12006E047

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL III - Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil - Caibidil 2 - Cear t bunaíochta - Airteagal 47

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0061 - 0061
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0054 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0196 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0023 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 47

1. Chun gur fusa do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, treoracha a ghlacadh chun dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach.

2. Chun na críche céanna, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, treoracha a eisiúint chun comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcaitheamh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, cinneadh maidir le treoracha ar gá, chun iad a chur chun feidhme i mBallstát amháin ar a laghad, leasú a dhéanamh ar na prionsabail reachtaíochta atá ann cheana a bhaineann le córas rialú na ngairmeacha maidir le hoiliúint agus le coinníollacha rochtana do dhaoine nádúrtha. I gcásanna eile, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

3. I gcás ghairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus ghairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach ar shrianta ag brath ar chomhordú coinníollacha a gcleachta sin sna Ballstáit éagsúla.

--------------------------------------------------