21.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 2 Deireadh Fómhair 2018

maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an margadh inmheánach ar cheann de na héachtaí is inbhraite de chuid an Aontais. Trí shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil a cheadú, cruthaíonn an Margadh Aonair deiseanna nua do shaoránaigh agus gnólachtaí araon. Gné tábhachtach faoin Straitéis maidir le Margadh Aonair, arna bhunú leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal “An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí”, is ea an Rialachán seo. Tá sé mar chuspóir ag an stráitéis sin lánacmhainneacht an Mhargaidh Aonair a bhaint amach trína éascú do shaoránaigh agus gnólachtaí gluaiseacht laistigh den Aontas, trádáil a dhéanamh, iad féin a bhunú agus a ngnólachtaí a leathnú thar theorainneacha.

(2)

Aithníodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015 dar teideal “Stráitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip” an ról atá ag an idirlíon agus ag teicneolaíochtaí digiteacha maidir le claochlú a dhéanamh ar an saol seo againn, maidir leis an dóigh a ndéanann saoránaigh agus gnólachtaí faisnéis a rochtain, eolas a fháil, earraí agus seirbhísí a cheannach, páirt a ghlacadh sa mhargadh agus oibriú a athrú, trí chuid mhór deiseanna a éascú le haghaidh nuálaíochta, fáis agus fostaíochta. Sa teachtaireacht sin, agus i rúin éagsúla atá glactha ag Parlaimint na hEorpa, aithníodh go bhféadfaí freastal ar bhealach níos fearr ar na riachtanais atá ag saoránaigh agus gnólachtaí ina dtír féin agus thar theorainneacha araon trí leathnú agus comhtháthú a dhéanamh ar na tairseacha, na suíomhanna gréasáin, na líonraí, na seirbhísí agus na córais ar an leibhéal Eorpach atá ann cheana agus trína nascadh le réitigh náisiúnta éagsúla, agus ar an tslí sin pointe rochtana aonair digiteach” a chruthú a bheidh ag fónamh mar phointe iontrála aonair Eorpach (“an pointe rochtana”). Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 dar teideal “Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 — Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais”, liostaítear an pointe rochtana aonair dhigiteach ar cheann de na gníomhaíochtaí a rachaidh an tAontas ina mbun don bhliain 2017. Sa tuarascáil ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2017, dar teideal “Cearta saoránach a neartú in Aontas atá i mbun athrú daonlathach — Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2017” meastaíodh gur tosaíocht do chearta shaoránaigh an Aontais atá sa phointe rochtana aonair digiteach.

(3)

Tá sé éilithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle arís agus arís eile go soláthrófaí pacáiste faisnéise agus cúnaimh níos cuimsithí agus níos soláimhsithe chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a mbealach a dhéanamh tríd an margadh inmheánach agus go ndéanfaí uirlisí an mhargaidh inmheánaigh a neartú agus a shruthlíniú chun freastal níos fearr ar na riachtanais atá ag saoránaigh agus gnólachtaí ina gcuid gníomhaíochtaí trasteorann.

(4)

Leis an Rialachán seo, freagraítear do na héilimh sin trí rochtain éasca a thairiscint do shaoránaigh agus gnólachtaí ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a theastaíonn uathu ionas gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh an pointe rochtana aonair digiteach rannchuidiú le trédhearcacht mhéadaithe ar na rialacha agus na rialacháin a bhaineann le himeachtaí éagsúla gnó agus saoil, i réimsí amhail taisteal, dul ar scor, oideachas, fostaíocht, cúram sláinte, cearta an tomhaltóra agus cearta teaghlaigh. Thairis sin, d’fhéadfadh sé muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an easpa eolais faoi chosaint don tomhaltóir agus faoi rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus na costais chomhlíonta do ghnólachtaí a laghdú. Leis an Rialachán seo, bunaítear pointe rochtana atá soláimhsithe agus idirghníomhach, lenar cheart, bunaithe ar riachtanais na n-úsáideoirí, treoir a thabhairt dóibh i dtaobh na seirbhísí is iomchuí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit ról tábhachtach a bheith acu maidir leis na cuspóirí sin a ghnóthú.

(5)

Ba cheart don phointe rochtana aonair digiteach idirghníomhú idir na saoránaigh agus gnólachtaí, ar lámh amháin, agus na húdaráis inniúla, ar an lámh eile, a éascú, trí rochtain a sholáthar ar réitigh ar líne, trí ghníomhaíochtaí ó lá go lá na saoránach agus na ngnólachtaí a éascú agus trí na bacainní a tharlaíonn sa mhargadh inmheánach a íoslaghdú. Trína bheith ann do phointe rochtana aonair digiteach a thugann rochtain ar líne ar fhaisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, d’fhéadfaí feasacht na n-úsáideoirí ar na seirbhísí ar líne éagsúla atá ann a mhéadú agus d’fhéadfadh sé sin am agus costais a spáráil dóibh.

(6)

Tá trí chuspóir ag an Rialachán seo, eadhon laghdú a dhéanamh ar aon ualach riaracháin breise atá ar shaoránaigh agus gnólachtaí a fheidhmíonn a gcearta i ndáil leis an margadh inmheánach, lena n-áirítear saorghluaiseacht saoránach, nó ar mian leo na cearta sin a fheidhmiú i lán-chomhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta, chun deireadh a chur le hidirdhealú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ndáil le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. Ós rud é nach féidir a mheas gur nithe teagmhasacha amháin iad comhchodanna na Rialacháin a chuimsíonn saorghluaiseacht saoránach, ba cheart an Rialachán seo a bhunú ar Airteagal 21(2) agus Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais in ann a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den mhargadh inmheánach a theachtadh, ba cheart don Aontas bearta sonracha agus neamh-idirdhealaitheacha a ghlacadh lena dtabharfaí rochtain éasca do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis atá cuimsitheach agus iontaofa a dóthain faoina gcearta faoi dhlí an Aontais agus ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme a mbeidh orthu iad a chomhlíonadh i gcás ina mbogann siad go Ballstát eile nó i gcás ina gcónaíonn siad nó ina ndéanann siad staidéar, nó ina ndéanann siad gnó a bhunú nó a chur i gcrích i mBallstát nach é a mBallstát féin é. Ba cheart faisnéis a mheas cuimsitheach a dóthain má áirithíonn sí an fhaisnéis go léir atá riachtanach d’úsáideoirí chun go dtuigfidh siad cad iad na cearta atá acu agus cad iad na hoibleagáidí atá orthu agus má aithníonn sí na rialacha is infheidhme i ndáil leis na gníomhaíochtaí is mian leo a dhéanamh mar úsáideoirí trasteorann a thairiscint. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sin tugtha ar shlí atá soiléir, achomhair agus intuigthe agus ba cheart go mbeadh an fhaisnéis inoibrithe agus dea-oiriúnaithe don spriocghrúpa úsáideoirí. Ba cheart don fhaisnéis maidir le nósanna imeachta gach céim nós imeachta intuartha atá ábhartha don úsáideoir a chlúdach. Tá sé tábhachtach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí atá ag dul i ngleic le timpeallachtaí rialála casta, amhail iad siúd atá gníomhach i réimse ríomhthráchtála agus sa gheilleagar comhoibríoch, go mbeidh teacht acu go héasca ar na rialacha is infheidhme agus conas a chuirtear na rialacha sin i bhfeidhm ar a gcuid gníomhaíochtaí. Maidir le rochtain éasca agus soláimhsithe ar fhaisnéis, ciallaíonn rochtain den chineál sin go mbeadh sé ar chumas an úsáideora faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca. Ní hamháin gur cheart an fhaisnéis a sholáthrófar ar leibhéal náisiúnta a bheith bainteach le rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ach ba cheart í a bheith bainteach freisin le haon rialacha náisiúnta eile a bhfuil feidhm acu i leith úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad agus úsáideoirí trasteorann araon.

(8)

Níor cheart do rialacha maidir le soláthair faisnéise sa Rialachán seo feidhm a bheith acu i ndáil le córais náisiúnta bhreithiúnacha, toisc go bhfuil faisnéis sa réimse sin atá ábhartha d’úsáideoirí trasteorann ar fáil cheana sa tairseach don r-Cheartas. I gcásanna áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart do na cúirteanna a mheas mar údaráis inniúla, mar shampla i gcás cláir ghnó atá á mbainistiú ag cúirteanna. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir le nósanna imeachta ar líne a thugann rochtain ar nósanna imeachta na cúirte.

(9)

Is léir go mbíonn saoránaigh agus gnólachtaí ó Bhallstáit eile faoi mhíbhuntáiste ó am go ham mar gheall ar an easpa eolais atá acu ar na rialacha agus na córais riaracháin náisiúnta, ar teangacha éagsúla a úsáidtear agus ar a fhad atá siad ar shiúl ó na húdaráis inniúla i mBallstát nach é a mBallstát féin é. Is é an bealach is éifeachtúla chun laghdú a dhéanamh ar na bacainní iarmhartacha ar an margadh inmheánach ná a chumasú d’úsáideoirí trasteorann agus d’úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad rochtain a fháil ar fhaisnéis ar líne i dteanga a thuigeann siad ionas gur féidir leo nósanna imeachta le haghaidh comhlíonadh rialacha náisiúnta a chur i gcrích go hiomlán ar líne agus cúnamh a chur ar fáil dóibh i gcás nach bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta sách soiléir nó i gcás ina dtagann siad ar bhacainní ar a gcearta a fheidhmiú.

(10)

Díríodh i roinnt gníomhartha de chuid an Aontais cheana ar réitigh a sholáthar trí ionaid ilghnó a chruthú ar bhonn earnála, lena n-áirítear na hionaid ilfhreastail, a bunaíodh le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a thairgeann faisnéis, seirbhís cúnaimh agus rochtain ar nósanna imeachta atá ábhartha do sholáthar seirbhísí ar líne; na Pointí Teagmhála do Tháirgí arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 754/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta, arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a sholáthraíonn rochtain ar rialacha teicniúla atá táirge-shonrach; agus na lárionaid náisiúnta chúnaimh um cháilíochtaí gairmiúla arna mbunú le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chabhraíonn le gairmithe bogadh thar theorainneacha. Sa bhreis air sin, cuireadh líonraí amhail Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí ar bun chun tuiscint a chur chun cinn ar chearta tomhaltóirí an Aontais agus chun cabhrú le gearáin a réiteach faoi earraí a ceannaíodh i mBallstáit eile laistigh den líonra le linn taistil nó le linn siopadóireacht a dhéanamh ar líne. Thairis sin, féachann SOLVIT, dá dtagraítear i Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún (7), le réitigh mheara, éifeachtacha agus neamhfhoirmiúla a sholáthar do dhaoine aonair agus gnólachtaí nuair a shéanann údaráis phoiblí a gcearta Aontais i ndáil leis an margadh inmheánach orthu. Ar deireadh, bunaíodh roinnt tairseacha faisnéise amhail An Eoraip Agatsa, i dtaca leis an margadh inmheánach, agus an tairseach don r-Cheartas, i dtaca le réimse an cheartais chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.

(11)

Toisc gur bhain gníomhartha an Aontais sin le hearnálacha ar leith, tá an fhaisnéis agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthraítear ar líne agus na nósanna imeachta atá ar fáil ar líne do shaoránaigh agus gnólachtaí ag leanúint de bheith ilroinnte. Tá neamhréireachtaí in infhaighteacht na faisnéise agus nósanna imeachta ar líne, tá easpa cáilíochta ann i dtaca le seirbhísí agus is beag feasacht atá ann ar an bhfaisnéis agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin. Bíonn fadhbanna ann freisin maidir le hinaimsitheacht agus inrochtaineacht na seirbhísí sin d’úsáideoirí trasteorann.

(12)

Leis an Rialachán seo ba cheart pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun gníomhú mar ionad trínar cheart do shaoránaigh agus gnólachtaí a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh, de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. Leis an bpointe rochtana sin, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an teagmháil a bhíonn ag saoránaigh agus gnólachtaí leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta agus ba cheart an teagmháil sin a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba cheart rochtain ar na nósanna imeachta ar líne agus cur i gcrích na nósanna imeachta a éascú leis an bpointe rochtana freisin. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh in aon slí do na cearta agus oibleagáidí atá ann cheana faoi dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta laistigh de na réimsí beartais sin. I gcás na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2005/36/CE agus Treoir 2006/113/CE, agus i dTreoir 2014/24/AE (8) agus Treoir 2014/25/AE (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart go dtacódh an Rialachán seo le húsáid a bhaint as an bprionsabal “aonuaire”, agus ba cheart go mbeadh lánurraim aige do cheart bunúsach na cosanta do shonraí pearsanta, chun críche fianaise a mhalartú idir údaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla.

(13)

Ba cheart an pointe rochtana, agus inneachar na tairsí sin, a bheith dírithe ar an úsáideoir agus soláimhsithe. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an bpointe rochtana go seachnófar forluí le seirbhísí eile atá cheana ann agus ba cheart di naisc chuig na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart go gceadódh sé do shaoránaigh agus gnólachtaí idirghníomhú le comhlachtaí poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí dheis a thabhairt dóibh aiseolas a thabhairt i ndáil leis na seirbhísí a thairgtear tríd an tairseach agus i ndáil le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de réir a n-eispéiris féin araon. Leis an uirlis aiseolais, ba cheart an t-úsáideoir a chumasú chun aird a tharraingt ar fhadhbanna, easnaimh agus riachtanais a mheastar a bheith ann ar mhaithe le feabhas leanúnach ar cháilíocht na seirbhísí a chur chun cinn ar shlí a chuireann ar chumas an úsáideora é sin a dhéanamh gan a ainm a thabhairt.

