02019R2088 — GA — 12.07.2020 — 001.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 317 9.12.2019, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2020/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Meitheamh 2020

  L 198

13

22.6.2020


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 222, 10.7.2020, lch.  12 (2019/2088)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais maidir leis an trédhearcacht i dtaobh comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus i dtaobh dhrochthionchair inbhuanaitheachta a mheas ina bpróisis agus ó thaobh faisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a chur ar fáil i dtaca le táirgí airgeadais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais”:

(a) 

gnóthas árachais a chuireann táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IBIP) ar fáil;

(b) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(c) 

institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IORP);

(d) 

monaróir táirge pinsin;

(e) 

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM);

(f) 

soláthraí táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (TPPU);

(g) 

bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(h) 

bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(i) 

cuideachta bainistíochta maidir le gnóthas comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (cuideachta bainistíochta GCUI); nó

(j) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(2) 

ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/138/CE;

(3) 

ciallaíonn “táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe” nó “IBIP”:

(a) 

táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ); nó

(b) 

táirge árachais, arna chur ar fáil d’infheisteoir gairmiúil agus a thairgeann luach aibíochta nó géilliúna atá neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(4) 

ciallaíonn “bainisteoir cistí infheistíochta malartacha” nó “BCIM” BCIM mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(5) 

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(6) 

ciallaíonn “bainistíocht punainne” bainistíocht punainne mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(7) 

ciallaíonn “institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde” nó “IORP” le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2016/2341 seachas institiúid a roghnaigh Ballstát d’fhonn Airteagal 5 den Treoir sin a chur i bhfeidhm nó institiúid a bhfuil scéimeanna pinsin á bhfeidhmiú aici, a bhfuil níos lú ná 15 bhall san iomlán iontu;

(8) 

ciallaíonn “táirge pinsin”:

(a) 

táirge pinsin dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014; nó

(b) 

táirge pinsin aonair dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(9) 

ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1238;

(10) 

ciallaíonn “cuideachta bainistíochta GCUI”:

(a) 

cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE; nó

(b) 

cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nár ainmnigh cuideachta bainistíochta arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;

(11) 

ciallaíonn “comhairleoir airgeadais”:

(a) 

idirghabhálaí árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(b) 

gnóthas árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(c) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(d) 

gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(e) 

BCIM a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(4) de Threoir 2011/61/AE; nó

(f) 

cuideachta bainistíochta GCUI a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(3) de Threoir 2009/65/CE;

(12) 

ciallaíonn “táirge airgeadais”:

(a) 

punann a bhainistítear i gcomhréir le pointe (6) den Airteagal seo;

(b) 

cistí infheistíochta malartacha (CIM);

(c) 

IBIP;

(d) 

táirge pinsin;

(e) 

scéim pinsin;

(f) 

GCUI; nó

(g) 

TPPU;

(13) 

ciallaíonn “cistí infheistíochta malartacha” nó “CIManna” CIManna mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(14) 

ciallaíonn “scéim pinsin” scéim pinsin mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341;

(15) 

ciallaíonn “gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe” nó “GCUI” gnóthas arna n‐údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(16) 

ciallaíonn “comhairle infheistíochta” comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

▼C1

(17) 

ciallaíonn “infheistíocht inbhuanaithe” infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;

▼B

(18) 

ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” cliant a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(19) 

ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

(20) 

ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(21) 

ciallaíonn “comhairle árachais” comhairle mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(22) 

ciallaíonn “riosca inbhuanaitheachta” teagmhas nó dáil ó thaobh an chomhshaoil, nó an rialachais de, nó teagmhas sóisialta nó dáil shóisialta, a d’fhéadfadh, dá dtarlódh sé nó sí, tionchar diúltach ábhartha iarbhír nó ionchasach a imirt ar luach na hinfheistíochta;

(23) 

ciallaíonn “ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach” nó “ELTIF” ciste atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/760;

(24) 

ciallaíonn “tosca inbhuanaitheachta” cúrsaí comhshaoil, cúrsaí sóisialta agus ábhair a bhaineann le fostaithe, le hurraim do chearta an duine, leis an bhfrithéilliú agus leis an bhfrith-bhreabaireacht.

