ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 237

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
20 Meitheamh 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 237/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 237/02

Cás C-401/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2019/790 – Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine – Airteagail 11 agus 17(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Cosaint na maoine intleachtúla – Oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Athbhreithniú uathoibríoch (scagadh) a dhéanamh roimh ré ar inneachar arna chur ar líne ag na húsáideoirí)

2

2022/C 237/03

Cás T-666/19 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022– Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach, Hyet Sweet SAS (Achomharc – Dumpáil – Allmhairí aspairtéime de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne – Rialacháin Uimh. 1225/2009 agus 2016/1036 – Raon feidhme ratione temporis – Airteagal 2(7) – Stádas mar ghnóthas a oibríonn faoi dhálaí eacnamaíocha margaidh – Diúltú – Airteagal 2(10) – Coigeartú – Dualgas cruthúnais – Airteagal 3 – Díobháil a chinneadh – Dualgas cruthúnais an Aontais Eorpaigh)

3

2022/C 237/04

Cás C-79/20 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – Yieh United Steel Corp. v an Coimisiún Eorpach, Eurofer, Association Européenne de l'Acier, ASBL (Achomharc – Dumpáil – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1429 – Allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 – Airteagal 2 – Ríomh an ghnáthluacha – Ríomh an chostais táirgthe – Caillteanais táirgeachta – Diúltú do luach fhuíll athchúrsáilte a asbhaint – Measúnú ar an ngnáthluach ar bhonn dhíolachán intíre an táirge chomhchosúil atá beartaithe don tomhaltas intíre – Eisiamh ón mbonn a úsáidtear chun gnáthluach na ndíolachán ar mhargadh intíre na tíre onnmhairiúcháin a ríomh i gcás ina mbaineann na díolacháin sin le tairgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú)

3

2022/C 237/05

Cás C-86/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně – Poblacht na Seice) – Vinařství U Kapličky s.r.o. v Státní zemědělská a potravinářská inspekce (Tarchur chun réamhrialú – Comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta – Fíon – Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 – Rialacha maidir le margaíocht – Airteagal 80 – Cleachtais fíoneolaíochta – Cosc ar mhargaíocht – Airteagal 90 – Allmhairí fíona – Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 – Airteagal 43 – Doiciméad V I 1 – Deimhniú go monaraítear coinsíneachtaí fíona i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta a mholtar nó atá údaraithe – Tromachar na fianaise – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Airteagal 89(4) – Smachtbhannaí – Margaíocht fíona ó thriú tír – Fíon ar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe i bhfeidhm orthu – Díolúine ó dhliteanas – Dualgas cruthúnais)

4

2022/C 237/06

Cás C-237/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – Federatie Nederlandse Vakbeweging v Heiploeg Seafood International BV, Heitrans International BV (Tarchur chun réamhrialiú – Treoir 2001/23/CE – Airteagail 3 go 5 – Aistriú gnóthas – Cearta fostaithe a choimirciú – Eisceachtaí – Nós imeachta dócmhainneachta – pre-pack – Aistriú de (chuid de) ghnóthas i ndiaidh dearbhú dócmhainneachta i ndiaidh pre-pack)

5

2022/C 237/07

Cás C-319/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 80 – Ionadaíocht ar dhaoine bainteach le comhlachais neamhbhrabúis – Caingean ionadaíoch arna tabhairt ag comhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí in éagmais sainordú agus gan beann ar shárú ar chearta ábhair sonraí – Caingean bunaithe ar thoirmeasc cleachtas tráchtála éagórach, sárú ar dhlí maidir le cosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní)

6

2022/C 237/08

Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark – an Ostair) – NW v Landespolizeidirektion Steiermark (C-368/20), Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C-369/20), (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Saorghluaiseacht daoine – Rialachán (AE) 2016/399 – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 25(4) – Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ar feadh uastréimhse atá teoranta do shé mhí san iomlán – Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le roinnt tréimhsí rialuithe leanúnacha a fhágann gur sáraíodh an tréimhse sin – Mainneachtain na reachtaíochta sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh, i gcás go bhfuil tréimhsí leanúnacha bunaithe ar an mbaol céanna – Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear pas nó cárta aitheantais a chur i láthair agus seiceálacha á ndéanamh ag an teorainn inmheánach, faoi réir pionóis – Mainneachtain na hoibleagáide sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh nuair atá an tseiceáil féin contrártha leis an bhfhoráil sin)

7

2022/C 237/09

Cásanna uamtha C-415/20, C419/20 agus C-427/20: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg – an Ghearmáin) – Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions GmbH (C-415/20), F. Reyher Nchfg. GmbH & Co. KG vertr. d. d. Komplementärin Verwaltungsgesellschaft F. Reyher Nchfg. mbH (C-419/20), Flexi Montagetechnik GmbH & Co. KG v Hauptzollamt Hamburg (C-415/20 agus C-419/20), Hauptzollamt Kiel (C-427/20) (Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Cearta chun aisíocaíocht nó íocaíocht suimeanna airgid arna dtobhach nó arna ndiúltú ag Ballstát de shárú ar dhlí an Aontais – Dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna allmhairiúcháin, aisíocaíochtaí onnmhairíochta agus pionóis airgeadais – Coincheap sárú ar dhlí an Aontais – Míthuiscint nó mífheidhmiú den dlí sin – Cinneadh maidir le sárú ar dlí an Aontais i gCúirt de chuid an Aontais Eorpaigh nó cúirt náisiúnta – Ceart chun íocaíochta úis – An tréimhse atá clúdaithe ag an íocaíocht úis sin)

8

2022/C 237/10

Cás C-510/20: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire (Mainneachtain Ballstáit in oibleagáid a chomhlíonadh – Airteagal 258 CFAE – Comhshaol – Treoir 2008/56/CE – Beartas comhshaoil mhuirí – Airteagal 5 – Straitéis mhuirí – Airteagal 17(2) agus (3) – Mainneachtain athbhreithniú a dhéanamh, laistigh de na teorainneacha ama, ar an gcéad mheasúnú, ar an gcinneadh maidir le dea-stádas comhshaoil agus ar na spriocanna comhshaoil – Mainneachtain sonraí maidir le haon nuashonruithe a rinneadh tar éis na n-athbhreithnithe a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach laistigh de na teorainneacha ama)

9

2022/C 237/11

Cás C-531/20: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – NovaText GmbH v Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg (Tarchur chun réamhrialú – Cearta maoine intleachtúla – Treoir 2004/48/CE – Airteagal 3 – Oibleagáid ghinearálta maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú – Airteagal 14 – Coincheap costais dlí réasúnta agus comhréireacha – Easpa deise don chúirt naisiúnta réasúntacht agus comhréireacht na gcostas a bheidh le híoc ag an bpáirtí nár éirigh leis a mheas)

9

2022/C 237/12

Cás C-559/20: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Saarbrücken – an Ghearmáin) – Koch Media GmbH v FU (Tarchur chun réamhrialú – Cearta maoine intleachtúla – Treoir 2004/48/CE – Airteagal 14 – Coincheap costais dlí agus costais eile – Fógra foirmiúil chun comhlíonadh cearta maoine intleachtúla a áirithiú lasmuigh den chúirt – Táillí dlíodóirí – Caílíocht – Reachtaíocht naisiúnta lena gcuirtear teorainn ar an méid in-aisghabhála de na costais seo faoi choinníollacha áirithe)

10

2022/C 237/13

Cás C-612/20: Breithiúnas na Cúirte (An Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Cluj – an Rómáin) – Happy Education SRL v Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca, Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj (Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(i) – Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail – Díolúintí a bhaineann le hoideachas do leanaí nó do dhaoine óga, oideachas scoile nó ollscoile – Soláthar seirbhísí oideachais lena bhforlíontar an curaclam scoile – Comhlacht dlí phríobháidigh a sholáthraíonn na seirbhísí sin chun críoch tráchtála)

11

2022/C 237/14

Cás C-637/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen – an tSualainn) – Skatteverket v DSAB Destination Stockholm AB (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2006/112/CE – Comhchóras cánach breisluacha – Airteagal 30a(1) – Coincheap an dearbháin – Airteagal 30a(3) – Coincheap an dearbháin ilchuspóra – Díol cárta lena dtugtar teideal dá shealbhóir do roinnt seirbhísí turasóireachta a fháil ar feadh tréimhse theoranta)

11

2022/C 237/15

Cás C-642/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana – an Iodáil) – Caruter s.r.l. v S.R.R. Messina Provincia S.c.P.A. agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/24/AE – Soláthar poiblí – Airteagal 63 – Grúpa oibreoirí eacnamaíocha ag brath ar acmhainní eintiteas eile – Féidearthacht an údaráis chonarthaigh chun a éileamh go ndéanfaidh rannpháirtí sa ghrúpa cúraimí criticiúla áirithe – Rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear nach mór don ghnóthas atá ina ionadaí na critéir a chomhlíonadh agus tromlach na seirbhísí a dhéanamh)

12

2022/C 237/16

Cás C-674/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 27 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle – an Bheilg) – Airbnb Ireland UC v Région de Bruxelles-Capitale (Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach – Airteagal 114(2), CFAE – Eisiamh forálacha fioscacha – Treoir 2000/31/CE – Seirbhísí na sochaí faisnéise – Tráchtáil leictreonach – Ardán réadmhaoine a chur ar cíos ar líne – Airteagal 1(5)(a) – Eisiamh i réimse an chánachais – Sainmhíniú – Reachtaíocht réigiúnach a bhaineann le cáin ar lóistín turasóireachta – Foráil lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe sonraí áirithe a sholáthar, i scríbhinn, maidir le hoibriú na mbunaíochtaí sin don údarás cánach d’fhonn daoine atá faoi dhliteanas i leith na cánach sin a aithint – Airteagal 56 CFAE – Gan idirdhealú – Gan srian)

13

2022/C 237/17

Cás C-44/21: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht München I – an Ghearmáin) – Phoenix Contact GmbH & Co. KG v HARTING Deutschland GmbH & Co. KG, Harting Electric GmbH & Co. KG (Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil – Treoir 2004/48/CE – Airteagal 9(1) – Paitinn Eorpach – Bearta eatramhacha – Cumhacht na n-údarás breithiúnach náisiúnta urghaire idirbhreitheach a eisiúint chun sárú ar cheart maoine intleachtúla a chosc – Cásdlí náisiúnta lena ndíbhtear iarratais ar bhearta eatramhacha i gcás nár deimhníodh bailíocht na paitinne atá i gceist, ar a laghad, le cinneadh a tugadh ag an gcéad chéim in imeachtaí freasúra nó cealaithe – Oibleagáid an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh)

14

2022/C 237/18

Cás C-72/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) – SIA PRODEX v Valsts ieņēmumu dienests (Tarchur chun réamhrialú – Aontas Custaim – Comhtharaif chustaim – Ainmníocht Chomhcheangailte – Ceannteidil taraife – Fo-cheannteideal 4418 20 – Raon feidhme – Doirse agus a bhfrámaí agus tairseacha – Cláir SMD agus múnluithe – An chéad chuid de riail ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte – Earra neamhiomlán nó neamhchríochnaithe – Coincheap)

14

2022/C 237/19

Cás C-86/21: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Castilla y León – an Spáinn) – Gerencia Regional de Salud de Castilla y León v Delia (Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht oibrithe – Airteagal 45 CFAE – Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 – Airteagal 7(2) – Cóir chomhionann – Córas náisiúnta maidir le haitheantas d’fhorbairt ghairmiúil na ngairmithe cúraim sláinte – Mainneachtain taithí ghairmiúil a fuarthas i seirbhísí sláinte de chuid Ballstát eile a chur san áireamh – Bac)

15

2022/C 237/20

Cás C-89/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – UAB Romega v Valstybinė maisto ir veterinarijos tarnyba (Tarchur chun réamhrialú – Dlí an bhia – Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 – Critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia – Airteagal 1 – Iarscríbhinn I – Feoil úr éanlaith chlóis – Rialú á dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar láithreacht Salmonella a liostaítear i mír 1.28 de Chaibidil I den Iarscríbhinn sin – Rialú ar láithreacht miocrorgánach pataigineach eile – Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 – Airteagal 14(8) – Rogha na n-údarás náisiúnta – Raon feidhme)

16

2022/C 237/21

Cásanna uamtha C-160/21 agus C-217/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) –Nikopolis AD Istrum 2010 EOOD (C-160/21), Agro – eko 2013 EOOD (C-217/21) v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond Zemedelie (Tarchur chun réamhrialú – an Comhbheartas Talmhaíochta – Scéimeanna díreacha tacaíochta – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Íocaíochtaí leis na tairbhithe – Airteagal 75 – Sprioc-am íocaíochta – Comhlíonadh – Neamh-íocaíocht – Cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair)

16

2022/C 237/22

Cás C-251/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Liotuáin) – Piltenes meži SIA v Lauku atbalsta dienests (Tarchur chun réamhrialú – an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 – Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe trí CETFT – Airteagal 30 – Íocaíochtaí Natura 2000 – Raon feidhme – Iarratas ar thacaíocht do mhicrea-thearmann a chruthaítear i bhforaois nach cuid de líonra Natura 2000 í, agus é mar aidhm leis rannchuidiú le speiceas éan fiáin a chosaint – Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 – Blocdíolúine ar thacaíocht áirithe d’earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta – Cur i bhfeidhm tacaíochta arna cómhaoiniú ag acmhainní an Aontais Eorpaigh – Neamh-fheidhmiú maidir le gnóthais atá i gcruachás)

17

2022/C 237/23

Cás C-277/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Bheilg) – Secrétariat général de l’Enseignement catholique ASBL (SeGEC) agus páirtithe eile v Institut des Comptes nationaux (ICN), Banque nationale de Belgique (Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh 549/2013 – An córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach – Iarscríbhinn A mír 20.15 – Iniúchadh ag Institiúid Náisiúnta um Chuntais ar údaráis a eagraíonn institiúidí oideachais i bhfoirm institiúidí neamhbhrabúis – Institiúidí oideachais arna maoiniú go poiblí agus a bhfuil saoirse oideachais acu a ráthaítear leis an mbunreacht – Iarscríbhinn A mír 20.15, dara habairt – An coincheap idirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna – Raon feidhme – Iarscríbhinn A, mír 20.15, an chéad abairt – Iarscríbhinn A, míreanna 2.39(b), 20.15(b) agus 20.309(h) – Coincheap ró-rialáil – Raon feidhme)

18

2022/C 237/24

Cás C-286/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Fraince (Mainneachtain Stáit – Comhshaol – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1), agus Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar na luachanna teorantacha atá leagtha síos do mhicrea-cháithníní (PM10) i gcriosanna áirithe den Fhrainc – Airteagal 23(1) – Iarscríbhinn XV – Tréimhse sáraithe chomh gearr agus is féidir – Bearta iomchuí)

19

2022/C 237/25

Cás C-804/21 PPU: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus – an Fhionlainn) – C, CD v Syyttäjä (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh réime 2002/584/CGB – Airteagal 23(3) – Ceanglas maidir le hidirghabháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach – Airteagal 6(2) – Seirbhísí póilíneachta – Eisiamh – Force majeure – Coincheap – Baic dlí ar thabhairt suas – Caingne dlí arna dtionscnamh ag an duine a bhfuiltear sa tóir air – Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Eisiamh – Airteagal 23(5) – Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas – Iarmhairtí – Scaoileadh saor ó choinneáil – Oibleagáid aon bheart eile a ghlacadh is gá chun sceitheadh a sheachaint)

20

2022/C 237/26

Cásanna uamtha C-306/19, C-512/19, C-595/19 agus C-608/20 go C-611/20: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Márta 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) Milis Energy SpA v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-306/19), Go Sun Srl agus Malby Energy 4 Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Autorità di Regolazione per Energia, Reti e Ambiente agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-512/19), Fototre Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-595/19), agus Interporto di Trieste SpA (C-608/20), Soelia SpA (C-609/20) agus Cosilt – Consorzio per lo sviluppo economico locale di Tolmezzo (C-610/20 agus C-611/20) /Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Comhshaol – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 16 agus 17 – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanach a chosaint – an Conradh um Chairt Fuinnimh – Airteagal 10 – Infheidhmeacht – Treoir 2009/28/CE – Airteagal 3(3)(a) – Úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn – Tairgeadh leictreachas ó shuiteálacha fótavoltacha gréine – Athrú ar scéim tacaíochta)

21

2022/C 237/27

Cás C-464/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 26 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social no 3 de Barcelona – an Spáinn) – QL v Universitat de Barcelona (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Beartais shóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, CEEP agus UNICE chun críche – Conarthaí fostaíochta ar théarma seasta i ndiaidh a chéile san earnáil phoiblí – Clásal 2 agus Clásal 3(1) – Raon feidhme – Coincheap oibrí ar théarma seasta)

22

2022/C 237/28

Cás C-420/21 P: Achomharc arna thabhairt an 9 Iúil 2021 ag Valvis Holding SA i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 12 Bealtaine 2021 i gCás T-638/19, Sun Stars & Sons v EUIPO – Valvis Holding

23

2022/C 237/29

Cás C-761/21 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag St. Hippolyt Holding GmbH I gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-351/20, St. Hippolyt v EUIPO – Raisioaqua

23

2022/C 237/30

Cás C-762/21 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag St. Hippolyt Holding GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-352/20, St. Hippolyt v EUIPO – Raisioaqua

23

2022/C 237/31

Cás C-1/22 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Eanáir 2022 ag José María Castillejo Oriol i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Samhain 2021 i gCás T-419/21, Castillejo v an Coimisiún

24

2022/C 237/32

Cás C-90/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – Gjensidige’ ADB

24

2022/C 237/33

Cás C-100/22 P: Achomharc arna thabhairt an 13 Feabhra 2022 ag KY i gcoinne an bhreithiúnais a thug an Chúirt Ghinearálta (an Chéad Dlísheomra) an 1 Nollaig 2021 i gCás T-433/20 KY v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

25

2022/C 237/34

Cás C-112/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh CU

25

2022/C 237/35

Cás C-129/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Darmstadt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 24 Feabhra 2022 – EF v Stadt Offenbach am Main

27

2022/C 237/36

Cás C-130/22 P: Achomharc arna thabhairt an 24 Feabhra 2022 ag DD i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ghinearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-703/19, DD v FRA

27

2022/C 237/37

Cás C-162/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 3 Márta 2022 – A.G. v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra

28

2022/C 237/38

Cás C-178/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Iodáil) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Daoine anaithnide

29

2022/C 237/39

Cás C-181/22 P: Achomharc arna thabhairt an 9 Márta 2022 ag Nemea Bank plc i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 20 Nollaig 2021 i gCás T-321/17, Niemelä agus páirtithe eile v BCE

30

2022/C 237/40

Cás C-182/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – JU v Scalable Capital GmbH

30

2022/C 237/41

Cás C-184/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – IK v KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

31

2022/C 237/42

Cás C-185/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – CM v KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

33

2022/C 237/43

Cás C-189/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH

34

2022/C 237/44

Cás C-193/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – TR, UQ v FTI Touristik GmbH

35

2022/C 237/45

Cás C-206/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Arbeitsgericht Ludwigshafen am Rhein (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Márta 2022 – TF v Sparkasse Südpfalz

36

2022/C 237/46

Causa C-218/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) arna taisceadh an 24 Márta 2022 – BU v Comune di Copertino

36

2022/C 237/47

Cás C-223/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 29 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh ND

37

2022/C 237/48

Cás C-227/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Gabrovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 31 Márta 2022– IL v Regionalna direktsia Avtomobilna administratsia Pleven

38

2022/C 237/49

Cás C-228/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – flightright GmbH v Eurowings GmbH

38

2022/C 237/50

Cás C-234/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Halduskohus (an Eastóin) a taisceadh an 4 Aibreán 2022 – Roheline Kogukond MTÜ, Eesti Metsa Abiks MTÜ, Päästame Eesti Metsad MTÜ agus Sihtasutus Keskkonnateabe Ühendus v Keskkonnaagentuur

39

2022/C 237/51

Cás C-248/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 8 Aibreán 2022 – Z.K. agus M.S. v an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

40

2022/C 237/52

Cás C-249/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS)

41

2022/C 237/53

Cás C-256/22 P: Achomharc arna thabhairt an 12 Aibreán 2022 ag Pilatus Bank plc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-27/19, Pilatus Bank agus Pilatus Holding v BCE

41

2022/C 237/54

Cás C-291/22 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Bealtaine 2022 ag Debregeas et associés Pharma (D & A Pharma) i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 2 Márta 2022 i gCás T-556/20, D & A Pharma v an Coimisiún agus EMA

42

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 237/55

Cásanna T-335/18, T-338/18 agus T-327/19: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 6 Aibreán 2022 – Mubarak e.a. v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Éigipt – Bearta arna nglacadh atá dírithe ar dhaoine atá freagrach as míleithreasú cistí poiblí agus daoine agus eintitis lena mbaineann – Reo cistí – Liosta daoine, eintiteas agus comhlachtaí a bhfuil feidhm ag reo na gcistí ina leith – Coimeád ainmneacha na n-iarratasóirí ar an liosta – Cearta na cosanta – Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur ghlac údarás tríú Stát cinneadh de réir chearta na cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Earráid dlí – Earráid fhollasach measúnaithe)

44

2022/C 237/56

Cás T-508/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Mead Johnson Nutrition (Asia Pacific) agus páirtithe eile v an Coimisiún

45

2022/C 237/57

Cás T-634/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – FC v AUEA (Seirbhís shibhialta – Gníomhairí sealadacha – Imeachtaí réamh-araíonachta – Fionraí, luach saothair a choinneáil siar agus cosc ar rochtain ar fhoirgnimh agus ar threalamh GAET – Tuarascáil OLAF – Prionsabal an dea-riaracháin – Ceart éisteacht a fháil – Prionsabal na neamhchlaontachta – Earráid mheasúnaithe follasach – Oibleagáid cúiseanna a thabhairt – Cearta cosanta – Freagracht – Nasc dlúth leis na pléadálacha maidir le neamhniú)

45

2022/C 237/58

Cás T-392/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Flašker v an Coimisiún (Státchabhair – Bearta a dheonaigh an tSlóivéin do líonra bardasach de chógaslanna – Céim réamhscrúdúcháin – Cinneadh an Choimisiúin nach raibh ann do státchabhair agus, b’fhéidir, go raibh ann do chabhair a bhí ann cheana féin – Cinneadh arna ghlacadh gan an nós imeachta iniúchta foirmiúil a thionscnamh faoi Airteagal 108(2) CFAE – Deacrachtaí móra)

46

2022/C 237/59

Cás T-425/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – KU v EEAS (Státseirbhís – Baill foirne ar conradh – Ball foirne SEGS – Cipeadh síceolaíoch – Imscrúdú riaracháin – Airteagal 12a de na Rialacháin Foirne – Iarratas ar chúnamh – An t-iarratas a dhiúltiú – Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid measúnaithe – Tréimhse ama réasúnta – Dliteanas)

46

2022/C 237/60

Cás T-750/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Correia v CESE (Státseirbhís – Baill foirne CESE – Baill den fhoireann shealadach – Iarratas ar athmhúnlú gairmreime – Diúltú don iarratas – Caingean le haghaidh neamhniú – Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta – Teorann ama ar éileamh – Leas caingean a thabhairt – Inghlacthacht – Cóir chomhionann – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchais ghairmréime réasúnta – Easpa chirt gairmréim a athmhúnlú – Oibleagáid scrúdú comparáideach a dhéanamh ar na fiúntais – Dliteanas – Damáiste neamhábhartha)

