9.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/17


RIALACHÁN (AE) 2019/2089 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtuithe inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat domhanda nua um fhorbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030”), a bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ina chroílár. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile le haghaidh todhchaí inbhuanaithe don Eoraip, déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartais de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon, go ndéanfar na SDGanna a chur san áireamh ag an tús. Sna conclúidí uaidh an 20 Meitheamh 2017, dheimhnigh an Chomhairle tiomantas an Aontais agus a mBallstát maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus le geallsealbhóirí eile.

(2)

Féachann Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (3) agus a tháinig i bhfeidhm an 4 Samhain 2016, leis an bhfreagairt ar an athrú aeráide a neartú, inter alia, trí shreafaí airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(3)

Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus laghdú suntasach a dhéanamh ar na rioscaí agus ar an tionchar atá ag an athrú aeráide, tá sé mar sprioc domhanda an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú do 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(4)

Ar an 8 Deireadh Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) Tuarascáil Speisialta maidir le Téamh Domhanda 1, °C inar luadh, chun an téamh domhanda a theorannú ag 1,5 °C, go mbeadh gá le hathruithe gasta leitheadacha agus gan fasach i ngach gné den tsochaí agus go bhféadfaí, trí théamh domhanda a theorannú ag 1,5 °C i gcomparáid le 2 °C, é sin a dhéanamh agus sochaí níos inbhuanaithe agus níos cothroime á háirithiú ag an am céanna.

(5)

Tá an inbhuanaitheacht agus an t‐aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. Is fada atá an inbhuanaitheacht ag croílár thionscadal an Aontais agus, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), léirítear a gnéithe shóisialta agus comhshaoil. Níl ach méid teoranta ama ann chun an cultúr a athrú ó bhonn san earnáil airgeadais i dtreo na hinbhuanaitheachta chun a áirithiú go bhfanfaidh an mheánteocht dhomhanda go maith faoi bhun 2 °C. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeidh infheistíochtaí nua bonneagair inbhuanaithe san fhadtéarma.

(6)

Sa teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a phlean gníomhaíochta maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú, lenar seoladh straitéis uaillmhianach agus chuimsitheach le haghaidh maoiniú inbhuanaithe. Ar cheann de chuspóirí an phlean gníomhaíochta sin, tá sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach go leagfaí béim níos mó ar an tionchar a bhíonn ag an athrú aeráide, mar go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar na tubaistí a thagann as neamh-intuarthacht dálaí aimsire.

(7)

Le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) iarradh méadú ar mhaoiniú ón earnáil phríobháideach do chaiteachas a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, go háirithe trí dhreasachtaí agus modheolaíochtaí a chruthú lena ndéanfaí cuideachtaí a spreagadh le tomhas a dhéanamh ar chostais chomhshaoil a ngnólachtaí agus ar na brabúis a shaothraíonn siad ó sheirbhisí comhshaoil a úsáid.

(8)

Chun na SDGanna san Aontas a bhaint amach is gá sreafaí caipitil a dhíriú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na constaicí atá roimh ghluaiseacht éifeachtúil chaipitil chuig infheistíochtaí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach agus constaicí nua a chosc.

(9)

Le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) bunaítear rialacha aonfhoirmeacha maidir le tagarmharcanna san Aontas agus freastalaítear ar chineálacha éagsúla tagarmharcanna. Tá méadú ag teacht ar líon na n‐infheisteoirí atá ag saothrú straitéisí infheistíochta ísealcharbóin agus atá ag úsáid tagarmharcanna ísealcharbóin le haghaidh feidhmíocht punanna infheistíochta a thomhas. Maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bhunú, a bhfuil modheolaíocht mar bhonn agus mar thaca acu, ar modheolaíocht í atá nasctha le gealltanais a leagtar síos i gComhaontú Pháras i ndáil le hastaíochtaí carbóin, rannchuideodh sé sin le trédhearcacht a mhéadú agus chuideodh sé le cosc a chur leis an snas glas.

