30.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


RIALACHÁN (AE) 2017/1131 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le cistí margaidh airgid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cistí Margaidh Airgid (CMAnna) soláthraítear maoiniú gearrthéarmach d'institiúidí airgeadais, do chorparáidí agus do rialtais. Trí mhaoiniú a sholáthar do na heintitis sin, cuireann CMAnna le maoiniú gheilleagar an Aontais. Úsáideann na heintitis sin na hinfheistíochtaí atá acu in CMAnna mar bhealach éifeachtúil chun a riosca agus a risíocht creidmheasa a leathnú, in ionad brath go hiomlán ar thaiscí bainc.

(2)

Ar thaobh an éilimh, ionstraimí bainistíochta airgid thirim gearrthéarmacha is ea CMAnna, a sholáthraíonn ardleibhéal leachtachta, éagsúlaithe agus cobhsaíochta luacha don phríomhshuim a infheistíodh agus a bhfuil toradh margadhbhunaithe ag baint leo. Is corparáidí den chuid is mó a úsáideann CMAnna chun farasbarr d'airgead tirim atá acu a infheistiú go ceann achar gearr. Nasc ríthábhachtach is ea CMAnna, dá bhrí sin, a thugann le chéile éilimh agus tairiscintí ar airgead tirim sa ghearrthéarma.

(3)

Thug teagmhais a thit amach le linn na géarchéime airgeadais roinnt gnéithe de CMAnna chun solais a fhágann leochaileach iad nuair a bhíonn deacrachtaí sna margaí airgeadais agus d'fhéadfadh CMAnna, sa chás sin rioscaí a leathnú nó a mhéadú ar fud an chórais airgeadais. Nuair a thosaíonn praghsanna na sócmhainní ina bhfuil infheistíocht déanta ag CMA ag laghdú, go háirithe agus an margadh faoi strus, ní i gcónaí is féidir leis an CMA an gealltanas a chomhlíonadh go bhfuasclófar láithreach é agus go gcaomhnófar luach príomhshuime aonaid nó scaire a d'eisigh an CMA d'infheisteoirí. Sa chás sin, ar baol ar leith é do CMAnna a bhfuil glanluach sócmhainní seasmhach nó cobhsaí acu dar leis an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO), d'fhéadfadh iarrataí substaintiúla agus tobanna ar fhuascailt teacht as, rud a d'fhéadfadh iarmhairtí maicreacnamaíocha leathana a thionscnamh.

(4)

D'fhéadfadh iarrataí móra ar fhuascailt tabhairt ar CMAnna roinnt dá sócmhainní infheistíochta a dhíol i margadh atá ag cúlú, rud as a bhféadfadh géarchéim leachtachta teacht. Sna himthosca sin, is féidir géardheacrachtaí maoinithe a bheith ag eisitheoirí an mhargaidh airgid má théann margaí an pháipéir tráchtála agus ionstraimí eile an mhargaidh airgid i ndísc. D'fhéadfadh, ina shea, éifeacht ghabhála laistigh den mhargadh maoinithe gearrthéarmach teacht as sin, agus, dá dheasca sin, d'fhéadfadh sé deacrachtaí móra díreacha a chur roimh mhaoiniú institiúidí airgeadais, corparáidí agus rialtas, agus i ndeireadh báire roimh mhaoiniú an gheilleagair.

(5)

Is féidir le bainisteoirí sócmhainní, le tacaíocht ó urraitheoirí, a chinneadh tacaíocht lánroghnach a thabhairt chun leachtacht agus cobhsaíocht a gcuid CMAnna a chaomhnú. Is minic a bhíonn ar urraitheoirí tacú leis na CMAnna atá siad a urrú a bhíonn ag cailleadh luacha, i ngeall ar an bhfaitíos go ndéanfaí díobháil cáile agus go leathfadh an scaoll go dtí gnólachtaí eile urraitheoirí. Ag brath ar mhéid an CMA agus ar mhéid an bhrú fuascailte, d'fhéadfadh tacaíocht an urraitheora a bheith níos mó ná méid na gcúlchistí a bhfuil fáil acu orthu gan dua. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfaigheadh CMA tacaíocht sheachtrach.

(6)

Chun sláine agus cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, is gá rialacha a leagan síos maidir le hoibriú CMAnna, go háirithe maidir le comhdhéanamh a bpunainne. Tá sé mar aidhm leis na rialacha sin CMAnna a dhéanamh níos athléimní agus teorainn a chur leis an gcaoi ar féidir le héifeacht ghabhála leathnú. Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha ar fud an Aontais lena áirithiú gur féidir le CMAnna iarrataí ar fhuascailt ó infheisteoirí a chomhlíonadh, go háirithe agus an margadh faoi strus. Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha maidir le punann CMA freisin, lena áirithiú go mbeidh CMAnna in ann déileáil le hiarrataí substaintiúla agus tobanna ar fhuascailt ó ghrúpa mór infheisteoirí.

(7)

Thairis sin, tá gá le rialacha aonfhoirmeacha maidir le CMAnna chun oibriú rianúil an mhargaidh maoinithe ghearrthéarmaigh d'institiúidí airgeadais, d'eisitheoirí corparáideacha féich ghearrthéarmaigh agus do rialtais a áirithiú. Tá gá leo freisin chun a áirithiú go gcuirfear an chóir chéanna ar infheisteoirí uile in CMA agus chun nach mbeidh fuascailteoirí déanacha faoi mhíbhuntáiste má chuirtear fuascailtí ar fionraí go sealadach nó má leachtaítear CMA.

(8)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le comhchuibhiú na gceanglas stuamachta a bhaineann le CMAnna trí rialacha soiléire a leagan amach a fhorchuireann oibleagáidí díreacha ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna ar fud an Aontais. Chuirfeadh an comhchuibhiú sin feabhas ar chobhsaíocht CMAnna mar fhoinse maoinithe ghearrthéarmaigh do rialtais agus don earnáil chorparáideach ar fud an Aontais. D'áiritheodh sé freisin go leanfadh CMAnna de bheith ina n-uirlis iontaofa ó thaobh riar ar riachtanais an tionscail san Aontas ó thaobh bainistiú airgid thirim de.

(9)

Na Treoirlínte maidir le sainmhíniú comhchoiteann ar chistí margaidh airgid Eorpacha a ghlac Coiste na Rialtóirí Urrús Eorpach an 19 Bealtaine 2010 maidir le CMAnna chun íosmhéid de chothroime iomaíochta a bhaint amach idir CMAnna san Aontas, ní raibh siad curtha i bhfeidhm ach ag 12 Bhallstát bliain i ndiaidh a dteacht i bhfeidhm, rud a léiríonn gurb ann fós do rialacha náisiúnta atá éagsúil le chéile. Mainníonn na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta atá ann aghaidh a thabhairt ar na laigí atá sna margaí airgid san Aontas agus mainníonn siad an riosca éifeachta gabhála a mhaolú, agus dá bhrí sin tá feidhmiú agus cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, agus ba léir sin le linn na géarchéime airgeadais. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm leis na comhrialacha maidir le CMAnna dá bhforáiltear sa Rialachán seo ardleibhéal cosanta a chur ar fáil d'infheisteoirí agus aon riosca d'éifeacht ghabhála a d'fhéadfadh teacht as aon ollráchairt ag infheisteoirí ar CMAnna a chosc agus a mhaolú.

(10)

In éagmais rialacháin lena leagtar amach rialacha maidir le CMAnna, d'fhéadfadh sé go leanfaí de bhearta atá éagsúil le chéile a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. Mar thoradh ar bhearta den sórt sin, bheadh mórshaobhadh iomaíochta ann fós i ngeall ar dhifríochtaí móra a bheith sna caighdeáin bhunúsacha maidir le cosaint infheistíochtaí. Nuair is ann do cheanglais atá éagsúil le chéile maidir le comhdhéanamh punainne, sócmhainní incháilithe agus aibíocht na sócmhainní sin, leachtacht agus éagsúlú, agus maidir le cáilíocht chreidmheasa eisitheoirí ionstraimí margaidh airgid, tagann astu leibhéil éagsúla cosanta d'infheisteoirí i ngeall ar na leibhéil éagsúla riosca a bhaineann leis an tairiscint infheistíochta a ghabhann le CMA. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, sraith aonfhoirmeach rialacha a ghlacadh chun éifeacht ghabhála an mhargaidh maoinithe ghearrthéarmaigh a sheachaint a chuirfeadh cobhsaíocht mhargadh airgeadais an Aontais i mbaol. Chun riosca sistéamach a mhaolú, níor cheart CMAnna ag a bhfuil glanluach sócmhainní seasmhach (CMAnna de chineál CNAV) oibriú san Aontas ach amháin mar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí.

(11)

Leis na rialacha nua maidir le CMAnna déantar forbairt ar Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), arb í an treoir sin an creat dlí lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) san Aontas, agus déantar forbairt ar Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), arb í an Treoir sin an creat dlí lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú cistí infheistíochta malartacha (CIManna) san Aontas.

(12)

San Aontas, féadfaidh gnóthais chomhinfheistíochta oibriú mar GCUInna arna mbainistiú ag cuideachtaí bainistíochta GCUInna nó ag cuideachtaí infheistíochta GCUInna atá údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE, nó mar CIManna, arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2011/61/AE. Ba cheart na rialacha nua maidir le CMAnna a thógáil ar an gcreat rialála atá ann cheana a bunaíodh le Treoir 2009/65/CE agus le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na gníomhartha a glacadh chun iad a chur chun feidhme, agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu de bhreis ar na Treoracha sin. Anuas air sin, na rialacha bainistíochta agus margaíochta a leagtar síos sa chreat dlíthiúil atá ann cheana, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le CMAnna, ag cur san áireamh cé acu GCUInna nó CIManna iad. Ar an gcuma chéanna, na rialacha maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus saoirse bhunaíochta a leagtar síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE, ba cheart feidhm a bheith acu dá réir sin maidir le gníomhaíochtaí trasteorann CMAnna. Ag an am céanna, ba cheart gan líon rialacha a bhaineann le beartais infheistíochta GCUInna a leagtar síos i gCaibidil VII de Threoir 2009/65/CE, a chur i bhfeidhm go sainráiteach.

(13)

Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha comhchuibhithe maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a bhfreagraíonn a saintréithe do shaintréithe CMA. Maidir le GCUInna agus CIManna a bhfuil sé mar chuspóir acu torthaí a thairiscint atá i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid, nó luach na hinfheistíochta a chaomhnú, agus a fhéachann leis na cuspóirí sin a ghnóthú trí infheistiú i sócmhainní gearrthéarmacha amhail ionstraimí margaidh airgid nó taiscí, nó trí chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais nó conarthaí díorthacha áirithe a dhéanamh agus gurb é an t-aon chuspóir amháin atá acu rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí eile de chuid an chiste a fhálú, ba cheart comhlíonadh na rialacha nua maidir le CMAnna a bheith sainordaitheach ina leith.

(14)

Eascraíonn sainiúlacht CMAnna as an teaglaim de na sócmhainní a n-infheistíonn siad iontu agus na cuspóirí a shaothraíonn siad. An cuspóir tuairisceáin a thairiscint atá i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid agus an cuspóir luach infheistíochta a chaomhnú, níl siad comheisiach. Is féidir le CMA ceann amháin de na cuspóirí sin nó an dá cheann acu in éineacht a bheith aige.

(15)

Tá tuiscint leathan le baint as an gcuspóir torthaí a thairiscint atá i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid. Ní gá an toradh a bhfuil coinne leis a bheith lánailínithe le EONIA, Libor, Euriobor ná ráta aon mhargaidh airgid ábhartha eile. Cuspóir a fhéachann le déanamh níos fearr ná ráta an mhargaidh airgid le corrlach beag, níor cheart a mheas go bhfágfadh sé GCUI nó CIM lasmuigh de raon feidhme na rialacha nua aonfhoirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(16)

Maidir leis an gcuspóir luach na hinfheistíochta a chaomhnú, níl an tuiscint le baint as gur ráthaíocht chaipitil é atá geallta ag CMA. Ba cheart an tuiscint a bhaint as gur aidhm é a fhéachann GCUI nó CIM lena bhaint amach. Ní thugtar le fios le laghdú ar luach na n-infheistíochtaí gur athraigh an gnóthas comhinfheistíochta an cuspóir atá aige luach na hinfheistíochta a chaomhnú.

(17)

Tá sé tábhachtach GCUInna agus CIManna a bhfuil saintréithe CMAnna iontu a shainaithint mar CMAnna agus a gcumas na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le CMAnna a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach a fhíorú go follasach. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis inniúla CMAnna a údarú. I gcás GCUInna, ba cheart an t-údarú atá acu mar CMAnna a bheith ina chuid den údarú mar GCUInna faoi na nósanna imeachta comhchuibhithe faoi Threoir 2009/65/CE. I gcás CIManna, ós rud é nach bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le húdarú agus maoirseacht faoi Threoir 2011/61/AE, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha bunúsacha comhchoiteanna i leith údarú, rialacha a bheadh mar a chéile leis na rialacha comhchuibhithe atá ann cheana maidir le GCUInna. Ba cheart do nósanna imeachta den sórt sin a áirithiú gur bainisteoir CIM arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a bheadh sa bhainisteoir ag CIM arna údarú mar CMA.

(18)

Chun a áirithiú go mbeidh gach gnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil saintréithe CMA faoi réir na gcomhrialacha nua maidir le CMAnna, ba cheart toirmeasc a chur ar úsáid an ainmniúcháin “CMA” nó ar aon téarma eile a thugann le fios go bhfuil saintréithe CMA i ngnóthas comhinfheistíochta, ach amháin má tá an gnóthas sin údaraithe mar CMA faoin Rialachán seo. Chun cosc a chur ar dhul timpeall ar na rialacha sa Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chleachtais mhargaidh na ngnóthas comhinfheistíochta atá bunaithe nó a mhargaítear ina ndlínse chun a fhíorú nach mbaineann siad mí-úsáid as an ainmniúchán mar CMA ná nach dtugann siad le fios gur CMA iad gan an creat nua dlíthiúil a chomhlíonadh.

(19)

Ós rud é gur féidir le GCUInna agus CIMnna a bheith i bhfoirmeacha éagsúla dlí nach dtugann pearsantacht dhlítheanach dóibh i gcónaí, tuigtear, maidir leis na forálacha sa Rialachán seo a cheanglaíonn ar CMAnna gníomhú, gur ag tagairt do bhainisteoir an CMA atáthar i gcásanna ina bhfuil an CMA bunaithe mar GCUI nó mar CIM nach féidir gníomhú leis féin toisc nach bhfuil a phearsantacht dhlítheanach féin aige.

(20)

Faoi na rialacha maidir le punann CMAnna, ba cheart na catagóirí sócmhainní atá incháilithe le haghaidh infheistiú ag CMAnna agus na coinníollacha faoina bhfuiltear incháilithe a shainaithint go soiléir. Chun sláine CMAnna a áirithiú, ba cheart toirmeasc a chur ar CMAnna freisin idirbhearta airgeadais áirithe a dhéanamh a chuirfeadh a straitéis agus a gcuspóirí infheistíochta i mbaol.

(21)

Is é atá in ionstraimí margaidh airgid ná ionstraimí inaistrithe a dhéantar a dhéileáil ar an margadh airgeadais de ghnáth agus áirítear iontu billí státchiste agus údarás áitiúil, deimhnithe taisce, páipéir thráchtála, glacthaí bainc agus nótaí meántéarmacha nó fadtéarmacha. Níor cheart ionstraimí margaidh airgid a bheith incháilithe le haghaidh infheistiú ó CMAnna ach amháin a mhéid a chomhlíonann siad teorainneacha aibíochta agus a mhéid a mheasann CMA cáilíocht ard creidmheasa a bheith acu.

