02015R2120 — GA — 20.12.2018 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

►M1  RIALACHÁN (AE) 2015/2120 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ◄

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 310 26.11.2015, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2018/1971 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018

  L 321

1

17.12.2018




▼B

▼M1

RIALACHÁN (AE) 2015/2120 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

▼B

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna chun go ndéanfar an chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chuirtear ar thrácht i ndáil le soláthar seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus cearta úsáideoirí deiridh a choimirciú.

2.  Leis an Rialachán seo bunaítear sásra nua maidir le praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola gan margaí baile agus margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a shaobhadh.

▼M1

3.  Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo rialacha coiteanna lena n-airithítear nach ndéantar praghsanna iomarcacha a ghearradh ar thomhaltóirí as cumarsáid idirphearsanta uimhirbhunaithe a dhéanamh ar cumarsáid í a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne thalún nó fón póca i mBallstát eile.

▼B

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal” gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal;

(2) ciallaíonn “seirbhís rochtana ar an idrlíon” seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin lúdracht le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid;

▼M1

(3) ciallaíonn “cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne thalún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta Ballstáit eile í, agus dá ngearrtar muirir atá bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar thomhaltas iarbhír;

(4) ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe” seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

▼B

Airteagal 3

Rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú

1.  Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a fheidhmiú, agus a úsáid agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, beag beann ar shuíomh an úsáideora dheiridh nó an tsoláthraí, ar shuíomh, ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchlair nó na seirbhíse, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon.

Tá an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta, a chomhlíonann dlí an Aontais a bhaineann le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí.

2.  Ní chuirfear teorainn ar fheidhmiú chearta úsáideoirí deiridh a leagtar síos i mír 1 le comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus úsáideoirí deiridh a bhaineann le coinníollacha tráchtála agus teicniúla agus le saintréithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon amhail praghas, toirteanna sonraí nó luas sonraí, agus aon chleachtais tráchtála arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

3.  Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann ar an trácht ar fad, agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil go hoibiachtúil. Le bearta den sórt sin, ní chumhdófar faireachán ar an ábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá.

Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sa dara fomhír, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháin go feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;

(b) sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh terminéil na n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú;

(c) plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn as plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtear cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta.

4.  Ní fhéadfaidh próiseáil sonraí pearsanta bheith mar chuid d’aon beart bainistithe tráchta ach amháin má tá próiseáil den sórt sin riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach. Déanfar próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Comhlíonfaidh bearta bainistithe tráchta Treoir 2002/58/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) freisin.

5.  Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, beidh an tsaoirse acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta a bhaint amach.

Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ní fhéadfaidh siad seirbhísí den sórt sin a thairiscint nó a éascú ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthraítear. Ní bheidh seirbhísí den sórt sin inúsáidte ná ní thairgfear iad in ionad seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus ní dhéanfar dochar leo d’infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon ná dá gcaighdeán ginearálta d’úsáideoirí deiridh.

Airteagal 4

Bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte ar an idirlíon a áirithiú.

1.  Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon go sonrófar in aon chonradh ina n-áirítear seirbhís rochtana ar an idrlíon an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) faisnéis maidir leis an mbealach ina bhféadfadh bearta bainistithe tráchta arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí sin tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ar phríobháideachas na n-úsáideoirí deiridh agus ar chosaint a sonraí pearsanta;

(b) míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon teorainn le toirt, luas agus air eile i leith cháilíocht na seirbhíse, tionchar a bheith acu i bpraitic ar na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, go háirithe ar úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí;

(c) míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3(5), dá suibscríobhann an t-úsáideoir deiridh a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu i bpraitic ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon an úsáideora deiridh sin;

(d) míniú soiléir sothuigthe maidir le h uasluas íoslódála agus uaslódála agus fógraithe na seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcás líonraí fosaithe, nó uasluas measta íoslódála agus uaslódála fógraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcás líonraí soghluaiste, agus faoin tslí arbh fhéidir le himeachtaí suntasacha ó na luasanna uaslódála agus íoslódála a fhógraítear faoi seach tionchar a imirt ar fheidhmiú chearta na n-úsáideoirí deiridh a leagtar síos in Airteagal 3(1);

(e) míniú soiléir sothuigthe ar na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás aon neamhréireachta atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl i gcomhréir le pointí (a) go (d).

