02018R1724 — GA — 24.09.2023 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1 tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295 21.11.2018, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/868 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022 |
L 152 |
1 |
3.6.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 2 Deireadh Fómhair 2018
maidir le ►C1 tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le:
►C1 tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i dtaca le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;
úsáid nósanna imeachta ag úsáideoirí trasteorann agus do chur chun feidhme an phrionsabail “aon-uaire” a bhaineann leis na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus le haghaidh na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;
tuairisc a thabhairt ar bhacainní sa mhargadh inmheánach, bunaithe ar aiseolas úsáideoirí agus staidreamh ó na seirbhísí a chumhdaítear leis an ►C1 tairseach ◄ .
Airteagal 2
Bunú na ►C1 tairsí ◄ aonair digití
Leis an ►C1 tairseach ◄ , tabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:
faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí atá ag feidhmiú a gceart faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;
faisnéis faoi nósanna imeachta ar líne agus as líne agus naisc chuig nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear nósanna imeachta a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun go mbeidh ar chumas na n-úsáideoirí na cearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I;
faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, ar seirbhísí iad mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “úsáideoir” duine ar bith is saoránach den Aontas, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, agus ar duine é a úsáideann an ►C1 tairseach ◄ chun an fhaisnéis, na nósanna imeachta nó na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a rochtain;
ciallaíonn “úsáideoir trasteorann” úsáideoir i gcúinsí nach bhfuil teoranta i ngach caoi laistigh de Bhallstát amháin;
ciallaíonn “nós imeachta” seicheamh gníomhartha nach mór d’úsáideoirí a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh nó chun cinneadh a fháil ó údarás inniúil le go mbeidh siad in ann na cearta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) a fheidhmiú;
ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás nó chomhlacht de chuid Ballstáit a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air maidir leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “fianaise” aon doiciméad nó sonraí, lena n-áirítear téacs nó fuaim, taifeadadh amhairc nó closamhairc, beag beann ar an meán a úsáidtear, atá ag teastáil ó údarás inniúil chun fíricí a chruthú nó chun a chruthú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2).
CAIBIDIL II
SEIRBHÍSÍ ►C1 TAIRSÍ ◄
Airteagal 4
Rochtain ar fhaisnéis
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanas ar a leathanaigh ghréasáin náisiúnta:
faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ón dlí náisiúnta;
faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta;
faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar an leibhéal náisiúnta.
Áiritheoidh an Coimisiún go soláthróidh an tairseach An Eoraip Agatsa rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanassa tairseach aonair:
faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais;
faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar leibhéal an Aontais;
faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 5
Rochtain ar fhaisnéis nach n-áirítear in Iarscríbhinn I
Airteagal 6
Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne
Measfar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bheith go hiomlán ar líne i gcás inar féidir:
sainaithint, soláthar faisnéise, fianaise agus síniú a thabhairt agus an cur isteach deiridh a dhéanamh mar seo a leanas go ndéanfar é go leictreonach i gcéin, trí chainéal seirbhíse a chuireann ar chumas úsáideoirí na ceanglais uile a bhaineann leis an nós imeachta a chomhlíonadh ar bhealach atá soláimhsithe agus ar bhealach struchtúrtha;
ar bhealach a áirithíonn go seolfar admháil fála go huathoibríoch mura soláthrófar aschur an nós imeachta láithreach;
i gcás ina soláthrófar aschur an nós imeachta go leictreonach freisin, ►C1 nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, a sholáthar trí mhodhanna fisiceacha; agus ◄
i gcás ina soláthrófar fógra leictreonach d’úsáideoirí maidir le cur i gcrích an nós imeachta.
Airteagal 7
Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
►C1 I gcás inar gá sin chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa ►C1 tairseach ◄ chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas: ◄
tairgeann an tseirbhís faisnéis nó cúnamh a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun na gcríoch a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus cuireann sí le seirbhísí atá sa ►C1 tairseach ◄ cheana féin;
tairgtear an tseirbhís saor in aisce nó ar phraghas atá inacmhainne ag micrifhiontair, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus saoránaigh; agus
comhlíonann an tseirbhís na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 16.
I gcás inar mhol an comhordaitheoir náisiúnta go gcuirfí nasc isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus ina soláthraíonn sé an nasc sin i gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirfear isteach leis an nasc sin na coinníollacha i mír 3 den Airteagal seo, agus, má chomhlíontar, gníomhachtóidh sé an nasc.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirtear isteach na coinníollacha i mír 3, cuirfidh sé an comhordaitheoir náisiúnta ar an eolas faoi na cúiseanna nár gníomhachtaíodh an nasc.
Airteagal 8
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le hinrochtaineacht gréasáin
Déanfaidh an Coimisiún iad dá chuid suíomhanna agus leathanaigh gréasáin, trína dtugann sé rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7, níos inrochtana trí iad a dhéanamh inbhraite, inoibritheach, intuigthe agus stóinseach.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA
ROINN 1
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
Airteagal 9
Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha
I gcás ina bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4, as rochtain a áirithiú ar fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
►C1 tá sí soláimhsithe, rud a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca; ◄
tá sí cruinn agus cuimsitheach go leor ionas go gcumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus leis na hoibleagáidí is infheidhme;
tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;
tugtar ainm an údaráis inniúil nó an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;
tugtar sonraí teagmhála seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna, amhail uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí é don chineál seirbhísí atá á tairiscint agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;
tugtar dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis, más ann dó, nó i gcás nach ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis, an dáta foilsithe;
tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;
coinnítear cothrom le dáta í;
tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe.
Airteagal 10
Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta
Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá cuimsitheach go leor, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir maidir leis na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2):
céimeanna ábhartha an nós imeachta atá le comhlíonadh ag an úsáideoir, lena n-áirítear aon eisceacht faoi Airteagal 6(3) ar oibleagáid na mBallstát an nós imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne;
ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an nós imeachta, lena n-áirítear a shonraí teagmhála;
na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta;
cineál agus formáid na fianaise atá le cur isteach;
na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil go ginearálta i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla;
na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne;
aon spriocdhátaí atá le hurramú ag an úsáideoir nó ag an údarás inniúil agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama mheasta nó an mheántréimhse ama tháscaigh a bheadh de dhíth ar údarás inniúil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;
►C1 aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr na rialacha sin, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin; ◄
teanga bhreise ar bith inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.
Airteagal 11
Cáilíocht na faisnéise faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula gcuirfidh siad iarraidh isteach ar sheirbhís dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ar na nithe seo a leanas:
cineál, cuspóir agus torthaí ionchais na seirbhíse atá á tairiscint;
sonraí teagmhála na n-eintiteas atá freagrach as an tseirbhís amhail, uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí don chineál seirbhísí atá á tairiscint é agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;
na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;
aon spriocdhátaí is infheidhme atá le hurramú agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama, nó an t-am a mheastar a bheith de dhíth chun an tseirbhís a sholáthar;
aon teangacha bhreise inar féidir an iarraidh a chur isteach agus ar féidir í a úsáid i dteagmhálacha ina dhiaidh sin.
Airteagal 12
Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis
ROINN 2
Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta ar líne
Airteagal 13
Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar, maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas ar a laghad:
go mbeidh úsáideoirí in ann na treoracha a rochtain le haghaidh an nós imeachta a chur i gcrích i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12;
go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an fhaisnéis is gá a chur isteach, lena n-áirítear i gcás nach ionann struchtúr faisnéise den sórt sin agus faisnéis den sórt céanna sa Bhallstát lena mbaineann;
go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann, iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus doiciméid a shíniú nó a shéalú go leictreonach, mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;
go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann fianaise a sholáthar i bhformáid leictreonach ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus toradh na nósanna imeachta sin a fháil i bhformáid leictreonach i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;
i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun nós imeachta a chur i gcrích, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.
