02012R1025 — GA — 09.07.2023 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1025/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 316 14.11.2012, lch. 12)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

DIRECTIVE 2014/28/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

1

29.3.2014

►M2

DIRECTIVE 2014/29/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

45

29.3.2014

 M3

DIRECTIVE 2014/31/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

107

29.3.2014

►M4

DIRECTIVE 2014/32/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

149

29.3.2014

►M5

DIRECTIVE 2014/33/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

251

29.3.2014

►M6

DIRECTIVE 2014/34/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 26 February 2014 (*)

  L 96

309

29.3.2014

►M7

DIRECTIVE (EU) 2015/1535 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 9 September 2015 (*)

  L 241

1

17.9.2015

►M8

RIALACHÁN (AE) 2022/2480 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Nollaig 2022

  L 323

1

19.12.2022



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1025/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear rialacha maidir leis an gcomhar idir eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, na Ballstáit agus an Coimisiún, maidir le bunú caighdeán Eorpach agus bunú táirgí Eorpacha caighdeánúcháin le haghaidh táirgí agus seirbhísí chun tacú le reachtaíocht agus beartais de chuid an Aontais, maidir le sainaithint sonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe do thagairtiú, maidir le caighdeánú Eorpach a mhaoiniú agus maidir le rannpháirteachas geallsealbhóirí sa chaighdeánú Eorpach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “caighdeán” sonraíocht theicniúil, arna glacadh ag comhlacht aitheanta um chaighdeánú, atá ceaptha lena fheidhmiú arís is arís nó ar bhonn leantach, sonraíocht nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach, agus a thagann faoi réir ceann de na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “caighdeán idirnáisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag comhlacht idirnáisiúnta um chaighdeánú;

(b) 

ciallaíonn “caighdeán Eorpach” caighdeán arna ghlacadh ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú;

(c) 

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán Eorpach arna ghlacadh ar bhonn iarrata ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú;

(d) 

ciallaíonn “caighdeán náisiúnta” caighdeán arna ghlacadh ag comhlacht náisiúnta um chaighdeánú;

(2) 

ciallaíonn “táirge Eorpach caighdeánúcháin” aon sonraíocht theicniúil eile seachas caighdeán Eorpach, arna glacadh ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus atá ceaptha lena feidhmiú arís is arís nó ar bhonn leantach agus nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach;

(3) 

ciallaíonn “dréachtchaighdeán” doiciméad ina bhfuil téacs na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le hábhar ar leith, díreach mar atá sé tar éis na hoibre ullmhúcháin agus nuair a scaiptear é le go ndéanfadh an pobal trácht nó scrúdú air, ar doiciméad é atá á mheas i gcomhair a ghlactha i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha maidir le caighdeáin;

(4) 

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad ina bhforordaítear na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas, seirbhís nó córas agus ina leagtar síos ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) 

na saintréithe a chaithfidh a bheith ag táirge, agus lena n-áirítear leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, idir-inoibritheacht, caomhnú comhshaoil, sláinte, sábháilteacht nó toisí, agus lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis an táirge i dtaca leis an ainm faoina ndíoltar é, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistíocht, marcáil nó lipéadú agus nósanna imeachta um measúnacht comhréireachta;

(b) 

modhanna agus próisis táirgthe a úsáidtear i dtaca le táirgí talmhaíochta amhail a shainmhínítear in Airteagal 38(1) CFAE, táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe, táirgí míochaine, mar aon le modhanna agus próisis táirgthe a bhaineann le táirgí eile, i gcás ina n-imríonn siad tionchar ar a saintréithe;

(c) 

na saintréithe a chaithfidh a bheith ag seirbhís, lena n-áirítear leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, idir-inoibritheacht, caomhnú comhshaoil, sláinte nó sábháilteacht, agus lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis an soláthraí ó thaobh na faisnéise atá le cur ar fáil don fhaighteoir, amhail a shonraítear in Airteagal 22(1) go (3) de Threoir 2006/123/CE;

(d) 

na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta, amhail a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú ( 1 ), i ndáil lena mbuntréithe;

(5) 

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil TFC” sonraíocht theicniúil i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(6) 

ciallaíonn “táirge” aon táirge arna mhonarú go tionsclaíoch agus aon táirge talmhaíochta, lena n-áirítear táirgí éisc;

(7) 

ciallaíonn “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féin-fhostaithe a thugtar de ghnáth ar luach saothair, amhail a shainmhínítear in Airteagal 57 CFAE;

(8) 

ciallaíonn “eagraíocht Eorpach um chaighdeánú” eagraíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(9) 

ciallaíonn “comhlacht idirnáisiúnta um chaighdeánú” Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC) agus an tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU);

(10) 

ciallaíonn “comhlacht náisiúnta um chaighdeánú” comhlacht a dtugann Ballstát fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo.



CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTEACHAS NA NGEALLSEALBHÓIRÍ

Airteagal 3

Trédhearcacht chláir oibre na gcomhlachtaí um chaighdeánú

1.  
Uair sa bhliain, ar a laghad, déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a chlár oibre a bhunú. Beidh faisnéis maidir leis na caighdeáin agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a bhfuil sé ar intinn ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nó ag comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a ullmhú nó a leasú sa chlár oibre sin, atá á n-ullmhú nó á leasú acu agus a ghlac siad sa tréimhse roimh an gclár oibre, mura rud é go bhfuil siad comhionann nó coibhéiseach le trasuímh caighdeán idirnáisiúnta nó Eorpach.
2.  

Luafar sa chlár oibre, i ndáil le gach caighdeán agus le gach táirge Eorpach caighdeánúcháin, an méid seo a leanas:

(a) 

an t-ábhar;

(b) 

an chéim atá bainte amach i bhforbairt na gcaighdeán agus i bhforbairt na dtáirgí Eorpacha caighdeánúcháin;

(c) 

tagairtí d’aon chaighdeán idirnáisiúnta a úsáidtear mar bhonn.

3.  
Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú a clár oibre nó a chlár oibre a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin nó ar a shuíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin eile a bhfuil teacht ag an bpobal air, chomh maith le fógra a chur ar fáil ar fhoilseachán náisiúnta nó i gcás inarb iomchuí, ar fhoilseachán Eorpach a bhaineann le caighdeánú, á thabhairt le fios gurb ann don chlár oibre.
4.  
Tráth nach déanaí ná tráth foilsithe a chláir oibre, déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht Eorpach náisiúnta um chaighdeánú fógra a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha eile um chaighdeánú agus do na comhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú agus don Choimisiún á chur in iúl dóibh gurb ann don chlár oibre. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na Ballstáit tríd an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 22.
5.  
Ní fhéadfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agóid a dhéanamh i gcoinne ábhar i gcomhair a chaighdeánaithe ina gclár oibre a bheith á mheas ar leibhéal na hEorpa i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus ní fhéadfaidh siad aon ghníomhaíocht a dhéanamh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chinneadh ina leith sin.
6.  
Le linn caighdeán comhchuibhithe a bheith á ullmhú, nó tar éis é a fhormheas, ní ghlacfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhchuibhiú atá beartaithe agus, go háirithe, ní dhéanfaidh siad caighdeán náisiúnta nua nó caighdeán náisiúnta athbhreithnithe nach bhfuil ag teacht go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe atá cheana ann a fhoilsiú sa réimse atá i gceist. Tar éis caighdeán comhchuibhithe nua a bheith foilsithe, déanfar gach caighdeán náisiúnta atá contrártha dó a tharraingt siar laistigh de thréimhse ama réasúnach.

Airteagal 4

Trédhearcacht na gcaighdeán

1.  
Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú aon dréachtchaighdeán náisiúnta, aon dréachtchaighdeán Eorpach nó aon dréacht-táirge Eorpach caighdeánúcháin a chur, i bhfoirm leictreonach ar a laghad, chuig eagraíochtaí Eorpacha eile um chaighdeánú agus chuig comhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú nó chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dóibh.
2.  
Déanfaidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú agus gach comhlacht náisiúnta um chaighdeánú freagra a thabhairt laistigh de thrí mhí ar aon bharúlacha maidir le haon dréacht dá dtagraítear i mír 1, is barúlacha a fhaigheann siad ó aon eagraíocht Eorpach eile um chaighdeánú, ó aon chomhlacht náisiúnta eile um chaighdeánú nó ón gCoimisiún, agus cuirfidh siad na barúlacha sin san áireamh go hiomchuí.
3.  
Nuair a fhaigheann comhlacht náisiúnta um chaighdeánú barúlacha lena gcuirtear in iúl go mbeadh tionchar diúltach ag an dréachtchaighdeán ar an margadh inmheánach, rachaidh sé i gcomhairle leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis an gCoimisiún sula nglacfaidh sé é.
4.  

Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú an méid seo a leanas:

(a) 

áiritheoidh siad rochtain ar dhréachtchaighdeáin náisiúnta ar shlí a fhágfaidh go mbeidh deis ag na páirtithe ábhartha uile, go háirithe iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, barúlacha a chur isteach;

(b) 

ligfidh siad do chomhlachtaí náisiúnta eile um chaighdeánú páirt éighníomhach nó ghníomhach a ghlacadh sna gníomhaíochtaí atá beartaithe trí bhreathnóir a chur ann.

Airteagal 5

Rannpháirteachas geallsealbhóirí sa chaighdeánú Eorpach

1.  

Déanfaidh eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ionadaíocht iomchuí agus rannpháirteachas éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sochaíocha, a spreagadh agus a éascú ina gcuid gníomhaíochtaí caighdeánaithe. Déanfaidh siad, go háirithe, ionadaíocht agus rannpháirteachas den sórt sin a spreagadh agus a éascú trí na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar leibhéal forbartha beartas agus ag na céimeanna seo a leanas i bhforbairt caighdeán Eorpach nó i bhforbairt táirgí Eorpacha caighdeánúcháin:

(a) 

ítimí nua oibre a mholadh agus a ghlacadh;

(b) 

plé teicniúil ar mholtaí;

(c) 

barúlacha maidir le dréachtaí a chur isteach;

(d) 

athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha nó ar tháirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ann cheana;

(e) 

scaipeadh faisnéise faoi chaighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá glactha agus feasacht ina leith a mhéadú.

2.  
Sa bhreis ar an gcomhoibriú le húdaráis um faireachas an mhargaidh sna Ballstáit, le saoráidí taighde an Choimisiúin agus le heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ionadaíocht iomchuí, ar leibhéal teicniúil, ar ghnóthais, ar ionaid taighde, ar ollscoileanna agus ar eintitis dhlítheanacha eile a spreagadh agus a éascú i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe a bhaineann le réimse atá ag dul i dtábhacht agus a bhfuil mórimpleachtaí aici ó thaobh beartas agus nuálaíochta teicniúla, más rud é gur ghlac na heintitis dhlítheanacha lena mbaineann páirt i dtionscadal a bhaineann leis an réimse sin agus atá á mhaoiniú ag an Aontas faoi chreatchlár ilbhliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse na taighde, na nuálaíochta agus na forbartha teicneolaíochta, arna ghlacadh de bhun Airteagal 182 CFAE.

Airteagal 6

Rochtain FBManna ar chaighdeáin

1.  

Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú rochtain FBManna ar chaighdeáin agus ar phróisis um fhorbairt caighdeán a spreagadh agus a éascú chun go mbainfear leibhéal níos airde rannpháirteachais amach sa chóras caighdeánaithe, mar shampla:

(a) 

trí na tionscadail um chaighdeánú ar chun sainleasanna FBManna a shainaithint ina gcláir oibre bhliantúla;

(b) 

trí rochtain ar ghníomhaíochtaí um chaighdeánú a thabhairt ach gan oibleagáid a chur ar FBManna a bheith ina gcomhaltaí de chomhlacht náisiúnta um chaighdeánú;

(c) 

trí shaor-rochtain nó rátaí speisialta a thabhairt le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú;

(d) 

trí shaor-rochtain a thabhairt ar dhréachtchaighdeáin;

(e) 

trí achomaireachtaí de na caighdeáin a chur ar fáil saor in aisce ar a láithreán gréasáin;

(f) 

trí rátaí speisialta a chur i bhfeidhm maidir le soláthar na gcaighdeán nó cairn de chaighdeán a sholáthar ar phraghas laghdaithe.

2.  
Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú sár-chleachtais a mhalartú agus é mar aidhm acu feabhas a chur ar rannpháirteachas FBManna i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú agus úsáid na gcaighdeán ag FBManna a mhéadú agus a éascú.
3.  
Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú tuarascálacha bliantúla a sheoladh chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i dtaca lena ngníomhaíochtaí i mír 1 agus i mír 2 agus i dtaca le gach beart eile chun feabhas a chur ar dhálaí do na FBManna chun úsáid a bhaint as caighdeáin agus a bheith rannpháirteach i bpróiseas forbartha na gcaighdeán. Foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na tuarascálacha sin ar a láithreáin gréasáin.

Airteagal 7

Rannpháirteachas na n-údarás poiblí sa chaighdeánú Eorpach

Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, rannpháirteachas na n-údarás poiblí, lena n-áirítear údaráis um fhaireachas an mhargaidh, a spreagadh sna gníomhaíochtaí náisiúnta um chaighdeánú a bheidh dírithe ar chaighdeáin a fhorbairt nó a athbhreithniú, is gníomhaíochtaí arna n-iarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10.



CAIBIDIL III

CAIGHDEÁIN EORPACHA AGUS TÁIRGÍ EORPACHA CAIGHDEÁNÚCHÁIN A THACAÍONN LE REACHTAÍOCHT AGUS BEARTAIS AN AONTAIS

Airteagal 8

An clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach

1.  
Glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach, ina sainaithneofar tosaíochtaí straitéiseacha don chaighdeánú Eorpach, agus straitéisí fadtéarmacha an Aontais i gcomhair fáis á gcur san áireamh aige. Sonrófar ann na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ar intinn ag an gCoimisiún a iarraidh ó na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le hAirteagal 10.
2.  
Saineofar sa chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach na cuspóirí sainiúla agus na beartais shainiúla maidir leis na caighdeáin Eorpacha chomh maith le táirgí Eorpacha caighdeánúcháin atá ar intinn ag an gCoimisiún a iarraidh ó na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le hAirteagal 10. Is féidir leis an gCoimisiún, i gcásanna práinne, iarrataí a eisiúint gan é sin a chur in iúl roimh ré.
3.  
Beidh ar áireamh freisin sa chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach cuspóirí do ghné idirnáisiúnta an chaighdeánaithe Eorpaigh, mar thaca le reachtaíocht agus beartais an Aontais.
4.  
Déanfar an clár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach a ghlacadh i ndiaidh comhairliúchán leathan a sheoladh leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus leis na Ballstáit tríd an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.
5.  
Tar éis a ghlactha, cuirfidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil um chaighdeánú ar fáil ar a láithreán gréasáin é.

