23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (AE) 2016/2339 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'fhonn sreafaí trádála a éascú, déanann Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a eisiamh maidir le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht idir dhá chalafort nó aerfort de chuid an Aontais gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais. Is éard atá sna forálacha sin na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe agus iad a thíolacadh do chustaim ag an bpointe a ndéanfar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus na rialacha lena rialaítear stóráil shealadach.

(2)

De thoradh an eisiaimh sin, níl aon bhunús dlí lena gceanglófaí na hearraí a dhílochtaítear nó a thrasloingsítear a thíolacadh ag an bpointe ag a dtagann siad isteach arís i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh í a fhágáil go sealadach. Gan tíolacadh den sórt sin, féadfaidh sé a bheith níos deacra d'údaráis chustaim maoirseacht ar na hearraí lena mbaineann a áirithiú, agus tá an baol ann nach ngearrfar dleacht allmhairí agus muirir eile mar is ceart, agus nach gcuirfear bearta neamhfhioscacha, amhail rialuithe tréidliachta agus fíteashláintíochta, i bhfeidhm go hiomchuí.

(3)

Ba cheart Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú, dá bhrí sin, chun staideanna éagsúla earraí nach earraí de chuid an Aontais iad agus earraí de chuid an Aontais a chur san áireamh.

(4)

Chun maoirseacht chustaim éifeachtach a áirithiú ar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad, na forálacha sin lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe, iad a thíolacadh do chustaim tráth a dhéantar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar an dílochtú nó an trasloingsiú, maille leis na forálacha lena rialaítear stóráil shealadach, ba cheart dóibh leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú chun a fhoráil gurb iad na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, agus na rialacha sin amháin, atá eisiata maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad.

(5)

Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar earraí de chuid an Aontais, ba cheart dealú a dhéanamh in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 idir staid earraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) den Rialachán sin agus earraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin.

(6)

Maidir le hearraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, níor cheart a eisiamh ach cur i bhfeidhm na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, sa dóigh go mbeifí in ann maoirseacht chustaim iomchuí a dhéanamh.

(7)

Ar an tslí chéanna, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena rialaítear an oibleagáid na hearraí a thíolacadh do chustaim tráth a dhéantar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú agus an oibleagáid faoi Airteagal 140 den Rialachán sin fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hearraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin ag féachaint don fhíoras nár athraíodh a stádas agus nach gá cruthúnas a thabhairt maidir leis, fiú má d'fhág na hearraí críoch chustaim an Aontais go sealadach.

(8)

Na tagairtí in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 135(1) agus d'Airteagal 137 den Rialachán sin, ba cheart iad a scriosadh chun ceangal a chur ar an duine atá ag tabhairt earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad a iompar chuig an áit atá ainmnithe ag na húdaráis custaim, ionas go mbeidh na húdaráis sin in ann, más gá, a sheiceáil an earraí de chuid an Aontais iad nó an earraí nach earraí de chuid an Aontais iad.

(9)

An tagairt in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 141 den Rialachán sin, ba cheart í a scriosadh ionas go mbeidh sé soiléir maidir le hAirteagal 141(1) den Rialachán sin, airteagal ina ndéantar cur i bhfeidhm forálacha áirithe a eisiamh i dtaca le hearraí a aistrítear faoin nós imeachta idirthurais, go bhfuil feidhm aige freisin tráth a thagann earraí isteach arís i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh é a fhágáil go sealadach ar chonair dhíreach ar muir nó san aer.

(10)

Ar an tslí chéanna, an tagairt in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 144 go hAirteagal 149 den Rialachán sin maidir le stóráil shealadach, ba cheart í a scriosadh. Cé nach bhfuil feidhm ag na rialacha a leagtar síos sna hAirteagail sin maidir le hearraí de chuid an Aontais, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad. I dtaca leis sin, ba cheart Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú dá réir sin.

(11)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun maoirseacht éifeachtach ar earraí a áirithiú gan a thuilleadh moille,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:

“Airteagal 136

Earraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133 i gcásanna ina dtabharfar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133 i gcásanna ina dtabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas mar earraí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 153(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133, ag Airteagal 139 agus ag Airteagal 140 i gcásanna ina dtabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí a aistreofar gan aon athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 155(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2016.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).