An Bhruiséil,13.9.2017

COM(2017) 495 final

2017/0228(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

{SWD(2017) 304 final}
{SWD(2017) 305 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

Tá teicneolaíochtaí digiteacha nua, amhail an néalríomhaireacht, mórshonraí, intleacht shaorga agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla ceaptha chun an éifeachtúlacht a uasmhéadú, chun leas a bhaint as barainneachtaí scála agus chun seirbhísí nua a fhorbairt. Téann na teicneolaíochtaí sin chun tairbhe d’úsáideoirí ó thaobh na solúbthachta, na táirgiúlachta, luas a núsáide agus an neamhspleáchais de, e.g. trí mheaisínfhoghlaim 1 .

Mar a léirítear i dTeachtaireacht a eisíodh in 2017 dar teideal “Building a European Data Economy” 2 , meastar gur EUR 60 billiún an luach a bhí ar mhargadh sonraí an Aontais in 2016, fás 9.5 % i gcomparáid le 2015. De réir staidéar a rinneadh, d’fhéadfadh luach níos mó ná EUR 106 billiún a bheith ar mhargadh sonraí an Aontais in 2020 3 .

Chun leas a bhaint as an bpoitéinseal fáis sa mhargadh sin, tá sé mar aidhm ag an togra aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

·Feabhas a chur ar shoghluaisteacht sonraí neamhphearsanta, atá teoranta faoi láthair i gcuid mhór Ballstát de dheasca srianta logánaithe nó éiginnteacht dhlíthiúil sa mhargadh, thar theorainneacha sa mhargadh aonair;

·Deimhin a dhéanamh de nach ndéanfar difear do chumhachtaí na núdarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh agus a fháil chun críocha rialú rialála, amhail cigireacht agus iniúchadh; agus

·Éascaíocht a dhéanamh d’úsáideoirí gairmiúla seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí seirbhíse eile agus sonraí a phortáil ach, ag an am céanna, gan ualach iomarcach a chur ar sholáthraithe seirbhíse nó gan an margadh a shaobhadh.

Leis an athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach 4 , fógraíodh togra reachtach maidir le creat comhair an Aontais i dtaca le saorshreabhadh sonraí.

Is é cuspóir beartais ginearálta an tionscnaimh margadh inmheánach níos iomaíche agus níos comhtháite maidir le stóráil sonraí agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí eile próiseála sonraí a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar na réimsí thuasluaite. Sa togra seo, baintear úsáid as stóráil agus próiseáil eile sonraí sa chiall is leithne, lena gcuimsítear an úsáid a bhaintear as gach cineál córais TF, cibé acu an bhfuil siad lonnaithe ar áitreabh an úsáideora nó seachfhoinsithe chuig soláthraí stórála sonraí nó soláthraí seirbhíse próiseála eile 5 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Féachtar sa togra leis na cuspóirí a leagtar amach sna doiciméid seo a leanas a bhaint amach: an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach 6 , an tathbhreithniú meántéarma a rinneadh le déanaí ar an straitéis sin agus, chomh maith leis sin, na treoirlínte polaitiúla reatha don Choimisiún Eorpach dar teideal “Tús Nua don Eoraip: Mo Chlár Oibre i ndáil le Poist, Fás, Cothromaíocht agus Athrú Daonlathach” 7 .

Sa togra seo, dírítear ar sheirbhísí óstála sonraí (stóráil) agus seirbhísí próiseála eile a chur ar fáil, agus tá sé i gcomhréir le hionstraimí dlí atá ann cheana. Leis an togra, féachtar le margadh aonair éifeachtach Aontais a chur ar bun do na seirbhísí sin. Tá an togra comhsheasmhach, mar sin, leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 8 a bhfuil sé mar aidhm aici margadh aonair cuimsitheach agus éifeachtach a bhaint amach san Aontas maidir le catagóirí seirbhísí níos leithne na sochaí faisnéise, agus a neartaíonn a thuilleadh, i gcomhar leis an Treoir um Sheirbhísí 9 , margadh aonair Aontais do sheirbhísí i roinnt earnálacha.

Tá roinnt earnálacha ábhartha eisiata go sonrach ó raon feidhme na reachtaíochta sin, mar atá an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, cuir i gcás, agus an Treoir um Sheirbhísí, agus, ar an ábhar sin, ní bheadh ach forálacha ginearálta an Chonartha infheidhme i dtaca leis na seirbhísí óstála sonraí (stóráil) agus seirbhísí próiseála eile ina niomláine. Ní féidir, áfach, na bacainní atá ann cheana ar na seirbhísí sin a bhaint ar bhealach éifeachtach trí dhul i muinín Airteagal 49 agus Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm go díreach, agus trí sin amháin, óir, de pháirt amháin, bheadh sé thar a bheith casta d’institiúidí náisiúnta agus d’institiúidí de chuid an Aontais aghaidh a thabhairt ar na bacainní ina gceann agus ina gceann trí bhíthin nósanna imeachta maidir le sárú i gcoinne na mBallstát lena mbaineann agus, de pháirt eile, teastaíonn rialacha sonracha chun cuid mhór bacainní a bhaint a rachaidh i ngleic, ní hamháin le bacainní poiblí ach, ina theannta sin, le bacainní príobháideacha agus lena néilítear comhar riaracháin a chur ar bun. Anuas air sin, tá an chuma air go bhfuil an treisiú ar an deimhneacht dhlíthiúil dá bharr thar a bheith tábhachtach d’úsáideoirí teicneolaíochtaí nua 10 .

Toisc go mbaineann an togra seo le sonraí leictreonacha eile cé is moite de shonraí pearsanta, ní dhéanann sé difear do chreat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 11 , Treoir 2016/680 (Treoir na bPóilíní) 12 agus Treoir 2002/58/CE (an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas) 13 , a áirithíonn leibhéal ard cosanta maidir le sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas. Le cois an chreata dhlíthiúil sin, tá sé mar aidhm ag an togra creat Aontais a chur i bhfeidhm atá cuimsitheach agus comhleanúnach lena gcumasófar saorghluaiseacht sonraí sa mhargadh aonair.

Mar thoradh ar an togra, beidh gá leis an bhfógra maidir le dréachtbhearta i dtaca le logánú sonraí faoi Threoir 2015/1535 14 , dá ngairtear an Treoir um Thrédhearcacht, lena bhféadtar a mheasúnú an bhfuil údar leis na srianta logánaithe sin.

Maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla, foráiltear leis an togra go mba cheart feidhm a bheith ag na sásraí sin uile. I gcás nach ann do shásraí comhair, tugtar isteach leis an togra bearta a bhfuil sé mar aidhm acu na húdaráis inniúla a chumasú chun sonraí a stóráiltear nó a phróiseáiltear ar bhealach éigin eile i mBallstáit eile a mhalartú agus a rochtain.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

I bhfianaise an mhargaidh aonair dhigitigh, tá sé mar aidhm ag an togra seo na bacainní atá roimh gheilleagar sonraíbhunaithe iomaíoch san Eoraip a laghdú. I gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an margadh aonair digiteach, tá an Coimisiún ag taighde ar leithligh na saincheisteanna a bhaineann le hinrochtaineacht agus athúsáid sonraí poiblí agus sonraí atá cistithe ag airgead poiblí, agus sonraí atá i seilbh phríobháideach a bhaineann le leas an phobail agus le dliteanas i gcásanna damáiste a dhéantar mar thoradh ar tháirgí sonraíshaothraithe 15 .

