28.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


TREOIR (AE) 2018/1808 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is in 2007, tráth ar glacadh Treoir 2007/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a rinneadh an leasú substainteach deireanach ar Threoir 89/552/CEE ón gComhairle (5), a códaíodh ina dhiaidh sin le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ó shin i leith, tá forás suntasach pras tagtha ar mhargadh sheirbhísí na meán closamhairc i ngeall ar an gcóineasú leanúnach atá á dhéanamh ar sheirbhísí teilifíse agus seirbhísí idirlín. Fágann forbairtí teicniúla gur féidir le cineálacha nua seirbhísí agus eispéireas úsáideora teacht chun cinn. Tá athrú suntasach tagtha ar nósanna féachana, go háirithe i measc na n-óg. Cé gur gaireas tábhachtach i gcónaí é an príomhscáileán teilifíse don eispéireas closamhairc, tá go leor den lucht féachana i ndiaidh bogadh ar aghaidh agus is ar ghairis eile, gairis atá iniompartha, a bhíonn siad ag féachaint ar inneachar closamhairc. Is ar an teilifís traidisiúnta i gcónaí a chaitear sciar mór den mheán-am féachana.

Mar sin féin, tá cineálacha nua inneachair, amhail gearrthóga físe nó inneachar ó úsáideoirí ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí, agus faoin am seo, tá bunús maith ar ghníomhaithe nua, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán. Leis an gcóineasú sin ar na meáin, tá gá le creat dlíthiúil nuashonraithe chun forbairtí sa mhargadh a léiriú agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir rochtain ar sheirbhísí inneachair ar líne, cosaint tomhaltóirí agus iomaíochas.

(2)

Ar an 6 Bealtaine 2015, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal A Digital Single Market Strategy for Europe (Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip)inar fhógair sé go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoir 2010/13/AE.

(3)

Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2010/13/AE i gcónaí ach amháin maidir leis na seirbhísí sin arb é is príomhchuspóir leo cláir a sholáthar chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil. Ba cheart a mheas gur comhlíonadh an ceanglas maidir leis an bpríomhchuspóir más rud é gur féidir an t-inneachar closamhairc agus an fhoirm chlosamhairc atá mar chuid den tseirbhís a dhealú ó phríomhghníomhaíocht an tsoláthraí seirbhíse, amhail codanna neamhspleácha de nuachtáin ar líne ina mbíonn cláir chlosamhairc nó físeáin ó úsáideoirí, i gcás inar féidir a mheas gur féidir na codanna sin a dhealú ó phríomhghníomhaíocht na nuachtán. Ba cheart a mheas nach bhfuil i seirbhís ach comhlánú ar an bpríomhghníomhaíocht, nach féidir a dhealú uaithi, mar thoradh ar na naisc idir an tairiscint chlosamhairc agus an phríomhghníomhaíocht amhail nuacht a chur ar fáil i scríbhinn. Mar sin, is féidir cainéil nó aon seirbhísí closamhairc eile atá faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí, féadfaidh siad féin a bheith ina seirbhísí meán closamhairc, fiú amháin má thairgtear iad ar ardán comhroinnte físeán arb í an tsaintréith is mó a ghabhann leis an easpa freagrachta eagarthóireachta. Sna cásanna sin, is faoi na soláthraithe ar a bhfuil freagracht eagarthóireachta a bheidh sé Treoir 2010/13/AE a chomhlíonadh.

(4)

Trí mheán seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, soláthraítear inneachar closamhairc agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine sa phobal i gcoitinne — daoine óga go háirithe— a bhfuil rochtain acu air. Is fíor an méid sin freisin maidir le seirbhísí meán sóisialta ar meáin thábhachtacha iad chun faisnéis a roinnt, siamsaíocht agus oideachas a chur ar fáil, lena n-áirítear rochtain a sholáthar ar chláir agus ar fhíseáin ó úsáideoirí. Is gá na seirbhísí meán sóisialta sin a chur san áireamh i raon feidhme Rialachán 2010/13/AE toisc go bhfuil siad in iomaíocht le seirbhísí meán closamhairc do na pobail mheáin chéanna agus don ioncam céanna. Ina theannta sin, bíonn tionchar suntasach acu mar tugann sé deis d'úsáideoirí tuairimí úsáideoirí eile a mhúnlú agus dul i bhfeidhm orthu. Dá bhrí sin, d'fhonn leanaí mionaoiseacha a chosaint ar inneachar díobhálach agus gach saoránach a chosaint ar ghríosú chun fuatha, ar fhoréigean agus ar sceimhlitheoireacht, ba cheart na seirbhísí sin a chumhdach le Treoir 2010/13/AE a mhéid a chomhlíonfar an sainmhíniú ar sheirbhís ardáin comhroinnte físeán.

(5)

Cé nach é an aidhm atá ag Treoir 2010/13/AE seirbhísí meán sóisialta a rialáil iontu féin, ba cheart seirbhísí meán sóisialta a chumhdach más í feidhmiúlacht fhíor-riachtanach de chuid na seirbhíse sin cláir agus físeáin a dhéanann úsáideoirí a sholáthar. Ba cheart soláthar clár agus físeáin a rinne úsáideoirí a mheas mar fheidhmiúlacht fhíor-riachtanach de sheirbhís meán sóisialta mura gné choimhdeach nó cuid bheag é an t-inneachar closamhairc de ghníomhaíochtaí na seirbhíse meán sóisialta sin. Chun a áirithiú gur soiléir, éifeachtach, comhsheasmhach a bheidh an cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, treoirlínte a eisiúint, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil chritéir feidhmiúlachta fíor-riachtanaí an tsainmhínithe ar “seirbhís ardáin comhroinnte físeán”. Ba cheart na treoirlínte sin a dhréachtú ag féachaint go cuí do chuspóirí leasa phoiblí ghinearálta atá le baint amach leis na bearta a bheidh le déanamh ag soláthraithe seirbhísí ardán comhroinnte físeán agus don cheart chun tuairimí a nochtadh.

(6)

Nuair is cuid in-dhícheangailte de sheirbhís í an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán, chun críocha Threoir 2010/13/AE, níor cheart ach an chuid sin den tseirbhís a chumhdach leis an Treoir sin agus i leith cláir agus físeáin a rinne úsáideoirí amháin. Níor cheart gearrthóga físe a leabaítear in inneachar eagarthóireachta leaganacha leictreonacha de nuachtáin ná d'irisleabhair ná íomhánna beo amhail GIFeanna a chumhdach le Treoir 2010/13/AE. Níor cheart gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, amhail inneachar closamhairc ar shuímh ghréasáin phríobháideacha agus ar shuímh neamhthráchtála pobal leasmhar a sholáthar, a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís ardáin comhroinnte físeán.

(7)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear Treoir 2010/13/AE chun feidhme go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbunódh agus go gcoinneodh na Ballstáit taifead cothrom le dáta ar sholáthraithe seirbhíse na meán agus ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán atá faoina ndlínse, agus go roinnfidís na taifid sin go tráthrialta leis na húdaráis nó leis na gcomhlachtaí inniúla neamhspleácha rialála agus leis an gCoimisiún. Ba cheart a áireamh sna taifid sin faisnéis faoi na critéir ar a mbunaítear dlínse.

(8)

D'fhonn dlínse a bhunú is gá measúnú a dhéanamh ar chásanna fíorasacha ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i dTreoir 2010/13/AE. D'fhéadfadh go dtiocfadh torthaí an mheasúnaithe ar na cásanna fíorasacha sin salach ar a chéile. Agus na nósanna imeachta maidir le comhar dá bhforáiltear sa Treoir sin á gcur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Coimisiún a thorthaí a bhunú ar fhíorais iontaofa. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht do Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) tuairimí a thabhairt maidir le dlínse, arna iarraidh sin don Choimisiún. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, le linn dó na nósanna imeachta comhair sin a chur i bhfeidhm, dul i gcomhairle le ERGA, ba cheart dó an Coiste Teagmhála a chur ar an eolas, lena n-áirítear faoi fhógra arna fháil ó Bhallstáit de bhun na nósanna imeachta maidir le comhar, agus faoi thuairim ERGA.

(9)

Ba cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le srian a chur ar an tsaoirse seirbhísí meán closamhairc a sholáthar agus a fháil, ba cheart iad a bheith mar an gcéanna do sheirbhísí líneacha agus do sheirbhísí neamhlíneacha araon.

(10)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt”), féadfar srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthaítear faoin gConradh mar gheall ar chúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí ghinearálta, amhail ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, ar choinníoll go bhfuil údar lena leithéid de shrianta, go bhfuil siad comhréireach agus riachtanach. Dá bhrí sin, ba cheart Ballstát a bheith in ann bearta áirithe a ghlacadh chun a áirithiú go n-urramófar a rialacha cosanta tomhaltóirí nach dtagann faoi na réimsí arna gcomhordú le Treoir 2010/13/AE. Níor mhór údar a bheith ag bearta a ghlacfadh Ballstát chun a chóras náisiúnta cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear maidir le fógraíocht ar chearrbhachas, níor mhór go mbeidís i gcomhréir leis an gcuspóir a fhéachtar lena shaothrú agus go mbeidís riachtanach de réir mar a cheanglaítear faoi chásdlí na Cúirte. I gcás ar bith, ní mór nach nglacfaidh Ballstát is faighteoir bearta a chuirfeadh cosc ar chraoltaí teilifíse den sórt sin a athchraoladh ina chríoch.

(11)

Agus fógra á thabhairt don Choimisiún ag Ballstát go bhfuil soláthraí seirbhíse meán tar éis é féin a bhunú sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige, d'fhonn dul timpeall ar rialacha is déine sna réimsí atá á gcomhordú le Treoir 2010/13/AE, a bheadh infheidhme maidir leis an soláthraí sin dá mbeadh sé bunaithe sa Bhallstát a thugann fógra, ba cheart don Bhallstát sin fianaise inchreidte chuí-réasúnaithe a thabhairt ar aird. Ba cheart tacar fíricí comhthacaíocha a mhionsonrú san fhianaise sin lena bhféadfaí a bhunú go ndearnadh an dul timpeall sin.

(12)

Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Better Regulation for Better Results – an EU Agenda [Rialáil Níos Fearr le haghaidh Torthaí Níos Fearr – Clár Oibre de chuid an Aontais], chuir an Coimisiún i bhfáth, agus é ag smaoineamh ar réitigh bheartais, go mbreithneodh sé modhanna rialála agus modhanna neamhrialála araon, ar modhanna iad a mhúnlaítear ar an gComhphobal cleachtais agus ar na Prionsabail maidir le Féinrialáil agus le Comhrialáil Níos Fearr. Roinnt de na cóid iompair a bunaíodh sna réimsí a chomhordaítear le Treoir 2010/13/AE, is léir gur dearadh go maith iad, i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Féinrialáil agus le Comhrialáil Níos Fearr. Measadh go raibh sé tábhachtach cúltaca reachtaíochta a bheith ann le go ndéantar comhlíonadh cóid maidir le féinrialáil nó cóid maidir le comhrialáil a chur chun cinn go rathúil. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbunófaí le cóid den sórt sin spriocanna agus cuspóirí sonracha lena bhféadfaí faireachán agus measúntóireacht rialta thrédhearcach neamhspleách a dhéanamh ar chuspóirí na gcód iompair. Ba cheart a fhoráil sna cóid iompair d'fhorfheidhmiú éifeachtach freisin. Ba cheart do na cóid maidir le féinrialáil agus maidir le comhrialáil a ghlactar sna réimsí a chomhordaítear le Treoir 2010/13/AE na prionsabail seo a leanúint.

(13)

Is léir ón taithí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag ionstraimí féinrialála agus comhrialála araon, arna gcur chun feidhme i gcomhréir le traidisiúin éagsúla na mBallstát, chun ardleibhéal cosanta a thabhairt do thomhaltóirí. Is mó an éifeacht a bhíonn ag bearta atá dírithe ar chuspóirí leasa phoiblí ghinearálta a bhaint amach san earnáil éiritheach do sheirbhísí na meán closamhairc más le tacaíocht ghníomhach na soláthraithe seirbhísí féin a dhéantar iad.

(14)

Is cineál tionscnaimh dheonaigh í an fhéinrialáil lena gcuirtear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachais treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh eatarthu féin agus leo féin. Is iad a bhíonn freagrach as forbairt, faireachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh na dtreoirlínte sin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis na traidisiúin dhlíthiúla éagsúla acu, aitheantas a thabhairt don ról a d'fhéadfadh féinrialáil éifeachtach a imirt mar chomhlánú ar na sásraí reachtacha, breithiúnacha agus riaracháin atá ann agus don mhéid a chuireann an fhéinrialáil le cuspóirí Threoir 2010/13/AE a bhaint amach. Mar sin féin, cé gur modh comhlántach í an fhéinrialáil chun forálacha áirithe de chuid Threoir 2010/13/AE a chur chun feidhme, níor cheart féachaint uirthi mar ní ar féidir a chur in ionad oibleagáidí an reachtóra náisiúnta. Tugann an chomhrialáil, ina foirm íosta, nasc dlíthiúil idir an fhéinrialáil agus an reachtóir náisiúnta i gcomhréir le traidisiúin dhlíthiúla na mBallstát. Sa chomhrialáil, roinntear an ról rialála idir na geallsealbhóirí agus an rialtas nó na húdaráis náisiúnta rialála agus/nó comhlachtaí náisiúnta rialála. Áirítear ar ról na n-údarás poiblí ábhartha aitheantas a thabhairt don scéim comhrialála, iniúchadh a dhéanamh ar phróisis agus ar chistiú na scéime. Ba cheart don chomhrialáil a cheadú go bhféadfaí idirghabháil stáit a bheith ann i gcás nach mbainfí a cuspóirí amach. Gan dochar d'oibleagáidí foirmiúla na mBallstát maidir le trasuí, spreagtar le Treoir 2010/13/AE úsáid na féinrialála agus na comhrialála. Níor cheart dó seo oibleagáid a chur ar na Ballstáit córais fhéinrialála nó chomhrialála, nó iad ar aon, a bhunú, nó níor cheart dó cur isteach ar thionscnaimh chomhrialála atá ann cheana sna Ballstáit atá ag feidhmiú go héifeachtach, nó córais mar sin a chur i mbaol.

(15)

Tá baint dhíreach ag trédhearcacht úinéireacht na meán le saoirse tuairimí a nochtadh, ar bunchloch de bunchlocha na gcóras daonlathach í. De bhrí go mbíonn an úinéireacht i gceannas ar an ábhar a sholáthraítear nó go dtéann sí go mór i bhfeidhm air, cuireann faisnéis faoin struchtúr úinéireachta a bhaineann le soláthraithe seirbhíse meán ar chumas úsáideoirí cinneadh eolach a dhéanamh i dtaca leis an ábhar a sholáthraíonn an tseirbhís. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh ar cheart go mbeadh rochtain ag úsáideoirí ar fhaisnéis faoi struchtúr úinéireachta sholáthraí seirbhíse meán agus a mhéid a bheadh an rochtain sin acu, ar choinníoll go n-urramaítear éirim na gceart agus na saoirsí bunúsacha lena mbaineann agus go bhfuil a leithéid de bhearta riachtanach agus comhréireach.

(16)

Mar gheall ar chineál sonrach seirbhísí meán closamhairc, go háirithe tionchar na seirbhísí sin ar an tslí a dtagann daoine ar thuairimí, tá leas dlisteanach ag úsáideoirí a bheith ar an eolas i ndáil le cé atá freagrach as inneachar na seirbhísí sin. D'fhonn saoirse tuairimí a nochtadh, agus ag teacht as sin, iolrachas na meán a chur chun cinn agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint, tá sé tábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh rochtain fhurasta, dhíreach ag úsáideoirí ar fhaisnéis faoi soláthraithe seirbhísí meán aon am is mian leo. Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé cinneadh a dhéanamh, go háirithe i dtaca leis an bhfaisnéis a fhéadfar a sholáthar i ndáil le struchtúr úinéireachta agus úinéirí tairbhiúla.

(17)

D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú agus d'fhonn cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí agus d'údaráis na mBallstát, ba cheart an coincheap “gríosú chun foréigin nó fuatha” a thuisicint de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle (7).

(18)

I bhfianaise na héabhlóide atá tagtha ar na modhanna a úsáidtear chun inneachar a scaipeadh trí líonraí cumarsáide leictreonaí, tá sé tábhachtach an pobal i gcoitinne a chosaint ar ghríosú chun foréigin. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú le Treoir 2010/13/AE nach mbeidh briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh le fáil i seirbhísí na meán closamhairc. D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú agus d'fhonn cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí agus d'údaráis na mBallstát, ba cheart an coincheap “briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh” a thuiscint de réir bhrí Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

D'fhonn an lucht féachana, lena n-áirítear tuismitheoirí agus mionaoisigh, a chumhachtú chun cinntí feasacha a dhéanamh maidir leis an inneachar ar a bhféachfar, is gá go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí meán faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, le córas de thuairisceoirí inneachair, le rabhadh fuaimiúil, le siombail amhairc nó le haon mheán eile lena gcuirfí síos ar chineál an inneachair.

(20)

Ba cheart na bearta iomchuí do mhionaoisigh a chosaint a chuirtear i bhfeidhm maidir le seirbhísí craolta teilifíse a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí meán closamhairc ar éileamh chomh maith. Ba cheart go méadódh sin leibhéal na cosanta. A bhuí leis an gcur chuige comhchuibhithe íosta is féidir leis na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta a fhorbairt d'inneachar a chuirfeadh isteach ar fhorbairt coirp, meabhrach ná mhorálta mionaoiseach. Maidir leis an inneachar is díobhálaí, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach, ach nach gá gur cion coiriúil a bheadh i gceist leis, ba cheart an t-inneachar sin a bheith faoi réir na mbeart is déine amhail incriptiú agus rialuithe éifeachtacha tuismitheoirí, gan dochar do bhearta níos déine a bheith á nglacadh ag na Ballstáit.

(21)

Aithnítear i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) go bhfuil cosaint ar leith tuillte ag leanaí i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Nuair a chuireann soláthraithe seirbhísí na meán sásraí cosanta leanaí ar bun, is é an toradh dosheachanta air sin go ndéanfar sonraí pearsanta mionaoiseach a phróiseáil. Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm le sásraí mar sin leanaí a chosaint, níor cheart sonraí pearsanta mionaoiseach a dhéantar a phróiseáil i gcreat bearta teicniúla cosanta leanaí a úsáid chun críocha tráchtála.

(22)

Is ceanglas fíor-riachtanach é go ndéanfaí an inrochtaineacht a áirithiú ar inneachar closamhairc i gcomhthéacs na ngealltanas a glacadh faoi Choinbhinsiún Chearta Daoine faoi Mhíchumas na Náisiún Aontaithe. I gcomhthéacs Threoir 2010/13/AE, ba cheart an téarma “daoine faoi mhíchumas” a léiriú i bhfianaise chineál na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir sin, ar seirbhísí meán closamhairc iad. Tá nasc idir an ceart atá ag daoine a bhfuil lagú orthu agus ag daoine scothaosta páirt a ghlacadh agus a bheith lánpháirteach i saol sóisialta agus cultúrtha an Aontais agus seirbhísí meán closamhairc a bheith ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, gan moill mhíchuí, go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí meán atá faoina ndlínse iarracht ghníomhach le go mbeadh inneachar inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe daoine a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu. Ba cheart na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh trí phróiseas forásach leanúnach, agus na srianta praiticiúla dosheachanta á gcur san áireamh a d'fhéadfadh a bheith ina gcosc ar an inrochtaineacht iomlán, amhail cláir nó imeachtaí a chraoltar i bhfíor-am. D'fhonn an dul chun cinn a rinne soláthraithe seirbhíse meán i dtaca le seirbhísí a chur ar fáil diaidh ar ndiaidh do dhaoine atá faoi mhíchumas amhairc nó éisteachta a thomhas, ba cheart do na Ballstáit a éileamh ar sholáthraithe seirbhísí meán a bunaíodh ar a gcríoch tuairisciú a dhéanamh dóibh ar bhonn rialta.

(23)

Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na bealaí chun inrochtaineacht seirbhísí meán closamhairc a bhaint amach faoi Threoir 2010/13/AE, ach ní gá go mbeadh sin teoranta dóibh sin amháin: teanga chomharthaíochta, fotheidealú do dhaoine bodhra agus daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu, fotheidil labhartha, agus trácht-tuairisc. Mar sin féin, ní chumhdaíonn an Treoir sin gnéithe nó seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc, ná gnéithe inrochtaineachta treoracha leictreonacha clár (EPGanna). Dá bhrí sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó inrochtaineacht na seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc a chomhchuibhiú, amhail suímh ghréasáin, feidhmchláir ar líne agus EPGanna, nó do sholáthar faisnéise maidir le hinrochtaineacht agus i bhformáidí inrochtana.

(24)

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé nach mbeifí in ann faisnéis éigeandála a chur ar fáil ar bhealach a mbeadh rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas uirthi. Níor cheart go gcuirfeadh dálaí eisceachtúla den chineál sin bac ar fhaisnéis éigeandála a sholáthar don phobal trí sheirbhísí na meán closamhairc áfach.

(25)

Ní dochar Treoir 2010/13/AE do chumas na mBallstát oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú, maidir le hinneachar lena ngabhann leas coiteann faoi chuspóirí sainithe maidir le leas coiteann amhail iolrachas na meán, saoirse cainte agus éagsúlacht chultúrtha, go mbeidh suntasacht iomchuí aige. Níor cheart na hoibleagáidí sin a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil gá leo chun cuspóirí maidir le leas coiteann a bhaint amach, ar cuspóirí iad a shainigh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás ina gcinneann na Ballstáit rialacha maidir le suntasacht iomchuí a fhorchur, níor cheart dóibh ach oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais, ar mhaithe le breithnithe dlisteanacha beartais poiblí.

(26)

D'fhonn freagracht eagarthóireachta sholáthraithe seirbhísí na meán agus an slabhra luacha closamhairc a chosaint, tá sé fíor-riachtanach a bheith in ann sláine na gclár agus sláine sheirbhísí na meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí na meán a ráthú. Níor cheart cláir agus seirbhísí na meán closamhairc a tharchur i bhfoirm ghiorraithe, a athraithe nó bhriste, nó gan iad a bheith á bhforleagan chun críocha tráchtála, gan toiliú sainráite ó sholáthraithe seirbhísí na meán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gá toiliú an tsoláthraí seirbhíse meán le haghaidh forleagan a thionscain nó a d'údaraigh faighteoir na seirbhíse le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail forleagan a tharlaíonn de bharr seirbhísí cumarsáide aonair. Níor cheart eilimintí rialaithe comhéadan úsáideora atá riachtanach chun an gléas a oibriú nó chun clár a aimsiú, amhail rialtáin fuaime, feidhmeanna cuardaigh, roghchlár nascleanúna nó liostaí na mbealaí, a chumhdach. Níor cheart forleagan dlisteanach amhail faisnéis riosca an leasa phoiblí ghinearálta i gcoitinne, faisnéis leasa phoiblí, fotheidil nó forleaganacha faisnéise tráchtála a chuireann soláthraí seirbhísí na meán ar fáil a chumhdach ach oiread. Gan dochar d'Airteagal 3(3) de Rialachán 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), níor cheart teicnící comhbhrúite sonraí lena laghdaítear méid an chomhaid sonraí agus teicnící eile chun an tseirbhís a chur in oiriúint do na modhanna dáileacháin, amhail gléine agus códú, gan aon mhodhnú ar an inneachar, a chumhdach ach an oiread.

Ba cheart bearta chun sláine chlár nó seirbhísí na meán closamhairc a chosaint a fhorchur i gcás ina bhfuil gá leo chun cuspóirí maidir le leas coiteann a bhaint amach, ar cuspóirí iad a shainigh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Le bearta den chineál sin, ba cheart oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais, ar mhaithe le breithnithe dlisteanacha beartais poiblí.

(27)

Cé is moite d'urraíocht agus de shuiteáil táirgí, ba cheart do theachtaireachtaí closamhairc tráchtála do dheochanna alcóil ar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh, na critéir is infheidhme maidir leis an bhfógraíocht teilifíse agus leis an teilishiopadóireacht do dheochanna alcóil, mar a leagtar síos i dTreoir 2010/13/AE, a chomhlíonadh. Na critéir is mionsonraithe is infheidhme maidir leis an bhfógraíocht teilifíse agus leis an teilishiopadóireacht do dheochanna alcóil, tá siad teoranta d'fhógraí, ar de chineál iad ar aon nós a bhíonn deighilte amach ón gclár, agus dá bhrí sin, ní fholaíonn na critéir sin teachtaireachtaí eile tráchtála atá nasctha leis an gclár nó ar cuid dhílis den chlár iad, amhail urraíocht agus suiteáil táirgí. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na critéir sin i ndáil le hurraíocht agus suiteáil táirgí ar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh.

