18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 329/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 28 Meitheamh 2023 – Association Mousse v Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL) agus SNCF Connect

(Cás C-394/23, Mousse)

(2023/C 329/14)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Association Mousse

Cosantóirí: Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL), SNCF Connect

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, ábharthacht agus riachtanas bhailiú sonraí de réir bhrí fhorálacha Airteagal 5(1)(c) de RGCS (1) agus ar an ngá atá lena bpróiseáil de réir bhrí Airteagal 6(1)(b) agus (f) de RGCS, an féidir cleachtais a bhfuil glacadh coitianta leo i gcumarsáidí sibhialta, tráchtála agus riaracháin a chur san áireamh, ionas go bhféadfaí a mheas go bhfuil gá le bailiú sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, atá teoranta do na focail ‘an tUasal’ nó ‘Bean Uí’, gan cosc a bheith air sin de bharr phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí?

2)

Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bailiú agus próiseáil éigeantach sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, cé go measann roinnt custaiméirí nach mbaineann ceachtar den dá theideal leo agus nach bhfuil bailiú na sonraí sin ábhartha dóibh, an gá a chur san áireamh go bhféadfadh siad, tar éis dóibh na sonraí sin a sholáthar don rialaitheoir sonraí chun tairbhe a bhaint as an tseirbhís a thairgtear, a gceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh i gcoinne a n-úsáide agus a stórála trína staid leithleach a agairt, de bhun Airteagal 21 de RGCS?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).