An Bhruiséil,31.3.2022

COM(2022) 134 final

2022/0089(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le tásca geografacha (TGanna), sainaithnítear táirgí a bhfuil cáilíochtaí nó saintréithe acu mar gheall ar thosca nádúrtha nó daonna a bhaineann lena náit tionscnaimh nó táirgí a bhfuil cáil orthu mar gheall ar na tosca sin. Is ceart maoine intleachtúla (CMI) iad a cheaptar chun iomaíocht chóir a chur chun cinn i measc táirgeoirí trí úsáid mhímhacánta a bhaintear as ainm agus cleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha a chosc. Le TGanna, ráthaítear barántúlacht do chustaiméirí agus sainaithnítear táirge sa mhargadh agus bíonn díolacháin agus onnmhairiúcháin ar luach níos airde i gceist. Aithnítear TGanna go hidirnáisiúnta ó bhí 1883 ann 1 , agus cosnaíodh iad le bearta a rinne an tAontas sna 1970idí (fíon) go 1992 (táirgí talmhaíochta agus bia-earraí), lena náirítear na cláir a chríochnú 2 in 2020. Sa lá atá inniu ann, tá beagnach 3500 ainm d’fhíonta, de dheochanna biotáilleacha, de tháirgí talmhaíochta agus de bhia-earraí ar chlár an Aontais um thásca geografacha.

Tá córas TGanna an Aontais ar fónamh, ach léiríodh leis an meastóireacht ar an mbeartas agus leis an bpróiseas measúnaithe tionchair go bhfuil deis feabhais ríthábhachtach, go háirithe d’fhonn córas TGanna a láidriú, chun bia ardchaighdeáin a sholáthar agus chun an oidhreacht chultúrtha, ghastranómach agus áitiúil a chosaint ar fud an Aontais. Baineann sin leis na nithe seo a leanas go príomha:

An tslí is fearr chun éifeacht a thabhairt do cheart bunúsach na dtáirgeoirí go gcosnófaí CMI ina TGanna. Táirgeoirí a bhfuil sócmhainn dholáimhsithe TG acu, tá an ceart acu go gcosnófaí an tsócmhainn sin agus féachann an tAontas leis sin a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus is féidir, agus go tráthúil freisin sa ré seo ina núsáidtear an tidirlíon níos mó ná riamh;

Conas saothrú mímhacánta ainmneacha táirgí a sheachaint ar saothrú é a dhéanann oibreoirí nach bhfuil aon cheart ná aon bhaint acu leis an táirge barántúil. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an bhforfheidhmiú, go háirithe ar an idirlíon, agus ar an bhfíorú comhlíontachta freisin;

Conas táirgeadh inbhuanaithe táirgí lena ngabhann TGanna a mhéadú. Mar ionstraim lena luacháiltear táirgí a bhaineann go dlúth le tosca nádúrtha agus saineolas táirgeoirí i gceantar áitiúil, baintear tearc-úsáid as TGanna chun na críche sin;

Conas is féidir tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí barántúla ar bhealach níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar fhaisnéis neamhshiméadrach. Tá feasacht tomhaltóirí ar shiombailí tiomnaithe an Aontais an-íseal, rud a léiríonn go mbaineann deacracht leis an gcumarsáid;

Conas a áirithiú go bhfaigheann táirgeoirí toradh cóir ar a dtáirgí agus cáilíochtaí na dtáirgí sin nasctha lena dtáirgeadh agus gur féidir leo a seasamh i slabhra an tsoláthair bia a láidriú.

Tá an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) ar an bhfód le 30 bliain ach níor baineadh amach na tairbhí a measadh a bheadh ann le haghaidh táirgeoirí agus tomhaltóirí. Chun táirgí traidisiúnta talmhaíochta a shainaithint agus a chur chun cinn ar bhealach níos fearr san Aontas, ba cheart an scéim STR a shimpliú agus a shoiléiriú.

Leis an togra, rannchuidítear leis na cuspóirí arna saothrú leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), go háirithe chun feabhas a chur ar fhreagairt earnáil talmhaíochta an Aontais d’éilimh shochaíocha ar thorthaí inbhuanaitheachta eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na táirgeachta talmhaíochta. Láidreofar córas reatha TGanna mar CMInna. Leis an togra, méadófar torthaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil táirgí TG, tabharfar níos mó cumhachtaí agus freagrachtaí do tháirgeoirí, laghdófar cineálacha nua sáruithe (idirlíon), feabhsófar éifeachtacht an fhorfheidhmithe agus seiceálacha lena ráthaítear barántúlacht na dtáirgí, tabharfar aghaidh ar bhearnaí sa reachtaíocht agus déanfar na nósanna imeachta um chlárúchán níos éifeachtúla. Seachas TGanna, tugtar aghaidh leis an togra seo ar na rialacha maidir le STRanna, go háirithe an sainmhíniú orthu a shoiléiriú. Ar an taobh eile, ní dhéantar aon athrú ar na rialacha maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta leis an togra; níor tugadh na rialacha sin isteach ach in 2012 agus ní mór do na Ballstáit a n‑acmhainneacht a fhiosrú ar dtús. Ar deireadh, ní thugtar aghaidh leis an togra seo ar TGanna neamhthalmhaíochta; tá rún ag an gCoimisiún gníomh reachtach ar leithligh a bheartú ina leith sin.

Is é sprioc fhoriomlán an athbhreithnithe TG glacadh TGanna a éascú ar fud an Aontais, mar ionstraimí MI ar a bhfuil rochtain ag na feirmeoirí agus na táirgeoirí táirgí uile, táirgí a bhfuil baint acu le chéile de réir na saintréithe atá acu nó na cáile atá orthu, agus a láithreach tionscnaimh. Níl aon athrú beartaithe ar struchtúr bunúsach na gcóras TG, agus ar an gcaoi sin, coinnítear ar bun ról na mBallstát sa nós imeachta um iarratais a bhaineann le TGanna agus STRanna; an t‑ardleibhéal cosanta ar chearta maoine intleachtúla; sainiúlachtaí le haghaidh TGanna in earnáil na fíona agus na ndeochanna biotáilleacha; agus an forfheidhmiú náisiúnta laistigh de chreat an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla agus uirlisí MI araon.

Cé gur bua de chuid thalmhaíocht na hEorpa é táirgí talmhaíochta ardchaighdeáin a tháirgeadh, tá éagothroime gheografach ann maidir le líon na TGanna atá cláraithe ar fud an Aontais. Léirítear leis sin ‘túsphointí’ agus taithí dhifriúil ar oidhreacht ghastranómach agus chultúrtha na mBallstát a chaomhnú. Leis an athbhreithniú TG, ba cheart díriú go háirithe ar an nglacadh a spreagadh sna Ballstáit sin ina mbaintear tearc-úsáid as TGanna. Le TGanna, cúitítear táirgeoirí as a n‑iarrachtaí chun réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh, rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do gheilleagar na tuaithe freisin. Is ionann sin agus an cás, go háirithe, i limistéir mhídheisiúla, i réigiúin sléibhe agus sna réigiúin is iargúlta, áiteanna inar chuid shuntasach den gheilleagar í earnáil na feirmeoireachta agus ina bhfuil na costais táirgeachta agus na bacainní ard. Is cuspóir é freisin an líon TGanna cláraithe a mhéadú le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil an líon TGanna cláraithe níos lú ná meán an Aontais.

Dá bhrí sin, tugtar aghaidh ar na cuspóirí ginearálta seo a leanas leis an togra:

1.cosaint éifeachtach CMI a áirithiú san Aontas, lena náirítear próisis éifeachtúla clárúcháin, chun táirgeoirí a chúiteamh go cóir as a niarrachtaí;

2.glacadh TGanna ar fud an Aontais a mhéadú, rud a rachaidh chun tairbhe do gheilleagar na tuaithe.

Mionsonraítear an dá chuspóir ghinearálta sin sna sé chuspóir shonracha seo a leanas:

1.forfheidhmiú rialacha TG a fheabhsú chun cosaint níos fearr a thabhairt do CMI agus do TGanna ar an idirlíon, lena náirítear cosaint ar chláruithe mímhacánta agus ar chleachtais agus ar úsáidí calaoiseacha agus meabhlacha sa chóras ainmneacha fearainn, agus an góchumadh a chomhrac;

2.an creat dlíthiúil a chuíchóiriú agus a shoiléiriú chun simpliú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um iarratas a dhéanamh ar ainmneacha nua a chlárú agus ar shonraíochtaí táirge a leasú;

3.rannchuidiú le córas bia an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe trí chritéir shonracha inbhuanaitheachta a chomhtháthú leis;

4.táirgeoirí agus grúpaí táirgeoirí a chumhachtú chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar a sócmhainní TG agus forbairt struchtúr agus comhpháirtíochtaí laistigh de shlabhra an tsoláthair bia a spreagadh;

5.tuiscint cheart ar an margadh agus feasacht tomhaltóirí ar an mbeartas TG agus ar shiombailí an Aontais a mhéadú chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna feasacha ceannaigh a dhéanamh;

6.cosaint ainmneacha bia traidisiúnta a choimirciú chun táirgí agus modhanna traidisiúnta táirgthe a luacháil agus a chaomhnú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Déantar foráil le reachtaíocht an Aontais maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint i leith fíona ó bhí tús na 1970idí ann, i leith deochanna biotáilleacha ó bhí 1989 ann agus i leith táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ó bhí 1992 ann. Leis an reachtaíocht sin, ceadaítear clárú ainmneacha táirgí luachmhara, arna dtáirgeadh de réir sonraíocht táirge i limistéar geografach ar leith ag táirgeoirí a bhfuil saineolas aitheanta acu. Tá an togra comhsheasmhach le forálacha beartais atá ann cheana i réimse TGanna. Is é is aidhm dó na forálacha atá ann cheana a fheabhsú agus foráil a dhéanamh maidir le tacar rialacha simplithe cuíchóirithe agus eilimintí áirithe de chosaint TG a láidriú, go háirithe trí grúpaí táirgeoirí a chumhachtú agus an leibhéal cosanta ar an idirlíon a mhéadú. Leis an togra, spreagtar grúpaí táirgeoirí TG chun ceanglais maidir le torthaí inbhuanaitheachta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil níos fearr a chur sa tsonraíocht táirge ar bhonn deonach. Chun cáilíocht na gclárúchán agus láimhseáil na n‑iarratas a fheabhsú, tugtar cumhachtaí don Choimisiún cúnamh teicniúil gníomhaireachta a úsáid chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais agus clárúchán TG agus an fhreagracht fhoriomlán maidir le beartas TG a choimeád sa Choimisiún.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil foriomlán a leagtar síos le haghaidh CBT. Comhlánaítear bearta eile leis an togra, bearta arb é is aidhm dóibh cáilíocht agus éagsúlacht tháirgeadh talmhaíochta, fíona agus deochanna biotáilleacha an Aontais a áirithiú, táirgeoirí a chúiteamh go cóir as a n‑iarracht, cearta bunúsacha na dtáirgeoirí i réimse na maoine a chosaint agus saoránaigh agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe sonracha in-aitheanta tháirgí na n‑earnálacha thuasluaite, go háirithe táirgí a bhfuil nasc acu lena dtionscnamh geografach.

Leis an straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, gheall an Coimisiún 3 go rannchuideodh sé leis an aistriú i dtreo córas inbhuanaithe bia chun creat dlíthiúil TGanna a láidriú agus, i gcás inarb iomchuí, critéir shonracha inbhuanaitheachta a chur san áireamh. Luaitear TGanna i ndáil le rialacha feabhsaithe chun seasamh feirmeoirí agus grúpaí táirgeoirí sa slabhra luacha a láidriú freisin. Leis an bPlean Gníomhaíochta ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, fógraítear tionscnaimh eile a mbeidh tionchar acu ar tháirgí TG, go háirithe togra le haghaidh creat reachtach um chórais inbhuanaithe bia, ar togra é atá le cur síos in 2023. Cuimsíodh an tionscnamh atá ann anois maidir le TGanna i gClár Oibre Bliantúil an Choimisiúin 2021 4 faoi thionscnaimh REFIT 5 , nasctha leis an gComhaontú Glas don Eoraip 6 .

Maidir leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus do 2040, ní bheidh drochthionchar ag an togra seo ar an aeráid.

Ina theannta sin, leis an Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil 7 , d’fhógair an Coimisiún go láidreodh sé an córas cosanta le haghaidh TGanna chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena náirítear chun sáruithe CMI a chomhrac.

Sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ 8 , cuireadh in iúl gur díol sásaimh di an comhtháthú níos fearr ar an bhforbairt inbhuanaithe le beartas cáilíochta na hEorpa agus d’iarr sí ar an gCoimisiún ábharthacht agus tábhacht scéimeanna Eorpacha cáilíochta a athdhaingniú agus an creat reachtach le haghaidh TGanna a láidriú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra faoi raon feidhme CBT (Airteagal 43 CFAE 9 ) agus CMInna (Airteagal 118 CFAE).

A mhéid a bhaineann le CBT, is ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais iad ceanglais agus rialacha maidir le táirgí talmhaíochta, bia-earraí, fíonta, táirgí fíona cumhraithe agus deochanna biotáilleacha a chur ar an margadh inmheánach agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2019/787 agus Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, bhunaigh an tAontas córas uileghabhálach chun ainmneacha táirgí sonracha a chosaint d’fhonn a saintréithe uathúla a chur chun cinn, saintréithe a bhaineann lena dtionscnamh geografach agus le saineolas traidisiúnta i réimse na dtáirgí talmhaíochta, na fíona agus na ndeochanna biotáilleacha.  Ní féidir leis na Ballstáit gníomhú ina n‑aonar chun an cuspóir beartais sin a bhaint amach. Ní féidir an córas TGanna atá ann faoi láthair a láidriú ach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, eadhon trí na Rialacháin sin a athbhreithniú.

Comhréireacht

Is éard atá sa togra athruithe teoranta spriocdhírithe ar an gcreat reachtach atá ann faoi láthair le haghaidh TGanna nach dtéann níos faide ná a bhfuil gá leis chun an cuspóir maidir le láidriú an chórais TG a bhaint amach. Coimeádtar sainiúlachtaí na n‑earnálacha i bhfeidhm agus comhchuibhítear na rialacha is coiteann do na hearnálacha uile, go háirithe na nósanna imeachta um ainm a chlárú nó sonraíocht táirge a leasú, cosaint na n‑ainmneacha, agus seiceálacha agus an forfheidhmiú.

An rogha ionstraime

Leis an mbeartas maidir le TGanna, ceanglaítear go mbeidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit. Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim iomchuí chun an córas TG a athbhreithniú agus cuirtear san áireamh go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair:

TGanna le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí — Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí 10 ;

TGanna le haghaidh fíona— Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle 11 ;

TGanna le haghaidh deochanna biotáilleacha — Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 12 .

Leis an togra, aisghairfear an chéad Rialachán thuasluaite agus déanfar leasuithe ar an bpéire deireanach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht ar bheartas an Aontais maidir le TGanna agus STRanna a chosnaítear san Aontas. Foilsíodh na torthaí an 21 Nollaig 2021 sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 13 . Cumhdaíodh beagnach 3 400 TG agus 64 STR de thionscnamh na mBallstát léi. Ba é cuspóir na meastóireachta measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhain an beartas TG agus STR a chuspóirí amach. Leis an meastóireacht, rinneadh scrúdú ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht, ar ábharthacht agus ar chomhleanúnachas an chreata TG agus STR agus ar an mbreisluach atá aige ar leibhéal an Aontais. 

Baineadh amach cuspóirí TGanna agus STRanna ar an iomlán a bheag nó a mhór. Tá réimse leathan tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh páirtithe leasmhara ag baint leis an mbeartas, amhail toradh agus iomaíocht chóir a bhaint amach le haghaidh táirgeoirí. Níl na tairbhí sin le fáil go córasach i ngach Ballstát, áfach. Is iad na príomhtheorainneacha atá ann a laghad feasachta agus tuisceana atá ag tomhaltóirí i roinnt Ballstát ar an mbeartas agus laigí áirithe a bhaineann leis na rialuithe i gcéimeanna iartheachtacha an tslabhra luacha. Maidir le príomhchuspóirí eile an bheartais — urraim do TGanna mar CMI agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus go gcuideodh STRanna le táirgeoirí táirgí traidisiúnta modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis a chosaint — baintear amach na cuspóirí sin go ginearálta.

Measadh an creat le haghaidh TGanna/STRanna a bheith éifeachtúil. Soláthraíonn TGanna agus STRanna roinnt tairbhí do tháirgeoirí 14 , agus tá na costais ar chomhlachtaí poiblí (ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais) íseal, meastar gurb ionann iad agus 0.12 % den luach iomlán díolachán faoi TG/STR. D’fhéadfaí an tualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú áfach, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta fadálacha um chlárúchán agus um leasúchán, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Measadh an beartas a bheith ábhartha le haghaidh páirtithe leasmhara príobháideacha agus údaráis phoiblí araon. Le cuspóirí TGanna agus STRanna, tugtar aghaidh ar riachtanais iarbhír na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Meastar gur acmhainn láidir iad TGanna agus STRanna le haghaidh críocha iargúlta agus gur uirlis thábhachtach iad chun an chéannacht réigiúnach a chur chun cinn. Trí TGanna agus STRanna a láidriú trí bhíthin tacaíocht forbartha tuaithe, freagraítear go príomha don ghá atá ann an comhtháthú a fheabhsú. Cé nach príomhchuspóirí le haghaidh na táirgeachta TG/STR iad an chosaint comhshaoil agus leas ainmhithe, dhearbhaigh na grúpaí táirgeoirí a ndearnadh suirbhé orthu go gcuireann roinnt sonraíochtaí táirge saincheisteanna comhshaoil agus leasa ainmhithe san áireamh.

Maidir leis an gcomhleanúnachas, níor sainaithníodh aon neamh-chomhoiriúnacht mhór maidir le TGanna agus trádmharcanna de chuid an Aontais, TGanna/STRanna agus scéimeanna náisiúnta/réigiúnacha, agus TGanna/STRanna agus beartais eile de chuid an Aontais.

Thairis sin, tá breisluach soiléir ann don Aontas toisc go gcuireann TGanna agus STRanna araon le sláine an mhargaidh inmheánaigh agus leis an trádáil chóir le tríú tíortha.

Maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh, seachas na laigí thuasluaite sa réimse rialúcháin agus forfheidhmithe (margadh iartheachtach), agus an fheasacht agus an tuiscint bheag atá ag tomhaltóirí, is féidir na pointí seo a leanas a chur i dtábhacht:

Le difríochtaí sa chur chun feidhme, cruthaítear deacrachtaí maidir le CMI táirgeoirí a fhorfheidhmiú lasmuigh den Bhallstát táirgthe. Ina theannta sin, cumhdaítear réimse leathan táirgí le TGanna agus díoltar trí ionaid díola éagsúla iad (lena náirítear díolacháin ar líne), rud a chuireann bac breise ar a bhforfheidhmiú éifeachtach. 

Baineann saincheist eile go dlúth le cuspóirí nua polaitiúla an Choimisiúin, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’. Agus béim mhór á cur ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta le blianta beaga anuas, ní chuirtear na saincheisteanna sin san áireamh ná ní chuirtear san áireamh ar bhealach córasach iad leis an táirgeacht TG nó STR.

Tá ról ríthábhachtach ag grúpaí táirgeoirí maidir le TGanna agus STRanna a chur chun feidhme. Fuarthas amach leis an meastóireacht, áfach, go bhfuil difear mór idir na tascanna a bhfuil na grúpaí sin i dteideal iad a dhéanamh sna hearnálacha éagsúla agus sna Ballstáit toisc nach sainmhínítear ar leibhéal an Aontais iad ach le haghaidh earnáil an agraibhia agus nach sainmhínítear le haghaidh fíonta nó deochanna biotáilleacha iad.

Meastar gurb iad na nósanna imeachta fadálacha casta um chlárúchán agus um leasúchán, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, an phríomhnúis le haghaidh táirgeoirí agus gurb iad príomhfhoinse an ualaigh riaracháin.

Leis an líon teoranta táirgí atá cláraithe mar STRanna, nach CMI iad, cuirtear in iúl an easpa suime sa scéim seo agus a dheacra atá sé modhanna traidisiúnta táirgthe a chosaint ar fud an Aontais.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An straitéis chomhairliúcháin a forbraíodh le haghaidh an tionscnaimh seo, cumhdaítear léi na gnéithe uile den tionscnamh lena ndírítear ar an gcóras TGanna a láidriú. Tugadh aghaidh ar chatagóirí éagsúla páirtithe leasmhara léi: údaráis phoiblí, eagraíochtaí ón earnáil feirmeoireachta, eagraíochtaí ón earnáil phróiseála, cónaidhmeanna Eorpacha, náisiúnta agus earnála agus cuideachtaí príobháideacha, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ón earnáil trádála agus ón earnáil mhiondíola; tríú tíortha, institiúidí acadúla agus taighde, an pobal i gcoitinne agus páirtithe leasmhara eile nach iad.

Rinneadh na gníomhaíochtaí uile a fógraíodh sa straitéis chumarsáide mar a bhí beartaithe: Aiseolas maidir leis an Treochlár — an Measúnú ar Thionchar Tionscanta, comhdháil páirtithe leasmhara, cruinnithe le Grúpa Idirphlé Shibhialta agus ceistneoirí le haghaidh an ghrúpa sin, cruinnithe leis na Ballstáit agus ceistneoirí le haghaidh na mBallstát agus comhairliúcháin spriocdhírithe le saineolaithe ón earnáil neamhrialtasach.

Aiseolas maidir leis an Treochlár — an Measúnú ar Thionchar Tionscanta 

Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh do na páirtithe leasmhara na treoshuíomhanna a leagtar amach sa Treochlár — Measúnú ar Thionchar Tionscanta 15 a foilsíodh le haghaidh aiseolais an 28 Deireadh Fómhair 2020. Thug 51 freagróir aiseolas ar an Treochlár.

Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na bhfreagróirí tionscnamh an Choimisiúin chun córas TGanna an Aontais a láidriú. Leis an aiseolas, díríodh go príomha ar ghnéithe inbhuanaitheachta a chuimsiú sa tsonraíocht táirge, agus ar an ngá atá le cosaint fheabhsaithe agus le soiléirithe reachtacha. Na freagróirí a thrácht ar thodhchaí na scéime STR, mheas siad gur cheart leanúint ar aghaidh léi ach gur cheart í a shoiléiriú agus a shimpliú. Luaigh grúpa níos lú freagróirí saincheisteanna a bhaineann leis an simpliú, le rialuithe agus leis an bhforfheidhmiú, grúpaí táirgeoirí TG a chumhachtú agus saincheisteanna a bhaineann le siombail an Aontais a úsáid ar an lipéad.

An Chomhdháil maidir le ‘Tásca Geografacha a Láidriú’, an 25-26 Samhain 2020

Reáchtáil an Coimisiún agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) comhdháil ardleibhéil i gcomhar le chéile, agus bhí sí ina pointe fócasach le haghaidh páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le réimse saincheisteanna a bhaineann le próiseas athbhreithnithe TG. Ghlac lucht freastail mór páirt san ócáid, lucht freastail lena n‑áirítear táirgeoirí TG, páirtithe leasmhara ar fud an tslabhra luacha bia, oifigigh ó na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, oifigigh de chuid an Aontais mar aon le mic léinn agus baill den phobal a raibh suim acu san ócáid.

Seachas na seisiúin iomlánacha oscailte agus scoir, reáchtáladh 15 phainéal chun saincheisteanna difriúla a bhaineann le hathbhreithniú TG a phlé. Pléadh saincheisteanna inbhuanaitheachta agus cumhachtú táirgeoirí freisin chun aghaidh a thabhairt ar an tionscnamh ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ mar aon le bealaí chun tarraingteacht TGanna a mhéadú agus TGanna a nuachóiriú agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i gcomhréir le plean gníomhaíochta MI.

Tá an chomhdháil a taifeadadh agus an tábhar uile (ppt. / físeán / fuaim / gailearaí ) le fáil ar leathanach gréasáin EUROPA go dtí Samhain 2022 16 .

Comhairliúchán poiblí

Ón 15 Eanáir 2021 go dtí an 9 Aibreán 2021, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán oscailte poiblí sna teangacha oifigiúla uile de chuid an Aontais trí EU-SURVEY. Ba é ab aidhm dó tuairimí údarás poiblí, páirtithe leasmhara agus an phobail a bhailiú. Fuarthas 302 freagra ó fhreagróirí ó 21 Bhallstát.

Shainaithin na freagróirí na príomhdhúshláinle haghaidh athbhreithniú TG:

Mar gheall ar an saothrú méadaithe atá á dhéanamh ar TGanna ar an idirlíon, is gá an chalaois agus góchumadh táirgí TG a chosc.

Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí níos mó a bheith ag grúpaí táirgeoirí TG chun a TGanna a bhainistiú, a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú. San am atá i láthair, ní féidir leo cinntí a dhéanamh atá ina gceangal ar a gcomhaltaí.

easpa feasachta ann faoin lógó, rud atá amhlaidh mar gheall ar an easpa faisnéise agus poiblíochta maidir le tairbhí TGanna.

Comhdháil an Ghrúpa Idirphlé Shibhialta (GIS) maidir le Cáilíocht agus Cur Chun Cinn

Déanann comhaltaí GIS ionadaíocht ar leasanna táirgeoirí, próiseálaithe, miondíoltóirí, tomhaltóirí, gníomhaithe timpeallachta agus grúpaí eile nach iad. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le GIS maidir le Cáilíocht agus Chur Chun Cinn sna cruinnithe seo a leanas:

An 5 Samhain 2020: faisnéis faoin bpróiseas; an chéad phlé faoi athbhreithniú TG;

An 9 Márta 2021: plé faoi phríomhriachtanais an athbhreithnithe ar TGanna, agus béim á cur ar eilimintí áirithe lena náirítear an inbhuanaitheacht;

An 1 Iúil 2021: torthaí chomhairliúchán poiblí agus chomhairliúchán spriocdhírithe GIS; plé faoi chuspóirí agus faoi roghanna;

An 30 Samhain 2021: toradh an phróisis measúnaithe tionchair a thíolacadh.

Ar an mbealach céanna, mar a shonraítear thuas, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le GIS maidir le Fíon le linn a chruinnithe an 5 Bealtaine agus an 8 Samhain 2021, agus le GIS maidir le Deochanna Biotáilleacha an 9 Márta agus an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí GIS maidir le Cáilíocht agus Cur Chun Cinn freisin trí cheistneoir scríofa maidir le hinbhuanaitheacht TGanna, an lipéadú agus STR.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit faoi chuimsiú an tSainghrúpa um Cháilíocht agus Inbhuanaitheacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe. Reáchtáladh cruinnithe den Sainghrúpa sin ar na dátaí seo a leanas:

An 23 Feabhra 2021: an comhthéacs, na dúshláin agus na cuspóirí agus aiseolas ar an Treochlár;

An 22 Aibreán 2021: torthaí chomhairliúchán poiblí agus chomhairliúchán spriocdhírithe an tSainghrúpa; an cur chuige foriomlán;

An 23 Meán Fómhair 2021: roghanna beartais.

Roimh na cruinnithe sin, bhailigh an Coimisiún faisnéis faoin taithí a fuarthas ag cur scéim STR chun feidhme i gcruinniú den Choiste Cáilíochta um Beartais Talmhaíochta an 19 Deireadh Fómhair 2020, lena n‑áirítear trí cheistneoir a thabhairt.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí den Sainghrúpa trí cheistneoir scríofa freisin maidir le hinbhuanaitheacht TGanna, córas TG a shimpliú agus béim á cur ar an bpróiseas náisiúnta, naisc leis an mbeartas forbartha tuaithe agus le scéim STR.

Maidir leis an inbhuanaitheacht, ba é an tuairim ba láidre a bhí ann nár cheart an inbhuanaitheacht a fhorchur ar tháirgeoirí TG, ach gur cheart í a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt di. Tá na cleachtais atá ann cheana i ndáil leis an inbhuanaitheacht le sainaithint agus le cur chun cinn. Chuir saineolaithe na mBallstát i dtábhacht a thábhachtaí atá sé comhtháthú na gceanglas inbhuanaitheachta a dhéanamh diaidh ar ndiaidh. Tá gá le tuilleadh tacaíochta (e.g. le haghaidh deimhniúchán inbhuanaitheachta, infheistíochtaí ábhartha) agus le foirmeacha eile dreasachtaí (e.g. tosaíocht sa mhaoiniú) mar aon le faisnéis agus gníomhaíochtaí cur chun cinn. Maidir leis an imní atá ann maidir le bia cothaitheach agus aiste bhia shláintiúil, ba é an príomhthuairim a bhí ann nár cheart don bhéim ar an luach cothaitheach agus ar riachtanais chothaithe bunchoincheap TGanna a mhaolú, i.e. an cháilíocht a bhaintear amach tríd an gcomhchoibhneas idir tosca daonna agus tosca nádúrtha i limistéar geografach ar leith.

Cé gur díol sásaimh do na saineolaithe é an simpliú breise ar na nósanna imeachta agus an laghdú ar an ualach riaracháin, léirigh siad gur cheart tús áite a thabhairt do scrúdú críochnúil cruinn a dhéanamh ar iarratais TG seachas tús áite a thabhairt don luas. Bhí roinnt saineolaithe i bhfabhar comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar rialacha nós imeachta le haghaidh na n‑earnálacha uile agus mhol siad go mbeadh treoirlínte agus malartú faisnéise níos fearr ann chun scaipeadh na ndea-chleachtas a éascú, mar aon le feidhmchlár TF ag a bhfuil feidhmíocht níos fearr.

Maidir leis na príomhdheacrachtaí a bhaineann leis an nós imeachta náisiúnta, tá dhá phríomheilimint ann. Ar an gcéad dul síos, tá sé deacair táirgeoirí a thabhairt le chéile in eagraíocht ghníomhaíoch, mar gheall ar am agus acmhainní teoranta. Bíonn leisce ar tháirgeoirí comhar a dhéanamh ag céim luath de chlárúchán TG, agus tarlaíonn sé go n‑easaontaíonn siad faoin sainmhíniú ar an bpróiseas táirgthe i sonraíocht táirge. Is é an tsonraíocht táirge a dhréachtú an dara deacracht a bhíonn le sárú ag táirgeoirí: an streachailt chun fianaise a bhailiú lena léirítear go gcomhlánaíonn an táirge na ceanglais maidir le TG, tuairisc mhíshoiléir ar shainiúlachtaí an táirge, easpa eolais ar an bhfaisnéis is gá, etc.

Maidir leis an ngaol le hidirghabhálacha forbartha tuaithe, léirigh formhór na saineolaithe nár cheart a bheith ag iarraidh feasacht tomhaltóirí a chothú agus beartas TG a chur chun cinn amháin, ach gur cheart a bheith ag iarraidh iomaíocht táirgeoirí a mhéadú freisin, iad a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar an gcosaint agus an inbhuanaitheacht a fheabhsú.

Mhínigh na saineolaithe go meastar an nós imeachta um chlárúchán le haghaidh STRanna a bheith casta trom, dá bhrí sin, d’fhéadfaí soiléiriú ar na critéir a bheartú. D’áitigh siad nach mbíonn táirgeoirí rannpháirteach sa scéim toisc gur féidir STRanna a tháirgeadh gan bhac lasmuigh dá dtír tionscnaimh agus toisc nach bhfeiceann na táirgeoirí an tairbhe a bhaineann leis an ualach riaracháin a ghlacadh orthu féin.

Measúnú tionchair

Rinneadh an obair ar an Measúnú Tionchair i mí Dheireadh Fómhair 2020 go mí Mheán Fómhair 2021, tréimhse inar tháinig an grúpa stiúrtha idirsheirbhíse le chéile ceithre huaire. Ghlac ionadaithe ó 12 Ard-Stiúrthóireacht agus Seirbhís de chuid an Choimisiúin (ISSG) agus ionadaithe ó EUIPO páirt sa ghrúpa. Forbraíodh ábhar na tuarascála ar an measúnú tionchair agus cuireadh feabhas air le hionchuir agus le barúlacha ó na seirbhísí a ghlac páirt go gníomhach san ISSG seo.

D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach maidir leis an Dréacht-Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair tar éis an chruinnithe an 30 Meitheamh 2021. Cuimsítear an méid seo a leanas i bpríomhbharúlacha an Bhoird:

Ní sholáthraítear réasúnaíocht shoiléir ná fianaise leormhaith sa tuarascáil chun tacú leis an gá atá le gníomhaíocht maidir leis an inbhuanaitheacht, aistí bia sláintiúla, úsáid lógónna agus éagothroime sa slabhra soláthair.

Ní dhéanann an tuarascáil léiriú soiléir go leor ar na roghanna beartais atá ar fáil. Ní dhéantar iniúchadh leormhaith ar mheascáin mhalartacha de ghníomhaíochtaí beartais lena bhféadfaí meascán níos fearr a sholáthar nó meascáin is ábhartha ó thaobh na polaitíochta de.

Ní raibh an tuarascáil soiléir go leor maidir le rannpháirtíocht gníomhaireachta agus na costais lena mbaineann.

Ní dhéantar idirdhealú leormhaith leis an tuarascáil idir thuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla maidir le príomhcheisteanna.

Chuathas i gcomhairle le ISSG i scríbhinn le linn na tréimhse 10-15 Meán Fómhair 2021 maidir leis an leagan athbhreithnithe den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, tar éis na barúlacha ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil. Cuireadh na barúlacha san áireamh go cuí sa leagan athbhreithnithe.

Cuireadh na soiléirithe agus na comhlánuithe is gá leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair agus leis na hIarscríbhinní a ghabhann léi agus cuireadh faoi bhráid an Bhoird arís í an 25 Meán Fómhair 2021. Ar an mbonn sin, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach an 24 Deireadh Fómhair 2021, cé gur chuir sé ábhair imní in iúl sa tuairim sin 17 . Cé gur aithníodh na feabhsuithe ar an tuarascáil, d’iarr an Bord tuilleadh soiléirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

Níl roghnú an tacair gníomhaíochtaí beartais dár tugadh tosaíocht comhleanúnach leis an gcuid eile den tuarascáil. Leis an tuarascáil, ní sainaithnítear go soiléir pacáistí malartacha gníomhaíochta beartais ná ní dhéantar measúnú chomhsheasmhach orthu ná comparáid leo.

Ní thugtar bonn cirt leormhaith leis an ngníomhaíocht beartais dár tugadh tosaíocht maidir le rannpháirtíocht gníomhaireachta.

Ní léirítear go leormhaith sa phríomhthuarascáil na tuairimí atá ag catagóirí difriúla páirtithe leasmhara.

Tugadh aghaidh ar bharúlacha uile an Bhoird sa leagan deireanach den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair agus san achoimre fheidhmeach a ghabhann léi 18 .

Leis an bpróiseas measúnaithe tionchair, tástáladh trí rogha beartais chun TGanna a athbhreithniú.

Is é is aidhm don chéad rogha— Feabhsú agus tacaíocht a thabhairt — na hionstraimí atá i bhfeidhm cheana a fheabhsú agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí, d’údaráis na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile. Dírítear ar an treoir (e.g. nasctha leis an bhforfheidhmiú, measúnú ar na comhaid agus léirmhíniú/soiléiriú dlíthiúil), ar an gcomhar atreisithe i measc na mBallstát agus ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainne, lena n‑áirítear maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta. Cuirfear feabhas ar na nósanna imeachta trína n‑ailíniú ar fud na n‑earnálacha. Le cur chuige níos solúbtha maidir le lógónna an Aontais, dírítear ar a n‑úsáid a mhéadú i measc táirgeoirí.

Cuirtear aitheantas oifigiúil táirgí agus biaearraí traidisiúnta talmhaíochta ó údaráis na mBallstát in ionad scéim STR, tá liosta critéar teoranta le socrú ar leibhéal an Aontais agus thabharfadh na Ballstáit fógra faoi ainmneacha na dtáirgí traidisiúnta don Choimisiún chun iad a chur ar fáil go poiblí.

Leis an dara rogha — Sainmhíniú níos fearr agus atreisiú — , atreisítear cosaint TGanna agus feabhsaítear an cothrom iomaíochta i measc oibreoirí trí bhíthin tacar aonair nósanna imeachta rialaithe le haghaidh na n‑earnálacha uile agus trí rialacha mionsonraithe a fhorbairt maidir le hurraim TGanna i ndáil le díolacháin ar líne. Leis an rogha, sainmhínítear an ról a d’fhéadfadh a bheith ag grúpaí táirgeoirí TG, ar bhonn deonach, chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní i measc na sochaí maidir leis an inbhuanaitheacht trí chritéir inbhuanaitheachta a chuimsiú i sonraíochtaí táirge, agus trí bhainistíocht agus trí fhorfheidhmiú a sócmhainní TG a láidriú. Leathnófaí róil shonracha grúpaí táirgeoirí TG, arna sainaithint ag údaráis na mBallstát, chuig na hearnálacha uile. Níl sé éigeantach an lógó a úsáid ar lipéad an táirge agus is féidir le táirgeoirí méid an lógó agus an áit a gcuirtear ar an lipéad é a chinneadh. Na soiléirithe ar an téarmeolaíocht dhlíthiúil, solúbthachtaí ionsuite maidir leis an bpróiseas táirgthe agus cruthú tacair aonair rialacha nós imeachta simplithe, rachaidh na nithe sin chun tairbhe don reachtaíocht.

Mar chuid den rogha seo, tá struchtúir bhainistíochta an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar TGanna le hatreisiú tríd an ról a bheadh ag gníomhaireacht atá ann cheana sa nós imeachta um chlárúchán. Cé go mbeadh an measúnú ar an leibhéal náisiúnta fós faoi chúram na mBallstát, sholáthródh gníomhaireacht cúnamh teicniúil don Choimisiún le linn an ghrinnscrúdaithe ar iarratais agus ar fhreasúraí ar leibhéal an Aontais. Cé go ndéantar foráil go hintuigthe leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair maidir le cinntí a dhéanfadh gníomhaireacht, ar chúiseanna a bhaineann le rialú dlúth reachtach a choinneáil, déanfaidh an Coimisiún na cinntí dlíthiúla uile.

Leis an tríú rogha — Comhchuibhiú agus nuashonrú — áirithítear comhchuibhiú iomlán trí Rialachán aonair a ghlacadh ina bhfuil rialacha aontaithe forfheidhmithe agus rialaithe. Ar an gcaoi chéanna, cuíchóireofar forálacha maidir le cosaint agus rialacha nós imeachta ina mbunghníomh aonair. Beidh sé éigeantach lógónna forordaithe a úsáid ar fud na n‑earnálacha uile. Ní dhéanfaidh an comhchuibhiú difear, áfach, do shainmhínithe TG agus coinneofar ar bun sainiúlachtaí na n‑earnálacha ar leith. Shainmhíneofaí critéir inbhuanaitheachta le haghaidh tháirgeacht TG i reachtaíocht an Aontais agus chuirfí chun feidhme iad trína gcomhtháthú leis an tsonraíocht táirge, agus ar an gcaoi sin, bheidís faoi réir rialuithe oifigiúla. I dteannta na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa rogha beartais roimhe seo, treiseofar le treoirlínte sonracha maidir le feidhmiú grúpaí táirgeoirí TG an seasamh atá acu i slabhraí luacha TG agus cumasófar bainistíocht níos fearr ar a sócmhainní TG.

Leis an rogha seo, tá sé beartaithe an próiseas clárúcháin a sheachfhoinsiú ina iomláine chuig gníomhaireacht atá ann cheana, agus déantar foráil go bhféadfaí achomharc a dhéanamh chuig comhlacht achomhairc. Leis an rogha seo, is féidir leis na Ballstáit leibhéil éagsúla rannpháirtíochta a bheith acu: measúnú tosaigh ar an leibhéal náisiúnta mar atá ann faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, comhairliúchán leis na Ballstáit nó gan aon ról a bheith ag na Ballstáit.

Thréigfí scéim STR. D’fhéadfaí na hainmneacha traidisiúnta bia lena gcomhlíontar na critéir le haghaidh STFC nó TGFC a chlárú amhlaidh agus d’fhéadfaí ainmneacha traidisiúnta eile a chlárú mar thrádmharc.

Leis an measúnú tionchair, thángthas ar an gconclúid gurb é an dara rogha an rogha is mó fiúntas. Tugadh an scór is airde don rogha sin a mhéid a bhaineann leis an gcomparáid idir na costais agus na tairbhí le haghaidh tháirgeoirí TG. Cé go rachaidh an táirgeadh níos tapúla agus níos fearr chun tairbhe do tháirgeoirí, laghdófar na costais, go háirithe na costais a bhaineann le fad an nós imeachta um chlárúchán agus leis na hacmhainní a bhfuil gá leo. Dá gcuirfeadh an grúpa táirgeoirí TG critéir inbhuanaitheachta leis an tsonraíocht táirge, bheadh costais bhreise chomhlíontachta agus deimhniúcháin ann a d’fhéadfaí a fhritháireamh go páirteach in aghaidh bearta tacaíochta faoi chuimsiú an bheartais forbartha tuaithe; chomhlíonfadh sé sin ionchais tomhaltóirí le haghaidh táirgí lena ngabhann uaillmhian níos airde ó thaobh na hinbhuanaitheachta de.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an togra bunaithe ar sheiceáil oiriúnachta rialála agus ar an anailís ar an acmhainneacht simpliúcháin.

Leis an Rialachán atá beartaithe, simplítear riarachán TGanna trí foráil a dhéanamh maidir le tacar amháin rialacha nós imeachta agus rialaithe le haghaidh na n‑earnálacha uile. Comhchuibhítear leis na forálacha cosanta le haghaidh na n‑earnálacha uile freisin. Ar an gcaoi sin, áirithítear comhleanúnachas agus déantar córas TGanna níos intuigthe le haghaidh na bpáirtithe leasmhara.

Is iad seo a leanas na príomheilimintí den simpliú:

tacar amháin rialacha le haghaidh próisis agus rialuithe iarratais, lena ngabhann tairbhí i dtéarmaí comhleanúnachas rialacha ar fud na nearnálacha agus lena gcuirtear deireadh leis an éagsúlacht atá ann faoi láthair maidir le nósanna imeachta;

tugtar soiléirithe isteach go háirithe i ndáil le CMI;

tugtar coincheapa níos simplithe isteach, go háirithe scéim STR, chun tuiscint táirgeoirí agus tomhaltóirí orthu a fheabhsú

Maidir leis an ualach riaracháin a laghdú, déantar foráil leis an togra maidir le cúnamh teicniúil le haghaidh an nós imeachta um chlárúchán, cúnamh a thabharfaidh gníomhaireacht de chuid an Aontais arb ann di cheana agus déantar foráil freisin maidir le leas iomlán a bhaint as uirlisí digiteacha. Leis an measúnú tionchair, léirítear go bhfeabhsóidh an cúnamh teicniúil an fad ama, cáilíocht na n‑iarratas (mar gheall ar an timthriall aiseolais), cáilíocht na measúnuithe agus go laghdófar an t‑ualach ar tháirgeoirí agus ar na Ballstáit. Leis sin, éileofar níos lú acmhainneacht agus acmhainní riaracháin phoiblí agus laghdófar an t‑aga clárúcháin.

Leis an bhfaisnéis faoi ainmneacha fearainn agus an córas rabhaidh nua atá le bunú ag EUIPO, soláthrófar uirlis dhigiteach bhreise d’iarratasóirí TG mar chuid den phróiseas iarratais chun a gcearta TG a chosaint agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Cearta bunúsacha

Faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais 19 (Airteagal 17(2)), ceanglaítear ar an Aontas maoin intleachtúil a chosaint. Leis na forálacha dá bhforáiltear, cruthófar coinníollacha níos fearr chun TGanna a chosaint agus laghdófar an baol a bhaineann le forghabháil, le haithris agus le tabhairt chun cuimhne ainmneacha TG agus ar an gcaoi sin, rannchuideofar le hioncaim táirgeoirí a dhaingniú. Ba cheart próiseas clárúcháin níos éifeachtúla a bheith mar thoradh ar chur chuige níos comhchuibhithe, próiseas lena mbainfeadh agaí clárúcháin níos giorra, ualaí laghdaithe ar tháirgeoirí agus cáilíocht níos airde sna próisis chlárúcháin agus ar an gcaoi sin, lena nurramófaí oibleagáid an Choimisiúin iarratais TG a láimhseáil ar bhealach neamhchlaonta cóir agus laistigh d’achar réasúnach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart, bunaithe ar na croí-thásca faireacháin le haghaidh na bpríomhchuspóirí oibriúcháin, cuspóirí a liostaítear sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

Chun faireachán a dhéanamh ar rannchuidiú TGanna leis an bhforbairt inbhuanaithe agus chun an trédhearcthacht a áirithiú, áirítear le GIview roinn le haghaidh gach táisc gheografaigh chláraithe ina gcuirfidh údaráis na mBallstát an ráiteas maidir le hinbhuanaitheacht.

Le Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 2016, déantar foráil go gcomhaontaíonn na trí Institiúid breithniú go córasach ar an úsáid a bhaintear as clásail athbhreithnithe sa reachtaíocht agus go gcuirtear san áireamh an t‑am is gá le haghaidh an chuir chun feidhme agus chun fianaise ar thorthaí agus ar thionchair a bhailiú. I bhfianaise an mhéid sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht tráth nach luaithe ná 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. Déanfar an mheastóireacht de réir Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is éard atá sa togra seo tacar rialacha a cheaptar chun córas comhleanúnach a chur i bhfeidhm le haghaidh TGanna, córas lena ndírítear ar chúnamh a thabhairt do tháirgeoirí cáilíochtaí, saintréithe agus airíonna a dtáirgí TG a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus ar fhaisnéis iomchuí a áirithiú le haghaidh tomhaltóirí. Thairis sin, soiléirítear agus feabhsaítear scéim STR leis an togra cé nach ndéantar aon athrú ar an scéim le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta.

Cuimsítear na forálacha seo a leanas leis an togra:

Teideal I: Forálacha ginearálta

Leis na forálacha ginearálta, sainmhínítear an t‑ábhar, is é sin TGanna, ainmneacha fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a chosaint. Soláthraítear leo na sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear go sonrach sa Rialachán freisin, mar aon leis na rialacha cosanta sonraí.

Teideal II: Tásca geografacha

Caibidil 1: Forálacha ginearálta

Leis na forálacha ginearálta, mínítear gurb é cuspóir chóras TG córas aonadach eisiach a sholáthar lena gcosnaítear ainmneacha fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta lena ngabhann saintréithe, airíonna agus cáil a bhaineann lena láthair táirgthe. [LS: Soláthraítear leo aicmiúchán na dtáirgí a chumhdaítear. Soláthraítear leo freisin sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear go sonrach sa Teideal seo.

Caibidil 2: Sonraí geografacha a chlárú

Leis an gCaibidil seo, déantar foráil go háirithe maidir le rialacha aonfhoirmeacha i dtaca leis an gclárúchán, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, lena n‑áirítear an nós imeachta freasúra; sainmhínítear an t‑iarratasóir agus liostaítear na ceanglais maidir leis an iarratasóir; sonraítear ábhar na ndoiciméad iarratais, agus sainmhínítear ról an chláir. Leagtar síos an chosaint idirthréimhseach agus na bearta idirthréimhseacha. Cuimsítear leis freisin forálacha maidir leis na leasuithe ar an tsonraíocht táirge agus ar TG cláraithe a chur ar ceal.