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon nósanna imeachta atá trédhearcach, simplí agus éifeachtach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó úsáideoirí deiridh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3 agus i mír 1 den Airteagal seo.

3.  Tá na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE agus ní chuirfidh siad cosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faireacháin, faisnéise agus trédhearcachta a thabhairt isteach nó a choimeád, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hábhar, foirm agus modh na faisnéise atá le foilsiú. Beidh na ceanglais sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE.

4.  Maidir le haon neamhréireacht shuntasach, atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó le paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus feidhmíocht na seirbhíse rochtana ar an idirlíon arna cur in iúl ag an soláthraí seirbhísí rochtana ar an idirlíon i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 1, i gcás ina suífidh sásra faireacháin, arna deimhniú ag údarás náisiúnta rialála, na fíricí ábhartha, measfar í a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a ghníomhachtú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na conarthaí a thabharfar i gcrích nó a dhéanfar a athnuachan ón 29 Samhain 2015.

Airteagal 5

Maoirsiú agus forfheidhmiú

1.  Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad, agus déanfaidh siad fáil leanúnach ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn ar leibhéil cháilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta. Chun na críocha sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais maidir le saintréithe teicniúla agus íoscheanglais maidir le cáilíocht na seirbhíse agus bearta eile is iomchuí agus is gá a fhorchur ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar bhonn bliantúil i ndáil lena bhfaireachán agus lena dtorthaí, agus cuirfidh siad na tuarascálacha sin ar fáil don Choimisiún agus do BEREC.

2.  Arna iarraidh sin don údarás naisiúnta rialála, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, faisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 don údarás rialála náisiúnta, go háirithe faisnéis faoin gcaoi a bhainistítear a n-acmhainn líonra agus a dtrácht líonra, mar aon le boinn cirt le haon bhearta bainistithe tráchta a cuireadh i bhfeidhm. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus le leibhéal na mionsonraí a cheanglaíonn an t-údarás náisiúnta rialála.

3.  Faoin 30 Lúnasa 2016, d’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo, déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí atá ag na húdaráis rialála náisiúnta faoin Airteagal seo.

4.  Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cúraimí a dhéanann na Ballstáit a shannadh do na húdaráis naisiúnta rialála nó d’údaráis inniúla eile i gcomhlíonadh dhlí an Aontais.

▼M1

Airteagal 5a

Muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas

1.  Ón 15 Bealtaine 2019, ní rachaidh aon phraghas miondíola (gan CBL a áireamh) a ghearrtar ar thomhaltóirí as cumarsáid rialáilte a dhéanamh laistigh den Aontas thar EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid ar ghlaonna agus EUR 0,06 in aghaidh na teachtaireachta SMS.

2.  Ina theannta sin agus d'ainneoin na n-oibleagáidí a leagtar síos i mír 1, féadfaidh soláthraithe cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas taraif le haghaidh cumarsáid idirnáisiúnta, ina gcuimsítear cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas nach ionann é agus taraif a socraíodh i gcomhréir le mír 1, a thairiscint (agus féadfaidh tomhaltóirí an taraif sin a roghnú go sainráite), ar de bhua na taraife sin a bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as taraif eile le haghaidh cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas seachas an ceann a thabharfaí dóibh ina héagmais. Sula roghnaíonn tomhaltóirí taraif atá chomh difriúil sin, cuirfidh soláthraí na cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas iad ar an eolas maidir le cineál na mbuntáistí a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.

3.  I gcás ina sáraíonn taraif le haghaidh cumarsáide rialáilte laistigh den AE dá dtagraítear i mír 2 na huasteorainneacha atá leagtha síos i mír 1, cuirfear na taraifí a leagtar síos i mír 1 ar fáil go huathoibríoch do na tomhaltóirí sin nár dheimhnigh rogha nó nár chuir rogha in iúl i dtaobh aon taraife a leagtar amach i mír 2 laistigh de thréimhse 2 mhí ón 15 Bealtaine 2019.