▼M1

Airteagal 2a

Prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh

1.  Déanfaidh Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, arna bunaíodh ag Rialacháín (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a dtugtar “ÚMEnna” orthu go cineálach), tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” dá dtagraítear i bpointe (17) d’Airteagal 2 den Rialachán seo atá comhsheasmhach le hinneachar, le modheolaíochtaí agus le cur i láthair i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le tionchair dhíobhálacha dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.  Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

3.  Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 3

Trédhearcacht na mbeartas maidir le rioscaí inbhuanaitheachta

1.  Foilseoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin faisnéis faoina mbeartais maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta acu.

2.  Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin faisnéis faoina mbeartais maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó comhairle árachais.

Airteagal 4

Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis

1.  Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a) 

i gcás ina measann siad drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, ráiteas maidir le beartais díchill chuí i ndáil leis na drochthionchair phríomha sin, agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid, cineál agus scála a ngníomhaíochtaí agus ar chineálacha na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil; nó

(b) 

i gcás nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, cúiseanna soiléire maidir leis an bhfáth nach ndéanann siad amhlaidh, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

2.  Áireoidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 ar a laghad an méid a leanas:

(a) 

faisnéis maidir lena mbeartais i ndáil le sainaithint drochthionchar agus táscairí príomha inbhuanaitheachta agus i ndáil lena gcur in ord tosaíochta;

(b) 

tuairisc ar na drochthionchair phríomha inbhuanaitheachta agus ar aon ghníomhaíochtaí i ndáil leo a rinneadh nó, i gcás inarb ábhartha, atá beartaithe;

(c) 

achoimrí gearra ar bheartais rannpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 3g de Rialachán 2007/36/CE, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

tagairt don chomhlíonadh uathu le cóid fhreagracha iompair agus don chomhlíonadh uathu le caighdeáin maidir le dícheall cuí agus tuairisciú a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, don mhéid a bhfuil siad ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras.

3.  De mhaolú ar mhír 1 ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sháraíonn ar a gclár comhardaithe an critéir i ndáil le meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le beartais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

4.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar máthairghnóthais atá ina bpáirt de ghrúpa mór iad dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn ar chlár comhardaithe an ghrúpa, ar bhonn comhdhlúithe, an critéir i ndáil le líon de 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le cleachtais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

5.  Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a) 

faisnéis maidir le cé acu a ndéanann siad nó nach ndéanann, agus aird chuí á tabhairt ar a méid, ar a gcineál agus ar scála a ngníomhaíochtaí agus ar na cineálacha táirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith, drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a mheas ina gcuid comhairle infheistíochta nó comhairle árachais; nó

(b) 

faisnéis maidir leis an bhfáth nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó ina gcomhairle árachais, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis san áireamh maidir le cibé an bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

6.  Faoin 30 Nollaig 2020, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 chun táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann leis an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shonrú, maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair aeráide agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Déanfaidh na ÚMEnna ionchur a lorg, i gcás inarb ábhartha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

7.  Faoin 30 Nollaig 2021, i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta,

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

Trédhearcacht na mbeartas luacha saothair maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta

1.  Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais ar a mbeartais luacha saothair faisnéis faoin gcaoi a bhfuil na beartais sin ag teacht le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus foilseoidh siad an fhaisnéis sin ar a láithreáin ghréasáin.

2.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a áireamh i mbeartais luacha saothair a bhunóidh agus a chothóidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais i gcomhréir le reachtaíocht earnála, go háirithe Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97 agus (AE) 2016/2341.

Airteagal 6

Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta

1.  Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonartha:

(a) 

an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcinntí infheistíochta; agus

(b) 

torthaí an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil.

I gcás ina measfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.

2.  Áireoidh comhairleoirí airgeadais tuairiscí ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonarthacha:

(a) 

an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó árachais; agus

(b) 

toradh an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith.

