27.5.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 158/131


RIALACHÁN (AE) Uimh. 540/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina bhfuil saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil le háirithiú. Chun na críche sin cuireadh córas cuimsitheach cineálcheadaithe de chuid an Aontais ar bun le haghaidh mótarfheithiclí. Ba cheart ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a gcóras tosta i ndáil leis na leibhéil fuaime atá ceadaithe a chomhchuibhiú ionas go seachnófaí ceanglais a ghlacadh a bheadh difriúil ó Bhallstát go chéile agus go gcinnteofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, soláthar a dhéanamh d'ardleibhéal cosanta comhshaoil agus sábháilteachta poiblí agus do cháilíocht níos fearr beatha agus sláinte, agus é á chur san áireamh go gcuireann feithiclí bóthair go mór leis an torann san earnáil iompair.

(2)

Tá feidhm cheana féin ag ceanglais cineálcheadaithe i gcomhthéacs reachtaíocht an Aontais lena rialaítear gnéithe éagsúla de fheidhmíocht mótarfheithiclí, amhail caighdeáin sábháilteachta agus caighdeáin astaíochtaí truailleán i gcás astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó fheithiclí éadroma tráchtála. Ba cheart na ceanglais theicniúla is infheidhme de bhun an Rialacháin seo a fhorbairt sa chaoi is go mbeadh cur chuige comhsheasmhach ann i leith na reachtaíochta sin, agus na tosca ábhartha torainn uile á gcur san áireamh.

(3)

Déanann torann tráchta dochar don tsláinte i mórán slite. D'fhéadfadh strus fadtréimhseach atá bainteach le torann cúlchistí fisiciúla a ídiú, cur isteach ar chumas rialála fheidhmeanna na n-orgán agus dá bhrí sin a n-éifeachtacht a theorannú. D'fhéadfadh torann tráchta cur le dálaí agus eachtraí leighis amhail brú fola ard agus taomanna croí. Ba cheart tuilleadh taighde a dhéanamh ar éifeachtaí thorann an tráchta den mheon céanna dá bhforáiltear i dTreoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(4)

Le Treoir 70/157/CÉ (4) comhchuibhíodh ceanglais theicniúla éagsúla na mBallstát maidir leis an leibhéal fuaime atá ceadaithe do mhótarfheithiclí agus dá sceithchórais chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú. Ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais, is iomchuí Rialachán a chur in ionad na Treorach sin.

(5)

Is rialachán faoi leith é an Rialachán seo i gcomhthéacs an nós imeachta cineálcheadaithe faoi Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart, dá réir sin, Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin a leasú.

(6)

I dTreoir 70/157/CEE tagraítear do Rialachán Uimh. 51 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le hastaíochtaí torainn (6) ina sonraítear an modh tástála le haghaidh astaíochtaí torainn agus Rialachán Uimh. 59 UNECE maidir le forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le córais tosta athsholáthair a fhormheas (7). Mar Pháirtí Conarthach i gComhaontú UNECE an 20 Márta 1958 (8) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás formheasanna a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin, tá sé beartaithe ag an Aontas na Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

(7)

Ón tráth ar glacadh é, leasaíodh Treoir 70/157/CEE go substaintiúil roinnt uaireanta. Ní raibh an toradh a rabhthas ag súil leis ar an laghdú is déanaí ar theorainneacha leibhéal fuaime le haghaidh mótarfheithiclí, a tugadh isteach i 1995. Rinneadh staidéir lenar cruthaíodh nár léirigh an modh tástála a úsáideadh faoin Treoir sin iompraíocht tiomána réalaíoch i dtrácht uirbeach a thuilleadh. Go háirithe, mar a tugadh ar aird sa Pháipéar Uaine maidir leis an mBeartas um Thorann Amach Anseo an 4 Samhain 1996, rinneadh an méid a chuireann torann rollta bonn le hastaíochtaí torainn ina n-iomláine a ghannmheas faoin modh tástála.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo modh éagsúil tástála a thabhairt isteach atá éagsúil ón gceann a leagtar síos i dTreoir 70/157/CEE. Ba cheart an modh sin a bheith bunaithe ar an modh tástála a d'fhoilsigh Meitheal UNECE maidir le Torann (GRB) in 2007 inar ionchorpraíodh leagan ó 2007 de chaighdeán ISO 362. Cuireadh torthaí an tseanmhodha tástála agus an mhodha tástála nua araon faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Meastar gur léiriú ionadaíoch é an modh tástála nua ar leibhéil fuaime i ngnáthdhálaí tráchta, ach níl sé chomh hionadaíoch céanna i gcomhair astaíochtaí torainn sna dálaí is measa. Dá bhrí sin, is gá forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart, leis na forálacha sin, ceanglais choisctheacha a bhunú a bheadh ceaptha le dálaí tiomána na feithicle i bhfíorthrácht a chumhdach lasmuigh de thimthriall tiomána an chineálcheadaithe agus le sárú timthrialla a chosc. Tá na dálaí tiomána sin ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil difríocht mhór idir astaíocht fuaime feithicle i ndálaí tiomána sráide agus an toradh is féidir a bheith ag súil leis ar an tástáil cineálcheadaithe le haghaidh na feithicle áirithe sin.

(10)

Ba cheart don Rialachán seo teorainneacha na leibhéal fuaime a laghdú tuilleadh freisin. Ba cheart dó aird a thabhairt ar na ceanglais torainn nua níos déine maidir le boinn mótarfheithiclí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart staidéir a aibhsíonn éifeachtaí cránais agus sláinte torainn tráchta bhóthair, agus na costais agus na tairbhí gaolmhara a chur san áireamh freisin.

(11)

Ba cheart na luachanna teorainneacha foriomlána a laghdú maidir le gach foinse torainn ó mhótarfheithiclí lena n-áirítear an aer-iontógáil thar an ngléasra cumhachta agus an sceithchóras agus ag cur san áireamh an méid a chuidíonn na boinn leis an torann a laghdú, amhail dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009.

(12)

Tá feidhm ag Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ar dá réir a dhéanfaidh na Ballstáit faireachas margaidh agus ar dá réir a rialóidh siad táirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais, maidir leis na táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

(13)

Saincheist ilchineálach is ea torann ag a bhfuil foinsí agus tosca éagsúla a théann i gcion ar an bhfuaim a bhraitheann daoine agus ar an tionchar a bhíonn ag an bhfuaim sin orthu. Tá leibhéil fuaime feithiclí ag brath go páirteach ar an timpeallacht ina bhfuil na feithiclí á n-úsáid, go háirithe cáilíocht an bhonneagair bóthair agus mar sin tá gá le cur chuige comhtháite. Éilítear le Treoir 2002/49/CE go gcaithfear léarscáileanna straitéiseacha torainn a dhréachtú go tráthúil i dtaca le, inter alia, mórbhóithre. D'fhéadfadh an fhaisnéis a léireofaí sna léarscáileanna sin bheith mar bhunús le taighde amach anseo maidir le torann timpeallachta i gcoitinne, agus torann dromchla bóthair go háirithe, agus d'fhéadfadh sí bheith mar bhunús le treoracha dea-chleachtais maidir le forbairt theicneolaíoch ar cháilíocht bóthair agus le haicmiú cineálacha dromchla bóthair, más iomchuí.

(14)

Leis an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (11), leagadh amach an creat chun beartais chomhshaoil a cheapadh san Aontas don tréimhse 2002-2012. Sa chlár sin, iarradh go mbeadh gníomhartha i réimse an truaillithe torainn ann chun laghdú suntasach a dhéanamh ar an líon daoine a ngoilleann meánleibhéil torainn fadtréimhseacha orthu go rialta, go háirithe ó thrácht.

(15)

Ní mór do bhearta teicniúla lena ndéanfar leibhéal fuaime mótarfheithiclí a laghdú sraith de ceanglais iomaíocha a chomhlíonadh, mar shampla na ceanglais a laghdaíonn torann agus astaíochtaí truailleáin agus a chuireann feabhas ar shábháilteacht agus ag an am céanna an fheithicil i dtrácht a choimeád chomh saor agus éifeachtach agus is féidir. Agus iarracht á déanamh na ceanglais go léir sin go cothrom agus cothromaíocht eatarthu a bhaint amach, teipeann an tionscal feithicle go rómhinic ó thaobh atá indéanta go fisiceach i láthair na huaire a chloí. Arís agus arís eile tá éirithe le dearthóirí feithicle na teorainneacha sin a chur siar trí úsáid a bhaint as ábhair agus modhanna nua agus nuálacha. Ba cheart do dhlí an Aontais creat soiléir a shocrú don nuálaíocht i dtréimhse ama réalaíoch. Bunaítear leis an Rialachán seo creat den sórt sin agus ar an tslí sin cuireann sé dreasacht láithreach ar fáil do nuálaíocht ag teacht le riachtanais na sochaí, agus ag an am céanna gan srian a chur ar aon bhealach le saoirse eacnamaíoch atá riachtanach don tionscal.

(16)

Fadhb áitiúil go príomha is ea truailliú torainn, ach fadhb is ea í a éilíonn réiteach uile-Aontais. Ba cheart gurb é an chéad chéim in aon bheartas astaíochtaí torainn inbhuanaithe bearta a cheapadh chun leibhéil fuaime ag an bhfoinse a laghdú. Ós rud é go bhfuil an Rialacháin seo dírithe ar an bhfoinse torainn, is é sin mótarfheithiclí, agus ós rud é go bhfuil an fhoinse torainn sin shoghluaiste de réir sainmhínithe, ní leor bearta náisiúnta amháin.

(17)

D'fhéadfadh an soláthar faisnéise maidir le hastaíochtaí fuaime do thomhaltóirí agus d'údaráis phoiblí tionchar a imirt ar chinntí ceannaigh agus dlús a chur leis an aistriú chuig flít feithiclí ciúine. Dá réir sin, ba cheart do mhonaróirí faisnéis a thabhairt ag an díolphointe agus in ábhar fógraíochta teicniúla faoi leibhéil torainn na bhfeithiclí. Ba cheart leas a bhaint as lipéad, atá inchomparáide leis na lipéid a úsáidtear le haghaidh faisnéis faoi astaíochtaí CO2, tomhaltas breosla agus torann na mbonn, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi astaíochtaí fuaime feithicle. Ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh maidir le coinníollacha lipéadaithe is infheidhme maidir le leibhéil truaillithe aeir agus torainn agus maidir leis an bhfaisnéis atá ar fáil do thomhaltóirí. Ba cheart go mbeadh na cineálacha éagsúla feithiclí a chumhdaítear leis an Rialachán seo (lena n-áirítear feithiclí leictreacha íon) chomh maith leis an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag lipéadú den sórt sin ar thionscal na feithicle san áireamh sa mheasúnú tionchair sin.

(18)

Chun torann tráchta bóthair a laghdú, ba cheart go mbeadh ar chumas na n-údarás poiblí bearta agus dreasachtaí a chur i bhfeidhm chun daoine a spreagadh feithiclí atá níos ciúine a cheannach agus a úsáid.

(19)

De thoradh na dtairbhí don chomhshaol ó fheithiclí leictreacha-hibrideacha fíorleictreacha, laghdaíodh go suntasach an torann a astaíonn feithiclí den sórt sin. De thoradh an laghdaithe sin cuireadh deireadh le foinse thábhachtach rabhaidh inchloiste a úsáideann coisithe dalla agus lagamhairc agus rothaithe, i measc úsáideoirí eile bóthair, chun a bheith ar an airdeall go bhfuil na feithiclí sin ag teacht, i gcóngar nó ag imeacht. Mar thoradh air sin, tá Córas Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithiclí (AVAS) á fhorbairt ag an tionscal chun an easpa rabhaidh inchloiste sin ó fheithiclí leictreacha hibrideacha agus fíorleictreacha a chúiteamh. Ba cheart comhchuibhiú a chur i bhfeidhm ar fheidhmíocht AVAS sin a fheistítear ar fheithiclí. Ba cheart go gcuirfí san áireamh i bhforbairt AVAS an tionchar iomlán a bheidh ag an torann ar an bpobal.

(20)

Ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chumas na gcóras sábháilteachta gníomhach i bhfeithiclí níos ciúine cosúil le feithiclí hibrideacha agus leictreacha chun freastal níos fearr ar an gcuspóir feabhas a chur ar shábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre i gceantair uirbeacha, amhail coisithe dalla agus coisithe ar a bhfuil máchail amhairc agus éisteachta, rothaithe agus leanaí.

(21)

Bíonn tionchar díreach ag leibhéil fuaime feithiclí ar cháilíocht bheatha shaoránaigh an Aontais, go háirithe i gceantair uirbeacha ina bhfuil beagán nó easnamh soláthair leictrigh nó iompair phoiblí faoi thalamh, nó infreastruchtúr rothaíochta nó siúil. Ba cheart an sprioc go ndúblófaí líon na n-úsáideoirí iompair phoiblí a leag Parlaimint na hEorpa amach ina rún an 15 Nollaig 2011 maidir le Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair — I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní (12) a chur i gcuntas freisin. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, iompar poiblí, siúl agus rothaíocht a chur chun cinn d'fhonn truailliú torainn i limistéir uirbeacha a laghdú.

(22)

Tá leibhéal fuaime feithicle ag brath go páirteach ar conas a úsáidtear í agus cé chomh maith atá sí á cothabháil tar éis í a cheannach. Dá bhrí sin, ba cheart céimeanna a ghlacadh chun feasacht phoiblí a ardú san Aontas ar an tábhacht a bhaineann le stíl tiomána réidh a ghlacadh agus coimeád laistigh de na teorainneacha luais atá i bhfeidhm i ngach Ballstát.

(23)

Chun reachtaíocht chineálcheadaithe an Aontais a shimpliú, i gcomhréir le moltaí Thuarascáil CARS 21 ó 2007, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú ar Rialachán Uimh. 51 UNECE maidir leis an modh tástála agus ar Rialachán Uimh. 59 UNECE i ndáil le córais tosta athsholáthair.

(24)

Chun gur féidir leis an gCoimisiún ceanglais áirithe d'Iarscríbhinní I, IV, VIII agus X a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na forálacha a leasú sna hIarscríbhinní sin a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaineann leis na modhanna tástála agus leibhéil fuaime. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a dhéanfaidh sé, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceanglais riaracháin agus theicniúla a leagan síos maidir le cineálcheadú AE na bhfeithiclí nua go léir i dtaca lena leibhéal fuaime agus lena gcóras tosta athsholáthair agus comhpháirteanna díobh atá cineálcheadaithe mar aonaid theicniúla leithleacha, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, dá bhrí sin, mar gheall ar a fhairsinge atá sé agus na héifeachtaí atá aige, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(26)

Mar thoradh ar an gcreat rialála nua a leagtar síos de bhun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart Treoir 70/157/CEE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na ceanglais riaracháin agus theicniúla le haghaidh cineálcheadú AE na bhfeithiclí nua go léir de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 i ndáil lena leibhéal fuaime agus le córais tosta athsholáthair agus comhpháirteanna díobh atá cineálcheadaithe mar aonaid theicniúla leithleacha agus atá deartha agus tógtha le haghaidh feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1 d'fhonn a gclárú, a ndíol agus a gcur i seirbhís laistigh den Aontas a éascú.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh an Rialachán seo infheidhme i leith feithiclí sna catagóirí M1, M2, M3, N1, N2 agus N3, mar a shainítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus i leith córas tosta athsholáthair agus comhpháirteanna díobh atá cineálcheadaithe mar aonaid theicniúla leithleacha arna ndearadh agus arna ndéanamh le haghaidh feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE.

Thairis sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(1)

“ciallaíonn cineálcheadú feithicle” an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE maidir le leibhéil na fuaime;

(2)

ciallaíonn “cineál feithicle” catagóir mótar fheithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i ngnéithe bunúsacha amhail iad seo a leanas:

(a)

maidir le feithiclí de chatagóirí M1, M2 ≤ 3 500 kg, N1 a tástáladh i gcomhréir le pointe 4.1.2.1 d'Iarscríbhinn II:

(i)

cruth nó ábhair an chabhalra (go háirithe urrann an innill agus a fhuaimdhíonadh);

(ii)

an cineál innill (e.g. adhaint dhearfach nó chomhbhrúite, dhá bhuille nó ceithre bhuille, loine chómhalartúcháin nó rothlach), líon agus toilleadh na sorcóirí, líon agus cineál na gcarbradóirí nó cineál córais insteallta, socrú na gcomhlaí, nó an cineál mótair leictrigh;

(iii)

uaschumhacht ghlan rátaithe an innill agus an luas (na luasanna) innill a fhreagraíonn di; más amhlaidh áfach nach bhfuil an uaschumhacht rátaithe agus an luas innill a fhreagraíonn di éagsúil le chéile ach amháin mar gheall ar mhapálacha difriúla innill, féadfar na feithiclí sin a áireamh mar fheithiclí ón gcineál céanna;

(iv)

an córas tosta;

(b)

maidir le feithiclí de chatagóirí M2 > 3 500 kg, M3, N2, N3, a tástáladh i gcomhréir le mír 4.1.2.2 d'Iarscríbhinn II:

(i)

cruth nó ábhair an chabhalra (go háirithe urrann an innill agus a fhuaimdhíonadh);

(ii)

an cineál innill (e.g. adhaint dhearfach nó chomhbhrúite, dhá bhuille nó ceithre bhuille, loine chómhalartúcháin nó rothlach), líon agus toilleadh na sorcóirí, cineál córais insteallta, socrú na gcomhlaí, an luas innill rátaithe (S), nó an cineál mótair leictrigh;

(iii)

féadfar feithiclí ag a bhfuil an cineál céanna innill agus/nó cóimheasa éagsúla foriomlána giaranna a áireamh mar fheithiclí den chineál céanna;

Má dhéanann na héagsúlachtaí i bpointe (b), áfach, foráil le haghaidh sprioc-choinníollacha éagsúla, mar a thuairiscítear i bpointe 4.1.2.2. d'Iarscríbhinn II, measfar na héagsúlachtaí sin mar athrú cineáil;

(3)

Ciallaíonn “mais uasta ualaithe atá ceadaithe go teicniúil” (M) an uasmhais a chionroinntear ar fheithicil ar bhonn suiteálacha a déanaimh agus a feidhmíochtaí dearaidh; an mhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil maidir le leantóir nó leathleantóir lena n-áirítear an mhais statach a tharchuirtear chuig an leantóir tarraingthe nuair atá siad ceangailte le chéile;

(4)

ciallaíonn “glanchumhacht rátaithe innill” (Pn) cumhacht an innill arna sloinneadh in kW agus arna tomhas le modh UNECE de bhun Rialachán Uimh. 85 UNECE (13);

Má bhaintear amach an uaschumhacht ghlan rátaithe ag roinnt luasanna innill, úsáidfear an luas innill is airde;

(5)

ciallaíonn “trealamh caighdeánach” cumraíocht bhunúsach feithicle lena n-áirítear gach suiteáil a fheistítear uirthi gan a bheith ina gcúis le sonraíochtaí breise maidir leis an gcumraíocht nó maidir leis an leibhéal trealaimh, ach í feistithe leis na suiteálacha ar fad a cheanglaítear de réir na ngníomhartha rialála atá luaite in Iarscríbhinn IV nó in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(6)

ciallaíonn “mais an tiománaí” mais arna rátú ag 75 kg suite ag an bpointe tagartha do shuí an tiománaí;

(7)

ciallaíonn “mais na feithicle in ord reatha” (mro)

(a)

i gcás mótarfheithicle:

mais na feithicle, lena humar breosla/umair bhreosla líonta go 90 % dá (d)t(h)oilleadh ar a laghad, lena n-áirítear mais an tiománaí, an bhreosla agus na leachtanna, feistithe leis an trealamh caighdeánach i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra agus, nuair afheistítear iad, mais an chabhalra, an chábáin, na feiste cúplála agus an rotha (na rothaí) spártha chomh maith leis na huirlisí;

(b)

i gcás leantóra:

mais na feithicle lena n-áirítear an breosla agus na leachtanna, agus í feistithe leis an trealamh caighdeánach i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra, agus, nuair a fheistítear iad, mais an chabhalra, na feiste (bhfeistí) cúplála breise, an rotha (na rothaí) spártha agus na n-uirlisí;

(8)

ciallaíonn “luas rátaithe innill” (S) an luas innill dearbhaithe de réir imrothluithe sa nóiméad (min-1) (rpm) ag a ngineann an t-inneall a uas-ghlanchumhacht rátaithe de bhun Rialachán Uimh. 85 UNECE nó, i gcás ina sroichtear an uas-ghlanchumhacht rátaithe ag roinnt luasanna, an luas is airde díobh sin;

(9)

ciallaíonn “cóimheas cumhachta/maise” (PMR) cainníocht uimhriúil i gcomhréir leis an bhfoirmle atá leagtha amach i bpointe 4.1.2.1.1. d'Iarscríbhinn II;

(10)

ciallaíonn “pointe tagartha” ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás feithiclí sna catagóirí M1 agusN1:

(i)

i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall chun tosaigh, foirceann tosaigh na feithicle;

(ii)

i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall i lár, lár na feithicle;

(iii)

i gcás feithiclí ina bhfuil an t-inneall ar gcúl, foirceann cúil na feithicle.