4.  Féadfaidh tomhaltóirí athrú, saor in aisce, ó tharaifí nó ar ais chuig na taraifí mar a leagtar síos i mír 1 laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis don soláthróir an iarraidh a fháil agus áiritheoidh soláthraithe nach bhfuil i gceist leis an athrú sin coinníollacha ná srianta a bhaineann le heilimintí de na síntiúis seachas leis an gcumarsáid rialáilte laistigh den Aontas.

5.  I gcás ina n-ainmnítear na muirir uasta dá dtagraítear i mír 1 in airgeadra eile seachas an euro, déanfar na teorainneacha tosaigh a chinneadh sna hairgeadraí sin trí na rátaí malairte tagartha a chur i bhfeidhm a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach an 15 Eanáir, an 15 Feabhra agus an 15 Márta 2019 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar athbhreithniú ar bhonn bliantúil ó 2020 ar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro. Beidh feidhm ag na teorainneacha sna hairgeadraí sin (ar teorainneacha iad a athbhreithneofar go bliantúil) ón 15 Bealtaine agus meán na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar an 15 Eanáir, an 15 Feabhra, agus an 15 Márta an bhliain chéanna á úsáid.

6.  Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar an margadh agus ar fhorbairtí praghais i gcás cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus déanfaidh siad tuairisciú air chuig an gCoimisiún.

I gcás ina mbunaíonn soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, mar gheall ar imthosca sonracha agus eisceachtúla lena n-idirdhealaítear an soláthraí sin ó fhormhór sholáthraithe eile an Aontais, go mbeadh tionchar suntasach ar a chumas na praghsanna a ghearrann sé cheana féin le haghaidh cumarsáid náisiúnta a choinneáil dá gcuirfí an mhír sin i bhfeidhm, féadfaidh údarás rialáilte náisiúnta maolú a dheonú ar mhír 1, ar iarraidh ón soláthraí, ach amháin a mhéid is gá agus ar feadh tréimhse inathnuaite de 1 bhliain amháin, do sholáthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas. Bunófar an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe baile ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí cumarsáide rialáilte laistigh den Aontas, chomh maith le leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta.

I gcás ina ndéanann an soláthraí iarrthach an dualgas cruthúnais is infheidhme a urscaoileadh, cinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta an t-uasleibhéal praghsanna. ar mó é ná ceann amháin nó an dá cheann de na uasteorainneacha a leagtar amach i mír 1, nach bhféadfaí inbhuanaitheacht shamhail muirearaithe baile an tsoláthraí a áirithiú dá uireasa. Foilseoidh BEREC treoirlínte maidir leis na paraiméadair a bheidh le cur san áireamh ag údaráis rialála náisiúnta i measúnúithe a dhéanfaidh siad.

▼B

Airteagal 6

Pionóis

Leagfaidh Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na rialacha agus na bearta sin don Choimisiún faoin30 Aibreán 2016 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

▼M1

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 5a seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 15 Bealtaine 2019 faoi na rialacha agus na bearta a leagfar síos chun cur chun feidhme Airteagal 5a a áirithiú agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

▼B

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mar a leanas:

(1) In Airteagal 2, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a) scriostar pointe (i), pointe (l) agus pointe (n);

(b) cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(r) ciallaíonn ‘praghas miondíola baile’ muirear miondíola baile sholáthraí seirbhísí fánaíochta in aghaidh an aonaid atá infheidhme maidir le glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt ag custaiméir; i gcás nach bhfuil aon mhuirear sonrach miondíola baile in aghaidh an aonaid ann, measfar gurb é an praghas miondíola baile an sásra muirearaithe céanna leis an sásra muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gcustaiméar i gcás glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt i mBallstát an chustaiméara sin;

(s) ciallaíonn ‘seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh’ an soláthar seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthraíonn soláthraí fánaíochta malartach go direach do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.”.

(2) In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.  Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar inti na compháirteanna uile atá riachtanach do rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola amhail dá dtagraítear i mír 3, agus déanfar cur síos ann ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí gaolmhara agus ar na coinníollacha gaolmhara. Féadfar coinníollacha a chur san áireamh sa tairiscint tagartha sin chun cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil. Más gá, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.”.

(3) Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh.”;

(b) i mír 1, scriostar an chéad fhomhír;

(c) scriostar mír 4 agus mír 5.

(4) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  Déanfaidh soláthraithe baile an oibleagáid a bhaineann le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, dá bhforáiltear in Airteagal 4, a chur chun feidhme i dtreo is gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte ar leithligh. Freastalóidh soláthraithe baile do na hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí tacaíochta gaolmhara, ar saoráidí agus seirbhísí iad atá ábhartha i dtaca le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh. Maidir le rochtain ar na saoráidí sin agus ar na seirbhísí tacaíochta sin is gá chun seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a dhíol ar leithligh, lena n-áirítear seirbhísí fíordheimhnithe úsáideora, beidh sí saor in aisce agus ní chuirfear aon mhuirir dhíreacha ar na custaiméirí seirbhísí fánaíochta i ngeall air.”;

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  Lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go comhuaineach ar fud an Aontais díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle le BEREC, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).”;

(d) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

“3.  Maidir leis an réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme, comhlíonfaidh sé na critéir seo a leanas:”.

(5) Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola

Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ar an gcoinníoll go mbeidh an gníomh reachtach a ghlactar i ndiaidh an togra dá dtagraítear in Airteagal 19(2) is infheidhme ar an dáta sin, ní thoibheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear de bhreis ar an bpraghas miondíola baile maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát ar bith as aon ghlao fánaíochta rialáilte a dhéantar nó a fhaightear, as aon teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a sheolfar agus as aon seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidfear, lena n-áirítear teachtaireachtaí MMS, ná aon mhuirear ginearálta chun go mbeifear in ann an trealamh nó an tseirbhís teirminéil a úsáid thar lear, faoi réir Airteagal 6b agus 6c.

Airteagal 6b

Úsáid chóir

1.  Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta ‘beartas maidir le húsáid chóir’ a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6d, maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais miondíola baile is infheidhme, d’fhonn cosc a chur ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ar mí-úsáid nó úsáid aimhrialta í, amhail úsáid seirbhísí den sórt sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha seachas críocha taistil thréimhsiúil.

Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir, cuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ag an bpraghas miondíola baile is infheidhme.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 6e maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte lena rachfar thar aon teorainneacha faoi aon bheartas maidir le húsáid chóir.

Airteagal 6c

Inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola

1.  In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a mhúnla muirearaithe bhaile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta, a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6a agus 6b, a aisghabháil, as a ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí den sórt sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach go feadh an méid is gá sin chun na costais, a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, a aisghabháil, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.

2.  I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas a chur faoi bhraid an údaráis náisiúnta rialála gan mhoill agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6d. Gach 12 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus cuirfidh sé í faoi bhráid an údaráis náisiúnta rialála.

3.  Chomh luath agus a gheobhaidh sé iarratas de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach mbeidh sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é mar éifeacht leis sin go ndéanfaí dochar d’inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát i dtrácht agus leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha al eagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.

4.  Laistigh d’aon mhí amháin tar éis iarratas a fháil de bhun mhír 2, údaróidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear, mura rud é go bhfuil an t-iarratas go follasach gan bhunús nó go bhfuil faisnéis neamhleor atá curtha ar fáil ann. I gcás ina measann an t-údarás náisiúnta rialála gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, nó má mheasann sé nach leor an fhaisnéis atá curtha ar fáil, déanfaidh sé cinneadh críochnaitheach laistigh de thréimhse dhá mhí breise, tar éis dó deis éisteachta a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, chun an formhuirear a údarú, a leasú nó chun diúltú dó.

Airteagal 6d

An beartas maidir le húsáid chóir agus inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola a chur chun feidhme

1.  D’fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 6b agus Airteagal 6c, a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, faoin 15 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe, maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agus ar an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

2.  Le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síós rialacha mionsonraithe i ndáil leis an mbeartas maidir le húsáid chóir a leagtar amach in Airteagal 6b, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a) forás na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit;

(b) an méid cóineasaithe atá idir na praghasleibhéil bhaile sna tíortha ar fud an Aontais;

(c) na patrúin taistil san Aontas;

(d) aon riosca go saobhfar na dreasachtaí iomaíochta agus infheistíochta a bheidh inbhraite sna margaí baile nó sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.

3.  Maidir le hAirteagal 6c, le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola le haghaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta, bunóidh an Coimisiún iad ar na nithe seo a leanas:

(a) cinneadh na gcostas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar trí thagairt do na rátaí éifeachtacha fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothromaithe agus cion réasúnach na gcostas comhpháirteach agus na gcostas comhchoiteann is gá chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(b) cinneadh na n-ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(c) tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus tomhaltas baile ag custaimeirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta;

(d) leibhéal na hiomaíochta, na bpraghsanna agus na n-ioncam sa mhargadh baile, agus aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorás praghsanna den sórt sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

4.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go tráthrialta i bhfianaise na bhforbairtí ar an margadh.

5.  Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dlúthfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus na mbeart i ndáil le hinbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agus lánaird á tabhairt ar na gnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an mBallstát lena mbaineann agus ar na héagsúlachtaí ábhartha oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta. Gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6c(3), déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála ceanglais Airteagal 6b agus Airteagal 6c agus na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Airteagail seo, a fhorfheidhmiú ar bhonn tráthúil. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta rialála, tráth ar bith, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an formhuirear a leasú nó gan leanúint de más rud é nach gcomhlíontar Airteagal 6b nó Airteagal 6c leis. Cuirfidh an t-údarás náisiúnta rialála an Coimisiún Eorpach ar an eolas, go bliantúil, i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 6b, Airteagal 6c agus Airteagal 6d.

Airteagal 6e

Seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar

1.  Gan dochar don dara fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta rialáilte miondíola atá sa bhreis ar aon teorainneacha a shocraítear leis an mbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas (gan CBL a áireamh):

(a) aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagail 7 (2), 9(1) agus 12(1), faoi seach;

(b) suim na bpraghsanna miondíola baile agus aon fhormhuirear arna chur i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh nó seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid, EUR 0,06 in aghaidh teachtaireacht SMS agus EUR 0,20 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear, faoi seach;

(c) aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, ní rachaidh sé thar an meán ualaithe uasta ar rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais a leagtar amach i gcomhréir le mír 2.

Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte nó le teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Beidh an méid sin gan dochar d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh a chur i bhfeidhm nach mó ná 30 soicind maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 6f(1), ní dhéanfaidh an mhír seo cosc a chur ar thairiscintí a chumasóidh do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, le haghaidh muirir per diem nó aon mhuirir sheasta thréimhsiúil, toirt áirithe tomhaltais seirbhísí fánaíochta rialáilte ar choinníoll go dtiocfaidh as tomhaltas méid iomlán na toirte sin praghas in aghaidh an aonaid ar ghlaonna fánaíochta rialáilte, glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus ar sheirbhísí fánaíochta sonraí nach mó ná an praghas miondíola baile faoi seach agus na muirir uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.  Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme sin gach bliain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Maidir le meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta, bunófar ar na critéir seo a leanas iad:

(a) leibhéal uasta na rátaí críochnaithe soghluaiste a fhorchuir na húdaráis náisiúnta rialála ar an margadh do chríochnú glao gutha mórdhíola ar líonraí soghluaiste aonair i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 16 den Treoir Réime agus le hAirteagal 13 de Threoir na Rochtana, agus

(b) líon iomlán na síntiúsóirí sna Ballstáit.

3.  Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 6a, 6b, 6c, agus mír 1 den Airteagal seo a thairiscint agus féadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a shocraítear in Airteagal 6a, 6b agus 6c agus mír 1 den Airteagal seo a roghnú d’aon ghnó, ar dá bhun a mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilte seachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.

Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif atá leagtha amach in Airteagal 6a agus 6b, agus i mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.

Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith, a iarraidh go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear in Airteagal 6a, 6b, 6c agus i mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagail 6a, 6b, 6c, agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile de na síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar dhá mhí.