I gcás ina measfaidh comhairleoirí airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.

3.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:

(a) 

i gcás BCIManna, sna nochtaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b) 

i gcás gnóthais árachais, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 185(2) de Threoir 2009/138/CE nó, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(c) 

i gcás IORPanna, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d) 

i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e) 

i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f) 

i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn in am trátha sula mbíonn infheisteoir miondíola faoi cheangal ag conradh a bhaineann le táirge pinsin;

(g) 

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h) 

i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;

(i) 

i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;

(j) 

i gcás idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna agus i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le táirgí pinsin atá nochta do luaineachtaí sa mhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(k) 

i gcás BCIManna de chuid ELTIFanna, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/760;

(l) 

i gcás soláthraithe TPPUnna, sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/1238.

Airteagal 7

Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal táirge airgeadais

1.  Faoi 30 Nollaig 2022, i gcás gach táirge airgeadais, nuair a chuirfidh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais pointe (a) d’Airteagal 4(1) nó Airteagal 4(3) nó (4) i bhfeidhm, áireofar an méid seo a leanas sna nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3):

(a) 

míniú soiléir, réasúnaithe maidir le cibé an measann táirge airgeadais drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta agus i gcás ina measann sé, conas a dhéanann sé amhlaidh;

(b) 

ráiteas go bhfuil faisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta ar fáil san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 11(2).

I gcás ina bhfuil cainníochtaithe maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta san fhaisnéis in Airteagal 11(2), féadfaidh an fhaisnéis sin a bhrath ar na forálacha sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagail 4(6) agus (7).

2.  I gcás gach táirge airgeadais, nuair a chuireann rannpháirtí sa mhargadh airgeadais pointe (b) d’Airteagal 4(1) i bhfeidhm, áireofar sna nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ráiteas nach ndéanann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a mheas agus na fáthanna nach ndéanann sé amhlaidh.

Airteagal 8

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha

1.  I gcás ina gcuireann táirge airgeadais, i measc saintréithe eile, saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó meascán díobh sin chun cinn, ar choinníoll go bhfuil na cuideachtaí a ndéantar na hinfheistíochtaí iontu ag cloí le dea-chleachtais rialachais, áireoidh an fhaisnéis a nochtfar de bhun Airteagal 6(1) agus (3) na sonraí seo a leanas:

(a) 

faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíontar na tréithe sin;

(b) 

má ainmníodh innéacs mar thagarmharc, faisnéis faoi an bhfuil nó nach bhfuil an t‐innéacs sin i gcomhréir leis na tréithe sin agus an chaoi a bhfuil an t‐innéacs i gcomhréir leo.

2.  San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis an innéacs dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh.

▼M1

2a.  I gcás ina gcuireann rannpháirtithe margaidh airgeadais táirge airgeadais ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), áireoidh siad san fhaisnéis a bheidh le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852.

▼M1

3.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

▼B

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

4.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leis na táirgí airgeadais sin agus na difríochtaí idir na táirgí airgeadais sin, chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, dréachtleasuithe ar chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dátaí cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2021; agus

(b) 

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2022.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 9

Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha

1.  I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh agus i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3):

(a) 

faisnéis ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe ailínithe leis an sprioc sin;

(b) 

míniú ar an bhfáth agus ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe atá ailínithe leis an sprioc sin difriúil le hinnéacs leathan margaidh.

2.  I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, agus i gcás nár ainmníodh aon innéacs mar thagarmharc, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú ar an gcaoi a bhfuil an sprioc sin le baint amach.

3.  I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais astaíochtaí carbóin a laghdú, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear nochtadh astaíochtaí ísealcharbóin d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil tagarmharc AE aistrithe aeráide nó tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) ar fáil, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear go leanfar den iarracht chun an sprioc sin d’astaíochtaí carbóin a laghdú a bhaint amach d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

4.  San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis na hinnéacsanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chomh maith leis na tagarmharcanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a ríomh.

