17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/21


TREOIR (AE) 2023/970 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, atá daingnithe ag na Ballstáit uile, go bhfuil na Stáit is Páirtithe leis na bearta iomchuí ar fad a dhéanamh chun go n-áiritheofar, inter alia, an ceart chun pá chomhionainn, lena n-áirítear sochair, agus chun córa comhionainne maidir le hobair ar luach comhionann, chomh maith le cóir chomhionann sa mheastóireacht ar cháilíocht na hoibre.

(2)

In Airteagal 2 agus Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cumhdaítear an ceart chun comhionannais idir mná agus fir mar cheann de luachanna bunúsacha an Aontais.

(3)

In Airteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear go mbeidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú bunaithe ar ghnéas ina chuid beartas agus gníomhaíochtaí uile a chomhrac.

(4)

Le hAirteagal 157(1) CFAE, cuirtear d’oibleagáid ar gach Ballstát a áirithiú go gcuirtear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna i bhfeidhm. Le hAirteagal 157(3) CFAE, foráiltear go nglacfaidh an tAontas bearta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach (‘prionsabal an phá chomhionainn’).

(5)

Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) nach féidir raon feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a theorannú d’idirdhealú ar an mbonn gur de ghnéas amháin nó de ghnéas eile atá duine (3). I bhfianaise chuspóir an phrionsabail agus chineál na gceart a bhféachtar lena gcosaint, beidh feidhm ag an bprionsabal sin freisin maidir le hidirdhealú a eascraíonn as athshannadh inscne.

(6)

Is féidir le daoine an tríú inscne a chlárú go dlíthiúil i roinnt Ballstát faoi láthair, agus is minic gur inscne neodrach a bhíonn i gceist. Ní dhéantar difear leis an Treoir seo do na rialacha náisiúnta ábhartha lena dtugtar éifeacht d’aitheantas mar sin a mhéid a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus pá.

(7)

Le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), toirmisctear aon idirdhealú, inter alia, ar bhonn gnéis. In Airteagal 23 den Chairt, foráiltear nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(8)

Luaitear in Airteagal 23 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, inter alia, go mbeidh an ceart ag gach uile dhuine, gan aon idirdhealú, chun pá chomhionainn as obair chomhionann, chun saor-rogha fostaíochta, chun coinníollacha oibre córa fabhracha agus chun pá chóir lena n-áirithítear cóir mhaireachtála atá oiriúnach do dhínit an duine.

(9)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, ionchorpraítear i measc phrionsabail an cholúin sin cóir chomhionann agus deiseanna idir mná agus fir, agus an ceart chun pá chomhionainn as obair ar comhionann a luach.

(10)

Foráiltear le Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) go gcuirfear deireadh le hidirdhealú díreach agus indíreach ar bhonn gnéis i ndáil le gach gné agus gach coinníoll luacha saothair as an obair chéanna nó an obair dá dtugtar an luach comhionann. I gcás ina n-úsáidtear córas aicmithe post, go háirithe, chun pá a chinneadh, tá sé le bheith bunaithe ar na critéir inscne-neodracha chéanna agus ba cheart é a tharraingt suas chun aon idirdhealú ar bhonn gnéis a eisiamh.

(11)

I meastóireacht 2020 ar na forálacha ábhartha de Threoir 2006/54/CE, fuarthas amach go gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn mar gheall ar easpa trédhearcachta i gcórais phá, easpa deimhneachta dlíthiúla maidir leis an gcoincheap ‘obair ar comhionann a luach’, agus constaicí nós imeachta a bhíonn os comhair íospartaigh an idirdhealaithe. Níl an fhaisnéis is gá ag oibrithe chun éileamh rathúil ar phá comhionann a dhéanamh agus, go háirithe, faisnéis faoi na leibhéil phá do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhféadfadh breis trédhearcachta laofacht inscne agus idirdhealú ar bhonn inscne a nochtadh i struchtúir phá gnóthais nó eagraíochta. Chuirfeadh sé ar chumas oibrithe, fostóirí agus na comhpháirtithe sóisialta freisin gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun cur i bhfeidhm an chirt chun pá chomhionainn as obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach (‘an ceart chun pá chomhionainn’) a áirithiú.

(12)

Tar éis meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus próiseas comhairliúcháin fadréimseach cuimsitheach, fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025] go molfadh an Coimisiún bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá.

(13)

Bhí tionchar diúltach díréireach ag iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 ar mhná agus ar chomhionannas inscne, agus is minic a cailleadh poist in earnálacha a bhfuil pá íseal agus ina mbíonn mná i bhfad níos líonmhaire. Leag paindéim COVID-19 béim ar thearcluacháil leanúnach struchtúrach na hoibre a dhéanann mná den chuid is mó agus léirigh sé ardluach socheacnamaíoch a bhaineann leis an obair a dhéanann mná i seirbhísí túslíne, cosúil le cúram sláinte, glantachán, cúram leanaí, cúram sóisialta agus cúram cónaithe do dhaoine scothaosta agus do chleithiúnaithe aosaithe eile nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an infheictheacht agus an aitheantas íseal a bhaineann léi.

(14)

Dá bhrí sin, le héifeachtaí phaindéim COVID-19, déanfar neamhionannais inscne agus an bhearna phá idir na hinscní a leathnú tuilleadh ach amháin má bhíonn an fhreagairt téarnaimh inscne-íogair. Fágann na hiarmhairtí sin go bhfuil sé níos práinní fós dul i ngleic le saincheist an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Tá tábhacht ar leith ag baint le cur chun feidhme phrionsabail an phá chomhionainn a neartú trí bhearta breise chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol an dul chun cinn a rinneadh maidir le haghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí ó thaobh pá de.

(15)

Tá bearna phá idir na hinscní fós san Aontas: bhí sí cothrom le 13 % in 2020, agus éagsúlachtaí suntasacha ar fud na mBallstát, agus níor tháinig ach laghdú beag uirthi le 10 mbliana anuas. Tosca éagsúla is cúis leis an mbearna phá idir na hinscní, amhail steiréitíopaí inscne, buanú na ‘síleála gloine’ agus an ‘urláir ghreamaithigh’, leithscaradh cothrománach, lena n-áirítear ró-ionadaíocht na mban i bpoist seirbhíse ar phá íseal, agus freagrachtaí cúraim a bheith á gcomhroinnt ar bhealach míchothrom. Ina theannta sin, is idirdhealú pá inscnebhunaithe díreach agus indíreach is cúis i bpáirt leis an mbearna phá idir na hinscní. Is bacainní struchtúracha iad na heilimintí sin ar fad atá mar chuid de na dúshláin chasta a bhaineann le post ardcháilíochta agus pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a bhaint amach agus bíonn iarmhairtí fadtéarmacha ag baint leo amhail bearna pinsin agus baineannú na bochtaineachta.

(16)

Le heaspa trédhearcachta ginearálta maidir le leibhéil phá laistigh d'eagraíochtaí, coinnítear cás inar deacair idirdhealú pá inscnebhunaithe agus laofacht inscne a bhrath nó, i gcás ina bhfuil amhras ann, ina mbíonn sé deacair iad a chruthú. Tá gá, dá bhrí sin, le bearta ceangailteacha chun trédhearcacht pá a fheabhsú, chun eagraíochtaí a spreagadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a struchtúir phá chun pá comhionann a áirithiú do mhná agus d'fhir a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, agus chun cur ar chumas íospartaigh an idirdhealaithe a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú. Ní mór bearta ceangailteacha den sórt sin a chomhlánú le forálacha lena soiléirítear coincheapa dlíthiúla atá ann cheana, amhail na coincheapa ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’ agus le bearta a fheabhsaíonn sásraí forfheidhmiúcháin agus rochtain ar cheartas.

(17)

Ba cheart cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a fheabhsú trí dheireadh a chur le hidirdhealú pá díreach agus indíreach. Ní chuirtear bac leis ar fhostóirí íocaíocht a thabhairt d’oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach ar bhonn critéar oibiachtúil, inscne-neodrach agus saor ó laofacht, amhail feidhmíocht agus inniúlacht.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, lena n-áirítear oibrithe páirtaimseartha, oibrithe ar conradh ar théarma seasta agus daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht shealadach, chomh maith le hoibrithe i bpoist bhainistíochta, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear le dlí, comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó cleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais (5) á chur san áireamh. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha, tiocfaidh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oibrithe i bhfostaíocht dhídeanach, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(19)

Is gné thábhachtach chun deireadh a chur le hidirdhealú pá í trédhearcacht pá sula gcuirtear tús le fostaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hiarratasóirí ar fhostaíocht freisin.

(20)

Chun deireadh a chur le bacainní ar íospartaigh idirdhealú pá inscnebhunaithe a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú, agus chun treoir a thabhairt d'fhostóirí maidir leis an gceart sin a áirithiú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na coincheapa lárnacha a bhaineann le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, amhail ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart cur i bhfeidhm na choincheapa sin a éascú leis sin, go háirithe do mhicreafhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

(21)

Ba cheart prionsabal an phá chomhionainn a urramú maidir le pá, tuarastal nó aon chomaoin eile, bíodh sé in airgead tirim nó i gcomhchineál, a fhaigheann na hoibrithe go díreach nó go hindíreach, i ndáil lena bhfostaíocht óna bhfostóir. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (6), leis an gcoincheap pá, ba cheart, chomh maith le tuarastal, na comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha den phá a chlúdach freisin. Faoi chomhpháirteanna comhlántacha nó inathraitheacha, ba cheart aon sochair sa bhreis ar an ngnáth-bhunphá nó ar an ngnáthphá íosta nó tuarastal, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach, bíodh sin in airgead tirim nó i gcomhchineál, a chur san áireamh. Le comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha den sórt sin, féadfadh bónais, cúiteamh ragoibre, saoráidí taistil, liúntais tithíochta agus bia, cúiteamh as freastal ar oiliúint, íocaíochtaí i gcás dífhostú, pá breoiteachta reachtúil, cúiteamh a éilítear go reachtúil agus pinsin ghairme a bheith san áireamh, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ba cheart gach gné den luach saothair atá dlite faoin dlí, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus/nó faoin gcleachtais i ngach Ballstáit a chur san áireamh sa choincheap pá.

(22)

Chun an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur i láthair ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart leibhéil phá a chur in iúl mar ollphá bliantúil agus an t-ollphá comhfhreagrach san uair. Ba cheart go bhféadfaí ríomh na leibhéal pá a bhunú ar an bpá iarbhír a shonraítear i ndáil leis an oibrí, gan beann ar cé acu a shocraítear go bliantúil, go míosúil, san uair nó ar bhealach eile é.

(23)

Níor cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí nua a bhunú chun críoch na Treorach seo. Ba cheart dóibh a bheith in ann na cúraimí a eascróidh uaithi a thabhairt do chomhlachtaí bunaithe, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo.

(24)

Chun oibrithe a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar an eagla atá orthu go ndéanfaí íospartach de dhuine agus prionsabal an phá chomhionainn á fheidhmiú, ba cheart d’ionadaí a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh dóibh. D'fhéadfadh ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe eile a bheith i gceist leis sin. Mura bhfuil aon ionadaithe oibrithe ann, ba cheart d’ionadaí dá rogha féin a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh do na hoibrithe. Ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit a n-imthosca náisiúnta a chur san áireamh chomh maith le róil dhifriúla a bhaineann le hionadaíocht do na hoibrithe.

(25)

Foráiltear le hAirteagal 10 CFAE gurb é is aidhm don Aontas, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac. Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2006/54/CE nach mbeidh aon idirdhealú díreach nó indíreach ann ar bhonn gnéis maidir le pá. Maidir le hidirdhealú pá ar bhonn inscne i gcás ina bhfuil ról ríthábhachtach ag gnéas an íospartaigh, is féidir é a bheith i bhfoirmeacha éagsúla sa chleachtas. D'fhéadfadh trasnú d'aiseanna éagsúla idirdhealaithe nó neamhionannais a bheith i gceist i gcás inar ball é an t-oibrí de ghrúpa amháin nó níos mó atá cosanta ar idirdhealú ar bhonn gnéis, ar thaobh amháin, agus ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh, mar atá cosanta faoi Threoir 2000/43/CE (7) nó 2000/78/CE (8) ón gComhairle, ar an taobh eile. Tá mná faoi mhíchumas, mná de thionscnamh éagsúil ciníoch agus eitneach, lena n-áirítear mná Romacha, agus mná óga nó scothaosta i measc grúpaí a d’fhéadfadh a bheith ag déileáil le hidirdhealú trasnach. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú leis an Treoir seo, i gcomhthéacs an idirdhealaithe pá inscnebhunaithe, gur cheart a bheith in ann an comhcheangal sin a chur san áireamh, agus, ar an gcaoi sin, aon amhras a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis sin faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana a bhaint agus a chur ar chumas cúirteanna náisiúnta, comhlachtaí comhionannais agus údarás inniúil eile an aird chuí a thabhairt ar aon chás ina n-eascraíonn mhíbhuntáiste as idirdhealú trasnach, go háirithe chun críoch substainteach agus nós imeachta, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt don idirdhealú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomparadóir cuí, measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht, agus leibhéal an chúitimh arna dhámhachtain nó na pionóis arna bhforchur a chinneadh, i gcás inarb ábhartha.

Tá cur chuige trasnach tábhachtach chun an bhearna phá idir na hinscní a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi. Níor cheart raon feidhme oibleagáidí na bhfostóirí i ndáil le bearta trédhearcachta pá faoin Treoir seo a athrú leis an soiléiriú seo. Go háirithe, níor cheart ceangal a chur ar fhostóirí sonraí a bhaineann le forais chosanta seachas forais gnéis a bhailiú.

(26)

Chun urraim a thabhairt don cheart chun pá chomhionainn, ní mór d’fhostóirí struchtúir pá a bheith i bhfeidhm acu lena n-áirithítear nach mbeidh aon difríochtaí pá inscnebhunaithe ann idir oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach nach bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla, inscne-neodrach. Le struchtúir phá den sórt sin, ba cheart a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir luach na bpost éagsúil laistigh den struchtúr eagrúcháin céanna. Ba cheart é a bheith indéanta struchtúir pá den sórt sin a bhunú ar threoirlínte atá ag an Aontas cheana a bhaineann le córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá inscne-neodrach, nó ar tháscairí nó ar shamhlacha inscne-neodracha. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart luach na hoibre a mheasúnú agus a chur i gcomparáid ar bhonn critéir oibiachtúla lena n-áirítear ceanglais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre, gan beann ar dhifríochtaí i bpatrúin oibre. Chun cur i bhfeidhm choincheap na hoibre ar comhionann a luach a éascú, go háirithe i gcás mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, ba cheart ceithre thoisc a chuimsiú sna critéir oibiachtúla a úsáidfear: scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre. Sainaithníodh na tosca sin leis na treoirlínte atá ag an Aontas cheana féin mar thosca atá riachtanach agus leordhóthanach chun meastóireacht a dhéanamh ar na tascanna a dhéantar in eagraíocht gan beann ar an earnáil eacnamaíoch lena mbaineann an eagraíocht.

Ós rud é nach bhfuil na tosca go léir chomh hábhartha céanna maidir le post sonrach, ba cheart don fhostóir gach ceann de na ceithre thoisc a mheá ag brath ar ábharthacht na gcritéar sin maidir leis an bpost sonrach lena mbaineann. Féadfar critéir bhreise a chur san áireamh freisin, i gcás ina bhfuil siad ábhartha agus ina bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte an Aontais atá ann cheana a uasdátú, i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

(27)

Bíonn éagsúlachtaí idir na córais náisiúnta maidir le socrú pá, agus féadfaidh siad a bheith bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála agus/nó ar ghnéithe a chinneann an fostóir. Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na córais náisiúnta éagsúla maidir le socrú pá.

(28)

Is paraiméadar tábhachtach é comparadóir bailí a shainaithint agus cinneadh á dhéanamh an féidir obair ar comhionann a luach a mheas. Cuireann sé ar chumas na n-oibrithe a thaispeáint gur caitheadh leo ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna ná mar a caitheadh le comparadóir de ghnéas difriúil a bhfuil obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach á déanamh aige. Ag tógáil ar ar tharla mar gheall ar an sainmhíniú ar idirdhealú díreach agus indíreach i dTreoir 2006/54/CE, i gcásanna nach ann do chomparadóir fíorshaoil, ba cheart úsáid comparadóra hipitéisigh a cheadú, chun a chur ar chumasoibrithe a thaispeáint nár tugadh an chóir chéanna dóibh agus a thabharfaí do chomparadóir hipitéiseach de ghnéas eile. Bhainfeadh sé sin bacainn thábhachtach de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh idirdhealú pá inscnebhunaithe, go háirithe i margaí fostaíochta atá an-leithscartha de réir inscne, ina mbeadh sé beagnach dodhéanta éileamh pá comhionann a dhéanamh de bharr riachtanas comparadóir de ghnéas eile a aimsiú.

Ina theannta sin, níor cheart cosc a chur ar oibrithe úsáid a bhaint as fíorais eile ar féidir a thoimhdiú ina leith go ndearnadh idirdhealú líomhnaithe uathu, mar shampla staidreamh nó faisnéis eile atá ar fáil. D'fhágfadh sé sin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais phá inscnebhunaithe ar bhealach níos éifeachtaí in earnálacha agus i ngairmeacha atá leithscartha de réir inscne, go háirithe i gcinn ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire amhail an earnáil cúraim.

(29)

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gá go mbeadh an chomparáid teoranta do chásanna ina n-oibríonn fir agus mná don fhostóir céanna chun measúnú a dhéanamh i gcás inchomparáide atá na hoibrithe (9). D’fhéadfadh sé go mbeadh oibrithe i gcás inchomparáide fiú mura n-oibríonn siad don fhostóir céanna i gcás inar féidir na coinníollacha pá a chur i leith foinse aonair lena mbunaítear na coinníollacha sin agus i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin cothrom agus inchomparáide. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh nuair a rialaítear na coinníollacha pá ábhartha le forálacha reachtúla nó comhaontuithe a bhaineann le pá atá infheidhme i gcás roinnt fostóirí, nó nuair a leagtar síos na coinníollacha sin go lárnach do bhreis agus eagraíocht amháin nó gnólacht amháin laistigh de chuideachta sealbhaíochta nó d’ilchuideachta. Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil an chomparáid teoranta d’oibrithe atá fostaithe ag an am céanna leis an éilitheoir (10). Sa bhreis air sin, agus an measúnú iarbhír á dhéanamh, ba cheart a aithint gur féidir difríocht sa phá a mhíniú trí thosca nach mbaineann le gnéas.

(30)

Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcuirfear an oiliúint agus na huirlisí agus na modheolaíochtaí sonracha ar fáil chun tacú le fostóirí sa mheasúnú ó thaobh a bhfuil i gceist le hobair ar comhionann a luach agus chun treoir a thabhairt ina leith. Ba cheart cur i bhfeidhm an choincheapa sin a éascú leis sin, go háirithe do mhicreafhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Agus an dlí náisiúnta, comhaontuithe cómhargála agus/nó cleachtas náisiúnta á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forbairt uirlisí agus modheolaíochtaí sonracha a chur de chúram ar na comhpháirtithe sóisialta, nó iad a fhorbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta nó tar éis dul i gcomhairle leo.

(31)

Mura n-úsáidtear córais aicmithe agus meastóireachta post ar bhealach inscne-neodrach, go háirithe nuair a ghlactar steiréitíopaí traidisiúnta inscne leo, féadfaidh idirdhealú pá ar bhonn inscne a bheith mar thoradh orthu. I gcásanna mar sin, rannchuidítear leis an mbearna phá agus buanaítear í trí mheastóireacht a dhéanamh ar bhealach éagsúil ar phoist ina mbíonn na fir i bhfad níos líonmhaire agus ar phoist ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire i gcásanna ina bhfuil luach comhionann leis an obair a dhéantar. I gcás ina n-úsáidtear córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá inscne-neodrach, áfach, tá siad éifeachtach ó thaobh córas trédhearcach pá a bhunú, agus tá siad ríthábhachtach chun a áirithiú go n-eisiatar idirdhealú díreach nó indíreach ar bhonn gnéis. Aimsítear leo idirdhealú pá indíreach a bhaineann le tearcluacháil na bpost a dhéanann mná de ghnáth. Leo sin, déantar amhlaidh trí phoist a bhfuil ábhar difriúil iontu ach a bhfuil luach comhionann leo a thomhas agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus mar sin tacaítear le prionsabal an phá chomhionainn.