Leis an idirghabháil beartais, cuirtear freisin leis an bpacáiste beartais Tionsclaíocht na hEorpa a dhigitiú lena náirítear Tionscnamh Néalríomhaireachta na hEorpa 16 , arb é is aidhm dó réiteach néalríomhaireachta ardacmhainneachta a úsáid chun sonraí eolaíocha a stóráil, a roinnt agus a athúsáid. Anuas air sin, leis an tionscnamh cuirtear leis an athbhreithniú ar an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta 17 , lena bhféachtar comhoibriú digiteach idir riaracháin phoiblí san Eoraip a fheabhsú agus rachaidh an saorshreabhadh sonraí chun tairbhe dhíreach dó. Tacaíonn sé le tiomantas an Aontais don idirlíon oscailte 18 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra seo faoi chuimsiú réimse na hinniúlachta roinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) CFAE. Féachtar leis margadh inmheánach níos iomaíche agus níos comhtháite maidir le seirbhísí stórála sonraí agus seirbhísí próiseála eile a bhaint amach trí shaorghluaiseacht sonraí laistigh den Aontas a áirithiú. Leis an togra, leagtar síos rialacha maidir le ceanglais logánaithe sonraí, infhaighteacht sonraí d’údaráis inniúla agus portáil sonraí d’úsáideoirí gairmiúla. Is é Airteagal 114 CFAE, an bunús dlí ginearálta chun rialacha dá leithéid a ghlacadh, atá mar bhunús leis an togra.

Coimhdeacht

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Is é cuspóir an togra seo deimhin a dhéanamh de dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir leis na seirbhísí thuasluaite, agus gan é a bheith teoranta do chríoch Ballstáit amháin. Ní féidir saorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta laistigh den Aontas a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta toisc gurb í soghluaisteacht sonraí trasteorann an bhunfhadhb.

Is féidir leis na Ballstáit líon agus raon feidhme na srianta atá acu ar an suíomh ina stóráiltear sonraí a laghdú, ach féadfaidh sé nach laghduithe den chineál céanna a dhéanfaidh siad, agus gur faoi dhálaí difriúla a dhéanfaidh siad na laghduithe sin, nó nach ndéanfaidh siad ar chor ar bith iad.

D’fhágfadh cineálacha éagsúla cur chuige, áfach, go mbeadh iliomad ceanglas rialála ar fud mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh, agus go dtabhódh fiontair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), costais bhreise fhollasacha dá mbarr.

Comhréireacht

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 CAE, toisc gur creat éifeachtach é nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna atá aitheanta a réiteach agus toisc go bhfuil sé comhréireach chun cuspóirí an togra a bhaint amach.

Chun deireadh a chur le constaicí i saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta laistigh den Aontas atá teoranta de dheasca ceanglais logánaithe agus chun an mhuinín as sreabha sonraí trasteorann mar aon le seirbhísí stórála sonraí agus seirbhísí próiseála eile a fheabhsú, beidh an togra ag brath cuid mhór ar ionstraimí agus creataí Aontais atá ann cheana: an Treoir um Thrédhearcacht le haghaidh fógraí maidir le dréachtbhearta i dtaca le ceanglais logánaithe sonraí, creataí difriúla lena náirithítear infhaighteacht sonraí le haghaidh rialú rialála ag na Ballstáit. Ní úsáidfear sásra comhair an togra chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí d’údaráis inniúla náisiúnta ach amháin in éagmais sásraí eile comhair, agus nuair a bheidh triail bainte as modhanna eile rochtana.

Leis an gcur chuige atá beartaithe maidir le gluaiseacht sonraí thar theorainneacha na mBallstát agus ó sholáthraithe seirbhíse/córais TF inmheánacha go céile, féachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir rialáil an Aontais agus leasanna slándála poiblí na mBallstát chomh maith le cothromaíocht idir rialáil an Aontais agus féinrialáil ag an margadh.

Chun, go háirithe, na deacrachtaí a bhíonn ag úsáideoirí gairmiúla a mhaolú maidir le haistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí eile agus maidir le portáil sonraí, spreagtar féinrialáil leis an tionscnamh trí chóid iompair i dtaobh faisnéis atá le cur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile. Lena chois sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na módúlachtaí maidir le haistriú agus portáil trí fhéinrialáil chun dea-chleachtais a shainiú.

Leis an togra, meabhraítear gur cheart freisin ceanglais slándála arna bhforchur leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais a áirithiú nuair a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha a seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile a sheachfhoinsiú, lena náirítear i mBallstát eile. Meabhraíonn sé freisin na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Treoir maidir le slándáil gréasán agus faisnéise chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais slándála a thacaíonn le feidhmiú an Rialacháin seo freisin. Anuas air sin, in ainneoin go gceanglófaí leis an togra go mbeadh ar údaráis phoiblí na mBallstát bearta a dhéanamh mar thoradh ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt/athbhreithniú a dhéanamh, na ceanglais maidir le trédhearcacht agus comhar riaracháin, ceapadh an togra chun na bearta sin a laghdú a oiread agus is féidir sa chaoi nach mbainfidh siad ach leis na riachtanais is tábhachtaí comhair agus, ar an dóigh sin, nach mbeidh ualach riaracháin nach gá ann.

Trí chreat soiléir a chur ar bun maille féinrialáil agus comhar leis na Ballstáit agus eatarthu , tá sé mar aidhm ag an togra an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus na leibhéil mhuiníne a mhéadú agus, ag an am céanna, a bheith ábhartha agus éifeachtach san fhadtéarma a bhuí le solúbthacht an chreata comhair, bunaithe ar na pointí teagmhála aonair sna Ballstáit.

Tá sé de rún ag an gCoimisiún grúpa saineolaithe a chur ar bun chun comhairle a chur air maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

An rogha ionstraime

Cuireann an Coimisiún togra ar aghaidh le haghaidh Rialachán lena bhféadfar a áirithiú go mbeidh rialacha comhionanna maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta i bhfeidhm ar fud an Aontais ag an am céanna. Tá sé seo tábhachtach, go háirithe, chun deireadh a chur le srianta atá ann cheana agus chun cosc a chur le srianta nua a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme, chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú do na soláthraithe seirbhíse agus na húsáideoirí lena mbaineann agus, ar an dóigh sin, muinín as sreabha sonraí trasteorann mar aon le stóráil sonraí agus seirbhísí eile próiseála sonraí a mhéadú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Le linn an chéad bhabhta bailithe fianaise, rinneadh comhairliúchán poiblí in 2015 faoin timpeallacht rialála maidir le hardáin, idirghabhálaithe ar líne, sonraí agus néalríomhaireacht, agus maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch. Bhí dhá thrian de na freagróirí agus iad dáilte go cothrom thar ghrúpaí uile na bpáirtithe leasmhara, FBManna san áireamh, den tuairim go ndearna srianta ar logánú sonraí difear dá straitéis ghnó 19 . I measc na ngníomhaíochtaí eile bailithe faisnéise bhí cruinnithe agus imeachtaí, ceardlanna spriocdhírithe le príomhpháirtithe leasmhara, (Rogh-Ghrúpa Tionsclaíochta na Néalríomhaireachta cuir i gcás), agus ceardlanna tiomnaithe i gcomhthéacs na staidéar a rinneadh.

Mar chuid den dara babhta bailithe fianaise, ó dheireadh 2016 go dtí an dara leath de 2017, bhí comhairliúchán poiblí a seoladh i gcomhthéacs na Teachtaireachta “Geilleagar Eorpach sonraíbhunaithe a chur ar bun” an 10 Eanáir 2017. De réir na bhfreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí, bhí 61.9 % de na páirtithe leasmhara den tuairim gur cheart deireadh a chur le srianta logánaithe sonraí. Bhí tromlach na bpáirtithe leasmhara rannpháirteacha, mar atá 55.3 % de na freagróirí, den tuairim gurb í gníomhaíocht reachtach an ionstraim is iomchuí chun dul i ngleic le srianta logánaithe nach bhfuil údar leo. Thug cuid díobh sin le fios go sainráite gur theastaigh Rialachán uathu 20 . Ba iad na soláthraithe seirbhíse TF, idir bheag agus mhór, atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, is mó a thacaigh le gníomhaíocht reachtach. Ina theannta sin, d’aithin na páirtithe leasmhara tionchar diúltach na srianta logánaithe sonraí. Le cois costais níos airde ar ghnólachtaí dá ndeasca, bíonn tionchar diúltach ag na srianta ar an tseirbhís a sholáthraítear d’eintitis phríobháideacha agus phoiblí (bhí 69.6 % de na páirtithe leasmhara rannpháirteacha uile den tuairim gur iarmhairt “mhór” é) nó bíonn tionchar ag na srianta ar an gcumas dul isteach i margadh nua (bhí 73.9 % de na páirtithe leasmhara a thug freagra den tuairim gur iarmhairt “mhór” é). Freagraíonn páirtithe leasmhara ó chúlraí difriúla na ceisteanna sin i gcéatadáin chomhchosúla. Léirigh an comhairliúchán poiblí ar líne freisin gur fadhb fhorleathan é aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile, óir thug 56.8 % de na freagróirí ó FBManna le fios go raibh deacrachtaí acu nuair a theastaigh uathu aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile.

Chuidigh na cruinnithe idirphlé struchtúraigh leis na Ballstáit chun teacht ar thuiscint choiteann ar na dúshláin. I litir a cuireadh chuig an Uachtarán Tusk, d’iarr 16 Bhallstát go sainráite togra reachtach a thabhairt isteach.

Leis an togra, cuirtear san áireamh roinnt údar imní ar dhírigh na Ballstáit agus an tionscal aird orthu, go háirithe an gá atá le prionsabal cothrománach maidir le saorghluaiseacht sonraí lena náirithítear deimhneacht dhlíthiúil; dul chun cinn a dhéanamh maidir le hinfhaighteacht sonraí chun críocha rialála; éascaíocht a dhéanamh d’úsáideoirí gairmiúla aistriú ó sholáthraí seirbhíse stórála sonraí nó seirbhíse próiseála eile amháin go soláthraí seirbhíse stórála sonraí nó seirbhíse próiseála eile agus sonraí a phortáil trí níos mó trédhearcachta a spreagadh maidir leis na nósanna imeachta conarthacha agus na coinníollacha conarthacha is infheidhme, ach gan caighdeáin nó oibleagáidí ar leith a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse ag an gcéim seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baineadh leas as staidéir dhlíthiúla agus staidéir eacnamaíocha i dtaca le gnéithe éagsúla den tsoghluaisteacht sonraí, lena náirítear ceanglais logánaithe sonraí 21 , soláthraithe a mhalartú/sonraí a phortáil 22 agus slándáil sonraí 23 . Rinneadh tuilleadh staidéar a choimisiúnú ar thionchar na néalríomhaireachta 24 agus ar a húsáid 25 agus, chomh maith leis sin, ar an margadh sonraí Eorpach 26 . Rinneadh staidéir freisin ina ndearnadh iniúchadh ar ghníomhaíochtaí comhrialála nó féinrialála in earnáil na néalríomhaireachta 27 . Bhain an Coimisiún úsáid as foinsí seachtracha breise freisin, lena náirítear athbhreithnithe margaidh agus staitisticí (e.g. Eurostat).

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair maidir leis an togra seo. Rinneadh an tacar roghanna seo a leanas a mheas sa mheasúnú tionchair: cás bunlíne (gan aon idirghabháil beartais) agus trí rogha beartais. I Rogha 1 bhí treoirlínte agus/nó féinrialáil chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna difriúla atá aitheanta agus ba é a bhí i gceist an forfheidhmiú a neartú i dtaobh catagóirí difriúla srianta logánaithe sonraí, arna bhforchur ag na Ballstáit, nach bhfuil údar leo nó atá díréireach. Le Rogha 2, leagfaí síos prionsabail dlí maidir leis na fadhbanna difriúla atá aitheanta agus mheasfaí go nainmneodh na Ballstáit pointí teagmhála aonair agus go gcuirfí grúpa saineolaithe ar bun chun cineálacha cur chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a phlé agus chun treoir a thabhairt maidir leis na prionsabail a thabharfaí isteach leis an rogha seo. Rinneadh Forogha 2a a mheas freisin chun go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar theaglaim de bhearta reachtaíochta lena gcuirfí ar bun creat maidir le saorshreabhadh sonraí agus na pointí teagmhála aonair agus grúpa saineolaithe chomh maith le bearta féinrialála lena dtabharfaí aghaidh ar phortáil sonraí. Le Rogha 3, thabharfaí isteach tionscnamh reachtach mionsonraithe chun, inter alia, measúnuithe (comhchuibhithe) réamhshainithe a chur ar bun le deimhniú céard is srian logánaithe sonraí a bhfuil nó nach bhfuil údar leis agus atá comhréireach nó díréireach, agus le ceart nua chun sonraí a phortáil a leagan síos.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an chéad tuairim uaidh maidir leis an measúnú tionchair an 28 Meán Fómhair 2016 agus d’iarr sé go gcuirfí faoina bhráid athuair é. Rinneadh an measúnú tionchar a athbhreithniú ina dhiaidh sin agus cuireadh é faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála athuair an 11 Lúnasa 2017. Sa dara tuairim uaidh, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire an leathnú ar an raon feidhme, mar thoradh ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún (2017) 9 maidir le Geilleagar Eorpach sonraíbhunaithe a chur ar bun, chomh maith leis an ábhar breise maidir le tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus maidir leis na heasnaimh sa chreat atá ann faoi láthair. Thug an Bord an dara tuairim dhiúltach uaidh, áfach, an 25 Lúnasa 2017 inar tarraingíodh aird ar leith ar an easnamh fianaise chun tacú le ceart nua chun inaistritheacht néalseirbhísí. I gcomhréir lena chleachtais oibríochtúla, mheas an Bord go raibh an tuairim sin uaidh críochnaitheach.

Bhí an Coimisiún den tuairim go raibh sé tráthúil togra a chur síos agus, ag an am céanna, an anailís uaidh ar an measúnú tionchair a fheabhsú chun aird chuí a thabhairt ar na barúlacha a nocht an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa dara tuairim uaidh. Tá raon feidhme an togra teoranta do shaorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach. I gcomhréir le cinneadh an Bhoird gur cosúil go léiríonn an fhianaise gur fearr, i dtaca le sonraí a phortáil, rogha ar lú a hualach, cuireadh i leataobh an rogha thosaíochta a cuireadh chun cinn sa mheasúnú tionchair i dtosach go mbeadh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe aistriú nó portáil sonraí úsáideoirí a éascú. Ina áit sin, choinnigh an Coimisiún rogha nach bhfuil an tualach céanna ag baint léi a chuimsíonn bearta féinrialála arna néascú ag an gCoimisiún. Tá an togra comhréireach agus is lú an tualach a bhaineann leis toisc nach gcruthaítear leis ceart nua chun sonraí a phortáil idir soláthraithe stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile ach tá sé ag brath ar an bhféinrialáil i gcomhair trédhearcacht maidir leis na coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla a bhaineann le hinaistritheacht sonraí.

Sa togra freisin, cuireadh san áireamh tuairim an Bhoird chun a áirithiú nach mbeidh forluí ná dúbláil ann i dtaca leis an athbhreithniú ar shainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (ENISA) agus creat Eorpach cibearshlándála TFC a chur ar bun.

Léiríodh sa mheasúnú tionchair go ndéanfadh an rogha thosaíochta, Forogha 2a, deimhin de go gcuirfí deireadh ar bhealach éifeachtach le srianta logánaithe atá ann cheana agus nach bhfuil údar leo agus go gcuirfí cosc ar bhealach éifeachtach leis na srianta sin amach anseo, de thoradh prionsabal soiléir dlí a chur i bhfeidhm agus faoi réir ceanglais maidir le hathbhreithniú, fógra agus trédhearcacht agus, ag an am céanna, deimhneacht dhlíthiúil agus muinín sa mhargadh a fheabhsú. Bheadh an tualach ar na húdaráis phoiblí sna Ballstáit réasúnta, thart ar EUR 33 000 in aghaidh na bliana ó thaobh an chostais ar acmhainní daonna chun na pointí teagmhála aonair a chothú chomh maith le costas bliantúil idir EUR 385 agus EUR 1 925 chun fógraí a ullmhú.

