7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/18


Airteagal 5

(sean-Airteagal 5 CCE)

1.   Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2.   Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

3.   Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal sin.

4.   Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.