(32)

Le heaspa faisnéise maidir le réimse pá an phoist atá beartaithe, cruthaítear neamhshiméadracht faisnéise a chuireann srian ar chumhacht mhargála iarratasóirí le haghaidh fostaíochta. Trí thrédhearcacht a áirithiú, ba cheart oibrithe ionchasacha a bheith in ann cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tuarastal a bhfuiltear ag súil leis gan teorainn a chur ar bhealach ar bith le cumhacht mhargála an fhostóra nó an oibrí tuarastal a chaibidil fiú amháin lasmuigh den raon a léirítear. D’áiritheofaí leis an trédhearcacht freisin bonn sainráite nach bhfuil laofacht inscne aige do shocrú pá agus chuirfeadh sé isteach ar thearcluacháil an phá i gcomparáid le scileanna agus taithí. Leis an trédhearcacht, thabharfaí aghaidh freisin ar idirdhealú trasnach i gcás ina gceadaíonn socruithe pá neamh-thrédhearcacha cleachtais idirdhealaitheacha ar roinnt forais idirdhealaithe. Ba cheart d’iarratasóirí ar fhostaíocht faisnéis a fháil faoin bpá tosaigh nó faoina raon ar bhealach lena n-áirithítear idirbheartaíocht eolasach thrédhearcach maidir le pá, amhail i bhfógra folúntais foilsithe, roimh an agallamh poist nó, ar shlí eile sula gcuirtear conradh fostaíochta i gcrích. Ba cheart don fhostóir an fhaisnéis a chur ar fáil nó ba cheart í a chur ar fáil ar bhealach eile, ag na comhpháirtithe sóisialta cuir i gcás.

(33)

Chun cur isteach ar leanúint na bearna pá idir na hinscní a dhéanann difear d’oibrithe aonair thar am, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go mbeidh fógraí folúntais poist agus teidil poist inscne-neodrach agus go ndéanfar próisis earcaíochta a threorú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ionas nach mbainfear an bonn den cheart chun pá chomhionainn. Níor cheart cead a bheith ag fostóirí fiosrú a dhéanamh nó iarracht réamhghníomhach a dhéanamh faisnéis a fháil faoi phá reatha nó stair phá iarratasóra ar fhostaíocht.

(34)

Maidir le bearta trédhearcachta pá, ba cheart dóibh an ceart atá ag oibrithe chun pá comhionann a chosaint agus, san am céanna, na costais agus an t-ualach riaracháin a theorannú, a mhéid is féidir, d’fhostóirí, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. I gcás inarb iomchuí, ba cheart bearta a chur in oiriúint do mhéid na bhfostóirí agus líon na bhfostaithe á gcur san áireamh. Maidir le líon na n-oibrithe atá fostaithe ag fostóirí agus atá le cur i bhfeidhm mar chritéar faoina bhfuil fostóir faoi réir tuairisciú pá dá dtagraítear sa Treoir seo, socraítear í agus Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (11) á chur san áireamh.

(35)

Ba cheart d’fhostóirí rochtain a thabhairt d’oibrithe ar na critéir a úsáidtear chun leibhéil phá agus dul chun cinn pá a chinneadh. Tagraíonn dul chun cinn pá don phróiseas trína mbogann oibrí go leibhéal pá níos airde. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar chritéir a bhaineann le dul chun cinn pá, inter alia, feidhmíocht an duine aonair, forbairt scileanna, agus sinsearacht. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar ualach iomarcach riaracháin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga a sheachaint. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teimpléid réamh-dhéanta a sholáthar freisin, mar bheart maolaitheach, chun tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga an oibleagáid a chomhlíonadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann fostóirí ar micrifhiontair agus fiontair bheaga a dhíolmhú ón oibleagáid a bhaineann le dul chun cinn pá, mar shampla trína ligean dóibh na critéir maidir le dul chun cinn pá a chur ar fáil arna iarraidh sin d’oibrithe.

(36)

Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe uile faisnéis a fháil, arna iarraidh sin dóibh, maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir gnéis, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach lena gcuid oibre. Ba cheart an deis a bheith acu freisin an fhaisnéis a fháil trí ionadaithe oibrithe nó trí chomhlacht comhionannais. Ba cheart d’fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoin gceart sin ar bhonn bliantúil, chomh maith leis na céimeanna atá le déanamh chun an ceart a fheidhmiú. Féadfaidh fostóirí freisin, ar a dtionscnamh féin, roghnú faisnéis den sórt sin a sholáthar gan é a bheith d’iallach ar oibrithe í a iarraidh.

(37)

Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go mbeidh rochtain leordhóthanach ag daoine faoi mhíchumas ar an bhfaisnéis a sholáthraítear d’iarratasóirí ar fhostaíocht agus d’oibrithe dá bun. Ba cheart faisnéis den sórt sin a sholáthar do na daoine sin agus a míchumais ar leith á gcur san áireamh, i bhformáid agus i bhfoirm iomchuí cúnaimh agus tacaíochta chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis agus go dtuigfidh siad í. D’fhéadfaí a áireamh leis sin faisnéis a sholáthar ar bhealach intuigthe a d’fhéadfaidís a bhrath, i gclómhéid leordhóthanach, agus úsáid á baint as formáid leordhóthanach codarsnachta nó as formáid eile is iomchuí do chineál a míchumais. I gcás inarb ábhartha, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(38)

Ba cheart d’fhostóirí ag a bhfuil 100 oibrí ar a laghad tuairisc a thabhairt go rialta ar phá, dá bhforáiltear leis an Treoir seo. Ba cheart do chomhlachtaí faireacháin na mBallstát an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach oiriúnach trédhearcach. Féadfaidh fostóirí na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin nó iad a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile, mar shampla tríd an bhfaisnéis a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta, i gcás inarb infheidhme sa tuarascáil bhainistíochta arna tarraingt suas faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Féadfaidh fostóirí atá faoi réir cheanglais na Treorach sin a roghnú tuairisciú ar phá in éineacht le hábhair eile a bhaineann le hoibrithe ina dtuarascáil bhainistíochta. Chun cumhdach na trédhearcachta pá i gcás oibrithe a uasmhéadú, féadfaidh na Ballstáit minicíocht an tuairiscithe ar phá a mhéadú nó tuairisciú rialta ar phá a dhéanamh éigeantach d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 100 oibrí acu.

(39)

Le tuairisciú pá, ba cheart fostóirí a bheith in ann meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar a struchtúir phá agus ar a mbeartais phá, rud a chuireann ar a gcumas prionsabal an phá chomhionainn a chomhlíonadh go réamhghníomhach. Le tuairisciú agus measúnuithe comhpháirteacha ar phá, rannchuidítear le feasacht mhéadaithe ar laofacht inscne i struchtúir phá agus idirdhealú pá agus ar aghaidh a thabhairt ar laofacht agus idirdhealú den sórt sin ar bhealach éifeachtach sistéamach agus, ar an gcaoi sin, téann siad chun tairbhe d’oibrithe go léir atá fostaithe ag an bhfostóir céanna. Ag an am céanna, ba cheart na sonraí atá imdhealaithe de réir gnéis a bheith ina gcabhair ag údaráis phoiblí inniúla, ionadaithe oibrithe agus páirtí leasmhara eile chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní thar earnálacha (leithscaradh cothrománach) agus feidhmeanna (leithscaradh ingearach). D'fhéadfadh sé gur mhian le fostóirí go mbeadh míniú ar aon difríocht pá nó bearna phá idir na hinscní ag gabháil leis na sonraí foilsithe. I gcás nach dtugtar, ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodrach, bonn cirt do dhifríochtaí sa mheánphá as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna, ba cheart don fhostóir bearta a ghlacadh chun deireadh a chur leis na neamhionannais.

(40)

Chun an t-ualach ar fhostóirí a laghdú, d’fhéadfadh na Ballstáit na sonraí is gá a bhailiú agus a idirnascadh trína riaracháin náisiúnta lena mbeifear in ann an bhearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aghaidh an fhostóra a ríomh. Chun sonraí den sórt sin a bhailiú, d’fhéadfadh go mbeadh gá le sonraí ó roinnt riaracháin phoiblí, amhail cigireachtaí cánach agus oifigí slándála sóisialta a idirnascadh agus bheadh sé indéanta dá mbeadh sonraí riaracháin ar fáil a mheaitseálann sonraí na bhfostóirí, ar leibhéal na cuideachta nó na heagraíochta, le sonraí na n-oibrithe, ar an leibhéal aonair, lena n-áirítear sochair in airgead tirim agus sochair chomhchineáil. D’fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú ní hamháin do na fostóirí atá cumhdaithe ag an oibleagáid tuairiscithe pá faoin Treoir seo, ach do na fostóirí nach bhfuil cumhdaithe ag an oibleagáid, agus a bhíonn ag tuairisciú go deonach. Ba cheart foilsiú na faisnéise is gá ag na Ballstáit a chur in ionad na hoibleagáide maidir le tuairisciú pá atá ar na fostóirí sin atá cumhdaithe ag na sonraí riaracháin, ar choinníoll go mbaintear amach an toradh atá beartaithe leis an oibleagáid tuairiscithe.

(41)

Chun an fhaisnéis maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a chur ar fáil go forleathan ar leibhéal eagraíochtúil, ba cheart do na Ballstáit a chur de chúram ar an gcomhlacht faireacháin arna ainmniú de bhun na Treorach seo na sonraí ar an mbearna phá a fhaightear ó fhostóirí a thiomsú gan ualach breise a chur ar fhostóirí. Ba cheart don chomhlacht faireacháin na sonraí sin a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear trína bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain éasca air, ionas gur féidir sonraí na bhfostóirí aonair, na n-earnálacha agus na réigiún sa Bhallstát lena mbaineann a chur i gcomparáid le chéile.

(42)

Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’fhostóirí nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo, fostóirí a thuairiscíonn go deonach maidir lena bpá, mar shampla trí lipéad trédhearcachta pá, d’fhonn dea-chleachtais a chur chun cinn i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo.

(43)

Le measúnuithe comhpháirteacha ar phá, ba cheart tús a chur le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir phá in eagraíochtaí ag a bhfuil ar a laghad 100 oibrí lena léirítear neamhionannais phá. Ba cheart an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh mura n-aontaíonn fostóirí agus na hionadaithe oibrithe lena mbaineann gur féidir bonn cirt a thabhairt leis an difríocht de 5 % ar a laghad ar an meánleibhéal pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna i gcatagóir oibrithe ar leith ar bhonn critéar oibiachtúil, inscne-neodrach, mura gcuireann an fostóir bonn cirt den sórt sin ar fáil, nó mura ndearna an fostóir difríocht den sórt sin sa leibhéal pá a leigheas laistigh de shé mhí ón dáta a tíolacadh an tuairisciú pá. Ba cheart d’fhostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh i gcomhar leis na hionadaithe oibrithe. Mura bhfuil aon ionadaithe oibrithe ann, ba cheart d’oibrithe iad a ainmniú chun críoch an mheasúnaithe chomhpháirtigh ar phá. Ba cheart go gcuirfí, laistigh de thréimhse ama réasúnta, deireadh le hidirdhealú pá inscnebhunaithe mar thoradh ar mheasúnuithe comhpháirteacha ar phá trí bhearta feabhais a ghlacadh.