(14)

Beidh rath an phointe rochtana ag brath ar an gCoimisiún agus na Ballstáit a bheith ag obair i gcomhar le chéile. Ba cheart comhéadan coiteann úsáideora a bheith san áireamh sa phointe rochtana agus ba cheart an comhéadan sin a chomhtháthú leis an tairseach An Eoraip Agatsa atá ann cheana agus a bheidh á bhainistiú ag an gCoimisiún. Ba cheart go soláthródh an comhéadan coiteann úsáideora naisc chuig faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna atá ar fáil ar thairseacha arna mbainistiú ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus ag an gCoimisiún. Chun úsáid an phointe rochtana a éascú, ba cheart an comhéadan úsáideora a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais (“teangacha oifigiúla an Aontais”). Ba cheart don tairseach An Eoraip Agatsa atá cheana ann, agus a phríomhleathanach baile, arna oiriúnú do cheanglais na tairsí, an cur chuige ilteangach sin i leith na faisnéise a sholáthraítear a chaomhnú. Chun tacú le feidhmiú an phointe rochtana, ba cheart úsáid a bhaint as uirlisí teicniúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

(15)

Sa Chairt um Ionaid Ilfhreastail leictreonacha faoi Threoir 2006/123/CE um Sheirbhísí, a d’fhormhuinigh an Chomhairle in 2013, thug na Ballstáit gealltanas deonach go nglacfaidís cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir i leith faisnéis a sholáthar trí na hionaid ilfhreastail d’fhonn freastal ar réimsí lena mbaineann tábhacht ar leith do ghnólachtaí, lena n-áirítear CBL, cánacha ioncaim, slándáil shóisialta agus ceanglais dhlí an tsaothair. Bunaithe ar an gCairt agus i bhfianaise an éispéiris leis an tairseach An Eoraip Agatsa, ba cheart tuairisc a chur leis an bhfaisnéis sin freisin ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. Ba cheart saoránaigh agus gnólachtaí a bheith in ann teagmháil a dhéanamh le seirbhísí den sórt sin i gcás ina bhfuil fadhbanna acu an fhaisnéis a thuiscint, an fhaisnéis a chur i bhfeidhm maidir lena gcás féin nó nós imeachta a chur i gcrích.

(16)

Sa Rialachán seo, ba cheart na réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag teachtadh a gceart agus ag comhlíonadh a n-oibleagáidí sa mhargadh inmheánach a liostáil. Do na réimsí sin, ba cheart faisnéis atá cuimsitheach a dóthain a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus ar leibhéal an Aontais ina mínítear na rialacha agus oibleagáidí is infheidhme agus na nósanna imeachta atá le cur i gcrích ag na saoránaigh agus gnólachtaí chun na rialacha agus na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Chun cáilíocht na seirbhísí atá á dtairiscint a áirithiú, ba cheart don fhaisnéis a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana a bheith soiléir, cruinn agus cothrom le dáta, ba cheart an úsáid a bhaintear as téarmaíocht chasta a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus níor cheart acrainmneacha a úsáid ach amháin na cinn a sheasann do théarmaí simplithe agus éasca le tuiscint agus nach n-éilíonn eolas roimh ré ar an tsaincheist nó ar an réimse dlí. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ionas gur féidir le húsáideoirí na rialacha bunúsacha agus na ceanglais is infheidhme maidir lena gcás féin sna réimsí sin a thuiscint go héasca. Ba cheart é a chur in iúl do na húsáideoirí nach bhfuil rialacha náisiúnta i mBallstáit áirithe i dtaca leis na réimsí faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe nuair atá na réimsí sin faoi réir rialacha náisiúnta i mBallstáit eile. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin faoi rialacha náisiúnta a bheith in easnamh a chur ar an tairseach An Eoraip Agatsa.

(17)

I gcás inar féidir, faisnéis a bhailigh an Coimisiún ó na Ballstáit faoi dhlí an Aontais atá ann cheana nó faoi shocruithe deonacha, amhail faisnéis a bhaileofar do thairseach EURES, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), don tairseach don r-Cheartas arna bhunú le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (11) nó do bhunachar na nGairmeacha Rialáilte arna bhunú le Treoir 2005/36/CE — ba cheart í a úsáid chun cuid den fhaisnéis a chlúdach a bheidh inrochtana ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Níor cheart go mbeadh ar na Ballstáit faisnéis atá ar fáil cheana i mbunachair sonraí atá á mbainistiú ag an gCoimisiún a sholáthar ar a suíomhanna gréasáin náisiúnta. Más rud é go bhfuil ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar ar líne cheana féin de bhun forálacha eile atá ann cheana de ghníomhartha an Aontais, amhail de bhun Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart go mbeadh sé leordhóthanach ag na Ballstáit naisc chuig an fhaisnéis atá ar líne cheana a sholáthar. Más rud é go bhfuil réimsí beartais áirithe comhchuibhithe go hiomlán cheana trí dhlí an Aontais, mar shampla a mhéid a bhaineann le cearta tomhaltóirí, ba cheart an fhaisnéis a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais a bheith go hiondúil leordhóthanach chun gur féidir le húsáideoirí a gcuid cearta agus oibleagáidí ábhartha a thuiscint. I gcásanna den sórt sin, níor cheart gur ghá do na Ballstáit ach faisnéis bhreise a sholáthar maidir lena nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus a seirbhísí náisiúnta cúnaimh nó aon rialacha náisiúnta riaracháin eile má tá sé ábhartha do na húsáideoirí. Mar shampla, níor cheart d’fhaisnéis maidir le cearta tomhaltóirí difear a dhéanamh don dlí conarthach, ach úsáideoirí a chur ar an eolas maidir lena gcearta dlíthiúla faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs idirbhearta tráchtála.

(18)

Leis an Rialachán seo, ba cheart feabhas a chur ar an ngné margaidh inmheánaigh de na nósanna imeachta ar líne, agus ar an tslí sin rannchuidiú le digitiú an mhargaidh inmheánaigh, trí sheasamh le prionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe inter alia i ndáil leis an rochtain a bhíonn ag saoránaigh nó gnólachtaí ar nósanna imeachta atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta cheana féin ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus do nósanna imeachta a mbeidh fáil orthu go hiomlán ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina mbeidh ag úsáideoir, atá i staid atá teoranta go hiomlán do Bhallstát amháin, rochtain ar nós imeachta ar líne agus ina mbeidh sé in ann é a chomhlíonadh sa Bhallstát sin i réimse atá clúdaithe leis an Rialachán seo, ba cheart d’úsáideoir trasteorann a bheith in ann rochtain a bheith aige ar an nós imeachta ar líne sin agus é a chomhlíonadh, tríd an réiteach teicniúil céanna nó réiteach eile ar réiteach ar leithligh é i dtéarmaí teicniúla ach a mbíonn an toradh céanna air a úsáid gan aon chonstaicí idirdhealaitheacha. D’fhéadfadh constaicí den chineál sin a bheith ina réitigh atá deartha go náisiúnta, a sholáthar ar bhacainní amhail úsáid a bheith á baint as réimsí foirme lena n-éilítear uimhreacha teileafóin náisiúnta, réamhuimhir náisiúnta d’uimhreacha teileafóin, nó cóid phoist náisiúnta, córais nach nglacann le híocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag iarraidh táillí a íoc, an easpa mínithe mionsonraithe atá ar fáil i dteanga a thuigeann úsáideoirí trasteorann, an easpa deiseanna atá ann chun fianaise leictreonach ó údaráis atá lonnaithe i mBallstát eile a chur isteach, agus an glacadh íseal le modhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint i mBallstáit eile. Ba cheart do na Ballstáit réitigh a sholáthar ar na constaicí sin.

(19)

Nuair a bhíonn nósanna imeachta ar líne á gcomhlánú go trasteorannach ag úsáideoirí, ba cheart dóibh a bheith in ann na mínithe ábhartha uile a fháil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint go ginearálta ag an líon is mó is féidir d’úsáideoirí trasteorann uirthi. Ní chiallaíonn sé sin gur gá do na Ballstáit a bhfoirmeacha riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta nó toradh an nós imeachta sin a aistriú go dtí an teanga sin. Spreagtar na Ballstáit, áfach, chun réitigh theicniúla a úsáid lena gcuirfí ar chumas na n-úsáideoirí na nósanna imeachta a chomhlíonadh, a mhéid cásanna is féidir, sa teanga sin, agus urraim á tabhairt ag an am céanna do rialacha náisiúnta na mBallstát maidir le húsáid teangacha.

(20)

Na nósanna imeachta náisiúnta ar líne atá ábhartha d’úsáideoirí trasteorann ionas go mbeidh siad in ann a gcuid cearta i ndáil leis an margadh inmheánach a fheidhmiú, beidh sé sin ag brath ar cé acu atá cónaí orthu nó atá siad bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann, nó cónaí orthu nó iad bunaithe i mBallstát eile ach ag iarraidh rochtain a fháil ar nósanna imeachta an chéad Bhallstáit. Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit a chur de cheangal ar úsáideoirí trasteorann a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe ina gcríoch féin, uimhir aitheantais náisiúnta a fháil d’fhonn rochtain a fháil ar na nósanna imeachta náisiúnta ar líne, ar choinníoll nach ualach breise gan údar nó costas breise gan údar é sin do na húsáideoirí sin. D’úsáideoirí trasteorann nach bhfuil ina gcónaí nó bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann, ní gá nósanna imeachta náisiúnta ar líne nach bhfuil ábhartha maidir le feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach a chur ar fáil go hiomlán ar líne, amhail clárú chun seirbhísí áitiúla a fháil amhail bailiú dramhaíola agus ceadanna páirceála.

(21)

Leis an Rialachán seo, ba cheart tógáil ar a bhfuil i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (“Rialachán eIDAS”) lena leagtar síos coinníollacha faoina sainaithneoidh na Ballstáit meáin áirithe ríomh-shainaitheantais do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a chumhdaítear faoi scéim ríomh-shainaitheantais de chuid Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith. Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, leagtar síos na cúinsí faoina gceadaítear do na húsáideoirí a meáin leictreonacha sainaitheantais agus fíordheimhnithe a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne i gcásanna trasteorann. Spreagtar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun glacadh le meáin leictreonacha sainaitheantais agus fíordheimhnithe le haghaidh na nósanna imeachta a bhfuil siad freagrach astu.

(22)

Ceanglaítear le roinnt gníomhartha earnála de chuid an Aontais, amhail Treoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, go gcuirfear nósanna imeachta ar fáil go hiomlán ar líne. Ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo go gcuirfí ar fáil go hiomlán ar líne roinnt nósanna imeachta eile atá thar a bheith tábhachtach do thromlach na saoránach agus na ngnólachtaí a bhfuil a gcearta agus a n-oibleagáidí á bhfeidhmiú thar theorainneacha acu.

(23)

Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo go ndéanfar an comhéadan úsáideora atá ar bun do phríomhnósanna imeachta áirithe a dhigitiú go hiomlán d’úsáideoirí trasteorann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán seo ba cheart na critéir maidir le cad is nós imeachta atá ar fáil go hiomlán ar líne ann a leagan síos freisin. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid ar nós imeachta a chur ar fáil go hiomlán ar líne ach amháin i gcásanna ina bhfuil an nós imeachta den sórt sin a bhunaítear sa Bhallstát lena mbaineann. Níor cheart túschlárú gníomhaíochta gnó ná na nósanna imeachta lena ndéantar cuideachtaí nó gnólachtaí a bhunú mar eintitis dhlíthiúla, ná aon chomhdú a dhéantar ina dhiaidh sin ar na cuideachtaí nó gnólachtaí sin, a chumhdach leis an Rialachán seo, toisc gur gá cur chuige cuimsitheach atá dírithe ar réitigh dhigiteacha a éascú ar fud saolré cuideachta a ghlacadh i leith nósanna imeachta den sórt sin. Nuair a bhunaíonn gnólachtaí iad féin i mBallstát eile, ceanglaítear orthu clárú le scéim slándála sóisialta agus scéim árachais ionas gur féidir leo a bhfostaithe a chlárú dóibh agus ranníocaíochtaí a íoc isteach iontu. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu fógra a thabhairt i dtaobh a gcuid gníomhaíochtaí gnó, ceadanna a fháil nó athruithe ar a gcuid gníomhaíochta gnó a chlárú. Is nósanna imeachta coiteanna iad sin do ghnólachtaí atá ag oibriú i mórán earnálacha den gheilleagar, agus dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal go gcuirfear na nósanna imeachta sin ar fáil ar líne.

(24)

Ba cheart don Rialachán seo a shoiléiriú a bhfuil i gceist le nós imeachta a chur ar fáil go hiomlán ar líne. Ba cheart a mheas go bhfuil nós imeachta curtha ar fáil go hiomlán ar líne más féidir leis an úsáideoir na céimeanna uile, ó rochtain a fháil ar an nós imeachta sin go dtí go gcríochnófar é agus a mhéid a bhaineann leis an idirghníomhú idir an t-úsáideoir agus an t-údarás inniúil, an “tuloifig”, a dhéanamh go leictreonach, go cianda agus trí sheirbhís ar líne. Ba cheart don tseirbhís sin an t-úsáideoir a threorú trí liosta cuimsitheach de na ceanglais atá le comhlíonadh agus an fhianaise thacaíochta ar fad atá le bheith curtha ar fáil, ba cheart di a chur ar chumas an úsáideora an fhaisnéis agus an cruthúnas ar chomhlíonadh na gceanglas sin a sholáthar agus ba cheart di admháil uathoibríoch a chur ar fáil don úsáideoir, mura rud é go ndéantar an nós imeachta a sheachadadh láithreach. Níor cheart dó seo údaráis inniúla a chosc ó theagmháil a dhéanamh go díreach le húsáideoirí, i gcás inar gá sin chun soiléirithe breise a fháil atá ag teastáil don nós imeachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla toradh an nós imeachta, mar a leagtar amach sa Rialachán seo, a sholáthar don úsáideoir ar bhealach leictreonach, i gcás inarb indéanta sin faoi dhlí infheidhme an Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

(25)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do shubstaint na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus nach leagann síos rialacha ábharacha nó nós imeachta laistigh de na réimsí a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, lena n-áirítear sa réimse cánachais. Is é is cuspóir an Rialacháin seo ná ceanglais theicniúla a leagan síos chun a áirithiú go ndéantar na nósanna imeachta sin, i gcás inar bunaíodh iad sa Bhallstát lena mbaineann, a chur ar fáil go hiomlán ar líne.

(26)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta sna céimeanna éagsúla a ghabhann le haon nós imeachta, lena n-áirítear fíorú bheachtas agus bhailíocht na faisnéise nó na fianaise a chuirtear isteach, lena n-áirítear fíorú barántúlachta i gcás ina gcuirtear fianaise isteach trí mhodhanna eile seachas an córas teicniúil atá bunaithe ar an bprionsabal “aon-uaire”. Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na sreabha oibre sa nós imeachta laistigh d’údaráis inniúla na mBallstát, agus idir na húdaráis inniúla sin, an “chúloifig”, bíodh na sreabha oibre sin digitithe nó ná bíodh. I gcás ina bhfuil sé riachtanach mar chuid de na nósanna imeachta chun athruithe ar ghníomhaíochtaí gnó a chlárú, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá éileamh go mbeadh nótairí nó dlíodóirí páirteach ann agus go mbeadh na nótairí nó dlíodóirí sin a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh úsáid a bhaint as modhanna fíoraithe, lena n-áirítear físchomhdhálacha nó modhanna ar líne eile ina soláthraítear nasc closamhairc fíorama. Níor cheart don rannpháirteachas sin, áfach, bac a chur ar na nósanna imeachta le haghaigh chlárú na n-athruithe sin a dhéanamh go hiomlán ar líne.