Airteagal 9

Comhar le saoráidí taighde

Rannchuideoidh saoráidí taighde an Choimisiúin le hullmhú chlár oibre bliantúil Aontais um chaighdeánú Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 8 agus cuirfidh siad ionchur eolaíoch ar fáil do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, ina réimsí saineolais, chun a áirithiú go ndéanfar iomaíochas eacnamaíoch agus riachtanais shochaíocha, amhail inbhuanaitheacht chomhshaoil agus ábhair imní a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, a chur san áireamh sna caighdeáin Eorpacha.

Airteagal 10

Iarrataí caighdeánúcháin chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú

▼M8

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de na teorainneacha ar na hinniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú faoi sprioc-am socraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar mír 2a leis an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann. Beidh na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin faoi thionchar an mhargaidh, tabharfaidh siad aird ar leas an phobail agus ar na cuspóirí beartais a bheidh luaite go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún agus beidh siad bunaithe ar chomhthoil. Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh leis an doiciméad iarrtha agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh.

▼B

2.  
Déanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 22(3) tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo chomh maith leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, nuair is ann do choiste den sórt sin, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha.

▼M8

2a.  

Gan dochar do thuairimí comhairleacha eile, áiritheoidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú gurb iad ionadaithe ó chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú go heisiach, atá laistigh de chomhlacht cinnteoireachta inniúil na heagraíochta sin, a dhéanfaidh na cinntí seo a leanas a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

cinntí maidir le glacadh le hiarrataí ar chaighdeánú agus diúltú dóibh;

(b) 

cinntí maidir le glacadh le hítimí nua oibre a bhfuil gá leo chun an iarraidh ar chaighdeánú a chomhlíonadh; agus

(c) 

cinntí maidir le caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a ghlacadh, a athbhreithniú agus a tharraingt siar.

▼B

3.  
Tabharfaidh an eagraíocht Eorpach ábhartha um chaighdeánú le fios, laistigh d’aon mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an nglacann sé leis an iarraidh nó nach nglacann.
4.  
I gcás ina ndéantar iarraidh ar mhaoiniú, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis an glacadh dá dtagraítear i mír 3 a fháil, na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú a chur ar an eolas faoi dhámhadh deontais chun caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú.
5.  
Cuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar chun na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt. Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na doiciméid arna ndréachtú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a iarraidh tosaigh.
6.  
I gcás ina gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais a bhfuil sé mar aidhm leis a chumhdach, agus a leagtar amach i reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán comhchuibhithe gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar mhodh eile i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh comhfhreagrach de reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú.

Airteagal 11

Agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán comhchuibhithe

1.  

Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach ndéanann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is cuspóir dó a chomhlíonadh ina n-iomláine, ar ceanglais iad atá leagtha amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas ina leith le míniú mionsonraithe, agus déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann dó, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, a chinneadh:

(a) 

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú faoi shrianta inti;

(b) 

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a choimeád in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad a choimeád inti faoi shrianta nó iad a tharraingt siar ón Iris Oifigiúil sin.

2.  
Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na caighdeáin chomhchuibhithe a bheidh curtha faoi réir an chinnidh dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Cuirfidh an Coimisiún an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann.
4.  
Glacfar an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
5.  
Glacfar an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Airteagal 12

Fógra a thabhairt d’eagraíochtaí geallsealbhóirí

Déanfaidh an Coimisiún córas fógartha a bhunú do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo chun comhairliúchán cuí agus ábharthacht don mhargadh a áirithiú sula ndéantar:

(a) 

clár oibre bliantúil an Aontais um chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a ghlacadh;

(b) 

iarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh;

(c) 

cinneadh maidir le hagóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán comhchuibhithe a ghlacadh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(d) 

cinneadh maidir le sainaithint sonraíochtaí teicniúla TFC dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh;

(e) 

gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh.



CAIBIDIL IV

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA TFC

Airteagal 13

Sonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe le haghaidh tagairtiú

1.  
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar thogra a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, sonraíochtaí teicniúla TFC a shainaithint nach caighdeáin náisiúnta, Eorpacha ná idirnáisiúnta iad ach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ar sonraíochtaí iad a fhéadfar a thagairtiú, go príomha chun idir-inoibritheacht sa soláthar poiblí a chumasú.
2.  
Nuair a dhéantar sonraíocht theicniúil TFC arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 a mhodhnú nó a tharraingt siar nó nuair nach gcomhlíonann an tsonraíocht sin a thuilleadh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar thogra a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, sonraíocht theicniúil mhodhnaithe TFC a shainaithint nó an sainaitheantas a tharraingt siar.
3.  
Déanfar na cinntí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh tar éis comhairliúcháin leis an ardán il-gheallsealbhóirí Eorpach um chaighdeánú TFC, ina n-áirítear eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha, agus tar éis comhairliúcháin leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann don choiste sin, nó, murab ann do choiste den sórt sin, tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha.