(44)

Ba cheart aon phróiseáil nó foilsiú faisnéise faoin Treoir seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart coimircí sonracha a chur isteach chun nochtadh faisnéise díreach nó indíreach oibrí inaitheanta a chosc. Níor cheart cosc a chur ar oibrithe a bpá a nochtadh go deonach chun críoch phrionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú.

(45)

Tá sé tábhachtach go bpléifeadh na comhpháirtithe sóisialta cúrsaí a bhaineann le pá comhionann sa chómhargáil agus go dtabharfaidís aird ar leith orthu. Ba cheart gnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus na gcóras cómhargála ar fud an Aontais agus neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta, mar aon lena gcumas mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras agus lena gcleachtais náisiúnta, bearta iomchuí a ghlacadh chun na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun aird chuí a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le pá comhionann, lena bhféadfaí a áireamh plé ar an leibhéal iomchuí cómhargála, bearta chun feidhmiú an chirt chun cómhargála a bhaineann leis na cúrsaí lena mbaineann a spreagadh agus na srianta míchuí air a bhaint agus córais meastóireachta agus aicmithe inscne-neodracha maidir le poist a fhorbairt.

(46)

Ba cheart na nósanna imeachta is gá a bheith ar fáil ag na hoibrithe uile chun feidhmiú a gcirt chun rochtain a fháil ar cheartas a éascú. Maidir leis an reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’úsáid a bhaint as idir-réiteach, nó lena ndéantar idirghabháil comhlachta chomhionannais éigeantach nó faoi réir dreasachtaí nó pionóis, níor cheart di cosc a chur ar pháirtithe a gceart chun rochtain ar na cúirteanna a fheidhmiú.

(47)

Tá ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais, sa bhreis ar pháirtí leasmhara eile, chun prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí agus sainorduithe na gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta a bheith leordhóthanach chun idirdhealú pá inscnebhunaithe a chumhdach go hiomlán, lena n-áirítear aon trédhearcacht pá nó aon chearta agus oibleagáidí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Chun na bacainní nós imeachta a shárú chomh maith leis na bacainní a bhaineann le costas a bhíonn ag oibrithe atá ag iarraidh a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais, chomh maith le cumainn, eagraíochtaí agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil suim acu comhionannas idir fir agus mná a áirithiú a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann daoine aonair. Ba cheart dóibh a bheith in ann cúnamh a thabhairt d’oibrithe trí ghníomhú thar a gceann nó trí thacú leo, rud a cheadódh d’oibrithe a d’fhulaing idirdhealú éileamh a thionscnamh go héifeachtach maidir leis an sárú líomhnaithe ar a gcearta agus ar phrionsabal an phá chomhionainn.

(48)

Is bealach chun imeachtaí a éascú é éilimh a dhéanamh thar ceann roinnt oibrithe nó tacaíocht a thabhairt dóibh, ar imeachtaí iad nach dtionscnófaí murach sin de dheasca bacainní nós imeachta agus airgeadais nó ar eagla go ndéanfaí íospartach de dhuine. Bíonn an méid sin éascaitheach freisin d’oibrithe agus iad ag dul i ngleic le hidirdhealú ar níos mó ná foras amháin rud is féidir a bheith deacair a scaradh óna chéile. D'fhéadfadh éilimh chomhchoiteanna idirdhealú sistéamach a nochtadh agus infheictheacht an chirt chun pá chomhionainn agus an chomhionannais inscne a chruthú sa tsochaí ina hiomláine. D’fhéadfadh an fhéidearthacht comhshásaimh a bheith ann comhlíonadh réamhghníomhach na mbeart trédhearcachta pá a spreagadh, lena gcruthófaí piarbhrú, lena méadófaí feasacht agus toilteanas na bhfostóirí gníomhú ar bhealach coisctheach agus lena dtabharfaí aghaidh ar chineál sistéamach an idirdhealaithe pá. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh critéir cháilíochta a leagan síos d’ionadaithe oibrithe in imeachtaí cúirte a bhaineann le héilimh ar phá chomhionainn, chun a áirithiú go bhfuil na hionadaithe sin cáilithe go leordhóthanach.

(49)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chomhlachtaí comhionannais chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a bhaineann le hidirdhealú pá ar bhonn gnéis a chomhlíonadh go héifeachtach agus go leordhóthanach. I gcás ina leithdháiltear na cúraimí ar níos mó ná comhlacht amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar iad a chomhordú go leordhóthanach. Áirítear air sin, mar shampla, méideanna arna n-aisghabháil mar fhíneálacha a leithdháileadh ar na comhlachtaí comhionannais chun críche a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach i ndáil le forfheidhmiú an chirt chun pá chomhionainn, lena n-áirítear chun éilimh maidir le hidirdhealú pá a dhéanamh nó chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh éilimh den sórt sin a dhéanamh.

(50)

Le cúiteamh, ba cheart an caillteanas agus an damáiste a tharlaíonn mar thoradh ar idirdhealú pá inscnebhunaithe (15) a chumhdach ina iomláine i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart a áireamh leis sin aisghabháil iomlán an phá aisghníomhaigh agus na mbónas gaolmhar nó na n-íocaíochtaí comhchineáil, chomh maith le cúiteamh ar dheiseanna caillte, amhail rochtain ar shochair áirithe ag brath ar an leibhéal pá, agus ar dhamáiste neamhábhartha, cosúil le anachair mar gheall ar thearcluacháil na hoibre a rinneadh. I gcás inarb iomchuí, is féidir leis an gcúiteamh damáiste arna dhéanamh ag idirdhealú pá bunaithe ar ghnéas a thrasnaíonn le forais chosanta idirdhealaithe eile a chur san áireamh. Níor cheart do na Ballstáit uasteorainn roimh ré a shocrú don chúiteamh sin.

(51)

Chomh maith le cúiteamh, ba cheart foráil a dhéanamh do leigheasanna eile. Ba cheart do na húdaráis inniúla nó na cúirteanna náisiúnta a bheith in ann, mar shampla, a cheangal ar fhostóir bearta struchtúracha nó eagraíochtúla a dhéanamh chun a oibleagáidí maidir le pá comhionann a chomhlíonadh. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin, mar shampla, oibleagáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra maidir le socrú pá bunaithe ar mheastóireacht agus aicmiú inscne-neodrach; plean gníomhaíochta a bhunú chun deireadh a chur leis na neamhréireachtaí a aimsíodh agus chun aon bhearna phá nach bhfuil bunús léi a laghdú; faisnéis a chur ar fáil agus feasacht oibrithe a ardú maidir lena gceart chun pá chomhionainn; agus oiliúint éigeantach a bhunú d'fhoireann acmhainní daonna maidir le pá comhionann agus meastóireacht agus aicmiú atá neodrach i dtaobh inscne ar phost.

(52)

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (16), bunaítear le Treoir 2006/54/CE forálacha chun a áirithiú go n-aistreofaí an dualgas cruthúnais chuig an bhfreagróir nuair a bhíonn cás prima facie idirdhealaithe ann. Mar sin féin, ní bhíonn sé éasca i gcónaí d’íospartaigh agus do chúirteanna a fhios a bheith acu conas an toimhde sin a bhunú fiú. I gcás C-109/88, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nuair atá trédhearcacht in easnamh go hiomlán ó chóras pá gur cheart an dualgas cruthúnais a chur ar an bhfreagróir, gan beann ar chás prima facie idirdhealaithe phá a bheith á léiriú ag an oibrí. Dá réir sin, ba cheart an dualgas cruthúnais a aistriú chuig an bhfreagróir i gcás nach gcomhlíonann fostóir na hoibleagáidí trédhearcachta pá a leagtar amach sa Treoir seo, mar shampla trí dhiúltú faisnéis a d’iarr na hoibrithe a sholáthar nó gan tuairisciú a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní, i gcás inarb ábhartha, ach amháin i gcás ina gcruthóidh an fostóir gur léir go raibh sárú den sórt sin neamhbheartaithe agus gur mionsárú é.

(53)

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a bhaineann le héilimh a dhéanamh i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a bheith de chineál nach bhfágann siad beagnach dodhéanta nó ródheacair é na cearta sin a fheidhmiú. Cruthaíonn tréimhsí teorann bacainní sonracha d’íospartaigh an idirdhealaithe phá inscnebhunaithe. Chun na críche sin, ba cheart íoschaighdeáin choiteanna a bhunú. Ba cheart a chinneadh leis na caighdeáin sin cathain a thosóidh an tréimhse teorann, fad na tréimhse sin agus na himthosca ina gcuirfear ar fionraí í nó ina mbrisfear í, agus ba cheart a foráil leo gur 3 bliana ar a laghad atá sa tréimhse teorann chun éilimh a dhéanamh. Níor cheart tús a chur le tréimhsí teorann sula mbeidh an t-éilitheoir ar an eolas faoin sárú, nó sula bhféadfar a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh sé ar an eolas faoin sárú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh nach tosófar an tréimhse teorainn fad atá an sárú fós á dhéanamh nó sula gcuirfear deireadh leis an gconradh fostaíochta nó an caidreamh fostaíochta.

(54)

Cruthaíonn costais dlíthíochta dídhreasacht thromchúiseach d’íospartaigh an idirdhealaithe phá inscnebhunaithe éilimh a dhéanamh maidir le sáruithe líomhnaithe ar a gceart chun pá chomhionainn, rud a fhágann nach leor an chosaint a thugtar d’oibrithe agus nach ndéantar an ceart chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú go leordhóthanach. Chun deireadh a chur leis an mbac suntasach sin ar an nós imeachta shubstaintiúil ar an gceartas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta a mheas an raibh forais réasúnta ag éilitheoir nár éirigh leis an t-éileamh a dhéanamh agus, más amhlaidh go raibh, cibé ar cheart nó nár cheart a cheangal ar an éilitheoir sin costais na n-imeachtaí a íoc. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin go háirithe i gcás nár chomhlíon freagróir rathúil na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a leagtar amach sa Treoir seo.

(55)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus a bhaineann leis an gceart chun pá chomhionainn. Ba cheart a áireamh ar na pionóis sin fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar oll-láimhdeachas bliantúil an fhostóra nó ar phárolla iomlán an fhostóra. Aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm in imthosca an cháis, mar shampla, i gcás ina ndéantar idirdhealú pá bunaithe ar ghnéas a chomhcheangal le forais idirdhealaithe chosanta eile, ba cheart iad a chur san áireamh. Is faoi na Ballstáit atá sé na sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, arb iad fíneálacha an pionós is iomchuí ina leith, a chinneadh.