(10)

Tá réimse leathan innéacsanna á ngrúpáil le chéile faoi láthair mar innéacsanna ísealcharbóin. Baintear úsáid as na hinnéacsanna ísealcharbóin sin le haghaidh punanna infheistíochta a dhíoltar trasna teorainneacha. Déanann cáilíocht agus sláine tagarmharcanna ísealcharbóin difear d’fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i réimse leathan punann infheistíochta aonair agus punann comh-infheistíochta. Maidir le roinnt mhaith innéacsanna ísealcharbóin a úsáidtear le haghaidh feidhmíocht punanna infheistíochta a thomhas, go háirithe le haghaidh cuntais infheistíochta leithscartha agus scéimeanna comhinfheistíochta, déantar iad a sholáthar i mBallstát amháin ach baineann bainisteoirí punainne agus bainisteoirí sócmhainní úsáid astu i mBallstáit eile. Sa bhreis air sin, is minic a dhéanann bainisteoirí punainne agus bainisteoirí sócmhainní a gcuid rioscaí neamhchosanta carbóin a fhálú trí úsáid a bhaint as tagarmharcanna a sholáthraítear i mBallstáit eile.

(11)

Tá catagóirí éagsúla d’innéacsanna ísealcharbóin a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine ag baint leo tagtha chun cinn sa mhargadh. Cé go bhfuil sé mar aidhm le roinnt tagarmharcanna laghdú a dhéanamh ar an lorg carbóin a fhágann punann chaighdeánach infheistíochta, níl d’aidhm ag roinnt eile acu ach na comhpháirteanna a rannchuidíonn le cuspóir 2 °C a leagtar amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach. In ainneoin na ndifríochtaí idir na cuspóirí agus na straitéisí, is minic roinnt mhaith de na tagarmharcanna sin a bheith á gcur chun cinn mar thagarmharcanna ísealcharbóin.

(12)

Mar thoradh ar roinnt cineálacha éagsúla cur chuige maidir le modheolaíochtaí tagarmhairc, tá ilroinnt sa mhargadh aonair tarlaithe mar nach bhfuil sé soiléir d’úsáideoirí tagarmharcanna an tagarmharc atá ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras é innéacs ísealcharbóin áirithe nó an é nach bhfuil ann ach tagarmharc a bhfuil sé mar aidhm leis an lorg carbóin a fhágann punann chaighdeánach a ísliú. Chun aghaidh a thabhairt ar éilimh ó riarthóirí faoi chineál ísealcharbóin a dtagarmharcanna, ar éilimh iad a d’fhéadfadh a bheith neamhdhlisteanach, is dócha go nglacfaidh na Ballstáit rialacha dá gcuid féin chun infheisteoirí a chosaint ó mhearbhall agus ó dhébhríocht maidir leis na haidhmeanna agus an leibhéal uaillmhéine atá mar bhonn leis na catagóirí éagsúla d’innéacsanna ísealcharbóin, mar a thugtar orthu, le haghaidh punanna infheistíochta ísealcharbóin.

(13)

In éagmais creat comhchuibhithe chun cruinneas agus sláine na bpríomhchatagóirí de thagarmharcanna ísealcharbóin a úsáidtear i bpunanna infheistíochta aonair nó i bpunanna comhinfheistíochta a áirithiú, is dócha go gcuirfidh na difríochtaí i gcineálacha cur chuige na mBallstát constaicí roimh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(14)

Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a choinneáil ar mhaithe le hinfheisteoirí, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú tuilleadh, agus chun leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí a áirithiú, is iomchuí Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú trí chreat rialála a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena leagtar síos íoscheanglais do Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus do Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Maidir leis sin, tá sé thar a bheith tábhachtach nach ndéanfadh na tagarmharcanna sin díobháil shuntasach do chuspóirí eile comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG).

