12.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/23


RIALACHÁN (AE) Uimh. 995/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déantar réimse leathan sochar comhshaoil, sochar eacnamaíoch agus sochar sóisialta a chur ar fáil trí fhoraoisí, lena n-áirítear táirgí foraoise adhmaid agus neamh-adhmaid agus seirbhísí comhshaoil atá bunriachtanach don chine daonna, amhail an bhithéagsúlacht agus feidhmeanna éiceachórais a chothabháil agus an córas aeráide a chosaint.

(2)

De bharr an éilimh mhéadaithigh atá ar adhmad agus ar tháirgí adhmaid ar fud an domhain agus, ina theannta sin, de bharr na n-easnamh institiúideach agus rialachais atá ann in earnáil na foraoiseachta i roinnt tíortha táirgthe adhmaid, tá lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil atá gaolmhar léi tar éis teacht chun bheith ina n-ábhar imní níos mó ná riamh.

(3)

Is forleatach an fhadhb í an lománaíocht neamhdhleathach agus is mór an chúis imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í. Is bagairt shuntasach ar fhoraoisí í mar gur cuid de phróiseas an dífhoraoisithe agus de phróiseas díghrádaithe foraoise í, ar próiseas é atá freagrach as tuairim is 20 % de na hastaíochtaí domhanda CO2, atá ina bhagairt ar an mbithéagsúlacht agus a bhaineann an bonn de bhainistíocht inbhuanaithe foraoise agus d’fhorbairt inbhuanaithe foraoise, lena n-áirítear inmharthanacht tráchtála na n-oibreoirí a ghníomhaíonn i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Cuireann sí le fairsingiú fásaigh agus creimeadh ithreach freisin agus is féidir léi teagmhais aimsire crua agus tuilte a dhianú. De bhreis air sin, tá impleachtaí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíochta aici, agus is minic a bhaineann na himpleachtaí sin an bonn den dul chun cinn i dtreo an dea-rialachais agus a bhagraíonn siad ar shlí bheatha na bpobal áitiúil atá ag brath ar fhoraoisí agus is féidir í a nascadh le coinbhleachtaí armtha. Trí fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí a chomhrac i gcomhthéacs an Rialacháin seo, meastar go gcuirfear le hiarrachtaí an Aontais i leith mhaolú an athraithe aeráide ar shlí a bheidh cost-éifeachtach agus ba chóir breathnú air sin mar rud a chomhlánaíonn gníomhaíocht agus gealltanais an Aontais i gcomhthéacs Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide.

(4)

Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail (3), sainaithnítear mar ghníomhaíochtaí tosaíochta scrúdú na féidearthachta go ndéanfar bearta gníomhacha chun trádáil in adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac agus leanúint de rannpháirtíocht ghníomhach an Aontais agus na mBallstát i gcur chun feidhme réiteach agus comhaontuithe de chineál domhanda agus de chineál réigiúnach maidir le saincheisteanna a bhaineann le foraoisí.

(5)

I dTeachtaireacht an 21 Bealtaine 2003 ón gCoimisiún dar teideal ‘Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE’, moladh pacáiste beart chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála atá gaolmhar léi i gcomhthéacs iarrachtaí foriomlána an Aontais chun bainistíocht inbhuanaithe foraoise a bhaint amach.

(6)

D’fháiltigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh an Teachtaireacht sin agus d’aithin siad an gá atá ann go rannchuideodh an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar an leibhéal domhanda chun tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí.

(7)

I gcomhréir le haidhm na Teachtaireachta sin, eadhon a áirithiú nach dtiocfaidh isteach san Aontas ach táirgí adhmaid arna dtáirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na tíre táirgthe, tá caibidlíocht ar siúl ag an Aontas le tíortha táirgthe adhmaid (“tíortha comhpháirtíochta”) faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí (“VPAanna FLEGT”) lena gcruthófar oibleagáid do na páirtithe ar oibleagáid í atá ceangailteach le dlí agus ar oibleagáid í chun scéim ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus chun an trádáil san adhmad agus i dtáirgí adhmaid a shainaithnítear sna VPAanna FLEGT sin a rialáil.