▼M1

4a.  San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo, áireoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/852.

▼M1

5.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise a bheidh le nochtadh de bhun mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo.

▼B

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na cuspóirí atá acu dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

6.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, cuspóirí na dtáirgí dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcás inar gá, dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b) 

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 10

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin

1.  I gcás gach táirge airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 9(1), (2) agus (3), foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin ghréasáin agus coinneoidh siad cothrom le dáta í:

(a) 

tuairisc ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b) 

faisnéis ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar na n‐infheistíochtaí inbhuanaithe a roghnaíodh don táirge airgeadais, lena n‐áirítear a fhoinsí sonraí, na critéir scagtha do na sócmhainní foluiteacha agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar inbhuanaithe foriomlán an táirge airgeadais;

(c) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9;

(d) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11.

Beidh an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na chéad fhomhíre soiléir, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí. Foilseofar an fhaisnéis sin ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir, ar bhealach nach mbeidh míthreorach, atá simplí agus beacht agus in áit fheiceálach ar an láithreán gréasáin ar a bhfuil rochtain éasca.

2.  Forbróidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus na ceanglais maidir le cur i láthair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo amhail dá dtagraítear i mír 1 agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla

1.  I gcás ina gcuireann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais táirge airgeadais ar fáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó in Airteagal 9(1), (2) nó (3), áireoidh siad tuairisc ar na nithe seo a leanas ina dtuarascálacha tréimhsiúla:

(a) 

i gcás táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a mhéid a bhaintear tréithe comhshaoil nó sóisialta amach;

(b) 

le haghaidh táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(1), (2) nó (3):

(i) 

tionchar foriomlán an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de trí bhíthin táscairí inbhuanaitheachta ábhartha; nó

(ii) 

i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, comparáid idir tionchar foriomlán atá ag an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de leis an innéacs ainmnithe agus le tionchair an innéacs leathan margaidh trí tháscairí inbhuanaitheachta;

▼M1

(c) 

nua do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 5 de Rialachán(AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin;

(d) 

do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin.

▼B

2.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:

(a) 

i gcás BCIManna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE;

(b) 

i gcás gnóthas árachais, ar bhonn bliantúil i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 185(6) de Threoir 2009/138/CE;

(c) 

i gcás IORPanna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d) 

i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e) 

i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f) 

i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn sa tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(g) 

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h) 

i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, i dtuarascáil thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;

(i) 

i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne, go bliantúil sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;

(j) 

i gcás soláthraithe TPPU, i ráiteas sochair TPPU dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/1238.

3.  Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis i dtuarascálacha bainistíochta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2013/34/AE nó an fhaisnéis i ráitis neamhairgeadais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19a den Treoir sin i gcás inarb iomchuí.

▼M1

4.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

▼B

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

5.  Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu agus i gcás inar gá, déanfaidh siad dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b) 

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 12

Athbhreithniú ar nochtaí

1.  Áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais go gcoimeádfar cothrom le dáta aon fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 3, 5 nó 10. I gcás ina leasaíonn rannpháirtithe margaidh airgeadais faisnéis den sórt sin, foilseofar míniú soiléir ar leasú mar sin ar an láithreán gréasáin céanna.

2.  Beidh mír 1 i bhfeidhm mutatis mutandis i gcás comhairleoirí airgeadais maidir le faisnéis ar bith a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 5.

Airteagal 13

Cumarsáid mhargaíochta

1.  Gan dochar do reachtaíocht earnála níos righne, go háirithe Treoracha 2009/65/CE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais nach mbréagnaíonn a gcumarsáid mhargaíochta an fhaisnéis a nochtar de bhun an Rialacháin seo.