Airteagal 14
Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”
Déanfar an méid seo a leanas leis an gcóras teicniúil, go háirithe:
éascófar leis iarrataí ar fhianaise a phróiseáil ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir;
beifear in ann é a úsáid chun iarrataí a phróiseáil chun rochtain a fháil ar fhianaise nó chun fianaise a mhalartú;
beifear in ann é a úsáid chun fianaise a tharchur idir údaráis inniúla;
beidh an t-údarás inniúil iarrthach in ann é a úsáid chun an fhianaise a phróiseáil;
áiritheofar rúndacht agus sláine na fianaise leis;
tabharfar an fhéidearthachtdon úsáideoir réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise as a mbainfidh an t-údarás iarrthach úsáid agusroghnú dul ar aghaidh leis an malartú fianaise nó gan dul ar aghaidh leis;
áireofar leis ardleibhéal idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha eile atá ann cheana;
áiritheofar ardleibhéal slándála leis le haghaidh fianaise a tharchur agus a phróiseáil;
ní dhéanfar próiseáil ar fhianaise thar a bhfuil fíorghá leis go teicniúil don mhalartú fianaise, agus don tréimhse is gá chun na críche sin, agus don tréimhse sin amháin.
Airteagal 15
Fianaise idir na Ballstáit a fhíorú
Más rud é, maidir leis an gcóras teicniúil, nó córais eile i gcomhair fianaise a mhalartú nó a fhíorú idir na Ballstáit, nach bhfuil siad ar fáil nó nach bhfuil siad infheidhme nó sa chás nach n-iarrann an t-úsáideoir úsáid an chórais theicniúil, comhoibreoidh na húdaráis inniúla trí Chóras Faisnéise an mhargaidh Inmheánaigh (IMI), i gcás inar gá chun fíordheimhniú a dhéanamh ar bharántúlacht na fianaise a chuireann úsáideoir faoi bhráid údarás inniúil i bhformáid leictreonach chun críche nós imeachta ar líne.
ROINN 3
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
Airteagal 16
Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
Maidir leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus na seirbhísí a áirítear sa ►C1 tairseach ◄ i gcomhréir le hAirteagal 7(2), (3) agus (4), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, de réir a n-inniúlachtaí faoi seach, go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cháilíochta seo a leanas:
go gcuirfear ar fáil iad laistigh de thréimhse ama réasúnach agus castacht na hiarrata á cur san áireamh;
i gcás ina ndéantar síneadh a chur le spriocdhátaí, cuirtear na cúiseanna sin in iúl do na húsáideoirí roimh ré agus tugtar an spriocdháta nua dóibh;
i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun seirbhís a sholáthar, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.
ROINN 4
Faireachán cáilíochta
Airteagal 17
Faireachán cáilíochta
I gcás meath ar cháilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear i mír 1, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn na húdaráis inniúla, déanfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí agus a mharthanaí atá an meath sin, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
comhordaitheoir náisiúnta ábhartha na tairsí a chur ar an eolas agus bearta ceartaitheacha a iarraidh;
gníomhartha molta a chur isteach lena phlé ag grúpa comhordaithe na ►C1 tairsí ◄ chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a fheabhsú;
litir ina ndéantar moltaí a sheoladh chuig an mBallstát lena mbaineann;
an fhaisnéis, an nós imeachta nó an tseirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a dhícheangal go sealadach ón tairseach.
CAIBIDIL IV
RÉITIGH THEICNIÚLA
Airteagal 18
Comhéadan coiteann úsáideora
Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an comhéadan coiteann úsáideora na ceanglais cháilíochta seo a leanas:
beidh sé éasca le húsáid;
beidh sé inrochtana ar líne trí ghléasanna leictreonacha éagsúla;
déanfar é a fhorbairt agus a optamú do bhrabhsálaithe éagsúla gréasáin;
comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas maidir le hinrochtaineacht gréasáin: inbhraiteacht, inoibritheacht, intuigtheacht agus stóinseacht.