(8)

I bhfianaise mhórscála agus phráinn na faidhbe, is gá tacú go gníomhach leis an gcomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála atá gaolmhar léi, is gá an tionscnamh VPA FLEGT a chomhlánú agus a neartú agus is gá feabhas a chur ar na sineirgí idir na beartais a bhfuil sé d’aidhm acu na foraoiseacha a chaomhnú agus leibhéal ard cosanta comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta.

(9)

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí a rinne na tíortha a bhfuil VPAanna FLEGT tugtha i gcrích acu leis an Aontas agus do na prionsabail atá ionchorpraithe iontu, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach agus ba cheart tíortha a spreagadh tuilleadh chun VPAanna FLEGT a thabhairt chun críche. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin nach ndéantar, faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT, ach adhmad arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus táirgí adhmaid atá díorthaithe as adhmad den sórt sin a onnmhairiú isteach san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí gur adhmad arna lománú go dleathach é adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (4), ar táirgí adhmaid iad de thionscnamh tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí adhmaid sin an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(10)

Ba cheart a chur san áireamh freisin go leagann an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) ceanglas ar na páirtithe in CITES gan cead onnmhairíochta CITES a dheonú ach amháin i gcás ina ndearnadh speiceas atá liostaithe in CITES a lománú, inter alia, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa tír onnmhairíochta. Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, maidir le hadhmad de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (5), gur lománaíodh go dleathach é ar choinníoll go gcomhlíonann sé an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(11)

Á mheabhrú gur cheart go spreagfaí adhmad athchúrsáilte agus táirgí adhmaid athchúrsáilte a úsáid agus go gcuirfeadh sé ualach díréireach ar na hoibreoirí dá ndéanfaí na táirgí sin a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart seanadhmad agus seantáirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart, mar cheann de bhearta an Rialacháin seo, toirmeasc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach, nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin, a chur ar an margadh inmheánach den chéad uair. Agus castacht na lománaíochta neamhdhleathaí, na cúiseanna atá mar bhonn léi agus na tionchair atá aici á gcur san áireamh, ba cheart bearta sonracha a dhéanamh amhail bearta a dhíríonn ar iompraíocht oibreoirí.

(13)

I gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta FLEGT, féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit, tacú le staidéir agus taighde ar leibhéil na lománaíochta neamhdhleathaí agus ar chineál na lománaíochta neamhdhleathaí sna tíortha éagsúla, agus staidéir agus taighde a sheoladh ar na nithe sin, agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí, chomh maith le tacú le treoir phraiticiúil a sholáthar do na hoibreoirí maidir leis an reachtaíocht is infheidhme sna tíortha táirgthe adhmad.

(14)

Cheal sainmhínithe arna chomhaontú go hidirnáisiúnta, ba cheart gurb é a bheadh mar bhonn le sainmhíniú a thabhairt ar céard í lománaíocht neamhdhleathach ná reachtaíocht na tíre inar lománaíodh an t-adhmad, lena n-áirítear rialacháin mar aon leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha ar páirtí iontu an tír sin a chur chun feidhme sa tír sin.

(15)

Cuirtear go leor táirgí adhmaid trí phróisis iomadúla sula gcuirtear ar an margadh inmheánach den chéad uair iad agus tar éis iad a chur ar an margadh inmheánach den chéad uair. Chun nach mbeidh aon ualach riaracháin á fhorchur gan údar, níor cheart go gcuirfí ach na hoibreoirí a mbeidh adhmad nó táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, agus na hoibreoirí sin amháin, faoi réir chóras an díchill chuí, agus ba cheart, ag an am céanna, go gceanglófaí ar thrádálaí sa slabhra soláthair faisnéis bhunúsach a sholáthar maidir lena sholáthróir agus maidir lena cheannaitheoir chun inrianaitheacht an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid a chumasú.

