrionsabail HACCP dá dtagraítear in Airteagal 29. Féadfaidh oibreoirí treoracha dá sórt a úsáid ar bhonn deonach.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar threoracha náisiúnta lena áirithiú:

(a)

go bhforbrófar iad i gcomhar le hionadaithe na bpáirtithe a bhfuil éifeacht shubstaintiúil ar a leasanna agus go scaipfidh earnálacha oibreoirí iad; agus

(b)

go mbeidh sé de chumas ag na hearnálacha dá dtagraíonn siad a n-ábhar a úsáid.

CAIBIDIL II

Cur ar an margadh

Roinn 1

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe chun ainmhithe feirmshaothraithe seachas ainmhithe fionnaidh a bheathú

Airteagal 31

Cur ar an margadh

1.   Féadfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe atá beartaithe mar bheatha le húsáid mar ábhar beatha d’ainmhithe feirmshaothraithe, seachas ainmhithe fionnaidh, a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a)

gur ábhar Chatagóir 3 iad nó go bhfuil siad díorthaithe as, ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(b)

go bhfuil siad bailithe nó próiseáilte, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha don steiriliú faoi bhrú nó coinníollacha eile chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc i gcomhréir leis na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 15 agus aon bheart arna leagan síos i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo; agus

(c)

gur seachtháirgí iad as bunaíochtaí nó as gléasraí ceadaithe nó cláraithe faoi mar is infheidhme i ndáil le seachtháirge ainmhí nó táirge díorthaithe lena mbaineann.

2.   Féadfar bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos a bhaineann leis na coinníollacha le rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe do bhailiú, próiseáil agus cóireáil seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear dóibh i mír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Roinn 2

Leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach

Airteagal 32

Úsáid agus cur ar an margadh

1.   Féadfar leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach a chur ar an margadh agus a úsáid ar choinníoll:

(a)

go bhfuil siad díorthaithe as ábhar Chatagóir 2 nó as ábhar Chatagóir 3;

(b)

go bhfuil siad táirgthe i gcomhréir leis na coinníollacha don steiriliú faoi bhrú nó coinníollacha eile chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc, i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos de bhun Airteagal 15 agus aon bheart eile arna leagan síos i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(c)

go dtagann siad ó bhunaíochtaí nó gléasraí ceadaithe nó cláraithe, mar is infheidhme; agus

(d)

go ndearnadh feoil agus min chnámh atá díorthaithe ó ábhar de Chatagóir 2 agus próitéiní ainmhíocha próiseáilte a bhfuil sé i gceist iad a úsáid mar leasacháin orgánacha agus mar fheabhsaithe ithreach a mheascadh le compháirt chun nach gcuirfí san áireamh aon úsáid eile a bhaint as an meascán chun críocha eile ina dhiaidh sin agus go marcálfar iad más gá de réir na mbeart a ghlactar faoi mhír 3.

Ina theannta sin, féadfar iarmhar díleá iad ón gclaochlú go bithghás nó go múirín a chur ar an margadh agus a úsáid mar leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach;

Féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a fhorchuirfidh breis rialacha d’úsáid nó do shrianadh úsáid leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach a ghlacadh nó a chothabháil, ar choinníoll go mbeidh gá leis na rialacha sin ar fhorais chun cosaint a thabhairt don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe.

2.   De mhaolú ar phointe (d) de mhír 1, ní bheidh gá le meascadh a dhéanamh ar na hábhair a bhfuil a n-úsáid gan a bheith curtha san áireamh toisc an comhdhéanamh nó an pacáistiú atá acu.

3.   Féadfaidh an Coimisiún bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe i ndáil le táirgeadh agus úsáid leasachán orgánach agus feabhsaithe ithreach;

(b)

comhpháirteanna nó substaintí i ndáil le marcáil leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach;

(c)

comhpháirteanna a bheidh le meascadh le leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach;

(d)

coinníollacha forlíontacha, amhail modhanna a úsáidfear do mharcáil agus na híoschainníochtaí a bheidh le comhlíonadh nuair a bheidh an meascán á ullmhú, le húsáid leasacháin nó feabhsaithe ithreach den sórt sin ina dhiaidh sin chun críocha beathaithe a eisiamh; agus

(e)

cásanna ina gceadaíonn an comhdhéanamh nó an pacáistiú go mbeadh na hábhair saor ón gceanglas measctha.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Roinn 3

Táirgí díorthaithe arna rialáil le reachtaíocht áirithe eile de chuid an chomhphobail

Airteagal 33

Cur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí na táirgí díorthaithe seo a leanas a chur ar an margadh:

(a)

táirgí cosmaideacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(1) de Threoir 76/768/CEE;

(b)

ionchlannáin mhíochaine ghníomhacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 90/385/CEE;

(c)

feistí liachta faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 93/42/CEE;

(d)

feistí liachta diagnóiseacha in vitro faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b) de Threoir 98/79/CE iad;

(e)

táirgí íocshláinte tréidliachta faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/82/CE;

(f)

táirgí íocshláinte faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE.

Airteagal 34

Monarú

1.   Déanfar allmhairiú, bailiú agus aistriú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá beartaithe do bhunaíochtaí nó do ghléasraí chun na táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 a mhonarú agus déanfar monarú na dtáirgí díorthaithe sin i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail dá dtagraítear san Airteagal sin.

Déanfar aon ábhar ó bhunaíochtaí nó gléasraí den sórt sin nach n-úsáidtear a dhiúscairt i gcomhréir leis an reachtaíocht sin.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás nach bhforáiltear, le reachtaíocht an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 33, do choinníollacha lena rialaítear rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

Roinn 4

Táirgí díorthaithe eile

Airteagal 35

Bia peataí a chur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí bia peataí a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a)

go bhfuil na táirgí díorthaithe:

(i)

ó ábhar de Chatagóir 3 ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(ii)

i gcás bia peataí allmhairithe nó bia peataí a tháirgtear ó ábhair allmhairithe, ó ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(c), faoi réir ag na coinníollacha a leagtar síos de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 40; nó

(iii)

i gcás bia peataí amh, ó ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(a) agus (b)(i) agus (ii); agus

(b)

go n-áirithíonn siad rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 38, nuair nach n-áirithíonn foinsiú sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 37 rialú leordhóthanach.

Airteagal 36

Táirgí díorthaithe eile a chur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí táirgí díorthaithe, seachas na táirgí dá dtagraítear in Airteagail 31, 32, 33 agus 35, a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a)

maidir leis na táirgí sin:

(i)

nach bhfuil siad beartaithe le húsáid chun ainmhithe feirmshaothraithe a bheathú nó le cur amach ar an talamh as a mbeidh ainmhithe den sórt sin á mbeathú; nó

(ii)

go bhfuil siad beartaithe chun ainmhithe fionnaidh a bheathú; agus

(b)

go ndéanfaidh siad rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a áirithiú:

(i)

trí fhoinsiú sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 37;

(ii)

trí chóireáil shábháilte i gcomhréir le hAirteagal 38, i gcás nach n-áiritheofar rialú leordhóthanach le foinsiú sábháilte; nó

(iii)

trína fhíorú nach n-úsáidfear na táirgí ach i gcomhair úsáidí deiridh sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 39, i gcás nach n-áiritheofar rialú leordhóthanach trí chóireáil shábháilte.

Airteagal 37

Foinsiú sábháilte

1.   Áireofar sa foinsiú sábháilte, úsáid ábhair:

(a)

nach n-eascraíonn aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe as;

(b)

a bhailítear agus a iompraítear ón bpointe bailithe go dtí an bhunaíocht nó gléasra monaraíochta faoi choinníollacha trína ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eisiamh; nó

(c)

a allmhairítear isteach sa Chomhphobal agus a iompraítear ón áit a dtagann sé isteach den chéad uair go dtí an bhunaíocht nó gléasra monaraíochta faoi choinníollacha trína ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eisiamh.

2.   Ar mhaithe le foinsiú sábháilte, cuirfidh oibreoirí doiciméadacht maidir le ceanglais mhír 1 ar fáil, lena n-áireofar, i gcás inar gá, cruthúnas maidir le sábháilteacht na mbeart bithshlándála a ghlactar chun eascairt rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ó ábhar tosaigh a eisiamh.

Coimeádfar doiciméadacht den sórt sin agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin aige.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, beidh deimhniú sláinte, a bheidh ar aon dul le múnla a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), ag gabháil leis na coinsíneachtaí.

Airteagal 38

Cóireáil shábháilte

Áireofar ar chóireáil shábháilte próiseas monaraíochta a chur i bhfeidhm ar an ábhar a úsáidtear, trína laghdófar go dtí leibhéal inghlactha na rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascróidh ón ábhar a úsáid nó ó shubstaintí eile a thiocfaidh ón bpróiseas monaraíochta.

Déanfar a áirithiú, nach mbainfidh aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe leis an táirge díorthaithe, go háirithe tríd an táirge deiridh a thástáil.

Airteagal 39

Úsáidí deiridh sábháilte

Áireofar ar úsáidí deiridh sábháilte úsáid táirgí díorthaithe:

(a)

faoi choinníollacha nach mbaineann aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe leo; nó

(b)

lena bhféadfadh riosca a bheith ag gabháil leis don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, chun críocha sonracha ar choinníoll go bhfuil an úsáid sin cuí-réasúnaithe i ndáil le cuspóirí arna leagan amach i reachtaíocht an Chomhphobail, go háirithe chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint.

Airteagal 40

Bearta chur chun feidhme

Féadfar bearta do chur chun feidhme den Roinn seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha chun bia peataí allmharaithe nó bia peataí a tháirgtear ó ábhair allmharaithe, ó ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(c) a chur ar an margadh;

(b)

coinníollacha maidir le hábhar a fhoinsiú agus a bhogadh go sábháilte a úsáidfear faoi choinníollacha lena ndéanfar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláine ainmhithe a eisiamh;

(c)

doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 37(2);

(d)

paraiméadair don phróiseas monaraíochta dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 38, go háirithe maidir le cóireálacha fisiceacha nó ceimiceacha a chur i bhfeidhm ar an ábhar a úsáidtear;

(e)

ceanglais tástála is infheidhme maidir leis an táirge deiridh; agus

(f)

coinníollacha chun táirgí díorthaithe a d’fhéadfadh an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chur i mbaol a úsáid ar shlí shábháilte.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

CAIBIDIL III

Allmhairiú, idirthuras agus onnmhairiú

Airteagal 41

Allmhairiú agus idirthuras

1.   Déanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, nó a chur ar idirthuras tríd an gComhphobal, i gcomhréir le:

(a)

ceanglais iomchuí an Rialacháin seo agus bearta chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir leis an seachtháirge ainmhithe áirithe nó an táirge díorthaithe áirithe atá chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le táirgeadh agus margaíocht seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe den sórt sin laistigh den Chomhphobal;

(b)

coinníollacha a aithnítear a bheith comhionann ar a laghad leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh agus margaíocht seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe den sórt sin faoi reachtaíocht an Chomhphobail; nó

(c)

i gcás seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 35 agus in Airteagal 36, na ceanglais a leagtar amach sna hAirteagail sin.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

ní dhéanfar ábhar rioscaí sonraithe a allmhairiú ná a chur ar idirthuras, ach amháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(b)

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe a mheasctar nó a éillítear le haon chuid de dhramhaíl a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE a allmhairiú ná a chur ar idirthuras, ach amháin faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006;

(c)

ní dhéanfar ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 agus táirgí a dhíorthaítear astu, nach bhfuil beartaithe chun táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 35 agus in Airteagal 36 a mhonarú, a allmhairiú ná a chur ar idirthuras ach amháin ar choinníoll go nglacfar le rialacha dá n-allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 42(2)(a);

(d)

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a dhírítear ar na críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a allmhairiú ná a chur ar idirthuras ach amháin i gcomhréir le bearta náisiúnta lena n-áirithítear rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, go dtí go ndéanfar coinníollacha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a ghlacadh.

3.   I gcás ina ndéantar ábhar Chatagóir 3 agus táirgí a dhíorthaítear as a allmhairiú agus a chur ar idirthuras, déanfar na ceanglais iomchuí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a leagan síos.

Féadfar a shonrú leis na ceanglais sin i gcás coinsíneachtaí:

(a)

nach mór dóibh teacht as tríú tír nó cuid de thríú tír a liostaítear i gcomhréir le mír 4;

(b)

nach mór dóibh teacht as bunaíochtaí nó as gléasraí atá ceadaithe nó cláraithe ag údarás inniúil an tríú tír tionscnaimh agus atá liostaithe ag an údarás sin chun na críche sin; agus

(c)

go gcaithfear doiciméadacht amhail doiciméad tráchtála, dearbhú nó deimhniú sláinte agus le dearbhú más iomchuí, a bheidh ar aon dul le múnla arna leagan síos de bhun phointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 42(2) ag an bpointe iontrála isteach sa Chomhphobal áit a dtarlóidh na seiceálacha tréidliachta.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Go dtí go ndéanfar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den dara fomhír a ghlacadh, sonróidh na Ballstáit na ceanglais sin i mbearta náisiúnta.

4.   Déanfar liosta de thríú tíortha nó de chodanna de thríú tíortha as a bhféadfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a allmhairiú nó a chur ar idirthuras tríd an gComhphobal a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), ag cur na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

reachtaíocht an tríú tír;

(b)

eagrú an údaráis inniúil agus a sheirbhísí cigireachta sa tríú tír, cumhachtaí na seirbhísí sin, an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir, agus a n-údarás faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid reachtaíochta;

(c)

na coinníollacha sláinte iarbhír a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar láimhseáil, ar stóráil agus ar choinsíniú táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe don Chomhphobal;

(d)

na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sláinte iomchuí;

(e)

taithí an tríú tír maidir le margaíocht an táirge agus torthaí na seiceálacha allmhairiúcháin a rinneadh;

(f)

an toradh ar aon chigireachtaí de chuid an Chomhphobail sa tríú tír;

(g)

stádas sláinte an bheostoic, aon ainmhithe tí agus fiadhúlra sa tríú tír, ag féachaint go háirithe do ghalair ainmhithe coimhthíocha agus d’aon ghnéithe den staid sláinte ginearálta sa tír a d’fhéadfadh an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe sa Chomhphobal a chur i mbaol;

(h)

cé chomh rialta agus cé chomh tapa is a thugann an tríú tír faisnéis maidir le galair ainmhithe ionfhabhtaíocha a bheith ar a críoch, go háirithe na galair a liostaítear i gCód Sláinte Ainmhithe Talún agus Cód Sláinte Ainmhithe Uisceacha de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe;

(i)

na rialacháin maidir le cosc agus rialú galar ainmhíoch ionfhabhtaíoch atá i bhfeidhm sa tríú tír agus a gcur chun feidhme, lena n-áirítear rialacha maidir le hallmhairithe ó thríú tíortha eile.

Coimeádfar liostaí na mbunaíochtaí nó na ngléasraí dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 3 cothrom le dáta agus a cuirfear in iúl iad don Choimisiún agus do na Ballstáit agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

Airteagal 42

Bearta chur chun feidhme

1.   Déanfar bearta chur chun feidhme Airteagal 41 a d’fhéadfadh seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a ndéanfar monarú orthu i mbunaíochtaí nó i ngléasraí áirithe a chur as an áireamh maidir le hallmhairiú nó idirthuras d’fhonn an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

2.   Leagfar síos bearta eile do chur chun feidhme Airteagail 41 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha chun ábhair Chatagóir 1 agus ábhair Chatagóir 2 agus táirgí a dhíorthaítear astu sin a allmhairiú agus a chur in idirthuras;

(b)

srianta maidir leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le hábhar Chatagóir 3 nó le táirgí a dhíorthaítear as sin a fhéadfar a leagan síos trí thagairt do liostaí Comhphobail de thríú tíortha nó de chodanna de thríú tíortha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 41(4) nó chun críocha eile maidir leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe;

(c)

coinníollacha chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a mhonarú i mbunaíochtaí nó i ngléasraí i dtríú tíortha; féadfaidh na socraithe don rialú a dhéanann na húdaráis inniúla lena mbaineann ar bhunaíochtaí nó ar ghléasraí den sórt sin a bheith san áireamh i gcoinníollacha den sórt sin agus féadfar cineálacha bunaíochtaí nó gléasraí áirithe ina láimhseáiltear seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a dhíolmhú ó cheadú nó ó chlárú dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 41(3); agus

(d)

múnlaí do dheimhnithe sláinte, doiciméid thráchtála agus dearbhuithe a bheidh le gabháil le coinsíneachtaí agus ina saineofar na coinníollacha faoinar féidir a lua gur bailíodh nó gur monaraíodh na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe lena mbaineann i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 43

Onnmhairiú

1.   Cuirfear toirmeasc ar sheachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá beartaithe a loscadh nó a chur i líonadh talún a onnmhairiú.

2.   Cuirfear toirmeasc ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe atá le húsáid i ngléasra bithgháis nó i ngléasra múirínithe a onnmhairiú chuig tríú tíortha nach baill den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta iad.

3.   Ní dhéanfar ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 ná táirgí a dhíorthaítear astu sin a onnmhairiú ach amháin chun críocha nach críocha dá dtagraítear i mír 1 agus go mír 2 iad ar choinníoll go leagfar síos rialacha maidir lena n-onnmhairiú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le bia agus beatha arna onnmhairiú ón gComhphobal maidir le hábhar Chatagóir 3 nó táirgí a dhíorthaítear as sin a onnmhairiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   De mhaolú ar mhír 3 agus ar mhír 4

(a)

ní dhéanfar ábhar rioscaí sonraithe a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(b)

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe a mheasctar nó a éillítear le haon dramhaíl a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE a onnmhairiú ach amháin faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

TEIDEAL III

RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Rialuithe oifigiúla

Airteagal 44

Nós imeachta chun formheas a fháil

1.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil na bunaíochtaí ná na gléasraí a fhormheas ach amháin nuair a léireofar le cuairt ar an láthair, sula dtosófar aon ghníomhaíocht, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a dheonú más léir, ón gcuairt ar an láthair, go gcomhlíonann an bhunaíocht nó an gléasra gach ceanglas bonneagair agus trealaimh d’fhonn a áirithiú go gcuirtear na nósanna imeachta oibríochtúla i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé formheas iomlán a dheonú má cheaptar, ó chuairt eile ar an láthair a dhéanfar laistigh de thrí mhí ó deonaíodh an formheas coinníollach, go gcomhlíonann an bhunaíocht nó an gléasra na ceanglais eile dá dtagraítear i mír 1. Más rud é go mbeidh dul chun cinn soiléir déanta, ach mura gcomhlíonfaidh an bhunaíocht nó an gléasra na ceanglais go léir fós, féadfaidh an t-údarás inniúil an formheas coinníollach a shíneadh. Ní rachaidh ceadú coinníollach, áfach, thar sé mhí san iomlán.

3.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfeidhmeoidh bunaíocht ná gléasra a thuilleadh má tharraingíonn an t-údarás inniúil siar a fhormheas nó, i gcás formheasa choinníollaigh, mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil an formheas a shíneadh nó formheas iomlán a dheonú.

Airteagal 45

Rialuithe oifigiúla

1.   Gan dochar d’Airteagal 5, déanfaidh an t-údarás inniúil rialuithe oifigiúla agus maoirseacht oifigiúil go rialta maidir le láimhseáil seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 41 agus ag Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe a dhéanfar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú.

3.   Agus é i mbun rialú oifigiúil féadfaidh an t-údarás inniúil aon treoracha maidir le dea-chleachtas a chomhlíontar a chur san áireamh.

4.   Féadfar socruithe mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagadh síos, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le modhanna tagartha d’anailísí micribhitheolaíochta.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 46

Fionraíochtaí, aistarraingtí agus toirmisc ar oibríochtaí

1.   Má nochtann na rialuithe oifigiúla agus an mhaoirseacht oifigiúil a dhéanfaidh an t-údarás inniúil nach ndéantar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil go háirithe, de réir mar is iomchuí do nádúr agus do thromchúis na n-easpaí agus do na rioscaí féidearthacha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe.

(a)

ceaduithe na mbunaíochtaí agus na ngléasraí atá ceadaithe de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí, más rud é:

(i)

nach bhfuil na coinníollacha maidir leis an mbunaíocht nó leis an ngléasra a cheadú nó a oibriú á gcomhall a thuilleadh;

(ii)

gur féidir a bheith ag súil leis an oibreoir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse réasúnach ama; agus

(iii)

nach n-éilíonn na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe gníomh i gcomhréir le pointe (b);

(b)

ceaduithe na mbunaíochtaí agus na ngléasraí atá ceadaithe de bhun an Rialacháin seo a tharraingt siar, más rud é:

(i)

nach bhfuil na coinníollacha maidir leis an mbunaíocht nó leis an ngléasra a cheadú nó a oibriú á gcomhall a thuilleadh; agus

(ii)

nach féidir a bheith ag súil leis go ndéanfadh an t-oibreoir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse réasúnach ama;

ar chúiseanna a bhaineann le bonneagar na bunaíochta nó an ghléasra,

ar chúiseanna a bhaineann le cumas pearsanta an oibreora nó na foirne faoina mhaoirseacht, nó

de bharr rioscaí tromchúiseacha do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí a d’éileodh mórchoigeartuithe ar oibriú na bunaíochta nó an ghléasra sula bhféadfaidh an t-oibreoir iarratas a dhéanamh ar athcheadú;

(c)

iachall a chur ar bhunaíochtaí nó ar ghléasraí coinníollacha sainiúla a leanúint d’fhonn na heaspaí atá ann a cheartú.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí do nádúr agus tromchúis na n-easpaí agus do na rioscaí féidearthacha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe toirmeasc go sealadach nó go buan ar na hoibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus (3) agus Airteagal 24(1), oibríochtaí a dhéanamh faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí, tar éis faisnéis a fháil a léireoidh:

(a)

nach bhfuil ceanglais reachtaíocht an Chomhphobail comhlíonta; agus

(b)

rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ag eascairt as oibríochtaí den sórt sin.

Airteagal 47

Liostaí

1.   Déanfaidh gach Ballstát liosta de bhunaíochta, de ghléasraí, agus d’oibreoirí a atá ceadaithe nó cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán laistigh dá chríoch.

Sannfaidh sé uimhir oifigiúil do gach bunaíocht, gléasra, nó oibreoir, lena sainaithneofar an bhunaíocht, an gléasra, nó an t-oibreoir i ndáil leis an gcineál gníomhaíochtaí a dhéantar iontu.

Léireoidh na Ballstáit, más infheidhme, uimhir oifigiúil a bheidh sannta do bhunaíocht, do ghléasra, nó d’oibreoir faoi reachtaíocht eile de chuid an Chomhphobail.

Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na gléasraí, de na bunaíochtaí agus de na hoibreoirí atá ceadaithe nó cláraithe ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit eile.

Coinneoidh na Ballstáit na liostaí de na gléasraí, de na bunaíochtaí agus de na hoibreoirí atá ceadaithe nó cláraithe cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil do na Ballstáit eile agus don phobal iad.

2.   Féadfar bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), go háirithe maidir leo seo a leanas:

(a)

an fhormáid do na liostaí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 chun na liostaí a tharraingt suas.

Airteagal 48

Rialuithe maidir le seoladh chuig Ballstáit eile

1.   I gcás ina mbeidh sé i gceist ag oibreoir ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 nó feoil agus min chnámh nó saill ainmhíoch atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 1 agus ó ábhar Chatagóir 2 a sheoladh chuig Ballstát eile, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit thionscnaimh agus údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe ar an eolas mar gheall air seo.

Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe ar na nithe seo a leanas tar éis iarratas a fháil ón oibreoir, laistigh de thréimhse ama sonraithe:

(a)

diúltú glacadh leis an gcoinsíneacht;

(b)

glacadh leis an gcoinsíneacht gan choinníoll; nó

(c)

admháil a thabhairt i leith na coinsíneachta faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i)

mura ndearnadh steiriliú faoi bhrú ar na táirgí díorthaithe, go gcaithfidh sé dul faoin gcóireáil sin; nó

(ii)

go gcaithfidh na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe aon choinníollacha do sheoladh na coinsíneachta agus atá cuí-réasúnaithe chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint a chomhlíonadh lena áirithiú go ndéanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a láimhseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Féadfar formáidí d’iarratais ó oibreoirí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

3.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe ar an eolas tríd an gcóras TRACES i gcomhréir le Cinneadh 2004/292/CE, faoi seoladh gach coinsíneachta faoi seach arna seoladh chuig an mBallstáit cinn scríbe, maidir leis na sonraí seo a leanas:

(a)

seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 3.

Nuair a gheobhaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe fógra faoin gcoinsíniú, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh tríd an gcóras TRACES gur tháinig an choinsíneacht chomh fada leis an ionad cinn scríbe.

4.   Déanfar ábhair Chatagóir 1 agus Chatagóir 2, feoil agus min chnámh dá dtagraítear i mír 1 a iompar go díreach chuig an mbunaíocht nó chuig an ngléasra cinn scríbe, a chaithfidh a bheith cláraithe nó formheasta i gcomhréir le hAirteagal 23, le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 44 nó i gcás aoiligh, chuig an bhfeirm chinn scríbe.

5.   Nuair a sheolfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe chuig Ballstáit eile trí chríoch tríú tír, seolfar iad i coinsíneachtaí a bheidh séalaithe sa Bhallstát tionscnaimh agus beidh deimhniú sláinte ina dteannta.

Ní athiontrálfaidh na coinsíneachtaí séalaithe an Comhphobal ach trí phointe cigireachta teorann amháin, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 89/662/CEE.

6.   De mhaolú ar mhír 1 go mír 5, ní sheolfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe dá dtagraítear iontu, a bheidh measctha nó éillithe le haon dramhaíl arna liostú mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE, chuig Ballstáit eile ach faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

7.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tréimhse shonraithe ama do chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1;

(b)

coinníollacha forlíontacha chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 4 a sheoladh;

(c)

múnlaí do na deimhnithe sláinte a chaithfidh a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí a sheolfar i gcomhréir le mír 5; agus

(d)

coinníollacha faoina bhféadfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a bhfuil sé i gceist iad úsáid do thaispeántais, ghníomhaíochtaí ealaíonta agus chun críocha fáthmheasa oideachais nó taighde a chur ar aghaidh go dtí Ballstáit eile, de mhaolú ar mhír 1 go mír 5 den Airteagal seo.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

8.   Féadfaidh na bearta do chur chun feidhme an Airteagail seo na coinníollacha a shonrú, ag a mbeidh an t-údarás inniúil faoi réir, de mhaolú ar mhír 1 go mír 4, chun an méid seo a leanas a cheadú:

(a)

seoladh aoiligh arna iompar idir dhá phointe ar an bhfeirm chéanna nó idir feirmeacha a bheidh suite i réigiúin teorann Ballstát a bhfuil teorainn choiteann acu;

(b)

seoladh seachtháirgí eile ainmhithe arna iompar idir bunaíochtaí nó gléasraí suite i réigiúin teorann Ballstát a bhfuil teorainn choiteann acu; agus

(c)

iompar ainmhí marbh peata chun loiscthe go dtí bunaíocht nó gléasra atá suite i réigiún teorann Ballstáit eile a bhfuil teorainn choiteann aige.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 49

Rialuithe oifigiúla i mBallstáit

1.   Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a mhéid is gá sin d’fheidhmiú aonfhoirmeach an Rialacháin seo.

Cuirfidh an Ballstát ar a chríoch a mbeidh na seiceálacha á ndéanamh gach cúnamh is gá lena gcuid dualgas a chomhlíonadh ar fáil do na saineolaithe.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí na seiceálacha a bheidh déanta in iúl don údarás inniúil.

2.   Féadfar bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta do chomhar le húdaráis náisiúnta.

Airteagal 50

Cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 chun críocha rialuithe áirithe

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe Comhphobail a dhéanfar i dtríú tíortha chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le ceanglais Airteagal 41(3) den Rialachán seo a thabhairt isteach ar shlí chéimnithe.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe a dhéanfaidh tríú tíortha i mBallstáit i ndáil le hoibríochtaí faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL II

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 51

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad i réimsí faoina n-inniúlacht agus a mbeidh baint dhíreach aige leis an Rialachán seo a chur chun feidhme go ceart a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an Biashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, aon mhí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagfar síos in Airteagal 5a(3) (c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

6.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 53

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta go léir is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 4 Meitheamh 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a mbeidh tionchar aige orthu.

Airteagal 54

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a aisghairm le héifeacht ón 4 Márta 2011.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 55

Beart idirthréimhseach

Glacfar leis go mbeidh bunaíochtaí, gléasraí agus úsáideoirí a bheidh ceadaithe nó cláraithe faoi seach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 roimh an 4 Márta 2011 ceadaithe nó cláraithe faoi seach, faoi mar a cheanglaítear, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 56

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Márta 2011

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 100, 30.4.2009, lch. 133.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2009.

(3)  IO L, 273 10.10.2002, lch. 1.

(4)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(5)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

(6)  IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(7)  IO L 358, 18.12.1986, lch. 1.

(8)  IO L 328, 24.11.2006, lch. 14.

(9)  IO L 182, 16.7.1999, lch. 1.

(10)  IO L 62, 15.3.1993, lch. 69.

(11)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(12)  IO L 224, 18.8.1990, lch. 1.

(13)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 3.

(14)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 10.

(15)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(16)  IO L 229, 1.9.2009, lch. 1.

(17)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(18)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.

(19)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.

(20)  IO L 332, 28.12.2000, lch. 91.

(21)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(22)  IO L 343, 27.12.2007, lch. 1.

(23)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(24)  IO L 94, 31.3.2004, lch. 63.

(25)  IO L 395, 30.12.1989, lch. 13.

(26)  IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.

(27)  IO L 39, 16.2.1993, lch. 1.

(28)  IO L 272, 4.10.1997, lch. 45.

(29)  IO L 226, 6.9.2000, lch. 3.

(30)  IO L 262, 27.9.1976, lch. 169.

(31)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(32)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(33)  IO L 189, 20.7.1990, lch. 17.

(34)  IO L 169, 12.7.1993, lch. 1.

(35)  IO L 331, 7.12.1998, lch. 1.

(36)  IO L 105, 26.4.2003, lch. 18.

(37)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 811/2003 maidir leis an gcosc ar athchúrsáil laistigh den speiceas céanna maidir le héisc agus adhlacadh agus dó fothairgí áirithe ainmhithe (IO L 117, 13.5.2003, lch. 14); Cinneadh 2003/322/CE maidir le héin neicreafagacha a bheathú le hábhair áirithe ó Chatagóir I (IO L 117, 13.5.2003, lch. 32); Cinneadh 2003/324/CE maidir le maolú ón gcosc ar athchúrsáil laistigh den speiceas céanna i gcás ainmhithe fionnaidh (IO L 117, 13.5.2003, lch. 37); Rialachán (CE) Uimh. 92/2005 maidir le meáin diúscartha nó úsáidí (IO L 19, 21.1.2005, lch. 27); Rialachán (CE) Uimh. 181/2006 maidir le leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach seachas aoileach (IO L 29, 2.2.2006, lch. 31); Rialachán (CE) Uimh. 1192/2006 maidir le liostaí de ghléasraí formheasta (IO L 215, 5.8.2006, lch. 10); Rialachán (CE) Uimh. 2007/2006 maidir le hallmhairiú agus le hidirthuras táirgí idirmheánacha áirithe ata díórthaithe ó ábhar Chatagóir 3 (IO L 379, 28.12.2006, lch. 98).

(39)  IO L 275, 25.8.2004, lch. 17.


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 agus Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 41(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(3), (4), agus (5)

Airteagal 4(1)

Airteagal 8

Airteagal 4(2)

Airteagal 12, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 4(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 4(4)

Airteagal 41(2)(c), Airteagal 43(3) agus Airteagal 43(5)(a)

Airteagal 5(1)

Airteagal 9

Airteagal 5(2)

Airteagal 13, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 5(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 5(4)

Airteagal 41(2)(c) agus Airteagal 43(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 10

Airteagal 6(2)

Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 6(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 7

Airteagal 21

Airteagal 8

Airteagal 48

Airteagal 9

Airteagal 22

Airteagal 10 go hAirteagal 15, Airteagal 17 agus Airteagal 18

Airteagal 23, Airteagal 24, Airteagal 27 agus Airteagal 44

Airteagal 16

Airteagal 6

Airteagal 19

Airteagal 31

Airteagal 20(1)

Airteagal 35 agus Airteagal 36

Airteagal 20(2)

Airteagal 32

Airteagal 20(3)

Airteagal 36

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 17 agus Airteagal 18

Airteagal 24

Airteagal 19

Airteagal 25

Airteagal 28 agus Airteagal 29

Airteagal 26

Airteagal 45, Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 27

Airteagal 49

Airteagal 28

Airteagal 35(a)(ii) agus Airteagal 41(1)

Airteagal 29

Airteagal 41 agus Airteagal 42

Airteagal 30

Airteagal 41(1)(b)

Airteagal 31

Airteagal 50(1)

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 52

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 15(2) agus Airteagal 51

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 54

Airteagal 38

Airteagal 56


14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/34


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1070/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun an comhbheartas iompair a chur chun feidhme, tá gá le córas aeriompair éifeachtúil chun go mbeifear in ann seirbhísí aeriompair a oibriú ar bhealach sábháilte, rialta agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh barr feabhais ar thoilleadh agus a éascóidh saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí.

(2)

Ós rud é gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an chéad phacáiste reachtaíochta maidir leis an aerspás Eorpach aonair, eadhon, Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (4), Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán soláthair seirbhíse) (5), Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (6), agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (7), leagadh síos bonn daingean dlí i gcomhair córais bhainistíochta aerthráchta (BAT) atá comhleanúnach, idir-inoibritheach agus sábháilte.