(27)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar úsáideoirí fianaise a chur isteach mar chruthúnas ar fhíorais nach féidir a shuíomh trí mhodhanna ar líne. D’fhéadfaí deimhniú liachta, cruthúnas ar a bheith beo, cruthúnas ródacmhainneachta mótarfheithiclí nó deimhniú ar uimhreacha fonnaidh a áireamh ar an bhfianaise sin. Chomh fada agus is féidir an fhianaise sin a chur isteach i bhformáid leictreonach, níór cheart eisceacht a bheadh sa mhéid sin ar an bprionsabal gur cheart nós imeachta a bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé gur ghá d’úsáideoirí nós imeachta teacht i láthair go pearsanta os comhair údarás inniúil go fóill mar chuid de nós imeachta ar líne. Ba cheart aon eisceachtaí ina leith sin, seachas iad sin a eascraíonn as dlí an Aontais, a theorannú do chásanna ar féidir bonn cirt a lua leo ar chúis sháraitheach de leas an phobail i réimsí na slándála poiblí, na sláinte poiblí nó an chomhraic in aghaidh calaoise. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi na heisceachtaí sin agus na forais, agus imthosca faoinar féidir le na heisceachtaí sin a chur i bhfeidhm a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile. Níor cheart go mbeadh de cheangal ar na Ballstáit tuairisciú ar gach cás aonair inar éilíodh, ar bhonn eisceachta, go mbeifí i láthair go pearsanta ach ina ionad sin go gcuirfí in iúl cad iad na forálacha náisiúnta a fhorálann do na cásanna sin. Ba cheart na dea-chleachtais ar an leibhéal náisiúnta agus na forbairtí teicniúla lenar féidir digitiú breise a dhéanamh a phlé go tráthrialta i ngrúpa comhordaithe an phointe rochtana.

(28)

I gcásanna trasteorann, d’fhéadfadh sé gur dhá nós imeachta ar leithligh a bheadh i gceist leis an nós imeachta chun athrú ar sheoladh a chlárú, ceann amháin sa Bhallstát tionscnaimh chun díchlárú a iarraidh don seanseoladh, agus ceann eile sa Bhallstát cinn scríbe chun an seoladh nua a chlárú. Leis an Rialachán seo ba cheart an dá nósanna imeachta sin a chumhdach.

(29)

Ós rud é go gcumhdaítear digitiú na gceanglas, nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla cheana féin le Treoir 2005/36/CE, níor cheart leis an Rialachán seo go gcumhdófaí ach digitiú an nós imeachta chun aitheantas acadúil a iarraidh do dhioplómaí nó do theastais nó do chruthúnas eile go bhfuil cúrsaí críochnaithe i ndáil le duine ar mian leis tús a chur le staidéar nó leanúint de staidéar, nó chun teideal acadúil a úsáid, lasmuigh de na foirmiúlachtaí a bhaineann le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla.

(30)

Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do na rialacha comhordaithe slándála sóisialta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (14) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ina sainítear na cearta atá ag daoine árachaithe agus institiúidí slándála sóisialta agus na hoibleagáidí atá orthu, mar aon leis na nósanna imeachta is infheidhme i réimse an chomhordaithe slándála sóisialta.

(31)

Cuireadh roinnt líonraí agus seirbhísí ar bun ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a ngníomhaíochtaí trasteorann a sheoladh. Maidir leis na seirbhísí sin, lena n-áirítear cúnamh atá cheana ann nó seirbhísí réitigh fadhbanna atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, amhail na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, An Eoraip Agatsa — Comhairle, SOLVIT, an Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla, Europe Direct agus an Líonra Fiontar Eorpach, tá sé tábhachtach go mbeidís ina gcuid den phointe rochtana chun a áirithiú go mbeidh gach úsáideoir féideartha in ann iad a aimsiú. Rinneadh na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III a bhunú le gníomhartha ceangailteacha de chuid an Aontais, cé gur ar bhonn deonach a fheidhmíonn seirbhísí eile. Maidir leis na seirbhísí a bunaíodh le gníomhartha ceangailteacha de chuid an Aontais, ba cheart dóibh a bheith faoi cheangal ag na ceanglais cháilíochta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart do na seirbhísí a n-oibriú ar bhonn deonach na ceanglais cháilíochta sin a chomhlíonadh más é an aidhm atá acu ná go gcuirfí na seirbhísí sin ar fáil tríd an bpointe rochtana. Níor cheart raon feidhme agus cineál na seirbhísí sin, a socruithe rialachais, a spriocdhátaí atá ann cheana, agus an bonn deonach, conarthach nó eile ar a n-oibríonn siad a athrú leis an Rialachán seo. Mar shampla, i gcás ina bhfuil an cúnamh a thugtar leo de chineál neamhfhoirmiúil, níor cheart go mbeadh sé d’éifeacht leis an Rialachán an cúnamh sin a athrú ina chomhairle dhlíthiúil de chineál ceangailteach.

(32)

Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit agus an Coimisiún seirbhísí náisiúnta eile cúnaimh nó réitigh fadhbanna a chur leis an bpointe rochtana, arna soláthar ag údaráis inniúla nó ag eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha, nó ag comhlachtaí poiblí, amhail comhlachais tráchtála nó seirbhísí cúnaimh neamhrialtasacha do shaoránaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. I bprionsabal, ba cheart d’údaráis inniúla bheith freagrach as cúnamh a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le haon cheisteanna atá acu faoi na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme má tharlaíonn sé nach féidir le seirbhísí ar líne déileáil go hiomlán leo. I réimsí an-speisialaithe agus i gcás ina bhfreastalaíonn seirbhísí de chuid comhlachtaí príobháideacha nó leathphríobháideacha ar riachtanais úsáideoirí, áfach, féadfaidh na Ballstáit a mholadh don Choimisiún go gcuirtear seirbhísí den sórt sin ar áireamh sa tairseach, ar choinníoll go gcomhlíonann na seirbhísí sin gach ceann de na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus nach bhfuil siad ag teacht trasna ar sheirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna atá ar áireamh sa phointe rochtana cheana féin.

(33)

Chun cabhrú le húsáideoirí an tseirbhís iomchuí a shainaithint, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh d’aimsitheoir seirbhísí cúnaimh lena dtreoraítear úsáideoirí go huathoibríoch chuig an tseirbhís cheart.

(34)

Is gá íosliosta ceanglas cáilíochta a chomhlíonadh má táthar chun a áirithiú go n-éireoidh leis an bpointe rochtana agus go soláthrófar faisnéis agus seirbhísí iontaofa léi mar go mbainfí an bonn go mór ó chreidiúnacht an phointe rochtana ina hiomláine dá uireasa. Is é cuspóir uileghabhálach an chomhlíonta a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis nó an tseirbhís a chur i láthair ar shlí atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir. Is é freagracht na mBallstát é a chinneadh conas faisnéis a chur i láthair le linn aistear an úsáideora chun an cuspóir sin a chomhlíonadh. Mar shampla, cé gur fóinteach é d’úsáideoirí a bheith ar an eolas, sula seoltar nós imeachta, faoi na modhanna sásaimh atá ar fáil i gcoitinne i gcás ina mbeadh toradh diúltach ar nós imeachta, tá sé i bhfad níos soláimhsithe aon fhaisnéis shonrach, maidir leis na céimeanna féideartha i gcás den sórt sin, a sholáthar ag deireadh an nós imeachta.

(35)

Dá gcuirfí an fhaisnéis ar fáil i dteanga oifigiúil amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais a raibh tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, is amhlaidh go gcuirfí feabhas suntasach ar inrochtaineacht na faisnéise d’úsáideoirí trasteorann. I bhformhór na gcásanna ba cheart gurb í an teanga sin an teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais, ach i roinnt cásanna ar leith, go háirithe i gcás faisnéis a bheidh le soláthar ar an leibhéal áitiúil ag bardais bheaga cóngarach don teorainn i mBallstát, d’fhéadfadh gurb í an teanga is oiriúnaí an chéad teanga ag na húsáideoirí trasteorann sa Bhallstát comharsanachta. Maidir leis sin, ba cheart an t-aistriúchán go dtí an teanga oifigiúil eile sin de chuid an Aontais a bheith ina léiriú cruinn ar ábhar na faisnéise a sholáthraítear sa bhunteanga nó sna bunteangacha. Féadfar an t-aistriúchán go dtí an teanga eile sin a theorannú don fhaisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun na rialacha bunúsacha agus na ceanglais bhunúsacha a bhfuil feidhm acu maidir lena gcás féin a thuiscint. Cé gur cheart na Ballstáit a spreagadh chun a mhéid faisnéise agus is féidir a aistriú go dtí teanga oifigiúil de chuid an Aontais, ar teanga í a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann agus is féidir uirthi, beidh méid na faisnéise a bheidh le haistriú, faoin Rialacháin seo, ag brath ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil chuige sin, go háirithe faoi bhuiséad an Aontais. Ba cheart don Choimisiún na socruithe iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar soláthar éifeachtúil aistriúchán do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart do ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana plé a dhéanamh agus treoir a sholáthar maidir leis an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais nach mór an fhaisnéis sin a aistriú chuici.

(36)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tá sé de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil suíomhanna gréasáin a gcomhlachtaí poiblí ina suíomhanna atá inrochtana i gcomhréir le prionsabail na hinbhraiteachta, na hinoibritheachta, na hintuigtheachta agus na stóinseachta agus go gcomhlíonann siad ceanglais uile a leagtar síos sa Treoir sin. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún agus na Ballstáit go gcomhlíonfaí Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 21 de, agus, ba cheart go gcuirfí roghanna malartacha ar fáil a mhéid is féidir agus go comhréireach i dteanga atá éasca le léamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun rochtain ar fhaisnéis a chothú do dhaoine faoi mhíchumas intleachta. Trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a dhaigniú agus a thabhairt i gcrích (17), gheall na Ballstáit agus an tAontas bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeadh rochtain ann do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus ar chórais eile, lena n-áirítear an t-idirlíon trí rochtain ar fhaisnéis a éascú do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, ag soláthar roghanna malartacha a mhéid is féidir agus go comhréireach i dteanga atá éasca le léamh.

(37)

Níl feidhm ag Treoir (AE) 2016/2102 i leith suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, ach ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeadh an comhéadan coiteann úsáideora agus na leathanaigh ghréasáin, atá faoina fhreagracht agus atá le cur san áireamh sa phointe rochtana, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, eadhon go mbeidís inbhraite, inoibritheach, intuigthe agus stóinseach. Ciallaíonn inbhraiteacht nach mór a bheith in ann an fhaisnéis agus comhpháirteanna an chomhéadain coiteann úsáideora a chur i láthair d’úsáideoirí ar bhealach atá inbhraite dóibh; ciallaíonn inoibritheacht nach mór comhpháirteanna an chomhéadain coiteann úsáideora agus an nascleanúint a bheith inoibrithe; ciallaíonn intuigtheacht nach mór don fhaisnéis agus d’oibríocht an chomhéadain coiteann úsáideora a bheith intuigthe; agus ciallaíonn stóinseacht nach mór don inneachar a bheith stóinseach a dhóthain ionas go mbeidh raon leathan gníomhaithe úsáideora, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta, in ann an fhaisnéis sin a léirmhíniú go hiontaofa. Maidir leis na téarmaí so-bhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe, moltar don Choimisiún na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a chomhlíonadh.

(38)

Chun gur fusa na táillí a íoc is gá mar chuid de nósanna imeachta ar líne nó maidir le seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a chur ar fáil, ba cheart d’úsáideoirí trasteorann a bheith in ann leas a bhaint as aistrithe creidmheasa nó dochar díreach mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), nó as modhanna íocaíochta eile trasteorann a úsáidtear de ghnáth lena n-áirítear cártaí dochair nó cártaí creidmheasa.

(39)

Is fóinteach go gcuirfí úsáideoirí ar an eolas faoin bhfad ama a cheaptar a thógfaidh an nós imeachta. Dá réir sin ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na spriocdhátaí is infheidhme nó faoi shocruithe intuigthe formheasa nó, i gcás nach infheidhme iadsan, faoin am measta nó am táscach, den chuid is lú, a theastódh de ghnáth don nós imeachta atá i gceist. Níor cheart ach gur cabhair iad do na húsáideoirí chun a gcuid gníomhaíochtaí nó aon chéimeanna riaracháin ina dhiaidh sin a phleanáil, agus níor cheart aon éifeacht dhlíthiúil a bheith ag meastacháin nó tásca den sórt sin.

(40)

Ba cheart a fhoráil freisin sa Rialachán seo go bhféadfar fianaise arna soláthar i bhformáid leictreonach ag úsáideoirí a fhíordheimhniú i gcás ina gcuirtear an fhianaise sin isteach gan ríomhshéala nó ríomhdheimhniú ón údarás inniúil eisiúna nó i gcás nach bhfuil fáil ann go fóill ar an uirlis theicniúil a bhunaítear leis an Rialachán seo nó le córas eile lena gcumasaítear an malartú díreach nó fíordheimhniú fianaise idir údaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla. Chun freastal ar chásanna den sórt sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do shásra éifeachtach a chur ar bun le haghaidh comhar riaracháin i measc údaráis inniúla na mBallstát agus beidh an sásra sin bunaithe ar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). I gcásanna mar sin, ba cheart gur cinneadh deonach a bheadh in aon chinneadh a dhéanfadh údarás inniúil IMI a úsáid, ach, a luaithe a chuirfeadh an t-údarás sin an iarraidh ar fhaisnéis nó ar chomhar isteach trí IMI, ba cheart é a bheith de cheangal ar an údarás inniúil ar a n-iarrtar comhoibriú agus freagra a thabhairt. Is féidir an iarraidh a sheoladh trí IMI chuig údarás inniúil a eisíonn an fhianaise nó chuig an údarás lárnach a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha riaracháin féin. Chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint agus ós rud é go gcumhdaíonn Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) cuid den fhianaise atá ábhartha do na nósanna imeachta arna gcumhdach leis an Rialachán seo, féadfar na socruithe comhair maidir le IMI a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1191 a úsáid freisin chun críocha fianaise eile a cheanglaítear i nósanna imeachta arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ionas go bhféadfaidh comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais a bheith ina ngníomhaithe laistigh de IMI, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú.

(41)

Tá na seirbhísí ar líne de chuid údaráis inniúla ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus slándáil na seirbhísí a sholáthraítear do shaoránaigh agus gnólachtaí. Oibríonn na riaracháin phoiblí ar bhonn méadaitheach maidir leis an athúsáid sonraí, chun fáil réidh leis an gceanglas ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil roinnt uaireanta. Ba cheart an t-athúsáid sonraí a éascú d’úsáideoirí trasteorann chun ualach breise a laghdú, ar gá dóibh déileáil le nósanna imeachta i mBallstáit eile.

(42)

Ionas go mbeifear in ann malartú trasteorann dlíthiúil a dhéanamh ar fhianaise agus ar fhaisnéis trí chur i bhfeidhm an phrionsabail “aon-uaire” ar fud an Aontais, ba cheart do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus do chur i bhfeidhm an phrionsabail “aon-uaire” gach riail cosanta sonraí is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, cruinneas, teorannú stórála, iontaofacht agus rúndacht, riachtanas, comhréireacht agus teorannú de réir cuspóra. Anuas ar sin ba cheart do chur chun feidhme an Rialacháin sin prionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a chomhlíonadh ina n-iomláine, agus ba cheart go ndéanfaí cearta bunúsacha an duine aonair a urramú freisin, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cothroime, agus trédhearcacht.

(43)

Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis shoiléir ar fáil d’úsáideoirí nósanna imeachta maidir le conas a dhéantar sonraí pearsanta maidir leo a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus le hAirteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 (22) .

(44)

Chun úsáid na nósanna imeachta ar líne a éascú tuilleadh, ba cheart an Rialachán seo a úsáid, ar aon dul leis an bprionsabal “aon-uaire”, mar bhonn chun córas teicniúil sábháilte agus slán atá ag feidhmiú go hiomlán a chruthú agus a úsáid chun teacht ar réiteach teicniúil do mhalartú uathoibríoch fianaise idir na gníomhaithe atá páirteach sa nós imeachta, arna iarraidh sin go sainráite do shaoránaigh agus gnólachtaí. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san áireamh leis an malartú faisnéise, ba cheart an iarraidh a mheas mar iarraidh shainráite má bhíonn léiriú inti gur thug an duine aonair toiliú, faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí chun na sonraí pearsanta a mhalartú, bíodh sin le ráiteas nó le gníomhaíocht dhearfach uaidh. Murab é an t-úsáideoir an duine lena mbaineann na sonraí, ní foláir don nós imeachta ar líne gan dochar a dhéanamh dá cheart nó dá ceart mar a luaitear iad i Rialachán (AE) 2016/679. Mar thoradh ar chur i bhfeidhm trasteorann an phrionsabail “aon-uaire”, fágtar nár cheart go mbeadh ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí na sonraí céanna a sholáthar d’údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin agus gur féidir na sonraí sin a úsáid freisin, arna iarraidh sin don úsáideoir, chun críocha nósanna imeachta trasteorann ar líne a bhaineann le húsáideoirí trasteorann a chomhlíonadh. Maidir leis an údarás eisiúna inniúil, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid úsáid a bhaint as an gcóras teicniúil le haghaidh malartú leictreonach uathoibríoch fianaise idir na Ballstáit éagsúla ach amháin i gcás ina n-eisíonn údaráis go dlíthiúil, ina mBallstát féin, fianaise i bhformáid leictreonach trínar féidir an malartú uathoibríoch sin a dhéanamh.

(45)

Ba cheart bonn dlí iomchuí a bheith ag aon mhalartú trasteorann fianaise, amhail Treoir 2005/36/CE, Treoir 2006/123/CE, Treoir 2014/24/AE nó Treoir 2014/25/AE nó do na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó dlí náisiúnta is infheidhme.

(46)

Is iomchuí don Rialachán seo, mar riail ghinearálta, a leagan síos go ndéanfar malartú uathoibríoch trasteorann fianaise arna iarraidh sin go sainráite ag an úsáideoir. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i gcás ina ndéantar foráil i ndlí ábhartha an Aontais nó sa dlí náisiúnta ábhartha do mhalartú uathoibríoch trasteorann sonraí gan iarraidh shainráite ón úsáideoir.

(47)

Ba cheart go gcoinneofaí úsáid an chórais theicniúil a bhunaítear leis an Rialachán seo ina húsáid dheonach agus ba cheart go mbeadh saorchead ag an úsáideoir fós fianaise a thíolacadh ar mhodhanna eile lasmuigh den chóras teicniúil a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann don úsáideoir réamhamharc ar an bhfianaise agus go mbeadh an ceart aige roghnú gan dul ar aghaidh leis an malartú fianaise i gcásanna ina dtugann an t-úsáideoir, tar éis réamhamharc ar an bhfianaise atá le malartú, go bhfuil an fhaisnéis míchruinn, as dáta, nó go dtéann sí thar an méid is gá don nós imeachta i gceist. Níor cheart na sonraí dá n-áirítear sa réamhamharc a stóráil thar a bhfuil fíorghá leis go teicniúil.

(48)

Maidir leis an gcóras teicniúil slán ba cheart a bhunú chun malartú fianaise a éascú faoin Rialachán seo, ba cheart go soláthrófaí cinnteacht d’údaráis inniúla iarrthacha leis gur ón údarás eisiúna ceart a tháinig an fhianaise. Sula nglacfaidh siad le faisnéis arna cur ar fáil ag úsáideoir mar chuid de nós imeachta, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann an fhaisnéis a fhíordheimhniú i gcás ina n-ardaítear amhrais, agus teacht ar an tuairim go bhfuil sí beacht.

(49)

Tá cumais bhunúsacha ag roinnt de na bloic thógála atá ann cheana, ar féidir úsáid a bhaint astu chun an córas teicniúil a bhunú, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (23), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa, agus na bloic thógála r-Sheachadadh agus eID atá mar chuid den tsaoráid sin. Is éard atá sna bloic thógála sin sonraíochtaí teicniúla, bogearraí samplacha agus seirbhísí tacaíochta, agus is é is aidhm dóibh an idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais reatha teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) sna Ballstáit eile ionas go mbeidh saoránaigh, gnólachtaí agus córais riaracháin in ann, cibé áit a mbeidh siad san Eoraip, leas a bhaint as seirbhísí poiblí digiteacha gan uaim.

(50)

Ba cheart an córas teicniúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a chur ar fáil i dteannta córais eile lena soláthraítear sásraí le haghaidh comhar idir údaráis dhifriúla, amhail IMI agus níor cheart difear a dhéanamh do chórais eile dá bharr, lena n-áirítear an córas dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar faoi Threoir Uimh. 2014/24/AE, Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta faoi Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, an Cárta Gairmiúil Eorpach faoi Threoir 2005/36/CE, córas idirnasctha na gclár náisiúnta agus córas idirnasctha na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí faoi Threoir (AE) 2017/1132 (24) agus idirnasctha na gclár dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

(51)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme córais theicniúil lena gcumasaítear malartú fianaise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme arna tugadh don Choimisiún a leagan síos, go háirithe chun sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla a leagan amach do chóras le haghaidh próiseáil a dhéanamh ar iarraidh an úsáideora go malartófaí fianaise, mar aon leis na rialacha is gá a leagan síos le haghaidh fianaise den sórt sin a aistriú agus le haghaidh sláine agus rúndacht na fianaise arna haistriú a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(52)

D’fhonn leibhéal ard slándála a áirithiú don chóras teicniúil do chur i bhfeidhm trasteorann an phrionsabail “aon-uaire”, ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird chuí, nuair a bheidh gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige lena leagtar amach na sonraíochtaí le haghaidh córas teicniúil den sórt sin, ar na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla arna n-ullmhú ag eagraíochtaí agus comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, go háirithe an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI), Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU), mar aon leis na caighdeáin slándála dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(53)

Más gá, chun go n-áiritheofaí forbairt, infhaighteacht, cothabháil, maoirseacht, faireachán agus bainistiú slándála na gcodanna den chóras teicniúil a bhfuil an Coimisiún freagrach astu, ba cheart don Choimisiún comhairle a iarraidh ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

(54)

Ba cheart do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún a áirithiú go gcomhlíonann an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí, a bhfuil siad freagrach astu, na critéir cáilíochta. Ba cheart do na comhordaitheoirí náisiúnta, a cheaptar faoin Rialachán seo agus don Choimisiún go tráthrialta, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar cáilíochta agus slándála ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais faoi seach agus ba cheart dóibh déileáil le haon fhadhbanna a thagann chun cinn freisin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na comhordaitheoirí náisiúnta cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais theicniúil agus ar an gcaoi sin malartú trasteorann fianaise a chumasú. Leis an Rialachán seo, ba cheart raon leathan modhanna a thabhairt don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar aon mheath ar cháilíocht na seirbhísí a thairgtear tríd an bpointe rochtana, de réir a thromchúisí agus a mharthanaí atá aon mheath den sórt sin, modhanna dul i mbun plé, más gá, le grúpa comhordaithe an phointe rochtana. Níor cheart réamhbhreith a dhéanamh leis sin ar fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

(55)

Ba cheart go ndéanfaí mionsonrú sa Rialachán seo ar phríomhfheidhmiúlachtaí na n-uirlisí teicniúla lena dtacaítear le feidhmiú an phointe rochtana, go háirithe an comhéadan coiteann úsáideora, an stór le haghaidh nasc agus an aimsitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh. Leis an gcomhéadan coiteann úsáideora, ba cheart a áirithiú gur féidir le húsáideoirí faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a aimsiú go héasca ar shuíomhanna gréasáin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit é a bheith mar aidhm acu naisc a chur ar fáil chuig foinse aonair don fhaisnéis is gá don phointe rochtana chun mearbhall a sheachaint i measc na n-úsáideoirí mar thoradh ar na foinsí éagsúla, nó dúbailteacha, bíodh sé sin go hiomlán nó go páirteach, a bheith ann don fhaisnéis chéanna. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar an bhféidearacht maidir le naisc a bheith ann chuig an bhfaisnéis chéanna arna cur ar fáil ag na húdaráis inniúla áitiúla nó réigiúnacha maidir le limistéir gheografacha éagsúla. Níor cheart ach oiread go gcuirfeadh sé cosc ar bheagán den dúbailt faisnéise i gcásanna ina mbeadh sé sin dosheachanta nó inmhianaithe, mar shampla i gcás ina mbeadh athrá nó cur síos ar chearta, oibleagáidí agus rialacha áirithe de chuid an Aontais ar leathanaigh ghréasáin náisiúnta chun feabhas a chur ar a sholáimhsithe atá siad don úsáideoir. Chun íoslaghdú a dhéanamh ar idirghabháil an duine in uasdátú na nasc atá le húsáid ar an gcomhéadan coiteann úsáideora, ba cheart nasc díreach a bhunú, nuair is féidir sin go teicniúil, idir córais theicniúla ábhartha na mBallstát agus an stór nasc. D’fhéadfaidh na huirlisí tacaíochta TFC an Croístór Focal Seirbhísí Poiblí (CPSV) a úsáid chun an idir-inoibritheacht a éascú le catalóga agus séimeantaicí náisiúnta seirbhíse. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an CPSV a úsáid, ach tá siad saor a chinneadh freisin réitigh náisiúnta a úsáid. An fhaisnéis sa stór do naisc, ba cheart é a chur ar fáil go poiblí i bhformáid sonraí oscailte, atá inléite ag meaisín, mar shampla trí chomhéadain ríomhchlárúcháin feidhmchlár (API), chun gur féidir í a athúsáid.

(56)

Ba cheart go dtreoródh áis chuardaigh an chomhéadain choitinn úsáideora na húsáideoirí chuig an bhfaisnéis atá ag teastáil uathu cibé acu an ar leibhéal an Aontais atá sí nó ar leathanaigh ghréasáin ar an leibhéal náisiúnta. Anuas air sin, mar bhealach malartach chun úsáideoirí a threorú chuig faisnéis úsáideach, is fóinteach fós é naisc a chruthú idir suíomhanna gréasáin reatha agus comhlántacha, agus iad a chuíchóiriú agus a ghrúpáil le chéile a mhéid is féidir, agus naisc a chruthú idir leathanaigh gréasáin agus suíomhanna gréasáin ar líne an Aontais agus seirbhísí ar líne ar an leibhéal náisiúnta lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí agus faisnéis ar líne.

(57)

Ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo freisin na ceanglais cháilíochta don chomhéadan coiteann úsáideora. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go bhfuil an comhéadan coiteann úsáideora ag comhlíonadh na gceanglas agus ba cheart, go háirithe, go mbeadh an comhéadan ar fáil agus inrochtana ar líne trí chainéil éagsúla agus mar aon le bheith éasca le húsáid.

(58)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh an cur chun feidhme a dhéanamh ar na réitigh theicniúla lena dtacaítear leis an bpointe rochtana, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun mionsonrú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar chaighdeáin is infheidhme agus ar riachtanais idir-inoibritheachta d’fhonn so-aimsitheacht na faisnéise a éascú maidir le rialacha agus oibleagáidí i dtaca le nósanna imeachta agus maidir le cúnamh agus seirbhísí réitigh fadhbanna a bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiúin freagrach astu. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(59)

Ina theannta sin, maidir leis na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil agus slándáil na bhfeidhmchlár TFC a thacaíonn leis an bpointe rochtana eatarthu, ba cheart iad a leagan amach go soiléir sa Rialachán seo. Mar chuid dá gcúraimí cothabhála, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán rialta ar fheidhmiú cuí na n-iarratais TFC.

(60)

Chun forbairt a dhéanamh ar lánacmhainneacht na réimsí difriúla faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ba cheart a chur ar áireamh sa phointe rochtana, ní mór feabhas suntasach a chur ar an eolas atá ag na spriocphobail ar na nithe sin a bheith ar fáil agus ar an dóigh a n-oibríonn siad. Dá gcuirfí ar áireamh sa phointe rochtana iad, ba cheart go mbeadh sé i bhfad níos fusa d’úsáideoirí teacht ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a theastaíonn uathu, fiú amháin i gcás nach bhfuil siad eolach ar cheann ar bith díobh. Anuas air sin, beidh sé riachtanach tabhairt faoi ghníomhaíochta comhordaithe cur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí ar fud an Aontais ar an eolas go bhfuil an pointe rochtana ann agus go mbeidh siad ar an eolas faoi na buntáistí a ghabhann léi. Ba cheart go n-áireofaí optamú innill chuardaigh ar na gníomhaíochtaí cur chun cinn den chineál sin agus gníomhaíochtaí eile ar líne chun feasacht a ardú, ós rud é gurb iad is éifeachtaí ó thaobh costais de agus go bhfuil sé d’acmhainn acu an spriocphobal is mó is féidir a shroicheadh. Ar mhaithe leis an éifeachtúlacht is mó is féidir a bhaint amach, ba cheart gníomhaíochtaí cur chun feidhme a chomhordú faoi chuimsiú chreat ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana agus ba cheart do na Ballstáit a n-iarrachtaí cur chun cinn a choigeartú le go mbeadh tagairt choiteann bhranda ann i ngach comhthéacs ábhartha agus go bhféadfaí an pointe rochtana aonair dhigiteach a chomhbhrandáil le tionscnaimh náisiúnta.