(15)

Dá dtabharfaí isteach idirdhealú soiléir idir Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus dá bhforbrófaí íoschaighdeáin do na tagarmharcanna sin, rannchuideofaí le comhsheasmhacht i measc na dtagarmharcanna sin. Ba cheart Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras ar leibhéal innéacs.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh na lipéid “Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE” agus “Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras” ina lipéid iontaofa agus go mbeidh sé éasca d’infheisteoirí ar fud an Aontais iad a shainaithint, níor cheart go mbeadh ach na riarthóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo incháilithe chun úsáid a bhaint as na lipéid sin agus margaíocht á déanamh acu ar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus ar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras san Aontas.

(17)

Chun cuideachtaí a spreagadh le spriocanna inchreidte do laghdú astaíochtaí carbóin a nochtadh, ba cheart don riarthóir ar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE, agus é ag roghnú nó ag ualú na sócmhainní foluiteacha, cuideachtaí a chur san áireamh a bhfuil sé mar chuspóir acu a gcuid astaíochtaí carbóin a laghdú i dtreo ailíniú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh spriocanna den sórt sin poiblí agus inchreidte, sa mhéid gur cheart go mbeadh fíorghealltanas i leith an dícharbónaithe ag baint leo agus ba cheart go mbeadh siad mionsonraithe go leordhóthanach agus inmharthanach go teicniúil.

(18)

Ní i gcónaí a bhíonn an fhaisnéis is gá ag úsáideoirí na dtagarmharcanna maidir lena mhéid a chuirtear tosca ESG san áireamh i modheolaíocht na riarthóirí tagarmharcanna. Is minic a bhíonn an fhaisnéis den sórt sin scaipthe, nó is minic nach ann di, agus nach féidir í a úsáid chun comparáid éifeachtach a dhéanamh trasna teorainneacha chun críocha infheistíochta. Chun go mbeidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann cinntí feasacha a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar gach riarthóir tagarmharcanna, ach amháin riarthóirí tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí, a nochtadh ina ráiteas tagarmhairc cibé acu an saothraíonn nó nach saothraíonn a dtagarmharcanna nó a bhfinte tagarmharcanna cuspóirí ESG, agus cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann an riarthóir tagarmharcanna na tagarmharcanna sin a thairiscint.

(19)

Chun infheisteoirí a chur ar an eolas faoina mhéid atá tagarmharcanna suntasacha cothromais agus bannaí, mar aon le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ag rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna faisnéis mhionsonrach a fhoilsiú á rá an ndéantar nó nach ndéantar agus a mhéid a dhéantar ailíniú foriomlán leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú a áirithiú, agus maidir lena a mhéid a dhéantar baint amach cuspóirí Chomhaontú Pháras a áirithiú.

(20)

Ba cheart do riarthóirí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus do riarthóirí Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras an mhodheolaíocht a d’úsáid siad chun na tagarmharcanna sin a ríomh a fhoilsiú freisin. Ba cheart tuairisc a bheith san fhaisnéis sin faoin gcaoi a ndearnadh na sócmhainní foluiteacha a roghnú agus a ualú, cé na sócmhainní a eisiadh agus an fáth a ndearnadh amhlaidh. D’fhonn measúnú a dhéanamh ar conas a rannchuidíonn an tagarmharc leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, ba cheart don riarthóir tagarmharcanna an chaoi a ndearnadh astaíochtaí carbóin na sócmhainní foluiteacha a thomhas, a luachanna faoi seach, lena n‐áirítear lorg carbóin iomlán an tagarmhairc, agus cineál agus foinse na sonraí ar baineadh úsáid astu a nochtadh. Chun go mbeidh bainisteoirí sócmhainní in ann an tagarmharc is iomchuí dá straitéis infheistíochta a roghnú, ba cheart go gceanglófaí ar riarthóirí tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí míniú a thabhairt ar an réasúnaíocht atá laistiar de pharaiméadair a modheolaíochta agus ar conas a rannchuidíonn an tagarmharc leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh sonraí maidir le minicíocht na n‐athbhreithnithe a rinneadh agus maidir leis an nós imeachta a leanadh, san fhaisnéis a fhoilseofar.