Caibidil 3: Tásca geografacha a chosaint

Leagtar síos leibhéal cosanta TGanna sa Chaibidil seo. Leagtar síos sa Chaibidil freisin na rialacha maidir le TGanna nuair a úsáidtear mar chomhábhair iad, soiléirítear téarmaí cineálacha agus clárúchán TGanna comhainmneacha, mar aon leis an ngaol le trádmharcanna. Soláthraítear léi na rialacha maidir le grúpaí táirgeoirí aitheanta. Sainmhínítear an gaol leis an úsáid a bhaintear as téarmaí in ainmneacha fearainn idirlín. Ar deireadh, cuimsítear sa Chaibidil seo na rialacha maidir le siombailí, tásca agus giorrúcháin an Aontais a úsáid ar ábhar lipéadaithe agus fógraíochta an táirge lena mbaineann.

Caibidil 4: Seiceálacha agus forfheidhmiú

Leagtar síos na rialacha maidir le seiceálacha sa Chaibidil seo, lena n‑áirítear an fíorúchán gur táirgeadh táirge arna ainmniú trí bhíthin TG i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach; agus an faireachán a dhéantar ar úsáid TGanna sa mhargadh araon. Sainordaítear léi freisin an cúnamh frithpháirteach idir údaráis na mBallstát. Ar deireadh, ceanglaítear gur cheart do na húdaráis forfheidhmithe cruthúnas ar an deimhniúchán a sholáthar arna iarraidh sin don táirgeoir.

Caibidil 5: Eilimintí forlíontacha den nós imeachta um chlárúchán

Faoin gCaibidil seo, leagtar síos na critéir chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), oifig a sholáthróidh cúnamh teicniúil don Choimisiún a mhéid a bhaineann le grinnscrúdú a dhéanamh ar na hiarratais.

Caibidil 6: Tásca geografacha táirgí talmhaíochta

Leis an gCaibidil seo, déantar foráil maidir leis an sainmhíniú ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus ar Thásc Geografach faoi Chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta. Sainordaítear ábhar na sonraíochta táirge agus an doiciméid aonair le haghaidh TGanna táirgí talmhaíochta. Seachas sin, cuimsítear léi na rialacha a bhaineann go sonrach leis an earnáil sin, go háirithe maidir le cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, foinsiú beatha agus amhábhar.

Caibidil 7: Forálacha nós imeachta

Leis an gCaibidil seo, leagtar síos go dtabharfaidh an Coiste um Thásca Geografacha cúnamh don Choimisiún

Caibidil 8: Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha (tásca geografacha)

Leis an gCaibidil seo, leagtar síos go dtabharfaidh an Coiste um Thásca Geografacha cúnamh don Choimisiún. Déantar foráil inti freisin maidir le leanúnachas na gclár agus soiléirítear na rialacha maidir le hiarratais a chuirtear isteach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Teideal III: Scéimeanna cáilíochta

Caibidil 1: Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Leis an gCaibidil seo, leagtar síos na rialacha le haghaidh scéim STR. I gcomparáid leis na rialacha atá ann faoi láthair, soiléirítear na critéir chun STRanna a chlárú; go háirithe, ní cheanglaítear a thuilleadh gur gá carachtar sonrach a bheith acu sin. Soiléirítear agus cuíchóirítear rialacha nós imeachta.

Caibidil 2: Téarmaí roghnacha cáilíochta

Leis an gCaibidil seo, leagtar síos na rialacha le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta. Ní dhearnadh aon athrú ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair sa réimse seo.

Caibidil 3: Forálacha nós imeachta

Leis an gCaibidil seo, leagtar síos go dtabharfaidh an Coiste um Cháilíocht Talmhaíochta cúnamh don Choimisiún.

Teideal IV: Leasuithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2017/1001 [BT: ord na Rialachán]

Cuimsítear leis an Teideal seo na forálacha lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) 2019/787, go háirithe mar gheall ar thacar rialacha nua comhchuibhithe maidir leis an gcosaint, an nós imeachta um chlárúchán agus an rialú agus an forfheidhmiú, ar rialacha iad a leagtar síos sna caibidlí roimhe seo den Rialachán seo. Leasaítear leis Rialachán (AE) 2017/1001 chun cúraimí a chur ar EUIPO maidir le tásca geografacha a riar.

Teideal V: Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leis an gCaibidil seo, soiléirítear na rialacha idirthréimhseacha, go háirithe gur gá d’iarratais a chuirtear isteach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo na rialacha is infheidhme roimh a theacht i bhfeidhm a urramú. Sainmhínítear theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar an [...] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2022/0089 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus an chéad mhír d’Airteagal 118 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Cuimsítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip 22 dearadh le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (‘ón bhfeirm go dtí an forc’) i measc na mbeartas chun geilleagar an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe.

(2)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy - for a fair, healthy and environmentally-friendly food system[Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], iarradh go mbeadh aistriú ann chuig córais bhia inbhuanaithe, iarradh léi freisin go láidreofaí an creat reachtach maidir le tásca geografacha agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfí critéir shonracha inbhuanaitheachta san áireamh. Sa Teachtaireacht sin, gheall an Coimisiún seasamh táirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, a gcomharchumann agus eagraíochtaí táirgeoirí i slabhra an tsoláthair bia agus gníomhaithe eile nach iad a láidriú.

(3)Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience’ [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálach an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais Eorpaigh], ghabh an Coimisiún air féin féachaint ar bhealaí chun tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta, fíona agus deochanna biotáilleacha a láidriú, a nuachóiriú, a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

(4)Tá an cháilíocht agus an éagsúlacht a bhaineann le fíon, le deochanna biotáilleacha agus le táirgeadh talmhaíochta an Aontais ar cheann de na buanna is tábhachtaí atá aige, mar is leo a thugtar buntáiste iomaíoch do tháirgeoirí an Aontais agus a chuirtear go mór le hoidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht tháirgeoirí an Aontais atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin beo le linn dóibh na forbairtí ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh.

(5)Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas táirgí atá ar ardchaighdeán, mar aon le táirgí traidisiúnta. Is cúram dóibh freisin éagsúlacht tháirgeadh talmhaíochta an Aontais a choinneáil ar bun. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar fhíon, ar dheochanna biotáilleacha agus ar tháirgí talmhaíochta lena mbaineann saintréithe sonracha inaitheanta, go háirithe saintréithe a bhaineann lena dtionscnamh geografach.

(6)Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 maidir le rialacha chun daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus i ndáil le saorghluaiseacht na sonraí sin. Ról an Choimisiúin agus na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith, ní mór na róil sin a shainmhíniú go soiléir chun ardleibhéal cosanta a áirithiú. Tá sé dleathach sonraí pearsanta a phróiseáil nuair atá gá leis chun cúraimí a dhéanamh ar cúraimí iad a dhéantar chun leas an phobail. Nósanna imeachta um thásca geografacha agus um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, a leasú nó a chur ar ceal ar nósanna imeachta iad a dhéantar faoi chuimsiú an Rialacháin seo, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 agus Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , ba cheart iad a dhéanamh go cuí. Tagairtí a bhaineann le hiarratasóirí i nós imeachta um chlárúchán, um leasúchán nó um chur ar ceal, le freasúróirí, le tairbhithe idirthréimhsí agus le comhlachtaí agus le daoine nádúrtha arna roghnú chun cúraimí oifigiúla rialaithe áirithe a dhéanamh, i gcomhthéacs na nósanna imeachta um thásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, a leasú nó a chur ar ceal, is gá na tagairtí sin a phróiseáil chun na nósanna imeachta sin a bhainistiú go cuí. Thairis sin, is de chineál poiblí iad na nósanna imeachta sin. Is gá trédhearcacht a bheith ann chun go mbeidh iomaíocht chóir ann idir na hoibreoirí agus chun na leasanna eacnamaíocha príobháideacha agus poiblí a bhaineann leis na nósanna imeachta sin a shainaithint go poiblí. D’fhonn nochtadh sonraí pearsanta a íoslaghdú, ba cheart ceanglais maidir le cur isteach sonraí pearsanta a sheachaint a mhéid is féidir sna doiciméid atá le cur isteach le linn na nósanna imeachta ábhartha. Ina ainneoin sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don Choimisiún agus do na Ballstáit faisnéis a phróiseáil ina bhfuil sonraí pearsanta, amhail ainmneacha pearsanta agus sonraí teagmhála. Laistigh den chreat sin, ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil agus na sonraí sin a nochtadh nó a chur ar fáil go poiblí i gcás inar gá chun iarratasóirí a shainaithint i nós imeachta um chlárúchán, um leasúchán nó um chur ar ceal, chun freasúróir a shainaithint i nós imeachta freasúra, chun tairbhithe idirthréimhse a shainaithint ar idirthréimhse í arna deonú chun maolú ar chosaint ainm cláraithe agus comhlachtaí a shainaithint ar comhlachtaí iad arna roghnú chun comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge a fhíorú. 

(7)Chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, is é an Coimisiún an túdarás lenar féidir leis na húinéirí sonraí pearsanta na cearta gaolmhara a fheidhmiú, trí bharúlacha a chur ar aghaidh, ceisteanna nó ábhair imní a tharraingt anuas nó gearán a chur isteach maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go meastar an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi Rialachán (AE) 2019/787 agus faoi na forálacha arna nglacadh dá mbun.  

(8)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha. Chun an Rialachán sin a chur chun feidhme, is iad údaráis inniúla na mBallstát na húdaráis lenar féidir leis na húinéirí sonraí pearsanta na cearta gaolmhara a fheidhmiú, trí bharúlacha a chur ar aghaidh, ceisteanna nó ábhair imní a tharraingt anuas nó gearán a chur isteach maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go meastar na Ballstáit a bheith ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi Rialachán (AE) 2019/787 agus faoi na forálacha arna nglacadh dá mbun. 

(9)Maidir le haitheantas agus cosaint aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na gceart maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas, is tosaíocht é nach féidir a bhaint amach go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais. Tásca geografacha lena gcosnaítear ainmneacha fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta lena ngabhann saintréithe, airíonna agus cáil a bhaineann lena láthair táirgthe, is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais iad. Dá bhrí sin, ní mór córas aonadach eisiach tásc geografach a sholáthar. Is ceart comhchoiteann iad tásca geografacha a shealbhaíonn na táirgeoirí incháilithe uile i limistéar ainmnithe atá toilteanach cloí le sonraíocht táirge. Bíonn níos mó cumhachtaí ag táirgeoirí a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomparáid le táirgeoirí aonair agus glacann siad freagrachtaí comhchoiteanna orthu féin chun a dtásca geografacha a bhainistiú, lena náirítear freagairt d’éilimh ón tsochaí ar tháirgí a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe. Trí thásca geografacha a oibriú, cúitítear go cóir le táirgeoirí a niarrachtaí réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh. San am céanna, d’fhéadfadh sé sin dul chun tairbhe don gheilleagar tuaithe, rud a bhíonn amhlaidh go háirithe i gceantair atá faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta sonracha eile, amhail ceantair shléibhe agus na réigiúin is forimeallaí, áiteanna inar cuid thábhachtach den gheilleagar í earnáil na feirmeoireachta agus ina mbíonn costais arda táirgthe. Ar an gcaoi sin, is féidir le scéimeanna cáilíochta rannchuidiú leis an mbeartas forbartha tuaithe mar aon le beartas margaidh agus le beartas tacaíochta ioncaim CBT agus na beartais sin a chomhlánú. D’fhéadfadh na scéimeanna rannchuidiú go sonrach le forbairtí in earnáil na feirmeoireachta, agus go háirithe le ceantair faoi mhíbhuntáiste. Le creat Aontais lena gcosnaítear tásca geografacha trí fhoráil a dhéanamh maidir lena gcuimsiú ar chlár ar leibhéal an Aontais, éascaítear forbairt na hearnála talmhaíochta, ós rud é go náirithítear leis an gcur chuige níos aonfhoirmí a bheidh ann mar thoradh air sin go mbeidh iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus go dtiocfaidh méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí i súile an tomhaltóra. Is é is aidhm don chóras tásc geografach é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus trí bhíthin lipéadú nó fógraíochta, cabhrú leo a dtáirgí a shainaithint ar an margadh. Le tásca geografacha, ar cineál cirt maoine intleachtúla iad, cabhraítear le hoibreoirí agus le cuideachtaí a sócmhainní doláimhsithe a luacháil. Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta agus chun an margadh inmheánach a chothú, ba cheart d’aon táirgeoir, lena náirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe a úsáid agus táirgí arna nainmniú mar thásca geografacha a mhargú ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme 27 , is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe dlí, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus na nósanna imeachta a chuíchóiriú.

(10)Chun an sainmhíniú ar tháirgí talmhaíochta faoin gcreat idirnáisiúnta, i.e. an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, a chomhlíonadh, ba cheart úsáid na hainmníochta comhcheangailte a sholáthar le haghaidh tásca geografacha.

(11)Le tamall anuas, tá an tAontas ag féachaint le creat rialála an Chomhbheartais Talmhaíochta a shimpliú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige sin maidir le rialacháin i réimse na dtásc geografach freisin, gan amhras a chaitheamh ar shaintréithe sonracha gach earnála. Chun na nósanna imeachta fadálacha um chlárúchán agus um leasúchán a shimpliú, ba cheart rialacha comhchuibhithe nós imeachta maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a leagan síos in aon ionstraim dlí amháin, agus na forálacha sonracha táirge le haghaidh fíona i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le haghaidh deochanna biotáilleacha i Rialachán (AE) 2019/787 agus le haghaidh táirgí talmhaíochta sa Rialachán seo á gcoinneáil ar bun. Na nósanna imeachta um chlárúchán, um leasúcháin ar an tsonraíocht táirge agus um an gclárú a chur ar ceal i leith tásc geografach arna dtionscnamh san Aontas, lena náirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb éard atá inti an tiarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena náirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, an tiarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarratas sa dara céim den nós imeachta, lena náirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint a dheonú don tásc geografach nó gan an chosaint a dheonú. Níor cheart tásca geografacha a chlárú ach ar leibhéal an Aontais. Le héifeacht ó dháta an iarratais chuig an gCoimisiún chun clárú ar leibhéal an Aontais, áfach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cosaint idirthréimhseach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan difear a dhéanamh don mhargadh inmheánach nó don trádáil idirnáisiúnta. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do thásca geografacha tríú tíortha, ar tásca iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích.

(12)Chun rannchuidiú leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe agus chun freagairt d’éilimh ón tsochaí ar mhodhanna táirgthe atá inbhuanaithe, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, atá tíosach ar acmhainní agus atá freagrach ó thaobh na sochaí agus na heitice de agus lena náirithítear leas ainmhithe, ba cheart táirgeoirí tásc geografach a spreagadh chun cloí le caighdeáin inbhuanaitheachta atá níos déine ná na caighdeáin sainordaitheacha agus a théann níos faide ná an dea-chleachtas. D’fhéadfaí na ceanglais shonracha sin a leagan amach sa tsonraíocht táirge. 

(13)Chun cinnteoireacht comhleanúnach a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus le hagóidí breithiúnacha ina naghaidh, arna gcur isteach sa nós imeachta náisiúnta, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas ar mhodh rialta tráthúil, nuair a thionscnaítear nósanna imeachta os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas ar chlárúchán arna chur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún agus ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí deiridh na nósanna imeachta sin. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina measann Ballstát gur dócha go neamhbhaileofar cinneadh náisiúnta ar a bhfuil an tiarratas ar chosaint bunaithe mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha náisiúnta, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú sin. Má iarrann an Ballstát go gcuirfí grinnscrúdú iarratais ar leibhéal an Aontais ar fionraí, ba cheart an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid a leagtar síos ann maidir leis an sprioc-am le haghaidh an ghrinnscrúdaithe a chomhlíonadh. Chun an tiarratasóir a chosaint ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla cráiteacha agus chun ceart an iarrthóra a chaomhnú chun cosaint ainm a fháil laistigh de thréimhse réasúnach, ba cheart an díolúine a theorannú do chásanna inar neamhbhailíodh an tiarratas ar chosaint ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cinneadh breithiúnach atá infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach, nó do chásanna ina measann an Ballstát go bhfuil an ghníomhaíocht chun bailíocht an iarratais a cheistiú bunaithe ar fhorais bhailí.

(14)Maidir le hoibreoirí a ndéantar difear dá leasanna trí ainm a chlárú, chun é a chur ar a gcumas dóibh leanúint den ainm sin a úsáid ar feadh tréimhse theoranta, agus an córas cosanta a bhunaítear le hAirteagal 27 á shárú acu, ba cheart maoluithe sonracha maidir le húsáid na nainmneacha a dheonú i bhfoirm idirthréimhsí. Féadfar na tréimhsí sin a cheadú chun deacrachtaí sealadacha a shárú freisin agus é ina aidhm fhadtéarmach leo a áirithiú go gcomhlíonann na táirgeoirí uile an tsonraíocht táirge.

(15)Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach de na tásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Trí bhíthin an chláir, ba cheart faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhaineann leis an trádáil. Maidir leis an gclár, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal. 

(16)Déanann an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta, lena náirítear comhaontuithe a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint, trí bhíthin caibidlíocht lena chomhpháirtithe trádála. Maidir le soláthar na faisnéise faoi na hainmneacha don phobal, ar ainmneacha iad a chosnaítear leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin, agus chun cosaint agus rialú úsáid na nainmneacha sin a áirithiú, chun an soláthar sin a éascú féadfar na hainmneacha sin a chur ar chlár an Aontais um thásca geografacha. Mura naithnítear iad go sonrach mar shonrúcháin tionscnaimh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin, ba cheart na hainmneacha a iontráil sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.

(17)Ar mhaithe le feidhmiú barrfheabhais an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach gur féidir le táirgeoirí agus le hoibreoirí eile lena mbaineann, le húdaráis agus le tomhaltóirí rochtain a fháil go tapa agus go héasca ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le sonrúchán tionscnamh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint atá cláraithe. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoi chéannacht an ghrúpa táirgeoirí a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta.

(18)Ba cheart cosaint a dheonú d’ainmneacha a iontráiltear ar chlár an Aontais um thásca geografacha agus é a bheith d’aidhm aige a áirithiú go mbainfear úsáid astu ar bhealach cóir agus chun cosc a chur ar chleachtais a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú. Chun cosaint na dtásc geografach a láidriú agus chun an góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag cosaint sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach maidir le hainmneacha fearainn ar an idirlíon freisin.

(19)Chun a chinneadh cibé atá na táirgí inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe mar thásc geografach nó nach bhfuil, ba cheart na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú sna tosca sin cibé atá saintréithe oibiachtúla comhchoiteanna ag na táirgí nó nach bhfuil, amhail modh táirgthe, cuma fhisiceach nó úsáid an amhábhair chéanna; na himthosca faoina núsáidtear na táirgí ó thaobh an phobail ábhartha de; cibé a dháiltear trí na bealaí céanna iad nó nach ndáiltear; agus cibé atá siad faoi réir rialacha comhchosúla margaíochta nó nach bhfuil.

(20)I bhfianaise cleachtais tráchtála agus dlí-eolaíocht an Aontais, tá gá le soiléireacht maidir le húsáid táisc gheografaigh in ainm díolacháin táirge phróiseáilte a bhfuil an táirge a ainmnítear leis an tásc geografach ina chomhábhar ann. Ba cheart a áirithiú go bhfuil an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais chóra tráchtála agus nach laghdaítear ná nach maolaítear cáil an táirge lena ngabhann an tásc geografach agus nach mbíonn an táirge thíos leis an úsáid sin. Ba cheart ceanglas a bheith ann maidir le comhthoil fhormhór mór tháirgeoirí na dtasc geografach lena mbaineann chun úsáid den sórt sin a cheadú. 

(21)Ba cheart na rialacha maidir le húsáid leanúnach ainmneacha cineálacha a shoiléiriú ionas go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá cosúil le hainm nó le téarma atá faoi chosaint nó atá ina chuid den ainm nó den téarma sin a stádas cineálach a choinneáil.

(22)Ba cheart raon feidhme na cosanta a dheonaítear faoin Rialachán seo a shoiléiriú, go háirithe maidir leis na teorainneacha sin i dtaca le clárú trádmharcanna nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , ar theorainneacha iad nach luíonn le clárúchán tásc geografach. Tá gá leis an soiléiriú sin maidir le sealbhóirí réamhcheart maoine intleachtúla, go háirithe réamhchearta a bhaineann le trádmharcanna agus le hainmneacha comhainmneacha arna gclárú mar thásca geografacha.

(23)Bíonn ról fíor-riachtanach ag grúpaí táirgeoirí sa phróiseas iarratais um thásca geografacha a chlárú, agus maidir le sonraíochtaí a leasú agus iarrataí a chur ar ceal freisin. Ba cheart a chur ar a gcumas dóibh saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint agus a mhargú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart ról an ghrúpa táirgeoirí a shoiléiriú.

(24)Toisc gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad fiontair fhormhór na dtáirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, bíonn siad in iomaíocht le hoibreoirí eile feadh shlabhra an tsoláthair bia, rud a d’fhéadfadh iomaíocht éagórach a chothú idir táirgeoirí áitiúla agus táirgeoirí a oibríonn ar scála níos mó. Sa chomhthéacs sin, agus ar mhaithe leis na táirgeoirí uile lena mbaineann, is gá a chur ar a chumas do ghrúpa táirgeoirí aonair gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh thar ceann na dtáirgeoirí uile. Chuige sin, ba cheart catagóir an ghrúpa tairgeoirí aitheanta a leagan síos, mar aon leis na critéir is gá a chomhlíonadh chun cáiliú mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta agus na cearta breise sonracha lena mbaineann a leagan síos, go háirithe chun na huirlisí cearta a sholáthar do ghrúpaí táirgeoirí aitheanta chun a gcearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr in aghaidh cleachtais éagóracha.

(25)Ba cheart an gaol idir ainmneacha fearainn idirlín agus cosaint tásc geografach a shoiléiriú a mhéid a bhaineann le raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart feabhais, aitheantas tásc geografach i réiteach díospóidí, agus úsáid chóir ainmneacha fearainn. Daoine ag a bhfuil leas dlisteanach i dtásc geografach agus a rinne iarratas ar chlárú sular cláraíodh an tainm fearainn, ba cheart iad a chumhachtú chun cúlghairm nó aistriú an ainm fearainn a iarraidh i gcás coinbhleachta.

(26)Ba cheart an gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha a shoiléiriú i ndáil le critéir chun iarratais ar thrádmharc a dhiúltú, i ndáil le trádmharcanna a neamhbhailiú agus i ndáil le cómhaireachtáil idir trádmharcanna agus tásca geografacha.

(27)Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart aon táirgeoir, lena náirítear táirgeoir tríú tír a bheith in ann tásc geografach cláraithe a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta táirge ábhartha nó doiciméid aonair nó doiciméid atá coibhéiseach leis sin i.e. achoimre iomlán ar an tsonraíocht táirge. Ba cheart a ráthú freisin leis an gcóras a bhunóidh na Ballstáit go mbeidh táirgeoirí a chomhlíonann na rialacha i dteideal a bheith faoi chumhdach ag an bhfíorú ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge.

(28)Na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena nsainaithnítear tásc geografach cláraithe, agus na cearta atá ann a bhaineann leis an Aontas, ba cheart iad a chosaint san Aontas agus i dtríú tíortha chun a áirithiú go núsáidtear ar fhíortháirgí iad agus nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le cáilíochtaí na dtáirgí. 

(29)Ba cheart lipéadú fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú.