Airteagal 19
Stór do naisc
Airteagal 20
An cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh
Airteagal 21
Freagrachtaí as feidhmchláir TFC lena dtacaítear leis an ►C1 tairseach ◄
Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, infhaighteacht, faireachán, nuashonrú, cothabháil, slándáil agus óstáil na bhfeidhmchlár TFC agus na leathanach gréasáin seo a leanas:
an tairseach Eoraip Agatsa dá dtagraítear in Airteagal 2(1);
an comhéadan coiteann úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 18(1), lena n-áirítear an t-inneall cuardaigh nó aon uirlis eile TFC lenar féidir faisnéis ar an idirlíon agus seirbhísí a chuardach;
an stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19(1);
an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 20(1);
na huirlisí aiseolais úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 26(1).
Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun na feidhmchláir TFC a fhorbairt.
CAIBIDIL V
CUR CHUN CINN
Airteagal 22
Ainm, lógó agus lipéad cáilíochta
Maidir leis an ainm a chuirfear in iúl agus a chuirfear chun cinn don phobal i gcoitinne, tabharfar “ Your Europe ” ar an ►C1 tairseach ◄ .
Maidir leis an lógó lena gcuirtear an ►C1 tairseach ◄ in iúl agus lena gcuirtear í chun cinn don phobal i gcoitinne, is é an Coimisiún a chinnfidh é i ndlúthchomhar le grúpa comhordaithe na ►C1 tairsi ◄ , faoin 12 Meitheamh 2019 ar a dhéanaí
Déanfar lógó na ►C1 tairsí ◄ agus nasc don ►C1 tairsí ◄ infheicthe ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar an leibhéal náisiúnta atá nasctha leis an ►C1 tairseach ◄ .
Airteagal 23
Cur chun cinn
CAIBIDIL VI
BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ
Airteagal 24
Staidreamh faoi úsáideoirí
An staidreamh a bhaileofar i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a bhfuil nasc ag an ►C1 tairseach ◄ leo, áireofar ina measc na catagóirí sonraí seo a leanas:
sonraí maidir le líon, bunadh, agus cineál úsáideoirí na ►C1 tairsí ◄ ;
sonraí maidir le roghanna úsáideoirí agus le turais úsáideoirí;
►C1 sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. ◄
Déanfar na sonraí sin a chur ar fáil don phobal i bhformáid oscailte, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín.
Airteagal 25
Aiseolas ó úsáideoirí faoi sheirbhísí na ►C1 tairsí ◄
Airteagal 26
Tuairisciú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
uirlis sholáimhsithe a sholáthar d’úsáideoirí na ►C1 tairsí ◄ chun aon bhacainní a dtagann siad orthu agus a gcearta i ndáil leis an margadh inmheánach á bhfeidhmiú acu a chur in iúl agus aiseolas a thabhairt fúthu ar bhonn anaithnid;
faisnéis chomhiomlánaithe a bhailiú ó na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá mar chuid den ►C1 tairseach ◄ maidir le hábhar na n-iarrataí agus freagraí.
Airteagal 27
Forléargais achoimre ar líne
Maidir le forléargais achoimre ar na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 26(1), ar na príomhstaitisticí úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 24 agus ar an bpríomh-staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh an Coimisiún iad a fhoilsiú ar líne i bhfoirm anaithnid.
CAIBIDIL VII
RIALACHAS NA ►C1 TAIRSÍ ◄
Airteagal 28
Comhordaitheoirí náisiúnta
►C1 Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 7, 17, 19, 20, 23 agus 25, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas: ◄
gníomhú mar phointe teagmhála riaracháin i ndáil le gach ábhar a bhaineann leis an ►C1 tairseach ◄ ;
cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 9 go go hAirteagal 16 a chur chun cinn laistigh d’údaráis inniúla náisiúnta;
a áirithiú go gcuirfear na moltaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) chun feidhme i gceart.
Airteagal 29
An Grúpa Comhordaithe
Leis seo, bunaítear grúpa comhordaithe (“grúpa comhordaithe na ►C1 tairsí ◄ ”). Beidh sé comhdhéanta de chomhordaitheoir náisiúnta amháin ó gach Ballstát agus déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún cathaoirleacht air. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. Soláthróidh an Coimisiún an rúnaíocht don ghrúpa.