2.  Féadfaidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise ar chur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Na húdaráis inniúla

1.  Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir le reachtaíocht earnála, go háirithe an reachtaíocht earnála dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo, agus i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, faireachán ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ag chomhairleoirí airgeadais. Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag na húdaráis inniúla atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus tabharfaidh siad, gan aon mhoill mhíchuí, pé faisnéis dá chéile arb ábhartha chun críocha a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 15

Trédhearcacht i gcás IORPanna agus idirghabhálaithe árachais

1.  Foilseoidh IORPanna an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 36(2) de Threoir (AE) 2016/2341.

2.  Cuirfidh idirghabhálaithe árachais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(5), Airteagal 5, Airteagal 6 agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(1), den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 16

Táirgí pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009

1.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar mhonaróirí táirgí pinsin atá ag oibriú scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009. Ina leithéid de chásanna, áireoidh monaróirí táirgí pinsin dá dtagraítear i bpointe (1)(d) d’Airteagal 2 den Rialachán seo monaróirí táirgí pinsin a oibríonn scéimeanna náisiúnta slándála sóisialaí agus táirgí pinsin dá dtagraítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 den Rialachán seo. Sa chás sin, maidir leis an sainmhíniú ar tháirgí pinsin i bpointe (8) d’Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar go mbeidh tárgaí pinsin san áireamh dá dtagraítear sa chéad abairt.

2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na ÚMEnna ar an eolas faoin aon chinntí a dhéanfar de bhun mhír 1.

Airteagal 17

Díolúintí

1.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna ná i gcás gnólachtaí infheistíochta a chuireann comhairle infheistíochta ar fáil agus ar fiontair iad, beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, lena n‐áirítear daoine nádúrtha agus daoine féinfhostaithe ar choinníoll go bhfostaíonn siad níos lú ná triúr.

2.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna nó ar ghnólachtaí infheistíochta a chuireann comhairle infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na ÚMEnna ar an eolas faoin aon chinntí a dhéantar de bhun mhír 2.

Airteagal 18

Tuarascáil

Déanfaidh na ÚMEnna breithniú ar mhéid na nochtaí deonacha i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) agus pointe (a) d’Airteagal 7(1). Faoin 10 Meán Fómhair 2022 agus gach bliain ina dhiadh sin, cuirfidh na ÚMEnna tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dea-chleachtais agus déanfaidh siad moltaí maidir le caighdeáin dheonacha tuairiscithe. Sa tuarascáil bhliantúil sin, déanfar impleachtaí na gcleachtas díchill chuí ar nochtaí a mheas faoin Rialachán seo agus tabharfaidh sí treoir maidir leis an ábhar seo. Déanfar an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.  Faoin 30 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus déanfaidh sé an méid a leanas a mheas go háirithe:

(a) 

ar cheart an tagairt do mheánlíon fostaithe in Airteagal 4(3) agus (4) a choinneáil, a ionadú nó a bheith in éineacht le critéir eile, agus déanfaidh sé leas agus comhréireacht an ualaigh riaracháin bhaintigh a mheas;

(b) 

an gcuirtear isteach ar fheidhmiú an Rialacháin seo de thoradh easpa sonraí nó a gcáilíocht a bheith fo-optamach, lena n‐áirítear táscairí maidir le drochthionchair ó thaobh tosca inbhuanaitheachta de ag cuideachtaí infheistiúcháin.

2.  Beidh an measúnú dá dtagraítear i mír 1 in éineacht le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 10 Márta 2021.

▼M1

3.  De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo:

(a) 

Beidh feidhm ag Airteagail 4(6) agus (7), 8(3), 9(5) 10(2), 11(4) agus 13(2) ó 29 Nollaig 2019;

(b) 

Beidh feidhm ag Airteagail 2a, 8(4), 9(6) agus 11(5) ón 12 Iúil 2020;

(c) 

Beidh feidhm ag Airteagail 8(2a) agus 9(4a):

(i) 

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 , ó 1 Eanáir 2022; agus

(ii) 

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go dtí (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 , ó 1 Eanáir 2023:

(d) 

Beidh feidhm ag Airteagail 11(1), (2) agus (3) ó 1 Eanáir 2022.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L198, 22.6.2020, lch. 13).

( 3 ) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).