(30)Úsáid siombailí nó tásca Aontais ar phacáistiú táirgí arna nainmniú le tásc geografach, ba cheart an úsáid sin a bheith éigeantach chun go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí ar an gcatagóir sin táirgí, agus ar na ráthaíochtaí a ghabhann leo, agus chun go mbeidh sé níos éasca na táirgí sin a shainaithint ar an margadh agus ar an gcaoi sin, seiceálacha a éascú. I bhfianaise chineál sonrach na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, áfach, ba cheart forálacha speisialta maidir le lipéadú a choinneáil ar bun le haghaidh fíona agus deochanna biotáilleacha. Ba cheart úsáid na siombailí nó na dtásc sin a bheith deonach i gcás tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh tríú tír.

(31)Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach tásc geografach. Braitheann an córas tásc geografach go mór ar fhéinrialú, ar dhícheall cuí agus ar fhreagracht aonair táirgeoirí ach is é ról údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid ainmneacha táirgí a chosc nó a stopadh i gcás ina sáraítear na rialacha lena rialaítear tásca geografacha. Is é ról an Choimisiúin idirghníomhú a dhéanamh i gcás mainneachtain shistéamach dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Ba cheart tásca geografacha a bheith faoi réir an chórais rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , córas lenar cheart córas rialuithe a áireamh le haghaidh gach céime den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Ba cheart gach oibreoir a bheith faoi réir córas rialaithe lena bhfíoraítear comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge. Agus é á chur san áireamh go bhfuil fíon faoi réir rialuithe sonracha arna sainmhíniú sa reachtaíocht earnála, ba cheart rialuithe a leagan síos leis an Rialachán seo le haghaidh deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta amháin.

(32)Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla neamhchlaonta agus éifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear chun comhlíontacht an táirge leis an tsonraíocht táirge a fhíorú, ba cheart dóibh roinnt critéir oibríochtúla a chomhlíonadh. Ba cheart forálacha a bheartú chun roinnt inniúlachtaí a bhaineann le cúraimí sonracha rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí deimhniúcháin chun cúram na núdarás rialaithe a éascú agus chun an córas a dhéanamh níos éifeachtaí. 

(33)Ba cheart faisnéis faoi na húdaráis inniúla agus faoi na comhlachtaí deimhnithe táirgí a chur ar fáil go poiblí chun an trédhearcacht a áirithiú agus chun gur féidir le páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leo.

(34)Ba cheart caighdeáin Eorpacha arna bhforbairt ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán a úsáid chun comhlachtaí rialaithe a chreidiúnú agus ba cheart do na comhlachtaí sin na caighdeáin a úsáid le haghaidh a noibríochtaí. Ba cheart na comhlachtaí sin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 .

(35)Tá forfheidhmiú tásc geografach sa mhargadh tábhachtach chun cosc a chur ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha agus ar an gcaoi sin, chun a áirithiú go gcúitítear go cuí le táirgeoirí breisluach a dtáirgí lena ngabhann tásc geografach agus chun a áirithiú go gcuirtear cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha na dtásc geografach sin a dtáirgí a dhíol. Ba cheart rialuithe a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú riosca nó ar fhógraí ó oibreoirí agus ba cheart bearta iomchuí riaracháin agus breithiúnacha a dhéanamh chun úsáid ainmneacha a chosc nó a stopadh ar tháirgí nó ar sheirbhísí lena sáraítear na tásca geografacha faoi chosaint.

(36)Is minice ná riamh a úsáidtear ardáin ar líne chun táirgí a dhíol, lena náirítear táirgí arna nainmniú mar thásca geografacha, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur spás tábhachtach a bheadh iontu a mhéid a bhaineann leis an gcalaois a chosc. Maidir leis sin, ba cheart rialacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun lipéadú iomchuí táirgí a dhíoltar trí ardáin ar líne a áirithiú agus chun cumhachtaí a thabhairt do na Ballstáit rochtain ar ábhar lena sáraítear na rialacha a dhíchumasú. Ba cheart na rialacha sin a bheith gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 2022/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 .

(37)Agus é á chur san áireamh go bhféadfaí táirge arna ainmniú le tásc geografach agus arna tháirgeadh i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile, ba cheart cúnamh riaracháin idir na Ballstáit a áirithiú chun go mbeidh rialuithe éifeachtacha ann agus ba cheart a phraiticiúlachtaí sin a leagan síos.

(38)Ar mhaithe le feidhmiú barrmhaith an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach go léiríonn táirgeoirí go tapa agus go héasca i roinnt comhthéacsanna go bhfuil siad údaraithe chun ainm faoi chosaint a úsáid, amhail le linn rialuithe custaim, le linn cigireachtaí margaidh nó arna iarraidh sin ag oibreoirí trádála. Chuige sin, ba cheart deimhniú oifigiúil, nó cruthúnas eile ar dheimhniúchán a chur ar fáil don táirgeoir lena léiriú go bhfuil sé i dteideal an táirge arna ainmniú ag tásc geografach a tháirgeadh.

(39)Na nósanna imeachta um thásca geografacha a chlárú, a leasú agus a chur ar ceal, lena náirítear an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus an nós imeachta freasúra, ba cheart iad a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla. Is féidir sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an gcúnamh le haghaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar iarratais, ar cúnamh é a sholáthraíonn Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO). Cé gur breithníodh seachfhoinsiú páirteach chuig EUIPO, bheadh an Coimisiún fós freagrach as an gclárúchán, as an leasúchán agus as an gcur ar ceal, mar gheall ar an ngaol láidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an saineolas is gá chun a áirithiú go ndéantar measúnú leormhaith ar shainiúlachtaí fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.

(40)Ba cheart critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht EUIPO. Trí bhíthin na gcritéar sin, ba cheart cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht an chúnaimh a sholáthraítear a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú le haghaidh na Parlaiminte agus na Comhairle ar thorthaí fhorghníomhú na gcúraimí sin ag EUIPO agus ar an taithí a fhaightear as an méid sin.

(41)I bhfianaise an chleachtais atá ann faoi láthair, ba cheart an dá ionstraim éagsúla lena sainaithnítear an nasc idir an táirge agus a thionscnamh geografach, eadhon an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus an tásc geografach faoi chosaint, a choinneáil ar bun. Ba cheart rialacha maidir le cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe agus sainmhínithe ar chineálacha plandaí agus ar phórtha ainmnithe a shoiléiriú chun gur fearr a thuigfí, i gcás coinbhleachta, an nasc atá acu le tásca geografacha. Ba cheart na rialacha maidir le foinsiú beatha agus amhábhar a fhágáil gan athrú.

(42)Ba cheart do tháirge a ngabhann tásc geografach leis coinníollacha áirithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge a chomhlíonadh. Chun gurb éasca a d’fhéadfadh páirtithe leasmhara freisin an fhaisnéis sin a thuiscint, ba cheart an tsonraíocht táirge a achoimriú i ndoiciméad aonair.

(43)Chun na rialacha maidir le tásca geografacha a chur chun feidhme, ba cheart coiste a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, ar coiste é ar a bhfuil toscairí na mBallstát.

(44)Is é cuspóir sonrach na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi airíonna breisluacha a dtáirge. Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena náirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe.

(45)Ós rud é nach bhfuil ach líon beag ainmneacha cláraithe go fóill, theip ar an scéim reatha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht acmhainn na scéime a réadú. Ba cheart na forálacha atá ann faoi láthair a fheabhsú, a shoiléiriú agus a fhaobhrú, dá bhrí sin, chun go mbeidh an scéim níos sothuigthe, níos feidhmiúla agus níos tarraingtí d’iarratasóirí ionchasacha. Chun a áirithiú go gcláraítear ainmneacha fíortháirgí traidisiúnta, ba cheart na critéir agus na coinníollacha le haghaidh clárúchán ainm a oiriúnú, go háirithe trí dheireadh a chur leis an gcoinníoll nach mór saintréith shonrach a bheith ag sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

(46)Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na sonraíochtaí a ghabhann leo, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe ina ngrúpaí sainmhíniú a thabhairt ar an táirge i bhfoirm sonraíochta. Ba cheart an rogha chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí tríú tír.

(47)Chun trédhearcthacht a áirithiú, ba cheart na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chur ar an gclár.

(48)Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena náirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear laistigh den Aontas, ba cheart an tsiombail Aontais a léiriú ar an lipéad agus ba cheart a bheith in ann an bhaint idir é agus an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ a dhéanamh amach. Ba cheart úsáid na nainmneacha, na siombaile Aontais agus an táisc a rialáil chun cur chuige aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(49)Ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint go héifeachtach ar an margadh ionas go gcúiteofar a mbreisluach go cuí leis na táirgeoirí agus go gcuirfear cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dtáirgí a dhíol. 

(50)Chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid nó ar aon aithris, lena náirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú. Chun an chuspóra chéanna, ba cheart rialacha a leagan síos le haghaidh úsáidí sonracha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go háirithe maidir le húsáid téarmaí atá cineálach san Aontas, lipéadú ar a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí nó lipéadú arb éard atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus trádmharcanna.

(51)Trí bhíthin rannpháirtíocht sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ba cheart a áirithiú go bhfuil aon oibreoir a chomhlíonann rialacha na scéime sin i dteideal a bheith cumhdaithe leis an bhfíorúchán ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge.

(52)Na nósanna imeachta um chlárúchán, um leasúcháin ar an tsonraíocht táirge agus um an clárú a chur ar ceal i leith sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna dtionscnamh san Aontas, lena náirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb éard atá inti an tiarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena náirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, iarratas an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarratas, lena náirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dheonú nó gan an chosaint a dheonú. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht tríú tíortha, ar sainearraí iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích.

(53)Tugadh isteach an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tagraíonn sí do shaintréithe sonracha cothrománacha a bhaineann le catagóir amháin nó níos mó de tháirgí, de mhodhanna feirmeoireachta nó d’airíonna próiseála a bhfuil feidhm acu i limistéir shonracha. Comhlíonann an téarma roghnach cáilíochta ‘táirge sléibhe’ na coinníollacha a leagadh síos le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta agus bunaíodh leis an Rialachán sin é. Trí bhíthin an téarma sin, soláthraíodh uirlis éifeachtach do tháirgeoirí sléibhe chun margú níos fearr a dhéanamh ar a dtáirge agus chun an baol iarmhír a laghdú go mbeadh mearbhall ar an tomhaltóir maidir le bunáitíocht sléibhe táirgí atá ar an margadh. An fhéidearthacht atá ann do tháirgeoirí téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun toisc nach raibh an scéim ag feidhmiú de réir a hacmhainne iomláine sna Ballstáit fós toisc a laghad ama atá sí i bhfeidhm.

(54)Chun na rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus na téarmaí roghnacha cáilíochta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart coiste a bheith ina chúnamh ag an gCoimisiún, ar coiste é ar a bhfuil toscairí na mBallstát.

(55)Forálacha a bhaineann leis na tásca geografacha i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, a bhaineann le hearnáil na fíona, agus (AE) 2019/787, a bhaineann le hearnáil na ndeochanna biotáilleacha, is gá na forálacha sin a leasú chun iad a ailíniú leis na rialacha comhchoiteanna a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le tásca geografacha a chlárú, a leasú, a chur ar cheal, a chosaint, cur ina gcoinne agus rialuithe orthu. Go háirithe maidir le fíon, is gá athruithe breise a dhéanamh ar an sainmhíniú ar thásca geografacha faoi chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú a bhaineann le Trádáil maidir le Maoin Intleachtúil. Ar chúiseanna comhsheasmhachta leis an Rialachán seo, ba cheart an foráil maidir le cúraimí EUIPO a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 a leasú freisin.

(56)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith caighdeáin inbhuanaitheachta a shainmhíniú agus critéir a leagan síos chun caighdeáin inbhuanaitheachta atá ann faoi láthair a shainaithint; nithe atá le soláthar mar chuid den fhaisnéis tionlacain a shoiléiriú nó a chur isteach; cúraimí a shannadh do EUIPO ar cúraimí iad a bhaineann le grinnscrúdú le haghaidh freasúra agus an nós imeachta freasúra, leis an gclár a oibriú, le leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge a fhoilsiú, le comhairliúchán i gcomhthéacs an nós imeachta um chur ar ceal, le córas rabhaidh a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear iarratasóirí ar an eolas faoi infhaighteacht a dtásc geografach mar ainm fearainn, le grinnscrúdú a dhéanamh ar thásca geografacha tríú tír seachas tásca geografacha faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha 34 , ar thásca geografacha iad atá beartaithe lena gcosaint de bhun idirbheartaíocht idirnáisiúnta nó comhaontuithe idirnáisiúnta; critéir iomchuí a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EUIPO i bhforfheidhmiú na gcúraimí a shanntar dó; rialacha breise a leagan síos maidir le húsáid tásc geografach chun comhábhair a shainaithint i dtáirgí próiseáilte; rialacha breise a leagan síos maidir le stádas cineálach téarmaí a chinneadh; na srianta agus na maoluithe a leagan síos maidir leis an bhfoinsiú beatha i gcás sonrúchán tionscnaimh; srianta agus maoluithe a leagan síos maidir le marú ainmhithe beo nó maidir leis an bhfoinsiú amhábhar; rialacha a leagan síos chun úsáid ainmníochta cineáil planda nó póir ainmhí a chinneadh; rialacha a leagan síos lena dteorannaítear an fhaisnéis a chuimsítear sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; sonraí breise a leagan síos maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha breise a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnúcháin a mbeadh feidhm acu i leith comhlachtaí deimhnithe táirgí; rialacha breise a leagan síos chun cosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a mhionsonrú a thuilleadh; rialacha a leagan síos maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun stádas cineálach téarmaí a chinneadh, agus coinníollacha a leagan síos maidir le hainmníochtaí cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe a úsáid agus maidir le cearta maoine intleachtúla; rialacha breise a shainmhíniú maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus rialacha an phróisis iarratais a chomhlánú le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; na rialacha maidir leis an nós imeachta freasúra um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chomhlánú chun nósanna imeachta agus sprioc-amanna mionsonraithe a leagan síos; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar leasú i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas cur ar ceal i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na critéir le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta; téarma roghnach breise cáilíochta a fhorchoimeád, agus coinníollacha a úsáide a leagan síos; maoluithe a leagan síos le haghaidh úsáid an téarma ‘táirge sléibhe’ agus na modhanna táirgeachta agus critéir eile atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an téarma roghnach cáilíochta sin a leagan síos, go háirithe na coinníollacha a leagan síos faoina gceadaítear amhábhair nó beatha ainmhithe teacht ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 35 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.          

(57)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le sainmhíniú a dhéanamh ar chur i láthair teicniúil an aicmiúcháin ar na táirgí arna nainmniú ag tásca geografacha de réir na hainmníochta comhcheangailte agus le rochtain ar líne ar an rangú sin; cur i láthair comhchuibhithe na ngealltanas inbhuanaitheachta a shainmhíniú; sainmhíniú a dhéanamh ar fhormáid agus ar chur i láthair na ndoiciméad tionlacain ar líne agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta, an fhoirm agus cur i láthair iarratas Aontais ar chlárú, lena náirítear le haghaidh iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin; sainmhíniú a dhéanamh ar fhormáid agus ar chur i láthair na bhfreasúraí agus na mbarúlacha oifigiúla ar líne agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú; idirthréimhse a shonrú chun úsáid ainm chláraithe a cheadú in éineacht le hainmneacha eile a sháródh ainm cláraithe murach sin agus síneadh a chur leis an idirthréimhse sin; an tiarratas a dhiúltú; cinneadh a dhéanamh maidir le tásc geografach a chlárú murar thángthas ar chomhaontú; tásca geografacha a chlárú, ar thásca iad a bhaineann le táirgí tríú tíortha atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach; ábhar agus cur i láthair chlár an Aontais um thásca geografacha a shainmhíniú; sainmhíniú a dhéanamh ar fhormáid agus ar chur i láthair na sleachta ó chlár an Aontais um thásca geografacha ar líne agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratas ar leasú Aontais agus maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur in iúl leasaithe chaighdeánaigh don Choimisiún; clárú táisc gheografaigh a chur ar ceal; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta agus an fhoirm um chlárú a chur ar ceal agus maidir le cur i láthair na niarrataí ar chur ar ceal; siombailí an Aontais le haghaidh tásca geografacha a leagan síos, sainmhíniú a dhéanamh ar shaintréithe teicniúla shiombailí an Aontais agus ar na rialacha maidir lena núsáid ar tháirgí arna margú faoi thásc geografach cláraithe, lena náirítear rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí atá le húsáid; mionsonrú a dhéanamh ar chineál agus ar shaghas na faisnéise atá le malartú agus ar na modhanna chun faisnéis a mhalartú faoin gcúnamh frithpháirteach chun críche rialuithe agus forfheidhmithe; rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge le haghaidh tásca geografacha táirgí talmhaíochta; sainmhíniú a dhéanamh ar fhormáid agus ar chur i láthair an doiciméid aonair de thásca geografacha táirgí talmhaíochta ar líne agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú; maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht: rialacha a leagan síos maidir le foirm na sonraíochta táirge; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirm agus ábhar chlár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; an tsiombail Aontais le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a leagan síos; rialacha a leagan síos le haghaidh cosaint aonfhoirmeach na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombaile Aontais, rialacha a leagan síos maidir lena núsáid agus maidir le saintréithe teicniúla na siombaile Aontais; ceanglais nós imeachta agus ceanglais fhoirmiúla a leagan síos chun sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar chlárú ar líne, lena náirítear le haghaidh iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair freasúraí agus iarratas ar leasuithe ar shonraíochta táirge agus iarratais ar chlárú a chur ar ceal; idirthréimhsí le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; iarratas ar chlárú a dhiúltú; cinneadh a dhéanamh maidir le clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht, murar thángthas ar chomhaontú; clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chur ar ceal; maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta agus scéimeanna: mionsonraí teicniúla a leagan síos ar mionsonraí iad is gá chun fógra a thabhairt faoi théarmaí roghnacha cáilíochta agus scéimeanna; rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha, nósanna imeachta agus sonraí teicniúla eile; rialacha a leagan síos maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 .            

(58)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm i leith na nithe seo a leanas: ainm a chlárú mura bhfuil aon fhreasúra inghlactha ann nó i gcás ina bhfuil freasúra inghlactha ann, má thángthas ar chomhaontú maidir le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus más gá an fhaisnéis fhoilsithe a leasú, ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; clár leictreonach de na tásca geografacha agus clár leictreonach de na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a bhunú agus a choinneáil ar bun; idirthréimhse a dheonú maidir le tásca geografacha a úsáid tar éis freasúra a cuireadh isteach sa nós imeachta náisiúnta; tásca geografacha a chur ar ceal ar tásca geografacha iad a cláraíodh de shárú ar thásc geografach atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach agus a ndearnadh iarratas ina leith cheana nó a cláraíodh cheana; sainmhíniú a dhéanamh ar an modh trína gcuirfear ainm agus seoladh na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí ar fáil go poiblí i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

(59)Ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 a leasú dá réir sin agus ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a aisghairm.  

(60)Na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, na tásca geografacha faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus na tásca geografacha atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart leanúint dá gcosaint faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a chuimsiú sa chlár lena mbaineann go huathoibríoch.

(61)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe iomchuí chun aistriú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2019/787 chuig na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I
Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagann an Rialachán seo na rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.

(b) sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta. 

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna;

(b)ciallaíonn ‘traidisiúnta’ agus ‘traidisiún’, i dtaca le táirge de thionscnamh limistéir gheografaigh, go bhfuil cruthúnas ann gur úsáid táirgeoirí an táirge i bpobal ar feadh tréimhse a bhféadtar an úsáid sin a tharchur ó ghlúin go glúin lena linn; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus féadtar a chuimsiú leis an úsáid sin leasuithe ar ghá iad a dhéanamh de bharr athruithe ar na cleachtais sláinteachais agus sábháilteachta;

(c)an sainmhíniú atá ar ‘lipéadú’ in Airteagal 2(2), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(d)ciallaíonn ‘céim tháirgthe’ aon chéim den áirgeadh, den phróiseáil, den ullmhúchán nó den aosú, go dtí an pointe ag a mbíonn an táirge i bhfoirm a fhéadtar a chur ar an margadh inmheánach;

(e)ciallaíonn ‘táirgí próiseáilte’ bia arb é an toradh ar tháirgí neamhphróiseáilte a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 2(m)agus (o) de Rialachán 852/2004;

(f)ciallaíonn ‘comhlachtaí deimhnithe táirgí’ de réir bhrí Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) 2017/625 comhlachtaí a dheimhníonn, maidir le táirgí arna nainmniú le tásca geografacha nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go gcomhlíonann na táirgí sin an tsonraíocht táirge.

(g)ciallaíonn ‘téarma cineálach’:

(i) ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t‑ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad; agus

(ii) téarma coiteann lena dtuairiscítear ar chineálacha táirgí, airíonna táirgí nó téarmaí eile nach dtagraíonn do tháirge sonrach;

(h)ciallaíonn ‘ainmníocht cineáil planda’ sonrúchán cineáil shonraithe, atá in úsáid go coitianta nó atá cláraithe go hoifigiúil de bhun Threoracha 2002/53/CE 37 , 2002/55/CE 38 , 2008/90/CE 39 ón gComhairle nó Rialachán (AE) Uimh. 2100/94 40 ón gComhairle, sna teangacha ina núsáidtear nó ina liostaítear iad, ar dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann; 

(i)ciallaíonn ‘ainmníocht póir ainmhí’ ainmneacha pórtha de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 a liostaítear i bpórleabhair nó i rollaí pórúcháin, sna teangacha ina liostaítear amhlaidh iad, ar dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann.

Airteagal 3

Cosaint sonraí

1.Maidir leis na sonraí pearsanta a fhaightear le linn na nósanna imeachta um chlárú, formheas leasuithe, cealú, freasúra, deonú idirthréimhse agus rialú de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) 2019/787, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iad a phróiseáil agus a phoibliú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679. 

2.Beidh an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sa nós imeachta a bhfuil sé inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 42 ón gCoimisiún agus an Rialachán seo.

3.Beidh údaráis inniúla na mBallstát ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil sna nósanna imeachta a bhfuil siad inniúil ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 agus an Rialachán seo.

TEIDEAL II
Tásca geografacha

Caibidil 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 4

Cuspóirí

1.Leis an Teideal seo foráiltear maidir le córas aonadach eisiach tásc geografach lena gcosnaítear ainmneacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó airíonna acu, nó cáil orthu, a bhfuil nasc idir iad agus a láthair táirgthe, lena náirithítear ar an gcaoi sin an méid seo a leanas:

(a)go mbeidh an chumhacht agus na freagrachtaí is gá ag táirgeoirí, ag gníomhú dóibh le chéile, a dtásc geografach a bhainistiú, lena náirítear freagairt d’éilimh shochaíocha ar tháirgí a thagann as táirgeacht inbhuanaithe sna trí réimse, luach eacnamaíoch, luach comhshaoil agus luach sóisialta agus oibriú sa mhargadh; 

(b)iomaíocht chóir le haghaidh táirgeoirí sa slabhra margaíochta;

(c)go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ráthaíocht maidir le barántúlacht na dtáirgí sin agus go mbeidh siad in ann iad a shainaithint go héasca sa mhargadh lena náirítear sa ríomhthráchtáil;

(d)clárú éifeachtúil na dtásc geografach agus cosaint iomchuí na gceart maoine intleachtúla á cur san áireamh; agus

(e)forfheidhmiú agus margú éifeachtach ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil lena náirithítear sláine an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 5

Raon feidhme

1.Leis an Teideal seo cumhdaítear fíon, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, lena náirítear earraí bia agus táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, a liostaítear faoi Chaibidlí 1 go 23 den ainmníocht chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle 43 , agus na táirgí talmhaíochta breise faoi cheannteidil agus cóid na hainmníochta comhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.Tá clárú agus cosaint na dtásc geografach gan dochar don oibleagáid atá ar tháirgeoirí rialacha eile an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta, comheagraíocht na margaí, na rialacha iomaíochta agus faisnéis faoi bhia a sholáthar do na tomhaltóirí.