(16)

Ar bhonn cur chuige shistéimigh, ba cheart go ndéanfadh oibreoirí a mbeidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, na bearta cuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh adhmad arna lománú go neamhdhleathach ná táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin á gcur ar an margadh inmheánach. Chuige sin, ba cheart do na hoibreoirí dícheall cuí a fheidhmiú, trí chóras beart agus nósanna imeachta, chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh inmheánach.

(17)

Áirítear trí eilimint i gcóras an díchill chuí agus is gnéithe dílse iad de bhainistiú riosca: rochtain ar fhaisnéis, measúnú riosca agus maolú a dhéanamh ar an riosca a shainaithnítear. Ba cheart go dtabharfadh córas an díchill chuí rochtain ar fhaisnéis maidir le foinsí agus soláthróirí an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid atá á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair, lena n-áirítear faisnéis ábhartha amhail comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, tír a lománaithe agus, i gcás inarb infheidhme, an speiceas, an chainníocht, an réigiún fonáisiúnta agus an lamháltas lománaithe. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart go ndéanfadh na hoibreoirí measúnú riosca. I gcás ina sainaithnítear riosca, ba cheart d’oibreoirí an riosca sin a mhaolú ar mhodh a bheadh comhréireach leis an riosca arna shainaithint, d’fhonn cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh inmheánach.

(18)

Chun aon ualach gan ghá riaracháin a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí ar na hoibreoirí sin a bhfuil leas á bhaint acu cheana féin as córais nó as nósanna imeachta a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo córais nua a chur ar bun.

(19)

Chun aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtas in earnáil na foraoiseachta, féadfar scéimeanna deimhniúcháin, nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí, ar scéimeanna iad ina n-áirítear fíorú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, a úsáid sa nós imeachta maidir le measúnú riosca.

(20)

Tá earnáil an adhmaid fíorthábhachtach do gheilleagar an Aontais. Is gníomhaithe tábhachtacha san earnáil iad eagraíochtaí na n-oibreoirí mar go ndéanann siad ionadaíocht ar leasanna na hearnála ar scála leathan agus go n-idirghníomhaíonn siad le raon ilchineálach geallsealbhóirí. Tá an saineolas agus an inniúlacht ag na heagraíochtaí sin freisin le hanailís a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha agus le comhlíonadh na reachtaíochta ag a gcomhaltaí a éascú, ach níor cheart go n-úsáidfidís an inniúlacht sin chun ceannas a fháil ar an margadh. Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus chun rannchuidiú le forbairt dea-chleachtas, is iomchuí aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí a bhfuil córais an díchill chuí forbartha acu, ar córais iad a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. Maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar uathu, ba cheart na nithe sin a dhéanamh ar shlí atá cothrom agus trédhearcach. Ba cheart liosta de na heagraíochtaí aitheanta sin a phoibliú chun a chumasú do na hoibreoirí leas a bhaint astu.

(21)

Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ag eatraimh rialta ar na heagraíochtaí faireacháin chun a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh go héifeachtach acu. Ina theannta sin, ba cheart go bhféachfadh na húdaráis inniúla le seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina seilbh acu, lena n-áirítear cásanna ina n-ardaíonn tríú páirtithe cúiseanna imní a bhfuil bonn maith leo.

(22)

Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh lena dheimhniú go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh go héifeachtach ag na hoibreoirí. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla a dhéanamh, i gcomhréir le plean de réir mar is iomchuí, agus d’fhéadfadh sé go n-áireofaí seiceálacha in áitreabh oibreoirí, mar aon le hiniúchtaí allamuigh, sna seiceálacha sin, agus ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a cheangal ar na hoibreoirí gníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh i gcás inar gá sin. Ina theannta sin, ba cheart go bhféachfadh na húdaráis inniúla le seiceálacha a dhéanamh freisin nuair atá faisnéis ábhartha ina seilbh acu, lena n-áirítear ábhair imní a thagann ó thríú páirtithe agus a bhfuil bonn maith leo.

(23)

Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil ar na seiceálacha agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (6).

(24)

Agus cineál idirnáisiúnta na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála atá gaolmhar léi á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile agus le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún.

(25)

Chun go n-éascófar comhlíonadh an Rialacháin seo ar thaobh cumas na n-oibreoirí a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach ceanglais an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar staid na bhfiontar beag agus meánmhéide, féadfaidh Ballstáit, agus cúnamh á fháil acu ón gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cúnamh teicniúil agus cúnamh eile a sholáthar do na hoibreoirí agus féadfaidh siad malartú faisnéise a éascú. Níor cheart go scaoilfeadh cúnamh den sórt sin na hoibreoirí óna n-oibleagáid chun dícheall cuí a fheidhmiú.

(26)

Ba cheart do thrádálaithe agus d’eagraíochtaí faireacháin staonadh ó aon bhearta a d’fhéadfadh baint amach chuspóir an Rialacháin seo a chur i gcontúirt.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionóis i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear sáruithe arna ndéanamh ag oibreoirí, ag trádálaithe inmheánacha agus ag eagraíochtaí faireacháin, agus go mbeidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar a fhoráil le rialacha náisiúnta, tar éis pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i leith sáruithe ar an toirmeasc ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach, nó ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin, a chur ar an margadh inmheánach, nach gá go ndéanfaí an t-adhmad nó na táirgí adhmaid sin a dhíothú ach go bhféadfaí, ina ionad sin, iad a úsáid nó a dhiúscairt chun críoch atá ar mhaithe le leas an phobail.

(28)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar gníomhartha iad a bhaineann leis na nósanna imeachta chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí faireacháin agus chun an t-aitheantas sin a tharraingt siar, a bhaineann le critéir ábhartha eile um measúnú riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na critéir dá bhforáiltear cheana sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a bhaineann leis an liosta d’adhmad agus de tháirgí adhmaid a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(29)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le cur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le minicíocht agus cineál na seiceálacha a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar na heagraíochtaí faireacháin agus maidir leis na córais díchill chuí, seachas maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca. I gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE, tá rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin le leagan síos roimh ré le rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an rialachán nua sin, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7) d’fheidhm a bheith aige, cés moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar nós imeachta é nach bhfuil infheidhme.

(30)

Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála atá gaolmhar léi, a bhaint amach ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, chomh maith le hoibleagáidí na dtrádálaithe maidir le hinrianaitheacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “adhmad agus táirgí adhmaid” an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, cés moite de tháirgí adhmaid nó de chomhpháirteanna de chuid táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (8);

(b)

ciallaíonn “cur ar an margadh” adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith ar an margadh inmheánach den chéad uair, gan spleáchas don teicníocht díolacháin a úsáidtear, chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Folaíonn sé freisin soláthar trí chianchumarsáid de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí (9). Maidir le táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad nó ó tháirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a sholáthar ar an margadh inmheánach, ní hionann an soláthar sin agus ‘cur ar an margadh’;

(c)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann adhmad nó táirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a dhíol nó a cheannach ar an margadh inmheánach i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála;

(e)

ciallaíonn “tír na lománaíochta” an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;

(f)

ciallaíonn “arna lománú go dleathach” arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g)

ciallaíonn “arna lománú go neamhdhleathach” arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(h)

ciallaíonn “reachtaíocht is infheidhme” an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

cearta chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu le dlí;

íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht adhmaid;

lománaíocht adhmaid, lena n-áirítear reachtaíocht chomhshaoil agus reachtaíocht foraoise, ar reachtaíocht í ina n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach aici le lománaíocht adhmaid;

cearta dlíthiúla tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht, ar cearta iad a ndéanann lománaíocht adhmaid difear dóibh; agus

trádáil agus custam, a mhéid a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta.

Airteagal 3

Stádas adhmaid agus táirgí adhmaid a chumhdaítear le FLEGT agus le CITES

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur lománaíodh go dleathach aon adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ar táirgí iad de thionscnamh na dtíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus forálacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur lománaíodh go dleathach aon adhmad ó speicis a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97, ar adhmad é a chomhlíonann an Rialachán sin agus forálacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

Airteagal 4

Oibleagáidí na n-oibreoirí

1.   Toirmiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

2.   Feidhmeoidh na hoibreoirí dícheall cuí nuair a bheidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh acu. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairtear ‘córas díchill chuí’ anseo feasta, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6.

