25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

64


RIALACHÁN (AE) 2019/1239 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ceanglaítear ar na Ballstáit glacadh le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe do longa ag teacht isteach agus ag imeacht amach ó chalafoirt an Aontais i bhformáid leictreonach agus a dtarchur a áirithiú trí mheán ionad ilfhreastail chun éascú agus brostú don iompar muirí.

(2)

Is é an t-iompar muirí an crann taca don trádáil agus don chumarsáid laistigh den mhargadh aonair agus lasmuigh de freisin. Chun an t-iompar muirí a éascú, agus d’fhonn an t-ualach riaracháin do chuideachtaí loingseoireachta a laghdú a thuilleadh, ba cheart na nósanna imeachta faisnéise do chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe a chuirtear ar chuideachtaí loingseoireachta le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, le gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus le dlí náisiúnta na mBallstát a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, agus ba cheart dóibh a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, rud a fhágfaidh go mbeidh réitigh tuairiscithe a bheidh oiriúnaithe don todhchaí á gcur chun cinn.

(3)

Is minic a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon gurbh ann do níos mó idir-inoibritheachta agus do chumarsáid agus sreafaí faisnéise a bheadh níos cuimsithí agus níos fusa le húsáid chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun freastal níos fearr ar riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí.

(4)

Is é príomhaidhm an Rialacháin seo rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an soláthar faisnéise a theastaíonn agus cuaird á tabhairt ag long ar chalafort, go háirithe trína áirithiú go bhféadfar na tacair sonraí chéanna a thuairisciú ar an mbealach céanna do gach Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo tarchur faisnéise idir dearbhóirí, na húdaráis ábhartha agus soláthraithe seirbhísí calafoirt sa chalafort cuarda, agus na Ballstáit eile a éascú freisin. Níor cheart do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tréimhsí ama ná bunbhrí na n-oibleagáidí tuairiscithe a athrú, ná níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do stóráil ná do phróiseáil na faisnéise ina dhiaidh sin, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Ba cheart an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta reatha i ngach aon Bhallstát a choinneáil mar an mbunús do thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (“EMSWe”) a bheidh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibritheach. Ba cheart don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a bheith ina phointe cuimsitheach iontrála tuairiscithe d’oibreoirí iompair mhuirí, agus feidhmiúlachtaí bailithe sonraí ó na dearbhóirí agus leithdháilte sonraí ar gach údarás inniúil ábhartha á bhfeidhmiú acu agus do sholáthraithe seirbhísí calafoirt.

(6)

D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta agus chun ullmhú le haghaidh forbairtí sa todhchaí, ba cheart é a bheith indéanta na socruithe reatha a choinneáil nó socruithe nua a bhunú sna Ballstáit chun an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le faisnéis chomhchosúil do mhodhanna eile iompair.

(7)

Ba cheart taobh na ndearbhóirí de chomhéadain tosaigh na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta sin a chomhchuibhiú, ar leibhéal an Aontais, d’fhonn an tuairisciú a éascú agus an t-ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh. Ba cheart an comhchuibhiú sin a dhéanamh trí bhogearraí comhéadain chomhchoiteann a chur i bhfeidhm i ngach Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta don mhalartú idirchórasach faisnéise arna fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Ba cheart gur ar an mBallstát a bheadh an fhreagracht as an modúl comhéadain sin a chomhtháthú agus a bhainistiú, agus as nuashonrú a dhéanamh ar na bogearraí go tráthrialta nuair a bheadh leaganacha nua á gcur ar fáil ag an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún an modúl seo a fhorbairt agus nuashonruithe a sholáthar nuair a bhíonn siad de dhíth, ós rud é go bhfuil forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha ag athrú go gasta agus go bhféadfadh sé go rachadh aon réiteach teicneolaíochta as dáta go tapa i bhfianaise forbairtí nua.

(8)

D’fhéadfaí modhanna tuairiscithe eile atá á soláthar ag na Ballstáit agus ag soláthraithe seirbhísí amhail Córais Chomhphobail Chalafoirt, a choinneáil mar phointí iontrála roghnacha le haghaidh tuairisciú agus ba cheart dóibh a bheith in ann gníomhú mar sholáthraithe seirbhíse sonraí.

(9)

Ionas nach gcuirfear ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil calafoirt mhuirí acu, ba cheart na Ballstáit sin a eisiamh ón oibleagáid Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt, a bhunú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil. Fágann sé sin nár cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit sin, fad is a bhaineann siad úsáid as an díolúine sin, na hoibleagáidí a bhaineann le forbairt, bunú, feidhmiú agus cur ar fáil an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a chomhlíonadh.

(10)

Ba cheart comhéadan grafach úsáideora atá furasta a úsáid ag a bhfuil feidhmiúlachtaí comhchoiteanna a bheith ina chuid de na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trína bhféadfadh dearbhóirí iad féin tuairisciú de láimh a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit an comhéadan grafach úsáideora a chur ar fáil do dhearbhóirí le go bhféadfadh siad sonraí a chur isteach de láimh, lena n-áirítear tríd na scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe a uaslódáil. Anuas ar fheidhmiúlachtaí comhchoiteanna a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a chomhordú chun a áirithiú go mbeidh taithí chomhchosúil, a mhéid is féidir, ag gach úsáideoir ar chomhéadain ghrafacha úsáideora.

(11)

Leis na teicneolaíochtaí digiteacha nua, is minic agus is mó na deiseanna atá ar fáil chun éifeachtúlacht na hearnála iompair muirí a mhéadú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. Chun tairbhe a bhaint as na teicneolaíochtaí nua sin chomh luath agus is féidir, ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta na timpeallachta comhchuibhithe tuairiscithe a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart don mhéid sin fágáil gurbh ann do sholúbthacht do ghníomhaithe sa mhargadh chun teicneolaíochtaí digiteacha nua a fhorbairt agus ba cheart teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh freisin nuair a athbhreithneofar an Rialachán seo.