(28)

Is ann do threoirlínte áirithe cothaithe ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, treoirlínte amhail an tsamhail maidir le próifíl chothaitheach ón Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, d'fhonn bianna a idirdhealú ar bhonn a gcomhdhéanaimh chothaithigh i gcomhthéacs fógraíocht bianna a dhéantar ar an teilifís do leanaí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go n-úsáidtear féinrialáil agus comhrialáil, lena n-áirítear trí chóid iompair, chun nochtadh leanaí a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le bianna agus deochanna ina bhfuil leibhéil arda salainn, siúcra, saille, saillte sáithithe nó aigéad tras-sailleach nó nach luíonn ar shlí eile leis na treoirlínte cothaithe náisiúnta nó idirnáisiúnta sin.

(29)

Ar an gcuma chéanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go n-úsáidtear cóid iompair maidir le féinrialáil agus maidir le comhrialáil chun nochtadh leanaí agus mionaoiseach a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh deochanna alcólacha. Is ann do chórais áirithe féinrialála nó do chórais áirithe comhrialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta d'fhonn deochanna alcólacha a mhargú go freagrach, lena n-áirítear i dteachtaireachtaí tráchtála closamhairc. Ba cheart na córais sin a spreagadh tuilleadh, go háirithe iad siúd arb é is aidhm leo a áirithiú go mbíonn teachtaireachtaí stuama maidir le hól ag gabháil le teachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh deochanna alcólacha.

(30)

Tá sé tábhachtach cosaint éifeachtach a thabhairt do mhionaoisigh ar nochtadh ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc a chuireann an cearrbhachas chun cinn. Ina fhianaise sin, is ann do roinnt córas comhrialála nó féinrialála ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cearrbhachas freagrach a chur chun cinn, lena n-áirítear i dteachtaireachtaí tráchtála closamhairc.

(31)

D'fhonn bacainní ar shaorchúrsaíocht seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas a bhaint, maidir le bearta féinrialála agus bearta comhrialála arb é is aidhm leo, go háirithe, tomhaltóirí nó an tsláinte phoiblí a chosaint, is gá a áirithiú go bhfuil siad éifeachtach.

(32)

Tá athrú tagtha ar an margadh le haghaidh craoltóireacht teilifíse agus tá gá, dá bhrí sin, le níos mó solúbthachta a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí tráchtála closamhairc, go háirithe maidir le rialacha cainníochtúla le haghaidh seirbhísí meán closamhairc líneacha agus suiteáil táirgí. Anois agus seirbhísí nua ar an bhfód, lena n-áirítear seirbhísí gan fógraíocht, tá níos mó roghanna ann don lucht féachana, a fhéadann athrú go héasca chuig tairiscintí malartacha.

(33)

Ní dheachthas i muinín na foirme sin cumarsáide tráchtála closamhairc de bharr léirscaoileadh na suiteála táirgí, mar a bhíothas ag súil leis. Go háirithe, níor cruthaíodh cinnteacht dhlíthiúil do sholáthraithe seirbhísí meán de bharr toirmeasc ginearálta a bheith ar shuiteáil táirgí, cé is moite de roinnt eisceachtaí. Ba cheart, dá bhrí sin, suiteáil táirgí a cheadú sna seirbhísí meán closamhairc agus sna seirbhísí ardáin comhroinnte físeán uile, faoi réir eisceachtaí.

(34)

Níor cheart suiteáil táirgí a cheadú i gcláir nuachta agus cúrsaí reatha, cláir maidir le gnóthaí tomhaltóra, cláir reiligiúnacha ná cláir do leanaí. Go háirithe, tá fianaise ann a léiríonn gur féidir le suiteáil táirgí agus le fógraí leabaithe cur as d'iompar leanaí ós rud é gur minic nach bhfuil sé ar chumas leanaí a aithint gur inneachar tráchtála atá ann. Is gá, mar sin, leanúint de shuiteáil táirgí a thoirmeasc i gcláir do leanaí. Is éard is cláir maidir le gnóthaí tomhaltóirí cláir a thugann comhairle don lucht féachana, nó cláir ina ndéantar léirmheas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a ceannaíodh. Is é an toradh a bheadh ar shuiteáil táirgí a cheadú sna cláir sin an t-idirdhealú idir inneachar fógraíochta agus inneachar eagarthóireachta a dhéanamh doiléir don lucht féachana, a d'fhéadfadh a bheith ag súil le léirmheas ionraic ar tháirgí agus ar sheirbhísí sna cláir sin.

(35)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh léiriú agus dáileadh saothar Eorpach a chur chun cinn trína áirithiú go bhfuil sciar íosta de shaothair Eorpacha ina gcatalóga agus go dtarraingítear dóthain airde orthu. Maidir leis an lipéadú i meiteashonraí inneachair closamhairc is incháilithe mar shaothar Eorpach, ba cheart é a spreagadh ionas go mbeidh na meiteashonraí sin ar fáil do sholáthraithe seirbhísí meán. Is éard atá i gceist leis an aird sin, go ndéanfar saothair Eorpacha a chur chun cinn trí rochtain ar na saothair sin a éascú. Is féidir tús áite a áirithiú ar bhealaí go leor, amhail roinn ar leith a chur i leataobh i gcomhair saothair Eorpacha, ar roinn í a mbeadh teacht uirthi ó leathanach baile na seirbhíse, an deis chun saothair Eorpacha a chuardach san uirlis chuardaigh a bheidh ar fáil mar chuid den tseirbhís sin, leas a bhaint as saothair Eorpacha i bhfeachtais na seirbhíse sin nó poiblíocht a dhéanamh ó chatalóg na seirbhíse sin i leith céatadán íosta de shaothair Eorpacha, mar shampla trí mheirgí nó uirlisí comhchosúla a úsáid.

(36)

D'fhonn leibhéil leordhóthanacha infheistíochta i saothair Eorpacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann oibleagáidí airgeadais a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí meán atá bunaithe ar a gcríoch. D'fhéadfadh na hoibleagáidí sin a bheith i bhfoirm ranníocaíochtaí díreacha chun saothair Eorpacha a léiriú agus chun cearta ar an saothair sin a fháil. D'fhéadfadh na Ballstáit tobhaigh a fhorchur a bheadh le híoc le ciste, ar bhonn na n-ioncam a ghineann seirbhísí meán closamhairc a chuirtear ar fáil ar a gcríoch agus a dhírítear uirthi. Leis an Treoir seo, soiléirítear go gceadaítear do Bhallstát, i bhfianaise an naisc dhírigh atá ann idir oibleagáidí airgeadais agus beartais chultúrtha éagsúla na mBallstát, na hoibleagáidí airgeadais sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí meán atá bunaithe i mBallstát eile ach atá dírithe ar a chríoch féin. Sa chás sin, níor cheart na hoibleagáidí airgeadais a mhuirearú ach amháin ar na hioncaim sin a ghintear tríd an lucht féachana sa Bhallstát a bhfuiltear ag díriú air. Soláthraithe seirbhísí meán a gceanglaítear orthu rannchuidiú le scéimeanna maoinithe scannán i mBallstát a bhfuiltear ag díriú air, ba cheart go mbeidís in ann tairbhiú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ón gcabhair atá ar fáil do sholáthraithe seirbhísí meán faoi na scéimeanna maoinithe scannán faoi seach, fiú mura bhfuil bunaíocht acu sa Bhallstát sin.

(37)

Is mó infheistiú atá á dhéanamh ag craoltóirí i saothair closamhairc Eorpacha faoi láthair ná mar atá á dhéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh. Dá bhrí sin, i gcás ina roghnaíonn Ballstát a bhfuiltear ag díriú air oibleagáid airgeadais a fhorchur ar chraoltóir atá faoi dhlínse Ballstáit eile, ba cheart dó a chur san áireamh an rannchuidiú díreach a dhéanann an craoltóir sin le léiriúcháin saothar Eorpach agus leis na cearta chucu a fháil, go háirithe comhléiriúcháin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta. Ní dochar an méid sin d'inniúlacht na mBallstát, i gcomhréir lena mbeartas cultúrtha agus faoi réir comhoiriúnacht leis na rialacha maidir le Státchabhair, leibhéal na ranníocaíochtaí airgeadais a bhunú a bheidh le híoc ag soláthraithe seirbhísí meán atá faoina ndlínse.

(38)

Agus measúnú á dhéanamh ag Ballstát ar bhonn gach cáis ar leith an ag díriú ar an lucht féachana ar a chríoch atá soláthraí seirbhíse closamhairc ar éileamh atá buanaithe i mBallstát eile, ba cheart dó tagairt a dhéanamh do tháscairí amhail fógraíocht nó promóisin eile a dhíríonn go sonrach ar chustaiméirí ar a chríoch, príomhtheanga na seirbhíse nó inneachar nó teachtaireachtaí tráchtála atá ann agus a dhíríonn go sonrach ar an lucht féachana sa Bhallstát faighteach.

(39)

Nuair a fhorchuireann Ballstát ranníocaíochtaí airgeadais ar sholáthraithe seirbhísí meán, ba cheart, leis na ranníocaíochtaí sin, féachaint le saothair Eorpacha a chur chun cinn ar bhealach leordhóthanach, agus an riosca go bhforchuirfí ranníocaíochtaí ar sholáthraithe seirbhísí meán faoi dhó á sheachaint. Ar an gcuma sin, má fhorchuireann an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe ranníocaíocht airgeadais den sórt sin, ba cheart dó aon ranníocaíocht arna forchur ag na Ballstáit a ndírítear orthu a chur san áireamh.

(40)

D'fhonn a áirithiú nach mbaintear an bonn ó fhorbairt an mhargaidh le hoibleagáidí a bhaineann le saothair Eorpacha a chur chun feidhme agus chun go bhféadfaidh gníomhaithe nua teacht isteach sa mhargadh, níor cheart soláthraithe nach bhfuil i láthair ar bhealach suntasach sa mhargadh a chur faoi réir na gceanglas sin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás soláthraithe a bhfuil láimhdeachas íseal nó lucht féachana íseal acu. Féadfar a ísle atá líon an lucht féachana a chinneadh, mar shampla, ar bhonn am féachana nó díolacháin, ag brath ar chineál na seirbhíse, agus ba cheart, agus an láimhdeachas íseal á chinneadh, aird a thabhairt ar mhéideanna éagsúla margaí closamhairc sna Ballstáit. D'fhéadfadh sé freisin gur mhíchuí na ceanglais sin a fhorchur i gcásanna nach mbeidís indéanta nó nach mbeadh bonn cirt leo, i bhfianaise chineál nó théama na seirbhísí meán closamhairc.

(41)

Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó solúbthachta ag craoltóirí agus go mbeidís in ann a chinneadh cathain ba cheart fógraíocht a dhéanamh chun éileamh na bhfógróirí agus an sreabhadh luchta féachana a uasmhéadú. I ndáil leis an méid sin, áfach, is gá leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a choimeád, ós rud é go bhféadfadh solúbthacht den chineál sin an lucht féachana a nochtadh d'fhógraíocht iomarcach le linn príomh-ama. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na teorainneacha sonracha ama sa tréimhse ó 06.00 go 18.00 agus ó 18.00 go 24.00.

(42)

Le frámaí neodracha, déantar an t-inneachar eagarthóireachta a dheighilt ó mhíreanna fógraíochta teilifíse nó ó mhíreanna teilishiopadóireachta, mar aon le míreanna aonair. Ligeann siad don amharcóir fios a bheith acu go héasca cathain a thagann deireadh le cineál amháin inneachair chlosamhairc agus cathain a thosaíonn an cineál eile. Is gá a shoiléiriú go n-eisiatar frámaí neodracha ón teorainn chainníochtúil a leagtar amach i gcomhair fógraíocht teilifíse. Déantar sin chun a áirithiú nach mbeidh tionchar ag an am a úsáidtear i bhfrámaí neodracha ar an am a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus nach ndéanfar difear diúltach do na hioncaim a ghintear ón bhfógraíocht.

(43)

I ndáil leis an am tarchuir laethúil a leithroinntear ar fhógráin a dhéanann an craoltóir a bhaineann lena chláir féin agus táirgí coimhdeacha a thagann go díreach ó na cláir sin, nó ar fhógráin seirbhíse nó achainí charthanachta a chraoltar saor in aisce, seachas na costais a thabhaítear mar thoradh ar chraoladh achainíocha den sórt sin, níor cheart é a áireamh in uasmhéid an ama craolta a d'fhéadfaí a leithroinnt ar fhógraíocht teilifíse agus ar theilishiopadóireacht. Ina theannta sin, tá a lán craoltóirí ina gcuid de ghrúpaí móra craoltóirí agus déanann siad fógráin, ní hamháin maidir lena gcláir féin agus le táirgí coimhdeacha a dhíorthaítear go díreach ó na cláir sin, ach maidir le cláir agus seirbhísí meán closamhairc ó eintitis eile atá sa ghrúpa céanna craoltóirí chomh maith. I ndáil leis an am tarchuir a leithroinntear ar fhógraí den chineál sin, níor cheart é a chur san áireamh in uasmhéid an ama tarchuir a d'fhéadfaí a leithroinnt ar fhógraíocht teilifíse agus ar theilishiopadóireacht ach an oiread.