(61)

Ba cheart gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht eile de chuid an Aontais a spreagadh an pointe rochtana a chur chun cinn trí a lógó agus naisc a áireamh chuig an tairseach agus a lógó ar gach leathanach ábhartha a bhfuil siad freagrach astu.

(62)

Ba cheart go dtabharfaí “Your Europe” ar an bpointe rochtana agus go ndéanfaí é a chur chun cinn sa phobal. Ba cheart go mbeadh an comhéadan coiteann úsáideora feiceálach agus éasca le haimsiú, go háirithe ar leathanaigh ábhartha an Aontais agus leathanaigh ábhartha náisiúnta. Ba cheart go mbeadh lógó an phointe rochtana infheicthe ar shuíomhanna gréasáin ábhartha an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin ábhartha náisiúnta.

(63)

Chun faisnéis leordhóthanach a fháil le haghaidh fheidhmíocht agus fheabhsú an phointe rochtana a mheas, ba cheart go gceanglófaí leis an Rialachán seo ar an údarás inniúil agus ar an gCoimisiún bailiú agus anailís a dhéanamh ar shonraí faoi úsáid na réimsí difriúla faisnéise, na nósanna imeachta difriúla agus na seirbhísí difriúla a thairgtear leis an bpointe rochtana. Le bailiú na staidrimh, amhail sonraí maidir le líon na gcuairteanna ar leathanaigh ghréasáin ar leith, líon na n-úsáideoirí ó Bhallstát amháin le hais líon na n-úsáideoirí ó Bhallstáit eile, na téarmaí a cuardaíodh, liosta na leathanach ar tugadh an líon is mó cuairteanna orthu, leathanaigh gréasán tarchuir, nó líon, tionscnamh agus ábhar na n-iarratas cúnaimh, ba cheart go gcuirfí feabhas ar fheidhmiú an phointe rochtana, trí chuidiú leis an bpobal a aimsiú, le gníomhaíochtaí cur chun cinn a fhorbairt agus le caighdeán na seirbhísí a thairgtear a fheabhsú. Ba cheart an tagarmharcáil bhliantúil rRialtais, arna déanamh ag an gCoimisiún, a chur san áireamh agus sonraí den chineál sin á mbailiú d’fhonn dúbláil a sheachaint.

(64)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a leagan síos maidir leis an modh um staidreamh úsáideoirí a bhailiú agus a mhalartú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(65)

Tá cáilíocht an phointe rochtana ag brath ar cháilíocht sheirbhísí an Aontais agus ar cháilíocht na seirbhísí náisiúnta a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana. Dá bhrí sin, maidir le cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an bpointe rochtana, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu go rialta freisin trí uirlis aiseolais úsáideoirí lena n-iarrfar ar úsáideoirí aiseolas a thabhairt maidir le cumhdach agus cáilíocht na faisnéise, an nós imeachta nó na seirbhíse cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar bhain siad úsáid as/aisti a mheasúnú. Baileofar an t-aiseolas sin le huirlis choiteann ar cheart don Choimisiún, na húdaráis inniúla agus na comhordaitheoirí náisiúnta rochtain a bheith acu uirthi. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le feidhmiúlachtaí coiteanna na n-uirlisí aiseolais úsáideoirí sin agus leis na socruithe mionsonraithe le haghaidh bhailiú agus chomhroinnt an aiseolais úsáideoirí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Maidir leis na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis, na príomhstaitisticí úsáideora agus an príomh-staidreamh úsáideoirí a bhailítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i bhfoirm anaithnid foramhairc, iad a fhoilsiú ar líne.

(66)

Ina theannta sin, leis an bpointe rochtana, ba cheart uirlis aiseolais a áireamh inar féidir leis na húsáideoirí a chumasú aon fhadhbanna nó deacrachtaí a dtagann siad orthu le linn dóibh a gcearta i ndáil leis an margadh inmheánach a fheidhmiú a chur in iúl go deonach agus gan ainm a thabhairt. Ba cheart breathnú ar an uirlis sin mar uirlis atá de bhreis ar na sásraí láimhseála gearán toisc nach féidir léi freagra pearsantaithe a thabhairt d’úsáideoirí. Ba cheart an t-ionchur a gheofar a chomhcheangal le faisnéis chomhiomlán ó sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna maidir leis na cásanna ar dhéileáil siad leo, arb é an toradh a bheadh air sin go gcruthófaí forbhreathnú ar an margadh inmheánach mar a fheiceann a chuid úsáideoirí é agus go sainaithneofaí réimsí deacrachta do ghníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ba cheart an réamhamharc sin a nascadh le huirlisí tuairiscithe atá ann cheana amhail scórchlár an mhargaidh aonair.

(67)

Ba cheart nach ndéanfaí difear leis an rialachán seo don cheart atá ag Ballstáit a chinneadh cé a chomhlíonfadh ról an chomhordaitheora náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann feidhmeanna agus freagrachtaí a gcomhordaitheoirí náisiúnta a oiriúnú, i ndáil leis an bpointe rochtana, dá struchtúir riaracháin inmheánacha. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann comhordaitheoirí náisiúnta breise a cheapadh chun cúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, ina n-aonair nó i bpáirt le comhordaitheoirí eile, a mbeadh freagracht aige as roinn ar leith sa chóras riaracháin, i gcomhair réigiún geografach, nó i gcomhréir le critéir eile. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aitheantas an chomhordaitheora náisiúnta aonair a cheapann siad le haghaidh teagmhálacha leis an gCoimisiún.

(68)

Ba cheart grúpa comhordaithe an phointe rochtana a bheidh comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus a bheidh faoi chathaoirleacht ag an gCoimisiún a bhunú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí obair le chéile chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht atá ann i gcur i láthair faisnéise, rud a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart na cuspóirí a leagtar amach sa chlár oibre bliantúil a chur san áireamh in obair an ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana, clár is ceart don Choimisiún a chur faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe lena mheas. Ba cheart an clár oibre bliantúil a bheith i bhfoirm treoirlínte nó moltaí nach mbeadh éifeacht cheangailteach acu ar na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe na Parlaiminte freastal ar chruinniú ghrúpa comhordaitheoirí an phointe rochtana.

(69)

Maidir le cé acu codanna den phointe rochtana a mhaoineofaí trí bhuiséad an Aontais agus cé acu codanna as a mbeadh na Ballstáit freagrach, ba cheart iad a shoiléiriú leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún cabhrú leis na Ballstáit bloic thógála in-athúsáidte TFC a aimsiú agus maoiniú a aimsiú freisin atá ar fáil trí chistí agus trí chláir éagsúla ar leibhéal an Aontais lena bhféadfaí cuidiú leis na costais a chumhdach a bhaineann le hoiriúnuithe agus le forbairtí TFC ar an leibhéal náisiúnta atá de dhíth chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart don bhuiséad atá de dhíth chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a bheith comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil is infheidhme.

(70)

Spreagtar na Ballstáit chun comhordú, malartú agus comhoibriú níos mó lena chéile chun a gcumais straitéiseacha, oibríochtúla, taighde agus forbartha a mhéadú i réimse na cibearshlándála, go háirithe trí chur chun feidhme na treorach maidir le slándáil líonra agus faisnéise, dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), chun slándáil agus stóinseacht a gcuid riaracháin phoiblí agus a seirbhísí poiblí a neartú. Spreagtar na Ballstáit chun cur le slándáil na n-idirbheart agus chun leibhéal leordhóthanach muiníne a áirithiú sna modhanna leictreonacha trí úsáid a bhaint as creat eIDAS agus go háirithe leibhéil dearbhaithe leordhóthanacha. Is féidir leis na Ballstáit bearta a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais chun an chibearshlándáil a chosaint agus calaois aitheantais nó cineálacha eile calaoise a chosc.

(71)

I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an Rialachán seo, ba cheart na bearta sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais i dtaca le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 . Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) Uimh. 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) freisin i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Faoi mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/679, is féidir leis na Ballstáit coinníollacha a choinneáil nó coinníollacha breise a thabhairt isteach, teorainneacha san áireamh, maidir le sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil, agus is féidir leo foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí maidir le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta.

(72)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cuíchóiriú na socruithe rialachais a chur chun cinn agus a éascú i gcomhair na seirbhísí a chumhdaítear leis an bpointe rochtana. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe rialachais atá ann cheana, agus iad a oiriúnú, nuair is gá, chun dúbláil agus neamhéifeachtúlachtaí a sheachaint.

(73)

Is é cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú go mbeidh ag úsáideoirí a oibríonn i mBallstáit eile rochtain ar líne ar fhaisnéis an Aontais agus faisnéis náisiúnta atá cuimsitheach, iontaofa, inrochtana agus intuigthe maidir le cearta, rialacha agus oibleagáidí, rochtain ar nósanna imeachta ar líne is féidir a fheidhmiú go hiomlán ar bhonn trasteorann agus rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir ina hionad sin, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(74)

Ionas go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na huirlisí a theastaíonn chun éifeacht a thabhairt don Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe an Rialacháin ó 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Ba cheart go dtabharfaí suas le 4 bliana do na húdaráis bhardasacha tar éis an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun an ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar i ndáil le rialacha, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna faoi chuimsiú a bhfreagrachta. Ba cheart go gcuirfí chun feidhme go hiomlán forálacha an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta atá le tairiscint go hiomlán ar líne, rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne agus an córas teicniúil don mhalartú fianaise uathoibríoch trasteorann i gcomhréir leis an bprionsabal “aon-uaire” 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí.

(75)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(76)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus thug sé tuairim an 1 Lúnasa 2017 2.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le:

(a)

pointe rochtana aonair digiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i dtaca le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b)

úsáid nósanna imeachta ag úsáideoirí trasteorann agus do chur chun feidhme an phrionsabail “aon-uaire” a bhaineann leis na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus le haghaidh na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(c)

tuairisc a thabhairt ar bhacainní sa mhargadh inmheánach, bunaithe ar aiseolas úsáideoirí agus staidreamh ó na seirbhísí a chumhdaítear leis an bpointe rochtana.

2.   I gcás ina dtagann an Rialachán seo salach ar fhoráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha den ábhar a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Aontais.

3.   Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar shubstaint aon nós imeachta a leagtar síos ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta i gceann ar bith de na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ná ní bheidh tionchar aige ar na cearta a dheonaítear trí na nósanna imeachta sin. Anuas ar sin ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar na bearta a ghlacfar i gcomhréir le dlí an Aontais chun an chibearshlándáil a chosaint agus an chalaois a chosc.

Airteagal 2

Bunú an phointe rochtana aonair digití

1.   Bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit pointe rochtana aonair dhigiteach (“an pointe rochtana”) i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuimseoidh an pointe rochtana comhéadan coiteann úsáideora, a bhainisteoidh an Coimisiún, (an comhéadan coiteann úsáideora), a bheidh comhtháthaithe isteach i dtairseach “An Eoraip Agatsa” agus lena dtugtar rochtain ar na suíomhanna gréasáin ábhartha de chuid an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta ábhartha.

2.   Leis an bpointe rochtana, tabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:

(a)

faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí atá ag feidhmiú a gceart faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b)

faisnéis faoi nósanna imeachta ar líne agus as líne agus naisc chuig nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear nósanna imeachta a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun go mbeidh ar chumas na n-úsáideoirí na cearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c)

faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, ar seirbhísí iad mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.   Beidh an comhéadan coiteann úsáideora ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “úsáideoir” duine ar bith is saoránach den Aontas, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, agus ar duine é a úsáideann an pointe rochtana chun an fhaisnéis, na nósanna imeachta nó na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a rochtain;

(2)

ciallaíonn “úsáideoir trasteorann” úsáideoir i gcúinsí nach bhfuil teoranta i ngach caoi laistigh de Bhallstát amháin;

(3)

ciallaíonn “nós imeachta” seicheamh gníomhartha nach mór d’úsáideoirí a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh nó chun cinneadh a fháil ó údarás inniúil le go mbeidh siad in ann na cearta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) a fheidhmiú;

(4)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás nó chomhlacht de chuid Ballstáit a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air maidir leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(5)

ciallaíonn “fianaise” aon doiciméad nó sonraí, lena n-áirítear téacs nó fuaim, taifeadadh amhairc nó closamhairc, beag beann ar an meán a úsáidtear, atá ag teastáil ó údarás inniúil chun fíricí a chruthú nó chun a chruthú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2).

CAIBIDIL II

SEIRBHÍSÍ POINTE ROCHTANA

Airteagal 4

Rochtain ar fhaisnéis

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanas ar a leathanaigh ghréasáin náisiúnta:

(a)

faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ón dlí náisiúnta;

(b)

faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go soláthróidh an tairseach An Eoraip Agatsa rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanassa tairseach aonair:

(a)

faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais;

(b)

faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar leibhéal an Aontais;

(c)

faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 5

Rochtain ar fhaisnéis nach n-áirítear in Iarscríbhinn I

1.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig faisnéis i réimsí nach liostaítear in Iarscríbhinn I atá á dtairscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ar choinníoll go dtiteann an fhaisnéis sin laistigh de raon feidhme an phointe rochtana mar a shainmhínítear í i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) agus go gcomhlíonann an fhaisnéis sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 9.

2.   Déanfar na naisc chuig an bhfaisnéis, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3).

3.   Sula ngníomhachtóidh an Coimisiún aon naisc, déanfaidh sé a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus rachaidh sé i gcomhairle le grúpa comhordaithe an phointe rochtana.

Airteagal 6

Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar aon nós imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus é a chur i gcrích go hiomlán ar líne ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta ábhartha sin bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Measfar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bheith go hiomlán ar líne i gcás inar féidir:

(a)

sainaithint, soláthar faisnéise, fianaise agus síniú a thabhairt agus an cur isteach deiridh a dhéanamh mar seo a leanas go ndéanfar é go leictreonach i gcéin, trí chainéal seirbhíse a chuireann ar chumas úsáideoirí na ceanglais uile a bhaineann leis an nós imeachta a chomhlíonadh ar bhealach atá soláimhsithe agus ar bhealach struchtúrtha;

(b)

ar bhealach a áirithíonn go seolfar admháil fála go huathoibríoch mura soláthrófar aschur an nós imeachta láithreach;

(c)

i gcás ina soláthrófar aschur an nós imeachta go leictreonach freisin, nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachadadh trí mhodhanna fisiceacha; agus

(d)

i gcás ina soláthrófar fógra leictreonach d’úsáideoirí maidir le cur i gcrích an nós imeachta.