Airteagal 30
Cúraimí ghrúpa comhordaithe na ►C1 tairsí ◄
Tacóidh grúpa comhordaithe na ►C1 tairsí ◄ le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
malartú agus nuashonrú rialta ar na dea-chleachtais a éascú;
úsáid nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne a spreagadh, ar nósanna imeachta iad a théann thar a bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith le modhanna fíordheimhnithe, sainaitheantais agus sínithe ar líne, go háirithe iad mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
feabhsuithe a phlé maidir le cur i láthair soláimhsithe faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25;
cuidiú leis an gCoimisiún réitigh choiteanna TCF a fhorbairt lena dtacófar leis an ►C1 tairseach ◄ ;
an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;
cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;
faisnéis bhreise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a phlé d’fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun faisnéis chomhchosúil a sholáthar, i gcás ina mbíonn sí ábhartha do na húsáideoirí;
cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 16, i gcomhréir le hAirteagal 17;
eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 6(1);
gníomhartha a phlé agus a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an ►C1 tairseach ◄ a sheachaint nó a dhíothú;
tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta nó bearta chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;
cur i bhfeidhm phrionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a phlé i gcomhthéacs an Rialacháin seo;
saincheisteanna a phlé a bhaineann le bailiú aiseolas agus staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, chun go ndéanfar na seirbhísí a thairgtear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú go leanúnach;
plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an ►C1 tairseach ◄ ;
dea-chleachtais a mhalartú agus cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), chun dea-fheidhmiú an chomhéadain choitinn úsáideora a chumasú;
cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais nó seirbhísí na líonraí faisnéise agus cúnaimh nó réitigh fadhbanna;
treoir a thabhairt maidir le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla breise an Aontais a úsáidfidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 9(2), 10(4) agus 11(2), agus pointe (a) d’Airteagal 13(2).
Airteagal 31
Clár oibre bliantúil
Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil ina sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe:
►C1 gníomhaíochtaí chun feabhas a chur le cur i láthair faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gníomhaíochtaí chun cur chun feidhme tráthúil an cheanglais i dtaca le faisnéis a sholáthar ag údaráis inniúla ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an bhardais, a éascú; ◄
gníomhartha chun comhlíonadh Airteagal 6 agus Airteagal 13 a éascú;
gníomhartha a theastaíonn chun comhlíonadh comhsheasmhach na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 9 go hAirteagal 12 a áirithiú;
gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn na ►C1 tairsí ◄ i gcomhréir le hAirteagal 23.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Costais
Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;
cur chun cinn na ►C1 tairsí ◄ ar leibhéal an Aontais;
faisnéis, míniúcháin agus treoracha i gcomhréir le hAirteagal 12 a aistriú laistigh d’uasmhéid bliantúil in aghaidh an Bhallstáit, gan dochar d’ath-leithdháileadh a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás inar gá sin chun gur féidir an buiséad a bheidh ar fáil a úsáid ina iomláine.
Airteagal 33
Sonraí pearsanta a chosaint
Maidir le próiseáil na sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag údaráis inniúla comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 .
Airteagal 34
Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh
Airteagal 35
Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
Airteagal 36
Tuairisciú agus athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná 12 Nollaig 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na ►C1 tairsí ◄ agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar an staidreamh agus ar an aiseolas arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26. San athbhreithniú sin, déanfar meastóireacht ar raon feidhme Airteagal 14 go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlí a bhaineann le malartú fianaise idir údaráis inniúla.
Airteagal 37
Nós imeachta coiste
Airteagal 38
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
“Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.”;
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:
Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:
comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;
comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.”;
in Airteagal 5, leasaítear an dara mír mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;”;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr,”;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
ciallaíonn ‘gníomhaithe IMI’ na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;”;
in Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh”;
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
scriostar mír 4;
in Airteagal 29, scriostar mír 1;
san Iarscríbhinn, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
“11. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) ( *2 ): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1).
12. Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1 tairseach aonair dhigiteach ◄ a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( *3 ): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 4, Airteagail 7 go 12, Airteagal 16, Airteagal 17, Airteagal 18(1) go (4), Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 24(1), (2) agus (3), Airteagal 25(1) go (4), Airteagal 26 agus Airteagal 27 ón 12 Nollaig 2020.
Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 13, Airteagal 14(1) go (8) agus (10) agus Airteagal 15 ón 12 Nollaig 2023.
D’ainneoin dháta chur i bhfeidhm Airteagail 2, 9, 10 agus 11, cuirfidh na údaráis bhardasacha an fhaisnéis, na míniúcháin agus na treoracha dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar faoin 12 Nollaig 2022 ar a dheanaí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)
Réimsí faisnéise a bhaineann le saoránaigh:
Réimse |
FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA A EASCRAÍONN AS DLÍ AN AONTAIS AGUS AS AN DLÍ NÁISIÚNTA |
A. Taisteal laistigh den Aontas |
1. doiciméid nach mór a bheith ag saoránaigh an Aontais, daoine muinteartha leo nach saoránaigh den Aontas iad, mionaoisigh atá ag taisteal ina n-aonar agus saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad nuair atá siad ag taisteal thar theorainneacha laistigh den Aontas (cárta aitheantais, víosa, pas) 2. cearta agus oibleagáidí daoine agus iad ag taisteal ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge agus ar an mbus san Aontas agus amach as, agus cearta agus oibleagáidí daoine a cheannaíonn pacáistí taistil nó socruithe taistil gaolmhara 3. cúnamh i gcás soghluaisteacht laghdaithe daoine agus iad ag taisteal san Aontas agus amach as 4. iompar ainmhithe, plandaí, alcóil, tobac, toitíní agus earraí eile ag daoine agus iad ag taisteal san Aontas 5. guthghlaonna a chur agus teachtaireachtaí leictreonacha agus sonraí leictreonacha a sheoladh agus a fháil laistigh den Aontas |
B. Obair agus scor laistigh den Aontas |
1. fostaíocht a lorg i mBallstát eile 2. fostaíocht a ghlacadh i mBallstát eile 3. aitheantas do cháilíochtaí d’fhonn fostaíocht a fháil i mBallstát eile 4. cáin i mBallstát eile 5. rialacha maidir le dliteanas agus le hárachas éigeantacha atá nasctha le cónaí nó fostaíocht i mBallstát eile 6. téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear d’oibrithe ar postú, mar a sonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n-áirítear faisnéis maidir le huaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí) 7. cóir chomhionann (rialacha a chuireann cosc ar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine) 8. oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta 9. cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le pinsin a fháil |
C. Feithiclí san Aontas |
1. mótarfheithicil a thabhairt go sealadach nó go buan chuig Ballstát eile 2. ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan 3. árachas mhótarfheithiclí éigeantach a ghlacadh 4. mótarfheithicil a cheannach agus a dhíol i mBallstát eile 5. rialacha náisiúnta tráchta agus ceanglais ar thiománaithe, lena n-áirítear rialacha ginearálta maidir le húsáid an bhonneagair bóthair náisiúnta: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), greamáin astaíochtaí |
D. Cónaí i mBallstát eile |
1. bogadh chuig Ballstát eile go sealadach nó go buan 2. ceannach agus díol maoine dochorraithe, lena n-áirítear aon choinníollacha agus oibleagáidí a bhaineann le cánachas, úinéireacht nó úsáid maoine, lena n-áirítear mar áit chónaithe thánaisteach 3. páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa 4. ceanglais ar shaoránaigh an Aontais agus a ndaoine muinteartha maidir le cártaí cónaithe a bheith acu, lena n-áirítear daoine muinteartha nach saoránaigh den Aontas iad 5. coinníollacha is infheidhme don eadóirseachta náisiúnaigh ó Bhallstát eile 6. rialacha is infheidhme i gcás báis, lena n-áirítear rialacha maidir le haisdúichiú coirp chuig Ballstát eile |
E. Oideachas nó cúrsa oiliúna i mBallstát eile |
1. córas oideachais i mBallstát eile, lena n-áirítear oideachas agus cúram luath-óige, bunoideachas agus meánoideachas, ardoideachas agus foghlaim aosach 2. obair dheonach a dhéanamh i mBallstát eile 3. cúrsaí oiliúna i mBallstát eile 4. taighde a dhéanamh i mBallstát eile mar chuid de chlár oideachais |
F. Cúram sláinte |
1. cóireáil leighis a fháil i mBallstát eile 2. táirgí cógaisíochta ordaithe a cheannach ar líne nó go pearsanta i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar eisíodh an t-oideas 3. rialacha árachais sláinte is infheidhme i gcás ghearrfhanacht nó fadfhanacht i mBallstát eile, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte 4. creat ginearálta faisnéise maidir le cearta nó oibleagáidí rochtana chun rannpháirt a ghlacadh i mbearta cúraim sláinte coisctheacha poiblí atá ar fáil 5. seirbhísí a sholáthraítear trí uimhreacha náisiúnta éigeandála, lena n-áirítear uimhir “112” agus uimhir “116” 6. cearta agus coinníollacha le haghaidh bogadh chuig ionad cúraim chónaithe |