(22)

Sa bhreis ar an gcás ina n-infheistíonn CMA i dtaiscí bainc i gcomhréir lena rialacha maidir le cistí nó lena ionstraimí corpraithe, ba cheart bheith in ann cead a thabhairt do CMA sócmhainní leachtacha coimhdeacha a bheith ina sheilbh aige, amhail airgead tirim i gcuntas bainc ar féidir é a rochtain am ar bith. D'fhéadfadh bonn cirt a bheith le sócmhainní leachtacha coimhdeacha den sórt sin a bheith ina sheilbh aige chun, inter alia, íocaíochtaí reatha nó eisceachtúla a chumhdach, i gcás díolacháin, ar feadh na tréimhse is gá chun athinfheistiú i sócmhainní incháilithe.

(23)

Urrúsuithe, agus páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCPanna), ba cheart a mheas go bhfuil said incháilithe a mhéid a chomhlíonann siad ceanglais áirithe. Ós rud é go raibh neamhchobhsaíocht ar leith ag roinnt le hurrúsuithe áirithe le linn na géarchéime airgeadais, ba cheart critéir cháilíochta áirithe a fhorchur i leith urrúsuithe agus ABCPanna ionas gur cheart a bheith in ionstraimí incháilithe ach na hurrúsuithe sin agus ABCPanna a fheidhmíonn go maith. Go dtí go nglacfar an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe (STS) atá beartaithe (Rialachán maidir le hurrúsuithe STS atá beartaithe) agus go dtí go dtiocfaidh an Rialachán sin chun feidhm a bheith aige chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart cead a bheith ag CMAanna agus ABCPanna suas le teorainn 15 % dá gcuid sócmhainní a infheistiú in urrúsuithe agus ABCPanna. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na critéir lena sainaithnítear urrúsuithe STS chun críocha an Rialacháin seo. A luaithe a bheidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe sin, ba cheart cead a bheith ag CMAanna suas le teorainn 20 % dá gcuid sócmhainní a infheistiú in urrúsuithe agus ABCPanna, sa chaoi gur cheart bheith in ann suas le 15 % a infheistiú in urrúsuithe agus in ABCPanna nach STSanna iad.

(24)

Ba cheart cead a bheith ag CMA infheistiú i dtaiscí a mhéid is féidir leis an airgead a aistarraingt am ar bith. Laghdófaí an fhíorfhéidearthacht go ndéanfaí an aistarraingt sin dá mbeadh na pionóis maidir le haistarraingt luath chomh hard sin go mbeidís níos airde ná an t-ús a d'fhabhrófaí roimh an aistarraingt. Ar an ábhar sin, ba cheart do CMA cúram cuí a ghlacadh gan taiscí a dhéanamh le hinstitiúid creidmheasa a ghearrann pionóis atá os cionn an mheáin ná taiscí rófhada a dhéanamh dá dtiocfadh pionóis ró-ard as sin.

(25)

Chun na héagsúlachtaí sna struchtúir bhaincéireachta ar fud an Aontais a chur san áireamh, go háirithe i mBallstáit níos lú nó i mBallstáit ina bhfuil earnáil bhaincéireachta atá thar a bheith comhchruinnithe, agus ina mbeadh sé neamhbharainneach ag CMA seirbhísí institiúide creidmheasa i mBallstát eile a úsáid, amhail i gcás ina mbeadh gá le malartú airgeadra i dteannta na gcostas agus na rioscaí ar fad lena mbaineann, ba cheart roinnt solúbthachta a cheadú sa cheanglas maidir le héagsúlú i ndáil le taiscí a bhfuil an institiúid creidmheasa chéanna acu.

(26)

Níor cheart bheith d'fheidhm ag ionstraimí díorthacha airgeadais is incháilithe d'infheistíocht ó CMA ach riosca a bhaineann le rátaí úis agus airgeadraí a fhálú agus níor cheart a bheith mar ionstraim fholuiteach acu ach rátaí úis, rátaí malarirte eachtraí nó innéacsaí a sheasann do na catagóirí sin. Ba cheart úsáid díorthach chun críche eile nó a n-úsáid i dtaca le sócmhainní foluiteacha eile a thoirmeasc. Níor cheart díorthaigh a úsáid ach mar chomhlánú ar straitéis CMA agus níor cheart iad a úsáid mar phríomhuirlis chun cuspóirí CMA a ghnóthú. I gcás ina n-infheisteodh CMA i sócmhainní a bheadh lipéadaithe in airgeadra eile seachas airgeadra an CMA, bheifí ag súil go bhfálódh bainisteoir an CMA iomlán na risíochta ar riosca airgeadra, lena n-áirítear trí dhíorthaigh a úsáid. Ba cheart CMAana a bheith i dteideal infheistíocht a dhéanamh in ionstraimí díorthacha airgeadais má dhéantar an ionstraim sin a thrádáil ar mhargadh rialáilte amhail dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE nó thar an gcuntar (OTC), ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

(27)

Ba cheart CMAnna a bheith in ann comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a úsáid chun airgead tirim a infheistiú ar feadh achar fíorghearr, ar choinníoll go bhfuil an suíomh lán-chomhthaobhaithe. Chun na hinfheisteoirí a chosaint, is gá a áirithiú gur d'ardchaighdeán atá an comhthaobhach a sholáthraítear faoi chuimsiú comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus nach léirítear comhghaolú ard le feidhmíocht an chontrapháirtí, chun iarmhairt dhiúltach a sheachaint i gcás mhainneachtain an chontrapháirtí. Sa bhreis air sin, ba cheart cead a bheith ag CMA infheistiú i gcomhaontuithe athcheannaigh suas le teorainn 10 % dá chuid sócmhainní. Níor cheart do CMA aon teicnící éifeachtúla eile um bainistiú punann a úsáid, lena n-áirítear urrúis a thabhairt agus a fháil ar iasacht, mar is dealraitheach go gcuirfidís isteach ar bhaint amach chuspóirí infheistíochta an CMA.

(28)

Chun teorainn a chur leis an riosca a dtéann CMAnna ina bhfiontar, tá sé ríthábhachtach riosca contrapháirtí a laghdú trí phunann CMAnna a chur faoi réir ceanglas soiléir maidir le héagsúlú. Chuige sin, ba cheart comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a bheith lán-chomhthaobhaithe agus, chun teorainn a chur leis an riosca oibriúcháin, níor cheart go mbeadh níos mó ná 15 % de shócmhainní CMA i gceist le contrapháirtí aonair i gcomhaontú athcheannaigh droim ar ais. Ba cheart gach díorthach thar an gcuntar a bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(29)

Ar chúiseanna stuamachta agus chun go seachnófar tionchar suntasach a bheith ag CMA ar bhainistiú comhlachta eisiúna, is gá cásanna a sheachaint ina bhfuil an iomarca cistí ag CMA in infheistíochtaí arna n-eisiúint ag aon chomhlacht eisiúna amháin.

(30)

Ba cheart CMAnna atá ag feidhmiú go huile agus go hiomlán mar scéimeanna coigiltis d'fhostaithe a bheith in ann imeacht ó cheanglais áirithe is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí in CMAnna eile sa mhéid is go mbeidh na rannpháirtithe i scéimeanna den sórt sin, ar daoine nádúrtha iad, faoi réir coinníollacha fuascailte sriantacha nach bhfuil baint acu le hathruithe sa mhargadh ach, ina ionad sin, a bhaineann go háirithe le teagmhais saoil réamhshainithe ar leith, amhail dul ar scor, agus imthosca speisialta eile, lena n-áirítear príomháit chónaithe a éadáil, colscaradh, breoiteacht nó dífhostaíocht, ach gan bheith teoranta don mhéid sin. Tá sé tábhachtach cead a bheith ag fostaithe infheistiú in CMAnna, a meastar iad a bheith ar cheann de na hinfheistíochtaí gearrthéarmacha is sábháilte. Ní baol maolú den sórt sin do chuspóir an Rialacháin seo, eadhon cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, mar ní féidir le fostaithe atá ag infheistiú in CMAnna trína scéimeanna coigiltis d'fhostaithe an infheistíocht atá déanta acu a fhuascailt ar éileamh. Ní cheadaítear fuascailtí ach i gcás teagmhais saoil réamhshainithe. Dá bhrí sin, ní bheidh fostaithe in ann an infheistíocht atá déanta acu in CMAnna a fhuascailt, fiú i gcásanna ina bhfuil an margadh faoi strus.

(31)

Ba cheart é a bheith de fhreagracht ar CMAnna infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní incháilithe d'ardcháilíocht. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar an gcáilíocht chreidmheasa atá stuama a bheith ag CMAnna chun cáilíocht chreidmheasa na n-ionstraimí margaidh airgid, na n-urrúsuithe agus ABCP a bhfuil sé beartaithe acu infheistiú iontu a chinneadh. I gcomhréir le dlí an Aontais lena gcuirtear teorainn le róspleáchas ar rátálacha creidmheasa, tá sé tábhachtach nach mbeadh CMAnna ag brath go rómhór ar dhóigh mheicniúil ná a bheith róspleách ar rátálacha arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála. Ba cheart CMAnna a bheith in ann rátálacha a úsáid mar chomhlánú ar a measúnú féin ar cháilíocht sócmhainní incháilithe. Ba cheart do bhainisteoirí CMAnna tabhairt faoi mheasúnú nua ar ionstraimí margaidh airgid, ar urrúsuithe agus ar ABCP uair ar bith a bhíonn athrú ábharach ann, go háirithe nuair a chuirtear ar a shúile do bhainisteoir CMA go n-íosghrádaítear ionstraim margaidh airgid, urrúsú nó ABCP faoin dá rátáil chreidmheasa ghearrthéarmacha is airde arna soláthar ag aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa arna rialáil agus arna deimhniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Chuige sin, ba cheart bainisteoir CMA a bheith in ann nós imeachta inmheánach a bhunú chun gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a roghnú a bheadh oiriúnach do phunann infheistíochta shonrach an CMA agus chun a mhinice ba cheart don CMA faireachán a dhéanamh ar rátálacha na ngníomhaireachtaí sin a chinneadh. Le himeacht ama ba cheart roghnú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa leanúint de bheith comhsheasmhach.

(32)

I bhfianaise na hoibre atá déanta maidir le róspleáchas infheisteoirí ar rátálacha creidmheasa a laghdú ag comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail IOSCO agus FSB, agus i ndlí an Aontais freisin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Treoir 2013/14/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), níl sé iomchuí toirmeasc a chur ar aon táirge, lena n-áirítear CMAnna, rátáil chreidmheasa sheachtrach a shireadh nó a mhaoiniú.

(33)

Chun a áirithiú nach n-úsáidfidh bainisteoirí CMAnna critéir éagsúla measúnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcáilíocht chreidmheasa a bhaineann le hionstraim margaidh airgeadais, urrúsú nó ABCP agus, dá dhroim sin, saintréithe riosca éagsúla a lua leis an ionstraim chéanna, tá sé ríthábhachtach go n-úsáidfidh bainisteoirí CMAnna na critéir chéanna. Chuige sin, ba cheart na critéir íosta maidir le measúnú a dhéanamh ar ionstraim margaidh airgid, urrúsú agus ABCP a chomhchuibhiú. Samplaí de chritéir maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa is ea tomhais chainníochtúla i leith eisitheoir na hionstraime, e.g. cóimheasa airgeadais, forás an chláir chomhordaithe agus treoirlínte brabúsachta, a ndéantar meastóireacht ar gach ceann díobh a mheas agus a chur i gcomparáid leo siúd atá ag piaraí agus grúpaí an tionscail, agus tomhais cháilíochtúla i leith eisitheoir na hionstraime, amhail éifeachtúlacht bhainistíochta agus stráitéis chorparáideach, a ndéantar gach ceann díobh a anailísiú d'fhonn a chinneadh nach gcuirfidh straitéis fhoriomlán an eisitheora isteach ar a cháilíocht chreidmheasa sa todhchaí. I gcás ina mbíonn toradh fabhrach ar an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, ba cheart gur léiriú é sin ar acmhainneacht creidmheasa leordhóthanach eisitheoir na n-ionstraimí agus ar cháilíocht chreidmheasa leordhóthanach na n-ionstraimí.

(34)

Chun nós imeachta um measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa a bheadh trédhearcach comhleanúnach a fhorbairt, ba cheart do bhainisteoir CMA an nós imeachta agus na measúnuithe ar cháilíocht chreidmheasa a dhoiciméadú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gceanglas sin go mbeidh an nós imeachta de réir sraith shoiléir rialacha ar féidir faireachán a dhéanamh orthu agus go ndéanfar na modheolaíochtaí atáthar a úsáid a chur in iúl, nuair a iarrtar sin, do na hinfheisteoirí agus na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(35)

Chun an riosca a bhaineann le punann CMAnna a laghdú, tá sé tábhachtach teorainneacha aibíochta a shocrú, agus foráil a dhéanamh maidir le huas-mheánaibíocht ualaithe incheadaithe (WAM) agus meánré ualaithe (WAL).

(36)

Úsáidtear an WAM chun íogaireacht CMA i leith athruithe ar rátálacha úis an mhargaidh airgid a thomhas. Agus an WAM á chinneadh, ba cheart do bhainisteoirí CMAnna tionchar ionstraimí airgeadais díorthacha, taiscí, comhaontuithe athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus a n-éifeacht ar riosca ráta úis an CMA a chur san áireamh. Nuair a dhéanann CMA idirbheart babhtála chun risíocht ar ionstraim ráta sheasta seachas ar ráta comhlúthach a ghnóthú, ba cheart an méid sin a chur san áireamh agus an WAM á chinneadh.

(37)

Úsáidtear an WAL chun riosca creidmheasa phunann CMA a thomhas: méadaíonn an riosca creidmheasa de réir mar a chuirtear aisíoc na príomhshuime ar atráth. Úsáidtear an WAL freisin chun riosca leachtachta phunann CMA a theorannú. Murab ionann is ríomh an WAM, ní féidir dátaí athshocraithe rátaí úis a úsáid chun an WAL a ríomh le haghaidh urrúis ráta chomhlúthaigh agus ionstraimí airgeadais struchtúrtha agus ina ionad sin is é dáta deiridh aibíochta na hionstraime airgeadais a úsáidtear. Is í an aibíocht a úsáidtear chun an WAL a ríomh an aibíocht iarmharach go dtí an fhuascailt dhlíthiúil, ós rud é gurb é sin an t-aon dáta amháin ar féidir leis an gcomhlacht bainistíochta a bheith ag súil leis le réasún go mbeidh an ionstraim aisíoctha roimhe. Mar gheall ar chineál sonrach na sócmhainní foluiteacha le haghaidh roinnt urrúsuithe agus ABCPanna, i gcás ionstraimí amúchta, ba cheart an WAL a bheith bunaithe ar an ríomh aibíochta le haghaidh ionstraimí amúchta, bídís ar phróifíl amúchta chonarthach na n-ionstraimí sin nó ar phróifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha as a dtagann na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin.