3.   I gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo agus cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail i réimsí na slándála poiblí, na sláinte poiblí nó an chomhraic in aghaidh calaoise, i gcás nach féidir an cuspóir a shaothraítear a ghnóthú go hiomlán ar líne, is féidir leis na Ballstáit a cheangal ar úsáideoir teacht i láthair an údaráis inniúil go pearsanta mar chéim den nós imeachta. Sna cásanna eisceachtúla sin, teorannóidh na Ballstáit láithreacht fhisiciúil den sórt sin dá bhfuil fíor-riachtanach agus dá bhfuil údar léi go hoibiachtúil agus áiritheoidh siad gur féidir céimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach dtarlóidh idirdhealú i gcoinne úsáideoirí trasteorann mar thoradh ar cheanglais láithreachta fisiciúla.

4.   Maidir leis na cásanna ina bhféadfadh gá a bheith le láithreacht fhisiciúil le haghaidh na gcéimeanna nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus cásanna ina mbíonn seachadadh fisiceach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forais agus imthosca a bhaineann leo trí stór coiteann a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit eile air don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus tabharfaidh siad míniú orthu.

5.   Ní chuirfear, leis an Airteagal seo, cosc ar na Ballstáit deis a thabhairt d’úsáideoirí nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) a rochtain agus a chur i gcrích ar bhealaí eile freisin seachas ar líne, nó ar theagmháil a dhéanamh le húsáideoirí go díreach.

Airteagal 7

Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar líne trí chainéil éagsúla ag úsáideoirí, lena n-áirítear úsáideoirí trasteorann, ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2).

2.   Féadfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá á dtairiscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, diomaite de na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3) ar choinníoll go gcomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11 agus Airteagal 16.

3.   I gcás inar gás gá chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa phointe rochtana chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tairgeann an tseirbhís faisnéis nó cúnamh a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun na gcríoch a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus cuireann sí le seirbhísí atá sa phointe rochtana cheana féin;

(b)

tairgtear an tseirbhís saor in aisce nó ar phraghas atá inacmhainne ag micrifhiontair, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus saoránaigh; agus

(c)

comhlíonann an tseirbhís na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 16.

4.   I gcás inar mhol an comhordaitheoir náisiúnta go gcuirfí nasc isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus ina soláthraíonn sé an nasc sin i gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirfear isteach leis an nasc sin na coinníollacha i mír 3 den Airteagal seo, agus, má chomhlíontar, gníomhachtóidh sé an nasc.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirtear isteach na coinníollacha i mír 3, cuirfidh sé an comhordaitheoir náisiúnta ar an eolas faoi na cúiseanna nár gníomhachtaíodh an nasc.

Airteagal 8

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le hinrochtaineacht gréasáin

Déanfaidh an Coimisiún iad dá chuid suíomhanna agus leathanaigh gréasáin, trína dtugann sé rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7, níos inrochtana trí iad a dhéanamh inbhraite, inoibritheach, intuigthe agus stóinseach.

CAIBIDIL III

CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA

ROINN 1

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 9

Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha

1.   I gcás ina bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4, as rochtain a áirithiú ar fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá sí soláimhsithe, a chuirfidh ar chumas an úsáideora faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca;

(b)

tá sí cruinn agus cuimsitheach go leor ionas go gcumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus leis na hoibleagáidí is infheidhme;

(c)

tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;

(d)

tugtar ainm an údaráis inniúil nó an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;

(e)

tugtar sonraí teagmhála seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna, amhail uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí é don chineál seirbhísí atá á tairiscint agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;

(f)

tugtar dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis, más ann dó, nó i gcás nach ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis, an dáta foilsithe;

(g)

tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;

(h)

coinnítear cothrom le dáta í;

(i)

tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe.

2.   Cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 10

Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta

1.   Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá cuimsitheach go leor, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir maidir leis na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2):

(a)

céimeanna ábhartha an nós imeachta atá le comhlíonadh ag an úsáideoir, lena n-áirítear aon eisceacht faoi Airteagal 6(3) ar oibleagáid na mBallstát an nós imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne;

(b)

ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an nós imeachta, lena n-áirítear a shonraí teagmhála;

(c)

na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta;

(d)

cineál agus formáid na fianaise atá le cur isteach;

(e)

na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil go ginearálta i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla;

(f)

na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne;

(g)

aon spriocdhátaí atá le hurramú ag an úsáideoir nó ag an údarás inniúil agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama mheasta nó an mheántréimhse ama tháscaigh a bheadh de dhíth ar údarás inniúil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;

(h)

aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d’úsáideoirí de bharr, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin;

(i)

teanga bhreise ar bith inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.

2.   I gcás nach bhfuil aon socruithe intuigthe formheasa, socruithe tosta riaracháin nó socruithe comhchosúla ann, cuirfidh na húdaráis inniúla na húsáideoirí ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, faoi aon mhoill agus faoi aon fhadú spriocdhátaí nó faoi aon iarmhairtí na nithe sin.

3.   I gcás ina bhfuil an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d’úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad cheana féin, féadfar é a úsáid nó a athúsáid chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcumhdaíonn sé cás na n-úsáideoirí trasteorann, i gcás inarb infheidhme.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an míniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 11

Cáilíocht na faisnéise faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.   Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula gcuirfidh siad iarraidh isteach ar sheirbhís dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ar na nithe seo a leanas:

(a)

cineál, cuspóir agus torthaí ionchais na seirbhíse atá á tairiscint;

(b)

sonraí teagmhála na n-eintiteas atá freagrach as an tseirbhís amhail, uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí don chineál seirbhísí atá á tairiscint é agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;

(c)

na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;

(d)

aon spriocdhátaí is infheidhme atá le hurramú agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama, nó an t-am a mheastar a bheith de dhíth chun an tseirbhís a sholáthar;

(e)

aon teangacha bhreise inar féidir an iarraidh a chur isteach agus ar féidir í a úsáid i dteagmhálacha ina dhiaidh sin.

2.   Cuirfidh Ballstáit an míniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 12

Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis

1.   I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d’Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin don Choimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha an bhuiséid an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i pointe (c) d’Airteagal 32(1).

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar leis na téacsanna a chuirtear isteach le haghaidh aistriúcháin faoi mhír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis bhunúsach ar a laghad i ngach réimse a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, i gcás inar leor buiséid an Aontais atá le fáil, go gcumhdófar aon fhaisnéis, mínithe agus treoracha breise dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d’Airteagal 13(2), lena gcuirtear san áireamh na riachtanais is tábhachtaí atá ag úsáideoirí trasteorann. Cuirfidh na Ballstáit na naisc chuig faisnéis den sórt sin atá aistrithe ar fáil don stór nasc dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.   Beidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais arb í an teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais í. Mar eisceacht, i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha atá le haistriú mar ábhar spéise go príomha ag úsáideoirí trasteorann de thionscnamh ó Bhallstát eile, féadfaidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais atá in úsáid ag na húsáideoirí trasteorann sin mar mháthairtheanga.

4.   I gcás ina n-iarrann Ballstát aistriúchán i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais nach teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais é, tabharfaidh sé cúiseanna don iarraidh. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 maidir le rogha teanga eile den chineál sin, féadfaidh sé an iarraidh a dhiúltú agus an Ballstát a chur ar an eolas faoi na cúiseanna de.

ROINN 2

Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta ar líne

Airteagal 13

Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne

1.   I gcás ina bhfuil úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann nós imeachta, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) agus a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta, a rochtain agus a chur i gcrích ar líne, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an nós imeachta sin a rochtain agus a chur i gcrích ar líne ar bhealach neamh-idirdhealaitheach freisin, tríd an réiteach teicniúil céanna nó trí réiteach teicniúil eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar, maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas ar a laghad:

(a)

go mbeidh úsáideoirí in ann na treoracha a rochtain le haghaidh an nós imeachta a chur i gcrích i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an fhaisnéis is gá a chur isteach, lena n-áirítear i gcás nach ionann struchtúr faisnéise den sórt sin agus faisnéis den sórt céanna sa Bhallstát lena mbaineann;

(c)

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann, iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus doiciméid a shíniú nó a shéalú go leictreonach, mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(d)

go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann fianaise a sholáthar i bhformáid leictreonach ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus toradh na nósanna imeachta sin a fháil i bhformáid leictreonach i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(e)

i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun nós imeachta a chur i gcrích, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.

3.   I gcás nach gceanglaítear leis an nós imeachta sainaithint nó fíordheimhniú a dhéanamh go leictreonach mar a thagraítear dó i bpointe (c) de mhír 2 agus i gcás ina bhfuil cead ag na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta nó nósanna imeachta riaracháin is infheidhme glacadh le cóipeanna digitithe d’fhianaise neamhleictreonach ar aitheantas, amhail cártaí aitheantais nó pasanna, i ndáil le húsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad, glacfaidh na húdaráis sin, le cóipeanna digitithe den sórt sin i ndáil le húsáideoirí trasteorann.

Airteagal 14

Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”

1.   Chun críche fianaise a mhalartú le haghaidh na nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh malartú fianaise uathoibríoch idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla (“an córas teicniúil”).

2.   I gcás ina n-eisíonn údaráis inniúla, ina mBallstát féin agus i bhformáid leictreonach a fhágann gur féidir malartú uathoibrithe a dhéanamh, fianaise atá ábhartha maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad an fhianaise sin ar fáil do na húdaráis inniúla iarrthacha ó Bhallstáit eile freisin i bhformáid leictreonach lena lamhálfar malartú uathoibrithe.

3.   Déanfar an méid seo a leanas leis an gcóras teicniúil, go háirithe:

(a)

éascófar leis iarrataí ar fhianaise a phróiseáil ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir;

(b)

beifear in ann é a úsáid chun iarrataí a phróiseáil chun rochtain a fháil ar fhianaise nó chun fianaise a mhalartú;

(c)

beifear in ann é a úsáid chun fianaise a tharchur idir údaráis inniúla;

(d)

beidh an t-údarás inniúil iarrthach in ann é a úsáid chun an fhianaise a phróiseáil;

(e)

áiritheofar rúndacht agus sláine na fianaise leis;

(f)

tabharfar an fhéidearthachtdon úsáideoir réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise as a mbainfidh an t-údarás iarrthach úsáid agusroghnú dul ar aghaidh leis an malartú fianaise nó gan dul ar aghaidh leis;

(g)

áireofar leis ardleibhéal idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha eile atá ann cheana;

(h)

áiritheofar ardleibhéal slándála leis le haghaidh fianaise a tharchur agus a phróiseáil;

(i)

ní dhéanfar próiseáil ar fhianaise thar a bhfuil fíorghá leis go teicniúil don mhalartú fianaise, agus don tréimhse is gá chun na críche sin, agus don tréimhse sin amháin.

4.   Ní bheidh úsáid an chórais theicniúil éigeantach d’úsáideoirí agus ní cheadófar é ach amháin ar a iarraidh sin go follasach dóibh, mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta. Ceadófar do na húsáideoirí fianaise a thíolacadh ar mhodhanna eile lasmuigh den chóras teicniúil agus go díreach chuig an údarás inniúil iarrthach.

5.   Ní bheidh gá don fhéidearthacht a bheith ann réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise, mar a thagraítear dó i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo, i gcás na nósanna imeachta ina gceadaítear malartú trasteorann uathoibrithe fianaise gan a an réamhamharc sin a bheith ann faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme. Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthrú.

6.   Déanfaidh na Ballstáit an córas teicniúil atá ag feidhmiú go hiomlán a chomhtháthú mar chuid de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

7.   Ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir lena mbaineann, tugtha faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí, déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1 fianaise a iarraidh go díreach ó údaráis inniúla atá ag eisiúint fianaise i mBallstáit eile tríd an gcóras teicniúil. I gcomhréir le pointe (e) de mhír 3, cuirfidh na húdaráis inniúla eisiúna dá dtagraítear i mír 2 an fhianaise sin ar fáil tríd an gcóras céanna.

8.   Beidh an fhianaise a chuirfear ar fáil don údarás inniúil iarrthach teoranta don fhianaise sin a iarradh agus ní úsáidfidh an t-údarás sin í ach amháin chun críche an nós imeachta dár malartaíodh an fhianaise. Measfar an fhianaise arna malartú tríd an gcóras teicniúil, chun críocha an údaráis iarrthaigh inniúil, a bheith barántúil.

9.   Faoin 12 Meitheamh 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil a theastaíonn le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

10.   Ní bheidh feidhm ag mír1 go mír 8 maidir le nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais lena bhforáiltear maidir le sásraí difriúla le haghaidh malartú fianaise ach amháin i gcás ina gcomhtháthaítear an córas teicniúil is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo sna nósanna imeachta sin i gcomhréir le rialacha ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na nósanna imeachta sin.

11.   Beidh an Coimisiún agus gach Ballstáit freagrach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil, maoirseacht, faireachán agus bainistiú slándála a áirithiú ar na codanna faoi seach den chóras teicniúil.

Airteagal 15

Fianaise idir na Ballstáit a fhíorú

Más rud é, maidir leis an gcóras teicniúil, nó córais eile i gcomhair fianaise a mhalartú nó a fhíorú idir na Ballstáit, nach bhfuil siad ar fáil nó nach bhfuil siad infheidhme nó sa chás nach n-iarrann an t-úsáideoir úsáid an chórais theicniúil, comhoibreoidh na húdaráis inniúla trí Chóras Faisnéise an mhargaidh Inmheánaigh (IMI), i gcás inar gá chun fíordheimhniú a dhéanamh ar bharántúlacht na fianaise a chuireann úsáideoir faoi bhráid údarás inniúil i bhformáid leictreonach chun críche nós imeachta ar líne.

ROINN 3

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 16

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Maidir leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus na seirbhísí a áirítear sa phointe rochtana i gcomhréir le hAirteagal 7(2), (3) agus (4), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, de réir a n-inniúlachtaí faoi seach, go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a)

go gcuirfear ar fáil iad laistigh de thréimhse ama réasúnach agus castacht na hiarrata á cur san áireamh;

(b)

i gcás ina ndéantar síneadh a chur le spriocdhátaí, cuirtear na cúiseanna sin in iúl do na húsáideoirí roimh ré agus tugtar an spriocdháta nua dóibh;

(c)

i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun seirbhís a sholáthar, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.

ROINN 4

Faireachán cáilíochta

Airteagal 17

Faireachán cáilíochta

1.   Déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún faireachán, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhonn rialta i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an bpointe rochtana á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 13 agus in Airteagal 16. Is bunaithe ar na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a dhéanfar an faireachán.

2.   I gcás meath ar cháilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear i mír 1, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn na húdaráis inniúla, déanfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí agus a mharthanaí atá an meath sin, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)

comhordaitheoir náisiúnta ábhartha na tairsí a chur ar an eolas agus bearta ceartaitheacha a iarraidh;

(b)

gníomhartha molta a chur isteach lena phlé ag grúpa comhordaithe an phointe rochtana chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a fheabhsú;

(c)

litir ina ndéantar moltaí a sheoladh chuig an mBallstát lena mbaineann;

(d)

an fhaisnéis, an nós imeachta nó an tseirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a dhícheangal go sealadach ón bpointe rochtana.