Beidh tionchar dearfach ag an togra ar an iomaíochas óir, a bhuí leis, spreagfar an nuálaíocht i seirbhísí stórála sonraí agus seirbhísí próiseála eile, meallfar níos mó úsáideoirí chuig na seirbhísí sin agus beidh sé i bhfad níos éasca, do sholáthraithe nua agus beaga go háirithe, dul isteach i margaí nua. Lena chois sin, déanfar leis an togra an úsáid trasteorann agus trasearnála a bhainfear as seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile agus forbairt an gheilleagair shonraíbhunaithe a chur chun cinn. Leis an togra, mar sin, tabharfar cabhair chun an tsochaí agus an geilleagar a athrú ó bhonn agus cuirfear deiseanna nua ar fáil do shaoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí san Eoraip.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Baineann an togra le saoránaigh, le riaracháin náisiúnta agus le gach fiontar, lena náirítear micrifhiontair agus FBManna. Féadfaidh gach fiontar leas a bhaint as na forálacha lena dtugtar aghaidh ar chonstaicí i soghluaisteacht sonraí. Rachaidh an togra chun sochair do FBManna go háirithe óir, a bhuí le saorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta, tiocfaidh laghdú díreach ar a gcostais agus tabharfar seasamh níos iomaíche dóibh sa mhargadh. I gcás ina ndéanfaí FBManna a dhíolmhú ó na rialacha, bhainfí an bonn óna néifeachtacht óir is sciar tábhachtach de na soláthraithe stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile iad FBManna agus is iad is mó a chuireann nuálaíocht chun cinn sna margaí sin. Anuas air sin, toisc nach dócha go mbeidh na costais de thoradh na rialacha rómhór, níor cheart micrifhiontair ná FBManna a eisiamh óna raon feidhme

Cearta bunúsacha

Leis an Rialachán atá beartaithe, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ag an Rialachán atá beartaithe ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16) toisc go gcabhródh sé bacainní ar úsáid agus ar sholáthar seirbhísí sonraí, amhail néalseirbhísí mar aon le córais inmheánacha TF a chumrú, a bhaint agus cosc a chur leo, ar bacainní iad nach bhfuil údar leo nó atá díréireach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

De thoradh leithdháileadh acmhainní daonna le haghaidh an chomhair idir na Ballstáit trí bhíthin “na bpointí aonair teagmhála”, agus chun na forálacha maidir le fógra, athbhreithniú agus trédhearcacht a chomhlíonadh, beidh ualach riaracháin measartha i gceist d’údaráis phoiblí na mBallstát.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar meastóireacht chuimsitheach cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha d’fhonn a néifeachtacht agus a gcomhréireacht a mheas. Déanfar an mheastóireacht sin i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr.

Sa mheastóireacht caithfear, go háirithe, scrúdú a dhéanamh féachaint ar chuidigh an Rialachán chun líon agus raon feidhme na srianta logánaithe a laghdú agus chun cur le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht na gceanglas (a bhfuil údar leo agus atá comhréireach) atá fágtha. Ní mór a mheas sa mheastóireacht freisin ar chuidigh an tionscnamh beartais chun an mhuinín i saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta a fheabhsú, an féidir leis na Ballstáit rochtain a bheith acu, ar bhealach réasúnach, ar shonraí atá stóráilte i dtír iasachta chun críocha rialú rialála agus ar tháinig feabhas ar an trédhearcacht maidir le coinníollacha i gcomhair sonraí a phortáil trí bhíthin an Rialacháin.

Tá sé beartaithe gur cheart go bhfeidhmeodh na pointí teagmhála aonair mar fhoinse luachmhar faisnéise le linn chéim mheastóireachta ex post na reachtaíochta.

Bheadh feidhm ag táscairí sonracha (mar atá molta sa mheasúnú tionchair) chun an dul chun cinn sna réimsí sin a thomhas. Tá sé beartaithe freisin úsáid a bhaint as sonraí Eurostat agus as an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach. D’fhéadfaí eagrán speisialta den Eorabharaiméadar a mheas chun na críche sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 go hAirteagal 3, sonraítear cuspóir an togra, raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin agus na sainmhínithe is infheidhme chun críocha an Rialacháin.

Le hAirteagal 4, bunaítear prionsabal na saorghluaiseachta i dtaca le sonraí neamhphearsanta san Aontas. A bhuí leis an bprionsabal sin, déantar aon cheanglas logánaithe sonraí a thoirmeasc, ach amháin i gcás ina bhfuil údar leis ar fhoras na slándála poiblí. In Airteagal 4 chomh maith, tá foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais atá ann cheana, maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh ceanglais atá fágtha agus ceanglais nua, agus maidir le bearta trédhearcachta.

Is é is aidhm d’Airteagal 5 infhaighteacht sonraí ar mhaithe le rialú rialála ag údaráis inniúla a áirithiú. Chuige sin, ní fhéadfaidh úsáideoirí diúltú rochtain ar shonraí a chur ar fáil d’údaráis inniúla ar an mbonn go ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile i mBallstát eile. I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil gach modh is infheidhme chun rochtain a fháil ar na sonraí, féadfaidh an túdarás inniúil sin cúnamh a iarraidh ar údarás i mBallstát eile, mura bhfuil sásra comhair sonrach ann.

In Airteagal 6, sonraítear go spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí gairmiúla chun cóid iompair a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina dtabharfar an fhaisnéis faoi choinníollacha maidir le sonraí a phortáil, lena náirítear ceanglais theicniúla agus oibríochtúla, ar cheart do sholáthraithe a chur ar fáil do na húsáideoirí gairmiúla atá acu ar bhealach atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach a dhóthain sula dtabharfar conradh i gcrích. Déanfaidh an Coimisiún forbairt agus cur chun feidhme éifeachtach na gcód sin a athbhreithniú dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

De bhun Airteagal 7, ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair agus déanfaidh an pointe teagmhála aonair sin idirchaidreamh le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déantar foráil in Airteagal 7 freisin maidir leis na coinníollacha nós imeachta is infheidhme i leith an chúnaimh idir údaráis inniúla dá bhforáiltear faoi Airteagal 5.

De réir Airteagal 8, tabharfaidh an Coiste maidir le Saorshreabhadh Sonraí cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

In Airteagal 9, sonraítear go ndéanfar athbhreithniú laistigh de chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Foráiltear in Airteagal 10 go mbeidh feidhm ag an Rialachán sé mhí tar éis lá a fhoilsithe.

2017/0228 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 28 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 29 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá borradh faoi dhigitiú an gheilleagair. Ní earnáil ar leith í earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a thuilleadh ach is í is bonn leis na córais agus na sochaithe eacnamaíocha nuálacha nuaaimseartha uile. I gcroílár na gcóras sin tá sonraí leictreonacha agus is féidir leo luach mór a ghiniúint nuair a dhéantar iad a anailísiú nó a cheangal le seirbhísí agus táirgí.

(2)Bunaítear slabhraí luacha sonraí ar ghníomhaíochtaí sonraí éagsúla: cruthú agus bailiú sonraí; comhiomlánú agus eagrú sonraí; stóráil agus próiseáil sonraí; anailísiú sonraí, margaíocht agus dáileachán; úsáid agus athúsáid sonraí. Is bunchloch de shlabhra luacha sonraí ar bith stóráil sonraí agus próiseáil eile sonraí ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil. Mar sin féin, bíonn bac ar fheidhmiú agus ar fhorbairt éifeachtach éifeachtúil an gheilleagair shonraíbhunaithe san Aontas i ngeall ar dhá chineál constaice a bhíonn roimh shoghluaisteacht sonraí agus roimh an margadh inmheánach.

