European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2418

26.10.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2418 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2023

maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais, i gcruinniú in Versailles an 11 Márta 2022, gealltanas go ndéanfaí cumais chosanta Eorpacha a neartú i bhfianaise chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin. Chomhaontaigh siad caiteachas cosanta a mhéadú go suntasach, tuilleadh dreasachtaí a fhorbairt chun infheistíochtaí comhoibríocha na mBallstát a spreagadh i dtionscadail chomhpháirteacha agus i soláthar comhpháirteach cumas cosanta, infheistíocht bhreise a dhéanamh sna cumais is gá chun raon iomlán na misean agus na n-oibríochtaí a chur i gcrích, sineirgí a chothú agus borradh a chur faoin nuálaíocht, chomh maith leis an tionscal cosanta Eorpach, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a neartú agus a fhorbairt.

(2)

Mar gheall ar ionradh gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022 agus a cogadh foghach leanúnach, is léir go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh atá ann faoi láthair. Tá cogaíocht agus coinbhleacht chríochach ard-déine tagtha ar ais chun na Eorpa arís, agus tionchar diúltach á imirt aige sin ar shlándáil an Aontais agus na mBallstát agus éilíonn sé sin méadú suntasach ar chumas na mBallstát na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh, go háirithe na bearnaí sin is measa de bharr an aistrithe táirgí cosanta chuig an Úcráin.

(3)

Le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, tá an-aird tarraingthe ar an ngá atá ann le Bonn Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a oiriúnú d’athruithe struchtúracha, chun taighde agus forbairt mhíleata an Aontais a fheabhsú, chun trealamh míleata a nuachóiriú agus chun an comhar a neartú idir na Ballstáit faoi chreat an tsoláthair i réimse na cosanta.

(4)

An 18 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) teachtaireacht chomhpháirteach i láthair maidir leis ‘an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh’. Cuireadh i dtábhacht sa teachtaireacht chomhpháirteach éifeachtaí tearc-chaiteachais i réimse na cosanta thar na blianta agus gur ann do bhearnaí airgeadais, tionsclaíocha agus cumais in earnáil cosanta an Aontais. Sonraíodh sa teachtaireacht chomhpháirteach gur léirigh filleadh na cogaíochta ar an Eoraip go bhfuil bearnaí agus easnaimh i bhfardail mhíleata, acmhainneacht táirgthe thionsclaíoch laghdaithe, agus soláthar agus comhoibriú comhpháirteach teoranta. Cuireadh i dtábhacht sa teachtaireacht chomhpháirteach freisin bearnaí a dhéanann difear láithreach do shaoirse ghníomhaíochta fhórsaí armtha na mBallstát mar aon leis an ngéarghá le stoc-chairn áirithe a athshlánú, trealamh míleata atá imithe as feidhm a ionadú, mar shampla trealamh a dearadh nó a táirgeadh san Iar-Aontas Sóivéadach, agus cumais straitéiseacha a atreisiú.

(5)

Moladh freisin sa teachtaireacht chomhpháirteach ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe, ionstraim a ceapadh de mheon na dlúthpháirtíochta, mar uirlis chun dreasacht a thabhairt do na Ballstáit, soláthar comhoibríoch a shaothrú, ar bhonn deonach, chun na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh, go háirithe na bearnaí sin a cruthaíodh mar thoradh ar an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, ar bhealach comhoibríoch.

(6)

Tá sé i gceist leis an ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe nua rannchuidiú leis an soláthar comhoibríoch cosanta a atreisiú agus, trí mhaoiniú comhlachaithe an Aontais, le cumais thionsclaíocha chosanta an Aontais a neartú, lena n-áirítear trí tháirgeadh táirgí cosanta a mhéadú. Rannchuideoidh sé freisin leis an gcomh-thagarmharc 35 % den chaiteachas iomlán ar sholáthar trealaimh do sholáthar trealaimh chomhoibríoch Eorpaigh, a shainaithin Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint in 2007.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, atreisiú EDTIB a bheith i gcroílár na n-iarrachtaí sin. Go deimhin, tá deacrachtaí agus bearnaí fós ann agus is ann fós don ilroinnt, rud a fhágann nach ndéantar gníomhaíocht chomhoibríoch leordhóthanach agus nach ann d’idir-inoibritheacht leordhóthanach idir táirgí.

(8)

Is leis an ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe go leithleach a bhaineann an struchtúr sonrach, na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir shonracha a leagtar síos sa Rialachán seo agus is de réir imthosca sonracha agus de réir na staide éigeandála reatha a chinntear iad.

(9)

I gcomhthéacs an mhargaidh cosanta atá ann faoi láthair, lena mbaineann bagairt mhéadaithe slándála agus an fhéidearthacht réalaíoch go mbeidh coinbhleacht ard-déine ann, tá na Ballstáit ag méadú go tapa a mbuiséad cosanta agus tá siad ag díriú ar cheannacháin chomhchosúla de tháirgí cosanta a dhéanamh. Mar thoradh air sin, tá leibhéal éilimh ann a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná acmhainneachtaí monaraíochta EDTIB, acmhainneachtaí atá curtha in oiriúint faoi láthair do tháirgeacht in aimsir na síochána.

(10)

Dá thoradh sin, is féidir a bheith ag súil le boilsciú ard ar phraghsanna, mar aon le moilleanna níos faide ar an aga seachadta, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais agus na mBallstát. Ní mór do thionscail chosanta an acmhainneacht táirgeachta is gá a bhaint amach chun orduithe a phróiseáil, mar aon le hamhábhair agus fo-chomhpháirteanna criticiúla a fháil. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh táirgeoirí tús áite d’orduithe móra, rud a d’fhéadfadh na tíortha is leochailí, ar tíortha iad nach bhfuil an mhéid chriticiúil ná na hacmhainní airgeadais acu chun orduithe móra a áirithiú, a fhágáil neamhchosanta.

(11)

Tá léirithe ag an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair i dtíortha Chomharsanacht an Oirthir, cé gur cheart iarrachtaí dúbailte a sheachaint, go bhféadfadh margadh éagsúlaithe cosanta rannchuidiú leis an éagsúlacht earraí a bheadh ar fáil láithreach ar an margadh agus go bhféadfadh, dá bhrí sin, tairbhe a bheith ag baint leis ó thaobh riachtanais phráinneacha na mBallstát a shásamh go leormhaith.

(12)

Thairis sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh ionas go dtiocfaidh EDTIB atá níos láidre as an gcaiteachas méadaithe ar fud an Aontais. Go deimhin, le hinfheistíochtaí náisiúnta méadaithe, arna ndéanamh gan comhordú ná comhar, is féidir go gcuirfí le hilroinnt thionscal cosanta na hEorpa.

(13)

I bhfianaise na ndúshlán thuasluaite agus na n-athruithe struchtúracha gaolmhara, is cosúil gur gá dlús a chur le coigeartú EDTIB, feabhas a chur ar a iomaíochas agus ar a éifeachtúlacht i gcomhréir le hAirteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cumais thionsclaíocha chosanta na mBallstát a neartú agus a athchóiriú. Ba cheart dul i ngleic go pras leis na bearnaí is práinní agus aghaidh á thabhairt ar easnaimh thionsclaíocha.

(14)

Ba cheart, go háirithe, an soláthar comhoibríoch infheistíochta agus cosanta a dhreasú, ós rud é go n-áiritheofaí le gníomhaíochtaí comhoibríocha den sórt sin go ndéanfaí na hathruithe is gá ar EDTIB ar bhealach comhoibríoch, agus nach ndéanfaí an tionscal a ilroinnt a thuilleadh agus go méadófaí an idir-inoibritheacht.

(15)

Chuige sin, ba cheart ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe a bhunú chun comhar na mBallstát a mhéadú le linn chéim an tsoláthair cosanta (‘an Ionstraim’). Leis an Ionstraim, ba cheart go dtabharfaí dreasacht do na Ballstáit gníomhaíochtaí comhoibríocha a shaothrú agus go háirithe, i gcás ina ndéanann siad soláthar chun na bearnaí sin a líonadh, sin a dhéanamh go comhpháirteach, agus ar an gcaoi sin an idirinoibritheacht a mhéadú, agus a gcumais thionsclaíocha chosanta a neartú agus a athchóiriú.

(16)

Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, déanfar na hacmhainní a leithdháilfear ar an Ionstraim a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann cheana gan tionchar a imirt ar chistiú atá geallta cheana féin do ghníomhaíochtaí sonracha de chuid an Aontais.