(56)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis shonracha a bhunú le haghaidh sáruithe leantacha ar aon cheart nó oibleagáid a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, chun déine an tsáraithe a léiriú agus chun sáruithe den sórt sin a dhíspreagadh tuilleadh. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla dídhreasaithe airgeadais a bheith i gceist leis na pionóis sin, amhail sochair phoiblí a chúlghairm nó eisiamh, ar feadh tréimhse áirithe, ó aslacha airgid a dhámhachtain tuilleadh nó ó aon nós imeachta tairisceana poiblí.

(57)

Oibleagáidí ar fhostóirí a eascraíonn as an Treoir seo, is cuid iad de na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí dhlí an chomhshaoil, an dlí sóisialta agus dlí an tsaothair nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil siad á gcomhlíonadh faoi Threoracha 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar poiblí. Chun na hoibleagáidí sin ar fhostóirí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an gceart chun pá chomhionann, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe go bhfuil sásraí maidir le socrú pá ag oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhlíonadh conartha phoiblí nó lamháltais, nach n-eascraíonn bearna phá idir na hinscní astu idir oibrithe in aon chatagóir oibrithe a dhéanann obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, nach féidir bonn cirt a thabhairt léi ar bhonn critéir inscne-neodracha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar a chur de cheangal ar údaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach lena n-áirithítear comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. Ba cheart na húdaráis chonarthacha a bheith in ann a chur san áireamh freisin neamhchomhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn ag an tairgeoir nó ag ceann dá fhochonraitheoirí nuair a bhíonn cur i bhfeidhm na bhforas eisiaimh á meas nó nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh gan conradh a dhámhachtain don tairgeoir a chuir isteach an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

(58)

Ceanglaítear le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun pá chomhionainn cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a chur ar fáil ar aon chóir dhíobhálach a dhéantar mar fhreagairt ar iarracht arna déanamh ag oibrithe an ceart sin a fheidhmiú, ar aon ghearán a dhéantar leis an bhfostóir nó ar aon imeacht dlíthiúil nó riaracháin arb é is aidhm dó comhlíonadh an chirt chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais (20), ba cheart léiriú leathan a dhéanamh ar an gcatagóir fostaithe atá i dteideal na cosanta, agus ba cheart na fostaithe uile a áireamh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir bearta díoltais arna ndéanamh ag fostóir mar fhreagra ar ghearán faoi idirdhealú ar bhonn gnéis. Níl an chosaint teoranta d’fhostaithe a thaisc gearáin nó a n-ionadaithe, ná dóibh siúd a chomhlíonann ceanglais fhoirmiúla áirithe lena rialaítear aitheantas do stádas áirithe, amhail stádas finné.

(59)

Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú phrionsabal an phá chomhionainn, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo na huirlisí agus na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin atá ann cheana maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus na forálacha maidir le pá comhionann a leagtar amach i dTreoir 2006/54/CE.

(60)

Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, agus, ar an gcaoi sin tugtar urraim do shaincheart na mBallstát forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe a thabhairt isteach agus a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag cearta fós arna bhfáil faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, ach amháin má thugtar forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin agus a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhorais bhailí chun cearta oibrithe a mhaolú maidir le prionsabal an phá chomhionann.

(61)

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chirt chun pá chomhionainn, ba cheart do na Ballstáit comhlacht faireacháin tiomnaithe a bhunú nó a ainmniú. Maidir leis an gcomhlacht sin, ar chóir go bhféadfadh sé a bheith mar chuid de chomhlacht atá ann cheana a mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú aige, ba cheart cúraimí sonracha a bheith aige i ndáil le cur chun feidhme na mbeart trédhearcachta pá dá bhforáiltear sa Treoir seo agus ba cheart dó sonraí áirithe a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar neamhionannais phá agus ar thionchar na mbeart trédhearcachta pá. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná comhlacht amháin a ainmniú, ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlacht lárnach na feidhmeanna faireacháin agus anailíse a leagtar amach sa Treoir seo.

(62)

Chun anailís a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá ar leibhéal an Aontais agus chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá idir na hinscní ar leibhéal an Aontais, tá sé fíor-riachtanach staidreamh pá atá miondealaithe de réir gnéis a thiomsú agus staidreamh cruinn iomlán a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle (21), ceanglaítear ar na Ballstáit staidreamh ar thuilleamh struchtúrach ceithre bliana a thiomsú ar mhicrealeibhéal a sholáthraíonn sonraí comhchuibhithe chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh. Le staitisticí bliantúla ar ardcháilíocht, d'fhéadfaí trédhearcacht a mhéadú agus faireachán agus feasacht a fheabhsú maidir le neamhionannas pá idir na hinscní. Tá infhaighteacht agus inchomparáideacht na sonraí sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an Aontais araon. Ba cheart staitisticí ábhartha a tharchuirtear chuig an gCoimisiún (Eurostat) a bhailiú chun críocha staidrimh de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(63)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí trí íoscheanglais choiteanna a bhunú ar cheart feidhm a bheith aige maidir le gach gnóthas agus gach eagraíocht ar fud an Aontais Eorpaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo, treoir nach socraítear leis ach caighdeáin íosta, thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(64)

Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an gcaoi a gcuirtear bearta trédhearcachta pá chun feidhme sna Ballstáit a cheapadh, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil cumhdach ard cómhargála acu. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, cur chun feidhme na Treorach seo ina hiomláine nó cuid di a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí a lorgaítear leis an Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(65)

I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar, fiontar beag nó meánmhéide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeart trasuite, ar mhicrifhiontar agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach do na fiontair sin, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(66)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus thug an Maoirseoir tuairim an 27 Aibreán 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná (‘prionsabal an phá chomhionainn’) a chumhdaítear in Airteagal 157 CFAE agus an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE, go háirithe trí thrédhearcacht pá agus sásraí forfheidhmiúcháin treisithe.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le fostóirí in earnálacha poiblí agus príobháideacha.

2.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear leis an dlí, le chomhaontuithe comhchoiteanna agus/nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

3.   Chun críocha Airteagal 5, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hiarratasóirí ar fhostaíocht.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘pá’ an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann oibrí go díreach nó go hindíreach (comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha), i leith a fhostaíochta nó a fostaíochta óna fhostóir nó óna fostóir;

(b)

ciallaíonn ‘leibhéal pá’ pá bliantúil comhlán agus an pá comhlán comhfhreagrach in aghaidh na huaire;

(c)

ciallaíonn ‘bearna phá idir na hinscní’ an difríocht idir meánleibhéil phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna an fhostóra arna sloinneadh mar chéatadán de mheánleibhéal pá na n-oibrithe fireanna;

(d)

ciallaíonn ‘leibhéal airmheánach pá’ an leibhéal pá ar a dtuilleann leathchuid d’oibrithe an fhostóra níos mó agus an leathchuid eile níos lú;

(e)

ciallaíonn ‘bearna airmheánach phá idir na hinscní’ an difríocht idir leibhéal airmheánach pá oibrithe baineanna agus leibhéal airmheánach pá oibrithe fireanna an fhostóra arna sloinneadh mar chéatadán de leibhéal airmheánach pá oibrithe na n-oibrithe fireanna;

(f)

ciallaíonn ‘banda pá ceathairíleach’ gach ceann de cheithre ghrúpa chomhionanna oibrithe ina roinntear iad de réir a leibhéal pá, ón leibhéal is ísle go dtí an leibhéal is airde;

(g)

ciallaíonn ‘obair ar comhionann a luach’ obair a chinntear a bheith ar luach comhionann i gcomhréir leis na critéir neamh-idirdhealaitheacha agus inscne-neodracha oibiachtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(4);

(h)

ciallaíonn ‘catagóir oibrithe’ oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach arna ngrúpáil ar bhealach neamhthreallach bunaithe ar na critéir neamh-idirdhealaitheacha agus inscne-neodracha oibiachtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ag fostóir na n-oibrithe sin, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar leis hionadaithe oibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.

(i)

ciallaíonn ‘idirdhealú díreach’ an cás ina ndéileáiltear le duine amháin le níos lú fabhair ar fhorais gnéis ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile i gcás inchomparáide;

(j)

ciallaíonn ‘idirdhealú indíreach’ an cás ina gcuirfeadh foráil, critéar nó cleachtas a dhealraíonn a bheith neodrach daoine de ghnéas amháin faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine den ghnéas eile, ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an bhforáil, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin ar bhonn aidhm dhlisteanach, agus má tá na modhanna chun an aidhm sin a bhaint amach iomchuí agus riachtanach;

(k)

ciallaíonn ‘cigireacht saothair’ an comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, as feidhmeanna rialaithe agus/nó cigireachta i margadh an tsaothair, ach amháin, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, go bhféadfaidh na comhpháirtithe sóisialta na feidhmeanna sin a dhéanamh;

(l)

ciallaíonn ‘comhlacht comhionannais’ an comhlacht nó na comhlachtaí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE;

(m)

ciallaíonn ‘ionadaithe oibrithe’ ionadaithe oibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Chun críocha na Treorach seo, is ionann idirdhealú agus an méid seo a leanas:

(a)

ciapadh agus gnéaschiapadh, de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (a), de Threoir 2006/54/CE, mar aon le haon chóir is lú fabhar atá bunaithe ar dhiúltú duine d'iompar den sórt sin nó ar ghéilleadh duine d'iompar den sórt sin, nuair a bhaineann ciapadh nó cóir den sórt sin le feidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo nó gur toradh é ar fheidhmiú na gceart sin;

(b)

aon treoir idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais gnéis;

(c)

aon chóir is lú fabhar a bhaineann le saoire toirchis nó saoire mháithreachais de réir bhrí Threoir 92/85/CEE ón gComhairle (24);

(d)

aon chóir is lú fabhar, de réir bhrí Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), bunaithe ar ghnéas, lena n-áirítear maidir le saoire atharthachta, saoire tuismitheora nó saoire cúramóirí;

(e)

idirdhealú trasnach, ar idirdhealú é atá bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d'aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe a chosnaítear faoi Threoir 2000/43/CE nó 2000/78/CE.

3.   Ní bheidh oibleagáidí breise ar fhostóirí i mír 2, pointe (e), sonraí a bhailiú dá dtagraítear sa Treoir seo maidir le forais chosanta idirdhealaithe eile seachas gnéas.

