31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/160


RIALACHÁN (CE) UIMH. 222/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na forálacha bunúsacha maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit.

(2)

Faoi chuimsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 14 Samhain 2006 maidir leis an ualach freagartha a laghdú, maidir le simpliú agus maidir le socrú tosaíochtaí i réimse an staidrimh Chomhphobail, aithníodh Intrastat, an córas chun staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit a bhailiú, mar réimse ina bhfuil sé indéanta agus inmhianaithe simpliú a dhéanamh.

(3)

Is féidir gníomh a dhéanamh láithreach chun an t-ualach staidrimh a laghdú trí ráta cuimsithe na sonraí a bhailítear trí mheán Intrastat a ísliú. Is féidir é sin a dhéanamh trí na tairseacha a ardú ar fúthu a bheidh páirtithe díolmhaithe ó fhaisnéis Intrastat a sholáthar. Mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú ar an gcion den staidreamh a bheidh bunaithe ar mheastacháin arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta.

(4)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht fhadtéarmach, ba cheart a bhreithniú an bhfuil bearta eile ann is féidir a dhéanamh chun an t-ualach staidrimh a laghdú tuilleadh, ach fós staidreamh lena gcomhlíontar na táscairí cáilíochta agus na caighdeáin atá i bhfeidhm a choinneáil. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na bearta sin, tuilleadh laghdaithe a dhéanamh ar íosrátaí éigeantacha cuimsithe na n-eiseolachán iomlán agus na n-inseolachán iomlán, chomh maith le go bhféadfaí córas sreafa aonair a thabhairt isteach amach anseo. Chun na gcríoch sin, ba cheart don Choimisiún fiúntas agus inmharthanacht na mbeart sin mar aon leis an tionchar ar a gcáilíocht a imscrúdú tuilleadh.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe bliantúla i ndáil le trádáil, agus iad miondealaithe de réir saintréithe gnó, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Ar an tslí sin, soláthrófar faisnéis nua staidrimh faoi shaincheisteanna eacnamaíocha ábhartha d'úsáideoirí, agus beidh sé indéanta cineál nua anailíse a dhéanamh, mar shampla, anailís ar an tslí a bhfeidhmíonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe, gan ceanglais nua staidrimh a fhorchur ar chuideachtaí tuairisceoireachta. Ba cheart an nasc idir staidreamh gnó agus staidreamh trádála a shuíomh tríd an bhfaisnéis ó chlár na n-oibreoirí laistigh den Chomhphobal a chumasc le faisnéis a éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear réim comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh (3).

(6)

Ba cheart go dtabharfaí don Choimisiún na cumhachtaí cur chun feidhme chun an cuimsiú íosta trádála a ísliú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na cumhachtaí cur chun feidhme sin solúbthacht i gcás athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí agus a bheadh bunaithe ar mheasúnú tráthrialta ar na tairseacha i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta chun teacht ar an gcomhbhabhtáil is fearr idir an t-ualach staidrimh agus cruinneas na sonraí.

(7)

Le hísliú ar an gcuimsiú íosta trádála, ní mór bearta a chur i ngníomh mar chúiteamh ar bhailiú níos neamhiomláine de na sonraí agus, dá réir sin, an tionchar diúltach ar an gcáilíocht, go háirithe ar chruinneas na sonraí. Ba cheart go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún na socruithe cáilíochta sna Ballstáit a dhéanamh níos doichte, agus, go háirithe, na critéir a shainiú a úsáidfear chun meastachán a dhéanamh ar an trádáil nach mbailítear sonraí ina leith trí mheán Intrastat.

(8)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4).