47

2022/C 237/61

Cás T-68/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – QA v an Coimisiún (Dliteanas neamhchonarthach – Comhaontú maoiniúcháin a tugadh i gcrích faoi chuimsiú an Seachtú Creatchlár maidir le taighde, forbairt theicneolaíocht agus gníomhaíochtaí léiriúcháin (2007– 2013) – Tuarascáil iniúchóireachta – Foclaíocht – Sárú sách tromchúiseach ar riail dlithiúil lena dtugtar cearta do dhaoine aonair – Comhréireacht – Prionsabal an dea-riaracháin)

48

2022/C 237/62

Cás T-208/21: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 6 Aibreán 2022 – Dorit-DFT v EUIPO – Erwin Suter (DORIT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Clárú idirnáisiúnta lena sonraítear an tAontas Eorpach – Focalmharc DORIT – Ainmneacha cuideachtaí náisiúnta níos luaithe – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa úsáide a bhaint as comhartha le raon nach bhfuil áitiúil amháin i gcúrsaí trádála – Airteagail 8(4) agus 52(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [anois: Airteagail 8(4) agus 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001])

48

2022/C 237/63

Cás T-219/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Agora Invest v EUIPO – Transportes Maquinaria y Obras (TRAMOSA) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TRAMOSA – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe TRAMO, SA TRANSPORTE MAQUINARIA Y OBRAS, S.A. – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001] – Fíorúsáid an mhairc níos luaithe – Fomhír (a) den dara mír d’Airteagal 15(1) agus Airteagail 42(2) agus 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 [anois fomhír (a) den dara mír d’Airteagal 18(1) agus Airteagail 47(2) agus 47(3) den Rialachán 2017/1001] – Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc]

49

2022/C 237/64

Cás T-276/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Moio v EUIPO – Paul Hartmann (moio.care) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh moio.care – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Molicare – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001]

50

2022/C 237/65

Cás T-6/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 23 Márta 2022 – Advanced Organic Materials v EUIPO – Swiss Pharma International (ADVASTEROL) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Aistarraingt freasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

50

2022/C 237/66

Cás T-226/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Retail Royalty v EUIPO – Fashion Energy (Léiriú iolair) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Aistarraingt freasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

51

2022/C 237/67

Cás T-265/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Sunshine Smile v EUIPO (PlusDental+) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid – Imtharraingt ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

51

2022/C 237/68

Cás T-343/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Hewlett Packard Enterprise Development v EUIPO – Aruba (ARUBA) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Iarratas ar neamhbhailíocht a tharraingt siar – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

52

2022/C 237/69

Cás T-345/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Hewlett Packard Enterprise Development v EUIPO – Aruba (ARUBA NETWORKS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Tarraingt siar na hiarrata cúlghairme – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

53

2022/C 237/70

Cás T-797/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2022 – Gustopharma Consumer Health v EUIPO – Helixor Heilmittel (HELIXORIGINAL) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Aistarraingt freasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

53

2022/C 237/71

Cás T-798/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2022 – Gustopharma Consumer Health v EUIPO – Helixor Heilmittel (HELIXFORTE) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – An freasúra a tharraingt siar – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

54

2022/C 237/72

Cás T-522/21: Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2022 – XH v an Coimisiún

54

2022/C 237/73

Cás T-173/22: Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2022 – T-Systems International v an Coimisiún

54

2022/C 237/74

Cás T-196/22: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2022 – Mariani v an Pharlaimint

55

2022/C 237/75

Cás T-200/22: Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2022 – an Pholainn v an Coimisiún

56

2022/C 237/76

Cás T-203/22: Caingean arna tabhairt an 15 Aibreán 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún

57

2022/C 237/77

Cás T-206/22: Caingean arna tabhairt an 20 Aibreán 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

58

2022/C 237/78

Cás T-207/22: Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2022 – Mhana v an Chomhairle

59

2022/C 237/79

Cás T-208/22: Caingean arna tabhairt an 19 avril 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

59

2022/C 237/80

Cás T-209/22: Caingean arna tabhairt an 19 avril 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

60

2022/C 237/81

Cás T-212/22: Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – Prigozhina v an Chomhairle

60

2022/C 237/82

Cás T-217/22: Caingean arna tabhairt an 20 Aibreán 2022 – Lifestyle Equities v EUIPO – Greenwich Polo Club (GREENWICH POLO CLUB)

61

2022/C 237/83

Cás T-218/22: Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – Roxtec v EUIPO – Wallmax (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha)

62

2022/C 237/84

Cás T-219/22: Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Wallmax v EUIPO – Roxtec (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha)

63

2022/C 237/85

Cás T-220/22: Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE

63

2022/C 237/86

Cás T-221/22: Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – Pharmaselect International v EUIPO – OmniActive Health Technologies (LUTAMAX)

64

2022/C 237/87

Cás T-222/22: Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Engineering – Ingegneria Informatica v an Coimisiún agus REA

65

2022/C 237/88

Cás T-228/22: Caingean arna tabhairt an 27 Aibreán 2022 – Casablanca Clothing v EUIPO – Adrien (CASABLANCA TENNIS CLUB)

66

2022/C 237/89

Cás T-231/22: Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (doglover)

67

2022/C 237/90

Cás T-232/22: Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover)

67

2022/C 237/91

Cás T-233/22: Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Islentyeva v an Chomhairle

68

2022/C 237/92

Cás T-234/22: Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Ismailova v an Chomhairle

69

2022/C 237/93

Cás T-235/22: Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Russian Direct Investment Fund v an Chomhairle

70

2022/C 237/94

Cás T-236/22: Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Intel Corporation v an Coimisiún

71

2022/C 237/95

Cás T-239/22: Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Cherusci v EUIPO – LexDellmeier (RIALTO)

73

2022/C 237/96

Cás T-242/22: Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2022 – OmniActive Health Technologies v EUIPO – Pharmaselect International (LUTAMAX)

73

2022/C 237/97

Cás T-245/22: Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2022 – PGTEX Morocco v an Coimisiún

74

2022/C 237/98

Cás T-246/22: Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2022 – PGTEX Morocco v an Coimisiún

75

2022/C 237/99

Cás T-253/22: Caingean arna tabhairt an 9 Bealtaine 2022 – Groschopp v EUIPO (Sustainability through Quality)

76


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 237/01)

Foilseachán deiridh

IO C 222, 7.6.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 213, 30.5.2022

IO C 207, 23.5.2022

IO C 198, 16.5.2022

IO C 191, 10.5.2022

IO C 171, 25.4.2022

IO C 165, 19.4.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-401/19) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Treoir (AE) 2019/790 - Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine - Airteagail 11 agus 17(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil - Cosaint na maoine intleachtúla - Oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne - Athbhreithniú uathoibríoch (scagadh) a dhéanamh roimh ré ar inneachar arna chur ar líne ag na húsáideoirí)

(2022/C 237/02)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaithe: B. Majczyna, M. Wiącek agus J. Sawicka, Gníomhairí, le cúnamh ó J. Barski, i gcáil Saineolaí)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Warin, S. Alonso de León agus W. D. Kuzmienko, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver, F. Florindo Gijón agus D. Kornilaki, Gníomhairí)

Páirtithe ag idirghabháil chun tacú leis an gcosantóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: S. Centeno Huerta agus J. Rodríguez de la Rúa Puig ar dtús, ansin ag J. Rodríguez de la Rúa Puig, Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères agus A. Daniel, Gníomhairí), Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: M. A. Capela de Carvalho Galaz Pimenta, P. Barros da Costa, P. Salvação Barreto agus L. Inez Fernandes ar dtús, agus ansin ag M. A. Capela de Carvalho Galaz Pimenta, P. Barros da Costa, agus P. Salvação Barreto, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Erlbacher, S. L. Kalėda, J. Samnadda agus B. Sasinowska, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

3.

Íocfaidh Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Portaingéile agus an Coimisiún Eorpach a gcostais féin.


(1)  IO C 270, 12.08.2019


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022– Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach, Hyet Sweet SAS

(Cás T-666/19 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Allmhairí aspairtéime de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne - Rialacháin Uimh. 1225/2009 agus 2016/1036 - Raon feidhme ratione temporis - Airteagal 2(7) - Stádas mar ghnóthas a oibríonn faoi dhálaí eacnamaíocha margaidh - Diúltú - Airteagal 2(10) - Coigeartú - Dualgas cruthúnais - Airteagal 3 - Díobháil a chinneadh - Dualgas cruthúnais an Aontais Eorpaigh)

(2022/C 237/03)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd (ionadaithe: K. Adamantopoulos, dikigoros, agus P. Billiet, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: i dtosach, T. Maxian Rusche agus N. Kuplewatzky, ina dhiadh sin, T. Maxian Rusche agus A. Demeneix agus, ar deireadh, T. Maxian Rusche agus K. Blanck, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach.


(1)  IO C 383, 11.11.2019


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – Yieh United Steel Corp. v an Coimisiún Eorpach, Eurofer, Association Européenne de l'Acier, ASBL

(Cás C-79/20 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1429 - Allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine – Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 - Airteagal 2 - Ríomh an ghnáthluacha - Ríomh an chostais táirgthe - Caillteanais táirgeachta - Diúltú do luach fhuíll athchúrsáilte a asbhaint - Measúnú ar an ngnáthluach ar bhonn dhíolachán intíre an táirge chomhchosúil atá beartaithe don tomhaltas intíre - Eisiamh ón mbonn a úsáidtear chun gnáthluach na ndíolachán ar mhargadh intíre na tíre onnmhairiúcháin a ríomh i gcás ina mbaineann na díolacháin sin le tairgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú)

(2022/C 237/04)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Yieh United Steel Corp. (ionadaí: D. Luff, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiúin Eorpach (ionadaithe: i dtosach, J.F. Brakeland, M. França agus A. Demeneix, agus ina dhiaidh sin, J.F. Brakeland agus G. Luengo, i gcáil Gníomhairí), Eurofer, Association européenne de l’acier, ASBL (ionadaithe: J. Killick agus G. Forwood, avocats, agus G. Papaconstantinou, dikigoros)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Yieh United Steel Corp a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach agus Eurofer, Association européenne de l’acier, ASBL.


(1)  IO C 103, 30.03.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně – Poblacht na Seice) – Vinařství U Kapličky s.r.o. v Státní zemědělská a potravinářská inspekce

(Cás C-86/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta - Fíon - Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Rialacha maidir le margaíocht - Airteagal 80 - Cleachtais fíoneolaíochta - Cosc ar mhargaíocht - Airteagal 90 - Allmhairí fíona - Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 - Airteagal 43 - Doiciméad V I 1 - Deimhniú go monaraítear coinsíneachtaí fíona i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta a mholtar nó atá údaraithe - Tromachar na fianaise - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Airteagal 89(4) - Smachtbhannaí - Margaíocht fíona ó thriú tír - Fíon ar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe i bhfeidhm orthu - Díolúine ó dhliteanas - Dualgas cruthúnais)

(2022/C 237/05)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský soud v Brně

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Vinařství U Kapličky s.r.o.

Cosantóir: Státní zemědělská a potravinářská inspekce

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 80(2)(a) agus (2)(c), chomh maith le hAirteagal 90(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, a léirmhíniú amhail is go bhfuil an deimhniú atá i ndoiciméad V I 1 a dréachtaíodh i dtaca le coinsíneacht fíona a allmharaítear isteach san Aontas Eorpach ar bhonn Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) ón gComhairle Uimh. 479/2008 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona, a mhéid a bhaineann le cláir tacaíochta, le trádáil le triú tíortha, le hacmhainneacht táirgeachta agus le rialuithe in earnáil an fhíona, ar dá réir a monaraíodh an choinsíneacht sin i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon nó arna n-údarú ag an Aontas ábhartha d’fhonn measúnú a dhéanamh an bhfuil an choinsíneacht sin i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80(2)(a) agus (2)(c) de Rialachán Uimh. 1308/2013 , ach gan bheith leordhóthanach ann féin chun a shuíomh go gcomhlíontar iad.

2.

Ní mór Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú agus bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh air, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 64(2)(d) den Rialachán sin agus le hAirteagal 80(2) de Rialachán Uimh. 1308/2013, a léirmhíniú amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear, nuair a chuireann daoine, atá ag cur coinsíneacht fíona, nach gcomhlíontar léi na cleachtais fíoneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80(2)(a) nó (2)(c) agus a allmhairíodh ó thriú tír chuig margadh an Bhallstáit sin, doiciméad V I 1 ar fáil a dréachtaíodh i dtaca leis an gcoinsíneacht sin agus lena ndearbhaítear gur monaraíodh an choinsíneacht sin i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon nó arna n-údarú ag an Aontas, go mbeidh an dualgas cruthúnais go bhfuil locht ar thaobh an trádálaí sin as sárú ar an gcosc ar mhargaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 80(2) de Rialachán Uimh. 1308/2013 ar údaráis inniúla an Bhallstáit sin.


(1)  IO C 137 27.04.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/5


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – Federatie Nederlandse Vakbeweging v Heiploeg Seafood International BV, Heitrans International BV

(Cás C-237/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialiú - Treoir 2001/23/CE - Airteagail 3 go 5 - Aistriú gnóthas - Cearta fostaithe a choimirciú - Eisceachtaí - Nós imeachta dócmhainneachta - “pre-pack” - Aistriú de (chuid de) ghnóthas i ndiaidh dearbhú dócmhainneachta i ndiaidh pre-pack)

(2022/C 237/06)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Federatie Nederlandse Vakbeweging

Cosantóirí: Heiploeg Seafood International BV, Heitrans International BV

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 5(1), de Threoir 2011/23/EC ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de gnóthais nó de ghnólachtaí, a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos leis, ar dá réir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den Treoir sin maidir le haistriú gnóthas nuair atá an sannóir faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí dócmhainneachta dá samhail, “arna dtionscnamh d’fhonn sócmhainní an sannóra a leachtú”, má ullmhaítear aistriú an ghnóthais iomláin nó cuid de, roimh na himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh chun sócmhainní an sannóra a leachtú agus a ndéantar an t-aistriú sin lena linn, i gcomhthéacs nós imeachta pre-pack a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige ligean, le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta, leachtú don gnóthas a shásaíonn, a mhéid is féidir, éilimh na gcreidiúnaithe go léir agus a chaomhnaíonn fostaíocht a oiread agus is féidir, ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta pre-pack sin á rialú ag forálacha reachtúla nó rialála.

2.

Ní mor Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23 a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos ann, ar dá réir nach bhfuil feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den Treoir sin maidir le haistriú gnóthais, gnólachta nó aon chuid de ghnóthas nó de ghnólacht i gcás ina bhfuil imeachtaí féimheachta nó aon imeachtaí dócmhainneachta dá samhail i ndáil leis an sannóir “faoi mhaoirseacht udaráis phoiblí inniúil”, más é “riarthóir dócmhainneachta ionchasach” faoi mhaoirseacht ag “‘breitheamh maoirseachta ionchasach” a ullmhaíonn aistriú an ghnóthais iomláin nó cuid de i gcomhthéacs nós imeachta pre-pack, roimh an dearbhú dócmhainneachta, agus go bhfuil an comhaontú ar an aistriú sin tugtha i gcrích agus curtha chun feidhme i ndiaidh an dearbhaithe dócmhainneachta a bhaineann le sócmhainní an sannóra a leachtú, ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta pre-pack sin á rialú ag forálacha reachtúla nó rialála.


(1)  IO C 297, 07.09.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/6


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V

(Cás C-319/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 80 - Ionadaíocht ar dhaoine bainteach le comhlachais neamhbhrabúis - Caingean ionadaíoch arna tabhairt ag comhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí in éagmais sainordú agus gan beann ar shárú ar chearta ábhair sonraí - Caingean bunaithe ar thoirmeasc cleachtas tráchtála éagórach, sárú ar dhlí maidir le cosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní)

(2022/C 237/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited

Cosantóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

An chuid oibríochtúil

Ní mor Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta le Cosaint Sonraí), a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a thugann cead do chomhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt, in éagmais sainordú chun na críche sin agus gan beann ar shárú ar chearta nithiúla na ndaoine lena mbaineann, i gcoinne an té a líomhnaítear go ndearna sé sárú ar chosaint sonraí pearsanta, trí shárú an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha a ardú, ar sárú é arna dhéanamh le dlí um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní, sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bpróiseáil sonraí ar chearta atá ag daoine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta faoin Rialachán sin.


(1)  IO C 359, 26.10.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/7


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark – an Ostair) – NW v Landespolizeidirektion Steiermark (C-368/20), Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C-369/20),

(Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Saorghluaiseacht daoine - Rialachán (AE) 2016/399 - Cód Teorainneacha Schengen - Airteagal 25(4) - Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ar feadh uastréimhse atá teoranta do shé mhí san iomlán - Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le roinnt tréimhsí rialuithe leanúnacha a fhágann gur sáraíodh an tréimhse sin - Mainneachtain na reachtaíochta sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh, i gcás go bhfuil tréimhsí leanúnacha bunaithe ar an mbaol céanna - Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear pas nó cárta aitheantais a chur i láthair agus seiceálacha á ndéanamh ag an teorainn inmheánach, faoi réir pionóis - Mainneachtain na hoibleagáide sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh nuair atá an tseiceáil féin contrártha leis an bhfhoráil sin)

(2022/C 237/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landespolizeidirektion Steiermark

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NW

Cosantóirí: Landespolizeidirektion Steiermark (C-368/20), Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C-369/20),

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar Bhallstát rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach bunaithe ar Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin, sa chás go sáraítear leis an uastréimhse iomlán de shé mhí, a leagtar síos le hAirteagal 25(4), agus sa chás nach bhfuil aon bhagairt nua ann a thabharfadh údar maith le cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí dá bhforáiltear le hAirteagal 25.

2)

Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399, arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624, a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta, lena gcuireann Ballstát, faoi réir pionóis, ceanglas ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an bhforáil sin.


(1)  IO C 348 19.10.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/8


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg – an Ghearmáin) – Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions GmbH (C-415/20), F. Reyher Nchfg. GmbH & Co. KG vertr. d. d. Komplementärin Verwaltungsgesellschaft F. Reyher Nchfg. mbH (C-419/20), Flexi Montagetechnik GmbH & Co. KG v Hauptzollamt Hamburg (C-415/20 agus C-419/20), Hauptzollamt Kiel (C-427/20)

(Cásanna uamtha C-415/20, C419/20 agus C-427/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Cearta chun aisíocaíocht nó íocaíocht suimeanna airgid arna dtobhach nó arna ndiúltú ag Ballstát de shárú ar dhlí an Aontais - Dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna allmhairiúcháin, aisíocaíochtaí onnmhairíochta agus pionóis airgeadais - Coincheap “sárú ar dhlí an Aontais” - Míthuiscint nó mífheidhmiú den dlí sin - Cinneadh maidir le sárú ar dlí an Aontais i gCúirt de chuid an Aontais Eorpaigh nó cúirt náisiúnta - Ceart chun íocaíochta úis - An tréimhse atá clúdaithe ag an íocaíocht úis sin)

(2022/C 237/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions GmbH (C-415/20), F. Reyher Nchfg. GmbH & Co. KG vertr. d. d. Komplementärin Verwaltungsgesellschaft F. Reyher Nchfg. mbH (C-419/20), Flexi Montagetechnik GmbH & Co. KG

Cosantóirí: Hauptzollamt Hamburg (C-415/20 agus C-419/20), Hauptzollamt Kiel (C-427/20)

An chuid oibríochtúil

Ní mór prionsabail dhlí an Aontais a bhaineann leis na cearta atá ag duine chun aisíocaíochtaí ar shuimeanna airgid, a fhorchuirfidh Ballstáit orthu de shárú ar dhlí an Aontais agus íocaíocht úis ar na suimeanna airgid sin a léirmhíniú:

ar an gcéad dul síos, amhail is go gciallaíonn siad go bhfuil feidhm acu nuair a fhreagraíonn na suimeanna airgid atá i gceist, ar thaobh amháin, d’aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a deonaíodh go déanach do dhuine, tar éis iad a dhiúltiú dó de shárú ar an gceart sin, agus, ar an taobh eile, pionóis airgeadais a forchuireadh ar an duine sin de bharr an tsáraithe sin;

ar an dara dul síos, amhail is go gciallaíonn siad go bhfuil feidhm acu nuair atá sé de thoradh ar chinneadh ón gCúirt nó cinneadh ó chúirt naisiúnta go ndearna údarás náisiúnta íocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin. pionóis airgeadais, dleachtanna frithdhumpála nó dleachtanna allmhairiúcháin, a dhiúltú nó a fhorchur ar bhonn léirmhíniú mícheart ar dhlí an Aontais nó cur i bhfeidhm mícheart an dlí sin.

ar an tríú dul síos, amhail is go gciallaíonn siad nach go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht naisiúnta ina bhforáiltear, nuair a dhéantar íocaíocht aisíocaíochtaí onmhairiúcháin, pionóis airgid, dleachtanna frithdhumpála nó dleachtanna allmhairiúcháin, a dhiúltú nó a fhorchur, de réir mar a bheidh, de shárú ar dhlí an Aontais, nach féidir an íocaíocht úis a dhéanamh ach i leith na tréimhse ón dáta a thionscnaítear an chaingean atá dírithe ar aisíocaíocht na suime airgid atá i gceist go dáta an chinnidh a thug an chúirt ag a bhfuil dlínse, d’eisiamh tréimhse níos luaithe. Ar an taobh eile, ní chuireann na prionsabail sin cosc ar fhoráil a dhéanamh i reachtaíocht den sórt sin nach mbeidh an íocaíocht dlite ach amháin más rud é gur tionscnaíodh caingean den sórt sin, ar choinníoll nach mbeidh sé de thoradh air sin go mbeidh sé ródheacair ar shaoránaigh na cearta atá acu faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú.


(1)  IO C 432, 07.12.2020

IO C 414, 30.11.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/9


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-510/20) (1)

(Mainneachtain Ballstáit in oibleagáid a chomhlíonadh - Airteagal 258 CFAE - Comhshaol - Treoir 2008/56/CE - Beartas comhshaoil mhuirí - Airteagal 5 - Straitéis mhuirí - Airteagal 17(2) agus (3) - Mainneachtain athbhreithniú a dhéanamh, laistigh de na teorainneacha ama, ar an gcéad mheasúnú, ar an gcinneadh maidir le dea-stádas comhshaoil agus ar na spriocanna comhshaoil - Mainneachtain sonraí maidir le haon nuashonruithe a rinneadh tar éis na n-athbhreithnithe a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach laistigh de na teorainneacha ama)

(2022/C 237/10)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: O. Beynet agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire (ionadaithe: T. Mitova, L. Zaharieva agus T. Tsingileva, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Trí mhainneachtain, laistigh de na teorainneacha ama a forordaíodh, ar an gcéad dul síos, athbhreithniú a dhéanamh ar bhealach comhordaithe, mar a shonraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí), ar an gcéad mheasúnú agus ar an gcinneadh maidir le dea-stádas comhshaoil agus, ar an dara dul síos, sonraí maidir le nuashonraithe a rinneadh tar éis na n-athbhreithnithe a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach, mhainnigh Poblacht na Bulgáire ina hoibleagáidí faoi Airteagal 17(2)(a) agus (b) agus Airteagal 17(3) den Treoir sin a chomhlíonadh.

2.

Ordaítear do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.