3.Ní bheidh feidhm ag Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 maidir le córas na dtasc geografach a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 6

Aicmiú

1.Maidir le táirgí arna nainmniú le tásca geografacha, déanfar iad a aicmiú de réir na comhainmníochta comhcheangailte ar leibhéal dhá dhigit, ceithre dhigit nó sé dhigit. I gcás ina gcumhdaítear táirgí de chuid níos mó ná aon chatagóir amháin le tásc geografach, déanfar gach iontráil a shonrú. Is chun críoch cláraithe, staitistiúil agus coinneála taifid, agus chuig an méid sin amháin a bhainfear úsáid as an aicmiú táirgí. Ní bhainfear úsáid as an aicmiú sin chun táirgí inchomparáide a chinneadh chun críoch cosanta ar an úsáid tráchtála díreach agus neamhdhíreach dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (a)

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainmhínítear cur i láthair teicniúil an aicmithe dá dtagraítear i mír 1, agus an rochtain ar líne air. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2)

Airteagal 7

Sainmhínithe

1.Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘tásc geografach’, mura sonraítear a mhalairt, sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha fíona, mar a shainítear in Airteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí talmhaíochta, mar a shainítear in Airteagal 48 den Rialachán seo agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha, mar a shainítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2019/787, a ndéantar iarratas ina leith nó a nó a iontráiltear i gclár tásc geografach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23;

(b)ciallaíonn ‘fíon’ na táirgí dá dtagraítear i gCuid II, pointí 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)deochanna biotáilleacha de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/787;

(d)ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta’ táirgí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) cé is moite d’fhíon agus de dheochanna biotáilleacha;

(e)ciallaíonn ‘ainmníocht chomhcheangailte’ an ainmníocht earraí a bhunaítear le hAirteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(f)ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí aitheanta’ comhlachas foirmiúil a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a naithníonn na húdaráis inniúla náisiúnta gurb é atá ann an taon ghrúpa amháin a ghníomhaíonn thar ceann na dtáirgeoirí uile;

(g)ciallaíonn ‘táirgeoir’ oibreoir atá i mbun aon chéime i dtáirgeadh táirge atá faoi chosaint táisc geografaigh, lena náirítear gníomhaíochtaí próiseála, a chumhdaítear leis an tsonraíocht táirge;

Caibidil 2
Sonraí geografacha a chlárú

Airteagal 8

Iarratasóir

1.Maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a chur isteach, ní fhéadfaidh ach grúpa tairgeoirí táirge(an grúpa táirgeoirí iarrthach), arb é a ainm a mholtar a chlárú, iarratais a chur isteach. Féadfaidh comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann. 

2.Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críocha an Teidil seo maidir le tásca geografacha dí biotáillí más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomh geografach nó a saintréithe eagrúcháin. Sa chás sin, sonrófar na cúiseanna sin san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

3.Féadfar táirgeoir aonair a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críocha an Teidil seo i gcás ina léirítear go gcomhlíontar gach ceann den dá choinníoll seo a leanas:

(a)is é an duine lena mbaineann an taon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach ar chlárú táisc gheografaigh; agus

(b)is le tréithe nádúrtha a shainítear an limistéar lena mbaineann gan tagairt do theorainneacha maoine agus tá airíonna aige atá éagsúil go suntasach le tréithe na limistéar comharsanachta sin nó tá tréithe an táirge éagsúil le tréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.

4.I gcás tásc geografach ina sonraítear limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt grúpaí táirgeoirí as Ballstáit éagsúla nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú táisc gheografaigh a thíolacadh.

Airteagal 9

An chéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin 

1.Is chuig údaráis inniúla Bhallstát tionscnaimh an táirge a sheolfar iarratas ar chlárú táisc gheografaigh lena mbaineann táirge de thionscnamh an Aontais.

2.San iarratas dá dtagraítear i mír 1 beidh:

(a)an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 11 ;

(b)an doiciméad aonair dá bhforáiltear in Airteagal 13;

(c)na doiciméid tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 14(1) pointí b), c) agus d).

3.Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas ar chlárú chun seiceáil go gcomhlíonann sé na coinníollacha clárúcháin na bhforálacha ar leith maidir le fíon, deochanna biotáilleacha nó táirgí talmhaíochta de réir mar is iomchuí.

4.Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír (3), cuirfidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra ar bun. Leis an nós imeachta freasúra náisiúnta áiritheofar go bhfoilseofar an tiarratas ar chlárú agus go bhforálfar maidir le tréimhse 2 mhí ar a laghad ó dháta an fhoilsithe ar féidir, lena linn, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige nó atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch Bhallstát tionscnaimh an táirge lena mbaineann, gur féidir leis an duine sin freasúra a dhéanamh i gcoinne an iarratais ar chlárú sa Bhallstát sin.

5.Bunóidh an Ballstát módúlachtaí an nós imeachta freasúra. Féadfar a chur san áireamh sna módúlachtaí sin critéir maidir le hinghlacthacht freasúra, tréimhse comhairliúcháin idir an grúpa táirgeoirí iarrthach agus gach freasúróir, agus tíolacadh tuarascála ón ngrúpa táirgeoirí iarrthach maidir le toradh na gcomhairliúchán lena náirítear aon athrú atá déanta ag an ngrúpa táirgeoirí iarrthach ar an iarratas ar chlárú.

6.Más rud é, tar éis grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chlárú agus an mheasúnaithe ar thorthaí aon fhreasúra a fuarthas agus aon athrú ar an iarratas a comhaontaíodh leis an ngrúpa táirgeoirí iarrthach, go measann an Ballstát go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas Aontais a thaisceadh dá dtagraítear in Airteagal 15.

7.Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh, bíodh sin fabhrach nó na bíodh, agus go mbeidh deis achomharc a thaisceadh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann. Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar antsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.

Airteagal 10

Cosaint náisiúnta idirthréimhseach

1.Féadfaidh Ballstát, ar bhonn sealadach, cosaint idirthréimhseach a bhronnadh ar ainm ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a thaisctear iarratas ar chlárú san Aontas leis an gCoimisiún.

2.Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an gcosaint náisiúnta sin ón dáta a thiocfaidh i bhfeidhm an gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar chlárú, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22, é sin nó nuair a tharraingítear siar an tiarratas ar chlárú.

3.I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta idirthréimhsí náisiúnta den sórt sin.

4.Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an margadh inmheánach ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 11

Sonraíocht táirge

Chun críocha an Teidil seo, is é a bheidh i ‘sonraíocht táirge’ táisc gheografaigh an doiciméad dá dtagraítear in:

(a)Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

(b)Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/787 maidir le deochanna biotáilleacha;

(c)Airteagal 51 den Rialachán seo maidir le táirgí talmhaíochta.

Airteagal 12

Gealltanais inbhuanaitheachta

1.Féadfaidh grúpa táirgeoirí teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais inbhuanaitheachta a bheidh le comhlíonadh maidir le táirgeadh an táirge arna ainmniú le tásc geografach. Leis na gealltanais sin féachfar le caighdeán inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm atá níos airde ná an caighdeán a shainordaítear le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus, go praiticiúil, le dul thar an méid is gá ó thaobh dea-chleachtais de i dtéarmaí gealltanas sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch. Is gealltanais shonracha a bheidh iontu, cuirfear san áireamh leo cleachtais inbhuanaithe atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh táirgí arna nainmniú le tásca geografacha agus féadfar tagairt a dhéanamh iontu do scéimeanna inbhuanaitheachta atá ann cheana.

2.Cuimseofar na gealltanais inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír (1) sa tsonraíocht táirge.

3.Beidh na gealltanais inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do cheanglais maidir le comhlíontacht le sláinteachas, caighdeáin sábháilteachta agus rialacha iomaíochta.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena sainítear caighdeáin inbhunaitheachta in earnálacha éagsúla agus lena leagtar síos critéir maidir le haitheantas a thabhairt do chaighdeáin inbhuanaitheachta atá ann cheana a bhféadfaidh táirgeoirí táirgí arna nainmniú le tásca geografacha déanamh dá réir. 

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear cur i láthair comhchuibhithe gealltanas inbhuanaitheachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 13

Doiciméad aonair

1.Sa ‘doiciméad aonair’ le haghaidh tásc geografach tagraítear don mhéid seo a leanas:

(a)an doiciméad ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

(b)an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/787 maidir le deochanna biotáilleacha;

(c)an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo maidir le táirgí talmhaíochta.

Airteagal 14

Doiciméid tionlacain

1.Is é a bheidh sa doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas ar chlárú:

(a)faisnéis faoi aon srian atá beartaithe ar úsáid nó ar chosaint an táisc gheografaigh agus, i gcás inarb ábhartha, aon bheart idirthréimhseach, arna moladh ag an ngrúpa táirgeoirí iarrthach nó ag na húdaráis náisiúnta tar éis an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus um fhreasúra go háirithe;

(b)ainm agus sonraí teagmhála an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh;

(c)ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil agus/nó an chomhlachta deimhnithe táirgí a fhíoraíonn an chomhlíontacht le forálacha na sonraíochta táirge de bhun:

(i)Airteagal 116a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíon;

(ii) Airteagal 39 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha;

(d)aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát, nó an grúpa táirgeoirí iarrthach i gcás inarb infheidhme, a bheith iomchuí.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena soiléirítear na ceanglais nó lena liostaítear ítimí breise na doiciméadachta tionlacain atá le soláthar.

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair ar líne na doiciméadachta tionlacain dá bhforáiltear i mír (1), agus maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 15

Iarratas Aontais ar chlárú

1.Maidir le tásca geografacha lena mbaineann táirgí de thionscnamh an Aontais, is é a bheidh san iarratas Aontais:  

(a)an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13;

(b)an doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 14;

(c)dearbhú ón mBallstát ar cuireadh an tiarratas chuige ar dtús, ina ndeimhnítear go gcomhlíonann an tiarratas na coinníollacha maidir le clárú; agus

(d)tagairt leictreonach foilseacháin na sonraíochta táirge a choinneofar cothrom le dáta.

2.Maidir le tásca geografacha lena mbaineann táirgí nach de thionscnamh an Aontais iad, is é a bheidh san iarratas Aontais:

(a)an tsonraíocht táirge mar aon lena tagairt foilseacháin,

(b)an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13;

(c)an doiciméadacht tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 14

(d)cruthúnas dlíthiúil ar chosaint an táisc gheografaigh i dtír a thionscnaimh; agus

(e)cumhacht aturnae i gcás ina ndéanann gníomhaire ionadaíocht ar an iarratasóir.

3.Déanfaidh ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann nó grúpa táirgeoirí iarrthach i dtríú tír iarratas comhpháirteach ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chur isteach, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin.

4.Cuimseofar san iarratas comhpháirteach ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 8(4), de réir mar is ábhartha, na doiciméid a liostaítear i mír (1) nó (2) ó na Ballstáit nó ó na tríú tíortha uile lena mbaineann. Na nósanna imeachta náisiúnta gaolmhara, lena náirítear an chéim freasúra, déanfar iad sna Ballstáit uile lena mbaineann.

5.Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena sainítear nósanna imeachta agus coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais Aontais ar chlárú a ullmhú agus a chur isteach.

7.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus le cur i láthair na niarratas Aontais ar chlárú, lena náirítear le haghaidh iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2) .

Airteagal 16

Iarratas Aontais ar chlárú a chur isteach 

1.Iarratas Aontais ar chlárú táisc gheografaigh, cuirfear isteach chuig an gCoimisiún é go leictreonach, trí chóras digiteach. Beidh ag an gcóras digiteach an acmhainn lena bhféadfar iarratais a chur isteach chuig údaráis náisiúnta Ballstáit agus féadfaidh an Ballstát sin a úsáid sa nós imeachta náisiúnta.

2.I gcás ina mbainfidh an tiarratas le limistéar geografach lasmuigh den Aontas, cuirfear an tiarratas isteach chuig an gCoimisiún, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann. Beidh ag an gcóras digiteach, dá dtagraítear i mír 1, an acmhainn lena bhféadfaidh grúpa táirgeoirí iarrthach atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó údaráis náisiúnta sa tríú tír lena mbaineann iarratais a chur isteach.

3.Déanfaidh an Coimisiún an tiarratas Aontais ar chlárú a phoibliú tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear i mír (1)

Airteagal 17

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ar aon iarratas ar chlárú a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 16(1). Is é a bheidh sa ghrinnscrúdú sin seiceáil nach ann d’earráidí follasacha, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán agus gur de chineál beacht teicniúil an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13. Cuirfear san áireamh leis toradh an nós imeachta náisiúnta a dhéanann an Ballstát i gceist. Díreofar ann go háirithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13.

2.Ní mhairfidh an grinnscrúdú níos faide ná 6 mhí. I gcás inar mó an tréimhse ghrinnscrúdaithe ná 6 mhí nó inar dóchúil gur mó ná 6 mhí í, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

3.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an iarratasóir.

4.I gcás, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun mhír 1, inarb é breith an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 2019/787, de réir mar is iomchuí, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir leis na cúraimí a leagtar amach san Airteagal sin a shannadh do EUIPO.

Airteagal 18

Agóid náisiúnta a dhéanamh in aghaidh iarratas ar chlárú

1.Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon nós imeachta náisiúnta riaracháin nó breithiúnach a dfhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú táisc gheografaigh.

2.Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir, i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú gcomhréir le hAirteagal 9(6), ar cumarsáid í:

(a) lena gcuirtear in iúl don Choimisiún go ndearnadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó

(b) lena n‑iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta breithiúnacha nó riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus toisc go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

3.Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an tiarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

4.Más rud é go ndearna cúirt náisiúnta an tiarratas a neamhbhailíochtú trí chinneadh críochnaitheach, déanfaidh an Ballstát an ghníomhaíocht iomchuí, amhail tarraingt siar nó modhnú an iarratais Aontais ar chlárú, a bhreith, de réir mar is gá.

Airteagal 19

Nós imeachta freasúra an Aontais

1.Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha don tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 17(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó atá ina chónaí i dtríú tír freasúra nó fógra maidir le barúlacha a thaisceadh leis an gCoimisiún.

2.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar cuireadh an tiarratas Aontais isteach, féadfaidh sé freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra nó fógra maidir le barúlacha a chur isteach de bhun mhír (1).

3.Le freasúra maífear go bhféadfaí, leis an iarratas, sárú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 nó (AE) 2019/787, de réir mar is iomchuí, agus cuirfear cúiseanna leis sin. Mura mbeidh maíomh den sórt sin sa fhreasúra, beidh sé ar neamhní. 

4.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh inghlacthacht an ráitis freasúra sin a sheiceáil. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an ráiteas freasúra, agus don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach a chuir isteach an tiarratas a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná 3 mhí. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.

5.Tionscnóidh an túdarás nó an duine a chuir an ráiteas freasúra isteach agus an túdarás nó an grúpa táirgeoirí iarrthach a chuir an tiarratas isteach comhairliúcháin iomchuí gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an tiarratas ar chlárú ceanglais an Rialacháin seo, Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 nó (AE) 2019/787, de réir mar is iomchuí.

6.Laistigh d’aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír (4), cuirfidh an grúpa táirgeoirí iarrthach atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír óna ndearnadh an tiarratas Aontais ar chlárú a thaisceadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh na gcomhairliúchán, lena náirítear an fhaisnéis uile a malartaíodh, ar thángthas ar chomhaontú le ceann amháin nó níos mó de na freasúróirí, agus maidir le haon athrú iarmhartach ar an iarratas ar chlárú. An túdarás nó an duine a thaisc freasúra leis an gCoimisiún, féadfaidh sé an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoina sheasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.

7.I gcás, tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír (4), ina modhnaítear na sonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú athuair ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás ina modhnaítear an tiarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an tiarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé an tiarratas athuair i gcomhréir leis an mír sin. 

8.Dréachtófar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

9.Tar éis an nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche, cuirfidh an Coimisiún críoch leis an measúnú ar an iarratas Aontais ar chlárú agus cuirfidh sé san áireamh aon iarratas ar idirthréimhsí, toradh an nós imeachta freasúra, aon fhógra faoi barúlacha a fhaightear agus aon ábhar eile a thagann as a ghrinnscrúdú a d’fhéadfadh athrú ar an doiciméad aonair a bheith i gceist leis, cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí bhíthin nósanna imeachta mionsonraithe agus sprioc-amanna le haghaidh an nós imeachta freasúra, le haghaidh barúlacha a chur isteach go hoifigiúil ag na húdaráis náisiúnta agus ag daoine a bhfuil leas dlisteanach acu, nach dtionscnóidh an nós imeachta freasúra, agus trí rialacha maidir lena chúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a shannadh do EUIPO.

11.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair na ráitis freasúra agus na mbarúlacha oifigiúla ar líne, más infheidhme, agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 20

Forais freasúra

1.Maidir le hagóid a thaisctear i gcomhréir le hAirteagal 19, ní bheidh sé inghlactha ach amháin i gcás ina léiríonn an freasúróir:

(a)nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe sainmhíniú an táisc gheografaigh ná na ceanglais dá dtagraítear sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ná i Rialachán (AE) 2019/787, de réir mar a bheidh;

(b)go gcuirfí cosc le clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 29, Airteagal 30, Airteagal 31 nó Airteagal 49(1) ;

(c)go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 17(4) .

2.Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfaidh an Coimisiún inghlacthacht freasúra a mheas.

Airteagal 21

Idirthréimhse maidir le tásca geografacha a úsáid

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar idirthréimhse suas le 5 bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint dúsáid a bhaint as sonrúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar sonrúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 27(1), d’úsáid leanúnach an tsonrúcháin faoina ndearnadh iad a mhargú ar choinníoll go dtugtar le fios le hagóid inghlactha, faoi Airteagal 9(4) nó Airteagal 19, i gcoinne chlárú an táisc gheografaigh a ndéantar a chosaint a shárú:

(a)le clárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, go gcuirfí i mbaol beithsine ainm atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt i sonrúchán an táirge; nó

(b)go ndearnadh na táirgí sin a mhargú go dleathach faoin ainm atá sa sonrúchán táirge sa chríoch lena mbaineann ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh an bhfoilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 17(4), pointe (a).

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2) ach amháin sna cásanna ina dtaisctear freasúra inghlactha faoi Airteagal 9(4), agus glacfar iad sin gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm. 

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír (1) suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana, ar choinníoll go léireofar, anuas air sin, an méid seo a leanas:

(a)go raibh an tainm sa sonrúchán dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an tiarratas ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)níorbh é ba chuspóir, ag am ar bith, dúsáid an ainm sa sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil ainm an táirge arna chlárú mar thásc geografach; agus

(c)níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

4.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2) ach amháin sna cásanna ina dtaisctear freasúra inghlactha faoi Airteagal 9(4), agus glacfar iad sin gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm.

5.Agus sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 á úsáid, beidh tásc na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad.

6.Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí táirge uile arna ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a taisceadh an tiarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an tiarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(4).

7.beidh feidhm mutatis mutandis ag mír (6) maidir le tásc geografach lena dtagraítear do limistéar geografach i dtríú tír, ach is eisceacht air sin an nós imeachta freasúra.

Airteagal 22

Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar chlárú

1.Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 17, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear ann, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an tiarratas ar chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2) .

2.Más rud é nach bhfaigheann an Coimisiún freasúra inghlactha glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), lena gclárófaí an tásc geografach, a chur i bhfeidhm. Na fógraí maidir le barúlacha, féadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19(1).   

3.Tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 19(4) , agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún freasúra atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas, 

(a)gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcláraítear an tásc geografach gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) a chur i bhfeidhm, más rud é go dtagtar ar chomhaontú, tar éis a sheiceáil go gcomhlíontar dlí an Aontais leis an gcomhaontú sin agus, más gá, leasuithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhoilsítear de bhun Airteagal 17(4) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; nó

(b)gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar chlárú, mura dtagtar ar chomhaontú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

4.Leis na gníomhartha lena gcláraítear tásc geografach forálfar maidir le haon choinníoll is infheidhme maidir leis an gclárú agus maidir le hathfhoilsiú, ar mhaithe le faisnéis, an doiciméid aonair a fhoilsítear le haghaidh freasúra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcás aon leasaithe riachtanaigh nach leasú substaintiúil é.

5.Déanfar Rialacháin clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.

Airteagal 23

Clár tásc geografach an Aontais

1.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) a chur i bhfeidhm, ina bhfuil forálacha maidir le clár leictreonach tásc geografach a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí, a chosnaítear faoin Rialachán seo (‘clár an Aontais um thásca geografacha’). Trí chuid a bheidh sa chlár a chomhfhreagraíonn do thásca geografacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta faoi seach.

2.Déanfar gach tásc geografach fíona agus táirgí talmhaíochta a shainaithint i gclár an Aontais um thásca geografacha mar ‘shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’, de réir mar a bheidh, agus déanfar gach tásc geografach ar dheochanna biotáilleacha a shainaithint mar ‘thásc geografach’.

3.Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú i gclár an Aontais um thásca geografacha. Cláróidh an Coimisiún na tásca geografacha sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2). A mhéid a bhaineann le fíon agus táirgí talmhaíochta, cuirfear ainmneacha na dtáirgí sin, mura sainaithnítear go sonrach iad mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint sna comhaontuithe sin, isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha thásca geografacha faoi chosaint.

4.Déanfar ainm gach táisc gheografaigh a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha ina script bhunaidh. I gcás nach i litreacha Laidineacha a bheidh an script bhunaidh, déanfar an tásc geografach a thras-scríobh i litreacha Laidineacha agus cuirfear an dá leagan den tásc geografach isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha agus beidh siad ar chomhstádas.

5.Poibleoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír (3) agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad go tráthrialta.

6.I dtaca le doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh, coinneoidh an Coimisiún an doiciméadacht sin i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir ar feadh thréimhse bhailíochta an táisc gheografaigh, agus i gcás cealú, go ceann 10 mbliana eile dá éis sin.

7.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir le hoibriú chlár an Aontais um thásca geografacha shannadh do EUIPO.

8.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun inneachar agus cur i láthair chlár an Aontais um thásca geografacha a shainmhíniú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 24

Sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha

1.Maidir le sliocht oifigiúil as clár an Aontais um thásca geografacha lena dtugtar cruthúnas ar chlárú an táisc gheografaigh, agus ar na sonraí ábhartha lena náirítear dáta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh nó aon dáta tosaíochta eile, féadfaidh aon duine an sliocht oifigiúil sin a íoslódáil. Féadfar an sliocht oifigiúil sin a úsáid mar dheimhniú barántúil in imeachtaí dlí, i gcúirt dlí, i gcúirt eadrána nó i gcomhlacht comhchosúil.

2.I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta aitheantas do ghrúpa táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 33, sainaithneofar gurb é atá sa ghrúpa sin sealbhóir cheart an táisc gheografaigh i gclár an Aontais um thásca geografacha agus sa sliocht oifigiúil dá dtagraítear i mír (1).

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair ar líne sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 25

Leasuithe ar shonraíocht táirge

1.Féadfaidh grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge de chuid táisc gheografaigh chláraithe a fhormheas.

2.Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir:

(a)leasuithe Aontais lena néilítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais; agus

(b)leasuithe caighdeánacha a gcaithfear déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

3.Is leasú Aontais a bheidh i leasú más é a bheidh i gceist leis athrú ar an doiciméad aonair agus:

(a)má chuimsítear ann athrú ar ainm, nó ar úsáid ainm, nó i gcás fíona agus deochanna biotáilleacha, ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí, arna nainmniú leis an tásc geografach nó, i gcás deochanna biotáilleacha, ar an ainm dlíthiúil; nó

(b)má bhíonn baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní; nó

(c)má ghabhann tuilleadh srianta leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

4.Aon leasú eile ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, nach leasú Aontais é i gcomhréir le mír 3, measfar gur leasú caighdeánach é.