(12)

Ba cheart tacaíocht agus faisnéis leordhóthanach maidir leis na próisis agus ceanglais theicniúla a bhaineann le húsáid an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a sholáthar do dhearbhóirí trí mheán láithreáin ghréasáin náisiúnta, so-rochtana agus áisiúil d’úsáideoirí, a mbeadh caighdeáin chomhchoiteanna acu ó thaobh “cuma agus éirime”.

(13)

Leis an gCoinbhinsiún maidir le hÉascú Muirthrácht Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún FAL”) (4), foráiltear nach n-éileoidh na húdaráis phoiblí ach faisnéis tuairiscithe bhunriachtanach, agus an fhaisnéis sin amháin, i ngach aon chás, agus gur cheart líon na míreanna a theorannú don íosmhéid. De réir na ndálaí áitiúla áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faisnéis shonrach ar leith chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú.

(14)

Ní mór tacar sonraí cuimsitheach EMSWe a bhunú le go bhféadfaidh EMSWe feidhmiú, agus ba cheart don tacar sin gach gné faisnéise a chumhdach a d’fhéadfadh údaráis náisiúnta nó oibreoirí calafoirt a iarraidh chun críocha riaracháin nó oibriúcháin, agus cuaird á tabhairt ag long ar chalafort. Agus tacar sonraí EMSWe á bhunú, ba cheart don Choimisiún an obair ábhartha a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh. Ós rud é go mbíonn raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe éagsúil ó Bhallstát go chéile, ba cheart Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i mBallstát faoi leith a cheapadh chun glacadh le tacar sonraí EMSWe gan aon mhodhnú air, agus neamhaird a dhéanamh ar aon fhaisnéis ar bith nach bhfuil ábhartha don Bhallstát sin.

(15)

In imthosca eisceachtúla, ba cheart Ballstát a bheith in ann eilimintí sonraí breise a iarraidh ar dhearbhóirí. D’fhéadfadh imthosca eisceachtúla den sórt sin a bheith ann, mar shampla i gcás inar phráinneach an t-ord agus an tslándáil inmheánach a chosaint nó aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol. Ba cheart coincheap na “n-imthosca eisceachtúla” a léiriú go docht.

(16)

Na hoibleagáidí ábhartha tuairiscithe a fhaightear i ngníomhartha dlí an Aontais agus sna gníomhartha idirnáisiúnta, ba cheart iad a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe sin a bheith ina mbun chun tacar cuimsitheach sonraí EMSWe a bhunú. Ba cheart tagairt a dhéanamh san Iarscríbhinn sin freisin do chatagóirí ábhartha na n-oibleagáidí tuairiscithe ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún tacar sonraí EMSWe a leasú ar bhonn na n-oibleagáidí tuairiscithe ina reachtaíocht agus ina gceanglais náisiúnta. Sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena leasaítear tacar sonraí EMSWe ar bhonn na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa reachtaíocht agus sna ceanglais náisiúnta, ba cheart tagairt fhollasach a dhéanamh don reachtaíocht agus do na ceanglais náisiúnta sin.

(17)

Nuair a leithdháiltear an fhaisnéis ón Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar na húdaráis inniúla, ba cheart don tarchur a bheith i gcomhréir leis na ceanglais chomhchoiteanna sonraí, na formáidí agus na cóid do na hoibleagáidí tuairiscithe agus do na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn agus ba cheart an tarchur a dhéanamh trí na córais TF mar a bhunaítear iad sa reachtaíocht sin, ar nós na dteicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(18)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart na córais SafeSeaNet atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh, agus ba cheart na córais sin leanúint de bheith ag éascú mhalartú agus leithdháileadh na faisnéise a fhaightear tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta idir na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(19)

Ní hiad na calafoirt na spriocanna deiridh leis na hearraí. Bíonn tionchar ag éifeachtúlacht cuarda loinge ar chalafort ar an slabhra lóistíochta trí chéile a bhaineann le hiompar earraí agus paisinéirí chuig na calafoirt agus uathu. D’fhonn idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht a áirithiú, mar aon le lánpháirtíocht réidh an iompair mhuirí leis an slabhra lóistíochta foriomlán agus d’fhonn modhanna iompair eile a éascú, ba cheart, leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, go bhféadfaí faisnéis ábhartha a mhalartú, ar nós tráthanna teachta agus imeachta, agus go ndéanfaí creataí comhchosúla a fhorbairt do mhodhanna iompair eile.

(20)

Chun éifeachtúlacht an iompair mhuirí a fheabhsú agus dúbailt na faisnéise a theorannú nach mór a sholáthar chun críocha oibriúcháin nuair a thugann long cuaird ar chalafort, ba cheart an fhaisnéis arna soláthar ag dearbhóirí d’Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a roinnt le heintitis áirithe eile freisin, ar nós oibreoirí calafoirt nó teirminéil, nuair a fhormheasann an dearbhóir sin, agus rúndacht, íogaireachtaí tráchtála agus srianta dlíthiúla á gcur san áireamh. Is é is aidhm don Rialachán seo feabhas a chur ar láimhseáil sonraí de réir phrionsabal an aon uaire an tráth a mbeadh na hoibleagáidí tuairiscithe á gcomhlíonadh.

(21)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 gur gá go dtiocfaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais faoi réir dearbhú iontrála achomhair nach mór é a thaisceadh go leictreonach leis na húdaráis chustaim. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le faisnéis an dearbhaithe iontrála achomair do bhainistiú rioscaí slándála agus airgeadais, táthar ag forbairt córas leictreonach sonrach do thaisceadh agus bainistiú na ndearbhuithe iontrála achomair laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Ní féidir, dá réir sin, dearbhú iontrála achomair a chur isteach tríd an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú. Nuair a chuirtear san áireamh, áfach, go dteastaíonn roinnt de na heilimintí sonraí a chuirtear isteach leis an dearbhú iontrála achomair do chomhlíonadh oibleagáidí tuairiscithe mhuirí agus custaim eile nuair a thugann long cuaird ar chalafort laistigh den Aontas, ba cheart EMSWe a bheith in ann na heilimintí sonraí den dearbhú iontrála achomair a phróiseáil freisin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faisnéis ábhartha a cuireadh isteach cheana féin tríd an dearbhú iontrála achomair a aisghabháil.