(3)Tá feidhm ag an tsaoirse bunaíochta agus ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile. Mar sin féin, cuirtear bac ar sholáthar na seirbhísí sin nó cuirtear cosc leo uaireanta i ngeall ar cheanglais náisiúnta áirithe i dtaca le sonraí a bheith suite ar chríoch ar leith.

(4)Eascraíonn na constaicí sin a bhíonn roimh shaorghluaiseacht seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile agus roimh cheart bunaíochta soláthraithe stórála sonraí nó próiseála eile sonraí as ceanglais i ndlíthe náisiúnta na mBallstát sonraí a shuí ar chríoch shonrach gheografach chun críche stórála nó próiseála eile. Bíonn éifeacht choibhéiseach ag rialacha nó cleachtais riaracháin eile trí cheanglais shonracha a chur i bhfeidhm a dhéanann níos deacra é sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile lasmuigh de limistéar nó críoch shonrach gheografach laistigh den Aontas, amhail ceanglais maidir le saoráidí teicneolaíochta a úsáid arna ndeimhniú nó arna bhformheas laistigh de Bhallstát ar leith. Cuirtear teorainn bhreise leis na roghanna atá ar fáil do ghníomhaithe sa mhargadh agus don earnáil phoiblí i dtaca le suíomh stórála sonraí nó próiseála eile sonraí i ngeall ar an éiginnteacht dhlíthiúil i dtaca le fairsinge na gceanglas logánaithe sonraí, idir cheanglais dhlisteanacha agus neamhdhlisteanacha.

(5)Ag an am céanna, tá srianta príobháideacha ann a chuireann isteach ar shoghluaisteacht sonraí san Aontas: saincheisteanna dlíthiúla, conarthacha agus teicniúla a chuireann bac nó cosc le húsáideoirí seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile a sonraí a phortáil ó sholáthraí seirbhíse amháin go dtí soláthraí seirbhíse eile nó ar ais chuig a gcórais TF féin, thar aon ní eile nuair a chuirtear deireadh lena gconradh le soláthraí seirbhíse.

(6)Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus mar gheall ar an ngá le cothrom iomaíochta laistigh den Aontas, is príomheilimint le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh é tacar aonair rialacha a bheith ann le haghaidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Chun deireadh a chur leis na constaicí atá roimh thrádáil agus leis an saobhadh ar iomaíochas de thoradh dlíthe náisiúnta a bheith dibhéirseach, agus chun cosc a chur leis na constaicí féideartha sin ar thrádáil agus le saobhadh suntasach ar an iomaíochas, tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh is infheidhme i ngach Ballstát.

(7)Chun creat a chur ar bun le haghaidh saorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta san Aontas agus chun bonn a leagan síos d'fhonn an geilleagar sonraíbhunaithe a fhorbairt agus iomaíochas an tionscail Eorpaigh a fheabhsú, tá sé riachtanach creat dlí soiléir cuimsitheach intuartha a leagan síos le haghaidh stóráil nó próiseáil eile sonraí, cé is moite de shonraí pearsanta, sa mhargadh inmheánach. D'áiritheofaí solúbthacht an chreata ach cur chuige prionsabalbhunaithe a bheith i bhfeidhm lena ndéanfaí foráil maidir le comhar i measc na mBallstát agus maidir le féinrialáil, agus chuirfí san áireamh ansin riachtanais athraitheacha úsáideoirí, forbróirí agus údarás náisiúnta san Aontas. Chun forluí le sásraí atá i bhfeidhm cheana a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, chun ualaí níos mó a sheachaint do na Ballstáit agus do ghnólachtaí, níor cheart rialacha mionsonraithe teicniúla a leagan síos.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le daoine dlítheanacha nó nádúrtha a sholáthraíonn seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile d'úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó a bhfuil bunaíocht acu ann, lena náirítear na daoine sin a sholáthraíonn seirbhísí san Aontas gan bunaíocht a bheith acu san Aontas.

(9)Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don chreat dlíthiúil maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 30 , Treoir (AE) 2016/680 31 agus Treoir 2002/58/CE 32 .

(10)Faoi Rialachán (AE) 2016/679, ní fhéadfaidh na Ballstáit srian ná toirmeasc a chur ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Bunaítear leis an Rialachán seo prionsabal céanna na saorghluaiseachta laistigh den Aontas le haghaidh sonraí neamhphearsanta ach amháin i gcás ina mbeadh údar le srian nó toirmeasc ar chúiseanna slándála.

(11)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le stóráil sonraí agus próiseáil eile sonraí sa chiall is leithne, lena gcuimsítear an úsáid a bhaintear as gach cineál córais TF, bíodh siad suite in áitreabh an úsáideora nó seachfhoinsithe chuig soláthraí stórála sonraí nó seirbhíse próiseála eile. Ba cheart a chumhdach sa Rialachán próiseáil sonraí ar leibhéil éagsúla déine, idir stóráil sonraí (Seirbhís bonneagair (IaaS)) agus phróiseáil sonraí ar ardáin (Seirbhís ardán (PaaS)) nó i bhfeidhmchláir (Seirbhís bogearra (SaaS)). Ba cheart na seirbhísí sin a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i gcás nach bhfuil sna seirbhísí stórála nó sna seirbhísí próiseála eile ach seirbhísí atá coimhdeach le seirbhís de chineál eile e.g. margadh ar líne a chur ar fáil a dhéanann idirghabháil idir soláthraithe seirbhíse agus tomhaltóirí nó úsáideoirí gnó.

(12)Is léir gur bacainn iad na ceanglais logánaithe sonraí ar an margadh inmheánach agus ar shaorsholáthar seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile ar fud an Aontais. Ar an ábhar sin, ba cheart cosc a chur orthu ach amháin má tá údar leo ar fhoras na slándála poiblí, mar a shainítear i ndlí an Aontais é, agus go háirithe in Airteagal 52 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus má urramaíonn siad prionsabal na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha, chun a áirithiú go mbaintear na ceanglais logánaithe sonraí go gasta agus chun stóráil nó próiseáil eile sonraí i suíomhanna éagsúla san Aontas Eorpach a éascú ar chúiseanna oibríochtúla, agus ós rud é go ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le bearta chun infhaighteacht sonraí a áirithiú chun críocha rialú rialála, níor cheart go mbeadh na Ballstáit in ann aon údar seachas slándáil phoiblí a agairt.

(13)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an phrionsabail maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha a áirithiú, agus chun cosc a chur le teacht chun cinn bacainní nua ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaca le haon dréachtghníomh ina bhfuil ceanglas nua logánaithe sonraí nó lena modhnaítear ceanglas logánaithe sonraí atá ann cheana. Ba cheart na fógraí sin a thíolacadh agus a mheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 33 .

(14)Ina theannta sin, chun fáil réidh le bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais logánaithe sonraí atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta thar idirthréimhse 12 mhí, agus fógra, mar aon le húdar, a thabhairt don Choimisiún maidir le haon cheanglas logánaithe sonraí a mheasann siad a chomhlíonann an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, a bhuí leis na fógraí sin, measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann aon cheanglais logánaithe sonraí eile an Rialachán seo.

(15)Chun trédhearcacht ceanglas logánaithe sonraí a áirithiú sna Ballstáit le haghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, amhail soláthraithe agus úsáideoirí seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis faoi na bearta sin a fhoilsiú ar phointe faisnéise aonair ar líne agus í a nuashonrú go rialta. Chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chur ar an eolas go hiomchuí faoi cheanglais logánaithe sonraí ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi sheoltaí na bpointí faisnéise ar líne sin. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin féin.

(16)Is minic a bhíonn ceanglais logánaithe sonraí mar bhonn le heaspa muiníne i stóráil sonraí nó próiseáil eile sonraí trasteorann, rud a eascraíonn as an toimhde nach mbíonn sonraí ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát chun críocha imscrúdaithe agus iniúchta, nó rialú rialála nó maoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos go soiléir leis an Rialachán seo nach ndéanann sé difear do chumhachtaí na núdarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh agus a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus nach féidir rochtain na núdarás inniúil ar shonraí a dhiúltú ar an mbonn go ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile i mBallstát eile.