Airteagal 4

Obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach

1.   Déanfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil struchtúir phá i bhfeidhm ag fostóirí chun a áirithiú go n-íoctar an pá céanna ar an obair chéanna nó ar obair ar comhionann a luach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais, na bearta is gá lena n-áirítear go gcuirtear uirlisí anailíseacha nó modheolaíochtaí ar fáil a mbeidh rochtain éasca orthu chun tacaíocht agus treoir a thabhairt d’fhostóirí chun luach na hoibre a mheasúnú agus a chomparáid i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach san Airteagal seo. Leis na huirlisí nó na modheolaíochtaí sin, beidh fostóirí agus/nó na comhpháirtithe sóisialta in ann córais inscne-neodrach meastóireachta agus aicmithe post a bhunú agus a úsáid go héasca ar córais iad lena n-eisiatar aon idirdhealú pá ar bhonngnéis.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nuashonrú a dhéanamh ar threoirlínte uile-Aontais a bhaineann le córais meastóireachta agus aicmithe post atá inscne-neodrach, i gcomhairle leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

4.   Leis na struchtúir phá sin cumasófar measúnú cé acu atá nó nach bhfuil oibrithe i gcás inchomparáide maidir le luach na hoibre ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha arna gcomhaontú leis na hionadaithe oibrithe i gcás inarb ann do na hionadaithe sin. Ní bheidh na critéir sin bunaithe go díreach ná go hindíreach ar ghnéas na n-oibrithe. Áireofar iontu sin scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre, agus, más iomchuí, aon tosca eile atá ábhartha don phost sonrach. Cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil atá inscne-neodrach, agus eisiafar leo aon idirdhealú díreach nó indíreach bunaithe ar ghnéas. Go háirithe, ní dhéanfar tearcluacháil ar scileanna boga ábhartha.

CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT PÁ

Airteagal 5

Trédhearcacht pá roimh fhostú

1.   Beidh sé de cheart ag iarratasóirí ar fhostaíocht faisnéis a fháil, ón bhfostóir ionchasach, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an pá tosaigh nó a raon, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, inscne-neodracha, atá le sannadh don phost lena mbaineann; agus

(b)

i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha an chomhaontaithe chomhchoitinn arna gcur i bhfeidhm ag an bhfostóir i ndáil leis an bpost.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach lena n-áiritheofar caibidlíocht eolasach thrédhearcach maidir le pá, amhail i bhfógra folúntais foilsithe, roimh an agallamh poist nó ar shlí eile.

2.   Ní cheisteoidh fostóir iarratasóirí faoina stair phá le linn an chaidrimh fostaíochta atá acu faoi láthair nó a bhí acu roimhe sin.

3.   Áiritheoidh fostóirí go mbeidh fógraí folúntais poist agus teidil poist inscne-neodrach agus go ndéanfar próisis earcaíochta a threorú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ionas nach mbainfear an bonn den cheart pá comhionann a fháil as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach (‘an ceart chun pá chomhionainn’).

Airteagal 6

Trédhearcacht an bheartais maidir le socrú pá agus dul chun cinn pá

1.   Tabharfaidh fostóirí rochtain éasca dá gcuid oibrithe ar na critéir a úsáidtear chun pá, leibhéil phá agus dul chun cinn pá oibrithe a chinneadh. Beidh na critéir sin oibiachtúil agus inscne-neodrach.

2.   Féadfaidh na Ballstáit fostóirí a fhostaíonn níos lú ná 50 oibrí a dhíolmhú ón oibleagáid a bhaineann leis an dul chun cinn pá a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 7

Ceart chun faisnéise

1.   Beidh sé de cheart ag oibrithe, i gcomhréir le míreanna 2 agus 4, faisnéis a iarraidh agus a fháil i scríbhinn maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir gnéis, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach.

2.   Beidh an deis ag oibrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh agus a fháil trína n-ionadaithe oibrithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Beidh an deis acu freisin an fhaisnéis a iarraidh agus a fháil trí chomhlacht comhionannais.

Mura bhfuil an fhaisnéis a fhaightear cruinn nó iomlán, beidh sé de cheart ag an oibrí, ar bhonn pearsanta nó trína n-ionadaithe oibrithe, soiléiriú breise agus réasúnta a iarraidh chomh maith le mionsonraí maidir le haon sonraí arna soláthar agus freagra réasúnaithe a fháil.

3.   Cuirfidh fostóirí na hoibrithe uile ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoina gceart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus faoi na bearta atá le déanamh ag an oibrí chun an ceart sin a fheidhmiú.

4.   Soláthróidh fostóirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse réasúnta ama ach in aon chás laistigh de dhá mhí ón dáta a ndéanfar an iarraidh.

5.   Ní chuirfear cosc ar oibrithe a bpá a nochtadh chun críoch phrionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar théarmaí conarthacha lena gcuirtear srian ar oibrithe faisnéis a nochtadh faoina bpá.

6.   Féadfaidh fostóirí a cheangal ar oibrithe a bhfuil faisnéis faighte acu de bhun an Airteagail seo, seachas faisnéis maidir lena leibhéal pá nó pá féin, gan an fhaisnéis sin a úsáid chun aon chríche seachas a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú.

Airteagal 8

Inrochtaineacht faisnéise

Soláthróidh fostóirí aon fhaisnéis a roinnfear le hoibrithe nó le hiarratasóirí ar fhostaíocht de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 i bhformáid a bheidh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus ina gcuirfear na riachtanais ar leith atá acu san áireamh.

Airteagal 9

Tuairisciú ar an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh fostóirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir lena n-eagraíocht, i gcomhréir leis an Airteagal seo:

(a)

an bhearna phá idir na hinscní;

(b)

an bhearna phá idir na hinscní i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(c)

an bhearna airmheánach phá idir na hinscní;

(d)

an bhearna airmheánach phá idir na hinscní i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(e)

cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna a fhaigheann comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(f)

cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna i ngach banda pá ceathairíleach;

(g)

an bhearna phá idir na hinscní idir oibrithe de réir catagóirí oibrithe agus iad miondealaithe de réir gnáth-thuarastal bunaidh nó gnáthphá bunaidh agus de réir comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha.

2.   Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 250 oibrí nó níos mó, faoin 7 Meitheamh 2027 agus gach bliain ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.

3.   Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 150 oibrí go 249 oibrí, faoin 7 Meitheamh 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.

4.   Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 100 oibrí go 149 oibrí, faoin .7 Meitheamh 2031 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.

5.   Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar fhostóirí a fhostaíonn níos lú ná 100 oibrí an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a sholáthar ar bhonn deonach. Féadfaidh na Ballstáit, mar ábhar an dlí náisiúnta, a cheangal ar fhostóirí a fhostaíonn níos lú ná 100 oibrí faisnéis a sholáthar maidir le pá.

6.   Dearbhóidh lucht bainistíochta an fhostóra go bhfuil an fhaisnéis cruinn, tar éis dul i gcomhairle leis na hionadaithe oibrithe. Beidh rochtain ag na hionadaithe oibrithe ar na modheolaíochtaí a chuireann an fostóir i bhfeidhm.

7.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo a chur in iúl don údarás atá i gceannas ar shonraí den sórt sin a thiomsú agus a fhoilsiú de bhun Airteagal 29(3), pointe (c). Féadfaidh an fostóir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f), den Airteagal seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin nó cuirfidh sé ar fáil don phobal í ar shlí eile.

8.   Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1, pointí (a) go (f), den Airteagal seo a thiomsú iad féin, ar bhonn sonraí riaracháin amhail sonraí a chuirfidh fostóirí ar fáil do na húdaráis chánach nó do na húdaráis slándála sóisialta. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 29(3), pointe (c).

9.   Cuirfidh fostóirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), ar fáil dá n-oibrithe uile agus dionadaithe oibrithe a n-oibrithe. Cuirfidh fostóirí an fhaisnéis ar fáil don chomhlacht comhionannais agus don chigireacht saothair arna iarraidh sin dóibh. Déanfar an fhaisnéis ó na ceithre bliana roimhe sin, má tá sí ar fáil, a chur ar fáil freisin arna iarraidh sin.

10.   Beidh sé de cheart ag oibrithe, ionadaithe oibrithe, cigireachtaí saothair agus comhlachtaí comhionannais soiléiriú breise agus sonraí a iarraidh ar fhostóirí maidir le haon sonraí a cuireadh ar fáil, lena n-áirítear mínithe maidir le haon difríochtaí pá idir na hinscní. Tabharfaidh fostóirí freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar. I gcás nach bhfuil bonn cirt le difríochtaí pá idir na hinscní ar bhonn critéar oibiachtúil inscne-neodrach, déanfaidh fostóirí an cás a leigheas laistigh de thréimhse ama réasúnta i ndlúthchomhar leis na hionadaithe oibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais.

Airteagal 10

Measúnú comhpháirteach ar phá

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh fostóirí atá faoi réir tuairisciú pá de bhun Airteagal 9, i gcomhar le hionadaithe oibrithe a n-oibrithe, measúnú comhpháirteach ar phá a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

léiríonn an tuairisciú pá difríocht 5 % ar a laghad sa mheánleibhéal pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aon chatagóir oibrithe;

(b)

níl difríocht den sórt sin sa mheánleibhéal pá a bhfuil bonn cirt leis ag an bhfostóir ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha;

(c)

níor leigheas an fostóir difríocht den sórt sin nach bhfuil bonn cirt leis sa mheánleibhéal pá laistigh de shé mhí ó dháta foilsithe na tuairiscithe pá.

2.   Déanfar an measúnú comhpháirteach ar phá d’fhonn difríochtaí pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna a shainaithint, a leigheas agus a chosc, difríochtaí nach bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha agus áireofar ann an méid a leanas:

(a)

anailís ar chion na n-oibrithe baineanna agus fireanna i ngach catagóir oibrithe;

(b)

faisnéis ar mheánleibhéil phá na n-oibrithe baineanna agus na n-oibrithe fireanna agus ar chomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha le haghaidh gach catagóir oibrithe;

(c)

aon difríocht i leibhéil meánphá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna i ngach catagóir oibrithe;

(d)

na cúiseanna atá le difríochtaí den sórt sin i leibhéil meánphá agus, ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha, más ann dóibh, mar a leagtar síos i gcomhpháirt ag na hionadaithe oibrithe agus ag an bhfostóir;

(e)

cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna a thairbhigh d’aon fheabhsú ar phá tar éis dóibh filleadh ar shaoire mháithreachais nó atharthachta, saoire tuismitheora nó saoire cúramóirí, má tharla an feabhsú sin i gcatagóir ábhartha na n-oibrithe le linn na tréimhse inar tógadh an tsaoire;

(f)

bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sa phá mura bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla, inscne-neodracha;

(g)

meastóireacht ar éifeachtacht beart ó mheasúnuithe comhpháirteacha ar phá a rinneadh roimhe seo.