(22)

Chun ceanglais tuairiscithe a bheidh go hiomlán comhchuibhithe a bhaint amach, ba cheart d’údaráis custaim, d’údaráis mhuirí agus d’údaráis ábhartha eile comhoibriú le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na comhordaitheoirí náisiúnta ar a bhfuil freagrachtaí sonracha éifeachtacht an chomhair sin agus feidhmiú rianúil na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fheabhsú.

(23)

Chun athúsáid na faisnéise arna soláthar trí na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a chumasú agus le gurbh fhusa don dearbhóir an fhaisnéis a chur isteach, ní mór a fhoráil go mbeadh bunachair sonraí chomhchoiteanna ann. Ba cheart bunachar sonraí long EMSWe a bhunú ina ndéanfaí liosta tagartha a áireamh de shonraí na long agus a ndíolúintí tuairiscithe, faoi mar a thuairiscítear don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Le gurbh fhusa do na dearbhóirí faisnéis a thaisceadh, ba cheart Bunachar Sonraí Comhchoiteanna Suíomhanna a bhunú ina gcoinnítear liosta tagartha de chóid suímh, lena n-áirítear Cód na Náisiún Aontaithe maidir le Suíomhanna Trádála agus Iompair (NA/LOCODE), agus na cóid shonracha do SafeSeaNet maille leis na cóid saoráide calafoirt arna gclárú sa Chóras Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht (GISIS) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). Ina theannta sin, ba cheart Bunachar Sonraí Comhchoiteann um Ábhair Ghuaiseacha a bhunú ina gcorpraítear liosta earraí contúirteacha agus truaillithe a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus IMO FAL 7, ag cur san áireamh na heilimintí sonraí ábhartha ó Choinbhinsiúin agus Cóid IMO.

(24)

Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag na húdaráis inniúla, ba cheart di Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh. Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart di Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chomhlíonadh.

(25)

Níor cheart do EMSWe agus na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta aon fhorais eile a thabhairt d’aon phróiseáil sonraí pearsanta thar a bhfuil riachtanach dá bhfeidhmiú, agus níor cheart leas a bhaint astu chun aon chearta rochtana nua eile a dheonú ar shonraí pearsanta.

(26)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú agus trí na sainmhínithe, catagóirí agus sonraíochtaí sonraí a chinneadh do na heilimintí sonraí, agus i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú chun oibleagáidí tuairiscithe arb ann dóibh ar an leibhéal náisiúnta a chuimsiú, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe nua a chur san áireamh a glacadh le gníomhartha dlí de chuid an Aontais. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramaítear na ceanglais chomhchoiteanna, formáidí comhchoiteanna agus cóid chomhchoiteanna maidir le sonraí atá bunaithe i ngníomhartha dlí an Aontais agus sna gníomhartha dlí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn. Tá sé tábhachtach freisin, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfar i gcomhairle le saineolaithe agus comhphobal gnó na mBallstát ar bhealach trédhearcach, tamall maith roimh ré.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(29)

Go sonrach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta a ghlacadh d’imlonnú, cothabháil agus úsáid an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe agus gnéithe comhchuibhithe gaolmhara na n-Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta a leagan síos do sheirbhísí comhchoiteanna EMSWe.

(30)

Ba cheart don Rialachán seo cur le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ina leagtar síos na coinníollacha faoina dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas do mhodhanna ríomh-shainaitheantais do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith. Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, bunaítear na coinníollacha d’úsáideoirí chun bheith in ann úsáid a bhaint as a ríomh-shainaitheantas agus as a modhanna fíordheimhnithe d’fhonn rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne i gcásanna trasteorann.

(31)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart faisnéis a ullmhú chun an mheastóireacht sin a mhúnlú, agus ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin seo i gcoinne na gcuspóirí lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh, i measc roghanna eile, ar an mbreisluach a bhaineann le córas tuairiscithe Eorpach láraithe agus comhchuibhithe a bhunú, amhail comhéadan tuairiscithe lárnach.

(32)

Ba cheart Treoir 2010/65/AE a aisghairm, dá réir sin, le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(33)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo creat do thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (“EMSWe”) atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibrithe ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe, d’fhonn tarchur leictreonach faisnéise a éascú i ndáil le hoibleagáidí tuairiscithe do longa ag teacht isteach agus ag fanacht i gcalafort de chuid an Aontais agus do longa ag imeacht uaidh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí” (“EMSWe”) an creat dlíthiúil agus teicniúil do tharchur leictreonach faisnéise i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe do chuarda ar chalafort san Aontas, arb é atá ann líonra Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú agus lena n-áirítear an malartú sonraí trí SafeSeaNet agus córais ábhartha eile maille le seirbhísí comhchoiteanna do chlárlann úsáideoirí agus do bhainistíocht rochtana, seolachán, sainaitheantas long, cóid suímh agus faisnéis maidir le hearraí contúirteacha agus truaillithe agus maidir leis an tsláinte;

(2)

ciallaíonn “long” aon soitheach nó árthach farraige atá ag oibriú sa mhuirthimpeallacht atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe faoi leith a liostaítear san Iarscríbhinn;

(3)

ciallaíonn “Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta” ardán teicniúil arna bhunú agus arna oibriú go náisiúnta d’fhonn faisnéis a fháil, a mhalartú agus a chur ar aghaidh go leictreonach chun oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh agus lena n-áirítear bainistiú ar chearta rochtana a bhfuil sainmhíniú comhchoiteann leis, modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus comhéadan grafach úsáideora chun cumarsáid a dhéanamh leis na dearbhóirí mar aon le naisc le córais agus bunachair sonraí na n-údarás ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trína gcumasaítear teachtaireachtaí nó dearbhuithe a chumhdaíonn an réimse is leithne cinntí arna nglacadh ag na húdaráis rannpháirteacha ábhartha uile a chur in iúl do na dearbhóirí. agus trína bhféadfaí, i gcás inarb infheidhme, nascadh le modhanna eile tuairiscithe;

(4)

ciallaíonn “modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú” comhpháirt meánearraí san Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trínar féidir faisnéis a mhalartú idir an córas faisnéise arna úsáid ag an dearbhóir agus an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ábhartha;

(5)

ciallaíonn “oibleagáid tuairiscithe” an fhaisnéis a éilítear de réir na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais agus na ngníomhartha dlí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, agus de réir na reachtaíochta agus na gceanglas náisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn, ar faisnéis í nach mór a sholáthar i ndáil le cuaird ar chalafort;

(6)

ciallaíonn “cuaird ar chalafort” teacht loinge chuig calafort muirí i mBallstát, fanacht loinge ann, agus imeacht loinge uaidh;

(7)

ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige amhail formáid, fad agus cló carachtair;

(8)

ciallaíonn “tacar sonraí EMSWe” an liosta iomlán d’eilimintí sonraí a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe;

(9)

ciallaíonn “comhéadan grafach úsáideora” comhéadan gréasáin le haghaidh cur isteach gréasánbhunaithe sonraí chuig Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, ar cur isteach dhá threo idir an t-úsáideoir agus an córas é, lenar féidir na dearbhóirí sonraí a iontráil de láimh, inter alia trí bhíthin scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe agus feidhmeanna lena gcumasaítear eilimintí sonraí tuairiscithe a asbhaint ó na scarbhileoga sin, agus lena n-áirítear feidhmiúlachtaí comhchoiteanna agus gnéithe lena n-áirithítear sreabhadh nascleanúna comhchoiteann agus feidhmiúlacht uaslódála sonraí chomhchoiteanna do na dearbhóirí;

(10)

ciallaíonn “seirbhís chomhchoiteann seolacháin” seirbhís dheonach bhreise do dhearbhóirí chun naisc sonraí díreacha idirchórasacha a thionscnamh idir córas an dearbhóra agus an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faoi seach;

(11)

ciallaíonn “dearbhóir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach cuí-údaraithe ag gníomhú dóibh thar ceann an duine sin laistigh de theorainneacha na hoibleagáide tuairiscithe ábhartha;

(12)

ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis a shainítear i bpointe 1 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(13)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta cumarsáide do dhearbhóir i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe;

(14)

ciallaíonn “tarchur leictreonach faisnéise” an próiseas chun faisnéis atá ionchódaithe go digiteach a tharchur, agus úsáid á baint as formáid struchtúrtha in-athbhreithnithe is féidir le ríomhairí a úsáid go díreach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil;

(15)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí calafoirt” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ar fáil catagóir amháin nó níos mó de na seirbhísí calafoirt a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

CAIBIDIL II

TACAR SONRAÍ EMSWe

Airteagal 3

Bunú tacair sonraí EMSWe

1.   Déanfaidh an Coimisiún tacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

2.   Faoin 15 Feabhra 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as an reachtaíocht agus na ceanglais náisiúnta, chomh maith leis na heilimintí sonraí atá le háireamh i dtacar sonraí EMSWe. Sainaithneoidh siad na heilimintí sonraí sin go beacht.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 d’fhonn an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun críocha tagairtí do reachtaíocht nó gníomhartha náisiúnta, gníomhartha de chuid an Aontais nó gníomhartha idirnáisiúnta a thabhairt isteach, a scriosadh nó a oiriúnú, agus chun tacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú.

Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún eilimintí sonraí a thabhairt isteach nó a leasú i dtacar sonraí EMSWe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe sa reachtaíocht agus sna ceanglais náisiúnta. Tráth a ndéanfaí a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil eilimintí sonraí le áireamh i dtacar sonraí EMSWe, cuirfidh an Coimisiún cúraimí sábháilteachta, chomh maith le prionsabail Choinbhinsiún FAL, san áireamh, is é sin nach gceanglaítear ach faisnéis bhunriachtanach amháin a thuairisciú agus líon na míreanna a theorannú don íosmhéid é.

Cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis na hiarrata, an ndéanfar na heilimintí sonraí a thabhairt isteach i dtacar sonraí EMSWe agus tabharfaidh sé údar cuí lena chinneadh.

Gníomh tarmligthe lena dtugtar isteach nó lena leasaítear eilimint sonraí i dtacar sonraí EMSWe, áireofar leis tagairt fhollasach don reachtaíocht agus do na ceanglais náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún gan an eilimint sonraí a iarradh a thabhairt isteach, tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna cuí-réasúnaithe lena dhiúltú, agus tagairt iontu do shábháilteacht na loingseoireachta agus do phrionsabail Choinbhinsiún FAL.

Airteagal 4

Tacar sonraí EMSWe a leasú

1.   Sa chás gur mian le Ballstát oibleagáid tuairiscithe a leasú, faoina reachtaíocht agus a cheanglais náisiúnta, lena mbainfeadh soláthar faisnéise seachas an fhaisnéis a áirítear i dtacar sonraí EMSWe, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún láithreach bonn. Sainaithneoidh an Ballstát go beacht san fhógra sin an fhaisnéis nach gclúdaítear le tacar sonraí EMSWe, agus tabharfaidh sé le fios an tréimhse ar lean linn atá sé beartaithe an oibleagáid tuairiscithe atá i gceist a chur i bhfeidhm.

2.   Ní thabharfaidh Ballstát oibleagáidí tuairiscithe nua isteach ach amháin má tá an tabhairt isteach sin formheasta ag an gCoimisiún trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus má tá an fhaisnéis chomhfhreagrach curtha isteach i dtacar sonraí EMSWe agus curtha i bhfeidhm sna comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú.