3.   I gcás nach ndéanann seirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a gcuirtear naisc chuici ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(3) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 16 a chomhlíonadh go comhsheasmhach, nó nach gcomhlíonann sí riachtanais na n-úsáideoirí a thuilleadh, rud a léirítear leis na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir náisiúnta ábhartha agus, i gcás inar gá, le grúpa comhordaithe an phointe rochtana, an tseirbhís sin a dhícheangal ón bpointe rochtana.

CAIBIDIL IV

RÉITIGH THEICNIÚLA

Airteagal 18

Comhéadan coiteann úsáideora

1.   Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhéadan coiteann úsáideora ar fáil, atá comhtháite i dtairseach “An Eoraip Agatsa”, chun feidhmiú cuí an phointe rochtana a áirithiú.

2.   Leis an gcomhéadan coiteann úsáideora, tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna trí naisc a thabhairt chuig na suíomhanna nó leathanaigh gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirítear sa stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.   Ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena róil agus lena bhfreagrachtaí faoi seach, dá bhforáiltear in Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis faoi rialacha agus faoi cheanglais, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a eagrú agus a dhéanamh ar shlí a chuireann lena n-inaimsitheacht sa chomhéadan coiteann úsáideora.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an comhéadan coiteann úsáideora na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a)

beidh sé éasca le húsáid;

(b)

beidh sé inrochtana ar líne trí ghléasanna leictreonacha éagsúla;

(c)

déanfar é a fhorbairt agus a optamú do bhrabhsálaithe éagsúla gréasáin;

(d)

comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas maidir le hinrochtaineacht gréasáin: inbhraiteacht, inoibritheacht, intuigtheacht agus stóinseacht.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais idir-inoibritheachta chun feabhas a chur ar infhaighteacht na faisnéise faoi rialacha agus faoi oibleagáidí, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna tríd an gcomhéadan coiteann úsáideora. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 19

Stór do naisc

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, stór leictreonach nasc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a bhunú agus a chothabháil, a fhágfaidh go mbeifear in ann nascadh idir na seirbhísí sin agus an comhéadan coiteann úsáideora.

2.   Cuirfidh an Coimisiún ar fáil sa stór nasc, na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a bhainistítear ar leibhéal an Aontais, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.

3.   Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta ar fáil an stór do naisc ina mbeidh na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a mbainistíonn údaráis inniúla nó eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) iad, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.

4.   Nuair a cheadaítear sin leis an teicneolaíocht, féadfar soláthar na nasc, dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh go huathoibríoch idir córais theicniúla ábhartha na mBallstát agus an stór nasc.

5.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a áirítear sa stór do naisc ar fáil don phobal i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.

6.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta nach mbeidh aon dúbláil neamhriachtanach, bíodh sí iomlán nó páirteach, agus forluí, ar dóigh di mearbhall a chur ar úsáideoirí, ag na naisc chuig an bhfaisnéis agus na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a thairgtear tríd an bpointe rochtana.

7.   I gcás ina bhforáiltear, i bhforálacha eile de chuid dhlí an Aontais, maidir le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur ar fáil, féadfaidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta naisc chuig an bhfaisnéis sin a sholáthar chun ceanglais an Airteagail sin a chomhlíonadh.

Airteagal 20

An cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh

1.   Chun rochtain a éascú ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh úsáideoirí in ann iad a rochtain trí chuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna (“an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh”) atá ar fáil tríd an bpointe rochtana.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh a fhorbairt agus a bhainistiú agus cinnfidh sé an struchtúr agus an fhormáid nach mór an cur síos ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a sonraí teagmhála a sholáthar chun feidhmiú cuí an chuardaitheora choitinn seirbhísí cúnaimh a éascú.

3.   Soláthróidh na comhordaitheoirí náisiúnta an cur síos agus na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 2 don Choimisiún.

Airteagal 21

Freagrachtaí as feidhmchláir TFC lena dtacaítear leis an bpointe rochtana

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, infhaighteacht, faireachán, nuashonrú, cothabháil, slándáil agus óstáil na bhfeidhmchlár TFC agus na leathanach gréasáin seo a leanas:

(a)

an tairseach Eoraip Agatsa dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(b)

an comhéadan coiteann úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 18(1), lena n-áirítear an t-inneall cuardaigh nó aon uirlis eile TFC lenar féidir faisnéis ar an idirlíon agus seirbhísí a chuardach;

(c)

an stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19(1);

(d)

an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(e)

na huirlisí aiseolais úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 26(1).

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun na feidhmchláir TFC a fhorbairt.

2.   Beidh na Ballstáit freagrach as forbairt, infhaighteacht, faireachán, nuashonrú, cothabháil agus slándáil na bhfeidhmchlár TFC a bhaineann lena suíomhanna náisiúnta agus leis na leathanaigh ghréasáin atá á mbainistiú acu féin agus atá nasctha chuig an gcomhéadan coiteann úsáideora.

CAIBIDIL V

CUR CHUN CINN

Airteagal 22

Ainm, lógó agus lipéad cáilíochta

1.   Maidir leis an ainm a chuirfear in iúl agus a chuirfear chun cinn don phobal i gcoitinne, tabharfar “Your Europe” ar an bpointe rochtana.

Maidir leis an lógó lena gcuirtear an pointe rochtana in iúl agus lena gcuirtear é chun cinn don phobal i gcoitinne, is é an Coimisiún a chinnfidh é i ndlúthchomhar le grúpa comhordaithe an phointe rochtana, faoin 12 Meitheamh 2019 ar a dhéanaí

Déanfar lógó an phointe rochtana agus nasc don phointe rochtana infheicthe ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar an leibhéal náisiúnta atá nasctha leis an bpointe rochtana.

2.   D’fhonn a chruthú go bhfuiltear tar éis cloí leis na ceanglais cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, beidh ainm agus lógó an phointe rochtana ina lipéad cáilíochta freisin. Mar sin féin, ní úsáidfear lógó an phointe rochtana ach mar lipéad cáilíochta ag leathanaigh gréasáin agus ag suíomhanna gréasáin a áirítear sa stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19.

Airteagal 23

Cur chun cinn

1.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún feasacht ar an bpointe rochtana agus úsáid na tairsí chun cinn i measc saoránach agus gnólachtaí agus áiritheoidh siad go bhfuil an pointe rochtana agus a cuid faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna feiceálach don phobal agus gur féidir leis an bpobal iad a aimsiú go héasca trí innill chuardaigh a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a sholáthar.

2.   Comhordóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na gníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1 agus tagróidh siad don phointe rochtana agus úsáidfidh siad a lógó sna gníomhaíochtaí sin mar aon le haon ainmneacha branda eile, de réir mar is iomchuí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh an pointe rochtana so-aimsithe trí na suíomhanna gréasáin gaolmhara a bhfuil siad freagrach astu, agus go mbeidh naisc shoiléire chuig an gcomhéadan coiteann úsáideora ar fáil ar gach suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

4.   Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta an pointe rochtana chun cinn laistigh do na húdaráis náisiúnta.

CAIBIDIL VI

BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ

Airteagal 24

Staidreamh úsáideoirí

1.   Chun feidhmiúlacht an phointe rochtana a fheabhsú, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbaileofar staidreamh faoi chuairteanna úsáideoirí ar an bpointe rochtana agus faoi na leathanaigh ghréasáin a nascann an pointe rochtana chucu, ar bhealach a áiritheoidh anaithnideacht na n-úsáideoirí.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, soláthróirí na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus an Coimisiún líon, bunús agus ábhar na n-iarrataí ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a n-agaí freagartha a bhailiú agus a mhalartú agus léireofar na figiúirí mar fhigiúirí comhiomlána.

3.   An staidreamh a bhaileofar i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a bhfuil nasc ag an bpointe rochtana leo, áireofar ina measc na catagóirí sonraí seo a leanas:

(a)

sonraí maidir le líon, bunadh, agus cineál úsáideoirí an phointe rochtana;

(b)

sonraí maidir le roghanna úsáideoirí agus le turais úsáideoirí;

(c)

sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí réitigh fadhbanna.

Déanfar na sonraí sin a chur ar fáil don phobal i bhformáid oscailte, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos modh bailithe agus malartaithe an staidreamh úsáideora dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 25

Aiseolas ó úsáideoirí faoi sheirbhísí an phointe rochtana

1.   Chun faisnéis dhíreach a bhailiú ó úsáideoirí faoina shásta atá siad leis na seirbhísí a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana agus leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil inti, soláthróidh an Coimisiún uirlis aiseolais sholáimhsithe d’úsáideoirí an phointe rochtana a chuirfidh ar chumas úsáideoirí aiseolas a sholáthar, lena ligfear dóibh, díreach tar éis dóibh ceann ar bith de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a úsáid, tuairim gan ainm a chur in iúl maidir le cáilíocht agus infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana, leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil inti agus le cáilíocht agus infhaighteacht an chomhéadain choitinn úsáideora.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún a áirithiú gur féidir le húsáideoirí rochtain a bheith acu ar an uirlis sin dá dtagraítear i mír 1 ar gach leathanach gréasáin atá mar chuid den phointe rochtana.

3.   Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla agus ag na comhordaitheoirí náisiúnta ar an aiseolas ó úsáideoirí a bhailítear tríd an uirlis dá dtagraítear i mír 1 chun chríocha aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingítear anuas.

4.   Ní cheanglaítear ar na húdaráis inniúla rochtain a thabhairt d’úsáideoirí ar a gcuid leathanach gréasáin ar cuid den phointe rochtana iad ar an uirlis aiseolais dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina mbíonn uirlis aiseolais eile le feidhmíochtaí comhchosúla maidir leis an uirlis aiseolais dá dtagraítear i mír 1 ar fáil cheana ar a gcuid leathanach gréasáin chun críocha faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse. Baileoidh na húdaráis inniúla an taiseolas ó úsáideoirí a fhaightear trína n-uirlis aiseolais úsáideoirí féin agus roinnfidh siad é leis an gCoimisiún agus le comhordaitheoirí náisiúnta na mBallstát eile.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar rialacha síos maidir le bailiú agus comhroinnt an aiseolais ó úsáideoirí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 26

Tuairisciú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh

1.   Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

uirlis sholáimhsithe a sholáthar d’úsáideoirí an phointe rochtana chun aon bhacainní a dtagann siad orthu agus a gcearta i ndáil leis an margadh inmheánach á bhfeidhmiú acu a chur in iúl agus aiseolas a thabhairt fúthu ar bhonn anaithnid;

(b)

faisnéis chomhiomlánaithe a bhailiú ó na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá mar chuid den phointe rochtana maidir le hábhar na n-iarrataí agus freagraí.

2.   Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla, agus ag na comhordaitheoirí náisiúnta ar an aiseolas a bailíodh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún anailís agus imscrúdú ar na fadhbanna a tharraingíonn na húsáideoirí anuas de bhun an Airteagail seo agus tabharfaidh siad aghaidh orthu ar bhealach iomchuí nuair is féidir.

Airteagal 27

Forléargais achoimre ar líne

Maidir le forléargais achoimre ar na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 26(1), ar na príomhstaitisticí úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 24 agus ar an bpríomh-staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh an Coimisiún iad a fhoilsiú ar líne i bhfoirm anaithnid.

CAIBIDIL VII

RIALACHAS AN PHOINTE ROCHTANA

Airteagal 28

Comhordaitheoirí náisiúnta

1.   Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 7, 19, 20, 23 agus 25, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhú mar phointe teagmhála riaracháin i ndáil le gach ábhar a bhaineann leis an bpointe rochtana;

(b)

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 9 go go hAirteagal 16 a chur chun cinn laistigh d’údaráis inniúla náisiúnta;

(c)

a áirithiú go gcuirfear na moltaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) chun feidhme i gceart.

2.   Féadfaidh gach Ballstát, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin, comhordaitheoir amháin nó níos mó a cheapadh chun ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a liostaítear i mír 1 a dhéanamh, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin. Comhordaitheoir náisiúnta amháin do gach Ballstát a bheidh freagrach as gach teagmháil a dhéanfar leis an gCoimisiún i ndáil le gach ábhar a bhaineann leis an bpointe rochtana.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát eolas do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta.

Airteagal 29

An Grúpa Comhordaithe

Leis seo, bunaítear grúpa comhordaithe (“grúpa comhordaithe an phointe rochtana”). Beidh sé comhdhéanta de chomhordaitheoir náisiúnta amháin ó gach Ballstát agus déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún cathaoirleacht air. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. Soláthróidh an Coimisiún an rúnaíocht don ghrúpa.

Airteagal 30

Cúraimí ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana

1.   Tacóidh grúpa comhordaithe an phointe rochtana le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

malartú agus nuashonrú rialta ar na dea-chleachtais a éascú;

(b)

úsáid nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne a spreagadh, ar nósanna imeachta iad a théann thar a bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith le modhanna fíordheimhnithe, sainaitheantais agus sínithe ar líne, go háirithe iad mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(c)

feabhsuithe a phlé maidir le cur i láthair soláimhsithe faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25;

(d)

cuidiú leis an gCoimisiún réitigh choiteanna TCF a fhorbairt lena dtacófar leis an bpointe rochtana;

(e)

an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;

(f)

cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;

(g)

faisnéis bhreise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a phlé d’fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun faisnéis chomhchosúil a sholáthar, i gcás ina mbíonn sí ábhartha do na húsáideoirí;

(h)

cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 16, i gcomhréir le hAirteagal 17;

(i)

eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 6(1);

(j)

gníomhartha a phlé agus a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an bpointe rochtana a sheachaint nó a dhíothú;

(k)

tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta nó bearta chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;

(l)

cur i bhfeidhm phrionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a phlé i gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(m)

saincheisteanna a phlé a bhaineann le bailiú aiseolas agus staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, chun go ndéanfar na seirbhísí a thairgtear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú go leanúnach;

(n)

plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an bpointe rochtana;

(o)

dea-chleachtais a mhalartú agus cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), chun dea-fheidhmiú an chomhéadain choitinn úsáideora a chumasú;

(p)

cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(q)

obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais nó seirbhísí na líonraí faisnéise agus cúnaimh nó réitigh fadhbanna;

(r)

treoir a thabhairt maidir le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla breise an Aontais a úsáidfidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 9(2), 10(4) agus 11(2), agus pointe (a) d’Airteagal 13(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le grúpa chomhordaithe an phointe rochtana i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 31

Clár oibre bliantúil

1.   Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil ina sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

gníomhartha chun feabhas a chur le cur i láthair faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun cur chun feidhme tráthúil na gceanglas i dtaca le faisnéis a sholáthar ag údaráis inniúla ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an bhardais, a áirithiú,;

(b)

gníomhartha chun comhlíonadh Airteagal 6 agus Airteagal 13 a éascú;

(c)

gníomhartha a theastaíonn chun comhlíonadh comhsheasmhach na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 9 go hAirteagal 12 a áirithiú;

(d)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn an phointe rochtana i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   Le linn dó an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún an staidreamh úsáideoirí agus an t-aiseolas ó úsáideoirí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a chur san áireamh, chomh maith le haon mholtaí a rinne na Ballstáit. Sula nglacfar é, cuirfidh an Coimisiún an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid an ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana lena phlé.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Costais

1.   Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;

(b)

cur chun cinn an phointe rochtana ar leibhéal an Aontais;

(c)

faisnéis, míniúcháin agus treoracha i gcomhréir le hAirteagal 12 a aistriú laistigh d’uasmhéid bliantúil in aghaidh an Bhallstáit, gan dochar d’ath-leithdháileadh a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás inar gá sin chun gur féidir an buiséad a bheidh ar fáil a úsáid ina iomláine.