5.Measfar gur leasú sealadach a bheidh i leasú caighdeánach má bhaineann sé le hathrú sealadach ar an sonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.

6.Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 8 go 22.

7.Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna gcur isteach ag tríú tír nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá á iarraidh, na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin. 

8.Maidir le hiarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, má chuimsítear ann freisin leasuithe caighdeánacha nó leasuithe sealadacha, ní dhéanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ach ar an leasú Aontais amháin. Maidir le haon leasú caighdeánach nó leasú sealadach, measfar nár cuireadh isteach iad. Leis an ngrinnscrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais. I gcás inarb iomchuí sin, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann deis a thairiscint don iarratasóir eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge a mhodhnú.

9.Is iad na Ballstáit nó na tríú tíortha ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha agus a chuirfidh iad in iúl don Choimisiún iad. Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe sin a phoibliú. 

10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena sanntar do EUIPO leasuithe caighdeánacha, dá dtagraítear i mír (9) a fhoilsiú.

11.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú Aontais agus maidir le nósanna imeachta agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus na leasuithe a chur in iúl don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Airteagal 26

An clárú a chealú

1.Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárútáisc gheografaigh a chealú, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh; nó

(b)i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad.

2.Féadfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú a chealú arna iarraidh sin do tháirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe.

3.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

4.Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9, Airteagail ó Airteagal 15 go hAirteagal 20 agus Airteagal 22 maidir leis an nós imeachta an chealaithe.

5.Sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit, le húdaráis an tríú tír nó, más féidir, leis an táirgeoir tríú trí a chuir iarratas isteach ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir leis na cúraimí a leagtar amach i mír (5) a shannadh do EUIPO.

7.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus an fhoirm le haghaidh cealú clárúchán, agus maidir le cur i láthair na niarrataí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Caibidil 3
Tásca geografacha a chosaint

Airteagal 27

Tásca geografacha a chosaint

1.Déanfar tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha a chosaint ar:

(a)aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an tásc geografach maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin nó ina ndéantar dochar dá chlú;

(b)aon mhí-úsáid, aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an tainm faoi chosaint nó má chuirtear frása leis amhail ar nós, cineál, modh, mar a tháirgtear i, aithris, blas, cosúil le nó a leithéidí.

(c)aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

(d)aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

2.Chun críocha mhír (1), pointe (b), beidh ann do thabhairt chun cuimhne táisc gheografaigh, go háirithe i gcás ina ndéantar le téarma, comhartha, nó suaitheantas lipéadaithe nó pacáistithe nasc díreach soiléir leis an táirge a chumhdaítear leis an tásc geografach cláraithe in intinn an tomhaltóra réasúnta cáiréiseach agus, ar an gcaoi sin, teacht i dtír ar chlú an ainm atá cláraithe nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm cláraithe sin nó ina ndéantar dochar dá chlú.

3.beidh feidhm ag mír (1) freisin maidir le hainm fearainn ina bhfuil nó arb é atá ann an tásc geografach cláraithe.

4.Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i (1) maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin; agus

(b)earraí a dhíoltar trí bhíthin modhanna ciandíola amhail an ríomhthráchtáil. 

5.Beidh an grúpa táirgeoirí aitheanta nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena náirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina ndéantar leo sárú ar mhír (1).

6.Ní thiocfaidh tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas.

7.I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma a meastar a bheith cineálach, ní hé a bheidh in úsáid an téarma sin an tiompar dá dtagraítear i mír (1), pointe (a) agus (b).

Airteagal 28

Comhábhair i dtáirgí próiseáilte

1.Tá Airteagal 27 gan dochar d’úsáid táisc gheografaigh ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 36 lena chur in iúl go bhfuil, i dtáirge próiseáilte, táirge ar comhábhar é, arna ainmniú le tásc geografach ar choinníoll go ndéanfar an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta tráchtála agus nach lagaítear ná nach gcaolaítear ar an ainm cláraithe sin ná nach ndéantar dochar dá chlú.

2.Maidir leis an tásc geografach lena nainmnítear comhábhar táirge, ní úsáidfear é in ainm bia an táirge phróiseáilte lena mbaineann, ach amháin i gcásanna ina dtagtar ar chomhaontú le grúpa táirgeoirí ina bhfuil níos mó ná dhá thrian de na táirgeoirí. 

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise maidir le tásca geografacha a úsáid chun comhábhair i dtáirgí próiseáilte, dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo, a shainaithint.

Airteagal 29

Téarmaí cineálacha

1.Ní chlárófar téarmaí cineálacha mar thásca geografacha.

2.Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

(a) an staid mar atá i limistéir tomhaltais;

(b) na gníomhartha dlí náisiúnta ábhartha nó gníomhartha dlí ábhartha an Aontais.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise maidir le stádas cineálach na dtéarmaí dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 30

Tásca geografacha comhainmneacha

1.Maidir le tasc geografach a ndearnadh iarratas ina leith tar éis iarratas a bheith déanta ar thásc geografach atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach nó atá faoi chosaint san Aontas, ní dhéanfar an tásc geografach sin a chlárú murar ann d’idirdhealú dóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an dá thásc chomhainmneacha, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirtear na tomhaltóirí ar míthreoir i dtaca le fíorchéannacht nó tásc geografach na dtáirgí.

2.Ní chlárófar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an tainm ar an gcríoch, an réigiún nó áit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí, má tá an tainm sin cruinn.

3.Chun críocha an Airteagail seo, is don mhéid seo a leanas a dhéantar tagairt le tasc geografach comhainmneach a iarradh nó atá faoi chosaint san Aontas:

(a)tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha;

(b)tásca geografacha a ndearnadh iarratas ina leith ar choinníoll go gcuirtear isteach iad i gclár an Aontais um thásca geografacha ina dhiaidh sin;

(c)ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 ; agus

(d)tásca geografacha, ainmneacha tionscnaimh agus téarmaí coibhéiseacha atá faoi chosaint de bhun comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó ná sin.

4.Cealóidh an Coimisiún na tásca geografacha a chláraítear de shárú ar mhíreanna (1) agus (2).

5.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír (4) gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2)a chur i bhfeidhm.

Airteagal 31

Trádmharcanna

Ní dhéanfar ainm a chlárú mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfaí le clárú an ainm atá beartaithe mar thásc geografach an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht an táirge.

Airteagal 32

Grúpaí táirgeoirí

1.Cuirfear grúpa táirgeoirí ar bun ar thionscnamh na bpáirtithe leasmhara, lena náirítear feirmeoirí, soláthraithe feirme, próiseálaithe idirmheánacha agus próiseálaithe deiridh de réir mar a shonraíonn na húdaráis náisiúnta agus de réir chineál an táirge lena mbaineann. Fíoróidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh an grúpa táirgeoirí ar bhealach trédhearcach daonlathach agus go mbeidh an ceart chun ballraíocht sa ghrúpa ag táirgeoirí uile an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh oifigigh phoiblí agus páirtithe leasmhara eile amhail grúpaí tomhaltóirí, miondíoltóirí agus soláthraithe rannpháirteach in oibreacha an ghrúpa táirgeoirí.

2.Féadfaidh grúpa táirgeoirí na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:

(a)an tsonraíocht táirge a fhorbairt agus rialuithe inmheánacha a bhainistiú lena náirithítear go gcomhlíonann céimeanna táirgthe an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach, go gcomhlíonann siad an tsonraíocht sin;

(b)beart dlíthiúil a dhéanamh chun cosaint a áirithiú don tásc geografach agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leis; 

(c)gealltanais inbhuanaitheachta a chomhaontú, bíodh sin san áireamh sa tsonraíocht táirge nó mar thionscnamh ar leithligh nó ná bíodh, lena náirítear socruithe chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin agus poiblíocht leordhóthanach a áirithiú dóibh i gcóras faisnéise arna sholáthar ag an gCoimisiún; 

(d)beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táisc gheografaigh, lena náirítear:

(i)feachtais mhargaíochta agus fógraíochta chomhchoiteanna a fhorbairt, a eagrú agus a reáchtáil;

(ii)gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna an táirge arna ainmniú le tásc geografach a chur in iúl do thomhaltóirí;

(iii)anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht táirgthe, próifíl chothaitheach agus próifíl orgánaileipteach an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach;  

(iv)faisnéis a scaipeadh faoin tásc geografach agus an tsiombail Aontais ábhartha; agus

(v)comhairle agus oiliúint a chur ar na táirgeoirí atá ann cheana agus ar na táirgeoirí a bheidh ann amach anseo, lena náirítear maidir le príomhshruthú inscne agus comhionannas.

(e)comhrac a dhéanamh ar ghóchumadh agus úsáidí calaoiseacha amhrasta a bhaint as úsáid táisc gheografaigh, ar an margadh inmheánach, lena nainmnítear táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, trí fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an tasc geografach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus ar mhargaí tríú tíortha ina bhfuil na tásca geografacha faoi chosaint, lena náirítear ar an idirlíon, agus de réir mar is gá, na húdaráis forfheidhmithe a chur ar eolas trí úsáid a bhaint as na córais rúnda atá ar fáil.

Airteagal 33

Grúpaí táirgeoirí aitheanta

1.Ainmneoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do ghrúpaí táirgeoirí lena gcomhlíontar coinníollacha mhír 3, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, grúpa táirgeoirí amháin mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta le haghaidh gach táisc gheografaigh de thionscnamh a gcríche atá cláraithe nó atá faoi réir iarratas ar chlárú nó le haghaidh ainmneacha táirge a d’fhéadfadh a bheith ina nábhar iarratais ar chlárú.

2.Féadfar grúpa táirgeoirí a ainmniú mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian de tháirgeoirí an táirge arb ann do thásc geografach ina leith, grúpa a dhéanann ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge. Mar eisceacht, measfar gurb é a bheidh in údarás, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), agus i dtáirgeoir aonair, dá dtagraítear in Airteagal 8(3), grúpa táirgeoirí aitheanta.

3.De bhreis ar na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(2), féadfaidh grúpa táirgeoirí aitheanta na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas a fheidhmiú:

(a)idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí forfheidhmithe maoine intleachtúla agus frith-ghóchumtha agus a bheith rannpháirteach i líonraí forfheidhmithe maoine intleachtúla ina cháil mar shealbhóir cirt táisc geografaigh;

(b)gníomhartha forfheidhmiúcháin a ghlacadh, lena náirítear iarratais ar ghníomhartha a dhéanamh chuig údaráis chustaim, chun aon bheart atá díobhálach díomhá na dtáirgí sin nó a bhfuil an baol ann go mbeidís díobhálach dó a chosc nó cur ina gcoinne;

(c)rialacha ceangailteacha a mholadh do na húdaráis náisiúnta a bheidh le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 166a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun soláthar táirgí arna nainmniú le tásc geografach a rialú;

(d)d’fhonn an tásc geografach a chosaint i gcórais idirlín na nainmneacha fearainn lasmuigh de dhlínse an Aontais, trádmharc aonair, comhchoiteann nó deimhniúcháin a chlárú ag brath ar an gcóras trádmhairc lena mbaineann, ina bhfuil, mar cheann dá phríomh-shaintréithe, tásc geografach agus gan é a bheith bainteach ach amháin le táirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

4.Beidh na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear i mír 2 faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian de tháirgeoirí an táirge arna nainmniú le tásc geografach, ar táirgeoirí iad a dhéanann ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge.

5.Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2. I gcás ina bhfaigheann na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí a neamhniú.

Airteagal 34

Cearta um thásc geografach in ainmneacha fearainn a chosaint

1.Maidir le clárlanna ainm fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas, féadfaidh siad, arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach nó cearta dlisteanacha aige, ainm fearainn atá cláraithe faoi fhearann tírchóid uasleibhéil a athghairm nó a aistriú chuig grúpa táirgeoirí aitheanta na dtáirgí lena ngabhann an tásc geografach i gceist tar éis nós imeachta malartach réitigh díospóide nó nós imeachta breithiúnais más rud é gur chláraigh sealbhóir, nach bhfuil cearta ná leas dlisteanach aige sa tásc geografach, an tainm fearainn sin nó más rud é gur cláraíodh é nó go bhfuil úsáid á baint as de mheon mímhacánta agus más sárú ar Airteagal 27 an úsáid sin.

2.Áiritheoidh clárlanna ainmneacha fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas go naithneofar, le haon nós imeachta malartach réitigh díospóide a bhunaítear chun díospóidí a bhaineann le clárú ainmneacha fearainn dá dtagraítear i mír (1) a réiteach, gurb é atá i dtásca geografacha cearta lena bhféadfar cosc a chur ar chlárú ainm fearainn nó ar úsáid a bhaint as de mheon mímhacánta.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena sanntar do EUIPO córas faisnéise ainm fearainn agus rabhaidh a chur ar bun agus a bhainistiú lena gcuirfí ar fáil don iarratasóir, ar iarratas ar thásc geografach a chur isteach dó, faisnéis maidir le hinfhaighteacht táisc gheografaigh mar ainm fearainn, agus, ar bhonn roghnach, maidir le clárú ainm fearainn arb ionann é agus a thásc geografach. Leis an ngníomh tarmligthe sin áireofar freisin an oibleagáid atá ar chlárlanna ainmneacha fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas, an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha a chur ar fáil do EUIPO. 

Airteagal 35

Trádmharcanna ar neamhréir le chéile

1.Maidir le clárú trádmhairc a sárófaí Airteagal 27  lena úsáid, diúltófar an clárú sin má chuirtear isteach an tiarratas ar chlárú an trádmhairc sin tar éis an dáta a cuireadh an tiarratas ar chlárú an táisc gheografaigh isteach chuig an gCoimisiún.

2.Trádmharcanna a chláraítear de shárú ar mhír (1), déanfaidh EUIPO, agus i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla náisiúnta iad a neamhbhailíochtú.

3.Maidir le trádmharc ar sárú a úsáid ar Airteagal 27, ar cuireadh iarratas isteach ina leith, ar cláraíodh é nó ar bunaíodh é trína úsáid de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, roimh an dáta a chuirtear isteach an tiarratas ar chlárú an táisc gheografaigh don Choimisiún, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais le neamhbhailíocht nó cúlghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh, má chláraítear ansin é, agus úsáid an trádmhairc ábhartha.

4.Le haghaidh tásca geografacha arna gclárú san Aontas gan iarratas Aontais ar chlárú a chur isteach measfar gurb é a bheidh i ndáta an chéad lae cosanta an dáta a chuirtear chuig an gCoimisiún an tiarratas ar chlárú an táisc gheografaigh chun críocha mhír 1 agus mhír 3.   

5.Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfar marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(4) de Threoir (AE) 2015/2436 agus marcanna comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(3) den Treoir chéanna a úsáid ar lipéid in éineacht leis an tásc geografach.

Airteagal 36

Ceart úsáide

Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú táirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach nó an doiciméad aonair nó a choibhéis sin úsáid a bhaint as tásc geografach cláraithe.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon oibreoir a chomhlíonann na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo, go gcumhdaítear é le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a bhunaítear de bhun Airteagal 39 . Féadfaidh na Ballstáit táille a ghearradh chun na costais a bhaineann le bainistiú a gcóras rialaithe a chumhdach. 

Maidir leis an gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm eastáit táirgeora aonair nó ina bhfuil ainm an eastáit ina chuid den tásc geografach sin, ní chuirfidh sin cosc ar tháirgeoirí agus oibreoirí eile úsáid a bhaint as an tásc geografach ar choinníoll go n‑úsáidfear é chun táirge a ainmniú a chomhlíonann an tsonraíocht táirge.

Airteagal 37

Siombailí, tásca agus giorrúcháin Aontais

1.Bunófar na siombailí Aontais seo a leanas a cheaptar chun tásca geografacha a mharcáil agus a phoibliú:

(a)siombail lena sainaithnítear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint fíona agus táirgí talmhaíochta; agus

(b)siombail lena sainaithnítear tásca geografacha faoi chosaint fíona agus táirgí talmhaíochta agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha.

2.I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi thásc geografach, beidh an tsiombail Aontais a bhaineann leis le feiceáil ar an lipéad agus ar an ábhar fógraíochta. Beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tsiombail Aontais. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir leis an tásc geografach.

3.De mhaolú ar mhír (2),i gcás fíon agus deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, féadfar siombailí Aontais a fhágáil as ábhar lipéadaithe agus fógraíochta an táirge lena mbaineann.

4.Féadfar an tsiombail Aontais do thásca geografacha faoi chosaint a bunaíodh de bhun mhír (1) a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha ar tásca geografacha a nainmneacha.

5.I gcás ina nainmnítear fíon, táirgí talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha le tásc geografach beidh na tásca ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tasc geografach faoi chosaint’ le feiceáil ar lipéadú fíona, féadfaidh na tásca ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tasc geografach faoi chosaint’ a bheith le feiceáil ar lipéadú táirgí talmhaíochta agus féadfaidh an tásc ‘tásc geografach’ a bheith le feiceáil ar lipéadú deochanna biotáilleacha, faoi seach. 

Féadfaidh na giorrúcháin ‘STFC’ nó ‘TGFC’ a chomhfhreagraíonn do na tásca ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ agus ‘tásc geografach faoi chosaint’, a bheith le feiceáil ar lipéadú fíona agus táirgí talmhaíochta arna n‑ainmniú le tásc geografach.

6.Is féidir úsáid a bhaint as tásca, giorrúcháin agus siombailí Aontais in ábhar lipéadaithe agus fógraíochta táirgí próiseáilte nuair a dhéantar tagairt leis an tásc geografach do chomhábhar de chuid na dtáirgí sin. Sa chás sin, cuirfear an tásc, giorrúchán nó siombail Aontais in aice le hainm an chomhábhair a shainaithnítear go soiléir mar chomhábhar. Ní chuirfear an tsiombail Aontais fara ainm an bhia de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 nó ar bhealach lena dtugtar le fios don tomhaltóir gurb é an táirge próiseáilte seachas an comhábhar is ábhar don chlárú.

7.Tar éis iarratas Aontais ar thásc geografach a chlárú a bheith curtha isteach, féadfaidh táirgeoirí a léiriú ar an lipéadú agus ar chur i láthair an táirge go ndearnadh iarratas ar chlárú a chomhdú i gcomhréir le dlí an Aontais.

8.Maidir le siombailí Aontais lena gcuirtear in iúl an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint agus na tásca ón Aontas ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’, agus na giorrúcháin ‘STFC’ agus ‘TGFC’ de réir mar is ábhartha, ní fhéadfaidh siad a bheith le feiceáil ar an lipéadú ach amháin tar éis fhoilsiú ghníomh cláraithe an táisc gheografaigh sin.

9.I gcás ina ndiúltófar d’iarratas, aon táirge ar bith a lipéadaíodh i gcomhréir le mír (6), féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

10.Chomh maith leis sin, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar an lipéadú freisin:

(a)léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge; agus

(b)téacs, grafaicí nó siombailí a thagraíonn don Bhallstát nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh suite. 

11.Maidir le siombailí Aontais i dtaca le tásca geografacha a iontráiltear i gclár an Aontais um thásca geografacha lena nainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tíortha, féadfaidh siad a bheith le feiceáil ar an ábhar lipéadaithe táirge agus fógraíochta, agus sa chás sin, bainfear úsáid as na siombailí i gcomhréir le míreanna (2) agus (4).

12.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na siombailí Aontais le haghaidh tásca geografacha, lena sainmhínítear saintréithe teicniúla na siombailí Aontais le haghaidh tásca geografacha chomh maith leis na rialacha maidir lena núsáid agus úsáid na dtásc agus na ngiorrúchán ar tháirgí a mhargaítear faoi thásc geografach cláraithe, lena náirítear rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Caibidil 4
Rialuithe agus forfheidhmiú

Airteagal 38

Raon feidhme

1.Leis an gCaibidil seo cumhdaítear rialuithe agus forfheidhmiú tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.

2.Chun críocha na Caibidle seo, áirítear leis na rialacha:

(a)a fhíorú gur táirgeadh táirge arna ainmniú le tásc geografach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach; agus

(b)faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh.

3.Agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Teideal seo á ndéanamh, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla fhreagracha agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí freagracha na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Teideal VI, Caibidil 1, de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe ar thásca geografacha.

Airteagal 39

Fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge

1.Déanfaidh na Ballstáit liosta de tháirgeoirí táirgí arna nainmniú le tásc geografach a iontráiltear i gclár an Aontais um thásca geografacha de thionscnamh a gcríche, déanfaidh siad an liosta sin a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta.

2.Tá táirgeoirí freagrach as rialuithe inmheánacha lena náirithítear go bhfuil táirgí arna nainmniú le tásca geografacha i gcomhréir le sonraíocht táirge na dtáirgí sin sula gcuirtear an táirge ar an margadh.

3.De bhreis ar na rialuithe inmheánacha dá dtagraítear i mír 2, sula gcuirtear ar an margadh táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas fíorú tríú páirtí ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge :

(a)ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 3, de Rialachán (AE) 2017/625; nó

(b)ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe dár tarmligeadh freagrachtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/625, Teideal II, Caibidil III. 

4.Maidir le tásca geografacha lena nainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tír, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh ceann amháin díobh seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

(a)údarás inniúil poiblí arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)comhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó.

5.I gcás, i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, ina ndéanann táirgeoir amháin nó níos mó céim tháirgthe i dtír nach tír tionscnaimh an táisc gheografaigh, leagfar amach forálacha maidir le fíorú ar chomhlíontacht na dtáirgeoirí sin sa tsonraíocht táirge. Más san Aontas a dhéantar an chéim tháirgthe, cuirfear údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an chéim tháirgthe ar an eolas maidir leis na táirgeoirí agus beidh siad faoi réir fíorú mar tháirgeoir an táirge arna ainmniú leis an tasc geografach.

6.I gcás ina gcuirfidh Ballstát Airteagal 8(2), i bhfeidhm, déanfaidh údarás seachas údarás a mheastar a bheith ina ghrúpa táirgeoirí faoin mír sin an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú.

7.Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.

Airteagal 40

Faisnéis phoiblí faoi údaráis inniúla agus comhlachtaí deimhnithe táirgí

1.Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 39(3), agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

2.Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 39(4) , agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

3.Féadfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach a chur ar bun ina bpoibleofar ainmneacha agus seoltaí na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 41

Creidiúnú comhlachtaí deimhnithe táirgí

1.Comhlíonfaidh na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 39(3), pointe (b) agus Airteagal 39(4), pointe (b) an méid seo a leanas agus déanfar iad a chreidiúnú i gcomhréir leis:

(a)Caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, lena náirítear caighdeán Eorpach ISO/IEC 17020:2012 ‘Measúnú comhréireachta – ‘Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’; nó 

(b)caighdeáin oiriúnacha eile a dtugtar aitheantas dóibh go hidirnáisiúnta, lena náirítear aon athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó aon leagan leasaithe de.

2.Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1, is comhlacht creidiúnúcháin dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar ball den Chreidiúnú Eorpach é, a dhéanfaidh an creidiúnú, é sin nó comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas ar ball den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é.

Airteagal 42

Rialuithe agus forfheidhmiú a dhéantar ar thásca geografacha sa mhargadh

1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás forfheidhmithe amháin nó níos mó ná sin, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(3), atá freagrach as rialuithe sa mhargadh agus forfheidhmiú tásc geografach tar éis na céimeanna táirgthe uile a bheith déanta i ndáil leis an táirge arna ainmniú le tásc geografach, bíodh an táirge sin á stóráil, á iompar, á leithdháileadh, á chur ar díol ar leibhéal mórdhíola nó miondíola lena náirítear ar ríomhthráchtáil.

2.Déanfaidh an túdarás forfheidhmithe rialuithe ar tháirgí arna nainmniú le tásca geografacha chun comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge nó leis an doiciméad aonair nó a choibhéis a áirithiú.

3.Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear, a oibrítear nó a mhargaítear ina gcríoch a chosc nó a stopadh más rud é go sáraítear cosaint na dtásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28 leis an úsáid sin.

4.Comhordóidh an túdarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 forfheidhmiú na dtásc geografach sna ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha, lena náirítear póilíní, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis dhlí an bhia agus cigirí miondíola.

Airteagal 43

Oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirmheánacha

1.Maidir le díol earraí a bhfuil rochtain ag daoine atá bunaithe san Aontas orthu, ar sárú é ar Airteagal 27 , measfar gur ábhar neamhdhleathach é de réir bhrí mhír 2, pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 .

2.Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát ordú a eisiúint gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/xxx in aghaidh ábhar neamhdhleathach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin. 

3.De bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/xxx féadfaidh aon duine aonair nó eintiteas fógra a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le láithreacht ábhair shonraigh ar sárú ar Airteagal 27 den Rialachán sin é.

4.Tá an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 2022/xxx.

Airteagal 44

Cúnamh frithpháirteach agus malartú faisnéise

1.Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun na rialuithe agus an forfheidhmiú dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonrú ar nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú, chun críche rialuithe agus forfheidhmithe faoin gCaibidil seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

3.Féadfar a áireamh sa chúnamh riaracháin, más iomchuí, agus, trí chomhaontú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, rannpháirtíocht údarás inniúil Ballstáit i seiceálacha ar an láthair arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstáit eile.

4.I gcás sárú féideartha ar chosaint a thugtar le tásc geografach, déanfaidh na Ballstáit bearta chun tarchur faisnéise maidir leis an sárú féideartha sin a éascú ó údaráis forfheidhmithe dlí, ó ionchúisitheoirí poiblí agus ó údaráis bhreithiúnacha chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

5.Chun críoch shonrach an mhalartaithe faisnéise maidir le neamh-chomhlíontacht nó calaois a bhaineann le tásca geografacha cláraithe, bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras bainistithe faisnéise arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2017/625 nó as aon chóras eile a d’fhéadfaí a bhunú amach anseo chun na críche sin.

Airteagal 45

Deimhnithe údarúcháin chun táirgeadh a dhéanamh

1.Maidir le táirgeoir a chinntear, tar éis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 39 go bhfuil a tháirge ag teacht le sonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal deimhniú oifigiúil a fháil, nó cruthúnas eile ar dheimhniúchán, go bhfuil sé incháilithe chun táirgeadh a dhéanamh ar an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann i leith na gcéimeanna táirgthe a dhéanann an táirgeoir sin.

2.Cuirfear an cruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis forfheidhmithe, do chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar an margadh inmheánach. Féadfaidh an táirgeoir an cruthúnas ar dheimhniúchán a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh an cruthúnas sin le linn gnó.

Caibidil 5
Cúnamh teicniúil

Airteagal 46

 Grinnscrúdú ar thásca geografacha tríú tíortha

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir le grinnscrúdú a shannadh do EUIPO, ar grinnscrúdú é ar thásca geografacha tríú tíortha nach tásca geografacha faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha iad, ar tásca geografacha iad a moltar iad a chosaint de bhun caibidlíochtaí idirnáisiúnta nó de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta.

Airteagal 47

Faireachán agus tuairisciú

1.I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún aon cheann de na cumhachtuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cúraimí a shannadh do EUIPO, tabharfar de chumhacht dó freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú i bhforghníomhú na gcúraimí sin. Féadfar a áireamh leis na critéir sin:

(a)an méid a chomhtháthaítear tosca talmhaíochta sa phróiseas grinnscrúdaithe;

(b)cáilíocht na measúnuithe;

(c)comhleanúnachas na measúnuithe ar thásca geografacha ó fhoinsí éagsúla;

(d)éifeachtúlacht na gcúraimí; agus

(e)sástacht na núsáideoirí.

2.Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis aon chúram a tharmligean chuig EUIPO den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí agus an taithí a fuarthas ó fheidhmiú na gcúraimí sin ag EUIPO.

Caibidil 6
Tásca geografacha táirgí talmhaíochta

Airteagal 48

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

1.Is é atá i gceist le ‘sonrúchán tionscnaimh’ táirge talmhaíochta ainm lena sainaithnítear táirge:

(a)de thionscnamh áite, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

(b)ar timpeallacht gheografach ar leith agus a tosca dúchasacha nádúrtha agus a tosca daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus

(c)a dtarlaíonn a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

2. Is é atá i gceist le ‘tásc geografach’ táirge talmhaíochta ainm lena sainaithnítear táirge:

(a)de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith;

(b)a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c)a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

3.Eisiatar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ná tásc geografach faoi chosaint a bheith ann i leith na dtáirgí talmhaíochta seo a leanas:

(a)táirgí nach féidir a thrádáil laistigh den mhargadh inmheánach de thoradh a gcineáil agus nach féidir a thomhailt ach amháin ina náit mhonaraíochta nó gar dá náit mhonaraíochta, amhail i mbialanna;

(b)táirgí atá, gan dochar do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan agus nach féidir a chur ar an margadh inmheánach.

4.D’ainneoin mhír 1, clárófar ainmneacha áirithe mar shonrúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil leis an limistéar sin, ar choinníoll:

(a)gur sainíodh limistéar táirgthe na namhábhar;

(b)go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na namhábhar;

(c)go bhfuil socruithe rialaithe ann lena náirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(d)gur aithníodh na sonrúcháin tionscnaimh i gceist mar shonrúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

Chun críocha na míre seo, ní mheasfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a bheith ina n‑amhábhair.

5.Chun críocha mhír (2), pointe (b), féadfar a áireamh le ‘saintréith eile’ cleachtais táirgthe thraidisiúnta, airíonna traidisiúnta táirgí agus cleachtais feirmeoireachta lena gcosnaítear luach comhshaoil, lena náirítear bithéagsúlacht, gnáthóga, criosanna comhshaoil a aithnítear go náisiúnta agus tírdhreach.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le srianta agus maoluithe i ndáil leis an bhfoinsiú beatha i gcás sonrúcháin tionscnaimh.

7.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le srianta agus maoluithe i ndáil le hainmhithe beo a mharú nó i ndáil leis an bhfoinsiú amhábhar. Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnó aitheanta nó tosca nádúrtha.

Airteagal 49

Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe

1.Ní fhéadfar ainm a chlárú mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht nó fíorthionscnamh an táirge arna ainmniú ag an tásc geografach nó a bheith ina chúis mhearbhaill idir táirgí arna nainmniú ag an tásc geografach agus an cineál nó pór atá i gceist.

2.Déanfar measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír (1) i ndáil le húsáid iarbhír na nainmneacha a bhfuil easaontas ann fúthu, lena náirítear úsáid ainmníocht an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí lasmuigh dá limistéar tionscnaimh agus úsáid ainmníocht cineáil planda a chosnaítear le cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí.

3.Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar tháirge a chur ar an margadh, ar táirge é nach bhfuil i gcomhréir le sonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint, a náirítear lena lipéadú ainm nó cuid d’ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint sin, a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí ann nó arb é atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)gurb é atá sa táirge sin an cineál nó an pór atá i gceist, nó gur díorthaíodh é as;

(b)nach gcuirtear tomhaltóirí amú;

(c)gur iomaíocht chóir é úsáid ainmníocht an chineáil nó ainmníocht an phóir;

(d)nach dtagann úsáid na hainmníochta sin i dtír ar chlú an táisc gheografaigh chláraithe; agus

(e)gur leath táirgeadh agus margú an táirge i gceist amach thar a limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le rialacha chun úsáid ainmníochtaí cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe a chinneadh.

Airteagal 50

Rialacha sonracha maidir le foinsiú beatha agus amhábhar

1.Chun críocha Airteagal 48, déanfar beatha a fhoinsiú ó laistigh den limistéar geografach sainithe amháin i leith táirgí de thionscnamh ainmhíoch a bhfuil a nainm cláraithe mar shonrúchán tionscnaimh.

2.A mhéid nach bhfuil foinsiú ón limistéar geografach sainithe amháin indéanta ar bhonn teicniúil, féadfar beatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar a chur leis, ar choinníoll nach ndéanfar difear do cháilíocht an táirge nó do shaintréith an táirge arb í an timpeallacht gheografach is cúis léi go bunúsach. Ní bheidh i mbeatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar geografach sainithe níos mó ná 50 % d’ábhar tirim ar bhonn bliantúil.

3.Aon srian ar thionscnamh amhábhar a sholáthraítear i sonraíocht táirge i gcás táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach, tabharfar údar cuí leis maidir leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (f).

Airteagal 51

Sonraíocht táirge

1.Maidir le táirgí a bhfuil a nainmneacha cláraithe mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, comhlíonfaidh siad sonraíocht táirge lena náireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)an tainm atá le cosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach a fhéadfaidh a bheith ina ainm geografach a thugtar ar an láthair táirgthe i gcás táirge sonrach, nó ainm a úsáidtear i réimse na trádála nó sa ghnáthchaint chun tuairisc a thabhairt ar an táirge sonrach sa limistéar geografach sainithe;

(b)tuairisc ar an táirge, lena náirítear i gcás inarb ábhartha, na hamhábhair, na cineálacha plandaí agus na pórtha ainmhithe lena mbaineann, lena náirítear ainmníocht tráchtála an speicis agus an tainm eolaíoch atá air, chomh maith le príomh-shainthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha an táirge;

(c)an sainiú ar an limistéar geografach teorannaithe lena gcruthaítear an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii), agus, i gcás inarb iomchuí, mionsonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 48(4) ;

(d)fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe arna shonrú i gcomhréir le hAirteagal 48(1), pointe (c), nó le hAirteagal 48(2), pointe (c) é an táirge;

(e)tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna traidisiúnta agus ar na cleachtais shonracha a úsáidtear; mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann sé cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

(f)mionsonraí lena mbunaítear an méid seo a leanas:

(i)a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 48(1), pointe (b). I gcás inarb ábhartha, féadfar na mionsonraí a bhaineann le tosca daonna na timpeallachta geografaí sin a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le tosca nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear san fhoráil sin;

(ii)a mhéid a bhaineann le tásc geografach, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 48(2), pointe (b);  

(g)aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i gceist;

(h)ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí foráil maidir leo, más infheidhme, ag féachaint don fhíoras nach mór na ceanglais sin a bheith oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

2.Féadfar gealltanais inbhuanaitheachta a áireamh sa tsonraíocht táirge freisin.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2)

Airteagal 52

Doiciméad aonair

1.Is é a bheidh sa doiciméad aonair an méid seo a leanas:

(a)príomhphointí na sonraíochta táirge, eadhon: an tainm, tuairisc ar an táirge, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainiú achomair ar an limistéar geografach;

(b)tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (f), lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe atá ina núdar leis an nasc sin.

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair ar líne an doiciméid aonair dá bhforáiltear i mír (1) agus lena ndéantar foráil maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

Caibidil 7
Forálacha nós imeachta

Airteagal 53

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste darb ainm an Coiste um Thásca Geografacha cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Teideal III
Scéimeanna cáilíochta

Caibidil 1
Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Airteagal 54

Cuspóir agus raon feidhme

1.Bunaítear scéim do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis thraidisiúnta a chosaint, trí chabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta chun airíonna breisluacha a noideas traidisiúnta agus a dtáirgí traidisiúnta a mhargú agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hairíonna breisluacha sin.

2.Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le táirgí traidisiúnta.

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn táirgí talmhaíochta táirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus táirgí eile talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deochanna biotáilleacha, le fíonta cumhraithe ná le táirgí fíniúna a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhínéagair fíona.

3.Tá clárú agus cosaint na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht gan dochar don oibleagáid atá ar tháirgeoirí rialacha eile an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe rialacha a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, le comheagraíocht aonair na margaí, agus le lipéadú bia.

Airteagal 55

Critéir incháilitheachta

1.Beidh ainm incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge sonrach leis:

(a)a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an earra bia sin; nó

(b)a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair a úsáidtear go traidisiúnta.

2.Chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, beidh sé ina ainm:

(a)atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge; nó

(b)lena sainaithnítear carachtar traidisiúnta an táirge.

3. I gcás ina léirítear sa nós imeachta freasúra faoi Airteagal 62 go bhfuil an tainm in úsáid freisin i mBallstát eile nó i dtríú tír, chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí inchomparáide nó idir táirgí a bhfuil an tainm comhionann nó comhchosúil orthu, féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh maidir le clárú a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go mbeidh an maíomh ‘déanta de réir thraidisiún’ le cur ag gabháil le hainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht agus go mbeidh ainm tíre nó réigiúin di ag teacht díreach ina dhiaidh.

4.Ní fhéadfar ainm a chlárú más rud é nach dtagraíonn sé ach amháin do mhaímh de nádúr ginearálta atá in úsáid maidir le sraith táirgí, nó do mhaímh dá bhforáiltear le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le mionsonraí breise faoi na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 56

Sonraíocht táirge

1.Maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, comhlíonfaidh sé sonraíocht táirge arb é a bheidh inti an méid seo a leanas:

(a)an tainm táirge a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;

(b)tuairisc ar an táirge lena náirítear a phríomh-shainthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha;

(c)tuairisc ar an modh táirgthe nach mór do na táirgeoirí a leanúint, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, nádúr agus saintréithe na namhábhar nó na gcomhábhar arna núsáid, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, ainmníocht tráchtála an speicis lena mbaineann agus an tainm eolaíoch atá air, agus modh ullmhúcháin an táirge; agus

(d)na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena leagtar síos rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta táirge. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 57

An chéim náisiúnta den nós imeachta clárúcháin 

1.Maidir le hiarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ní fhéadfaidh ach grúpaí táirgeoirí táirgí iad a chur isteach, ar táirgí iad a bhfuil an tainm atá le cosaint orthu. Féadfaidh roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh. 

2.Is é a bheidh in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht:

(a) ainm agus seoladh an ghrúpa táirgeoirí iarrthaigh;

(b) an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 56 .

3.I gcás ina nullmhóidh grúpa táirgeoirí atá bunaithe i mBallstát an tiarratas, seolfar an tiarratas chuig údaráis an Bhallstáit sin. Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas chun a áirithiú go bhfuil údar leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na gcritéar incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 55. Mar chuid den ghrinnscrúdú, bainisteoidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra. Más rud é go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais na Caibidle seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas Aontais ar chlárú a thaisceadh leis an gCoimisiún.

4.Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh, bíodh sin fabhrach nó ná bíodh, agus go mbeidh deis ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.

5.I gcás ina nullmhaíonn grúpa táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí atá bunaithe i dtríú tír an tiarratas, lena náirítear iarratas comhpháirteach, déanfar an tiarratas a thaisceadh go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 58

Iarratas Aontais ar chlárú 

1.Is é a bheidh in iarratas Aontais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú an méid seo a leanas:

(a) na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 57(2); agus

(b) i gcás na mBallstát amháin, dearbhú ón mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an t‑iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa iarrthach na coinníollacha clárúcháin.

2.I gcás ina gcuirfear iarratas comhpháirteach isteach, ar iarratas é dá dtagraítear in Airteagal 57 (1), cuirfidh ceann de na Ballstáit lena mbaineann an tiarratas faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar ann, de réir mar is ábhartha, na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 57(2) chomh maith leis an dearbhú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo ó na Ballstáit uile lena mbaineann. Déanfar na nósanna imeachta náisiúnta gaolmhara, lena náirítear an chéim freasúra, sna Ballstáit uile lena mbaineann. 

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise maidir le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus leis an bpróiseas iarratais i gcás iarratais chomhpháirteacha ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú. 

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus cur i láthair na niarratas ar chlárú, lena náirítear le haghaidh iarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ar iarratais iad a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 59

Iarratas Aontais ar chlárú a chur isteach

1.Iarratas Aontais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é go leictreonach, trí chóras digiteach. Beidh acmhainn ag an gcóras digiteach lena bhféadfar iarratais a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta Ballstáit, agus beidh acmhainn aige lena bhféadfaidh Ballstát é a úsáid ina nós imeachta náisiúnta.

2.Beidh acmhainn ag an gcóras digiteach lena bhféadfaidh iarratasóirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus údaráis náisiúnta tríú tíortha iarratais a chur isteach.

3.Nuair a chuirtear iarratais Aontais ar chlárú isteach, poibleoidh an Coimisiún faisnéis fúthu tríd an gcóras digiteach dá dtagraítear i mír (1)

Airteagal 60

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ar aon iarratas a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 65(1) chun a sheiceáil nach bhfuil aon earráid fhollasach ann, go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 58 iomlán, go bhfuil an tsonraíocht táirge beacht agus de chineál teicniúil agus go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 55 agus in Airteagal 56. Leis an ngrinnscrúdú sin, cuirfear san áireamh toradh na céime náisiúnta den nós imeachta arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann.

2.Níor cheart gur fhaide ná 6 mhí tréimhse an ghrinnscrúdaithe. I gcás inar faide an tréimhse sin ná 6 mhí nó inar dóchúil gur faide ná 6 mhí í, cuirfidh an Coimisiún an tiarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna na moille i scríbhinn.

3.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an iarratasóir.

4.I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an ngrinnscrúdú arna dhéanamh de bhun mhír 1, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, foilseoidh sé an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 61

Agóid náisiúnta a dhéanamh in aghaidh iarratais ar chlárú

1.Coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon imeacht náisiúnta breithiúnach nó riaracháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht. I gcás den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún an nós imeachta scrúdúcháin a chur ar fionraí ar feadh 12 mhí, ar tréimhse í is féidir a athnuachan.

2.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill más rud é go ndearnadh an tiarratas a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é. Sa chás sin, díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid an sprioc-am a chomhlíonadh maidir leis an ngrinnscrúdú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 60(2) agus an tiarratasóir a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an moill.

3.Más rud é go ndearnadh cúirt náisiúnta an tiarratas a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin a neamhbhailíochtú trí chinneadh críochnaitheach, breithneoidh an Ballstát an ghníomhaíocht iomchuí, amhail tarraingt siar nó modhnú an iarratais, de réir mar is gá.

Airteagal 62

Nós imeachta freasúra an Aontais

1.Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na sonraíochta táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 60(4), féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.

2.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar cuireadh an tiarratas Aontais ar chlárú isteach, féadfaidh sé freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra a thaisceadh de bhun na chéad mhíre.

3.Maífear le hagóid go bhféadfaí, leis an iarratas, sárú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus cuirfear cúiseanna léi. Mura mbeidh maíomh den sórt sin i bhfreasúra, beidh an freasúra sin ar neamhní. 

4.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh inghlacthacht an fhreasúra a sheiceáil. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an freasúra, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ó dháta foilsithe na sonraíochta táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an freasúra, agus don údarás nó don iarratasóir a thaisc an tiarratas a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná 3 mhí. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don údarás nó don iarratasóir, síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur leis an sprioc-am le haghaidh na gcomhairliúchán.

5.Cuirfidh an túdarás nó an duine a thaisc an freasúra agus an túdarás nó an tiarratasóir a thaisc an tiarratas tús le comhairliúcháin gan moill mhíchuí. Soláthróidh siad an fhaisnéis ábhartha dá chéile chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann an tiarratas ar chlárú coinníollacha an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann.

6.Laistigh de mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír (4), tabharfaidh an tiarratasóir atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír óna ndearnadh an tiarratas Aontais ar chlárú a thaisceadh fógra don Coimisiún faoi thoradh na gcomhairliúchán, lena náirítear an fhaisnéis uile a malartaíodh, cé ar thángthas ar chomhaontú le ceann amháin nó níos mó de na freasúróirí nó nár thángthas, agus faoi aon athrú iarmhartach ar an iarratas. An túdarás nó an duine a thaisc freasúra leis an gCoimisiún, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoina sheasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.

7.I gcás inar modhnaíodh an tsonraíocht táirge a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 60(4) tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin, déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú arís ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás inar modhnaíodh an tiarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an tiarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé an tiarratas arís i gcomhréir leis an mír sin.

8.Déanfar na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

9.Tar éis an nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche, cuirfidh an Coimisiún críoch lena mheasúnú ar an iarratas Aontais ar chlárú agus, maidir le haon iarratas ar idirthréimhsí, toradh an nós imeachta freasúra, agus aon ábhar eile a thagann as a ghrinnscrúdú a d’fhéadfadh athrú ar an tsonraíocht táirge a bheith i gceist leis, cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena gcomhlánaítear na rialacha maidir leis an nós imeachta freasúra chun nósanna imeachta agus sprioc-amanna mionsonraithe a leagan síos.

11.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus le foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 63

Foras le freasúra

1.Maidir le freasúra a thaiscfear i gcomhréir le hAirteagal 62, ní bheidh sí inghlactha ach amháin i gcás:

(a) ina dtabharfaidh an freasúróir cúiseanna cuí-réasúnaithe le neamh-chomhréireacht an chlárúcháin arna mholadh le forálacha na Caibidle seo; nó

(b) ina léireoidh an freasúróir, go bhfuil úsáid an ainm dleathach maidir le táirgí comhchosúla talmhaíochta, go bhfuil cáil ar an úsáid sin agus go ngabhann tábhacht eacnamaíoch leis an úsáid sin.

2.Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar measúnú ar na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

Airteagal 64

Idirthréimhsí maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid

1.I gcás táirgí arb é atá ina nainmníocht ainm a sháraíonn Airteagal 69 nó a bhfuil ainm den sórt sin ina chuid dá nainmníocht, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, idirthréimhse suas le 5 bliana a dheonú, lena bhféadfar leanúint de bheith ag úsáid na hainmníochta sin, faoinar margaíodh iad, ar choinníoll go léireofar le freasúra, atá inghlactha faoi Airteagal 57(3) nó faoi Airteagal 62, in aghaidh iarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú a ndéantar cosaint an tsainearra sin a shárú, go raibh an ainmníocht sin in úsáid go dleathach ar an margadh inmheánach ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh dháta an fhoilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 60(4).

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2), ach amháin i gcás na ngníomhartha sin a dtaiscfear freasúra inghlactha faoi Airteagal 57(3) ina leith, ar gníomhartha iad a ghlacfar gan an nós imeachta scrúdúcháin sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 65

Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar chlárú

1.Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú arna dhéanamh de bhun Airteagal 583, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear ann, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar don iarratas ar chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

2.Más rud é nach bhfaighidh an Coimisiún freasúra inghlactha, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 80(2), lena gcláraítear an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, a chur i bhfeidhm.   

3.I gcás ina raibh freasúra inghlactha faighte, déanfaidh an Coimisiún ceann de na nithe seo a leanas:

(a) an t‑ainm a chlárú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 80(2) a chur i bhfeidhm, más rud é gur thángthas ar chomhaontú, tar éis a sheiceáil go gcomhlíontar dlí an Aontais leis an gcomhaontú sin agus, más gá, an fhaisnéis arna foilsiú de bhun Airteagal 60(4) a leasú ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad na leasuithe sin; nó

(b) gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar cinneadh maidir leis an iarratas ar chlárú más rud é nár thángthas ar chomhaontú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

4.Leis na gníomhartha lena gcláraítear sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, déanfar foráil maidir le haon choinníoll is infheidhme i dtaca leis an gclárú agus maidir le hathfhoilsiú an doiciméid aonair arna fhoilsiú le haghaidh freasúra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun críoch faisnéise i gcás aon leasú is gá nach leasú substaintiúil é.

5.Déanfar Rialacháin clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.