Airteagal 14

Sonraíochtaí teicniúla TFC a úsáid sa soláthar poiblí

Is éard a bheidh i sonraíochtaí teicniúla TFC dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo sonraíochtaí teicniúla coiteanna dá dtagraítear i dTreoir 2004/17/CE, i dTreoir 2004/18/CE agus dTreoir 2009/81/CE, agus i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002.



CAIBIDIL V

CAIGHDEÁNÚ EORPACH A MHAOINIÚ

Airteagal 15

An tAontas do mhaoiniú eagraíochtaí um chaighdeánú

1.  

Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí caighdeánaithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt agus a athbhreithniú, rud is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais;

(b) 

cáilíocht caighdeán Eorpach nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhíorú agus a gcomhréireacht le reachtaíocht chomhfhreagrach agus beartais chomhfhreagracha an Aontais a fhíorú;

(c) 

réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i dtaca le caighdeánú Eorpach, lena n-áirítear staidéir, gníomhaíochtaí comhair, lena n-áirítear comhar idirnáisiúnta, seimineáir, meastóireachtaí, anailísí comparáideacha, obair thaighde, obair saotharlainne, tástálacha idirshaotharlainne, obair measúnachta comhréireachta agus bearta lena áirithiú go ngiorrófar na tréimhsí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt agus a athbhreithniú gan dochar do na prionsabail bhunaidh, go háirithe prionsabail na hoscailteachta, na cáilíochta, na trédhearcachta agus na comhthola i measc na ngeallsealbhóirí uile;

(d) 

gníomhaíochtaí lár-rúnaíochtaí na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear forbairt beartas, comhordú gníomhaíochtaí caighdeánaithe, próiseáil oibre teicniúla agus soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara;

(e) 

caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a úsáidtear chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais a aistriú go teangacha oifigiúla an Aontais nach teangacha oibre na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iad nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo, go teangacha eile nach teangacha oifigiúla de chuid an Aontais iad;

(f) 

faisnéis a tharraingt suas chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a mhíniú, a léiriú agus a shimpliú, lena n-áirítear treoracha d’úsáideoirí a tharraingt suas, achomaireachtaí caighdeán, faisnéis faoi dhea-chleachtais agus gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt, mar aon le straitéisí agus cláir oiliúna;

(g) 

gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu cláir um chúnamh teicniúil a thabhairt i gcrích, comhar le tríú tíortha agus an córas um chaighdeánú Eorpach chomh maith le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a chur chun cinn agus a fheabhsú i measc páirtithe leasmhara san Aontas agus ar leibhéal idirnáisiúnta.

2.  

Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt freisin dóibh seo a leanas:

(a) 

comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí um chaighdeánú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfaidh na comhlachtaí náisiúnta i gcomhpháirt le heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú;

(b) 

comhlachtaí eile a bhfuil sé curtha ar iontaoibh dóibh rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, nó an obair dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (g) de mhír 1 a dhéanamh, i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

Airteagal 16

An tAontas do mhaoiniú eagraíochtaí Eorpacha eile

Féadfar maoiniú ón Aontas a thabhairt do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhair maoiniú ón Aontas do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

feidhmiú na n-eagraíochtaí sin agus feidhmiú a ngníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú Eorpach agus le caighdeánú idirnáisiúnta, lena n-áirítear próiseáil oibre teicniúla agus soláthar faisnéise do chomhaltaí agus do pháirtithe leasmhara eile;

(b) 

saineolas dlíthiúil agus teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear staidéir, i ndáil le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin agus i ndáil le forbairt na gcaighdeán agus na dtáirgí sin mar aon le saineolaithe a oiliúint;

(c) 

páirt a ghlacadh san obair theicniúil i dtaca le forbairt agus athbhreithniú caighdeán Eorpach agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, rud is gá agus is iomchuí chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais;

(d) 

caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, chomh maith le faisnéis faoi chaighdeáin agus a n-úsáid, a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara, lena n-áirítear FBManna agus tomhaltóirí.

Airteagal 17

Socruithe um maoiniú

1.  