(44)

Déanann na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a chumhdaítear le Treoir 2010/13/AE seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tá na soláthraithe sin faoi réir na forálacha maidir leis an margadh inmheánach a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, más i mBallstát atá siad bunaithe. Is iomchuí a áirithiú go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna chomh maith maidir le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán nach bhfuil bunaithe i mBallstát, d'fhonn éifeachtacht na mbeart a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE chun cosaint a thabhairt do mhionaoisigh agus don phobal i gcoitinne a choimirciú agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú a mhéid is féidir, sa mhéid go bhfuil máthairghnóthas nó foghnóthas atá bunaithe i mBallstát ag na soláthraithe sin, nó i gcás inar cuid de ghrúpa iad na soláthraithe sin agus ina bhfuil gnóthas eile ón ngrúpa sin bunaithe i mBallstát. Dá bhrí sin, na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, ba cheart gur bunaithe ar phrionsabail a bheidís agus ba cheart dóibh a áirithiú nach féidir le gnóthas é féin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin trí struchtúr grúpa a chruthú ina mbeidh iliomad sraitheanna de ghnóthais atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na soláthraithe atá faoi dhlínse gach Ballstáit de bhun na rialacha maidir le bunú a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE agus i dTreoir 2000/13/CE.

(45)

Is ann do dhúshláin nua, go háirithe a mhéid a bhaineann le hardáin comhroinnte físeán, ardáin ar a bhféachann úsáideoirí - mionaoisigh ach go háirithe - ar inneachar closamhairc níos mó agus níos mó. Ós amhlaidh atá, tá ag méadú ar an imní atá ann mar gheall ar inneachar díobhálach agus ar fhuathchaint a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán. D'fhonn mionaoisigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar den chineál sin, is gá rialacha comhréireacha a leagan amach maidir leis na hábhair sin.

(46)

Déantar teachtaireachtaí tráchtála ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a rialáil faoi láthair le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena dtoirmeasctar cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais mhíthreoracha agus ionsaitheacha a tharlaíonn i seirbhísí na sochaí faisnéise.

Maidir le teachtaireachtaí tráchtála i ndáil le tobac agus le táirgí gaolmhara ar ardáin comhroinnte físeán, áirithítear go dtugtar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí ar tháirgí tobac agus ar tháirgí gaolmhara leis na toirmisc dá bhforáiltear i dTreoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus leis na toirmisc is infheidhme maidir le toitíní leictreonacha agus le coimeádáin athlíonta de bhun Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ós rud é gur ag brath ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a bhíonn úsáideoirí chun rochtain a fháil ar inneachar closamhairc, is gá leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a áirithiú tríd na rialacha maidir le teachtaireachtaí tráchtála a ailíniú, a mhéid is iomchuí, i measc na soláthraithe uile. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh teachtaireachtaí tráchtála closamhairc, a bheadh ar fáil ar ardáin comhroinnte físeán, sainaitheanta go soiléir agus go n-urramóidís tacar d'íoscheanglais cháilíochtúla.

(47)

Tá sciar suntasach den inneachar a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nach mbíonn faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí ardáin comhroinnte físeán. Mar sin féin, is gnách gurb iad na soláthraithe sin a chinneann eagrú an inneachair, eadhon cláir, físeáin ó úsáideoirí agus teachtaireachtaí closamhairc tráchtála, lena n-áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar na soláthraithe sin bearta iomchuí a dhéanamh chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt coirp, meabhrach nó mhorálta. Ba cheart a cheangal orthu freisin bearta iomchuí a dhéanamh chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar ina bhfuil gríosú chun foréigin nó fuatha á dhíriú i gcoinne grúpa nó comhalta de ghrúpa, ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), nó ar cion coiriúil é a scaipeadh faoi dhlí an Aontais.

(48)

I bhfianaise chineál rannpháirtíocht na soláthraithe leis an inneachar a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán, ba cheart baint a bheith ag na bearta iomchuí chun mionaoisigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint le heagrú an inneachair seachas leis an inneachar féin. Maidir leis na ceanglais i dtaca leis sin a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, ba cheart feidhm a bheith acu gan dochar d'Airteagal 12 gp hAirteagal 14 de Threoir 2000/31/CE, lena bhforáiltear do dhíolúine ó dhliteanas i gcás faisnéis neamhdhleathach a dhéantar a tharchur nó a stóráil go huathoibríoch, go hidirmheánach nó go sealadach nó a dhéanann soláthraithe áirithe sheirbhísí na sochaí faisnéise a stóráil. Agus seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 12 go hAirteagal 14 de Threoir 2000/31/CE á gcur ar fáil, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin freisin gan dochar d'Airteagal 15 den Treoir sin, lena gcuirtear bac ar oibleagáidí ginearálta a fhorchur ar na soláthraithe sin maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus fíorais nó imthosca lena dtugtar gníomhaíocht neamhdhleathach le fios a lorg go gníomhach, ach ní bheidh baint ag na ceanglais le hoibleagáidí faireacháin i gcásanna ar leith, áfach, agus ní dhéanfar difear leo d'orduithe a thabharfaidh na húdaráis náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(49)

Is iomchuí a thabhairt ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán a bheith páirteach a mhéid is féidir agus na bearta iomchuí a bheidh le glacadh de bhun Threoir 2010/13/AE á gcur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, comhrialáil a spreagadh. Ba cheart an deis a bheith fós ag soláthraithe ardáin comhroinnte físeán bearta níos déine a ghlacadh dá ndeoin féin i gcomhréir le dlí an Aontais, agus urraim á tabhairt don tsaoirse cainte agus don tsaoirse faisnéise agus d'iolrachas na meán.

(50)

Is cearta bunúsacha a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt iad an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus an ceart chun triail chóir a fháil. Níor cheart, dá bhrí sin, forálacha Threoir 2010/13/AE a fhorléiriú ar bhealach a bheadh ina chosc ar pháirtithe a gceart rochtana ar an gcóras breithiúnach a fheidhmiú.

(51)

Agus na bearta iomchuí á nglacadh chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar díobhálach agus chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar ina bhfuil gríosú chun foréigin, fuatha agus sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE, ba cheart na cearta bunúsacha is infheidhme, a leagtar amach sa Chairt, a chothromú go cáiréiseach. Baineann sé sin, go háirithe, agus de réir mar a bheidh, leis an gceart maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus cosaint ar shonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse fiontraíochta, an toirmeasc ar idirdhealú agus cearta an linbh.

(52)

Is é an aidhm atá ag an gCoiste Teagmhála gur fusa a bheidh sé Treoir 2010/13/AE a chur chun feidhme go héifeachtach agus ba cheart dul i gcomhairle go rialta leis maidir le haon fhadhbanna praiticiúla a thiocfadh as a cur i bhfeidhm. Níor cheart obair an Choiste Teagmhála a theorannú do na shaincheisteanna atá ann cheana maidir leis an mbeartas closamhairc, ach ba cheart féachaint leis na forbairtí ábhartha a thagann chun cinn san earnáil sin a chumhdach freisin. Ar an gcoiste beidh ionadaithe ó údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát. Agus a gcuid ionadaithe á gceapadh acu, iarrtar ar na Ballstáit an comhionannas inscne a chur chun cinn i gcomhdhéanamh an Choiste Teagmhála.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur leithleach ó thaobh dlí de a n-údaráis nó a gcomhlachtaí rialála náisiúnta ón rialtas. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar na Ballstáit maoirseacht a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta acu. Ba cheart a mheas gur bhain údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta amach an leibhéal neamhspleáchais is gá má tá na húdaráis nó comhlachtaí sin, lena n-áirítear iad siúd a bunaíodh mar údaráis nó comhlachtaí poiblí, neamhspleách go feidhmeach agus go héifeachtach ar a rialtais faoi seach nó ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Meastar go bhfuil an méid sin fíor-riachtanach chun neamhchlaontacht na gcinntí a dhéanann údarás nó comhlacht rialála náisiúnta a áirithiú. Níor cheart gur dhochar an ceanglas maidir le neamhspleáchas don deis atá ag na Ballstáit údaráís rialála a bhunú a dhéanann formhaoirseacht ar earnálacha éagsúla, amhail an earnáil closamhairc agus an earnáil teileachumarsáide. Ba cheart na cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus na hacmhainní is gá a bheith ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun a gcúraimí a thabhairt i gcrích a mhéid a bhaineann le soláthar foirne, le saineolas agus le hacmhainní airgeadais. Le gníomhaíochtaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a bhunaítear faoi Threoir 2010/13/AE, ba cheart urraim a thabhairt do na cuspóirí maidir le hiolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha, cosaint tomhaltóirí, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun cinn iomaíocht chóir.

(54)

Ós rud é gur ceann de chuspóirí na seirbhísí meán closamhairc é fónamh do leasanna daoine aonair agus tuairimí an phobail a mhúnlú, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh na seirbhísí sin in ann daoine aonair agus an tsochaí a chur ar an eolas chomh maith agus is féidir agus leis an leibhéal is airde éagsúlachta is féidir. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin má dhéantar cinntí eagarthóireachta saor ó chur isteach ón stát agus ó thionchar na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta seachas gnáthchur chun feidhme an dlí agus coimirciú ceart atá faoi chosaint dlí agus atá le cosaint beag beann ar aon tuairim ar leith.

(55)

Ba cheart sásraí éifeachtacha achomhairc a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don chomhlacht ábhartha achomhairc a bheith neamhspleách ar na páirtithe a bheidh i gceist. Féadfar gur cúirt atá i gcomhlacht den chineál sin. Ba cheart an nós imeachta achomhairc a bheith gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí laistigh de chórais bhreithiúnacha náisiúnta.

(56)

D'fhonn a áirithiú go ndéantar creat rialála an Aontais do sheirbhísí meán closamhairc a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát go léir, bhunaigh an Coimisiún Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) le Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2014 (15). Is é an ról atá ag ERGA saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún ina chuid oibre chun a áirithiú go ndéantar Treoir 2010/13/AE a chur chun feidhme go comhsheasmhach sna Ballstáit go léir, agus comhar a éascú idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta agus idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta agus an Coimisiún.

(57)

Is mór maith an rannchuidiú a thug ERGA maidir le cleachtas comhsheasmhach rialála agus chuir sé comhairle ardleibhéil ar an gCoimisiún maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme. Is gá, dá réir sin, an ról atá aige a aithint go foirmiúil agus a atreisiú i dTreoir 2010/13/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, ERGA a bhunú de bhua na Treorach sin.

(58)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an gCoimisiún dul i gcomhairle le ERGA maidir le haon ábhar a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc agus le hardáin comhroinnte físeán. Ba cheart do ERGA cúnamh a thabhairt don Choimisiún trí shaineolas agus comhairle theicniúil a thabhairt agus trí mhalartú dea-chleachtas a éascú, lena n-áirítear maidir le cóid iompair chomhrialála agus féinrialála. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le ERGA maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2010/13/AE d'fhonn an bealach a réiteach lena cur chun feidhme go cóineasaithe. Arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do ERGA tuairimí neamhcheangailteacha a chur ar fáil maidir le dlínse, maidir le comhoiriúnacht beart le dlí an Aontais, maidir le bearta de mhaolú ó phrionsabal na saoirse glactha, agus maidir le bearta lena dtugtar aghaidh ar an dul timpeall ar dhlínse. Ba cheart do ERGA a bheith in ann freisin comhairle theicniúil a thabhairt maidir le haon cheist rialála a bhaineann le creat seirbhísí meán closamhairc, lena n-áirítear i réimse na fuathchainte agus chosanta mhionaoiseach, agus maidir le hábhar teachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh bianna ina bhfuil leibhéal ard saille, salainn nó sóidiam agus siúcraí.

(59)

Tagraíonn “litearthacht sna meáin”: scileanna, eolas agus tuiscint a chuirfidh ar chumas na saoránach úsáid éifeachtúil shábháilte a bhaint as na meáin. D'fhonn go mbeidh saoránaigh in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis agus inneachar meán a mheas go criticiúil agus a chruthú ar bhealach freagrach slán, ní mór ardscileanna litearthachta sna meáin a bheith ag saoránaigh. Ní hí an oiliúint in uirlisí agus teicneolaíochtaí an teorainn is ceart a bheith leis an litearthacht sna meáin, ach ba cheart di na saoránaigh a chumasú leis na scileanna smaointeoireachta criticiúla atá ag teastáil chun breithiúnas a fheidhmiú, chun anailís a dhéanamh ar réaltacht chasta agus chun an difríocht idir tuairimí agus fíricí a aithint. Is gá mar sin go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí na meán agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán ar aon, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, forbairt litearthachta sna meáin chun cinn i ngach réimse den tsochaí, do shaoránaigh idir shean agus óg, agus do na meáin ar fad, agus go gcoinneofar súil ghéar ar an dul chun cinn a dhéanfar ina leith sin.

(60)

Ní dochar Treoir 2010/13/AE don oibleagáid atá ar na Ballstáit dínit an duine a urramú agus a chosaint. Urramaítear léi na cearta bunúsacha agus comhlíonann sí na prionsabail a aithnítear, go háirithe, leis an gCairt. Go háirithe, féachtar le Treoir 2010/13/AE leis an gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, an tsaoirse fiontraíochta agus an ceart chun athbhreithniú breithiúnach a urramú go hiomlán, agus féachtar léi freisin cur i bhfeidhm chearta an linbh a chumhdaítear sa Chairt a chur chun cinn.

(61)

Maidir le haon bhearta a ghlacfaidh na Ballstáit faoi Threoir 2010/13/AE, tá siad chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus iolrachas na meán, mar aon le héagsúlacht chultúrtha agus teanga, a urramú, i gcomhréir le Coinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn.

(62)

Tá an ceart chun rochtain a fháil ar chláir nuachta polaitiúla ríthábhachtach chun coimirce a thabhairt don tsaoirse bhunúsach faisnéis a fháil agus chun a áirithiú go ndéantar leasa an lucht féachana a chosaint go hiomlán agus go cuí. Ós rud é go bhfuil seirbhísí meán closamhairc ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí do shochaithe agus don daonlathas, ba cheart craoltaí nuachta polaitiúla a chur ar fáil, a mhéid is mó is féidir, ar bhonn trasteorann san Aontas, agus sin gan dochar do rialacha maidir le cóipcheart.

(63)

Ní bhaineann Treoir 2010/13/AE le rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, go háirithe rialacha lena rialaítear dlínse na gcúirteanna agus an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

(64)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(65)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/13/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2010/13/AE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘seirbhís meán closamhairc’:

(i)

seirbhís, mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di dírithe ar chláir a sholáthar, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán, don phobal i gcoitinne, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE. is craoladh teilifíse, mar a shainmhínítear i bpointe (e) den mhír seo, nó seirbhís meán closamhairc ar éileamh, mar a shainmhínítear i bpointe (g) den mhír seo, seirbhís meán closamhairc den sórt sin;

(ii)

cumarsáid tráchtála closamhairc;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

ciallaíonn ‘seirbhís ardáin comhroinnte físeán’ seirbhís, mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di nó an fheidhmiúlacht fhíor-riachtanach atá ag an seirbhís tiomanta do chláir, físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí nó an dá rud a sholáthar don phobal i gcoitinne, nach bhfuil freagracht eagarthóireachta ar sholáthraí ardáin comhroinnte físeán maidir léi, d'fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE agus cinneann soláthraí an ardáin comhroinnte físeán eagrú na gclár sin agus na bhfiseán sin arna nginiúint ag úsáideoirí, lena n-áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim, go háirithe trí bhíthin léiriú, clibeáil agus seicheamhú.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘clár’ sraith íomhánna gluaisteacha, bíodh fuaim leo nó na bíodh, is ionann agus mír aonair, beag beann ar a fad laistigh de sceideal nó de chatalóg a bhunaíonn soláthraí seirbhíse meán, lena n-áirítear scannáin fhada, gearrthóga físe, ócáidí spóirt, drámaí grinn suímh, cláir faisnéise, cláir do leanaí agus dráma úr;”;

(d)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(ba)

ciallaíonn ‘físeán ó úsáideoir’ sraith íomhánna gluaisteacha, bíodh fuaim leo nó ná bíodh, is ionann agus mír aonair, beag beann ar a fad, a chruthaíonn úsáideoir agus a dhéanann an t-úsáideoir sin nó aon úsáideoir eile a uaslódáil chuig ardán comhroinnte físeán;

(bb)

ciallaíonn ‘cinneadh eagarthóireachta’ cinneadh a dhéantar ar bhonn rialta chun críche freagracht eagarthóireachta a fheidhmiú atá nasctha le hoibriú laethúil na seirbhíse meán closamhairc;”;

(e)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(da)

ciallaíonn ‘soláthraí ardáin comhroinnte físeán’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís ardáin comhroinnte físeán;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn ‘cumarsáid tráchtála closamhairc’ íomhánna a dtugtar nó nach dtugtar fuaim dóibh agus a dearadh chun na hearraí, na seirbhísí nó an íomhá atá ag duine nádúrtha nó dlítheanach, atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach; tá na híomhánna sin ag gabháil le clár, nó áirítear iad i gclár nó i bhfíseán arna ghiniúint ag úsáideoirí, i gcomaoin íocaíochta nó comaoin den tsamhail sin nó lena chur chun cinn. Ar na foirmeacha cumarsáide tráchtála closamhairc áirítear, inter alia, fógraíocht teilifíse, urraíocht, teilishiopadóireacht agus suíomh táirgí;”;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

ciallaíonn ‘urraíocht’ aon ranníocaíocht arna déanamh ag gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó daoine nádúrtha nach bhfuil ag gabháil do sheirbhísí meán closamhairc nó do sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a sholáthar ná do shaothair chlosamhairc a tháírgeadh chun maoiniú a dhéanamh ar sheirbhísí meán closamhairc, ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí nó ar chláir d'fhonn ainm, trádmharc, íomhá, gníomhaíochtaí nó táirgí an chéanna a chur chun cinn;”;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

ciallaíonn ‘suíomh táirgí’ aon fhoirm cumarsáide tráchtála closamhairc arb é atá i gceist táirge, seirbhís nó trádmharc an chéanna a áireamh, nó tagairt a dhéanamh dó, ionas gur gné de chlár nó de nó d'fhíseán arna ghiniúint ag úsáideoirí é, i gcomaoin íocaíochta nó comaoin den tsamhail;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

FORÁLACHA GINEARÁLTA LE HAGHAIDH SEIRBHÍSÍ MEÁN CLOSAMHAIRC”;

(3)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

má tá a cheannoifig ag soláthraí seirbhíse meán i gceann de na Ballstáit ach go nglactar cinntí eagarthóireachta maidir leis an tseirbhís meán closamhairc ar bhonn rialta i mBallstát eile, measfar go bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe sa Bhallstát ina n-oibríonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun na gníomhaíochta clárbhaintí seirbhíse meán closamhairc. I gcás ina bhfeidhmíonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun na ngníomhaíochtaí clárbhainteacha seirbhíse meán closamhairc i ngach ceann de na Ballstáit sin, measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a cheannoifig aige atá an soláthraí seirbhíse meán bunaithe. Má fheidhmíonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun gníomhaíochtaí clárbhainteacha seirbhíse meán closamhairc i gceachtar den dá Bhallstát sin, measfar gur bunaithe sa Bhallstát inar chuir sé tús lena ghníomhaíocht i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin atá an soláthraí seirbhíse meán bunaithe, ar choinníoll go gcothaíonn sé nasc seasmhach éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin;”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5a.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse meán na húdaráis nó na comhlachtaí rialála inniúla náisiúnta ar an eolas faoi aon athruithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh dlínse i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4.

5b.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe meán atá faoina ndlínse a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta agus léireoidh siad na critéir, a leagtar amach i mír 2 go mír 5, ar a bhfuil a ndlínse bunaithe. Cuirfidh na Ballstáit an liosta sin, mar aon le haon nuashonruithe air, in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear liostaí den sórt sin ar fáil i mbunachar sonraí láraithe. I gcás neamhréireachtaí idir na liostaí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil rochtain ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ar an liosta sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis sa bhunachar ar fáil don phobal.

5c.   I gcás nach dtagann na Ballstáit ar chomhaontú, agus Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Treoir seo á gcur i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige, cuirfidh siad an méid sin ar a shúile don Choimisiún gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) tuairim a thabhairt faoin méid sin i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3). Cuirfidh ERGA an tuairim sin ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don Choimisiún iarraidh a thíolacadh. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála a bunaíodh le hAirteagal 29 ar an eolas go cuí.

Agus cinneadh á ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(2) nó (3), nó Airteagal 4(5), déanfaidh sé cinneadh freisin maidir le cén Ballstát a bhfuil dlínse aige.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an tsaoirse glactha agus ní chuirfidh siad srian ar a gcríoch le hathchraoltaí seirbhísí meán closamhairc ó Bhallstáit eile ar chúiseanna a thagann faoi na réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo.

2.   Féadfaidh Ballstát maolú, ar bhonn sealadach, ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina sáraíonn seirbhís meán closamhairc arna soláthar ag soláthraí seirbhíse meán faoi dhlínse Ballstáit eile, pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó d'Airteagal 6a(1) go soiléir, go tromchúiseach agus go mór nó má dhéanann sí dochar nó má ghabhann riosca tromchúiseach mór léi go ndéanfaí dochar don tsláinte phoiblí.

An maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas a bheidh sé:

(a)

i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, rinne an soláthraí seirbhíse meán teagmhas amháin nó níos mó de na hiompraíochtaí a thuairiscítear sa chéad fhomhír dhá uair ar a laghad;

(b)

thug an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don soláthraí seirbhíse meán, don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin agus don Choimisiún maidir leis na sáruithe líomhnaithe agus na bearta comhréireacha atá beartaithe aige má tharlaíonn sárú líomhnaithe den chineál sin arís;

(c)

gur urramaigh an Ballstát lena mbaineann an ceart chun cosanta atá ag an soláthraí seirbhíse meán agus, go háirithe, gur thug sé deis don soláthraí sin a bharúlacha a nochtadh maidir leis na sáruithe líomhnaithe; agus

(d)

ní raibh socrú cairdiúil mar thoradh ar an gcomhairliúchán leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán agus leis an gCoimisiún laistigh de 1 mhí amháin tar éis don Choimisiún an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) a fháil.

Laistigh de 3 mhí tar éis fógra iomlán a bheith faighte faoi na bearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann agus tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta mar ábhar práinne.

3.   Féadfaidh Ballstát maolú, ar bhonn sealadach, ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina sáraíonn seirbhís meán closamhairc arna soláthar ag soláthraí seirbhíse meán faoi dhlínse Ballstáit eile, pointe (b) d'Airteagal 6(1) go soiléir, go tromchúiseach agus go mór nó má dhéanann sí dochar nó má ghabhann riosca tromchúiseach mór léi go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí, lena n-áirítear coimirciú na slándála agus na cosanta náisiúnta.

Beidh an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, tharla an iompraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a laghad uair amháin;

agus

(b)

thug an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don soláthraí seirbhíse meán, don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin agus don Choimisiún maidir leis an sárú líomhnaithe agus na bearta atá beartaithe aige má tharlaíonn sárú den chineál sin arís.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann cearta cosanta an tsoláthraí seirbhíse meán sin a urramú agus, go háirithe, tabharfaidh sé deis don soláthraí sin a bharúlacha a nochtadh maidir leis na sáruithe líomhnaithe.

Laistigh de 3 mhí tar éis fógra iomlán a bheith tugtha faoi na bearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann agus tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta mar ábhar práinne.

4.   Beidh mír 2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm aon nós imeachta, leighis nó smachtbhanna ar na sáruithe lena mbaineann sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna práinneacha, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an tsáraithe líomhnaithe, maolú ó na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) de mhír 3. Sa chás sin, cuirfear na bearta a ghlactar in iúl chomh luath agus is féidir don Choimisiún agus don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán, agus léireofar na cúiseanna lena measann an Ballstát práinn a bheith ann. Déanfaidh an Coimisiún comhréireacht na mbeart a fógraíodh le dlí an Aontais a scrúdú chomh tapa agus is féidir. I gcás gurb í an chonclúid a bheidh ag an gCoimisiún go bhfuil na bearta sin neamhchomhréireach le dlí an Aontais, ceanglóidh an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta sin go práinneach.

6.   Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an gCoimisiún chun an cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 2 nó mhír 3, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil gach faisnéis is gá chun teacht ar an gcinneadh sin. An teorainn ama ar laistigh di a bhfuil an Coimisiún chun an cinneadh a dhéanamh, cuirfear ar fionraí í go dtí go mbeidh an fhaisnéis is gá sin curtha ar fáil ag an mBallstát sin. I gcás ar bith, ní faide ná mí amháin a mhairfidh fionraí na teorann ama sin.

