25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/12


Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 21 Iúil 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OB

(Cás C-460/23, Kinshasa (1))

(2023/C 338/17)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Bologna

Páirtí sna príomhimeachtaí

OB

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le Cairt um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 52(1) d, arna léamh i gcomhar leis an gceart chun saoirse agus an ceart chun maoine dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 17 di agus na cearta chun beatha agus sláine choirp dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 di, an ceart chun tearmainn dá dtagraítear Airteagal 18 di agus meas ar shaol an teaghlaigh dá dtagraítear Airteagal 7 di, ar fhorálacha Threoir 2002/90/CE (2) agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB (3) (arna cur chun feidhme i ndlí na hIodáile leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 12 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 286 (4)), a mhéid a fhorchuirtear ar na Ballstáit pionóis coiriúil a fhoráil maidir le haon duine a éascaíonn d’aon ghnó gníomhartha, nó a ghlacann páirt iontu d’aon ghnó, atá beartaithe chun iontráil neamhúdaraithe náisiúnach eachtrach ar chríoch an Aontais a éascú, fiú i gcás ina ndéantar an t-iompar ar bhonn neamhbhrabúis, gan foráil a dhéanamh, ag an am céanna, d’oibleagáid ar Bhallstáit iompar lena n-éascaítear iontráil neamhúdaraithe atá dírithe ar chúnamh daonnúil a sholáthar don náisiúnach eachtrach a eisiamh ó choiriúlú?

2)

An gcuirtear cosc le Cairt um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 52(1) di, arna léamh i gcomhar leis an gceart chun saoirse agus an ceart chun maoine dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 17 di agus na cearta chun beatha agus sláine choirp dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 di, an ceart chun tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 18 di agus meas ar shaol an teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 7 di, ar na forálacha maidir le cion coiriúil a leagtar síos in Airteagal 12 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 286, a mhéid a ghearrtar pionós ar iompar duine a dhéanann gníomhartha atá beartaithe chun iontráil neamhúdaraithe náisiúnach eachtrach ar chríoch an Aontais a éascú, fiú i gcás ina ndéantar an t-iompar ar bhonn neamhbhrabúis, gan foráil a dhéanamh, ag an am céanna, maidir le hiompar lena n-éascaítear iontráil neamhúdaraithe atá dírithe ar chúnamh daonnúil a sholáthar do náisiúnach eachtrach a eisiamh ó choiriúlú?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Treoir ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainítear éascú teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 17).

(3)  Cinneadh Réime ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 1).

(4)  Foraithne Reachtach Uimh. 286 an 25 Iúil 1998 (Acht comhdhlúite Forálacha lena rialaítear inimirce agus stádas náisiúnaigh tríú tír).