(3)

Mar fhreagra ar an éileamh mór ón lucht tionscail, ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhóirí eile go simpleofar an creat rialála le haghaidh eitlíochta san Eoraip agus go neartófar éifeachtacht an chreata sin, rinneadh Grúpa Ardleibhéil um thodhchaí an chreata rialála Eorpaigh le haghaidh eitlíochta (an Grúpa Ardleibhéil) a bhunú i mí na Samhna 2006. I mí Iúil 2007, rinne an Grúpa Ardleibhéil, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó fhormhór na ngeallsealbhóirí, tuarascáil a thíolacadh ina raibh moltaí faoi conas feabhas a chur ar fheidhmíocht agus ar rialachas chóras eitlíochta na hEorpa. Mhol an Grúpa Ardleibhéil go mbeadh an leibhéal céanna tábhachta ag an gcomhshaol sa chóras eitlíochta agus atá ag an tsábháilteacht agus ag an éifeachtúlacht agus d’áitigh sé gur cheart go n-oibreodh an lucht tionscail agus rialtóirí le chéile chun a áirithiú go bhfuil ról chomh mór agus is féidir ag BAT i dtaca le hinbhuanaitheacht de.

(4)

Ag a cruinniú ar an 7 Aibreán 2008, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún cur chuige a bhainfeadh leis an gcóras foriomlán a fhorbairt i gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil, ar cur chuige é a bheadh ar aon dul leis an gcoincheap ‘geata go geata’ chun sábháilteacht a fheabhsú, BAT a fheabhsú agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú.

(5)

Chun cruthú an aerspáis Eorpaigh aonair a chur i gcrích, tá sé riachtanach bearta breise a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail, go háirithe chun feidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú i réimsí lárnacha amhail an comhshaol, toilleadh agus cost-éifeachtúlacht, ar bearta iad go léir a bhfuil baint acu leis na bunchuspóirí maidir le sábháilteacht. Is gá, freisin, an reachtaíocht maidir leis an aerspás Eorpach aonair a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

(6)

I Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (8), iarrtar go bhforbrófar agus go gcuirfear chun feidhme Máistirphlean BAT. Chun an Máistirphlean BAT a chur chun feidhme tá gá le beartais rialála mar thacaíocht i ndáil le forbairt, tabhairt isteach agus maoiniú coincheap agus teicneolaíochtaí nua. Ba cheart gurb é a leanfaidh as sin ná córas ina bhfuil comhchodanna atá go hiomlán comhchuibhithe agus idir-inoibritheach agus lena ráthófar gníomhaíochtaí ardfheidhmíochta aeriompair san Eoraip. Maidir leis an sceideal i gcomhair chur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair, ba cheart aird a thabhairt ar an amscála a mheastar a bheidh ann i gcomhair na gcéimeanna forbartha agus imlonnaithe de chlár SESAR mar chuid den aerspás Eorpach aonair. Ba cheart go ndéanfaí comhordú dlúth ar an dá phróiseas.

(7)

Maidir le coincheap na gcomhthionscadal, arb é is aidhm dóibh ná cabhrú le húsáideoirí aerspáis agus/nó soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta feabhas a chur ar an mbonneagar aerloingseoireachta ina iomláine, ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta agus ar úsáid aerspáis, go háirithe iad sin a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an Máistirphlean BAT a chur chun feidhme, níor cheart go ndéanfaidís dochar do thionscadail atá ann cheana, arna gcinneadh ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu. I dtaca leis na forálacha a bhaineann le maoiniú a dhéanamh maidir le himlonnú comhthionscadal, níor cheart go ndéanfaí réamhbhreithiúnas iontu faoin tslí ina gcuirtear na comhthionscadail sin ar bun. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh go bhféadfar maoiniú amhail maoiniú ón Líonra TrasEorpach nó ón mBanc Infheistíochta Eorpach a úsáid chun tacú le comhthionscadail, go háirithe chun dlús a chur le himlonnú chlár SESAR, laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil. Gan dochar don rochtain ar an maoiniú sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit a chinneadh conas a úsáidfear an t-ioncam a fhaightear ó lamháltais na hearnála eitlíochta, faoin Scéim Trádála Astaíochtaí, a chur ar ceant agus ba cheart go mbeadh saoirse acu breithniú a dhéanamh, sa chomhthéacs sin, i dtaobh an bhféadfaí scair den ioncam sin a úsáid chun comhthionscadail a mhaoiniú ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis.

(8)

Go háirithe i gcás ina ndéantar comhthionscadail a imlonnú, ba cheart cúram a ghlacadh, inter alia trí chuntasaíocht chuimsitheach thrédhearcach a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú nach ndéantar muirearú dúbailte ar úsáideoirí aerspáis. Ba cheart comhthionscadail a imlonnú ar mhaithe leis na geallsealbhóirí go léir agus ba cheart cóir chomhionann a áirithiú do na geallsealbhóirí go léir.

(9)

Ionas go n-áiritheofar maoirseacht chomhsheasmhach fhónta ar sholáthar seirbhísí ar fud na hEorpa, ba cheart go mbeadh ráthaíocht ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le neamhspleáchas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu. Níor cheart go gcuirfeadh an neamhspleáchas sin cosc ar na húdaráis sin maidir lena gcúraimí a fheidhmiú laistigh de chreat riaracháin.

(10)

Tá ról lárnach ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair agus ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, comhar a éascú eatarthu chun malartú dea-chleachtas a chumasú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart go mbeadh an comhar sin ann ar bhonn rialta.

(11)

Ba cheart go ndéanfaí na comhpháirtithe sóisialta a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr i ndáil leis na bearta go léir a bhfuil impleachtaí suntasacha sóisialta ag baint leo agus ba cheart go rachfaí i gcomhairle leo ar bhealach níos fearr maidir le bearta den sórt sin. Ar leibhéal an Chomhphobail, ba cheart go rachfaí i gcomhairle freisin leis an gCoiste um Agallamh Earnálach a cuireadh ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE (9).

(12)

D’fhonn borradh a chur faoi fheidhmíocht fheabhsaithe BAT agus seirbhísí aerloingseoireachta (SAL), is gá creat a bhunú chun spriocanna ceangailteacha feidhmíochta i réimsí lárnacha feidhmíochta a shainiú, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir le beartais na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Mar ghné riachtanach de chreat den sórt sin, ba cheart go mbeadh sásra iomchuí ann chun sonraí feidhmíochta BAT agus SAL a thuairisciú agus a scrúdú, chun meastóireacht a dhéanamh orthu agus chun iad a scaipeadh, mar aon le scéim dreasachtaí ábhartha lena spreagfaí na spriocanna a bhaint amach.

(13)

Ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun aird a thabhairt ar imthosca sonracha náisiúnta nó réigiúnacha agus iad ag ceapadh a bpleananna náisiúnta agus réigiúnacha. Nuair atá pleananna náisiúnta á bhformheas nó a nglacadh ag Ballstáit, ba cheart go mbeidís i dteideal modhnuithe iomchuí a dhéanamh.

(14)

Nuair atá muirir á mbunú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint le réamhaisnéisí comhchoiteanna a úsáid. Ba cheart solúbthacht áirithe a cheadú sna cásanna sin ina bhfuil éagsúlacht shuntasach idir an trácht iarbhír agus na réamhaisnéisí, go háirithe trí leas a bhaint as sásraí foláirimh iomchuí.

(15)

Ba cheart go gcuirfí spriocanna feidhmíochta san áireamh sna costais a chinnfidh na Ballstáit ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal bloic feidhme aerspáis agus atá beartaithe lena roinnt i measc úsáideoirí aerspáis.

(16)

A mhéid a bhaineann le soláthar trasteorann seirbhísí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuireann aon chóras náisiúnta dlí toirmeasc ar ainmniú soláthraí seirbhísí aerthráchta ar an bhforas go bhfuil sé bunaithe i mBallstát eile nó gur le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin é.

(17)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta bearta iomchuí a ghlacadh d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar deimhniú ar leithligh a eisiúint chuig gach cineál seirbhíse aerloingseoireachta, agus fós urraim a thabhairt don ghá atá le cost-éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht agus le dúblú a sheachaint.

(18)

Is cumasóirí tábhachtacha iad na bloic feidhme aerspáis maidir le feabhas a chur ar chomhar idir soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta chun feidhmíocht a fheabhsú agus sineirgí a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit bloic feidhme aerspáis a bhunú laistigh d’amscála réasúnach. Chun na críche sin agus chun barr feabhais a chur ar chomhéadan na mbloc feidhme aerspáis san aerspás Eorpach aonair, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhoibriú lena chéile agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh comhoibriú le tríú tíortha freisin.

(19)

Nuair a bhunaíonn Ballstáit bloc feidhme aerspáis, tá deis ag Ballstáit eile, ag an gCoimisiún agus ag páirtithe leasmhara eile a mbarúlacha a thíolacadh agus é mar aidhm leis sin ná malartú tuairimí a éascú. Maidir leis na barúlacha sin a thíolactar don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart go mbeidís de chineál comhairleach agus de chineál comhairleach amháin.

(20)

I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn sa phróiseas caibidlíochta maidir le bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, féadfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis a ainmniú (an Comhordaitheoir). Ba cheart go mbeadh cúraimí an Chomhordaitheora dírithe ar chúnamh a sholáthar maidir leis na deacrachtaí sin a shárú gan cur isteach ar cheannasacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar cheannasacht tríú tíortha atá páirteach sa bhloc feidhme aerspáis céanna. Níor cheart go mbeadh aon tionchar ag na costais a thabhaítear maidir le gníomhaíochtaí an Chomhordaitheora ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát.

(21)

Le tuarascálacha Choimisiún Eurocontrol maidir le hAthbhreithniú Feidhmíochta agus le tuarascáil chríochnaitheach an Ghrúpa Ardleibhéil, daingnítear nach féidir gréasán na mbealaí agus struchtúr an aerspáis a fhorbairt go leithliseach ó tharla gur eilimint dhílis den Ghréasán Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN) gach aon Bhallstát, laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de. Ba cheart, dá bhrí sin, aerspás oibríochtúil a ndéanfar comhtháthú air de réir a chéile a bhunú le haghaidh gnáth-aerthráchta.

(22)

I bhfianaise chruthú bloc feidhme aerspáis agus chur ar bun na scéime feidhmíochta, ba cheart don Choimisiún coinníollacha a chinneadh, agus aird a thabhairt ar na coinníollacha, arb iad na coinníollacha iad atá riachtanach maidir leis an gComhphobal do chruthú Réigiúin Aonair Faisnéise Eitilte Eorpaí (RAFEE), arna iarraidh sin ag na Ballstáit ar an ICAO i gcomhréir le nósanna imeachta seanbhunaithe na heagraíochta sin agus i gcomhréir le cearta, oibleagáidí agus freagrachtaí na mBallstát faoin gCoinbhinsiún ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago). Tríd an aerspás a bhfuil na Ballstáit freagrach as a chuimsiú, ba cheart go n-éascódh an RAFEE pleanáil chomhchoiteann agus oibríochtaí lánpháirtithe chun caolais tráchta réigiúnacha a sheachaint. Maidir le RAFEE den sórt sin, ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht aige is gá chun fónamh do riachtanais shonracha amhail dlús tráchta agus an leibhéal castachta atá ag teastáil.

(23)

Tá ar úsáideoirí aerspáis déileáil le dálaí neamhionanna i dtaca le rochtain ar aerspás an Chomhphobail agus i dtaca le saoirse gluaiseachta laistigh den chéanna. Easpa rialacha comhchuibhithe Comhphobail i dtaca leis an aer agus, go háirithe, easpa aicmithe chomhchuibhithe i dtaca leis an aerspás is cúis leis seo. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún rialacha den sórt sin a chomhchuibhiú ar bhonn chaighdeáin ICAO.

(24)

Ba cheart EATMN a leagan amach agus a chur chun feidhme d’fhonn sábháilteacht, inbhuanaitheacht chomhshaoil, méadú toillte agus cost-éifeachtúlacht fheabhsaithe an ghréasáin aeriompair ar fad a bhaint amach. Is fearr a d’fhéadfaí an méid sin a áirithiú trí bhíthin an gréasán aeriompair a bhainistiú ar bhealach comhordaithe ar leibhéal an Chomhphobail, rud a dtugtar suntas dó i dtuarascáil an 31 Deireadh Fómhair 2008 ó Choimisiún Eurocontrol maidir le hAthbhreithniú Feidhmíochta dar teideal ‘Evaluation of Functional Airspace Block Initiatives and their Contribution to Performance Improvement’.

(25)

I gcomhréir leis an Ráiteas ó na Ballstáit ar shaincheisteanna míleata a bhaineann leis an aerspás Eorpach aonair agus atá ag gabháil le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, ba cheart go mbeadh ról bunúsach ag comhar agus comhordú sibhialta-míleata i ndáil le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair, ionas go bhféadfar teacht ar úsáid sholúbtha fheabhsaithe an aerspáis trína mbainfear amach cuspóirí feidhmíochta an aerspáis Eorpaigh aonair, ag féachaint go cuí d’éifeachtacht misean míleata.

(26)

Is den riachtanas é go mbainfear struchtúr aerspáis comhchoiteann comhchuibhithe amach ó thaobh bealaí de, go mbeidh prionsabail chomhchoiteanna ann mar bhonn le heagrúchán an aerspáis mar atá anois agus mar a bheidh amach anseo, go n-áiritheofar cur chun feidhme forchéimnitheach Mháistirphlean BAT, go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní tearca chun costais trealaimh nach bhfuil call leo a sheachaint, agus go leagfar amach agus go mbainisteofar an t-aerspás i gcomhréir le rialacha comhchuibhithe. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as na rialacha agus na cinntí cur chun feidhme is gá a ghlacadh ar rialacha agus cinntí iad a mbeadh éifeacht cheangailteach acu de réir dlí.

(27)

Ba cheart an liosta feidhmeanna maidir le bainistiú agus leagan amach an ghréasáin a leasú chun feidhmeanna an ghréasáin amach anseo, arna sainiú sa Mháistirphlean BAT, a chomhtháthú, más gá sin. Le linn déanamh amhlaidh, ba cheart don Choimisiún an leas is fearr is féidir a bhaint as saineolas Eurocontrol.

(28)

Tá sé molta ag an nGrúpa Ardleibhéil an bhunsraith atá ann cheana a úsáid mar bhonn chun feidhmeanna nua nó feidhmeanna feabhsaithe a chruthú agus chun ról Eurocontrol a fheabhsú agus, ag an am céanna, an Comhphobal a chur sa riocht gurb é an rialtóir aonair é agus urraim á tabhairt don phrionsabal lena ndéantar idirdhealú idir rialáil agus soláthar seirbhísí. Dá réir sin, ach Eurocontrol a bheith athchóirithe agus socruithe nua rialachais a bheith i bhfeidhm ann, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún ar a iontaoibh forfheidhmiú cúraimí a bhaineann le feidhmeanna éagsúla, ar feidhmeanna iad nach bhfuil sé i gceist leo bearta ceangailteacha ag a bhfuil raon feidhme ginearálta a ghlacadh ná nach bhfuil feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leo. Ba cheart go bhforfheidhmeodh Eurocontrol na cúraimí sin ar bhealach neamhchlaonta agus cost-éifeachtach agus ba cheart go mbeadh na húsáideoirí aerspáis agus na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta rannpháirteach go hiomlán iontu.

(29)

Ba cheart go dtabharfaí bearta leordhóthanacha isteach d’fhonn éifeachtacht bhainistíocht na sreibhe aerthráchta a fheabhsú chun cuidiú le haonaid oibríochtúla atá ann cheana, lena n-áirítear Láraonad Eurocontrol um Bainistíocht na Sreibhe Aerthráchta, chun oibríochtaí éifeachtúla eitilte a áirithiú. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta um thoilleadh, éifeachtúlacht agus sábháilteacht aerfoirt san Eoraip, tugtar suntas don ghá le comhsheasmhacht oibríochtúil idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt a áirithiú. De bhreis air sin, d’fhéadfadh Faireachlann an Chomhphobail ar Thoilleadh Aerfoirt cabhair a thabhairt chun an fhaisnéis oibiachtúil a sholáthar do na Ballstáit ionas go ndéanfar toilleadh aerfoirt a ailíniú le toilleadh BAT, ach sin gan dochar dá gcuid inniúlachtaí sa réimse seo.

(30)

Maidir le soláthar faisnéise aerloingseoireachta atá nua-aimseartha, iomlán, ar ardchaighdeán agus tráthúil, tá tionchar suntasach aige ar an tsábháilteacht agus ar éascú na rochtana ar aerspás an Chomhphobail agus na saoirse gluaiseachta laistigh den aerspás sin. Agus Máistirphlean BAT á chur san áireamh, ba cheart don Chomhphobal gníomh tionscantach a dhéanamh maidir le nuachóiriú na hearnála seo i gcomhar le Eurocontrol agus a áirithiú go mbeidh úsáideoirí in ann teacht ar na sonraí seo trí bhíthin pointe rochtana poiblí amháin trína soláthrófaí fáisnéisiú comhtháthaithe atá nua-aimseartha, áisiúil don úsáideoir agus bailíochtaithe.

(31)

Maidir leis an tairseach leictreonach ar fhaisnéis mheitéareolaíoch, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na foinsí éagsúla faisnéise, lena n-áirítear faisnéis ó sholáthraithe ainmnithe seirbhísí, i gcás inarb ábhartha sin.

(32)

Chun ualach riaracháin nach bhfuil call leis agus nósanna imeachta forluiteacha fíorúcháin a sheachaint, ba cheart, chun críche an Rialacháin seo, go nglacfaí le deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (10), i gcás ina mbaineann na deimhnithe sin le comhdhamhnaí nó córais.

(33)

Ba cheart go mbeadh comhad teicniúil, faoi mar a éilítear chun críocha deimhnithe ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA), ag gabháil le deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a úsáidfear lena léiriú go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais bhunriachtanacha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ar shlí eile.

(34)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag ceanglais áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir leis na córais a cuireadh i ngníomh roimh an 20 Deireadh Fómhair 2005. Ba cheart go mbeadh saoirse ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta teacht ar chomhaontú, ar leibhéal náisiúnta, i ndáil leis na nósanna imeachta agus na doiciméid is gá chun a léiriú go bhfuil ceanglais bhunriachtanacha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 á gcomhlíonadh ag na córais BAT a bhí i ngníomh roimh an 20 Deireadh Fómhair 2005. Maidir le rialacha cur chun feidhme agus sonraíochtaí Comhphobail a ghlacfar tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, ba cheart go dtabharfaí aird iontu ar an socrú sin agus níor cheart gurbh é a leanfadh as sin ná go mbeadh ceanglas aisghabhálach ann maidir le fianaise dhoiciméadach a thabhairt ar aird.

(35)

Mhol an Grúpa Ardleibhéil, ina thuarascáil chríochnaitheach don Choimisiún, gur cheart go ndéileálfaí go sonrach i gclár SESAR le sainiú nósanna imeachta idir-inoibritheacha, córas idir-inoibritheachta agus malartaithe faisnéise laistigh den Eoraip agus leis an gcuid eile den domhan. Ba cheart go n-áireofaí, freisin, forbairt caighdeán ábhartha agus sainaithint rialacha nua cur chun feidhme nó sonraíochtaí nua Comhphobail i gcomhthéacs an aerspáis Eorpaigh aonair.

(36)

Nuair a bheidh bearta cur chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin a bheidh leagtha síos ag Eurocontrol, á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuimseofar sna bearta sin na feabhsúcháin go léir is gá ar na caighdeáin bhunaidh agus go dtabharfar lánaird ar an ngá atá ann go seachnófar rialáil dhúbailte.

(37)

Is gá an ghné dhaonna a chur san áireamh nuair atá na spriocanna a bhaineann le caighdeáin sábháilteachta aerthráchta a mhéadú agus feidhmíocht fhoriomlán BAT agus ABS don aerthrácht i gcoitinne san Eoraip a fheabhsú á saothrú go comhuaineach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh na prionsabail a ghabhann le ‘cultúr cóir’ a thabhairt isteach.

(38)

I bhfianaise an leathnaithe atá beartaithe a dhéanamh ar inniúlachtaí EASA chun sábháilteacht bainistíochta aerthráchta a chur san áireamh, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil comhsheasmhacht ann idir Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

(39)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11). Ba cheart na bearta sin a ghlacadh laistigh d’amscála oiriúnach ionas go gcomhlíonfar na spriocamanna a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

(40)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún bearta a uasdátú de réir forbairtí teicniúla nó oibríochtúla agus na critéir bhunúsacha agus na nósanna imeachta bunúsacha a leagan síos freisin maidir le feidhmiú feidhmeanna áirithe i ndáil le bainistíocht gréasáin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a leasú trína bhforlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(41)

Más rud é nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

(42)

Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Córdoba an 18 Meán Fómhair 2006 (Ráiteas na nAirí) ag chéad chruinniú Aireachta an Fhóraim Agallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le hAerfort Ghiobráltar a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an Ráitis sin agus comhlíonadh Dhearbhú 1987.

(43)

Tá feidhm ag an Rialachán seo go huile agus go hiomlán maidir le hAerfort Ghiobráltar i gcomhthéacs agus de bhua Ráiteas na nAirí. Gan dochar do Ráiteas na nAirí, beidh a fheidhm maidir le hAerfort Ghiobráltar, agus na bearta go léir a bhaineann lena chur chun feidhme, ar comhréir go hiomlán leis an Ráiteas sin agus leis na socruithe go léir atá ann.

(44)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Cuspóir agus Raon Feidhme

1.   Is é is cuspóir do thionscnamh an aerspáis Eorpaigh aonair ná caighdeáin sábháilteachta reatha aerthráchta a fheabhsú, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta (BAT) agus na seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) ó thaobh gnáth-aerthráchta de san Eoraip a fheabhsú, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an aerspáis. Cuimseoidh an t-aerspás Eorpach aonair seo gréasán comhleanúnach pan-Eorpach bealaí, córais bhainistíochta gréasáin agus bhainistíochta aerthráchta atá bunaithe ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cúrsaí teicniúla, agus ar na nithe sin amháin, ar mhaithe leis na húsáideoirí aerpáis uile. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, bunaítear creat comhchuibhithe rialála leis an Rialachán seo chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú.

2.   Beidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do cheannasacht na mBallstát ar a n-aerspás agus do cheanglais na mBallstát a bhaineann le hord poiblí, le slándáil phoiblí agus le nithe a bhaineann le cosaint, mar a leagtar amach in Airteagal 13. Ní chlúdaítear oibríochtaí míleata ná traenáil mhíleata leis an Rialachán seo ná leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Beidh feidhmiú an Rialacháin seo agus feidhmiú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 gan dochar do chearta agus do dhualgais na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”). Sa chomhthéacs seo, tá sé mar chuspóir breise de chuid an Rialacháin seo, i dtaca leis na réimsí a chlúdaítear ann, go dtabharfar cabhair do na Ballstáit i ndáil le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago trí bhonn a sholáthar maidir le léirmhíniú coiteann agus cur chun feidhme aonfhoirmeach a chuid forálacha agus trína áirithiú go dtugtar aird chuí ar na forálacha sin sa Rialachán seo agus sna rialacha a tharraingeofar suas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

4.   Tuigtear i ndáil cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le haerfort Ghiobráltar gur cur i bhfeidhm é atá gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne ná do sheasamh dlíthiúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann faoi seach maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.’;

2.

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

ciallaíonn “úsáideoirí aerspáis” oibreoirí aerárthaí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

‘10.

ciallaíonn “bainistíocht aerthráchta (BAT)” comhiomlán na bhfeidhmeanna san aer agus na bhfeidhmeanna ar talamh (seirbhísí aerthráchta, bainistíocht an aerspáis agus bainistíocht na sreibhe aerthráchta) a bhfuil gá leo chun gluaiseacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a áirithiú le linn chéimeanna uile na n-oibríochtaí;’;

(c)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘13a.

ciallaíonn “Máistirphlean BAT” an plean lenar thacaigh an Chomhairle le Cinneadh 2009/320 ón gComhairle (12), i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (13);

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘15.

ciallaíonn “deimhniú” doiciméad arna eisiúint ag údarás maoirseachta náisiúnta in aon fhoirm a chomhlíonann an dlí náisiúnta agus a dhaingníonn go gcomhlíonann soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta na ceanglais chun seirbhís shonrach a sholáthar;’;

(e)

scriostar pointe 21;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 22:

‘22.

ciallaíonn “úsáid sholúbtha a bhaint as aerspás” coincheap bainistíochta aerspáis a chuirtear i bhfeidhm i limistéar na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta ar bhonn an “Airspace Management Handbook for the application of the Concept of the Flexible Use of Airspace”, arna eisiúint ag Eurocontrol;’;

(g)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘23a.

ciallaíonn “seirbhís faisnéise eitiltí” seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach le haghaidh eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil;

23b.

ciallaíonn “seirbhís foláirimh” seirbhís a sholáthraítear chun fógra a thabhairt do na heagraíochtaí ábhartha maidir le haerárthaí nach mór cúnamh cuardaigh agus tarrthála a thabhairt dóibh agus chun cabhrú leis na heagraíochtaí sin de réir mar is gá;’;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 25:

‘25.

ciallaíonn “bloc feidhme aerspáis” bloc aerspáis atá bunaithe ar riachtanais oibríochtúla agus a bhunaítear gan spleáchas do theorainneacha Stáit, ar bloc é ina bhfuil soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gaolmhara bunaithe ar fheidhmíocht agus ina mbaintear an úsáid is fearr as na nithe sin d’fhonn comhar feabhsaithe i measc soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó, i gcás inarb iomchuí, soláthraí comhtháite a thabhairt isteach i ngach bloc feidhme aerspáis,’;

(i)

scriostar pointe 37;

(j)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘41.

ciallaíonn “seirbhísí trasteorann” aon chúinse arb amhlaidh ina leith, maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear i mBallstát áirithe, gur soláthraí atá deimhnithe i mBallstát eile a sholáthraíonn iad.’;

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Údaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit, go comhpháirteach nó go leithleach, comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú nó a bhunú mar údarás maoirseachta náisiúnta d’fhonn na cúraimí a ghlacadh chuige féin a shanntar d’údarás den sórt sin faoin Rialachán seo agus faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleách ar na soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta. Bainfear an neamhspleáchas sin amach trí dheighilt dhóthanach, ar an leibhéal feidhme ar a laghad, idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na soláthraithe sin.

3.   Feidhmeoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, neamhspleách agus trédhearcach. Bainfear an méid sin amach trí shásraí iomchuí bainistíochta agus rialaithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear laistigh de chóras riaracháin Ballstáit. Ní chuirfidh sé seo cosc, áfach, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcúraimí a fheidhmiú faoi réir rialacha eagrúcháin údarás náisiúnta eitlíochta sibhialta nó aon chomhlachtaí poiblí eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní agus na cumais riachtanacha ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a chomhall ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh ainmneacha agus sheoltaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta, agus aon athruithe a dhéanfar orthu, chomh maith le fógra maidir leis na bearta a dhéantar chun comhlíonadh mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 a áirithiú.’;

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4):

‘4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de’;

5.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 go hAirteagal 11:

‘Airteagal 6

Comhlacht Comhairliúcháin Tionscail

Gan dochar do ról an Choiste ná do ról Eurocontrol, bunóidh an Coimisiún “comhlacht comhairliúcháin tionscail” a mbeidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, comhlachais úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, an tionscal monarúcháin agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann foirne gairmiúla ina gcuid de. Is é a bheidh i ról aonair an chomhlachta sin ná comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair.

Airteagal 7

Caidreamh le tríú tíortha Eorpacha

Beidh sé mar aidhm ag an gComhphobal agus ag a chuid Ballstát an t-aerspás Eorpach aonair a leathnú chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, agus tacóidh siad leis an leathnú sin. Chun na críche sin, agus faoi chuimsiú creata comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha comharsanacha nó i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le bloic feidhme aerspáis, féachfaidh siad le feidhmiú an Rialacháin seo, mar aon leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, a leathnú chuig na tíortha sin.

Airteagal 8

Rialacha cur chun feidhme

1.   D’fhonn rialacha cur chun feidhme a fhorbairt, féadfaidh an Coimisiún sainorduithe a eisiúint chuig Eurocontrol nó, i gcás inarb iomchuí, chuig comhlacht eile ar sainorduithe iad ina leagfar amach na cúraimí a bheidh le comhlíonadh agus an tráthchlár i leith na gcúraimí sin agus aird á tabhairt ar na spriocamanna ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.   Nuair a bheartóidh an Coimisiún sainordú a eisiúint i gcomhréir le mír 1, féachfaidh sé leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as socruithe atá ann cheana maidir le ról a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir agus maidir le dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir, más rud é go gcomhfhreagraíonn na socruithe sin le cleachtais an Choimisiúin i ndáil le trédhearcacht agus nósanna imeachta comhairliúcháin agus nach dtagann siad salach ar a oibleagáidí institiúideacha.

Airteagal 9

Pionóis

Maidir leis na pionóis a leagfaidh na Ballstáit síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, go háirithe ag úsáideoirí aerspáis agus soláthraithe seirbhísí, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 10

Comhairliúchán le geallsealbhóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, sásraí comhairliúcháin a bhunú ar mhaithe le rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla, i gcur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair.

2.   Bunóidh an Coimisiún sásra comhairliúcáin ar leibhéal an Chomhphobail. Beidh an Coiste um Agallamh Earnálach, arna chur ar bun faoi Chinneadh 98/500/CE, páirteach sa chomhairliúchán.

3.   Clúdóidh an comhairliúchán leis na geallsealbhóirí, go háirithe, coincheapa nua agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a thabhairt isteach san EATMN.

Féadfar iad seo a leanas a áireamh i measc na ngeallsealbhóirí:

soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta,

oibreoirí aerfoirt,

úsáideoirí aerspáis ábhartha nó grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann úsáideoirí aerspáis,

údaráis mhíleata,

an tionscal monarúcháin, agus

comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla.

Airteagal 11

Scéim feidhmíochta

1.   D’fhonn feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin san aerspás Eorpach aonair a fheabhsú, déanfar scéim feidhmíochta a chur ar bun le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Áireofar an méid seo a leanas sa scéim sin:

(a)

spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis na réimsí tábhachtacha feidhmíochta a bhaineann leis an tsábháilteacht, leis an gcomhshaol, le toilleadh agus le cost-éifeachtúlacht;

(b)

pleananna náisiúnta nó pleananna le haghaidh bloc feidhme aerspáis, lena n-áirítear spriocanna feidhmíochta, á áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail; agus

(c)

athbhreithniú tréimhsiúil, faireachán tréimhsiúil agus tagarmharcáil thréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an Coimisiún Eurocontrol nó comhlacht neamhchlaonta inniúil eile a ainmniú chun gníomhú mar “comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta”. Is é a bheidh i ról an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta ná cuidiú leis an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus cuidiú leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, nuair a iarrtar sin, i dtaca leis an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme. Áiritheoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar bhealach neamhspleách le linn na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún dó a chomhall.

3.

(a)

Déanfaidh an Coimisiún na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i dtaca leis an ngréasán bainistíochta aerthráchta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), tar éis na hionchuir ábhartha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a chur san áireamh.

(b)

Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna náisiúnta nó na pleananna bloc feidhme aerspáis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit iad. Áireofar sna pleananna sin spriocanna ceangailteacha náisiúnta nó spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis mar aon le scéim dreasachta iomchuí arna ghlacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit. Beidh dréachtú na bpleananna faoi réir comhairliúcháin le soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ionadaithe úsáideoirí aerspáis, agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt.

(c)

Déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a mheas trí úsáid a bhaint as na critéir measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 6.

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na spriocanna náisiúnta nó de na spriocanna bloic feidhme aerspáis na critéir measúnaithe, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), moladh a eisiúint á rá go ndéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann sprioc feidhmíochta nó spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe a mholadh. Glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe agus bearta iomchuí, ar spriocanna agus bearta iad a chuirfear in iúl don Choimisiún in am trátha.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ná na bearta iomchuí athbhreithnithe leordhóthanach, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go nglacfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta ceartaitheacha.

De rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ach fianaise thacaíochta leordhóthanach a bheith aige, na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

(d)

Cuimseoidh an tréimhse thagartha don scéim feidhmíochta tréimhse trí bliana ar a laghad agus tréimhse cúig bliana ar a mhéad. I rith na tréimhse sin, agus i gcás nach gcomhlíontar na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis, cuirfidh na Ballstáit agus/nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na bearta iomchuí a bheidh sainithe acu i bhfeidhm. Cuimseoidh an chéad tréimhse thagartha na chéad trí bliana i ndiaidh ghlacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

(e)

Déanfaidh an Coimisiún measúnachtaí rialta ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus cuirfidh sé torthaí na measúnachtaí sin faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair.

4.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas i leith na scéime feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin agus a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na Ballstáit agus Eurocontrol;

(b)

roghnú na réimsí tábhachtacha feidhmíochta iomchuí ar bhonn Dhoiciméad ICAO Uimh. 9854 “Global Air Traffic Mangement Operational Concept”, ar réimsí iad a bheidh comhsheasmhach leo sin atá sainaitheanta i gCreat Feidhmíochta Mháistirphlean BAT, lena n-áirítear sábháilteacht, an comhshaol, acmhainneacht agus costéifeachtúlacht, arna n-oiriúnú nuair is gá chun aird a thabhairt ar riachtanais shonracha an aerspáis Eorpaigh aonair agus ar chuspóirí ábhartha do na réimsí sin mar aon le sainiú sraithe teoranta táscairí tábhachtacha feidhmíochta chun an fheidhmíocht a thomhas;

(c)

spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail a bhunú, ar spriocanna iad a shaineofar agus ionchuir arna sainaithint ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis á gcur san áireamh;

(d)

na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a mheasúnú ar bhonn an phlean náisiúnta nó an phlean bloic feidhme aerspáis; agus

(e)

faireachán ar na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó ar na pleananna feidhmíochta bloic aerspáis feidhme, lena n-áirítear sásraí iomchuí foláirimh.

Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta nósanna imeachta dá dtagraítear sa mhír seo. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

5.   Agus an scéim feidhmíochta á bunú, cuirfear san áireamh go bhfuil seirbhísí faoi bhealach, seirbhísí críochfoirt agus feidhmeanna gréasáin éagsúil lena chéile agus gur cheart déileáil leo dá réir sin agus, más gá, chun críocha tomhaiste feidhmíochta freisin.