(21)

Maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ba cheart iad a bheith bunaithe ar chonairí dícharbónaithe atá bunaithe ar an eolaíocht, nó ar ailíniú foriomlán le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

(22)

Chun a áirithiú go leanfar de bheith ag cloí leis an gcuspóir a roghnaíodh maidir le maolú ar an athrú aeráide, ba cheart do riarthóirí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid modheolaíochtaí go rialta agus ba cheart dóibh na húsáideoirí a chur ar an eolas maidir leis na nósanna is infheidhme i gcás aon athrú ábharach ar na modheolaíochtaí sin a bheith á thabhairt isteach. Agus athrú ábharach á thabhairt isteach acu, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna na cúiseanna atá leis an athrú sin a nochtadh agus ba cheart dóibh míniú a thabhairt faoin gcaoi a bhfuil an t‐athrú sin i gcomhréir le cuspóirí tosaigh na dtagarmharcanna.

(23)

Maidir le tagarmharcanna nach bhfuil sócmhainní foluiteacha ag gabháil leo, ar tagarmharcanna iad a bhfuil tionchar acu ar an athrú aeráide, mar a bheadh i gceist, mar shampla, do thagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí, ba cheart iad a bheith díolmhaithe ón gceanglas nochtadh a dhéanamh ina ráiteas tagarmhairc cibé acu an bhfuiltear nó nach bhfuiltear agus a mhéid a bhfuiltear ag áirithiú ailíniú ar bhonn foriomlán lena sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, nó ag áirithiú ghnóthú cuspóirí Chomhaontú Pháras agus a mhéid atáthar á áirithiú sin. Ina theannta sin, ba cheart gur leor é i gcás an tagarmhairc nó, i gcás inarb iomchuí, i gcás na bhfinte tagarmharcanna nach bhfuil sé i gceist leo cuspóirí astaíochtaí carbóin a shaothrú, a lua go soiléir sa ráiteas tagarmhairc nach bhfuil sé i gceist leo cuspóirí den sórt sin a shaothrú.

(24)

Chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun a áirithiú gurb ann do leibhéal leordhóthanach comhchuibhithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonrú a thabhairt ar inneachar íosta na n‐oibleagáidí maidir le nochtadh ar cheart go mbeadh riarthóirí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus riarthóirí Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras faoina réir, agus chun sonrú a thabhairt ar na híoschaighdeáin maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar an modheolaíocht le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, lena n‐áirítear an modh chun na hastaíochtaí carbóin a bhaineann leis na sócmhainní foluiteacha a ríomh, agus aird á tabhairt ar mhodhanna maidir le lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta mar a shainmhínítear i bpointí (a) agus (b) de phointe 2 de Mholadh 2013/179/AE ón gCoimisiún (6) agus ar obair an tSainghrúpa Theicniúil um an Airgeadas Inbhuanaithe (TEG). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, oscailte agus phoiblí le linn a chuid oibre ullmhúcháin ar gach ceann de na gníomhartha tarmligthe sin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe, agus tugtar miontuairiscí chruinnithe uile TEG dóibh.

(25)