Is mar seo a leanas a chuirfear maoiniú ón Aontas ar fáil:

(a) 

trí dheontais d’uireasa glao ar thairiscintí, nó trí chonarthaí i ndiaidh nósanna imeachta um sholáthar poiblí, a thabhairt dóibh seo a leanas:

(i) 

eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(ii) 

comhlachtaí atá sainaitheanta le gníomh bhunúsach, de réir bhrí Airteagal 49 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 15(1) den Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú;

(b) 

trí dheontais tar éis glao ar thairiscintí, nó trí chonarthaí i ndiaidh nósanna imeachta um sholáthar poiblí, a thabhairt do chomhlachtaí eile dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 15(2):

(i) 

chun rannchuidiú le forbairt agus athbhreithniú caighdeán Eorpach agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(1);

(ii) 

chun an réamhobair nó obair choimhdeach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(iii) 

chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh;

(c) 

trí dheontais tar éis glao ar thairiscintí a thabhairt do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhair maoiniú ón Aontas chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16 a dhéanamh.

2.  

Féadfar gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú:

(a) 

trí dheontais le haghaidh gníomhaíochtaí;

(b) 

trí dheontais oibriúcháin do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. I gcás athnuachana, ní dhéanfar na deontais oibriúcháin a laghdú go huathoibríoch.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na socruithe um maoiniú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, maidir le suimeanna na ndeontas agus, i gcás inar gá, maidir le huaschéatadán an mhaoinithe de réir chineál na gníomhaíochta.
4.  

Ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe, is i gcnapshuimeanna a thabharfar deontais chun na gníomhaíochtaí caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 15(1) a dhéanamh agus i gcás na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(1) íocfar na deontais sin ar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

go nglacfar caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin arna n-iarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 nó go ndéanfar athbhreithniú orthu laistigh de thréimhse nach faide ná an tréimhse atá sonraithe san iarraidh dá dtagraítear san Airteagal sin;

(b) 

go ndéanfar ionadaíocht shásúil ar FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta in gníomhaíochtaí Eorpacha caighdeánúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach san obair sin.

5.  
Maidir leis na comhchuspóirí comhair agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a thugtar d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus do na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a shainmhíniú sna creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta arna síniú idir an Coimisiún agus na heagraíochtaí um chaighdeánú agus na geallsealbhóirí sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin.

Airteagal 18

Bainistíocht

Maidir leis na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun gníomhaíochtaí caighdeánaithe a mhaoiniú, féadfaidh siad na costais riaracháin a chumhdach freisin a bhaineann leis an ullmhúchán, faireachán, cigireacht, iniúchadh agus meastóireacht is gá go díreach chun Airteagal 15, Airteagal 16 agus Airteagal 17 a chur chun feidhme, lena n-áirítear staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilseacháin, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta d’fhonn faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile ar chúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

Airteagal 19

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  
Nuair a dhéanfar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus, má dhéantar neamhrialtachtaí a bhrath, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.
2.  
I gcás gníomhaíochtaí de chuid an Aontais arna maoiniú de bhun an Rialacháin seo, ciallóidh coincheap na neamhrialtachta a shainítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach a éiríonn as gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch agus a bhfuil d’éifeacht leis an sárú sin, nó a mbeadh d’éifeacht leis, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid arna mbainistiú ag an Aontas trí mhír chaiteachais nach bhfuil údar maith léi.
3.  
Forálfar in aon chomhaontuithe agus conarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, faireachán agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí, ar iniúchtaí iad a fhéadfar a dhéanamh ar an láthair más gá.



CAIBIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE, AN COISTE AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH

Airteagal 20

Gníomhartha tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

liosta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thabhairt chun dáta chun athruithe ina n-ainm nó ina struchtúr a chur san áireamh;

(b) 

na critéir a bhaineann le heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú do thuilleadh forbairtí maidir leo a bheith neamhbhrabúsach agus ionadaíoch. Ní bheidh d’éifeacht ag na hoiriúnuithe sin aon chritéir nua a chruthú nó aon chritéir nó catagóir eagraíochta atá cheana ann a dhíbhe.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.
5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

An nós imeachta coiste

1.  
Beidh coiste cúnamh de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4.  
I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse atá leagtha síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 23

Comhar an choiste le heagraíochtaí um chaighdeánú agus le geallsealbhóirí

Oibreoidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha a fhaigheann maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 24

Tuarascálacha

1.  

Cuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe inti faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

cur i bhfeidhm Airteagail 4, 5, 10, 15 agus 17;

(b) 

ionadaíocht ar FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta i gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú;

(c) 

ionadaíocht ar FBManna ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3);

(d) 

úsáid TFC sa chóras caighdeánaithe;

(e) 

an comhar idir comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

2.  
Maidir leis na heagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha, a fuair maoiniú Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad tuarascáil bhliantúil a chur chuig an gCoimisiún faoina ngníomhaíochtaí. Beidh go háirithe sa tuarascáil sin fáisnéis mhionsonraithe faoi chomhaltas na n-eagraíochtaí sin agus faoi na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16.
3.  
Faoin 31 Nollaig 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh sa tuarascáil sin anailís ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, meastóireacht ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise cheanglais reachtaíochta agus bheartais an Aontais chomh maith le measúnú ar bhearta nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun simpliú a dhéanamh ar mhaoiniú an chaighdeánaithe Eorpaigh agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Faoin 2 Eanáir 2015, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar an nós imeachta arna bhunú le hAirteagal 10 den Rialachán seo maidir leis an tréimhse ama chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún a chonclúidí a thíolacadh i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Leasuithe

1.  