2.   Is ó bhuiséid na mBallstát faoi seach, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht an Aontais, a íocfar na costais a bhaineann le tairseacha gréasáin náisiúnta, ardáin faisnéise, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal na mBallstát.

Airteagal 33

Sonraí pearsanta a chosaint

Maidir le próiseáil na sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag údaráis inniúla comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 .

Airteagal 34

Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh

1.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, cinnfidh an Coimisiún cé na socruithe neamhfhoirmiúla rialachais atá ann cheana maidir le haon cheann de na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III nó maidir le haon cheann de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a mbeidh grúpa comhordaithe an phointe rochtana freagrach astu.

2.   I gcás inar cruthaíodh seirbhísí nó líonraí faisnéise agus cúnaimh le gníomh dlí-cheangailteach de chuid an Aontais maidir le haon cheann de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, comhordóidh an Coimisiún obair ghrúpa comhordaithe an phointe rochtana agus chomhlachtaí rialachais na seirbhísí nó na líonraí sin d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus dúbláil a sheachaint.

Airteagal 35

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

1.   Bainfear úsáid as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 15 agus i gcomhréir leo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh IMI a úsáid mar an stór leictreonach do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

Airteagal 36

Tuairisciú agus athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná 12 Nollaig 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú an phointe rochtana agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar an staidreamh agus ar an aiseolas arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26. San athbhreithniú sin, déanfar meastóireacht ar raon feidhme Airteagal 14 go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlí a bhaineann le malartú fianaise idir údaráis inniúla.

Airteagal 37

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 38

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:

“1.   Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:

(a)

comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.”;

(3)

in Airteagal 5, leasaítear an dara mír mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr,”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

ciallaíonn ‘gníomhaithe IMI’ na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;”;

(4)

in Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh”;

(5)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:

“4.   Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais, agus air sin amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.”;

(6)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (*1) dá réir.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 an 21.11.2018, lch. 39) .”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725].”;

(c)

scriostar mír 4;

(7)

in Airteagal 29, scriostar mír 1;

(8)

san Iarscríbhinn, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“11.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (*2): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1).

12.

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le phointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (*3): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19.

(*2)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1."

(*3)  IO L295, 21.11.2018, lch. 39”."

Airteagal 39

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 4, Airteagail 7 go 12, Airteagal 16, Airteagal 17, Airteagal 18(1) go (4), Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 24(1), (2) agus (3), Airteagal 25(1) go (4), Airteagal 26 agus Airteagal 27 ón 12 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 13, Airteagal 14(1) go (8) agus (10) agus Airteagal 15 ón 12 Nollaig 2023.

D’ainneoin dháta chur i bhfeidhm Airteagail 2, 9, 10 agus 11, cuirfidh na údaráis bhardasacha an fhaisnéis, na míniúcháin agus na treoracha dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar faoin 12 Nollaig 2022 ar a dheanaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 2 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2018.

(3)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lch. 21).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(6)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(7)  Moladh ón gCoimisiún 2013/461/AE an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10).

(8)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(9)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(10)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25).

(12)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/EC maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

(16)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(17)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 200, 26.7.2016, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (féach leathanach 39 den Iris Oifigiúil seo).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 agus lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh leibhéal ard coiteann slándála gréasán agus córas faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, Ich.1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)

Réimsí faisnéise a bhaineann le saoránaigh:

Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA A EASCRAÍONN AS DLÍ AN AONTAIS AGUS AS AN DLÍ NÁISIÚNTA

A.

Taisteal laistigh den Aontas

1.

doiciméid nach mór a bheith ag saoránaigh an Aontais, daoine muinteartha leo nach saoránaigh den Aontas iad, mionaoisigh atá ag taisteal ina n-aonar agus saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad nuair atá siad ag taisteal thar theorainneacha laistigh den Aontas (cárta aitheantais, víosa, pas)

2.

cearta agus oibleagáidí daoine agus iad ag taisteal ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge agus ar an mbus san Aontas agus amach as, agus cearta agus oibleagáidí daoine a cheannaíonn pacáistí taistil nó socruithe taistil gaolmhara

3.

cúnamh i gcás soghluaisteacht laghdaithe daoine agus iad ag taisteal san Aontas agus amach as

4.

iompar ainmhithe, plandaí, alcóil, tobac, toitíní agus earraí eile ag daoine agus iad ag taisteal san Aontas

5.

guthghlaonna a chur agus teachtaireachtaí leictreonacha agus sonraí leictreonacha a sheoladh agus a fháil laistigh den Aontas

B.

Obair agus scor laistigh den Aontas

1.

fostaíocht a lorg i mBallstát eile

2.

fostaíocht a ghlacadh i mBallstát eile

3.

aitheantas do cháilíochtaí d’fhonn fostaíocht a fháil i mBallstát eile

4.

cáin i mBallstát eile

5.

rialacha maidir le dliteanas agus le hárachas éigeantacha atá nasctha le cónaí nó fostaíocht i mBallstát eile

6.

téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear d’oibrithe ar postú, mar a sonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n-áirítear faisnéis maidir le huaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

7.

cóir chomhionann (rialacha a chuireann cosc ar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine)

8.

oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta

9.

cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le pinsin a fháil

C.

Feithiclí san Aontas

1.

mótarfheithicil a thabhairt go sealadach nó go buan chuig Ballstát eile

2.

ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan

3.

árachas mhótarfheithiclí éigeantach a ghlacadh

4.

mótarfheithicil a cheannach agus a dhíol i mBallstát eile

5.

rialacha náisiúnta tráchta agus ceanglais ar thiománaithe, lena n-áirítear rialacha ginearálta maidir le húsáid an bhonneagair bóthair náisiúnta: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), greamáin astaíochtaí

D.

Cónaí i mBallstát eile

1.

bogadh chuig Ballstát eile go sealadach nó go buan

2.

ceannach agus díol maoine dochorraithe, lena n-áirítear aon choinníollacha agus oibleagáidí a bhaineann le cánachas, úinéireacht nó úsáid maoine, lena n-áirítear mar áit chónaithe thánaisteach

3.

páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa

4.

ceanglais ar shaoránaigh an Aontais agus a ndaoine muinteartha maidir le cártaí cónaithe a bheith acu, lena n-áirítear daoine muinteartha nach saoránaigh den Aontas iad

5.

coinníollacha is infheidhme don eadóirseachta náisiúnaigh ó Bhallstát eile

6.

rialacha is infheidhme i gcás báis, lena n-áirítear rialacha maidir le haisdúichiú coirp chuig Ballstát eile

E.

Oideachas nó cúrsa oiliúna i mBallstát eile

1.

córas oideachais i mBallstát eile, lena n-áirítear oideachas agus cúram luath-óige, bunoideachas agus meánoideachas, ardoideachas agus foghlaim aosach

2.

obair dheonach a dhéanamh i mBallstát eile

3.

cúrsaí oiliúna i mBallstát eile

4.

taighde a dhéanamh i mBallstát eile mar chuid de chlár oideachais

F.

Cúram sláinte

1.

cóireáil leighis a fháil i mBallstát eile

2.

táirgí cógaisíochta ordaithe a cheannach ar líne nó go pearsanta i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar eisíodh an t-oideas

3.

rialacha árachais sláinte is infheidhme i gcás ghearrfhanacht nó fadfhanacht i mBallstát eile, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte

4.

creat ginearálta faisnéise maidir le cearta nó oibleagáidí rochtana chun rannpháirt a ghlacadh i mbearta cúraim sláinte coisctheacha poiblí atá ar fáil

5.

seirbhísí a sholáthraítear trí uimhreacha náisiúnta éigeandála, lena n-áirítear uimhir “112” agus uimhir “116”

6.

cearta agus coinníollacha le haghaidh bogadh chuig ionad cúraim chónaithe

G.

Cearta saoránach agus teaghlaigh

1.

breith, coimeád leanaí mionaoiseacha, freagrachtaí ar thuismitheoirí, rialacha maidir le máthairionadaíocht agus uchtáil, lena n-áirítear uchtáil ag an dara tuismitheoir, oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí in imthosca trasteorann teaghlaigh

2.

cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha comhghnéis (pósadh, páirtnéireacht shibhialta nó chláraithe, idirscaradh, colscaradh, cearta maoine pósta, cearta comhchónaitheoirí)

3.

rialacha maidir le haitheantas inscne

4.

cearta agus oibleagáidí maidir le comharbas i mBallstát eile, lena n-áirítear rialacha cánach

5.

cearta agus rialacha is infheidhme i gcás fuadach leanaí trasteorann arna dhéanamh ag tuismitheoir

H.

Cearta tomhaltóirí

1.

earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí (lena n-áirítear earraí agus seirbhísí airgeadais) a cheannach ar líne nó go pearsanta ó Bhallstát eile

2.

cuntas bainc a choimeád i mBallstát eile

3.

ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, diúscairt dramhaíola tí, teileachumarsáid agus an t-idirlíon

4.

íocaíochtaí, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa, moilleanna ar íocaíochtaí trasteorann

5.

cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí agus cúiteamh do thomhaltóirí

6.

sábháilteacht agus slándáil táirgí tomhaltais

7.

mótarfheithicil a thógáil ar cíos

I.

Cosaint sonraí pearsanta

1.

cearta na n-ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a fheidhmiú

Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:

Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA

J.

Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

1.

gnólacht a chlárú, a dhúnadh nó a chineál dlíthiúil a athrú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh)

2.

gnólacht a bhogadh chuig Ballstát eile

3.

cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)

4.

cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol

5.

saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne

6.

cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí

7.

imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí

8.

árachas creidmheasa

9.

cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol

10.

dliteanas sibhialta stiúrthóirí cuideachta

11.

rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil

K.

Fostaithe

1.

téarmaí fostaíochta a sonraítear síos i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil(lena n-áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

2.

cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)

3.

oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)

4.

cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine)

5.

rialacha maidir le hionadaíocht foirne

L.

Cánacha

1.

CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil

2.

dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críocha cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil

3.

dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear ó allmhairí

4.

nósanna imeachta custaim d’allmhairí agus d’onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais

5.

cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach

M.

Earraí

1.

comhartha CE a fháil

2.

rialacha agus ceanglais táirgí

3.

caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú

4.

aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais

5.

ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú do cheimiceáin ghuaiseacha

6.

ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile

7.

táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh do pháirtí díobhálaithe

8.

deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)

9.

athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola

N.

Seirbhísí

1.

ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn gnólacht a thosú agus a fheidhmiú

2.

fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann

3.

aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint

O.

Gnólacht a chistiú

1.

rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais

2.

rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta

3.

tionscnaimh atá dírithe ar fhiontraithe (malartuithe a eagraítear le haghaidh fiontraithe nua, cláir mheantóireachta, etc.)

P.

Conarthaí poiblí

1.

páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta

2.

tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí

3.

neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana

Q.

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

1.

oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n-áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint


IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)

Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Breith

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le clárú breithe

Cruthúnas maidir le clárú breithe nó teastas breithe

Cónaí

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le cónaí

Deimhniú de chlárú ag an seoladh reatha

Staidéar a dhéanamh

Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir don oideachas treasach, amhail deontais agus iasachtaí staidéir ó chomhlacht poiblí nó ó institiúid phoiblí

Cinneadh faoin iarratas ar mhaoiniú nó admháil fála

Iarratas tosaigh a thíolacadh ar chead isteach in institiúid oideachais triú léibhéal phoiblí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Aitheantas acadúil a iarraidh i gcás dioplómaí, teastas nó cruthúnas eile staidéir nó cúrsaí

Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas

Obair

Iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1)

Cinneadh maidir le reachtaíocht infheidhme

Fógra a thabhairt maidir le hathruithe i gcúinsí pearsanta nó gairmiúla an té a fhaigheann sochair slándála sóisialta, a bheidh ábhartha i dtaca leis na sochair sin

Deimhniú go bhfuarthas fógra faoi athruithe den sórt sin

Iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Dearbhú cánach ioncaim a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Bogadh

Athrú ar sheoladh a chlárú

Deimhniú maidir leis an seoladh a bhí ag duine roimhe seo a dhíchlárú agus maidir leis an seoladh nua a chlárú

Mótarfheithicil de thionscnamh nó atá cláraithe cheana féin i mBallstát, a chlárú, i nósanna imeachta caighdeánacha (2)

Cruthúnas ar mhótarfheithicil a chlárú

Greamáin a fháil chun críocha an bonneagar bóithre náisiúnta a úsáid: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán dola nó greamán nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Greamáin astaíochtaí a fháil arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán astaíochtaí nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Dul ar scor

Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna éigeantacha

Deimhniú ar fháil an éilimh nó cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir

Faisnéis a iarraidh maidir leis na sonraí a bhaineann le pinsean ó scéimeanna éigeantacha

Ráiteas de shonraí pearsanta pinsin

Gnólacht a thosú, a choiméad ar bun agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an fógra

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(2)  Cumhdaítear leis seo na feithiclí seo a leanas: (a) aon mhótarfheithicil nó leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1) agus (b) aon mhótarfheithicil ar a bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, ar feithicil í atá beartaithe chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).


IARSCRÍBHINN III

Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)

(1)

Ionaid ilfhreastail (1)

(2)

Pointí Teagmhála do Tháirgí (2)

(3)

Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta (3)

(4)

Lárionaid chúnaimh náisiúnta um cháilíochtaí gairmiúla (4)

(5)

Pointí Teagmhála don tSláinte (5)

(6)

Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES(6)

(7)

Réiteach díospóide ar líne (ODR(7)


(1)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lch. 21).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(4)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(5)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(6)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar-líne le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).