G. Cearta saoránach agus teaghlaigh |
1. breith, coimeád leanaí mionaoiseacha, freagrachtaí ar thuismitheoirí, rialacha maidir le máthairionadaíocht agus uchtáil, lena n-áirítear uchtáil ag an dara tuismitheoir, oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí in imthosca trasteorann teaghlaigh 2. cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha comhghnéis (pósadh, páirtnéireacht shibhialta nó chláraithe, idirscaradh, colscaradh, cearta maoine pósta, cearta comhchónaitheoirí) 3. rialacha maidir le haitheantas inscne 4. cearta agus oibleagáidí maidir le comharbas i mBallstát eile, lena n-áirítear rialacha cánach 5. cearta agus rialacha is infheidhme i gcás fuadach leanaí trasteorann arna dhéanamh ag tuismitheoir |
H. Cearta tomhaltóirí |
1. earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí (lena n-áirítear earraí agus seirbhísí airgeadais) a cheannach ar líne nó go pearsanta ó Bhallstát eile 2. cuntas bainc a choimeád i mBallstát eile 3. ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, diúscairt dramhaíola tí, teileachumarsáid agus an t-idirlíon 4. íocaíochtaí, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa, moilleanna ar íocaíochtaí trasteorann 5. cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí agus cúiteamh do thomhaltóirí 6. sábháilteacht agus slándáil táirgí tomhaltais 7. mótarfheithicil a thógáil ar cíos |
I. Cosaint sonraí pearsanta |
1. cearta na n-ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a fheidhmiú |
Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:
Réimse |
FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA |
J. Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh |
1. gnólacht a chlárú, a dhúnadh nó a chineál dlíthiúil a athrú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh) 2. gnólacht a bhogadh chuig Ballstát eile 3. cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil) 4. cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol 5. saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne 6. cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí 7. imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí 8. árachas creidmheasa 9. cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol 10. dliteanas sibhialta stiúrthóirí cuideachta 11. rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil |
K. Fostaithe |
1. téarmaí fostaíochta a sonraítear síos i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil(lena n-áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí) 2. cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin) 3. oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe) 4. cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine) 5. rialacha maidir le hionadaíocht foirne |
L. Cánacha |
1. CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil 2. dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críocha cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil 3. dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear ó allmhairí 4. nósanna imeachta custaim d’allmhairí agus d’onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais 5. cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach |
M. Earraí |
1. comhartha CE a fháil 2. rialacha agus ceanglais táirgí 3. caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú 4. aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais 5. ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú do cheimiceáin ghuaiseacha 6. ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile 7. táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh do pháirtí díobhálaithe 8. deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE) 9. athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola |
N. Seirbhísí |
1. ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn gnólacht a thosú agus a fheidhmiú 2. fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann 3. aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint |
O. Gnólacht a chistiú |
1. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais 2. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta 3. tionscnaimh atá dírithe ar fhiontraithe (malartuithe a eagraítear le haghaidh fiontraithe nua, cláir mheantóireachta, etc.) |
P. Conarthaí poiblí |
1. páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta 2. tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí 3. neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana |
Q. Sláinte agus sábháilteacht ag an obair |
1. oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n-áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint |
IARSCRÍBHINN II
Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