Scriostar na forálacha seo a leanas:

(a) 

Airteagal 6(1) de Threoir 89/686/CEE;

▼M1 —————

▼M6 —————

▼B

(d) 

Airteagal 6(1) de Threoir 94/25/CE;

(e) 

Airteagal 6(1) de Threoir 95/16/CE;

(f) 

Airteagal 6 de Threoir 97/23/CE;

▼M4 —————

▼B

(h) 

Airteagal 8(4) de Threoir 2007/23/CE;

▼M5 —————

▼M2 —————

▼B

Déanfar tagairtí do na forálacha scriosta sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 11 den Rialachán seo.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 27

Comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina gcomhlachtaí um chaighdeánú.

Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, chomh maith le haon athruithe a dhéantar ar an liosta sin chun é a thabhairt cothrom le dáta, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Forálacha idirthréimhseacha

I ngníomhartha de chuid an Aontais ina ndéantar foráil do thoimhde comhréireachta le ceanglais fhíor-riachtanacha trí chaighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 98/34/CE a chur i bhfeidhm, déanfar tagairtí do Threoir 98/34/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo, seachas tagairtí don choiste arna chur ar bun le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE maidir le rialacháin theicniúla.

I gcás ina ndéantar foráil i ngníomh de chuid an Aontais do nós imeachta chun agóid a dhéanamh i gcoinne caighdeán comhchuibhithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 den Rialachán seo maidir leis an ngníomh sin.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE agus Cinneadh 87/95/CEE.

Déanfar tagairtí do na Cinntí aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

EAGRAÍOCHTAÍ EORPACHA UM CHAIGHDEÁNÚ

1.

CEN — An Coiste Eorpach um Chaighdeánú

2.

Cenelec — An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil

3.

ETSI — Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide




IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA TFC A SHAINAITHINT

1. Tá glacadh sa mhargadh le sonraíochtaí teicniúla agus ní chuireann cur chun feidhme na sonraíochtaí sin isteach ar idir-inoibritheacht le cur chun feidhme na gcaighdeán Eorpach ná na gcaighdeán idirnáisiúnta atá ann cheana. Is féidir glacadh sa mhargadh a chur in iúl le samplaí oibríochtúla ó dhíoltóirí éagsúla de shonraíochtaí a cuireadh chun feidhme go comhlíontach.

2. Tá na sonraíochtaí teicniúla comhleanúnach mar nach bhfuil siad contrártha do chaighdeáin Eorpacha, is é sin le rá go gclúdaíonn siad fearainn nach bhfuiltear ag tuar go mbeidh caighdeáin Eorpacha nua le glacadh iontu laistigh de thréimhse réasúnach ama, nach bhfuil glacadh sa mhargadh bainte amach iontu ag caighdeáin atá cheana ann nó a bhfuil na caighdeáin sin tite as feidhm, agus nach bhfuiltear ag tuar iontu go ndéanfar sonraíochtaí teicniúla a thrasuí isteach i dtáirgí Eorpacha caighdeánúcháin laistigh de thréimhse réasúnach ama.

3. Eagraíocht neamhbhrabúsach, ar eagraíocht í atá ina cumann gairmiúil, comhlachas tionsclaíochta nó trádála nó aon eagraíocht chomhaltais eile a dhéanann, faoi chuimsiú a réimse saineolais féin, sonraíochtaí teicniúla TFC a fhorbairt agus nach eagraíocht Eorpach, náisiúnta ná idirnáisiúnta um chaighdeánú í, a rinne na sonraíochtaí teicniúla sin a fhorbairt trí phróisis a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) 

oscailteacht:

forbraíodh na sonraíochtaí teicniúla ar bhonn cinnteoireachta oscailte atá inrochtana ag na páirtithe leasmhara uile sa mhargadh nó i margaí ar a mbeidh tionchar ag na sonraíochtaí teicniúla sin;

(b) 

comhthoil:

próiseas comhoibríoch, bunaithe ar chomhthoil a bhí sa phróiseas cinnteoireachta agus níor tugadh fabhar d’aon gheallsealbhóir ar leith. Ciallaíonn comhthoil comhaontú ginearálta, comhaontú arb éard is príomhghnéithe ann nach mbíonn aon chuid thábhachtach de na leasanna lena mbaineann i gcoinne saincheisteanna substaintiúla ar bhonn leanúnach agus go bhfuiltear ag féachaint le tuairimí na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh agus aon argóintí contrártha a réiteach. Ní hintuigthe ó chomhthoil gurb ionann é le haontoilíocht;

(c) 

trédhearcacht:

(i) 

maidir leis an bhfaisnéis uile a bhaineann le plé teicniúil agus le cinnteoireacht, rinneadh í a chur i gcartlann agus a shainaithint;

(ii) 

rinneadh faisnéis maidir le gníomhaíochtaí nua caighdeánaithe a fhógairt go poiblí agus go forleathan ar bhealaí oiriúnacha agus inrochtana;

(iii) 

iarradh ar chatagóirí ábhartha uile na bpáirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach;

(iv) 

rinneadh barúlacha na bpáirtithe leasmhara a mheas agus tugadh freagraí dóibh.