4.  Maidir le conradh ina chuimsítear seirbhís fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go sonrófar na príomhthréithe den tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte sin a sholáthraítear, lena n-áirítear go háirithe:

(a) an plean taraife nó na pleananna taraife ar leith, agus, do gach ceann de na pleananna taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear agus toirteanna na cumarsáide san áireamh;

(b) aon srianta arna bhforchur ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais bhaile mhiondíola is infheidhme, go háirithe faisnéis chainníochtaithé maidir leis an gcaoi a chuirtear an beartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm é trí thagairt a dhéanamh do na príomhpharaiméadair praghsála, toirte nó eile a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte lena mbaineann.

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 6f

Muirir fánaíochta miondíola idirthréimhseacha

1.  Ón 30 Aibreán 2016 go dtí an 14 Meitheamh 2017, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm de bhreis ar an bpraghas miondíola baile chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar.

2.  Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 6e mutatis mutandis.”.

(6) Scriostar Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13.

(7) Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:,

(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre agus an dara fomhír:

“Léireofar an fhaisnéis praghsála phearsantaithe bhunúsach sin in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara agus áireofar inti faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas maidir le húsáid chóir sin; agus

(b) aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c”;

(b) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, ag an dara fomhír, ag an gceathrú fomhír agus ag an gcúigiú fomhír i leith guthsheirbhísí fánaíochta, cé is moite don tagairt don bheartas maidir le húsáid chóir, agus le seirbhísí fánaíochta SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.”;

(c) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.  Seolfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra don chustaiméir seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de ghuthghlaonna nó, SMS, nó seirbhísí fánaíochta rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a bheidh aon teorainn úsáide arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal 6c bainte amach. Léireoidh an fógra sin an formhuirear fánaíochta rialáilte a chuirfear i bhfeidhm ar aon tomhaltas breise seirbhísí guthghlaonna agus SMS fánaíochta rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí seirbhísí miondíola an tseirbhís a sholáthar arís.”;

(d) cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3:

“3.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis iomlán a thabhairt do chustaiméirí faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, an tráth a mbeidh síntiúis á nglacadh. Soláthróidh siad faisnéis uasdátaithe dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

Seolfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.”.

(8) Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  Trí theachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta, cuirfear in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta go bhfuil sé ag baint úsáide as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir (in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara) is infheidhme as seirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar don chustaiméir fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann,,ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh.

Áireofar san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas maidir le húsáid chóir sin; agus

(b) aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c.

Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a chuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go bhfuil sé éasca í a fháil agus a thuiscint.”;

(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.  Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de sheirbhís sonraí fánaíochta rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a shroichfear aon tairseach úsáide eile, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c. Léireofar leis an bhfógra sin formhuirear rialaithe na fánaíochta a gcuirfear i bhfeidhm maidir le haon tomhaltas breise de sheirbhísí fánaíochta sonraí ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí an tseirbhís sin a sholáthar arís.”;

(c) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.  Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta an deis dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir chun an rogha a dhéanamh d’aon ghnó, agus saor in aisce, glacadh le saoráid lena soláthraítear ar bhealach tráthúil faisnéis faoin tomhaltas carnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí i rith tréimhse sonraithe úsáide, seachas MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais.”;

(d) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“6.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de mhír 5, den dara fomhír de mhír 2 agus de mhír 2a, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáideann custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí fánaíochta.”.

(9) Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta agus leas á bhaint acu as Airteagal 6b, 6c agus 6e(3).”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 6a, 6b, 6c, 6e, 7, 9 agus 12, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.”.

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Athbhreithniú

1.  Faoin 29 Samhain 2015 tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar an margadh fánaíochta mórdhíola d’fhonn a mheas cad iad na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, inter alia, ar an leibhéal iomaíochta i margaí mórdhíola náisiúnta, agus déanfaidh sé measúnú, go háirithe, ar leibhéal na gcostas mórdhíola a thabhaítear agus na muirear mórdhíola a chuirtear i bhfeidhm, agus ar staid iomaíochta oibreoirí a bhfuil raon feidhme geografach teoranta acu, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht chomh maith le cumas oibreoirí tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an dul chun cinn maidir leis an iomaíocht sna margaí fánaíochta miondíola agus ar aon rioscaí inbhraite go saobhfar an iomaíocht agus na dreasachtaí infheistíochta sa mhargadh baile agus i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gur gá a áirithiú go mbeidh oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu in ann na costais uile a eascraíonn as seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar a aisghabháil, lena n-áirítear comhchostais agus costais comhchoiteanna. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gur gá cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó ar mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad agus atá an dream deiridh sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.