(1)  IO C 433, 14.12.2020


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/9


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – NovaText GmbH v Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg

(Cás C-531/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cearta maoine intleachtúla - Treoir 2004/48/CE - Airteagal 3 - Oibleagáid ghinearálta maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú - Airteagal 14 - Coincheap “costais dlí réasúnta agus comhréireacha” - Easpa deise don chúirt naisiúnta réasúntacht agus comhréireacht na gcostas a bheidh le híoc ag an bpáirtí nár éirigh leis a mheas)

(2022/C 237/11)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NovaText GmbH

Cosantóir: Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 3 agus 14 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú a léirmhíniú amhail is go gcuirtear cosc ar reachtaíocht naisiúnta nó léirmhíniú uirthi sin nach gceadaíonn don chúirt a bhfuil caingean os a comhair faoin Treoir sin aird chuí a thabhairt, i ngach cás atá roimpi, ar a tréithe sonracha chun críoch a mheasúnú an bhfuil na costais dlí arna dtabhú ag an bpáirtí rathúil réasúnta agus comhréireach.


(1)  IO C 28, 25.1.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/10


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Saarbrücken – an Ghearmáin) – Koch Media GmbH v FU

(Cás C-559/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cearta maoine intleachtúla - Treoir 2004/48/CE - Airteagal 14 - Coincheap “costais dlí” agus “costais eile” - Fógra foirmiúil chun comhlíonadh cearta maoine intleachtúla a áirithiú lasmuigh den chúirt - Táillí dlíodóirí - Caílíocht - Reachtaíocht naisiúnta lena gcuirtear teorainn ar an méid in-aisghabhála de na costais seo faoi choinníollacha áirithe)

(2022/C 237/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Saarbrücken

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Koch Media GmbH

Cosantóir: FU

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 14 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé go dtagann na costais arna dtabhú ag sealbhóir ceart maoine intleachtúla, a bhaineann lena ionadaíocht ag comhairleoir d’fhonn urraim don cheart a áirithiú lasmuigh den chúirt, amhail costais a bhaineann le fógra foirmiúil, faoin gcoincheap maidir le “costais eile” de réir bhrí na forála sin.

2.

Ní mór Airteagal 14 de Threoir 2004/48 a léirmhíniú amhail nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht naisiúnta ina bhforáiltear, i gcás go ndearna duine nádúrtha sárú ar chearta maoine intleachtúla lasmuigh dá ghníomhaíochtaí gairmiúla nó tráchtála, go ndéanfar aisíocaíocht ar na “costais eile” dá dtagraítear san fhoráil sin, a bhfuil an sealbhóir ina dteideal, a ríomh ar bhonn ráta comhréidh, ar bhonn luach na díospóide faoi theorainn na reachtaíochta sin, mura measann an chúirt naisiúnta, de bharr tréithe áirithe sa chás, go bhfuil teorainn den sórt sin éagórach.


(1)  IO C 35, 01.02.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/11


Breithiúnas na Cúirte (An Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Cluj – an Rómáin) – Happy Education SRL v Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca, Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj

(Cás C-612/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(i) - Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail - Díolúintí a bhaineann le hoideachas do leanaí nó do dhaoine óga, oideachas scoile nó ollscoile - Soláthar seirbhísí oideachais lena bhforlíontar an curaclam scoile - Comhlacht dlí phríobháidigh a sholáthraíonn na seirbhísí sin chun críoch tráchtála)

(2022/C 237/13)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Happy Education SRL

Cosantóirí: Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Cluj-Napoca, Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Cluj

An chuid oibríochtúil den breithiúnas

Ní mór Airteagal 132(1)(i) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn nach gcumhdaítear eintiteas príobháideach atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí oideachais ar mhaithe le leas an phobail, arb é atá iontu, inter alia, gníomhaíochtaí breise leis an gcuraclam scoile a eagrú, leis an gcoincheap “comhlacht a aithnítear mar chomhlacht a bhfuil cuspóirí comhchosúla aige”, le comhlacht arna rialú ag an dlí poiblí a bhaineann le hoideachas, amhail ranganna tacaíochta don obair bhaile, cláir oideachais agus ranganna teanga iasachta, agus a bhfuil údarú faighte aige ón Oifig um Chlárú Náisiúnta Trádála i bhfoirm sannadh chód CAEN 8559 – “Oideachas eile”, i gcás nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin, in aon chás, na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta chun cáiliú don aitheantas sin.


(1)  IO C 53, 5.2.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/11


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen – an tSualainn) – Skatteverket v DSAB Destination Stockholm AB

(Cás C-637/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2006/112/CE - Comhchóras cánach breisluacha - Airteagal 30a(1) - Coincheap an “dearbháin” - Airteagal 30a(3) - Coincheap an “dearbháin ilchuspóra” - Díol cárta lena dtugtar teideal dá shealbhóir do roinnt seirbhísí turasóireachta a fháil ar feadh tréimhse theoranta)

(2022/C 237/14)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteverket

Cosantóir: DSAB Destination Stockholm AB

An chuid oibríochtúil den breithiúnas

Ní mór Airteagal 30a de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha arna leasú le Treoir (AE) 2016/1065 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2016, a léirmhíniú sa bhealach go bhféadfaidh ionstraim lena dtugtar an ceart dá shealbhóir tairbhe a bhaint as seirbhísí éagsúla in áit ar leith, ar feadh tréimhse theoranta agus i gcomhair méide áirithe, a bheith ina “dearbhán” de réir bhrí Airteagal 30a(1) den Treoir sin, fiú amháin más rud é, mar gheall ar thréimhse theoranta bhailíochta na hionstraime sin, nach féidir le gnáth-thomhaltóir tairbhe a bhaint as na seirbhísí sin. Is éard atá san ionstraim sin “dearbhán ilchuspóra” de réir bhrí Airteagal 30a(3) den Treoir sin, ós rud é nach bhfuil an cháin bhreisluacha a bheidh dlite ar na seirbhísí sin ar eolas tráth eisiúna na hionstraime sin.


(1)  IO C 53, 15.02.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/12


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana – an Iodáil) – Caruter s.r.l. v S.R.R. Messina Provincia S.c.P.A. agus páirtithe eile

(Cás C-642/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2014/24/AE - Soláthar poiblí - Airteagal 63 - Grúpa oibreoirí eacnamaíocha ag brath ar acmhainní eintiteas eile - Féidearthacht an údaráis chonarthaigh chun a éileamh go ndéanfaidh rannpháirtí sa ghrúpa cúraimí criticiúla áirithe - Rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear nach mór don ghnóthas atá ina ionadaí na critéir a chomhlíonadh agus tromlach na seirbhísí a dhéanamh)

(2022/C 237/15)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Caruter s.r.l.

Cosantóirí: S.R.R. Messina Provincia SCpA, Comune di Basicò, Comune di Falcone, Comune di Fondachelli Fantina, Comune di Gioiosa Marea, Comune di Librizzi, Comune di Mazzarrà Sant’Andrea, Comune di Montagnareale, Comune di Oliveri, Comune di Piraino, Comune di San Piero Patti, Comune di Sant’Angelo di Brolo, Regione Siciliana – Urega – Ufficio regionale espletamento gare d’appalti lavori pubblici Messina, Regione Siciliana – Assessorato regionale delle infrastrutture e della mobilità,

Idiragraí: Ditta individuale Pippo Pizzo, Onofaro Antonino Srl, Gial Plast Srl, Colombo Biagio Srl,

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 63 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar rialacháin náisiúnta ar dá réir nach mór don ghnóthas atá mar ionadaí an ghrúpa oibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach i nós imeachta soláthair phoiblí na critéir a leagtar amach san fhógra conartha a chomhlíonadh agus tromlach na seirbhísí a ghabhann leis an soláthar sin a dhéanamh.


(1)  IO C 79 an 08.03.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/13


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 27 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle – an Bheilg) – Airbnb Ireland UC v Région de Bruxelles-Capitale

(Cás C-674/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach - Airteagal 114(2), CFAE - Eisiamh forálacha fioscacha - Treoir 2000/31/CE - Seirbhísí na sochaí faisnéise - Tráchtáil leictreonach - Ardán réadmhaoine a chur ar cíos ar líne - Airteagal 1(5)(a) - Eisiamh i réimse an chánachais - Sainmhíniú - Reachtaíocht réigiúnach a bhaineann le cáin ar lóistín turasóireachta - Foráil lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe sonraí áirithe a sholáthar, i scríbhinn, maidir le hoibriú na mbunaíochtaí sin don údarás cánach d’fhonn daoine atá faoi dhliteanas i leith na cánach sin a aithint - Airteagal 56 CFAE - Gan idirdhealú - Gan srian)

(2022/C 237/16)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour constitutionnelle

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Airbnb Ireland UC

Cosantóir: Région de Bruxelles-Capitale

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór foráil de chuid reachtaíocht cánach Bhallstát a éilíonn ar idirghabhálaithe, i ndáil le lóistín turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin den Bhallstát sin agus a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí an lóistín turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid lóistín a úsáideach le linn na bliana atá caite, a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnach ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, a mheas mar fhoráil atá doscartha, i dtaca lena nádúr, ón reachtaíocht ar chuid di í agus, dá réir, a thagann faoin sainmhíniú “réimse an chánachais” a n-eisítear go sainráite ó raon feidhme Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”).

2.

Ní sháraíonn reachtaíocht lena gcuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, gan beann ar áit bhunaíochta agus ar an mbealach a dhéanann siad idirghabháil, i ndáil le lóistín turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin an Ballstát lena mbaineann agus a fheidhmítear mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí an lóistín turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid lóistín a úsáideach le linn na bliana atá caite a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnacha, ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE.


(1)  IO C 128, 12.04.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/14


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht München I – an Ghearmáin) – Phoenix Contact GmbH & Co. KG v HARTING Deutschland GmbH & Co. KG, Harting Electric GmbH & Co. KG

(Cás C-44/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Maoin intleachtúil - Treoir 2004/48/CE - Airteagal 9(1) - Paitinn Eorpach - Bearta eatramhacha - Cumhacht na n-údarás breithiúnach náisiúnta urghaire idirbhreitheach a eisiúint chun sárú ar cheart maoine intleachtúla a chosc - Cásdlí náisiúnta lena ndíbhtear iarratais ar bhearta eatramhacha i gcás nár deimhníodh bailíocht na paitinne atá i gceist, ar a laghad, le cinneadh a tugadh ag an gcéad chéim in imeachtaí freasúra nó cealaithe - Oibleagáid an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh)

(2022/C 237/17)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht München I

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Phoenix Contact GmbH & Co. KG

Cosantóirí: HARTING Deutschland GmbH & Co. KG, Harting Electric GmbH & Co. KG

An chuid oibríochtúil den breithiúnas

Ní mór Airteagal 9(1) de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú a léirmhíniú mar chosc ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a chaithfear, i bprionsabal, iarratais ar fhaoiseamh eatramhach do shárú paitinne a dhíbhe i gcás nár deimhníodh bailíocht na paitinne atá i gceist, ar a laghad, le cinneadh a tugadh ag an gcéad chéim in imeachtaí freasúra nó cealaithe.


(1)  IO C 182, 10.05.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/14


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) – SIA “PRODEX” v Valsts ieņēmumu dienests

(Cás C-72/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas Custaim - Comhtharaif chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Ceannteidil taraife - Fo-cheannteideal 4418 20 - Raon feidhme - Doirse agus a bhfrámaí agus tairseacha - Cláir SMD agus múnluithe - An chéad chuid de riail ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte - Earra neamhiomlán nó neamhchríochnaithe - Coincheap)

(2022/C 237/18)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SIA “PRODEX”

Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests

An chuid oibríochtúil

Ní mór an fo-cheannteideal 4418 20 den Ainmníocht Chomhcheangailte, arna léamh i gcomhar leis an gcéad chuid den riail ghinearálta 2(a) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a eascraíonn as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go gcumhdaítear leis, mar earraí ar leith, na hearraí a thuairiscítear mar chláir agus múnluithe adhmaid, lena léirítear go hoibiachtúil leis an bpróifíl agus an bailchríoch maisiúil díobh go bhfuil siad deartha lena n-úsáid chun frámaí agus tairseacha de chuid doirse a mhonarú, fiú má tá siad neamhiomlán nó neamhchríochnaithe, ar choinníoll go ndeachaigh na hearraí sin trí phróisis lenar fágadh gur féidir iad a úsáid chun na críocha sin amháin agus go bhfuil buntréithe na n-earraí críochnaithe acu dá bhrí sin.


(1)  IO C 138 an 19.04.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/15


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Castilla y León – an Spáinn) – Gerencia Regional de Salud de Castilla y León v Delia

(Cás C-86/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht oibrithe - Airteagal 45 CFAE - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 7(2) - Cóir chomhionann - Córas náisiúnta maidir le haitheantas d’fhorbairt ghairmiúil na ngairmithe cúraim sláinte - Mainneachtain taithí ghairmiúil a fuarthas i seirbhísí sláinte de chuid Ballstát eile a chur san áireamh - Bac)

(2022/C 237/19)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Castilla y León

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gerencia Regional de Salud de Castilla y León

Cosantóir: Delia

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 45 CFAE agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar rialachán náisiúnta maidir le haitheantas d’fhorbairt ghairmiúil i seirbhís sláinte de chuid Ballstát lena gcuirtear cosc, chun críocha shinsearacht an oibrithe, ar thaithí ghairmiúil an oibrithe a fuarthas i seirbhís sláinte poiblí de chuid Ballstát eile a chur san áireamh, ach amháin má chomhlíontar cuspóir leasa ghinearálta leis an srian ar shaorghluaiseacht oibrithe atá sa rialachán sin, má áirithítear go mbainfear amach an cuspóir sin agus mura rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach.


(1)  IO C 189 an 17.05.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/16


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – UAB “Romega” v Valstybinė maisto ir veterinarijos tarnyba

(Cás C-89/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Dlí an bhia - Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 - Critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia - Airteagal 1 - Iarscríbhinn I - Feoil úr éanlaith chlóis - Rialú á dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar láithreacht Salmonella a liostaítear i mír 1.28 de Chaibidil I den Iarscríbhinn sin - Rialú ar láithreacht miocrorgánach pataigineach eile - Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 - Airteagal 14(8) - Rogha na n-údarás náisiúnta - Raon feidhme)

(2022/C 237/20)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UAB “Romega”

Cosantóir: Valstybinė maisto ir veterinarijos tarnyba

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia, arna leasú le Rialachán (UE) Uimh. 1086/2011 ón gCoimisíún an 27 Deireadh Fómhair 2011, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(8) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go bhféadfadh údarás inniúil de chuid Ballstát a mheas mar chatagóir neamhshábháilte, de réir Airteagal 14(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 178/2002, catagóir bia arb ionann í agus feoil úr éanlaith chlóis ina n-aimsíodh miocrorgánach pataigineach seachas na séiritíopaí salmonella dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Caibidil 1, mír 1.28, de Rialachán Uimh. 2073/2005, arna leasú le Rialachán Uimh. 1086/2011.


(1)  IO C 163 an 03.05.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/16


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) –“Nikopolis AD Istrum 2010” EOOD (C-160/21), “Agro – eko 2013” EOOD (C-217/21) v Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”

(Cásanna uamtha C-160/21 agus C-217/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - an Comhbheartas Talmhaíochta - Scéimeanna díreacha tacaíochta - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Íocaíochtaí leis na tairbhithe - Airteagal 75 - Sprioc-am íocaíochta - Comhlíonadh - Neamh-íocaíocht - Cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair)

(2022/C 237/21)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí:“Nikopolis AD Istrum 2010” EOOD (C-160/21), “Agro – eko 2013” EOOD (C-217/21)

Cosantóir: Izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 75(1) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE)) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2017, a léirmhíniú sa chaoi nár cheart a mheas gurb ionann neamh-íocaíocht ó ghníomhaireacht íocaíochta Ballstáit roimh dhul in éag don sprioc-am a leagtar síos san fhoráil sin, agus cinneadh intuigthe diúltú don iarraidh ar chabhair arna iarraidh ag feirmeoir, beag beann ar cibé ar cuireadh nó nár cuireadh an feirmeoir lena mbaineann ar an eolas faoi aon seiceálacha breise lena dtabharfaí údar le moill den sórt sin.


(1)  IO C 206, 31.05.2021

IO C 242, 21.06.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/17


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Liotuáin) – “Piltenes meži” SIA v Lauku atbalsta dienests

(Cás C-251/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) - Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 - Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe trí CETFT - Airteagal 30 - Íocaíochtaí Natura 2000 - Raon feidhme - Iarratas ar thacaíocht do mhicrea-thearmann a chruthaítear i bhforaois nach cuid de líonra Natura 2000 í, agus é mar aidhm leis rannchuidiú le speiceas éan fiáin a chosaint - Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 - Blocdíolúine ar thacaíocht áirithe d’earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta - Cur i bhfeidhm tacaíochta arna cómhaoiniú ag acmhainní an Aontais Eorpaigh - Neamh-fheidhmiú maidir le gnóthais atá i gcruachás)

(2022/C 237/22)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“Piltenes meži” SIA

Cosantóir: Lauku atbalsta dienests

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 30 Rialachán (AE) uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle a léirmhíniú ar chaoi, ag féachaint go háirithe do mhír 6 den Airteagal sin, a chiallaíonn go bhfuil tacaíocht, a bhfuil iarratas déanta uirthi maidir le micrea-thearmann a chruthaítear i bhforaois ar mhaithe le baint amach chuspóirí Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, ag teacht faoi raon feidhme an Airteagail 30 sin.

2)

Ní mór Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe ag luí leis an margadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 (CFAE) á gcur i bhfeidhm, a léirmhíniú ar chaoi nach féidir a dhearbhú go mbeadh sé ag luí leis an margadh inmheánach, faoin Rialachán sin, dá mbeadh tacaíocht faoi Rialachán Uimh. 1305/2013 maidir le micrea-thearmann arna chruthú i bhforaois chun cuspóirí Threoir 2009/147 a bhaint amach, á hiarraidh ag gnóthas atá i gcruachás de réir bhrí Airteagal 2(14) de Rialachán Uimh. 702/2014.


(1)  IO C 252, 28.06.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/18


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État – an Bheilg) – Secrétariat général de l’Enseignement catholique ASBL (SeGEC) agus páirtithe eile v Institut des Comptes nationaux (ICN), Banque nationale de Belgique

(Cás C-277/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán (AE) Uimh 549/2013 - An córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach - Iarscríbhinn A mír 20.15 - Iniúchadh ag Institiúid Náisiúnta um Chuntais ar údaráis a eagraíonn institiúidí oideachais i bhfoirm institiúidí neamhbhrabúis - Institiúidí oideachais arna maoiniú go poiblí agus a bhfuil saoirse oideachais acu a ráthaítear leis an mbunreacht - Iarscríbhinn A mír 20.15, dara habairt - An coincheap “idirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna” - Raon feidhme - Iarscríbhinn A, mír 20.15, an chéad abairt - Iarscríbhinn A, míreanna 2.39(b), 20.15(b) agus 20.309(h) - Coincheap “ró-rialáil” - Raon feidhme)

(2022/C 237/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d'État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Secrétariat général de l’Enseignement catholique ASBL (SeGEC), Fédération des Établissements libres subventionnés indépendants ASBL (FELSI), Groupe scolaire Don Bosco à Woluwe-Saint-Lambert ASBL, École fondamentale libre de Chênée ASBL, Collège Saint-Guibert de Gembloux ASBL, Collège Saint-Benoit de Maredsous ASBL, Pouvoir organisateur des Centres PMS libres à Woluwe ASBL

Cosantóirí: Institut des Comptes nationaux (ICN), Banque nationale de Belgique

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Iarscríbhinn A mír 20.309(h) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 21 Bealtaine 2013, maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, i gcomhar mír 2.39(b), agus mír 20.15(b), den iarscríbhinn seo, sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap “ró-rialáil” rialachán a bhaineann le hinstitiúidí neamhbhrabúis (INB) atá gníomhach i réimse an oideachais agus, cé go dtugann an riarachán poiblí náisiúnta inniúil fóirdheontas dóibh, a bhfuil saoirse oideachais acu a ráthaítear leis an mBunreacht, i gcás ina dtugtar don riarachán sin, leis an rialachán sin, an cúram nó an ceart chun:

curaclaim a fhaomhadh,

struchtúr an staidéir agus na cúraimí tosaíochta agus sonracha araon a rialáil, scrúdú a eagrú ar choinníollacha clárúcháin agus díbeartha na ndaltaí, agus ar chinntí na gcomhairlí ranga agus ar an rannpháirtíocht airgeadais, grúpáil na scoileanna i líonraí struchtúrtha a eagrú agus a éileamh go ndéanfaí tionscadail oideachais, oideolaíocha agus scoile a fhorbairt chomh maith le tuarascáil ghníomhaíochta a chur isteach,

scrúdú agus cigireacht a eagrú go háirithe ar na hábhair a mhúintear, ar an leibhéal acadúil agus ar fheidhmiú na ndlíthe teanga, ach ní ar mhodhanna múinte, agus

íoslíon daltaí a fhorchur in aghaidh an ranga, na coda, na céime nó na fo-roinne eile, mura bhfaightear díolúine ón Aire,

sa mhéid go bhfuil na cúraimí agus na cearta sin ionsáite a ndóthain chun an beartas ginearálta nó an clár de na INB lena mbaineann a chinneadh sa chás seo, trí chumas a thabhairt chun tionchar réadach agus substaintiúil a fheidhmiú ar bhonn marthanach buan ar shainmhíniú agus ar bhaint amach na gcuspóirí atá ag na INB seo, a ngníomhaíochtaí agus a ngnéithe oibríochtúla, chomh maith leis na cineálacha cur chuige straitéiseacha agus na treoirlínte a bhfuil sé beartaithe ag na INB seo a shaothrú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, ar ábhar é atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

2)

Ní mór an dara habairt d’Iarscríbhinn A mír 20.15 de Rialachán Uimh. 549/2013 a léirmhíniú sa chaoi nach n-áirítear leis an gcoincheap “rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna” rialacha náisiúnta arb éard iad réimeas dlí atá infheidhme ach amháin maidir le baill foirne institiúidí neamhbhrabúis atá gníomhach i réimse an oideachais arna maoiniú ag údarás poiblí.


(1)  IO C 278, 12.07.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/19


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Fraince

(Cás C-286/21) (1)

(Mainneachtain Stáit - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1), agus Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar na luachanna teorantacha atá leagtha síos do mhicrea-cháithníní (PM10) i gcriosanna áirithe den Fhrainc - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “chomh gearr agus is féidir” - Bearta iomchuí)

(2022/C 237/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: O. Beynet agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin agus W. Zemamta, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Tá Poblacht na Fraince,

ós rud é nár áirithigh sí nach sárófaí an teorainnluach laethúil is infheidhme maidir leis na tiúchain de mhicrea-cháithníní (PM10) ar bhealach córasach agus marthanach ón 1 Eanáir 2005 go dtí 2019 agus an dáta sin san áireamh, i gceirtleán agus crios cáilíochta Pháras (FR04A01/FR11ZAG01), agus ón 1 Eanáir 2005 go dtí 2016 agus an dáta sin san áireamh, cé is moite den bhliain 2008 i gceirtleáin agus crios cáilíochta Martinique/Fort-de-France (FR39N10/FR02ZAR01), i ndiaidh mainneachtain a dhéanamh na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 13(1) de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Meitheamh 2008, maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, agus

ós rud é nár áirithigh sí go ndéanfaí foráil sna pleananna um cháilíocht an aeir do bhearta iomchuí agus go mnbeadh an tréimhse inar sáraíodh an teorainnluach sin chomh gearr agus is féidir, i ndiaidh mainneachtain a dhéanamh, sa dá chrios sin ón 11 Meitheamh 2010, na hoibleagáidí atá uirthi faoin dara fomhír d'Airteagal 23(1) de Threoir 2008/50 arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XV a ghabhann leis, a chomhlíonadh.

2)

Ordaítear do Phoblacht na Fraince na costais a íoc.