3.   Déanfaidh gach oibreoir an córas díchill chuí a úsáideann sé a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta, ach amháin i gcás ina n-úsáideann an t-oibreoir córas díchill chuí arna bhunú ag eagraíocht faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8. Féadfar córais mhaoirseachta atá ann cheana faoi reachtaíocht náisiúnta agus aon sásra saorálach le haghaidh shlabhra an choimeádta a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo a úsáid mar bhonn don chóras díchill chuí.

Airteagal 5

Oibleagáid na hinrianaitheachta

Beidh trádálaithe in ann na nithe seo a leanas a shainaithint ar fud an tslabhra soláthair:

(a)

na hoibreoirí nó na trádálaithe a sholáthair an t-adhmad agus na táirgí adhmaid; agus

(b)

i gcás inarb infheidhme, na trádálaithe ar sholáthair siad adhmad nó táirgí adhmaid dóibh.

Déanfaidh trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla má iarrann na húdaráis sin amhlaidh.

Airteagal 6

Córais díchill chuí

1.   Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(2):

(a)

bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar an oibreora i ndáil le hadhmad nó táirgí adhmaid a chuirtear ar an margadh:

tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus an cineál táirge, chomh maith le hainm coiteann an speicis crainn agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ainm eolaíoch iomlán,

tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme:

i)

an réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad; agus

ii)

lamháltas na lománaíochta,

cainníocht (arna sloinneadh i dtoirt, i meáchan nó i líon na n-aonad),

ainm agus seoladh sholáthróir an oibreora,

ainm agus seoladh an trádálaí dár soláthraíodh an t-adhmad agus na táirgí adhmaid,

doiciméid nó faisnéis eile lena dtugtar léiriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme i gcás an adhmaid sin agus na dtáirgí adhmaid sin;

(b)

nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Déanfar an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a), chomh maith leis na critéir ábhartha um measúnú riosca, a chur san áireamh sna nósanna imeachta sin, lena n-áirítear:

dearbhú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, ar dearbhú é a bhféadfadh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí, ar scéimeanna iad lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a bheith san áireamh ann,

leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach na speiceas sonrach crann,

leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas neamhdhleathach i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad, lena n-áirítear aird a thabhairt ar leitheadúlacht coinbhleachta armtha,

smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí adhmaid;

castacht shlabhra soláthair an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid;

(c)

seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a shainaithnítear i gcúrsa na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb é atá iontu ná sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfaí ceanglas a áireamh iontu á rá go bhfuil gá le faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise agus/nó go bhfuil gá le fíorú tríú páirtí.

2.   Déanfar na rialacha mionsonraithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, seachas maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012.

3.   Agus forbairtí sa mhargadh agus an taithí atá faighte le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme á gcur san áireamh, go háirithe na forbairtí agus an taithí a sainaithníodh tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 20(3), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na critéir sin dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn éifeachtacht an chórais díchill chuí a áirithiú.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 7

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Faoin 3 Meitheamh 2011, déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an Idirlíon. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 8

Eagraíochtaí faireacháin

1.   Déanfaidh eagraíocht faireacháin:

(a)

córas díchill chuí a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6 agus an ceart a dheonú d’oibreoirí chun é a úsáid;

(b)

a fhíorú go bhfuil a córas díchill chuí á úsáid i gceart ag na hoibreoirí sin;

(c)

an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh i gcás ina mainneoidh oibreoir a córas díchill chuí a úsáid i gceart, lena n-áirítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina ndéanfaidh an t-oibreoir mainneachtain shuntasach nó mainneachtain arís agus arís eile.