4. Tá na sonraíochtaí teicniúla ag comhlíonadh na gceanglas seo a leanas:

(a) 

cothabháil: ráthaítear tacaíocht agus cothabháil leanúnach thar thréimhse fhada do shonraíochtaí foilsithe;

(b) 

infhaighteacht: tá fáil ag an bpobal ar na sonraíochtaí lena gcur chun feidhme agus féadfaidh an pobal iad a úsáid ar théarmaí réasúnta (lena n-áirítear ar tháille réasúnta nó saor in aisce);

(c) 

maidir le cearta maoine intleachtúla atá sár-riachtanach do chur chun feidhme sonraíochtaí, is ar bhonn (cothrom) réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ((F)RAND) atá siad ceadúnaithe d’iarratasóirí, lena n-áirítear, de rogha shealbhóir an chirt maoine intleachtúla, maoin intleachtúil sár-riachtanach a cheadúnú gan chúiteamh;

(d) 

ábharthacht:

(i) 

sonraíochtaí éifeachtacha agus ábhartha atá iontu;

(ii) 

ní mór do na sonraíochtaí freagairt do riachtanais an mhargaidh agus do cheanglais rialála;

(e) 

neodracht agus cobhsaíocht:

(i) 

aon uair is féidir, is ar fheidhmíocht atá na sonraíochtaí dírithe, seachas ar shaintréithe a bhaineann le ceapadh nó ar shaintréithe tuairisciúla;

(ii) 

ní dhéantar an margadh a shaobhadh leis na sonraíochtaí agus ní chuirtear teorann leis na féidearthachtaí do lucht chur chun feidhme iomaíocht agus nuálaíocht a fhorbairt, ar iomaíocht agus nuálaíocht iad atá bunaithe ar na sonraíochtaí sin;

(iii) 

is ar fhorbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta ardchéime a bhunaítear sonraíochtaí;

(f) 

cáilíocht:

(i) 

is leor cáilíocht agus leibhéal an mhionsonraithe le gur féidir forbairt a dhéanamh ar bhealaí éagsúla iomaíocha cur chun feidhme ar tháirgí agus seirbhísí idir-inoibritheacha;

(ii) 

ní dhéanann aon duine seachas na heagraíochtaí a ghlac na sonraíochtaí teicniúla comhéadain chaighdeánaithe a chur faoi cheilt ná faoi rialú.




IARSCRÍBHINN III

EAGRAÍOCHTAÍ GEALLSEALBHÓIRÍ EORPACHA IS INCHÁILITHE DO MHAOINIÚ ÓN AONTAS

1. Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar FBManna i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a) 

atá neamhrialtasach agus neamhbhrabúsach;

(b) 

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar FBManna sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach, an fheasacht ar chaighdeánú a mhéadú ina measc agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa phróiseas caighdeánúcháin;

(c) 

ar thug eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a dhéanann ionadaíocht ar FBManna sainordú di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna FBManna sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

2. Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a) 

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b) 

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na dtomhaltóirí sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c) 

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta tomhaltóirí di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na dtomhaltóirí sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

3. Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna comhshaoil i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a) 

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, ar leasanna tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b) 

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhshaoil sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c) 

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta comhshaoil di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna comhshaoil sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.

4. Eagraíocht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna sóisialta i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú Eorpach agus:

(a) 

atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, ar leasanna tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b) 

a bhfuil mar chuspóirí agus gníomhaíochtaí reachtúla aici ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna sóisialta sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach;

(c) 

a bhfuil sainordú tugtha ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha náisiúnta sóisialta di, in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna sóisialta sa phróiseas caighdeánúcháin ar leibhéal Eorpach.




IARSCRÍBHINN IV



TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 98/34/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (6)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (7)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (8)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (9)

Airteagal 2(8)

Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (10)

Airteagal 2(10)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3(3) agus (4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 27

Airteagal 2(5)

Airteagal 20(a)

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(3) agus (5) agus Airteagal 4(4)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(3), an chéad fhleasc

Airteagal 6(4)(a)

Airteagal 20(a)

Airteagal 6(4)(b)

Airteagal 6(4)(e)

Airteagal 10(2)

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 27

Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 15

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 17

Airteagal 6(1)

Airteagal 18

Airteagal 6(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 7

Airteagal 19

Cinneadh 87/95/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 14

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 24(3)

Airteagal 9



( 1 ) IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.