6.   Ar mhaithe le feidhmiú mionsonraithe na scéime feidhmíochta, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus laistigh d’amscála a bheidh oiriúnach chun na spriocamanna ábhartha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3). Cumhdóidh na rialacha cur chun feidhme sin na nithe seo a leanas:

(a)

inneachar agus tráthchlár na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4;

(b)

an tréimhse thagartha agus na heatraimh chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na spriocanna feidhmíochta agus chun spriocanna nua a shocrú;

(c)

na critéir ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chur ar bun, ar pleananna iad ina mbeidh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta nó na spriocanna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis agus an scéim dreasachta. Maidir leis na pleananna feidhmíochta sin:

(i)

beidh siad bunaithe ar phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta;

(ii)

tabharfar aghaidh iontu ar ghnéithe costais uile an bhoinn costais náisiúnta nó an bhoinn costais don bhloc feidhme aerspáis;

(iii)

áireofar iontu spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Comhphobail;

(d)

critéir chun a mheas an bhfuil na spriocanna náisiúnta nó na spriocanna bloic feidhme aerspáis comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail i rith na tréimhse tagartha agus chun tacú le sásraí foláirimh;

(e)

prionsabail ghinearálta maidir le Ballstáit do chur scéim dreasachta ar bun;

(f)

prionsabail maidir le sásra idirthréimhseach a chur i bhfeidhm a bheidh riachtanach maidir le hoiriúnú a dhéanamh i gcomhair fheidhmiú na scéime feidhmíochta agus nach rachaidh thar 12 mhí tar éis an trátha a nglacfar leis na rialacha cur chun feidhme.’;

6.

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, agus cuirfidh sé a chéad tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 4 Meitheamh 2011 agus, ina dhiaidh sin, ag deireadh gach tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 11(3)(d). Nuair atá údar maith ag an gCoimisiún chuige sin, féadfaidh sé tuilleadh faisnéise a iarraidh ar na Ballstáit de bhreis ar an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha a thíolacann siad i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Beidh sna tuarascálacha, meastóireacht ar na torthaí a bhainfear amach de dhroim na ngníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis iomchuí faoi fhorbairtí san earnáil go háirithe ó thaobh gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, fostaíochta agus teicneolaíochta de, chomh maith le faisnéis faoi cháilíocht na seirbhíse, i bhfianaise na gcuspóirí bunaidh agus riachtanais a bheidh ann amach anseo á gcur san áireamh.’;

7.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 13a

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa

Le linn an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (14) a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir lena róil faoi seach mar a fhoráiltear dóibh leis an Rialachán seo, comhordú mar is iomchuí le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa lena áirithiú go dtugtar aghaidh mar is cuí ar na gnéithe sábháilteachta go léir.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 go hAirteagal 4:

‘Airteagal 2

Cúraimí na n-údarás maoirseachta náisiúnta

1.   Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 den chreat-Rialachán maoirseacht iomchuí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le hoibriú sábháilte éifeachtúil na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram an Bhallstáit a d’ainmnigh nó a bhunaigh an t-údarás ábhartha.

2.   Chun na críche sin, eagróidh gach údarás maoirseachta náisiúnta cigireachtaí agus suirbhéanna cuí d’fhonn a fhíorú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais acmhainní daonna a bhaineann le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta. Éascóidh an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann an obair sin.

3.   Maidir leis na bloic feidhme aerspáis a shíneann thar aerspás a thagann faoi chúram níos mó ná Ballstát amháin, tiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú faoin maoirseacht dá bhforáiltear san Airteagal seo i ndáil leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bhaineann leis na bloic sin.

4.   Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta go dlúth lena chéile d’fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht leordhóthanach ar na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a shealbhaíonn deimhniú bailí ó Bhallstát áirithe a sholáthraíonn seirbhísí freisin a bhaineann leis an aerspás a thagann faoi chúram Ballstáit eile. Áireofar sa chomhoibriú sin socruithe maidir le láimhseáil cásanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas coiteann is infheidhme agus a leagtar amach in Airteagal 6 nó le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

5.   I gcás soláthair trasteorann seirbhísí aerloingseoireachta, áireofar sna socruithe sin comhaontú faoi aitheantas frithpháirteach na gcúraimí maoirseachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 mar aon le torthaí na gcúraimí sin. Beidh feidhm ag an aitheantas frithpháirteach sin freisin i gcás ina ndéanfar socruithe i dtaobh aitheantais idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le próiseas deimhniúcháin na soláthraithe seirbhísí.

6.   Má cheadaítear é leis an dlí náisiúnta, agus comhar réigiúnach á chur san áireamh, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhaontuithe a thabhairt i gcrích freisin maidir le roinnt na bhfreagrachtaí i leith na gcúraimí maoirseachta.

Airteagal 3

Eintitis cháilithe

1.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a chinneadh na cigireachtaí agus na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a tharmligean go hiomlán nó go páirteach chuig eintitis cháilithe a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   Beidh tarmligean den sórt sin arna dheonú ag údarás maoirseachta náisiúnta bailí laistigh den Chomhphobal ar feadh tréimhse inathnuaite trí bliana. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a ordú d’aon cheann de na heintitis cháilithe atá suite sa Chomhphobal tabhairt faoi na cigireachtaí agus na suirbhéanna sin.

Airteagal 4

Ceanglais sábháilteachta

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ionchorprófar forálacha ábhartha cheanglais rialála sábháilteachta Eurocontrol (ESARRanna) mar aon le haon leasuithe iardain ar na ceanglais sin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, fara oiriúnuithe iomchuí más gá.’;

2.

Scriostar Airteagal 5;

3.

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

‘6.   Gan dochar d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 9, trí bhíthin deimhnithe a eisiúint tabharfar caoi do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a gcuid seirbhísí a thairiscint do na Ballstáit, do sholáthraithe eile seirbhísí aerloingseoireachta, d’úsáideoirí aerspáis agus d’aerfoirt laistigh den Chomhphobal.

7.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta faireachán ar chomhlíonadh na gceanglas coiteann agus na gcoinníollacha a ghabhann leis na deimhnithe. Cuirfear mionsonraí faoin bhfaireachán sin sna tuarascálacha bliantúla atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 12(1) den chreat-Rialachán. Más deimhin le húdarás maoirseachta náisiúnta nach gcomhlíonann sealbhóir deimhnithe na ceanglais ná na coinníollacha sin a thuilleadh, déanfaidh sé na bearta iomchuí agus leanúnachas seirbhísí á áirithiú ag an am céanna ar choinníoll nach ndéantar aon dochar don tsábháilteacht. D’fhéadfadh cúlghairm an deimhnithe a bheith san áireamh i mbearta den sórt sin.’;

4.

Cuirtear an méid seo in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerthráchta ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit soláthraí seirbhísí aerthráchta a shealbhaíonn deimhniú atá bailí sa Chomhphobal.

2.   I dtaca le seirbhísí trasteorann a sholáthar, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear cosc ar chomhlíonadh an Airteagail seo agus Airteagal 10(3) mar gheall ar fhoráil ina gcóras náisiúnta dlí lena gceanglaítear maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta a sholáthraíonn seirbhísí san aerspás atá faoi fhreagracht an Bhallstáit sin:

(a)

go bhfuil siad faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, ag an mBallstát sin nó ag a náisiúnaigh;

(b)

go bhfuil a bpríomhionad oibríochta nó a n-oifig chláraithe suite i gcríoch an Bhallstáit sin; nó

(c)

nach n-úsáideann siad ach saoráidí sa Bhallstát sin.

3.   Saineoidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí a bheidh le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe. D’fhéadfadh coinníollacha maidir le faisnéis iomchuí a sholáthar go tráthúil a bheith ag gabháil leis na hoibleagáidí sin, ar faisnéis í lena bhféadfar gluaiseachtaí uile na n-aerárthaí san aerspás a bhfuil freagracht acu ina leith a shainaithint.

4.   Beidh cumhachtaí lánroghnacha ag na Ballstáit maidir le soláthraí seirbhísí aerthráchta a roghnú, ar choinníoll go gcomhlíonann an soláthraí sin na ceanglais agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7.

5.   Maidir le bloic feidhme aerspáis arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 9a ar bloic iad a shíneann thar aerspás a thagann faoi fhreagracht níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt lena chéile, mí amháin ar a laghad roimh chur chun feidhme an bhloic aerspáis.

6.   Cuirfidh Ballstáit an Choimisiún agus Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon chinneadh a thagann faoi chuimsiú an Airteagail seo agus a bhaineann le soláthraithe seirbhísí aerthráchta laistigh de bhloic shonracha aerspáis a ainmniú i ndáil leis an aerspáis atá faoina bhfreagracht.’;

5.

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Bloic Feidhme Aerspáis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh faoin 4 Nollaig 2012 chun a áirithiú go gcuirfear bloic feidhme aerspáis chun feidhme d’fhonn an toilleadh agus an éifeachtúlacht atá ag teastáil a bhaint amach i ngréasán bainistíochta an aerthráchta laistigh den aerspás Eorpach aonair agus d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta a choimeád i bhfeidhm agus rannchuidiú a dhéanamh maidir le feidhmíocht fhoriomlán an chórais aeriompair agus maidir le tionchar comhshaoil a laghdú. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile a oiread agus is féidir, go háirithe Ballstáit a mbeidh bloic feidhme aerspáis chomharsanacha á mbunú acu, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an fhoráil seo. Más ábhartha, féadfaidh tríú tíortha a bheidh páirteach sna bloic feidhme aerspáis a bheith i gceist leis an gcomhar sin freisin.

2.   Beidh feidhm ag na nithe seo a leanas, go háirithe, maidir le bloic feidhme aerspáis:

(a)

tabharfar tacaíocht ina leith le sainchomhad sábháilteachta;

(b)

cumasófar leo gur féidir an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an aerspás, agus na sreabha aerthráchta á gcur san áireamh;

(c)

áiritheofar leo go mbeidh comhsheasmhacht ann le gréasán bealaí na hEorpa arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán aerspáis;

(d)

beidh údar maith leo i ngeall ar a mbreisluach foriomlán, lena n-áirítear an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní teicniúla agus as acmhainní daonna, i bhfianaise anailísí costais agus tairbhe;

(e)

áiritheofar leo go ndéanfar aistriú na freagrachta as rialú aerthráchta idir aonaid seirbhísí aerthráchta ar bhealach rianúil, solúbtha;

(f)

áiritheofar leo go mbeidh comhoiriúnacht idir na cumraíochtaí éagsúla aerspáis, agus go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na Réigiúin Faisnéise Eitilte reatha, inter alia;

(g)

comhlíonfaidh siad coinníollacha a eascróidh as comhaontuithe réigiúnacha arna dtabhairt i gcrích leis an ICAO;

(h)

urramóidh siad comhaontuithe réigiúnacha a bheidh ann cheana ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, go háirithe na comhaontuithe sin lena mbaineann tríú tíortha Eorpacha; agus

(i)

éascóidh siad comhsheasmhacht le spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail.

3.   Ní bhunófar bloc feidhme aerspáis ach amháin le comhaontú frithpháirteach idir na Ballstáit uile agus, más iomchuí, idir na tríú tíortha a mbeidh freagracht orthu as aon chuid den aerspás sa bhloc feidhme aerspáis. Sula dtabharfar fógra don Choimisiún faoi bhunú bloic feidhme aerspáis, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann faisnéis leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus do na páirtithe leasmhara eile agus tabharfaidh siad deis dóibh a gcuid barúlacha a thíolacadh.

4.   I gcás ina mbaineann bloc feidhme aerspáis go hiomlán nó go páirteach le haerspás atá faoi fhreagracht dhá Bhallstát nó níos mó, maidir leis an gcomhaontú lena mbunófar an bloc feidhme aerspáis, beidh na forálacha ann is gá maidir leis an gcaoi inar féidir an bloc a mhodhnú agus maidir leis an gcaoi inar féidir le Ballstát tarraingt siar ón mbloc, lena n-áirítear socruithe idirthréimhseacha.

5.   I gcás ina n-éiríonn deacrachtaí idir dhá Bhallstát nó níos mó i dtaca le bloc feidhme aerspáis trasteorann ar deacrachtaí iad a bhaineann le haerspás atá faoina bhfreagracht, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhpháirt lena chéile, an cás a chur faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair chun a thuairim a fháil. Díreofar an tuairim chuig na Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar do mhír 3, cuirfidh na Ballstáit an tuairim sin san áireamh chun teacht ar réiteach.

6.   Tar éis na fógraí ó na Ballstáit maidir leis na comhaontuithe agus na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 2, i dtaca le gach ceann de na bloic feidhme aerspáis de, agus tíolacfaidh sé na torthaí do Choiste an Aerspáis Aonair le haghaidh díospóireachta. Más deimhin leis an gCoimisiún gurb ann do bhloc feidhme aerspáis amháin nó níos mó nach gcomhlíonann na ceanglais, rachaidh sé i mbun agallaimh leis na Ballstáit lena mbaineann agus é mar aidhm aige teacht ar chomhthoil i dtaobh na mbeart a bheidh riachtanach chun an cás a réiteach.

7.   Gan dochar do mhír 6, déanfar na comhaontuithe agus na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chur in iúl don Choimisiún lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an dáta a dtiocfaidh an cinneadh ábhartha i bhfeidhm a shonrú san fhoilseachán sin.

8.   Déanfar ábhar treorach maidir le bunú agus modhnú na mbloc feidhme aerspáis a fhorbairt faoin 4 Nollaig 2010 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rialachán.

9.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Nollaig 2011 agus i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann sula mbunófar agus sula modhnófar bloc feidhme aerspáis i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 9b

Comhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis

1.   D’fhonn bunú na mbloc feidhme aerspáis a éascú, féadfaidh an Coimisiún duine nádúrtha a ainmniú mar Chomhordaitheoir Chóras na mBloc Feidhme Aerspáis (an Comhordaitheoir). Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.

2.   Gan dochar d’Airteagal 9a(5) déanfaidh an Comhordaitheoir, arna iarraidh sin ag na Ballstáit uile lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ag na tríú tíortha atá páirteach sa bhloc feidhme aerspáis céanna, sárú deacrachtaí ina bpróiseas caibidlíochta a éascú d’fhonn dlús a chur le bunú na mbloc feidhme aerspáis. Gníomhóidh an Comhordaitheoir ar bhonn sainordaithe ó na Ballstáit go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ó thríú tíortha a bhfuil páirt á glacadh acu sa bhloc feidhme aerspáis céanna.

3.   Gníomhóidh an Comhordaitheoir go neamhchlaonta go háirithe maidir le Ballstáit, le tríú tíortha, leis an gCoimisiún agus leis na geallsealbhóirí.

4.   Ní nochtfaidh an Comhordaitheoir aon fhaisnéis a gheobhaidh sé nó sí le linn a fheidhm nó a feidhm a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha lena mbaineann, dó nó di déanamh amhlaidh.

5.   Tuairisceoidh an Comhordaitheoir don Choimisiún, do Choiste an Aerspáis Aonair agus do Pharlaimint na hEorpa gach trí mhí tar éis é nó í a ainmniú. Áireofar achoimre ar chaibidlíochtaí agus ar thorthaí na gcaibidlíochtaí sin sa tuarascáil.

6.   Rachaidh réimse freagrachta an Chomhordaitheora in éag nuair a shíneofar an comhaontú deiridh um bloic feidhme aerspáis ach tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012’;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

An caidreamh le húdaráis mhíleata

I gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar comhaontuithe i scríbhinn idir na húdaráis inniúla shibhialta agus na húdaráis inniúla mhíleata, nó socruithe dlíthiúla coibhéiseacha, a bhunú nó a athnuachan i ndáil le bainistiú na mbloc aerspáis sonrach.’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

‘3.   Nuair atá beart seirbhísí á sholáthar, déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na costais agus an t-ioncam a eascraíonn as na seirbhísí aerloingseoireachta a shainaithint agus a nochtadh agus miondealú déanta orthu i gcomhréir leis an scéim muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 14, agus, i gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhdhlúite a bhaineann le seirbhísí eile nach seirbhísí aerloingseoireachta iad, rud a cheanglófaí orthu a dhéanamh dá mba rud é, maidir leis na seirbhísí i dtrácht, gur ghnóthais ar leithligh a sholáthraigh iad.’;

8.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Ginearálta

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 15 agus Airteagal 16, fágfar, i ngeall ar an scéim muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, go mbeidh níos mó trédhearcachta ann agus muirir á socrú, á bhforchur agus á bhforfheidhmiú maidir le húsáideoirí aerspáis, agus fágfar go neartófar cost-éifeachtúlacht soláthair seirbhísí aerloingseoireachta agus éifeachtúlacht eitiltí, ach ag an am céanna coimeádfar an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir ar bun. Ina theannta sin, beidh an scéim seo comhsheasmhach le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus le córas Eurocontrol lena ngearrtar muirir faoi bhealach.’;

9.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘Airteagal 15

Prionsabail

1.   Beidh an scéim muirearaithe bunaithe ar chuntas na gcostas ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí chun tairbhe d’úsáideoirí aerspáis. Déanfar na costais sin a leithdháileadh tríd an scéim i measc catagóirí úsáideoirí.

2.   Cuirfear na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm nuair atá an bonn costais le haghaidh na muirear á bhunú:

(a)

is é a bheidh sa chostas a bheidh le roinnt idir na húsáideoirí aerspáis ná an costas a chinntear i leith soláthair seirbhísí aerloingseoireachta, lena n-áirítear suimeanna iomchuí le haghaidh úis ar infheistíocht chaipitiúil agus dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibriúcháin, bainistíochta agus riaracháin. Is é a bheidh sna costais a chinntear ná na costais sin a chinnfidh an Ballstát ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal bloc feidhme aerspáis ag tús na tréimhse tagartha do gach bliain féilire de chuid na tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 11 den chreat-Rialachán nó i rith na tréimhse tagartha, tar éis coigeartuithe iomchuí a dhéanamh lena ndéantar na sásraí foláirimh a leagtar amach in Airteagal 11 den chreat-Rialachán a chur i bhfeidhm;

(b)

is iad na costais atá le cur san áireamh sa chomhthéacs seo ná na costais a mheasúnófar i dtaca leis na saoráidí agus na seirbhísí dá bhforáiltear agus a chuirtear chun feidhme faoi Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa. Féadfaidh costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus/nó ag eintitis cháilithe a bheith san áireamh iontu freisin, chomh maith le costais eile arna dtabhú ag an mBallstát agus ag an soláthraí seirbhísí ábhartha i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta. Ní áireofar iontu costais na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 den chreat-Rialachán ná costais aon bheart ceartaitheach arna bhforchur ag na Ballstáit de réir Airteagal 11 den chreat-Rialachán;

(c)

i dtaca leis na bloic feidhme aerspáis agus mar chuid dá gcreat-chomhaontuithe faoi seach, déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí réasúnacha chun teacht ar chomhaontú faoi na prionsabail choiteanna maidir leis an mbeartas muirearaithe;

(d)

déanfar costas seirbhísí aerloingseoireachta éagsúla a shainaithint ar leithligh óna chéile, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 12(3);

(e)

ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt. Déanfar costais a bhaineann le seirbhísí críochfoirt agus seirbhísí faoi bhealach araon a leithdháileadh ar shlí chionmhar idir na seirbhísí faoi bhealach agus na seirbhísí críochfoirt ar bhonn modheolaíochta trédhearcaí. Ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin nuair atá údar maith leis ar chúiseanna oibiachtúla, ach sin faoi réir é a shainaithint go soiléir;

(f)

ráthófar trédhearcacht an bhoinn costais maidir le muirir. Déanfar rialacha cur chun feidhme maidir le soláthar faisnéise ag na soláthraithe seirbhísí a ghlacadh chun gur féidir athbhreithnithe a dhéanamh ar réamhaisnéisí, ar chostais iarbhir agus ar ioncam an tsoláthraí. Déanfar faisnéis a mhalartú go rialta idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta, soláthraithe seirbhísí, úsáideoirí aerspáis, an Coimisiún agus Eurocontrol.

3.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na prionsabail seo a leanas le linn muirir a shocrú i gcomhréir le mír 2:

(a)

socrófar na muirir maidir le hinfhaighteacht seirbhísí aerloingseoireachta faoi choinníollacha neamhidirdhealaitheacha. Nuair a dhéantar muirir a fhorchur ar usáideoirí aerspáis éagsúla chun an tseirbhís chéanna a úsáid, ní dhéanfar idirdhealú ar bith i ndáil le náisiúntacht nó catagóir an úsáideora;

(b)

féadfar díolmhú úsáideoirí áirithe, go háirithe aerárthaí éadroma agus aerárthaí Stáit, a cheadú ar choinníoll nach ngearrtar costas an diolmhaithe sin ar usáideoirí eile ina dhiaidh sin;

(c)

socrófar na muirir de réir bliana féilire ar bhonn na gcostas a chinnfear, nó féadfar iad a shocrú faoi na coinníollacha a bhunóidh na Ballstáit chun leibhéal uasta an ráta aonaid nó leibhéal uasta an ioncaim le haghaidh gach bliana thar thréimhse nach faide ná cúig bliana a chinneadh;

(d)

d’fhéadfadh ioncaim leordhóthanacha a bheith mar thoradh ar sheirbhísí aerloingseoireachta sa chruth go ngnóthófar fáltas réasúnach ar shócmhainní ar mhaithe leis na feabhsúcháin chaipitil is gá;

(e)

déanfar costas na seirbhísí aerloingseoireachta agus na n-áiseanna a chuirtear ar fáil d’usáideoirí aerspáis a léiriú sna muirir, agus acmhainní táirgíochta abhártha na n-aerárthaí éagsúla lena mbaineann á gcur san áireamh;

(f)

trí bhíthin muirear, cuirfear chun cinn soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus cost-éifeachtúlachta a bhaint amach chomh maith leis na spriocanna feidhmíochta a chomhlíonadh agus spreagfar soláthar seirbhíse comhtháite leo, agus tionchar comhshaoil na heitlíochta á laghdú ag an am céanna. Chuige sin, agus i dtaca leis na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó na pleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sásraí a chur ar bun, lena n-áirítear dreasachtaí arb éard atá iontu buntáistí agus míbhuntáistí airgeadais, d’fhonn soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus/nó úsáideoirí aerspáis a spreagadh chun tacú le feabhsúcháin ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, amhail acmhainn mhéadaithe, níos lú moilleanna agus forbairt inbhuanaithe, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir a choimeád ar bun ag an am céanna.

4.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe don Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.’;

10.

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 15a

Comhthionscadail

1.   Féadfaidh comhthionscadail a bheith ina gcabhair le cur chun feidhme rathúil an Mháistirphlean BAT. Beidh tionscadail den sórt sin ina dtacaíocht do chuspóirí an Rialacháin seo chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa i réimsí tábhachtacha amhail acmhainn agus éifeachtúlacht ó thaobh eitiltí agus costais de chomh maith le hinbhuanaitheacht comhshaoil, ag féachaint do na bunchuspóirí sábháilteachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, ábhar treorach a fhorbairt maidir leis an tslí ar féidir le tionscadail den sórt sin a bheith ina dtacaíocht do chur chun feidhme an Mháistirphlean BAT. Ní dhéanfaidh ábhar treorach den sórt sin dochar do na sásraí chun tionscadail den sórt sin a imlonnú i ndáil le bloic feidhme aerspáis, faoi mar a bheidh aontaithe ag na páirtithe sna bloic sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, comhthionscadail a bhunú le haghaidh feidhmeanna atá bainteach le gréasáin agus a bhfuil tábhacht ar leith leo maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta san Eoraip. Féadfar comhthionscadail den sórt sin a mheas mar thionscadail a bheidh cáilithe i gcomhair maoinithe Comhphobail laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil. Chuige sin, agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh i dtaobh an chaoi a n-úsáidfidh siad a gcuid acmhainní airgeadais, déanfaidh an Coimisiún anailís neamhspleách costais agus sochair chomh maith leis na comhairliúcháin iomchuí leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 10 den chreat-Rialachán, lena bhfiosrófar na meáin chuí go léir chun a n-imlonnú a mhaoiniú. Déanfar na costais cháilithe a ghabhann le himlonnú comhthionscadal a ghnóthú i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus an neamhidirdhealaithe.’;

11.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16 go hAirteagal 18:

‘Airteagal 16

Comhlíonadh a athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le hathbhreithniú leanúnach ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit. Féachfaidh an Coimisiún leis na sásraí is gá a bhunú d’fhonn úsáid a bhaint as saineolas Eurocontrol agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe in iúl do na Ballstáit, do Eurocontrol agus d’ionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis.

2.   Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó a mheasann nach ndearnadh na prionsabail agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm go cuí, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon líomhain nach bhfuiltear ag comhlíonadh nó ag cur i bhfeidhm na bprionsabal agus/nó na rialacha lena mbaineann. Gan dochar d’Airteagal 18(1), roinnfidh an Coimisiún torthaí an imscrúdaithe leis na Ballstáit, le Eurocontrol agus le hionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis. Laistigh de dhá mhí ó iarraidh a fháil, agus tar éis éisteacht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rrialachán, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh chur i bhfeidhm Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo agus i dtaobh an bhféadfar leanúint den chleachtas lena mbaineann.

3.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh, a mhéid atá an cinneadh bainteach go dlíthiúil leis an soláthraí sin. Féadfaidh aon Bhallstát cinneadh an Choimisiúin a tharchur chuig an gComhairle laistigh de mhí amháin. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh atá éagsúil leis an gcinneadh sin a dhéanamh laistigh de mhí amháin.

Airteagal 17

Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú chun forbairtí teicniúla nó oibríochtúla a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den chreat-Rialachán a úsáid.

Airteagal 18

Rúndacht

1.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, ná an Coimisiún, aon fhaisnéis de chineál rúnda, go háirithe faisnéis faoi sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, a gcaidreamh gnó nó a ngnéithe costais, a nochtadh.

2.   Beidh mír 1 gan dochar do cheart na n-údarás maoirseachta náisiúnta nó an Choimisiúin faisnéis a nochtadh i gcás ina mbeidh sé seo fíor-riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhall, agus sa chás sin beidh nochtadh den sórt sin comhréireach agus beidh aird aige ar leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, na n-úsáideoirí aerspáis, na n-aerfort nó na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ó thaobh chosaint a gcuid rún gnó de.

3.   Déanfar an fhaisnéis agus na sonraí a sholáthrófar de bhun na scéime muirearaithe dá dtagraítear in Airteagal 14 a nochtadh go poiblí.’;

12.

cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Airteagal 18a

Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún staidéar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012 ina ndéanfar meastóireacht ar na tionchair dlí, sábháilteachta, tionscail, eacnamaíochta agus sóisialta atá ag feidhmiú phrionsabail an mhargaidh ar sholáthar seirbhísí í réimse na cumarsáide, na loingseoireachta, an fhaireachais agus na faisnéise aerloingseoireachta, i gcomparáid le prionsabail eagraíochtúla atá ann cheana nó prionsabail eagraíochtúla malartacha agus aird á tabhairt ar fhorbairtí sna bloic feidhme aerspáis agus sa teicneolaíocht atá ar fáil.’;

13.

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘CEANGLAIS MAIDIR LE hEINTITIS CHÁILITHE’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Ní mór do na heintitis cháilithe:’.

Airteagal 3

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 mar a leanas:

1.

Scriostar Airteagal 2;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Réigiún Faisnéise Eitilte Uachtarach na hEorpa (RFEUE)

1.   Beidh sé mar aidhm ag an gComhphobal agus a chuid Ballstát go mbunóidh an ICAO RFEUE aonair agus go dtabharfar aitheantas dó. Chuige sin, i gcás nithe a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail, déanfaidh an Coimisiún moladh a chur faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh faoin 4 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.

2.   Ceapfar an RFEUE sa chruth go gcuimseofar an t-aerspás a thagann faoi inniúlacht na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 1(3) agus féadfar aerspás tríú tíortha Eorpacha a chuimsiú ann freisin.

3.   Beidh bunú an RFEUE gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit as soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú don aerspás atá faoina bhfreagracht i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le soláthar seirbhísí.

4.   Coinneoidh na Ballstáit a gcuid freagrachtaí i dtaca leis an ICAO laistigh de theorainneacha geografacha na réigiún faisnéise eitilte uachtaracha agus laistigh de na réigiúin faisnéise eitilte a thabharfaidh ICAO ar iontaoibh dóibh ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.’;

3.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 3a

Faisnéis leictreonach aerloingseoireachta

1.   Gan dochar d’fhaisnéis aerloingseoireachta arna foilsiú ag na Ballstáit agus ar shlí a bheidh comhsheasmach leis an bhfoilsiú sin, áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar le Eurocontrol, go mbeidh faisnéis ardchaighdeáin leictreonach aerloingseoireachta ar fáil agus go gcuirfear ar fáil ar bhealach comhchuibhithe í agus go bhfónfaidh sí do riachtanais na n-úsáideoirí ábhartha uile ó thaobh cháilíocht agus thráthúlacht na sonraí de.

2.   Chun críche mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go bhforbrófar bonneagar uile-Chomphobail i gcomhair faisnéise aerloingseoireachta i bhfoirm tairsí faisnéise comhtháite leictreonaí a mbeidh rochtain gan srian ag na geallsealbhóirí uirthi. Trí bhíthin an bhonneagair sin, comhtháthófar rochtain ar eilimintí de na sonraí a bheidh de dhíth agus soláthar na sonraí sin, eilimintí amhail faisnéis aerloingseoireachta, faisnéis ó oifig tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta (OTA), faisnéis mheitéareolaíochta agus faisnéis faoi bhainistíocht na sreibhe aerthráchta, ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin amháin;

(b)

tacóidh sé le nuachóiriú agus comhchuibhiú an tsoláthair faisnéise aerloingseoireachta, sa chiall is leithne, i ndlúthchomhar le Eurocontrol agus leis an ICAO.

3.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir leis an Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Rialacha an aeir agus aicmiú aerspáis

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

forálacha iomchuí i dtaca le rialacha an aeir a ghlacadh ar bhonn chaighdeáin ICAO agus cleachtas molta;

(b)

cur i bhfeidhm aicmiú aerspáis ICAO a chomhchuibhiú, fara oiriúnú iomchuí, d’fhonn seirbhísí aerthráchta sábháilte éifeachtúla a sholáthar ar bhealach rianúil laistigh den aerspás Eorpach aonair.’;

5.

scriostar Airteagal 5;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Bainistiú agus leagan amach an ghréasáin

1.   Trí bhíthin fheidhmeanna an ghréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) fágfar go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an aerspás agus áiritheofar go mbeidh úsáideoirí aerspáis in ann na roghabhealaí a oibriú, ach ag an am céanna ligean dóibh an rochtain is mó is féidir a bheith acu ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta. Beidh na feidhmeanna gréasáin sin dírithe ar thacú le tionscnaimh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis agus déanfar na tionscnaimh sin a fhorghníomhú ar shlí a urramóidh an deighilt idir cúraimí rialála agus cúraimí oibríochta.

2.   D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach agus gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát i leith na mbealaí náisiúnta agus na struchtúr aerspáis, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:

(a)

gréasán bealaí na hEorpa a leagan amach;

(b)

comhordú ar acmhainní tearca laistigh de na bandaí minicíochta eitlíochta a úsáideann an gnáth-aerthrácht, go háirithe minicíochtaí raidió mar aon le comhordú ar chóid trasfhreagróra radair.

Ní bheidh glacadh beart ceangailteach ag a bhfuil raon feidhme ginearálta ná feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leis na feidhmeanna a liostaítear sa chéad fhomhír. Beidh aird acu ar thograí a bhunófar ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis. Comhlíonfar iad i gcomhar le húdaráis mhíleata i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis.

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair agus ar comhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, na cúraimí a bheidh riachtanach maidir le forghníomhú na bhfeidhmeanna a liostaítear sa chéad fhomhír a thabhairt ar iontaoibh do Eurocontrol, nó do chomhlacht neamhchlaonta inniúil eile. Déanfar na cúraimí sin a fhorghníomhú ar bhealach neamhchlaonta cost-éifeachtúil agus cuirfear i gcrích thar ceann na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí iad. Beidh siad faoi réir rialachais chuí, lena n-aithnítear na cuntasachtaí ar leithligh i ndáil le soláthar seirbhísí agus rialáil seirbhísí, agus riachtanais an ghréasáin BAT ina iomláine á gcur san áireamh mar aon le rannpháirtíocht iomlán na n-úsáideoirí aerspáis agus na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta feidhmeanna atá i mír 2 tar éis comhairliúchán cuí a dhéanamh leis na geallsealbhóirí sa tionscal. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.

4.   Déanfar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo, cé is moite de na rialacha sin dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán. Leis na rialacha cur chun feidhme sin, díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

comhordú agus comhchuibhiú na bpróiseas agus na nósanna imeachta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bainistíochta ar mhinicíocht aerloingseoireachta, lena n-áirítear forbairt ar phrionsabail agus ar chritéir;

(b)

feidhm lárnach chun comhordú a dhéanamh ar shainaithint luath agus ar réiteach na riachtanas minicíochta sna bandaí a leithdháiltear ar an ngnáth-aerthrácht san Eoraip chun tacú le leagan amach agus oibriú ghréasán eitlíochta na hEorpa;

(c)

feidhmeanna greasáin breise faoi mar a shainítear sa Mháistirphlean BAT iad;

(d)

socruithe mionsonraithe le haghaidh cinnteoireachta comhoibrithí idir na Ballstáit, na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhm bainistíochta an ghréasáin maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 2;

(e)

socruithe le haghaidh comhairliúcháin idir na geallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa araon; agus

(f)

laistigh den speictream raidió a leithdháileann an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide ar an ngnáth-aerthrácht, deighilt ar na cúraimí agus na freagrachtaí idir feidhm bhainistíochta an ghréasáin agus na bainisteoirí minicíochta náisiúnta, á áirithiú go leanfaidh na feidhmeanna náisiúnta bainistíochta minicíochta de na cúraimí bainistíochta minicíochta nach bhfuil aon tionchar acu ar an ngréasán a chomhlíonadh. I dtaca leis na cásanna sin lena ngabhann tionchar ar an ngréasán, comhoibreoidh na bainisteoirí minicíochta náisiúnta leo sin atá freagrach as an bhfeidhm bainistíochta gréasáin d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na minicíochtaí.

5.   Is ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis a dhéileálfar le gnéithe de leagan amach an aerspáis seachas na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2. Sa phróiseas leagain amach cuirfear éilimh thráchta agus castacht san áireamh, mar aon le pleananna feidhmíochta bloc aerspáis náisiúnta nó pleananna feidhmíochta bloc feidhme aerspáis, agus áireofar ann lán-chomhairliúchán leis na húsáideoirí aerspáis ábhartha nó leis na grúpaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí aerspáis chomh maith leis na húdaráis mhíleata de réir mar is iomchuí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit feidhmiú bhainistíocht na sreibhe aerthráchta ar iontaoibh do Eurocontrol nó do chomhlacht neamhchlaonta inniúil eile, ach sin faoi réir socruithe maoirseachta iomchuí.

7.   Déanfar na rialacha cur chun feidhme do bhainistíocht na sreibhe aerthráchta, lena n-áirítear na socruithe maoirseachta is gá, a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rialachán agus arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil ó thaobh úsáid aerspáis de agus feabhas a chur ar phróisis bhainistíochta na sreibhe aerthráchta. Beidh na rialacha sin bunaithe ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht, á áirithiú go gcuirfear an acmhainn ar fáil ar mhodh solúbtha tráthúil atá comhsheasmhach le moltaí Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa.

8.   Tacóidh na rialacha cur chun feidhme do bhainistíocht na sreibhe aerthráchta le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh soláthraithe seribhísí aerthráchta, oibreoirí aerfoirt agus úsáideoirí aerspáis agus clúdóidh siad na réimsí seo a leanas:

(a)

pleanáil eitiltí;

(b)

úsáid na hacmhainneachta aerspáis atá ar fáil le linn gach staid den eitilt, lena n-áirítear sliotáin a shannadh; agus

(c)

úsáid a bhaint as ródúchán i ngnáth-aerthrácht, lena n-áirítear

foilseachán aonair a chruthú le haghaidh treoraíocht bhealaí agus tráchta,

roghanna chun an gnáth-aethrácht a athstiúrú ó limistéir phlódaithe, agus

rialacha tosaíochta maidir le rochtain ar aerspás don ghnáth-aerthrácht, go háirithe i rith tréimhsí plódúcháin agus géarchéime.

9.   Le linn na rialacha cur chun feidhme a fhorbairt agus a ghlacadh, beidh aird ag an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do shábháilteacht, ar an gcomhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus ar an gcomhordú is gá le réigiúin chomharsanacha.’;

7.

scriostar Airteagal 9.

Airteagal 4

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 mar a leanas:

1.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 6a

Modh eile chun comhlíonadh a fhíorú

Chun críocha Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, measfar, maidir le deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (15), i gcás ina bhfuil feidhm aige maidir le comhdhamhnaí nó córais, gurb ionann é agus dearbhú CE maidir le comhsheasmhacht nó oiriúnacht úsáide, nó gurb ionann é agus dearbhú fíorúcháin CE, má léirítear leis go gcomhlíonann sé ceanglais bhunriachtanacha an Rialacháin seo agus na rialacha ábhartha cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht.

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

Maidir le bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú chun forbairtí teicniúla nó oibríochtúla a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den chreat-Rialachán.’;

3.

in Airteagal 10, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit a dhearbhú go gcomhlíonann córais agus comhdhamhnaí an EATMN na ceanglais bhunriachtanacha agus go bhfuil siad díolmhaithe ó fhorálacha Airteagal 5 agus Airteagal 6.’;

4.

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 2,

‘Trí bhíthin EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, tacófar, ar bhonn comhordaithe, le coincheapa nua oibríochtúla ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, ar coincheapa iad lena bhfeabhsaítear cáilíocht, inbhuanaitheacht agus éifeachtacht na seirbhísí aerloingseoireachta, go háirithe ó thaobh sábháilteachta agus acmhainne de.’;

(b)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 3.1.2:

‘Trí bhíthin córas próiseála do shonraí eitilte, éascófar cur chun feidhme forásach na n-ardchoincheap oibríochta ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna uile de chuid eitilte, faoi mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.2:

‘3.2.2.

Tacú le coincheapa nua oibríochta

Trí bhíthin córas próiseála sonraí faireachais, éascófar cur ar fáil forásach foinsí nua faisnéise faireachais ar shlí a fhágann go bhfeabhsófar cáilíocht fhoriomlán na seirbhísí, go háirithe mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2:

‘4.2.

Tacú le coincheapa nua oibríochta

Trí bhíthin corás cumarsáide, tacófar le cur chun feidhme ardchoincheap oibríochta ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna uile de chuid eitilte, go háirithe mar a shamhlaítear sa Mháistirphlean BAT.’;

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(2) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, ón dáta a shonraítear ina rialacha cur chun feidhme faoi seach ach tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 182, 4.8.2009, lch. 50.

(2)  IO C 120, 28.5.2009, lch. 52.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2009.

(4)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(5)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.

(6)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

(7)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

(8)  IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

(9)  Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 maidir le Coistí um Agallamh Earnálach a bhunú lena gcuirtear an tAgallamh idir na comhpháirtithe sóisialta ar aghaidh ar leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lch. 27).

(10)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)  IO L 95, 9.4.2009, lch. 41.

(13)  IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.’;

(14)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.’.

(15)  IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.’;


14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/51


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1071/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 71(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun margadh inmheánach iompair de bhóthar faoi choinníollacha córa iomaíochta a thabhairt i gcrích, ní mór rialacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar nó i ngairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar, (‘gairm an oibreora iompair de bhóthar’). Cuideoidh na rialacha comhchoiteanna sin le leibhéal cáilíochta gairmiúla níos airde a bhaint amach d’oibreoirí iompair de bhóthar, le cuíchóiriú an mhargaidh agus le feabhsú cháilíocht na seirbhíse a thugtar, chun leasa oibreoirí iompair de bhóthar, a gcustaiméirí agus an gheilleagair tríd is tríd, agus cuideoidh siad le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Déanfaidh siad feidhmiú éifeachtach cheart bunaíochta na n-oibreoirí iompair de bhóthar a éascú freisin.

(2)

Le Treoir 96/26/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le hoibreoirí a ligean isteach i ngairm an oibreora tarlaithe de bhóthar agus i ngairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar agus maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dhioplómaí, do dheimhnithe agus do chruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla atá ceaptha chun feidhmiú na saoirse bunaíochta in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta a éascú do na hoibreoirí sin (4), leagtar síos coinníollacha íosta lena rialaítear glacadh le daoine i ngairm an oibreora iompair de bhóthar mar aon le coinníollacha íosta maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do na doiciméid a éilítear i ndáil leis sin. Léiríonn an taithí, measúnú tionchair agus staidéir éagsúla, áfach, go bhfuil an Treoir sin á cur i bhfeidhm go neamhréireach ag na Ballstáit. Is iomaí iarmhairt dhiúltach a eascraíonn as na difríochtaí sin, go háirithe saobhadh iomaíochta, easpa trédhearcachta sa mhargadh, agus easpa aonfhoirmeachta maidir le faireachán, chomh maith leis an mbaol go mbeadh gnóthais a fhostaíonn foireann a bhfuil leibhéal íseal cáilíochta gairmiúla acu faillíoch nó gur lú a chomhlíonfaidís rialacha maidir le sábháilteacht bóthair agus rialacha maidir le leas shóisialach, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’íomhá na hearnála.

(3)

Is diúltaí fós na hiarmhairtí sin sa mhéid go bhféadfaidís cur isteach ar oibriú réidh an mhargaidh inmheánaigh iompair de bhóthar, ó tharla rochtain oscailte a bheith ag gnóthais ar fud an Chomhphobail ar an margadh in iompar idirnáisiúnta earraí agus in oibríochtaí cabatáiste áirithe. Is é an t-aon choinníoll a fhorchuirtear ar na gnóthais sin go mbeadh ceadúnas Comhphobail acu, ceadúnas is féidir leo a fháil ach na coinníollacha a chomhlíonadh maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora de bhóthar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (5) + agus i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus (6).

(4)

Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacha atá ann cheana maidir le daoine a ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar a nuachóiriú d’fhonn a áirithiú go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach a bheadh níos aonfhoirmí agus níos éifeachtaí. Ós rud é gurb é comhlíonadh na rialacha sin an príomhchoinníoll lena rialaítear rochtain ar mhargadh an Chomhphobail agus toisc gurb iad na Rialacháin na hionstraimí Comhphobail atá infheidhme sa réimse sin, is dealraitheach gur Rialachán an ionstraim is iomchuí chun glacadh le daoine i ngairm an oibreora de bhóthar a rialú.

(5)

Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh a oiriúnú chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh, mar gheall ar shaintréithe speisialta na réigiún sin agus na srianta speisialta atá orthu. Níor cheart, áfach, go bhféadfadh na gnóthais a bunaíodh sna réigiúin sin ceadúnas Comhphobail a fháil mura gcomhlíonann siad na coinníollacha chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh ach mar thoradh ar an oiriúnú sin. Níor cheart go mbeadh oiriúnú na gcoinníollacha chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh ina bhac ar ghnóthais a ligfí isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo chun go bhféadfaidís oibríochtaí iompair a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí.

(6)

Ar mhaithe leis an iomaíocht chóir, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha comhchoiteanna lena rialaítear cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar maidir le gach gnóthas a mhéid is féidir. Ní gá, áfach, go n-áireofaí le raon feidhme an Rialachán seo gnóthais nach ndéanann ach oibríochtaí iompair ar fíorbheag an tionchar atá acu ar an margadh iompair.

(7)

Ba cheart gurbh ar an mBallstát bunaíochta a bheadh an fhreagracht a fhíorú go gcomhlíonann gnóthas i gcónaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo ionas go bhféadfadh údaráis inniúla an Bhallstáit sin cinneadh a dhéanamh, dá mba ghá, na húdaruithe lena gceadaítear don ghnóthas sin oibriú sa mhargadh a fhionraí nó a tharraingt siar. Caithfidh bunaíocht éifeachtach chobhsaí a bheith ag gnóthais i dtosach chun go gcomhlíonfar go cuí na coinníollacha lena rialaítear glacadh le gnóthais i ngairm an oibreora iompair de bhóthar go cuí agus chun go bhféadfar faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach iontaofa.

(8)

Ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil an dea-cháil is gá orthu agus a bhfuil an inniúlacht ghairmiúil is gá acu a shainaithint go soiléir agus iad a ainmniú do na húdaráis inniúla. Ba cheart do na daoine sin (na bainisteoirí iompair) a bheith ina gcónaí i mBallstát agus ba cheart dóibh gníomhaíochtaí iompair na ngnóthas iompair de bhóthar a bhainistiú ar bhonn éifeachtach, leanúnach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na coinníollacha a shonrú faoina measfar go bhfuil duine ag bainistiú gníomhaíochtaí iompair gnóthais ar bhonn éifeachtach, leanúnach.

(9)

Tá dea-cháil bainisteoirí iompair ag brath ar an gcoinníoll nach bhfuarthas ciontach i gcion coiriúil tromchúiseach iad nó nár thabhaigh siad pionós mar gheall ar shárú tromchúiseach, go háirithe, ar rialacha Comhphobail a bhaineann le hiompar de bhóthar. Maidir le hionchúiseamh nó le pionós a thabhaigh bainisteoir iompair de bhóthar nó gnóthas iompair de bhóthar i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar na sáruithe is tromchúisí ar rialacha Comhphobail, ba cheart go gcaillfí dea-cháil mar thoradh air sin ar choinníoll go bhfionnfadh an t-údarás inniúil gur tharla nós imeachta imscrúdaithe a cuireadh i gcrích agus a doiciméadaíodh go cuí, lenar deonaíodh cearta riachtanacha nós imeachta, sula ndearna sé a chinneadh críochnaitheach, agus gur urramaíodh cearta iomchuí achomhairc.

(10)

Is gá go mbeadh leibhéal íosta seasaimh airgeadais ag gnóthais iompair de bhóthar chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a chur ar bun agus a riar mar is ceart. Féadfaidh sé gur modh simplí, cost-éifeachtúil chun seasamh airgeadais na ngnóthas a léiriú é ráthaíocht bhainc nó árachas dliteanais ghairmiúil.

(11)

Ba cheart go ndéanfadh ardleibhéal cáilíochta gairmiúla éifeachtúlacht shocheacnamaíoch na hearnála iompair de bhóthar a fheabhsú. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeadh ardchaighdeán faisnéise gairmiúla ag iarratasóirí ar phoist mar bhainisteoirí iompair. D’fhonn tuilleadh aonfhoirmeachta a áirithiú sna scrúduithe agus d’fhonn ardchaighdeán oiliúna a chur chun cinn, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfadh na Ballstáit ionaid scrúdaithe agus oiliúna a údarú, de réir critéar a shaineoidh siad féin. Ba cheart go mbeadh an t-eolas is gá ag na bainisteoirí iompair chun oibríochtaí iompair náisiúnta agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta araon a bhainistiú. Is dóigh go n-athróidh liosta na n-ábhar a bhfuil eolas orthu ag teastáil chun deimhniú inniúlachta gairmiúla a fháil, mar aon leis na nósanna imeachta maidir le heagrú na scrúduithe, bonn ar bhonn leis an dul chun cinn teicniúil, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir lena dtabhairt cothrom le dáta. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit daoine a dhíolmhú ó na scrúduithe ar féidir leo cruthúnas a sholáthar go bhfuil taithí leanúnach acu i mbainistiú gníomhaíochtaí iompair.

(12)

Éilíonn an iomaíocht chóir agus córas iompair de bhóthar a chomhlíonann na rialacha go hiomlán go mbeadh an faireacháin a dhéanfadh na Ballstáit ar leibhéal aonfhoirmeach. Maidir leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghnóthais agus ar bhailíocht a n-údaruithe, tá ról fíorthábhachtach acu maidir leis sin agus is iomchuí a áirithiú go ndéanfaidís bearta cuí a ghlacadh más gá, go háirithe sna cásanna is tromchúisí trí údaruithe a fhionraí nó a tharraingt siar, nó trí mhí-oiriúnacht bainisteoirí iompair a bhíonn faillíoch arís agus arís eile nó a bhíonn ag gníomhú de mheon mímhacánta a dhearbhú. Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, caithfear an beart a bhreithniú go cuí i ndáil le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart fógra roimh ré a thabhairt don ghnóthas, áfach, agus ba cheart tréimhse ama réasúnta a thabhairt dó chun an staid a chur ina ceart sula dtabhfaidís na pionóis sin.

(13)

Chuirfeadh comhar riaracháin níos fearr idir Ballstáit feabhas ar éifeachtacht an fhaireacháin a dhéantar ar na gnóthais a bhíonn ag oibriú i roinnt Ballstát agus laghdódh sé na costais riaracháin sa todhchaí. Dhéanfadh cláir leictreonacha gnóthas a d’idirnascfaí ar fud an Chomhphobail, lena gcomhlíontar rialacha an Chomhphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta, an comhar sin a éascú agus an costas a bhaineann le rialuithe a laghdú do na gnóthais agus do na riaracháin araon. Tá cláir leictreonacha náisiúnta ann cheana féin i roinnt Ballstát. Bunaíodh bonneagar freisin d’fhonn an t-idirnasc idir Ballstáit a chur ar aghaidh. D’fhéadfaí, dá bharr sin, go gcuirfeadh úsáid níos córasaí na gclár leictreonach go mór le laghdú na gcostas riaracháin a bhaineann le seiceálacha agus sa tslí chéanna dhéanfaí a n-éifeachtacht a fheabhsú.

(14)

Is sonraí pearsanta iad roinnt de na sonraí atá sna cláir leictreonacha náisiúnta a bhaineann le sáruithe agus le pionóis. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7), go háirithe i dtaca le faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí, le ceart na ndaoine a mbaineann na sonraí leo chun faisnéise, lena gceart rochtana agus lena gceart agóide. Chun críocha an Rialacháin seo, dealraíonn sé gur gá na sonraí sin a choinneáil ar feadh dhá bhliain ar a laghad chun a áirithiú nach ndéanfadh gnóthais dhícháilithe iad féin a bhunú i mBallstáit eile.

(15)

D’fhonn cur leis an trédhearcacht agus d’fhonn a cheadú do chliant gnóthais iompair a fhíorú go bhfuil an t-údarú iomchuí i seilbh an ghnóthais sin, ba cheart go mbeadh rochtain phoiblí ar shonraí áirithe atá sa chlár leictreonach náisiúnta a mhéid a chomhlíontar na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí.

(16)

Tá sé riachtanach cláir leictreonacha náisiúnta a idirnascadh de réir a chéile chun malartú tapa éifeachtúil faisnéise idir Ballstáit a chumasú agus chun a áirithiú nach gcuirfí cathú ar oibreoirí iompair de bhóthar sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh i mBallstáit eile seachas a mBallstát bunaíochta nó chun nach rachadh siad san amhantar lena ndéanamh. Éilíonn idirnascadh den sórt sin go saineofaí go comhpháirteach formáid shonrach na sonraí a bheidh le malartú agus na nósanna imeachta teicniúla chun na sonraí sin a mhalartú.

(17)

D’fhonn malartú faisnéise éifeachtúil idir Ballstáit a áirithiú, ba cheart pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú agus ba cheart nósanna imeachta comhchoiteanna áirithe a bhaineann ar a laghad le teorainneacha ama agus le cineál na faisnéise a bheidh le cur ar aghaidh a shonrú.

(18)

D’fhonn saoirse bunaíochta a éascú, ba cheart go nglacfaí le doiciméid iomchuí arna eisiúint ag údarás inniúil sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair mar chruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil chun críche ligean isteach don ghairm an oibreora iompair de bhóthar sa Bhallstát bunaíochta, ar choinníoll nár dearbhaíodh go raibh na daoine lena mbaineann mí-oiriúnach chun an ghairm sin a chleachtadh i mBallstáit eile.

(19)

Maidir le hinniúlacht ghairmiúil, d’fhonn saoirse bunaíochta a éascú, ba cheart don Bhallstát bunaíochta a mheas gur cruthúnas leordhóthanach é deimhniú eiseamláireach aonair a eiseofar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(20)

Is gá faireachán níos géire a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar leibhéal an Chomhphobail. Ciallaíonn an méid sin go gcaithfear tuarascálacha tráthrialta maidir le dea-cháil, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil gnóthas in earnáil an iompair de bhóthar, a tharraingeofar suas ar bhonn clár náisiúnta, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(21)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit foráil do phionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(22)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nuachóiriú na rialacha lena rialaítear gnóthas a ligean isteach do ghairm an oibreora iompair de bhóthar d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí agus níos inchomparáide sna Ballstáit, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(24)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta a tharraingt suas de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise na sáruithe a chuirfeadh faoi deara go gcaillfeadh oibreoirí iompair de bhóthar dea-cháil, Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil i dtaobh an eolais a bheidh le cur san áireamh chun go dtabharfadh na Ballstáit aitheantas don inniúlacht ghairmiúil, agus i ndáil le múnla an deimhnithe inniúlachta gairmiúla, agus liosta a tharraingt suas de na sáruithe a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá ndeasca, de bhreis ar na sáruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(25)

Ba cheart Treoir 96/26/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Rialaítear leis an Rialachán seo gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar agus cleachtadh na gairme sin.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais go léir atá bunaithe sa Chomhphobal agus atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Beidh feidhm aige freisin maidir le gnóthais a bhfuil rún acu gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Áireofar i dtagairtí do ghnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar, de réir mar is iomchuí, tagairt do ghnóthais a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do na hoibríochtaí sin.

3.   Maidir leis na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann oiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh, sa mhéid go ndéantar na hoibríochtaí a chur i gcrích go hiomlán sna réigiúin sin go hiomlán.

4.   De mhaolú ar mhír 2, mura bhforáltar a mhalairt sa dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gnóthais seo a leanas:

(a)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna. Féadfaidh na Ballstáit an tairseach sin a ísliú, áfach, do gach catagóir oibríochtaí iompair de bhóthar nó do chuid díobh;

(b)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar chun críocha neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar;

(c)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar ach trí bhíthin mótarfheithiclí nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 40 km/u.

5.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit díolúine ó chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, nó ó chuid díobh, a thabhairt ach d’oibreoirí iompair de bhóthar a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta nach bhfuil ach tionchar fíorbheag acu ar mhargadh an iompair mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a)

cineál na n-earraí a iompraítear; nó

(b)

giorracht na n-achar atá i gceist.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar’, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann earraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, trí bhíthin mótarfheithiclí nó trí bhíthin cónasc feithiclí;

2.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar’, gníomhaíocht aon ghnóthais a dhéanann, trí úsáid a bhaint as mótarfheithiclí a thógtar agus a fheistítear le bheith oiriúnach chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha chun na críche sin, seirbhísí iompair do phaisinéirí a chur ar fáil don phobal nó do chatagóirí áirithe úsáideoirí ar íocaíocht ón duine atá á iompar nó ó eagraí an iompair;

3.

ciallaíonn ‘gairm an oibreora iompair de bhóthar’, gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar nó gairm an oibreora tarlaithe de bhóthar;

4.

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine gan pearsantacht dhlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó bíodh sé ag brath ar údarás a bhfuil an phearsantacht sin aige, atá ag gabháil d’iompar paisinéirí, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lastais chun críocha tráchtála;

5.

ciallaíonn ‘bainisteoir iompair’, duine nádúrtha atá fostaithe ag gnóthas nó, i gcás inar duine nádúrtha an gnóthas sin, an duine sin nó, i gcás inar foráladh amhlaidh, duine nádúrtha eile atá ainmnithe ag an ngnóthas trí mheán conartha, agus a stiúrann gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais sin ar mhodh éifeachtach, buan;

6.

ciallaíonn ‘údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh’ cinneadh riaracháin lena n-údaraítear do ghnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh;

7.

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát a fhíoraíonn, chun críche cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a údarú, an gcomhlíonann gnóthas na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dtugtar de chumhacht dó údarú gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a dheonú, a fhionraí nó a tharraingt siar;

8.

ciallaíonn ‘Ballstát bunaíochta’, an Ballstát ina bhfuil gnóthas bunaithe, beag beann ar cibé acu an ó thír eile atá a thionscnamh ag a bhainisteoir iompair nó nach ea.

Airteagal 3

Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar

1.   Caithfidh gnóthais a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar:

(a)

a bheith bunaithe go héifeachtach agus go cobhsaí i mBallstát;

(b)

dea-cháil a bheith acu;

(c)

seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu; agus

(d)

an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceanglais fhorlíontacha bhreise a fhorchur, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh ar ghnóthais a chomhlíonadh chun go n-údarófar dóibh gabháil de ghairm an oibreora iompair de bhóthar.

Airteagal 4

Bainisteoir iompair

1.   Ainmneoidh gnóthas a ghabhann do ghairm an oibreora iompair de bhóthar duine nádúrtha amháin ar a laghad, an bainisteoir iompair, ar duine é a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) agus (d) agus a chomhlíonfaidh freisin na ceanglais seo a leanas:

(a)

bainisteoidh sé gníomhaíochtaí iompair an ghnóthais go héifeachtach agus go leanúnach;

(b)

beidh nasc dílis aige leis an ngnóthas, amhail a bheith ina fhostaí aige, ina stiúrthóir air nó ina scairshealbhóir ann, nó a bheith á riar, nó, más duine nádúrtha é an gnóthas, is eisean an duine sin; agus

(c)

beidh cónaí air sa Chomhphobal.

2.   Mura gcomhlíonfaidh gnóthas an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d), féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt dó gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar gan bainisteoir iompair a bheidh ainmnithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(a)

go ndéanfaidh an gnóthas duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Chomhphobal a ainmniú, ar duine é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) agus (d), agus atá i dteideal faoi chonradh cúraimí bainisteora iompair a fheidhmiú thar ceann an ghnóthais;

(b)

go ndéanfaidh an conradh a nascfaidh an gnóthas leis an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a bheidh le déanamh ar bhonn éifeachtach, leanúnach ag an duine sin a shonrú, agus go léireoidh sé a fhreagrachtaí mar bhainisteoir iompair. Is iad na cúraimí a bheidh le sonrú go háirithe cúraimí a bhaineann le seirbhísiú agus le cothabháil na bhfeithiclí, conarthaí agus doiciméid iompair a fhíorú, cuntasaíocht bhunúsach, ualaí nó seirbhísí a shannadh do thiománaithe agus d’fheithiclí, agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht a fhíorú;

(c)

go bhféadfaidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a), ina cháil mar bhainisteoir iompair, gníomhaíochtaí iompair suas le ceithre ghnóthas éagsúla, ar a mhéid, a bhainistiú, agus flít iomlán nach mó ná 50 feithicil eatarthu acu. Féadfaidh na Ballstáit líon na ngnóthas a laghdú agus/nó méid fhlít iomlán feithiclí a d’fhéadfadh an duine sin a bhainistiú a laghdú; agus

(d)

go bhfeidhmeoidh an duine dá dtagraítear i bpointe (a) na cúraimí a shonraítear ar mhaithe leis an ngnóthas amháin agus go bhfeidhmeoidh sé a fhreagrachtaí go neamhspleách ar aon ghnóthais eile a éileoidh go gcuirfeadh an gnóthas oibríochtaí iompair i gcrích.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar bainisteoir iompair a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 a ainmniú i gcomhréir le mír 2 freisin, nó nach n-ainmneofar é ach i leith líon teoranta gnóthas nó i leith flít feithiclí is lú ná iad sin dá dtagraítear i mír 2(c).

4.   Tabharfaidh an gnóthas fógra don údarás inniúil faoin mbainisteoir iompair nó faoi na bainisteoirí iompair a ainmneofar.

CAIBIDIL II

NA COINNÍOLLACHA ATÁ LE COMHLÍONADH CHUN NA CEANGLAIS A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 3 A SHÁSAMH

Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(a) a chomhlíonadh,

(a)

beidh bunaíocht ag an ngnóthas a bheidh suite sa Bhallstát lena mbaineann maille le háitreabh ina gcoimeádfaidh sé a phríomhdhoiciméid ghnó, go háirithe a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le ham tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na gnóthais a bheidh ar a gcríoch doiciméid eile a bheith ar fáil freisin ar a n-áitreabh i gcónaí;

(b)

a luaithe a dheonófar údarú don ghnóthas, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht ar shlí eile i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ar fáil aige sa Bhallstát sin, cibé acu ar lánúinéireacht atá na feithiclí sin nó, mar shampla, ar feithiclí iad a choimeádtar faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;

(c)

sa Bhallstát lena mbaineann, déanfaidh an gnóthas a oibríochtaí a bhaineann leis an feithiclí a luaitear i bpointe (b) ar mhodh éifeachtach, leanúnach agus leis an trealamh riaracháin agus leis na saoráidí riaracháin is gá, ag lárionad oibríochta a bheidh suite sa Bhallstát sin.

Airteagal 6

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil

1.   Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cinnfidh na Ballstáit na coinníollacha a chaithfidh gnóthais agus bainisteoirí iompair a chomhlíonadh d’fhonn an ceanglas maidir le dea-cháil a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) a shásamh.

Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag gnóthas, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, do phionóis nó do sháruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.

Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

ní bheidh aon chúiseanna láidre ann amhras a bheith ann maidir le dea-cháil an bhainisteora iompair nó le dea-cháil an ghnóthais iompair, amhail ciontuithe nó pionóis mar gheall ar shárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas:

(i)

an dlí tráchtála;

(ii)

dlí na dócmhainneachta;

(iii)

coinníollacha pá agus fostaíochta na gairme;

(iv)

trácht ar bhóithre;

(v)

dliteanas gairmiúil;

(vi)

gáinneáil ar dhaoine nó ar dhrugaí; agus

(b)

ní dhearnadh an bainisteoir iompair ná an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach ná níor thabhaigh siad pionós i mBallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin maidir le sárú tromchúiseach ar rialacha an Chomhphobail a bhaineann go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(i)

am tiomána agus tréimhsí sosa na dtiománaithe, am oibre agus suiteáil agus úsáid trealaimh taifeadta;

(ii)

meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí tráchtála a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta;

(iii)

buncháilíocht agus oiliúint leanúnach na dtiománaithe;

(iv)

ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, lena n-áirítear an chigireacht theicniúil bhliantúil éigeantach ar mhótarfheithiclí;

(v)

rochtain ar mhargadh an tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar nó, de réir mar is iomchuí, rochtain ar mhargadh an iompair phaisinéirí de bhóthar;

(vi)

sábháilteacht maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar;

(vii)

suiteáil agus úsáid feistí teorannaithe luais i gcatagóirí áirithe feithiclí;

(viii)

na ceadúnais tiomána;

(ix)

ligean isteach sa ghairm;

(x)

iompar ainmhithe.

2.   Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1:

(a)

i gcás ina ndéanfar an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás ina dtabhóidh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Chomhphobail, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta nós imeachta riaracháin a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil agus a chríochnófar mar is cóir, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

Cinnfear leis an nós imeachta an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

Má shuíonn an t-údarás inniúil gur freagairt dhíréireach a bheadh ann dea-cháil a chailliúint, féadfaidh sé a chinneadh nach ndéanfaí difear don dea-cháil. Sa chás sin, taifeadfar na cúiseanna sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

Má mheasann an t-údarás inniúil nach freagairt dhíréireach a bheadh ann dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis;

(b)

tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Chomhphobail, chomh maith leis na sáruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, a bhféadfaí dea-cháil a chailliúint dá mbarr. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena n-airítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus a bhainfidh leis an liosta sin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(i)

na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

(ii)

leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú; agus

(iii)

an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, tríd an líon tiománaithe a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair a chur san áireamh.

3.   Ní chomhlíonfar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(b) go dtí go dtarlóidh beart athshlánúcháin nó aon bheart comhéifeachta eile, de bhun fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta.

Airteagal 7

Coinníollacha a bhaineann leis na gceanglas maidir le seasamh airgeadais

1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(c) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh tráth ar bith i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Chuige sin, taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí aige arb é EUR 9 000, ar a laghad, a móriomlán nuair nach n-úsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 5 000 gach bliain do gach feithicil bhreise arna úsáid.

Chun críoch an Rialacháin seo, socrófar luach an euro gach bliain in airgeadraí na mBallstát nach nglacann páirt sa triú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Is iad na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm na rátaí a gheofar an chéad lá oibre de Dheireadh Fómhair agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht acu ón 1 Eanáir an bhliain féilire dár gcionn.

Tuigfear gurb iad na hítimí cuntasaíochta a shainmhínítear sa Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí na hítimí cuntasaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír (9).

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a éileamh go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail rathaíocht bhainc nó árachas, lena n-áirítear árachas dliteanais ghairmiúil ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúid airgeadais eile amháin nó níos mó ná institiúid airgeadais eile amháin, lena n-áirítear cuideachtaí árachais, a mbíonn ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach á cur ar fáil acu don ghnóthas i leith na méideanna a shonraítear sa chéad fhomhír de mhír 1.

3.   Maidir leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, nó maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 2, agus a chaithfear a fhíorú, is cuntais iad nó is ráthaíocht í de chuid an eintitis eacnamaíoch a bunaíodh sa Bhallstáit inar iarradh údarú agus ní cuntais ná ráthaíocht iad de chuid aon eintitis eile a bunaíodh in aon Bhallstát eile.

Airteagal 8

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil

1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(d) a chomhlíonadh, beidh eolas ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann a fhreagróidh don leibhéal dá bhforáiltear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I sna hábhair a liostaítear inti. Is trí scrúdú scríofa éigeantach a thaispeánfar an t-eolas sin agus féadfar an scrúdú scríofa a fhorlíonadh le scrúdú béil, má chinneann Ballstát amhlaidh. Eagrófar na scrúduithe sin i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn I. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tréimhse oiliúna a fhorchur roimh an scrúdú.

2.   Déanfaidh na daoine lena mbaineann an scrúdú sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu nó sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ar ann is iondúil a bhíonn duine ag cur faoi, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá gach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil an duine sin ag cur faoi.

Gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus a chónaíonn, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní cheanglófar an coinníoll dheireanach sin a leagan síos i gcás ina mbeidh an duine ina chónaí i mBallstát d’fhonn tasc a chur i gcrích a bhfuil ré chinnte ag baint leis. Ní thabharfar le tuiscint go mbeidh athrú gnáthchónaí i gceist toisc duine a bheith ag freastal ar ollscoil nó ar scoil.

3.   Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí atá údaraithe go cuí chuige sin ag Ballstát i gcomhréir leis na gcritéar a shainmhíneoidh sé féin, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na scrúduithe scríofa agus na scrúduithe béil dá dtagraítear i mír 1 a eagrú agus a dheimhniú. Fíoróidh na Ballstáit go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha faoina n-eagraíonn na húdaráis nó na comhlachtaí sin na scrúduithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

4.   Féadfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le critéir a shaineoidh na Ballstáit údarú a thabhairt do chomhlachtaí inniúla, chun oiliúint d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’iarratasóirí chun iad a ullmhú do na scrúduithe mar aon le hoiliúint leanúnach chun go bhféadfaidh bainisteoirí iompair ar mian leo sin a gcuid eolais a thabhairt cothrom le dáta. Fíoróidh na Ballstáit sin go tráthrialta an bhfuil na critéir ba bhun lena n-údarú á gcomhlíonadh i gcónaí ag na comhlachtaí sin.

5.   Féadfaidh na Ballstát oiliúint thréimhsiúil ar na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn ag eatraimh 10 mbliana lena áirithiú go mbeidh na bainisteoirí iompair ar an eolas faoi fhorbairtí san earnáil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal maidir le daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu ach nach ndearna bainistiú ar ghnóthas tarlaithe de bhóthar ná ar ghnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar le cúig bliana anuas, go dtabharfaidís faoi athoiliúint d’fhonn an t-eolas atá acu ar fhobairtí reatha sa reachtaíocht dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta.

7.   Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí áirithe ardoideachais nó cáilíochtaí oideachais theicniúil acu, a eisíodh sa Bhallstát sin, agus a ceapadh go sonrach chun na críche sin agus a chuimsíonn eolas i leith na n-ábhar uile a liostaítear in Iarscríbhinn I as an scrúdú sna hábhair a chumhdaítear leis na cáilíochtaí sin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine sin ach maidir leis na ranna sin de Chuid I d’Iarscríbhinn I a gcuimsíonn an cháilíocht na hábhair uile a liostaítear faoi cheannteideal gach ranna ina leith.

Féadfaidh Ballstát díolúine a thabhairt i leith codanna sonraithe de na scrúduithe do dhaoine a bhfuil deimhnithe inniúlachta gairmiúla acu atá bailí d’oibríochtaí iompair náisiúnta sa Bhallstát sin.

8.   Déanfar deimhniú arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt ar aird mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil. Ní bheidh an deimhniú sin inaistrithe chuig aon duine eile. Déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir leis na gnéithe slándála agus i gcomhréir leis an deimhniú eiseamláireach a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus beidh stampa agus síniú an údaráis chuí-údaraithe nó an chomhlachta chuí-údaraithe a d’eisigh é air.

9.   Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

10.   Déanfaidh an Coimisiún malartú taithí agus malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú agus a spreagadh, nó trí aon chomhlacht a dhéanfaidh sé a ainmniú, a bhaineann le hoiliúint, le scrúduithe agus le húdaruithe.

Airteagal 9

Díolúine ón scrúdú

Daoine ar féidir leo cruthúnas a sholáthar go raibh gnóthas tarlaithe de bhóthar nó gnóthas iompair phaisinéirí de bhóthar á bhainistiú go leanúnach acu i mBallstát amháin nó i níos má ná Ballstát amháin i rith thréimhse 10 mbliana roimh an 4 Nollaig 2009 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh díolúine a thabhairt dóibh ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

CAIBIDIL III

ÚDARÚ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná udarás inniúil amháin a ainmniú chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart. Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarratais a dhéanfaidh gnóthais a scrúdú;

(b)

údaruithe a dheonú chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, agus na húdaruithe sin a fhionraí nó a tharraingt siar;

(c)

a dhearbhú go bhfuil duine nádúrtha mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú i gcáil bainisteora iompair;

(d)

na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Foilseoidh na húdaráis inniúla na coinníollacha go léir a leagtar síos de bhun an Rialacháin seo, aon fhorálacha náisiúnta eile, na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag na hiarratasóirí leasmhara mar aon leis na míniúcháin a ghabhann leo.

Airteagal 11

Scrúdú agus clárú a dhéanamh ar iarratais

1.   Ar iarratas a chur isteach, údarófar do ghnóthas iompair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3, gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Cinnteoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an gnóthas a chuireann iarratas isteach na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a bhaineann leis na gnóthais a údaróidh sé agus dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2) a thaifeadadh sa chlár leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.   Beidh an teorainn ama chun go scrúdódh údarás inniúil iarratas ar údarú chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sí thar thrí mhí ón dáta a bhfaighidh an t-údarás inniúil na doiciméid uile is gá chun an t-iarratas a mheas. Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an teorainn ama sin ar feadh tréimhse breise míosa i gcásanna ina mbeidh bonn cirt cuí leis.

4.   Go dtí an 31 Nollaig 2012, fíoróidh an t-údarás inniúil, i gcás ina mbeidh aon amhras ann agus dea-cháil gnóthais á meas aige, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

Ón 1 Eanáir 2013 i leith, agus dea-cháil gnóthais á meas aige, fíoróidh an t-údarás inniúil, trí rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), trí rochtain dhíreach shlán ar an gcuid ábhartha de na cláir náisiúnta nó ar iarratas uaidh, an mbeidh sé dearbhaithe tráth an iarratais, i gceann de na Ballstáit, go bhfuil an bainisteoir iompair nó na bainisteoirí iompair a ainmníodh mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair a bhainistiú de bhun Airteagal 14.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear sa mhír seo a chur siar trí bliana ar a mhéid, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

5.   Laistigh de thréimhse 28 lá nó tréimhse is giorra ná sin, de réir mar a chinnfidh an Ballstát bunaíochta, déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthair fógra faoi aon athruithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt don údarás inniúil a d’eisigh an t-údarú.

Airteagal 12

Seiceálacha

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha lena ndíreofar ar na gnóthais a bhfeicfear baol breise a bheith ag baint leo. Chun na críche sin, leathnóidh na Ballstáit an córas aicmithe rioscaí arna bhunú acu de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta chun Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar (10) a chur chun feidhme chun na sáruithe uile a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chumhdach.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar a laghad gach cúig bliana chun a fhíorú an gcomhlíonann gnóthais na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur siar, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   Déanfaidh Ballstáit seiceálacha leithleacha a chur i gcrích d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le gnóthais a ligean isteach i ngairm an oibreora de bhóthar aon uair a iarrfaidh an Coimisiún air déanamh amhlaidh i gcásanna cuí-réasúnaithe. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha sin agus faoi thorthaí na mbeart a cuireadh i gcrích má shuitear nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an ngnóthas.

Airteagal 13

An nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar

1.   Má shuíonn an t-údarás inniúil go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don ghnóthas. Má shuíonn an t-údarás inniúil nach bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, féadfaidh sé ceann de na teorannacha ama seo a leanas a shocrú don ghnóthas chun an staid a chur ina ceart:

(a)

teorainn ama nach faide ná sé mhí a bhféadfar síneadh trí mhí a chur léis i gcás bhás nó éagumas fisiciúil an bhainisteora iompair, chun duine a earcú in ionad an bhainisteora iompair i gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir iompair na coinníollacha maidir le dea-cháil nó le hinniúlacht ghairmiúil a thuilleadh;

(b)

teorainn ama nach faide ná sé mhí a gcaithfidh an gnóthas a staid a chur ina ceart laistigh di trína thaispeáint go bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí aige;

(c)

teorainn ama nach faide ná sé mhí i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar ghnóthas ar fionraíodh nó ar tarraingíodh siar a údarú a áirithiú gur éirigh lena bhainisteoirí iompair sna scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sula ndéanfar aon bheart athshlánúcháin.

3.   Má shuíonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas a thuilleadh ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, fionróidh sé nó tarraingeoidh sé siar an t-údarú chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteoir iompair

1.   I gcás ina gcaillfidh bainisteoir iompair dea-cháil i gcomhréir le hAirteagal 6, dearbhóidh an t-údarás go bhfuil an bainisteoir iompair de bhóthar mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair an gnóthais a bhainistiú.

2.   Mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, ní bheidh deimhniú inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair a dearbhaíodh a bheith mí-oiriúnach, dá dtagraítear in Airteagal 8(8), bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.

Airteagal 15

Cinntí ó na húdaráis inniúla agus achomhairc

1.   Cinntí diúltacha a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear iarratas a dhiúltú, údarú atá ann a fhionraí nó a tharraingt siar nó mí-oiriúnacht bainisteora iompair a dhearbhú, luafaidh siad na cúiseanna ar a mbeidh siad bunaithe.

Cuirfear san áireamh i gcinntí den sórt sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil maidir le sáruithe a rinne an gnóthas nó an bainisteoir iompair, ar sáruithe iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhea-cháil an ghnóthais, maille le haon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil ag an údarás inniúil. Sonrófar iontu na bearta athshlánúcháin is infheidhme i gcás údarú a fhionraí nó mí-oiriúnacht a dhearbhú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh an deis ag na gnóthais lena mbaineann agus ag na daoine lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 os comhair, ar a laghad, comhlachta neamhspleách neamhchlaonta amháin nó os comhair cúirte dlí.

CAIBIDIL IV

SIMPLIÚ AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 16

Cláir leictreonacha náisiúnta

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 11 go hAirteagal 14 agus Airteagal 26 de, coimeádfaidh gach Ballstát clár leictreonach náisiúnta de na gnóthais iompair de bhóthar atá údaraithe ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Déanfar na sonraí a bheidh sa chlár sin a phróiseáil faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí a ainmneofar chun na críche sin. Beidh na sonraí ábhartha a bheidh sa chlár leictreonach náisiúnta inrochtana ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist

Faoin 31 Nollaig 2009, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh maidir leis na ceanglais íosta do na sonraí a bheidh le cur isteach sa chlár leictreonach náisiúnta ón dáta a gcuirtear ar bun é d’fhonn idirnascadh na gclár a éascú amach anseo. Féadfaidh sé a mholadh go n-áireofaí marcanna clárúcháin feithicle chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad sna cláir leictreonacha náisiúnta:

(a)

ainm agus foirm dhlíthiúil an ghnóthais;

(b)

seoladh a bhunaíochta;

(c)

ainmneacha na mbainisteoirí iompair a bheidh ainmnithe chun na coinníollacha i dtaca le dea-cháil agus le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dhlíthiúil;

(d)

an cineál údaraithe, líon na bhfeithiclí a chumhdaítear leis agus, i gcás inarb iomchuí, sraithuimhir an cheadúnais Chomhphobail agus na gcóipeanna deimhnithe;

(e)

líon, catagóir agus cineál na sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b), ar tháinig ciontuithe nó pionóis astu le linn an dá bhliain dheireanacha;

(f)

ainmneacha aon duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach chun gníomhaíochtaí iompair gnóthais a bhainistiú fad is nach bhfuil dea-cháil an duine sin athbhunaithe de bhun Airteagal 6(3), agus na bearta athshlánúcháin is infheidhme.

Chun críocha phointe (e), agus go dtí an 31 Nollaig 2015, féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan ach na sáruithe is tromchúisí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a áireamh sa chlár leictreonach náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. Sa chás sin, cuirfear ar fáil na sonraí ábhartha arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh a fháil. Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d), i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Ar aon chuma, ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí orthu a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.

3.   Sonraí i ndáil le gnóthas a bhfuil a údarú curtha ar fionraí nó a bhfuil a údarú tarraingthe siar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta ar feadh dhá bhliain ón lá a ndeachaidh an fionraí as feidhm nó ón lá ar tarraingíodh siar an ceadúnas, agus bainfear den chlár iad láithreach ina dhiaidh sin.

Sonraí a bhaineann le duine ar dearbhaíodh é a bheith mí-oiriúnach le haghaidh ghairm an oibreora de bhóthar, fanfaidh siad ar an gclár leictreonach náisiúnta fad nach n-athbhunófar dea-cháil an duine sin de bhun Airteagal 6(3). I gcás ina ndéanfar beart athshlánúcháin den sórt sin nó aon bheart eile a mbeidh éifeacht choibhéiseach aige, bainfear na sonraí den chlár láithreach.

Sonrófar sna sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na cúiseanna is bun leis na húdaruithe nó leis an dearbhú mí-oiriúnachta a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus an ré a fhreagraíonn do gach ceann acu.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár leictreonach náisiúnta cothrom le dáta agus cruinn, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) go pointe (f) den chéad fhomhír de mhír 2.

5.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go mbeidh na cláir leictreonacha náisiúnta idirnasctha agus go mbeidh siad inrochtana ar fud an Chomhphobail tríd na pointí teagmhála náisiúnta a shainítear in Airteagal 18. Déanfar an inrochtaineacht trí phointí teagmhála náisiúnta agus an tidirnascadh a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2012 ar dhóigh go mbeidh údarás inniúil Ballstáit ar bith in ann clár leictreonach náisiúnta de chuid aon Bhallstáit a cheadú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha comhchoiteanna a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus roimh an 31 Nollaig 2010, den chéad uair, maidir le mír 5 a chur chun feidhme, amhail formáid na sonraí a mhalartófar, na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh ceadú leictreonach a dhéanamh ar chláir leictreonacha na mBallstát eile agus chun idir-inoibritheacht na gclár sin le bunachair sonraí ábhartha eile a chur chun cinn. Cinnfear leis na rialacha comhchoiteanna sin cé acu údarás a bheidh freagrach as an rochtain ar shonraí agus as úsáid bhreise a bhaint as sonraí tar éis na rochtana agus as na sonraí a choimeád cothrom le dáta tar éis na rochtana agus, chuige sin, áireofar iontu rialacha maidir le logáil sonraí agus maidir le faireachán a dhéanamh ar shonraí.

7.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 a chur siar, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 17

Cosaint sonraí pearsanta

Ag féachaint do Threoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe:

(a)

go gcuirfear gach duine ar an eolas nuair a dhéanfar sonraí ina leith a thaifeadadh nó nuair a bheartófar na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig tríú páirtithe. Sonrófar san fhaisnéis a chuirfear ar fáil céannacht an údaráis a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí, cineál na sonraí a bheidh á bpróiseáil agus na cúiseanna a bheidh leis an ngníomhaíocht sin;

(b)

go mbeidh ceart rochtana ag gach duine ar na sonraí a bhaineann leo a bheidh ag an údarás a bheidh freagrach as próiseáil na sonraí. Féadfar an ceart sin a chur i bhfeidhm gan srian, ag eatraimh réasúnta agus gan rómhoill nó gan costas rómhór don iarratasóir;

(c)

go mbeidh an ceart ag gach duine a mbeidh a shonraí neamhiomlán nó míchruinn ceartú, scriosadh nó blocáil a fháil ar na sonraí sin;

(d)

go mbeidh an ceart ag gach duine, ar fhorais dhlisteanacha éignithe, cur i gcoinne próiseála ar shonraí a bhaineann leo. I gcás ina gcuirfear ina coinne ar bhonn cirt, ní fhéadfaidh baint a bheith ag an bpróiseáil leis na sonraí sin a thuilleadh.

(e)

go gcomhlíonfaidh na gnóthais, i gcás inarb infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Airteagal 18

Comhar riaracháin idir Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.

2.   Bainfidh na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis faoi chuimsiú an Rialacháin seo úsáid as na pointí teagmhála náisiúnta a ainmneofar de bhun mhír 1.

3.   Maidir leis na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2), nó ar bhainisteoirí iompair a ndearbhófar go bhfuil siad mí-oiriúnach, comhlíonfaidh siad an nós imeachta agus cloífidh siad leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 nó, de réir mar is iomchuí, in Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár leictreonach náisiúnta.

CAIBIDIL V

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH A THABHAIRT DO DHEIMHNITHE AGUS DO DHOICIMÉID EILE

Airteagal 19

Deimhnithe dea-cháile agus doiciméid choibhéiseacha

1.   Gan dochar d’Airteagal 11(4), glacfaidh an Ballstát bunaíochta gur cruthúnas leordhóthanach ar dhea-cháil maidir le ligean isteach i ngairm an oibreora iompair de bhóthar é go dtabharfar ar aird sliocht as taifead dlíthiúil nó, mura féidir sin, doiciméad coibhéiseach arna eisiúint ag údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile.

2.   I gcás ina bhforchuirfidh Ballstát ar a náisiúnaigh féin coinníollacha áirithe maidir le dea-cháil a chomhlíonadh, agus nach féidir cruthúnas go gcomhlíontar na coinníollacha sin a chur ar fáil trí bhíthin an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Ballstát sin gur cruthúnas leordhóthanach do náisiúnaigh de chuid Ballstát eile é deimhniú a eiseoidh údarás inniúil dlíthiúil nó riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile agus ina luafar go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta.

3.   Mura n-eiseoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 nó an dearbhú dá dtagraítear i mír 2, féadfar dearbhú faoi mhionn nó dearbhú sollúnta a chur in ionad an doiciméid nó an dearbhaithe sin, ar dearbhú é a dhéanfaidh an bainisteoir iompair nó aon duine ábhartha eile os comhair údaráis inniúil bhreithiúnaigh nó údaráis inniúil riaracháin nó, i gcás inarb iomchuí, os comhair nótaire sa Bhallstát ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile. Déanfaidh an t-údarás sin nó an nótaire sin deimhniú a eisiúint lena ndéanfar fíordheimhniú ar an dearbhú faoi mhionn nó ar an dearbhú sollúnta.

4.   Ní ghlacfar le doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ná le deimhniú dá dtagraítear i mír 2 má thugtar ar aird iad tráth is déanaí ná trí mhí ón dáta a n-eiseofar iad. Beidh feidhm ag an gcoinníoll sin freisin maidir le dearbhú a dhéanfar i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 20

Deimhnithe a bhaineann le seasamh airgeadais

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát coinníollacha áirithe maidir le seasamh airgeadais a fhorchur ar a náisiúnaigh de bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7, glacfaidh an Ballstát sin le deimhniú a eiseoidh údarás inniúil riaracháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina mbíodh cónaí ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, ina luafar gur comhlíonadh na coinníollacha sin, mar chruthúnas leordhóthanach i gcás náisiúnach na mBallstát eile. Bainfidh an deimhniú sin leis an bhfaisnéis shonrach a chuirfear san áireamh sa Bhallstát bunaíochta nua.

Airteagal 21

Deimhnithe inniúlachta gairmiúla

1.   Déanfaidh na Ballstáit aitheantas mar chruthúnas leordhóthanach ar inniúlacht ghairmiúil a thabhairt do dheimhniú lena gcomhlíontar múnla an deimhnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus arna eisiúint ag an údarás nó ag an gcomhlacht atá cuí-údaraithe chun na críche sin.

2.   Deimhniú arna eisiúint roimh an 4 Nollaig 2011 mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil de bhun na bhforálacha a bhí i bhfeidhm go dtí an dáta sin, measfar é a bheith coibhéiseach le deimhniú lena gcomhlíontar an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus aithneofar é mar chruthúnas ar inniúlacht ghairmiúil sna Ballstáit go léir. Daoine a bhfuil deimhniú inniúlachta gairmiúla acu nach bhfuil bailí ach le haghaidh an iompair náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh orthu pas a fháil sna scrúduithe, nó i gcodanna de na scrúduithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 4 Nollaig 2011, ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra faoi don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht ná áit bhunaíochta an ghnóthais.

2.   Áireofar go háirithe sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fionraí an údaraithe chun gabháil do ghairm an oibreora de bhóthar, tarraingt siar an údaraithe sin agus dearbhú mí-oiriúnachta an bhainisteora iompair.

Airteagal 23

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh gnóthais a bhfuil údarú acu roimh an 4 Nollaig 2009 chun gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 4 Nollaig 2011.

Airteagal 24

Cúnamh frithpháirteach

Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go dlúth agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi chiontuithe agus faoi phionóis mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha agus faoi fhaisnéis shonrach eile ar dóigh go mbeadh iarmhairtí aici do chleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar, agus na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta á gcomhlíonadh.

Airteagal 25

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (11) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

Tuarascálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a tharraingt suas gach dhá bhliain agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún í. Is éard a bheidh sa tuarascáil sin:

(a)

forbhreathnú ar an earnáil i dtaca le dea-cháil, le seasamh airgeadais agus le hinniúlacht ghairmiúil;

(b)

líon na n-údaruithe a deonaíodh, de réir bliana agus de réir cineáil, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leis na cinntí sin;

(c)

líon na ndeimhnithe inniúlachta gairmiúla a eisíodh gach bliain;

(d)

príomhstaidreamh maidir leis na cláir leictreonacha náisiúnta agus an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla astu; agus

(e)

forbhreathnú ar mhalartuithe faisnéise leis na Ballstáit eile, ina mbeidh go háirithe líon bliantúil na sáruithe a suíodh agus ar tugadh fógra ina leith do Bhallstáit eile agus na freagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(2), chomh maith le líon bliantúil na n-iarrataí agus na bhfreagraí a fuarthas de bhun Airteagal 18(3).

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cleachtadh ghairm an oibreora iompair de bhóthar a chur isteach gach dhá bhliain chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar oibriú an mhalartaithe faisnéise idir Ballstáit agus athbhreithniú ar fheidhmiú na gclár náisiúnta leictreonach agus ar na sonraí atá iontu. Foilseofar an tuarascáil sin an tráth céanna leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialaí áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (12).

Airteagal 27

Liosta na n-údarás inniúil

Cuirfidh gach Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011 liosta na n-údarás inniúil a bheidh ainmnithe aige chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh a údarú, mar aon le liosta de na húdaráis údaraithe nó de na comhlachtaí údaraithe a bheidh freagrach as na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a eagrú agus as na deimhnithe a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na húdaráis nó de na comhlachtaí sin ar fud an Chomhphobail a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Bearta náisiúnta a chur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán, agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh acu sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an lae a nglacfar iad, agus den chéad uair faoin 4 Nollaig 2011.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 96/26/CE.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ón 4 Nollaig 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 151, 17.6.2008, lch. 16.

(2)  IO C 14, 19.1.2008, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 62 E, 17.3.2009, lch. 1), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fomhair 2009.

(4)  IO L 124, 23.5.1996, lch. 1.

(5)  Féach leathanach 72 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  Féach leathanach 88 den Iris Oifigiúil seo.

(7)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

(10)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 35.

(11)  IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

(12)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

I.   LIOSTA DE NA hÁBHAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

Ní mór ar a laghad na hábhair a liostaítear thíos maidir le tarlú de bhóthar agus maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar faoi seach a bheith cumhdaithe san eolas a chuirfear san áireamh chun go dtabharfadh Ballstáit aitheantas oifigiúil d’inniúlacht ghairmiúil. I ndáil leis na hábhair sin, caithfidh an leibhéal eolais agus an cumas praiticiúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar ghnóthas iompair a bheith ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus ag iarratasóirí ar phoist mar oibreoirí iompair phaisinéirí de bhóthar.

Ní fhéadfaidh an leibhéal íosta eolais, faoi mar a shonraítear thíos é, a bheith níos lú ná leibhéal 3 de struchtúr na leibhéal oiliúna a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle (1), eadhon an leibhéal a bhaintear amach le linn oideachais éigeantaigh a fhorlíontar le hoiliúint ghairmiúil agus le hoiliúint theicniúil bhreise, nó le hoiliúint theicniúil mheánscoile nó le hoiliúint theicniúil eile.

A.   An dlí sibhialta

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na príomhchineálacha conarthaí a úsáidtear san iompar de bhóthar agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

2.

a bheith in ann conradh iompair a bheidh bailí ó thaobh an dlí de a chaibidil, go háirithe ó thaobh coinníollacha iompair de;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

3.

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le cúiteamh as caillteanas earraí nó as damáiste d’earraí le linn a n-iompair nó as seachadadh déanach, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach;

4.

cur amach a bheith aige ar na rialacha agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún CMR ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

5.

a bheith in ann éileamh óna phríomhaí a mheas maidir le damáiste do phaisinéirí nó dá mbagáiste le linn timpiste i rith an iompair nó maidir le cúiteamh as moilleanna, agus tuiscint a bheith aige ar an difear a dhéanfadh éileamh den sórt sin dá dhliteanas conarthach.

B.   An dlí tráchtála

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na coinníollacha agus ar na foirmiúlachtaí a leagtar síos maidir le cleachtadh na gairme, ar na hoibleagáidí ginearálta atá ar thrádálaithe (clárú, cuntais a choimeád, etc.) agus ar iarmhairtí na féimheachta;

2.

eolas iomchuí a bheith aige ar na cineálacha éagsúla cuideachtaí tráchtála agus ar na rialacha lena rialaítear a mbunú agus a n-oibriú.

C.   An dlí sóisialta

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1.

ról agus feidhm na n-institiúidí sóisialta éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil an iompair de bhóthar (ceardchumainn, comhairlí oibreacha, maoir cheardchumann, cigirí saothair, etc.);

2.

na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí maidir le slándáil shóisialta;

3.

na rialacha lena rialaítear conarthaí oibre do na catagóirí éagsúla oibrithe a fhostaíonn gnóthais iompair de bhóthar (foirm na gconarthaí, oibleagáidí na bpáirtithe, coinníollacha oibre agus uaireanta oibre, saoire le pá, luach saothair, sárú conartha, etc.);

4.

na rialacha is infheidhme maidir le hamanna tiomána, le tréimhsí sosa agus le hamanna oibre, go háirithe forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Treoir 2006/22/CE, agus na socruithe praiticiúla chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm; agus

5.

na rialacha is infheidhme maidir le buncháilíochtaí agus le hoiliúint leanúnach na dtiománaithe, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

D.   An dlí fioscach

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na rialacha lena rialaítear na nithe seo a leanas:

1.

an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair;

2.

an cháin ar mhótarfheithiclí;

3.

na cánacha ar fheithiclí áirithe tarlaithe de bhóthar mar aon leis na dolaí agus na muirir le haghaidh lucht úsáidte bonneagair;

4.

an cháin ioncaim.

E.   Bainistiú gnó agus airgeadais an ghnóthais

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na dlíthe agus ar na cleachtais a bhaineann le húsáid seiceanna, billí malairte, nótaí gealltanais, cártaí creidmheasa agus bealaí nó modhanna eile íocaíochta;

2.

cur amach a bheith aige ar na foirmeacha éagsúla creidmheasa (creidmheas bainc, creidmheas doiciméadach, taiscí ráthaíochta, morgáistí, léasú, tógáil ar cíos, fachtóireacht, etc.) agus ar na muirir agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

3.

fios a bheith aige cad is clár comhardaithe ann, conas a leagtar amach é agus conas é a léiriú;

4.

a bheith in ann cuntas sochair agus dochair a léamh agus a léiriú;

5.

a bheith in ann brabúsacht agus staid airgeadais an ghnóthais a mheas, go háirithe ar bhonn cóimheas airgeadais;

6.

a bheith in ann buiséad a ullmhú;

7.

cur amach a bheith aige ar ghnéithe costais an ghnóthais (costais sheasta, costais athraitheacha, caipiteal oibre, dímheas, etc.), agus a bheith in ann na costais a ríomh in aghaidh na feithicle, in aghaidh an chiliméadair nó in aghaidh an tonna;

8.

a bheith in ann cairt eagraíochta a tharraingt suas d’fhoireann an ghnóthais ina hiomláine agus pleananna oibre etc. a eagrú;

9.

cur amach a bheith aige ar phrionsabail na margaíochta, na poiblíochta agus an chaidrimh phoiblí lena n-áirítear seirbhísí iompair, tionscnamh díolacháin agus comhaid chustaiméirí a ullmhú, etc.;

10.

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla árachais a bhaineann le hiompar de bhóthar (árachas dliteanais, árachas um ghortú tionóisceach/árachas saoil, árachas neamhshaoil agus árachas bagáiste) mar aon leis na ráthaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn astu;

11.

cur amach a bheith aige ar an gcaoi a mbaintear feidhm as tarchur leictreonach sonraí i réimse an iompair de bhóthar;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

12.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar a chur i bhfeidhm agus an bhrí agus na himpleachtaí atá ag Incoterms a bheith ar eolas aige;

13.

cur amach a bheith aige ar na catagóirí éagsúla cúntóirí iompair, a ról, a bhfeidhmeanna agus, i gcás inarb iomchuí, a stádas;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

14.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear táillí agus praghsanna i dtaca le hiompar poiblí agus le hiompar príobháideach paisinéirí a chur i bhfeidhm;

15.

a bheith in ann na rialacha lena rialaítear sonrascadh seirbhísí iompair phaisinéirí de bhóthar a chur i bhfeidhm.

F.   Rochtain ar an margadh

Caithfidh an t-iarratasóir, go háirithe, i dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, cur amach a bheith aige ar na nithe seo a leanas:

1.

na rialacháin ghairme lena rialaítear iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, nó cíos agus fochonraitheoireacht feithiclí tionsclaíocha, agus go háirithe na rialacha lena rialaítear eagrú oifigiúil na gairme, ligean isteach sa ghairm, údaruithe le haghaidh oibríochtaí iompair de bhóthar laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh de, cigireachtaí agus pionóis;

2.

na rialacha a bhaineann le gnóthas iompair de bhóthar a chur ar bun;

3.

na doiciméid éagsúla is gá chun seirbhísí iompair de bhóthar a oibriú, agus na nósanna imeachta seiceála a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid fhormheasta a bhaineann le gach oibríocht iompair, go háirithe na doiciméid a bhaineann leis an bhfeithicil, leis an tiománaí, leis na hearraí nó leis an mbagáiste, a choimeád san fheithicil agus in áitreabh an ghnóthais;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

4.

na rialacha a bhaineann le heagrú an mhargaidh i seirbhísí iompair earraí, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le láimhseáil lasta agus le lóistíocht;

5.

na foirmiúlachtaí ag teorainneacha, ról agus raon feidhme dhoiciméid T agus carnets TIR agus maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as a n-úsáid;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6.

na rialacha maidir le heagrú an mhargaidh in iompar paisinéirí de bhóthar;

7.

na rialacha chun seirbhísí iompair a thionscnamh agus pleananna iompair a tharraingt suas.

G.   Caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla oibriúcháin

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

cur amach a bheith aige ar na rialacha a bhaineann le meáchain agus le toisí feithiclí sna Ballstáit agus ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ualaí neamhghnácha ar eisceacht iad ó na rialacha sin;

2.

a bheith in ann feithiclí agus a gcomhpháirteanna (fonnadh, inneall, córas tarchurtha, córas coscánaithe, etc.) a roghnú i gcomhréir le riachtanais an ghnóthais;

3.

cur amach a bheith aige ar na nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú, le clárú agus le hiniúchadh teicniúil na bhfeithiclí sin;

4.

tuiscint a bheith aige ar na bearta a chaithfear a dhéanamh d’fhonn torann a laghdú agus truailliú aeir trí astaíochtaí sceite mótarfheithiclí a chomhrac;

5.

a bheith in ann pleananna tréimhsiúla cothabhála a tharraingt suas d’fheithiclí agus dá dtrealamh;

i dtaca le tarlú de bhóthar:

6.

cur amach a bheith aige ar na cineálacha éagsúla gaireas maidir le láimhseáil agus lódáil lasta (cúlchláir, coimeádáin, pailléid, etc.) agus a bheith in ann nósanna imeachta a thabhairt isteach agus treoracha a eisiúint maidir le hearraí a luchtú agus a dhíluchtú (dáileadh lasta, cruachadh, stuáil, blocáil, daingniú, etc.);

7.

cur amach a bheith aige ar theicníochtaí éagsúla an ‘mhuiniompair’ agus an iompair chomhcheangailte rolladh ann - rolladh as;

8.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha agus le hiompar dramhaíola a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a thig ó Threoir 2008/68/CE (4) agus ó Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (5);

9.

a bheith in ann na nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar earraí meatacha a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a eascraíonn as an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le húsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP);

10.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le hiompar ainmhithe beo a chomhlíonadh.

H.   Sábháilteacht ar bhóithre

I dtaca le tarlú de bhóthar agus le hiompar de bhóthar, caithfidh an t-iarratasóir go háirithe:

1.

fios a bheith aige cad iad na cáilíochtaí a cheanglaítear a bheith ag tiománaithe (ceadúnas tiomána, deimhnithe dochtúra, deimhnithe infheidhmeachta, etc.);

2.

a bheith in ann na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tiománaithe na rialacha tráchta, na toirmisc nó na srianta atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla (luasteorainneacha, tosaíochtaí, srianta feithimh agus páirceála, úsáid soilse, comharthaí bóthair, etc.);

3.

a bheith in ann treoracha do thiománaithe a tharraingt suas chun comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta ag tiománaithe a sheiceáil i dtaca le staid na bhfeithiclí, a dtrealaimh agus a lasta, agus i dtaca leis na bearta coisctheacha a bheidh le glacadh;

4.

a bheith in ann na coinníollacha a leagan síos a bheidh le leanúint i gcás timpiste agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun atarlú timpistí nó cionta tromchúiseacha tráchta a sheachaint;

5.

a bheith in ann nósanna imeachta a chur chun feidhme chun earraí a dhaingniú i gceart agus a bheith ar an eolas maidir leis na teicníochtaí comhfhreagracha;

i dtaca le hiompar paisinéirí de bhóthar:

6.

buneolas a bheith aige ar leagan amach ghréasán bóithre na mBallstát.

II.   EAGRÚ AN SCRÚDAITHE

1.

Eagróidh na Ballstáit scrúdú scríofa éigeantach a fhéadfaidh siad a fhorlíonadh le scrúdú roghnach béil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal eolais is gá ag na hiarratasóirí ar phoist mar oibreoirí tarlaithe sna hábhair a liostaítear i gCuid I agus go háirithe a gcumas na hionstraimí agus na teicníochtaí a ghabhann leis na hábhair sin a úsáid agus na dualgais fheidhmiúcháin agus chomhordaitheacha a chomhfhreagraíonn dóibh a chomhlíonadh.

(a)

Beidh dhá thástáil i gceist leis an scrúdú scríofa, eadhon:

(i)

ceisteanna scríofa ar ceisteanna ilroghnacha iad (ceithre fhreagra a d’fhéadfadh a bheith ar gach ceist), ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá chóras;

(ii)

cleachtaí scríofa/cás-staidéir.

Dhá uair an chloig ar a laghad a mhairfidh gach tástáil.

(b)

I gcás ina n-eagrófar scrúdú béil, féadfaidh na Ballstáit a ordú go mbeidh rannpháirtíocht ann ag brath ar cibé a éiríonn leis na hiarratasóirí sa scrúdú scríofa.

2.

I gcás ina n-eagróidh na Ballstáit scrúdú béil freisin, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na trí thástáil, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 25 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 40 % ar a mhéid.

I gcás nach n-eagróidh Ballstáit ach scrúdú scríofa, caithfidh siad, maidir le gach ceann de na tástálacha, foráil a dhéanamh d’ualú marcanna, ar 40 % ar a laghad de líon iomlán na marcanna a thabharfar a bheidh ann agus 60 % ar a mhéid.

3.

Maidir leis na tástálacha go léir, ní mór d’iarratasóirí 60 % ar a laghad a ghnóthú mar mheán de líon iomlán na marcanna a bheidh le bronnadh, ach gan níos lú ná 50 % de líon iomlán na marcanna a d’fhéadfaí a bhaint amach a ghnóthú in aon tástáil faoi leith. Féadfaidh Ballstát an marc sin a ísliú ó 50 % go dtí 40 % in aon tástáil amháin.