(b)

i gcás feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2 agusN3 teorainn an innill is giorra do thosach na feithicle.

(11)

ciallaíonn “sprioc-luasghéarú” luasghéarú agus an scóig leathoscailte i dtrácht uirbeach agus díorthaithe ó imscrúduithe staitistiúla;

(12)

ciallaíonn “inneall” foinse na cumhachta gan ghabhálais inbhainte;

(13)

ciallaíonn “luasghéarú tagartha” an luasghéarú is gá i rith na tástála luasghéaraithe ar an raon tástála;

(14)

ciallaíonn “fachtóir ualúcháin chóimheasa giaranna” (k) cainníocht uimhriúil gan toise a úsáidtear chun torthaí tástála dhá chóimheas giaranna a chomhcheangal, ar torthaí iad a fuarthas le linn na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh;

(15)

ciallaíonn “fachtóir cumhachta páirtí” (kP) cainníocht uimhriúil gan toise a úsáidtear le haghaidh chomhcheangal ualaithe thorthaí na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh i gcás feithiclí;

(16)

ciallaíonn “réamh-luasghéarú” feiste rialaithe luasghéaraithe a chur i bhfeidhm roimh AA' chun luasghéarú cobhsaí a bhaint amach idir AA' agus BB' dá dtagraítear i bhFigiúr 1 san Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn II;

(17)

ciallaíonn “cóimheasa giaranna glasáilte” rialú an traiseolta sa dóigh nach bhféadtar giar an traiseolta a athrú i rith tástála;

(18)

ciallaíonn “córas tosta” sraith iomlán comhpháirteanna atá riachtanach chun an torann a dhéanann inneall agus a sceitheadh a theorannú;

(19)

ciallaíonn “córais tosta de chineálacha éagsúla” córais tosta a bhfuil difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a)

trádainmneacha nó trádmharcanna a gcomhpháirteanna;

(b)

saintréithe na n-ábhar a bhfuil a gcomhpháirteanna déanta díobh, cé is moite de bhratú na gcomhpháirteanna sin;

(c)

cruth nó méid a gcomhpháirteanna;

(d)

prionsabail oibriúcháin ceann amháin dá gcomhpháirteanna ar a laghad;

(e)

cóimeáil a gcomhpháirteanna;

(f)

líon na gcóras tosta sceite nó a gcomhpháirteanna;

(20)

ciallaíonn “fine dheartha an chórais tosta nó chomhpháirteanna an chórais tosta” grúpa córas tosta nó grúpa comhpháirteanna córas tosta ina bhfuil na saintréithe ar fad a leanas mar an gcéanna:

(a)

sreabhadh glan gáis a bheith ann, ar de na gáis sceite é, tríd an ábhar snáithíneach ionsúiteach nuair a bhíonn sé i dteagmháil leis an ábhar sin;

(b)

an cineál snáithíní;

(c)

más infheidhme, sonraíochtaí an cheanglóra;

(d)

meántoisí na snáithíní;

(e)

dlús pacáistíochta íosta na snáithíní i mbulc de réir kg/m3;

(f)

an dromchla teagmhála uasta idir an sreabhadh gáis agus an t-ábhar ionsúiteach;

(21)

ciallaíonn “córas tosta athsholáthair” aon pháirt den chóras tosta nó a chomhpháirteanna atá ceaptha lena n-úsáid ar fheithicil, seachas páirt den chineál arna fheistiú ar an bhfeithicil tráth a gcuirtear isteach í le haghaidh cineálcheadaithe AE de bhun an Rialacháin seo;

(22)

ciallaíonn “Córas Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithicil” (AVAS) córais d'fheithiclí leictreacha hibrideacha agus fíorleictreacha a thugann faisnéis fuaime do choisithe agus d'úsáideoirí eile bóthair go bhfuil an fheithicil i gcóngar dóibh;

(23)

ciallaíonn “díolphointe” suíomh ina ndéantar feithiclí a stóráil agus a thairiscint lena ndíol le tomhaltóirí;

(24)

ciallaíonn “ábhar teicniúil cur chun cinn” lámhleabhair theicniúla, bróisiúir, bileoga agus catalóga, bídís clóbhuailte, i bhfoirm leictreonach nó ar líne, mar aon le láithreáin ghréasáin agus ar nithe iad a bhfuil sé de chuspóir acu feithiclí a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne.

Airteagal 4

Oibleagáidí ginearálta na mBallstát

1.   Faoi réir na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus gan dochar d'Airteagal 23 de Threoir 2007/46/CE, diúltóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, cineálcheadú AE a dheonú i ndáil le cineál mótarfheithicle nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Ón 1 Iúil 2016 diúltóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, cineálcheadú AE a dheonú i ndáil le cineál córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, mar aonad teicniúil leithleach nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

Leanfaidh na Ballstáit de chineálcheaduithe AE a dheonú faoi théarmaí Threoir 70/157/CEE i ndáil le córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, mar aonad teicniúil leithleach atá ceaptha d'fheithiclí a bhí cineálcheadaithe roimh na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Faoi réir na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, measfaidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, nach bhfuil deimhnithe comhréireachta i gcás feithiclí nua bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus coiscfidh siad na feithiclí sin a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís i gcás nach gcomhlíonann na feithiclí sin an Rialachán seo.

4.   Ceadóidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis an leibhéal fuaime incheadaithe, córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a dhíol agus a chur i seirbhís mar aonad teicniúil leithleach, má tá sé de réir cineáil ar deonaíodh cineálcheadú AE ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ceadóidh na Ballstáit córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, a bhfuil cineálcheadú AE acu mar aonad teicniúil leithleach faoi théarmaí Threoir 70/157/CEE atá ceaptha d'fheithiclí a bhfuil cineálcheadú acu, a dhíol agus a chur i seirbhís roimh na Faoi na dátaí maidir le céimeanna cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

1.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil feithiclí, a n-inneall agus a gcóras tosta deartha, tógtha agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh, in ainneoin an tonnchreatha a dhéantar ar fheithiclí den sórt sin.

2.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil an córas tosta deartha, tógtha agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh sé na feiniméin chreimneacha dá nochtar é a sheasamh go réasúnta, ag cur dálaí úsáide feithiclí san áireamh, lena n-áirítear éagsúlachtaí aeráide ó réigiún go chéile.

3.   Beidh an monaróir freagrach d'údarás an cheadaithe as gach gné den phróiseas ceadaithe agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, is cuma má tá páirt dhíreach ag an monaróir i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil leithleach nó nach bhfuil.

Airteagal 6

Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP)

1.   Beidh an tAirteagal seo infheidhme i leith feithiclí sna catagóirí M1 agus N1 atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a bhfuil buntrealamh córas tosta de chuid an mhonaróra (OEM) iontu chomh maith le córais tosta athsholáthair atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin.i gcomhréir le hIarscríbhinn X.

2.   Comhlíonfaidh na feithiclí agus na córais thosta athsholáthair ceanglais Iarscríbhinn VII.

3.   Measfar go gcomhlíonann feithiclí agus córais tosta athsholáthair na ceanglais in Iarscríbhinn VII, gan a thuilleadh tástála, má sholáthraíonn an monaróir doiciméid theicniúla do na húdaráis cheadaithe a léiríonn i ndáil leis an difríocht idir luas innill uasta agus íosta na bhfeithiclí ag BB' dá dtagraítear i bhFigiúr 1 don Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, i gcás aon dálaí tástála laistigh de raon rialaithe ASEP atá sainithe i bpointe 2.3 d'Iarscríbhinn VII, maidir leis na dálaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, nach sáróidh an difríocht sin 0,15 x S.

4.   Astaíochtaí fuaime na feithicle nó an chórais tosta athsholáthair i ndálaí tipiciúla tiomána ar bhóthar, ar dálaí iad atá éagsúil ó na dálaí faoina ndearnadh an tástáil chineálcheadaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn VII, ní imeoidh na hastaíochtaí fuaime sin ró-mhór ó thoradh na tástála.

5.   Ní dhéanfaidh an monaróir aon fheiste ná nós imeachta de chineál meicniúil, leictreach, teirmeach nó eile a athrú, a choigeartú ná a thabhairt isteach d'aon ghnó chun na críche ceanglais an Rialacháin seo maidir le hastaíocht torainn a chomhlíonadh, agus chuige sin amháin, ar feiste nó nós imeachta é nach bhfuil oibríochtúil i rith dálaí tiomána thipiciúil ar bhóthar.

6.   San iarratas ar chineálcheadú, soláthróidh an monaróir ráiteas, arna bhunú i gcomhréir leis an múnla atá leagtha amach i bhFoscríbhinn1 d'Iarscríbhinn VII, go gcomhlíonann an cineál feithicle nó an córas tosta athsholáthair atá le ceadú ceanglais an Airteagail seo.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le feithiclí de chatagóir N1 i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo leanas:

(a)

toilleadh an innill nach sáraíonn 660 cm3 agus cóimheas cumhacht le mais arna ríomh trí úsáid a bhaint as an uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach sáraíonn 35;

(b)

tá an pálasta 850 kg ar a laghad agus cóimheas cumhacht le mais arna ríomh trí úsáid a bhaint as an uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil nach sáraíonn 40.

Airteagal 7

Faisnéis do thomhaltóirí agus lipéadú

Déanfaidh monaróirí agus dáileoirí feithiclí gach iarracht a áirithiú go bhfuil an leibhéal fuaime i ngach feithicil i ndeicibeilí (dB(a)), arna thomhas i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar taispeáint in áit fheiceálach ag an díolphointe agus in ábhar fógraíochta teicniúil.

I bhfianaise an taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Iúil 2018, measúnú cuimsitheach tionchair maidir leis na coinníollacha lipéadaithe is infheidhme maidir le leibhéil truaillithe aeir agus torainn agus maidir le faisnéis do thomhaltóirí. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra le haghaidh reachtaíochta ar aghaidh.

Airteagal 8

Córas Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithicil (AVAS)

Suiteálfaidh na monaróirí AVAS i gcineálacha nua feithiclí leictreacha hibrideacha agus fíorleictreacha lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII faoin 1 Iúil 2019. Faoin 1 Iúil 2021, suiteálfaidh na monaróirí AVAS i ngach feithicil nua leictreach hibrideach agus fíorleictreach. Roimh na dátaí sin, i gcás ina gcinnfidh monaróirí AVAS a shuiteáil i bhfeithiclí, áireoidh siad go gcomhlíonann na córais sin ceanglais sin Iarscríbhinn VIII.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun Iarscríbhinn VIII a athbhreithniú agus chun ceanglais níos mionsonraithe a áireamh maidir le feidhmíocht AVAS nó le haghaidh córas gníomhach sábháilteachta, agus obair UNECE á cur san áireamh aige maidir leis an tsaincheist seo, faoin 1 Iúil 2017.

Airteagal 9

Na hIarscríbhinní a leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun Iarscríbhinní I, IV, VIII agus X a leasú agus chun iad a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 8 agus d'Airteagal 9 le haghaidh tréimhse cúig bliana ón 16 Meitheamh 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 8 agus d'Airteagal 9 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an dara mír d'Airteagal 8 nó d'Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 11

Foráil athbhreithnithe

Déanfaidh an Coimisiún staidéar mionsonraithe ar theorainneacha na leibhéal fuaime agus foilseoidh sé é faoin 1 Iúil 2021. Bunófar an staidéar ar fheithiclí a chomhlíonann na ceanglais rialúcháin is deireanaí. Ar bhonn chonclúidí an staidéir sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.

Airteagal 12

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Déanfar Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Chun comhlíonadh an raoin tástála a sheiceáil mar atá sainithe I bpointe 3.1.1 d'Iarscríbhinn II, féadfar ISO 10844:1994 a chur i bhfeidhm mar mhalairt ar ISO 10844:2011 go dtí 30 Meitheamh 2019.

2.   Maidir le feithiclí ina bhfuil gléasra cumhachta hibrideach sraithe, agus ina bhfuil inneall dócháin breise gan chúpláil mheicniúil leis an ngléasra cumhachta, beidh siad ar eisiamh ó cheanglais Airteagal 6 go dtí 30 Meitheamh 2019.

Airteagal 14

Aisghairm

1.   Gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 4(2) agus don dara fomhír d'Airteagal 4(4), déantar Treoir 70/157 CEE a aisghairm le héifeacht ón 1 Iúil 2027.

2.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2016.

3.   Beidh feidhm ag pointe 3.1.1. d'Iarscríbhinn II ón 1 Iúil 2019.

4.   Beidh feidhm ag Cuid B d'Iarscríbhinn XI ón 1 Iúil 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 76.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(4)  Treoir 70/157/CEE ón gComhairle an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal fuaime is incheadaithe agus leis an gcóras sceite do mhótarfheithiclí (IO L 42, 23.2.1970, lch. 16).

(5)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat i gcomhair mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla faoi leith atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán Uimh. 51 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip sna Náisiúin Aontaithe (NA/CEE) — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú mótarfheithiclí ag a bhfuil ar a laghad ceithre bonn acu maidir lena hastaíochtaí torainn (IO L 137, 30.5.2007, lch. 68).

(7)  Rialachán Uimh. 59 ón gCoimisiún Eacnamaíoch don Eoraip sna Náisiúin Aontaithe (NA/CEE) — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le córais tosta athsholáthair a fhormheas (IO L 326, 24.11.2006, lch. 43).

(8)  Treoir 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d'fhonn go n-aontódh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás formheasanna a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil leithleach atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(11)  Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (IO L 242, 10.9.2002, lch. 1).

(12)  IO C 168E, 14.6.2013, lch. 72.

(13)  Rialachán Uimh. 85 ón gCoimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (NA/CEE) –Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas inneall dó inmheánach agus traenacha tiomána leictrí atá ceaptha chun mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N a thiomáint i dtaca leis an gcumhacht ghlan agus an t-uasmhéid 30 nóiméad cumhachta de thraenacha tiomána leictrí a thomhas (IO L 326, 24.11.2006, lch. 55).


LIOSTA IARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn I

Cineálcheadú AE maidir le leibhéal fuaime cineáil feithicle

 

Foscríbhinn 1:

Doiciméad faisnéise

 

Foscríbhinn 2:

Múnla do dheimhniú chineálcheadú AE

Iarscríbhinn II

Modhanna agus uirlisí chun an torann a dhéanann mótarfheithiclí a thomhas

 

Foscríbhinn:

Figiúirí

Iarscríbhinn III

Luachanna teorainneacha

Iarscríbhinn IV

Córais tosta ina bhfuil ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime

 

Foscríbhinn:

Figiúr 1 — Gaireas tástála le haghaidh riochtú trí fhrithbhualadh

Iarscríbhinn V

Torann an aeir chomhbhrúite

 

Foscríbhinn:

Figiúr 1 — Suíomhanna an mhicreafóin chun torann an aeir chomhbhrúite a thomhas

Iarscríbhinn VI

Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair feithiclí

Iarscríbhinn VII

An modh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhForálacha Breise maidir le hAstaíocht Fuaime

 

Foscríbhinn:

Ráiteas comhlíontachta i leith na bhForálacha Breise maidir le hAstaíocht Fuaime

Iarscríbhinn VIII

Bearta a Bhaineann leis an gCóras Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithicil (AVAS)

Iarscríbhinn IX

Cineálcheadú AE maidir le leibhéal fuaime córas tosta mar aonaid theicniúla leithleacha (córais tosta athsholáthair)

 

Foscríbhinn 1:

Doiciméad faisnéise

 

Foscríbhinn 2:

Múnla do dheimhniú chineálcheadú AE

 

Foscríbhinn 3:

Múnla le haghaidh mharc chineálcheadú AE

 

Foscríbhinn 4:

Gaireas tástála

 

Foscríbhinn 5:

Pointí tomhais — Cúlbhrú

Iarscríbhinn X

Seiceálacha ar chomhréireacht táirgeachta i gcomhair córais tosta athsholáthair mar aonad teicniúil leithleach

Iarscríbhinn XI

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Iarscríbhinn XII

Tábla comhghaoil


IARSCRÍBHINN I

CINEÁLCHEADÚ AE MAIDIR LE LEIBHÉAL FUAIME CINEÁIL FEITHICLE

1.   IARRATAS AR CHINEÁLCHEADÚ AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE

1.1.   Is é monaróir na feithicle a chuirfidh isteach an t-iarratas ar chineálcheadú AE de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 2007/46/CE le haghaidh feithicle maidir lena leibhéal fuaime.

1.2.   Tá múnla don doiciméad faisnéise atá i bhFoscríbhinn 1.

1.3.   Cuirfidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál sin a bhfuil sé ag iarraidh cineálcheadú ina leith isteach chuig na seirbhísí teicniúla atá freagrach as na tástálacha. Le haghaidh roghnú na feithicle atá ionadaíoch don chineál sin roghnóidh an tseirbhís theicniúil an fheithicil chun sástachta na n-údarás ceadaithe. Féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid chun cuidiú leis an gcinnteoireacht i rith an phróisis roghnúcháin.

1.4   Arna iarraidh sin do na seirbhísí teicniúla, déanfar eiseamal den chóras tosta agus inneall den toilleadh sorcóra céanna agus den chumhacht uasta rátaithe chéanna, ar a laghad, agus atá feistithe ar an bhfeithicil a bhfuiltear ag iarraidh cineálcheadú ina leith a chur isteach freisin.

2.   MARCÁLACHA

2.1.   Beidh na marcálacha seo a leanas ar chomhpháirteanna an sceithchórais agus an chórais iontógála, cé is moite de chrua-earraí greamaitheacha agus píobáin:

2.1.1.   trádmharc nó trádainm mhonaróir na gcóras agus a gcomhpháirteanna;

2.1.2.   tuairisc thrádála an mhonaróra.

2.2.   Beidh na marcálacha dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 agus 2.1.2 soléite agus doscriosta, fiú má tá an córas feistithe ar an bhfeithicil.

3.   DEONÚ CHINEÁLCHEADÚ AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE

3.1.   Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonófar cineálcheadú AE de bhun Airteagal 9(3) agus, más infheidhme, Airteagal 10(4) de Threoir 2007/46/CE.

3.2.   Tá múnla do dheimhniú chineálcheadú AE atá i bhFoscríbhinn 2.

3.3.   Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál feithicle arna cheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ní shannfaidh an Ballstát céanna an uimhir chéanna do chineál feithicle eile.

3.3.1.   Má chomhlíonann an cineál feithicle luachanna teorainneacha Chéim 1 in Iarscríbhinn III, is é an carachtar “A” a leanfaidh Roinn3 den uimhir chineálcheadaithe. Má chomhlíonann an cineál feithicle luachanna teorainneacha Chéim 2 in Iarscríbhinn III, is é an carachtar “B” a leanfaidh roinn3 den uimhir chineálcheadaithe. Má chomhlíonann an cineál feithicle na teorainneacha luachanna de Chéim 3 in Iarscríbhinn III, leanfaidh an carachtar “C” an uimhir cineálcheadaithe.

4.   LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE AE

I gcás leasuithe ar an gcineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 13, 14, 15, 16 agus Airteagal 17(4) de Threoir 2007/46/CE.

5.   SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN gCOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

5.1.   Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 12 de Threoir 2007/46/CE.

5.2.   Forálacha speisialta:

5.2.1.   Maidir leis na tástálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, comhfhreagróidh siad do na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2.3.5 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

5.2.2.   Uair gach re bliain de ghnáth a bheidh i gceist le minicíocht na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Foscríbhinn 1

Doiciméad faisnéise Uimh. … de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE maidir le cineálcheadú AE le haghaidh feithicle i dtaca leis an leibhéal fuaime atá incheadaithe

Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, déanfar trí chóip di a sholáthar agus liosta den inneachar a bheith ag gabháil léi. Déanfar aon líníochtaí a sholáthar sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann dóibh, mionsonraithe go leor.

Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla leithleacha, déanfar faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.

0.   GINEARÁLTA

0.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

0.2.

Cineál:

0.3.

Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (b):

0.3.1.

Suíomh na marcála sin:

0.4.

Catagóir na feithicle (c):

0.5.

Ainm cuideachta agus seoladh gnó an mhonaróra:

0.8.

Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

1.   SAINTRÉITHE GINEARÁLTA TÓGÁLA NA FEITHICLE

1.1.

Grianghraif agus/nó líníochtaí d'fheithicil ionadaíoch:

1.3.

Líon na n-acastóirí agus na rothaí (4):

1.3.3.

Acastóirí arna gcumhachtú (líon, ionad, idirnasc):

1.6.

Suíomh agus leagan amach an innill:

2.   MAISEANNA AGUS TOISÍ (f) (g) (7) (i kg agus mm) (DÉAN TAGAIRT DO LÍNÍOCHT MÁS IOMCHUÍ)

2.4.

Raon thoisí na feithicle (foriomlán):

2.4.1.

Don fhonnadh gan chabhalra:

2.4.1.1.

Fad (g5):

2.4.1.2.

Leithead (g7):

2.4.2.

Don fhonnadh leis an gcabhalra:

2.4.2.1.

Fad (g5):

2.4.2.2.

Leithead (g7):

2.6.

Mais in ord reatha (h)

(a)

uasmhais agus íosmhais do gach athraitheach:

(b)

mais gach leagain (déanfar maitrís a sholáthar):

2.8.

An uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil arna sonrú ag an monaróir (i) (3):

3.   GLÉASRA CUMHACHTA (q)

3.1.

Monaróir an innill:

3.1.1.

Cód innill an mhonaróra (mar atá marcáilte ar an inneall, nó modh eile sainaitheantais):

3.2.

Inneall dócháin inmheánaigh

3.2.1.1.

Prionsabal oibre: adhaint dheimhneach/adhaint chomhbhrú, timthriall ceithre bhuille/bhuille/dhá bhuille/rothlach (1)

3.2.1.2.

Líon agus leagan amach sorcóirí:

3.2.1.2.3.

Ord lasta:

3.2.1.3.

Toilleadh an innill (m): … cm3

3.2.1.8.

Glanchumhacht uasta (n): … kW ag … min-1 (luach arna dhearbhú ag an monaróir).

3.2.4.

Cothú breosla

3.2.4.2.

Trí instealladh breosla (adhaint chomhbhrú amháin): tá/níl (1)

3.2.4.2.2.

Prionsabal oibre: Instealladh díreach/réamhchuasán/cuasán suaite (1)

3.2.4.2.4.

Rialtóir

3.2.4.2.4.1.

Cineál:

3.2.4.2.4.2.1.

An luas ag a dtosaíonn an pointe scoite faoi lucht: … min–1

3.2.4.3.

Trí instealladh breosla (adhaint dheimhneach amháin): tá/níl (1)

3.2.4.3.1.

Prionsabal oibre: Ilchóipire iontógála (aonphointe/ilphointe (1))/instealladh díreach/eile(sonraigh) (1)

3.2.8.

Córas iontógála

3.2.8.1.

Luchtaire brú: tá/níl (1)

3.2.8.4.2.

Scagaire aeir, líníochtaí: nó

3.2.8.4.2.1.

Déantús (Déantúis):

3.2.8.4.2.2..

Cineál(acha):

3.2.8.4.3.

Córas tosta iontógála, líníochtaí: nó

3.2.8.4.3.1.

Déantús (Déantúis):

3.2.8.4.3.2.

Cineál(acha):

3.2.9.

Córas tosta

3.2.9.2.

Tuairisc ar an gcóras tosta agus/nó líníocht de:

3.2.9.4.

Córais tosta an sceite:

Cineál, marcáil an tostóra (na dtostóirí) sceite:

Más ábhartha maidir le torann seachtrach, bearta laghdaithe in urrann an innill agus ar an inneall féin:

3.2.9.5.

Suíomh na sceith-easraise:

3.2.9.6.

Córas tosta sceite ina bhfuil ábhair shnáithíneacha:

3.2.12.2.1.

Tiontaire catalaíoch: tá/níl (1)

3.2.12.2.1.1.

Líon na dtiontairí catalaíocha agus na n-eilimintí (tabhair an fhaisnéis anseo thíos le haghaidh gach aonaid leithligh):

3.2.12.2.6.

Gaiste cáithníní: tá/níl (1)

3.3.

Mótar leictreach

3.3.1.

Cineál (tochras, floscadh):

3.3.1.1.

Aschur uasta in aghaidh na huaire: … kW

3.3.1.2.

Voltas oibriúcháin: … V

3.4.

Innill nó mótair nó teaglamaí díobh

3.4.1.

Feithicil leictreach hibrideach: is ea/ní hea (1)

3.4.2.

Catagóir na feithicle leictrigh hibridigh: luchtú seachtrach/luchtú neamh-sheachtrach (1)

3.4.3

Lasc an mhodha oibriúcháin: tá/níl (1)

3.4.3.1.

Móid inroghnaithe

3.4.3.1.1.

Feithicil iomlán leictreach: tá/níl (1)

3.4.3.1.2.

Feithicil iomlán breoslaithe: tá/níl (1)

3.4.3.1.3..

Móid hibrideacha: tá/níl (1) (má tá, tabhair tuairisc ghairid):

3.4.5.

Mótar leictreach (tabhair tuairisc ar leithligh ar gach cineál mótair leictrigh)

3.4.5.1.

Déantús:

3.4.5.2.

Cineál:

3.4.5.3.

Uaschumhacht: … kW

4.   TRAISEOLADH (p)

4.2.

Cineál (meicniúil, hiodrálach, leitreach, etc.):

4.6.

Cóimheasa giaranna

Giar

Cóimheasa inmheánacha an ghiarbhosca

(cóimheasa idir an t-inneall agus imrothluithe sheafta aschuir an ghiarbhosca)

Cóimheasa tiomána deiridh

(cóimheas idir imrothluithe sheafta aschuir an ghiarbhosca agus imrothluithe an rotha tiomáinte)

Iomlán cóimheasa giaranna

Uasmhéid le haghaidh CVT (1)

1

2

3

Íosmhéid le haghaidh CVT (1)

Cúlú

 

 

 

4.7.

Uasluas dearaidh na feithicle (i km/h) (q):

6.   CROCHADH

6.6.

Boinn agus rothaí

6.6.1.

Teaglaim(Teaglamaí) bonn/rothaí

(a)

(a) le haghaidh bonn, léirigh an méid ainmnithe, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais,

(b)

(b) maidir le rothaí, léirigh méid(eanna) an imill agus seach-chur(chuir).

6.6.2

Teorainneacha uasta agus íosta na ngathanna rollta

6.6.2.1.

Acastóir 1:

6.6.2.2.

Acastóir 2:

6.6.2.3.

Acastóir 3:

6.6.2.4.

Acastóir 4:

etc.

9.   CABHALRA

9.1.

Cineál cabhalra ag úsáid na gcód atá sainithe I gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE:

9.2.

Ábhair arna n-úsáid agus modh tógála:

12.   ILGHNÉITHEACH

12.5.

Mionsonraí aon fheistí nach mbaineann leis an inneall ach atá ceaptha chun torann a laghdú (mura bhfuil siad cumhdaithe ag ítimí eile):

Dáta:

Síniú:

Post sa chuideachta:


(1)  Traiseoladh athraitheach leanúnach

Foscríbhinn 2

Múnla do dheimhniú chineálcheadú AE

(Formáid Uasta: A4 (210 × 297 mm))

Stampa an údaráis chineálcheadaithe

Teachtaireacht maidir le

cineálcheadú (1)

cineálcheadú a fhadú (1)

cineálcheadú a dhiúltú (1)

aistarraingt an chineálcheadaithe (1)

de chineál feithicle maidir leis an leibhéal fuaime (Rialachán (AE) Uimh. 540/2014).

Uimhir chineálcheadaithe:

An chúis leis an síneadh:

ROINN I

0.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

0.2.

Cineál:

0.3.

Meáin aitheantais cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (2):

0.3.1.

Suíomh na marcála sin:

0.4.

Catagóir na feithicle (3):

0.5.

Ainm cuideachta agus seoladh gnó an mhonaróra:

0.8.

Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

ROINN II

1.

Breis faisnéise (nuair is infheidhme): Féach Aguisín

2.

An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:

3.

Dáta na tuarascála tástála:

4.

Uimhir na tuarascála tástála:

5.

Barúlacha (más ann dóibh): Féach Aguisín

6.

Áit:

7.

Dáta:

8.

Síniú:

Ceangaltáin:

Pacáiste faisnéise

 

Tuarascáil tástála (i gcás córas)/Torthaí tástála (i gcás feithiclí ina n-iomláine)


(1)  Scrios murab infheidhme.

(2)  Má tá carachtair sa mhodh sainaitheantais cineáil nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar na cineálacha feithicle arna gcuimsiú leis an deimhniú cineálcheadaithe, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméad leis an siombal: “?” (m.sh. ABC??123??).

(3)  Mar atá sainithe in Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Aguisín

a ghabhann le deimhniú chineálcheadú AE Uimh. …

1.   Breis faisnéise

1.1.

Gléasra cumhachta

1.1.1.

Monaróir an innill:

1.1.2.

Cód innill an mhonaróra:

1.1.3

Glanchumhacht uasta (g): … kW ag … min-–1 ó uaschumhacht rátaithe leanúnach (mótar leictreach) … kW (1)

1.1.4.

Luchtaire/luchtairí brú, déantús agus cineál:

1.1.5.

Scagaire aeir, déantús agus cineál:

1.1.6.

Córa(i)s tosta na hiontógála, déantús agus cineál:

1.1.7.

Tostóir(í) sceite, déantús agus cineál:

1.1.8.

Catalaíoch(a), déantús agus cineál:

1.1.9.

Gaiste(í) Cáithníní, déantús agus cineál:

1.2.

Traiseoladh

1.2.1.

Cineál (meicniúil, hiodrálach, leitreach, etc.):

1.3.

Feistí nach mbaineann leis an inneall ach atá ceaptha chun torann a laghdú:

2.   Torthaí tástála

2.1.

Leibhéal fuaime na feithicle agus í ag gluaiseacht: … dB(A)

2.2.

Leibhéal fuaime na feithicle agus í ina stad: … dB(A) ag … min-1

2.2.1.

Leibhéal fuaime an aeir chomhbhrúite: … dB(A)

2.2.1.

Leibhéal fuaime an aeir chomhbhrúite: … dB(A)

2.2.1.

Leibhéal fuaime an aeir chomhbhrúite, le linn cur i ngníomh an rialtóra brú: … dB(A)

2.3.

Sonraí lena n-éascaítear tástáil chomhlíontachta in-úsáide feithiclí hibrideacha leictreacha, i gcás nach féidir don inneall dócháin inmheánaigh oibriú nuair atá an fheithicil ina stad

2.3.1.

Giar (i) nó láthair roghnóir na ngiaranna a roghnaítear don tástáil:

2.3.2.

Láthair na laisce oibriúcháin agus tomhas L á dhéanamhwot,(i)(má tá an lasc feistithe)

2.3.3.

Fad réamh-luasghéaraithe lPA … m

2.3.4.

Luas na feithicle ag tús an luasghéaraithe … km/u

2.3.5.

Leibhéal fuaimbhrú Lwot,(i) … dB(A)

3.   Barúlacha:


(1)  Scrios murab infheidhme.


IARSCRÍBHINN II

MODHANNA AGUS UIRLISÍ CHUN AN TORANN A DHÉANANN MÓTARFHEITHICLÍ A THOMHAS

1.   MODHANNA TOMHAIS

1.1.   Déanfar an torann a dhéanann an cineál feithicle arna chur isteach le haghaidh a cheadaithe a thomhas agus úsáid á baint as an dá mhodh a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo maidir le feithicil ag gluaiseacht agus maidir le feithicil ina stad. I dtaca le feithicil hibrideach leictreach nach féidir don inneall dócháin inmheánaigh oibriú inti agus an fheithicil ina stad, ní dhéanfar ach an torann a dhéanann sí agus an fheithicil ag gluaiseacht a thomhas.

Beidh feithiclí a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil de bhreis agus 2 800 kg acu faoi réir tomhais bhreise torann an aeir chomhbhrúite a thomhas agus an fheithicil ina stad, i gcomhréir le sonraíochtaí Iarscríbhinn V, má tá an trealamh comhfhreagrach coscánaithe ina chuid den fheithicil.

1.2.   Cuirfear na luachanna a thomhaisfear i gcomhréir leis na tástálacha atá leagtha amach i bpointe 1.1 den Iarscríbhinn seo isteach sa tuarascáil tástála agus cuirfear ar fhoirm iad atá i gcomhréir leis an múnla atá i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

2.   UIRLISÍ TOMHAIS

2.1.   Tomhais fuaime

Úsáidfear beachtmhéadar fuaimleibhéil chun an leibhéal fuaime a thomhas nó córas tomhais coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le huirlisí d'aicme 1 (lena n-áirítear an gaothscáth atá molta, má úsáidtear é). Tugtar tuairisc ar na ceanglais sin sa dara heagrán de “IEC 61672-1:2002: Beachtmhéadair fhuaimleibhéil”, ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC).

Chun na tomhais a dhéanamh úsáidfear freagairt “ghasta” na huirlise tomhais fuaime agus an cuar ualúcháin “A”, a dtugtar tuairisc orthu freisin in IEC “61672-1:2002”. Agus córas á úsáid lena ndéantar faireachán tréimhsiúil ar an leibhéal fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A”, léifear an leibhéal ar a laghad gach 30 ms (milleasoicindí).

Déanfar na huirlisí a chothabháil agus a chalabrú i gcomhréir le treoracha mhonaróir na huirlise.

2.2.   Na ceanglais a chomhlíonadh

Fíorófar, le deimhniú bailí comhlíonachta, go bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh ag an ionstraimíocht maidir le tomhas fuaime. Glacfar leis go bhfuil deimhniú um chomhlíonadh bailí má rinneadh comhlíonadh na gcaighdeán a dheimhniú laistigh den tréimhse 12 mhí roimhe sin le haghaidh na feiste calabraithe fuaime agus laistigh den tréimhse 24 mí roimhe sin le haghaidh an chórais ionstraimíochta. Déanfar na tástálacha comhlíontachta go léir i saotharlann a bhfuil údarás aici calabrúcháin a dhéanamh atá i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí.

2.3.   An Córas Tomhais Fuaime iomlán a chalabrú do sheisiún tomhais

Ag tús agus ag deireadh gach seisiúin tomhais, déanfar an córas tomhais fuaime ar fad a sheiceáil le calabróir fuaime a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh calabróirí fuaime a bhaineann le beacht-aicme 1 mar a leagtar amach in IEC 60942: 2003. Mura ndéantar aon choigeartú eile, beidh an difear idir na léamha níos lú ná 0,5 dB nó cothrom leis sin. Má théitear thar an luach sin, caithfear amach torthaí na dtomhas arna bhfáil tar éis na seiceála sásúla deireanaí roimhe sin.

2.4.   Ionstraimíocht le haghaidh tomhas luais

Déanfar luas an innill a thomhas le hionstraimíocht atá ar a laghad ± 2 % beacht ag na luasanna innill is gá chun na tomhais a dhéanamh.

Déanfar luas bóthair na feithicle a thomhas le hionstraimíocht atá chomh beacht le ± 0,5 km/h ar a laghad i gcás feistí tomhais leanúnaigh a úsáid.

Má úsáidtear tomhais neamhspleácha luais chun tástáil a dhéanamh, déanfaidh an ionstraimíocht sin critéir sonraíochta a chomhlíonadh, ± 0,2 km/u ar a laghad.

2.5.   Ionstraimíocht mheitéareolaíoch

San ionstraimíocht mheitéareolaíoch arna húsáid chun faireachán a dhéanamh ar na dálaí comhshaoil le linn na tástála, áireofar na feistí seo a leanas, atá chomh beacht is a luaitear thíos ar laghad:

feiste chun teocht a thomhas, ±1 oC;

feiste chun luas na gaoithe a thomhas, ±1,0 m/s;

feiste chun brú baraiméadrach a thomhas, ± 5 hPa;

feiste chun bogthaise choibhneasta a thomhas, ± 5 %.

3.   COINNÍOLLACHA TOMHAIS

3.1.   Láthair Tástála agus coinníollacha comhthimpeallacha

3.1.1.   Beidh dromchla an raoin tástála agus toisí na láithreach tástála i gcomhréir le ISO 10844:2011. Beidh dromchla na láithreach saor ó shneachta bhriosc, fhéar ard, cré nó sméaróidí dóite. Ní bheidh aon bhacainn ann a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime i gcóngar an mhicreafóin agus fhoinse na fuaime. Déanfaidh an breathnóir a dhéanfaidh na tomhais é féin a láithriú sa chaoi nach ndéanfaidh sé difear do léamha na hionstraime tomhais.

3.1.2.   Ní dhéanfar tomhais le linn síne. Áireofar nach ndéanfaidh siotaí gaoithe difear do na torthaí.

Déanfar an ionstraimíocht mheitéareolaíoch a shuíomh taobh leis an limistéar tástála ag 1,2 m ar airde ± 0,02 m. Déanfar na tomhais nuair atá an teocht chomhthimpeallach idir +5 oC agus +40 oC.

Ní dhéanfar na tástálacha má tá luas na gaoithe, lena n-áirítear siotaí gaoithe, ag leibhéal an mhicreafóin níos mó ná 5 m/s, le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

Déanfar luach do theocht, luas agus treo na gaoithe, bogthaise choibhneasta, agus do bhrú baraiméadrach a thaifeadadh le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

Aon bhuaic sa torann ar léir nach mbaineann sé le saintréithe leibhéal ginearálta torainn na feithicle, déanfar neamhaird de sin agus na léamha á nglacadh.

Déanfar an torann cúlrach a thomhas ar feadh 10 soicind go díreach roimh shraith tástálacha ar fheithiclí agus díreach ina ndiaidh. Déanfar na tomhais leis na micreafóin chéanna agus na suíomhanna micreafóin céanna agus a bhí in úsáid le linn na tástála. Déanfar an leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” a thuairisciú.

Beidh an torann cúlrach (lena n-áirítear aon torann ón ngaoth) ar a laghad 10 dB faoin leibhéal torannbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” atá ag an bhfeithicil atá á tástáil. Má tá difríocht idir 10 agus 15 dB(A) idir an torann comhthimpeallach agus an torann arna thomhas, bainfear méid iomchuí de na léamha ón méadar torannleibhéil chun torthaí na tástála a ríomh, de réir mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:

Difríocht idir an torann comhthimpeallach agus an torann atá le tomhas dB(A)

10

11

12

13

14

15

Ceartúchán dB(A)

0,5

0,4

0,3

0,2

0,1

0,0

3.2.   Feithicil

3.2.1.   Beidh an fheithicil atá le tástáil ionadaíoch ar fheithiclí a chuirfear ar an margadh agus a roghnóidh an monaróir i gcomhaontas leis an tseirbhís theicniúil, chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Déanfar na tomhais gan aon leantóir, seachas i gcás feithiclí nach bhfuil indeighilte. Arna iarraidh sin don mhonaróir féadfar tomhais a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil acastóir(í) ardaithe in airde acu.

Déanfar feithiclí a thomhas ag an mais tástála mt de réir mar atá sonraithe sa tábla seo a leanas:

Feithicil na feithicle

Mais tástála na feithicle (mt)

M1

mt = mro

N1

mt = mro

N2, N3

mt = 50 kg in aghaidh an kW de chumhacht rátaithe innill

Cuirfear ualú breise os cionn an acastóra cúil tiomáinte/na n-acastóirí cúil tiomáinte chun mais tástála na feithicle a bhaint amach. Tá an t-ualú breise teoranta do 75 % den uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil don acastóir cúil. Beidh lamháltas de ± 5 % ann don mhais tástála.

Murar féidir meáchanlár an ualaithe bhreise a ailíniú le lár an acastóra cúil, ní rachaidh mais tástála na feithicle thar iomlán ualach an acastóra tosaigh agus an acastóra cúil nuair atá an fheithicil folamh chomh maith leis an ualú breise.