(17)Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí sonraí a sholáthar do na húdaráis inniúla, is féidir leo na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh trí rochtain leictreonach thráthúil éifeachtach a sholáthar agus a ráthú do na húdaráis inniúla, gan beann ar cén Ballstát a ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile ar a chríoch. Féadfar an rochtain sin a áirithiú trí théarmaí agus coinníollacha coincréiteacha a leagan síos i gconarthaí idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na hoibleagáide rochtain a sholáthar agus soláthraí na seirbhíse stórála sonraí nó seirbhíse próiseála eile.

(18)I gcás nach gcomhlíonann an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir oibleagáidí sonraí a sholáthar na hoibleagáidí sin, agus más rud é gur bhain údarás inniúil triail as gach modh is infheidhme chun rochtain a fháil ar na sonraí, ba cheart go mbeadh an túdarás inniúil in ann cúnamh a lorg ó údaráis inniúla i mBallstáit eile. Sna cásanna sin, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as ionstraimí comhair sonracha i ndlí an Aontais nó i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, ag brath ar an ábhar i gcás ar leith, amhail, i réimse an chomhair póilíneachta, an bhreithiúnais choiriúil nó shibhialta nó in ábhair riaracháin, Cinneadh Réime 2006/960 34 , Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht 36 , Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle 37 , Treoir 2006/112/CE ón gComhairle 38 agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle 39 . In éagmais na sásraí sonracha comhair sin, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile d'fhonn rochtain a sholáthar ar na sonraí atá á lorg, trí phointí teagmhála aonair ainmnithe, ach amháin dá mbeadh sé sin contrártha d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha.

(19)I gcás ina bhfágfaidh iarraidh ar chúnamh go bhfaighidh údarás iarrtha rochtain ar aon áitreabh a bhaineann le duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear trealamh agus modhanna stórála sonraí nó trealamh agus modhanna próiseála eile, ní mór an rochtain sin a bheith i gcomhréir le dlí nós imeachta an Aontais nó an Bhallstáit, lena náirítear aon cheanglas maidir le húdarú breithiúnach a fháil roimh ré.

(20)Más féidir sonraí a phortáil gan bhac, éascófar an rogha úsáideora agus iomaíocht éifeachtach ar mhargaí i ndáil le seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile. Na deacrachtaí iarbhír, nó na deacrachtaí a mheastar atá ann, maidir le sonraí a phortáil thar theorainneacha, baineann siad an bonn freisin ó mhuinín úsáideoirí gairmiúla i dtaca le glacadh le tairiscintí trasteorann agus óna muinín sa mhargadh inmheánach dá bhrí sin. Cé go mbaineann daoine nádúrtha agus tomhaltóirí tairbhe as an reachtaíocht de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair, ní chuirtear ar chumas úsáideoirí aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí seirbhíse eile agus iad i mbun gnó nó gníomhaíochtaí gairmiúla.

(21)Chun buntáiste iomlán a bhaint as timpeallacht na hiomaíochta, ba cheart go mbeadh úsáideoirí gairmiúla in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus comparáid éasca a dhéanamh idir comhpháirteanna aonair seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile atá á dtairiscint sa mhargadh inmheánach, lena náirítear maidir leis na coinníollacha conarthacha a bhaineann le sonraí a phortáil nuair a chuirtear deireadh le conradh. Chun go mbeidh siad ag teacht le poitéinseal nuálaíochta an mhargaidh agus d'fhonn taithí agus saineolas soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na seirbhísí stórála sonraí nó na seirbhísí próiseála eile a chur san áireamh, ba cheart do ghníomhaithe sa mhargadh an fhaisnéis mhionsonraithe agus na ceanglais oibríochtúla maidir le portáil sonraí a shainiú trí fhéinrialú, arna spreagadh agus arna éascú ag an gCoimisiún, i bhfoirm cóid iompair de chuid an Aontais a bhféadfadh téarmaí conartha eiseamláirigh a bheith mar chuid díobh. Mar sin féin, mura gcuirtear na cóid iompair sin i bhfeidhm agus mura gcuirtear chun feidhme go héifeachtach iad laistigh de thréimhse réasúnta, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.

(22)D'fhonn comhar rianúil a chur chun cinn sna Ballstát, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú agus déanfaidh an pointe teagmhála aonair sin idirchaidreamh le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás ina niarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh ar Bhallstát eile chun rochtain a fháil ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh sé iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an phointe teagmhála aonair atá ainmnithe ag an mBallstát sin, lena náirítear míniú i scríbhinn ar an údar atá aige rochtain a iarraidh ar na sonraí agus an bunús dlí atá leis an iarraidh. Ba cheart don phointe teagmhála aonair arna ainmniú ag an mBallstát a bhfuil cúnamh á iarraidh air cúnamh idir na húdaráis a éascú tríd an iarraidh a shainaithint agus a tharchur chuig an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát iarrtha. Chun comhar éifeachtach a áirithiú, ba cheart don údarás a dtarchuirtear an iarraidh chuige cúnamh a thabhairt gan moill mhíchuí chun freastal ar iarraidh áirithe nó ba cheart dó faisnéis a sholáthar maidir le deacrachtaí i dtaca le freastal ar iarraidh ar chúnamh nó maidir leis an bhforas a bhí aige an iarraidh a dhiúltú.

(23)Chun cur chun feidhme éifeachtach an nós imeachta maidir le cúnamh idir údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach na foirmeacha caighdeánacha, teangacha na niarrataí, teorainneacha ama nó sonraí eile na nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar chúnamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(24)Más fearr an mhuinín atá i slándáil stórála sonraí nó próiseála eile sonraí trasteorann, ba cheart gur lú claonadh a bheadh ag gníomhaithe sa mhargadh agus ag an earnáil phoiblí logánú sonraí a úsáid in áit slándáil sonraí. Ba cheart go bhfeabhsófaí freisin an deimhneacht dhlíthiúil do chuideachtaí maidir leis na ceanglais slándála is infheidhme nuair atá a ngníomhaíochtaí stórála sonraí nó gníomhaíochtaí próiseála eile á seachfhoinsiú acu, lena náirítear chuig soláthraithe seirbhíse i mBallstáit eile.

(25)Aon cheanglais slándála a bhaineann le stóráil sonraí nó le próiseáil eile sonraí a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach comhréireach a bhfuil údar leis, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais sa Bhallstát a bhfuil cónaí ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann na sonraí ann, nó a bhfuil bunaíocht acu ann, ba cheart go leanfadh na ceanglais slándála sin d'fheidhm a bheith acu maidir le stóráil nó le próiseáil eile na sonraí sin i mBallstát eile Ba cheart go mbeadh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh iad féin nó trí chlásail chonarthacha i gconarthaí le soláthraithe.

(26) Ceanglais slándála a leagtar síos ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart gá a bheith leo agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis an mbaol atá ann do shlándáil na stórála sonraí nó na próiseála eile sonraí sa réimse a thagann faoi raon feidhme an dlí náisiúnta ina leagtar síos na ceanglais sin.

(27)I dTreoir 2016/1148 41 , déantar foráil maidir le bearta dlíthiúla chun leibhéal foriomlán na cibearshlándála san Aontas a neartú. Ceann amháin de na seirbhísí digiteacha a chumhdaítear leis an Treoir sin is ea seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile . De réir Airteagal 16 den Treoir sin, caithfidh na Ballstáit a áirithiú go sainaithneoidh soláthraithe seirbhíse digití na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí don tslándáil gréasán agus córas faisnéise a úsáideann siad a bhainistiú agus go gcuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm. Ba cheart leibhéal slándála a áirithiú leis na bearta sin is iomchuí don riosca atá ann, agus ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin slándáil na gcóras agus na saoráidí, láimhseáil teagmhas, bainistiú leanúnachais gnó, faireachán, iniúchadh agus tástáil, agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún na gnéithe sin a shonrú a thuilleadh i ngníomhartha cur chun feidhme faoin Treoir sin.