(17)

Leis an Ionstraim, ba cheart an chastacht agus na rioscaí a bhaineann le soláthar comhoibríoch a fhritháireamh agus, an tráth céanna, barainneachtaí scála a chumasú sna gníomhaíochtaí a dhéanann Ballstáit chun EDTIB a atreisiú agus a nuachóiriú, agus béim ar leith á leagan ar (FBBanna agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe, rud a mhéadóidh, ar an gcaoi sin, acmhainneacht, athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais. Is é a thiocfadh as soláthar comhoibríoch a dhreasú freisin costais laghdaithe maidir leis an ualach riaracháin agus le bainistiú shaolré na gcóras ábhartha. Ba cheart a bheith ag gabháil leis an Ionstraim iarrachtaí lena neartaítear margaí, seirbhísí agus córais chosanta agus slándála na hEorpa agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe ó na Ballstáit uile a chruthú. Le soláthar comhoibríoch i gcómhargadh le haghaidh EDTIB, ceadaítear barainneachtaí scála agus áirithítear go mbeidh nuálaíocht agus éifeachtúlacht sa táirgeadh agus sa teicneolaíocht.

(18)

Leis an Ionstraim, cuirtear le hobair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta arna bhunú ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí agus Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, agus breithnítear an obair sin, i gcomhréir leis an teachtaireacht chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022, chun riachtanais an-ghearrthéarmacha maidir le soláthar cosanta a chomhordú agus oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus monaróirí cosanta an Aontais chun tacú leis an soláthar comhpháirteach chun stoic a athshlánú, go háirithe i bhfianaise na tacaíochta arna soláthar don Úcráin.

(19)

Ní mór machnamh práinneach a dhéanamh ar an staid slándála san Eoraip maidir le conas laghdú a dhéanamh ar ilroinnt iomarcach trí thionscnaimh aonair de chuid an Aontais agus conas ionstraimí ábhartha a nascadh go straitéiseach. Tá sé beartaithe leis an Ionstraim comhleanúnachas a áirithiú le tionscnaimh chomhoibríocha de chuid an Aontais atá ann cheana a bhaineann le cosaint, mar shampla, an Plean Forbraíochta um Chumas, an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint, an Ciste Eorpach Cosanta, mar aon leis an mBuanchomhar Struchtúrtha, agus sineirgí a ghiniúint le cláir eile de chuid an Aontais. Tá an Ionstraim go hiomlán comhleanúnach le huaillmhian an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint. I gcás inarb iomchuí, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad sin arna mbunú i gcomhthéacs Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, a chur san áireamh freisin má tá siad i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus nach gcuirfidh siad bac ar aon Bhallstát nó aon tír chomhlachaithe a bheith rannpháirteach, agus, an tráth céanna, má fhéachann siad le dúbailt neamhriachtanach a sheachaint.

(20)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Ionstraim iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, d’fhonn tairbhiú den ionstraim, is gá conarthaí soláthair chomhoibríoch a thabhairt i gcrích le conraitheoirí nó fochonraitheoirí atá bunaithe san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe agus nach bhfuil faoi réir rialú ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thuiscint go gciallaítear le rialú ar chonraitheoir nó ar fhochonraitheoir an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar chonraitheoir nó ar fhochonraitheoir go díreach, nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó. Ina theannta sin, chun a áirithiú go gcosnófar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na gconraitheoirí agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a úsáidtear chun críoch an tsoláthair sin, ba cheart go mbeidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch tríú tír chomhlachaithe.

(21)

In imthosca áirithe, ba cheart a bheith in ann maolú ón bprionsabal nach bhfuil conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le soláthar comhoibríoch dá dtugtar tacaíocht ón Ionstraim faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe ná eintitis de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh conraitheoir nó fochonraitheoir atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír chomhlachaithe agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe in ann a bheith rannpháirteach mar chonraitheoir nó mar fhochonraitheoir a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dochta a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bhunaítear faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear i leith EDTIB a neartú.