(9)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE (5), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, agus ar bearta iad atá ceaptha chun leasú a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunúsach, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(10)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeadh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(11)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na rialacha éagsúla nó rialacha sonracha a bhaineann le hearraí nó le gluaiseachtaí sonracha a ghlacadh; an tréimhse thagartha a oiriúnú chun an nasc le hoibleagáidí i ndáil le cáin bhreisluacha agus custaim a chur san áireamh; na socruithe do bhailiú na faisnéise sin atá le bailiú ag na húdaráis náisiúnta a chinneadh, go háirithe na cóid a úsáidfear; cuimsiú íosta Intrastat a chur in oiriúint d'fhorbairtí teicniúla agus eacnamaíocha; na coinníollacha a shainiú, ar fúthu a fhéadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis atá le soláthar faoi idirbhearta beaga leithleacha a shimpliú; na sonraí comhiomlánaithe atá le tarchur a shainiú, mar aon leis na critéir a chaithfidh torthaí na meastachán a chomhlíonadh; forálacha cur chun feidhme a ghlacadh chun an staidreamh a thiomsú trí shonraí faoi shaintréithe gnó arna dtaifeadadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 a nascadh leis an staidreamh faoi eiseolacháin agus faoi inseolacháin earraí; agus aon bhearta eile a ghlacadh is gá chun cáilíocht na sonraí a áirithiú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(12)

Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 mar a leanas:

1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha éagsúla nó sonracha a ghlacadh, a bhaineann le hearraí sonracha nó le gluaiseachtaí sonracha. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

2)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse thagartha a oiriúnú chun an nasc le hoibleagáidí i ndáil le cáin bhreisluacha (CBL) agus le custaim a chur san áireamh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is iad seo a leanas na páirtithe a bheidh freagrach as an bhfaisnéis a sholáthar don chóras Intrastat:

(a)

an duine inchánach faoi mar a shainítear é i dTeideal III de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (7), sa Bhallstát eiseolacháin, agus ar duine é nó í:

(i)

a bhfuil an conradh, seachas conarthaí iompair, tugtha i gcrích aige nó aici agus ar conradh é is siocair le heiseoladh na n-earraí nó, ina éagmais sin;

(ii)

a eiseolann na hearraí nó a fhorálann d'eiseoladh na n-earraí nó, ina éagmais sin;

(iii)

a bhfuil na hearraí atá faoi réir an eiseolta ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici;

nó a ionadaí nó a hionadaí cánach i gcomhréir le hAirteagal 204 de Threoir 2006/112/CE; agus

(b)

an duine inchánach faoi mar a shainítear é i dTeideal III de Threoir 2006/112/CE, sa Bhallstát inseolacháin, agus ar duine é nó í:

(i)

a bhfuil an conradh, seachas conarthaí iompair, tugtha i gcrích aige nó aici agus ar conradh é is siocair le seachadadh na n-earraí nó, ina éagmais sin;

(ii)

a ghlacann le seachadadh na n-earraí nó a fhorálann do sheachadadh na n-earraí nó, ina éagmais sin;

(iii)

a bhfuil na hearraí atá faoi réir an tseachadta ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici;

nó a ionadaí nó a hionadaí cánach i gcomhréir le hAirteagal 204 de Threoir 2006/112/CE.’.

4)

in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

uair sa mhí ar a laghad, le liostaí na ndaoine inchánacha a mbeidh sé dearbhaithe acu gur sholáthair siad earraí chuig Ballstáit eile nó go bhfuair siad earraí ó Bhallstáit eile i rith na tréimhse atá faoi chaibidil. Léireofar sna liostaí luachanna iomlána na n-earraí a bheidh dearbhaithe ag gach duine inchánach chun críocha fioscacha;’;

5)

Leasaítear Airteagal 9(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad fhomhír:

‘(a)

an uimhir aonair chéannachta arna leithdháileadh ar an bpáirtí a bheidh freagrach as faisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Tugtar sainmhínithe ar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) san Iarscríbhinn. I gcás inar gá sin, cinnfidh an Coimisiún na socruithe chun an fhaisnéis sin a bhailiú, go háirithe na cóid a úsáidfear. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

6)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Socrófar na tairseacha ar fúthu a bheidh páirtithe díolmhaithe ó aon fhaisnéis Intrastat a sholáthar ag leibhéal lena n-áirithítear go gcuimseofar 97 % ar a laghad d'eiseolacháin iomlána agus 95 % ar a laghad d'inseolacháin iomlána daoine inchánacha an Bhallstáit ábhartha.