Imeachtaí saoil |
Nósanna imeachta |
Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha |
Breith |
Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le clárú breithe |
Cruthúnas maidir le clárú breithe nó teastas breithe |
Cónaí |
Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le cónaí |
Deimhniú de chlárú ag an seoladh reatha |
Staidéar a dhéanamh |
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir don oideachas treasach, amhail deontais agus iasachtaí staidéir ó chomhlacht poiblí nó ó institiúid phoiblí |
Cinneadh faoin iarratas ar mhaoiniú nó admháil fála |
Iarratas tosaigh a thíolacadh ar chead isteach in institiúid oideachais triú léibhéal phoiblí |
Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas |
|
Aitheantas acadúil a iarraidh i gcás dioplómaí, teastas nó cruthúnas eile staidéir nó cúrsaí |
Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas |
|
Obair |
Iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 () |
Cinneadh maidir le reachtaíocht infheidhme |
Fógra a thabhairt maidir le hathruithe i gcúinsí pearsanta nó gairmiúla an té a fhaigheann sochair slándála sóisialta, a bheidh ábhartha i dtaca leis na sochair sin |
Deimhniú go bhfuarthas fógra faoi athruithe den sórt sin |
|
Iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) |
Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) |
|
Dearbhú cánach ioncaim a thíolacadh |
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú |
|
Bogadh |
Athrú ar sheoladh a chlárú |
Deimhniú maidir leis an seoladh a bhí ag duine roimhe seo a dhíchlárú agus maidir leis an seoladh nua a chlárú |
Mótarfheithicil de thionscnamh nó atá cláraithe cheana féin i mBallstát, a chlárú, i nósanna imeachta caighdeánacha () |
Cruthúnas ar mhótarfheithicil a chlárú |
|
Greamáin a fháil chun críocha an bonneagar bóithre náisiúnta a úsáid: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí |
Greamán dola nó greamán nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil |
|
Greamáin astaíochtaí a fháil arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí |
Greamán astaíochtaí nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil |
|
Dul ar scor |
Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna éigeantacha |
Deimhniú ar fháil an éilimh nó cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir |
Faisnéis a iarraidh maidir leis na sonraí a bhaineann le pinsean ó scéimeanna éigeantacha |
Ráiteas de shonraí pearsanta pinsin |
|
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh |
Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE |
Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó |
|
Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais |
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh |
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais |
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh |
|
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh |
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú |
|
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann |
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú |
|
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc |
Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe |
|
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí |
Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas |
|
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas |
Deimhniú an chlárúcháin |
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(2)
Cumhdaítear leis seo na feithiclí seo a leanas: (a) aon mhótarfheithicil nó leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1) agus (b) aon mhótarfheithicil ar a bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, ar feithicil í atá beartaithe chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52). |
IARSCRÍBHINN III
Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)
Ionaid ilfhreastail ( 1 )
Pointí Teagmhála do Tháirgí ( 2 )
Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta ( 3 )
Lárionaid chúnaimh náisiúnta um cháilíochtaí gairmiúla ( 4 )
Pointí Teagmhála don tSláinte ( 5 )
Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES) ( 6 )
Réiteach díospóide ar líne (ODR) ( 7 )
( *1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 an 21.11.2018, lch. 39) .”;
( *2 ) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
( *3 ) IO L295, 21.11.2018, lch. 39 ”.
( ) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
( ) Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lch. 21).
( ) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
( ) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
( ) Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
( ) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).
( ) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar-líne le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).