2.   Féadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ar aitheantas mar eagraíocht faireacháin má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá pearsantacht dhlítheanach aici agus tá sí bunaithe go dleathach laistigh den Aontas;

(b)

tá saineolas iomchuí aici agus tá sé d’acmhainn aici na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú; agus

(c)

áirithíonn sí nach bhfuil aon choimhlint leasa ann agus í ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, aitheantas mar eagraíocht faireacháin a thabhairt d’iarratasóir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 2.

Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh chun aitheantas a thabhairt d’eagraíocht faireacháin a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ag eatraimh rialta lena fhíorú go bhfuil na heagraíochtaí faireacháin a oibríonn laistigh de dhlínse na n-údarás inniúil ag leanúint de na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i mír 2. Féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil an Bhallstáit, lena n-áirítear ábhair imní a thagann ó thríú páirtithe agus a bhfuil bonn maith leo, nó nuair atá easnaimh braite aige sa chaoi a ndéanann oibreoirí an córas díchill chuí, arna bhunú ag eagraíocht faireacháin, a chur chun feidhme. Déanfar tuarascáil ar na seiceálacha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

5.   Má chinneann údarás inniúil nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin nó nach gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a thuilleadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

6.   Déanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar nuair a chinnfidh sé, go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear de bhun mhír 5, nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 nó na ceanglais a leagtar síos i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an eagraíocht faireacháin. Sula ndéanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas ina leith.

Maidir leis an gcinneadh chun aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar déanfaidh an Coimisiún é a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir.

7.   Chun forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar uathu agus, má éilíonn taithí amhlaidh, chun na rialacha sin a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, agus áiritheoidh sé, ag an am céanna, go ndéantar an t-aitheantas a thabhairt agus an t-aitheantas a tharraingt siar ar bhealach atá cothrom agus trédhearcach.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na gníomhartha sin faoin 3 Márta 2012.

8.   Déanfar rialacha mionsonraithe a bhaineann le minicíocht agus cineál na seiceálacha dá dtagraitear i mír 4, ar rialacha iad atá riachtanach chun maoirseacht éifeachtach na n-eagraíochtaí faireacháin agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre sin a áirithiú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012.

Airteagal 9

Liosta na n-eagraíochtaí faireacháin

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí faireacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, agus cuirfidh sé ar fáil ar a láithreán gréasáin é. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 10

Seiceálacha ar oibreoirí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann oibreoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 6.

2.   Déanfar seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe ina leith. De bhreis air sin, féadfar seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní ó thríú páirtithe maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo.

3.   Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

scrúdú ar an gcóras díchill chuí, lena n-áirítear measúnú riosca agus nósanna imeachta um maolú riosca;

(b)

scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn feidhmiú cuí an chórais díchill chuí agus na nósanna imeachta;

(c)

seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh.

4.   Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá chun seoladh na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

5.   Gan dochar d’Airteagal 19, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla fógra a eisiúint maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir. De bhreis air sin, agus ag brath ar chineál na n-easnamh a bhraitear, féadfaidh na Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a dhéanamh, lena n-áirítear inter alia:

(a)

an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a urghabháil;

(b)

toirmeasc a chur ar adhmad agus táirgí adhmaid a mhargú.

Airteagal 11

Taifead ar sheiceálacha

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a choinneáil, agus léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, chomh maith le haon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 10(5). Déanfar taifid ar gach seiceáil a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad.

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 12

Comhoibriú

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi easnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus in Airteagal 10(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 19 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 13

Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise

1.   Gan dochar d’oibleagáid na n-oibreoirí faoi Airteagal 4(2) dícheall cuí a fheidhmiú, féadfaidh Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, agus staid na bhfiontar beag agus meánmhéide á cur san áireamh acu, cúnamh teicniúil agus cúnamh eile agus treoir a sholáthar do na hoibreoirí chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a éascú, go háirithe i dtaca le córas díchill chuí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   Féadfaidh Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha a éascú, ar faisnéis í faoi lománaíocht neamhdhleathach, go háirithe d’fhonn cabhrú le hoibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 6(1), agus faoi dhea-chleachtais i dtaca le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.   Déanfar an cúnamh a chur ar fáil ar shlí trína seachnófar dochar a dhéanamh do fhreagrachtaí na n-údarás inniúil agus trína gcaomhnófar neamhspleáchas na n-údarás sin le linn dóibh an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 14