3.   Cuirfidh fostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá ar fáil d’oibrithe agus d’ionadaithe oibrithe agus cuirfidh siad in iúl don chomhlacht faireacháin é de bhun Airteagal 29(3), pointe (d). Cuirfidh siad ar fáil é don chigireacht saothair agus don chomhlacht comhionannais arna iarraidh sin.

4.   Agus na bearta a eascraíonn as an measúnú comhpháirteach ar phá á gcur chun feidhme, déanfaidh an fostóir na difríochtaí pá nach bhfuil bonn cirt leo a leigheas laistigh de thréimhse réasúnta ama, i ndlúthchomhar leis na hionadaithe oibrithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Féadfar iarraidh ar an gcigireacht saothair agus/nó ar an gcomhlacht comhionannais a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Áireofar i gcur chun feidhme na mbeart anailís ar na córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá ann cheana nó ar bhunú na gcóras sin, chun a áirithiú go n-eisiafar aon idirdhealú pá díreach nó indíreach ar bhonn gnéis.

Airteagal 11

Tacaíocht d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu

Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil, i bhfoirm cúnaimh theicniúil agus oiliúna, d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu agus d’ionadaithe oibrithe lena mbaineann, chun a gcomhlíonadh maidir leis na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a éascú.

Airteagal 12

Cosaint sonraí

1.   Sa mhéid go mbaineann aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun bearta arna ndéanamh faoi Airteagail 7, 9 agus 10 le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear ar fáil í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun Airteagail 7, 9 nó 10 den Treoir seo, ní úsáidfear iad chun aon chríoch eile seachas chun prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás ina nochtfaí faisnéis de bhun Airteagail 7, 9 agus 10 go nochtfaí, go díreach nó go hindíreach, pá comhoibreora inaitheanta, nach mbeidh rochtain ach ag na hionadaithe oibrithe, ag an gcigireacht saothair nó ag an gcomhlacht comhionannais ar an bhfaisnéis sin. Cuirfidh na hionadaithe oibrithe nó an comhlacht comhionannais comhairle ar oibrithe maidir le héileamh a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin Treoir seo gan nochtadh a dhéanamh ar leibhéil iarbhír pá na n-oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Chun críocha faireacháin, de bhun Airteagal 29, cuirfear an fhaisnéis ar fáil gan srian.

Airteagal 13

Idirphlé sóisialta

Gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú, trí bhíthin plé a dhéanamh ar na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás inarb infheidhme arna iarraidh sin dóibh.

Gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta á gcur san áireamh, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun ról na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn agus chun feidhmiú an chirt chun cómhargála a spreagadh maidir le bearta chun dul i ngleic le hidirdhealú pá agus an drochthionchar atá aige ar luacháil post a dhéanann oibrithe d’aon ghnéas amháin den chuid is mó.

CAIBIDIL III

LEIGHEASANNA AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 14

Cearta a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis dul ar iontaoibh idir-réitigh, go mbeidh imeachtaí cúirte maidir le forfheidhmiú cearta agus oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn ar fáil do gach oibrí a mheasann go bhfuil éagóir déanta acu de bharr nár cuireadh i bhfeidhm prionsabal an phá chomhionainn. Beidh na himeachtaí sin so-rochtana d’oibrithe agus do na daoine a ghníomhaíonn thar a gceann, fiú amháin tar éis dheireadh an chaidrimh fostaíochta ina líomhnaítear gur tharla an t-idirdhealú.

Airteagal 15

Nósanna imeachta thar ceann oibrithe nó mar thaca leo

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachais, eagraíochtaí, comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí náisiúnta, leas dlisteanach maidir le comhionannas idir fir agus mná a áirithiú, páirt a ghlacadh in aon nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte maidir le sárú líomhnaithe ar na cearta nó ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann oibrí nó tacú le hoibrí ar íospartach líomhnaithe é nó í de shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn, le formheas an duine sin.

Airteagal 16

Ceart chun cúitimh

1.   Maidir le haon oibrí a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart aige nó aici cúiteamh nó leorghníomh iomlán a éileamh agus é a fháil, mar a chinnfidh an Ballstát, as an damáiste sin.

2.   Is éard a bheidh i gceist leis an gcúiteamh nó leis an sásamh dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh cúiteamh nó leorghníomh réadach agus éifeachtach ann, de réir mar a chinneann an Ballstát, ar an gcaillteanas agus ar an damáiste a rinneadh, ar bhealach athchomhairleach agus comhréireach.

3.   Cuirfidh an cúiteamh nó an leorghníomh an t-oibrí a rinneadh damáiste dó nó di sa staid ina mbeadh an duine sin murach go ndearnadh idirdhealú air nó uirthi ar bhonn gnéis nó murar sáraíodh aon cheann de na cearta nó de na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chúiteamh nó sa leorghníomh aisghabháil iomlán ar aisphá agus bónais ghaolmhara nó íocaíochtaí comhchineáil, cúiteamh ar dheiseanna caillte, damáiste neamhábhartha, aon damáiste a rinneadh de bharr fachtóirí ábhartha eile a bhféadfadh idirdhealú trasnach a bheith san áireamh leo, chomh maith le hús ar riaráistí.

4.   Ní chuirfear srian ar an gcúiteamh nó an leorghníomh trí uasteorainn a shocrú roimhe sin.

Airteagal 17

Leigheasanna eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás sárú ar chearta nó oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn, go bhféadfaidh údaráis inniúla nó cúirteanna náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an méid seo a leanas a eisiúint, arna iarraidh sin don éilitheoir agus ar chostas an fhreagróra:

(a)

ordú chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ordú chun bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm.

2.   I gcás nach gcomhlíonann freagróir aon ordú arna eisiúint de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla nó a gcúirteanna náisiúnta in ann, i gcás inarb iomchuí, ordú athfhillteach um íocaíocht pionóis a eisiúint, d’fhonn comhlíonadh a áirithiú.

Airteagal 18

Aistriú an dualgas cruthúnais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta bhreithiúnacha, maidir le hoibrithe a mheasann go ndearnadh éagóir orthu toisc nár cuireadh prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm ina leith, chun a áirithiú go ndéanfaidh siad fíorais as a bhféadfar a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach astu a shuíomh os comhair údarás inniúil nó cúirt náisiúnta, is faoin bhfreagróir a bheidh sé a chruthú nach ndearnadh aon idirdhealú díreach nó indíreach i dtaca le pá.

2.   I nós imeachtaí riaracháin nó in imeachtaí cúirte i ndáil le hidirdhealú díreach nó indíreach líomhnaithe a bhaineann le pá, i gcás nár chuir an fostóir oibleagáidí trédhearcachta pá chun feidhme mar a leagtar amach iad in Airteagail 5, 6, 7, 9 agus 10, áiritheoidh na Ballstáit gur faoin bhfostóir atá sé a chruthú nach ndearnadh idirdhealú den chineál sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina gcruthóidh an fostóir gur léir go raibh sárú na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 5, 6, 7, 9 agus 10 neamhbheartaithe go follasach agus gur mionsárú é.

3.   Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit rialacha fianaiseacha a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrí a dhéanann nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte a thionscnaimh maidir le sárú líomhnaithe ar aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.

4.   Ní gá do na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus imeachtaí ina bhfuil sé faoin údarás inniúil nó faoin gcúirt náisiúnta fíorais an cháis a imscrúdú.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta.

Airteagal 19

Cruthúnas maidir le hobair chomhionann nó obair ar comhionann a luach

1.   Agus measúnú á dhéanamh an obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach í an obair atá á déanamh ag oibrithe baineanna agus fireanna, ní bheidh an measúnú chun a chinneadh an bhfuil oibrithe i staid inchomparáide teoranta do chásanna ina n-oibríonn oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna don fhostóir céanna ach leathnófar é go dtí aon fhoinse amháin lena mbunófar na coinníollacha pá. Beidh aon fhoinse amháin i gcás ina sonrófar na gnéithe den phá atá ábhartha chun comparáid a dhéanamh idir oibrithe.

2.   Ní bheidh an measúnú i dtaobh an bhfuil oibrithe i staid inchomparáide teoranta d'oibrithe arna bhfostú an tráth céanna agus a fostaíodh an t-oibrí lena mbaineann.

3.   I gcás nach féidir fíor-chomparadóir a bhunú, féadfar aon fhianaise eile a úsáid chun idirdhealú líomhnaithe pá a chruthú, lena n-áirítear staidreamh nó comparáid leis an gcaoi a gcaithfí le hoibrí i gcás inchomparáide.

Airteagal 20

Rochtain ar fhianaise

1.   In imeachtaí a bhaineann le héileamh maidir le pá comhionann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla nó na cúirteanna náisiúnta in ann ordú a thabhairt don fhreagróir aon fhianaise ábhartha atá faoi rialú an fhreagróra a nochtadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis inniúla nó cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda a ordú i gcás ina measfaidh siad gurb ábhartha don éileamh ar phá comhionann é. Áiritheoidh na Ballstáit, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil d’údaráis inniúla nó do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint, i gcomhréir le rialacha náisiúnta nós imeachta.

3.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar na Ballstáit rialacha atá níos fabhraí d'éilitheoirí a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach.

Airteagal 21

Tréimhsí teorann

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfear leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le tréimhsí teorann chun éilimh ar phá comhionann a dhéanamh cathain a thosóidh na tréimhsí sin, fad na dtréimhsí sin agus na himthosca faoina bhféadfar iad a chur ar fionraí nó faoina bhféadfar cur isteach orthu. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí teorann sula mbeidh an t-éilitheoir ar an eolas faoi shárú, nó sula bhféadfar a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh sé ar an eolas faoi shárú. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfear tús le tréimhsí teorann fad atá sárú fós á dhéanamh nó roimh dheireadh an chonartha fostaíochta nó an chaidrimh fostaíochta. Ní bheidh tréimhsí teorann den sórt sin níos giorra ná 3 bliana.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tréimhse teorann ar fionraí nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, go gcuirfear isteach ar thréimhse teorann, a luaithe a dhéanann éilitheoir gníomhaíocht trí ghearán a thabhairt ar aird an fhostóra nó trí imeachtaí a thionscnamh os comhair cúirte, go díreach nó trína hionadaithe oibrithe, na cigireachta saothair nó an chomhlachta comhionannais.

3.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le rialacha i ndáil le dul in éag na n-éileamh.

Airteagal 22

Costais dlí

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-éireoidh le freagróir in imeachtaí a bhaineann le héileamh ar idirdhealú pá, gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cibé acu an raibh forais réasúnacha ag an éilitheoir nár éirigh leis nó léi an t-éileamh a thionscnamh agus, más fíor sin, an iomchuí nach gceanglófaí ar an éilitheoir sin costais na n-imeachtaí a íoc.

Airteagal 23

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha i ndáil leis na pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le sáruithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ráthófar leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíor-éifeacht dhíspreagthach maidir le sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Áireofar ar na pionóis sin fíneálacha, a mbeidh a socrú bunaithe ar an dlí náisiúnta.

3.   Cuirfear san áireamh sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach ábhartha is infheidhme maidir le himthosca an tsáraithe, lena bhféadfaí idirdhealú trasnach a áireamh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pionóis shonracha i bhfeidhm i gcás sáruithe leantacha ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis dá bhforáiltear de bhun an Airteagail seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas.

Airteagal 24

Pá comhionainn i gconarthaí poiblí agus lamháltais

1.   Áireofar sna bearta iomchuí a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE bearta chun a áirithiú, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí nó lamháltas, go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.

2.   Breithneoidh na Ballstáit é a chur de cheangal ar údaráis chonarthacha pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach, de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn a áirithiú i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. I gcás ina ngníomhaíonn údaráis na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 38(7), pointe (a), de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 57(4), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, nó le hAirteagal 80(1) de Threoir 2014/25/AE i gcomhar le hAirteagal 57(4), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, féadfaidh na Ballstáit aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó a chur de cheangal ar na húdaráis chonarthacha aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair phoiblí i gcás inar féidir leo a léiriú ar aon mhodh iomchuí go bhfuil sárú ann ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a bhaineann le mainneachtain oibleagáidí trédhearcachta pá a chomhlíonadh nó le bearna pá de níos mó ná 5 % in aon chatagóir oibrithe, bearna pá nach féidir leis an bhfostóir bonn cirt a thabhairt léi ar bhonn critéir oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne. Beidh sé seo gan dochar d’aon ceart nó oibleagáid eile a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE.

Airteagal 25

Íospairt agus cosaint ar chóir is lú fabhar

1.   Ní chaithfear le hoibrithe ná le hionadaithe oibrithe a n-oibrithe le níos lú fabhair ar an bhforas gur fheidhmigh siad a gcearta i ndáil le pá comhionann nó gur thacaigh siad le duine eile chun cearta an duine sin a chosaint.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit isteach ina gcórais dlí náisiúnta na bearta sin is gá chun oibrithe a chosaint, lena n-áirítear oibrithe ar ionadaithe oibrithe iad, ar dhífhostú nó ar chóireáil dhíobhálach eile ag fostóir mar fhreagairt ar ghearán laistigh d'eagraíocht an fhostóra nó ar aon nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte chun críche aon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú.

Airteagal 26

Gaol le Treoir 2006/54/CE

Beidh feidhm ag Caibidil III den Treoir seo maidir le himeachtaí i dtaca le haon cheart nó oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 27

Leibhéal na cosanta

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ó thaobh na n-oibrithe de ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.   Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo, in imthosca ar bith, ina fhoras chun leibhéal na cosanta a laghdú sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 28

Comhlachtaí comhionannais

1.   Gan dochar d'inniúlacht cigireachtaí saothair nó comhlachtaí eile a fhorfheidhmíonn cearta oibrithe, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, beidh na comhlachtaí comhionannais inniúil maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, bearta gníomhacha a ghlacadh chun dlúthchomhar agus comhordú a áirithiú i measc na gcigireachtaí saothair, na gcomhlachtaí comhionannais agus, i gcás inarb infheidhme, na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le prionsabal an phá chomhionainn.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní leordhóthanacha is gá ar fáil dá gcomhlachtaí comhionannais chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le hurramú an chirt chun pá chomhionainn.

Airteagal 29

Faireachán agus múscailt feasachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn agus ar fhorfheidhmiú na leigheasanna uile atá ar fáil agus go dtabharfar tacaíocht chomhsheasmhach agus chomhordaithe don mhéid sin.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta, agus tacaíocht a thabhairt dó, lena gcuirtear an Treoir (comhlacht faireacháin) seo chun feidhme agus déanfaidh sé na socruithe is gá maidir le feidhmiú cuí an chomhlachta sin. Féadfaidh an comhlacht faireacháin a bheith mar chuid de chomhlacht nó de struchtúr atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná comhlacht amháin a ainmniú chun feasacht a mhúscailt agus sonraí a bhailiú, ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlacht lárnach na feidhmeanna faireacháin agus anailíse dá bhforáiltear i mír 3, pointí (b), (c) agus (e).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar ar chúraimí an chomhlachta faireacháin an méid seo a leanas:

(a)

feasacht a mhúscailt i measc gnóthais phoiblí agus phríobháideacha agus i measc eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, na comhpháirtithe sóisialta agus an pobal i gcoitinne chun prionsabal an phá chomhionainn agus an ceart chun trédhearcachta pá a chur chun cinn, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach i ndáil le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach;

(b)

anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mbearna phá idir na hinscní agus uirlisí a cheapadh chun cabhrú le héagothromaíochtaí pá a mheas, agus leas á bhaint, go háirithe, as obair anailíseach agus as uirlisí EIGE;

(c)

sonraí a fhaightear ó fhostóirí de bhun Airteagal 9(7) a bhailiú, agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a) go (f), a fhoilsiú go pras ar bhealach a mbeidh rochtain éasca orthu, agus ar bhealach soláimhsithe don úsáideoir, lena bhféadfar comparáid a dhéanamh idir fostóirí, earnálacha agus réigiúin sa Bhallstát lena mbaineann, agus lena n-áirithítear go bhfuil an fhaisnéis ó na 4 bliana roimhe sin inrochtana má tá sí ar fáil;

(d)

na tuarascálacha maidir le measúnú comhpháirteach ar phá a bhailiú de bhun Airteagal 10(3);

(e)

sonraí a chomhiomlánú maidir le líon agus cineálacha na ngearán maidir le hidirdhealú pá a thugtar os comhair na n-údarás inniúil, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, agus éilimh a thugtar os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

4.   Faoin 7 Meitheamh 2028 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit, in aon aighneacht amháin, na sonraí dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d) agus (e) a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 30

Cómhargáil agus gníomhaíocht chomhchoiteann

Ar an gcaoi chéanna, leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear don cheart dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó cleachtas.

Airteagal 31

Staidreamh

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat), ar bhonn bliantúil, sonraí náisiúnta atá cothrom le dáta chun an bhearna phá idir na hinscní, i bhfoirm nach bhfuil coigeartaithe, a ríomh. Déanfar miondealú ar na staitisticí sin de réir gnéis, na hearnála eacnamaíche, am oibre (lánaimseartha/páirtaimseartha), rialú eacnamaíoch (úinéireacht phoiblí/príobháideach) agus de réir aoise agus déanfar iad a ríomh ar bhonn bliantúil.

Déanfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír a tharchur ón 31 Eanáir 2028 le haghaidh bhliain tagartha 2026.

Airteagal 32

Scaipeadh faisnéise

Déanfaidh na Ballstáit bearta gníomhacha chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha a ghlacfaidh siad de bhun na Treorach seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana féin, a thabhairt ar aird do na daoine lena mbaineann ar fud a gcríche ar gach bealach iomchuí.

Airteagal 33

Cur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta i dtaca le ról na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na cúraimí cur chun feidhme a chuirfear ar na comhpháirtithe sóisialta:

(a)

forbairt uirlisí nó modheolaíochtaí anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2);

(b)

pionóis airgeadais atá coibhéiseach le fíneálacha, ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 34

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Agus an Coimisiún á chur ar an eolas, cuirfidh na Ballstáit achoimre ar fáil dó freisin ar thorthaí measúnaithe maidir le tionchar a mbeart trasuite ar oibrithe agus ar fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu agus tagairt don áit ina bhfoilsítear an measúnú sin.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 35

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 7 Meitheamh 2031 cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chur chun feidhme na Treorach seo agus faoina tionchar iarbhír.

2.   Faoin 7 Meitheamh 2033 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, inter alia, ar thairseacha na bhfostóirí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10, chomh maith leis an truicear 5 % don mheasúnú comhpháirteach ar phá dá bhforáiltear in Airteagal 10(1). Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún aon leasuithe reachtacha a mheasann sé a bheith riachtanach ar bhonn na tuarascála sin.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 37

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 84.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

(3)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Aibreán 1996, P v S, C-13/94, ECLI:EU:C:1996:170; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Eanáir 2004, K.B., C-117/01, ECLI:EU:C:2004:7; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Aibreán 2006, Richards, C-423/04, ECLI:EU:C:2006:256; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Meitheamh 2018, M.B., C-451/16, ECLI:EU:C:2018:492.

(4)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

(5)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Lawrie-Blum, 66/85, ECLI:AE:C:1986:284; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, C-428/09, ECLI:EU: C:2010:612; breithiúnas na Cúirt Breithiúnais an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Iúil 2015, Balkaya, C-229/14, ECLI:EU:C:2015:455; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Iúil 2020, Governo della Repubblica italiana (Stádas giúistísí na hIodáile), C-658/18, ECLI:EU:C:2020:572.

(6)  Mar shampla, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Feabhra 1982, Garland, C-12/81, ECLI:EU:C:1982:44; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Meitheamh 1982, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg, C-58/81, ECLI:EU:C:1982:215; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Iúil 1989, Rinner-Kulhn, C-171/88, ECLI:EU:C:1989:328; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Meitheamh 1990, Kowalska, C-33/89, ECLI: EU:C:1990:265; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Meitheamh 1992, Bötel, C-360/90, ECLI:EU:C:1992:246; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Feabhra 1996, Gillespie and Others, C-342/93, ECLI:EU:C:1996:46; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Márta 1996, Freers and Speckmann, C-278/93, ECLI:EU:C:1996:83 breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Márta 2004, Alabaster, C-147/02, ECLI:EU:C:2004:192.

(7)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(8)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(9)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2002, Lawrence and others, C-320/00, ECLI:EU:C:2002:498.

(10)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Márta 1980, Macarthys Ltd, C-129/79, ECLI:EU:C:1980:103.

(11)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(12)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(13)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Breithiúnas naCúirte Breithiúnais an 17 Nollaig 2015, Arjona Camacho, C-407/14, ECLI:EU:C:2015:831, mír 45.

(16)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1989, Danfoss, C-109/88, ECLI:EU:C:1989:383.

(17)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(18)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(19)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(20)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 20 Meitheamh 2019, Hakelbracht and others, C-404/18, ECLI:EU:C:2019:523.

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999, lch. 6).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(23)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(24)  Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).

(25)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).