(28)Ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú go tráthrialta, go háirithe d’fhonn an gá atá le modhnuithe a mheas i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí ar an margadh.

(29)Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe, agus ba cheart é a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, lena náirítear na cearta chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16), agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 11).

(30)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon saorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta a áirithiú laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Féachtar leis an Rialachán seo saorghluaiseacht sonraí nach sonraí pearsanta iad a áirithiú laistigh den Aontas trí rialacha a leagan síos maidir le ceanglais logánaithe sonraí, infhaighteacht sonraí d’údaráis inniúla agus portáil sonraí d’úsáideoirí gairmiúla.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le stóráil nó próiseáil eile sonraí leictreonacha, cé is moite de shonraí pearsanta, san Aontas, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inar seirbhís í a chuirtear ar fáil mar sheirbhís d’úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó a bhfuil bunaíocht acu ann, cibé acu an bhfuil an soláthraí bunaithe san Aontas nó nach bhfuil, nó

(b)i gcás inar seirbhís í a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air san Aontas nó a bhfuil bunaíocht aige ann dá chuid riachtanas féin.

2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn “sonraí” sonraí cé is moite de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679;

2.ciallaíonn “stóráil sonraí” aon stóráil sonraí i bhformáid leictreonach;

3.ciallaíonn “dréachtghníomh” téacs a cheaptar d’fhonn é a achtú mar fhoráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chineál ginearálta, agus ar téacs é atá ag céim an ullmhúcháin a bhféadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra leasuithe substainteacha a dhéanamh air lena linn;

4.ciallaíonn “soláthraí” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí stórála sonraí nó seirbhísí próiseála eile;

5.ciallaíonn “ceanglas logánaithe sonraí” aon oibleagáid, toirmeasc, coinníoll, teorainn nó ceanglas eile dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát, a fhorchuireann an suíomh ina ndéantar sonraí a stóráil nó ina ndéantar próiseáil eile orthu i gcríoch Ballstáit ar leith nó a chuireann bac ar stóráil sonraí nó ar phróiseáil eile sonraí in aon Bhallstát eile;

6.ciallaíonn “údarás inniúil” údarás de chuid Ballstáit a bhfuil an chumhacht aige rochtain a fháil ar shonraí a stórálann nó a phróiseálann duine nádúrtha nó dlítheanach i bhfeidhmiú a dhualgas oifigiúil, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

7.ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann nó a iarrann seirbhís stórála sonraí nó seirbhís próiseála eile;

8.ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear eintiteas earnála poiblí, a úsáideann nó a iarrann seirbhís stórála sonraí nó seirbhís próiseála eile chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

Airteagal 4
Saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas

1.Laistigh den Aontas, ní shrianfar an suíomh ina stórálfar sonraí nó ina ndéanfar próiseáil eile orthu do chríoch Ballstáit ar leith, agus ní chuirfear toirmeasc ar stóráil na sonraí sin ná ar phróiseáil eile a dhéanamh orthu in aon Bhallstát eile, agus ní chuirfear srian leo, ach amháin má tá údar leis ar fhoras na slándála poiblí.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtghníomh lena dtabharfar isteach ceanglas nua logánaithe sonraí nó faoi athruithe a dhéanfar ar cheanglas logánaithe sonraí atá ann cheana i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/1535 chun feidhme.

3.Laistigh de dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go naisghairfear aon cheanglas logánaithe sonraí nach bhfuil i gcomhréir le mír 1. Má mheasann Ballstát go bhfuil ceanglas logánaithe sonraí i gcomhréir le mír 1 agus go bhféadfaidh sé, ar an ábhar sin, fanacht i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin mbeart sin, maille an túdar leis an gceanglas sin a choinneáil i bhfeidhm.

4.Cuirfidh na Ballstáit na mionsonraí maidir le haon cheanglas logánaithe sonraí is infheidhme ar a gcríoch féin ar fáil go poiblí ar líne trí phointe faisnéise aonair a choinneoidh siad cothrom le dáta.

5.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le seoladh an phointe faisnéise aonair atá acu dá dtagraítear i mír 4. Foilseoidh an Coimisiún na naisc chuig na pointí sin ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 5
Infhaighteacht sonraí d’údaráis inniúla

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí na núdarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh agus a fháil chun a ndualgais oifigiúla a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní fhéadfar rochtain ar shonraí d’údaráis inniúla a dhiúltú ar an mbonn go ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile i mBallstát eile.

2.I gcás ina bhfuil triail bainte ag údarás inniúil as gach modh is infheidhme chun rochtain a fháil ar na sonraí, féadfaidh sé cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7, agus tabharfaidh an túdarás inniúil iarrtha cúnamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7, ach amháin dá mbeadh sé sin contrártha d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha.

3.I gcás ina bhfágfaidh iarraidh ar chúnamh go bhfaighidh údarás iarrtha rochtain ar aon áitreabh a bhaineann le duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear trealamh agus modhanna stórála sonraí nó trealamh agus modhanna próiseála eile, ní mór an rochtain sin a bheith i gcomhréir le dlí nós imeachta an Aontais nó an Bhallstáit.

4.Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin i gcás nach bhfuil aon sásra sonrach comhair ann faoi dhlí an Aontais nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta chun sonraí a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil.

Airteagal 6
Sonraí a phortáil

1.Déanfaidh an Coimisiún forbairt cód iompair féinrialála a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais, chun treoirlínte a shainiú maidir le deachleachtais le haghaidh aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile a éascú agus chun a áirithiú go soláthraítear sna treoirlínte sin faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach a dóthain d’úsáideoirí gairmiúla sula gcuirfear i gcrích conradh le haghaidh stóráil agus próiseáil sonraí, i dtaca leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a)na próisis, na ceanglais theicniúla, na tráthchláir agus na muirir a mbeidh feidhm acu i gcás ina dteastóidh ó úsáideoir gairmiúil aistriú chuig soláthraí eile nó sonraí a phortáil ar ais chuig a gcórais TF féin, lena náirítear na próisis agus suíomh aon chúltaca sonraí, na formáidí agus na tacaíochtaí sonraí atá ar fáil agus an chumraíocht TF agus an bandaleithead íosta líonra atá de dhíth; an tachar ama is gá sula gcuirfear tús leis an bpróiseas portála agus an tachar ama ar lena linn is féidir teacht go fóill ar na sonraí lena bportáil; agus na ráthaíochtaí chun rochtain a fháil ar shonraí i gcás fhéimheacht an tsoláthraí; agus

(b)na ceanglais oibríochtúla chun aistriú nó chun sonraí a phortáil i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín, lena dtabharfar a dhóthain ama don úsáideoir aistriú nó na sonraí a phortáil.

2.Spreagfaidh an Coimisiún na soláthraithe chun na cóid iompair dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fhorbairt agus cur chun feidhme éifeachtach na gcód iompair sin agus ar sholáthar éifeachtach faisnéise ó na soláthraithe tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 7
Pointí teagmhála aonair

1.Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair agus déanfaidh an pointe teagmhála aonair sin idirchaidreamh le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit na pointí teagmhála aonair ainmnithe in iúl don Choimisiún agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

2.Déanfaidh na Ballstáit deimhin de go mbeidh na hacmhainní is gá ag na pointí teagmhála aonair chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

3.I gcás ina niarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh ar Bhallstát eile chun rochtain a fháil ar shonraí de bhun mhír 2 d’Airteagal 5, cuirfidh sé iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an phointe teagmhála aonair atá ainmnithe ag an mBallstát sin, lena náirítear míniú i scríbhinn ar an údar atá aige rochtain a iarraidh ar na sonraí agus an bunús dlí atá leis an iarraidh.