7.   Beidh malartú rialta taithí agus dea-chleachtas idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo faoi chuimsiú an Choiste Teagmhála agus ERGA.”;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse rialacha níos mionchruinne nó níos déine a chomhlíonadh sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   I gcás inarb amhlaidh:

(a)

go ndearna Ballstát a shaoirse a fheidhmiú faoi mhír 1 chun rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a ghlacadh i ndáil leis an leas poiblí ginearálta, agus

(b)

go ndéanann Ballstát a mheasúnú go soláthraíonn soláthraí seirbhíse meán atá faoi dhlínse Ballstáit eile seirbhís meán closamhairc atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar a chríoch,

féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát a bhfuil dlínse aige aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna a aithnítear maidir leis an mír seo. Comhoibreoidh an dá Bhallstát go macánta agus go pras d'fhonn teacht ar réiteach atá sásúil dóibh ar aon.

Tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil faoin gcéad fhomhír, iarrfaidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán na rialacha leasa phoiblí ghinearálta lena mbaineann a chomhlíonadh. Cuirfidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige an Ballstát iarrthach ar an eolas go rialta maidir leis na bearta atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithníodh. Laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil, cuirfidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige an Ballstát iarrthach agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis na torthaí a fuarthas agus déanfaidh sé na cúiseanna a mhíniú sa chás nárbh fhéidir teacht ar réiteach.

Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh ar an gCoiste Teagmhála an cás a scrúdú aon tráth.

3.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta iomchuí a ghlacadh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse meán lena mbaineann nuair is fíor an méid a leanas:

(a)

déanann sé measúnú nach bhfuil na torthaí a baineadh amach trí mhír 2 a chur i bhfeidhm sásúil; agus

(b)

thug sé ar aird fianaise a léiríonn go ndearna an soláthraí seirbhíse meán atá i gceist é féin a bhunú sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige d'fhonn dul timpeall ar na rialacha níos déine, sna réimsí atá á gcomhordú leis an Treoir seo, a bheadh infheidhme ina leith dá mbeadh sé bunaithe sa chéad Bhallstát lena mbaineann; leis an bhfianaise sin beifear in ann a shuíomh go réasúnach go ndeachthas timpeall ar na rialacha sin, gan gá a bheith lena chruthú go raibh rún ag an soláthraí seirbhíse meán dul timpeall ar na rialacha níos déine sin.

Beidh gá le bearta den chineál sin ar bhealach oibiachtúil, cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad comhréireach leis na cuspóirí a shaothraítear leo.

4.   Ní fhéadfaidh Ballstát bearta a dhéanamh de bhun mhír 3 ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

chuir sé in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe go bhfuil sé beartaithe aige bearta den chineál sin a dhéanamh agus bunús á thabhairt maidir leis na forais ar a ndéanann sé a mheasúnú;

(b)

rinne sé cearta cosanta an tsoláthraí seirbhíse meán lena mbaineann a urramú agus, go háirithe, thug sé deis don soláthraí seirbhíse meán sin a thuairimí a nochtadh maidir leis an dul timpeall líomhnaithe agus na bearta atá beartaithe ag an mBallstát a thugann fógra a dhéanamh; agus

(c)

chinn an Coimisiún, tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), go bhfuil na bearta ag luí le dlí an Aontais, go háirithe go bhfuil bonn ceart leis na measúnuithe a rinne an Ballstát a rinne na bearta faoi mhír 2 agus mír 3 den Airteagal seo; coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí.

5.   Laistigh de 3 mhí ón bhfógra dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 4 a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann staonadh ó na bearta atá beartaithe a ghlacadh.

Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an gCoimisiún chun an cinneadh a ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre, iarrfaidh sé, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil, ar an mBallstát lena mbaineann gach faisnéis is gá chun teacht ar an gcinneadh sin. An teorainn ama ar laistigh di a bhfuil an Coimisiún chun an cinneadh a dhéanamh, cuirfear ar fionraí í go dtí go mbeidh an fhaisnéis is gá sin curtha ar fáil ag an mBallstát sin. I gcás ar bith, ní faide ná mí amháin a mhairfidh fionraí na teorann ama sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, trí mheáin iomchuí, faoi chuimsiú an dlí náisiúnta atá acu, go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse an Treoir seo go héifeachtach.

7.   Beidh feidhm ag Treoir 2000/31/CE mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo. I gcás ina mbeidh coimhlint idir Treoir 2000/31/CE agus an Treoir seo, beidh tosaíocht ag an Treoir seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo.”;

(6)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

1.   Déanfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála a spreagadh trí chóid iompair a ghlacfar ar an leibhéal náisiúnta sna réimsí atá á gcomhordú faoin Treoir seo sa mhéid a cheadaítear é sin faoina gcórais dhlíthiúla. Maidir leis na cóid sin:

(a)

ceapfar iad ar chaoi agus go mbeidh glacadh ginearálta leo ag na príomhgheallsealbhóirí sna Ballstáit lena mbaineann;

(b)

leagfar amach a gcuspóirí go soiléir agus gan athbhrí;

(c)

déanfar foráil iontu d'fhaireachán agus meastóireacht rialta, thrédhearcach, neamhspleách ar na cuspóirí sin; agus

(d)

déanfar foráil iontu d'fhorfheidhmiú éifeachtach, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú trí chóid iompair an Aontais arna ndréachtú ag soláthraithe seirbhíse meán, soláthraithe ardáin comhroinnte físeán nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh, i gcomhar, de réir mar is gá, le hearnálacha eile amhail comhlachais agus eagraíochtaí tionscail, trádála, gairmiúla agus tomhaltóirí. Ceapfar na cóid sin ar bhealach ina nglacfaidh na príomhgheallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais go ginearálta leo agus comhlíonfaidh siad pointe (b) go pointe (d) de mhír 1. Beidh cóid iompair an Aontais gan dochar do na cóid iompair náisiúnta.

I gcomhar leis na Ballstáit, éascóidh an Coimisiún forbairt cód iompair don Aontas, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Cuirfidh sínitheoirí chóid iompair an Aontais dréachtaí de na cóid sin agus aon leasuithe orthu, faoi bhráid an Choimisiúin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála maidir leis na dréachtchóid sin nó maidir le leasuithe orthu.

Cuirfidh an Coimisiún cóid iompair an Aontais ar fáil don phobal agus féadfaidh sé iad a phoibliú go cuí.

3.   Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse go gcomhlíonfaidh siad rialacha níos mionsonraithe nó níos déine i gcomhlíonadh na Treorach seo agus dhlí an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina gcinneann a n-údaráis nó a gcomhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha nach bhfuil cód iompair nó codanna de sách éifeachtach. Déanfaidh na Ballstáit rialacha den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.”

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ MEÁN CLOSAMHAIRC”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfidh soláthraí seirbhíse meán faoina dhlínse rochtain ar fáil go héasca, go díreach agus go buan d'fhaighteoirí seirbhíse ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

a ainm;

(b)

an seoladh poist ag a bhfuil sé bunaithe;

(c)

na sonraí ina leith, lena n-áirítear a sheoladh ríomhphoist nó suíomh gréasáin, le gur féidir teagmháil a dhéanamh leis go tapa ar shlí dhíreach éifeachtach;

(d)

an Ballstát ag a bhfuil dlínse air agus na húdaráis nó comhlachtaí inniúla rialála nó comhlachtaí maoirseachta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena bhforálfar, sa bhreis ar an bhfaisnéis atá liostaithe i mír 1, go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse faisnéis ar fáil i ndáil lena struchtúr úinéireachta, lena n-áirítear na húinéirí tairbhiúla. Urramófar sna bearta sin na cearta bunúsacha lena mbaineann, amhail saol príobháideach agus saol teaghlaigh na n-úinéirí tairbhiúla. Beidh bearta den sórt sin riachtanach, comhréireach agus beidh sé mar aidhm acu cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú.”

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Gan dochar don oibleagáid atá ar na Ballstáit dínit an duine a urramú agus a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit trí mheáin iomchuí nach mbeidh an méid seo a leanas sna seirbhísí meán closamhairc atá á soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse:

(a)

gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó comhalta de ghrúpa bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt;

(b)

briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541.

2.   Na bearta a ghlacfar chun críocha an Airteagail seo, beidh siad riachtanach agus comhréireach agus urramóidh siad na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt.”

(10)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí meán closamhairc a d'héadfadh dochar a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán closamhairc faoina ndlínse curtha ar fáil ach amháin ar bhealach nach bhfeicfidh nó nach gcloisfidh mionaoisigh iad de ghnáth. D'fhéadfaí a áireamh i mbearta den chineál sin am craolta, uirlisí fíoraithe aoise nó bearta teicniúla eile a roghnú. Beidh siad comhréireach le dochar féideartha an chláir.

Beidh an t-inneachar is díobhálaí, amhail foréigean gan ghá agus pornagrafaíocht, faoi réir na mbeart is déine.

2.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta mionaoiseach a bhailíonn nó a ghineann soláthraithe seirbhísí meán de bhun mhír 1 a phróiseáil chun críocha tráchtála, amhail margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht iompraíocht-dírithe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann soláthraithe seirbhíse meán faisnéis leordhóthanach don lucht féachana maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach. Chun na críche sin, bainfidh soláthraithe seirbhíse meán leas as córas lena ndéanfar cur síos ar chineál inneachair seirbhíse meán closamhairc, ar cineál é a d'fhéadfadh a bheith díobhálach.

Chun an mhír seo a chur chun feidhme, spreagfaidh na Ballstáit comhrialáil a úsáid faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1).

4.   Féadfaidh an Coimisiún a mholadh do sholáthraithe seirbhíse meán dea-chleachtais a mhalartú maidir le cóid iompair chomhrialála. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú, chun críocha an Airteagail seo, trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).”

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, gan moill mhíchuí, go dtabharfar rochtain níos fearr ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse do dhaoine atá faoi mhíchumas ar bhealach leanúnach, céimseach trí bhearta comhréireacha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán, ar bhonn rialta, tuairisc chuig na húdaráis nó na heagraíochtaí rialála náisiúnta i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1. Faoin 19 Nollaig 2022 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit soláthraithe seirbhíse meán le pleananna gníomhaíochta inrochtaineachta a fhorbairt i ndáil le rochtain níos fearr ar a gcuid seirbhísí a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas ar bhealach leanúnach, céimseach. Cuirfear aon phlean gníomhaíochta den chineál sin in iúl do na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta.

4.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair a mbeidh teacht air go héasca, lena n-áirítear ag daoine faoi mhíchumas, chun faisnéis a sholáthar agus gearáin a fháil maidir le haon saincheisteanna inrochtaineachta dá dtagraítear san Airteagal seo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil faisnéis éigeandála, lena n-áirítear teachtaireachtaí agus fógraí poiblí i gcás tubaiste nádúrtha, a chuirfear ar fáil don phobal trí sheirbhísí meán closamhairc, ar bhealach ina mbeidh rochtain uirthi ag daoine atá faoi mhíchumas.”

(12)

Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 7a

Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh chun tosaíocht iomchuí seirbhísí meán closamhairc a bhaineann leis an leas ginearálta a áirithiú.

Airteagal 7b

Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, comhréireacha chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán forleagtha chun críocha tráchtála ná modhnaithe gan toiliú sainráite na soláthraithe sin.

Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit na mionsonraí rialála a shonrú, lena n-áirítear eisceachtaí, go háirithe i ndáil le cosaint leasanna dlisteanacha na n-úsáideoirí agus leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhíse meán a chéadchuir na seirbhísí meán closamhairc ar fáil á gcur san áireamh ag an am céanna.”

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh i gcumarsáid tráchtála closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse:

(a)

Beidh sé furasta a aithint gur cumarsáid tráchtála closamhairc í cumarsáid dá leithéid; toirmeascfar cumarsáid tráchtála closamhairc fholaitheach;

(b)

ní bhainfear úsáid as teicnící fothairseachúla i gcumarsáid tráchtála closamhairc;

(c)

ní dhéanfar an méid a leanas i gcumarsáid tráchtála closamhairc:

(i)

dochar a dhéanamh do dhínit an duine;

(ii)

idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a áireamh nó a spreagadh;

(iii)

iompar a dhéanfadh dochar do shláinte nó do shábháilteacht a spreagadh;

(iv)

iompar a bheadh thar a bheith dochrach do chosaint an chomhshaoil a spreagadh;

(d)

déanfar gach sórt cumarsáide tráchtála closamhairc i gcomhair toitíní agus táirgí eile tobac, chomh maith le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta, a thoirmeasc;

(e)

ní bheidh cumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair deochanna alcólacha dírithe go sonrach ar mhionaoisigh agus ní spreagfaidh siad ól neamh-mheasartha deochanna den sórt sin;

(f)

toirmeascfar teachtaireachtaí tráchtála closamhairc i gcomhair táirgí sonracha leighis nó cóireálacha sonracha leighis nach bhfuil ar fáil ach le hoideas sa Bhallstát a bhfuil an soláthraí seirbhíse meán faoina dhlínse;

(g)

ní bheidh cumarsáid tráchtála closamhairc ina cúis díobhála coirp, meabhrach nó morálta do mhionaoisigh. Dá bhrí sin, ní ghríosóidh siad mionaoisigh chun táirge nó seirbhís a cheannach nó a fháil ar cíos trí bhuntáiste a bhreith ar a n-easpa taithí nó ar a saontacht, nó iad a spreagadh go díreach chun áitiú ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine eile na hearraí nó na seirbhísí a fhógraítear a cheannach, nó teacht i dtír ar an muinín speisialta a chuireann mionaoisigh ina dtuismitheoirí, ina múinteoirí nó i ndaoine eile, nó mionaoisigh a thaispeáint go míréasúnta i ndálaí contúirteacha.