Le Rialachán (AE) 2016/1011, tugadh idirthréimhse isteach ar lena linn a bhfuil soláthraithe innéacsanna a sholáthraíonn tagarmharcanna ar an 30 Meitheamh 2016 le hiarratas ar údarú a dhéanamh faoin 1 Eanáir 2020. Má dhéantar tagarmharcanna criticiúla a scor, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, agus ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sna Ballstáit. D’fhéadfadh sé freisin, dá ndéanfadh riarthóir tagarmharc criticiúil a scor, go ndéanfaí difear do bhailíocht conarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais, agus d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar infheisteoirí agus tomhaltóirí araon, agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha teacht as don chobhsaíocht airgeadais. Sa bhreis air sin, mura mbeadh fáil a thuilleadh ar shonraí ionchuir chuig tagarmharcanna criticiúla, d’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint de chineál ionadaíoch na dtagarmharcanna sin agus d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar chumas na dtagarmharcanna sin an bunmhargadh atá aige nó an fíorchás eacnamaíoch a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse uasta do riarachán sainordaitheach na dtagarmharcanna criticiúla agus an tréimhse uasta le haghaidh rannchuidithe sainordaitheacha le tagarmharcanna den sórt sin a shíneadh chuig 5 bliana. Tá athchóiriú á dhéanamh ar thagarmharcanna criticiúla faoi láthair. Chun aistriú ó thagarmharc criticiúil atá ann cheana chuig ráta iomchuí comharba, teastaíonn idirthréimhse chun gur féidir gach socrú dlíthiúil agus teicniúil is gá chun an t‐aistriú sin a dhéanamh a chur i gcrích gan bhac. Le linn na hidirthréimhse sin, ba cheart an tagarmharc criticiúil atá ann cheana a fhoilsiú i dteannta a ráta comharba. Is gá, mar sin, síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn a fhéadfar tagarmharc criticiúil atá ann cheana a fhoilsiú agus a úsáid, gan a bheith ar a riarthóir bheith tar éis iarratas a dhéanamh ar údarú.

(26)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(23a)

ciallaíonn ‘Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE’ tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus Airteagal 19b, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil an phunann tagarmhairc a eascraíonn uaidh ar chonair dhícharbónaithe; agus

(b)

déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2);

(23b)

ciallaíonn ‘Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras’ tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19c, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil astaíochtaí carbóin na punainne tagarmhairc a eascraíonn uaidh ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (*1) (‘Comhaontú Pháras’);

(b)

déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2); agus

(c)

ní dhéanann na gníomhaíochtaí a bhaineann lena bhunsócmhainní dochar mór do chuspóirí eile comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG);

(23c)

ciallaíonn ‘conair dhícharbónaithe’ conair intomhaiste, atá bunaithe ar an eolaíocht agus atá srianta ó thaobh ama de i dtreo an ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 1, 2 agus 3 dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn III a laghdú.

(*1)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

míniú ar an gcaoi a léiríonn príomheilimintí na modheolaíochta a leagtar síos i bpointe (a) tosca ESG le haghaidh gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, ach amháin tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí.”;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Comhlíonfaidh riarthóirí tagarmharcanna an ceanglas a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír faoin 30 Aibreán 2020.”.

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar íosta an mhínithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid.”;

(3)

i dTeideal III, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

CAIBIDIL 3a

Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

Airteagal 19a

Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

1.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar, agus maidir le rannchuidiú leo, sa bhreis ar na ceanglais i dTeidil II, III agus IV.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin íosta le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a leagan síos chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na critéir maidir leis na sócmhainní foluiteacha a roghnú, lena n‐áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon chritéar maidir le sócmhainní a eisiamh;

(b)

na critéir agus an modh chun na sócmhainní foluiteacha sa tagarmharc a ualú;

(c)

an conair dhícharbónaithe le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a chinneadh.

3.   Déanfaidh riarthóirí tagarmhairc a sholáthraíonn Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, an Rialachán seo a chomhlíonadh faoin 30 Aibreán 2020.

Airteagal 19b

Ceanglais maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE

Déanfaidh riarthóirí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE sócmhainní foluiteacha arna n‐eisiúint ag cuideachtaí a leanann conair dícharbónaithe a roghnú, a ualú, nó a eisiamh faoin 31 Nollaig 2022, i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(i)

nochtann na cuideachtaí laghdú intomhaiste ar spriocanna astaíochtaí carbóin atá le baint amach laistigh de fhrámaí ama sonracha;

(ii)

nochtann na cuideachtaí laghdú ar astaíochtaí carbóin atá imdhealaithe síos go dtí leibhéal na bhfochuideachtaí oibriúcháin ábhartha;

(iii)

nochtann na cuideachtaí faisnéis bhliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna sin;

(iv)

ní dhéanann na gníomhaíochtaí maidir leis na sócmhainní foluiteacha dochar suntasach do chuspóirí eile ESG.