Airteagal 66

Clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 80(2) a chur i bhfeidhm, lena mbunaítear agus lena gcoinnítear ar bun clár leictreonach na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a aithnítear faoin Rialachán seo, ar clár é a chuirfear ar fáil don phobal (‘clár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht’).

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus inneachar chlár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 67

Leasuithe ar shonraíocht táirge  

1.Féadfaidh grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu formheas a iarraidh ar shonraíocht táirge sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a leasú. Leis na hiarratais, tabharfar tuairisc ar na leasuithe arna niarraidh agus na cúiseanna leo.

2.An nós imeachta maidir le sonraíocht táirge a leasú, leanfaidh sé, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 57 go hAirteagal 65.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar na rialacha i dtaca leis an nós imeachta maidir le sonraíocht táirge a leasú.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus le foirm agus cur i láthair iarratais ar shonraíocht táirge a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 68

An clárú a chealú

1.Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach náirithítear comhlíonadh na sonraíochta táirge;

(b)i gcás nach gcuirtear aon táirge ar an margadh faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ar feadh 7 mbliana ar a laghad.

2.Féadfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú a chealú arna iarraidh sin do tháirgeoirí an táirge arna mhargú faoin ainm cláraithe.

3.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 57 go hAirteagal 63 agus ag Airteagal 65 maidir leis an nós imeachta um chealú.

5.Sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit lena mbaineann, le húdaráis an tríú tír lena mbaineann nó, i gcás inar féidir, leis an táirgeoir tríú trí a rinne an tiarratas ar chlárú an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an nós imeachta um chealú.

7.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus le foirm agus cur i láthair iarratais ar chlárú a chealú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 69

Srian ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe a úsáid

1.Déanfar sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint ar aon mhí-úsáid nó aon aithris, lena náirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach dtógfar ainmneacha bia a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta in ábhraíocht sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe.

3.Beidh feidhm freisin ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola, amhail ríomhthráchtáil.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena leagtar síos rialacha breise chun tuilleadh mionsonraithe a dhéanamh ar chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. 

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais nós imeachta agus ceanglais fhoirmiúla maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 70

Eisceachtaí i gcás úsáidí áirithe

1.Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)téarmaí a úsáid atá cineálach san Aontas, fiú más cuid d’ainm atá faoi chosaint mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht é an téarma cineálach;

(b)táirgí a chur ar an margadh a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí arna úsáid de mheon macánta ina cuid dá lipéadú nó arb é atá ina lipéadú ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí arna úsáid de mheon macánta;

(c)cur i bhfeidhm rialacha an Aontais ná rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil, agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le tásca geografacha agus le trádmharcanna agus le cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise chun stádas cineálach téarmaí a chinneadh, maidir le coinníollacha i dtaca le hainmníochtaí cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe a úsáid i gcás sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus a mbaint le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 71

Ainm, siombail Aontais agus tásc sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht

1.Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge atá i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach ainm atá cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid.

2.Bunófar siombail Aontais lena húsáid ar lipéid táirgí arna nainmniú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ní fhéadfar an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’, an giorrúchán ‘STR’ ná an tsiombail Aontais lena dtagraítear don sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid ach amháin i dtaca le táirgí arna dtáirgeadh i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge ábhartha.

3.I gcás táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht arna gclárú i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail Aontais dá dtagraítear i mír 2 le feiceáil ar an lipéad agus ar na hábhair fógraíochta. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe. Féadfar an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ nó an giorrúchán comhfhreagrach ‘STR’ a chur ar an lipéad freisin.

4.Beidh sé roghnach an tsiombail Aontais a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an tsiombail Aontais agus coinníollacha maidir lena húsáid éigeantach, lena leagtar síos rialacha maidir le cosaint aonfhoirmeach an táisc, an ghiorrúcháin agus na siombaile Aontais dá dtagraítear i mír (2), lena húsáid agus lena saintréithe teicniúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 72

Rannpháirtíocht sna scéimeanna cáilíochta

1.Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon oibreoir a chomhlíonann na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, go gcumhdaítear é le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a bhunaítear de bhun Airteagal 73. Féadfaidh na Ballstáit táille a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an bhfíorú ar chomhlíonadh a chumhdach.

2.Maidir le hoibreoirí a dhéanfaidh táirge a ullmhú agus a stóráil, ar táirge é arna margú faoi shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, nó a chuirfidh na táirgí sin ar an margadh, beidh siad faoi réir na rialuithe agus na mbeart forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

Airteagal 73

Rialú agus forfheidhmiú

1. Áirítear le rialuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht:

(a)fíorú go ndearnadh táirge arna ainmniú le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgeadh i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach; agus

(b)faireachán ar úsáid sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht sa mhargadh, lena náirítear ar an idirlíon.

2.I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, ainmneoidh na Ballstáit:

(a)údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as rialuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; agus

(b)údarás forfheidhmithe amháin nó níos mó, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a), a bheidh freagrach as rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fhorfheidhmiú. 

3.Féadfar na cúraimí dá dtagraítear i mír (2), pointe (a), a tharmligean chuig comhlacht deimhniúcháin táirgí amháin nó níos mó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.

4.Tabharfaidh na Ballstáit faoi rialuithe, bunaithe ar anailís riosca, chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a áirithiú, i gcás ina sárófar iad, cuirfidh siad na pionóis iomchuí i bhfeidhm.

5.Agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dá bhforáiltear san Airteagal seo á ndéanamh, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí deimhniúcháin na ceanglais faoi seach a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Teideal VI, Caibidil I de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

6.Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena nainmnítear táirgí de thionscnamh tríú tír, is iad seo a leanas a dhéanfaidh an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge sula gcuirfear an táirge ar an margadh:

(a)ceann amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna nainmniú ag an tríú tír; agus/nó

(b)comhlacht deimhniúcháin táirgí amháin nó níos mó.

7.Poibleoidh na Ballstáit ainm agus seoladh na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i míreanna 2, pointe (a) agus 3 faoi seach, agus coimeádfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

8.Poibleoidh an Coimisiún ainm agus seoladh na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i mír 6, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

9.Féadfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach a bhunú ina bpoiblítear ainm agus seoladh na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i míreanna 2, pointe (a), 3 agus 6.

10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnaithe a bheidh le cur i bhfeidhm i leith comhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5.

11.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 80(2) a chur i bhfeidhm, lena saineofar na meáin trína bpoibleofar ainm agus seoladh na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Caibidil 2
Téarmaí roghnacha cáilíochta

Airteagal 74

Cuspóir agus raon feidhme

1.Bunaítear scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta chun an chumarsáid laistigh den mhargadh inmheánach a éascú maidir le saintréithe breisluacha nó airíonna breisluacha táirgí talmhaíochta le haghaidh tháirgeoirí na dtáirgí sin. 

2.Leis an gCaibidil seo cumhdaítear táirgí traidisiúnta.

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn táirgí talmhaíochta táirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus táirgí eile talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deochanna biotáilleacha, le fíonta cumhraithe ná le táirgí fíniúna a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhínéagair fíona.

Airteagal 75

Rialacha náisiúnta

1.Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta agus le scéimeanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

2.Féadfaidh an Coimisiún córas digiteach a bhunú chun na téarmaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i mír 1 a áireamh ann d’fhonn eolas ar na táirgí agus na scéimeanna a chothú ar fud an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos mionsonraí teicniúla is gá chun fógra a thabhairt faoi na téarmaí roghnacha cáilíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

Airteagal 76

Téarmaí roghnacha cáilíochta

1.Comhlíonfaidh téarmaí roghnacha cáilíochta na critéir seo a leanas:

(a)baineann siad le saintréith catagóire táirgí amháin nó níos mó, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála a bhfuil feidhm aige i réimsí sonracha;

(b)cuireann a núsáid luach leis an táirge i gcomparáid le táirgí de chineál comhchosúil; agus

(c)baineann gné Aontais leo.

2.Téarmaí roghnacha cáilíochta a thugann tuairisc ar cháilíochtaí táirgí teicniúla arb é is cuspóir dóibh caighdeáin mhargaíochta éigeantacha a chur chun feidhme agus nach bhfuil beartaithe leo tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cháilíochtaí na dtáirgí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme na Caibidle seo.

3.Ní áireofar le téarmaí roghnacha cáilíochta téarmaí roghnacha forchoimeádta lena dtacaítear le caighdeáin shonracha mhargaíochta agus lena gcomhlánaítear na caighdeáin sin ar bhonn earnála nó ar bhonn catagóire táirge.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na critéir dá dtagraítear i mír 1.

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha a bhaineann le foirmeacha, le nósanna imeachta nó le mionsonraí teicniúla eile, rialacha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

6.Agus gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh i gcomhréir le míreanna 4 agus 5, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha san áireamh.

Airteagal 77

Téarmaí roghnacha cáilíochta breise a fhorchoimeád

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforchoimeádtar téarmaí roghnacha cáilíochta breise agus lena leagtar síos coinníollacha a núsáide.

Airteagal 78

Táirge sléibhe

1.Bunaítear an téarma ‘táirge sléibhe’ mar théarma roghnach cáilíochta. Ní úsáidfear an téarma sin ach chun tuairisc a thabhairt ar tháirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a)ó limistéir shléibhe go bunúsach a thagann na hamhábhair agus an bheatha le haghaidh ainmhithe feirme araon;

(b)i gcás táirgí próiseáilte, tarlaíonn an phróiseáil freisin i limistéir shléibhe.

2.Chun críocha an Airteagail seo, is iad limistéir shléibhe laistigh den Aontas na limistéir a dhéantar a theorannú de bhun Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 . I gcás táirgí tríú tíortha, áirítear le limistéir shléibhe limistéir arna ainmniú ag an tríú tír go hoifigiúil mar limistéir shléibhe nó limistéir a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach sa mhír sin.

3.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena leagtar síos maoluithe ar na coinníollacha úsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe na coinníollacha faoina gceadaítear go dtagann amhábhair nó beatha ó áiteanna lasmuigh de na limistéir shléibhe, na coinníollacha faoina gceadaítear go ndéantar táirgí a phróiseáil lasmuigh de na limistéir shléibhe i limistéar geografach a shaineofar, agus an sainiú ar an limistéar geografach sin.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 a bhaineann leis na modhanna táirgthe a bhunú agus le critéir eile atá ábhartha maidir leis an téarma roghnach cáilíochta a bhunaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 79

Srianta ar úsáid agus faireachán

1.Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a thabhairt ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).

3.Tabharfaidh na Ballstáit faoi rialuithe, bunaithe ar anailís riosca, chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a áirithiú agus, i gcás ina sárófar iad, cuirfidh siad na pionóis iomchuí riaracháin i bhfeidhm.

Caibidil 3
Forálacha nós imeachta 

Airteagal 80

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste darb ainm an Coiste um Cháilíocht Talmhaíochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Teideal IV
Leasuithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787

Airteagal 81

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1) in Airteagal 93(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b) ciallaíonn ‘tásc geografach’ ainm, lena n‑áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) agus ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

(i) tá a cháilíocht shonrach, a cháil nó saintréithe eile de inchurtha i leith a thionscnamh gheografaigh;

(ii) is de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith é;

(iii) is de thionscnamh an limistéir gheografaigh sin amháin iad 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iv) táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(v) faightear ó chineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera nó ó chrosáil an speicis Vitis vinifera le speiceas eile den ghéineas Vitis é.’;

(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94:

Airteagal 94

Sonraíocht táirge

1. Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach a fhíorú. Is é a bheidh sa tsonraíocht táirge:

(a)an tainm atá le cosaint;

(b)an cineál táisc gheografaigh, ar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint é;

(c)tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta, lena náirítear na príomh-shaintréithe orgánaileipteacha anailíseacha;

(d)i gcás inarb is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, mar aon le srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(e)sainiú an limistéir gheografaigh arna theorannú maidir leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (h);

(f)an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(g)tásc maidir leis an gcineál fíonchaor nó leis na cineálacha fíonchaor óna bhfaightear an fíon nó na fíonta;

(h)na mionsonraí maidir leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), nó, de réir mar a bheidh, i bpointe (b)(i):

(i)a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i); i gcás inarb ábhartha, féadfar na mionsonraí a bhaineann le tosca daonna na timpeallachta geografaí sin a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach, ábhar plandaí agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le tosca nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa phointe sin;

(ii)a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i);

(i)ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí aitheanta foráil maidir leo, más infheidhme, ag féachaint don fhíoras nach mór na ceanglais sin a bheith oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

2. Féadfar gealltanais inbhuanaitheachta a áireamh sa tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le TGanna]*.

3. I gcás ina mbeidh an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe, beidh sa tsonraíocht táirge freisin tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta páirt-dhí-alcólaithe i gcomhréir le mír (2), pointe (c), mutatis mutandis agus, i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe a dhéanamh, chomh maith leis na srianta ábhartha maidir lena ndéanamh.

* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […][…] (IO L […, lch. …]).’;

(3) Scriostar Airteagail 95 go 99, Airteagail 101 go 106 agus Airteagal 107.

Airteagal 82

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1001

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 mar a leanas:

(1) in Airteagal 151(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(f) tásca geografacha a riar, go háirithe na cúraimí a thugtar di trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal […] de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le TGanna]*

* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […][…] (IO L […, lch. …]).’.

Airteagal 83

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/787

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 mar a leanas:

(1) in Airteagal 3, scriostar pointí 6 agus 7;

(2) scriostar Airteagail 16 agus 21;

(3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Airteagal 23

Doiciméad aonair

Leagfar amach an méid seo a leanas sa doiciméad aonair:

(a) príomhphointí na sonraíochta táirge, lena n‑áirítear an t‑ainm atá le cosaint, an chatagóir lena mbaineann an deoch bhiotáilleach nó an téarma ‘deoch bhiotáilleach’, an modh táirgthe, tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, sainiú achomair ar an limistéar geografach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú;

(b) tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (4), lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha den tuairisc ar an táirge nó den mhodh táirgthe atá ina n‑údar leis an nasc sin.’;

(4) scriostar Airteagail 24 go 33 agus Airteagail 35 go 40.

Teideal V
Cumhachtaí a tharmligean, forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 84

Cumhachtaí a tharmligean

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(4), Airteagal 14(2), Airteagal 15(6), Airteagal 17(5), Airteagal 19(10), Airteagal 23(7), Airteagal 25(10), Airteagal 26(6), Airteagal 28(3), Airteagal 29(3), Airteagal 34(3), Airteagal 46(1), Airteagal 46, Airteagal 47(1), Airteagal 48(6), Airteagal 48(7), Airteagal 49(4), Airteagal 51(3), Airteagal 55(5), Airteagal 56(2), Airteagal 73(10), Airteagal 69(4), Airteagal 70(2), Airteagal 58(3), Airteagal 62(10), Airteagal 67(3), Airteagal 68(6), Airteagal 76(4), Airteagal 77(1), Airteagal 78(3), Airteagal 78(4), tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún ar feadh tréimhse 7 mbliana ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a bhaineann leis na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na nAirteagal dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 85

Foráil idirthréimhseach le haghaidh an aicmithe tásc geografach

An t‑aicmiú tásc geografach arna gclárú nó arna ndéanamh iarratas orthu roimh dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar aicmiú é dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfar é i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 86

Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh iarratais ar feitheamh

1.Na rialacha is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chlárú, maidir le hiarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge agus maidir le hiarrataí ar thásca geografacha a chealú a gheobhaidh an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 

2.Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 19 go hAirteagal 22 maidir leis na hiarratais agus na hiarrataí sin a ndéantar an foilsiú le haghaidh freasúra an iarratais ar chlárú, an iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge nó na hiarrata ar thásc geografach a chealú ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Na rialacha is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais ar chlárú, maidir le hiarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge agus maidir le hiarrataí ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú a gheobhaidh an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 

4.Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 62 go hAirteagal 65 maidir leis na hiarratais agus na hiarrataí sin a ndéantar an foilsiú le haghaidh freasúra an iarratais ar chlárú, an iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú Aontais ar an tsonraíocht táirge nó na hiarrata ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. 

Airteagal 87

Leanúnachas na gclár 

1.Gach sonrúchán tionscnaimh agus gach tásc geografach i gcás fíona agus i gcás táirgí talmhaíochta, agus gach tásc geografach i gcás deochanna biotáilleacha, mar aon leis na sonraí ábhartha uile, agus sonraí a bhaineann le hiarratais ar chlárú, ar leasú nó ar chealú atá ar feitheamh arna gcur isteach sna cláir um thásca geografacha faoi seach, cuirfear isteach go huathoibríoch iad i gclár an Aontais um thásca geografacha. 

2.Gach sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheidh curtha isteach sa chlár um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, mar aon leis na sonraí ábhartha uile, agus sonraí a bhaineann le hiarratais ar chlárú, ar leasú nó ar chealú ar feitheamh, an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfear isteach go huathoibríoch iad i gclár an Aontais um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

Airteagal 88

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 89

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [...] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

[...]    [...]

(1)    https://www.wipo.int/treaties/en/ip/paris/
(2)    https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/food-safety-and-quality/certification/quality-labels/geographical-indications-register/
(3)    https://ec.europa.eu/food/horizontal-topics/farm-fork-strategy_en
(4)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/2021_commission_work_programme_annexes_en.pdf
(5)    https://ec.europa.eu/info/law/law-making-process/evaluating-and-improving-existing-laws/refit-making-eu-law-simpler-less-costly-and-future-proof_en
(6)    https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_en
(7)    https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12510-Intellectual-property-action-plan_en
(8)    https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12099-2020-INIT/en/pdf
(9)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=EN
(10)    IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(11)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(12)    IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(13)    https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/key-policies/common-agricultural-policy/cmef/products-and-markets/geographical-indications-and-traditional-specialities-guaranteed-protected-eu_en
(14)    Tá an meánphraghas a ghabhann le táirgí TG/STR dhá oiread níos mó ná táirgí inchomparáide nach táirgí TG/STR iad; inathraitheacht níos ísle praghsanna ar bhonn choibhneasta le haghaidh táirgí TG; iomaíocht chóir le haghaidh táirgeoirí sa slabhra luacha TG/STR; éagsúlú gníomhaíochtaí ar an bhfeirm e.g. an phróiseáil, cineálacha nua díolachán (díolacháin dhíreacha, ríomhdhíolacháin) agus an agrathurasóireacht.
(15)    file:///C:/Users/dufouva/Downloads/090166e5d5274a42%20(1).pdf
(16)    https://ec.europa.eu/info/events/strengthening-geographical-indications-digital-conference-2020-nov-25_en
(17)    Cuir hipearnasc isteach nuair a fhoilseofar í
(18)    Cuir hipearnasc isteach nuair a fhoilseofar í
(19)    https://ec.europa.eu/info/aid-development-cooperation-fundamental-rights/your-rights-eu/eu-charter-fundamental-rights_en
(20)    IO C XX, XX.X.2022, lch. XX.
(21)    IO C XX, XX.X.2022, lch. XX.
(22)    https://ec.europa.eu/info/publications/communication-european-green-deal_en
(23)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98.
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671–854.
(25)    Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, IO L 130, 17.5.2019, lgh. 1–54.
(26)    tagairt
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(28)    IO L 336, 23.12.2015, lch. 1.
(29)    IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.
(30)    IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(31)    IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.
(32)    Rialachán (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] maidir le Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí Digiteacha (DSA) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L …, XXX, ll/mm/bbbb, lch. X).
(33)    Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).
(34)    https://www.wipo.int/publications/en/details.jsp?id=3983
(35)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(36)    IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(37)    Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).
(38)    Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
(39)    Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí a mhargú (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1)
(41)    Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).
(42)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár (IO L 270, 29.7.2021, lch. 1).
(43)    Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(44)    Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(45)    Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 1).
(46)    Rialachán (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L …, XXX, ll/mm/bbbb, lch. X).
(47)    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

An Bhruiséil,31.3.2022

COM(2022) 134 final

Togra le haghaidh

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012


IARSCRÍBHINN I

Táirgí talmhaíochta breise dá dtagraítear in Airteagal 5(1)

Táirgí

Ceannteideal AC 25.01 (salann)

Cód AC 29.05.43 (mainníotól)

Cód AC 29.05.44 (soirbíotól)

Ceannteideal AC 32.03 (carnaid)

Ceannteideal AC 33.01 (blátholaí)

Ceannteidil AC 35.01 go 35.05 (táirgí albaimionóideacha; stáirsí modhnaithe; gliúnna)

Cód AC 38.09.10 (oibreáin bhailchríche)

Cód AC 38.23.60 (soirbíotól n.e.p.)

Ceannteidil AC 41.01 go 41.03 (seithí agus craicne)

Ceannteideal AC 43.01 (craicne fionnaidh amha)

Ceannteideal AC 45.01 (corc)

Ceannteidil AC 50.01 go 50.03 (síoda amh agus dramhshíoda)

Ceannteidil AC 51.01 go 51.03 (olann agus fionnadh ainmhíoch)

Ceannteidil AC 52.01 go 52.03 (cadás amh, dramhaíl chadáis agus cadás cardáilte nó cíortha)

Ceannteideal AC 53.01 (líon amh)

Ceannteideal AC 53.02 (cnáib amh)


An Bhruiséil,31.3.2022

COM(2022) 134 final

Togra le haghaidh

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012


IARSCRÍBHINN II

Táirgí talmhaíochta breise dá dtagraítear in Airteagal 54(2)

Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

(a) béilí réamhullmhaithe,

(b) beoir,

(c) seacláid agus táirgí díorthaithe,

(d) arán,

(e) taosrán agus cácaí,

(f) milseogra,

(g) brioscaí agus táirgí eile báicéirí,

(h) deochanna a dhéantar as eastóscáin plandaí,

(i) pasta,

(j) salann.


An Bhruiséil,31.3.2022

COM(2022) 134 final

Togra le haghaidh

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 85

Aicmiú táirgí atá ann cheana  

Ceannteidil na hainmníochta comhcheangailte a chomhfhreagraíonn don aicmiú táirgí atá ann cheana

Fíonta

AC 22 04

Deochanna biotáilleacha

AC 22 08

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

AC 02

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

AC 16

Aicme 1.3. Cáiseanna

AC 04 06

Aicme 1.4. Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

AC 04

Aicme 1.5. Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

AC 15

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh úra nó phróiseáilte

AC 07; AC 08; AC 10; AC 11; AC 20

Aicme 1.7. Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe

AC 03; AC 16

Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)

Cumhdaítear le hAicme 1.8 ceannteidil éagsúla den ainmníocht chomhcheangailte

Aicme 2.1. Beoir,

AC 22 03

Aicme 2.2. Seacláid agus táirgí díorthaithe

AC 18 06

Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus táirgí eile báicéirí

AC 19 05

Aicme 2.4. Deochanna a dhéantar as eastóscáin plandaí,

AC 22 05; AC 22 06

Aicme 2.5. Pasta

AC 19 02

Aicme 2.6. Salann

AC 25 01

Aicme 2.7. Gumaí agus roisíní nádúrtha

AC 13 01

Aicme 2.8. Leafaos mustaird

AC 21 03

Aicme 2.9. Féar tirim

AC 12 14 90

Aicme 2.10. Blátholaí

AC 33 01

Aicme 2.11. Corc

AC 45 01

Aicme 2.12. Carnaid

AC 32 03

Aicme 2.13. Bláthanna agus plandaí ornáideacha

AC 06 02; AC 06 03; AC 06 04

Aicme 2.14. Cadás

AC 52 01

Aicme 2.15. Olann

AC 51 01

Aicme 2.16. Caolach

AC 14 01

Aicme 2.17. Líon scobailte

AC 53 01 21

Aicme 2.18. Leathar

AC 41

Aicme 2.19. Fionnadh

AC 43 01

Aicme 2.20. Cleite

AC 05 05

 Aicme 2.21. Fíonta cumhraithe

 AC 22 05

 Aicme 2.22. Deochanna alcólacha eile

 AC 22 06

Aicme 2.23. Céir beach

AC 15 21 90