2.  Faoin 15 Meitheamh 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1.

Beidh togra reachtach iomchuí a mbeidh comhairliúchán poiblí roimh ré ag gabháil leis an tuarascáil sin, chun na muirir mhórdhíola a leasú do sheirbhísí fánaíochta rialáilte a leagtar amach sa Rialachán seo, nó chun réiteach eile a chur ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar na ceisteanna a sainaithníodh ar leibhéal na mórdhíola d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017.

3.  De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dhá bhliain i ndiaidh na tuarascála dá dtagraítear i mír 2. Áireofar le gach tuarascáil, inter alia, measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí miondíola rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha;

(b) an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(c) a mhéid a d’eascair torthaí de bharr chur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 maidir le hiomaíocht a fhorbairt sa mhargadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta rialáilte.

4.  D’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha sna margaí fánaíochta uile-Aontais, déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta ar bhonn tráthrialta faoin bhforbairt atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS agus sonraí. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, tuairisceoidh BEREC go rialta maidir le forás na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit do sheirbhísí baile agus fánaíochta araon agus maidir le forás rátaí iarmhír fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothrom idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta.

Déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ar bhonn bliantúil freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le trédhearcacht agus le hinchomparáideacht taraifí éagsúla arna dtairiscint ag oibreoirí dá gcuid custaiméirí. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí agus na torthaí sin a chur ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir 2002/22/CE

In Airteagal 1 de Threoir 2002/22/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  Le bearta náisiúnta maidir le rochtain ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó a n-úsáid dóibh sin trí líonraí cumarsáide leictreonaí, urramófar cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear i ndáil le príobháideachas agus próis chuí, mar a shainmhínítear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”.

Airteagal 9

Clásal athbhreithnithe

Faoin 30 Aibreán 2019, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Airteagail 3, 4, 5 agus 6 o agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtaobh, lena ngabhfaidh, más gá, tograí iomchuí d’fhonn an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2016, seachas maidir leis an méid seo a leanas:

(a) I gcás ina bhfuil an gníomh reachtach atá le glacadh tar éis an togra dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 infheidhme an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7(a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus pointe 8(a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo amhail ón dáta sin.

I gcás nach bhfuil an gníomh reachtach sin infheidhme an 15 Meitheamh 2017, leanfaidh pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6f de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, d’fheidhm bheith aige go dtí go mbeidh an gníomh reachtach sin infheidhme.

I gcás go dtiocfaidh an gníomh reachtach chun bheith infheidhme tar éis an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7 (a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo seo agus pointe 8 (a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó dháta teacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh sin;

(b) maidir le tabhairt na gcumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún atá i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus i bpointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6d agus Airteagal 6e(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, beidh feidhm acu amhail ón 29 Samhain 2015;

(c) beidh feidhm ag Airteagal 5(3) amhail ón 29 Samhain 2015;

(d) beidh feidhm ag pointe 10 d’Airteagal 7 den Rialachan seo amhail ón 29 Samhain 2015.

3.  Féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna féinrialála, a bhí i bhfeidhm roimh an 29 Samhain 2015 agus nach gcomhlíonann Airteagal 3(2) nó (3) a choimeád ar bun go dtí an 31 Nollaig 2016. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis na bearta sin faoin 30 Aibreán 2016.

4.  Leanfaidh forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 ón gCoimisiún ( 4 ) a bhaineann leis an módúlacht theicniúil do chur chun feidhme na rochtana ar sheirbhísí áitiúla fánaíochta sonraí ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air d’fheidhm a bheith acu chun go ndíolfar ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo.

▼M1

5.  Rachaidh Airteagal 5a in éag an 14 Bealtaine 2024.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh se infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

( 2 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

( 3 ) Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

( 4 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 an 14 Nollaig 2012 ón gCoimisiún maidir le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte laistigh den Aontas IO L 347, 15.12.2012, lch. 1)