(1)  IO C 252, 28.06.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/20


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus – an Fhionlainn) – C, CD v Syyttäjä

(Cás C-804/21 PPU) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Barántas gabhála Eorpach - Cinneadh réime 2002/584/CGB - Airteagal 23(3) - Ceanglas maidir le hidirghabháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach - Airteagal 6(2) - Seirbhísí póilíneachta - Eisiamh - Force majeure - Coincheap - Baic dlí ar thabhairt suas - Caingne dlí arna dtionscnamh ag an duine a bhfuiltear sa tóir air - Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Eisiamh - Airteagal 23(5) - Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas - Iarmhairtí - Scaoileadh saor ó choinneáil - Oibleagáid aon bheart eile a ghlacadh is gá chun sceitheadh a sheachaint)

(2022/C 237/25)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: C, CD

Cosantóir: Syyttäjä

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 23(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, a léirmhíniú sa chaoi nach leathnaítear an coincheap de force majeure do na baic dlíthiúla ar thabhairt suas, a eascraíonn as caingne dlí arna dtionscnamh ag an duine atá faoi réir an bharántais ghabhála Eorpaigh agus atá bunaithe ar dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh, i gcás ina bhfuil an cinneadh deiridh maidir le tabhairt suas glactha ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 15 den Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

2)

Ní mór Airteagal 23(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/29 a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil an ceanglas atá ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach chun idirghabháil a dhéanamh, dá dtagraítear san fhoráil sin, comhlíonta nuair a chuireann an Ballstát forghníomhaitheach de chúram ar sheirbhís póilíneachta a fhíorú go bhfuil cás force majeure ann agus go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha is gá chun an duine atá faoi réir an bharántais ghabhála Eorpaigh a choinneáil níos faide agus cinneadh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar dháta nua don tabhairt suas, fiú má tá an ceart ag an duine sin an t-ábhar a tharchur chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach tráth ar bith le haghaidh rialú ar na nithe thuasluaite.

Ní mór Airteagal 23(5) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, a léirmhíniú sa chaoi a chiallaíonn go bhfuil na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Airteagal 23 sin imithe in éag, agus mar thoradh air sin is gá an duine sin a scaoileadh saor ó choinneáil, i gcás nár comhlíonadh an ceanglas maidir le hidirghabháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 23.3 den Chinneadh Réime 2002/584.


(1)  IO C 95, 28.02.2022


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/21


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Márta 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) Milis Energy SpA v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-306/19), Go Sun Srl agus Malby Energy 4 Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Autorità di Regolazione per Energia, Reti e Ambiente agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-512/19), Fototre Srl v Ministero dello Sviluppo economico, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA (C-595/19), agus Interporto di Trieste SpA (C-608/20), Soelia SpA (C-609/20) agus Cosilt – Consorzio per lo sviluppo economico locale di Tolmezzo (C-610/20 agus C-611/20) /Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA

(Cásanna uamtha C-306/19, C-512/19, C-595/19 agus C-608/20 go C-611/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Comhshaol - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 16 agus 17 - Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanach a chosaint - an Conradh um Chairt Fuinnimh - Airteagal 10 - Infheidhmeacht - Treoir 2009/28/CE - Airteagal 3(3)(a) - Úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn - Tairgeadh leictreachas ó shuiteálacha fótavoltacha gréine - Athrú ar scéim tacaíochta)

(2022/C 237/26)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

(Cás C-306/19)

Iarratasóir: Milis Energy SpA

Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA

(Cás C-512/19)

Iarratasóir: Go Sun Srl, Malby Energy 4 Srl

Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Presidenza del Consiglio dei Ministri, Autorità di Regolazione per Energia, Reti e Ambiente agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA

(Cás C-595/19)

Iarratasóir: Fototre Srl

Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico, Presidenza del Consiglio dei Ministri agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA

(Cásanna C-608/20, C-609/20, C-610/20 agus C-611/20)

Iarratasóirí: Interporto di Trieste SpA (C-608/20), Soelia SpA (C-609/20) agus Cosilt – Consorzio per lo sviluppo economico locale di Tolmezzo (C-610/20 agus C-611/20)

Cosantóirí: Ministero dello Sviluppo economico agus Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA,

An chuid oibríochtúil

Faoi réir fíorúchán atá le cur i gcrích ag an gcúirt a rinne an tarchur agus na fachtóirí ábhartha á gcur san áireamh, ní mór Airteagal 3(3)(a) de Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/EC agus 2003/30/CE, chomh maith le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léamh i bhfianaise prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanach a chosaint, a léirmhíniú nach gcuirtear cosc lena bhforáiltear laghdú nó moilliú ar íocaíochtaí dreasachtaí do fhuinnimh a tháirgeadh ag suiteálacha fótavoltacha gréine a tugadh roimhe ag cinntí riaracháin agus deimhnithe le comhaontuithe speisialta arna thabhairt i gcrích idir oibreoirí na suiteálacha sin agus cuideachta phoiblí, áit a mbaineann an reachtaíocht sin le dreasachtaí a bhfuil foráil déanta dóibh cheana ach nach bhfuil dlite fós.


(1)  IO C 213, 24.06.2019

IO C 357, 21.10.2019

IO C 53, 15.02.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/22


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 26 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social no 3 de Barcelona – an Spáinn) – QL v Universitat de Barcelona

(Cás C-464/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Beartais shóisialta - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, CEEP agus UNICE chun críche - Conarthaí fostaíochta ar théarma seasta i ndiaidh a chéile san earnáil phoiblí - Clásal 2 agus Clásal 3(1) - Raon feidhme - Coincheap “oibrí ar théarma seasta”)

(2022/C 237/27)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social no 3 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: QL

Cosantóir: Universitat de Barcelona

An chuid oibríochtúil

Ní mór Clásal 2 agus Clásal 3(1), den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe, a tugadh i gcrích an 18 Márta 1999, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP, a léirmhíniú amhail is go dtagann oibrí atá nasctha lena fhostóir san earnáil phoiblí trí chonradh fostaíochta ar théarma seasta agus go bhféadfaidh athaicmiú a dhéanamh ar an gcaidreamh fostaíochta sin, mar phionós, lena bheith mar “chaidreamh fostaíochta neamhbhuan tréimhse éiginnte” faoi raon feidhme na Comhaontuithe Réime sin.


(1)  Dáta don chur síos: 29.07.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/23


Achomharc arna thabhairt an 9 Iúil 2021 ag Valvis Holding SA i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 12 Bealtaine 2021 i gCás T-638/19, Sun Stars & Sons v EUIPO – Valvis Holding

(Cás C-420/21 P)

(2022/C 237/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Valvis Holding SA (ionadaithe: M. Stănescu, D. Bogdan, G. Bozocea, avocați)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Sun Stars & Sons Pte Ltd, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 29 Aibreán 2022, rinne an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an t-achomharc a dhíbhe mar achomharc atá do-ghlactha go follasach agus d’ordaigh sí do Valvis Holding SA a chostais féin a íoc.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/23


Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag St. Hippolyt Holding GmbH I gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-351/20, St. Hippolyt v EUIPO – Raisioaqua

(Cás C-761/21 P)

(2022/C 237/29)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: St. Hippolyt Holding GmbH (ionadaí: M. Gail, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 31 Márta 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do St. Hippolyt Holding GmbH a chostais féin a íoc.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/23


Achomharc arna thabhairt an 10 Nollaig 2021 ag St. Hippolyt Holding GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-352/20, St. Hippolyt v EUIPO – Raisioaqua

(Cás C-762/21 P)

(2022/C 237/30)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: St. Hippolyt Holding GmbH (ionadaí: M. Gail, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Preduzeće za proizvodnju, unutrašnju i spoljnu trgovinu Elephant Co. d.o.o.

Le hordú an 31 Márta 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart do St. Hippolyt Holding GmbH a chostais féin a íoc.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/24


Achomharc arna thabhairt an 1 Eanáir 2022 ag José María Castillejo Oriol i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Samhain 2021 i gCás T-419/21, Castillejo v an Coimisiún

(Cás C-1/22 P)

(2022/C 237/31)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: José María Castillejo Oriol (ionadaí: J. Jover Padró, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 2 Bealtaine 2022, dhíbh an Chúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an t-achomharc as a bheith doghlactha go follasach i bpáirt agus gan bhunús go follasach i bpáirt, agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/24


Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – Gjensidige’ ADB

(Cás C-90/22)

(2022/C 237/32)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos Aukščiausiasis Teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir:“Gjensidige” ADB

Páirtithe eile:“Rhenus Logistics” UAB, “ACC Distribution” UAB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhféadfaí Airteagal 71 de Rialachán Uimh 1215/2012, (1) ag féachaint d’Airteagail 25, 29 agus 31 agus aithris 21 agus 22 den rialachán céanna, a léiriú sa mhéid go gceadaítear leis Airteagal 31 den Choinbhinsiún CMR a chur i bhfeidhm i gcásanna arb é díospóid a thagann faoi raon feidhme an dá ionstraim dlí sin is ábhar do chomhaontú lena dtugtar dlínse?

2.

Ag féachaint d’intinn an reachtóra an chosaint ar chomhaontuithe a bhronnann dlínse san Aontas Eorpach a neartú, an bhféadfaí Airteagal 45(1)(e)(ii) de Rialachán Uimh. 1215/2012 a léiriú le brí níos leithne, a chumhdódh leis ní hamháin Roinn 6 de Chaibidil II den rialachán sin ach Roinn 7 chomh maith?

3.

I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de na dálaí agus na hiarmhairtí dlí dá dheasca, an bhféadfaí an téarma “beartas poiblí” arna úsáid i Rialachán Uimh. 1215/2012 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear an foras leis chun cinneadh a dhéanamh gan breithiúnas de chuid Ballstáit a aithint ina gcruthaítear le cur i bhfeidhm coinbhinsiúin speisialaithe ann, cosúil leis an gCoinbhinsiún CMR, dálaí dlí nach gcomhlíontar an comhaontú a bhronnann dlínse ná an comhaontú ar an dlí infheidhme araon sa chás céanna?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/25


Achomharc arna thabhairt an 13 Feabhra 2022 ag KY i gcoinne an bhreithiúnais a thug an Chúirt Ghinearálta (an Chéad Dlísheomra) an 1 Nollaig 2021 i gCás T-433/20 KY v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

(Cás C-100/22 P)

(2022/C 237/33)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: KY (ionadaithe: N. Maes agus J.-N. Louis, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Nollaig 2021 i gCás T-433/20 a chur ar leataobh;

ag rialú í féin:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

an cinneadh lena ndiúltaítear d'iarraidh an iarratasóra ar aisíoc a neamhniú;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí ar an gcéad chéim agus costais an achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Cuireann an t-iarratasóir faoi bhráid na Cúirte, agus a caingean le haghaidh neamhniú á scrúdú, go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí sa dlí, a d’eascair go príomha ó mhearbhall idir caingean bunaithe ar shaibhriú éagórach agus dúshlán hipitéiseach i gcoinne na rialacha maidir le cearta pinsin a dhámhachtain.

Éilítear leis an gcéad fhoras achomhairc earráid dlí, a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh bunús dlí ann le saibhriú éagórach, agus easpa cúiseanna leis an mbreithiúnas atá faoi chonspóid a lua.

Éilítear leis an dara foras achomhairc go ndearna an Chúirt Ghinearálta botún sa dlí maidir le cur i bhfeidhm na rialach íosta cothaithe.

Éilítear leis an tríú foras achomhairc earráid dlí a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh aon bhochtaineacht ann.

Éilítear leis an gceathrú pléadáil sárú ar dhlí an Aontais, ós rud é gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Barroso Truta agus Daoine Eile v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2018, T-702/16 P, EU:T:2018:557, míreanna 104 go 106).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/25


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh CU

(Cás C-112/22)

(2022/C 237/34)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Napoli

Páirtí sna príomhimeachtaí

CU

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, (1) Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, (2) Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, (3) Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a chuirtear rochtain ar bhunioncam faoi réir an choinníll a bhaineann le cónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad (nach mór don dá bhliain deiridh, tráth a dhéantar an t-iarratas agus ar feadh ré iomlán íocaíochta an tsochair, a bheith leanúnach), lena dtugtar níos lú fabhair mar sin do náisiúnaigh na hIodáile, do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil an ceart cónaithe nó buanchónaithe acu, nó náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, a bhfuil cónaithe orthu, ar feadh tréimhse níos lú ná deich mbliana nó ar feadh deich mbliana, agus nach raibh an dá bhliain deiridh acu sin leanúnach maidir leis na catagóirí céanna a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, agus an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

I gcás freagra dearfach ar an gceist roimhe:

2)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a thugtar leis cóir éagsúil do chónaitheoirí fadtéarmacha, ar féidir leo buancheart cónaithe a fháil i mballstát de chuid an Aontais tar éis cónaí orthu ar feadh cúig bliana sa Bhallstát óstach agus cónaitheoirí fadtéarmacha a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

3)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a bheidh cónaí orthu ar feadh deich mbliana (an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach) d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair?

4)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a dhearbhú go bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach, d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair, rud a fhágann go n-eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le hábharthacht choiriúil ón dearbhú bréagach?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).

(2)  Treoir 2003/109/EC ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, (IO 2004 L 16, lch. 44).

(3)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/27


Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Darmstadt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 24 Feabhra 2022 – EF v Stadt Offenbach am Main

(Cás C-129/22)

(2022/C 237/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Darmstadt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EF

Cosantóir: Stadt Offenbach am Main

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir le náisiúnach tríú tír ar dheonaigh chéad Bhallstát (sa chás seo, an Iodáil) stádas mar chónaitheoir fadtéarmach dó faoi Threoir 2003/109/CE (1) ceangal a chur ar an dara Ballstát (sa chás seo, an Ghearmáin) cead cónaithe a eisíodh dó faoi Airteagal 14 et seq. de Threoir 2003/109/CE a athnuachan gan fianaise a chur ar fáil go bhfuil an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach fós ann.

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

2.

An gcaithfear toimhde a dhéanamh go bhfuil stádas mar chónaitheoir fadtéarmach fós ann sa dara Ballstát ar an gcúis amháin go bhfuil cead cónaithe fadtéarmach AE arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát ar feadh tréimhse neamhtheoranta ag an náisiúnach tríú tír, cé nach raibh cónaí air ar feadh sé bliana i gcríoch an Bhallstáit a bhronn an stádas sin air?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

3.

An bhfuil an chumhacht ag an dara Ballstát, i gcomhthéacs an cheada cónaithe a athnuachan, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar cailleadh an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 9(4) de Threoir 2003/109/CE agus chun athnuachan a dhiúltú nuair is iomchuí, nó an bhfuil an chéad Bhallstát inniúil chun caillteanas an stádais ina dhiaidh sin a chinneadh?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

4.

Sa chás sin, an gá an scrúdú ar an bhforas le haghaidh stádas a chailleadh faoin dara fomhír d’Airteagal 9(4) de Threoir 2003/109/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta sa chaoi go sonraítear na fíorais a bhfuil sé mar thoradh orthu go gcailltear stádas mar chónaitheoir fadtéarmach sa chéad Bhallstát, nó an leor go bhforáiltear sa dlí náisiúnta, gan trácht a dhéanamh don Treoir go sonrach, gur féidir leis an dara Ballstát an cead cónaithe a dhiúltú “má chailleann an náisiúnach eachtrannach a stádas mar chónaitheoir fadtéarmach i mBallstát eile den Aontas Eorpach”?


(1)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/27


Achomharc arna thabhairt an 24 Feabhra 2022 ag DD i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ghinearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-703/19, DD v FRA

(Cás C-130/22 P)

(2022/C 237/36)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DD (ionadaí: N. Lorenz, Rechtsanwältin)

Páirtí eile sna himeachtaí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

An t-ordú atá á lorg

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina iomláine;

dá bhrí sin:

cúiteamh a dheonú don Iarratasóir as an dochar neamhábhartha a fulaingíodh, mar a shonraítear san iarratas, measta ex aequo et bono ag €50 000;

Cinneadh Stiúrthóir FRA dar dáta an 21 Nollaig 2018 lena ndiúltaítear iarraidh an Iarratasóra faoi Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

más gá, cinneadh Stiúrthóir FRA dar dáta an 24 Meitheamh 2019 lena ndiúltaítear gearán an Iarratasóra faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

a ordú do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an tIarratasóir na forais agus na príomhargóintí seo a leanas maidir leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc:

1.

Earráid dlí, mainneachtain na fíorais atá ábhartha ó thaobh dlí a shuíomh, scrúdú neamhiomlán ar na fíorais agus saobhadh fianaise maidir leis an ráiteas fíorais.

2.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, réasúnaíocht neamhleor, sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus earráid fhollasach breithmheasa maidir leis an gcéad saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

3.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, scrúdú dlíthiúil neamhiomlán ar na fíorais ábhartha, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an dara saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

4.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh agus réasúnaíocht neamhleor maidir leis an gcúigiú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

5.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an séú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

6.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar an iarraidh, réasúnaíocht neamhleor, pléadáil gur úsáideadh fianaise nach bhfuarthas go dleathach nó a úsáideadh maidir leis an ochtú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

7.

Earráid dlí, saobhadh fianaise, aicmiú mícheart dlíthiúil ar fhíorais, réasúnaíocht neamhleor maidir leis an naoú saincheist dlí maidir le neamhdhleathacht.

8.

Earráid dlí, scrúdú neamhiomlán ar na fíorais, réasúnaíocht neamhleor agus sárú ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an roinn ar damáiste iarbhír líomhnaithe agus nasc cúisíoch.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 3 Márta 2022 – A.G. v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra

(Cás C-162/22)

(2022/C 237/37)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: A.G.

Cosantóir: Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí arna léamh i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 11 agus 52(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar thoirmeasc ar na húdaráis phoiblí inniúla na sonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a d’fhéadfadh faisnéis a chur ar fáil maidir le sonraí cumarsáide agus le cumarsáid úsáideora meán cumarsáide leictreonaí, in imscrúdú faoi mhí-iompar oifigiúil a bhaineann le héilliú, is cuma ar deonaíodh rochtain do na sonraí, sa chás áirithe seo, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun cosc a chur le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí?


(1)  IO 2002 L 201, lch. 37.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/29


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Iodáil) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Daoine anaithnide

(Cás C-178/22)

(2022/C 237/38)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Bolzano

Páirtí sna príomhimeachtaí

Daoine anaithnide

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 (1) ar fhoráil den dlí náisiúnta amhail an fhoráil atá in Airteagal 132 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 196 an 30 Meitheamh 2003 (an Cód Príobháideachais), ar leasaíodh mír 3 di le Dlí Foraithne Uimh. 132 an 30 Meán Fómhair 2021, a tiontaíodh maille le leasuithe i nDlí Uimh. 178 an 23 Samhain 2021 agus, ina leagan reatha, dá bhforáiltear mar a leanas:

3.

Laistigh den tréimhse coinneála arna leagan síos le dlí, má tá dóthain fianaise ann go ndearnadh cion a fhorordaítear leis an dlí pionós príosúnacht saoil nó pionós príosúnacht nach lú ná trí bliana, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, nó cion i leith bagairt agus ciapadh nó suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt, an ciapadh agus an suaitheadh tromchúiseach, féadfar sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha chun na fíorais a shuí, le réamhúdarú na Cúirte, trí ordú réasúnaithe, arna iarraidh sin ón ionchúisitheoir poiblí nó le hiarratas ó ionadaí dlíthiúil an chosantóra, duine atá faoi imscrúdú, duine díobhálaithe agus aon páirtí príobháideach eile?


(1)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002,L 201, lch. 37).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/30


Achomharc arna thabhairt an 9 Márta 2022 ag Nemea Bank plc i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 20 Nollaig 2021 i gCás T-321/17, Niemelä agus páirtithe eile v BCE

(Cás C-181/22 P)

(2022/C 237/39)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Nemea Bank plc (ionadaí: A. Meriläinen, asianajaja)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Heikki Niemelä, Mika Lehto, Nemea plc, Nevestor SA, an Banc Ceannais Eorpach, An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an tAchomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta le go ndéanfaí breithniú ceart air, ach go dlísheomra éagsúil comhdhéanta de bhreithiúna iomlán éagsúla, i bhfianaise na claontachta agus an neamh-urraim a thug an dlísheomra a d’eisigh an t-ordú do chearta bunúsacha an Achomharcóra;

a ordú don BCE na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad fhoras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí ghlacadh leis go hearráideach nach raibh aon ghá breithniú a dhéanamh i gcás T-321/17, mhainnigh sí a chur san áireamh gur sáraíodh, le héifeacht airbheartaithe ex tunc ó chinneadh BCE an 30 Meitheamh 2017, Airteagal 263 CFAE agus ghlac sí leis nach raibh suim ag an Achomharcóir i neamhniú chinneadh BCE maidir le tarraingt siar ceadúnais an 23 Márta 2017.

An dara foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i dtaobh iliomad sáruithe ar riachtanais nóis imeachta riachtanacha.

An tríú foras achomhairc: mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an sárú ar chearta an Achomharcóra de bhun Airteagal 47 den Chairt roimh thús an imeachta agus easnamh ionadaíochta an Achomharcóra le linn na n-imeachtaí leanúnacha a thabhairt faoi deara.

An ceathrú foras achomhairc: mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an sárú ar chearta an Achomharcóra de bhun Airteagal 41 den Chairt a thabhairt faoi deara le linn di cinneadh a dhéanamh go bhfuil an t-iarratas ar dhamáistí do-ghlactha.

An cúigiú foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le mainneachtain cearta an Achomharcóra dá bhforáiltear in Airteagal 340 CFAE a thabhairt faoi deara le linn di a chinneadh go bhfuil an t-iarratas ar dhamáistí do-ghlactha.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/30


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – JU v Scalable Capital GmbH

(Cás C-182/22)

(2022/C 237/40)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: JU

Cosantóir: Scalable Capital GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 82 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1) a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an ceart chun damáistí de chineál pionósach fiú i gcomhthéacs an méid damáistí a ríomh agus, go háirithe, nach bhfuil feidhm athchomhairleach ghinearálta ná speisialta aige, ós rud é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart agus, i gcásanna áirithe, feidhm sásaimh?

2.a

Maidir leis an gceart chun damáistí neamhábhartha a mheas, an gcaithfear a ghlacadh mar bhonn tuisceana go bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart sin chomh maith – is é sin le rá, sa chás seo, mar leas príobháideach an duine ar bhain an díobháil dó san iompar atá ina chúis leis an gcaillteanas a phionósú – nó an é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart chun damáistí – is é sin le rá sa chás seo mar fheidhm cúitimh ar an díobháil a bhain dó?

2.b.1.

Má ghlactar leis go bhfuil feidhm cúitimh agus sásaimh araon ag an gceart chun damáistí neamhábhartha: an bhfuil a mheasúnú le déanamh ar an mbonn go bhfuil tosaíocht struchtúrtha ag an bhfeidhm cúitimh ar an bhfeidhm sásaimh nó, ar a laghad, go bhfuil coibhneas rialach-eisceachta eatarthu? An gciallaíonn sé sin nach féidir feidhm sásaimh a bheith aige ach i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí?

2.b.2.

Mura bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart chun damáistí neamhábhartha, agus na damáistí sin á ríomh, an é nach bhfuil ualach breise le tabhairt ach do sháruithe maidir le sonraí a rinneadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí a mheastar gur fachtóirí cúiseacha iad?

3.

An bhfuil damáistí neamhábhartha le meas ar bhonn ord struchtúrtha tosaíochta nó, ar a laghad, i gcoibhneas ordlathais rialach-eisceachta, ina bhfuil ualach níos lú ag baint le caillteanas de thoradh ar shárú maidir le sonraí ná mar atá ag an díobháil agus an dólás a bhaineann le díobháil choirp?