2.   Teachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le deochanna alcóil i seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, cé is moite d'urraíocht agus de shuiteáil táirgí, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 22.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc mhíchuí i gcomhair deochanna alcólacha. Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nochtadh mionaoiseach do chumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair deochanna alcólacha a laghdú go héifeachtach.

4.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc mhíchuí, in éineacht nó in áireamh le cláir leanaí, do bhianna agus deochanna ina bhfuil cothaithigh, agus substaintí le héifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu, go háirithe saill, saillte sáithithe, aigéid tras-sailleacha, salann nó sóidiam agus siúcraí nach molfaí iontógáil iomarcach díobh in aiste bia fhoriomlán.

Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair bia agus deochanna den chineál sin a laghdú go héifeachtach. Beidh sé mar aidhm leo nach leagfaidh cumarsáid tráchtála closamhairc den sórt sin béim ar cháilíocht dhearfach ghnéithe cothaitheacha na mbianna agus na ndeochanna sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú, chun críocha an Airteagail seo, trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).”;

(14)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh seirbhísí meán closamhairc ná cláir urraithe ag gnóthais arb é a bpríomhghníomhaíocht toitíní, agus táirgí eile tobac a mhonarú nó a dhíol, mar aon le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní dhéanfar cláir nuachta agus cúrsaí reatha a urrú. Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar urraíocht na gclár do leanaí. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú toirmeasc a chur ar lógó urraíochta a thaispeáint le linn cláir do leanaí, cláir faisnéise agus cláir reiligiúnacha.”;

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le cláir a táirgeadh tar éis an 19 Nollaig 2009.

2.   Ceadófar suiteáil táirgí i ngach seirbhís meán closamhairc, ach amháin cláir nuachta agus cúrsaí reatha, cláir maidir le gnóthaí tomhaltóirí, cláir reiligiúnacha agus cláir do leanaí.

3.   Comhlíonfaidh cláir ina bhfuil suiteáil táirgí na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh tionchar ar a n-inneachar agus ar a n-eagrú laistigh de sceideal, i gcás craoltóireacht teilifíse, nó laistigh de chatalóg i gcás seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, i gcás ar bith ar bhealach a dhéanfaidh difear do fhreagracht agus do neamhspleáchas eagarthóireachta an tsoláthraí seirbhíse meán;

(b)

ní dhéanfaidh siad spreagadh díreach chun earraí nó seirbhísí a cheannach nó a fháil ar cíos, go háirithe trí thagairtí speisialta poiblíochta a dhéanamh do na hearraí nó do na seirbhísí sin;

(c)

ní thabharfaidh siad tosaíocht mhíchuí don táirge atá i gceist;

(d)

cuirfear an lucht féachana ar an eolas ar bhealach soiléir faoi shuiteáil táirgí a bheith ann trí shainaithint iomchuí a dhéanamh ag tús agus ag deireadh an chláir, agus nuair a thosaíonn clár arís tar éis sos fógraíochta, chun nach mbeidh aon mhearbhall ar an lucht féachana.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i bpointe (d) a tharscaoileadh seachas i gcás na gclár sin a dhéanann soláthraí seirbhíse meán nó cuideachta atá cleamhnaithe leis an soláthraí seirbhíse meán sin, a léiriú nó a choimisiúnú.

4.   Ar aon nós ní dhéanfar na táirgí seo a leanas a shuiteáil in aon chláir:

(a)

toitíní agus táirgí eile tobac, mar aon le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta nó táirgí ó ghnóthais arb é a bpríomhghníomhaíocht na táirgí sin a mhonarú nó a dhíol;

(b)

táirgí sonracha leighis nó cóireálacha sonracha leighis nach bhfuil ar fáil ach le hoideas sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán.”;

(16)

Scriostar teideal Chaibidil IV;

(17)

Scriostar Airteagal 12;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sciar 30 % ar a laghad de shaothair Eorpacha sna catalóga acu ag soláthraithe seirbhíse meán de sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh faoina ndlínse agus áiritheoidh siad go dtabharfar tosaíocht do na saothair sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán atá faoina ndlínse rannchuidiú ó thaobh airgeadais chun saothair Eorpacha a léiriú, lena n-áirítear trí infheistíocht dhíreach a dhéanamh san inneachar agus trí ranníocaíocht a dhéanamh le cistí náisiúnta, féadfaidh siad a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán a dhíríonn ar lucht féachana ar a gcríocha, ach atá bunaithe i mBallstát eile, na ranníocaíochtaí airgeadais sin a dhéanamh, go comhréireach, neamh-idirdhealaitheach.

3.   Sa chás dá dtagraítear i mír 2, is ar an ioncam a ghnóthófar sna Ballstáit a bhfuiltear ag díriú orthu amháin a bheidh an ranníocaíocht airgeadais bunaithe. Má fhorchuireann an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe ranníocaíocht den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh aon ranníocaíocht a d'fhorchuir na Ballstáit a bhfuiltear ag díriú orthu. Comhlíonfaidh aon ranníocaíocht airgeadais dlí an Aontais, go háirithe na rialacha maidir le Státchabhair.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi 19 Nollaig 2021 agus gach dara bliain ina dhiaidh sin maidir le mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil agus ar bhonn staidéar neamhspleách, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, lena n-áirítear an margadh agus forbairtí teicneolaíocha agus cuspóir na héagsúlachta cultúrtha.

6.   An oibleagáid a fhorchuirfear de bhun mhír 1 agus an ceanglas ar sholáthraithe seirbhíse meán a dhíríonn ar lucht féachana i mBallstáit eile, a leagtar amach i mír 2, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i dtaca le soláthraithe seirbhísí meán a bhfuil láimhdeachas íseal nó lucht féachana íseal acu. Féadfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí nó na ceanglais sin a tharscaoileadh freisin i gcás ina mbeidís dodhéanta nó nach mbeadh údar leo mar gheall ar chineál nó téama na seirbhísí meán closamhairc.

7.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis an sciar de shaothair Eorpacha dá dtagraítear i mír 1 a ríomh agus maidir leis an sainmhíniú, dá dtagraítear i mír 6, ar lucht féachana íseal agus ar láimhdeachas íseal.”;

(19)

In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ceadófar míreanna don fhógraíocht aonarach teilifíse agus don teilishiopadóireacht i rith imeachtaí spóirt. Is mar eisceacht i gcónaí a bheidh na míreanna don fhógraíocht aonarach teilifíse agus don teilishiopadóireacht, seachas a mhéid a bhaineann le himeachtaí spóirt a tharchur.”;

(20)

In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le tarchur scannáin a rinneadh don teilifís (seachas sraith, cláir shrathacha agus cláir faisnéise), saothair chineamatagrafacha agus cláir nuachta, is féidir sos a bheith iontu le haghaidh fógraíochta teilifíse, teilishiopadóireachta, nó iad ar aon, uair amháin i ngach tréimhse sceidealaithe 30 nóiméad ar a laghad. Féadfar, leis an bhfógraíocht teilifíse, cur isteach, uair amháin in aghaidh gach tréimhse de, ar laghad, 30 nóiméad, ar tharchur na gclár do pháistí, ar choinníoll gur mó ná 30 nóiméad ré sceidealaithe an chláir. Beidh cosc ar tharchur teilishiopadóireachta i rith cláir do pháistí. Ní dhéanfar aon fhógraíocht teilifíse ná ní dhéanfar aon mhír theilishiopadóireachta a chraoladh le linn seirbhísí reiligiúnacha.”;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

1.   Ní rachaidh cion na míreanna fógraíochta teilifíse agus na míreanna teilishiopadóireachta laistigh den tréimhse idir 06:00 agus 18:00 thar 20 % den tréimhse sin. Ní rachaidh cion na míreanna fógraíochta teilifíse agus na míreanna teilishiopadóireachta laistigh den tréimhse idir 18:00 agus 24:00 thar 20 % den tréimhse sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

fógraí a dhéanann an craoltóir a bhaineann lena chláir féin agus táirgí coimhdeacha a thagann go díreach ó na cláir sin nó le cláir agus seirbhísí meán closamhairc ó eintitis eile de chuid an ghrúpa craoltóireachta céanna;

(b)

fógraí urraíochta;

(c)

suiteáil táirgí;

(d)

frámaí neodracha idir an t-inneachar eagarthóireachta agus míreanna fógraíochta teilifíse nó teilishiopadóireachta, agus idir míreanna aonair.”;

(22)

Scriostar Caibidil VIII;

(23)

Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IXA

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ ARDÁIN COMHROINNTE FÍSEÁN

Airteagal 28a

1.   Chun críocha na Treorach seo, soláthraí ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe ar chríoch Ballstáit de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2000/31/CE, is faoi dhlínse an Bhallstáit sin a bheidh sé.

2.   Soláthraí ardáin comhroinnte físeán nach bhfuil bunaithe ar chríoch Ballstáit de bhun mhír 1, measfar go bhfuil sé bunaithe ar chríoch Ballstáit chun críocha na Treorach seo más fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthraí ardáin comhroinnte físeán sin:

(a)

tá máthairghnóthas nó foghnóthas aige atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin; nó

(b)

is comhalta de ghrúpa é agus tá gnóthas eile den ghrúpa sin bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin.

Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ gnóthas a rialaíonn foghnóthas amháin nó níos mó

(b)

ciallaíonn ‘foghnóthas’ gnóthas arna rialú ag máthairghnóthas, lena n-áirítear aon fhoghnóthas de chuid máthairghnóthas deiridh;

(c)

ciallaíonn ‘grúpa’ máthairghnóthas, a fhoghnóthais uile agus gach gnóthas eile a bhfuil naisc eagraíochtúla eacnamaíocha agus dlíthiúla leo.

3.   Chun críocha mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas, an foghnóthas nó na gnóthais eile den ghrúpa bunaithe i mBallstáit éagsúla, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an máthairghnóthas bunaithe nó, in éagmais máthairghnóthas a bheith bunaithe i mBallstát, measfar go bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an foghnóthas bunaithe, nó in éagmais foghnóthas a bheith bunaithe i mBallstát, measfar go bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas eile den ghrúpa bunaithe.

4.   Chun críocha mír 3 a chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil roinnt foghnóthas ann agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát éagsúil, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát inar thosaigh ceann de na foghnóthais ag gníomhú ar dtús, ar choinníoll go gcoinníonn sé nasc cobhsaí agus éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin.

I gcás ina bhfuil roinnt gnóthas eile ann agus iad ina gcuid den ghrúpa agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát eile, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát inar thosaigh ceann amháin de na gnóthais sin a chuid gníomhaíochtaí den chéad uair, ar choinníoll go gcoinníonn sé nasc cobhsaí, éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin.

5.   Chun críocha na Treorach seo, bainfidh Airteagal 3, agus Airteagal 12 go Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a meastar gur bunaithe i mBallstát i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo atá siad.

6.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe ar a gcríoch a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta agus léireoidh siad na critéir, a leagtar amach i mír 1 go mír 4, ar a bhfuil a ndlínse bunaithe. Cuirfidh na Ballstáit an liosta sin, mar aon le haon nuashonruithe air, in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear liostaí den sórt sin ar fáil i mbunachar sonraí láraithe. I gcás neamhréireachtaí idir na liostaí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil rochtain ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ar an mbunachar sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá sa bhunachar ar fáil don phobal.

7.   I gcás nach dtagann na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú, agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige, cuirfidh siad an méid sin ar a shúile don Choimisiún gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ERGA tuairim a thabhairt ar an ábhar sin i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3). Cuirfidh ERGA tuairim den sort sin ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don Choimisiún iarraidh a thíolacadh. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí.

Airteagal 28b

1.   Gan dochar d'Airteagal 12 go hAirteagal 15 de Threoir 2000/31/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán atá faoina ndlínse bearta iomchuí maidir leis an méid a leanas:

(a)

mionaoisigh a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach i gcomhréir le hAirteagal 6a(1);

(b)

an pobal i gcoitinne a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc ina ndéantar gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó comhalta grúpa bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt;

(c)

an pobal i gcoitinne a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc ina bhfuil inneachar arb ionann é a scaipeadh agus gníomhaíocht ar cion coiriúil é faoi dhlí an Aontais, mar atá briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541, cionta a bhaineann le pornagrafaíocht leanaí mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*agus cionta a bhaineann leis an gciníochas agus an tseineafóibe mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/913/CGB.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) i dtaca le cumarsáid tráchtála closamhairc a mhargaíonn, a dhíolann agus a shocraíonn na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán faoina ndlínse bearta iomchuí chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) a chomhlíonadh i dtaca le cumarsáid tráchtála closamhairc nach bhfuil á gcur ar an margadh, á ndíol ná á socrú ag na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán sin, agus cuirfear san áireamh an rialú teoranta arna fheidhmiú ag na hardáin comhroinnte físeán ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán úsáideoirí ar an eolas ar bhealach soiléir faoi na cláir agus na físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí ina bhfuil cumarsáid tráchtála closamhairc, ar choinníoll go ndearbhaítear cumarsáid den sórt sin faoi phointe (c) den tríú fomhír de mhír 3 nó ina bhfuil an soláthraí ar an eolas go bhfuil sin amhlaidh.

Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na comhrialála agus cothú na féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) a bhfuil sé mar aidhm leo nochtadh leanaí agus mionaoiseach a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le bianna agus deochanna ina bhfuil cothaithigh nó substaintí le héifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu, go háirithe saill, saillte sáithithe, aigéid thras-sailleacha, salann nó sóidiam agus siúcraí nach molfaí iontógáil iomarcach díobh in aiste bia fhoriomlán. Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nach leagfaidh cumarsáid tráchtála closamhairc den sórt sin béim ar cháilíocht dhearfach ghnéithe cothaitheacha na mbianna agus na ndeochanna sin.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, cinnfear na bearta iomchuí, i bhfianaise chineál an inneachair atá i gceist, na díobhála a d'fhéadfadh sé a dhéanamh, na saintréithe den chatagóir daoine atá le cosaint chomh maith leis na cearta agus leasanna dlisteanacha atá i gceist, lena n-áirítear cearta agus leasanna na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán agus na n-úsáideoirí a chruthaigh an t-inneachar nó a d'uaslódáil an t-inneachar chomh maith le leasa phoiblí ghinearálta.

Áirtheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gach soláthraí ardáin comhroinnte físeán faoina ndlínse bearta den sórt sin i bhfeidhm. Beidh na bearta sin indéanta, comhréireach, agus méid na seirbhíse ardáin comhroinnte físeán agus an cineál seirbhíse a sholáthraítear á gcur san áireamh. Ní bheidh mar thoradh ar na bearta sin aon bhearta rialaithe ex ante ná scagadh uaslódála inneachair, nach gcomhlíonann Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE. Chun críocha mionaoisigh a chosaint, dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an t-inneachar is díobhálaí faoi réir na mbeart is déine rialaithe rochtana.

Is éard a bheidh sna bearta sin, de réir mar is iomchuí:

(a)

i dtéarmaí agus coinníollacha na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm;

(b)

i dtéarmaí agus coinníollacha na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc nach margaíonn, nach ndíolann nó nach socraíonn na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm;

(c)

feidhmiúlacht a bheith ann le haghaidh úsáideoirí a uaslódálann físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí chun a dhearbhú an bhfuil cumarsáid tráchtála closamhairc sna físeáin sin, chomh fada agus is eol dóibh nó chomh fada agus a d'fhéadfaí le réasún a bheith ag súil gurbh eol dóibh;

(d)

sásraí trédhearcacha, soláimhsithe d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán a bhunú agus a fheidhmiú chun an t-inneachar dá dtagraítear i mír 1 agus atá curtha ar fáil ar a ardán a thuairisciú nó a mharcáil don soláthraí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

córais a bhunú agus a fheidhmiú trína míneoidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán cén éifeacht a bhí ag an tuairisciú nó ag an marcáil dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

córais fíoraithe aoise a bhunú agus a fheidhmiú d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán i ndáil le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach;

(g)

córais is furasta a úsáid, a bhunú agus a fheidhmiú lena bhféadfaidh úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán an t-inneachar dá dtagraítear i mír 1 a mheas;

(h)

córais rialaithe tuismitheoirí atá faoi rialú an úsáideora dheiridh maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta na mionaoiseach a chur ar fáil;

(i)

nósanna imeachta trédhearcacha, furasta a úsáid, éifeachtacha a bhunú agus a fheidhmiú chun gearáin úsáideoirí chuig an soláthraí ardáin comhroinnte físeán maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (d) go (h) a láimhseáil agus a réiteach;

(j)

foráil a dhéanamh le haghaidh bearta agus uirlisí maidir le litearthacht sna meáin agus feasacht na n-úsáideoirí ar na bearta agus na huirlisí sin a mhúscailt.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta na mionaoiseach a bhailítear ná a ghintear le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán de réir phointí (f) agus (h) den tríú fhomhír a phróiseáil chun críocha tráchtála, amhail margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht iompraíocht-dírithe.

4.   Chun críocha chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo, spreagfaidh na Ballstáit úsáid na comhrialála faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1).

5.   Bunóidh na Ballstáit na sásraí is gá chun oiriúnacht na mbeart dá dtagraítear i mír 3 arna ndéanamh ag soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a mheasúnú. Cuirfidh na Ballstáit measúnú na beart sin faoi chúram na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta.

6.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a fhorchur ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán atá níos mionsonraithe nó níos déine ná na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Agus bearta den sórt sin á nglacadh acu, déanfaidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh, amhail iad siúd a leagtar amach in Airteagal 12 go hAirteagal 15 de Threoir 2000/31/CE nó in Airteagal 25 de Threoir 2011/93/AE.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí sásaimh lasmuigh den chúirt ar fáil chun díospóidí a réiteach idir úsáideoirí agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a bhaineann le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3. Le sásraí den sórt sin beifear in ann díospóidí a shocrú ar bhealach neamhchlaonta agus ní bhainfear an chosaint dhlíthiúil den úsáideoir a thugtar faoin dlí náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húsáideoirí a gcearta a dhearbhú os comhair cúirte i ndáil le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán de bhun mhír 1 agus mhír 3.

9.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe ardáin comhroinnte físeán dea-chleachtais a mhalartú maidir le cóid iompair chomhrialála dá dtagraítear i mír 4.

10.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2). (*1)”;

(*1)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch 1)."

(24)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil XI:

ÚDARÁIS AGUS COMHLACHTAÍ RIALÁLA NA MBALLSTÁT”;

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin nó níos mó, nó an dá chineál. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil ón rialtas agus neamhspleách ó thaobh feidhme ar a rialtais féin faoi seach agus ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Beidh sé sin gan dochar don deis atá ag na Ballstáit rialaitheoirí a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar earnálacha eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo, go háirithe iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cosaint tomhaltóirí, inrochtaineacht, neamh-idirdhealú, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíocht chóir a chur chun cinn.

Ní lorgóidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta treoracha ó aon chomhlacht eile i ndáil le feidhmiú na gcúraimí a shannfar dóibh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ná ní ghlacfaidh siad le treoracha uathu. Ní choiscfear leis sin maoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go saineofar inniúlachtaí agus cumhachtaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta go soiléir ina ndlí, maille leis na bealaí a mbeidh siad cuntasach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní airgeadais agus daonna agus cumhachtaí forfheidhmithe leordhóthanacha ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach agus chun cur le hobair ERGA. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar a mbuiséid bhliantúla féin do na húdaráis nó do na comhlachtaí rialála náisiúnta agus go gcuirfear iad seo ar fáil go poiblí.

5.   Leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cinn údaráis agus comhlachtaí rialála náisiúnta nó comhaltaí an chomhlachta choláistigh ag comhlíonadh na feidhme sin a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost, lena n-áirítear fad tréimhse an tsainordaithe. Beidh na nósanna imeachta sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus áiritheofar leo an leibhéal neamhspleáchais is gá. Féadfar ceann údaráis nó comhlachta rialála náisiúnta nó comhaltaí an chomhlachta choláistigh ag comhlíonadh na feidhme sin laistigh d'údarás nó de chomhlacht rialála náisiúnta a bhriseadh as a bpost, mura gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, coinníollacha a leagtar síos roimh ré ar an leibhéal náisiúnta. Beidh údar cuí ag cinneadh maidir le duine a bhriseadh as a phost, beidh sé faoi réir fógra a thabhairt roimh ré agus cuirfear an cinneadh ar fáil go poiblí.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí achomhairc éifeachtacha ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Beidh an comhlacht achomhairc, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, neamhspleách ar na páirtithe atá páirteach san achomharc.

Go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc, seasfaidh an cinneadh ón údarás nó ón gcomhlacht rialála náisiúnta, mura gceadaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(26)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 30a

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta bearta iomchuí chun an fhaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm a chur ar fáil dá chéile agus don Choimisiún, go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4.

2.   I gcomhthéacs an mhalartaithe faisnéise faoi mhír 1, i gcás ina bhfaigheann údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta faisnéis ó sholáthraí seirbhíse meán faoina ndlínse go gcuirfidh sé seirbhís atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar an lucht féachana i mBallstát eile, cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige údarás nó comhlacht rialála náisiúnta an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air ar an eolas.

3.   Má dhéanann an t-údarás nó an comhlacht rialála i mBallstát a bhfuil soláthraí seirbhíse meán atá faoi dhlínse Ballstáit eile ag díriú air, iarratas a sheoladh maidir le gníomhaíochtaí an tsoláthraí sin chuig údarás nó comhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin, déanfaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála sin a dhícheall an t-iarratas a fhreagairt laistigh de 2 mhí, gan dochar do na teorainneacha ama níos déine is infheidhme de bhun na Treorach seo. I gcás ina n-iarrtar é, cuirfidh údarás nó comhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air aon fhaisnéis a bheadh ina cuidiú chun an t-iarratas a fhreagairt ar fáil d'údarás nó do chomhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige.

Airteagal 30b

1.   Leis seo bunaítear Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA).

2.   Sa ghrúpa sin, beidh ionadaithe ó údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta i réimse na seirbhísí meán closamhairc ar a bhfuil príomhfhreagracht na maoirseachta ar sheirbhísí meán closamhairc, nó i gcás nach bhfuil údarás nó comhlacht rialála náisiúnta ann, beidh ionadaithe eile a roghnófar de réir na nósanna imeachta atá acu. Beidh ionadaí ón gCoimisiún rannpháirteach i gcruinnithe ERGA.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar ERGA:

(a)

saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

an cúram atá air cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú i ngach Ballstát,

cúrsaí a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc laistigh dá inniúlacht;

(b)

taithí agus dea-chleachtais a mhalartú ó thaobh chur i bhfeidhm an chreata rialála do sheirbhísí meán closamhairc, lena n-áirítear inrochtaineacht agus litearthacht sna meáin;

(c)

comhoibriú lena chomhaltaí agus an fhaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm a chur ar fáil dóibh, go háirithe maidir le hAirteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 7;

(d)

tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún, i ndáil le gnéithe teicniúla agus fíorasacha na saincheisteanna de bhun Airteagal 2(5c), Airteagal 3(2) agus (3), pointe (c) d'Airteagal 4(4) agus Airteagal 28a(7).

4.   Glacfaidh ERGA a rialacha nós imeachta.”;

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit an Treoir seo i bhfeidhm.

Faoin 19 Nollaig 2022 ar a dhéanaí, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

Faoin 19 Nollaig 2026, ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle meastóireacht ex post, agus moltaí maidir lena hathbhreithniú ag gabháil leo, más iomchuí, maidir le tionchar na Treorach seo agus a breisluach.

Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála agus ERGA ar an eolas go cuí faoi obair agus ghníomhaíochtaí a chéile.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear faisnéis a fhaightear ó na Ballstáit faoi aon bheart a dhéanann siad sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo in iúl don Choiste Teagmhála agus do ERGA.”;

(28)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 33a

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur chun cinn agus a ghlacadh chun scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt.

2.   Faoin 19 Nollaig 2022 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le raon feidhme tuarascálacha den sórt sin.”

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 19 Meán Fómhair 2020 Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí a mbeidh tagairt den sórt sin le déanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 157.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 41.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(4)  Treoir 89/552/CEE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 1989 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse a shaothrú (IO L 298, 17.10.1989, lch. 23).

(5)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(6)  Treoir 2007/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoir 89/552/CEE ón gComhairle maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse a shaothrú (IO L 332, 18.12.2007, lch. 27).

(7)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).

(8)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(13)  Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialúcháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac, (IO L 152, 20.6.2003, lch. 16).

(14)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

(15)  Cinneadh C(2014)0462 final ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2014 maidir le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc a bhunú.

(16)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.