3.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú ar an riachtanas tacar sonraí EMSWe a leasú i gcomhréir le hAirteagal 3(3). Ní dhéanfar leasuithe ar thacar sonraí EMSWe ach uair amháin in aghaidh na bliana, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

4.   I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar dhearbhóirí eilimintí sonraí breise a chur ar fáil, gan formheas a fháil ón gCoimisiún le linn thréimhse níos lú ná 3 mhí. Cuirfidh an Ballstát na heilimintí sonraí sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Féadfaidh an Coimisiún ligean don Bhallstát leanúint de na heilimintí sonraí breise a iarraidh go ceann dhá thréimhse 3 mhí eile más ann do na himthosca eisceachtúla i gcónaí.

Tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dheireadh na tréimhse deiridh 3 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí cuid de thacar sonraí EMSWe de na heilimintí sonraí breise, i gcomhréir le hAirteagal 3(3). Féadfaidh an Ballstát leanúint de na heilimintí sonraí breise a iarraidh ar dhearbhóirí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh, agus i gcás ina ndéantar cinneadh deimhneach, go dtí go mbeidh tacar sonraí EMSWe leasaithe curtha chun feidhme.

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR FAISNÉISE

Airteagal 5

Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta

1.   Bunóidh gach Ballstát Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trína soláthrófar, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus gan dochar d’Airteagail 7 agus 11, gach faisnéis riachtanach do chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe an t-aon uair amháin, trí mheán thacar sonraí EMSWe agus i gcomhréir leis an tacar sonraí sin, agus an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus an comhéadan grafach úsáideora mar a leagtar amach iad in Airteagal 6 á n-úsáid, agus i gcás inarb infheidhme modhanna tuairiscithe eile mar a leagtar amach in Airteagal 7, d’fhonn an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis ábhartha na mBallstáit a mhéid atá riachtanach chun ligean do na húdaráis sin a gcuid feidhmeanna faoi seach a fheidhmiú.

Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as oibriú a nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit ionad ilfhreastail mhuirí a bhunú ar bhonn comhpháirteach le Ballstát amháin eile nó níos mó. Ainmneoidh na Ballstáit sin an t-ionad ilfhreastail mhuirí sin mar Ionad Ilfhreastail Náisiúnta acu agus leanfaidh siad de bheith freagrach as a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Díolmhófar Ballstáit nach bhfuil calafoirt mhuirí acu ón oibleagáid Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt, a bhunú, a oibriú agus a chur ar fáil, mar a leagtar amach i mír 1.

3.   Is iad na Ballstáit a áiritheoidh:

(a)

comhoiriúnacht an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta leis an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus go gcomhlíonfaidh a gcomhéadan grafach úsáideora a Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta na feidhmiúlachtaí comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 6(2);

(b)

comhtháthú tráthúil na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú i gcomhréir leis na dátaí cur chun feidhme a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 agus aon nuashonruithe ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na dátaí a comhaontaíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil (MIP);

(c)

ceangal le córais ábhartha na n-údarás inniúil, chun aistriú sonraí a chumasú atá le tuairisciú do na húdaráis sin, tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, agus chuig na córais sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta agus na ceanglais náisiúnta, agus i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla na gcóras sin;

(d)

go soláthrófar deasc chabhrach le linn na 12 mhí ón 15 Lúnasa 2025, agus suíomh gréasáin tacaíochta ar líne dá nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar a mbeidh treoracha soiléire i dteanga(cha) oifigiúil (oifigiúla) an Bhallstáit sin agus, i gcás inarb iomchuí, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta;

(e)

soláthar oiliúna a bheidh leormhaith agus a mbeidh gá léi le haghaidh na mball foirne uile a bheidh rannpháirteach go díreach in oibriú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go sroicheann an fhaisnéis riachtanach na húdaráis atá i gceannas ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá i gceist, agus go mbíonn sí teoranta do riachtanais na n-údarás sin. Is amhlaidh leis an méid sin a áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le tarchur faisnéise, dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, agus de réir mar is infheidhme, bainfidh siad leas as na teicnící próiseála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbíonn idir-inoibritheacht leis na córais faisnéise arna n-úsáid ag na húdaráis sin.

5.   Leis an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, forálfar go bhféadfaidh dearbhóirí, ar bhonn teicniúil, fothacar eilimintí sonraí a chur ar fáil, ar leithligh, a réamhshainítear ar an leibhéal náisiúnta, do sholáthraithe seirbhísí sa chalafort ceann scríbe.

6.   I gcás nach dteastaíonn gach ceann de na gnéithe de thacar sonraí EMSWe ó Bhallstát chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, glacfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta le faisnéis a chuirtear isteach nach n-áirítear inti ach na heilimintí sonraí a theastaíonn ón mBallstát sin. Glacfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta freisin le faisnéis ón dearbhóir ina dtugtar eilimintí sonraí breise ó thacar sonraí EMSWe; ní gá dó na heilimintí breise sin a phróiseáil agus a stóráil, áfach.

7.   Ní stórálfaidh Ballstát an fhaisnéis arna cur isteach chuig a Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faoi seach ach don tréimhse ama is gá chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú agus chun gníomhartha dlí an Aontais, agus na gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh a áirithiú. Scriosfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin go láithreach bonn dá éis sin.

8.   Cuirfidh na Ballstáit tráthanna teachta agus imeachta na long, idir tráthanna measta agus iarbhír, ar fáil go poiblí, i bhformáid leictreonach arna comhchuibhiú ag leibhéal an Aontais, ar bhonn na sonraí a sheol na dearbhóirí chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid seo maidir le longa a mbeidh lasta íogair ar iompar acu, i gcás ina bhféadfadh foilsiú na faisnéise sin ag an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta bagairt a dhéanamh ar an tslándáil.