(38)

Chun neartú ar chumas CMAnna déileáil le fuascailtí agus chun cosc a chur ar leachtú a sócmhainní ar phraghsanna a bhfuil mór-lascaine déanta orthu, ba cheart íosmhéid sócmhainní leachtacha a bhíonn ag aibiú go laethúil nó go seachtainiúil a bheith ina seilbh ag CMAnna i gcónaí. Is é ba cheart a bheith i sócmhainní a aibíonn go laethúil ná sócmhainní amhail airgead tirim, urrúis a aibíonn laistigh de lá amháin oibre agus comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais. Is é ba cheart a bheith i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ná sócmhainní amhail airgead tirim, urrúis a aibíonn laistigh de sheachtain amháin agus comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais. I gcás CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál luaineacht glanluach sócmhainní um chiste margaidh airgid (CMAnna LVNAV), ba cheart bheith in ann a áireamh sna ceanglais leachtachta sheachtainiúla freisin céatadán teoranta de pháipéir rialtais ag a bhfuil aibíocht iarmharach 190 lá is féidir a shocrú laistigh de lá amháin oibre. I gcás CMAnna de chineál glanluach sócmhainní athraitheach (CMAnna VNAV), ba cheart bheith in ann a áireamh sna ceanglais leachtachta sheachtainiúla freisin céatadán teoranta d'ionstraimí margaidh airgid d'aonaid nó de scaireanna de chuid CMAnna incháilithe ar choinníoll gur féidir iad a shocrú laistigh de chúig lá oibre. Chun an cion de shócmhainní a aibíonn go laethúil agus go seachtainiúil a ríomh, ba cheart dáta fuascailte dlíthiúil na sócmhainne a úsáid. Is féidir a chur san áireamh go bhféadfaidh bainisteoir CMA conradh a fhoirceannadh ar bhonn gearrthéarmach. Mar shampla, más féidir comhaontú athcheannaigh droim ar ais a fhoirceannadh trí réamhfhógra aon lá oibre amháin a thabhairt, ba cheart a mheas gur sócmhainn a aibíonn go laethúil é. Má bhíonn an deis ag an mbainisteoir airgead tirim a aistarraingt ó chuntas taisce trí réamhfhógra aon lá oibre amháin a thabhairt, ba cheart a mheas gur sócmhainn a aibíonn go laethúil é. Nuair a leabaítear céadrogha ar dhíol in ionstraim airgeadais agus gur féidir an chéadrogha ar dhíol a fheidhmiú go neamhshriantach ar bhonn laethúil, nó laistigh de chúig lá oibre, agus go bhfuil praghas ceangail na céadrogha ar dhíol cóngarach do luach measta na hionstraime, ba cheart an ionstraim sin a áireamh mar shócmhainn a aibíonn go laethúil nó go seachtainiúil.

(39)

Ós rud é gur féidir le CMAnna infheistiú i sócmhainní a bhfuil raonta aibíochta éagsúla acu, tá sé tábhachtach go mbeadh infheisteoirí in ann idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla CMAnna. Dá bhrí sin, ba cheart CMA a aicmiú ina CMA gearrthéarmach nó ina CMA fadtéarmach. Tá de chuspóir ag CMAnna gearrthéarmacha torthaí ráta an mhargaidh airgid a thairiscint, agus san am céanna an leibhéal sábháilteachta is airde is féidir é a thabhairt d'infheisteoirí a áirithiú. I gcás WAM agus WAL, coinnítear riosca ré agus riosca creidmheasa na CMAnna gearrthéarmacha ag leibhéil an-íseal.

(40)

Tá de chuspóir ag CMAnna caighdeánacha torthaí a thairiscint atá beagáinín níos airde ná torthaí an mhargaidh airgid, agus dá bhrí sin, infheistíonn siad i sócmhainní a bhfuil aibíocht leathnaithe acu. Chun go mbeidh siad in ann déanamh níos fearr ar an tslí sin, ba cheart cead a bheith ag CMAnna caighdeánacha teorainneacha leathnaithe a úsáid don riosca punainne, amhail WAM agus WAL.

(41)

Faoi Airteagal 84 de Threoir 2009/65/CE, is féidir le bainisteoirí CMAnna ar GCUInna iad fuascailtí a chur ar fionraí go sealadach in imthosca eisceachtúla nuair is gá sin. Faoi Airteagal 16 de Threoir 2011/61/AE agus in Airteagal 47 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún (9), is féidir le bainisteoirí CMAnna ar CIManna iad dul i muinín socruithe speisialta ionas gur féidir leo déileáil le neamhleachtacht a d'fhéadfadh teacht chun cinn i sócmhainní na gcistí.

(42)

Chun bainistiú iomchuí leachtachta a áirithiú, ba cheart do CMAnna beartais agus nósanna imeachta fónta a bhunú chun féachaint le haithne a chur ar a gcuid infheisteoirí. Maidir leis na beartais sin a chuireann bainisteoir CMA ar bun, ba cheart go mbeidís ina gcuidiú chun tuiscint a fháil ar infheisteoirí an CMA, a mhéid a d'fhéadfaí fuascailtí móra a dhéanamh amach roimh ré. Ionas nach bhfaighidh CMA iarratais mhóra gan choinne ar fhuascailtí, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar infheisteoirí móra lena mbaineann cuid shubstaintiúil de shócmhainní an CMA, amhail infheisteoir amháin lena mbaineann d'ionadú níos mó ná an cion de shócmhainní a aibíonn go laethúil. Gach uair is féidir é, ba cheart do bhainisteoir CMA breathnú ar chéannacht a infheisteoirí, fiú amháin más cuntais ainmnithigh, tairseacha nó aon cheannaitheoir indíreach eile atá ag déanamh ionadaíochta dóibh.

(43)

Mar chuid den bhainistiú riosca stuama, ba cheart do CMAnna tástáil struis a dhéanamh, ar a laghad dhá uair sa bhliain. Bítear ag siúl go ngníomhóidh bainisteoir uman CMA a neartú aon uair a léiríonn torthaí na tástála struis go bhfuil laigí iontu.

(44)

Chun luach iarbhír sócmhainní a léiriú, ba cheart marcáil de réir an mhargaidh a úsáid mar an modh luachála tosaíochta chuige sin. Níor cheart cead a bheith ag bainisteoir CMA marcáil de réir samhla a úsáid i gcás ina dtugann marcáil de réir an mhargaidh luacháil iontaofa ar an tsócmhainn, ós rud é gur féidir an marcáil de réir samhla luacháil a thabhairt nach bhfuil chomh cruinn céanna. Sócmhainní amhail billí státchiste agus údarás áitiúil, nótaí meántéarmacha agus gearrthéarmacha, is iad sin na sócmhainní ar gnách an luach marcála de réir an mhargaidh ina leith a bheith iontaofa. Maidir le páipéir thráchtála nó deimhnithe taisce a luacháil, ba cheart do bhainisteoir CMA a sheiceáil an bhfuil margadh tánaisteach ann a thugann praghsáil chruinn. Meastar gur meastachán maith ar luach an pháipéir tráchtála atá sa phraghas athcheannaigh atá an t-eisitheoir a thairiscint. Is féidir é a bheith deacair ó nádúr roinnt sócmhainní a luacháil bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh, mar shampla roinnt díorthach thar an gcuntar a thrádáiltear go tearc. I gcás inarb amhlaidh atá agus i gcás nach dtugann marcáil de réir an mhargaidh luach iontaofa ar na sócmhainní, ba cheart do bhainisteoir CMA luach cothrom a shannadh don tsócmhainn trí mharcáil de réir samhla a úsáid, mar shampla ba cheart do bhainisteoir CMA sonraí an mhargaidh amhail torthaí eisiúintí inchomparáide agus eisitheoirí inchomparáide a úsáid, nó trí shreafaí airgid na sócmhainne a lascainiú. Le marcáil de réir samhla úsáidtear samhlacha airgeadais chun luach cothrom a shannadh i leith sócmhainne. Is féidir leis an CMA féin, mar shampla, samhlacha den sórt sin a fhorbairt, nó is féidir leis an CMA samhlacha atá ann cheana ó pháirtithe seachtracha a úsáid, amhail díoltóirí sonraí.

(45)

Tá de chuspóir ag CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí caipiteal na hinfheistíochta a chaomhnú agus san am céanna ardleibhéal leachtachta a áirithiú. Bíonn glanluach sócmhainní (NAV) in aghaidh an aonaid nó na scaire ag bunús na CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, agus é socraithe mar shampla, ag EUR 1, USD 1 nó GBP 1, nuair a dháileann siad an t-ioncam ar na hinfheisteoirí. CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí eile, carnann siad ioncam i NAV an chiste a fhad atá luach intreach na sócmhainne á choinneáil ag luach seasmhach.

(46)

Chun saintréithe CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál LVNAV a chur san áireamh, ba cheart cead a bheith acu freisin modh an chostais amúchta, a aithnítear go hidirnáisiúnta, a úsáid mar a leagtar amach faoi na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Aontas le haghaidh sócmhainní áirithe. Mar sin féin, chun a áirithiú go ndéanfar faireachán i rith an ama ar an difríocht idir NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire, ba cheart do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál LVNAV luach a sócmhainní a ríomh ar bhonn marcáil de réir an mhargaidh nó marcáil de réir samhla.

(47)

Ós rud é gur cheart do CMA NAV a fhoilsiú a léiríonn na gluaiseachtaí uile i luach a shócmhainní, ba cheart an NAV a shlánú, mar uasmhéid, go dtí an bonnphointe is gaire nó go dtí a choibhéis. Dá bharr sin, nuair a fhoilsítear an glanluach sócmhainní in airgeadra ar leith, e.g. EUR 1, ba cheart an t-athrú incriminteach ar an luach a dhéanamh in aghaidh gach EUR 0,0001. I gcás NAV ag EUR 100, ba cheart an t-athrú incriminteach a dhéanamh in aghaidh gach EUR 0,01. Sa bhreis air sin, más CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó CMA de chineál LVNAV atá sa CMA, ba cheart an CMA a bheith in ann an NAV seasmhach agus an difríocht idir an NAV seasmhach agus an NAV a fhoilsiú. Sa chás sin, ríomhtar an NAV seasmhach tríd an NAV a shlánú go dtí an cent is gaire i gcás NAV ag EUR 1 (de réir gach gluaiseachta EUR 0,01).

(48)

Chun gur féidir fuascailtí infheisteoirí, a d'fhéadfadh bheith ann tráth a bhíonn an margadh faoi strus mór, a mhaolú, ba cheart forálacha maidir le táillí leachtachta agus geataí fuascailte a bheith ag CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál LVNAV chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus buntáiste “an chéad duine a bhogann” a chosc. Ba cheart gur léiriú leordhóthanach an táille leachtachta ar an gcostas a bheadh ar an CMA agus é ag iarraidh leachtacht a ghnóthú agus níor cheart gur táille phionóis a bheadh ann a d'fhritháireodh na caillteanais a thabhódh infheisteoirí eile de thoradh na fuascailte.

(49)

Tacaíocht sheachtrach a thugtar do CMA d'fhonn leachtacht nó cobhsaíocht an CMA a choinneáil nó tacaíocht a bhfuil sin de thoradh uirthi, méadaíonn sí an riosca éifeachta gabhála idir earnáil na CMAnna agus an chuid eile den earnáil airgeadais. Tríú páirtithe, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais eile nó eintitis dhlíthiúla atá sa ghrúpa céanna leis an CMA, a thugann tacaíocht den sórt sin, d'fhéadfadh sé gur lena leas í a thabhairt, toisc go bhfuil leas eacnamaíoch acu sa chomhlacht bainistíochta atá ag bainistiú an CMA, sin nó toisc nach mian leo go smálófar a gclú i gcás ina mbíonn a n-ainm luaite le mainneachtain CMA. Ós rud é nach ngeallann na tríú páirtithe sin go sainráiteach i gcónaí an tacaíocht a thabhairt ná í a ráthú, ní bhítear cinnte an dtabharfar an tacaíocht sin nuair a bheidh gá ag an CMA léi. Sna himthosca sin, rannchuidíonn cineál lánroghnach na tacaíochta ón urraitheoir le neamhchinnteacht ghníomhaithe an mhargaidh maidir le cé a sheasfaidh caillteanais an CMA nuair a tharlaíonn na caillteanais sin. Is dealraitheach go bhfágann an neamhchinnteacht sin gur móide leochaileacht CMAnna ar ollráchairtí le linn tréimhsí neamhchobhsaíochta airgeadais, tráth a bhíonn rioscaí airgeadais níos mó ná mar is gnách ann agus nuair a bhíonn ábhar imní ann faoi fholláine na n-urraitheoirí agus a gcumas tacaíocht a thabhairt do CMAnna cleamhnaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a bheith ar thacaíocht sheachtrach do CMAnna.

(50)

Ba cheart a chur in iúl go soiléir d'infheisteoirí, roimh dóibh infheistiú in CMA, cé acu de chineál gearrthéarmach nó de chineál fadtéarmach an CMA agus cibé ar CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál VNAV é an CMA nó nach ea. Ionas nach mbeidh aon dul amú ar infheisteoirí, ba cheart a rá go soiléir freisin in aon doiciméad margaíochta nach modh cinnte infheistíochta atá i CMA. Ba cheart do CMAnna freisin faisnéis áirithe eile a chur ar fáil d'infheisteoirí ar bhonn seachtainiúil, lena n-áirítear miondealú aibíochta na punainne, an phróifíl chreidmheasa agus mionsonraí na 10 sealúchas is mó sa CMA.

(51)

Sa bhreis ar an tuairisciú a cheanglaítear cheana féin faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE agus chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla rioscaí i margadh na CMAnna a bhrath, faireachán a dhéanamh orthu agus gníomhú ina leith, ba cheart do CMAnna liosta mionsonraithe faisnéise a thuairisciú dá n-údaráis inniúla maidir leis an CMA, lena n-áirítear cineál agus saintréithe an CMA, táscairí punainne agus faisnéis faoi na sócmhainní atá sa phunann. Ba cheart do na húdaráis inniúla na mionsonraí sin a bhailiú ar dhóigh chomhleanúnach ar fud an Aontais chun eolas domhain a chur ar na príomhathruithe a thagann ar mhargadh na CMAnna. Chun anailís fhoriomlán a dhéanamh ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag margadh na CMAnna san Aontas, ba cheart na mionsonraí sin a tharchur chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus ba cheart don údarás sin bunachar sonraí lárnach do CMAnna a chruthú.

(52)

Ba cheart d'údarás inniúil CMA a fhíorú an bhfuil an CMA in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, ba cheart na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a thabhairt do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear an cumas pionóis agus bearta áirithe a fhorchur, a bhfuil gá acu leo chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo. Ba cheart do na cumhachtaí sin a bheith gan dochar do na cumhachtaí arb ann dóibh faoi Threoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Ba cheart d'údaráis inniúla de chuid GCUI nó CIM a fhíorú go bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh ag gach comhghnóthas infheistíochta ina bhfuil saintréithe CMA agus atá ann tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(53)

Chun eilimintí teicniúla eile an Rialacháin seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le crostagairt a thabhairt isteach do chritéir maidir le hurrúsuithe STS agus ABCPanna, i dtaca leis na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa is infheidhme i ndáil le sócmhainní, agus i dtaca leis na critéir maidir le measúnú ar cháilíocht chreidmheasa a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht freisin don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart é a chur ar iontaoibh an ÚEUM caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an teimpléad tuairiscithe ina mbíonn faisnéis faoi CMAnna do na húdaráis inniúla.

(55)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann na cumhachtaí uile arna dtabhairt dó faoi Threoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE a fheidhmiú maidir leis an Rialachán seo. Cuirtear ar a iontaoibh freisin dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt.

(56)

Faoin 21 Iúil 2022, ba cheart don Choimisiún glacadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart go mbreithneofaí san athbhreithniú sin an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm agus ba cheart anailís a dhéanamh ann ar an tionchar ar na gnéithe eacnamaíocha éagsúla de CMAnna. Ba cheart an tionchar ar infheisteoirí, ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna san Aontas a bhreithniú ann freisin. Ba cheart measúnú a dhéanamh ann freisin ar an ról a bhíonn ag CMAnna maidir le fiachas arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit a cheannach, agus aird a thabhairt ar na saintréithe sonracha a bhíonn ag fiachas den sórt sin, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach aige i maoiniú na mBallstát. Sa bhreis air sin, ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha, agus na hathruithe rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ar deireadh agus faoin 21 Iúil 2022, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena inmharthana a bheadh sé cuóta a bhunú arb ionann é agus 80 % d'fhiachas poiblí AE, ós rud é go rialaítear le dlí an Aontais eisiúint ionstraimí gearrthéarmacha AE le haghaidh fiachas poiblí, rud a chuireann, dá bhrí sin, bonn cirt, ó thaobh na stuamachta agus na maoirseachta, leis an tús áite a thugtar i gcomparáid le fiachas poiblí neamh-AE. I bhfianaise a laghad ionstraimí gearrthéarmacha AE le haghaidh fiachas poiblí atá ann faoi láthair agus na héiginnteachta maidir leis na CMAnna de chineál LVNAV nuabhunaithe a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a inmharthana a bheadh sé cuóta arb ionann é agus 80 % d'fhiachas poiblí an Aontais a bhunú faoin 21 Iúil 2022, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá samhail CMA de chineál LVNAV mar mhalairt ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE.