Is ionann an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil breis agus dhá acastóir acu agus an mhais tástála d'fheithiclí a bhfuil dhá acastóir acu.

M2, M3

mt = mro — mais an chomhalta foirne (más infheidhme)

nó i gcás go ndéantar tástáil ar fheithicil neamhiomlán nach bhfuil cabhalra aici,

mt = 50 kg in aghaidh an kW de chumhacht rátaithe innill faoi seach i gcomhréir leis na coinníollacha thuas (féach catagóir N2, N3).

3.2.2.   Ar iarraidh sin don iarratasóir measfar go mbeidh an fheithicil den chatagóir M2, M3, N2 nó N3 ionadaíoch ar a cineál iomlánaithe má dhéantar na tástálacha ar fheithicil neamhiomlán nach bhfuil cabhalra aici. I gcás tástála ar fheithicil neamhiomlán déanfar gach ábhar fuaimdhíonta lena mbaineann, painéil, comhpháirteanna agus córais laghdaithe torainn a fheistiú ar na feithiclí mar a dhear an monaróir iad ach amháin cuid den chabhalra a thógfar tráth níos faide anonn.

Ní bheidh gá le haon tástáil nua as los umar breosla breise a fheistiú nó an bunumar breosla a athlonnú ar an gcoinníoll nár athraíodh páirteanna nó struchtúir eile na feithicle ar dócha go ndéanfaidh siad difear d'astaíochtaí fuaime.

3.2.3.   Leagtar amach astaíochtaí fuaime ón rolladh bonn i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009. Beidh na boinn a úsáidfear don tástáil ionadaíoch don fheithicil agus roghnóidh monaróir na feithicle iad agus déanfar iad a thaifeadadh i bhFoscríbhinn 2 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo. Freagróidh siad do cheann de na méideanna bonn atá ainmnithe don fheithicil mar bhuntrealamh. Tá an cineál boinn sin ar fáil nó beidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála ar an margadh ag an am céanna leis an bhfeithicil (1). Teannfar na boinn go dtí an brú atá molta ag monaróir na feithicle do mhais tástála na feithicle. Beidh ar a laghad doimhneacht snáithe 1,6 mm ag na boinn.

3.2.4.   Sula dtosaítear ag déanamh na dtomhas, cuirfear an t-inneall ag obair faoina gnáthdhálaí oibrithe.

3.2.5.   Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.

3.2.6.   Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch ag roinnt leo, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus na tomhais á ndéanamh.

3.2.7.   Má tá an fheithicil feistithe le córas tosta ina bhfuil ábhair shnáithíneacha, ní mór cóireáil a dhéanamh ar an sceithchóras sula ndéantar an tástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

4.   MODHANNA TÁSTÁLA

4.1.   Torann ó fheithiclí atá ag gluaiseacht a thomhas

4.1.1.   Coinníollacha ginearálta tástála

Déanfar dhá líne, AA' agus BB', agus iad comhthreomhar le líne PP' agus suite 10 m faoi seach chun tosaigh ó líne PP' agus 10 m taobh thiar de líne PP', a mharcáil ar an rúidbhealach tástála.

Déanfar ar a laghad ceithre thomhas ar gach taobh den fheithicil agus do gach giar. Féadfar réamh-thomhas a dhéanamh chun críocha coigeartaithe, ach déanfar neamhshuim díobh sin.

Beidh an micreafón suite 7.5 m ± 0,05 m ó líne thagartha CC' ar an raon agus 1.2 m ± 0,02 m os cionn na talún.

Beidh an ais thagartha le haghaidh coinníollacha saora úsáide (féach IEC 61672-1:2002) cothrománach agus díreofar í go hingearach i dtreo chosán líne feithicle CC'.

4.1.2.   Coinníollacha sonracha tástála d'fheithiclí

4.1.2.1.   Feithiclí de chatagóirí M1, M2≤ 3 500 kg, N1

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Má tá an fheithicil feistithe le níos mó ná tiomáint dhá roth, déanfar é a thástáil faoin tiomáint atá beartaithe le haghaidh gnáthúsáide ar an mbóthar.

Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh láimhe cúnta nó le hacastóir ilghiaranna, úsáidfear an t-ionad a úsáidtear le haghaidh gnáth-thiomáint uirbeach. I ngach cás, eisiafar na cóimheasa giair le haghaidh gluaiseachtaí malla, le haghaidh páirceála nó le haghaidh coscánaithe.

Is ionann mais tástála na feithicle agus é sin atá leagtha amach sa Tábla i bpointe 3.2.1.

50 km/u ± 1 km/u atá sa luas tástála vtest. Bainfear an luas tástála amach nuair atá an pointe tagartha ag líne PP'.

4.1.2.1.1.   Cóimheas cumhachta/maise (PMR)

Déanfar PMR a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

PMR = (Pn/mt) × 1 000 i gcás ina dtomhaistear Pn i kW agus i gcás ina dtomhaistear mt i kg i gcomhréir le pointe 3.2.1 den Iarscríbhinn seo.

PMR, gan toise, chun luasghéarú a ríomh.

4.1.2.1.2.   Luasghéarú a ríomh

Beidh feidhm ag ríomhanna luasghéaraithe maidir le catagóirí M1, N1 agus M2 ≤ 3 500 kg amháin.

Déantar na luasghéaruithe go léir a ríomh agus an fheithicil ar luasanna éagsúla ar an raon tástála. Úsáidtear na foirmlí thíos chun awoti, awot i+1 agus awot test. a ríomh. Is é atá sa luas ag AA' nó PP' luas na feithicle nuair a théann an pointe tagartha thar AA' (vAA') nó PP' (vPP). Sainítear an luas ag BB' nuair a théann cúl na feithicle thar BB' (vBB'). Sonrófar an modh a úsáidtear chun an luasghéarú a ríomh sa tuarascáil tástála.

Mar gheall ar an sainmhíniú ar phointe tagartha na feithicle, san fhoirmle thíos meastar go bhfuil fad na feithicle difriúil (lveh). Más é tosach na feithicle an pointe tagartha, mar sin l = lveh, ag an lár: l = 1/2 lveh agus cúl: l = 0.

4.1.2.1.2.1   Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d'fheithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí athraitheacha leanúnacha (CTVanna) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:

awot test = ((vBB'/3.6)2 – (vAA'/3.6)2)/(2*(20+l))

Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test, i le linn gach babhta bhailí tomhais.

Is féidir réamh-luasghéarú a úsáid. Déanfar an pointe ag a mbeidh an luasaire brúite síos roimh líne AA' a thuairisciú sa tuarascáil.

4.1.2.1.2.2.   Is mar seo a leanas atá an nós imeachta um ríomh d'fheithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus traiseoltaí athraitheacha leanúnacha (CTVanna) a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte:

Is é a bheidh san awot test arna úsáid chun giaranna a roghnú meán na gceithre awot test, i le linn gach babhta bhailí tomhais.

I gcás inar féidir feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2 a úsáid chun traiseoladh a rialú chun na ceanglais tástála a chomhlíonadh, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

awot test

((vBB'/3.6)2 – (vAA'/3.6)2)/(2*(20+l))

Is féidir réamh-luasghéarú a úsáid.

I gcás nach n-úsáidtear feistí nó bearta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 4.1.2.1.4.2, déanfar awot test a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

awot_testPP-BB : ((vBB'/3.6)2 – (vPP'/3.6)2)/(2*(10+l))

Ní úsáidfear réamh-luasghéarú.

Tosófar ag brú síos an luasaire áit a dtéann pointe tagartha na feithicle thar líne AA'.

4.1.2.1.2.3.   Sprioc-luasghéarú

Sainítear leis an sprioc-luasghéarú a urban an luasghéarú tipiciúil i dtrácht uirbeach agus tá sé díorthaithe ó iniúchtaí staitistiúla. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle.

Déanfar an sprioc-luasghéarú a urban a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

a urban = 0,63 * log10 (PMR) – 0,09

4.1.2.1.2.4.   Luasghéarú tagartha

Sainítear leis an luasghéarú tagartha awot ref an luasghéarú ar ceangal é i rith na tástála luasghéaraithe ar an raon tástála. Braitheann a úsáid ar PMR na feithicle. Tá an fheidhm sin éagsúil do na catagóirí sonracha feithicle.

Déanfar an luasghéarú tagartha awot ref a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

 

a wot ref = 1,59 * log10 (PMR) –1,41 i gcás PMR ≥ 25

 

a wot ref = a urban = 0,63 * log10 (PMR) – 0,09 i gcás PMR < 25

4.1.2.1.3.   An fachtóir cumhachta páirtí kP

Úsáidtear an fachtóir cumhachta páirtí kP (féach pointe 4.1.3.1.) le haghaidh chomhcheangal ualaithe thorthaí na tástála luasghéaraithe agus na tástála luais sheasmhaigh i gcás feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1.

I ngach cás seachas i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, úsáidfear a wot ref seachas a wot test (féach pointe 4.1.3.1).

4.1.2.1.4.   Roghnú cóimheasa giair

Braitheann roghnú na gcóimheas giair don tástáil ar chumas sonrach luasghéaraithe na feithicle (awot) leis an scóig lánoscailte, i gcomhréir leis an luasghéaraithe thagartha awot ref is gá don tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte.

Tharlódh go mbeidh cláir éagsúla bhogearraí ag roinnt feithiclí nó modhanna éagsúla acu don traiseoladh (e.g. ceann spórtúil, ceann don gheimhreadh nó ceann oiriúnaitheach). I gcás ina bhfuil modhanna éagsúla ag an bhfeithicil lena mbaineann luasghéaruithe bailí, cruthóidh monaróir na feithicle, chun sástachta na seirbhíse teicniúla, go ndéantar an fheithicil a thástáil sa mhodh lena mbaintear amach an luasghéarú atá chomh cosúil le a wot ref agus is féidir.

4.1.2.1.4.1.   Feithiclí le traiseoltaí láimhe, traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha nó CVTanna a dhéantar a thástáil le cóimheasa giair glasáilte

Is féidir cóimheasa giair a roghnú mar seo a leanas:

(a)

má bhaineann luasghéarú le cóimheas giair ar leith ar luasghéarú é atá inchurtha leis an luasghéarú tagartha awotref ± 5 % agus nach dtéann thar 2,0 m/s2, déanfar an tástáil leis an gcóimheas giair sin.

(b)

murar féidir le haon cheann de na cóimheasa giair an luasghéarú is gá a sholáthar, ní mór cóimheas giair “i” a roghnú, a bhfuil cumas luasghéaraithe níos fearr ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha, agus cóimheas giair “i + 1”, a bhfuil luasghéarú níos measa ag baint leis ná mar a bhaineann leis an luasghéarú tagartha. Mura dtéann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 2,0 m/s2, ní mór an dá chóimheas a úsáid don tástáil. Déantar an cóimheas ualaithe i ndáil leis an luasghéarú tagartha awotref a ríomh mar seo a leanas:

k = (a wot ref – a wot (i+1))/(a wot (i) – a wot (i+1))

(c)

má théann luach an luasghéaraithe i gcóimheas giair “i” thar 2,0m/s2, úsáidfear an chéad chóimheas giair a bhfuil luasghéarú níos lú ná 2,0 m/s2 aige ach amháin má tá luasghéarú níos lú ná aurban.ag baint le cóimheas giair “i + 1”. Sa chás sin, úsáidfear an dá ghiar, i agus i+ 1, lena n-áirítear giar “i” le luasghéarú a théann thar 2,0 m/s2. I gcásanna eile, ní úsáidfear aon ghiar eile. Úsáidfear an luasghéarú awot test a bhaintear amach le linn na tástála seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí kP a ríomh.

(d)

má tá traiseoladh ag an bhfeithicil le nach féidir ach cóimheas giair amháin a roghnú, déanfar an tástáil luasghéaraithe sa ghiar sin. Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála ansin seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kP) a ríomh.

(e)

má sháraítear an luas rátaithe innill i gcóimheas giair sula dtéann an fheithicil thar líne BB' úsáidfear an chéad ghiar eile is airde ná sin.

4.1.2.1.4.2.   Feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte

Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch.

Déanfar luach luasghéarú thástáil awot a ríomh mar atá sainithe i bpointe 4.1.2.1.2.2.

Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n-úsáidtear i dtrácht uirbeach.

Dá bhrí sin, ceadófar bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.

Beidh an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (tástáil awot) cothrom le aurban nó níos mó ná sin.

Más féidir, déanfaidh an monaróir bearta le cinntiú nach mbeidh luach luasghéaraithe awot test níos mó ná 2,0 m/s2.

Úsáidfear an luasghéarú a bhaintear amach le linn na tástála (a wot test) ansin seachas awot ref chun an fachtóir cumhachta páirtí (kp) a ríomh (féach pointe 4.1.2.1.3.).

4.1.2.1.5.   Tástáil luasghéaraithe

Saineoidh an monaróir suíomh an phointe thagartha os comhair líne AA' ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (chomh sciobtha agus is féidir) nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle an pointe sainithe. Coinneofar brú ar an luasaire sa dóigh sin go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'. Scaoilfear amach an luasaire ina dhiaidh sin chomh sciobtha agus is féidir. Déanfar an pointe ag a mbeidh an luasaire brúite síos go hiomlán a thuairisciú sa tuarascáil. Beidh deis ag an tseirbhís theicniúil réamh-thástáil a dhéanamh.

I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.

4.1.2.1.6.   Tástáil luais sheasmhaigh

Déanfar an tástáil luais sheasmhaigh leis an ngiar/leis na giaranna céanna a shonraítear don tástáil luasghéaraithe agus ar luas seasmhach de 50 km/h ± 1km/h idir líne AA' agus líne BB'. Le linn na tástála luais sheasmhaigh déanfar an luasghéarú a rialú sa dóigh is go gcoinneofar luas seasmhach idir líne AA' agus líne BB' mar atá sonraithe. Má tá an giar glasáilte do thástáil an luasghéaraithe beidh an giar céanna glasáilte do thástáil an luais sheasmhaigh.

Ní gá an tástáil luais sheasmhaigh a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a PMR < 25.

4.1.2.2.   Feithiclí de chatagóirí M2 > 3 500 kg, M3, N2, N3

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh géar agus is féidir le linn na tástála, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'. Déanfar an tástáil gan leantóir ná leathleantóir. Mura féidir leantóir a bhaint den fheithicil tarraingthe, ní chuirfear an leantóir san áireamh nuair a dhéantar an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB' a mheas. Má tá an fheithicil feistithe le trealamh amhail meascthóir coincréite, comhbhrúiteoir, etc., ní bheidh an trealamh sin ag obair le linn na tástála. Déanfar mais tástála na feithicle a leagan amach sa tábla i bpointe 3.2.1.

Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M2 > 3 500 kg, N2

Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill nBB idir 70 % agus 74 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/u ± 5km/u a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.

Sprioc-choinníollacha do chatagóirí M3, N3:

Nuair a théann an pointe tagartha thar líne BB' beidh luas an innill nBB idir 85 % agus 89 % de luas S, ar luas é sin ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht rátaithe amach, agus 35 km/u ± 5km/u a bheidh i luas na feithicle. Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí idir líne AA' agus líne BB'.

4.1.2.2.1.   Roghnú cóimheasa giair

4.1.2.2.1.1.   Feithiclí le traiseoltaí láimhe

Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Déanfar an giar a roghnú trí na sprioc-choinníollacha. Má tá an difríocht sa luas níos mó ná an lamháltas atá leagtha amach déanfar dhá ghiar a thástáil, i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná an spriocluas agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná an spriocluas.

Má chomhlíonann níos mó ná giar amháin na sprioc-choinníollacha, úsáideofar an giar a bhfuil luas aige is giorra do 35km/u. Mura gcomhlíonann aon ghiar an sprioc-choinníoll do vtest déanfar dhá ghiar a thástáil i.e. giar amháin lena mbaineann luas níos gasta ná vtest agus giar eile lena mbaineann luas níos moille ná vtest. Ní mór spriocluas an innill a bhaint amach sna cásanna uile.

Áiritheofar go gcoinnítear an luasghéarú cobhsaí. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí i ngiar áirithe, déanfar neamhshuim den ghiar sin.

4.1.2.2.1.2.   Feithiclí a bhfuil traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí uathoibríocha agus CVTanna acu

Cuirfear roghnóir na ngiaranna sa ghiar le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch. Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go ceann níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Seachnófar athrú giair go cóimheas giair nach n-úsáidtear i dtrácht uirbeach i gcás an choinníll shonraigh tástála. Dá bhrí sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, chun athrú síos go cóimheas giair nach gnách a úsáid i gcás an choinníll shonraigh tástála i dtrácht uirbeach a chosc.

Má tá an fheithicil feistithe le traiseoladh de chineál nach bhfuil ach aon roghnú giair (tiomáint) ag baint leis, a chuireann teorainn le luas an innill le linn na tástála, ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Má úsáideann an fheithicil inneall agus traiseoladh le chéile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointe 4.1.2.2.1.1., ní úsáidfear ach spriocluas na feithicle chun an fheithicil a thástáil. Is ionann spriocluas na feithicle (vBB') don tástáil agus 35km/h ± 5km/u. Is féidir athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle tar éis do phointe tagartha na feithicle dul thar líne PP'. Déanfar dhá thástáil: i gceann acu beidh an luas deiridh vtest = vBB' + 5 km/u, agus sa cheann eile beidh an luas deiridh, vtest = vBB' – 5 km/u. Is éard a bheidh sa leibhéal fuaime tuairiscithe toradh na tástála a bhain amach an luas innill is airde le linn na tástála ó líne AA' go líne BB'.

4.1.2.2.2.   Tástáil luasghéaraithe

Nuair a shroicheann pointe tagartha na feithicle líne AA', beidh an luasaire brúite síos go hiomlán (gan athrú síos go giar níos ísle ná mar a úsáidtear de ghnáth le haghaidh tiomáint uirbeach) agus coinneofar é brúite síos go hiomlán mar sin go dtéann cúl na feithicle thar líne BB', ach beidh an pointe tagartha ar a laghad 5 m taobh thair de líne BB' go fóill féin. Scaoilfear amach an luasaire ansin.

I gcás feithicle altaí atá comhdhéanta de dhá aonad nach bhfuil indeighilte agus a mheastar a bheith ina feithicil aonair, déanfar neamhshuim den leathleantóir nuair a chinntear an pointe ag a dtéann an fheithicil thar líne BB'.

4.1.3.   Torthaí a léirmhíniú

Déanfar nóta den leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin ”A” arna léiriú gach uair a thaistealaíonn an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB'. Má bhraitear buaic sa torann nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhas. Déanfar ar a laghad ceithre thomhas do gach coinníoll tástála ar gach taobh den fheithicil agus do gach cóimheas giair. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh. Úsáidfear na chéad cheithre thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (féach pointe 3.1.), úsáidfear na chéad cheithre thomhas sin chun an toradh deiridh don taobh den fheithicil atá i gceist a ríomh. Déanfar na torthaí do gach taobh a mheánú ar leithligh. Is éard atá sa toradh idirmheánach an luach is airde den dá mheán arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.

Déanfar nóta de na tomhais luais ag AA', BB' agus ag PP' agus úsáidfear iad i ríomhaireachtaí go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil.

Déanfar nóta den luasghéarú ríofa awot test go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil.

4.1.3.1.   Feithiclí i gcatagóir M1, i gcatagóir N1 agus i gcatagóir M2 ≤ 3 500 kg

Is mar seo a leanas a dhéanfar na luachanna don tástáil luasghéaraithe agus don tástáil luais sheasmhaigh a ríomh:

 

Lwot rep = Lwot (i+1) + k * (Lwot(i) – Lwot (i+1))

 

Lcrs rep = Lcrs(i+1) + k * (Lcrs (i) – Lcrs (i+1))

Agus is ionann k agus (awot ref – awot (i+1))/(awot (i) – awot (i+1))

I gcás tástála ar chóimheas giair aonair is ionann na luachanna agus toradh gach tástála.