Airteagal 19c

Eisiaimh maidir le Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na hearnálacha a shainaithint, i leith Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, atá le heisiamh toisc nach bhfuil spriocanna intomhaiste acu maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú le spriocdhátaí sonracha atá ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh faoin 1 Eanáir 2021 agus é a nuashonrú gach trí bliana.

2.   Agus an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á dhréachtú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh obair an TEG.

Airteagal 19d

An iarracht Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a sholáthar

Faoin 1 Eanáir 2022, riarthóirí atá lonnaithe san Aontas agus a sholáthraíonn tagarmharcanna suntasacha arna gcinneadh ar bhonn luach ceann amháin nó níos mó de shócmhainní nó de phraghsanna forluiteacha, déanfaidh siad iarracht ceann amháin nó níos mó de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a sholáthar.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d’Airteagal 21(3):

“Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t‐údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d’fhoilsiú an tagarmhairc. Féadfaidh an t‐údarás inniúil, i gcás inar gá, an tréimhse ama sin a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 5 bliana san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

i mír (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní faide ná 5 bliana uastréimhse an rannchuidithe éigeantaigh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.”;

(b)

i mír (10), cuirtear an méid seo a leanas ina hionad:

“10.   I gcás ina bhfuiltear chun scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar, leanfaidh gach ranníocóir maoirsithe leis an tagarmharc sin de shonraí a ionchur ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an t‐údarás inniúil, ach nach faide í ná na uastréimhse 5 bliana a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 6.”;

(6)

in Airteagal 27, cuirtear isteach sna míreanna seo a leanas:

“2a.   Faoin 30 Aibreán 2020, le haghaidh gach ceanglais dá dtagraítear i mír 2, áireofar sa ráiteas tagarmhairc míniú ar conas a dhéantar tosca ESG a léiriú i ngach tagarmharc nó fine tagarmharcanna a dhéantar a sholáthar agus a fhoilsiú. Maidir leis na tagarmharcanna nó na finte de thagarmharcanna sin, ar tagarmharcanna nó finte de thagarmharcanna iad nach bhfuil ag saothrú cuspóirí ESG, is leor go ndéanfadh riarthóirí tagarmharcanna a lua go soiléir sa ráiteas tagarmhairc nach bhfuil siad ag saothrú na gcuspóirí sin.

I gcás nach bhfuil aon Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ar fáil i bpunann an riarthóra tagarmhairc aonair sin, nó i gcás nach bhfuil aon tagarmharcanna ag an riarthóir tagarmharcanna aonair a shaothraíonn cuspóirí ESG nó a chuireann tosca ESG san áireamh, déanfar é sin a lua sna ráitis tagarmhairc de gach tagarmharc a sholáthraíonn an riarthóir sin. Maidir le tagarmharcanna suntasacha cothromais agus bannaí, chomh maith le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh na riarthóirí tagarmharcanna a nochtadh ina ráitis tagarmhairc mionsonraí an bhfuil nó nach bhfuil leibhéal foriomlán ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú á bhaint amach agus a mhéid atáthar ag áirithiú go bhfuil cuspóirí Chomhaontú Pháras á mbaint amach, agus déanfar an méid sin uile i gcomhréir leis na rialacha maidir le nochtadh do tháirgí airgeadais in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Faoin 31 Nollaig 2021, áireoidh na riarthoirí tagarmhairc i ráiteas tagarmhairc gach tagarmhairc nó i gcás inarb iomchuí, gach fine tagarmharcanna, ach amháin tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí, míniú ar conas atá an mhodheolaíocht a úsáideann siad ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú nó cuspóirí Chomhaontú Pháras a ghnóthú.

2b.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear sa ráiteas tagarmhairc de bhun mhír 2a den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid do thagairtí do thosca ESG, chun rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun go mbeidh siad in ann roghanna feasacha a dhéanamh agus chun indéantacht theicniúil chomhlíonadh na míre sin a áirithiú.