(1)  . Cinneadh 85/368/CEE ón gComhairle an 16 Iúil 1985 maidir le hinchorparáideacht cáilíochtaí gairmoiliúna idir Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 199, 31.7.1985, lch. 56).

(2)  . Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(3)  . Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d’iompar earraí nó paisinéirí (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(4)  Treoir 2008/68/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Gnéithe slándála an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

Ní mór don deimhniú ar a laghad dhá ghné de na gnéithe slándála seo a leanas a bheith aige:

holagram;

snáithíní speisialta sa phaipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultravialait,

líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála),

carachtair, siombailí nó patrúin atá tadhlach,

uimhriú dúbailte: sraithuimhir agus uimhir eisiúna,

cúlra deartha slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha.


IARSCRÍBHINN III

Múnla an deimhnithe inniúlachta gairmiúla

AN COMHPHOBAL EORPACH

(Dath Pantoin osbhuí, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis 100 g/m2 nó níos troime)

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige)

Comhartha sainiúil an Bhallstáit a éisíonn an deimhniú (1)

Ainm an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe (2)

DEIMHNIÚ INNIÚLACHTA GAIRMIÚLA DO THARLÚ DE BHÓTHAR D’IOMPAR PAISINÉIRÍ (3)

Uimh. …

Déanaimidne …

a dheimhniú leis seo maidir le (4)

a rugadh an …, i/in/sa/san

gur éirigh leis/léi sna tástálacha le haghaidh an scrúdaithe (bliain: …; seisiún: …) (5) is gá d’fhonn deimhniú inniúlachta gairmiúla a fháil do tharlú de bhóthar/d’iompar paisinéirí (3) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh (6).

Is leor an deimhniú seo mar chruthúnas ar an inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uim. 1071/2009.

Arna eisiúint i/in/sa …, an … (7)


(1)  Is iad seo a leanas comharthaí na mBallstát: (B) An Bheilg, (BG) An Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) An Danmhairg, (D) An Ghearmáin, (EST) An Eastóin, (IRL) Éire, (GR) An Ghréig, (E) An Spáinn, (F) An Fhrainc, (I) An Iodáil, (CY) An Chipir, (LV) An Laitvia, (LT) An Liotuáin, (L) Lucsamburg, (H) An Ungáir, (M) Málta, (NL) An Ísiltír, (A) An Ostair, (PL) An Pholainn, (P) An Phortaingéil, (RO) An Rómáin, (SLO) An tSlóivéin, (SK) An tSlóvaic, (FIN) An Fhionlainn, (S) An tSualainn, (UK) An Ríocht Aontaithe.

(2)  An t-údarás nó an comhlacht a ainmníodh roimh ré chun na críche seo ag gach Ballstát den Chomhphobal Eorpach, chun an deimhniú seo a eisiúint.

(3)  Scrios de réir mar is iomchuí.

(4)  Sloinne agus túsainm; áit bhreithe agus dáta breithe.

(5)  Aitheantas an scrúdaithe.

(6)  IO L 300, 14.11.2009, lch 51.

(7)  Stampa agus síniú an údaráis údaraithe nó an chomhlachta údaraithe a bhfuil an deimhniú á eisiúint aige.


IARSCRÍBHINN IV

Is iad seo a leanas na sáruithe is tromchúisí chun críocha Airteagail 6(2)(a)

1.

(a)

Dul 25 % nó níos mó thar na huasteorainneacha ama tiomána do thréimhsí sé lá nó coicíse.

(b)

Dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre, gan sos ná tréimhse leanúnach scíthe 4,5 uair a chloig ar a laghad a thógáil.

2.

Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó úsáid a bhaint as gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh thaifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.

3.

Tiomáint gan deimhniú bailí ródacmhainneachta má cheanglaítear a leithéid de dhoiciméad faoi dhlí an Chomhphobail agus/nó, ag tiomáint, inter alia, le córas coscánaithe, nó nascáil stiúrtha, rothaí/bonn, crochadh nó fonnadh atá an-easnamhach agus a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

4.

Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar nó iompar earraí den sórt sin i ngabhdán a bhfuil toirmeasc air nó nach bhfuil formheasta nó iad a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa treo gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh.

5.

Paisinéirí nó earraí a iompar gan ceadúnas tiomána bailí nó iompar ag gnóthas nach sealbhóir ceadúnais bhailí Chomhphobail é.

6.

Úsáid a bhaint ag tiománaí as cárta falsaithe tiománaí, nó as cárta nárbh eisean a shealbhóir, nó a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe.

7.

Earraí a iompar lena sáraítear an t–uasmhais ualaithe ceadaithe de bhreis is 20 % nó níos mó ná 20 % i gcás feithiclí ar mó ná 12 thonna é a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe, agus de bhreis is 25 % nó níos mó ná 25 % i gcás feithiclí nach mó ná 12 thonna a n-uasmheáchan ualaithe ceadaithe.


14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/72


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1072/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle dó le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Beifear ag déanamh roinnt athruithe substaintiúla ar Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 ón gComhairle an 26 Márta 1992 maidir le rochtain ar an margadh in iompar earraí de bhóthar laistigh den Chomhphobal go críoch Bhallstáit nó uaidh nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó ná críoch Bhallstáit amháin (3), ar Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 ag leagan síos na gcoinníollacha faoina bhféadfaidh iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí náisiúnta iompair tharlaithe de bhóthar a oibriú laistigh de Bhallstát (4) agus ar Threoir 2006/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le comhrialacha a bhunú do chineálacha áirithe iompair earraí de bhóthar (5). Ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus leis an simpliú, ba cheart na Rialacháin sin a athmhúnlú agus a ionchorprú in aon Rialachán amháin.

(2)

Is éard a bheidh i gceist le comhbheartas iompair, inter alia, go leagfar síos comhrialacha a bheidh infheidhme i leith rochtana ar an margadh idirnáisiúnta iompair earraí de bhóthar laistigh de chríoch an Chomhphobail, agus go leagfar síos freisin na coinníollacha faoinar féidir le tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát. Caithfear na rialacha sin a leagan síos ar dhóigh a rannchuideoidh le hoibriú réidh an mhargaidh iompair idirnáisiúnta.

(3)

Chun creat cuimsitheach a áirithiú maidir le tarlú idirnáisiúnta de bhóthar ar fud an Chomhphobail, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo le gach iompar idirnáisiúnta ar chríoch an Chomhphobail. Tá iompar ó na Ballstáit chuig tríú tíortha fós cumhdaithe a bheag nó a mhór ag comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit agus na tríú tíortha sin. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gcuid sin den turas laistigh de chríoch Bhallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe fad is nach bhfuil na comhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú tíortha lena mbaineann tugtha chun críche. Beidh feidhm aige, áfach, laistigh de chríoch Ballstát a thrasnaítear in idirthuras.

(4)

Tugann bunú comhbheartais iompair le tuiscint go mbainfear gach srian in éadan an duine a sholáthraíonn seirbhísí iompair ar fhorais náisiúntachta nó de bhrí go bhfuil sé bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil na seirbhísí le cur ar fáil.

(5)

Chun é sin a bhaint amach ar bhealach réidh solúbtha, ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras cabatáiste idirthréimhseach fad is nach mbeidh comhchuibhiú an mhargaidh iompair de bhóthar curtha i gcrích.

(6)

Ba cheart go ndéanfadh lánpháirtiú de réir a chéile den mhargadh Eorpach aonair gach srian maidir le rochtain ar mhargadh inmheánach na mBallstát a dhíchur. Mar sin féin, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis sin éifeachtacht rialuithe agus éabhlóid choinníollacha fostaíochta sa ghairm, maraon le comhchuibhiú na rialacha i dtaca le, inter alia, forghníomhú agus muirir ar úsáideoirí bóithre mar aon le reachtaíocht shóisialta agus sabháilteachta. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar staid an mhargaidh mar aon leis an gcomhchuibhiú thuasluaite agus ba cheart go molfadh sé, más iomchuí, margaí baile iompair de bhóthar, lena n-áirítear cabatáiste, a oscailt tuilleadh.

(7)

Faoi Threoir 2006/94/CE, tá líon áirithe cineálacha iompair díolmhaithe ó údarú an Chomhphobail agus ó aon údarú eile iompair. Laistigh den réim maidir le heagrú an mhargaidh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart córas díolmhaithe ón gceadúnas Comhphobail agus ó aon údarú eile iompair a choiméad do roinnt de na cineálacha iompair sin, mar gheall ar a nádúr speisialta.

(8)

Faoi Threoir 2006/94/CE, tá iompar earraí ina n-úsáidtear feithiclí d’uasmheáchan ualaithe idir 3,5 tonna agus 6 tonna díolmhaithe ó cheanglas do cheadúnas Comhphobail. Tá feidhm ag rialacha an Chomhphobail i réimse an iompair earraí de bhóthar, áfach, go ginearálta maidir le feithiclí ar mó a mais ualaithe ná 3,5 tonna. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha an Rialacháin seo a chur ar chomhréim le raon feidhme ginearálta rialacha an Chomhphobail i ndáil le hiompar de bhóthar agus gan díolúine a chur ar fáil ach d’fheithiclí nach mó a n- uasmhais ualaithe ná 3,5 tonna.

(9)

Ba cheart go mbeadh iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar agus de bhus ag brath ar shealbhú cheadúnais Chomhphobail. Ba cheart go mbeadh ceangal ar tharlóirí cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a iompar ar bord gach ceann dá gcuid feithiclí d’fhonn rialuithe éifeachtacha ag údaráis forfheidhmithe, go háirithe iadsan atá lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an tarlóir bunaithe, a éascú. Chuige sin, is gá sonraíochtaí níos mionsonraithe a leagan síos maidir le leagan amach agus le gnéithe eile de cheadúnas an Chomhphobail agus de na cóipeanna deimhnithe.

(10)

Ba cheart seiceálacha cois bóthair a dhéanamh gan idirdhealú díreach ná indíreach a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta an oibreora iompair de bhóthar ná ar bhonn thír bhunaíochta an oibreora iompair de bhóthar ná ar bhonn chlárú na feithicle.

(11)

Ba cheart na coinníollacha a chinneadh lena rialaítear eisiúint agus tarraingt siar ceadúnas Comhphobail agus na cineálacha iompair lena mbaineann siad, a dtréimhsí bailíochta agus na rialacha mionsonraithe maidir lena n-úsáid.

(12)

Ba cheart freisin fianú do thiománaithe a chur ar bun lena cheadú do Bhallstáit a sheiceáil go héifeachtach an bhfuil tiománaithe ó thríú tíortha fostaithe go dlíthiúil nó faoi réir an tarlóra atá freagrach as oibríocht iompair faoi leith.

(13)

Ba cheart go gceadófaí do tharlóirí ar sealbhóirí iad de cheadúnas Comhphobail dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus do tharlóirí atá údaraithe catagóirí áirithe de sheirbhísí tarlaithe idirnáisiúnta a oibriú, seirbhísí iompair náisiúnta a oibriú laistigh de Bhallstát ar bhonn sealadach agus i gcomhréir leis an Rialachán seo, gan oifig chláraithe ná bunaíocht eile a bheith acu ann. Nuair a dhéantar oibríochtaí cabatáiste den chineál sin, ba cheart go mbeidís faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail, amhail Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (6) agus faoi réir an dlí náisiúnta atá i bhfeidhm i limistéir áirithe sa Bhallstát óstach.

(14)

Ba cheart forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar gníomhú i gcás ina mbeidh suaitheadh tromchúiseach sna margaí iompair a ndéanfar difear dóibh. Chun na críche sin is gá nós imeachta iomchuí cinnteoireachta a thabhairt isteach agus na sonraí staidrimh atá riachtanach a bhailiú.

(15)

Gan dochar d’fhorálacha an Chonartha maidir le ceart bunaíochta, is éard atá i gceist le hoibríochtaí cabatáiste go soláthraíonn tarlóirí seirbhísí laistigh de Bhallstát nach bhfuil siad bunaithe ann agus ní ceart iad a thoirmeasc a fhad is nach n-oibreofaí iad ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach laistigh den Bhallstát sin. Chun cabhrú le forfheidhmiú an cheanglais seo, ba cheart go saineofaí ar bhonn níos soiléire minicíocht na n-oibríochtaí cabatáiste agus an tréimshe ina bhféadfaí iad a chur i gcrích. Bhíodh seirbhísí iompair náisiúnta den chineál sin ceadaithe ar bhonn sealadach san am a chuaigh thart. Bhí sé deacair a fháil amach iarbhír cad iad na seirbhísí a bhí ceadaithe. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha soiléire atá éasca a fhorfheidhmiú.

(16)

Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d’fhorálacha a bhaineann le hearraí a bheith á n-iompar de bhóthar isteach ná amach mar chéim amháin de chomhthuras iompair faoi mar a leagtar síos i dTreoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair earraí de bhóthar (7). Ní thagann turais náisiúnta de bhóthar laistigh de Bhallstát óstach agus nach bhfuil mar chuid de chomhoibríocht iompair faoi mar a leagtar síos i dTreoir 92/106/CEE ón gComhairle faoin sainmhíniú ar chabatáiste agus, dá réir sin, ba cheart go mbeidís faoi réir cheanglais an Rialacháin seo.

(17)

Beidh feidhm maidir le gnóthais iompair a bhfuil oibríocht chabatáiste á cur i gcrích acu ag forálacha Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (8).

(18)

D’fhonn rialuithe éifeachtúla a fheidhmiú ar oibríochtaí cabatáiste, ba cheart go mbeadh rochtain ag údaráis forfheidhmithe na mBallstát óstach, ar a laghad, ar shonraí ó nótaí coinsíneachta agus ón trealamh taifeadta, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (9).

(19)

Ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit cabhair fhrithpháirteach ar mhaithe le cur i bhfeidhm fónta an Rialacháin seo.

(20)

Ba cheart foirmiúlachtaí riaracháin a laghdú a mhéid is féidir gan na rialuithe agus na pionóis lena ráthaítear cur i bhfeidhm cuí agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a thréigean. Chuige sin, ba cheart na rialacha atá ann cheana maidir le tarraingt siar an cheadúnais Chomhphobail a shoiléiriú agus a neartú. Ba cheart na rialacha atá ann faoi láthair a oiriúnú chun go bhféadfaí smachtbhannaí éifeachtacha a fhorchur i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar i mBallstát óstach. Ba cheart go mbeadh na pionóis neamh-idirdhealaitheach agus go mbeadh siad i gcomhréir le tromchúis na sáruithe. Ba cheart go bhféadfaí achomharc a iarraidh i leith aon phionóis a fhorchuirtear.

(21)

Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit na sáruithe tromchúiseacha go léir arna ndéanamh ag tarlóirí agus is bun le forchur pionóis a thaifeadadh ina gclár náisiúnta leictreonach de gnóthais iompair de bhóthar.

(22)

D’fhonn malartú na faisnéise idir údaráis náisiúnta a éascú agus a neartú, ba cheart go ndéanfadh Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí na pointí teagmhála náisiúnta a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh (10).

(23)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(24)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le pionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(26)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhleanúnach a áirithiú maidir le tarlú idirnáisiúnta de bhóthar ar fud an Chomhphobail, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht le haghaidh turas a dhéanfar laistigh de chríoch an Chomhphobail.

2.   I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa, beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca leis an gcuid sin den turas ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear in idirthuras. Ní bheidh feidhm aige i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch Bhallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe, a fhad agus nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha i gcrích.

3.   Go dtí go gcuirtear i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear:

(a)

d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit leis na tríú tíortha sin;

(b)

d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit a cheadaíonn luchtú agus díluchtú i mBallstát ag tarlóirí nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, bíodh sé faoi údaraithe déthaobhacha nó faoi shocruithe léirscaoilte.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an iompar náisiúnta d’earraí de bhóthar arna dhéanamh ag tarlóir neamhchónaitheach ar bhonn sealadach, dá bhforáiltear i gCaibidil III.

5.   Maidir leis na cineálacha iompair seo a leanas agus maidir le turais neamhualaithe a dhéantar i gcomhar leis an iompar sin, ní beidh gá le ceadúnas Comhphobail agus beidh siad díolmhaithe ó aon údarú iompair:

(a)

iompar poist mar sheirbhís uilíoch;

(b)

iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;

(c)

iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear leantóirí, thar 3,5 tonna;

(d)

iompar earraí i mótarfheithiclí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(i)

is leis an ngnóthas na hearraí arna n-iompar nó is é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d’fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;

(ii)

is é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an ngnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;

(iii)

is iad pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;

(iv)

is leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó beidh siad ceannaithe aige ar théarmaí iarchurtha nó tá siad fruilithe aige ar choinníoll más amhlaidh an cás go dtagann siad le coinníollacha Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí atá fruilithe gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (12); agus

(v)

níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais;

(e)

iompar táirgí leighis, gléasanna, trealamh agus earraí eile a mbíonn call leo le haghaidh cóir leighis i gcás faoisimh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha.

Ní bheidh feidhm ag pointe (d)(iv) den chéad fhomhír maidir le húsáid feithicle ionadaí le linn cliseadh gearr ar an bhfeithicil a úsáidtear de ghnáth.

6.   Ní dhéanfaidh forálacha mhír 5 difear do na coinníollacha faoina n-údaraíonn Ballstát do náisiúnaigh dá chuid féin dul i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil atá cláraithe i mBhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiatach le haghaidh iompair earraí;

2.

ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’:

(a)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe in dhá Bhallstát éagsúla, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin;

(b)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó Bhallstát chuig tríú tír ná vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin;

(c)

turas ualaithe a dhéanann feithicil idir tríú tíortha, le hidirthuras trí chríoch Bhallstáit amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin; nó

(d)

turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c);

3.

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát ina n-oibríonn tarlóir seachas an Ballstát ina bhfuil an tarlóir bunaithe;

4.

ciallaíonn ‘tarlóir neamhchónaitheach’ gnóthas tarlaithe de bhóthar a oibríonn i mBallstát óstach;

5.

ciallaíonn ‘tiománaí’ aon duine a dhéanann an fheithicil a thiomáint fiú más ar feadh tréimhse gearr é, nó a iompraítear i bhfeithicil mar chuid dá dhualgais fáil a bheith air mar thiománaí más gá;

6.

ciallaíonn ‘oibríochtaí cabatáiste’ iompar náisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht a chuirtear i gcrích ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

7.

ciallaíonn ‘sárú tromchúiseach ar reachtaíocht Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar’ sárú lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá dheasca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh 1071/2009 agus/nó ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan.

CAIBIDIL II

IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 3

Prionsabal ginearálta

Is faoi réir sealbhaíocht ceadúnais Chomhphobail a dhéanfar iompar idirnáisiúnta agus, más náisiúnach de thríú tír an tiománaí, i dteannta fianaithe tiománaí Comhphobail.

Airteagal 4

An ceadúnas Comhphobail

1.   Déanfaidh Ballstát an ceadúnas Comhphobail a eisiúint, i gcomhréir leis an Rialachán seo, chuig tarlóir ar bith a iompraíonn earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht agus:

(a)

atá bunaithe sa Bhallstát sin de réir reachtaíocht an Chomhphobail agus de réir reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin; agus

(b)

atá i dteideal iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar a dhéanamh i mBallstát na bunaíochta, i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail agus i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin i dtaca le ligean isteach do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar chun iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar a dhéanamh.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta an ceadúnas a eisiúint ar feadh tréimhsí inathnuaite de suas le deich mbliana.

Fanfaidh ceadúnais Chomhphobail agus cóipeanna deimhnithe díobh arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bailí go dtí dáta a n-éagtha.

Déanfaidh an Coimisiún tréimhse bailíochta an cheadúnais Chomhphobail a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, go háirithe na cláir leictreonacha náisiúnta faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.   Eiseoidh an Ballstát bunaíochta bunchóip an cheadúnais Chomhphobail don sealbhóir, ar bunchóip í a choinneoidh an tarlóir agus beidh líon na cóipeanna dílse deimhnithe i gcomhréir le líon na bhfeithiclí atá ar láimh shealbhóir an cheadúnais Chomhphobail, bíodh siad faoi úinéireacht iomlán nó, mar shampla, faoi réir conarthaí fruilcheannaigh, fruilithe nó léasaithe.

4.   Beidh an teastas Comhphobail agus na cóipeanna dílse deimhnithe i gcomhréir leis an múnla a leagatar amach in Iarscríbhinn II, ina leagtar síos freisin na coinníollacha a rialaíonn a úsáid. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu.

Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

5.   Beidh séala an údaráis eisiúna mar aon le síniú agus sraithuimhir ar an gceadúnas Comhphobail agus ar na cóipeanna dílse deimhnithe de sin. Déanfar sraithuimhreacha an cheadúnais Chomhphobail agus na cóipeanna dílse deimhnithe a thaifeadadh i gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair mar chuid de na sonraí a bhaineann leis an tarlóir.

6.   Eiseofar an ceadúnas Comhphobail in ainm an tarlóra agus beidh sé neamh-inaistrithe. Coinneofar cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail i ngach ceann d’fheithiclí an tarlóra agus ní mór iad a thabhairt ar aird ar iarratas ó oifigeach údaraithe cigireachta.

I gcás cónasc feithiclí cúpláilte beidh an chóip dhílis dheimhnithe ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdóidh sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura mbeidh an leantóir nó an leathleantóir cláraithe nó údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe ná údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.

Airteagal 5

Fianú an tiománaí

1.   Eiseoidh Ballstát fianú tiománaí i gcomhréir leis an Rialachán seo d’aon tarlóir:

(a)

ar sealbhóir ceadúnais Chomhphobail é nó í; agus

(b)

a fhostaíonn sa Bhallstát sin tiománaí nach náisiúnach de Bhallstát é ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (13), nó a úsáideann tiománaí ar bhonn dlíthiúil nach náisiúnach de Bhallstát é ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí na Treorach sin agus a chuirtear ar a láimh aige de réir na gcoinníollacha fostaíochta agus oiliúna gairmiúla a leagtar síos sa Bhallstát sin:

(i)

le dlíthe, le rialacháin nó le forálacha riaracháin; agus, de réir mar is iomchuí;

(ii)

le comhaontuithe comhchoiteanna, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sa Bhallstát sin.

2.   Eiseoidh údaráis inniúla Bhallstáit bhunaíochta an ghnóthais iompair fianú tiománaí ar iarratas ó shealbhóir an cheadúnais Chomhphobail le haghaidh gach tiománaí nach náisiúnach é de Bhallstát ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí Threoir 2003/109/CE atá fostaithe ag tarlóir an cheadúnais ar bhonn dlíthiúil, nó le haghaidh gach tiománaí a chuirtear ar a láimh ag an tarlóir, nach náisiúnach de Bhallstát é ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí Threoir 2003/109/CE. Deimhneoidh fianú gach tiománaí go bhfuil an tiománaí atá ainmnithe ann fostaithe i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan sios i mír 1.

3.   Beidh fianuithe tiománaithe ag freagairt don mhúnla a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I ann.

4.   Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

5.   Beidh séala an údaráis eisiúna mar aon le síniú agus sraithuimhir ar fan bhianú tiománaí. Féadfar sraithuimhir fhianú an tiománaí ar a thaifead i gclár leictreonach náisiúnta gnóthas iompair de bhóthar mar chuid de shraith sonraí an tarlóra a chuirfidh ar fáil é don tiománaí a ainmneofar air.

6.   Is maoin an tarlóra an fianú tiománaí agus is é a chuirfidh ar láimh an tiománaí atá ainmnithe air é nuair a dhéanann an tiománaí sin feithicil a thiomáint agus úsáid á baint aige as ceadúnas Comhphobail arna eisiúint don tarlóir sin. Coinneofar ag áitreabh an tarlóra cóip dhílis dheimhnithe d’fhianú an tiománaí, ar fianú é arna eisiúint ag údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an tarlóra. Ní mór an fianú tiománaí a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

7.   Eiseofar fianú tiománaí ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh ag Ballstát a eisithe faoi réir uastréimhse bailíochta de chúig bliana. Fanfaidh fianuithe tiománaithe arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bailí go dtí dáta a n-éagtha.

Ní bheidh an fianú tiománaí bailí ach a fhad is go gcomhlíontar na coinníollacha faoina n-eisítear é. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí chun a áirithiú go dtabharfaidh an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna láithreach mura gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.

Airteagal 6

Fíorú coinníollacha

1.   Nuair a chuirtear iarratas ar cheadúnas Comhphobail isteach nó nuair a chuirtear iarratas le haghaidh athnuachán ceadúnais Chomhphobail isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(2), fíoróidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta cibé an gcomhlíonann an tarlóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) nó an gcomhlíonann sé go fóill iad.

2.   Fíoróidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta go tráthrialta, trí sheiceálacha a dhéanamh gach bliain a chumhdóidh ar a laghad 20 % de na fianuithe bailí tiomána a eiseofar sa Bhallstát sin, cibé an gcomhlíontar i gcónaí na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) faoinar eisíodh fianú tiománaí.

Airteagal 7

Eisiúint ceadúnas Comhphobail agus fianú tiománaithe a dhiúltú agus iad a tharraingt siar

1.   Mura gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 4(1) ná iadsan dá dtagraítear in Airteagal 5(1), diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta iarratas ar eisiúint nó ar athnuachan ceadúnais Chomhphobail nó ar eisiúint fianú tiománaithe, trí chinneadh réasúnaithe.

2.   Tarraingeoidh na húdaráis inniúla ceadúnas Comhphobail nó fianú tiománaithe siar:

(a)

mura gcomhlíonann an sealbhóir na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 4(1) nó iadsan dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thuilleadh; nó

(b)

má chuir an sealbhóir faisnéis mhícheart ar fáil maidir leis na sonraí arna n-éileamh i dtaca le ceadúnas Comhphobail nó le haghaidh fianú tiománaí.

CAIBIDIL III

CABATÁISTE

Airteagal 8

Prionsabal ginearálta

1.   Beidh aon tarlóir ar fruiliú nó ar luaíocht, ar sealbhóir ceadúnais Chomhphobail é agus a bhfuil fianú tiománaí ag a thiománaí más náisiúnach tríú tír an té sin, i dteideal, faoi na coinníollacha arna leagan síos sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh.

2.   A luaithe a mbeidh earraí a iompraíodh le linn an iompair idirnáisiúnta seachadta, ceadófar ceadaithe do tharlóirí dá dtagraítear i mír 1 suas le trí oibríocht chabatáiste ar a mhéid a dhéanamh leis an bhfeithicil céanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, an chuid is mótarfheithicil í den fheithicil chéanna, i ndiaidh iompair idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír go dtí an mBallstát óstach. Laistigh de sheacht lá ón ndíluchtú deireanach sa Bhallstát óstach le linn an iompair idirnáisiúnta isteach a tharlóidh an díluchtú deireanach roimh fhágáil an Bhallstáit óstaigh le linn oibríocht chabatáiste.

Laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i fomhír 1, féadfaidh tarlóirí cuid de na hoibríochtaí cabatáiste nó na hoibríochtaí cabatáiste uile a cheadaítear faoin fomhír sin a chur i gcrích in aon Bhallstát faoin gcoinníoll go mbeidh siad teoranta go hoibríocht chabatáiste amháin i ngach Ballstát laistigh de thrí lá tar éis na hiontrála neamhualaithe i gcríoch an Bhallstáit sin.

3.   Ní mheastar seirbhísí tarlaithe de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag tarlóir neamhchónaitheach a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin má tá an tarlóir in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta atá ag teacht isteach agus faoi gach oibríocht chabatáiste ina dhiaidh sin.

Le haghaidh gach oibríochta, cumhdóidh fianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír na sonraí seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh agus síniú an tseoltóra;

(b)

ainm, seoladh agus síniú an tarlóra;

(c)

ainm agus seoladh an choinsíní chomh maith lena shíniú agus dáta an tseachadta nuair a bheidh na hearraí seachadta;

(d)

an áit agus an dáta a gabhadh seilbh ar na hearraí agus an áit arna sainiú le haghaidh an tseachadta;

(e)

an cur síos sa teanga coitianta ar chineál na n-earraí agus ar mhodh a bpacála, agus i gcás earraí contúirteacha, an cur síos a aithnítear go ginearálta chomh maith le huimhir na bpacáistí agus na marcanna agus na huimhreacha speisialta a ghabhann leo;

(f)

ollmhais na n-earraí nó bealach ar bith eile lena gcainníocht a chur in iúl;

(g)

uimhirphlátaí na mótarfheithicle agus an leantóra.

4.   Ní bheidh aon doiciméad breise ag teastáil ar mhaithe lena chruthú go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo comhlíonta.

5.   Ceadaítear d’aon tarlóir atá i dteideal i mBallstát na bunaíochta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, na hoibríochtaí tarlú de bhóthar arna sonrú in Airteagal 1(5)(a), (b) agus (c) a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste den chineál céanna nó oibríochtaí cabatáiste le feithiclí sa chatagóir chéanna, de réir mar a bheidh, a chur i gcrích.

6.   Ceadófar gan srian oibríochtaí cabatáiste faoi chuimsiú na gcineálacha tarlaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(5)(d) agus (e).

Airteagal 9

Rialacha is infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste

1.   Beidh feidhmiú oibríochtaí iompair chabatáiste, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha lena rialaítear an conradh iompair;

(b)

na meáchain agus na toisí feithiclí bóthair;

(c)

na ceanglais a bhaineann le hiompar catagóirí áirithe earraí, go háirithe earraí contúirteacha, bianna meatacha agus ainmhithe beo;

(d)

an méid ama tiomána agus na tréimhsí sosa;

(e)

an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair.

Féadfaidh na meáchain agus na toisí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír dul thar na meáchain agus na toisí is infheidhme i mBallstát bunaíochta an tarlóra, i gcás inarb iomchuí, ach ní fhéadfaidh siad in imthosca ar bith dul thar na teorainneacha atá leagtha síos ag an mBallstát óstach le haghaidh tráchta náisiúnta ná dul thar na saintréithe teicniúla atá luaite sna cruthúnais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí áirithe bóthair ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (14).

2.   Déanfar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le tarlóirí neamhchónaitheacha faoi na coinníollacha céanna leo siúd a fhorchuirtear ar tharlóirí atá bunaithe sa Bhallstát óstach, chun cosc a chur ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áit bhunaíochta.

Airteagal 10

An nós imeachta coimirce

1.   I gcás ina mbeidh mórshuaitheadh ar an margadh náisiúnta iompair i limistéar geografach áirithe de bharr cabatáiste, nó ina mbeidh an cabatáiste ina chúis leis an suaitheadh sin a bheith níos measa, féadfaidh aon Bhallstát an cheist a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go nglacfar bearta coimirce agus soláthróidh sé an fhaisnéis is gá don Choimisiún agus cuirfidh sé ar an eolas é faoi na bearta a bhfuil sé ar intinn aige a ghlacadh maidir le tarlóirí cónaitheacha.

2.   Chun críocha mhír 1:

ciallaíonn ‘mórshuaitheadh ar an margadh náisiúnta iompair i limistéar geografach áirithe’ go bhfuil fadhbanna ann a bhaineann go sonrach leis an margadh sin, a chiallaíonn gur mó an soláthar ná an t-éileamh atá ann ar bhealach atá tromchúiseach agus a d’fhéadfadh a bheith fadtréimhseach, agus a bheadh ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais agus do shláinte líon suntasach de tharlóirí,

ciallaíonn ‘limistéar geografach’ limistéar a chuimsíonn críoch iomlán an Bhallstáit nó cuid di nó a théann amach chomh fada le críoch iomlán Ballstáit eile nó cuid di.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 15(1), cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát an gá nó nach gá bearta coimirce agus, más gá, glacfaidh sé iad.

Ar na bearta sin, d’fhéadfaí an limistéar sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo go sealadach.

Maidir leis na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagail seo, fanfaidh siad i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí, tréimhse a bheidh inathnuaite uair amháin faoi na teorannacha céanna bailíochta.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo.

4.   Má chinneann an Coimisiún bearta coimirce a ghlacadh i dtaobh Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, beidh sé de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta a ghlacadh a mbeidh raon feidhme coibhéiseach acu maidir le tarlóirí cónaitheacha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfear na bearta sin i bhfeidhm ón dáta céanna, ar a dhéanaí, agus a chuirfear i bhfeidhm na bearta coimirce arna nglacadh ag an gCoimisiún.

5.   Féadfaidh aon Bhallstát cinneadh ón gCoimisiún de bhun mhír 3 a chur faoi bhráid na Comhairle laistigh de 30 lá tar éis dó a bheith fógartha. Laistigh de 30 lá tar éis don Bhallstát an cinneadh a chur faoi bhráid na Comhairle, nó, i gcás gur chuir níos mó ná Ballstát amháin faoina bráid é, 30 lá tar éis é a bheith curtha faoina bráid den chéad uair, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh difriúil a dhéanamh.

Beidh feidhm ag na teorannacha bailíochta a leagtar síos sa tríú fomhír de mhír 3 maidir le cinneadh na Comhairle. Beidh sé de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta a ghlacadh a mbeidh raon feidhme coibhéiseach acu maidir le tarlóirí cónaitheacha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Mura ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh cinneadh an Choimisiúin ina chinneadh críochnaitheach.

6.   I gcás inarb é tuairim an Choimisiúin gur gá síneadh ama a chur leis na bearta dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle, a dhéanfaidh cinneadh trí thromlach cáilithe.

CAIBIDIL IV

CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH AGUS PIONÓIS

Airteagal 11

Cúnamh frithpháirteach

Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faireachán air a áirithiú. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú trí mheán na bpointí teagmhála náisiúnta a bunaíodh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.

Airteagal 12

Smachtbhannaí i leith sáruithe ag an mBallstát bunaíochta

1.   I gcás sárú tromchúiseach ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar a dhéanfar nó a fhionnfar in aon Bhallstát, déanfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát bunaíochta an tarlóra a mbeidh an sárú sin déanta aige an ghníomhaíocht iomchuí a ghlacadh, lena bhféadfar foláireamh a áireamh má fhoráileann an dlí náisiúnta dó sin, chun an t-ábhar a shaothrú, ní a bhféadfaidh, inter alia, forchur na bpionós riaracháin seo a leanas a leanúint as:

(a)

roinnt chóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;

(b)

an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.

Féadfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh deireanach déanta faoin ábhar agus féachfaidh siad dá thromchúisí atá an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail agus do líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas sin atá ina sheilbh maidir le trácht idirnáisiúnta.

2.   I gcás sáruithe thromchúisigh i ndáil le haon mhí-úsáid fianuithe tiománaithe de chineál ar bith, forchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an tarlóra a bhfuil sáruithe den sórt sin déanta aige pionóis iomchuí, amhail:

(a)

eisiúint fianuithe tiománaithe a fhionrú;

(b)

fianuithe tiománaithe a tharraingt siar;

(c)

eisiúint fianuithe tiománaithe a chur faoi réir coinníollacha breise chun cosc a chur le mí-úsáid;

(d)

roinnt chóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;

(e)

an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.

Féadfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh deireanach déanta faoin ábhar agus féachfaidh siad dá thromchúisí atá an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail.

3.   A luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine, tar éis dóibh a gcinneadh deireanach maidir leis an ábhar a dhéanamh, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar fionnadh an sárú cé acu ceann de na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 a gearradh.

Mura ngearrtar pionóis den sórt sin, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit na cúiseanna atá leis sin.

4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil na pionóis a ghearrtar ar an tarlóir lena mbaineann, tríd is tríd, i gcomhréir leis an sárú nó leis na sáruithe as ar eascair na pionóis sin agus cuirfear san áireamh leo aon phionós as an sárú céanna a gearradh sa Bhallstát ina ndearnadh an sárú a fhionnadh.

5.   Ina theannta sin, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an tarlóra, de bhun an dlí náisiúnta, imeachtaí a thabhairt in aghaidh an tarlóra os comhair cúirte inniúla nó os comhair binse inniúil náisiúnta. Cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh aon chinntí arna ndéanamh chuige sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag tarlóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionós riaracháin a ghearrtar orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 13

Smachtbhannaí i leith sáruithe ag an mBallstáit óstach

1.   I gcás ina bhfuil na húdaráis inniúla i mBallstát feasach faoi shárú tromchúiseach ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar is inchurtha i leith tarlóra ó Bhallstát eile, cuirfidh an Ballstáit a mbeidh an sárú arna fhionnadh laistigh dá chríoch an fhaisnéis a leanas faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an tarlóra a luaithe is féidir é agus tráth nach déanaí ná sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach ar an ábhar:

(a)

cur síos ar an sárú agus dáta agus am a dhéanta;

(b)

catagóir, cineál an tsáraithe agus a thromchúisí is atá sé; agus

(c)

na pionóis a gearradh agus na pionóis a fhorghníomhadh.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe pionóis riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.   Gan dochar d’aon ionchúiseamh coiriúil, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh pionóis a fhorchur ar tharlóir neamhchónaitheach a rinne sáruithe ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht náisiúnta nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar ina gcríoch féin le linn oibríocht chabatáiste. Gearrfaidh siad na pionóis ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh na pionóis sin a bheith, inter alia, i bhfoirm rabhaidh, nó, i gcás sáraithe thromchúisigh, i bhfoirm coisc shealadaigh ar iompar cabatáiste i gcríoch an Bhallstáit óstaigh ina ndearnadh an sárú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag tarlóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a ghearrtar orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 14

Taifead sna cláir leictreonacha náisiúnta

Maidir le sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar arna ndéanamh ag tarlóirí bunaithe ar a gcríoch, agus ba bhun le forchur pionóis ag aon Bhallstát, mar aon le haon tarraingt siar shealadach nó bhuan den cheadúnas Comhphobail nó den chóip dhílis dheimhnithe, áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar iad a thaifeadadh i gclár náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar. Maidir leis na taifid sin sa chlár a bhaineann le ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, fanfaidh siad sa bhunachar sonraí ar feadh dhá bhliain a dhéanfar a chomhaireamh, i gcás tarraingthe siar ar bhonn sealadach, ón tarraingt siar a dhul in éag nó, i gcás tarraingthe siar ar bhonn buan, ó dháta na tarraingthe siar.

CAIBIDIL V

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 15

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 16

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta sin gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht ná áit bhunaíochta an tarlóra.

Airteagal 17

Tuairisciú

1.   Gach dhá bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na dtarlóirí a raibh ceadúnais Chomhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus líon na gcóipeanna dílse deimhnithe a fhreagraíonn do na feithiclí a bhí i gcúrsaíocht ag an dáta sin.

2.   Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiúin freisin líon na bhfianuithe arna n-eisiúint chuig tiománaithe sa bhliain féilire roimhe sin maille le líon na bhfianuithe sin a bhí i gcúrsaíocht ar 31 Nollaig na bliana céanna sin.

3.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil maidir le staid an mhargaidh Chomhphobail iompair de bhóthair roimh dheireadh 2013. Sa tuarascáil sin beidh anailís ar staid an mhargaidh, lena n-áirítear meastóireacht ar éifeachtacht rialuithe agus ar éabhlóid choinníollacha fostaíochta sa ghairm, mar aon le measúnú cibé an bhfuil dul chun cinn déanta maidir le comhchuibhiú na rialacha i dtaca le, inter alia, forghníomhú, muirir ar úsáideoirí boithre, maille le reachtaíocht shóisialta agus sabháilteachta go feadh méid lena bhféadfaí oscailt tuilleadh mhargadh an iompair de bhóthar, lena n-áirítear cabatáiste, a bheartú.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Achomhairc

Aisghairtear leis seo Rialacháin (CEE) Uimh. 881/92 agus (CEE) Uimh. 3118/93 agus Treoir 2006/94/CE.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe agus don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Nollaig 2011, ach amháin Airteagal 8 agus Airteagal 9, a thiocfaidh i bhfeidhm ón 14 Bealtaine 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 204, 9.8.2008, lch. 31.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 62 E, 17.3.2009, lch. 46), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009.

(3)  IO L 95, 9.4.1992, lch. 1.

(4)  IO L 279, 12.11.1993, lch. 1.

(5)  IO L 374, 27.12.2006, lch. 5.

(6)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.

(7)  IO L 368, 17.12.1992, lch. 38.

(8)  IO L 18, 21.1.1997, lch. 1.

(9)  IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

(10)  Féach leathanach 51 den Iris Oifigiúil seo.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)  IO L 33, 4.2.2006, lch. 82.

(13)  IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.

(14)  IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.


IARSCRÍBHINN I

Gnéithe slándála cheadúnas an Chomhphobail agus an fianú tiomána

Caithfidh dhá thréith de na tréithe slándála seo a leanas a bheith ag ceadúnas an Chomhphobail agus ag an bhfianú tiomána:

holagram,

snáithíní speisialta sa phaipéar a thagann chun sofheictheachta faoi sholas ultravialait,

líne mhicreaphrionta amháin ar a laghad (nach mbeidh a chló sofheicthe ach le gloine formhéadúcháin agus nach bhféadfar a atáirgeadh le meaisíní fótachóipeála),

carachtair thadhlacha, siombailí tadhlacha nó patrúin thadhlacha,

uimhriú dúbailte: sraithuimhir an cheadúnais Chomhphobail, cóip dheimhnithe den cheadúnas sin nó den fhianú tiomána mar aon le huimhir eisiúna i ngach cás,

cúlra a bhfuil dearadh slándála a bhfuil patrúin mhíne guilloche air agus priontáil bogha ceatha.


IARSCRÍBHINN II

Múnla cheadúnas an Chomhphobail

AN COMHPHOBAL EORPACH

(a)

(Dath Pantoin bánghorm, formáid DIN A4; páipéar ceallalóis, 100 g/m2 nó níos mó)

(Céad leathanach an cheadúnais)

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)

Image

(b)

(Dara leathanach an cheadúnais)

An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Eisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.

An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais a dhéantar laistigh de chríoch an Chomhphobail, agus i gcás inarb iomchuí, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos anseo:

má tá an pointe tosaigh agus an pointe is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát éagsúla, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin,

ó Bhallstát chuig tríú tír ná vice versa le hidirthuras nó gan idirthuras trí cheann nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin,

idir tríú tíortha le hidirthuras trí chríoch Bhallstáit amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin,

agus turais neamhualaithe i ndáil le hiompar den sórt sin.

I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, beidh feidhm ag an gceadúnas seo i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch an Chomhphobail. Ní bheidh bailíocht leis i mBallstát an luchtaithe agus an díluchtaithe ach amháin nuair atá an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír atá i gceist curtha i gcrích de réir Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.

Is rud pearsanta a bhaineann leis an sealbhóir an ceadúnas agus níl sé inaistrithe.

Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát a eisiúna é a tharraingt siar go háirithe:

murar chomhlíon an sealbhóir na coinníollacha uile le haghaidh úsáid an cheadúnais,

má thug an sealbhóir faisnéis mhícheart i dtaca leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an cheadúnais nó chun síneadh a chur leis.

Caithfidh an gnóthas bunchóip an cheadúnais a choinneáil.

Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choinneáil san fheithicil (1). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.

Ní mór an ceadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.

Laistigh de chríoch gach Ballstát ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.


(1)  Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach le haghaidh iompair earraí.


IARSCRÍBHINN III

Múnla d’fhianuithe tiománaithe

AN COMHPHOBAL EORPACH

(a)

(Dath Pantoin bándearg, formáid DIN A4; páipéar ceallalósach, 100 g/m2 nó níos troime)

(Céad leathanach an fhianaithe)

(An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)

Image

(b)

(Dara leathanach an fhianaithe)

(Tan téacs i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Eisítear an fianú seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.

Deimhníonn sé go bhfuil an tiománaí arna ainmniú ann fostaithe, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin nó leis na borálacha riaracháin agus, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na comhaontuithe tiomsaitheacha, de réir na rialacha atá infheidhme sa Bhallstát atá luaite san fhianú, faoi na coinníollacha fostaíochta agus oiliúna gairmiúla tiománaithe atá infheidhme sa Bhallstát sin chun oibríochtaí iompair de bhóthar a chur i gcrích sa Stát sin.

Beidh an fianú faoi úinéireacht an tarlóra, a chuireann ar láimh an tiománaithe atá ainmnithe ann é nuair a thiomáineann an tiománaí sin, le linn dó úsáid a bhaint as ceadúnas Comhphobail arna eisiúint don tarlóir sin, feithicil (1) a bhíonn i mbun iompair. Beidh fianú tiománaí inaistrithe. Ní bheidh fianú tiománaí bailí ach chomh fada is a bheidh na coinníollacha faoinar eisíodh é fós comhlíonta agus ní mór don tarlóir é a thabhairt ar ais láithreach do na húdaráis eisiúna mura bhfuiltear ag comhlíonadh na coinníollacha sin níos mó.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh é a tharraingt siar, go háirithe:

murar chomhlíon an sealbhóir na coinníollacha uile le haghaidh úsáid an cheadúnais,

má thug an sealbhóir eolas mícheart i dtaca leis na sonraí a theastaíonn le haghaidh eisiúint an fhianuithe nó chun síneadh a chur leis.

Caithfidh an gnóthas tarlaithe cóip dhílis dheimhnithe den fhianú a choinneáil.

Ní mór bunchóip an fhianaithe a choinneáil san fheithicil agus ní mór don tiománaí é a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach údaraithe cigireachta.


(1)  Ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát agus a mbaintear úsáid aisti go heisiatach le haghaidh iompair earraí.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 881/92

Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93

Treoir 2006/94/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

 

 

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

 

 

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

 

 

Airteagal 1(3)

Iarscríbhinn II

 

Airteagal 1(1) agus (2), Airteagal 2, Iarscríbhinn I.

Airteagal 1(5)

 

 

Airteagal 2

Airteagal 1(6)

Airteagal 2

 

 

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

 

 

Airteagal 3

Airteagal 3(2)

 

 

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(3)

 

 

Airteagal 5(1)

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 5(1)

 

 

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(2)

 

 

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(3)

 

 

Airteagal 4(4)

 

 

 

Airteagal 4(5)

Airteagal 5(4), Iarscríbhinn I

 

 

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(5)

 

 

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1)

 

 

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(2)

 

 

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(3)

 

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 6(4)

 

 

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(5)

 

 

Airteagal 5(7)

Airteagal 7

 

 

Airteagal 6

Airteagal 8(1)

 

 

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

 

 

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(3)

 

 

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(4)

 

 

Airteagal 12(2)

Airteagal 9(1) agus (2)

 

 

Airteagal 12(6)

 

Airteagal 1(1)

 

Airteagal 8(1)

 

Airteagal 1(2)

 

Airteagal 8(5)

 

Airteagal 1(3) agus (4)

 

Airteagal 8(6)

 

Airteagal 2

 

 

 

Airteagal 3

 

 

 

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 6(1)

 

Airteagal 9(1)

 

Airteagal 6(2)

 

 

 

Airteagal 6(3)

 

Airteagal 9(2)

 

Airteagal 6(4)

 

 

 

Airteagal 7

 

Airteagal 10

Airteagal 10

 

 

Airteagal 17(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 8(1)

 

Airteagal 11

Airteagal 11(2)

 

 

Airteagal 13(1)

Airteagal 11(3)

 

 

Airteagal 12(4)

Airteagal 11a

 

 

 

 

Airteagal 8(2) agus (3)

 

Airteagal 13(2)

 

Airteagal 8(4) an chéad fhomhír agus an tríú fomhír

 

 

 

Airteagal 8(4), an dara fomhír

 

Airteagal 12(4)

 

Airteagal 8(4), an ceathrú fomhír agus fomhír an cúigiú fomhír

 

Airteagal 12(5)

 

Airteagal 9

 

Airteagal 13(3)

Airteagal 12

 

 

Airteagal 18

Airteagal 13

 

 

 

Airteagal 14

Airteagal 10

 

 

 

Airteagal 11

 

 

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 4

Airteagal 19

 

 

Airteagal 3

 

 

 

Airteagal 5

 

 

 

Iarscríbhinn II, III

 

Iarscríbhinn I

 

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

 

 

Iarscríbhinn III

 

Iarscríbhinn I

 

 

 

Iarscríbhinn II

 

 

 

Iarscríbhinn III

 

 

 

Iarscríbhinn IV

 

 


14.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/88


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1073/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfar athruithe substainteacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (3) agus ar Rialachán (CE) Uimh. 12/98 ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí náisiúnta iompair do phaisinéirí de bhóthar a oibriú laistigh de Bhallstát (4). Ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus leis an simpliú ba cheart na Rialacháin sin a athmhúnlú agus a ionchorprú in aon Rialachán amháin.

(2)

Tá leagan síos comhrialacha a bheidh infheidhme i leith iompar idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar maille le coinníollacha faoina bhféadfaidh iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair náisiúnta a oibriú laistigh de Bhallstát ag roinnt, inter alia, le bunú beartais iompair choitianta.

(3)

Chun creat cuimsitheach a áirithiú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus ar fud an Chomhphobail ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo le gach iompar idirnáisiúnta ar chríoch an Chomhphobail. Tá iompar ó na Ballstáit chuig tríú tíortha folaithe a bheag nó a mhór ag comhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit agus na tríú tíortha sin. Dá thairbhe sin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gcuid sin den turas ar chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina ligtear amach paisinéirí fad is nach bhfuil comhaontú idir an Comhphobal agus na tríú tír atá i gceist. Beidh feidhm aige áfach laistigh de Bhallstát a thrasnaítear in idirthuras.

(4)

Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil ina bunphrionsabal den chomhbheartas iompair agus éilíonn sí go ráthaítear d'iompróiríó na Ballstáit uile go mbeidh rochtain acu ar mhargaí idirnáisiúnta iompair gan idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áit bhunaíochta.

(5)

Beidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus ag brath ar sheilbh cheadúnais Comhphobail. Ba cheart go gceanglófaí ar iompróirí cóip dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a iompar ar bord gach feithicle dá gcuid d'fhonn rialuithe éifeachtacha ag údaráis feidhmiúcháin a éascú, go háirithe iadsan lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe. Ba cheart na coinníollacha lena rialaítear eisiúint ceadúnas Comhphobail, a dtréimhsí feidhme agus na rialacha mionsonraithe maidir lena n-úsáid a chinneadh. Caithfear freisin sonraíochtaí mionsonraithe maidir leis an leagan amach agus maidir le gnéithe eile den cheadúnas Comhphobail agus de na cóipeanna deimhnithe de a leagan síos.

(6)

Ba cheart go ndéanfaí seiceálacha cois bóthar gan idirdhealú díreach nó indíreach a dhéanamh, ar bhonn náisiúntacht an oibreora iompair de bhóthar ná ar bhonn tír bhunaíochta an oibreora iompair de bhóthar ná ar bhonn uimhir chláraithe na feithicle.

(7)

Ba cheart go bhforálfaí do shocruithe solúbtha faoi réir coinníollacha áirithe maidir le seirbhísí tráthrialta speisialta agus maidir le seirbhísí ócáideacha áirithe chun éileamh an mhargaidh a shásamh.

(8)

Le linn socruithe údaraithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta a chothabháil ba cheart rialacha áirithe a leasú go háirithe i dtaca le nósanna imeachta údaraithe.

(9)

Ba cheart údarú do sheirbhísí rialta a dheonú mura bhfuil forais lena dhiúltú atá sonraithe go soiléir agus atá inchurtha i leith an iarratasóra. Ba cheart gurb iad na forais do dhiúltú i leith an mhargaidh ábhartha go ndéanfadh an tseirbhís a iarradh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide agus a oibrítear faoi chonradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná conradh seirbhíse poiblí amháin ar na stiallacha díreacha de bhóthair lena mbaineann nó nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla.

(10)

Ba cheart go gceadófaí d'iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí áirithe náisiúnta bóthair do phaisinéirí a oibriú, ach ba cheart féachaint do na tréithe sonracha a bhaineann le gach modh seirbhíse. Nuair a dhéanfar oibríochtaí iompair cabatáiste den sórt sin, ba cheart go mbeadh siad faoi réir ag reachtaíocht an Chomhphobail amhail Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíocht áirithe shóisialach i ndáil le hiompar de bhóthar (5) agus faoi réir ag an dlí náisiúnta atá i bhfeidhm i réimsí sonracha sa Bhallstát óstach.

(11)

Tá feidhm maidir le gnóthais iompair a mbíonn oibríocht chabatáiste á feidhmiú acu ag na forálacha Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (6).

(12)

I gcás seirbhísí tráthrialta, níor cheart go n-osclófaí d'iompróirí neamhchónaitheacha ach seirbhísí tráthrialta a chuirtear ar fáil mar chuid de sheirbhís thráthrialta idirnáisiúnta, ach gan seirbhísí uirbeacha agus fo-uirbeacha a áireamh, faoi réir coinníollacha áirithe agus go háirithe faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát óstach.

(13)

Tá sé inmhianaithe go ndeonóidh na Ballstáit cabhair fhrithpháirteach dá chéile ar mhaithe leis an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm go fónta.

(14)

Ba cheart foirmiúlachtaí riaracháin a laghdú a mhéid is féidir gan na rialuithe agus na pionóis lena ráthaítear cur i bhfeidhm cuí agus cur i ngníomh éifeachtach an Rialacháin seo a thréigean. Chuige sin, ba cheart na rialacha atá ann cheana maidir le tarraingt siar an cheadúnais Comhphobail a shoiléiriú agus a neartú. Ba cheart na rialacha reatha a oiriúnú chun go bhféadfaí smachtbhannaí éifeachtacha a fhorchur i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar i mBallstát seachas i mBallstát na bunaíochta. Ba cheart go mbeadh na pionóis neamh-idirdhealaitheach agus go mbeadh siad comhréireach le tromchúis na sáruithe. Ba cheart go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i leith aon phionóis a fhorchuirtear.

(15)

Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit na sáruithe tromchúiseacha go léir atá inchurtha i leith iompróirí agus is bun le forchur pionóis a thaifeadadh ina gclár náisiúnta leictreonach gnóthas iompair de bhóthar.

(16)

D'fhonn an malartú faisnéise idir údaráis náisiúnta a éascú agus a neartú, ba cheart do Bhallstáit an fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí na pointí teagmhála náisiúnta arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh (7).

(17)

Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(18)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún formáid dhoiciméad áirithe a bhunú lena n-úsáid chun an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(19)

Ba cheart do Bhallstáit na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le pionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(20)

D'fhonn turasóireacht agus úsáid chórais iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a spreagadh, ba cheart go leasófaí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ionas go mbeidh cead ag tiománaithe atá i mbun seirbhíse iompair ócáidí d'iompair paisniéirí go hidirnáisiúnta a sos seachtainiúil a chur siar ar feadh tréimhse suas go dtí 12 thréimhse 24-uair an chloig sa chás go bhfuil siad páirteach i ngníomhaíochtaí iompair de phaisinéirí nach n-áiríonn de ghnáth uaireanta an chloig tiomána atá leanúnach agus fada. Ba cheart an fhéidearthacht seo a cheadú faoi choinníollacha an-dhochta amháin, coinníollacha lena gcaomhnaítear an tsábháilteacht ar bhóithre agus lena gcuirtear san áireamh coinníollacha oibre na dtiománaithe, inter alia, an oibleagáid chun sos seachtainiúil a thógáil díreach roimh agus díreach i ndiaidh na seirbhíse. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún dlúthmhonatóireacht ar úsáid na féidearthachta seo. Má thagann athrú substainteach ar an staid réalaíoch a thugann údar leis an maolú seo agus gurb é an toradh atá ar an maolú ná go dtéann an tsábháilteacht bóthar chun donnachta, ba cheart go dtógfadh an Coimisiún na bearta is iomchuí.

(21)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an ghnímh atá le déanamh a bhaint amach go sásúil ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh, gur féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste nó de bhus laistigh de chríoch an Chomhphobail ag iompróirí ar fruiliú nó ar airgead nó ag iompróirí atá ag obair ar a son féin atá bunaithe i mBallstát de réir dlí an Bhallstáit sin, ag baint úsáide as feithiclí atá cláraithe sa Bhallstát sin agus atá oiriúnach de bhua a dtógála agus a dtrealamh chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha le haghaidh sin agus maidir le gluaiseacht feithiclí dá leithéid agus iad folamh i dtaca le hiompar dá leithéid.

Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear d'fheidhmiú an Rialacháin seo.

2.   I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca leis an gcuid sin den turas ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear in idirthuras. Ní bheidh feidhm aige i leith na coda sin den turas laistigh de chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí fad nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha i gcrích.

3.   Go dtí go dtabharfar i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fhorálacha a bhaineann leis an iompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá i gcomhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit agus na tríú tíortha sin.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead arna n-oibriú ag iompróir neamhchónaitheach ar bhonn sealadach dá bhforáiltear i gCaibidil V.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

1.

ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’:

(a)

má tá an áit tosaigh agus an áit is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát faoi leith, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tíortha;

(b)

turas arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a phointe tosaigh agus a cheann scríbe sa Bhallstát céanna agus ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c)

turas a dhéanann feithicil ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, bíodh nó ná bíodh idirthuras i gceist trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná tríú tír amháin; nó

(d)

turas arna ndéanmah ag feithicil idir tríú tíortha, maille le hidirthuras trí chríoch aon Bhallstáit amháin nó níos mó ná sin;

2.

ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a dhéanann foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh a shonraítear feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;

3.

ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí tráthrialta, is cuma cé eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;

4.

ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta agus arb é a bpríomhthréith go n-iompraíonn siad grúpaí paisinéirí a bhailítear ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra féin;

5.

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair féinchuntais’ oibríochtaí a dhéanann duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis:

i gcás nach bhfuil sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach sin, agus

i gcás inar maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu faoi nó ina bhfuil siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó ina bhfuil conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus go bhfuil siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh nó ag an duine nádúrtha é féin nó ag comhaltaí foirne a fhostaíonn an gnóthas nó a gcuirtear ar láimh don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach;

6.

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát ina bhfuil iompróir ag oibriú, seachas an Ballstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe;

7.

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair cabatáiste’

seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú agus ar airgead a sholáthraíonn iompróir ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, nó

paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach laistigh den Bhallstát céanna le linn seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, ar choinníoll nach é príomhchuspóir na seirbhíse sin é.

8.

ciallaíonn ‘sárú tromchúiseach ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar’ sárú a bhféadfadh caillteanas dea-cháile a bheith mar thoradh orthu i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, agus/nó ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan.

Airteagal 3

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

1.   Ceadófar d'aon iompróir ar fruiliú nó ar airgead dá dtagraítear in Airteagal 1 seirbhísí tráthrialta a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha de chóiste nó de bhus, gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta nó áite bunaíochta:

(a)

má údaraítear sa Bhallstát bunaíochta é iompar a dhéanamh trí mheán seirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, nó seirbhísí ócáideacha de chóiste agus de bhus, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta;

(b)

má chomhlíonann sé na coinníollacha arna leagan síos i gcomhréir le rialacha an Chomhphobail maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus

(c)

má chomhlíonann sé na ceanglais dhlíthúla maidir le caighdeáin do thiománaithe agus d'fheithiclí faoi mar atá leagtha síos, go háirithe, i dTreoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (9), i dTreoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (10) agus i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le buncháilíocht agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí agus paisinéirí (11).

2.   Ceadófar d'aon iompróir féinchuntais dá dtagraítear in Airteagal 1 na seirbhísí iompair de bhonn Airteagal 5(5) a chur i gcrích gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta nó áite bunaíochta:

(a)

má údaraítear sa Bhallstát bunaíochta é iompar a dhéanamh de chóiste agus de bhus i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta; agus

(b)

má chomhlíonann sé na ceanglais dhlíthiúla maidir le tiománaithe agus feithiclí a leagtar síos, go háirithe, i dTreoir 92/6/CEE, i dTreoir 96/53/CE agus i dTreoir 2003/59/CE.

CAIBIDIL II

CEADÚNAS COMHPHOBAIL AGUS ROCHTAIN AR AN MARGADH

Airteagal 4

Ceadúnas Comhphobail

1.   Cuirfear iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i gcrích faoi réir ceadúnais Comhphobail a eiseoidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a shealbhú.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta bunchóip an cheadúnais Comhphobail a eisiúint don iarratasóir, ar bunchóip í a choinneoidh an t-iompróir, agus an líon cóipeanna dílse deimhnithe de a fhreagróidh líon na bhfeithiclí a mbainfear úsáid astu le haghaidh iompair idirnáisiúnta phaisinéirí agus a bheidh ar láimh do shealbhóir an cheadúnais Comhphobail, bíodh siad faoi úinéireacht iomlán, nó i bhfoirm eile, go háirithe de bhua conartha glasíocaí, conartha fruilithe nó conartha léasaithe.

Comhfhreagróidh an ceadúnas Comhphobail agus na cóipeanna dílse deimhnithe don mhúnla a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu.

Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Beidh séala an údaráis eisiúna ar an gceadúnas Comhphobail agus ar na cóipeanna dílse deimhnithe de mar aon le síniú agus sraithuimhir. Déanfar sraithuimhreacha an cheadúnais Comhphobail agus na gcóipeanna dílse deimhnithe a thaifeadadh i gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthair dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar chuid de thacar sonraí a bhaineann leis an iompróir.

3.   Eiseofar an ceadúnas Comhphobail in ainm an iompróra agus beidh sé neamh-inaistrithe. Beidh cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail coimeádta i ngach ceann d'fheithiclí an iompróra agus tabharfar ar aird í ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

4.   Eiseofar an ceadúnas Comhphobail ar feadh tréimhsí inathnuaite suas go deich mbliana ar a mhéid.

Maidir le ceadúnais Chomhphobail agus cóipeanna dílse deimhnithe díobh a eisítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh siad bailí go dtí an dáta a rachaidh siad in éag.

5.   Cibé uair a thaiscfear iarratas ar cheadúnas Comhphobail nó cibé uair a dhéanfar ceadúnas Comhphobail a athnuachan i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fíoróidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta an gcomhlíonann an t-iompróir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) nó an bhfuil siad i gcónaí á gcomhlíonadh aige.

6.   Nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta ceadúnas Chomhphobail a eisiúint nó a athnuachan nó déanfaidh siad é a tharraingt siar trí chinneadh réasúnaithe.

7.   Ráthóidh Ballstáit ceart iarratasóir nó shealbhóir an cheadúnais Comhphobail achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na n-udarás inniúla i mBallstát na bunaíochta an ceadúnas sin a dhiúltú nó a tharraingt siar.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin go mbeidh an ceadúnas Comhphobail bailí le haghaidh oibríochtaí iompair náisiúnta freisin.

Airteagal 5

Rochtain ar an margadh

1.   Beidh seirbhísí tráthrialta oscailte do chách ach faoi réir forchoimeádta, i gcás inarb iomchuí.

Beidh na seirbhísí sin faoi réir údarú i gcomhréir le forálacha Chaibidil III.

Beidh seirbhísí tráthrialta ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa faoi réir údarú i gcomhréir leis an gcomhaontú déthaobhach idir an Ballstát agus an tríú tír agus, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát a ndéantar idirthuras tríd, fad nach mbeidh an comhaontú is gá tugtha i gcrích idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann.

Coigeartú ar bith a dhéantar ar choinníollacha oibriúcháin na seirbhíse, ní dhéanfaidh sé aon difear do nádúr tráthrialta na seirbhíse.

Eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a dhéanfaidh freastal ar an bpobal céanna agus a dhéanann na seirbhísí tráthrialta atá ann, an neamhfhreastal ar stadanna áirithe agus an freastal ar stadanna breise i dtaca le seirbhísí tráthrialta atá ann, rialófar iad leis na rialacha céanna leis na rialacha is infheidhme maidir leis na seirbhísí tráthrialta atá ann.

2.   Folóidh seirbhísí tráthrialta:

(a)

iompar oibrithe idir baile agus ionad oibre;

(b)

iompar do dhaltaí scoile agus do mhic léinn go dtí an institiúid oideachais agus uaithi.

Ní dhéanfaidh sé aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta go bhféadfaidh seirbhís speisialta bheith athraithe de réir riachtanais na n-úsáideoirí.

Ní bheidh seirbhísí tráthrialta speisialta faoi réir údarú i gcomhréir le Caibidil III nuair atá siad cumhdaithe le conradh a thabharfar i gcrích idir an t-eagraí agus an t-iompróir.

3.   Ní bheidh údarú i gcomhréir le Caibidil III riachtanach i gcás seirbhísí ócáideacha.

Beidh eagrúchán seirbhísí comhfhreagracha nó sealadacha atá inchurtha le seirbhísí tráthrialta atá ann agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna faoi réir údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos i gCaibidil III.

Ní scoirfidh seirbhísí ócáideacha de bheith ina seirbhísí ócáideacha ar na forais sin amháin gur ag eatraimh áirithe a chuirtear ar fáil iad.

Féadfaidh grúpa iompróirí atá ag gníomhú ar son an chonraitheora chéanna seirbhísí ócáideacha a sholáthar, agus féadfaidh taistealaithe naisc a dhéanamh, agus iad ar an mbealach, le hiompróir difriúil den ghrúpa céanna, ar chríoch Ballstáit.

Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta chun ainmneacha na n-iompróirí sin mar aon leis na nascphointí ar an mbealach, a bheidh le cur in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.   Ní bheidh údarú riachtanach ach oiread le haghaidh turas gan lasta ag feithiclí i dtaca leis na hoibríochtaí iompair dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2, agus sa chéad fhomhír de mhír 3.

5.   Beidh oibríochtaí iompair féinchuntais díolmhaithe ó údarú ach beidh siad faoi réir córas deimhnithe.

Is iad na húdaráis inniúla den Bhallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe a eiseoidh na deimhnithe agus beidh siad bailí ar feadh an turais iomláin lena n-áirítear an idirthuras.

Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ TRÁTHRIALTA ATÁ FAOI RÉIR ÚDARAITHE

Airteagal 6

Cineál an údaraithe

1.   Is in ainm an iompróra a eiseofar na húdaruithe agus beidh siad neamhinaistrithe. Féadfaidh iompróir a bhfuil údarú faighte aige, áfach, le toiliú údarás inniúil an Bhallstát ina bhfuil an pointe imeachta, dá ngairfear an ‘t-údarás um údarú’ anseo feasta, an tseirbhís a oibriú trí fhochonraitheoir. Sa chás sin déanfar ainm an fhochonraitheora sin agus a ról a chur in iúl ar an údarú. Comhlíonfaidh an fochonraitheoir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1). Chun críocha na míre seo, ciallaíonn imeacht ‘ceann de chinn scríbe na seirbhíse’.

I gcás gnóthas a dhéanfar a chomhlachú chun críche seirbhís tráthrialta a oibriú, eiseofar an t-údarú in ainmneacha na ngnóthas uile agus luafar leis ainmneacha uile na n-oibreoirí. Tabharfar é don ghnóthas a bhainisteoidh an oibríocht agus tabharfar cóipeanna do na gnóthais eile.

2.   Ní rachaidh tréimhse bhailíochta an údaraithe thar chúig bliana. Féadfar é a shocrú ag téarma níos giorra ar iarratas ón iarratasóir nó le toiliú frithpháirteach na n-údarás inniúla a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ar a gcríocha.

3.   Sonrófar an méid a leanas sna húdaruithe:

(a)

an cineál seirbhíse;

(b)

bealach na seirbhíse, ag tabhairt le fios go háirithe an pointe imeachta agus an pointe is ceann scríbe;

(c)

tréimhse bhailíochta an údaraithe;

(d)

na stadanna agus an t-amchlár.

4.   Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.   Tabharfaidh údaruithe teideal dá sealbhóir nó dá sealbhóirí seirbhísí tráthrialta a oibriú i gcríocha uile na mBallstát a rachaidh bealaí na seirbhíse tríothu.

6.   Féadfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta feithiclí breise a úsáid chun déileáil le himthosca sealadacha agus eisceachtúla. Ní fhéadfar ach na feithiclí breise den sórt sin a úsáid faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 3.

Sa chás sin, áiritheoidh an t-iompróir go bhfuil na doiciméid a leanas ar iompar san fheithicil:

(a)

cóip d'údarú na seirbhíse tráthrialta;

(b)

cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta agus an gnóthas atá ag cur na feithiclí breise ar fáil nó doiciméad ar chomhbhrí leis;

(c)

cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a eisíodh don oibreoir a chuireann na feithiclí breise ar fáil don tseirbhís.

Airteagal 7

Iarratas ar údarú a chur isteach

1.   Cuirfear iarratais ar údarú maidir le seirbhísí tráthrialta faoi bhráid an údaráis um údarú.

2.   Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na hiarratais. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

3.   Daoine a chuireann iarratas isteach ar údarú, cuirfidh siad ar fáil aon fhaisnéis bhreise a mheasfaidh siad a bheith ábhartha nó atá iarrtha ag an údarás um údarú, go háirithe sceideal tiomána trína bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh reachtaíocht an Chomhphobail maidir le tiomáint agus le tréimhsí sosa agus cóip den cheadúnas Comhphobail.

Airteagal 8

An nós imeachta um údarú

1.   Eiseofar údaruithe le comhaontú na n-údarás sna Ballstáit uile a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ina gcríocha. Cuirfidh an t-údarás um údarú ar aghaidh chuig na húdaráis sin, agus chuig údaráis inniúla na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach, cóip den iarratas maille le cóipeanna d'aon doiciméadú ábhartha eile agus an measúnú arna ndéanamh uirthi.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ar iarradh orthu teacht ar chomhaontú a gcinneadh maidir leis an iarratas in iúl don údarás um údarú laistigh de dhá mhí. Ríomhfar an teorainn ama sin ó dháta fhála an iarratais ar chomhaontú, dáta atá ar taispeáint san admháil go bhfuarthas an t-iarratas. Más cinneadh diúltach an cinneadh a gheofar ó údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú orthu, beidh ráiteas cuí ar na cúiseanna ann. Mura mbeidh freagra faighte ag an údarás um údarú laistigh de dhá mhí, measfar comhaontú a bheith faighte ó na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo agus féadfaidh an t-údarás um údarú an t-údarú a dheonú.

Féadfaidh údaráis na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach iontu an t-údarás um údarú a chur ar an eolas maidir lena mbarúlacha taobh istigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír.

3.   Déanfaidh an t-údarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre mhí ó dháta thaiscthe an iarratais ag an iompróir.

4.   Deonófar údarú:

(a)

mura bhfuil an t-iarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratais a chur ar fáil le trealamh atá díreach ar fáil dó;

(b)

mura chomhlíon an t-iarratasóir reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó má tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe;

(c)

mura bhfuil, i gcás iarratais ar athnuachan, coinníollacha an údaraithe comhlíonta aige;

(d)

mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse go ndéanfadh an tseirbhís lena mbaineann difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar an reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát critéir a chur ar bun, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena chinneadh cé acu a dhéanfadh an tseirbhís ar cuireadh iarratas isteach ina leith difear don tseirbhís inchomparáide thuasluaite agus ar iarratas ón gCoimisiún cuirfidh an Ballstát na critéir sin in iúl dó;

(e)

mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá suite i mBallstáit éagsúla.

Má tá seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste ag déanamh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar reachtaíocht an Chomhphobail atá i bhfeidhm maidir leis na ranna díreacha lena mbaineann, de bharr cúiseanna eisceachtúla nach bhféadfaí coinne a bheith leo nuair a deonaíodh an t-údarú, féadfaidh Ballstát, le comhaontú ón gCoimisiún, an t-údarú chun seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste a reáchtáil a fhionraí nó a tharraingt siar i ndiaidh fógra sé mhí a thabhairt don iompróir.

Má tá na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag iompróir níos ísle ná iad siúd a mbeidh á dtairiscint ag iompróirí eile de bhóthar nó má tá an nasc atá i gceist á oibriú cheana ag iompróirí eile de bhóthar, ní údar an méid sin ann féin leis an iarratas a dhiúltú.

5.   Ní fhéadfaidh an t-údarás um údarú agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile atá bainteach leis an nós imeachta chun teacht ar chomhaontú dá bhforáiltear i mír 1 iarratais a dhiúltú ach amháin ar bhonn na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

6.   Tar éis an nós imeachta a leagtar síos i mír 1 go mír 5 a chríochnú, deonóidh an t-údarás um údarú an t-údarú nó diúltóidh sé go foirmiúil an t-údarú a dheonú.

Luafar i gcinntí lena ndiúltaítear d'iarratas na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do ghnóthais iompair uiríll a dhéanamh i gcás go ndiúltófar dá n-iarratas.

Cuirfidh an t-údarás um údarú an cinneadh in iúl do na húdaráis go léir dá dtagraítear i mír 1, trí chóip d'aon údarú a sheoladh chucu.

7.   Mura gcuirfidh an nós imeachta chun teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1 ar chumas an údaráis um údarú cinneadh faoi iarratas a dhéanamh, féadfar an cás a chur faoi bhráid an Choimisiúin taobh istigh de theorainn ama dhá mhí a ríomhfar ón dáta a ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin a rachfar i gcomhairle leis nó leo de bhun mhír 1 cinneadh diúltach a chur in iúl.

8.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún cinneadh taobh istigh de cheithre mhí ón bhfógra a fháil ón údarás um údarú, ar cinneadh é a thiocfaidh i bhfeidhm tríocha lá tar éis fógra a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann.

9.   Leanfaidh cinneadh an Choimisiúin d'fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú.

Airteagal 9

Údarú a athnuachan agus a athrú

Beidh feidhm ag Airteagal 8, mutatis mutandis, i leith iarratas ar athnuachan nó ar athrú ar na coinníollacha faoina gcaithfear na seirbhísí atá faoi réir údaraithe a chur i gcrích.

I gcás ina ndéanfar athrú beag ar na coinníollacha oibriúcháin, go háirithe coigeartú ar na hachair idir stadanna, ar tháillí agus ar amchláir, ní bheidh sé de cheangal ar an údarás um údarú ach faisnéis maidir leis an athrú a thabhairt do na Ballstáit eile lena mbaineann.

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chomhaontú gurb é an t-údarás um údarú amháin a chinnfidh athruithe ar na coinníollacha faoina mbeidh seirbhís á hoibriú.

Airteagal 10

Dul i léig d'údarú

1.   Gan dochar d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le h seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar (12), titfidh údarú le haghaidh seirbhíse tráthrialta ar lár ag deireadh na tréimhse bailíochta nó trí mhí i ndiaidh don údarás um údarú fógra a fháil ón sealbhóir go bhfuil sé de rún aige an tseirbhís a tharraingt siar. Beidh na cúiseanna luaite go hiomchuí i bhfógra den sórt sin.

2.   Nuair nach bhfuil éileamh níos mó ar sheirbhís, beidh tréimhse d'aon mhí amháin i gceist leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1.

3.   Cuirfidh an t-údarás um údarú in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann go bhfuil an t-údarú imithe as feidhm.

4.   Tabharfaidh sealbhóir an údaraithe fógra d'úsáideoirí na seirbhíse lena mbaineann faoina tarraingt siar mí roimh ré trí mheán poiblíochta iomchuí.

Airteagal 11

Oibleagáidí iompróirí

1.   Ach amháin i gcás force majeure, glacfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta, go dtí go dtéann an t-údarú in éag, na bearta uile is gá lena ráthú go mbeidh seirbhís iompair ann a chomhlíonfaidh na caighdeáin a bhaineann le leanúnachas, le tráthrialtacht agus le hacmhainn agus a chomhlíonann na coinníollacha eile arna leagan síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

2.   Cuirfidh an t-iompróir ar taispeáint bealach na seirbhíse, na stadanna bus, an tráthchlár, na táillí agus na coinníollacha iompair ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go réidh do na húsáideoirí uile.

3.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, beidh na Ballstáit lena mbaineann in ann, trí chomhaontú comhchoiteann agus i gcomhaontú le sealbhóir an údaraithe, athruithe a dhéanamh ar na coinníollacha oibriúcháin lena rialófar seirbhís thráthrialta.

CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ ÓCÁIDEACHA AGUS SEIRBHÍSÍ EILE ATÁ DÍOLMHAITHE Ó ÚDARÚ

Airteagal 12

Doiciméid rialaithe

1.   Cuirfear seirbhísí ócáideacha i gcrích faoi chlúdach foirm thurais, cé is moite de na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3).

2.   Comhlánfaidh iompróir a oibríonn seirbhísí ócáideacha foirm thurais roimh gach turas.

3.   San fhoirm thurais beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an cineál seirbhíse;

(b)

an príomhchúrsa taistil;

(c)

an t-iompróir nó na hiompróirí atá bainteach leis.

4.   Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit ina mbeidh an t-iompróir bunaithe nó comhlachtaí arna gceapadh ag na húdaráis sin a chuirfidh leabhair na bhfoirmeacha turais ar fáil.

5.   Bunóidh an Coimisiún formáid fhoirm na dturas agus leabhar na bhfoirmeacha turais agus an dóigh a n-úsáidfear iad. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

6.   I gcás na seirbhísí tráthrialta speisialta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(2), is é an conradh nó cóip dhílis dheimhnithe de a bheidh mar dhoiciméid rialaithe.

Airteagal 13

Aistir áitiúla

Faoi chuimse seirbhíse ócáidí idirnáisiúnta, féadfaidh iompróir seirbhísí ócáideacha (aistir áitiúla) a chur i gcrích i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe.

Beidh na seirbhísí sin ceaptha do phaisinéirí neamhchónaitheacha a d'iompair an t-iompróir céanna roimhe sin an ar cheann de na seirbhísí idirnáisiúnta a luaitear sa chéad mhír agus cuirfear iad i gcrích leis an bhfeithicil chéanna nó le feithicil eile de chuid an iompróra nó de chuid an ghrúpa chéanna iompróirí.

CAIBIDIL V

CABATÁISTE

Airteagal 14

Prionsabal ginearálta

Aon iompróir a oibreoidh seirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead, agus a mbeidh ceadúnas Comhphobail aige, ceadófar dó, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus gan aon idirdhealú ar fhorais náisiúntacht nó áit bhunaíochta an iompróra, na hoibríochtaí cabatáiste a shonraítear in Airteagal 15 a oibriú.

Airteagal 15

Oibríochtaí údaraithe cabatáiste

Beidh oibríochtaí cabatáiste údaraithe le haghaidh na seirbhísí a leanas:

(a)

seirbhísí tráthrialta speisialta ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe ag conradh arna dhéanamh idir an t-eagraí agus an t-iompróir;

(b)

seirbhísí ócáideacha;

(c)

seirbhísí tráthrialta a dhéanfaidh iompróir nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát óstach i gcúrsa seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta de réir an Rialacháin seo cé is moite de sheirbhísí iompair a fhreastalóidh ar riachtanais lárionaid uirbigh nó comhchathrach nó riachtanais iompair idir an lárionad sin agus na limistéir máguaird. Ní dhéanfar oibríochtaí cabatáiste go neamhspleách ar an tseirbhís idirnáisiúnta sin.

Airteagal 16

Rialacha a bheidh infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh feidhmiú na n-oibríochtaí cabatáiste faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir leo seo a leanas:

(a)

coinníollacha lena rialófar an conradh iompair;

(b)

meáchain agus toisí feithiclí bóthair;

(c)

ceanglais a bhaineann le hiompar catagóirí áirithe paisinéirí, eadhon daltaí scoile, páistí agus daoine atá faoi míchumas luaineachta;

(d)

am tiomána agus tréimhsí sosa;

(e)

cáin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair.

Féadfaidh na hualaí agus na toisí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, a bheith níos mó ná na cinn a bheidh infheidhme i mBallstát bunaíochta an iompróra, ach ní fhéadfaidh siad in imthosca ar bith dul thar na teorainneacha a shocróidh an Ballstát óstach maidir le trácht náisiúnta ná na gnéithe teicniúla a luaitear sna cruthúnais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 96/53/CE.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh oibríochtaí cabatáiste ar cuid iad de na seirbhísí iompair dá dtagraítear in Airteagal 15(c) faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir le húdaruithe, le nósanna imeachta tairisceana, leis na bealaí le bheidh le hoibriú agus le tráthrialtacht, leanúnachas agus minicíocht na seirbhísí chomh maith leis na bealaí taistil.

3.   Caithfidh feithiclí a mbaintear úsáid astu le haghaidh oibríochtaí cabatáiste teacht leis na caighdeáin theicniúla tógála agus trealaimh a leagtar síos le haghaidh feithiclí a chuirtear i gcúrsaíocht i réimse an iompair idirnáisiúnta.

4.   Cuirfear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i bhfeidhm maidir le hiompróirí neamhchónaitheacha faoi na coinníollacha céanna a chuirfear i bhfeidhm maidir le hiompróirí a bhunaítear sa Bhallstát óstach sin, chun cosc a chur ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áite bunaíochta.

Airteagal 17

Doiciméid rialaithe le haghaidh oibríochtaí iompair cabatáiste

1.   Cuirfear oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm seirbhísí ócáideacha i gcrích faoi chlúdach foirme turais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus a choinneáilfear san fheithicil agus a chuirfear ar fáil ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an bhfoirm thurais:

(a)

na háiteanna imeachta agus na cinn scríbe don tseirbhís;

(b)

dáta tosaigh na seirbhíse agus an dáta a chuirtear deireadh leis an tseirbhís.

3.   Cuirfear na foirmeacha turais ar fáil i leabhair dá dtagraítear in Airteagal 12 agus arna ndeimhniú ag an údarás inniúil nó an ag an gcomhlacht inniúil sa Bhallstát bunaíochta.

4.   I gcás seirbhísí tráthrialta speisialta, feidhmeoidh an conradh a thabharfar i gcrích idir an t-iompróir agus an t-eagraí iompair, nó cóip dhílis dheimhnithe den chonradh sin, mar an doiciméad rialaithe.

Is i bhfoirm ráitis mhíosúil, áfach, a chomhlánófar foirm thurais chomhlánaithe.

5.   Cuirfear na foirmeacha turais ar ais go dtí an údarás inniúil nó an comhlacht inniúil sa Bhallstát bunaíochta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le leagan síos ag an údarás nó ag an gcomhlacht sin.

CAIBIDIL VI

RIALUITHE AGUS PIONÓIS

Airteagal 18

Ticéid iompair

1.   Déanfaidh iompróirí a oibríonn seirbhís thráthrialta, seachas seirbhísí tráthrialta speisialta, ticéid iompair aonair nó thiomsaitheacha a eisiúint; cuirfear in iúl ar na ticéid:

(a)

na háiteanna imeachta agus na cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, an turas fillte;

(b)

tréimhse bhailíochta an ticéid;

(c)

táille an iompair.

2.   Tabharfar ar aird an ticéad iompair dá bhforáiltear i mír 1 ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

Airteagal 19

Imscrúduithe ar an mbóthar agus i ngnóthais

1.   Beidh an t-údarú nó an doiciméad rialaithe ar iompar san fheithicil agus tabharfar ar aird é ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

2.   Ceadóidh iompróirí a oibreoidh sa réimse iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus na himscrúduithe uile a cheapfar lena áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí á stiúradh mar is ceart, go háirithe ó thaobh tréimhsí tiomána agus sosa. I gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin seo tabharfaidh de chumhacht d'oifigigh údaraithe chigireachta:

(a)

na leabhair agus an doiciméadú eile a bhaineann le hoibriúchán an ghnóthais iompair a sheiceáil;

(b)

cóipeanna a dhéanamh agus sleachta a bhaint as na leabhair agus as an doiciméadú ar an áitribh;

(c)

teacht a bheith acu ar áitribh, ar shuímh agus ar fheithiclí uile an ghnóthais iompair;

(d)

a éileamh go dtabharfaí ar aird aon fhaisnéis i leabhair, i ndoiciméadú nó i mbunachair shonraí.

Airteagal 20

Cúnamh frithpháirteach

Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faireachán air a áirithiú. Malartóidh siad faisnéis trí na pointí teagmhála náisiúnta a bhunaítear de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh 1071/2009.

Airteagal 21

Tarraingt siar ceadúnas agus údaruithe Comhphobail

1.   Is iad na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe a tharraingeoidh siar an ceadúnas Comhphobail:

(a)

mura mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an sealbhóir; nó

(b)

má tá faisnéis mhíchruinn curtha ar fáil ag an sealbhóir maidir leis na sonraí a éilíodh le linn eisiúint an cheadúnais Comhphobail.

2.   Is é an t-údarás um údarú a tharraingeoidh siar an t-údarú nuair nach mbeidh na coinníollacha ar a mbonn a eisíodh an ceadúnas faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an sealbhóir, go háirithe má iarrann an Ballstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe amhlaidh. Déanfaidh an t-údarás sin údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach.

Airteagal 22

Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe

1.   I gcás ina ndéantar nó ina bhfionntar sárú tromchúiseach in aon Bhallstát ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme i leith feithiclí, i leith tréimhsí tiomána agus sosa tiománaithe agus i leith soláthair sheirbhísí comhthreomhara nó sealadacha gan údarú, dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 5(1), déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an iompróra a rinne an sárú an ghníomhaíocht iomchuí maidir leis an ábhar, lena bhféadfaí foláireamh a áireamh má fhoráileann an dlí náisiúnta dó sin, óna bhféadfaidh, inter alia, forchur na bpionós riaracháin a leanas a leanúint:

(a)

roinnt cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan;

(b)

an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan.

Déanfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh críochnaitheach déanta faoin ábhar agus tabharfar aird ar a thromchúisí a bhí an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail agus ar líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas sin a bheidh ina sheilbh maidir le trácht idirnáisiúnta.

2.   A luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach maidir leis an ábhar, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta in iúl d'údaráis inniúla an Bhallstáit inar fionnadh na sáruithe na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 a gearradh i gcás inar gearradh aon cheann díobh.

Mura bhforchuirfear pionóis den sórt sin, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta na cúiseanna a lua.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil na pionóis a ghearrtar ar an iompróir lena mbaineann, tríd is tríd, i gcomhréir leis an sárú nó leis na sáruithe as ar eascair na pionóis sin agus leo aon phionós as an sárú céanna a forchuireadh sa Bhallstát ina ndearnadh an sárú a fhionnadh á chur san áireamh.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar don fhéidearthacht go dtionscnódh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta an iompróra imeachtaí os comhair cúirte náisiúnta nó binse náisiúnta. Má thionscnaítear imeachtaí den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann údaráis inniúla na mBallstát inar fionnadh na sáruithe ar an eolas fúthu.

5.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 23

Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe

1.   I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Ballstáit ar an eolas faoi shárú tromchúiseach ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar a dhéanann iompróir neamhchónaithigh, déanfaidh an Ballstát arb ina chríoch a fionnadh an sárú an fhaisnéis seo a leanas a tharchur chuig údaráis Bhallstáit bhunaíochta an iompróra, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach:

(a)

cur síos ar an sárú agus ar an dáta agus ar an am a rinneadh é;

(b)

catagóir, cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe; agus

(c)

na pionóis a forchuireadh agus na pionóis a fhorghníomhú.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go bhforchuirfeadh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe pionóis riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   Gan dochar d'ionchúiseamh coiriúil, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh pionóis a fhorchur ar iompróirí neamhchónaitheacha a rinne sáruithe ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar ina gcríoch i ndáil le hoibríocht iompair chabatáiste. Is ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a fhorchuirfear na pionóis agus féadfaidh, inter alia, gur rabhadh a bheidh iontu, nó, i gcás ina ndéanfar sárú tromchúiseach, cosc sealadach ar oibríochtaí cabatáiste laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh ina ndearnadh an sárú.

3.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 24

Iontráil ar na cláir leictreonacha náisiúnta

Maidir le sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar atá inchurtha i leith iompróirí atá bunaithe ina gcríoch, agus ba chúis le pionós a ghearr aon Bhallstát, agus leis an gceadúnas Comhphobail nó an chóip dhílis dheimhnithe de a tharraingt siar go sealadach nó go buan, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a thaifeadadh ar an gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthar. Déanfar na hiontrálacha sa chlár a bhaineann le ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan a choinneáil sa bhunachar sonraí ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad ón uair a n-éagfaidh an tréimhse tarraingthe siar, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go sealadach nó ón dáta ar tarraingíodh siar é, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go buan.

CAIBIDIL VII

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 25

Comhaontuithe idir Ballstáit

1.   Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha maidir le breis léirscaoilte ar sheirbhísí arna gcumhdach ag an Rialachán seo a thabhairt i gcrích, go háirithe maidir leis an gcóras údaraithe agus le simpliú nó díothú doiciméad rialaithe, go háirithe i réigiúin teorann.

2.   Cuirfidh Ballstáit aon chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoi mhír 1 in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste arna bhunú le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CEE) 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (13) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 27

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór go mbeadh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 4 Nollaig 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach beart den sórt sin gan idirdhealú i dtaca le náisiúntacht ná le háit bhunaíochta an iompróra.

Airteagal 28

Tuairisciú

1.   Gach dhá bliain cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na n-údaruithe le haghaidh seirbhísí tráthrialta a eisíodh an bhliain roimhe sin agus líon iomlán na n-údaruithe a bhí bailí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin ar leithligh do gach tír is ceann scríbe don tseirbhís tráthrialta. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na sonraí a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste, i bhfoirm seirbhísí tráthrialta speisialta agus seirbhísí ócáideacha, a chuir iompróirí cónaitheacha i gcrích i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe.

2.   Gach dhá bhliain déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát óstach staidreamh a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi líon na n-údaruithe a eisíodh le haghaidh oibríochtaí cabatáiste i bhfoirm na seirbhísí tráthrialta dá dtagraítear in Airteagal 15(c).

3.   Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar an tábla a úsáidfear chun an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain líon na n-iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus líon na gcóipeanna dílse deimhnithe a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí atá i saorchúrsaíocht an dáta sin.

Airteagal 29

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

In Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 561/2006, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘6a.   De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh tiománaí a bhíonn ag gabháil do sheirbhís aonair ócáideach d'iompar idirnáisiúnta paisinéirí, faoi mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh.1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis na rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta um sheirbhísí cóiste agus bus (14), an sos seachtainiúil a chur siar ar feadh suas go dtí 12 thréimhse 24-uair an chloig i ndiaidh a chéile i ndiaidh sosa seachtainiúil rialta roimhe sin, ar an gcoinníoll:

(a)

go maireann an tseirbhís ar feadh 24 uair an chloig as a chéile i mBallstát nó i dtríú tír a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo seachas an Ballstát nó an tír inar cuireadh tús leis an seirbhís;

(b)

tar éis úsáid an mhaolaithe, go dtógann an tiománaí:

(i)

dhá shos seachtainiúla rialta: nó

(ii)

sos seachtainiúil amháin agus sos amháin a bheidh laghdaithe de 24 uair an chloig ar a laghad. Cúiteofar, áfach, don laghdú trí shos coibhéiseach a thógfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis úsáid an mhaolaithe; agus

(c)

tar éis an 1 Eanáir 2014, má tá an fheithicil feistithe le trealamh taifeadta i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85; agus

(d)

tar éis an 1 Eanáir 2014, sa chás go dtiománfar idir an tréimhse ó 22.00 go 06.00, go mbeidh níos mó ná tiománaí amháin san fheithicil nó go laghdófar an tréimhse tiomána dá dtagraítear in Airteagal 7 go trí uair an chloig.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an úsáid a bhainfear as an maolú seo d'fhonn a áirithiú go gcaomhnaítear na coinníollacha fíordhochta maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre, go háirithe trína sheiceáil nach mbeidh an méid uaireanta an chloig tiomána i gcaitheamh na tréimhse a chlúdaíonn an maolú seo iomarcach. Faoin 4 Nollaig 2012, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ina ndéanfar iarmhairtí an mhaolaithe a mheas i dtaobh na sábháilteachta ar bhóithre mar aon leis na gnéithe sóisialta. Má cheapann sé é a bheidh iomchuí, beartóidh an Coimisiún an Rialachán seo a leasú i dtaca le seo.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Aisghairmeacha

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 agus Rialachán (CE) Uimh. 12/98.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin a aisghairtear a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Nollaig 2011, ach amháin Airteagal 29, a mbeidh feidhm aige ón 4 Meitheamh 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Deireadh Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 10, 15.1.2008, lch. 44.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 62 E, 17.3.2009, lch. 25) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009.

(3)  IO L 74, 20.3.1992, lch. 1.

(4)  IO L 4, 8.1.1998, lch. 10.

(5)  IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.

(6)  IO L 18, 21.1.1997, lch. 1.

(7)  Féach leathanach 51 den Iris Oifigiuil seo

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)  IO L 57, 2.3.1992, lch. 27.

(10)  IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.

(11)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(12)  IO L 315, 3.12.2007, lch. 1.

(13)  IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

(14)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 88’.


IARSCRÍBHINN I

Tréithe slándála an cheadúnais Comhphobail

Caithfidh ar a laghad dhá thréith de na tréithe slándála seo a leanas a bheith sa cheadúnais Comhphobail:

holagram,

snáithíní speisialta sa pháipéar atá sofheicthe faoi sholas ultraivialait,

líne micreachló amháin ar a laghad (cló atá sofheicthe le gloine formhéadúcháin amháin agus nach atáirgtear ag meaisíní fótachóipeála),

carachtair thadhlacha, siombailí tadhlacha nó patrúin thadhlacha,

uimhriú dúbailte: sraithuimhir agus uimhir eisiúna,

cúlra a bhfuil dearadh slándála aige maille le mín-phatrúin ghuilloche agus priontáil tuar ceatha ann.


IARSCRÍBHINN II

Múnla cheadúnas an Chomhphobail

AN COMHPHOBAL EORPACH

(a)

(Dath Pantoin gorm éadrom, formáid páipéar ceallalósach DIN A4, 100 g/m2 nó níos troime)

(Céad leathanach an cheadúnais)

(Téacs sa teanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais)

Image

(b)

(Dara leathanach an cheadúnais)

(Téacs i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit atá ag éisiúint an ceadúnais)

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.

Eisítear an ceadúnas seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

2.

Tá an ceadúnas seo eisithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir ar fruiliú nó ar airgead bunaithe, iompróir:

(a)

atá údaraithe i mBallstát na bunaíochta chun iompar a chur i gcrích trí mheán seirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, nó seirbhísí ócáideacha ar chóiste agus ar bhus;

(b)

má chomhlíonann sé na coinníollacha arna leagan síos de réir rialacha an Comhphobail maidir le ligean isteach do ghairm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(c)

a chomhlíonann ceanglais dlí maidir leis na caighdeáin i leith tiománaithe agus feithiclí.

3.

Ceadaítear leis an gceadúnas seo iompar idirnáisiúnta paisinéirí ar chóiste agus ar bhus ar fruiliú nó ar airgead ar naisc iompair uile i dtaca le turais a dhéantar i gcríoch an Chomhphobail:

(a)

má tá an pointe tosaigh agus an pointe is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát éagsúla, bíodh idirthuras i gceist trí Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tír amháin nó níos mó ná sin nó ná bíodh;

(b)

nuair is sa Bhallstát céanna atá an pointe tosaigh agus an pointe ceann scríbe, agus má dhéantar paisnéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c)

ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa é, le hidirthuras nó gan idirthuras trí cheann nó níos mó de Bhallstáit nó de thríú tíortha;

(d)

idir tríú tíortha ag trasnú críoch cheann nó níos mó de Bhallstáit san idirthuras,

agus turais gan paisnéirí i dtaca le hoibríochtaí iompair faoi na coinníollacha arna leagan síos le Rialachán (EC) Uimh. 1073/2009.

I gcás oibríocht iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa beidh Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 infheidhme i dtaca leis an gcuid sin den turas a dhéanfar ar chríoch na mBallstát a thrasnaítear in idirthuras. Níl feidhm aige i leith an chuid sin den turas a dhéantar laistigh de chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí fad nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha chun críche.

4.

Tá an ceadúnas seo pearsanta agus neamh-inaistrithe.

5.

Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát a d'eisigh é an ceadúnas seo a tharraingt siar, go háirithe:

(a)

mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an iompróir;

(b)

má tá faisnéis mhíchruinn curtha ar fáil ag an iompróir maidir leis na sonraí a éilíodh le haghaidh eisiúint nó athnuachan an cheadúnais;

(c)

má tá sárú tromchúiseach nó sáruithe tromchúiseacha déanta in aon Bhallstát ag an iompróir ar an reachtaíocht Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca le rialacha atá infheidhme i leith feithiclí, tréimhsí tiomána agus sosa tiománaithe agus i dtaca le seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha a sholáthar gan údarú, dá dtagraítear sa cúigiú fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh.1073/2009. Féadfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát bunaíochta an iompróra a rinne an sárú, inter alia, an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar nó tarraingt siar shealadach nó bhuan a dhéanamh ar roinnt cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó orthu go léir.

Cinnfear na pionóis sin i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe a rinne sealbhóir an cheadúnais Comhphobail agus i gcomhréir le líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe atá ina sheilbh aige i ndáil lena sheirbhísí idirnáisiúnta iompair.

6.

Ní mór don iompróir bunchóip an cheadúnais a choinneáil. Ní mór go mbeidh cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail á iompar san fheithicil a dhéanann oibríocht iompair idirnáisiúnta.

7.

Ní mór an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe.

8.

I gcríoch gach Ballstáit ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.

9.

Ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a sholáthraíonn d'iompar paisinéirí ag eatraimh shainithe feadh bealaí sonraithe, ag bailiú paisinéirí agus á scaoileadh amach ag pointí stad atá réamhshocraithe, agus atá oscailte do chách, faoi réir áirithinte éigeantaí i gcás inarb iomchuí.

Coigeartú ar bith a dhéantar ar choinníollacha oibriúcháin na seirbhíse ní dhéanfaidh sé aon difear do shaintréith thráthrialta na seirbhíse

Teastaíonn údarú ó sheirbhísí tráthrialta.

Ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí tráthrialta cibé ag a mbeidh siad eagraithe, lena ndéantar foráil d'iompar catagóirí sainithe paisinéirí agus lena n-eisiatar paisinéirí eile nach iad, ag eatraimh shainithe ar feadh bealaí sonraithe, ag bailiú paisinéirí agus á scaoileadh amach ag pointí stad atá réamhshocraithe.

Folóidh seirbhísí tráthrialta:

(a)

iompar oibrithe idir baile agus ionad oibre;

(b)

iompar do dhaltaí scoile agus do mhic léinn go dtí an institiúid oideachais agus uaithi.

Ní dhéanfaidh sé aon difear dá rangú mar sheirbhís thráthrialta go bhféadfaidh seirbhís speisialta bheith athraithe de réir riachtanais na n-úsáideoirí.

Ní bheidh údarú ag teastáil ag seirbhísí tráthrialta speisialta má tá siad cumhdaithe ag conradh arna dhéanamh idir an t-eagraí agus an t-iompróir.

Ní mór údarú le haghaidh eagrúchán seirbhísí comhfhreagracha nó sealadacha a dhéanann freastal ar an bpobal céanna agus seirbhísí tráthrialta atá ann cheana.

Ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta, agus arb é a bpríomhthréith go n-iompraíonn siad grúpaí a bhailítear ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra féin. Beidh eagrúchán seirbhísí comhthreomhara nó sealadacha atá inchomparáide le seirbhísí tráthrialta atá ann cheana agus a dhéanann freastal ar an bpobal céanna faoi réir údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Ní scoirfidh na seirbhísí sin de bheith ina seirbhísí ócáideacha ar an aon chúis amháin gur ag eatraimh áirithe a chuirtear ar fáil iad.

Ní bheidh údarú ag teastáil le haghaidh seirbhísí ócáideacha.


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 684/92

Rialachán (CE) Uimh. 12/98

An Rialachán seo

Airteagal 1

 

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe 1.1.

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2), Airteagal 5(1)

Airteagal 2, pointe 1.2.

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3), Airteagal 5(2)

Airteagal 2, pointe 1. 3.

 

Airteagal 5(1), cúigiú fomhír

Airteagal 2, pointe 3.1.

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4), Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 3.3.

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 3.4.

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 2, pointe 4.

 

Airteagal 2(5), Airteagal 5(5)

Airteagal 3

 

Airteagal 3

Airteagal 3a

 

Airteagal 4

Airteagal 4

 

Airteagal 5

Airteagal 5

 

Airteagal 6

Airteagal 6

 

Airteagal 7

Airteagal 7

 

Airteagal 8

Airteagal 8

 

Airteagal 9

Airteagal 9

 

Airteagal 10

Airteagal 10

 

Airteagal 11

Airteagal 11

 

Airteagal 12

Airteagal 12

 

Airteagal 13

Airteagal 13

 

Airteagal 5 (5)

 

Airteagal 1

Airteagal 14

 

Airteagal 2(4)

 

 

Airteagal 3

Airteagal 15

 

Airteagal 4

Airteagal 16

 

Airteagal 5

Airteagal 4(3)

 

Airteagal 6

Airteagal 17

 

Airteagal 7

Airteagal 28(3)

 

Airteagal 8

Airteagal 26

 

Airteagal 9

 

Airteagal 14

 

Airteagal 18

Airteagal 15

 

Airteagal 19

 

Airteagal 11(1)

Airteagal 20

Airteagal 16(1)

 

Airteagal 21(1)

Airteagal 16(2)

 

Airteagal 21(2)

Airteagal 16(3)

 

Airteagal 22(1)

Airteagal 16(4)

 

Airteagal 23(1)

Airteagal 16(5)

 

Airteagal 22(2)

 

Airteagal 11(2)

Airteagal 23(2)

 

Airteagal 11(3)

Airteagal 23(2)

 

Airteagal 11(4)

 

 

Airteagal 12

Airteagal 22(5), Airteagal 23

 

Airteagal 13

 

Airteagal 16a

Airteagal 10

Airteagal 26

Airteagal 17

 

 

Airteagal 18

 

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 14

Airteagal 27

Airteagal 20

 

 

Airteagal 21

 

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 15

Airteagal 31

Iarscríbhinn

 

Iarscríbhinn II