(57)

Na rialacha aonfhoirmeacha nua maidir le CMAnna dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart go gcomhlíonfaidís Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceanglais aonfhoirmeacha stuamachta, rialachais agus trédhearcachta a bhfuil feidhm acu maidir le CMAnna ar fud an Aontais a áirithiú, agus san am céanna an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir sábháilteacht agus iontaofacht CMAnna ar thaobh amháin agus feidhmiú éifeachtach na margaí airgeadais agus na costais a chuirtear ar gheallsealbhóirí na margaí sin ar an taobh eile a chur san áireamh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(59)

Leis na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le CMAnna dá bhforáiltear sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint tomhaltóirí, an tsaoirse gnó a sheoladh agus cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le CMAnna a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha do chistí margaidh airgid (CMAnna) arna mbunú, arna mbainistiú nó arna gcur ar an margadh san Aontas, maidir leis na hionstraimí airgeadais atá incháilithe chun infheistiú ag CMA, punann an CMA, luacháil socmhainní an CMA, agus ceanglais tuairiscithe i ndáil le CMA.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnóthais chomhinfheistíochta:

(a)

a cheanglaíonn údarú mar GCUI nó atá údaraithe mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, nó ar CIMnna iad faoi Threoir 2011/61/AE;

(b)

a infheistíonn i sócmhainní gearrthéarmacha; agus

(c)

ag a bhfuil cuspóirí sonracha nó carnacha lena ndéantar torthaí a thairiscint i gcomhréir le rátaí margaidh airgid nó luach na hinfheistíochta a chaomhnú.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit aon cheanglas breise leis an réimse a chumhdaíonn an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sócmhainní gearrthéarmacha” sócmhainní airgeadais a bhfuil aibíocht iarmharach acu nach mó ná dhá bhliain;

(2)

ciallaíonn “ionstraimí margaidh airgid” ionstraimí margaidh airgid arna sainmhíniú in Airteagal 2(1)(o) de Threoir 2009/65/CE, agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2007/16/CE ón gCoimisiún (15);

(3)

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe arna sainmhíniú in Airteagal 2(1)(n) de Threoir 2009/65/CE, agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2007/16/CE ón gCoimisiún;

(4)

ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh” aon chomhaontú ina n-aistríonn páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann leis an teideal sin chuig contrapháirtí, faoi réir gealltanais go n-athcheannófar iad ar phraghas sonraithe ar dháta is déanaí a shonraítear nó atá le sonrú;

(5)

ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh droim ar ais” aon chomhaontú ina bhfaigheann páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann le teideal nó le hurrús, ó chontrapháirtí, faoi réir gealltanais go ndíolfar ar ais iad ar phraghas sonraithe ar dháta is déanaí a shonraítear nó atá le sonrú;

(6)

ciallaíonn “urrúis a thabhairt ar iasacht” agus “urrúis a fháil ar iasacht” aon idirbheart ina n-aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha ar ais ar dháta is déanaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir sin air, ar “urrúis a thabhairt ar iasacht” a thugtar ar an idirbheart sin i gcás na hinstitiúide atá ag aistriú na n-urrús agus ar “urrúis a fháil ar iasacht” a thugtar ar an idirbheart sin i gcás na hinstitiúide a bhfuil siad á n-aistriú chuici;

(7)

ciallaíonn “urrúsú” urrúsú arna shainmhíniú in Airteagal 4(1)(61) de Rialachán Uimh. 575/2013;

(8)

ciallaíonn “marcáil de réir an mhargaidh” luacháil suíomhanna ar phraghsanna socraíochta a bhfuil fáil éasca orthu agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;

(9)

ciallaíonn “marcáil de réir samhla” aon luacháil a thagarmharcáiltear, a eachtarshuitear nó a ríomhtar ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;

(10)

ciallaíonn “modh an chostais amúchta” modh luachála arb é atá ann costas éadála sócmhainne a ghlacadh agus an luacháil sin a choigeartú chun préimheanna nó lascainí a amúchadh go dtí tráth na haibíochta;

(11)

ciallaíonn “fiach poiblí ar glanluach seasmhach é a sócmhainní um CMA” nó “fiach poiblí ar SGS CMA é” CMA:

(a)

a fhéachann le glanluach sócmhainní (NAV) neamhaithreach in aghaidh an aonaid nó na scaire a choinneáil;

(b)

ina bhfabhraítear an t-ioncam sa chiste go laethúil agus inar féidir é a íoc amach leis an infheisteoir nó a úsáid chun breis aonad nó sa scair sa chiste a cheannach;

(c)

ina ndéantar sócmhainní a luacháil go ginearálta de réir mhodh an chostais amúchta, agus i gcás ina slánaítear an NAV go dtí an pointe céatadáin is gaire nó a choibhéis i dtéarmaí airgeadra; agus

(d)

a infheistíonn ar a laghad 99,5 % dá shócmhainní in ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 17(7), i gcomhaontuithe athcheannaigh arna n-urúsú le fiach rialtais dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus in airgead tirim;

(12)

ciallaíonn “íseal-luaineacht glanluach sócmhainní um CMA” nó “CMA de chineál LVNAV” CMA a chomhlíonann na ceanglais shonracha a leagtar síos in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32 agus in Airteagal 33(2)(b);

(13)

ciallaíonn “glanluach sócmhainní inathraithe um CMA”“CMA de chineál VNAV” CMA a chomhlíonann na ceanglais shonracha a leagtar síos in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 33(1);

(14)

ciallaíonn “CMA gearrthéarmach” CMA a infheistíonn in ionstraimí incháilithe margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus atá faoi réir na rialacha punainne a leagtar amach in Airteagal 24;

(15)

ciallaíonn “CMA caighdeánach” CMA a infheistíonn in ionstraimí incháilithe margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2) agus atá faoi réir na rialacha punainne a leagtar amach in Airteagal 25;

(16)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa arna sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(17)

ciallaíonn “údarás inniúil CMA”:

(a)

i gcás GCUI, údarás inniúil Bhallstát baile GCUI arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;

(b)

i gcás CIManna AE, údarás inniúil Bhallstát baile CIM arna shainmhíniú in Airteagal 4(1)(p) de Threoir 2011/61/AE;

(c)

i gcás CIManna neamh-AE, aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar CIM neamh-AE a mhargú san Aontas gan phas;

(ii)

údarás inniúil BCIM AE a bhainistíonn CIM neamh-AE, i gcás ina margaítear CIM neamh-AE san Aontas le pas, nó nach ndéantar é a mhargú san Aontas;

(iii)

údarás inniúil an Bhallstáit tagartha i gcás nach mbainistíonn BCIM AE CIM neamh-AE agus ina ndéantar é a mhargú san Aontas le pas;

(18)

ciallaíonn “aibíocht dhlíthiúil”an dáta ar a bhfuil príomhshuim urrúis le haisíoc ina iomláine agus nach bhfuil faoi réir roghnaíochta;

(19)

ciallaíonn “meánaibíocht ualaithe” nó “WAM” an mheántréimhse a thógann sé ar na sócmhainní foluiteacha ar fad in CMA aibíocht dhlíthiúil a bhaint amach nó, más giorra í, go dtí an chéad ráta úis eile a athshocrófar go ráta margaidh airgid, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach sócmhainn;

(20)

ciallaíonn “meánré ualaithe”“WAL” an mheántréimhse a thógann sé ar na sócmhainní foluiteacha ar fad in CMA aibíocht dhlíthiúil a bhaint amach, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach sócmhainn;

(21)

ciallaíonn “aibíocht iarmharach” fad na tréimhse atá fágtha go dtí aibíocht dhlíthiúil urrúis;

(22)

ciallaíonn “díol folamh” aon díol ionstraime ag CMA nach leis an CMA tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear an díol sin, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, i gcás ina mbeidh an ionstraim faighte ar iasacht ag CMA nó ina mbeidh comhaontaithe aige go bhfaighidh sé an ionstraim ar iasacht chun í a sheachadadh tráth na socraíochta, nach n-áirítear:

(a)

díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta is déanaí ar phraghas sonraithe eile; nó

(b)

conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontófar urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí;

(23)

ciallaíonn “bainisteoir CMA”, i gcás CMA ar GCUI é, cuideachta bainistíochta GCUI, nó cuideachta infheistíochta GCUI i gcás GCUI féinbhainistithe, agus, i gcás CMA ar CIM, BCIM nó CIM é atá bainistithe go hinmheánach.

Airteagal 3

Cineálacha CMAnna

1.   Cuirfear CMAnna ar bun mar cheann de na cineálacha seo a leanas:

(a)

GSI CMA;

(b)

fiach poiblí ar SGS CMA é;

(c)

ÍGS CMA;

2.   Luafar in údarú CMA go sainráite cineál CMA, as na cinn a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 4

CMAnna a údarú

1.   Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a bhunú, a mhargú ná a bhainistiú san Aontas mar CMA ach amháin má údaraítear é i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Beidh an t-údarú sin bailí do na Ballstáit ar fad.

2.   Déanfar gnóthas comhinfheistíochta lena gceanglaítear údarú mar GCUI den chéad uair faoi Threoir 2009/65/CE agus mar CMA faoin Rialachán seo den chéad uair a údarú mar CMA mar chuid de nós imeachta údarúcháin GCUI de bhun Threoir 2009/65/CE.

I gcás go mbeidh gnóthas comhinfheistíochta údaraithe cheana mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar údarú mar CMA i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Déanfar gnóthas comhinfheistíochta ar CIM é a údarú mar CMA de bhun an nós imeachta údarúcháin a leagtar síos in Airteagal 5.

4.   Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a údarú mar CMA murar deimhin le húdarás inniúil CMA go mbeidh CMA ábalta ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Chun críocha údarúcháin mar CMA, cuirfidh gnóthas comhinfheistíochta na doiciméid seo a leanas faoi bhráid a údaráis inniúil:

(a)

rialacha an chiste nó ionstraimí corpraithe CMA, lena n-áirítear léiriú ar an gcineál CMA atá ann as measc na cinn a leagtar amach in Airteagal 3(1);

(b)

sainaithint bhainisteoir CMA;

(c)

sainaithint an taiscí;

(d)

tuairsic ar CMA atá ar fáil d'infheisteoirí, nó aon fhaisnéis faoi;

(e)

tuairisc agus faisnéis faoi na socruithe agus na nósanna imeachta is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil II go Caibidil VII a chomhlíonadh;

(f)

aon fhaisnéis nó doiciméad eile a iarrann údarás inniúil CMA chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú.

6.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas, gach ráithe, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo.

7.   Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach CMA arna údarú faoin Rialachán seo mar aon lena chineál i gcomhréir le hAirteagal 3(1), cibé acu an CMA gearrthéarmach nó caighdeánach é, bainisteoir agus údarás inniúil CMA. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.

Airteagal 5

Nós imeachta chun CMAnna ar CIManna iad á údarú

1.   Ní údarófar CIM mar CMA ach amháin má fhaomhann an t-údarás inniúil an t-iarratas arna chur isteach ag BCIM a bheidh údaraithe cheana faoi Threoir 2011/61/AE chun CMA ar CIM é a bhainistiú, agus má fhaomhann sé rialacha an chiste agus rogha an taiscí freisin.

2.   Nuair a bheidh an t-iarratas á chur isteach ar CIM ar CIM é a bhainistiú, cuirfidh BCIM údaraithe an méid seo a leanas ar fáil d'údarás inniúil CMA:

(a)

an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;

(b)

faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú punainne agus riosca agus le riarachán maidir le CIM;

(c)

faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile CMAnna ar CIManna iad a bhainistíonn BCIM nó atá beartaithe aige a bhainistiú.

Féadfaidh údarás inniúil CMA soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil BCIM chomh maith le faisnéis faoi na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó dearbhú i dtaobh CMAnna a bheith faoi raon údarú bainistithe BCIM. Tabharfaidh údarás inniúil BCIM freagra laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil.

3.   Déanfaidh BCIM fógra i dtaobh aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt láithreach d'údarás inniúil CMA.

4.   Ní dhéanfaidh údarás inniúil an CMA an t-iarratas ó BCIM a dhiúltú ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann BCIM an Rialachán seo;

(b)

ní chomhlíonann BCIM Treoir 2011/61/AE;

(c)

ní údaraíonn an t-údarás inniúil do BCIM CMAnna a bhainistiú;

(d)

ní bheidh na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 curtha ar fáil ag BCIM.

Sula ndiúltóidh sé d'iarratas, rachaidh údarás inniúil CMA i gcomhairle le húdarás inniúil BCIM.

5.   Ní bheidh údarú CIM mar CMA faoi réir ceanglais go ndéanfaidh BCIM arna údarú i mBallstát baile CIM bainistiú ar CIM, ná go saothróidh nó go dtarmligfidh BCIM aon ghníomhaíochtaí i mBallstát baile CIM.

6.   Laistigh de dhá mhí d'iarratas iomlán a bheith curtha isteach, cuirfear BCIM ar an eolas an mbeidh nó nach mbeidh údarú CIM mar CMA deonaithe.

7.   Ní thabharfaidh údarás inniúil CMA údarú CIM ar CMA má dhéantar CIM a chosc go dlíthiúil ar a aonaid nó a scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile.

Airteagal 6

Úsáid an ainmniúcháin mar CMA

1.   Ní úsáidfidh GCUI ná CIM an t-ainmniúchán “ciste margaidh airgid” nó “CMA” i ndáil leis féin ná leis na haonaid nó na scaireanna a eisíonn sé ach amháin i gcás ina mbeidh GCUI nó CIM údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ní úsáidfidh GCUI ná CIM ainmniúchán míthreorach nó míchruinn a thabharfadh le fios gur CMA é, mura mbeidh sé údaraithe mar CMA i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ní bheidh saintréithe ag GCUI ná ag CIM atá go substaintiúil cosúil leo sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), mura mbeidh sé údaraithe mar CMA i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Ciallóidh úsáid an ainmniúcháin “ciste margaidh airgid”, “CMA” nó úsáid ainmniúcháin eile a thugann le fios gur CMA GCUI nó CIM an t-ainmniúchán a úsáid in aon doiciméid sheachtracha, réamheolairí, tuarascálacha, ráitis, fógráin, cumarsáidí, litreacha nó aon ábhar eile atá dírithe ar infheisteoirí ionchasacha, sealbhóirí aonaid, scairshealbhóirí nó údaráis inniúla, nó atá beartaithe lena ndáileadh orthu, i scríbhinn, de bhéal, go leictreonach nó i bhfoirm ar bith eile.

Airteagal 7

Rialacha is infheidhme

1.   Comhlíonfaidh CMA agus bainisteoir CMA an Rialachán seo i gcónaí.

2.   Comhlíonfaidh CMA ar GCUI é, agus bainisteoir CMA, ceanglais Threoir 2009/65/CE i gcónaí, ach amháin má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

3.   Déanfaidh CMA ar CMI é, agus bainisteoir an CMA, ceanglais Threoir 2011/61/AE a chomhlíonadh i gcónaí, ach amháin má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

4.   Beidh bainisteoir CMA freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a thig as neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

5.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar CMAnna teorainneacha infheistíochta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná na teorainneacha a cheanglaítear faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL II

Oibleagáidí maidir le beartais infheistíochta CMAnna

Roinn I

Rialacha ginearálta agus sócmhainní incháilithe

Airteagal 8

Prionsabail ghinearálta

1.   I gcás ina gcuimseoidh CMA níos mó ná urrann infheistíochta amháin, measfar gur CMA ar leith gach urrann chun críocha Caibidil II go Caibidil VII.