4.Aithneoidh an pointe teagmhála aonair an túdarás inniúil lena mbaineann ina Bhallstát féin agus cuirfidh sé an iarraidh arna fáil gheofar de bhun mhír 3 ar aghaidh chuig an údarás inniúil sin. Déanfaidh an túdarás a gcuirfear an iarraidh faoina bhráid na nithe seo a leanas, gan moill mhíchuí:

(a)freagra a thabhairt ar an údarás inniúil iarrthach agus fógra a thabhairt don phointe teagmhála aonair faoin bhfreagra sin uaidh agus

(b)an pointe teagmhála aonair agus an túdarás inniúil iarrthach a chur ar an eolas faoi aon deacrachtaí nó, i gcás ina ndéanfar an iarraidh a dhiúltú nó freagra a thabhairt uirthi i bpáirt, faoi fhoras an diúltaithe sin nó an fhreagra i bpáirt sin.

5.Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil faoi mhír 2 d’Airteagal 5 ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh an fhaisnéis sin ina leith.

6.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach foirmeacha caighdeánacha, na teangacha na niarrataí, teorainneacha ama nó mionsonraí a bhaineann le nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar chúnamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 8
Coiste

1.Déanfaidh an Coiste maidir le Saorshreabhadh Sonraí cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9
Athbhreithniú

1.Tráth nach déanaí ná [5 bliana tar éis an dáta a luaitear in Airteagal 10(2)], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 10
Forálacha críochnaitheacha

3.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.Beidh feidhm ag an Rialachán seo sé mhí tar éis a fhoilsithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Is feidhmchlár intleachta saorga an mheaisínfhoghlaim a chuireann ar chumas córas foghlaim agus feabhsú go huathoibríoch óna dtaithí gan iad a bheith ríomhchláraithe go follasach chuige sin.
(2) COM(2017) 9, “Building a European Data Economy”, an 10 Eanáir 2017; féach freisin doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an Teachtaireacht, SWD(2017) 2 an 10 Eanáir 2017.
(3)

   IDC agus Open Evidence, European Data Market [An Margadh Sonraí Eorpach], Tuarascáil Chríochnaitheach, an 1 Feabhra 2017 (SMART 2013/0063).

(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún a glacadh an 10 Bealtaine 2017 (COM(2017) 228 final).
(5) Ar sheirbhísí eile próiseála sonraí, áirítear soláthraithe seirbhísí sonraíbhunaithe amhail anailísíocht sonraí, córais bainistithe sonraí, etc.
(6) COM/2015/0192 final.
(7) Ráiteas tosaigh ag seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2014.
(8) Treoir (CE) 2000/31 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa mhargadh inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(9) Treoir (CE) 2006/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(10) Staidéar ó LE Europe (SMART 2015/0016) agus Staidéar ó IDC (SMART 2013/0063).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, Lch. 89).
(13) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch 37).
(14) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(15) COM(2017) 228 final.
(16) COM(2016) 178 final, “an Tionscnamh Eorpach Néalríomhaireachta – Geilleagar iomaíoch sonraí agus eolais a fhorbairt san Eoraip”, an 19 Aibreán 2016
(17) COM(2017) 134 final, “an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – an Straitéis cur chun feidhme”, an 23 Márta 2017
(18) COM(2014) 72 final, “an Ról atá ag Beartas agus Rialachas Idirlín na hEorpa maidir le Rialachas Idirlín sa todhchaí a mhúnlú”, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=COM:2014:0072:FIN  
(19)

   Lorgaíodh tuilleadh fianaise eacnamaíche trí bhíthin staidéar ar thionchar eacnamaíoch na néalríomhaireachta san Eoraip (SMART 2014/0031, Deloitte, “Measuring the economic impact of cloud computing in Europe” [Tionchar eacnamaíoch na néalríomhaireachta san Eoraip a thomhas], 2016).

(20) Thug 289 bpáirtí leasmhara freagra ar an gceist ilrogha sin le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Níor cuireadh ceist ar na freagróirí faoin saghas gníomhaíochta reachtaí a bhí uathu, ach thapaigh 12 pháirtí leasmhara an deis, i dtrácht scríofa a chur siad leis ar a dtionscnamh féin, rialachán a iarraidh. Ba ghrúpa ilchineálach é an grúpa sin de pháirtithe leasmhara, ina raibh dhá Bhallstát, trí chomhlachas gnó, sé sholáthraí seirbhíse TF agus gnólacht dlí amháin.
(21) SMART 2015/0054, TimeLex, Spark agus Tech4i, “Cross-border Data Flow in the Digital Single Market: Study on Data Location Restrictions”, D5 [Sreabhadh sonraí trasteorann sa Mhargadh Aonair Digiteach: Staidéar maidir le srianta logánaithe sonraí, D5]. Tuarascáil Chríochnaitheach (ar siúl fós) [Staidéar TimeLex (SMART 2015/0054)]; SMART 2015/0016, London Economics Europe, Carsa agus CharlesRussellSpeechlys, “Facilitating cross border data flow in the Digital Single Market” [Sreabhadh sonraí trasteorann sa Mhargadh Aonair Digiteach a éascú], 2016 (ar siúl fós) [Staidéar ó LE Europe (SMART 2015/0016)].
(22) SMART 2016/0032, IDC agus Arthur’s Legal, “Switching between Cloud Service Providers” [Ag malartú idir Soláthraithe Seirbhíse Néalríomhaireachta], 2017 (ar siúl fós) [Staidéar ó IDC agus Arthur’s Legal (SMART 2016/0032)].
(23) SMART 2016/0029 (ar siúl fós), Tecnalia, “Certification Schemes for Cloud Computing”, D6.1 Inception Report [Scéimeanna um Dheimhniú i ndáil le Néalríomhaireacht, D6.1 Tuairisc Tionscanta]
(24) SMART 2014/0031, Deloitte, “Measuring the economic impact of cloud computing in Europe” [Tionchar eacnamaíoch na néalríomhaireachta san Eoraip a thomhas], 2016 [Deloitte Study (SMART 2014/0031)].
(25) SMART 2013/43, IDC, “Uptake of Cloud in Europe. Follow-up of IDC Study on Quantitative estimates of the demand for Cloud computing in Europe and the likely barriers to take-up” [An úsáid a bhaintear as an néalríomhaireacht san Eoraip. Obair leantach ar staidéar ó IDC maidir le meastacháin chainníochtúla an éilimh ar an néalríomhaireacht san Eoraip agus na bacainní dóchúla ar a húsáid], 2014, ar fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/newsroom/dae/document.cfm?doc_id=9742 ; SMART 2011/0045, IDC, “Quantitative Estimates of the Demand for Cloud Computing in Europe and the Likely Barriers to Uptake” [Meastacháin chainníochtúla an éilimh ar an néalríomhaireacht san Eoraip agus na bacainní dóchúla ar a húsáid] (Iúil 2012).
(26) SMART 2013/0063, IDC agus Open Evidence, “European Data Market. Data ownership and Access to Data - Key Emerging Issues” [An Margadh Sonraí Eorpach. Úinéireacht sonraí agus rochtain ar shonraí – saincheisteanna tábhachtacha atá ag teacht chun cinn], an 1 Feabhra 2017 [Staidéar ó IDC (SMART 2013/0063)].
(27) SMART 2015/0018, TimeLex, Spark, “Clarification of Applicable Legal Framework for Full, Co- or Self-Regulatory Actions in the Cloud Computing Sector” [Soiléiriú ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iomlána rialála, gníomhaíochtaí comhrialála nó gníomhaíochtaí féinrialála in earnáil na néalríomhaireachta] (ar siúl fós).
(28) IO C , , lch. .
(29) IO C , , lch. .
(30) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(31) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(32) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch 37).
(33) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(34) Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir údaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).
(35) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
(36) Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht, CETS Uimh. 185.
(37) Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).
(38) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(39) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha ( IO L 268, 12.10.2010 , lch. 1).
(40) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh leibhéal ard coiteann slándála gréasán agus córas faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1-30).