(*2)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtuithe i dtaca le hinbhuanaitheacht i réimse na seirbhísí airgeadais... (IO L 317, 9.12.2019, lch.1).”;"

(7)

in Airteagal 42(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n‐údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

aon sárú ar Airteagal 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 19a,19b, 19c, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 nó 34 i gcás ina bhfuil feidhm acu; agus

(b)

aon mhainneachtain comhoibriú le himscrúdú nó le cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 nó imscrúdú, cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 a chomhlíonadh.”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

“Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(2), 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 10 Nollaig 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 11 Márta 2024, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(2), 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(2), 27(2b), 33(7), 51(6) nó 54(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(9)

leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   Féadfaidh soláthraí innéacsanna leanúint de bheith ag soláthar tagarmharc atá ann cheana agus atá aitheanta mar thagarmharc criticiúil le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20 go dtí 31 Nollaig 2021 nó, i gcás ina gcuireann an soláthraí innéacsanna iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud go ndiúltaítear, agus go dtí go ndiúltaítear, an t‐údarú sin.

4b.   I gcás ina bhfuil tagarmharc atá ann cheana aitheanta mar thagarmharc criticiúil le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20, féadfar é a úsáid in ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus in ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas go dtí 31 Nollaig 2021 nó, i gcás ina gcuireann an soláthraí innéacsanna iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud go ndiúltaítear, agus go dtí go ndiúltaítear, an t‐údarú sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5.   Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(2) nó (3) glactha ag an gCoimisiún nó mura rud é go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32, nó mura rud é go mbeidh tagarmharc formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d’eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás ina bhfuil an tagarmharc in úsáid cheana san Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais den sórt sin, conarthaí airgeadais den sórt sin agus tomhais den sórt sin ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc san Aontas, nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 31 Nollaig 2021.”;

(10)

in Airteagal 54, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na híoschaighdeáin i leith Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras chun a áirithiú go bhfuil roghnú na sócmhainní foluiteacha comhsheasmhach le hinfheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainítear i gcreat uile-Aontais.

5.   Roimh an 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le tionchar an Rialacháin seo agus indéantacht na ‘dtagarmharcanna ESG’, á chur san áireamh go bhfuil táscairí inbhuanaitheachta ag síorathrú agus ag cur san áireamh na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

6.   Faoin 1 Aibreán 2020, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le tionchar an Rialacháin seo ar thagarmharcanna tríú tír san Aontas, lena n‐áirítear riarthóirí tagarmhairc tríú tír a bheith ag dul ar iontaoibh formhuinithe, aitheantais nó coibhéise, agus na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa chreat atá ann faoi láthair. Déanfar anailís sa tuarascáil sin freisin ar an hiarmhairtí atá ann le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna Aontais agus tríú tír de bharr chur i bhfeidhm mhíreanna 4a, 4b agus 4c d’Airteagal 51, lena n‐áirítear ó thaobh cothrom iomaíochta de. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin go háirithe an gá an Rialachán seo a leasú agus beidh togra reachtach ag gabháil leis, más iomchuí.”;

(11)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(6)  Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna comhchoiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a chur in iúl agus a thomhas (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN III

Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

An mhodheolaíocht le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE

(1)

Déanfaidh riarthóir ar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE aon mhodheolaíocht a úsáidtear chun an tagarmharc a ríomh a chur ar bhonn foirmiúil, a dhoiciméadú agus a chur ar fáil don phobal, agus an fháisnéis seo a leanas á tabhairt, agus é á áirithiú aige san am céanna go gcoinneofar fios gnó neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin cheirde) neamhnochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1): faoi rún agus go gcosnófar iad:

(a)

liosta de phríomh-chomhchodanna an tagarmhairc;

(b)

gach critéar agus modh, lena n‐áirítear tosca roghnúcháin agus ualaithe, méadracht agus athróga a úsáidtear i modheolaíocht an tagarmhairc;

(c)

na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun go n‐eisiafar sócmhainní nó cuideachtaí a mbaineann leibhéal loirg carbóin nó leibhéal cúltaiscí breosla iontaise leo nach bhfuil oiriúnach le cur san áireamh sa tagarmharc;

(d)

na critéir chun an chonair dhícharbónaithe a chinneadh;

(e)

cineál agus foinse na sonraí a úsáidtear chun an chonair dhícharbónaithe a chinneadh do:

(i)

Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 1, eadhon astaíochtaí arna nginiúint ó fhoinsí atá á rialú ag an gcuideachta a eisíonn sócmhainní foluiteacha;

(ii)

Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 2, eadhon astaíochtaí ó thomhaltas leictreachais nó gaile atá ceannaithe, nó ó fhoinsí eile fuinnimh a ghintear go réamhtheachtach ón gcuideachta a eisíonn sócmhainní foluiteacha;

(iii)

Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 3, eadhon na hastaíochtaí indíreacha go léir nach gcumhdaítear le pointí (i) agus (ii) a tharlaíonn i slabhra luacha na cuideachta a thuairiscíonn, lena n‐áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, go háirithe le haghaidh earnálacha a bhfuil mórthionchar acu ar an athrú aeráide agus ar a mhaolú;

(iv)

an úsáidtear nó nach n‐úsáidtear sna sonraí na modhanna maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta mar a shainmhínítear iad i bpointí (a) agus (b) de phointe 2 de Mholadh 2013/179/AE ón gCoimisiún nó caighdeáin dhomhanda amhail an Tascfhórsa maidir le Nochtadh Airgeadais a bhaineann le Cúrsaí Aeráide, ar Tascfhórsa é de chuid an Bhoird Cobhsaíochta Airgeadais;

(f)

iomlán na n‐astaíochtaí carbóin sa phunann innéacs;

I gcás ina n‐úsáidtear máthairinnéacs chun Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE a chruthú, déanfar an earráid rianúcháin idir an Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE agus an máthairinnéacs a nochtadh.

I gcás ina n‐úsáidtear an máthairinnéacs chun Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE a chruthú, déanfar an cóimheas idir margadhluach na n‐urrús atá sa Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE agus margadhluach na n‐urrús atá sa mháthairinnéacs a nochtadh.

An mhodheolaíocht le haghaidh Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

(2)

Sa bhreis ar phointí (1)(a), (1)(b), agus (1)(c), sonróidh riarthóir ar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, an fhoirmle nó an ríomh a úsáidtear chun a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hastaíochtaí i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus é áirthiú aige ag an am céanna go gcoinneofar fios gnó neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin ghnó) neamhnochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 faoi rún agus go gcosnófar iad.

Athruithe ar an modheolaíocht

(3)

Glacfaidh riarthóirí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras nósanna imeachta chun athruithe ar a modheolaíocht a thabhairt isteach. Déanfaidh siad na nósanna imeachta sin a phoibliú, agus poibleoidh siad aon athruithe beartaithe ar a modheolaíocht agus ar an réasúnaíocht a bhaineann leis na hathruithe sin. Beidh na nósanna imeachta sin i gcomhréir leis an gcuspóir sáraitheach, go mbeidh na ríomhanna tagarmhairc comhsheasmhach le pointí (23a) agus (23b) d’Airteagal3(1). Forálfar sna nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:

(a)

fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d’úsáideoirí tagarmharcanna anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh na riarthóirí ar na himthosca foriomlána;

(b)

go bhféadfadh úsáideoirí tagarmharcanna nótaí tráchta a dhéanamh ar na hathruithe sin agus go ndéanfaidh na riarthóirí na nótaí tráchta sin a fhreagairt, agus go mbeadh na nótaí tráchta sin inrochtana tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfaí faoi rún iad.

(4)

Déanfaidh riarthóírí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a gcuid modheolaíochtaí a scrúdú go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad a gcuid tagarmharcanna ar na cuspóirí sonraithe, agus beidh próiseas i bhfeidhm acu chun tuairimí na n‐úsáideoirí ábhartha go léir a fháil.

.

(*1)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1.).”