Déantar an toradh deiridh a ríomh trí Lwot rep. agus Lcrs rep. a chur le chéile. Seo a leanas an chothromóid:

Lurban = Lwot rep – kP * (Lwot rep – Lcrs rep)

Leis an bhfachtóir ualúcháin (kP), soláthraítear an fachtóir cumhachta páirtí le haghaidh tiomáint uirbeach. Ach amháin i gcás tástála ar chóimheas giair aonair, déantar kP a ríomh mar seo a leanas:

kP = 1 – (aurban/awot ref)

Mura sonraítear ach aon ghiar amháin don tástáil is mar seo a leanas a dhéantar kP a ríomh:

kP = 1 – (aurban/awot test)

I gcásanna ina bhfuil awot test níos lú ná aurban:

kP = 0

4.1.3.2.   Feithiclí de chatagóirí M2 > 3 500 kg, M3, N2, N3

Nuair a dhéantar giar amháin a thástáil is ionann an toradh deiridh agus an toradh idirmheánach. Nuair a dhéantar dhá ghiar a thástáil, déanfar meán uimhríochtúil na dtorthaí idirmheánacha a ríomh.

4.2.   Torann feithiclí atá ina stad a thomhas

4.2.1.   Leibhéal fuaime i gcóngar feithiclí

Cuirfear torthaí na dtomhas isteach sa tuarascáil tástála dá dtagraítear san Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

4.2.2.   Tomhais fuaime

Úsáidfear beachtmhéadar fuaimleibhéil, nó córas tomhais coibhéiseach, mar a shainítear i bpointe 2.1, chun na tomhais a dhéanamh

4.2.3.   Láthair tástála — coinníollacha áitiúla dá dtagraítear i bhFigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn.

4.2.3.1.   Ní bheidh aon bhacainn ann, i gcóngar an mhicreafóin, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an réimse fuaime agus ní bheidh aon duine suite idir an micreafón agus foinse an torainn. Beidh an breathnóir ar an méadar suite sa dóigh is nach n-imreoidh sé tionchar ar léamh an mhéadair.

4.2.4.   Torann ó chorraíl agus trasnaíocht ón ngaoth

Beidh aon léamh ar na huirlisí tomhais ó thorann comhthimpeallach agus ón ngaoth ar a laghad10 dB(A) níos lú ná an leibhéal fuaime atá le tomhas. Féadfar gaothscáth oiriúnach a fheistiú ar an micreafón ar an gcoinníoll go gcuirfear an tionchar atá aige ar íogaireacht an mhicreafóin san áireamh (féach pointe 2.1.).

4.2.5.   Modh tomhais

4.2.5.1.   Cineál agus líon na dtomhas

Déanfar an uasleibhéal fuaime arna shloinneadh i ndeicibeilí de réir an chuair ualúcháin A-(dB(A)) a thomhas le linn na tréimhse oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe 4.2.5.3.2.1.

Déanfar trí thomhas ar a laghad ag gach pointe tomhais.

4.2.5.2.   Suíomh agus ullmhú na feithicle

Beidh an fheithicil suite i lár na láithreach tástála sa ghiar neodrach agus an chrág greamaithe. Má fhágann dearadh na feithicle nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar an fheithicil a thástáil i gcomhréir le saintreoracha an mhonaróra do thástáil inneall agus an fheithicil ina stad. Sula ndéantar gach sraith tomhas, cuirfear an t-inneall ag obair faoina ghnáthdhálaí oibrithe, mar atá sainithe ag an monaróir.

Má tá an fheithicil feistithe le gaothrán nó le gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch acu, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus an leibhéal fuaime á thomhas.

Má tá cochall innill nó cumhdach urrainne ann beidh sé dúnta.

4.2.5.3.   Torann a thomhas i gcóngar an sceithchórais dá dtagraítear i bhfigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn.

4.2.5.3.1.   Suíomhanna an mhicreafóin

4.2.5.3.1.1.   Beidh an micreafón suite 0,5m ± 0,01 ó phointe tagartha an sceithphíobáin atá sainithe i bhFigiúr 2 agus i bhFigiúr 3a go Figiúir 3d den Fhoscríbhinn, agus ar uillinn 45° (± 5o) leis an tsreabh-ais ag deireadh an phíobáin. Beidh an micreafón ar chomhard leis an bpointe tagartha, ach ní bheidh sé níos lú ná 0.2m ó dhromchla na talún. Beidh ais tagartha an mhicreafóin suite ar phlána comhthreomhar le dromchla na talún agus beidh sí dírithe i dtreo an phointe thagartha ar an sceith-easrais. Má tá dhá shuíomh féideartha ann don mhicreafón, úsáidfear an ceann is faide go taobhach ó fhad-lárlíne na feithicle. Má tá sreabh-ais na sceith-easraise ar uillinn 90° le fad-lárlíne na feithicle, beidh na micreafón suite ag an bpointe is faide ón inneall.

4.2.5.3.1.2.   I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras acu a bhfuil easraisí aige a bhfuil níos mó ná 0,3 m eatarthu, déanfar tomhas do gach easrais. Déanfar an leibhéal is airde a thaifeadadh.

4.2.5.3.1.3.   I gcás sceithchórais a thagann le dhá easrais nó níos mó a bhfuil spás níos mó ná 0,3m eatarthu agus atá nasctha leis an gcóras tosta céanna, ní dhéanfar ach an t-aon tomhas amháin; baineann suíomh an mhicreafóin leis an easrais is cóngaraí do cheann de chiumhaiseanna forimeallacha na feithicle nó, mura bhfuil a leithéid d'easrais ann, baineann an suíomh leis an easrais is airde os cionn na talún.

4.2.5.3.1.4.   I gcás feithiclí a bhfuil sceithchóras ingearach acu (feithiclí tráchtála mar shampla), cuirfear an micreafón ar chomhard leis an sceith-easrais. Beidh an ais ingearach agus dírithe in airde. Cuirfear é 0,5m ± 0,01m ó phointe tagartha an sceithphíobáin, ach ní bheidh sé riamh níos lú ná 0,2m ón taobh sin den fheithicil is cóngaraí don sceithchóras.

4.2.5.3.1.5.   I gcás sceith-easraisí atá suite faoi chabhail na feithicle, beidh an micreafón suite ar a laghad 0,2m ón gcuid den fheithicil is cóngaraí, ag an bpointe is cóngaraí do phointe tagartha an sceithphíobáin ach nach bhfuil níos lú ná 0,5m uaidh sin, agus atá 0,2m os cionn na talún agus nach bhfuil ar shreabh-ais an sceithchórais. Murar féidir an méid sin a dhéanamh go fisiciúil ní gá an ceanglas uilleachais i bpointe 4.2.5.3.1.1. a chomhlíonadh.

4.2.5.3.1.6.   Samplaí de shuíomh an mhicreafóin, ag brath ar shuíomh an sceithphíobáin, tugtar iad i Léaráidí 3a-3d den Fhoscríbhinn.

4.2.5.3.2.   Dálaí oibrithe an innill

4.2.5.3.2.1.   Spriocluas an innill

75 % de luas innill S d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≤ 5 000min-1

3 750min-1 d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá os cionn 5 000min-1 agus faoi bhun 7 500min-1

50 % de luas innill S d'fheithiclí a bhfuil luas rátaithe innill acu atá ≤ 5 000nóim-1.

Mura féidir leis an bhfeithicil an luas sin a bhaint amach, beidh spriocluas an innill 5 % níos lú ná uasluas féideartha an innill don tástáil agus an fheithicil ina stad.

4.2.5.3.2.2.   Nós imeachta tástála

Ardófar luas an innill de réir a chéile ó luas réchasta go spriocluas an innill, gan dul thar ± 3 % de spriocluas an innill, agus coinneofar seasta é ansin. Ansin scaoilfear rialú na scóige go sciobtha agus rachaidh luas an innill ar ais go luas réchasta. Déanfar leibhéal na fuaime a thomhas le linn tréimhse oibriúcháin ina mbeidh luas seasta á choinneáil ag an inneall ar feadh soicindamháin agus ar feadh na tréimhse luasmhoillithe ar fad. Is é an léamh is airde ón méadar fuaimleibhéil le linn na tréimhse feidhmithe sin a bheidh ina luach tástála arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.

4.2.5.3.2.3.   Bailíochtú tástála

Measfar go bhfuil an tomhas bailí mura n-imíonn luas innill na tástála níos mó ná ± 3 % ó spriocluas an innill ar feadh aon soicind ar a laghad.

4.2.6.   Torthaí

Déanfar trí thomhas ar a laghad do gach suíomh tástála. Taifeadfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin ”A” le linn gach ceann de na trí thomhas a dhéanamh. Úsáidfear na chéad trí thomhas chomhleantacha bhailí, laistigh de 2 dB(A), agus ceadófar torthaí neamhbhailí a scriosadh (ag cur sonraíochtaí na láithreach tástála san áireamh mar atá leagtha amach i bpointe 3.1.), úsáidfear na chéad trí thomhas sin chun an toradh deiridh don suíomh atá i gceist a ríomh. Is é a bheidh sa toradh deiridh uasleibhéal fuaime na dtrí thomhas, do gach suíomh tástála.

5.   Torann ó fheithiclí hibrideacha leictreacha de chatagóirí M1 agus iad ag gluaiseacht, nuair nach féidir le hinneall dócháin inmheánaigh feidhmiú nuair atá an fheithicil ina stad (sonraí a thuairiscítear chun tástáil na feithicle a éascú agus í á húsáid).

5.1.   Chun tástáil chomhlíonachta in-úsáide feithiclí hibrideacha leictreacha a éascú — i gcás nach féidir don inneall dócháin inmheánaigh oibriú nuair atá an fheithicil ina stad — tagraítear don fhaisnéis a leanas a bhaineann le tomhais leibhéil fuaimbhrú a dhéantar i gcomhréir le pointe 4.1 d'Iarscríbhinn II do mhótarfheithiclí ag gluaiseacht dá dtagraítear mar shonraí tagartha comhlíonachta in-úsáide:

(a)

giar (i) nó, i gcás feithiclí a thástáiltear le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte, suíomh roghnóir na ngiaranna a roghnaítear don tástáil;

(b)

suíomh na laisce oibriúcháin agus leibhéal fuaimbhrú Lwot,(i) á thomhas (má tá lasc feistithe);

(c)

fad an réamhluasghéaraithe lPA in m;

(d)

meánluas na feithicle in km/u ag tús an luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte do thástálacha i ngiar (i); agus

(e)

leibhéal fuaimbhrú Lwot,(i) in dB(A) de na tástálacha leis an scóig lánoscailte i ngiar (i), arna shonrú mar uasmhéid an dá luach de thoradh ar mheán na dtorthaí tomhais aonair a fháil ag gach suíomh micreafóin ar leithligh.

5.2.   Déanfar na sonraí tagartha comhlíonachta inúsáide a iontráil sa teastas chineálcheadú AE dá sonraítear i bpointe 2.3 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I.


(1)  Ós rud é go gcuireann na boinn go mór le hastaíochtaí fuaime na feithicle, ní mór aird a thabhairt ar fhorálacha rialála atá ann cheana agus a bhaineann le astaíochtaí fuaime bonn/bóthair. Eisiafar boinn tarraingthe, boinn sneachta agus boinn úsáide speisialta mar a shainmhínítear iad i mír 2 de Rialachán UNECE Uimh 117 agus tomhais á ndéanamh maidir le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta, i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh 117 (IO L 307, 23.11.2011, lch. 3).

Foscríbhinn

Figiúirí

Image Image

T

=

radharc ón mbarr

S

=

radharc ón taobh

A

=

píobán méadraithe

B

=

píobán atá cuartha síos

C

=

píobán díreach

D

=

píobán ingearach

1

=

pointe tagartha

2

=

dromchla an bhóthair

Image Image Image Image

Figiúirí 3 a — d

:

Samplaí de shuíomh an mhicreafóin, ag brath ar shuíomh an sceithphíobáin.


IARSCRÍBHINN III

LUACHANNA TEORAINNEACHA

Ní sháróidh an leibhéal fuaime arna thomhas i gcomhréir leis na forálacha in Iarscríbhinn II, arna slánú go dtí an tslánuimhir is gaire, na teorainneacha seo a leanas:

Catagóir feithicle

Tuairisc ar an gcatagóir feithicle

Luachanna teorainneacha arna sloinneadh i dB(A)

[deicibeilí (A)]

 

 

Beidh céim 1 infheidhme do chineálacha nua feithiclí ón 1 Iúil 2016

Beidh céim 2 infheidhme do chineálacha nua feithiclí ón 1 Iúil 2020 agus don chéad chlárú ón 1 Iúil 2022

Beidh céim 3 infheidhme do chineálacha nua feithiclí ón 1 Iúil 2024 agus don chéad chlárú ón 1 Iúil 2026

M

Feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar

 

 

 

M1

cóimheas cumhachta/maise

≤ 120 kW/1 000kg

72 (1)

70 (1)

68 (1)

M1

120 kW/1 000kg < cóimheas cumhachta/maise ≤ 160 kW/1 000kg

73

71

69

M1

160 kW/1 000kg < cóimheas cumhachta/maise

75

73

71

M1

cóimheas cumhachta/maise > 200 kW/1 000kg

líon na suíochán ≤ 4

R-phointe shuíochán an tiománaí ≤ 450 mm ón talamh

75

74

72

M2

mais ≤ 2 500 kg

72

70

69

M2

2 500 kg < mais ≤ 3 500 kg

74

72

71

M2

3 500 kg < mais ≤ 5 000 kg;

cumhacht rátaithe innill ≤ 135 kW

75

73

72

M2

3 500 kg < mais ≤ 5 000 kg;

cumhacht rátaithe innill > 135 kW

75

74

72

M3

cumhacht rátaithe innill ≤ 150 kW

76

74

73 (2)

M3

150 kW < cumhacht rátaithe innill ≤ 250 kW

78

77

76 (2)

M3

cumhacht rátaithe innill > 250 kW

80

78

77 (2)

N

Feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar

 

 

 

N1

mais ≤ 2 500 kg

72

71

69

N1

2 500 kg < mais ≤ 3 500 kg

74

73

71

N2

cumhacht rátaithe innill ≤ 135 kW

77

75 (2)

74 (2)

N2

cumhacht rátaithe innill > 135 kW

78

76 (2)

75 (2)

N3

cumhacht rátaithe innill ≤ 150 kW

79

77

76 (2)

N3

150 kW < cumhacht rátaithe innill ≤ 250 kW

81

79

77 (2)

N3

cumhacht rátaithe innill > 250 kW

82

81

79 (2)

Déanfar luachanna teorainneacha a mhéadú le 1 dB (2 dB(A) do chatagóirí N3 agus M3) i gcás feithiclí atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ábhartha ar fheithiclí easbhóthair atá leagtha amach i bpointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Maidir le feithiclí de chineál M1, ní bheidh na luachanna teorainneacha méadaithe d'fheithiclí easbhóthair bailí ach amháin má tá an uasmhais ualaitheincheadaithe go teicniúil níos mó ná 2 thona.

Déanfar luachanna teorainneacha a mhéadú le 2 db(A) i gcás feithiclí atá oiriúnach do chathaoireacha rotha agus i gcás feithiclí armúrtha, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.


(1)  Feithiclí M1 atá díorthaithe ó fheithiclí N1:

Feithiclí M1 le pointe R > 850 mm ón talamh agus le mais ualaithe incheadaithe nach mó ná 2 500 kg, ní mór dóibh luachanna teorainneacha N1 (2 500 kg < mais ≤ 3 500 kg) a chomhlíonadh.

(2)  + dhá bhliain do chatagóir nua feithicle agus + bliain amháin i gcás feithiclí nua a chlárú.


IARSCRÍBHINN IV

CÓRAIS TOSTA INA BHFUIL ÁBHAIR SHNÁITHÍNEACHA IONSÚITE FUAIME

1.   GINEARÁLTA

Is féidir ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime a úsáid i gcórais tosta nó i gcomhpháirteanna de chórais den chineál sin má chomhlíontar aon cheann den dá choinníoll seo a leanas:

(a)

ní théann an gás sceite i dteagmháil leis na hábhair shnáithíneacha; nó

(b)

baineann an córas tosta nó comhpháirteanna de leis an bhfine dheartha chéanna leis na córais nó leis na comhpháirteanna ar cruthaíodh ina leith, le linn an phróisis cineálcheadaithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo maidir le cineál eile feithicle, nach dtagann meathlú orthu.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i bpointe (a) ná i bpointe (b) den chéad fhomhír, cuirfear an córas iomlán tosta nó na comhpháirteanna de isteach le haghaidh gnáthriochtú ag úsáid ceann de na trí shuiteáil agus nós imeachta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 1.1, 1.2 agus 1.3.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, measfar gur den fhine dheartha chéanna iad grúpa de chórais tosta nó de comhpháirteanna de nuair is ionann do na saintréithe seo uile a leanas iontu:

(a)

sreabhadh glan gáis a bheith ann, ar de na gáis sceite é, tríd an ábhar snáithíneach ionsúiteach nuair a bhíonn sé i dteagmháil leis an ábhar sin;

(b)

an cineál snáithíní;

(c)

más infheidhme, sonraíochtaí an cheanglóra;

(d)

meántoisí na snáithíní;

(e)

dlús pacáistíochta íosta na snáithíní i mbulc de réir kg/m3;

(f)

an dromchla teagmhála uasta idir an sreabhadh gáis agus an t-ábhar ionsúiteach;

1.1.   Oibríocht leanúnach bóthair ar feadh 10 000 km.

1.1.1.   Tiomáint uirbeach a bheidh i gceist le 50 ± 20 % den oibríocht sin, agus cúrsaí fad-achair ar ardluas a bheidh sa chuid eile; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad oibríochta leanúnaí bóthair.

1.1.2.   Déanfar an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi dhó.

1.1.3.   Áireofar ar a laghad 10 sos de thrí uair an chloig sa clár don tástáil iomlán d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.

1.2.   Riochtú ar bhinse tástála

1.2.1.   Ag baint úsáide as codanna caighdeánacha agus ag comhlíonadh treoracha monaróra na feithicle, feisteofar an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d'Iarscríbhinn I nó an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn I leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. I gcás na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.3 d'Iarscríbhinn I, déanfar an fheithicil a ghléasadh ar dhinimiméadar rollála. I gcás innill dá dtagraítear i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn I, déanfar an t-inneall a chúpláil le dinimiméadar.

1.2.2.   Déanfar an tástáil i sé thréimhse, agus gach ceann acu sé-huaire ar fad, agus sos de dhá uair déag idir gach tréimhse d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.

1.2.3.   Le linn gach tréimhse sé huaire, cuirfear an t-inneall ag obair, faoi na coinníollacha seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

Cúig nóiméad ar luas réchasta;

(b)

Sraith-aon uaire faoi 1/4 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(c)

Sraith-aon uaire faoi 1/2 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(d)

Sraith 10 nóiméad faoi lánualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(e)

Sraith 15 nóiméad faoi 1/2 den ualach ar uasluas rátaithe (S);

(f)

Sraith 30 nóiméad faoi 1/4 den ualach ar uasluas rátaithe (S).

Fad iomlán na sé shraith: sé huaire an chloig.

Is é a bheidh i ngach tréimhse dhá shraith sheicheamhacha de na coinníollacha sin in ord comhleantach ó (a) go (f).

1.2.4.   Le linn na tástála, ní dhéanfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le brúshéideadh lena ionsamhlaítear gnáth-aershreabh mórthimpeall na feithicle. Mar sin féin, ar iarratas ón monaróir, féadfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le nach sárófar an teocht arna taifeadadh ag an ionraon nuair atá an fheithicil ag rith ar uasluas.

1.3.   Riochtú trí fhrithbhualadh

1.3.1.   Beidh an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d'Iarscríbhinn I nó an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4. d'Iarscríbhinn I feistithe leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. Sa chéad chás beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála.

Sa dara cás beidh an t-inneall gléasta ar dhinimiméadar. Beidh an gaireas tástála, dá bhfuil léaráid mhionsonraithe i bhFigiúr 1 san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, beidh sé feistithe ag easrais an chórais tosta. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.

1.3.2.   Déanfar an gaireas tástála a choigeartú sa dóigh is go ndéanfar sreabhadh an gháis sceite a stopadh agus a chur ar siúl arís leis an gcomhla mhearoscailte ar feadh 2 500 timthriall.

1.3.3.   Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire intógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 0,35 agus 0,40 kPa. Dúnfaidh sí nuair nach bhfuil níos mó ná 10 % de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.

1.3.4.   Ní mór an lasc aga-mhoillithe a bheith ar siúl ar feadh sceitheadh an gháis a sceitheann mar gheall ar na forálacha atá leagtha síos i bpointe 1.3.3.

1.3.5.   Is é a bheidh i luas an innill 75 % den luas (S) ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht amach.

1.3.6.   Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 % den chumhacht leis an scóig lánoscailte arna tomhas ag 75 % de luas an innill (S).

1.3.7.   Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.

1.3.8.   Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair.

Más gá, beidh aon tréimhse fuaraithe amháin ann tar éis gach uaire.

Foscríbhinn

Image

IARSCRÍBHINN V

TORANN AN AEIR CHOMHBHRÚITE

1.   MODH TOMHAIS

Déantar an tomhas agus micreafón ag suíomh 2 agus ag suíomh 6 mar a léirítear i bhFigiúr 1 den Fhoscríbhinn leis an bhfeithicil ina stad. Déanfar an leibhéal fuaime is airde atá ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” a chlárú le linn scaoileadh an rialtóra brú agus le linn aeráil a dhéanamh tar éis na príomhchoscáin agus na coscáin páirceála a úsáid.

Déantar an torann nuair a scaoiltear an rialtóir brú a thomhas leis an inneall ag oibriú ar luas réchasta. Déantar an torann ón aeráil a chlárú fad is atá na príomhchoscáin agus na coscáin páirceála in úsáid; sula ndéantar gach tomhas, ní mór an t-aer-chomhbhrúiteoir a chur ag obair ag an mbrú oibrithe is airde atá ceadaithe, agus ansin múchtar an t-inneall.

2.   MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR NA TORTHAÍ

Déantar dhá thomhas do gach suíomh micreafóin. Mar chúiteamh ar mhíchruinneas sa trealamh tomhais, laghdaítear léamh an mhéadair 1 dB(A), agus is é an luach laghdaithe a nglacfar leis mar thoradh an tomhais. Meastar go bhfuil na torthaí bailí má tá an difríocht idir na tomhais ag suíomh micreafóin amháin níos lú ná 2dB (A). Is é an luach is airde a nglacfar leis mar thoradh. Má tá an luach sin níos mó ná 1 dB(A) níos mó ná teorainn an leibhéil fuaime torainn déanfar dhá thomhas eile ag an suíomh micreafóin lena mbaineann. Sa chás sin, ní mór do thrí thoradh as na ceithre cinn arna bhfáil ag an suíomh sin cloí le teorainn an leibhéil fuaime.

3.   LUACH TEORANTACH

Ní bheidh an fuaimleibhéal níos mó ná 72 dB(A).

Foscríbhinn

Figiúr 1: Suíomhanna an mhicreafóin chun torann an aeir chomhbhrúite a thomhas

Image

Déantar an tomhas ag an bhfeithicil agus í ina stad i gcomhréir le Figiúr 1, ag úsáid dhá shuíomh micreafóin atá 7 m ó chomhrian na bhfeithiclí agus 1,2 m os cionn na talún.


IARSCRÍBHINN VI

SEICEÁLACHA AR CHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA I GCOMHAIR FEITHICLÍ

1.   GINEARÁLTA

Tá ceanglais na hIarscríbhinne seo ag teacht leis an tástáil atá le déanamh chun comhréireacht táirgeachta (COP) a sheiceáil i gcomhréir le pointe 5 d'Iarscríbhinn I.

2.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Is iad an láthair tástála agus na huirlisí tomhais a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn II a úsáidfear.

2.1.   Beidh an fheithicil/na feithiclí atá á dtástáil faoi réir na tástála chun fuaim feithiclí atá ag gluaiseacht a thomhas, mar atá leagtha amach i bpointe 4.1 d'Iarscríbhinn II.

2.2.   Torann an aeir chomhbhrúite

Aon fheithiclí a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil níos mó ná 2 800 kg acu agus atá feistithe le córais aeir chomhbhrúite, beidh siad faoi réir na tástála breise chun torann an aeir chomhbhrúite a thomhas a dhéanamh orthu, mar atá leagtha amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn V.

2.3.   Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime

Déanfaidh monaróir na feithicle comhréireacht leis na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) a mheas trí mheastóireacht iomchuí a dhéanamh nó féadfaidh sé an tástáil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn VII a dhéanamh.

3.   SAMPLÁIL AGUS MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR NA TORTHAÍ

Ní mór feithicil amháin a roghnú agus a chur faoi na tástálacha atá leagtha amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo. Mura sáraíonn leibhéal fuaime na feithicle a thástáiltear an luach teorainneach atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe 3 d'Iarscríbhinn V, measfar go gcomhlíonann an cineál feithicle ceanglais an Rialacháin seo.

Mura gcomhlíonann torthaí ceann de na tástálacha na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, déanfar dhá fheithicil den chineál céanna a thástáil de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo.

Má chomhlíonann torthaí na dtástálacha don dara agus don tríú feithicil na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, measfar go bhfuil an fheithicil i gcomhréir leis na forálacha comhréireachta táirgeachta.

Mura gcomhlíonann na torthaí tástála ón dara nó ón tríú feithicil na ceanglais comhréireachta táirgeachta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, measfar nach gcomhlíonann an cineál feithicle ceanglais an Rialacháin seo agus déanfaidh an monaróir na bearta is gá chun comhréireacht leis an Rialachán a athbhunú.


IARSCRÍBHINN VII

MODH TOMHAIS CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR CHOMHLÍONADH NA BHFORÁLACHA BREISE MAIDIR LE HASTAÍOCHT FUAIME

1.   GINEARÁLTA

Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar mhodh tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an fheithicil na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime (ASEP) atá leagtha amach in Airteagal 7.

Níl sé éigeantach tástálacha iarbhír a dhéanamh agus iarratas á dhéanamh ar chineálcheadú AE. Síneoidh an monaróir an dearbhú comhlíontachta atá leagtha amach san Fhoscríbhinn. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe faisnéis bhreise a iarraidh faoin dearbhú comhlíontachta agus féadfaidh sé na tástálacha a ndéantar cur síos orthu thíos a dhéanamh.

Tá gá le tástáil a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn II don nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Déanfar an tástáil atá sonraithe in Iarscríbhinn II ar an raon tástála céanna faoi choinníollacha ar nós na gcoinníollacha a éilítear sna tástálacha a fhorordaítear san Iarscríbhinn seo.

2.   MODH TOMHAIS

2.1   Uirlisí tomhais agus coinníollacha tomhais

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, is ionann na huirlisí tomhais, na coinníollacha tomhais agus riocht na feithicle agus iad sin a shonraítear i bpointe 2 agus i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II.

Má tá aon mhodh éagsúil ar an bhfeithicil a dhéanfaidh difear d'astaíocht fuaime, comhlíonfaidh na modhanna ar fad na ceanglais atá san Iarscríbhinn seo. I gcás ina rinne an monaróir tástálacha chun a chruthú d'údarás an cheadaithe go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh aige, tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáideadh sna tástálacha sin i dtuarascáil ar an tástáil.

2.2.   Modh tástála

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, úsáidfear na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá i bpointí 4.1 go 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II. Chun críche na hIarscríbhinne seo, déanfar tástálacha aonair a thomhas agus a mheas.

2.3.   Raon rialaithe

Is iad seo a leanas na coinníollacha oibríochta:

Luas na feithicle VAA ASEP:

vAA ≥ 20 km/u

Luasghéarú na feithicle awot ASEP:

awot ≤ 5.0 m/s2

Luas an innill nBB ASEP

nBB ≤ 2.0 * PMR-0.222* s nó

nBB ≤ 0,9 * s, cibé acu is ísle

Luas na feithicle VAA ASEP:

má bhaintear nBB ASEP amach in aon ghiar amháin

vBB ≤ 70 km/h

i ngach cás eile

vBB ≤ 80 km/h

giaranna

K ≤ cóimheas giair i arna chinneadh in Iarscríbhinn II

Mura n-éiríonn leis an bhfeithicil, sa ghiar is lú atá bailí, an luas uasta innill a bhaint amach faoi 70 km/u, is é 80 km/u luasteorainn na feithicle.

2.4.   Cóimheasa giaranna

Beidh feidhm ag na ceanglais ASEP maidir le gach cóimheas giair K a bhfuil torthaí tástála laistigh den raon rialaithe mar atá sainmhínithe i bpointe 2.3 den Iarscríbhinn seo mar thoradh air.

I gcás feithiclí le traiseoltaí uathoibríocha, traiseoltaí oiriúnaitheacha agus CVTanna a dhéantar a thástáil le cóimheasa giaranna neamhghlasáilte, féadfaidh athrú ar chóimheas giair chuig raon níos ísle agus luasghéarú níos airde a bheith san áireamh sa tástáil. Ní cheadaítear, áfach, athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. Déanfar athrú giair arb é is cúis le dála nach bhfuil i gcomhréir leis na coinníollacha teorann a sheachaint. I gcás den sórt sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha. Chun go mbeidh tástáil ASEP ionadaitheach agus in-athdhéanta (dar leis an údarás ceadaithe), déanfar na feithiclí seo a thástáil ag baint úsáid as táirgeadh calabraithe giarbhosca.

2.5.   Sprioc-choinníollacha

Déanfar an astaíocht fuaime a thomhas i ngach cóimheas giair atá bailí ag na ceithre phointe tástála mar atá sonraithe thíos.

Sainítear an chéad phointe tástála P1 trí luas iontrála vAA de 20 km/u a úsáid. Mura féidir an luasghéarú a choinneáil cobhsaí, méadófar an luas i gcéimeanna 5 km/u go dtí go mbainfear luasghéarú cobhsaí amach.

Sainítear an ceathrú phointe tástála P4 le luas uasta feithicle ag BB' sa chóimheas giair sin laistigh de na coinníollacha teorann de réir phointe 2.3.

Déantar an dá phointe tástála eile a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

Pointe Tástála Pj: vBB_j = vBB_1 + ((j – 1)/3) * (vBB_4 – vBB_1) i gcás j = 2 agus 3

Nuair:

vBB_1

=

luas na feithicle ag BB' de phointe tástála P1

vBB_1

=

luas na feithicle ag BB' de phointe tástála P4

Lamháltas le haghaidh vBB_j: ±3 km/u

I gcás gach pointe tástála, comhlíonfar na coinníollacha teorann mar atá sonraithe i bpointe 2.3.

2.6.   Tástáil na feithicle

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' chomh dlúth agus is féidir le linn na tástála ar fad, ó dhruidim le líne AA' go dtéann cúl na feithicle thar líne BB'.

Ag líne AA' beidh an luasaire brúite síos go hiomlán. Chun luasghéarú níos cobhsaí a bhaint amach nó chun athrú síos giair a sheachaint idir líne AA' agus BB', féadfar réamh-luasghéarú a úsáid roimh líne AA'. Coinneofar an luasaire brúite síos go sroichfidh cúl na feithicle líne BB'.

I gcás gach tástála ar leith, déanfar na paraiméadair seo a leanas a chinneadh agus a nótáil:

Déanfar an leibhéal uasta fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A” don dá thaobh den fheithicil, arna léiriú gach uair a ghluaiseann an fheithicil idir an dá líne AA' agus BB', déanfar é a shlánú go dtí an chéad ionad deachúil (Lwot,kj). Má bhraitear buaic san fhuaim nach bhfuil ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, caithfear amach an tomhais. Féadfar an taobh clé agus an taobh deas a thomhas le chéile nó ar leithligh.

Tabharfar tuairisc ar léamha luais na feithicle ag AA' agus ag BB' go dtí an chéad fhigiúr suntasach tar éis an ionaid dheachúil. (vAA,kj; vBB,kj).

Más infheidhme, tabharfar tuairisc ar léamha luais an innill ag AA' agus ag BB' mar luach iomlán slánuimhreach (nAA,kj; nBB,kj).

Cinnfear an luasghéarú ríomha i gcomhréir leis an bhfoirmle i bpointe 4.1.2.1.2 d'Iarscríbhinn II go dtí an dara figiúr tar éis an ionaid dheachúil (awot,test,kj).

3.   ANAILÍS AR NA TORTHAÍ

3.1.   An pointe seasta do gach cóimheas giair a chinneadh

I gcás tomhas i ngiar “i” agus níos ísle, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti, an luas innill tuairiscithe nwoti agus luas na feithicle vwoti ag BB' den chóimheas giair “i” den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.

Lanchor,i

=

Lwoti,Annex II

nanchor,i

=

nBB,woti,Annex II

vanchor,i

=

vBB,woti,Annex II

I gcás tomhas i ngiar i+1, is ionann an pointe seasta agus an leibhéal uasta fuaime Lwoti+1, an luas innill tuairiscithe nwoti+1 agus luas na feithicle vwoti+1 ag BB' den chóimheas giair i+1 den tástáil luasghéaraithe in Iarscríbhinn II.

Lanchor,i+1

=

Lwoti+1,Annex II

Lanchor,i+1

=

Lwoti+1,Annex II

Lanchor,i+1

=

Lwoti+1,Annex II

3.2.   Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar

Déanfar na tomhais fuaime a mheas mar fheidhm de luas an innill i gcomhréir le pointe 3.2.1.

3.2.1.   Fána na líne cúlchéimnithe a ríomh do gach giar

Ríomhtar an líne chúlchéimnithe líneach tríd an bpointe seasta agus na ceithre thomhas bhreise chomhghaolaithe a úsáid.

Formula(in dB/1000 nóim-1)

AgusFormulaagusFormula

nuair nj = luas an innill arna thomhas ag líne BB'

3.2.2.   Fána na líne cúlchéimnithe do gach giar

Is é Fának giair ar leith le haghaidh tuilleadh ríomha, toradh díorthaithe an ríomha i bpointe 3.2.1. arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil, nach bhfuil níos airde ná 5 dB/1000 min-1.

3.3.   An méadú líneach ar an leibhéal fuaime a bhfuiltear ag súil leis do gach tomhas

Ríomhfar an leibhéal fuaime LASEP,kj do phointe tomhais j agus giar k ag úsáid na luasanna innill arna dtomhas do gach pointe tomhais, ag úsáid na fána atá sonraithe i bpointe 3.2. don phointe seasta sonrach do gach cóimheas giair.

Do nBB_k,j ≤ nanchor,k:

LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának – Y) * (nBB_k,j – nanchor,k)/1000

Do nBB_k,j ≤ nanchor,k:

LASEP_k,j = Lanchor_k + (Fának – Y) * (nBB_k,j – nanchor,k)/1000

Nuair Y = 1

3.4.   Samplaí

Ar iarratas ón údarás ceadaithe, déanfar dhá thástáil sa bhreis faoi na coinníollacha teorann i gcomhréir le pointe 2.3.

4.   TORTHAÍ A LÉIRMHÍNIÚ

Déanfar meastóireacht ar gach tomhas torainn ar leith.

Ní sháróidh leibhéal fuaime gach pointe tomhais atá sonraithe na teorainneacha thíos:

Lkj ≤ LASEP_k.j + x

Agus:

x

=

3 dB(A) i gcás feithicle le traiseoladh uathoibríoch nó CVT neamh-inghlasáilte

x

=

2 dB(A) + luach teorann – Lurban 2 d'Iarscríbhinn II do gach feithicil eile

Má sháraíonn an leibhéal fuaime tomhaiste ag pointe áirithe an teorainn, déanfar dhá thomhais bhreise eile ag an bpointe céanna chun an neamhchinnteacht sa tomhas a fhíorú. Comhlíonann an fheithicil ASEP i gcónaí, má chomhlíonann meán na dtrí thomhas bhailí ag an bpointe sonrach sin an tsonraíocht.

5.   MEASÚNÚ AR AN BHFUAIM TAGARTHA

Déantar an fhuaim tagartha a mheas ag pointe aonair i ngiar scoite amháin agus an luasghéarú a ionsamhlú i dtús báire le luas iontrála ag vaa ionann le 50 km/u agus luas ar an mbealach amach ag vbb ionann le 61 km/u. Is féidir an comhlíonadh fuaime ag an bpointe sin a ríomh trí thorthaí phointe 3.2.2. a úsáid agus an tsonraíocht thíos, nó is féidir é a mheas trí thomhas díreach a dhéanamh ag baint úsáide as an ngiar mar atá sonraithe thíos.

5.1   Cinntear giar K mar seo a leanas:

K

=

3 do gach traiseoladh láimhe agus do thraiseoladh uathoibríoch le suas le 5 ghiar;

K

=

4 do thraiseoladh uathoibríoch le 6 ghiar nó níos mó

Mura bhfuil aon ghiar scoite ar fáil, e.g. i gcás traiseoltaí uathoibríocha neamh-inghlasáilte nó CVTanna neamh-inghlasáilte, cinnfear an cóimheas giair chun tuilleadh ríomha a dhéanamh ó thoradh na tástála luasghéaraithe in Iarscríbhinn II ag baint úsáide as an luas innill tuairiscithe agus as luas na feithicle ag líne BB'.

5.2.   Luas tagartha an innill nref_K a ríomh

Ríomhfar luas tagartha an innill, nref_K, ag úsáid an chóimheasa giair de ghiar K ag luas tagartha vref = 61 km/u.

5.3.   Lref a ríomh

Lref = Lanchor_K + FánaK * (nref_K – nanchor_K)/1000

Beidh Lref níos lú ná nó cothrom le 76 dB(A).

I gcás feithiclí atá feistithe le giarbhosca láimhe a bhfuil níos mó ná ceithre ghiar ar aghaidh aige agus atá feistithe le hinneall a bhaineann uas-ghlanchumhacht rátaithe níos mó ná 140 kW amach, agus a bhfuil cóimheas uas-ghlanchumhacht rátaithe/maise uasta acu atá níos mó ná 75kW/t, Lref, beidh na feithiclí sin níos lú ná nó cothrom le 79 dB(A).

I gcás feithiclí atá feistithe le giarbhosca uathoibríoch a bhfuil níos mó ná ceithre ghiar ar aghaidh aige agus atá feistithe le hinneall a bhaineann uas-ghlanchumhacht rátaithe níos mó ná 140 kW amach, agus a bhfuil cóimheas an uas-ghlanchumhacht rátaithe/maise uasta acu atá níos mó ná 75kW/t, Lref, beidh na feithiclí sin níos lú ná nó cothrom le 78 dB(A).

6.   ASEP A MHEAS TRÍD AN BPRIONSABAL Lurban A ÚSÁID

6.1   Ginearálta

Rogha mhalartach is ea an nós imeachta meastóireachta, arna roghnú ag an monaróir, ar an nós imeachta a ndéantar cur síos air i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo agus tá sé infheidhme maidir le gach teicneolaíocht feithicle. Is faoin monaróir atá sé an bealach ceart don tástáil a chinneadh. Ach amháin má shonraítear a mhalairt, déanfar an tástáil agus an ríomh ar fad mar atá sonraithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.2.   An Lurban ASEP a ríomh

Ó aon Lwot ASEP arna thomhas i gcomhréir leis an Iarscríbhinne seo, ríomhfar Lurban ASEP mar seo a leanas:

(a)

awot test ASEP a ríomh mar a shonraítear i bpointe 4.1.2.1.2.1. nó i bpointe 4.1.2.1.2.2. d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is infheidhme;

(b)

luas na feithicle (VBB ASEP) a ríomh ag BB le linn na tástála Lwot ASEP;

(c)

déan kP ASEP a ríomh mar seo a leanas:

kP ASEP = 1 – (aurban/awot test ASEP)

caithfear amach torthaí tástála i gcás ina bhfuil awot test ASEP níos lú ná aurban.

(d)

déan Lurban measured ASEP a ríomh mar seo a leanas:

Lurban measured ASEP =

Lwot ASEP – kP ASEP * (Lwot ASEP – Lcrs)

Chun tuilleadh ríomha a dhéanamh, bain úsáid as an Lurban ó Iarscríbhinn II gan slánú a dhéanamh, lena n-áirítear an figiúr tar éis an ionaid dheachúil (xx.x).

(e)

déan Lurban normalized a ríomh mar seo a leanas:

Lurban normalized = Lurban measured ASEP – Lurban

(f)

déan Lurban ASEP a ríomh mar seo a leanas:

Lurban measured ASEP =

Lurban normalized – (0,15 * (VBB ASEP — 50))

(g)

teorainneacha na leibhéal fuaime a chomhlíonadh:

Beidh Lurban ASEP níos lú ná nó cothrom le 3,0 dB.