2.   Ní bheidh CMAnna atá údaraithe mar GCUInna faoi réir na n-oibleagáidí a bhaineann le beartais infheistíochta GCUInna a leagtar síos in Airteagail 49 go 50a, Airteagal 51(2), agus Airteagal 52 go hAirteagal 57 de Threoir 2009/65/CE, mura sonrófar a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo.

Airteagal 9

Sócmhainní incháilithe

1.   Ní dhéanfaidh CMA infheistíocht ach i gceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas de shócmhainní airgeadais, agus faoi na coinníollacha a shonraítear sa Rialachán seo amháin:

(a)

ionstraimí margaidh airgid lena n-áirítear ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint nó arna ráthú ar leithligh nó go comhpháirteach acu seo a leanas: an tAontas, riaracháin réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó a mBainc Cheannais, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta nó aon institiúid nó eagraíocht airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi;

(b)

urrúsuithe incháilithe agus páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCPanna);

(c)

taiscí le hinstitiúidí creidmheasa;

(d)

ionstraimí díorthacha airgeadais;

(e)

comhaontuithe athcheannaigh a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14;

(f)

comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15;

(g)

aonaid nó scaireanna CMAnna eile.

2.   Ní dhéanfaidh CMA aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíocht i sócmhainní cé is moite de na sócmhainní sin dá dtagraítear i mír 1;

(b)

díol folamh aon cheann de na hionstraimí seo a leanas: ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe, ABCP agus aonaid nó scaireanna CMAnna eile;

(c)

risíocht go díreach nó go hindíreach do chothromas nó do thráchtearraí, lena n-áirítear trí dhíorthaigh, deimhniúcháin a ionadaíonn dóibh, innéacsanna bunaithe orthu, nó aon mhodhanna nó ionstraim eile a d'fhágfadh risíocht dóibh;

(d)

dul i mbun comhaontuithe i ndáil le hurrúis a thabhairt ar iasacht nó comhaontuithe i ndáil le hurrúis a fháil ar iasacht, nó aon chomhaontú eile a chuirfeadh eire ar shócmhainní CMA;

(e)

airgead tirim a thabhairt ar iasacht agus a fháil ar iasacht.

3.   Féadfaidh CMA sócmhainní leachtacha coimhdeacha a shealbhú i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Threoir 2009/65/CE.

Airteagal 10

Ionstraimí incháilithe margaidh airgid

1.   Beidh ionstraim margaidh airgid incháilithe le hinfheistiú ag CMA ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais seo ar fad a leanas ar fad:

(a)

tagann sí faoi réim ceann amháin de chatagóirí na n-ionstraimí margaidh airgid dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (h) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE;

(b)

léiríonn sí ceann den dá shaintréith malartach seo a leanas:

(i)

tráth a heisiúna, tá aibíocht dhlíthiúil 397 lá nó níos lú aici;

(ii)

tá aibíocht iarmharach 397 lá nó níos lú aici;

(c)

tá eisitheoir na hionstraime margaidh airgid agus cáilíocht na hionstraime margaidh airgid tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;

(d)

i gcás ina ndéanann CMA infheistíocht in urrúsú nó in ABCP, beidh sé faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.

2.   D'ainneoin phointe (b) de mhír 1, lamhálfar CMAnna caighdeánacha freisin chun infheistiú in ionstraimí margaidh airgid le haibíocht iarmhair go dtí an dáta fuascailte dlíthiúil níos lú ná nó cothrom le dhá bhliain, ar choinníoll go mbeidh an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta athshocraithe úis eile 397 lá nó níos lú. Chun na críche sin, déanfar ionstraimí margaidh airgid ráta ar snámh agus ionstraimí margaidh airgid ráta sheasta atá fálaithe ag socrú babhtála a athshocrú go ráta nó innéacs margaidh airgid.

3.   Ní bheidh feidhm ag pointe (c) de mhír 1 maidir le hionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ag an Aontas, ag údarás lárnach nó ag banc ceannais Ballstáit, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach ná ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.

Airteagal 11

Urrúsuithe incháilithe agus ABCPanna

1.   Measfar urrúsú agus ABCP a bheith incháilithe chun infheistíochta ag CMA ar choinníoll go mbeidh an t-urrúsú nó ABCP leachtach go leor, tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22, agus gur aon cheann díobh seo a leanas é:

(a)

urrúsú dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (16);

(b)

ABCP arna eisiúint ag clár ABCP:

(i)

ag a bhfuil lántacaíocht ó institiúid creidmheasa rialaithe a chlúdaíonn gach riosca leachtachta, creidmheasa agus caolúcháin, chomh maith le costais idirbheartaíochta leanúnacha agus costais leanúnacha uilechlár a bhaineann le ABCP, más gá sin chun láníocaíocht aon mhéid faoi ABCP a ráthú don infheisteoir;

(ii)

nach athurrúsú agus nach n-áiríonn na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú ag leibhéal gach idirbhirt de ABCP aon suíomh urrúsaithe;

(iii)

nach n-áiríonn urrúsú sintéiseach arna shainmhíniú i bpointe (11) d'Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

is urrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STS) nó ABCP é.

2.   Féadfaidh CMA gearrthéarmach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:

(a)

gur dhá bhliain nó níos lú an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint na n-urrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus gur 397 lá nó níos lú an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta athshocraithe ráta úis eile;

(b)

gur 397 lá nó níos lú aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó aibíocht iarmhair na n-urrúsuithe nó ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1;

(c)

gur ionstraimí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus gur dhá bhliain nó níos lú an WAL atá acu.

3.   Féadfaidh CMA caighdeánach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:

(a)

go mbeidh an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó ar aibíocht iarmhair na n- in ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 dhá bhliain nó níos lú agus an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta 397 lá nó níos lú;

(b)

gur uirlisí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus go mbeidh WAL dhá bhliain nó níos lú acu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin bhearthaithe um urrúsuithe STC i gcomhréir le hAirteagal 45 lena leasaítear an tAirteagal seo trí chrostagairt do na critéir lena gcéannaítear urrúsuithe STC agus ABCP i bhforálacha comhréire an Rialacháin sin a thabhairt isteach. Tiocfaidh an leasú in éifeacht ar a dhéanaí sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe sin nó ó dháta chur i bhfeidhm na bhforálacha comhfhreagracha sa Rialachán beartaithe um urrúsuithe STC, cibé acu is déanaí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, folóidh na critéir lena gcéannaítear urrúsuithe STC agus ABCPanna ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais a bhaineann le simplíocht an urrúsaithe, lena n-áirítear a fhíorcharachtar díola agus urramú na gcaighdeán a bhaineann le frithghealladh na risíochtaí;

(b)

ceanglais a bhaineann le caighdeánú an urrúsaithe, lena n-áirítear ceanglais choinneála riosca;

(c)

ceanglais a bhaineann le trédhearcacht an urrúsaithe, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí féideartha;

(d)

i gcás ABCPanna, chomh maith le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), ceanglais a bhaineann le hurraitheoir agus le tacaíocht urraitheoir chlár ABCP.

Airteagal 12

Taiscí incháilithe le hinstitiúidí creidmheasa

Beidh CMA incháilithe chun infheistíocht a dhéanamh i dtaisce le hinstitiúid creidmheasa ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is féidir an taisce sin inaisíoctha arna iarraidh sin nó is féidir é a tharraingt siar tráth ar bith;

(b)

bainfidh an taisce aibíocht amach i dtréimhse nach mó ná 12 mhí;

(c)

tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i mBallstát nó, má tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i dtríú tír, tá sí faoi réir rialacha stuamachta a mheastar a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar síos i ndlí an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 13

Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilithe

Beidh CMA incháilithe chun infheistíocht a dhéanamh in ionstraim dhíorthach airgeadais má dhéileáiltear í ar mhargadh rialáilte dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE nó thar an gcuntar, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

is é atá i bhfoluiteacht na hionstraime díorthaí rátaí úis, rátaí malairte eachtraí, airgeadraí, nó innéacsanna a sheasann do cheann de na catagóirí sin;

(b)

níl de chuspóir ag an ionstraim dhíorthach ach an ráta úis nó na rioscaí rátaí malairte a fhálú ar gnéithe iad in infheistíochtaí eile CMA;

(c)

is institiúidí atá faoi réir rialála stuamachta agus maoirseachta iad na contrapháirtithe in idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, agus baineann siad leis na catagóirí arna bhformheas ag údarás inniúil CMA;

(d)

tá na díorthaigh thar an gcuntar faoi réir luachála iontaofa agus infhíoraithe ar bhonn laethúil agus is féidir iad a dhíol, a leachtú nó a dhúnadh le hidirbheart fritháirimh tráth ar bith ag a luach cothrom ar thionscnamh CMA.

Airteagal 14

Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh

Beidh CMA incháilithe chun dul i mbun comhaontú athcheannaigh ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

úsáidtear é ar bhonn sealadach, ar feadh tráth nach mó ná seacht lá oibre, ach amháin chun críocha bainistithe leachtachta agus ní chun críocha infheistíochta seachas dá dtagraítear i bpointe (c);

(b)

toirmisctear ar an gcontrapháirtí a gheobhaidh sócmhainní a aistríonn CMA mar chomhthaobhacht faoin gcomhaontú athcheannaigh na sócmhainní sin a dhíol, a infheistiú, a chur i ngeall nó a aistriú ar shlí eile gan réamhthoiliú CMA;

(c)

is féidir an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh:

(i)

a chur i dtaisce i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE; nó

(ii)

a infheistiú i sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 15(6), ach ní dhéanfar é a infheistiú ar shlí eile i sócmhainní incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9, a aistriú ná a athúsáid ar shlí eile;

(d)

ní mó ná 10 % dá shócmhainní an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh;

(e)

tá an ceart ag CMA an comhaontú a fhoirceannadh aon tráth tar éis réamhfhógra nach mó ná dhá lá oibre a thabhairt.

Airteagal 15

Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh droim ar ais

1.   Beidh comhaontú athcheannaigh droim ar ais incháilithe le go rachadh CMA ina bhun ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé de cheart ag an CMA an comhaontú a fhoirceannadh tráth ar bith má thugann sé réamhfhógra nach faide ná dhá lá oibre;

(b)

is ionann i gcónaí luach margaidh na sócmhainní arna bhfáil mar chuid den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais agus ar a laghad luach an airgid thirim a íocadh.

2.   Beidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais ina n-ionstraimí margaidh airgid a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10.

Ní dhéanfar na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais a dhíol, a athinfheistiú, a chur i ngeall, nó a aistriú ar bhealach eile.

3.   Ní bhfaighidh CMA urrúsuithe agus ABCPanna mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais.

4.   Beidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais éagsúlaithe go leordhóthanach agus ní rachaidh a risíocht uasta d'eisitheoir ar leith thar 15 % de NAV an CMA, ach amháin i gcás ina bhfuil na sócmhainní sin ina n-ionstraimí margaidh airgid a chomhlíonann ceanglais Airteagal 17(7). Sa bhreis air sin, is eintiteas atá neamhspleách ar an gcontrapháirtí a eiseoidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, agus beifear ag súil nach mbeidh comhghaol ard le sonrú idir a fheidhmíocht agus feidhmíocht an chontrapháirtí.

5.   Áiritheoidh CMA a théann i mbun comhaontú ceannaigh droim ar ais go mbeidh sé in ann méid iomlán an airgid thirim a aisghnóthú tráth ar bith ar bhonn fabhraithe nó ar bhonn marcáil de réir an mhargaidh. I gcás ina bhfuil an t-airgead tirim in-aisghnóthaithe tráth ar bith ar bhonn marcáil de réir an mhargaidh, úsáidfear an luach marcála de réir an mhargaidh den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais chun an CMA a ríomh.

6.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh CMA, mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, sócmhainní leachtacha inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid cé is moite díobhsan a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní sin ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is an tAontas, údarás lárnach nó banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;

(b)

is údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22.

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a nochtadh d'infheisteoirí CMA, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gçéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 17(7).

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cad iad na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le leachtacht is infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 6 agus cad iad na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le cáilíocht chreidmheasa is infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo.

Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Eanáir 2018.

Airteagal 16

Aonaid nó scaireanna incháilithe CMAnna

1.   Féadfaidh CMA aonaid nó scaireanna a éadáil ó aon CMA eile (“CMA a bhfuil a éadáil beartaithe”) ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níltear chun níos mó ná 10 % de shócmhainní an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe, i gcomhréir lena rialacha ciste agus lena ionstraimí corpraithe, a infheistiú go comhiomlán in aonaid nó scaireanna CMAnna eile;

(b)

ní bheidh aonaid nó scaireanna sa CMA éadála ag an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe.

CMA a ndearnadh a aonaid nó a scaireanna a éadáil, ní dhéanfaidh sé infheistiú sa CMA éadála le linn na tréimhse ina bhfuil aonaid nó scaireanna ag an CMA éadála ann.

2.   Féadfaidh CMA aonaid nó scaireanna i CMAnna eile a éadáil, ar choinníoll nach bhfuil níos mó ná 5 % dá shócmhainní infheistithe in aonaid nó scaireanna CMA aonair.

3.   Ní fhéadfaidh CMA níos mó ná 17,5 % dá shócmhainní a infheistiú go gcomhiomlán in aonaid nó scaireanna CMAnna eile.

4.   Beidh aonaid nó scaireanna CMAnna eile incháilithe le go bhféadfadh CMA infheistiú iontu ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe údaraithe faoin Rialachán seo;

(b)

i gcás ina bhfuil an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe á bhainistiú, bíodh sin go díreach nó trí tharmligean, ag an mbainisteoir céanna leis an CMA éadála nó ag aon chuideachta eile a bhfuil nasc idir é agus bainisteoir an CMA éadála trí bhainistíocht nó rialú comónta, nó trí shealúchas substaintiúil díreach nó indíreach, toirmisctear ar bhainisteoir an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe', nó an chuideachta eile sin, suibscríbhinn nó táillí fuascailte a ghearradh mar gheall ar an infheistíocht ag an CMA éadála in aonaid nó scaireanna an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe;

(c)

i gcás ina n-infheistíonn CMA 10 % nó níos mó dá shócmhainní in aonaid nó scaireanna CMAnna eile:

(i)

nochtfar i réamheolaire an CMA sin leibhéal uasta na dtáillí bainistíochta a fhéadtar a ghearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu; agus

(ii)

sonrófar sa tuarascáil bhliantúil sciar uasta na dtáillí bainistíochta a gearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le CMA ar CIM é, a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin;

(b)

ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh.

De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh CMA atá ina GCUI, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 4(2), aonaid nó scaireanna i CMAnna eile a éadáil i gcomhréir le hAirteagal 55 nó le hAirteagal 58 de Threoir 2009/65/CE ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin amháin;

(b)

ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh.

6.   Ní fhéadfaidh CMAnna gearrthéarmacha infheistiú ach amháin in aonaid nó scaireanna CMAnna gearrthéarmacha eile.

7.   Féadfaidh CMAnna caighdeánacha infheistiú in aonaid nó scaireanna CMAnna gearrthéarmacha agus CMAnna caighdeánacha.

Roinn II

Forálacha maidir le beartais infheistíochta

Airteagal 17

Éagsúlú

1.   Ní infheisteoidh CMA níos mó ná:

(a)

5 % dá shócmhainní in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna arna n-eisiúint ag an gcomhlacht céanna;

(b)

10 % dá shócmhainní i dtaiscí leis an institiúid creidmheasa chéanna, mura rud é go bhfuil sé fíor faoi struchtúr na hearnála baincéireachta sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil institiúidí creidmheasa ann atá inmharthana go leor chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA taiscí a dhéanamh i mBallstát eile, agus sa chás sin féadfaidh sé suas le 15 % dá shócmhainní a chur i dtaisce leis an institiúid creidmheasa céanna.

2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh CMA de chineál VNAV suas le 10 % dá shócmhainní a infheistiú in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna arna n-eisiúint ag an gcomhlacht céanna, ar choinníoll nach dtéann luach iomlán na n-ionstraimí margaidh airgid, na n-urrúsuithe agus ABCPanna sin, atá ag an CMA de chineál VNAV i ngach comhlacht eisiúna ina n-infheistíonn sé os cionn 5 % dá shócmhainní, thar 40 % de luach iomlán a shócmhainní.

3.   Go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní rachaidh risíocht chomhiomlán CMA d'urrúsuithe agus ABCPanna thar 15 % de shócmhainní an CMA.

Amhail ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní rachaidh risíocht chomhiomlán CMA d'urrúsuithe agus ABCPanna thar 20 % de shócmhainní an CMA, sa chaoi is go bhféadfar suas le 15 % de shócmhainní an CMA a infheistiú in urrúsuithe agus ABCPanna nach gcomhlíonann na critéir maidir le sainaithint urrúsuithe STS agus ABCPanna.

4.   Ní rachaidh an risíocht chomhiomlán riosca don chontrapháirtí céanna de CMA a eascraíonn ó idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 thar 5 % de shócmhainní an CMA.

5.   Ní rachaidh méid comhiomlán an airgid thirim a sholáthrófar don chontrapháirtí céanna de CMA i gcomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais thar 15 % de shócmhainní an CMA.

6.   D'ainneoin na dteorainneacha aonair a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4, ní chuirfidh CMA na nithe seo a leanas le chéile, i gcás ina bhfágfadh sin go mbeadh infheistíocht de níos mó ná 15 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin:

(a)

infheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna, arna n-eisiúint ag an gcomhlacht sin;

(b)

taiscí arna ndéanamh leis an gcomhlacht sin;

(c)

ionstraimí díorthacha airgeadais thar an gcuntar a fhágann go bhfuil risíocht riosca ag an gcontrapháirtí don chomhlacht sin.

De mhaolú ar an gceanglas éagsúlaithe de dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, i gcás inar fíor faoi struchtúr an mhargaidh airgeadais sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil dóthain institiúidí creidmheasa inmharthana ann chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe sin agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA ionstraimí airgeadais i mBallstát eile a úsáid, féadfaidh an CMA na cineálacha éagsúla infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) suas go hinfheistíocht uasta de 20 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin a nascadh.

7.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil CMA a údarú do CMA infheistiú a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal an scaipthe riosca, ar suas le 100 % dá shócmhainní in ionstraimí éagsúla margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ar leithligh nó go comhpháirteach ag an Aontas, riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó a mbainc ceannais, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an gCiste Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta nó ag aon institiúid nó eagraíocht idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá ionstraimí margaidh airgid ag an CMA ó shé eisiúint dhifriúla ar a laghad ón eisitheoir lena mbaineann;

(b)

tá an infheistíocht in ionstraimí margaidh airgid ón eisiúint chéanna teoranta ag an CMA d'uasmhéid 30 % dá shócmhainní;

(c)

déanann an CMA tagairt shonrach ina rialacha ciste nó ina ionstraimí corpraithe, go bhfuil sé beartaithe aige níos mó na 5 % dá shócmhainní a infheistiú sna riaracháin, sna hinstitiúidí nó sna heagraíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach;

(d)

tá ráiteas soiléir ag an CMA ina réamheolaire agus ina chumarsáidí margaíochta a tharraingíonn aird ar úsáid an mhaolaithe agus a luann na riaracháin, na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bhfuil sé beartaithe aige níos mó ná 5 % dá shócmhainní a infheistiú a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach.

8.   D'ainneoin na dteorainneacha indibhidiúla a leagtar síos i mír 1, ní fhéadfaidh CMA infheistiú a dhéanamh ar níos mó ná 10 % dá shócmhainní i mbannaí arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa aonair a bhfuil oifig chláraithe aici i mBallstát agus atá faoi réir maoirseacht phoiblí speisialta de réir an dlí chun sealbhóirí bannaí a chosaint. Déanfar, go háirithe, suimeanna a thagann ó eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní a bheidh in ann, le linn thréimhse bailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a bhaineann leis na bannaí sin a chlúdach agus, i gcás mhainneachtain an eisitheora, a d'úsáidfí ar bhonn tosaíochta d'aisíoc na príomhshuime agus íocaíocht an úis fhabhraithe.

I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 40 % de luach shócmhainní an CMA.

9.   D'ainneoin na dteorainneacha indibhidiúla a leagtar síos i mír 1, ní fhéadfaidh CMA níos mó ná 20 % dá shócmhainní a infheistiú i mbannaí arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa aonair i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (f) d'Airteagal 10(1) nó i bpointe (c) d'Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe 2015/61 (AE), lena n-áirítear aon infheistíocht fhéideartha i sócmhainní dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 60 % de luach shócmhainní an CMA, lena n-áirítear aon infheistíocht fhéideartha i sócmhainní dá dtagraítear i mír 8 agus na teorainneacha a leagtar síos sa mhír sin á n-urramú.

10.   Cuideachtaí atá ar áireamh sa ghrúpa céanna chun críocha cuntas comhdhlúite faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), nó i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta idirnáisiúnta aitheanta, measfar gur comhlacht aonair iad chun críche na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 go mír 6 den Airteagal seo a ríomh.

Airteagal 18

Comhchruinniú

1.   Ní dhéanfaidh CMA níos mó ná 10 % d'ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCP arna n-eisiúint ag comhlacht aonair a bheith ina sheilbh aige.

2.   Ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos i mír 1 maidir le sealúchais in ionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ag an Aontas, ag riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó ag a mBainc Cheannais, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an gCiste Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, nó ag aon institiúid nó eagraíocht airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi.

Roinn III

Cáilíocht chreidmheasa ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna

Airteagal 19

Nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa

1.   Déanfaidh bainisteoir CMA nós imeachta stuama maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach chun cáilíocht chreidmheasa ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna a chinneadh, agus eisitheoir na hionstraime agus saintréithe na hionstraime á gcur san áireamh.

2.   Áiritheoidh bainisteoir CMA gur de cháilíocht leordhóthanach an fhaisnéis a úsáidfear i gcur i bhfeidhm an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, go bhfuil an fhaisnéis sincothrom le dáta agus gur ó fhoinsí iontaofa a tháinig sí.

3.   Beidh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach bunaithe ar mhodheolaíochtaí measúnaithe atá stuama, córasach agus leanúnach. Beidh na modheolaíochtaí arna n-úsáid faoi réir bailíochtú ag bainisteoir CMA bunaithe ar thaithí stairiúil agus ar fhianaise eimpíreach, lena n-áirítear cúltástáil.

4.   Áiritheoidh bainisteoir CMA go bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ag comhlíonadh gach ceann de na prionsabail ghinearálta seo a leanas:

(a)

tá próiseas éifeachtach le bunú chun faisnéis ábhartha cothrom le dáta a fháil maidir leis an eisitheoir agus le saintréithe na hionstraime;

(b)

tá bearta leormhaithe le glacadh agus le cur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil agus atá ábhartha, agus go bhfuil curtha san áireamh na tosca dinimiciúla ábhartha ar fad a imríonn tionchar ar acmhainneacht creidmheasa an eisitheora agus ar cháilíocht chreidmheasa na hionstraime;

(c)

tá faireachán ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa le déanamh ar bhonn leanúnach agus déanfar athbhreithniú ar mheasúnuithe cáilíochta creidmheasa ar a laghad uair sa bhliain;

(d)

cé nach bhfuil róspleáchas meicníoch ar rátálacha seachtracha le bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, déanfaidh bainisteoir CMA measúnú as an nua ar an gcáilíocht chreidmheasa le haghaidh ionstraim margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna i gcás ina dtarlaíonn athrú ábharach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an measúnú a rinneadh cheana féin ar an ionstraim;

(e)

tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh, ar a laghad gach bliain, ar na modheolaíochtaí atá ann chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa chun a chinneadh cibé acu an bhfuil na modheolaíochtaí sin fós iomchuí don phunann reatha agus do na dálaí seachtracha reatha agus déanfar an t-athbhreithniú a tharchur chuig údarás inniúil bhainisteoir an CMA. I gcás inarb eol do bhainisteoir an CMA go bhfuil earráidí sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa nó ar a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé na hearráidí sin a cheartú láithreach;

(f)

i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana a úsáidtear sa nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe inmheánacha go léir ar cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann a luaithe is féidir é.

Airteagal 20

Measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa

1.   Cuirfidh bainisteoir CMA i bhfeidhm an nós imeachta síos in Airteagal 19 chun a chinneadh cibé acu ar eascair measúnú fabhrach as an measúnú a rinneadh ar cháilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid, urrúsaithe nó ABCP. I gcás inar chuir gníomhaireacht rátála creidmheasa, atá cláraithe agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, rátáil ar fáil le haghaidh na hionstraime margaidh airgid sin, féadfaidh bainisteoir an CMA aird a thabhairt ar na rátálacha sin agus ar fhaisnéis agus anailís fhorlíontach ina mheasúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, cé nach gá go mbeadh sé tuilleamaíoch go meicníoch ar na rátálacha sin amháin i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

2.   Cuirfidh an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa san áireamh ar a laghad na tosca agus na prionsabail ghinearálta seo a leanas:

(a)

cainníochtú riosca creidmheasa an eisitheora agus riosca coibhneasta mainneachtana an eisitheora agus na hionstraime;

(b)

táscairí cáilíochtúla i dtaobh eisitheoir na hionstraime, lena n-áirítear i bhfianaise staid an mhargaidh mhaicreacnamaíoch agus an mhargaidh airgeadais;

(c)

cineál gearrthéarmach ionstraimí margaidh airgid;

(d)

aicme sócmhainne na hionstraime;

(e)

an cineál eisitheora, agus idirdhealú á dhéanamh ar a laghad idir na cineálacha eisitheoirí seo a leanas: riaracháin náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, corparáidí airgeadais, agus corparáidí neamhairgeadais;

(f)

ionstraimí struchtúrtha airgid, an riosca intreach oibríochtúil agus contrapháirtí san idirbheart struchtúrtha airgeadais agus, i gcás risíocht d'urrúsuithe, riosca creidmheasa an eisitheora, struchtúr an urrúsaithe agus riosca creidmheasa na sócmhainní foluiteacha;

(g)

próifíl leachtachta na hionstraime.

Féadfaidh bainisteoir CMA rabhaidh agus táscairí a chur san áireamh freisin, sa bhreis ar na tosca agus na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear sa mhír seo, i gcás ina bhfuiltear ag cinneadh cáilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 17(7).

Airteagal 21

Doiciméadú

1.   Déanfaidh bainisteoir CMA doiciméadú ar a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar a mheasúnuithe ar cháilíocht chreidmheasa. Áireofar sa doiciméadú gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

mionsonraí faoi dhearadh agus faoi chúrsaí oibríochtúla a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ar dhóigh a ligeann do na húdaráis inniúla oiriúnacht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air;

(b)

an réasúnaíocht don anailís a thacaíonn leis an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa, agus an anailís féin, chomh maith leis na critéir a roghnaigh bainisteoir an CMA le haghaidh athbhreithniú an mheasúnaithe ar cháilíocht creidmheasa, agus minicíocht an mheasúnaithe sin.

(c)

gach mórathrú ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, lena n-áirítear sainaithint na gcúiseanna atá leis na hathruithe sin;

(d)

leagan amach an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus struchtúr an rialaithe inmheánaigh;

(e)

tuairiscí iomlána ar an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa maidir le hionstraimí, eisitheoirí agus, i gcás inarb ábhartha, ráthóirí aitheanta;

(f)

an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa de chúram air nó orthu.

2.   Coinneoidh bainisteoir CMA gach doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ar feadh ar a laghad trí thréimhse cuntasaíochta bliantúla iomlána.

3.   Beidh mionsonraí an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa sna rialacha cistí nó i rialacha corpraithe an CMA agus cuirfear na doiciméid ar fad dá dtagraítear i mír 1 ar fáil arna iarraidh sin d'údaráis inniúla an CMA, agus d'údaráis inniúla bhainisteoir an CMA.

Airteagal 22

Gníomhartha tarmligthe le haghaidh an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na pointí seo a leanas a shonrú:

(a)

na critéir chun bailíochtú a dhéanamh ar mhodheolaíocht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3);

(b)

na critéir chun cainníochtú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa, agus ar riosca coibhneasta mainneachtana eisitheora agus na hionstraime, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(2);

(c)

na critéir chun táscairí cáilíochtúla a bhunú maidir le heisitheoir na hionstraime, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20(2);

(d)

brí an athraithe ábharaigh amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 19(4).

Airteagal 23

Rialachas an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa

1.   Is í an bhainistíocht shinsearach, an comhlacht rialaithe agus, i gcás inarb ann dó, feidhm maoirseachta bhainisteoir CMA a dhéanfaidh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa a fhormheas.

Beidh tuiscint mhaith ag na páirtithe sin ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar na modheolaíochtaí arna gcur i bhfeidhm ag bainisteoir CMA agus beidh miontuiscint acu ar na tuarascálacha bainteacha.

2.   Tabharfaidh bainisteoir CMA tuairisc do na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 maidir le próifíl riosca creidmheasa an CMA bunaithe ar anailís ar mheasúnú inmheánach an CMA ar cháilíocht chreidmheasa. Beidh minicíocht an tuairiscithe ag brath ar thábhacht agus ar chineál na faisnéise agus déanfar é ar bhonn bliantúil ar a laghad.

3.   Áiritheoidh an lucht bainistíochta sinsearach, ar bhonn leanúnach, go bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ag oibriú go cuí.

Cuirfear an bhainistíocht shinsearach ar an eolas go rialta faoi fheidhmíocht an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, na réimsí inar sainaithníodh easnaimh agus faoi stádas iarrachtaí agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun easnaimh a sainaithníodh roimhe sin a fheabhsú.

4.   Na daoine a bheidh i mbun nó freagrach as punann CMA a bhainistiú, ní hiad a dhéanfaidh na measúnuithe inmheánacha ar cháilíocht chreidmheasa ná na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanann bainisteoir CMA.

CAIBIDIL III

Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca CMAnna

Airteagal 24

Rialacha punainne le haghaidh CMAnna gearrthéarmacha

1.   Comhlíonfaidh CMA gearrthéarmach ar bhonn leanúnach gach ceann de na ceanglais phunainne seo a leanas:

(a)

ní faide ná 60 lá de WAM atá le bheith ag a phunann;

(b)

ní faide ná 120 lá de WAL atá le bheith ag a phunann, faoi réir an dara agus an triú fomhír;

(c)

le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 10 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra láoibre amháin a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 10 % a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;

(d)

le haghaidh CMAnna gearrthéarmacha de chineál VNAV, tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ansin ag infheistiú níos lú ná 7,5 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go laethúil;

(e)

le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 30 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 30 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;

(f)

le haghaidh CMA de chineál VNAV, tá ar a laghad 15 % dá shócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach de chineál VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ag infheistiú níos lú ná 15 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil;

(g)

ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (e) a dhéanamh, féadfar ócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17(7) atá an-leachtach agus ar féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh de lá oibre amháin agus a bhfuil aibíocht iarmhair suas le 190 lá acu a chur san áireamh freisin leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chineál LVNAV agus CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí suas le teorainn 17,5 % dá shócmhainní;

(h)

ar mhaithe leis an ríomh da dtagraítear i bpointe (f) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chinéal VNAV gearrthéarmach suas le teorainn 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll go bhfuiltear in ann iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, nuair a bheidh an WAL á ríomh le haghaidh urrúsuithe, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh an CMA gearrthéarmach an aibíocht a ríomhtar ar aibíocht iarmhair go dtí dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:

(i)

is féidir leis an CMA gearrthéarmach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;

(ii)

tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;

(iii)

tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA ghearrthéarmaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe.

De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéantar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ina ionad sin, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:

(i)

próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin; nó

(ii)

próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin.

2.   Más rud é go dtéitear thar na teorainneacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag an CMA orthu, nó mar thoradh ar chearta suibscríbhinne nó fuascailte a fheidhmiú, tabharfaidh an CMA tús áite don chás a réiteach, agus aird chuí á tabhairt aige ar leas a sealbhóirí aonad nó a scairsealbhóirí.

3.   Féadfaidh gach CMA dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo bheith ina CMA gearrthéarmach.

Airteagal 25

Rialacha punainne le haghaidh CMAnna caighdeánacha

1.   Comhlíonfaidh CMA caighdeánach gach ceann de na ceanglais seo a leanas ar bhonn leanúnach:

(a)

tá WAM nach faide ná sé mhí le bheith ag a phunann i gcónaí;

(b)

tá WAL nach faide ná 12 mhí le bheith ag a phunann i gcónaí faoi réir an dara agus an tríú fomhír;

(c)

tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 7,5 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;

(d)

tá ar a laghad 15 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 15 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;

(e)

ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (d) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil suas le 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll gur féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil WAL á ríomh le haghaidh urrús, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh CMA caighdeánach ríomh na haibíochta sin ar an aibíocht iarmhair go dtí go dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh an CMA caighdeánach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:

(i)

is féidir leis an CMA caighdeánach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;

(ii)

tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;

(iii)

tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA chaighdeánaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe.

De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéanfar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA caighdeánach ina ionad sin ríomh na haibíochta a bhunú, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:

(i)

próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin;

(ii)

próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin.

2.   I gcás ina dtéitear thar na teorainneacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag CMA caighdeánach orthu, nó mar thoradh ar chearta suibscríbhinne nó fuascailte a fheidhmiú, glacfaidh an CMA sin mar chuspóir tosaíochta é an cás a réiteach, agus aird chuí á tabhairt aige ar leas a sealbhóirí aonad nó a scairsealbhóirí.

3.   Ní bheidh CMA caighdeánach ina CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí ná ina CMA de chineál LVNAV.

Airteagal 26

Rátálacha creidmheasa CMAnna

Aon CMA a shireann nó a mhaoiníonn rátáil chreidmheasa sheachtrach, déanfaidh sé é sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Tabharfaidh CMA nó bainisteoir an CMA le fios go soiléir i réamheolaire an CMA, agus i ngach cumarsáid leis na hinfheisteoirí ina luaitear an rátáil chreidmheasa sheachtrach, go ndearna an CMA nó bainisteoir an CMA an rátáil a shireadh nó a mhaoiniú.

Airteagal 27

An beartas “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”

1.   Gan dochar d'aon cheanglais níos déine a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), déanfaidh bainisteoir CMA nósanna imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm agus glacfaidh sé gach cúram cuí d'fhonn an tionchar a bheadh ag fuascailtí comhthráthacha ag roinnt infheisteoirí a thuar, á chur san áireamh dó ar a laghad cineál an infheisteora, líon na n-aonad nó na scaireanna sa chiste atá faoi úinéireacht infheisteora aonair agus éabhlóid na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí.

2.   Má théann luach na n-aonad nó na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair thar an gceanglas leachtachta laethúil comhfhreagrach atá ag CMA, déanfaidh bainisteoir an CMA na tosca a leagtar amach i mír 1, chomh maith le gach ceann díobh seo a leanas, a bhreithniú:

(a)

pátrúin inaitheanta maidir le riachtanais airgid infheisteoirí, lena n-áirítear an éabhlóid thimthriallach ar líon na scaireanna sa CMA;

(b)

col riosca na n-infheisteoirí éagsúla;

(c)

méid an chomhghaoil nó na ndlúthnasc idir infheisteoirí éagsúla sa CMA.

3.   I gcás ina ndíríonn infheisteoirí a gcuid infheistíochtaí trí idirghabhálaí, déanfaidh bainisteoir CMA an fhaisnéis maidir le mír 1 agus le mír 2 a chomhlíonadh a iarraidh ar an idirghabhálaí ar mhaithe le leachtacht agus comhchruinniú infheisteoirí an CMA a bhainistiú mar is iomchuí.

4.   Déanfaidh bainisteoir CMA a áirithiú nach mbeidh tionchar ábharach ag luach na n-aonad nó na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair ar phróifíl leachtachta an CMA i gcás inar cuid mhór de NAV an CMA í an phróifíl leachtachta sin.

Airteagal 28

Tástáil struis

1.   Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun do gach CMA lena sainaithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe fhéideartha ar dhálaí eacnamaíocha amach anseo a rachadh i gcion go mífhabhrach ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA measúnú ar an tionchar féideartha a d'fhéadfadh a bheith ag na teagmhais nó ag na hathruithe sin ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA tástáil struis go rialta ar chásanna féideartha éagsúla.

Bunófar na tástálacha struis ar chritéir oibiachtúla agus cuirfear san áireamh iontu na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna inchreidte. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis, cuirfear san áireamh iontu, ar a laghad, paraiméadair thagartha lena n-áirítear na tosca seo a leanas:

(a)

athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na sócmhainní i bpunann an CMA;

(b)

athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála;

(c)

athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis agus ar na rátaí malairte;

(d)

leibhéil fuascailte hipitéiseacha;

(e)

fairsingiú nó caolú hipitéiseach ar leathnuithe idir innéacsanna arb innéacsanna iad a bhfuil rátaí úis infheistíochtaí punainne ceangailte leo;

(f)

turraingí macraishistéamacha hipitéiseacha a d'imreodh tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine.

2.   Sa bhreis air sin, i gcás CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus i gcás CMAnna de chineál LVNAV, measúnófar leis na tástálacha struis an difríocht a bheadh ann i gcásanna éagsúla idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire.

3.   Déanfaidh bord stiúrthóirí an CMA i gcás inarb infheidhme, nó bord stiúrthóirí bhainisteoir CMA a chinneadh a mhinice a dhéanfar tástálacha struis, tar éis a bhreithniú cad is eatramh iomchuí agus réasúnta ann i bhfianaise dhálaí an mhargaidh agus tar éis aon athruithe a cheaptar a thiocfaidh ar phunann an CMA a bhreithniú. Déanfar na tástálacha struis sin dhá uair sa bhliain ar a laghad.

4.   I gcás ina nochtann na tastálacha struis aon leochaileacht a bhaineann leis an CMA, déanfaidh bainisteoir CMA tuarascáil fhorleathan a tharraingt suas ina mbeidh torthaí na tástála struis agus plean gníomhaíochta beartaithe.

I gcás inar gá, déanfaidh bainisteoir CMA gníomhaíocht chun stóinseacht an CMA a neartú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a athneartóidh leachtacht nó cáilíocht shócmhainní an CMA agus cuirfidh sé údarás inniúil an CMA ar an eolas láithreach maidir leis na bearta atá déanta.

5.   Cuirfear tuarascáil fhorleathan ina bhfuil torthaí na tástála struis agus an plean gníomhaíochta beartaithe faoi bhráid bhord stiúrthóirí an CMA, i gcás inarb infheidhme nó faoi bhráid bhord stiúrthóirí bhainisteoir CMA, lena scrúdú. Leasóidh an bord stiúrtha an plean gníomhaíochta atá beartaithe más gá agus déanfaidh sé an plean gníomhaíochta críochnaitheach a fhormheas. Coimeádfar an tuarascáil fhorleathan agus an plean gníomhaíochta ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Cuirfear an tuarascáil fhorleathan agus an plean gníomhaíochta faoi bhráid údarás inniúil an CMA lena n-athbhreithniú.

6.   Seolfaidh údarás inniúil an CMA an tuarascáil fhorleathan dá dtagraítear i mír 5 chuig ÚEUM.

7.   Eiseoidh ÚEUM treoirlínte d'fhonn paraiméadair thagartha choiteanna a bhunú do na cásanna tástála struis a áireofar sna tástálacha struis, agus na tosca a shonraítear i mír 1 á gcur san áireamh. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta gach bliain ar a laghad agus na forbairtí margaidh is déanaí á gcur san áireamh.

CAIBIDIL IV

Rialacha luachála

Airteagal 29

CMAnna a luacháil

1.   Déanfar sócmhainní CMA a luacháil ar bhonn laethúil ar a laghad.

2.   Aon uair is féidir é, úsáidfear marcáil de réir an mhargaidh chun sócmhainní CMA a luacháil.

3.   Agus marcáil de réir an mhargaidh á úsáid:

(a)

déanfar sócmhainn CMA a luacháil agus an taobh is stuama de thairiscint agus atairiscint ina bhonn léi ach amháin más féidir an tsócmhainn a ghlanadh ar mheánmhargadh;

(b)

ní úsáidfear ach sonraí margaidh d'ardcháilíocht; déanfar sonraí den sórt sin a mheasúnú ar bhonn gach ceann de na tosca seo a leanas:

(i)

líon agus cáilíocht na gcontrapháirtithe;

(ii)

méid agus láimhdeachas shócmhainn an CMA sa mhargadh;

(iii)

méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol.

4.   I gcás nach féidir marcáil de réir an mhargaidh a úsáid nó nach leor cáilíocht na sonraí margaidh, déanfar sócmhainn CMA a luacháil go coimeádach trí mharcáil de réir samhla a úsáid.

Déanfaidh an tsamhail luach intreach sócmhainne CMA a mheas go cruinn, bunaithe ar gach ceann de na príomhthosca cothrom le dáta seo a leanas:

(a)

méid agus láimhdeachas na sócmhainne sin sa mhargadh;

(b)

méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol;

(c)

an riosca margaidh, an riosca ráta úis agus an riosca creidmheasa a bhaineann leis an tsócmhainn.

I gcás ina n-úsáidfear marcáil de réir samhla, ní úsáidfear modh an chostais amúchta.

5.   Cuirfear luacháil arna déanamh i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4, 6 agus 7 in iúl do na húdaráis inniúla.

6.   In ainneoin mhír 2, mhír 3 agus mhír 4, féadfar sócmhainní CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a luacháil le modh an chostais amúchta freisin.

7.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 4, agus sa bhreis ar an marcáil de réir an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 agus ar an marcáil de réir samhla dá dtagraítear i mír 4, féadfar sócmhainní CMAnna de chineál LVNAV, ar sócmhainní iad a bhfuil aibíocht iarmhair nach faide ná 75 lá acu, a luacháil trí mhodh an chostais amúchta a úsáid.

Ní úsáidfear modh an chostais amúchta chun sócmhainn CMA de chineál LVNAV a luacháil ach amháin i gcás nach mó ná 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4 agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás difríocht den sórt sin, ríomhfar praghas na sócmhainne sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4.

Airteagal 30

NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh

1.   Déanfaidh CMA NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh mar an difríocht idir suim shócmhainní uile an CMA agus suim dhliteanais uile an CMA, arna luacháil i gcomhréir le marcáil de réir an mhargaidh nó le marcáil de réir samhla, nó i gcomhréir leis an dá mhodh, arna roinnt ansin ar líon na n-aonad nó na scaireanna den CMA atá i gcúrsaíocht.

2.   Déanfar an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a shlánú go dtí an bonnphointe is gaire nó go dtí a choibhéis nuair a fhoilsítear an NAV in aonad airgeadra.

3.   Déanfar an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA a ríomh agus a fhoilsiú go laethúil ar a laghad ar an roinn phoiblí de shuíomh gréasáin an CMA.

Airteagal 31

NAV in aghaidh an aonaid nó in aghaidh na scaire de CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a ríomh

1.   Déanfaidh CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh mar an difríocht idir suim a shócmhainní uile, arna luacháil i gcomhréir le modh an chostais amúchta dá bhforáiltear in Airteagal 29(6), agus suim a dhliteanais uile, arna roinnt ansin ar líon a n-aonad nó a scaireanna atá i gcúrsaíocht.

2.   Déanfar an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a shlánú go dtí an pointe céatadáin is gaire nó go dtína choibhéis nuair a fhoilsítear an NAV seasmhach in aonad airgeadra.

3.   Déanfar an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a ríomh go laethúil ar a laghad.

4.   Déanfar faireachán laethúil ar an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an NAV arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30, agus foilseofar an difríocht sin go laethúil ar an roinn phoiblí de shuíomh gréasáin an CMA.

Airteagal 32

NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál LVNAV a ríomh

1.   Déanfaidh CMA de chineál LVNAV NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh mar an difríocht idir suim a shócmhainní uile, arna luacháil i gcomhréir le modh an chostais amúchta mar a shonraítear in Airteagal 29(7) é, agus suim a dhiliteanas uile, arna roinnt ansin ar líon a n-aonad nó a scaireanna atá i gcúrsaíocht.

2.   Déanfar an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál LVNAV a shlánú go dtí an pointe céatadáin is gaire nó go dtí a choibhéis nuair a fhoilsítear an NAV seasmhach in aonad airgeadra.

3.   Déanfar an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál LVNAV a ríomh go laethúil ar a laghad.

4.   Déanfar faireachán laethúil ar an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an NAV arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30, agus foilseofar an difríocht sin go laethúil ar an roinn phoiblí de shuíomh gréasáin an CMA.

Airteagal 33

Praghas eisiúna agus fuascailte

1.   Déanfar aonaid nó scaireanna CMA a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá comhionann le NAV in aghaidh an aonaid nó scair an CMA, in ainneoin táillí ceadaithe nó muirir cheadaithe mar a shonraítear i réamheolaire an CMA iad.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

féadfar na haonaid nó scaireanna atá ag CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá comhionann le NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire atá ag CMA;

(b)

ní fhéadfar aonaid nó scaireanna CMA de chineál LVNAV a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá comhionann le NAV seasmhach in aghaidh aonad nó na scaire an CMA sin, ach amháin i gcás nach mó ná 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1), (2) agus (3) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30.

I ndáil le pointe (b), i gcás inar mó na 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1), (2) agus (3) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfar an fhuascailt nó an tsuibscríbhinn ina dhiaidh sin ag praghas a bheidh comhionann leis an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le h Airteagal 30.

Sula dtabharfar an conradh i gcrích, tabharfaidh bainisteoir CMA rabhadh soiléir i scríbhinn d'infheisteoirí ionchasacha maidir leis na himthosca nach ndéanfaidh an CMA de chineál LVNAV fuascailt nó suibscríobh ag NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a thuilleadh.

CAIBIDIL V

Ceanglais shonracha do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachais phoiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV

Airteagal 34

Ceanglais shonracha do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV

1.   Déanfaidh bainisteoir CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó bainisteoir CMA de chineál LVNAV nósanna imeachta stuama agus déine um bainistiú leachtachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhme go comhsheasmhach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na tairseacha leachtachta seachtainiúla is infheidhme maidir leis na cistí sin. Tabharfar tuairisc shoiléir ar na nósanna imeachta bainistithe leachtachta i rialacha an chiste nó sna hionstraimí corpraithe, agus sa réamheolaire freisin.

Agus comhlíonadh na dtairseach leachtachta á n-áirithiú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 30 % d'iomlán shócmhainní an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV agus gur mó na glanfhuascailtí laethúla i lá oibre aonair ná 10 %, cuirfidh bainisteoir an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid chun a chinneadh cad atá le déanamh agus aird á tabhairt aige ar leasanna na n-infheiteoirí, agus déanfaidh sé cinneadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste mhíchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;

(ii)

geataí fuascailte lena gcuirtear teorainn le líon na scaireanna nó na n-aonad atá le fuascailt ar aon lá oibre amháin arb é uasmhéid na teorann sin ná 10 % de scaireanna nó aonaid an CMA d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre;

(iii)

fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre; nó

(iv)

gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach seachas an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 24(2) a chomhlíonadh;

(b)

aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 10 % d'iomlán a shócmhainní, cuirfidh bainisteoir CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin agus ag féachaint do leas na n-infheisteoirí, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm agus coinneoidh sé cuntas doiciméadach ar na cúiseanna a bhí lena rogha:

(i)

táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste míchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;

(ii)

fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre.

2.   Más rud é, laistigh de thréimhse 90 lá, go dtéann ré iomlán na bhfionraithe thar 15 lá, scoirfidh CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó CMA de chineál LVNAV go huathoibríoch de bheith ina CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó ina CMA de chineál LVNAV. Cuirfidh an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV gach infheisteoir ar an eolas faoi sin láithreach i scríbhinn ar bhealach soiléir agus sothuigthe.

3.   Tar éis do bhord CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó do bhord CMA de chineál LVNAV a chinneadh cad a dhéanfaidh sé i dtaca le pointe (a) agus le pointe (b) de mhír 1 araon, cuirfidh sé mionsonraí an chinnidh chuig údarás inniúil an CMA sin go pras.

CAIBIDIL VI

Tacaíocht sheachtrach

Airteagal 35

Tacaíocht sheachtrach

1.   Ní bhfaighidh CMA tacaíocht sheachtrach.

2.   Ciallaíonn tacaíocht sheachtrach tacaíocht dhíreach nó indíreach a thairgeann tríú páirtí, lena n-airítear urraitheoir CMA, do CMA arb is aidhm léi, nó arb é a bheadh mar thoradh uirthi dáiríre, leachtacht an CMA a ráthú nó NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire CMA a chobhsú.

Déanfar an méid seo a leanas a áireamh mar thacaíocht sheachtrach:

(a)

instealltaí airgid thirim ó thríú páirtí;

(b)

sócmhainní an CMA arna gceannach ag tríú páirtí ar phraghas boilscithe;

(c)

aonaid nó scaireanna an CMA arna gceannach ag tríú páirtí chun leachtacht a sholáthar don chiste;

(d)

aon chineál ráthaíochta follasaí nó intuigthe, aon bharánta nó litir thacaíochta chun leasa an CMA a eisíonn tríú páirtí;

(e)

aon ghníomhaíocht a dhéanann tríú páirtí a bhfuil sé mar chuspóir díreach nó indíreach aige próifíl leachtachta an CMA agus NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire an CMA a chothabháil.

CAIBIDIL VII

Ceanglais trédhearcachta

Airteagal 36

Trédhearcacht

1.   Tabharfaidh CMA le fios go soiléir cén cineál CMA é i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus cé acu CMA gearrthéarmach nó caighdeánach é in aon doiciméad, tuarascáil, ráiteas, fógra, litir nó aon fhianaise scríofa eile, atá ina ndoiciméid sheachtracha, a eisíonn sé féin nó bainisteoir an CMA agus atá dírithe chuig infheisteoirí ionchasacha, sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí, nó atá beartaithe lena ndáileadh orthu.

2.   Cuirfidh bainisteoir CMA an fhaisnéis seo a leanas ar fad ar fáil d'infheisteoirí an CMA ar bhonn seachtainiúil ar a laghad:

(a)

miondealú ar aibíocht phunainne an CMA;

(b)

próifíl chreidmheasa an CMA;

(c)

WAM agus WAL an CMA;

(d)

mionsonraí na 10 sealúchas is mó sa CMA, lena n-áiritear ainm, tír, aibíocht agus cineál na sócmhainne, agus an contrapháirtí i gcás comhaontuithe athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais;

(e)

luach iomlán shócmhainní an CMA;

(f)

glantoradh an CMA.

3.   In aon doiciméad de chuid CMA a úsáidtear chun críocha margaíochta, áireofar go soiléir ann gach ceann de na ráitis seo a leanas:

(a)

nach infheistíocht ráthaithe é an CMA;

(b)

go bhfuil difríocht ann idir infheistíocht in CMAnna agus infheistíocht i dtaiscí, le tagairt ar leith don riosca go bhféadfadh luaineacht tarlú sa phíomhshuim arna hinfheistiú in CMA;

(c)

nach mbraitheann an CMA ar thacaíocht sheachtrach chun leachtacht an CMA a ráthú ná chun an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a chobhsú;

(d)

go bhfuil an t-infheisteoir chun an riosca go gcaillfí an phíomhshuim a iompar.

4.   Ní thabharfar le fios in aon chumarsáid ón CMA nó ó bhainisteoir CMA leis na hinfheisteoirí nó le hinfheisteoirí ionchasacha go bhfuil infheistíocht in aonaid nó i scaireanna an CMA ráthaithe.

5.   Tabharfar eolas soiléir d'infheisteoirí i CMA faoin modh nó faoi na modhanna a úsáideann an CMA chun sócmhainní an CMA a luacháil agus chun an NAV a ríomh.

Míneoidh CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál LVNAV go soiléir d'infheisteoirí agus d'infheisteoirí ionchasacha aon úsáid a bhaintear as modh an chostais amúchta nó as slánú, nó astu araon.

Airteagal 37

Tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.   I gcás gach CMA atá á bhainistiú aige, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás inniúil an CMA, ar bhonn ráithiúil ar a laghad.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír i gcás CMA nach mó ná EUR 100 000 000 luach a shócmhainnní atá á mbainistiú, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás inniúil an CMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad.

Arna iarraidh sin ar bhainisteoir CMA, tabharfaidh sé an fhaisnéis arna tuairisciú de bhun an chéad agus an dara fo-mhír d'údarás inniúil bhainisteoir CMA freisin murab ionann é agus údarás inniúil an CMA.

2.   Is iad na pointí seo a leanas a bheidh san fhaisnéis arna tuairisciú de bhun mhír 1:

(a)

cineál agus saintréithe an CMA;

(b)

táscairí punainne amhail luach iomlán na sócmhainní, NAV, WAM, WAL, miondealú ar aibíocht, leachtacht agus toradh;

(c)

torthaí na dtastálacha struis agus, i gcás inarb infheidhme, an plean gníomhaíochta beartaithe;

(d)

faisnéis ar na sócmhainní arna sealbhú i bpunann an CMA, lena n-áirítear:

(i)

saintréithe gach sócmhainne, amhail ainm, tír, catagóir eisitheora, riosca eisitheora nó aibíocht eisitheora, agus toradh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar an gcáilíocht chreidmheasa;

(ii)

cineál na sócmhainne, lena n-áirítear mionsonraí faoin gcontrapháirtí i gcás ina bhfuil díorthaigh, comhaontaithe athcheannaigh nó comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais i gceist;

(e)

faisnéis faoi dhliteanais an CMA, lena n-áirítear:

(i)

an tír ina bhfuil an t-infheisteoir bunaithe;

(ii)

catagóir an infheisteora;

(iii)

aon ghníomhaíocht suibscríbhinne nó fuascailte.

Más gá agus má tá bonn cirt leis, féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a shireadh.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, agus do gach CMA de chineál LVNAV atá á bhainistiú aige, tuairisceoidh bainisteoir CMA an méid seo a leanas:

(a)

gach teagmhas inar mó na 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas sócmhainne arna luacháil le modh an chostais amúchta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 29(7) agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 29(2), (3) agus (4);

(b)

gach teagmhas inar mó ná 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) agus (2) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30;

(c)

gach teagmhas ina dtarlaíonn staid a luaitear in Airteagal 34(3) chomh maith leis na bearta a rinne an bord i gcomhréir le pointe (a) agus (b) d'Airteagal 34(1).

4.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad tuairiscithe a bhunú ina mbeidh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Eanáir 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   Tarchuirfidh na húdaráis inniúla chuig ÚEUM an fhaisnéis uile arna fáil de bhun an Airteagail seo. Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig ÚEUM tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dheireadh na ráithe tuairiscithe.

Baileoidh ÚEUM an fhaisnéis chun bunachar sonraí lárnach a chruthú de na CMAnna ar fad arna mbunú, arna mbainistiú nó arna gcur ar an margadh san Aontas. Is chun críocha staidrimh amháin a bheidh ceart rochtana ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an mbunachar sonraí sin.

CAIBIDIL VIII

Maoirseacht

Airteagal 38

Maoirseacht ag na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Beidh údarás inniúil an CMA nó, i gcás inarb ábhartha, údarás inniúil bainisteora CMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Chaibidil II go Caibidil VII.

3.   Beidh údarás inniúil an CMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha an chiste nó sna hionstraimí corpraithe agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, agus beidh na hoibleagáidí sin comhsheasmhach leis an Rialachán seo.

4.   Beidh údarás inniúil bainisteora CMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar a leormhaithe atá socruithe agus eagrúchán bhainisteora an CMA ionas go mbeidh bainisteoir an CMA in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na CMAnna go léir atá á mbainistiú aige.

5.   Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar GCUInna agus ar CIManna arna mbunú nó arna gcur ar an margadh ina gcríocha chun a fhíorú nach n-úsáideann siad an t-ainmniúchán “CMA” ná nach dtugann siad le tuiscint gur CMA atá iontu mura rud é go gcomhlíonann siad an Rialachán seo.

Airteagal 39

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, beidh ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá lena gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo. Beidh an chumhacht acu, go háirithe, chun gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

(b)

a iarraidh ar CMA nó ar bhainisteoir CMA faisnéis a sholáthar gan mhoill;

(c)

faisnéis a iarraidh ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí CMA nó le gníomhaíochtaí bainisteora CMA;

(d)

tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;

(e)

bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann CMA nó bainisteoir CMA den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(f)

ordú a eisiúint chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh CMA nó bainisteoir CMA an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.

Airteagal 40

Pionóis agus bearta eile

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis agus le bearta eile is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis agus na bearta eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Faoin 21 Iúil 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiúin agus do ÚEUM faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 41

Bearta sonracha

1.   Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, déanfaidh údarás inniúil CMA nó bainisteoir CMA, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna, na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcás ina ndéanann CMA nó bainisteoir CMA aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

mainníonn sé aon cheanglais maidir le comhdhéanamh sócmhainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 9 go hAirteagal 16;

(b)

mainníonn sé aon cheanglais phunainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 17, 18, 24, nó 25;

(c)

faigheann sé údarú trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon slí mhírialta eile, lena sáraítear Airteagal 4 nó Airteagal 5;

(d)

úsáideann sé an t-ainmniúchán “ciste margaidh airgid”“CMA” nó ainm eile lena dtugtar le fios gur CMA atá in GCUI nó CIM, lena sáraítear Airteagal 6;

(e)

mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir leis an measúnú ar cháilíocht creidmheasa inmhéanach a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 19 nó Airteagal 20;

(f)

mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le rialachas, le doiciméadacht nó le trédhearcacht a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 21, 23, 26, 27, 28 nó 36;

(g)

mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le luacháil a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 29, 30, 31, 32, 33 nó 34.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil CMA, de réir mar is iomchuí:

(a)

bearta a ghlacadh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an CMA nó bainisteoir CMA na forálacha ábhartha;

(b)

údarú a tharraingt siar a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 4 nó le hAirteagal 5.

Airteagal 42

Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

1.   Beidh ag ÚEUM na cumhachtaí go léir is gá chun na cúraimí a shanntar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh.

2.   Na cumhachtaí atá ag ÚEUM i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus le Treoir 2011/61/AE, feidhmeofar iad freisin i ndáil leis an Rialachán seo agus i gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

3.   Chun críche Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, áireofar an Rialachán seo faoi aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43

Comhar idir údaráis

1.   Murab ionann údarás inniúil an CMA agus údarás inniúil bainisteora CMA, oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a dhéanamh.

2.   Oibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach faoin Rialachán seo as údarú nó faireachán CMAnna faisnéis a chur chuig údaráis inniúla na mBallstát eile i gcás inarb ábhartha an fhaisnéis sin chun faireachán a dhéanamh ar na himpleachtaí féideartha atá ag gníomhaíochtaí CMAnna aonair nó ag CMAnna le chéile i ndáil le cobhsaíocht institiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus le feidhmiú rianúil na margaí a bhfuil na CMAnna gníomhach iontu, agus i gcás inarb ábhartha an fhaisnéis chun freagairt do na himpleachtaí féideartha sin. Cuirfear ÚEUM agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) ar an eolas freisin agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát eile.

4.   Ar bhonn na faisnéise a bheidh tarchurtha ag údaráis inniúla naisiúnta de bhun Airteagal 37(5), déanfaidh ÚEUM, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, tuarascáil a ullmhú le cur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfianaise an athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 46 den Rialachán seo.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 44

Láimhseáil GCUInna agus CIManna atá ann cheana

1.   Faoin 21 Eanáir 2019, déanfaidh aon GCUI nó CIM atá ann cheana agus a infheistíonn i sócmhainní gearrthéarmacha agus a bhfuil cuspóirí sonracha nó carnacha aige a thugann torthaí i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid nó a chaomhnaíonn luach na hinfheistíochta, iarratas a chur isteach chuig údarás inniúil an CMA mar aon le gach doiciméad agus leis an bhfianaise uile is gá lena léiriú go gcomhlíonann sé an Rialachán seo.

2.   Tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an t-iarratas iomlán a fháil, measúnóidh údarás inniúil an CMA an gcomhlíonann an GCUI nó an CIM an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5. Eiseoidh údarás inniúil an CMA cinneadh agus tabharfaidh sé fógra don GCUI nó don CIM faoi sin láithreach.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 15 agus in Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 15 agus in Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11, Airteagal 15 agus Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

Athbhreithniú

1.   Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a leormhaithe atá an Rialacháin seo ó thaobh na stuamachta agus na heacnamaíochta de, tar éis dó dul i i mbun comhairliúchán le ÚEUM agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS, lena n-áirítear an bhfuil athruithe le déanamh ar an gcóras do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV.

2.   San athbhreithniú sin déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

anailíseofar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí, ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna san Aontas;

(b)

measúnófar an ról atá ag CMAnna i gceannach fiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit;

(c)

cuirfear san áireamh saintréithe an fhiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus an ról atá ag an bhfiachas sin i maoiniú na mBallstát;

(d)

cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

cuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha;

(f)

cuirfear forbairtí rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh.

Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena indéanta atá sé go mbunófar cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE. Beidh aird sa tuarascáil sin ar infhaighteacht ionstraimí fiachais phoiblí an Aontais agus déanfar measúnú inti ar a oiriúnaí a bheadh CMAnna de chineál LVNAV mar rogha mhalartach ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE. Má thagann an Coimisiún ar an tátal sa tuarascáil nach indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach ná céimniú amach a dhéanamh ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhfuil méid neamhtheoranta d'fhiachas poiblí neamh-AE acu, tá sé leis na cúiseanna ina leith sin a thabhairt. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal gurb indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach, féadfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le cuóta den sórt sin a thabhairt isteach, ina ndéanfaí 80 % ar a laghad de shócmhainní CMAnna de chineál CNAV haghaidh fiachas poiblí a infheistiú in ionstraimí fiachais phoiblí AE. Sa bhreis air sin, má thagann an Coimisiún ar an tátal gur rogha mhalartach iomchuí iad CMAnna de chineál LVNAV ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE, féadfaidh sé moltaí reachtacha iomchuí a dhéanamh maidir leis an maolú ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhaint ina iomláine.

Cuirfear torthaí an athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon, agus, beidh tograí iomchuí le haghaidh leasuithe ag gabháil leis na torthaí sin, i gcás inar gá.

Airteagal 47

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Iúil 2018, seachas i gcás Airteagal 11(4), Airteagal 15(7), Airteagal 22 agus Airteagal 37(4) a mbeidh feidhm acu ón 20 Iúil 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. DALLI


(1)  IO C 255, 6.8.2014, lch. 3.

(2)  IO C 170, 5.6.2014, lch. 50.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2017.

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(5)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(8)  Treoir 2013/14/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 lena leasaítear Treoir 2003/41/CE maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde, Treoir 2009/65/CE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) agus Treoir 2011/61/AE maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha i ndáil le róspleáchas ar rátálacha creidmheasa (IO L 145, 31.5.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha ginearálta oibríochta, taiscí, luamhánú, trédhearcacht agus maoirseacht (IO L 83, 22.3.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27. 6.2013, lch. 1).

(13)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  Treoir 2007/16/CE ón gCoimisiún an 19 Márta 2007 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 85/611/CEE ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a mhéid a bhaineann le soiléiriú sainmhínithe áirithe (IO L 79, 20.3.2007, lch. 11).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(18)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(19)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).