4.

An bhfuil an tsaoirse ag cúirt náisiúnta, i gcás ina ndéantar toimhde go ndearnadh díobháil, de bharr easpa tromchúise, gan ach miondamáistí a dheonú sa chaoi go bhféadfadh an duine ar bhain an díobháil dó nó an pobal i gcoitinne a thuiscint nach bhfuil iontu ach damáistí siombalacha?

5.

An gcaithfear a ghlacadh mar bhunús chun iarmhairtí damáistí neamhábhartha a mheas nach ndearnadh calaois aitheantais de réir bhrí aithris 75 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ach i gcás inar ghlac ciontóir aitheantas an duine lena mbaineann, is é sin le rá gur lig sé air gurb é an duine sin é, agus sna cásanna sin amháin, nó an leor gur éirigh leis na ciontuithe seilbh a fháil ar na sonraí sin lena bhféadfaí an duine lena mbaineann a aithint chun calaois aitheantais a chinneadh?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/31


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – IK v KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

(Cás C-184/22)

(2022/C 237/41)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IK

Cosantóir: KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE (1) a léirmhíniú sa chaoi go mbaineann difríocht cóireála idir fostaithe lánaimseartha agus fostaithe páirtaimseartha le comhaontú comhchoiteann náisiúnta faoina bhforáiltear nach n-íocfar forlíonadh pá le haghaidh ragoibre ach amháin i gcomhair uaireanta de bhreis ar ghnáthuaireanta fostaithe lánaimseartha?

2.

Má thugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 1:

(a)

An gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54 a léirmhíniú sa chaoi, i gcás den sórt sin, nach leor go bhfuil i bhfad níos mó ban ná fear i measc na bhfostaithe páirtaimseartha chun tacú le cinneadh go dtéann an difríocht cóireála i bhfeidhm ar i bhfad níos mó ban ná fear, ach freisin go gcaithfidh sé go bhfuil i bhfad níos mó fear nó go bhfuil cionroinnt na bhfear i bhfad níos airde i measc na n-oibrithe lánaimseartha?

(b)

Nó an leanann rud éigin eile, maidir le hAirteagal 157 CFAE agus Treoir 2006/54 ó chinntí na Cúirte Breithiúnais i míreanna 25 go 36 de bhreithiúnas Szpital Kliniczny im. dra J. Babińskiego Samodzielny Publiczny Zaktad Opieki Zdrowotnej w Krakowie(2) ar dá réir is féidir difríocht cóireála fiú laistigh de ghrúpa daoine faoi mhíchumas a bheith cuimsithe leis an gcoincheap maidir le “idirdhealú” dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2000/78/CE? (3)

3.

Sa chás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 1 agus go bhfreagraíonn sí Ceisteanna 2(a) agus 2(b) sa chaoi gur féidir a chinneadh i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí go dtéann an difríocht sa phá i bhfeidhm ar i bhfad níos mó ban ná fear, an gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE a léirmhíniú sa chaoi gur féidir gur cuspóir dlisteanach d’fhoráil amhail í sin dá dtagraítear i gCeist 1 é, ar thaobh amháin, an cuspóir a shaothrú chun an fostóir a dhíspreagadh ó ragobair a leagan ar fhostaithe agus ó chúiteamh a thabhairt as fostaithe a chur ag obair lasmuigh de na huaireanta comhaontaithe trí fhorlíonadh pá le haghaidh ragoibre, ach freisin an cuspóir a shaothrú chun cóireáil níos lú fabhair d’fhostaithe lánaimseartha ná d’fhostaithe páirtaimseartha a chosc agus chun foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, go mbeidh forlíonadh pá iníoctha i leith ragoibre de bhreis ar uaireanta oibre fostaithe lánaimseartha i mí féilire, agus ina leith sin amháin?

4.

An gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a ghabhann le Treoir 97/81/EC (4) a léirmhíniú sa chaoi go mbaineann difríocht cóireála idir fostaithe lánaimseartha agus fostaithe páirtaimseartha le foráil i gcomhaontú comhchoiteann náisiúnta sa chaoi nach bhfuil forlíonadh pá le haghaidh ragoibre iníoctha ach amháin le haghaidh na n-uaireanta de bhreis ar ghnáthuaireanta oibre fostaí lánaimseartha?

5.

Sa chás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 4, an gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a léirmhíniú sa chaoi gur féidir go bhfuil foras oibiachtúil do pháirtithe i gcomhaontú comhchoiteann, trí fhoráil amhail í sin dá dtagraítear i gCeist 4, ar thaobh amháin, chun an cuspóir a shaothrú maidir leis an bhfostóir a dhíspreagadh ó ragobair a leagan ar fhostaithe agus ó chúiteamh a thabhairt as fostaithe a chur ag obair lasmuigh de na huaireanta comhaontaithe trí fhorlíonadh pá le haghaidh ragoibre, ach freisin, ar an taobh eile, an cuspóir a shaothrú chun cóireáil níos lú fabhair d’fhostaithe lánaimseartha ná d’fhostaithe páirtaimseartha a chosc agus chun foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, go mbeidh forlíonadh pá iníoctha i leith ragoibre de bhreis ar uaireanta oibre fostaithe lánaimseartha i mí féilire, agus ina leith sin amháin?


(1)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (athmhúnlú) (IO 2006 L 204, lch. 23).

(2)  Breithiúnas an 26 Eanáir 2021 (Cás C-16/19, EU:C:2021:64).

(3)  Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).

(4)  Treoir ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus ETUC (IO 1998 L 14, lch. 9).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/33


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) arna taisceadh an 10 Márta 2022 – CM v KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

(Cás C-185/22)

(2022/C 237/42)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CM

Cosantóir: KfH Kuratorium für Dialyse und Nierentransplantation e.V.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE (1) a léirmhíniú sa chaoi go mbaineann difríocht cóireála idir fostaithe lánaimseartha agus fostaithe páirtaimseartha le comhaontú comhchoiteann náisiúnta faoina bhforáiltear nach n-íocfar forlíonadh pá le haghaidh ragoibre ach amháin i gcomhair uaireanta de bhreis ar ghnáthuaireanta fostaithe lánaimseartha?

2.

Má thugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 1:

(a)

An gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54 a léirmhíniú sa chaoi, i gcás den sórt sin, nach leor go bhfuil i bhfad níos mó ban ná fear i measc na bhfostaithe páirtaimseartha chun tacú le cinneadh go dtéann an difríocht cóireála i bhfeidhm ar i bhfad níos mó ban ná fear, ach freisin go gcaithfidh sé go bhfuil i bhfad níos mó fear nó go bhfuil cionroinnt na bhfear i bhfad níos airde i measc na n-oibrithe lánaimseartha?

(b)

Nó an leanann rud éigin eile, maidir le hAirteagal 157 CFAE agus Treoir 2006/54 ó chinntí na Cúirte Breithiúnais i míreanna 25 go 36 de bhreithiúnas Szpital Kliniczny im. dra J. Babińskiego Samodzielny Publiczny Zaktad Opieki Zdrowotnej w Krakowie(2) ar dá réir is féidir difríocht cóireála fiú laistigh de ghrúpa daoine faoi mhíchumas a bheith cuimsithe leis an gcoincheap maidir le “idirdhealú” dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2000/78/CE? (3)

3.

Sa chás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 1 agus go bhfreagraíonn sí Ceisteanna 2(a) agus 2(b) sa chaoi gur féidir a chinneadh i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí go dtéann an difríocht sa phá i bhfeidhm ar i bhfad níos mó ban ná fear, an gcaithfear Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 2(1)(b) agus an chéad abairt d’Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE a léirmhíniú sa chaoi gur féidir gur cuspóir dlisteanach d’fhoráil amhail í sin dá dtagraítear i gCeist 1 é, ar thaobh amháin, an cuspóir a shaothrú chun an fostóir a dhíspreagadh ó ragobair a leagan ar fhostaithe agus ó chúiteamh a thabhairt as fostaithe a chur ag obair lasmuigh de na huaireanta comhaontaithe trí fhorlíonadh pá le haghaidh ragoibre, ach freisin an cuspóir a shaothrú chun cóireáil níos lú fabhair d’fhostaithe lánaimseartha ná d’fhostaithe páirtaimseartha a chosc agus chun foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, go mbeidh forlíonadh pá iníoctha i leith ragoibre de bhreis ar uaireanta oibre fostaithe lánaimseartha i mí féilire, agus ina leith sin amháin?

4.

An gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a ghabhann le Treoir 97/81/EC (4) a léirmhíniú sa chaoi go mbaineann difríocht cóireála idir fostaithe lánaimseartha agus fostaithe páirtaimseartha le foráil i gcomhaontú comhchoiteann náisiúnta sa chaoi nach bhfuil forlíonadh pá le haghaidh ragoibre iníoctha ach amháin le haghaidh na n-uaireanta de bhreis ar ghnáthuaireanta oibre fostaí lánaimseartha?

5.

Sa chás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar Cheist 4, an gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a léirmhíniú sa chaoi gur féidir go bhfuil foras oibiachtúil do pháirtithe i gcomhaontú comhchoiteann, trí fhoráil amhail í sin dá dtagraítear i gCeist 4, ar thaobh amháin, chun an cuspóir a shaothrú maidir leis an bhfostóir a dhíspreagadh ó ragobair a leagan ar fhostaithe agus ó chúiteamh a thabhairt as fostaithe a chur ag obair lasmuigh de na huaireanta comhaontaithe trí fhorlíonadh pá le haghaidh ragoibre, ach freisin, ar an taobh eile, an cuspóir a shaothrú chun cóireáil níos lú fabhair d’fhostaithe lánaimseartha ná d’fhostaithe páirtaimseartha a chosc agus chun foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, go mbeidh forlíonadh pá iníoctha i leith ragoibre de bhreis ar uaireanta oibre fostaithe lánaimseartha i mí féilire, agus ina leith sin amháin?


(1)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (athmhúnlú) (IO 2006 L 204, lch. 23).

(2)  Breithiúnas an 26 Eanáir 2021 (Cás C-16/19, EU:C:2021:64).

(3)  Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).

(4)  Treoir ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus ETUC (IO 1998 L 14, lch. 9).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/34


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH

(Cás C-189/22)

(2022/C 237/43)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SO

Cosantóir: Scalable Capital GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 82 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1) a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an ceart chun damáistí de chineál pionósach fiú i gcomhthéacs an méid damáistí a ríomh agus, go háirithe, nach bhfuil feidhm athchomhairleach ghinearálta ná speisialta aige, ós rud é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart agus, i gcásanna áirithe, feidhm sásaimh?

2.a

Maidir leis an gceart chun damáistí neamhábhartha a mheas, an gcaithfear a ghlacadh mar bhonn tuisceana go bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart sin chomh maith – is é sin le rá, sa chás seo, mar leas príobháideach an duine ar bhain an díobháil dó san iompar atá ina chúis leis an gcaillteanas a phionósú – nó an é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart chun damáistí – is é sin le rá sa chás seo mar fheidhm cúitimh ar an díobháil a bhain dó?

2.b.1.

Má ghlactar leis go bhfuil feidhm cúitimh agus sásaimh araon ag an gceart chun damáistí neamhábhartha: an bhfuil a mheasúnú le déanamh ar an mbonn go bhfuil tosaíocht struchtúrtha ag an bhfeidhm cúitimh ar an bhfeidhm sásaimh nó, ar a laghad, go bhfuil coibhneas rialach-eisceachta eatarthu? An gciallaíonn sé sin nach féidir feidhm sásaimh a bheith aige ach i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí?

2.b.2.

Mura bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart chun damáistí neamhábhartha, agus na damáistí sin á ríomh, an é nach bhfuil ualach breise le tabhairt ach do sháruithe maidir le sonraí a rinneadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí a mheastar gur fachtóirí cúiseacha iad?

3.

An bhfuil damáistí neamhábhartha le meas ar bhonn ord struchtúrtha tosaíochta nó, ar a laghad, i gcoibhneas ordlathais rialach-eisceachta, ina bhfuil ualach níos lú ag baint le caillteanas de thoradh ar shárú maidir le sonraí ná mar atá ag an díobháil agus an dólás a bhaineann le díobháil choirp?

4.

An bhfuil an tsaoirse ag cúirt náisiúnta, i gcás ina ndéantar toimhde go ndearnadh díobháil, de bharr easpa tromchúise, gan ach miondamáistí a dheonú sa chaoi go bhféadfadh an duine ar bhain an díobháil dó nó an pobal i gcoitinne a thuiscint nach bhfuil iontu ach damáistí siombalacha?

5.

An gcaithfear a ghlacadh mar bhunús chun iarmhairtí damáistí neamhábhartha a mheas nach ndearnadh calaois aitheantais de réir bhrí aithris 75 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ach i gcás inar ghlac ciontóir aitheantas an duine lena mbaineann, is é sin le rá gur lig sé air gurb é an duine sin é, agus sna cásanna sin amháin, nó an leor gur éirigh leis na ciontuithe seilbh a fháil ar na sonraí sin lenar féidir an duine lena mbaineann a aithint?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/35


Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – TR, UQ v FTI Touristik GmbH

(Cás C-193/22)

(2022/C 237/44)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TR, UQ

Cosantóir: FTI Touristik GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara a léirmhíniú:

(a)

sa chiall go gcaithfidh an measúnú ar an gcúis leis an bhfoirceannadh a bheith bunaithe ar thosca dosheachanta agus urghnácha mar a tharla tráth an fhoirceanta amháin,

(b)

nó sa chiall gur gá freisin a chur san áireamh imthosca urghnácha a tharlaíonn i ndiaidh an fhoirceanta ach roimh an tús pleanáilte leis an turas (arb é an dáta deireanach féideartha foirceanta)?

Má thugtar freagra dearfach ar (a):

(aa)

: An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir a léirmhíniú sa chiall, i gcúrsa imeachtaí dlí maidir leis an gcúis leis an bhfoirceannadh, gur féidir le taistealaí brath ar imthosca dosheachanta urghnácha mar a tharla siad tráth an fhoirceanta ach nach raibh sé ar an eolas fúthu go dtí níos déanaí?

2.

An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm ag an gceart chun foirceanta gan táille i gcás inarbh ann do na himthosca a bhfuil an taistealaí ag brath orthu tráth na háirithinte agus go raibh siad ar eolas ag an taistealaí?


(1)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1)


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/36


Iarraidh ar réamhrialú ón Arbeitsgericht Ludwigshafen am Rhein (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Márta 2022 – TF v Sparkasse Südpfalz

(Cás C-206/22)

(2022/C 237/45)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Arbeitsgericht Ludwigshafen am Rhein

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TF

Cosantóir: Sparkasse Südpfalz

An cheist a tharchuirtear:

An gá Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88/CE (1) agus an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú amhail is go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta maidir le saoire bhliantúil a dheonú d'oibrithe faoina gcomhlíontar an oibleagáid maidir le teideal chun saoire a dheonú fiú má dhéanann teagmhas nárbh fhéidir a thuar difear don oibrí le linn na tréimhse údaraithe saoire, amhail, sa chás seo, coraintín arna ordú ag an rialtas, agus dá bhrí sin cuirtear cosc ar an oibrí an teideal sin a fheidhmiú ina iomláine?


(1)  Treoir Uimh. 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/36


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) arna taisceadh an 24 Márta 2022 – BU v Comune di Copertino

(Causa C-218/22)

(2022/C 237/46)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Lecce

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BU

Cosantóir: Comune di Copertino

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (1) agus Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí (is é sin Airteagal 5(8) de decreto-legge an 6 Iúil 2012, Uimh. 95, Disposizioni urgenti per la revisione della spesa pubblica con invarianza dei servizi ai cittadini nonché misure di rafforzamento patrimoniale delle imprese del settore bancario (Dlí Foraithne Uimh. 95 an 6 Iúil 2012 maidir le forálacha práinneacha chun caiteachas poiblí a athbhreithniú gan aon athrú ar sheirbhísí do shaoránaigh agus bearta chun bonn caipitil na gcuideachtaí san earnáil baincéireachta a neartú), arna thiontú le leasuithe le hAirteagal 1(1) de legge 7 agosto 2012, (Dlí Uimh. 135 an 7 Lúnasa 2012)), nach gceadaíonn, ar chúiseanna srianta caiteachais phoiblí agus riachtanais eagraíochtúla na hearnála poiblí mar fhostóir, airgeadaíocht a chur ar shaoire i gcás go n-éireoidh fostaí sa tseirbhís phoiblí as?

agus, ina theannta sin,

2)

I gcás freagra dearfach ar an gceist thuas, an gá Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre agus Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chiall go gceanglaítear ar an státseirbhíseach a léiriú go raibh sé dodhéanta saoire a ghlacadh le linn an chaidrimh fostaíochta?


(1)  IO 2003 L 299, lch. 9


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/37


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 29 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh ND

(Cás C-223/22)

(2022/C 237/47)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Napoli

Páirtí sna príomhimeachtaí

ND

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, (1) Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, (2) Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, (3) Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a chuirtear rochtain ar bhunioncam faoi réir an choinníll a bhaineann le cónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad (nach mór don dá bhliain deiridh, tráth a dhéantar an t-iarratas agus ar feadh ré iomlán íocaíochta an tsochair, a bheith leanúnach) lena dtugtar níos lú fabhair mar sin do náisiúnaigh na hIodáile, do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil an ceart cónaithe nó buanchónaithe acu, nó náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, a bhfuil cónaithe orthu, ar feadh tréimhse níos lú ná deich mbliana nó ar feadh deich mbliana, agus nach raibh an dá bhliain deiridh acu sin leanúnach maidir leis na catagóirí céanna a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, agus an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

I gcás freagra dearfach ar an gceist roimhe:

2)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a thugtar leis cóir éagsúil do chónaitheoirí fadtéarmacha, ar féidir leo buancheart cónaithe a fháil i mballstát de chuid an Aontais tar éis cónaí orthu ar feadh cúig bliana sa Bhallstát óstach agus cónaitheoirí fadtéarmacha a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, ina bhfuil an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

3)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4, an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a bheidh cónaí orthu ar feadh deich mbliana (an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach) d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair?

4)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a dhearbhú go bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach, d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair, rud a fhágann go n-eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le hábharthacht choiriúil ón dearbhú bréagach?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).

(2)  Treoir 2003/109/EC ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, (IO 2004 L 16, lch. 44).

(3)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/38


Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Gabrovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 31 Márta 2022– IL v Regionalna direktsia “Avtomobilna administratsia” Pleven

(Cás C-227/22)

(2022/C 237/48)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Gabrovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: IL

Freagróir ar an achomharc: Regionalna direktsia “Avtomobilna administratsia” Pleven

An cheist a tharchuirtear

An dtugtar leis na forálacha i dTreoir 2006/126 (1) an deis do Bhallstáit a iarraidh ar thiománaithe feithiclí de na haicmí С, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E go dtabharfadh siad, ag eatraimh níos giorra ná tréimhse bailíochta an cheadúnais tiomána, faoi scrúdú liachta chun a n-infheidhmeacht síceolaíochta agus mheabhrach a chinneadh agus, sa chomhthéacs sin, doiciméad eile (nach é an ceadúnas tiomána) lena ndeimhnítear a n-infheidhmeacht a iarraidh? Nó an deimhnítear le seilbh ceadúnas tiomána bailí i leith na n-aicmí sin infheidhmeacht síceolaíochta agus mheabhrach an tiománaí chomh maith toisc gur cinneadh an infheidhmeacht sin agus an ceadúnas tiomána á eisiúint den chéad uair nó á athnuachan?


(1)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO 2006 L 403, lch. 18).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/38


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – flightright GmbH v Eurowings GmbH

(Cás C-228/22)

(2022/C 237/49)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: Eurowings GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ann i gcónaí do thoisc urghnách de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) (an Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí) i gcás gur athrú ar leithroinnt sliotán arna déanamh ag an údarás rialaithe aerthráchta inniúil ba chúis le cealú na heitilte nó leis an moill gurb ionann agus cur ar ceal?

2.

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an leor, chun go gcinnfí gurb ann do thoisc urghnách faoi Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí, gur laghdú ar acmhainn eitilte de dheasca aimsire ba chúis leis an athrú ar an leithroinnt sliotán, cé nár chothaigh na dálaí aimsire stop mór aerthráchta ar an iomlán?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó ina bhfuil moill mhór ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/39


Iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Halduskohus (an Eastóin) a taisceadh an 4 Aibreán 2022 – Roheline Kogukond MTÜ, Eesti Metsa Abiks MTÜ, Päästame Eesti Metsad MTÜ agus Sihtasutus Keskkonnateabe Ühendus v Keskkonnaagentuur

(Cás C-234/22)

(2022/C 237/50)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tallinna Halduskohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Roheline Kogukond MTÜ, Eesti Metsa Abiks MTÜ, Päästame Eesti Metsad MTÜ agus Sihtasutus Keskkonnateabe Ühendus

Cosantóir: Keskkonnaagentuur

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear sonraí ar nós na sonraí maidir le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil sna príomhimeachtaí a aicmiú mar fhaisnéis chomhshaoil de réir bhrí Airteagal 2(1)(a) nó (b) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil? (1)

2.

Más é, de réir fhreagra Cheist 1, gur faisnéis chomhshaoil atá ann, an gcaithfear, dá bhrí sin, Airteagal 4(1)(d) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil sonraí maidir le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil le haicmiú freisin mar ábhar atá i gcúrsa a chríochnaithe nó doiciméid nó sonraí nach bhfuil críochnaithe?

An gcaithfear Airteagal 4(2)(a) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil a léirmhíniú sa chaoi is go gcomhlíontar an coinníoll san fhoráil sin – go bhforáiltear don rúndacht ábhartha sa dlí – i gcás nach leagtar síos an ceanglas rúndachta sa dlí i leith cineál sonrach faisnéise ach go bhfuil sé ann mar thoradh ar léirmhíniú ar fhoráil d’ionstraim de chineál ginearálta ar nós an Gesetz über öffentliche Informationen (“Dlí um Fhaisnéis Phoiblí”) nó an Gesetz über die staatlichen Statistiken (“an Dlí um Staidrimh Stáit”)?

Agus Airteagal 4(2)(b) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil á chur i bhfeidhm, an gcaithfear tionchair dhiúltacha iarbhír ar chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit mar thoradh ar nochtadh na faisnéise arna hiarraidh a chruthú nó an leor baol ina leith sin a chruthú?

An bhfuil údar le srianta ar rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil d’fhonn iontaofacht staidrimh Stáit a áirithiú ann de bharr an fhorais “cosaint an chomhshaoil [ábhartha]” dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(h) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil?

3.

Más é, de réir fhreagra Cheist 1, nach faisnéis chomhshaoil na sonraí ar nós iad sin a bhaineann le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil sna príomhimeachtaí, an gcaithfear iarratas ar fhaisnéis maidir le sonraí den sórt sin a mheas mar iarratas ar rochtain ar fhaisnéis faoi Airteagal 2(1)(b) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nach mór a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 8(2)?

4.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 3, an gcaithfear sonraí ar nós na sonraí maidir le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil sna príomhimeachtaí a mheas mar fhaisnéis maidir leis an áit ina bhfuil faisnéis maidir le modhanna anailíse, samplála agus réamhchóireála samplaí de réir bhrí Airteagal 8(2) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil?

5.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 4, an bhféadfaí srian a chur leis an rochtain ar fhaisnéis den sórt sin faoi Airteagal 8(2) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil mar gheall ar chúis thromchúiseach a eascraíonn ón dlí náisiúnta?

An bhféadfaí diúltú d’fhaisnéis a chur ar fáil ar bhonn Airteagal 8(2) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil a mhaolú trí bhearta eile, mar shampla trí bhearta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis arna hiarraidh d’institiúidí taighde agus forbartha nó don Chúirt Iniúchóirí chun críoch iniúchta?

6.

An bhféadfaí údar a thabhairt le diúltú do shonraí ar nós iad sin a bhaineann le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil sna príomhimeachtaí a chur ar fáil leis an gcuspóir maidir le caighdeán na faisnéise comhshaoil de réir bhrí Airteagal 8(1) den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil?

7.

An ionann aithris 21 den Treoir um Fhaisnéis Chomhshaoil agus bunús dlí chun sonraí a bhaineann le suíomh bhuanlimistéir shamplála an fhardail foraoiseachta staitistiúil a chur ar fáil?


(1)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO 2003 L 41, lch. 26).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/40


Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 8 Aibreán 2022 – Z.K. agus M.S. v an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

(Cás C-248/22)

(2022/C 237/51)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Z.K. agus M.S.

Cosantóir: An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

An cheist a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le Treoir 2004/38/CE (1) ón gComhairle ar chead cónaithe díorthaithe a thabhairt go comhuaineach do chéile coimhthithe agus do chomhpháirtí buan de facto saoránaigh den Aontas Eorpach a fheidhmíonn go dleathach a cheart chun saorghluaiseachta mar oibrí faoin Treoir?


(1)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004, L 158, lch. 77).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/41


Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS)

(Cás C-249/22)

(2022/C 237/52)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: BM

Údarás is Freagróir: Gebühren Info Service GmbH (GIS)

Páirtithe eile: Bundesminister für Finanzen, Österreichischer Rundfunk (ORF)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear táille ar nós táille chlár ORF (“Údarás Craolacháin na hOstaire”), a chinneann an t-údarás craolacháin poiblí é féin, chun a sheirbhís a mhaoiniú, i bhfianaise an dlí phríomha in Airteagal 151(1) i gcomhar le hIarscríbhinn XV, Cuid IX, Uimh 2, (h)(1) dara fleasc den Ionstraim a bhaineann leis na coinníollacha aontachais agus le hoiriúnuithe na gConarthaí, (1) a mheas mar tháille de réir bhrí Airteagal 2 i gcomhar le hAirteagal 378(1) de Threoir 2006/112/CE? (2)

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear, sa chaoi sin, an táille chlár ORF thuasluaite a mheas mar tháille de réir bhrí Threoir 2006/112 freisin i gcás ina bhfuil ceangal ar dhaoine í a íoc má úsáidtear glacadóir craolta raidió i bhfoirgneamh dá soláthraíonn ORF a chláir thrastíre cé nach féidir leis, gan modúl glacadóra riachtanach, na cláir sin de ORF a ghlacadh?


(1)  Arna chur i gcrích leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, i dtaobh aontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach (IO 1994 C 241, lch. 336).

(2)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/41


Achomharc arna thabhairt an 12 Aibreán 2022 ag Pilatus Bank plc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Feabhra 2022 i gCás T-27/19, Pilatus Bank agus Pilatus Holding v BCE

(Cás C-256/22 P)

(2022/C 237/53)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Pilatus Bank (ionadaí: O. Behrends, Rechsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Banc Ceannais na hEorpa (BCE), an Coimisiún Eorpach, Pilatus Holding ltd.

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

a dhearbhú, de bhun Airteagal 264 CFAE, go bhfuil cinneadh BCE an 2 Samhain 2018 maidir le tarraingt siar an cheadúnais de chuid Pilatus Bank ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ginearálta le go rialódh sí ar an gcaingean le haghaidh neamhniú sa mhéid nach féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais cinneadh a dhéanamh ar shubstaint an cháis;

a ordú do BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí:

An chéad fhoras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta a fhoshuíomh go hearráideach go bhfuil sé ábhartha ó thaobh dlí de cé acu arb é nó nárbh é BCE faoi deara an tarraingt siar ceadúnais de facto roimhe seo agus go háirithe, cé acu an raibh nó nach raibh BCE faoi oibleagáid an tarraingt siar ceadúnais de facto a chosc le hidiragairt de bhun Airteagal 6(5)(c) ón Sásra Aonair Maoirseachta (RSAM) (1).

An dara foras achomhairc lena n-éilítear gur bunaíodh diúltú na Cúirte Ginearálta do dhara saincheist dlí an achomharcóra ar dhearcadh earráideach na Cúirte Ginearálta nach gá go léireofaí coincheap an chlú in Airteagal 23 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD IV) (2) de réir dhlíchóras an Aontais Eorpaigh sa chaoi go bhféadfadh díotáil i dtríú tír díobháil a dhéanamh do chlú scairshealbhóra fiú mura bhfuil an t-iompar ábhartha mídhleathach san Aontas Eorpach agus fiú má chumhdaítear an t-iompar leis an Reacht Blocála.

An tríú foras achomhairc lena n-éilítear go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc bunaithe ar iolra earráidí lena n-airítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar choincheap na comhréireachta trí mhainneachtain a mheas go gcaithfear anailís comhréireachta a bhunú ar na forais lena mbunaítear an cinneadh.

An ceathrú foras achomhairc lena n-éilítear gur sáraíodh cearta nóis imeachta an achomharcóra.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63).

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/42


Achomharc arna thabhairt an 2 Bealtaine 2022 ag Debregeas et associés Pharma (D & A Pharma) i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 2 Márta 2022 i gCás T-556/20, D & A Pharma v an Coimisiún agus EMA

(Cás C-291/22 P)

(2022/C 237/54)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Debregeas et associés Pharma (D & A Pharma) (ionadaithe: N. Viguié, E. Gouesse, avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)

An t-ordú atá á lorg

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta a tugadh an 2 Márta 2022 i gCás T-556/20, D&A Pharma v an Coimisiún agus EMA a chur ar neamhní;

An t-iarratas cheadú agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4694 final ón gCoimisiún an 6 Iúil 2020 ag diúltú d’iarratas ar údarú chun an táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine “Hopveus – ocsabáit sóidiam” a chur ar an margadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 a chur ar neamhní;

A ordú don Choimisiún agus do EMA na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

Lena chéad saincheist dlí, éilíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndearnadh earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi chonspóid nuair a cinneadh léi go raibh corrlach breithmheasa leathan ag an gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena Úsáid ag an Duine (CHMP) chun cinneadh a dhéanamh maidir le Grúpa Comhairleach Eolaíoch (GSC) buan nó coiste ad hoc a úsáid, agus an méid seo ar neamhréir leis an abairt dheireanach den chúigiú fomhír d’fhorálacha Airteagal 62(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (1), d’Airteagal 11 de Rialacha Nós Imeachta CHMP (2) agus d’Airteagal 6.1 de na treoirlínte maidir leis an nós imeachta athbhreithnithe (3), agus an earráid dlí sin i dteannta aicmiú dlíthiúil earráideach de na fíorais, mar sa chás seo agus ar aon nós, ní fhéadfaí dul i gcomhairle go bailí ach le GSC buan síciatrachta.

Ar an dara dul síos, cáineann an t-iarratasóir an Chúirt Ghinearálta as a breithiúnas a chur ó mhaith mar gheall ar earráid in aicmiú dlíthiúil na bhfíoras, ós rud é nár léirigh sí an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag comhairliúchán le GSC buan síciatrachta ar bhrí an chinnidh, toisc, ar thaobh amháin, go raibh Hopveus i staid inchomparáide le Selincro (an druga sin tar éis leas a bhaint as comhairliúchán le GSC buan síciatrachta agus údarú margaíochta faighte aige) agus, ar an taobh eile, mar gheall ar an saineolas agus an modh oibríochta de GSC buan síciatrachta, go bhféadadh tionchar a bheith ag an gcomhairliúchán leis an ngrúpa sin ar bhrí an chinnidh arna ghlacadh.

Lena dara saincheist dlí, éilíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi chonspóid maidir leis an gceart chun dea-riaracháin, atá cumhdaithe in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha, nuair a chinn sí nár chruthaigh an t-iarratasóir go raibh easpa neamhchlaontachta ag an gcoiste ad hoc a thionóil CHMP, ar an bhforas nár sholáthair sé cruthúnas ar chlaontacht nó ar chlaontacht phearsanta ó thaobh a chomhaltaí de, cé go raibh an t-iarratasóir ag brath ar fhoras na neamhchlaontachta oibiachtúla, agus nach dtoimhdítear leis sin go léireofaí ráitis nó seasaimh a thagann faoin neamhchlaontacht shuibiachtúil.

Ar an dara dul síos, cáineann an t-iarratasóir an Chúirt Ghinearálta as na fíorais a aicmiú go míchruinn, nuair a chinn sí nach raibh an dá chomhalta den choiste ad hoc lena mbaineann i gcoinbhleacht leasa, cé go raibh a gcásanna faoi seach de chineál go mbeadh amhras oibiachtúil ag baint leo agus le heaspa neamhchlaontachta oibiachtúla den choiste ad hoc sin.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004, L 136, lch. 1).

(2)  Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena Úsáid ag an Duine – Rialacha Nós Imeachta, EMEA/45110/2007.

(3)  Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena Úsáid ag an Duine, Comhairle Nós Imeachta faoi athscrúdú tuairimí CHMP, EMEA/CHMP/50745/2005 Rev. 1.


Chúirt Ghinearálta

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/44


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 6 Aibreán 2022 – Mubarak e.a. v an Chomhairle

(Cásanna T-335/18, T-338/18 agus T-327/19) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Éigipt - Bearta arna nglacadh atá dírithe ar dhaoine atá freagrach as míleithreasú cistí poiblí agus daoine agus eintitis lena mbaineann - Reo cistí - Liosta daoine, eintiteas agus comhlachtaí a bhfuil feidhm ag reo na gcistí ina leith - Coimeád ainmneacha na n-iarratasóirí ar an liosta - Cearta na cosanta - Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur ghlac údarás tríú Stát cinneadh de réir chearta na cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - Earráid dlí - Earráid fhollasach measúnaithe)

(2022/C 237/55)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí i gcás T-335/18: Gamal Mohamed Hosni Elsayed Mubarak (Caireo, an Éigipt), Alaa Mohamed Hosni Elsayed Mubarak (Caireo), Heidy Mohamed Magdy Hussein Rasekh (Caireo), Khadiga Mahmoud El Gammal (Caireo) (ionadaithe: B. Kennelly, QC, , J. Pobjoy, Barrister, G. Martin, C. Enderby Smith agus F. Holmey, Solicitors)

Iarratasóir i gcás T-338/18: Suzanne Saleh Thabet (Caireo) (ionadaithe: B. Kennelly, QC, J. Pobjoy, Barrister, G. Martin, C. Enderby Smith agus F. Holmey, Solicitors)

Iarratasóir i gcás T-327/19: Gamal Mohamed Hosni Elsayed Mubarak, i gcáil oidhre Mohamed Hosni Elsayed Mubarak (Caireo) (ionadaithe: B. Kennelly, QC, J. Pobjoy, Barrister, G. Martin, C. Enderby Smith agus F. Holmey, Solicitors)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: V. Piessevaux agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

Ábhar

Caingne bunaithe ar Airteagal 263 CFAE agus lena n-iarrtar go cuirfear ar neamhní, ar thaobh amháin, Cinneadh (CBES) 2018/466 ón gComhairle an 21 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2018 L 78I, lch. 3), Cinneadh (CBES) 2019/468 ón gComhairle an 21 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2019 L 80, lch. 40), agus Cinneadh (CBES) 2020/418 ón gComhairle an 19 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2020 L 86, lch. 11), agus, ar an taobh eile, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/465 ón gComhairle an 21 Márta 2018 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2018, L78I, lch. 1), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/459 ón gComhairle an 21 Márta 2019 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2019 L 80, lch. 1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/416 ón gComhairle an 19 Márta 2020, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO 2020 L 86, lch. 3) a mhéid atá feidhm ag na gníomhartha sin i leith na n-iarratasóirí.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar na cásanna T-335/18, T-338/18 agus T-327/19 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

2)

Déantar Cinneadh (CBES) 2018/466 ón gComhairle an 21 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt, Cinneadh (CBES) 2019/468 ón gComhairle an 21 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt agus Cinneadh (CBES) 2020/418 ón gComhairle an 19 Márta 2020 lena leasaítear an Cinneadh 2011/172/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad le Gamal Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Alaa Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Heidy Mohamed Magdy Hussein Rasekh, Khadiga Mahmoud El Gammal agus Suzanne Saleh Thabet.

3)

Déantar Cinneadh 2019/468 agus Cinneadh 2020/418 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad le Mohamed Hosni Elsayed Moubarak.

4)

Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/465 ón gComhairle an 21 Márta 2018 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/459 ón gComhairle an 21 Márta 2019 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/416 ón gComhairle an 19 Márta 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 270/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad le Gamal Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Alaa Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Heidy Mohamed Magdy Hussein Rasekh, Khadiga Mahmoud El Gammal agus Suzanne Saleh Thabet.

5)

Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/459 agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2020/416 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad le Mohamed Hosni Elsayed Moubarak.

6)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais an Eorpaigh, in éineacht lena costais féin, costais Gamal Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Alaa Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Mohamed Hosni Elsayed Moubarak, Heidy Mohamed Magdy Hussein Rasekh, Khadiga Mahmoud El Gammal agus Suzanne Saleh Thabet a íoc.


(1)  IO C 259, 23.7.2018.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/45


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Mead Johnson Nutrition (Asia Pacific) agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-508/19) (1)

(2022/C 237/56)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


(1)  IO C 295, 2.9.2019.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/45


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – FC v AUEA

(Cás T-634/19) (1)

(Seirbhís shibhialta - Gníomhairí sealadacha - Imeachtaí réamh-araíonachta - Fionraí, luach saothair a choinneáil siar agus cosc ar rochtain ar fhoirgnimh agus ar threalamh GAET - Tuarascáil OLAF - Prionsabal an dea-riaracháin - Ceart éisteacht a fháil - Prionsabal na neamhchlaontachta - Earráid mheasúnaithe follasach - Oibleagáid cúiseanna a thabhairt - Cearta cosanta - Freagracht - Nasc dlúth leis na pléadálacha maidir le neamhniú)

(2022/C 237/57)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: FC (ionadaithe: V. Christianos, A. Skoulikis agus M.-C. Vlachoy, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (ionadaithe: P. Eyckmans agus M. Stamatopoulou, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Guillerme agus T. Bontinck, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí an cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (AUEA) an [faoi rún] trína bhfógraíodh a fhionraíocht agus cinneadh an [faoi rún] trína ndiúltaíodh dá éileamh an [faoi rún], ar neamhní, agus chomh maith leis sin, cúiteamh as an díobháil a d'fhulaing sé mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do FC na costais a íoc.


(1)  IO C 399 25.11.2019.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/46


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Flašker v an Coimisiún

(Cás T-392/20) (1)

(Státchabhair - Bearta a dheonaigh an tSlóivéin do líonra bardasach de chógaslanna - Céim réamhscrúdúcháin - Cinneadh an Choimisiúin nach raibh ann do státchabhair agus, b’fhéidir, go raibh ann do chabhair a bhí ann cheana féin - Cinneadh arna ghlacadh gan an nós imeachta iniúchta foirmiúil a thionscnamh faoi Airteagal 108(2) CFAE - Deacrachtaí móra)

(2022/C 237/58)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Petra Flašker (Grosuplje, an tSlóivéin) (ionadaí: K. Zdolšek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Arenas agus C. Georgieva, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: Poblacht na Slóivéine (ionadaí: B. Jovin Hrastnik, Gníomhaire)

Maidir le:

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Cinneadh C(2020) 1724 final ón gCoimisiún, an 24 Márta 2020, lena gcuirtear clabhsúr leis an inniúchadh ar bhearta a bhaineann leis an gcógaslann phoiblí Lekarna Ljubljana i bhfianaise na rialacha a bhaineann le státchabhair in Airteagail 107 agus 108 CFAE (Cás SA.43546 (2016/FC) – an tSlóivéin) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Cinneadh C(2020) 1724 final ón gCoimisiún, an 24 Márta 2020, lena gcuirtear clabhsúr leis an inniúchadh ar bhearta a bhaineann leis an gcógaslann phoiblí Lekarna Ljubljana i bhfianaise na rialacha a bhaineann le státchabhair in Airteagail 107 agus 108 CFAE (Cás SA.43546 (2016/FC) – an tSlóivéin) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht Lekarna Ljubljana;

2.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc chomh maith le costais Petra Flašker;

3.

Ordaítear do Phoblacht na Slóivéine a costais féin a íoc.


(1)  IO C 297, 7.9.2020.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/46


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – KU v EEAS

(Cás T-425/20) (1)

(Státseirbhís - Baill foirne ar conradh - Ball foirne SEGS - Cipeadh síceolaíoch - Imscrúdú riaracháin - Airteagal 12a de na Rialacháin Foirne - Iarratas ar chúnamh - An t-iarratas a dhiúltiú - Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid measúnaithe - Tréimhse ama réasúnta - Dliteanas)

(2022/C 237/59)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: KU (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Marquardt, R. Spáč, G. Pasqualetti agus E. Orgován, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Caingean de bhun Airteagal 270 CFAE lena n-iarrtar ar an gCúirt, i dtosach, cinneadh SEGS an 17 Meán Fómhair 2019, lena ndiúltaítear d’iarratas an iarratasóra ar chúnamh, a chur ar neamhní agus, ina dhiaidh sin, cúiteamh de bharr na díobhála a bhain di, dar léi, mar thoradh ar chipeadh síceolaíoch.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do KU na costais a íoc.


(1)  IO C 297, 7.9.2020.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/47


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Correia v CESE

(Cás T-750/20) (1)

(Státseirbhís - Baill foirne CESE - Baill den fhoireann shealadach - Iarratas ar athmhúnlú gairmreime - Diúltú don iarratas - Caingean le haghaidh neamhniú - Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta - Teorann ama ar éileamh - Leas caingean a thabhairt - Inghlacthacht - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchais ghairmréime réasúnta - Easpa chirt gairmréim a athmhúnlú - Oibleagáid scrúdú comparáideach a dhéanamh ar na fiúntais - Dliteanas - Damáiste neamhábhartha)

(2022/C 237/60)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Paula Correia (Woluwe-Saint-Étienne, an Bheilg) (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ionadaithe: M. Pascua Mateo, K. Gambino, X. Chamodraka, A. Carvajal García-Valdecasas agus L. Camarena Januzec, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Maidir le:

Lena caingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt, i dtosach, cinneadh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an 8 Aibreán 2020, lena ndiúltaítear don iarratas a gairmréime a athmhúnlú, a chur ar neamhní agus, ina dhiaidh sin, a ordú do CESE luach saothair agus sochair airgeadais díorthaithe a íoc, i dteannta le hús ar íocaíochtaí déanacha, agus, i ndeireadh, cúiteamh a bhronnadh uirthi don damáiste neamhábhartha a bhain di, dar léi.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear cinneadh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Aibreán 2020, lena ndiúltaítear don iarratas gairmréime a athmhúnlú a rinne Paula Correia, ar neamhní

2.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3.

Ordaítear do CESE na costais a íoc.


(1)  IO C 53, 15.2.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/48


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – QA v an Coimisiún

(Cás T-68/21) (1)

(Dliteanas neamhchonarthach - Comhaontú maoiniúcháin a tugadh i gcrích faoi chuimsiú an Seachtú Creatchlár maidir le taighde, forbairt theicneolaíocht agus gníomhaíochtaí léiriúcháin (2007– 2013) - Tuarascáil iniúchóireachta - Foclaíocht - Sárú sách tromchúiseach ar riail dlithiúil lena dtugtar cearta do dhaoine aonair - Comhréireacht - Prionsabal an dea-riaracháin)

(2022/C 237/61)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: QA (ionadaí: C. Roth, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Perrin agus E. Stamate, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Lena caingean faoi Airteagal 268 CFAE, déanann an t-iarratasóir iarratas ar chúiteamh don damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain di, dar léi, mar gheall ar ráitis áirithe a rinneadh sa tuarascáil iniúchóireachta dheireanach den 8 Éanáir 2014 a ghlac an Coimisiún Eorpach i ndiaidh an iniúchta airgeadais a rinneadh maidir leis an bpáirt a ghlac A i dtionscadal B a maoiníodh faoi chuimsiú an Seachtú Creatchlár maidir le taighde, forbairt theicneolaíocht agus gníomhaíochtaí léiriúcháin (2007 –2013).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don iarratas.

2.

Ordaítear do QA na costais a íoc.


(1)  IO C 138, 19.4.2021


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/48


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 6 Aibreán 2022 – Dorit-DFT v EUIPO – Erwin Suter (DORIT)

(Cás T-208/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Clárú idirnáisiúnta lena sonraítear an tAontas Eorpach - Focalmharc DORIT - Ainmneacha cuideachtaí náisiúnta níos luaithe - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa úsáide a bhaint as comhartha le raon nach bhfuil áitiúil amháin i gcúrsaí trádála - Airteagail 8(4) agus 52(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [anois: Airteagail 8(4) agus 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001])

(2022/C 237/62)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Dorit-DFT Fleischereimaschinen GmbH (Ellwangen, an Ghearmáin) (ionadaí: E. Strauß, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Erwin Suter AG Maschinenfabrik Retus (Kölliken, an Eilvéis) (ionadaí: C. Brecht, Dlíodóir)

Ábhar

Caingean arna tionscnamh i gcoinne cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Feabhra 2021 (cás R 127/2020-5), maidir le himeachtaí cúlghairme idir Dorit-DFT Fleischereimaschinen agus Erwin Suter Maschinenfabrik Retus.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Dorit-DFT Fleischereimaschinen GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 228, 14.6.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/49


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Agora Invest v EUIPO – Transportes Maquinaria y Obras (TRAMOSA)

(Cás T-219/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TRAMOSA - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe TRAMO, SA TRANSPORTE MAQUINARIA Y OBRAS, S.A. - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001] - Fíorúsáid an mhairc níos luaithe - Fomhír (a) den dara mír d’Airteagal 15(1) agus Airteagail 42(2) agus 42(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 [anois fomhír (a) den dara mír d’Airteagal 18(1) agus Airteagail 47(2) agus 47(3) den Rialachán 2017/1001] - Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc)

(2022/C 237/63)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Agora Invest, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: A. Alejos Cutuli, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Transportes Maquinaria y Obras, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: N. Fernández Fernández-Pacheco, Dlíodóir)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc EUIPO an 16 Feabhra 2021 (Cás R 566/2020-5), maidir le himeachtaí freasúra idir Transportes Maquinaria y Obras agus Agora Invest.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Agora Invest, SA na costais a íoc.


(1)  IO C 228 14.6.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/50


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Moio v EUIPO – Paul Hartmann (moio.care)

(Cás T-276/21) (1)

(“Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh moio.care - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Molicare - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001”)

(2022/C 237/64)

Teanga an cháis: an Ghearmánais

Páirtithe

Iarratasóir: Moio GmbH (Fürth, an Ghearmáin) (ionadaí: E. Grande García, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: M. Eberl agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Paul Hartmann AG (Heidenheim, an Ghearmáin)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an ceathrú Bord Achomhairc EUIPO an 24 Márta 2021 (Cás R 1034/2020-4), maidir le himeachtaí freasúra idir Paul Hartmann agus Moio.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Moio GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 278 12.7.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/50


Ordú na Cúirte Ginearálta an 23 Márta 2022 – Advanced Organic Materials v EUIPO – Swiss Pharma International (ADVASTEROL)

(Cás T-6/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Aistarraingt freasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/65)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Advanced Organic Materials, SA (Buenos Aires, an Airgintín) (ionadaí: J. L. Rivas Zurdo, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: T. Frydendahl agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Swiss Pharma International AG (Zürich, an Eilvéis) (ionadaí: M. Kondrat, Dlíodóir).

Maidir le

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an ceathrú Bord Achomhairc EUIPO an 27 Deireadh Fómhair 2020 (Cás R 781/2020-4), maidir le himeachtaí freasúra idir Swiss Pharma International agus Advanced Organic Materials.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

2)

Ordaítear do Advanced Organic Materials, SA agus do Swiss Pharma International AG, a gcostais féin a íoc, agus do gach ceann acu leath na gcostas arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 62 22.2.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/51


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Retail Royalty v EUIPO – Fashion Energy (Léiriú iolair)

(Cás T-226/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Aistarraingt freasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/66)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Retail Royalty Co. (Las Vegas, Nevada, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz agus Y. Stone, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Fashion Energy Srl (Milano, an Iodáil)

Maidir le

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an cúigiú Bord Achomhairc EUIPO an 10 Feabhra 2021 (Cás R 2813/2019-5), maidir le himeachtaí cealaithe idir Fashion Energy agus Retail Royalty.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

2)

Ordaítear do Retail Royalty Co. a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 228 14.6.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/51


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Sunshine Smile v EUIPO (PlusDental+)

(Cás T-265/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid - Imtharraingt ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/67)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Sunshine Smile GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: D. Weller agus V. Wolf, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: M. Eberl agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc EUIPO an 18 Márta 2021 (Cás R 1834/2020-2), maidir le hiarratas ar chlarú i leith comhartha fíortha PlusDental+ mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

2)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) na costais a íoc.


(1)  IO C 263 5.7.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/52


Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Hewlett Packard Enterprise Development v EUIPO – Aruba (ARUBA)

(Cás T-343/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - Iarratas ar neamhbhailíocht a tharraingt siar - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/68)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hewlett Packard Enterprise Development LP (Houston, Texas, na Stáit-Aontaithe) (ionadaithe: P. Roncaglia agus N. Parrotta, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus J. F. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aruba SpA (Ponte San Pietro, an Iodáil) (ionadaí: N. Scardaccione, Dlíodóir)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Márta 2021 (Cás R 259/2020-5), maidir le himeachtaí maidir le neamhbhailíocht idir Aruba agus Hewlett Packard Enterprise Development.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá don chás dul ar aghaidh chun breithiúnais a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Hewlett Packard Enterprise Development LP agus Aruba SpA a gcostais féin a íoc chomh maith le leath de na costais a thabaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).


(1)  IO C 329, 16.8.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/53


Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Márta 2022 – Hewlett Packard Enterprise Development v EUIPO – Aruba (ARUBA NETWORKS)

(Cás T-345/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - Tarraingt siar na hiarrata cúlghairme - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/69)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hewlett Packard Enterprise Development LP (Houston, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: P. Roncaglia agus N. Parrotta, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus J. F. Crespo Carrillo, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Aruba SpA (Ponte San Pietro, an Iodáil) (ionadaí: N. Scardaccione, Dlíodóir)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an cúigiú Bord Achomhairc EUIPO an 29 Márta 2021 (Cás R 1473/2020-5), maidir le himeachtaí cúlghairme idir Aruba agus Hewlett Packard Enterprise Development.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Hewlett Packard Enterprise Development LP agus do Aruba SpA a gcostais féin a íoc chomh maith le leath na gcostas a thabhóidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).


(1)  IO C 329 an 16.8.2021.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/53


Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2022 – Gustopharma Consumer Health v EUIPO – Helixor Heilmittel (HELIXORIGINAL)

(Cás T-797/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Aistarraingt freasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/70)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Gustopharma Consumer Health, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Wachinger agus R. Drozdz, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: D. Gája, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Helixor Heilmittel GmbH (Rosenfeld, an Ghearmáin)

Maidir le

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chéad Bhoird Achomhairc de EUIPO an 18 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 1644/2019-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Helixor Heilmittel agus Gustopharma Consumer Health.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

2)

Ordaítear do Gustopharma Consumer Health, SL, a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 73 14.2.2022.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/54


Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2022 – Gustopharma Consumer Health v EUIPO – Helixor Heilmittel (HELIXFORTE)

(Cás T-798/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - An freasúra a tharraingt siar - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 237/71)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Gustopharma Consumer Health, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Wachinger et R. Drozdz, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Helixor Heilmittel GmbH (Rosenfeld, an Ghearmáin)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 19 Deireadh Fomhair 2021 (Cás R 1645/2019-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Helixor Heilmittel agus Gustopharma Consumer Health.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá don chás dul ar aghaidh chun breithiúnais a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Gustopharma Consumer Health, SL a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/54


Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2022 – XH v an Coimisiún

(Cás T-522/21)

(2022/C 237/72)

Teanga an cháis: an Béarla

Tionscnaíodh an cás seo roimh an 1 Eanáir 2022, dáta deiridh an mhaolaithe ar an nGaeilge.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/54


Caingean arna tabhairt an 30 Márta 2022 – T-Systems International v an Coimisiún

(Cás T-173/22)

(2022/C 237/73)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: T-Systems International GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: E. van Nuffel d’Heynsbroeck, D. Bogaert agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an conradh a dhámhachtain laistigh den nós imeachta tairisceana DIGIT/A3/PR/2019/010 chun seirbhísí a sholáthar i ndáil le Seirbhísí Tras-Eorpacha do Theileamaitice idir Riaracháin (TESTA), ar cuireadh na torthaí in iúl an 21 Eanáir 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don Chomisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 168(6) den Rialachán Airgeadais (1) agus neamhdhleathacht na dtairiscintí go léir arna gcur isteach laistigh den nós imeachta toisc go ndéanann na ceanglais a leagtar amach sna Sonraíochtaí Tairisceana ródheacair nó dodhéanta an tseirbhís a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin tairiscint rialta a chur isteach.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhodhnaigh an cosantóir na ceanglais shainordaitheacha a leagtar amach sna Sonraíochtaí Teicniúla de shárú ar choinníollacha bunriachtanacha an nós imeachta le linn measúnú a dhéanamh ar thairiscintí tairgeoirí eile.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil riosca ard ann go ndéanfaí modhnú substaintiúil ar an gconradh, toisc gur dhámh an Coimisiún an conradh ar théarmaí teicniúla nach bhféadfadh sé a bheith aineolach go mbeadh siad imithe as feidhm go tapa, mura raibh siad imithe i léig cheana tráth a thairisceana, de shárú ar Airteagal 170 den Rialachán Airgeadais.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ 2018 L 193, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/55


Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2022 – Mariani v an Pharlaimint

(Cás T-196/22)

(2022/C 237/74)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Thierry Mariani (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F.-P. Vos, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh D-301939 an 3 Márta 2022, ón nGrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin lena n-eisiatar an tUasal Thierry Mariani ó rannpháirtíocht ar bith i dtoscaireachtaí breathnóireachta toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go dtí deireadh a théarma oifige mar Fheisire Parlaiminte (2019-2024);

a ordú don chosantóir EUR 3000 a íoc leis an iarratasóir, ar bhonn Airteagal 87 et seq. de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cinntí a lua. De réir an iarratasóra, níl a dhóthain réasúnaithe leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, sa mhéid nach ndírítear go sonrach leis ar na téacsanna ar a bhfuil an pionós bunaithe.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear aineolas faoin nós imeachta pionóis dá bhforáiltear le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa. Sonraíonn an t-iarratasóir, i ndáil leis sin, go bhfuil an earráid nós imeachta soiléir anseo, sa mhéid nach gclúdaíonn aon fhoráil de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa an cás seo agus nár comhlíonadh an nós imeachta araíonachta is infheidhme maidir le Feisirí agus dá dtagraítear sa chód iompair d’Fheisirí na Parlaiminte.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear neamhaird ar phrionsabal na sáraíochta. Áitíonn an t-iarratasóir, ina leith sin, nach sáraíocht é an nós imeachta pionóis, sa mhéid nár urramaíodh ceart an iarratasóra chun éisteacht a fháil, toisc nach raibh sé in ann a thuairimí a chur i láthair, roimh phionóis a fhorchur.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (ECHR). De réir an iarratasóra, sáraíodh prionsabal an chomhionannais, sa mhéid nár cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid in iúl don iarratasóir ina mháthairtheanga agus nach luaitear na réitigh agus na teorainneacha ama le haghaidh achomhairc. Ina theannta sin, ghníomhaigh an t-údarás ionchúisimh mar údarás breithiúnais freisin, de bhrí gur ráthaíocht a thairgtear le hAirteagal 6 de ECHR é scaradh na bhfeidhmeanna sin.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Áitíonn an t-iarratasóir go mbeadh an cinneadh atá faoi chonspóid, de bharr a dhéine, ceangailte le hidirdhealú toisc go dtagann sé tar éis an chéad chinnidh i leith fionraí an 18 Meitheamh 2021, rud a dheimhníonn cóireáil mhíchothrom idir Feisirí Eorpacha cheana féin, de réir a gcleamhnachta polaitíochta.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an toirmisc ar aon sainordú ceangailteach. Bhainfeadh an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhspleáchas den Fheisire agus sháródh sé an toirmeasc ar aon sainordú ceangailteach ós rud é nach bhféadfaí an t-iarratasóir a chur ina leith go bailí gur thug Stát lasmuigh den Aontas Eorpach cuireadh dó, feidhmeanna breathnadóir neamhspleách vótaíochta toghcháin a fheidhmiú, cé nach mbeadh sé á éileamh riamh go ndéanfadh sé ionadaíocht, sa chomhthéacs seo, ar an institiúid Eorpach a bhfuil sé ina bhall di.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh críochnaitheach agus nach mbeidh sé faoi réir athbhreithniú. De réir an iarratasóra, ba chóir an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú, ar deireadh, ós rud é go bhfuil sé infheidhme láithreach agus nach bhforáiltear ann d’aon fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh roimh dheireadh théarma oifige an iarratasóra.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/56


Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2022 – an Pholainn v an Coimisiún

(Cás T-200/22)

(2022/C 237/75)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinntí an Choimisiúin Eorpaigh atá sna litreacha dar dátaí an 7 Feabhra 2022, an 8 Feabhra 2022, an 16 Márta 2022 agus an 31 Márta 2022, i ndáil leis na méideanna is infhaighte a fhritháireamh trí íocaíochtaí pionósacha laethúil a d’fhorchuir Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2021 (Poblacht na Seice v an Pholainn) maidir leis an tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2021 go dtí an 17 Eanáir 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta an Choimisiúin agus sárú ar Airteagail 101 agus 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 98 den Rialachán sin, mar thoradh ar an nós imeachta um méideanna is infhaighte a aisghabháil trí fhritháireamh, in ainneoin nach ann do na méideanna sin a thuilleadh. Áitíonn an t-iarratasóir nach raibh aon bhunús dlí ag an gCoimisiún na cinntí atá faoi chonspóid a ghlacadh ós rud é, mar thoradh ar an gcomhaontú maidir le réiteach a tugadh i gcrích idir rialtais na Polainne agus na Seice, de bharr go ndearna an dá pháirtí aon éileamh a tharscaoileadh agus gur baineadh Cás C-121/21 (2) ó chlár na Cúirte Breithiúnais, nach raibh éifeacht chúlghabhálach ag ordú an 20 Meán Fómhair 2021 a thuilleadh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296 CFAE, comh maith le hAirteagail 41(2)(c) agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, toisc gan ráiteas cúiseanna leordhóthanach a bheith sna cinntí atá faoi chonspóid. Áitíonn an t-iarratasóir, agus na cinntí atá faoi chonspóid á nglacadh, gur mhainnigh an Coimisiún ráiteas cúiseanna a chur ar fáil, mar a cheanglaítear leis an gConradh agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ag féachaint do bhunús dlí an nós imeachta um na méideanna is infhaighte a aisghabháil arna dhéanamh trí bhíthin na gcinntí sin.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Ordú an 4 Feabhra 2022, Poblacht na Seice v an Pholainn (mianach Turów), C-121/21, neamhfhoilsithe, EU:C:2022:82


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/57


Caingean arna tabhairt an 15 Aibreán 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún

(Cás T-203/22)

(2022/C 237/76)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 15 Feabhra 2022, Uimh. Thag. Ares (2022) 1097097, lenar diúltaíodh don iarratas ó Ríocht na hÍsiltíre athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an 6 Eanáir 2022 agus síneadh ceithre bliana a chur leis an tréimhse ocht mbliana chun suimeanna a íocadh go míchuí i gcás FresQ a aisghabháil, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go mbunaítear cinneadh an 15 Feabhra 2022 ar an bhfoshuíomh earráideach nach bhfuil críoch curtha go fóill leis an nós imeachta aisghabhála.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go gcuireann an Coimisiún an tríú fo-alt d’Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 1306/2013 i bhfeidhm go míchuí trína fhoshuíomh go bhfuil Ríocht na hÍsiltíre freagrach as an sárú ar an tréimhse ocht mbliana.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/58


Caingean arna tabhairt an 20 Aibreán 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

(Cás T-206/22)

(2022/C 237/77)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Sara Makhlouf (an Damaisc, an tSiria) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/242 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria agus Iarscríbhinn I de;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/237 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa tSiria agus Iarscríbhinn II;

A ordú don Chomhairle suim 10,000 euro a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

Faoi Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar d’aon pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc. Iarrann Sara Makhlouf go n-íocfaidh an Chomhairle a cuid costais féin chomh maith leo siúd a thabhaigh sí agus a gcoinníonn sí an ceart chun bonn cirt a thabhairt leo le linn na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta agus ar an gceart chun triail chóir a fháil. I ndáil leis sin, cáineann an t-iarratasóir an Chomhairle as a chearta cosanta a shárú, go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil roimh an gcinneadh maidir lena ainm a chur ar na liostaí atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe agus easpa fianaise. Áitíonn an t-iarratasóir nach mór líomhaintí na Comhairle a bhaineann le “baol bunúsach go n-úsáidfear na sócmhainní arna bhfáil le hoidhreacht chun tacú le gníomhaíochtaí réimeas na Siria agus go rachfaidh siad díreach isteach i seilbh an réimis, rud a d’fhéadfadh cur leis an gcur faoi chois le foréigean atá á dhéanamh ag an réimeas ar an bpobal sibhialtach” a dhiúltú go cinntitheach mar nach bhfuil aon bhunús leo, agus nach bhfuil aon bhunús fíorasach chun tacú leo.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta le linn an tsáraithe ar chearta bunúsacha. Dar leis an iarratasóir, is gá go mbeidh beart atá faoi chonspóid neamhbhailí toisc go bhfuil sé díréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú sna gníomhartha atá faoi chonspóid. Eascraíonn an díréir go háirithe as an bhfíoras go bhfuil sócmhainní uile an iarratasóra i gceist gan aon idirdhealú.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta maoine. Áitíonn an t-iarratasóir go sárófaí, leis na gníomhartha atá faoi chonspóid, ceart maoine an iarratasóra go neamh-inchosanta sa mhéid is go n-áirítear leo, gan idirdhealú, maoin ar féidir leis an iarratasóir a fháil le hoidhreacht ach maoin phearsanta freisin.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear cúiteamh as an damáiste a rinneadh.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/59


Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2022 – Mhana v an Chomhairle

(Cás T-207/22)

(2022/C 237/78)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Ghada Mhana (an Damaisc, an tSiria) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/242 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria agus Iarscríbhinn I de;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/237 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa tSiria agus Iarscríbhinn II de;

A ordú don Chomhairle suim 10,000 euro a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

Faoi Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar d’aon pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc. Iarrann Ghada Mhana go n-íocfaidh an Chomhairle a cuid costais féin chomh maith leo siúd a thabhaigh sí agus a gcoinníonn sí an ceart chun bonn cirt a thabhairt leo le linn na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shainchesit dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-206/22, Makhlouf v an Chomhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/59


Caingean arna tabhairt an 19 avril 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

(Cás T-208/22)

(2022/C 237/79)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Kinda Makhlouf (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/242 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria agus Iarscríbhinn I de;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/237 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa tSiria agus Iarscríbhinn II de;

A ordú don Chomhairle suim 50,000 euro a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

Faoi Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar d’aon pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc. Iarrann Kinda Makhlouf go n-íocfaidh an Chomhairle a cuid costais féin chomh maith leo siúd a thabhaigh sí agus a gcoinníonn sí an ceart chun bonn cirt a thabhairt leo le linn na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí,

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shainchesit dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-206/22, Makhlouf v an Chomhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/60


Caingean arna tabhairt an 19 avril 2022 – Makhlouf v an Chomhairle

(Cás T-209/22)

(2022/C 237/80)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Shahla Makhlouf (Fairfax, Virginia, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/242 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria agus Iarscríbhinn I de;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/237 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa tSiria agus Iarscríbhinn II de;

A ordú don Chomhairle suim 30,000 euro a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

Faoi Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar d’aon pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc. Iarrann Shahla Makhlouf go n-íocfaidh an Chomhairle a cuid costais féin chomh maith leo siúd a thabhaigh sí agus a gcoinníonn sí an ceart chun bonn cirt a thabhairt leo le linn na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shainchesit dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-206/22, Makhlouf v an Chomhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/60


Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – Prigozhina v an Chomhairle

(Cás T-212/22)

(2022/C 237/81)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Violetta Prigozhina (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

inghlacthacht chaingean Violetta Prigozhina a dhearbhú agus;

Chomh fada agus a bhaineann leis an iarratasóir,

Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES (1) a neamhniú;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 (2) a neamhniú;

a bhreith agus a dhearbhú, in aon chás, nach mór ainm Violetta Prigozhina a bhaint gan mhoill de na hachtanna a chonspóidtear;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 87 agus Airteagal 91 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua. Áitíonn an t-iarratasóir nár chomhlíon an Chomhairle an oibleagáid cúiseanna a lua leis na hachtanna a chonspóidtear trí aon ghné shonrach den réasúnú a sholáthar chun ainm an iarratasóra a lua i gcorp na gcinntí a chonspóidtear, ná an réasúnaíocht a thuiscint a rialódh an méid sin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go raibh easpa dlíthiúlachta substaintiúla. Maíonn an t-iarratasóir go gcuirtear isteach ar an réasúnaíocht ag earráidí fíorasacha a fhágann go bhfuil bonn leordhóthanach á baint di agus go bhfuil earráid follasach measúnaithe inti. Séanann an t-iarratasóir go bhfuil sé nasctha le Concord Management and Consulting Llc faoi láthair. Díospóideann an t-iarratasóir chomh maith go bhféadfadh a mac a bheith nasctha le Grúpa Wagner, agus, ar aon nós, nach féidir a thuiscint go bailí ó na naisc lena mac go bhféadfadh sí a bheith rannpháirteach in aon ionsaí ar shláine críche na hÚcráine.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear bunaithe ar mhí-úsáid cumhachta a bheith ann. De réir an iarratasóra, ba é an fíoraidhm a saothraíodh trína clárúchán ná chun dul i bhfeidhm go hindíreach ar a mac Yevgeniy Prigozhin.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha. Áitíonn an t-iarratasóir go gcuireann neamhchruinneas na gcúiseanna lena chlárú cosc air iad a phlé go húsáideach.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear de sárú ar chearta bunúsacha. Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil na bearta sriantacha a chuirtear i bhfeidhm uirthi díréireach sa mhéid is nach mbaineann siad amach an cuspóir atá á shaothrú ag an gComhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42 I, lch. 98).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear Rialachán (AE) 269/2014 chun feidhme (IO 2022 L 42 I, lch. 3).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/61


Caingean arna tabhairt an 20 Aibreán 2022 – Lifestyle Equities v EUIPO – Greenwich Polo Club (GREENWICH POLO CLUB)

(Cás T-217/22)

(2022/C 237/82)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Lifestyle Equities CV (Amstelveen, an Ísiltír) (ionadaí: S. Terpstra, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Greenwich Polo Club, Inc. (Greenwich, Connecticut, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “GREENWICH POLO CLUB” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 919 256

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Feabhra 2022 i gCás R 1063/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/62


Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2022 – Roxtec v EUIPO – Wallmax (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha)

(Cás T-218/22)

(2022/C 237/83)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Roxtec AB (Karlskrona, an tSualainn) (ionadaithe: J. Olsson agus J. Adamsson, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Wallmax Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir atá os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 376 023

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2022 i gCás R 1093/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais don dara Bord Achomhairc de EUIPO le haghaidh athbhreithniú; nó

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú tríd an abairt dheireanach i mír 31 a bhaint den chinneadh; agus

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/63


Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Wallmax v EUIPO – Roxtec (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha)

(Cás T-219/22)

(2022/C 237/84)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Wallmax Srl (Milan, an Iodáil) (ionadaithe: F. Ferrari, L. Goglia agus G. Rapaccini, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Roxtec AB (Karlskrona, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir atá os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dhubha chomhlárnacha) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 376 023

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2022 i gCás R 1093/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach, sa chuid ina measann an dara Bord Achomhairc nach bhfuil an trádmharc atá faoi chonspóid neamhbhailí de bhun Airteagal 7(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearraí seo a leanas: Aicme 6 – Séalaí treá cábla agus píopa, déanta as miotal; frámaí séalaithe déanta as miotail; Aicme 17 – Frámaí séalaithe, déanta as plaisteach nó rubair; Aicme 19 – Píopaí dochta neamh-mhiotalacha le haghaidh tógála; frámaí séalaithe neamh-mhiotalacha;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach, sa chuid inar neamhnigh an dara Bord Achomhairc cinneadh an Rannáin Cealúcháin maidir leis an gcinneadh ar chostais;

mar thoradh ar an méid thuas, seasamh le cinneadh an Rannáin Cealúcháin de EUIPO a rinneadh an 23 Aibreán 2021;

Ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/63


Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – CiviBank v BCE

(Cás T-220/22)

(2022/C 237/85)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Banca di Cividale SpA – Società Benefit (CiviBank) (Cividale del Friuli, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola, A. Cassano agus A. Cogoni, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 23 Márta 2022 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) (ECB-SSM-2022-IT-7 (QLF-2021-0155)) (atá in aon bheart amháin nó i roinnt beart) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263(4) CFAE lenar eisigh BCE an t-údarú chuig Banca Sparkasse agus chuig an Fondazione Sparkasse: (i) sealúchas cáilitheach de níos mó ná 10 % de chaipiteal agus cearta vótála CiviBank a fháil agus a choimeád (ii) ar dhul thar an tairseach thuasluaite agus ar leas rialála a fháil go díreach in CiviBank, tar éis agus mar éifeacht de na dtairiscintí táthcheangail phoiblí deonach agus iomlán arna bhfógairt don mhargadh an 9 Nollaig 2021 de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (1) ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, Airteagail 19, 22, 53 agus 67 den Acht Baincéireachta an Iodáil agus na forálacha cur chun feidhme lena mbaineann;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear cur i bhfeidhm earráideach d’Airteagal 23 de Threoir 2013/36, chomh maith le sárú ar Airteagal 86 de Rialachán 468/2014, Airteagal 49 CFAE, agus prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú, sa mheasúnú maidir le hoiriúnacht an fhaighteora.

2.

An dara saincheist dlí. lena n-eilítear mainneachtain cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, as a dtagann sárú ar Airteagal 296 CFAE, ar na cearta cosanta a ráthaítear le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus ar na prionsabail ghinearálta chomhfhreagracha dlí a thig as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287 lch. 63).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/64


Caingean arna tabhairt an 25 Aibreán 2022 – Pharmaselect International v EUIPO – OmniActive Health Technologies (LUTAMAX)

(Cás T-221/22)

(2022/C 237/86)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pharmaselect International Beteiligungs GmbH (Vín, an Ostair) (ionadaithe: S. Jackermeier agus D. Wiedemann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: OmniActive Health Technologies Ltd (Mumbai, an India)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LUTAMAX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 472 974

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 24 Feabhra 2022 i gCásanna Uamtha R 524/2021-1 agus R 649/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go leanfadh focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LUTAMAX de bheith cláraithe do na táirgí seo a leanas:

Aicme 5: Cógais lena n-úsáid ag an duine agus ag ainmhithe; Substaintí diaitéiteacha arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine, Forlíontaí cothaithe arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine nó diaitéití; Ullmhóidí vitimíní arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine nó diaitéití; Ullmhóidí cúraim súl (chun críche cógaisíochta); gan aon cheann de na táirgí réamhráite chun críche tréidliachta;

Aicme 29: Táirgí bia diaitéiteacha agus forlíontaí bia, nár cuireadh in oiriúint chun críche úsáide míochaine (arna n-áirithiú in aicme 29); Olaí agus saillte inite;

Aicme 30: Táirgí bia diaitéiteacha agus forlíontaí bia, nár cuireadh in oiriúint chun críche úsáide míochaine (arna n-áirithiú in aicme 30);

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/65


Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Engineering – Ingegneria Informatica v an Coimisiún agus REA

(Cás T-222/22)

(2022/C 237/87)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Engineering – Ingegneria Informatica SpA (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: S. Villata, L. Montevecchi agus C. Oncia, Dlíodóirí)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil (a) “Letter of Conclusion – tag. Ares (2021) 7900224 -” an 21 Nollaig 2021, ón gCoimisiún Eorpach (Directorate-General for Research & Innovation, Directorate H – Common Implementation Centre H.2 – Common Audit Service) – tag. CAIA389007; (b) Final Audit Report a ghabhann leis an Letter of Conclusion Ares (2021) 7900224; (c) “Confirmation Letter ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA) REA C – Future Society C.2 – Secure Society an 23 Feabhra 2022” (Litir dheimhnithe); (d) Nóta Dochair ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA) Uimh. 3242202693 an 23 Feabhra 2022 (nóta Dochair) ar neamhní go hiomlán, neamhdhleathach nó neamhéifeachtach nó iad a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil na costais eisiata ina “Eligible Costs” [costais incháilithe] i gcomhréir leis an Comhaontú Deontais “Dogana” agus an ceart ina dhiaidh sin ag Engineering na costais a mheas chun críche méid iomlán an deontais atá beartaithe sa chomhaontú thuasluaite a chinneadh agus in aon chás nach bhfuil ceart ag an gCoimisiún na méideanna sin a ghnóthú;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur chuir an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thaighde forálacha an Chomhaontaithe Deontais idir an t-iarratasóir agus an ghníomhaireacht sin i bhfeidhm go hearráideach.

Áitíonn an t-iarratasóir ina leith sin go bhfuil an litir dheimhnithe agus an nóta dochair bunaithe ar thoradh iniúchta a rinne an Coimisiún Eorpach a d’eisiaigh go neamhdhleathach, ó na costais incháilithe faoin gComhaontú Deontais a raibh an t-iarratasóir ina pháirtí ann, chun tairbhe a bhaint as na deontais dá bhforáiltear ann, bónais a bhronntar ar fhostaithe ar bhonn cuspóirí ginearálta.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar ionchais dhlisteanacha an iarratasóra.

Áitítear ina leith sin i gcomhthéacs scéimeanna deontais roimhe seo a raibh an t-iarratasóir ina chuid díobh (go háirithe, den “7th Framework Programme”), ligeadh isteach gan forchoimeádas don scéim luach saothair a bhí eisiata leis na bearta atá faoi chonspóidtear, cé go raibh sí faoi réir scrúdú ag an gCoimisiún Eorpach.

Leis an athrú gan údar cuí a bheith ag bhreithiúnas an Údaráis maidir le hinghlacthacht bónais ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, sáraíodh prionsabal ionchais dhlisteanacha arna dhearbhú arís agus arís eile ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear léirmhíniú earráideach an Chomhaontaithe Deontais “Dogana” agus na forála conarthaí gaolmhaire, toisc go bhfuil costais incháilithe eisiata ar bhonn shonraí téacsúla an chonartha féin, ar na cúiseanna a leagtar amach i ndáil leis an gcéad saincheist.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/66


Caingean arna tabhairt an 27 Aibreán 2022 – Casablanca Clothing v EUIPO – Adrien (CASABLANCA TENNIS CLUB)

(Cás T-228/22)

(2022/C 237/88)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Casablanca Clothing Ltd (Londain, An Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: A. Cléry agus C. Devernay, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Adrien SARL (Marseille, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc “CASABLANCA TENNIS CLUB” – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 471 645

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Feabhra 2022 i gCás R 1186/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an chuid Eorpach den trádmharc idirnáisiúnta “CASABLANCA TENNIS CLUB” Uimh. 1 471 645 a chlárú;

a ordú do EUIPO na costais, lena n-áirítear na costais os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/67


Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (doglover)

(Cás T-231/22)

(2022/C 237/89)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, an Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “doglover” – Iarratas Uimh. 18 107 487

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2022 i gCás R 720/2020-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/67


Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover)

(Cás T-232/22)

(2022/C 237/90)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, an Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “catlover” – Iarratas Uimh. 18 107 485

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Feabhra 2022 i gCás R 717/2020-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/68


Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Islentyeva v an Chomhairle

(Cás T-233/22)

(2022/C 237/91)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Ekaterina Islentyeva (Strassen, Lucsamburg) (ionadaí: F. Moyse, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

inghlacthacht na caingne le haghaidh neamhniú seo a tionscnaíodh ar bhonn Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a dhearbhú;

maidir leis an tsubstaint, Cinneadh (CBES) 2022/335 (IO L. 57) an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229an 31 Iúil 2014, lch. 13) agus, ar an taobh eile, Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle [IO L 57/1] an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, forálacha ábhartha na ngníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

dá bhrí sin, ceart Ekaterina Islentyeva chun a ceadúnas píolóta príobháideach a úsáid agus éirí de thalamh, eitilt anonn agus tuirlingt i gcríoch an Aontais Eorpaigh a aithint;

in aon chás, a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE agus in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áitíonn an t-iarratasóir i ndáil leis sin, sa chás seo, nach léiríonn na gníomhartha atá faoi chonspóid go soiléir agus go haonfhoirmeach réasúnaíocht na hinstitiúide, údar an ghnímh, rud nach gceadaíonn dó fírinnithe an bhirt a glacadh agus a chuireann cosc ar an gcúirt inniúil as a ceart chun athbhreithniú a dhéanamh a fheidhmiú.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil na bearta sriantacha a chuireann cosc ar aon saoránach Eorpach ar náisiúnach de chuid na Rúise é a cheadúnas píolóta eitleán príobháideach a úsáid díréireach agus nach bhfuil aon ghá leo i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 2, 3 agus 21 CAE. Measann an t-iarratasóir nach bhfuil na bearta sriantacha arna nglacadh ag luí le luachanna an smachta reachta agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 20 agus 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha agus ar Airteagal 18 CFAE. Measann an t-iarratasóir, a bhfuil dénáisiúntacht Rúiseach agus Lucsamburgach aici, go bhfuil sí ina hábhar idirdhealaithe sa mhéid go gcaitear go héagsúil léi, ar thaobh amháin, ó shaoránaigh Eorpacha eile a leanann de leas a bhaint as an gceart chun a gceadúnas píolóta a úsáid agus, ar an taobh eile, caitear léi mar an gcéanna le gach saoránach de chuid na Rúise in ainneoin go bhfuil sí i gcúinsí eile.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha. Áitíonn an t-iarratasóir go gcuireann na bearta sriantacha a bhfuil sí faoina réir cosc uirthi leas a bhaint as saorghluaiseacht daoine sa mhéid go gcuirtear cosc uirthi eitilt thar chríoch na Fraince, na Gearmáine nó fiú na Beilge.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/69


Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Ismailova v an Chomhairle

(Cás T-234/22)

(2022/C 237/92)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gulbakhor Ismailova (Tachkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go príomha, iad seo a leanas a chur ar neamhní:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (1), maidir le Ismailova, Uasal;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (2), maidir le Ismailova, Uasal;

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle, an 25 Feabhra 2022 (3);

Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (4).

sa mhalairt air sin, iad seo a leanas a chur ar neamhní:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, maidir le Ismailova, Uasal;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, maidir le Ismailova, Uasal;

Airteagal 1(2)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle, an 25 Feabhra 2022;

Airteagal 1(f) agus (g) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle, an 25 Feabhra 2022.

in aon chás, a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh suim 20,000 euro a íoc le Ismailova, Uasal, de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta i ndáil leis na costais a bhí le tabhú aici chun a leasanna a chosaint.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta agus an ceart chun cosanta éifeachtaí bhreithiúnaí.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathach na gcritéar nua arna sainiú ag an gComhairle agus a léirítear le Cinneadh Uimh. 2022/329/CBES ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 agus i Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil liostú an iarratasóra neamhdhleathach sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar chritéir neamhdhleathacha.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil liostú an iarratasóra neamhdhleathach in éagmais léiriú ar chritéar bunúsach thacaíocht an iarratasóra don chogadh reatha san Úcráin.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil liostú an iarratasóra neamhdhleathach a mhéid nach gcomhlíonann an Chomhairle oibleagáid na Comhairle cúiseanna a lua agus an dualgas cruthúnais.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil liostú an iarratasóra neamhdhleathach in éagmais dhea-bhunús na gcúiseanna a chuir an Chomhairle ar aghaidh.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun maoine.

8.

An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar shaoirse an iarratasóra gnó a sheoladh agus saoirse chun teacht agus imeacht.


(1)  Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022 L 110, lch. 55).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022 L 110, lch. 3).

(3)  Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022 L 50, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022 L 51, lch. 1).


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/70


Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Russian Direct Investment Fund v an Chomhairle

(Cás T-235/22)

(2022/C 237/93)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Russian Direct Investment Fund (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: K. Scordis agus A. Gavrielides, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh (CFSP) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CFSP ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1) (an Cinneadh atá faoi Chonspóid); agus Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (2) (an Rialachán atá faoi Chonspóid; dá ngairtear “na Gníomhartha atá faoi Chonspóid” le chéile), sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir;

mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú go bhfuil míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 4b de Chinneadh 2014/512/CFSP ón gComhairle (arna leasú) agus míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 2e de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (arna leasú) neamh-infheidhmithe agus/nó ar neamhní, sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir mar gheall ar neamhdhleathacht, agus an Cinneadh atá faoi Chonspóid agus an Rialachán atá faoi Chonspóid a chur ar neamhní, sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuiltear in éagmais “bonn fíorasach sách láidir” chun na bearta sriantacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir a fhorchur.

Theip go follasach ar an gComhairle a hoibleagáid a chomhlíonadh a áirithiú gur glacadh an cinneadh na bearta sriantacha a fhorchur ar an iarratasóir nó go ndearnadh rannpháirtíocht nó comhoibriú leis an Iarratasóir “ar bhonn fíorasach sách láidir”.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart bunúsach an iarratasóra chun na cosanta agus chun cosanta breithiúna éifeachtaí.

Trí na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Chomhairle cearta cosanta agus ceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí sa mhéid gur amhlaidh an méid seo a leanas:

glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid gan fógra a thabhairt don iarratasóir, ní sular glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid ná faoi cheann teorainn ama réasúnta ina dhiaidh sin;

níor cuireadh fiú achoimre ar na cúiseanna ar glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid (sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis) ar fáil don iarratasóir riamh;

Níor nocht an cosantóir an fhianaise ar a rabhthas ag brath chun bonn a chur lena cinneadh glacadh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid riamh agus níor thug sí an deis riamh don iarratasóir barúlacha a dhéanamh ná a chuid ceart a chosaint.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú i bhfoirm srian díréireach ar cheart bunúsach an iarratasóra chun gnó a sheoladh.

Trí na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Chomhairle ceart bunúsach an iarratasóra chun gnó a sheoladh sa mhéid gur amhlaidh an méid seo a leanas:

cuirtear srian suntasach ar shaoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid;

déantar dochar d’éirim an chirt bhunúsaigh a chumhdaítear in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid;

mar gheall ar mhainneachtain na Comhairle a cuid oibleagáidí dlí a chomhlíonadh (lena n-áirítear a hoibleagáid cúiseanna a lua agus an fhianaise ar a bunaíodh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a nochtadh) cruthaítear go bhfuil sé dodhéanta don Chúirt a mheas agus a chinneadh an bhfuil na bearta sriantacha ábhartha (a) riachtanach agus an mbaintear na cuspóirí leasa ghinearálta dá saothraítear amach leo; agus (b) i gcomhréir leis an gcuspóir dá saothraítear;

ar chaoi ar bith, níl na bearta sriantacha dá dtagraítear riachtanach agus ní bhaintear amach an cuspóir dá saothraítear mar nach gcuireann gníomhaíochtaí an iarratasóra agus na tionscadail arna gcómhaoiniú ag an iarratasóir leis an “bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin” ná ní mhaoinítear, ní chumasaítear ná ní thacaítear le gníomhartha de chuid fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin leo.


(1)  IO 2022 L 63, lch. 5.

(2)  IO 2022 L 63, lch. 1.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/71


Caingean arna tabhairt an 28 Aibreán 2022 – Intel Corporation v an Coimisiún

(Cás T-236/22)

(2022/C 237/94)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Intel Corporation Inc. (Wilmington, Delaware, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: D. Beard, J. Williams, Barristers-at-law agus B. Meyring, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a.

a ordú don Choimisiún cúiteamh EUR 593 177 661,75 a íoc, suim a fhreagraíonn do: ús mainneachtana ar phríomhshuim EUR 1 060 000 000 de réir ráta athmhaoiniúcháin BCE ar an gcéad lá féilire den mhí inar glacadh Cinneadh C(2009) 3726 final an 13 Bealtaine 2009 (“an Cinneadh”), (is é sin 1,25 %) le méadú 3,5 pointe céatadáin (nó dá uireasa sin de réir ráta úis a mheasann an Chúirt a bheith iomchuí), don tréimhse ón 13 Lúnasa 2009 (dáta íocaíochta sealadach na fíneála ag Intel) go dtí an 25 Feabhra 2022 (an dáta a dhéanfar príomhshuim na fíneála a aisíoc ag an gCoimisiún), lúide EUR 38 059 598,52, an méid úis atá íoctha cheana féin ag an gCoimisiún le Intel;

b.

a ordú don Choimisiún ús a íoc ar an méid a iarrtar i mír (a) thuas don tréimhse ón 25 Feabhra 2022 (an dáta a dhéanfar príomhshuim na fíneála a aisíoc ag an gCoimisiún), nó mar mhalairt air sin ón 28 Aibreán 2022 (data na caingne seo) nó, mar mhalairt eile, ó dháta an bhreithiúnais sa chaingean seo, go dtí an dáta a íocann an Coimisiún iarbhír an méid de bhun breithiúnas a sheasann leis an gcaingean reatha, de réir an ráta úis a cuireadh i bhfeidhm ag BCE chuig oibríochtaí athmhaoiniúcháin le méadú 3,5 pointe céatadáin nó, dá uireasa sin, de réir ráta úis a mheasann an Chúirt a bheith iomchuí;

c.

ina theannta nó mar mhalairt air sin:

i.

aon chinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltaítear d’aisíoc úis mainneachtana a neamhniú, lena n-áirítear aon chinneadh a leagtar amach i ríomhphost ón gCoimisiún dar dáta an 1 Márta 2022, agus a ordú don Choimisiún ús mainneachtana a aisíoc sna méideanna céanna a iarrtar i míreanna (a) agus (b) thuas; nó

ii.

mar mhalairt air sin, a dhearbhú gur ghníomhaigh an Coimisiún go neamhdhleathach de bharr gur theip air ús mainneachtana a íoc chuig Intel ar phríomhshuim na fíneála a aisíocadh tar éis neamhniú Chinneadh C(2009) 3726 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 i gCás COMP/C-3/37.990 Intel, agus a ordú don Choimisiún ús mainneachtana a aisíoc sna méideanna céanna a iarrtar i míreanna (a) agus (b) thuas.

d.

in aon chás, a ordú don Choimisiún costais agus caiteachais Intel a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

Ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 340(2) CFAE agus Airteagal 41(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha, lorgaíonn an t-iarratasóir go n-íocfar cúiteamh agus ús iarmhartach as an damáiste a rinneadh de bharr gur dhiúltaigh an Coimisiún Eorpach ús mainneachtana a íoc chuig Intel ar phríomhshuim na fíneála a aisíocadh tar éis an neamhnithe, le breithiúnas T-286/09 RENV, ECLI:EU:T:2022:19, d’Airteagal 2 de Chinneadh C(2009) 3726 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 i gCás COMP/C-3/37.990 Intel. Maidir leis sin, braitheann an t-iarratasóir ar an gceanglas na bearta is gá a ghlacadh chun neamhniú fíneála de bhun Airteagal 266 CFAE a chomhlíonadh, lena n-áirítear ús mainneachtana a íoc.

2.

Ar an dara dul síos, ina theannta nó mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí aon chinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltaítear d’aisíoc úis mainneachtana, de réir an ráta dá dtagraítear thuas, a neamhniú ar an mbonn go bhfuil sé contrártha d’Airteagal 266 CFAE.

3.

Ar an tríú dul síos, de bhun Airteagal 265 CFAE mar mhalairt eile, a mhéid nach bhfuil seasamh deiridh glactha ag an gCoimisiún (in ainneoin iarrataí ón iarratasóir), lorgaíonn an t-iarratasóir dearbhú gur ghníomhaigh an Coimisiún go neamhdhleathach de bharr gur theip air an t-ús mainneachtana sin a íoc chuig Intel de bhun Airteagal 266 CFAE, agus a ordú go n-íocfadh an Coimisiún Eorpach an t-ús mainneachtana sin ag an ráta dá dtagraítear thuas.

4.

Mar mhalairt air sin, go dian, cuireann an t-iarratasóir ina leith go mbeadh de thoradh ar aon léirmhíniú contrártha ar Rialachá(i)n 2002, 2012 agus/nó 2018 lena n-eisiatar íocaíocht úis mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta, go mbeadh na forálacha ábhartha ag sárú dhlí príomha an Aontais. Sna himthosca sin, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist mhalartach maidir le neamhdhleathacht faoi Airteagail 266 agus 277 CFAE ar bhonn malartach teagmhasach.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/73


Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Cherusci v EUIPO – LexDellmeier (RIALTO)

(Cás T-239/22)

(2022/C 237/95)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Cherusci Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Donath, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: LexDellmeier Intellectual Property Law Firm (München, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “RIALTO” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 706 546

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2022 i gCás R 695/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/73


Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2022 – OmniActive Health Technologies v EUIPO – Pharmaselect International (LUTAMAX)

(Cás T-242/22)

(2022/C 237/96)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: OmniActive Health Technologies Ltd (Mumbai, an India) (ionadaithe: M. Hawkins, Solicitor, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pharmaselect International Beteiligungs GmbH (Vín, an Ostair)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LUTAMAX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 472 974

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 24 Feabhra 2022 i gCásanna Uamtha R 524/2021-1 agus R 649/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i bpáirt, sa mhéid is go n-ordaítear leis go leanfadh Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh 3472974 “LUTAMAX” de bheith ar an gclár le haghaidh “Forlíontaí cothaithe arna gcur in oiriúint chun críche úsáide míochaine nó diaitéití chun tacú le sláinte súl, gan aon cheann de na táirgí réamhráite chun críche tréidliachta”;

a ordú don chosantóir agus/nó don pháirtí os comhair an Bhoird Achomhairc (ag glacadh leis go ndéanfaidh sé idirghabháil sna himeachtaí) costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/74


Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2022 – PGTEX Morocco v an Coimisiún

(Cás T-245/22)

(2022/C 237/97)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PGTEX Morocco (Tanger, Maracó) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus T. Martin-Brieu, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Inghlacthacht na caingne a dhearbhú;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/301 an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (“GFF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (1) (an “Rialachán a chonspóidtear”), a mhéid atá feidhm aige maidir leis an iarratasóir, a neamhniú; agus

A ordú don chosantóir na costais arna thabhú ag an iarratasóir maidir leis na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur fheidhmigh an cosantóir de shárú ar an gComhaontú Comhlachais agus Airteagal 22 den bhun-Rialachán agus cuirtear cosc ar an Rialachán atá á chonspóid trí mhí-úsáid cumhachtaí ós rud é go bhforchuireann sé bearta frithdhumpála i gcoinne GFF de thionscnamh fabhrach Mharacó arna onnmhairiú ag an iarratasóir gan a chinneadh go ndearnadh “dumpáil” ar allmhairí i gcomhréir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta ar Tharaifí agus Trádáil (“CGTT”) agus gan bearta den sórt sin a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“ADA”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gcosantóir cúiseanna a lua, gur sháraigh sé cearta cosanta an iarratasóra, gur sháraigh sé an ceart chun dea-riarachán, go ndearna sé earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh an cosantóir de shárú ar Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán trí fhíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcoinne an iarratasóra.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar an gceart chun dea-riarachán agus de shárú ar Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán trína chur san áireamh nach raibh aon chúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch le bunú an iarratasóra; agus

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar an gceart chun dea-riarachán, ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne agus ar Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán trína bheith ag brath ar an gcinneadh gur “oibríocht tionóil” é an próiseas monaraíochta a dhéantar i Maracó.


(1)  IO 2022 L 46, lch. 31.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/75


Caingean arna tabhairt an 4 Bealtaine 2022 – PGTEX Morocco v an Coimisiún

(Cás T-246/22)

(2022/C 237/98)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PGTEX Morocco (Tanger, Maracó) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus T. Martin-Brieu, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Inghlacthacht na caingne a dhearbhú;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/301 an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (“GFF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (1) (an “Rialachán a chonspóidtear”), a mhéid atá feidhm aige maidir leis an iarratasóir, a neamhniú; agus

A ordú don chosantóir na costais arna thabhú ag an iarratasóir maidir leis na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur fheidhmigh an cosantóir de shárú ar Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (“Comhaontú Comhlachais”), gur fheidhmigh an cosantóir de shárú ar Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/1037 (“bun-Rialachán”) agus go ndearna an cosantóir mí-úsáid cumhachtaí trí dhleachtanna frithchúitimh a fhorchur, gan breithniú a dhéanamh ar thionscnamh fabhrach Mharacó GFF arna onnmhairiú ag an iarratasóir.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gcosantóir cúiseanna a lua, gur sháraigh sé cearta cosanta an iarratasóra, gur sháraigh sé an ceart chun dea-riarachán, go ndearna sé earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh an cosantóir de shárú ar Airteagal 28(1) agus (3) den bhun-Rialachán trí fhíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcoinne an iarratasóra.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar an gceart chun dea-riarachán agus de shárú ar Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán trína chur san áireamh nach raibh aon chúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch le bunú an iarratasóra.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar an gceart chun dea-riarachán, ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne agus ar Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán bheith ag brath ar an gcinneadh gur “oibríocht chóimeála” é an próiseas monaraíochta a dhéantar i Maracó; agus

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais trína chur san áireamh go bhfuil GFF an iarratasóra fós ag baint leasa as fóirdheontais a deonaíodh do tháirgeoirí GFF na Síne.


(1)  IO 2022 L 46, lch. 31.


20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/76


Caingean arna tabhairt an 9 Bealtaine 2022 – Groschopp v EUIPO (Sustainability through Quality)

(Cás T-253/22)

(2022/C 237/99)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Groschopp AG Drives & More (Viersen, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Schiffer, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Sustainability through Quality” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 158 368

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Márta 2022 i gCás R 1076/2020-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.