7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/144


Airteagal 218

(sean-Airteagal 300 CCE)

1.   Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagal 207, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta anseo thíos.

2.   Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bhainfidh an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

4.   Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

5.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

6.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.

Ach amháin nuair a bhainfidh an comhaontú go heisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle an cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:

(a)

tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa sna cásanna seo a leanas:

(i)

comhaontuithe comhlachais;

(ii)

comhaontú maidir le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;

(iii)

comhaontuithe lena mbunófar creat institiúideach sonrach trí nósanna imeachta comhair a eagrú;

(iv)

comhaontuithe a mbeidh impleachtaí buiséadacha suntasacha acu don Aontas;

(v)

comhaontuithe a fholaíonn réimsí a mbeidh feidhm ina leith ag an ngnáthnós imeachta reachtach nó, nuair is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ag an nós imeachta reachtach speisialta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcás práinne, teorainn ama don toiliú a chomhaontú.

(b)

tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ngach cás eile. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh den teorainn ama a fhéadfaidh an Chomhairle a shocrú i bhfianaise phráinn an ábhair. Cheal tuairime laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

7.   Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gcomhaontú nuair a fhorálfar ann go nglacfar iad trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin.

8.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcaitheamh an nós imeachta.

Gníomhóidh sí d'aon toil, áfach, nuair a bhainfidh an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh, i gcás comhaontuithe comhlachais agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 212 leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil chomh maith ar mhaithe leis an gcomhaontú a bhaineann le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; ní thiocfaidh an cinneadh a bhaineann leis an gcomhaontú sin a chur i gcrích i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

9.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinneadh lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

10.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta.

11.   Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairim diúltach ón gCúirt, ní fhéadfaidh an comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí.