02012R1151 — GA — 08.06.2022 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1151/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2012

maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(IO L 343 14.12.2012, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Márta 2017

  L 95

1

7.4.2017

►M2

RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Nollaig 2021

  L 435

262

6.12.2021


Arna cheartú le:

 C1

Ceartúchán, IO L 017, 19.1.2013, lch.  25 (1151/2012)

►C2

Ceartúchán, IO L 191, 17.7.2015, lch.  14 (1151/2012)

►C3

Ceartúchán, IO L 137, 24.5.2017, lch.  40 (2017/625)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1151/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2012

maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóirí

1.  

Is é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta na dtáirgí sin agus na mbia-earraí sin, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go mbeidh iomaíocht chóir ann d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a bhfuil saintréithe agus airíonna breisluacha ag baint leo;

(b) 

go mbeidh faisnéis iontaofa a bhaineann leis na táirgí sin ar fáil do na tomhaltóirí;

(c) 

go n-urramófar cearta maoine intleachtúla; agus

(d) 

sláine an mhargaidh inmheánaigh.

Tá sé beartaithe leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála agus na córais feirmeoireachta a bhaineann le táirgí ardcháilíochta, agus ar an dóigh sin rannchuidiú le cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach.

2.  

Bunaítear leis an Rialachán seo scéimeanna cáilíochta a chuirfidh bonn faoi shainaithint agus, nuair is iomchuí, faoi chosaint ainmneacha agus téarmaí a thabharfaidh táirgí talmhaíochta, go háirithe, le fios nó a thabharfaidh tuairisc orthu nuair a bheidh:

(a) 

saintréithe breisluacha sna táirgí sin; nó

▼M2

(b) 

airíonna breisluacha a eascraíonn as na modhanna feirmeoireachta nó próiseála arna n-úsáid lena dtáirgeadh, nó as áit a dtáirgthe nó as margaíocht nó as rannchuidiú féideartha na modhanna sin le forbairt inbhuanaithe.

▼B

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Cumhdaíonn an Rialachán seo táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus táirgí eile talmhaíochta agus bia-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Chun gealltanais idirnáisiúnta nó modhanna nua táirgthe nó ábhair nua a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánófar liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh dlúthbhaint ag na táirgí sin le táirgí talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe.

▼M2

2.  
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deochanna biotáilleacha ná le táirgí fíniúna, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d'fhínéagair fíona.
3.  
Na clárúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 52 de, tá siad gan dochar d'oibleagáid na dtáirgeoirí rialacha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe iad a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus le lipéadú bia.

▼B

4.  
Ní bheidh feidhm maidir leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo ag Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise ( 1 )

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “scéimeanna cáilíochta” na scéimeanna a bhunaítear faoi Theideal II, faoi Theideal III agus faoi Theideal IV;

(2) 

ciallaíonn “grúpa” aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna;

(3) 

ciallaíonn “traidisiúnta” go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh an táirge ar an margadh baile ar feadh tréimhse inarbh fhéidir an táirge a sheachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse seo;

(4) 

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocal, aon sonra, aon trádmharc, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia-ábhar agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann leis an mbia-ábhar sin nó trína ndéantar tagairt dó;

(5) 

ciallaíonn “carachtar sonrach” i gcás táirge na saintréithe táirgthe a idirdhealaíonn táirge go soiléir ó tháirgí comhchosúla eile den chatagóir chéanna;

(6) 

ciallaíonn “téarmaí cineálacha” ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad;

(7) 

ciallaíonn “céim táirgthe” táirgeadh, próiseáil nó ullmhúchán;

(8) 

ciallaíonn “táirgí próiseáilte” bia-earraí a eascraíonn as táirgí neamhphróiseáilte a phróiseáil. Féadfaidh comhábhair a bheith i dtáirgí próiseáilte atá riachtanach chun iad a mhonarú nó chun saintréithe sonracha a thabhairt dóibh.



TEIDEAL II

AINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT AGUS TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT

Airteagal 4

Cuspóir

Bunaítear scéim um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint d’fhonn cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí táirgí atá nasctha le limistéar geografach tríd an méid seo a leanas:

(a) 

luach cothrom a ghnóthú do cháilíochtaí a dtáirgí;

(b) 

cosaint chomhionann na n-ainmneacha a áirithiú mar cheart maoine intleachtúla ar chríoch an Aontais;

(c) 

faisnéis shoiléir a sholáthar do thomhaltóirí ar airíonna breisluacha an táirge.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

▼M2

1.  

Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “sonrúchán tionscnaimh” ainm a bhféadfaidh a bheith ina ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:

(a) 

de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

(b) 

ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus

(c) 

a dtarlaíonn a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

2.  

Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “tásc geografach” ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:

(a) 

de thionscnamh áit, réigiúin nó tíre ar leith;

(b) 

a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c) 

a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

▼B

3.  

Ainneoin mhír 1, déanfar ainmneacha áirithe a láimhseáil mar ainmniúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil ón limistéar sin, ar choinníoll:

(a) 

gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;

(b) 

go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;

(c) 

go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

▼C2

(d) 

gur aithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

▼B

Chun críocha na míre seo, ní mheasfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a bheith ina n-amhábhair.

4.  
Chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le srianta agus maoluithe i ndáil le foinsiú na beatha i gcás ainmniúcháin tionscnaimh.

Chomh maith leis sin, chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgí nó limistéir ar leith a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, i ndáil le srianta agus maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú amhábhar.

Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnóithe aitheanta nó fachtóirí nádúrtha aitheanta.

Airteagal 6

Nádúr cineálach, easaontais le hainmneacha cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, le comhainmneacha agus le trádmharcanna

1.  
Ní dhéanfar téarmaí cineálacha a chlárú mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná mar thásca geografacha faoi chosaint.

▼M2

2.  
Ní fhéadfar ainm a chlárú mar sonrúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge nó a bheith ina chúis mhearbhaill idir táirgí lena ngabhann an sonrúchán cláraithe agus an cineál nó pór atá i gceist.

Déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mheas i ndáil le húsáid iarbhír na n-ainmneacha faoi choinbhleacht, lena n-áirítear úsáid ainm an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí lasmuigh dá limistéar tionscnaimh agus úsáid ainm cineáil phlanda a chosnaítear le ceart maoine intleachtúla eile.

▼B

3.  
I gcás ainm a mholtar a chlárú agus atá comhainmneach, go hiomlán nó i bpáirt, le hainm a cláraíodh cheana sa chlár a bunaíodh faoi Airteagal 11, ní fhéadfar é a chlárú ach amháin má tá idirdhealú dóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an dara comhainm agus an t-ainm a bhí sa chlár cheana féin, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirtear na tomhaltóirí amú.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

4.  
Ní chlárófar ainm a mholtar a chlárú mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach i gcás ina bhféadfadh clárú an ainm sin mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, i bhfianaise clú agus cáile trádmhairc agus an méid ama atá sé in úsáid, an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

Airteagal 7

Sonraíocht táirge

1.  

Maidir le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh sé sonraíocht lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an t-ainm atá le cosaint mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint, agus sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;

(b) 

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha an táirge;

(c) 

sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, nuair is iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(3);

(d) 

fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2) é an táirge;

(e) 

tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, nuair is iomchuí, ar na fíormhodhanna áitiúla neamhathraitheacha mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann siad cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

▼M2

(f) 

mionsonraí lena suitear an méid seo a leanas:

(i) 

a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1); cé go bhféadfar na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le gnéithe nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa mhír sin;

(ii) 

a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

▼B

(g) 

ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá teacht orthu, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 37 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h) 

aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht.

▼M2

Féadfaidh tuairisc a bheith sa tsonraíocht táirge ar rannchuidiú an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe.

▼B

2.  
D’fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 8

Inneachar an iarratais ar chlárú

1.  

Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chlárú ainmniúcháin tionscnaimh nó ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 49(2) nó (5):

(a) 

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás nó, má tá teacht orthu, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha shonraíocht an táirge;

(b) 

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 7;

(c) 

doiciméad amháin ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i) 

na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

(ii) 

tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2), de réir mar a bheidh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe atá ina mbonn cuí leis an nasc sin.

Sa bhreis ar an méid sin, beidh cruthúnas go bhfuil ainm an táirge cosanta sa tír ar dá tionscnamh é ar áireamh in iarratas dá dtagraítear in Airteagal 49(5).

2.  

Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):

(a) 

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b) 

an doiciméad amháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c) 

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa iarrthach agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(d) 

tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 9

Cosaint náisiúnta idirthréimhseach

Féadfaidh Ballstát, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a bhronnadh ar ainm faoin Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a dtaisctear iarratas leis an gCoimisiún.

Tiocfaidh deireadh le cosaint náisiúnta den sórt sin ar an dáta a ndéantar cinneadh faoi chlárú faoin Rialachán seo nó a dtarraingítear siar an t-iarratas.

I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta náisiúnta den sórt sin.

Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoin gcéad mhír agus ní bheidh aon éifeachtaí acu ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Forais le freasúra

1.  

►M2  Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa mhír sin, agus: ◄

(a) 

má léiríonn sé nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7(1);

(b) 

má léiríonn sé go mbeadh clárú an ainm a mholtar contrártha d’Airteagal 6(2), (3) nó (4);

(c) 

má léiríonn sé go ndéanfadh clárú an ainm a mholtar dochar d’ainm nó do thrádmharc atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó do tháirgí atá ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2); nó

(d) 

má thugtar mionsonraí ónar féidir a mhaíomh gur ainm cineálach é an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith.

2.  
Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na forais atá le freasúra a mheas.

Airteagal 11

Clár na n-ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, ►C2  chun clár ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint arna aithint faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí agus a nuashonrófar. ◄
2.  
Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú sa chlár. Clárófar na hainmneacha sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar an chláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
4.  
Poibleoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2 agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go tráthrialta.

Airteagal 12

Ainmneacha, siombailí agus tásca

1.  
Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid.
2.  
Bunófar siombailí de chuid an Aontais a cheapfar chun ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a phoibliú.

▼M2

3.  
I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéad agus ar na hábhair fógraíochta. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir le hainm cláraithe an táirge. Féadfaidh na tásca “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” nó na giorrúcháin chomhfhreagracha “STFC” nó “TGFC” a bheith le feiceáil ar an lipéad.

▼B

4.  
Chomh maith leis sin, féadfaidh an méid seo a leanas bheith ar an lipéad freisin: léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh, dá dtagraítear in Airteagal 5, agus téacs, grafaicí nó siombailí lena ndéantar tagairt don Bhallstát agus/nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin suite.
5.  
Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, féadfar na cómharcanna geografacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2008/95/CE a úsáid ar lipéid, mar aon leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.
6.  
I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha a mhargófar faoi ainm atá cláraithe sa chlár, féadfaidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 nó siombailí an Aontais a bhaineann leo a bheith le feiceáil ar an lipéad.
7.  
Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena mbunófar siombailí an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais agus tásc an Aontais mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a mhargaítear faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc tionscnaimh faoi chosaint, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 13

Cosaint

1.  

Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:

▼M2

(a) 

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

▼B

(b) 

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí le fios nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(c) 

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

(d) 

aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe in ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointe (a) nó pointe (b) den chéad fhomhír.

2.  
Ní bheidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint cineálach.
3.  
Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc tionscnaimh faoi chosaint, dá dtagraítear i mír 1, a tháirgfear nó a mhargófar sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta ar fáil, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar fáil dóibh.

▼M2

4.  

Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus

(b) 

earraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.

Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.

▼B

Airteagal 14

An gaol idir trádmharcanna, ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

1.  
Sa chás ina bhfuil ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a mbeadh aon úsáid a bhainfí as contrártha d’Airteagal 13(1) agus a bhaineann le táirge den chineál céanna más rud é go ndéantar an t-iarratas ar chlárú trádmhairc a thaisceadh tar éis an dáta a thaisctear an t-iarratas ar chlárú i ndáil leis an ainmniúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach leis an gCoimisiún.

Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a chur ó bhail.

Beidh feidhm ag forálacha na míre seo ainneoin fhorálacha Threoir 2008/95/CE.

2.  
Gan dochar d’Airteagal 6(4), agus ainneoin gur cláraíodh ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach i leith táirge áirithe, féadfar trádmharc don táirge sin a úsáid agus a athnuachan fós, fiú má tá aon úsáid a bhainfí as contrártha d’Airteagal 13(1), ar trádmharc é ar cuireadh iarratas isteach air, a cláraíodh nó a bunaíodh trí úsáid, má dhéantar foráil maidir leis an deis sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar chosaint an ainmniúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, ar choinníoll nach bhfuil foras ar bith lena chur ó bhail nó lena chúlghairm faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail ( 2 ) ná faoi Threoir 2008/95/CE. I gcásanna den sórt sin, féadfar an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 15

Idirthréimhsí d’úsáid ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint

1.  

Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófar idirthréimhse suas le cúig bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint d’ainmniúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar ainmniúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 13(1) nó ina bhfuil ainm den sórt sin, ar choinníoll go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 49(3) nó Airteagal 51:

(a) 

go gcuirfeadh clárú an ainm ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt i gcontúirt; nó

(b) 

go ndearnadh táirgí den sórt sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).

▼M2

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) seachas i gcás ina dtaisctear ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).

▼B

2.  

►M2  Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear síneadh suas go 15 bliana leis an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcásanna ina léirítear an méid seo a leanas: ◄

(a) 

go raibh an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú faoi bhráid an Choimisiúin;

(b) 

nárbh é an cuspóir a bhí le húsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo teacht i dtír ar chlú an ainm chláraithe agus nuair a léirítear nár cuireadh an tomhaltóir amú agus nach bhféadfaí é a bheith curtha amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

3.  
Nuair a bheidh ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 in úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir sofheicthe ar an lipéad.
4.  
Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uile an cheantair lena mbaineann an tsonraíocht, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a cheadú, le héifeacht ón dáta ar taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh cúig bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Beidh feidhm mutatis mutandis leis an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír, ach amháin maidir leis an nós imeachta freasúra.

Tabharfar na hidirthréimhsí sin le fios sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Déanfar na hainmneacha a chláraítear sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 7(6) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann leis na cláruithe sin d’fheidhm a bheith acu.
2.  
Chun cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na ngeallsealbhóirí lena mbaineann a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le rialacha idirthréimhseacha breise.
3.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’aon cheart cómhaireachtála a aithnítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar an taobh amháin, agus trádmharcanna ar an taobh eile.

▼M2

Airteagal 16a

Na tásca geografacha do tháirgí fíona cumhraithe atá ann faoi láthair

Na hainmneacha atá cláraithe sa chlár arna bhunú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), déanfar iad a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo mar thásca geografacha faoi chosaint. Na sonraíochtaí comhfhreagracha, measfar gurb iad sin na sonraíochtaí chun críoch Airteagal 7 den Rialachán seo.

▼B



TEIDEAL III

SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

Airteagal 17

Cuspóir

Bunaítear scéim do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis thraidisiúnta a chosaint, trí chabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta chun airíonna breisluacha a n-oideas traidisiúnta agus a dtáirgí traidisiúnta a mhargú agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hairíonna breisluacha sin.

Airteagal 18

Critéir

1.  

Beidh ainm incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina ndéanann sé cur síos ar tháirge sonrach nó ar bhia-ábhar sonrach:

(a) 

a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-ábhar sin; nó

(b) 

a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

2.  

D’fhonn ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, beidh sé ina ainm:

(a) 

atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach; nó

(b) 

a shainaithneoidh carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge.

3.  
Má léirítear sa nós imeachta freasúra faoi Airteagal 51 go bhfuil an t-ainm in úsáid chomh maith i mBallstát eile nó i dtríú tír, d’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir táirgí inchomparáide agus táirgí a bhfuil an t-ainm comhionann nó comhchosúil orthu, féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh maidir le clárú a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 52(3) go mbeidh an maíomh “déanta de réir thraidisiún” le cur ag gabháil le hainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht agus go mbeidh ainm tíre nó réigiúin ag teacht díreach ina dhiaidh.
4.  
Ní fhéadfar ainm a chlárú más rud é nach dtagraíonn sé ach amháin do mhaímh de nádúr ginearálta atá in úsáid do shraith táirgí, nó do mhaímh dá bhforáiltear le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais.
5.  
D’fhonn feidhmiú rianúil na scéime a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le tuilleadh sonraí i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 19

Sonraíocht táirge

1.  

Maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, comhlíonfaidh sé sonraíocht arb eárd a bheidh ann an méid seo a leanas:

(a) 

an t-ainm a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;

(b) 

tuairisc ar an táirge lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha, agus lena dtabharfar carachtar sonrach an táirge le fios;

(c) 

tuairisc ar an modh táirgthe atá ar na táirgeoirí a úsáid, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, nádúr agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar arna n-úsáid, agus modh ullmhúcháin an táirge;

(d) 

na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge.

2.  
D’fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena leagfar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa sonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun líon iomarcach iarratas ar chlárú a sheachaint.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 20

Inneachar an iarratais ar chlárú

1.  

Is iad na sonraí seo a bheidh in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 49(2) nó (5):

(a) 

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b) 

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 19.

2.  

Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):

(a) 

na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; agus

(b) 

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 21

Forais le freasúra

▼M2

1.  

Ní bheidh an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin sula rachaidh an teorainn ama in éag agus:

▼B

(a) 

má thugtar cúiseanna a bhfuil bunús cuí leo ar an bhfáth nach dtagann an clárú a mholtar le téarmaí an Rialacháin seo; nó

(b) 

má léirítear leis, i gcás táirgí comhchosúla talmhaíochta nó bia-ábhair comhchosúla, go bhfuil úsáid an ainm dleathach, go bhfuil cáil ar an úsáid sin agus go ngabhann tábhacht eacnamaíoch leis an úsáid sin.

2.  
Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a mheas.

Airteagal 22

Clár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, ►C2  lena mbunófar clár nuashonraithe na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a aithnítear faoin scéim seo, ar clár é a nuashonrófar agus a chuirfear ar fáil don phobal. ◄
2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar an chláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 23

Ainmneacha, siombail agus tásc

1.  
Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge atá i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainm atá cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid.
2.  
Bunófar siombail de chuid an Aontais chun na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a phoibliú.

▼M2

3.  
I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le feiceáil ar an lipéad agus ar an ábhar fógraíochta, gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir le hainm cláraithe an táirge. Féadfar an tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht” nó an giorrúchán comhfhreagrach “STR” a chur ar an lipéad freisin.

Beidh sé roghnach an tsiombail a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.

▼B

4.  
Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena mbunófar siombail an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear saintréithe teicniúla shiombail an Aontais agus an tásc mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a bhfuil ainm sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht air, lena n-áirítear na rialacha i leith na teangacha iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 24

Srian ar ainmneacha cláraithe a úsáid

▼M2

1.  
Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.

▼B

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthóidh tuairiscí díolacháin a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta mearbhall ó thaobh ainmneacha atá cláraithe de.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

▼M2

4.  
Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 freisin maidir le hearraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.

Airteagal 24a

Idirthréimhsí le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar idirthréimhse suas le 5 bliana do tháirgí atá ar an margadh agus a bhfuil ainm a sháraíonn Airteagal 24(1) mar shonrúchán orthu nó mar chuid dá sonrúchán, ionas go bhféadfar leanúint de bheith ag úsáid an tsonrúcháin faoinar cuireadh ar an margadh iad, ar choinníoll go gcuirtear ar fáil ráiteas freasúra inghlactha de bhun Airteagal 49(3) nó Airteagal 51 a léiríonn go raibh an t-ainm sin in úsáid go dleathach ar mhargadh an Aontais ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhoilseacháin dá bhforáiltear in Airteagal 50(2), pointe (b).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) cé is moite de thaisceadh ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).

▼B

Airteagal 25

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Déanfar na hainmneacha a chláraítear i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 a chur isteach go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann le cláruithe den sórt sin d’fheidhm a bheith acu.
2.  
Féadfar, go dtí an 4 Eanáir 2023 leanúint d’ainmneacha a chláraítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, lena n-áirítear ainmneacha a chláraítear de bhun iarratas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(1) den Rialachán seo, a úsáid faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, mura rud é go n-úsáideann na Ballstáit an cur chuige a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán seo.
3.  
D’fhonn cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí nó na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha breise.

Airteagal 26

Nós imeachta simplithe

1.  
Arna iarraidh sin do ghrúpa, féadfaidh Ballstát, tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2016, ainmneacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar earraí iad atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus lena gcomhlíontar an Rialachán seo.

Roimh ainm a chur isteach dó, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra mar a shainítear in Airteagal 49(3) agus (4).

Má léirítear le linn an nós imeachta sin go n-úsáidtear an t-ainm freisin chun tagairt a dhéanamh do tháirgí inchomparáide nó do tháirgí a bhfuil ainm atá comhionann leis nó atá comhchosúil leis, féadfar an t-ainm a chomhlánú le téarma lena sainaithnítear an carachtar traidisiúnta nó sonrach atá ann.

Féadfaidh grúpa ó thríú tír ainmneacha den chineál sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin go díreach nó trí údaráis an tríú tír.

2.  
Foilseoidh an Coimisiún na hainmneacha dá dtagraítear i mír 1 in éineacht leis na sonraíochtaí do gach ceann de na hainmneacha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh taobh istigh de dhá mhí ón am a fhaightear iad.
3.  
Beidh feidhm ag Airteagal 51 agus ag Airteagal 52.
4.  
A luaithe a bheidh deireadh leis an nós imeachta freasúra, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na hiontrálacha sa chlár a leagtar amach in Airteagal 22 a choigeartú. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19.



TEIDEAL IV

TÉARMAÍ ROGHNACHA CÁILÍOCHTA

Airteagal 27

Cuspóir

Bunaítear scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le go n-éascófar do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe breisluacha nó airíonna breisluacha ag baint leo na saintréithe nó na hairíonna sin a thabhairt le fios laistigh den mhargadh inmheánach.

Airteagal 28

Rialacha náisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

Airteagal 29

Téarmaí roghnacha cáilíochta

1.  

Comhlíonfaidh téarmaí roghnacha cáilíochta na critéir seo a leanas:

(a) 

baineann an téarma le saintréith catagóire táirgí amháin nó níos mó, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála a bhfuil feidhm aige i réimsí sonracha;

(b) 

cuireann úsáid an téarma luach leis an táirge i gcomparáid le táirgí de chineál comhchosúil; agus

(c) 

baineann gné Eorpach leis an téarma.

2.  
Déanfar téarmaí roghnacha cáilíochta a thugann tuairisc ar cháilíochtaí táirgí teicniúla arb é is cuspóir dóibh caighdeáin mhargaíochta éigeantacha a chur chun feidhme agus nach bhfuil beartaithe leo tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cháilíochtaí na dtáirgí sin a eisiamh ón scéim seo.
3.  
Ní áireofar le téarmaí roghnacha cáilíochta téarmaí roghnacha forchoimeádta lena dtacaítear le caighdeáin shonracha mhargaíochta agus lena gcomhlánaítear na caighdeáin sin ar bhonn earnála nó ar bhonn catagóire táirge.
4.  
D’fhonn carachtar sonrach earnálacha áirithe agus ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta uile a bhaineann le foirmeacha, le bealaí cur chuige nó le sonraí teicniúla, a éilítear chun an Teideal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
6.  
Agus gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeáin idirnáisiúnta atá ábhartha san áireamh.

Airteagal 30

Forchoimeád agus leasú

1.  
D’fhonn ionchais tomhaltóirí, an dul chun cinn san fhaisnéis eolaíochta agus theicniúil, staid na margaí agus an dul chun cinn maidir le caighdeáin mhargaíochta agus le caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena bhforchoimeádtar téarma breise roghnach cáilíochta agus lena leagtar síos a choinníollacha úsáide.
2.  
I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d’fhonn úsáid chuí an téarma bhreise roghnaigh cháilíochta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos leasuithe ar na coinníollacha úsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Táirge sléibhe

1.  
Bunaítear an téarma “táirge sléibhe” mar théarma roghnach cáilíochta.

Ní úsáidfear an téarma sin ach chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ó limistéir sléibhe go bunúsach a thagann na hamhábhair agus an bheatha d’ainmhithe feirme araon;

(b) 

i gcás táirgí próiseáilte, tarlaíonn an phróiseáil freisin i limistéir sléibhe.

2.  
Chun críche an Airteagail seo, is iad limistéir sléibhe laistigh den Aontas na limistéir a dhéantar a theormharcáil de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999. I gcás táirgí tríú tíortha, áirítear le limistéir sléibhe limistéir a shonraíonn an tríú tír go hoifigiúil mar limistéir sléibhe nó limistéir a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999.
3.  
I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d’fhonn srianta nádúrtha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta i limistéir sléibhe a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos leasuithe ar na coinníollacha úsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Go háirithe, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha faoina gceadaítear go dtagann amhábhair nó beatha d’ainmhithe ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe, na coinníollacha faoina gceadaítear go ndéantar táirgí a phróiseáil lasmuigh de na limistéir sléibhe i limistéar geografach a shaineofar, agus an sainiú ar an limistéar geografach sin.
4.  
D’fhonn srianta nádúrtha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta i limistéir sléibhe a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, a bhaineann leis na modhanna táirgeachta a bhunú agus le critéir eile atá ábhartha maidir leis an téarma roghnach cáilíochta a bhunaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 32

Táirge ó fheirmeoireacht oileán

Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an cás a bhaineann le téarma nua a bhunú, “táirge ó fheirmeoireacht oileán”. Ní fhéadfar an téarma a úsáid ach chun tuairisc a dhéanamh ar na táirgí a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus arb ó oileáin a thagann na hamhábhair a bhaineann leo. Ina theannta sin, chun go gcuirfear an téarma i bhfeidhm maidir le táirgí próiseáilte, ní foláir freisin don phróiseáil tarlú ar oileáin i gcásanna ina ndéanann an méid sin difear suntasach do shaintréithe sainiúla an táirge deiridh.

Beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, más gá, chun téarma roghnach cáilíochta “táirge ó fheirmeoireacht oileán” a fhorchoimeád.

Airteagal 33

Srianta ar úsáid

1.  
Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 34

Faireachán

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Teidil seo agus, i gcás sáruithe, cuirfidh siad na pionóis riaracháin iomchuí i bhfeidhm.



TEIDEAL V

FORÁLACHA COITEANNA



CAIBIDIL I

Rialuithe oifigiúla ar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar thásca geografacha faoi chosaint agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Airteagal 35

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 36

▼M1

A bhfuil i gceist le rialuithe oifigiúla

3.  

sna rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán ►C3  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) cumhdófar:

▼B

(a) 

a fhíorú cibé a dhéanann an táirge an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a chomhlíonadh; agus

(b) 

faireachán ar úsáid na n-ainmneacha cláraithe chun tuairisc a dhéanamh ar tháirge a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal II agus i gcomhréir le hAirteagal 24 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal III.

Airteagal 37

Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

▼M1

1.  

Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, mar a leanas:

(a) 

ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán ►C3  (AE) 2017/625 ◄ ; nó

(b) 

ag comhlachtaí tarmligthe de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán ►C3  (AE) 2017/625 ◄ ;

▼B

Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú den sórt sin ar chomhlíonadh sonraíochtaí. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.

▼C2

2.  

Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, le tásca geografacha agus le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, is iad seo a leanas a dhéanfaidh fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochtaí sula gcuirfear an táirge ar an margadh:

(a) 

údarás poiblí amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna ainmniú nó arna n-inmniú ag an tríú tír; agus/nó

(b) 

comhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí.

▼B

3.  
►M1  ————— ◄

Poibleoidh an Coimisiún ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus déanfaidh sé an t-eolas sin a nuashonrú go tráthrialta.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena saineofar na meáin trína bpoibleofar ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear ►M1  mír 2 ◄ den Airteagal seo.

▼M1 —————

▼M1

Airteagal 39

Comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe i dtríú tíortha

Déanfar na comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2(b) d’Airteagal 37 a chreidiúnú de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha don “Mheasúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí”. Féadfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas an creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí tarmligthe seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó féadfaidh comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é a thabhairt.

▼B

Airteagal 40

Gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus a thuairisciú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí le haghaidh rialú ar oibleagáidí faoin gCaibidil seo a áireamh go sonrach i roinn ar leith de na pleananna náisiúnta rialaithe ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 41, le hAirteagal 42 agus le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.
2.  
Áireofar roinn ar leith ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 sna tuarascálacha bliantúla a bhaineann le rialú ar na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo.



CAIBIDIL II

Eisceachtaí i gcás úsáidí áirithe roimhe seo

Airteagal 41

Téarmaí cineálacha

1.  
Gan dochar d’Airteagal 13, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’úsáid na dtéarmaí atá cineálach san Aontas, fiú más cuid d’ainm atá faoi chosaint faoi scéim cáilíochta é an téarma cineálach.
2.  

Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

(a) 

an staid mar atá i limistéir tomhaltais;

(b) 

na gníomhartha dlí náisiúnta ábhartha nó gníomhartha dlí ábhartha an Aontais.

3.  
D’fhonn cearta páirtithe leasmhara a chosaint go hiomlán, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha breise maidir le stádas cineálach ainmneacha nó téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 42

Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe

1.  

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad a n-áirítear lena lipéadú ainm nó téarma atá faoi chosaint nó á fhorchoimeád faoi scéim cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, i dTeideal III, nó i dTeideal IV a bhfuil ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí ann nó arb éard atá ann ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gurb éard atá sa táirge sin an cineál nó an pór atá i gceist, nó gur díorthaíodh é as;

(b) 

nach gcuirtear tomhaltóirí amú;

(c) 

gur iomaíocht chóir é úsáid ainm an chineáil nó ainm an phóir;

(d) 

nach dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an téarma atá faoi chosaint; agus

(e) 

i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, gur leath táirgeadh agus margú an táirge amach thar limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.

2.  
D’fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar raon na gceart agus na saoirsí atá ag oibreoirí gnóthaí bia ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56 a bhaineann le rialacha chun úsáid ainmneacha den sórt sin a chinneadh.

Airteagal 43

Gaol le maoin intleachtúil

Beidh feidhm ag na scéimeanna cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III agus Teideal IV gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus trádmharcanna, agus cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.



CAIBIDIL III

Tásca agus siombailí na scéimeanna cáilíochta agus ról na dtáirgeoirí

Airteagal 44

Tásca agus siombailí a chosaint

1.  

Ní fhéadfar tásca, giorrúcháin ná siombailí lena dtagraítear do na scéimeanna cáilíochta a úsáid ach amháin i ndáil le táirgí a tháirgtear i gcomhréir le rialacha na scéime cáilíochta a bhfuil feidhm acu ina leith. Baineann an riail sin go háirithe leis na tásca, na giorrúcháin agus na siombailí seo a leanas:

(a) 

“ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint”, “tásc geografach faoi chosaint”, “tásc geografach”, “ATFC”, “TGFC”, agus na siombailí a bhaineann leo, mar a fhoráiltear dóibh i dTeideal II;

(b) 

“sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”, “STFR”, agus an tsiombail a bhaineann leis, mar a fhoráiltear di i dTeideal III;

(c) 

“táirge sléibhe” mar a fhoráiltear dó i dTeideal IV.

2.  
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, féadfaidh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) maoiniú a thabhairt ar bhonn láraithe, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar a cheann, do thacaíocht riaracháin maidir le forbairt, réamhobair, faireachán, tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil, cosaint dlí, táillí clárúcháin, táillí athnuachana, táillí faireacháin ar thrádáil marcanna, táillí dlíthíochta agus aon bheart gaolmhar eile is gá chun úsáid na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear sna scéimeanna cáilíochta a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le cosaint chomhionann na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 45

Ról na ngrúpaí

1.  

Gan dochar d’fhorálacha sonracha maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfaidh grúpa:

(a) 

rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cáilíocht, cáil agus barántúlacht a dtáirgí ráthaithe ar an margadh trí fhaireachán a dhéanamh ar úsáid an ainm le linn trádála agus, más gá, trí údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36, nó aon údarás inniúil eile a chur ar an eolas faoi chuimsiú Airteagal 13(3);

(b) 

beart a dhéanamh chun cosaint dhlíthiúil dhóthanach a áirithiú don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó don tásc geografach faoi chosaint agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leo;

(c) 

gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna breisluacha an táirge a chur in iúl do thomhaltóirí;

(d) 

gníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt lena áirithiú go gcomhlíonann táirge an tsonraíocht a ghabhann leis;

(e) 

beart a dhéanamh chun feidhmíocht na scéime a fheabhsú, lena n-áirítear saineolas eacnamaíoch a fhorbairt, anailísí eacnamaíocha a dhéanamh, faisnéis eacnamaíoch faoin scéim a scaipeadh agus comhairle a chur ar fáil do tháirgeoirí.

(f) 

beart a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, céimeanna a ghlacadh chun aon bheart atá díobhálach d’íomhá na dtáirgí sin, nó a bhfuil an baol ann go mbeadh sé díobhálach dó, a chosc nó dul ina choinne.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit spreagadh a thabhairt do bhunú agus d’fheidhmiú grúpaí ar a gcríoch trí mhodhanna riaracháin. Thairis sin, déanfaidh na Ballstáit ainm agus seoladh na ngrúpaí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Airteagal 3 a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 46

Ceart chun leas a bhaint as na scéimeanna

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir a chomhlíonann rialacha scéime cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus Teideal III i dteideal bheith cumhdaithe faoin bhfíorú ar chomhlíonadh arna bhunú de bhun Airteagal 37.
2.  
Beidh oibreoirí a dhéanann táirge a ullmhú agus a stóráil, ar táirge é arna margú faoi scéimeanna sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc geografaigh faoi chosaint nó a chuirfidh na táirgí sin ar an margadh faoi réir na rialuithe a leagtar síos i gCaibidil I den Teideal seo.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag oibreoirí atá toilteanach cloí le rialacha scéime cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III agus i dTeideal IV an méid sin a dhéanamh gan bacainní ar rannpháirteachas a bheadh idirdhealaitheach nó nach mbeadh bunús oibiachtúil leo.

Airteagal 47

Táillí

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus go háirithe d’fhorálacha Chaibidil VI de Theideal II de, féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh leis na costais a bhaineann le bainistiú na scéimeanna cáilíochta a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin a thabhaítear le linn iarratais, freasúraí, iarratais ar leasuithe agus iarrataí ar chealú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil.



CAIBIDIL IV

Próiseas iarratais agus próiseas cláraithe maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Airteagal 48

Raon na bpróiseas iarratais

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 49

Iarratas ar ainmneacha a chlárú

1.  
Ní féidir ach le grúpaí a oibríonn leis na táirgí a bhfuil na hainmneacha atá le clárú orthu iarratas a dhéanamh ar ainmneacha a chlárú faoi na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 48. I gcás ainm “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó ainm “tásc geografach faoi chosaint” lena sonraítear limistéar geografach trasteorann nó i gcás ainm “sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht”, féadfaidh roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh.

Féadfar déileáil le duine aonair nádúrtha nó dlítheanach mar ghrúpa má léirítear go gcomhalltar an dá cheann de na coinníollacha a leanas:

(a) 

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach;

(b) 

maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha faoi chosaint, tá tréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na tréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá tréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.

2.  
I gcás ina mbaineann an t-iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i mBallstát, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i mBallstát iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas go hiomchuí lena áirithiú go bhfuil bonn cirt cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi.

3.  
Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra lena n-áiritheofar poibliú leormhaith an iarratais agus lena ndéanfar a fhoráil go bhfuil tréimhse réasúnach ann faoina bhféadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá bunaithe nó ina chónaí ar a chríoch ráiteas a thaisceadh lena ndéantar freasúra i gcoinne an iarratais.

Déanfaidh an Ballstát inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II a scrúdú i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nó scrúdóidh sé inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 21(1).

4.  
Más rud é, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a thaisceadh leis an gCoimisiún. Sa chás sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir le haon fhreasúraí atá inghlactha a fhaightear ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá tar éis na táirgí i dtrácht a mhargú go dleathach, ag baint úsáide as na hainmneacha lena mbaineann go leanúnach ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 3.

Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh fabhrach agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus tabharfaidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge.

I ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, áiritheoidh an Ballstát freisin go ndéanfar an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbeidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe de bhun Airteagal 50(2) a fhoilsiú go leormhaith.

5.  
I gcás ina mbaineann iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i dtríú tír, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i dtríú tír iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, déanfar an t-iarratas a thaisceadh leis an gCoimisiún, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.
6.  
Beidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo agus a chuirfear chuig an gCoimisiún i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
7.  
D’fhonn an próiseas iarratais a éascú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena sainmhínítear na rialacha chun an cur chuige náisiúnta agóide a chur i gcrích maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus lena gcomhlánaítear rialacha an phróisis iarratais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus le cur i láthair iarratas, lena n-áirítear le haghaidh iarratas a bhaineann le níos mó ná críoch amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

▼M2

8.  
Má thionscnaítear aon nósanna imeachta os comhair cúirt náisiúnta nó comhlacht náisiúnta eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas a taisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, agus má dhéantar an t-iarratais ar chosaint a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach.

▼M2

Airteagal 50

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.  
Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais ar chlárú a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 49(4) agus (5). Déanfaidh an Coimisiún a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach sna hiarratais agus nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu, agus toradh an nós imeachta grinnscrúdaithe agus an nós imeachta freasúra a rinne an Ballstát lena mbaineann á chur san áireamh aige.

Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an ghrinnscrúdaithe, agus an tréimhse sin arna tomhas ón dáta a fhaightear an t-iarratas ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don hiarratasóir

Uair sa mhí ar a laghad, foilseoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha sin ar cuireadh iarratais ar chlárú ina leith faoina bhráid, mar aon leis an dáta a cuireadh isteach iad.

2.  

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a rinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chlárú faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a mhéid a bhaineann le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a) 

i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge;

(b) 

i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.;

3.  

Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir,i gcás ina bhfaigheann sé cumarsáid ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú arna thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 49(4), ar cumarsáid í:

(a) 

ina gcuirtear in iúl don Choimisiún ndearnadh an t-iarratas a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó

(b) 

ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnach náisiúnta chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus a mheasann an Ballstát go bhfuil na imeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

▼B

Airteagal 51

Nós imeachta freasúra

▼M2

1.  
Laistigh de 3 mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i dtríú tír agus a bhfuil leas dlisteanach aige, ráiteas freasúra réasúnaithe a thaisceadh leis an gCoimisiún.

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát seachas sa Bhallstát sin ónar cuireadh an t-iarratas isteach, agus a bhfuil leas dlisteanach aige, féadfaidh sé ráiteas freasúra réasúnaithe a thaisceadh leis an mBallstát a bhfuil sé ina chónaí nó bunaithe ann laistigh de theorainn ama inar féidir agóid a thaisceadh de bhun na chéad fhomhíre.’;

2.  
Déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe a scrúdúbunaithe ar na forais freasúra a leagtar síos in Airteagal 10 a mhéid a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, agus bunaithe ar na forais freasúra a leagtar síos in Airteagal 21 a mhéid a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.;
3.  
I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra réasúnaithe, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ó dháta foilsithe an iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an ráiteas freasúra réasúnaithe, agus don údarás nó don chomhlacht a thaisc an t-iarratas leis an gCoimisiún, a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná 3 mhí.

An t-údarás nó an duine a thaisc an ráiteas freasúra réasúnaithe agus an t-údarás nó an comhlacht a thaisc an t-iarratas, rachaidh siad i mbun na gcomhairliúchán iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheas an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Mura dtagtar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.

Tráth ar bith laistigh den tréimhse chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ón iarratasóir, síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán ach gan an síneadh sin a bheith níos faide ná 3 mhí.

▼B

4.  
Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuiltear tar éis na mionsonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 50(2) a leasú go suntasach, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 50 an athuair.

▼M2

5.  
An ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid eile a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

▼B

6.  
Ar mhaithe le nósanna imeachta soiléire agus spriocanna a bhunú le haghaidh freasúra, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánaítear rialacha an nós imeachta freasúra.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 52

Cinneadh faoi chlárú

▼M2

1.  
I gcás, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 50(1), ina measann an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II, nó in Airteagal 18, a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
2.  
Mura bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha faoi Airteagal 51, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena gclárófar an t-ainm.

▼B

3.  

Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 51(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 50(2) ar choinníoll nach leasuithe suntasacha iad; nó

(b) 

murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

4.  
Déanfar gníomhartha cláraithe agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M2

Airteagal 53

Leasuithe ar shonraíochtaí táirge

▼B

1.  
Féadfaidh grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar cur síos sna hiarratais ar na leasuithe a iarrtar agus na cúiseanna atá leo.

▼M2

2.  
Ina dhá gcatagóir a aicmítear leasuithe ar shonraíocht táirge agus is de réir a dtábhachta an t-aicmiú sin: Leasuithe ar leibhéal an Aontais a dteastaíonn nós imeachta freasúra lena n-aghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a ndéileálfar leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘leasú Aontais’ leasú ar shonraíocht táirge ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

tá, mar chuid de, athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint, nó ar úsáid an ainm sin;

(b) 

tá an riosca ann go gcealódh sé na naisc dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), i dtaca le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, nó nasc dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint;

(c) 

baineann sé le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht; nó

(d) 

gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Ciallaíonn ‘leasú caighdeánach’ aon leasú a dhéantar ar shonraíocht táirge nach leasú Aontais é.

Ciallaíonn ‘leasú sealadach’ leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar shonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.

Formheasfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais. Leanfaidh an nós imeachta formheasta an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52, mutatis mutandis.

Beidh grinnscrúdú ar an iarratas dírithe ar an leasú atá beartaithe. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann iarraidh ar an iarrthóir eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge a mhodhnú.

Formheasfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann suite na leasuithe caighdeánacha agus cuirfear ar fáil go poiblí iad agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad. Formheasfaidh tríú tíortha leasuithe caighdeánacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh siad na leasuithe sin in iúl don Choimisiún.

3.  
Chun an próiseas riaracháin a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirge a éascú, idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha araon, lena n-airítear leasú nach ngabhann aon athrú ar an doiciméad aonair leo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56 lena gcomhlánaítear na rialacha a bhaineann leis an bpróiseas lena ndéantar iarratais ar leasuithe.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú agus maidir le fógra a thabhairt faoi leasuithe ar leibhéal an Aontais, agus maidir le nósanna imeachta agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus faoi leasuithe caighdeánacha a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

▼B

Airteagal 54

Cealú

1.  

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

mura n-áirithítear go bhfuil coinníollacha na sonraíochta á gcomhlíonadh;

(b) 

mura gcuirtear táirge ar an margadh le linn seacht mbliana ar a laghad faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, faoin ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoin tásc geografach faoi chosaint.

Ar iarratas ó tháirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe, féadfaidh an Coimisiún an clárú a fhreagraíonn don táirge sin a chealú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

2.  
D’fhonn an chinnteacht dhlíthiúil a áirithiú go bhfuil an deis ag na páirtithe uile a gcearta agus a leasanna dlisteanacha a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena gcomhlánaítear na rialacha maidir leis an bpróiseas cealaithe.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus foirm an phróisis cealaithe, agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).



TEIDEAL VI

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA



CAIBIDIL I

Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha

Airteagal 55

Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha a thuairisciú

Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an gcás i gcomhair scéim lipéadaithe nua d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach chun cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú go háitiúil. Díreofar sa tuarascáil sin ar chumas an fheirmeora breisluach a chur lena tháirgí tríd an lipéad nua, agus ba cheart critéir eile a chur san áireamh inti, amhail na deiseanna chun astaíochtaí carbóin agus dramhaíl a laghdú trí shlabhraí táirgeachta agus dáileacháin atá gearr.

Beidh tograí reachtacha iomchuí maidir le cruthú scéim lipéadaithe d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.



CAIBIDIL II

Rialacha nós imeachta

Airteagal 56

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha tarmligthe iad dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), in Airteagal 5(4), sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(5), in Airteagal 16(2), Airteagal 18(5), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 23(4), in Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 49(7), sa chéad fhomhír d’Airteagal 51(6), sa chéad fhomhír d’Airteagal 53(3) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 54(2) tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 3 Eanáir 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), in Airteagal 5(4), sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(5), in Airteagal 16(2), in Airteagal 18(5), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 23(4), in Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 49(7), sa chéad fhomhír d’Airteagal 51(6), sa chéad fhomhír d’Airteagal 53(3) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 54(2), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a aisghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí arna sonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.
5.  
Maidir le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na dara fomhíre d’Airteagal 2(1), Airteagal 5(4), na chéad fomhíre d’Airteagal 7(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 12(5), Airteagal 16(2), Airteagal 18(5), na chéad fomhíre d’Airteagal 19(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 23(4), Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 49(7), na chéad fomhíre d’Airteagal 51(6), na chéad fomhíre d’Airteagal 53(3) agus na chéad fomhíre d’Airteagal 54(2), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann tréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 57

An nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.



CAIBIDIL III

Aisghairm agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 58

Aisghairm

1.  
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

Leanfaidh Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le hiarratais a bhaineann le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme Theideal III den Rialachán seo, agus ar iarratais iad a fuair an Coimisiún tráth sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.  
Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm le hAirteagal 12(3) agus le hAirteagal 23(3), áfach, ón 4 Eanáir 2016 gan dochar do tháirgí atá curtha cheana féin ar an margadh roimh an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS BIA-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

I. Ainmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

— 
beoir,
— 
seacláid agus táirgí díorthaithe,
— 
arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,
— 
deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,
— 
pasta,
— 
salann,
— 
gumaí agus roisíní nádúrtha,
— 
leafaos mustaird,
— 
féar tirim,
— 
blátholaí,
— 
corc,
— 
carnaid,
— 
bláthanna agus plandaí ornáideacha,
— 
cadás,
— 
olann,
— 
caolach,
— 
líon scobailte,
— 
leathar,
— 
fionnadh,
— 
cleite,

▼M2

fíonta cumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014,
deochanna alcólacha eile, cé is moite de dheochanna biotáilleacha agus de tháirgí fíniúna mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn VII, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013,
céir beach.

▼B

II. Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

— 
béilí réamhullmhaithe,
— 
beoir,
— 
seacláid agus táirgí díorthaithe,
— 
arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,
— 
deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,
— 
pasta,
— 
salann.




IARSCRÍBHINN II



TÁBLA COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 58(2)

Rialachán (CE) Uimh. 509/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2(1), pointe (c)

Airteagal 2(1), pointe (d)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2(2), an chéad fhomhír go dtí an tríú fomhír

Airteagal 2(2), an ceathrú fomhír

Airteagal 3

Airteagal 22(1)

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 4(3), an chéad fhomhír

Airteagal 4(3), an dara fomhír

Airteagal 18(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 43

Airteagal 5(2)

Airteagal 42(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 6(1), pointe (a)

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 6(1), pointe (b)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 6(1), pointe (c)

Airteagal 19(1), pointe (c)

Airteagal 6(1), pointe (d)

Airteagal 6(1), pointe (e)

Airteagal 19(1), pointe (d)

Airteagal 6(1), pointe (f)

Airteagal 7(1) agus (2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 7(3), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 20(1), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 7(3), pointe (c)

Airteagal 7(3), pointe (d)

Airteagal 7(4)

Airteagal 49(2)

Airteagal 7(5)

Airteagal 49(3)

Airteagal 7(6), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c)

Airteagal 49(4)

Airteagal 7(6), pointe (d)

Airteagal 20(2)

Airteagal 7(7)

Airteagal 49(5)

Airteagal 7(8)

Airteagal 49(6)

Airteagal 8(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 50(2), pointe (b)

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 52(1)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 51(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 21(1) agus (2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 52(2)

Airteagal 9(5)

Airteagal 52(3) agus (4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 51(5)

Airteagal 10

Airteagal 54

Airteagal 11

Airteagal 53

Airteagal 12

Airteagal 23

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 14(3)

Airteagal 37(3), an dara fomhír

Airteagal 15(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 15(4)

Airteagal 36(2)

Airteagal 16

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 24(2)

Airteagal 18

Airteagal 57

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 49(7), an dara fomhír

Airteagal 19(1), pointe (c)

Airteagal 49(7), an chéad fhomhír

Airteagal 19(1), pointe (d)

Airteagal 22(2)

Airteagal 19(1), pointe (e)

Airteagal 51(6)

Airteagal 19(1), pointe (f)

Airteagal 54(1)

Airteagal 19(1), pointe (g)

Airteagal 23(4)

Airteagal 19(1), pointe (h)

Airteagal 19(1), pointe (i)

Airteagal 19(2)

Airteagal 25(1)

Airteagal 19(3), pointe (a)

Airteagal 19(3), pointe (b)

Airteagal 25(2)

Airteagal 20

Airteagal 47

Airteagal 21

Airteagal 58

Airteagal 22

Airteagal 59

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I (Cuid II)



Rialachán (CE) Uimh. 510/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1) agus (2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 3 (2), (3) agus (4)

Airteagal 6(2), (3) agus (4)

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5(1)

Airteagal 3, pointe (2) agus Airteagal 49(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(4)

Airteagal 49(2)

Airteagal 5(5)

Airteagal 49(3)

Airteagal 5(6)

Airteagal 9

Airteagal 5(7)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(8)

Airteagal 5(9), an chéad fhomhír

Airteagal 5(9), an dara fomhír

Airteagal 49(5)

Airteagal 5(10)

Airteagal 49(6)

Airteagal 5(11)

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 50(1)

Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

Airteagal 50(2), pointe (a)

Airteagal 6(2), an dara fomhír

Airteagal 52(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 51(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(2)

Airteagal 51(1), an dara fomhír

Airteagal 7(3)

Airteagal 10

Airteagal 7(4)

Airteagal 52(2) agus (4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 51(3) agus Airteagal 52(3) agus (4)

Airteagal 7(6)

Airteagal 11

Airteagal 7(7)

Airteagal 51(5)

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 9

Airteagal 53

Airteagal 10(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 37(3), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 11(4)

Airteagal 36(2)

Airteagal 12

Airteagal 54

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 13(4)

Airteagal 15(2)

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 57

Airteagal 16, pointe (a)

Airteagal 5(4), an dara fomhír

Airteagal 16, pointe (b)

Airteagal 16, pointe (c)

Airteagal 16, pointe (d)

Airteagal 49(7)

Airteagal 16, pointe (e)

Airteagal 16, pointe (f)

Airteagal 51(6)

Airteagal 16, pointe (g)

Airteagal 12(7)

Airteagal 16, pointe (h)

Airteagal 16, pointe (i)

Airteagal 11(3)

Airteagal 16, pointe (j)

Airteagal 16, pointe (k)

Airteagal 54(2)

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 47

Airteagal 19

Airteagal 58

Airteagal 20

Airteagal 59

Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I (Cuid I)



( 1 ) IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

( 2 ) IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

( 4 ) Rialachán ►C3  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C3  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ );