Pinsin fhorlíontacha - do chearta a coinneáil nuair a bhogann tú thar lear

Ráthaítear san reachtaíocht nach gcaillfidh daoine a bhogann chuig tír eile den AE chun dul i mbun oibre na sochair atá faighte acu sa chuideachta ina bhfuil siad faoi láthair nó ina scéim pinsin ceirde.

ACHT

Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le riachtanais íosta chun soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a chur chun cinn trí feabhas a chur ar fháil agus ar chaomhnú cearta pinsin fhorlíontaigh.

ACHOIMRE

Soláthraíonn Ballstáit AE pinsin stáit dá gcuid saoránach nuair a théann siad ar scor. Ó thosach an AE tugtar urraim do na cearta bunúsacha seo nuair a fhágann duine tír chun tabhairt faoi obair agus cur faoi i dtír eile.

Ní raibh an tsoiléireacht chéanna ag an líon méadaitheach daoine a bhfuil scéim pinsin bhreise ag gabháil lena bhfostaíocht agus a chinneann níos déanaí dul i mbun oibre thar lear. Bhí seans go gcaillfeadh a lán díobh cuid dá bpinsin dá bhfágfaidís an post roimh dóibh na coinníollacha ar nós tréimhsí fada cáilithe, a chomhlíonadh. Mar thoradh orthu sin ghearrfaí pionós orthu, é sin, nó ní bheadh fonn orthu bogadh in aon chor.

Leis an reachtaíocht cinntítear nach gcaillfidh aon duine a bhfuil cearta pinsin fhorlíontaigh aige/aici airgead má bhogann sé/sí thar lear chun cur faoi/fúithi nó chun obair i mBallstát eile den AE.

Cearta a chosaint

Sa treoir leagtar an méid seo síos:

Faisnéis

Féadann oibrithe atá i scéim pinsin an cheist a chur ar riarthóirí na scéime cén tionchar a imreodh éirí as fostaíocht nó bogadh go háit eile ar a gcuid cearta chuig pinsean forlíontach agus faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an tslí ina ndéileálfar leis na cearta sin amach anseo.

Ní mór daoine a bhfuil an scéim fágtha acu a chur ar an eolas faoi luach a gcuid cearta agus an tslí ina ndéileálfar leo.

Clár ama

Ní mór forálacha na reachtaíochta a bheith ar bun faoin 21 Bealtaine 2018. Déanfaidh an Coimisiún dréacht-tuarascáil ar an gcur i bhfeidhm faoin 21 Bealtaine 2020.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta chun é a thrasuíomh sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/50/AE

20.5.2014

21.5.2018

IO L 128 an 30.4.2014

Nuashonrú is déanaí: 23.07.2014