Foscríbhinn

Múnla de ráiteas comhlíontachta i leith na bhforálacha breise maidir le hastaíocht fuaime

(Formáid uasta: A4 (210 × 297 mm))

Fianaíonn (ainm an mhonaróra) go gcomhlíonann feithiclí den chineál seo (cineál na feithicle maidir le hastaíocht fuaime de bhun Rialachán (AE) Uimh. 540/2014) ceanglais Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

Déanann (ainm an mhonaróra) an ráiteas seo de mheon macánta, tar éis meastóireacht iomchuí a dhéanamh ar fheidhmíocht astaíochta fuaime na bhfeithiclí.

Dáta:

Ainm an ionadaí údaraithe:

Síniú an ionadaí údaraithe:


IARSCRÍBHINN VIII

BEARTA A BHAINEANN LEIS AN GCÓRAS FUAIMIÚIL FOLÁIRIMH D'FHEITHICIL (AVAS)

Leagtar amach san Iarscríbhinn bearta maidir le Córas Fuaimiúil Foláirimh d'Fheithiclí (AVAS) le haghaidh feithiclí leictreacha hibrideacha agus fíorleictreacha

AVAS

1.   Feidhmíocht an chórais

Má dhéantar AVAS a shuiteáil ar fheithicil, comhlíonfaidh sé na ceanglais dá dtagraítear thíos.

2.   Coinníollacha oibríochta

(a)   Modh ginte fuaime

Déanfaidh AVAS fuaim a ghiniúint go huathoibríoch in íosraon luais na feithicle, is é sin ón uair a chuirtear ag gluaiseacht í go dtí go mbaineann sí luas de thart ar 20 km/u amach agus le linn cúlú. I gcás ina bhfuil an fheithicil feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a chuirtear ag obair i raonluas na feithicle a shainítear thuas, ní ghinfidh AVAS aon fhuaim.

I gcás feithiclí a bhfuil feiste rabhaidh fuaime um chúlú orthu, ní gá do AVAS fuaim a ghiniúint nuair a chúlaítear an fheithicil.

(b)   Lasc

Beidh AVAS feistithe le lasc a mbeidh téacht éasca ag tiománaí na feithicle air le go bhféadtar comhghreamú agus díghreamú. Tar éis an fheithicil a athdhúiseacht, rachaidh AVAS go dtí “lasc air” trí réamhshocrú.

(c)   Laghdú

Féadfar leibhéal fuaime AVAS a laghdú le linn tréimhsí oibríochta na feithicle.

3.   Cineál agus airde na fuaime

(a)   Beidh an fhuaim a bheidh á giniúint ag AVAS leanúnach lena gcuirfear in iúl do choisithe agus d'úsáideoirí eile bóthair go bhfuil feithicil i mbun oibríochta. Ba cheart go mbeadh an fhuaim táscach go héasca ar oibríocht feithiclí agus d'fhéadfadh sé sondáil cosúil le fuaim na feithicle sa chatagóir chéanna atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh.

(b)   Beidh an fhuaim a bheidh á giniúint ag AVAS ina comhartha soiléir ar mhodh oibríochta na feithicle, mar shampla, tríd an leibhéal fuaime nó na saintréithe a athrú go huathoibríoch go sioncronaithe le luas na feithicle.

(c)   Níor cheart go rachadh an leibhéal fuaime a bheidh á ghiniúint ag AVAS thar an ngarleibhéal fuaime a bheadh i gceist le feithicil den chatagóir M1 atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh agus atá i mbun oibríochta faoi na coinníollacha céanna.


IARSCRÍBHINN IX

CINEÁLCHEADÚ AE MAIDIR LE LEIBHÉAL FUAIME CÓRAS TOSTA MAR AONAID THEICNIÚLA LEITHLEACHA (CÓRAIS TOSTA ATHSHOLÁTHAIR)

1.   IARRATAS AR CHINEÁLCHEADÚ AE

1.1.   Cuirfidh monaróir na feithicle nó monaróir an aonaid theicniúil leithligh lena mbaineann iarratas isteach ar chineálcheadú AE de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 2007/46/CE i ndáil le córas tosta athsholáthair nó le comhpháirteanna de, mar aonad teicniúil leithleach, atá ceaptha le haghaidh feithiclí den chatagóirí M1 agus N1.

1.2.   Tá múnla don doiciméad faisnéise atá i bhFoscríbhinn 1.

1.3.   Ar iarratas ón tseirbhís theicniúil lena mbaineann, cuirfidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas isteach:

1.3.1   dhá shampla den chóras a bhfuil iarratas ar chineálcheadú AE déanta ina leith,

1.3.2.   córas tosta den chineál a feistíodh ar an bhfeithicil i dtosach nuair a deonaíodh cineálcheadú AE,

1.3.3.   feithicil atá ionadaíoch don chineál ar a bhfuil an córas le feistiú, ar feithicil í a chomhlíonann ceanglais phointe 2.1 d'Iarscríbhinn VI,

1.3.4.   inneall leithleach a fhreagraíonn don chineál feithicle a ndéantar cur síos uirthi.

2.   MARCÁLACHA

2.4.1.   Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar an gcóras tosta athsholáthair nó ar chomhpháirteanna de, cé is moite de na crua-earraí greamaitheacha agus píobáin:

2.4.1.1.   trádmharc nó trádainm mhonaróir an chórais tosta athsholáthair agus a chomhpháirteanna,

2.4.1.2.   tuairisc trádála an mhonaróra,

2.4.2.   Ní mór na marcálacha sin a bheith soléite agus doscriosta, fiú má tá an córas feistithe ar an bhfeithicil.

3.   CINEÁLCHEADÚ AE A DHEONÚ

3.1.   Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonófar cineálcheadú AE de bhun Airteagal 9(3) agus, más infheidhme, de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2007/46/CE.

3.2.   Tá múnla do dheimhniú chineálcheadú AE atá i bhFoscríbhinn 2.

3.3.   Déanfar uimhir chineálcheadaithe a shannadh do gach cineál córais tosta athsholáthair nó comhpháirte de atá ceadaithe mar aonad teicniúil leithleach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE; sonrófar uimhir an Rialacháin seo i roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe. Chomh maith leis sin, má tá an córas tosta athsholáthair ceaptha lena fheistiú ar chineálacha feithiclí a chomhlíonann luachanna teorainneacha Chéim 1 in Iarscríbhinn III, leanfaidh an carachtar “A” roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe amháin. Má tá an córas tosta athsholáthair ceaptha lena fheistiú ar chineálacha feithiclí a chomhlíonann luachanna teorainneacha Chéim 2 in Iarscríbhinn III, níor cheart go leanfadh an carachtar “B” ach amháin roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe. Má tá sé beartaithe an córas tosa athsholáthair a fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann na teorainneacha luachanna de Chéim 3 in Iarscríbhinn III, leanfaidh an carachtar “C” roinn 3 den uimhir cineálcheadaithe. Ní shannfaidh an Ballstát céanna an uimhir chéanna do chineál córais tosta athsholáthair eile nó do chomhpháirt de.

4.   MARC CHINEÁLCHEADÚ AE

4.1.   Maidir le gach córas tosta athsholáthair nó comhpháirt de, cé is moite de chrua-earraí greamaitheacha agus píobáin, atá de réir cineáil atá ceadaithe faoin Rialachán seo, beidh marc chineálcheadú AE air.

4.2.   Is éard a bheidh i marc chineálcheadú AE dronuilleog a thimpeallaíonn an litir “e” i gcás íochtair arna leanúint le sainlitir/sainlitreacha nó sainuimhir an Bhallstáit a dheonaigh an ceadú:

 

“1” don Ghearmáin

 

“2” don Fhrainc

 

“3” don Iodáil

 

“4” don Ísiltír

 

“5” don tSualainn

 

“6” don Bheilg

 

“7” don Ungáir

 

“8” do Phoblacht na Seice

 

“9” don Spáinn

 

“11” don Ríocht Aontaithe

 

“12” don Ostair

 

“13” do Lucsamburg

 

“17” don Fhionlainn

 

“18” don Danmhairg

 

“19” don Rómáin

 

“20” don Pholainn

 

“21” don Phortaingéil

 

“23” don Ghréig

 

“24” d'Éirinn

 

“25” don Chróit

 

“26” don tSlóivéin

 

“27” don tSlóvaic

 

“29” don Eastóin

 

“32” don Laitvia

 

“34” don Bhulgáir

 

“36” don Liotuáin

 

“49” don Chipir

 

“50” do Mhálta

Beidh an méid seo a leanas san áireamh freisin, cóngarach don dronuilleog: an “bhonnuimhir cheadaithe” atá i roinn 4 den uimhir chineálcheadaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus, roimhe sin, an dá fhigiúr a chuireann in iúl an tsraithuimhir a shanntar don mhórleasú teicniúil is déanaí ar an Rialachán seo ab infheidhme tráth an chineálcheadaithe feithicle. Don Rialachán seo ina bhunfhoirm, is í 00 an tsraithuimhir. Chomh maith leis sin, ní bheidh an carachtar “A” le feiceáil roimh an tsraithuimhir sin, ach amháin má tá an córas tosta athsholáthair ceaptha lena fheistiú ar chineálacha feithiclí a chomhlíonann luachanna teorainneacha Chéim1 in Iarscríbhinn III, ná ní bheidh an carachtar “B” le feiceáil ach amháin má tá an córas tosta athsholáthair ceaptha lena fheistiú ar chineálacha feithiclí a chomhlíonann luachanna teorainneacha Chéim 2 in Iarscríbhinn III, nó an carachtar “C” má tá sé beartaithe an córas tosta athsholáthair a fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann na teorainneacha luachanna de Chéim 3 in Iarscríbhinn III.

4.3.   Beidh an marc soléite agus doscriosta, fiú nuair atá an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de feistithe ar an bhfeithicil.

4.4.   Tá múnla de mharc chineálcheadú AE tugtha i bhFoscríbhinn 3.

5.   SONRAÍOCHTAÍ

5.1.   Sonraíochtaí ginearálta

5.1.1.   Dearfar agus tógfar an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de, agus beifear in ann é a ghléasadh ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh an fheithicil an Rialacháin seo faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, d'ainneoin aon chreathadh a bhféadfadh sé a bheith faoina réir.

5.1.2.   Dearfar agus tógfar an córas tosta nó comhpháirteanna de, agus beifear in ann é a ghléasadh ionas go bhféadfaidh sé an feiniméan chun creimthe a bhfuil sé faoina réir a sheasamh go réasúnta ag féachaint do choinníollacha úsáide na feithicle.

5.1.3.   Saintreoracha breise a bhaineann le crioscaíl le córais agus le sceithchórais nó córais tosta ilmhodha ar féidir a choigeartú de láimh.

5.1.3.1.   Déanfar na sceithchórais nó na córais tosta go léir a thógáil ar dhóigh nach bhféadfaí sciatha, cóin scortha agus páirteanna eile a fheidhmeoidh go príomha mar chuid de na cuasáin tosta/bhorrtha, a bhaint go héasca. I gcás nach bhfuil aon dul as páirt den sórt sin a ionchorprú, déanfar í a cheangal a dhóigh nach mbeifear in ann í a bhaint go héasca (e.g. le gnáthfheistiú snáithithe) agus déanfar í a cheangal freisin ar dhóigh go ndéanfaí damáiste seasta/doleasaithe don chóimeáil dá mbainfí í.

5.1.3.2.   Maidir le sceithchórais nó le córais tosta a bhfuil ilmhodhanna oibriúcháin acu ar féidir a choigeartú de láimh, comhlíonfaidh siad na ceanglais go léir sna modhanna oibriúcháin go léir. Is éard a bheidh sna leibhéil fuaime tuairiscithe na leibhéil atá mar thoradh ar an modh a bhfuil na leibhéil fuaime is airde aige.

5.2.   Sonraíochtaí maidir le leibhéil fuaime

5.2.1.   Coinníollacha tomhais

5.2.1.1.   Ní mór an tástáil torainn ar an gcóras tosta agus ar an gcóras tosta athsholáthair a dhéanamh leis na gnáthbhoinn chéanna mar atá sainithe i mír 2 de Rialachán UNECE Uimh. 117. Ar iarratas ón monaróir, ní dhéanfar na tástálacha le boinn tarraingthe, le boinn úsáide speisialta nó boinn sneachta mar a shainítear iad i mír 2 de Rialachán UNECE Uimh. 117. D'fhéadfadh sé go n-ardódh boinn den sórt sin leibhéal fuaime na feithicle nó go mbeadh tionchar ceilte acu sa chomparáid ar an bhfeidhmíocht laghdaithe torainn. Féadfar boinn athláimhe a úsáid ach ní foláir go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais dlí maidir lena n-úsáid sa trácht.

5.2.2.   Déanfar feidhmíocht laghdaithe torainn an chórais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a fhíorú trí bhíthin na modhanna a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 d'Iarscríbhinn II. Chun an pointe seo a chur i bhfeidhm, go háirithe, déanfar tagairt do leibhéal leasuithe an Rialacháin seo a bhí i bhfeidhm tráth chineálcheadú na feithicle nua.

(a)

Tomhas agus an fheithicil ag rith

Nuair a dhéantar an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a ghléasadh ar an bhfeithicil a bhfuil cur síos uirthi i bpointe 1.3.3., comhlíonfaidh na leibhéil fuaime a bhainfear amach ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní rachaidh an luach tomhaiste (arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 1 dB(A) thar an luach cineálcheadaithe arna fháil faoin Rialachán seo leis an gcineál feithicle lena mbaineann.

(ii)

ní rachaidh an luach tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 1 dB(A) thar an luach torainn tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) ar an bhfeithicil a thuairiscítear i bpointe 1.3.3., nuair atá sí feistithe le córas tosta a fhreagraíonn don chineál a fheistítear ar an bhfeithicil nuair a chuirtear isteach í le haghaidh a cineálcheadaithe faoin Rialachán seo.

Nuair a roghnaítear comparáid díreach a dhéanamh idir an córas tosta athsholáthair agus an bunchóras, d'fhonn pointe 4.1.2.1.4.2. agus/nó pointe 4.1.2.2.1.2. d'Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm, ceadaítear an giar a athrú go ceann a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis agus ní gá feistí leictreacha ná meicniúla a úsáid chun an t-athrú síos seo a sheachaint. Má tharlaíonn sé go mbíonn leibhéal torainn na feithicle tástála faoi na coinníollacha sin níos airde ná na luachanna COP, déanfaidh an tseirbhís theicniúil cinneadh maidir le cé chomh hionadaíoch is atá an fheithicil tástála.

(b)

Tomhas agus an fheithicil ina stad

Nuair a dhéantar an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de a ghléasadh ar an bhfeithicil a bhfuil cur síos uirthi i bpointe 1.3.3., comhlíonfaidh na leibhéil fuaime a bhainfear amach ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní rachaidh an luach tomhaiste (arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 2 dB(A) thar an luach cineálcheadaithe arna fháil faoin Rialachán seo leis an gcineál feithicle lena mbaineann;

(ii)

ní rachaidh an luach tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) níos mó ná 2 dB(A) thar an luach torainn tomhaiste (sula ndéanfar é a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) ar an bhfeithicil a thuairiscítear i bpointe 1.3.3., nuair atá sí feistithe le córas tosta a fhreagraíonn don chineál a fheistítear ar an bhfeithicil nuair a chuirtear isteach í le haghaidh a cineálcheadaithe faoin Rialachán seo.

5.2.3.   Sa bhreis ar cheanglais Iarscríbhinn II, ní mór d'aon chóras tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de sonraíochtaí is infheidhme Iarscríbhinn VII a chomhlíonadh sa Rialachán seo. Maidir le córais tosta athsholáthair do fheithiclí a cineálcheadaíodh i gcomhréir le Treoir 70/157/CCE ní bheidh feidhm ag ceanglais Iarscríbhinn VII, ná ag sonraíochtaí phointí 5.2.3.1. go 5.2.3.3. den Iarscríbhinn seo ina leith.

5.2.3.1.   Más rud é gur córas nó comhpháirt le geoiméadracht athraitheach é an córas tosta athsholáthair nó comhpháirt de, soláthróidh an monaróir ráiteas san iarratas ar chineálcheadú i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VII á rá go gcomhlíonann an cineál córais tosta atá le ceadú ceanglais phointe 5.2.3. den Iarscríbhinn seo. Féadfaidh an t-údarás ceadaithe a cheangal go bhfíoróidh aon tástáil ábhartha go gcomhlíonann an cineál córais tosta na forálacha breise astaíochta fuaime.

5.2.3.2.   Más rud é nach córas le geoiméadracht athraitheach é an córas tosta athsholáthair nó comhpháirt de, is leor go soláthróidh an monaróir ráiteas san iarratas ar chineálcheadú i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VII á rá go gcomhlíonann an cineál córais tosta atá le ceadú ceanglais phointe 5.2.3. den Iarscríbhinn seo.

5.2.3.3.   Seo a leanas a bheith sa ráiteas comhlíontachta: Dearbhaíonn (ainm an mhonaróra) go gcomhlíonann an cineál córas tosta seo ceanglais phointe 5.2.3. d'Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 540/2014. Déanann (ainm an mhonaróra) an ráiteas seo de mheon macánta, tar éis meastóireacht iomchuí innealtóireachta a dhéanamh ar fheidhmíocht na hastaíochta fuaime thar réimse is infheidhme de choinníollacha oibriúcháin.

5.3.   Feidhmíochtaí na feithicle a thomhas

5.3.1.   Áiritheoidh an córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de go bhfuil feidhmíocht na feithicle inchomparáide le feidhmíocht threalamh an bhunchórais tosta, nó comhpháirteanna de.

5.3.2.   Cuirfear an córas tosta athsholáthair nó, ag brath ar rogha an mhonaróra, comhpháirteanna an chórais sin, i gcomparáid le bunchóras tosta nó comhpháirteanna de, ar bhfuil riocht nua orthu, agus a gléasadh i ndiaidh a chéile ar an bhfeithicil a luaitear i bpointe 1.3.3.

5.3.3.   Déanfar an fíorú tríd an gcúlbhrú a thomhas de bhun phointe 5.3.4.

Ní rachaidh an luach arna thomhas leis an gcóras tosta athsholáthar níos mó ná 25 % thar an luach arna thomhas leis an mbunchóras tosta faoi na coinníollacha a luaitear thíos.

5.3.4.   Modh tástála

5.3.4.1.   Modh tástála le hinneall

Is é an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4, arna chúpláil le dinimiméadar, a dhéanfar a thomhas. Agus an scóig oscailte go hiomlán, déanfar an binse a choigeartú d'fhonn an luas innill (S) a fhreagraíonn d'uaschumhacht rátaithe an innill a bhaint amach.

Chun an cúlbhrú a thomhas, léirítear in Iarscríbhinn 5 an fad a chuirfear an brúbhuacaire ón ilchóipire sceithe.

5.3.4.2.   Modh tástála le feithicil

Is í an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3. a dhéanfar a thomhas. Déanfar an tástáil ar an mbóthar nó ar dhinimiméadar rollála.

Agus an scóig oscailte go hiomlán, déanfar an t-inneall a ualú d'fhonn an luas innill a fhreagraíonn d'uaschumhacht rátaithe an innill a bhaint amach (luas innill S).

Chun an cúlbhrú a thomhas, léirítear in Iarscríbhinn 5 an fad a chuirfear an brúbhuacaire ón ilchóipire sceithe.

5.4.   Breis sonraíochtaí maidir le córais tosta athsholáthair nó comhpháirteanna díobh ina bhfuil ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime

5.4.1.   Ginearálta

Ní féidir ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime a úsáid i gcórais tosta nó i gcomhpháirteanna díobh ach má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an gás sceite i dteagmháil leis na hábhair shnáithíneacha;

(b)

go mbaineann an córas tosta nó na comhpháirteanna de leis an bhfine dheartha chéanna leis na córais nó na comhpháirteanna ar cruthaíodh ina leith, le linn an phróisis cineálcheadaithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin, nach bhfuil siad faoi réir meathlúcháin.

Mura gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha sin, cuirfear an córas iomlán tosta nó comhpháirteanna de isteach le haghaidh gnáthriochtú ag úsáid ceann de na trí shuiteáil agus nós imeachta a bhfuil cur síos orthu thíos.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, measfar gur den fhine dheartha chéanna iad grúpa de chórais tosta nó de comhpháirteanna córais tosta nuair is ionann do na saintréithe seo uile a leanas iontu:

(a)

sreabhadh glan gáis a bheith ann, ar de na gáis sceite é, tríd an ábhar snáithíneach ionsúiteach nuair a bhíonn sé i dteagmháil leis an ábhar sin;

(b)

an cineál snáithíní;

(c)

más infheidhme, sonraíochtaí an cheanglóra;

(d)

meántoisí na snáithíní;

(e)

dlús pacáistíochta íosta na snáithíní i mbulc de réir kg/m3;

(f)

an dromchla teagmhála uasta idir an sreabhadh gáis agus an t-ábhar ionsúiteach;

5.4.1.1.   Oibríocht leanúnach bóthair ar feadh 10 000 km.

5.4.1.1.1.   Tiomáint uirbeach a bheidh i gceist le 50 ± 20 % den oibríocht sin, agus cúrsaí fad-achair ar ardluas a bheidh sa chuid eile; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad oibríochta leanúnaí bóthair.

Déanfar an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi dhó.

Áireofar ar a laghad 10 sos de thrí uair an chloig sa chlár iomlán tástála d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a chur i bhfeidhm.

5.4.1.2.   Riochtú ar bhinse tástála

5.4.1.2.1.   Ag baint úsáide as codanna caighdeánacha agus ag cloí le treoracha an mhonaróra, feisteofar an córas tosta nó comhpháirteanna de ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3 nó ar an inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4. Sa chéad chás beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála. Sa dara cás beidh an t-inneall cúpláilte le dinimiméadar.

5.4.1.2.2.   Déanfar an tástáil i sé thréimhse, agus gach ceann acu sé huaire ar fad, agus sos de dhá uair déag idir gach tréimhse d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.

5.4.1.2.3.   Le linn gach tréimhse sé huaire, cuirfear an t-inneall ag obair faoi na coinníollacha seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

cúig nóiméad ar luas réchasta;

(b)

sraith aon uaire faoi 1/4 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(c)

sraith aon uaire faoi 1/2 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(d)

sraith 10 nóiméad faoi lánualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(e)

sraith 15 nóiméad faoi 1/2 den ualach ar uasluas rátaithe (S);

(f)

sraith 30 nóiméad faoi 1/4 den ualach ar uasluas rátaithe (S).

Is é a bheidh i ngach tréimhse dhá shraith sheicheamhacha de na coinníollacha sin in ord comhleantach ó (a) go (f).

5.4.1.2.4.   Le linn na tástála, ní dhéanfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le hionsamhlú brúshéidte gnáth-aershreibhe mórthimpeall na feithicle.

Mar sin féin, ar iarratas ón monaróir, féadfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le nach sárófar an teocht arna taifeadadh ag an ionraon nuair atá an fheithicil ag rith ar uasluas.

5.4.1.3.   Riochtú trí fhrithbhualadh

5.4.1.3.1.   Beidh an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3.3. nó an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.3.4. feistithe leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. Sa chéad chás, beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála agus sa dara cás beidh an t-inneall gléasta ar dhinimiméadar.

5.4.1.3.2.   Beidh an gaireas tástála, dá bhfuil léaráid mhionsonraithe i bhFigiúr 1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV, feistithe ag ionraon an chórais tosta. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.

5.4.1.3.3.   Déanfar an gaireas tástála a choigeartú sa dóigh is go ndéanfar sreabhadh an gháis sceite a stopadh agus a chur ar siúl arís leis an gcomhla mhearoscailte ar feadh 2500 timthriall.

5.4.1.3.4.   Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire intógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 35 agus 40 kPa. Dúnfaidh sé nuair nach bhfuil níos mó ná 10 % de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.

5.4.1.3.5.   Ní mór an lasc aga-mhoillithe a bheith ar siúl fad is atá an gás ag sceitheadh mar thoradh ar na forálacha atá leagtha síos i bpointe 5.4.1.3.4.

5.4.1.3.6.   Is é a bheidh i luas an innill 75 % den luas (S) ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht amach.

5.4.1.3.7.   Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 % den chumhacht leis an scóig lánoscailte arna tomhas ag 75 % de luas an innill (S).

5.4.1.3.8.   Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.

5.4.1.3.9.   Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair. Más gá, beidh aon tréimhse fuaraithe amháin ann gach uair a chloig.

5.4.1.3.10.   Tar éis an chóiriúcháin, déanfar an leibhéal fuaime a sheiceáil de bhun phointe 5.2.

6.   CINEÁLCHEADÚ AE A SHÍNEADH

Féadfaidh monaróir an chórais tosta, nó ionadaí dá chuid, iarraidh ar an roinn riaracháin a dheonaigh cineálcheadú AE maidir leis an gcóras tosta le haghaidh feithicle amháin nó níos mó, féadfaidh sé síneadh ar an gceadú a iarraidh chun cineálacha eile feithicle a chumhdach.

Is é an nós imeachta atá leagtha amach i bpointe 1 atá i gceist. Cuirfear fógra faoi shíneadh chineálcheadú AE (nó diúltú don shíneadh) in iúl do na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta arna sonrú i dTreoir 2007/46/CE.

7.   AN CINEÁL CÓRAIS TOSTA A MHODHNÚ.

I gcás modhnuithe ar an gcineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 agus ag Airteagal 17(4) de Threoir 2007/46/CE.

8.   COP

8.1.   Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 12 de Threoir 2007/46/CE.

8.2.   Forálacha speisialta:

8.2.1.   Is iad na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2.3.5 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE na tástálacha a fhorordaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo.

8.2.2.   Uair gach re bliain de ghnáth a dhéanfar na cigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir2007/46/CE.

9.   FAISNÉIS LE HAGHAIDH ÚSÁIDEOIRÍ AGUS LUCHT NA CIGIREACHTA TEICNIÚLA

9.1.   Beidh doiciméad páipéir ag gabháil le gach córas tosta athsholáthair, é á eisiúint ag monaróir an chórais tosta athsholáthair nó ag a ionadaí. Beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad páipéir sin:

(a)

uimhir chineálcheadaithe AE an chórais tosta athsholáthair (is féidir an 5ú cuid ina sonraítear uimhir fhadú an chineálcheadaithe a fhágáil ar lár);

(b)

marc cineálcheadaithe AE;

(c)

déantús (trádainm an mhonaróra);

(d)

cineál agus tuairisc trádála agus/nó uimhir pháirte;

(e)

ainm cuideachta agus seoladh gnó an mhonaróra;

(f)

ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó);

(g)

sonraí na bhfeithiclí dá bhfuil an córas tosta athsholáthair ceaptha:

(i)

déantús,

(ii)

cineál,

(iii)

uimhir chineálcheadaithe,

(iv)

cód an innill,

(v)

uaschumhacht an innill,

(vi)

cineál an traiseolta,

(vii)

aon srianadh maidir leis na feithiclí ar féidir an córas a fheistiú orthu,

(viii)

leibhéal fuaime na feithicle agus í ag gluaiseacht in dB(A) agus a leibhéal fuaime agus í gan a bheith ag gluaiseacht in dB(A) ag min-1 (más ag imeacht ó luachanna chineálcheadú na feithicle).

(h)

treoracha gléasta

9.2.   Má tá níos mó ná leathán amháin i gceist leis an doiciméad páipéir dá dtagraítear i bpointe 9.1, caithfidh ar a laghad tagairt don uimhir chineálcheadaithe AE a bheith ar gach leathán ann.

9.3.   Is féidir an fhaisnéis a bhaineann le pointe 9.1 (g) agus (h) a sholáthar ar shuíomh gréasáin an mhonaróra má shonraítear seoladh an tsuímh sa doiciméad páipéir.

Foscríbhinn 1

Doiciméad faisnéise Uimh. … maidir le cineálcheadú an AE mar aonad teicniúil ar leithligh de chórais tosta athsholáthair do mhótarfheithiclí (Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, soláthrófar trí chóip di agus liosta den inneachar a bheith ag gabháil léi. Soláthrófar aon líníochtaí sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann dóibh, mionsonraithe go leor.

Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla leithleacha, soláthrófar faisnéis maidir lena bhfeidhmiú.

0.   Ginearálta

0.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

0.2.

Cineál agus tuairiscí ginearálta tráchtála:

0.3

Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar an aonad teicniúil leithleach (1):

0.3.1.

Suíomh na marcála sin:

0.5.

Ainm cuideachta agus seoladh gnó an mhonaróra:

0.7.

I gcás comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach, an áit ar greamaíodh marc cineálceadaithe AE agus an modh greamaithe:

0.8.

Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

1.   Tuairisc ar an bhfeithicil a mbeartaítear an fheiste dó (má tá sé beartaithe an fheiste a fheistiú ar níos mó ná cineál amháin feithicle, soláthrófar an fhaisnéis a iarrfar faoin bpointe seo le haghaidh gach cineáil lena mbaineann)

1.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

1.2.

Cineál agus tuairiscí ginearálta tráchtála:

1.3.

Meáin aitheantais cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:

1.4.

Catagóir na feithicle:

1.5.

Uimhir chineálcheadaithe AE don fheithicil iomlán:

1.6

Gléas chumhachta:

1.6.1.

Monaróir an innill:

1.6.2.

Cód innill an mhonaróra:

1.6.3.

Glanchumhacht uasta (g): … kW ag … min–1 ó uaschumhacht rátaithe leanúnach (mótar leictreach): … kW

1.6.4.

Luchtaire/luchtairí brú: bunpháirt nó déantús agus marcáil (2):

1.6.5.

Scagaire aeir: bunpháirt nó déantús agus marcáil (1):

1.6.6.

Tostóire(í) iontógála: bunpháirt nó déantús agus marcáil (1):

1.6.7.

Tostóir(í) sceite: bunpháirt nó déantús agus marcáil (1):

1.6.8.

Catalaíoch: bunpháirt nó déantús agus marcáil (1):

1.6.9.

Gaiste(í) Cáithníní: bunpháirt nó déantús agus marcáil (1):

1.7.

Tras-seoladh

1.7.1.

Cineál (meicniúil, hiodrálach, leitreach, etc.):

1.8.

Feistí nach mbaineann leis an inneall ach atá ceaptha chun torann a laghdú: bunpháirt nó tuairisc (1):

1.9.

Luachanna maidir le leibhéal fuaime:

 

feithicil atá ag gluaiseacht: … dB(A), luas cobhsaithe roimh luasghéarú ag … km/u;

 

feithicil atá ina stad dB(A), ag … min-1

1.10.

Luach an chúlbhrú: … Pa

1.11.

Aon srianta maidir le húsáid agus ceanglais ghléasta:

2.   Barúlacha:

3.   Tuairisc ar an bhfeiste

3.1.

Tuairisc ar an gcóras tosta athsholáthair a léiríonn suíomh coibhneasta gach comhpháirte den chóras, mar aon leis na treoracha gléasta:

3.2.

Líníochtaí mionsonraithe de gach comhpháirt, ionas gur féidir iad a aimsiú agus a shainiú go héasca, agus tagairt do na hábhair arna n-úsáid. Léireofar sna líníochtaí sin an áit atá ar fáil chun marc éigeantach chineálcheadú AE a ghreamú

Dáta:

Síniú:

Post sa chuideachta:


(1)  Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar na cineálacha aonaid theicniúla leithleacha sa mheán aitheantais, déanfar a leithéid de charachtair a léiriú sa doiciméad leis an siombail “?” (m.sh. ABC??123??).

(2)  Scrios murab infheidhme.

Foscríbhinn 2

MÚNLA

Teastas Chineálcheadú AE

(Formáid uasta: A4 (210 × × 297 mm))

Stampa an údaráis cheadúcháin

Teachtaireacht maidir le

cineálcheadú (1)

cineálcheadú a fhadú (1)

cineálcheadú a dhiúltú (1)

cineálcheadú a tharraingt siar (1)

do chineál aonaid theicniúil leithligh de chórais tosta i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

Uimhir chineálcheadaithe:

An chúis leis an síneadh:

ROINN 1

0.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

0.2.

Cineál agus tuairiscí ginearálta tráchtála:

0.3.

Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar aonad teicniúil leithleach (2):

0.3.1.

Suíomh na marcála sin:

0.4.

Catagóir na feithicle (3):

0.5.

Ainm cuideachta agus seoladh gnó an mhonaróra:

0.7.

I gcás comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach, an áit ar greamaíodh marc chineálcheadú AE agus an modh greamaithe:

0.8.

Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:

0.9.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

ROINN II

1.

Breis faisnéise (nuair is infheidhme): Féach Aguisín

2.

An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:

3.

Dáta na tuarascála tástála:

4.

Uimhir na tuarascála tástála:

5.

Barúlacha (más ann dóibh): Féach Aguisín

6.

Áit:

7.

Dáta:

8.

Síniú:

9.

Tá inneács an phacáiste faisnéise a taisceadh le húdarás an cheadaithe, ar féidir é a fháil ach é a iarraidh, faoi iamh

Ceangaltáin:

Pacáiste faisnéise

 

Tuarascáil ar an tástáil


(1)  Scrios murab infheidhme.

(2)  Má tá carachtair sa mhodh sainaitheantais cineáil nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar na haonaid theicniúla leithleacha arna gcuimsiú leis an deimhniú cineálcheadaithe, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméad leis an siombail: “?” (e.g. ABC??123??).

(3)  Mar atá sainithe i gcuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Aguisín

a ghabhann le deimhniú chineálcheadú AE Uimh. …

1.   Breis faisnéise

1.1.

Tuairisc ar an bhfeithicil a mbeartaítear an fheiste dó (má tá sé beartaithe an fheiste a fheistiú ar níos mó ná cineál amháin feithicle, soláthrófar an fhaisnéis a iarrfar faoin bpointe seo le haghaidh gach cineáil lena mbaineann)

1.1.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

1.1.2.

Cineál agus tuairiscí ginearálta tráchtála:

1.1.3.

Meáin aitheantais cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:

1.1.4.

Catagóir na feithicle:

1.1.5.

Uimhir chineálcheadaithe AE don fheithicil iomlán:

1.2.

Gléas chumhachta:

1.2.1.

Monaróir an innill:

1.2.2.

Cód innill an mhonaróra:

1.2.3.

Glanchumhacht uasta (g): … kW ag … min -1 ó uaschumhacht rátaithe leanúnach (mótar leictreach) … kW

2.   Torthaí tástála

2.1.

Leibhéal fuaime na feithicle agus í ag gluaiseacht: … dB(A)

2.2.

Leibhéal fuaime na feithicle agus í ina stad: … dB(A) ag … min-1

2.3.

Luach an chúlbhrú: … Pa

3.   Barúlacha:

Foscríbhinn 3

Múnla le haghaidh mharc chineálcheadú AE

Image

Maidir leis an gcóras tosta nó comhpháirteanna de a bhfuil marc chineálcheadú AE thuas air, is feiste í atá ceadaithe sa Spáinn (e 9) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 faoin mbonnuimhir cheadaithe 0148, a chomhlíonann luachanna teorainneacha Chéim 2 in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Figiúirí táscacha amháin atá in úsáid.

Foscríbhinn 4

Gaireas Tástála

Image

Foscríbhinn 5

Pointí tomhais — cúlbhrú

Samplaí de phointí féideartha tomhais do thástálacha ar chailleadh brú. Sonrófar an pointe beacht tomhais sa tuarascáil tástála. Beidh sí i limistéar ina bhfuil sreabhadh rialta gáis.

1.   Figiúr 1

Píobán aonair

Image2.   Figiúr 2

Píobán atá cúplach i bpáirt (1)

Image3.   Figiúr 3

Píobán cúplach

Image

IARSCRÍBHINN X

SEICEÁLACHA AR CHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA I GCOMHAIR CÓRAIS TOSTA ATHSHOLÁTHAIR MAR AONAD TEICNIÚIL LEITHLEACH

1.   GINEARÁLTA

Tá na ceanglais seo ag teacht leis an tástáil atá le déanamh chun (COP) a sheiceáil i gcomhréir le pointe 1 d'Iarscríbhinn I.

2.   TÁSTÁIL AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Is iad na modhanna tástála, na huirlisí tomhais agus an léirmhíniú torthaí a bhfuil cur síos orthu i bpointe 5 d'Iarscríbhinn OX a úsáidfear. An córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de atá á thástáil, cuirfear faoin tástáil de réir na tuairisce i bpointí 5.2., 5.3. agus 5.4. d'Iarscríbhinn IX.

3.   SAMPLÁIL AGUS MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR NA TORTHAÍ

3.1.   Roghnófar córas amháin tosta nó comhpháirteanna de agus cuirfear é faoi na tástálacha i bpointe 2. Má chomhlíonann torthaí na tástála na ceanglais maidir le COP atá luaite i bpointe 8.1. d'Iarscríbhinn IX, measfar go gcomhlíonann an cineál córais tosta nó an chomhpháirt, COP.

3.2.   Mura gcomhlíonann ceann de na torthaí tástála ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, déanfar dhá chóras eile tosta nó comhpháirteanna díobh den chineál céanna a thástáil de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo.

3.3.   Má chomhlíonann na torthaí tástála don dara agus don tríú córas tosta nó comhpháirteanna díobh ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, measfar go gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirt de, comhréireacht táirgeachta.

3.4.   Mura gcomhlíonann ceann de na torthaí tástála don dara nó tríú córas tosta nó comhpháirteanna de na ceanglais comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, measfar nach gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirteanna de ceanglais an Rialacháin seo agus déanfaidh an monaróir na bearta is gá chun an chomhréireacht a athbhunú.


IARSCRÍBHINN XI

LEASUITHE AR THREOIR 2007/46/CE

Leasaítear Treoir 2007/46/CE leis seo mar a leanas:

Cuid A

1.

Leasófar Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla i gCuid I:

Ítim

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Infheidhmeacht

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

X

X

X

X

X

X

 

 

 

 

(b)

cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla i bhFoscríbhinn 1 de Chuid I:

Ítim

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Saincheisteanna sonracha

Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

 

A

(c)

cuirfear isteach an tsraith seo a leanas i dTábla 2 d'Fhoscríbhinn 1 de Chuid I:

Ítim

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Saincheisteanna sonracha

Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

 

A

2.

In Iarscríbhinn VI, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla i bhFoscríbhinn le Múnla A:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

Faoi mar a leasaíodh le

Infheidhmeacht i leith leaganacha

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

 

 

3.

Leasófar Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

i bhFoscríbhinn 1, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1 ≤ 2 500 (1) kg

M1 ≤ 2 500 (1) kg

M2

M3

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

H

G+H

G+H

G+H

(b)

i bhFoscríbhinn 2, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

X

X

X

X

X

X

 

 

 

 

(c)

i bhFoscríbhinn 3, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1

“1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

X”

(d)

i bhFoscríbhinn 4, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

 

H

H

H

H

H”

 

 

 

 

(e)

i bhFoscríbhinn 5, cuirfear isteach an tsraith seo a leanas sa tábla:

Ítim

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

Craein shoghluaiste de chatagóir N 3

“1A

Leibhéal fuaime

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014

T”

Cuid B

1.

Leasófar Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i gCuid I;

(b)

Scriosfar ítim 1 i dTábla 1 d'Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Cuid I;

(c)

Scriosfar ítim 1 i dTábla 2 d'Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Cuid I;

(d)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i gCuid II.

2.

In Iarscríbhinn VI, sa tábla san Fhoscríbhinn a ghabhann le Múnla A, scriosfar Ítim 1.

3.

Leasófar Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i bhFoscríbhinn 1;

(b)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i bhFoscríbhinn 2;

(c)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i bhFoscríbhinn 3;

(d)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i bhFoscríbhinn 4;

(e)

Scriosfar ítim 1 sa tábla i bhFoscríbhinn 5.


IARSCRÍBHINN XII

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 70/157/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 2a

Airteagal 4(3) agus (4)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Iarscríbhinn I, pointe 1

Iarscríbhinn I, pointe 1

Iarscríbhinn I, pointe 3

Iarscríbhinn I, pointe 2

Iarscríbhinn I, pointe 4

Iarscríbhinn I, pointe 3

Iarscríbhinn I, pointe 5

Iarscríbhinn I, pointe 4

Iarscríbhinn I, pointe 6

Iarscríbhinn I, pointe 5

Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 1

Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 1

Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 2

Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 2

Iarscríbhinn I, pointe 2

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II, pointí 1, 2, 3 agus 4

Iarscríbhinn IX, pointí 1, 2, 3 agus 4

Iarscríbhinn II, pointe 5 agus pointe 6

Iarscríbhinn IX, pointe 7 agus pointe 8

Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 1

Iarscríbhinn IX, Foscríbhinn 1

Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 2

Iarscríbhinn IX, Foscríbhinn 2

Iarscríbhinn II, Foscríbhinn 3

Iarscríbhinn IX, Foscríbhinn 3

Iarscríbhinn III