9.   Beidh seoladh idirlín aonfhoirmeach ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos struchtúr comhchuibhithe don suíomh gréasáin tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3, sonraíochtaí teicniúla chun amanna teachta agus imeachta dá dtagraítear i mír 8 a chur ar fáil, agus formáid aonfhoirmeach do sheoltaí idirlín dá dtagraítear i i mír 9. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 6

Comhéadain Chomhchuibhithe maidir le Tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla do mhodúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú do na hIonaid Ilfhreastail Muirí Náisiúnta. Is é an aidhm a bheidh leis na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla éascaíocht a dhéanamh don idir-inoibritheacht le teicneolaíochtaí éagsúla agus le córais tuairiscithe éagsúla na n-úsáideoirí.

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Lúnasa 2022, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú do na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt agus a nuashonrú i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus an fhaisnéis uile is iomchuí ar fáil do na Ballstáit maidir leis an modúl comhéadain chomhchuibhithe chun é a chomhtháthú ina nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na feidhmiúlachtaí comhchoiteanna den chomhéadan grafach úsáideora agus na teimpléid do na scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 2(9) a leagan síos.

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leasaítear na sonraíochtaí, na caighdeáin agus na nósanna imeachta teicniúla a leasú chun a áirithiú go mbeidh na comhéadain oscailte do theicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo.

6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 7

Modhanna eile tuairiscithe

1.   Ceadóidh na Ballstáit do dhearbhóirí faisnéis a sholáthar, ar bhonn deonach, don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trí sholáthraithe seirbhíse sonraí a chomhlíonann ceanglais an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ceadú do dhearbhóirí an fhaisnéis a sholáthar trí bhealaí tuairiscithe eile ar an gcuntar gur bealaí saorálacha iad sin do na dearbhóirí. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear an fhaisnéis ábhartha ar fáil trí na bealaí eile sin don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as bealaí malartacha do sholáthar faisnéise i gcás teip shealadach aon chórais leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 agus Airteagail 12 go 17.

Airteagal 8

Prionsabal na haonuaire

1.   Gan dochar d’Airteagal 11(1), mura gceanglaítear a mhalairt le dlí an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit nach n-iarrtar ar an dearbhóir an fhaisnéis a sholáthar de bhun an Rialacháin seo ach uair amháin in aghaidh na cuarda ar chalafort, agus go gcuirtear eilimintí sonraí ábhartha thacar sonraí EMSWe ar fáil agus go n-athúsáidtear iad i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis shainaitheanta na loinge, na sonraí agus díolúintí arna soláthar tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a thaifeadadh i mbunachar sonraí long EMSWe dá dtagraítear in Airteagal 14, agus go gcuirfear ar fáil iad d’aon chuarda eile ar chalafort laistigh den Aontas ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear eilimintí sonraí thacar sonraí EMSWe, arna soláthar ag imeacht ó chalafort san Aontas ar fáil don dearbhóir chun críche na n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh ag teacht chuig an gcéad chalafort eile laistigh den Aontas, ar an gcuntar nár thug an long cuaird ar chalafort lasmuigh den Aontas le linn an mhuiraistir. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis a fhaightear de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán sin maidir leis an bhféidearthacht sin.

4.   Cuirfear aon eilimint sonraí ábhartha thacar sonraí EMSWe a fhaightear tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fáil d’Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta eile trí mheán an chórais SafeSeaNet.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an liosta d’eilimintí sonraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 9

Freagracht as an bhfaisnéis arna cur in iúl

Is é an dearbhóir a bheidh freagrach as eilimintí sonraí a chur isteach, i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla is infheidhme. Is é an dearbhóir a bheidh freagrach i gcónaí as na sonraí, agus as nuashonrú aon fhaisnéise ar tháinig athrú uirthi tar éis di a bheith curtha isteach chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

Airteagal 10

Cosaint sonraí agus rúndacht

1.   Aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na húdaráis inniúla faoi chuimsiú an Rialacháin seo, beidh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an Coimisiún Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na bearta is gá chun rúndacht faisnéise tráchtála agus faisnéise íogaire eile arna malartú, i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun an Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 11

Forálacha breise custaim

1.   Ní choiscfear leis an Rialachán seo aon mhalartú faisnéise idir údaráis chustaim na mBallstát ná idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Cuirfear an fhaisnéis ábhartha den Dearbhú Iontrála Achomair dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i gcás ina bhfuil sé comhréireach le dlí custaim an Aontais, ar fáil don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta mar thagairt, de réir mar is iomchuí, athúsáidfear í i leith na n-oibleagáidí tuairiscithe eile a liostaítear san Iarscríbhinn.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an liosta faisnéise ábhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ COMCHOITEANNA

Airteagal 12

Clárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana EMSWe

1.   Bunóidh an Coimisiún clárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana agus áiritheoidh sé a n-inrochtaineacht do dhearbhóirí agus do sholáthraithe seirbhíse sonraí a bhaineann leas as an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, agus do na húdaráis náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, i gcásanna inar gá fíordheimhniú. Forálfar leis an gclárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana do chlárúchán úsáideora aonair trí bhíthin chlárlann an Aontais atá ann cheana agus atá aitheanta ar leibhéal an Aontais, do bhainistiú cónasctha úsáideoirí agus d’fhaireachán ar úsáideoirí ar leibhéal an Aontais.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta le bheith freagrach as úsáideoirí nua a shainaithint agus a chlárú, agus as na córais reatha a mhodhnú agus a fhoirceannadh tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 1.

3.   Chun críche rochtana ar an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta sna Ballstáit éagsúla, measfar go bhfuil dearbhóir nó soláthraí seirbhíse sonraí atá cláraithe i gclárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana EMSWe cláraithe san Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i ngach aon Bhallstát agus feidhmeoidh sé laistigh de theorainneacha na gceart rochtana a thug gach Ballstát i gcomhréir lena rialacha náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta chun an chlárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 13

Seirbhís chomhchoiteann seolacháin

1.   Forbróidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, seirbhís bhreise dheonach chomhchoiteann seolacháin, ar choinníoll go mbeidh an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú curtha chun feidhme i gcomhréir iomlán le hAirteagal 6.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta d’imlonnú, cothabháil agus úsáid na seirbhíse comhchoitinne seolacháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2024.

Airteagal 14

Bunachar Sonraí Long EMSWe

1.   I gcomhréir le hAirteagal 8(2), bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí long EMSWe ina mbeidh liosta faisnéise agus sonraí sainaitheanta long chomh maith le taifid maidir le díolúintí tuairiscithe long.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthraítear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a ghabhann le bunachar sonraí long EMSWe ar bhonn na sonraí a sheol na dearbhóirí chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar shonraí bhunachar sonraí na long ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le faisnéis agus sonraí sainaitheanta long chomh maith le taifid maidir le díolúintí tuairiscithe long a bhailiú, a stóráil, a nuashonrú agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 15

Bunachar Sonraí Comhchoiteann Suíomhanna

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann suíomhanna ina mbeidh liosta tagartha de chóid suímh (14) agus de chóid saoráide calafoirt, mar atá cláraithe sa bhunachar sonraí GISIS de chuid IMO.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar an mbunachar sonraí suímh ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ón mbunachar sonraí suímh ar fáil ag leibhéal náisiúnta tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair choitinn sonraí suímh dá dtagraítear i mír 1 chun na cóid suímh agus na cóid um shaoráidí calafoirt a bhailiú, a stóráil, a nuashonrú agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 16

Bunachar Sonraí Comhchoiteann um Ábhair Ghuaiseacha

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ina mbeidh liosta d’earraí contúirteacha agus truaillithe nach mór a fhógairt i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus le IMO FAL 7, ag cur san áireamh na heilimintí sonraí ábhartha ó Chóid agus Coinbhinsiúin IMO.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar an mbunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

3.   Nascfar an bunachar sonraí leis na hiontrálacha ábhartha sa bhunachar sonraí MAR-CIS arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) i dtaca le faisnéis faoi ghuaiseacha gaolmhara agus rioscaí a bhaineann le hearraí contúirteacha agus truaillithe.

4.   Bainfear leas as an mbunachar sonraí mar uirlis tagartha agus fíordheimhnithe araon, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, le linn an phróisis tuairiscithe trí mheán an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

5.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil ón mbunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ar an leibhéal náisiúnta tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair sonraí chomhchoitinn um ábhair ghuaiseacha dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis an bhfaisnéis tagartha maidir le hábhair ghuaiseacha a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 17

Bunachar Sonraí Comhchoiteann maidir le Sláintíocht Long

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann maidir le sláintíocht long a bheidh in ann sonraí a bhaineann leis na Dearbhuithe Sláinte Muirí faoi Airteagal 37 de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta 2005 (IHR) a fháil agus phróiseáil. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le daoine ar bord long atá tinn a stóráil ar an mbunachar sonraí sin.

Beidh rochtain ag údaráis inniúla sláinte na mBallstát ar an mbunachar sonraí chun sonraí a fháil agus a mhalartú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an mbunachar sonraí maidir le sláintíocht long i bhfios don Choimisiún an t-údarás náisiúnta atá freagrach as bainistiú úsáideoirí i dtaca leis an mbunachar sonraí sin, lena n-áirítear na húsáideoirí nua a chlárú, chomh maith le cuntais a mhodhnú agus a fhoirceannadh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lean leagtar síos na sonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla do bhunú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

CAIBIDIL V

COMHORDÚ GNÍOMHAÍOCHTA EMSWe

Airteagal 18

Comhordaitheoirí náisiúnta

Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta ag a mbeidh sainordú soiléir dlíthiúil chun feidhmiú mar chomhordaitheoir náisiúnta do EMSWe. Déanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

feidhmeoidh sé mar phointe teagmhála náisiúnta d’úsáideoirí agus don Choimisiún i leith gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

comhordóidh sé na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu laistigh de Bhallstát ar leith, agus comhordóidh sé an comhar eatarthu;

(c)

comhordóidh sé na gníomhaíochtaí a bhfuil mar sprioc acu leithdháileadh na faisnéise agus an nasc le córais ábhartha na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(3) a áirithiú.

Airteagal 19

Plean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil

Chun cur chun feidhme tráthúil an Rialacháin seo a éascú, agus sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta a chur ar fáil d’imlonnú, cothabháil agus nuashonrú an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe, glacfaidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán iomchuí le saineolaithe na mBallstát, Plean Cur chun Feidhme Ilbhliantúil, déanfaidh sé é a leasú ar bhonn bliantúil agus soláthrófar ann:

(a)

plean d’fhorbairt agus nuashonrú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe dá bhforáiltear, thar na 18 mí ina dhiaidh sin;

(b)

plean d’fhorbairt na seirbhíse comhchoitinne seolacháin faoin 15 Lúnasa 2024;

(c)

dátaí táscacha le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha;

(d)

spriocdhátaí táscacha do na Ballstáit maidir le comhtháthú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú ina dhiaidh sin leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta;

(e)

spriocdhátaí táscacha maidir le forbairt seirbhíse comhchoitinne seolacháin ag an gCoimisiún i ndiaidh chur chun feidhme an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;

(f)

tréimhsí tástála do na Ballstáit agus do na dearbhóirí chun a nasc le leagan nua ar bith de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú a thástáil;

(g)

tréimsí tástála le haghaidh na seirbhíse comhchoitinne seolacháin;

(h)

céimniú amach táscach na spriocdhátaí do na leaganacha níos sine de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú do na Ballstáit agus do na dearbhóirí.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Costais

Is é buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chumhdóidh na costais na nithe seo a leanas:

(a)

forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC ag an gCoimisiún agus EMSA a thacaíonn le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;

(b)

cur chun cinn EMSWe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i measc páirtithe leasmhara ábhartha, agus ar leibhéal na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 21

Comhar le córais nó seirbhísí eile maidir le héascú na trádála agus an iompair

I gcás inar cruthaíodh córais nó seirbhísí maidir le héascú na trádála agus an iompair le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, is é an Coimisiún a chomhordóidh na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na córais nó na seirbhísí sin d’fhonn sineirgí a ghnóthú agus chun dúbláil a sheachaint.

Airteagal 22

Athbhreithniú agus tuairisciú

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chur i bhfeidhm EMSWe, agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún. Áireofar na táscairí seo a leanas sa tuairisc:

(a)

úsáid an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;

(b)

úsáid an chomhéadain ghrafaigh úsáideora;

(c)

úsáid modhanna tuairiscithe eile dá dtagraítear in Airteagal 7.

Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, bunaithe ar theimpléad atá le soláthar ag an gCoimisiún.

Faoin 15 Lúnasa 2027, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil mheasúnaithe faoi fheidhmiú EMSWe ar bhonn na sonraí agus na staitisticí a bailíodh. Áireofar sa tuarascáil mheasúnaithe sin, de réir mar is gá, meastóireacht ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, óna bhféadfadh athruithe teacht ar an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú nó a d’fhágfadh go gcuirfí modúl eile ina ionad.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 don Choimisiún ar feadh tréimhse 4 bliana ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   Nuair a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste maidir le hIompar Digiteach agus Éascú Trádála cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Treoir 2010/65/CE a aisghairm

Aisghairtear Treoir 2010/65/AE ón 15 Lúnasa 2025.

Déanfar tagairtí do Threoir 2010/65/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 15 Lúnasa 2025.

3.   Na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus na cinn sin a bhaineann leis na hoibleagáidí tuairiscithe custaim a shonraítear i bpointe 7 de Chuid A den Iarscríbhinn, tiocfaidh said chun a bheith éifeachtach ón uair a bheidh na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i mbun seirbhíse, ar riachtanach iad do chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí tuairiscithe sin, i gcomhréir leis an gclár oibre arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 280 agus 281 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Déanfaidh an Coimisiún an dáta ar comhlíonadh coinníollacha na míre seo a fhoilsiú in sraith “C” d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 265.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).

(4)  Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le hÉascú Muirthrácht Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún FAL”), a glacadh an 9 Aibreán 1965 agus a leasaíodh an 8 Aibreán 2016, Caighdeán 1.1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(6)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(14)  “Cód na Náisiún Aontaithe um Shuíomhanna Trádála agus Iompair”.


IARSCRÍBHINN

OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE

A.   Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as gníomhartha dlí de chuid an Aontais

Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar I gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

1.

Fógra a thabhairt do longa ag teacht isteach agus ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát

Airteagal 4 de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

2.

Seiceálacha teorann ar dhaoine

Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

3.

Fógra a thabhairt faoi earraí contúirteacha nó truaillithe a iompar ar bord

Airteagal 13 de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

4.

Fógra a thabhairt faoi dhramhaíl agus iarmhair

Airteagal 6 de Threoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar-longa agus d’iarmhair lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).

5.

Fógra a thabhairt faoi fhaisnéis slándála

Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

Is í an fhoirm a leagtar amach san Aguisín leis an Iarscríbhinn seo a úsáidfear chun na heilimintí sonraí a shainaithint a theastaíonn faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004.

6.

Faisnéis faoi dhaoine ar bord

Airteagail 4(2) agus 5(2) de Threoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).

7.

Foirmiúlachtaí custaim

(a)

Foirmiúlachtaí teachta:

Fógra a thabhairt faoi theacht (Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Earraí a thíolacadh do lucht custaim (Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Dearbhú le haghaidh stóráil shealadach earraí (Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Stádas custaim earraí (Airteagail 153 go 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

Doiciméid iompair leictreonacha a mbaintear leas astu d’idirthuras (Airteagal 233(4)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013).

(b)

Foirmiúlachtaí imeachta:

Stádas custaim earraí (Airteagail 153 go 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

Doiciméid iompair leictreonacha a mbaintear leas astu d’idirthuras (Airteagal 233(4)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Fógra a thabhairt faoi imeacht (Airteagal 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Dearbhú imeachta achomair (Airteagail 271 agus 272 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Fógra a thabhairt maidir le hath-onnmhairiú (Airteagail 274 agus 275 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013).

8.

Luchtú agus díluchtú sábháilte olliompróirí

Airteagal 7 de Threoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe do luchtú agus díluchtú sábháilte olliompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).

9.

Rialú Stáit ar Chalafoirt

Airteagal 9 agus Airteagal 24(2) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

10.

Staitisticí iompair mhuirí

Airteagal 3 de Threoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir (IO L 141, 6.6.2009, lch. 29).

B.   Doiciméid agus oibleagáidí tuairiscithe FAL a eascraíonn as ionstraimí dlí idirnáisiúnta

Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le Coinbhinsiún FAL agus le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile.

1.

FAL1: Dearbhú Ginearálta

2.

FAL 2: Dearbhú Lasta

3.

FAL 3: Dearbhú Stóras Loinge

4.

FAL 4: Dearbhú maidir le Maoin an Chriú

5.

FAL 5: Liosta Criú

6.

FAL 6: Liosta Paisinéirí

7.

FAL 7: Earraí Contúirteacha

8.

Dearbhú Sláinte Muirí

C.   Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as ceanglais agus reachtaíocht náisiúnta

AGUISÍN

FOIRM FAISNÉISE SLÁNDÁLA LOINGE RÉAMHTHEACHTA DO GACH LONG SULA dTAGANN SIAD ISTEACH I gCALAFORT BALLSTÁT DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH

(Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 1974 um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) rialachán 9 de Chaibidil XI-2 agus Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004)

Image 1 Téacs an íomhá Image 2 Téacs an íomhá Image 3 Téacs an íomhá