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

Ar thaobh amháin, chun an taithí a fuarthas le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe an taithí a shainaithnítear tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 20(3) agus (4) agus tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13, agus ar an taobh eile, chun forbairtí maidir le saintréithe teicniúla, úsáideoirí deiridh agus próisis táirgthe adhmaid agus táirgí adhmaid a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE trí liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. Ní dhéanfar ualach díréireach a chur ar oibreoirí leis na gníomhartha sin.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 8(7) agus in Airteagal 14, tugtar don Choimisiún í go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 2 Deireadh Fómhair 2010. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe a ullmhú tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh thréimhse trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 16

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 8(7) agus in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean cumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí eile.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 18

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) arna bhunú faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 19

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.   Ní mór go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh iontu:

(a)

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, le luach an adhmaid nó na dtáirgí adhmaid lena mbaineann agus leis na caillteanais chánach agus an díobháil eacnamaíoch a bheidh mar thoradh ar an sárú agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin a ríomh ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn ó na sáruithe tromchúiseacha a rinne siad a bhaint go héifeachtach díobh sin atá freagrach, ach sin gan dochar don cheart dlisteanach chun gairm a chleachtadh, agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile a mhéadú de réir a chéile;

(b)

an t-adhmad agus na táirgí adhmaid lena mbaineann a urghabháil;

(c)

an t-údarú trádála a chur ar fionraí láithreach.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill i dtaobh aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 20

Tuairisciú

1.   Faoin 30 Aibreán gach dara bliain tar éis 3 Márta 2013, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn an dá bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain. Le linn an tuarascáil a ullmhú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le tabhairt i gcrích agus oibriú na VPAanna FLEGT, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i leith an méid a baineadh amach dá mbarr chun íoslaghdú a dhéanamh ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach, agus ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin, a bheith ar an margadh inmheánach.

3.   Faoin 3 Deireadh Fómhair 2015, agus gach sé bliana dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tuarascálacha a tharraingeofar suas, agus ar bhonn na taithí a bheidh faighte, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú, lena n-áirítear éifeachtacht maidir le cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh. Breithneoidh sé go háirithe na hiarmhairtí riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chumhdach na dtáirgí. Féadfaidh tograí iomchuí le haghaidh reachtaíochta a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha sin, más gá sin.

4.   Maidir leis an gcéad cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, áireofar meastóireacht inti ar staid eacnamaíoch agus trádála reatha an Aontais a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear faoi Chaibidil 49 den Ainmníocht Chomhcheangailte, agus aird ar leith á tabhairt ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha, chun go mbreithneofar an bhféadfaí iad a áireamh sa liosta d’adhmad agus de tháirgí adhmaid atá leagtha amach san Iarscríbhinn atá ag gabháil leis an Rialachán seo.

Maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireofar inti freisin measúnú ar éifeachtacht an toirmisc ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 4(1), chomh maith le héifeachtacht na gcóras díchill chuí atá leagtha amach in Airteagal 6.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 3 Márta 2013. Beidh feidhm ag Airteagail 6(2), 7(1), 8(7) agus 8(8), áfach, amhail ón 2 Deireadh Fómhair 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Deireadh Fómhair 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 318, 23.12.2009, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 145.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 1 Márta 2010 (IO C 114 E, 4.5.2010, lch. 17.) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(4)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(5)  IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

(6)  IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(9)  IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.


IARSCRÍBHINN

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mhar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle  (1) , a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo

4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad

4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntaithe, de thiús is mó ná 6 mm

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntaithe, de thiús nach mó ná 6 mm

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntaithe, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntaithe

4410 Cáithnínchlár, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna

4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle

4414 00 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d’earraí den chineál céanna

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad

(Nach ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíoll agus dramh) aisghafa

9403 30, 9403 40, 9403 50 00, 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid

9406 00 20 Foirgnimh réamhdhéanta


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).