Cuirfidh an Coimisiún na rátaí cuimsithe Intrastat sin in oiriúint d'fhorbairtí teicniúla agus eacnamaíocha, cibé uair a fhéadfar iad a laghdú agus fós staidreamh a chothabháil lena gcomhlíonfar na táscairí cáilíochta agus na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha maidir le sainiú na dtairseach sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Faoi choinníollacha áirithe a chomhlíonfaidh ceanglais cháilíochta, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis atá le soláthar faoi idirbhearta beaga leithleacha a shimpliú. Saineoidh an Coimisiún na coinníollacha sin. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Rúndacht staidrimh

I gcás ina n-iarrfaidh an páirtí nó na páirtithe a chuir an fhaisnéis ar fáil amhlaidh, agus sa chás sin amháin, cinnfidh na húdaráis náisiúnta cibé an mbeidh torthaí staidrimh lena bhféadfaí an soláthraí nó na soláthraithe sin a aithint le scaipeadh nó le leasú ar shlí nach ndéanfaidh a scaipeadh dochar don rúndacht staidrimh.’;

8)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

40 lá féilire tar éis dheireadh na míosa tagartha do na sonraí comhiomlánaithe a bheith le sainmhíniú ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(b)

i mír 2, cuirtear na habairtí seo a leanas isteach:

‘Comhlíonfaidh torthaí na meastachán critéir a shaineoidh an Coimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) staidreamh bliantúil maidir le trádáil de réir saintréithe gnó, eadhon gníomhaíocht eacnamaíoch arna déanamh ag an bhfiontar de réir na roinne nó an leibhéil 2-dhigit d'aicmiú comhchoiteann staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus de réir na haicme méide arna tomhas ó thaobh an líon fostaithe de.

Tiomsófar an staidreamh sin trí shonraí faoi shaintréithe gnó arna dtaifead de réir Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh (9) a nascadh leis an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Cinnfidh an Coimisiún na forálacha cur chun feidhme chun an staidreamh sin a thiomsú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Cáilíocht

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na crítéir cáilíochta seo a leanas maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur:

(a)

“ábharthacht”, a thagraíonn don mhéid a chomhlíonann an staidreamh riachtanais reatha na n-úsáideoirí agus na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b)

“cruinneas”, a thagraíonn do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c)

“tráthúlacht”, a thagraíonn don tréimhse idir infhaighteacht na faisnéise agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;

(d)

“poncúlacht”, a thagraíonn don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);

(e)

“inrochtaineacht” agus “soiléire”, a thagraíonn do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe lena bhféadfaidh úsáideoirí na sonraí a fháil, a úsáid agus a léirthuiscint;

(f)

“inchomparáideacht”, a thagraíonn don tomhas ar thionchair na ndifríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí agus i nósanna imeachta tomhais an staidrimh fheidhmigh i gcás ina ndéantar comparáid ar staidreamh idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó in imeacht ama;

(g)

“comhchuibheas”, a thagraíonn dá leordhóthanaí atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí éagsúla agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

2.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi cháilíocht an staidrimh arna tharchur ar fáil don Choimisiún (Eurostat).

3.   Agus na crítéir cáilíochta a leagtar síos i mír 1 á gcur i bhfeidhm maidir leis an staidreamh a chuimsítear leis an Rialachán seo, saineofar modúlachtaí agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht an staidrimh arna tharchur.

4.   Cinnfidh an Coimisiún aon bhearta is gá chun cáilíocht an staidrimh arna tharchur a áirithiú de réir na gcrítéar cáilíochta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’,

10)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

11)

San Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de Roinn 3:

‘(a)

an méid inchánach, arb é an luach é a shocrófar chun críocha cánach i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE;’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VONDRA


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 19 Feabhra 2009.

(2)  IO L 102, 7.4.2004, lch. 1.

(3)  IO L 61, 5.3.2008, lch. 6.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(5)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

(6)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

(7)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(8)  IO L 393, 30.12.1996, lch. 1.

(9)  IO L 61, 5.3.2008, lch. 6.