(22)

Thairis sin, ba cheart a áirithiú le nósanna imeachta agus conarthaí soláthair chomhoibríoch ceanglas nach mbeidh an táirge cosanta faoi réir srianadh ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe lena dteorannaítear cumas na mBallstát an táirge sin a úsáid. I gcásanna práinneacha, nuair nach leor cumas EDTIB na bearnaí is práinní agus is criticiúla i stoic na mBallstát a líonadh nó i gcás nach bhfuil EDTIB in ann na táirgí cosanta is gá a sholáthar i dtréimhse ama leordhóthanach, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin má bhí na táirgí arna soláthar in úsáid roimh an 24 Feabhra 2022 laistigh d’fhórsaí armtha thromlach na mBallstát atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch. I gcás ina mbeidh feidhm ag an maolú sin, ba cheart do na tíortha atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé na comhpháirteanna is cúis leis an srian a athsholáthar le comhpháirteanna saor ó shrianta ón Aontas nó ó thíortha comhlachaithe.

(23)

Ba cheart deontais arna soláthar faoin Ionstraim a bheith i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais agus ba cheart di a bheith bunaithe ar thorthaí a bhaint amach faoi threoir pacáistí oibre, garspriocanna nó spriocanna a bhaineann leis an bpróiseas soláthair chomhoibríoch, chun an éifeacht dreasachta is gá a chruthú.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, i ndáil le clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh chun na tosaíochtaí cistiúcháin agus na coinníollacha cistiúcháin is infheidhme a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(25)

Chun éifeacht dreasachta a ghiniúint, ba cheart go mbeifí in ann leibhéal ranníocaíochta an Aontais do gach gníomhaíocht a idirdhealú bunaithe ar thosca, amhail castacht an tsoláthair chomhoibríoch, saintréithe an chomhair nó líon na mBallstát rannpháirteach nó na dtíortha comhlachaithe nó Ballstáit bhreise nó tíortha comhlachaithe breise a áireamh sa chomhar atá á dhéanamh cheana, ach níor cheart an leibhéal sin a bheith níos mó ná 15 % de bhuiséad foriomlán na hIonstraime agus ba cheart uasteorainn 15 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch in aghaidh an chuibhreannais Ballstát agus tíortha comhlachaithe a chur leis. I ngeall ar na costais níos airde a bhaineann de ghnáth le nósanna imeachta soláthair a dhéanamh lena n-áirítear líon mór conraitheoirí, nó lena mbaineann aistriú an trealaimh a ceannaíodh chuig tríú tíortha, ba cheart an uasteorainn sin a ardú go 20 % den bhuiséad foriomlán agus go 20 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch in aghaidh an chuibhreannais Ballstát agus tíortha comhlachaithe, i gcás ina bhfuil an Úcráin nó an Mholdóiv ar na tíortha a gheobhaidh cainníochtaí breise de tháirgí cosanta sa ghníomhaíocht soláthair, nó i gcás ina leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch ar FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe mar chonraitheoirí nó mar fhochonraitheoirí. Ba cheart go bhféadfaí cainníochtaí breise de tháirgí cosanta a sholáthar don Úcráin agus don Mholdóiv, le comhaontú ó na Ballstáit rannpháirteacha, i bhfianaise staid slándála ar leith an dá thír sin is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas i bhfianaise chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit agus do thíortha comhlachaithe gníomhaire soláthair a cheapadh chun soláthar comhoibríoch a dhéanamh thar a gceann. Ba cheart gurb é atá sa ghníomhaire soláthair, údarás conarthach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/24/AE (4) agus Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír chomhlachaithe, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, nó eagraíocht idirnáisiúnta.

(27)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (‘an Rialachán Airgeadais’), féadfar deontas a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíocht ar cuireadh tús léi cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a léiriú gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Ba é cogadh foghach na Rúise faoin Úcráin ba chúis le hathrú ollmhór ar dhálaí an mhargaidh cosanta nach mór do EDTIB dul in oiriúint dóibh i dtimpeallacht atá an-srianta ó thaobh ama de. I bhfianaise phráinn agus thromchúis an oiriúnaithe sin chomh maith leis an mbaol go ndéanfaí tuilleadh ilroinnte ar an margadh inmheánach agus ar shlabhraí soláthair na dtáirgí cosanta ábhartha, bhí gá láithreach le gníomhaíochtaí na mBallstát a chuirfeadh tús le comhar maidir le soláthar comhpháirteach, chun comhartha suntasach a thabhairt don mhargadh agus do EDTIB. Mar thoradh air sin, ba cheart a bheith in ann tacaíocht airgeadais luath a fháil ón Aontas. De mhaolú ar Airteagal 193 den Rialachán Airgeadais, ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaí foráil a dhéanamh, sa chinneadh maoiniúcháin, maidir le ranníocaíochtaí airgeadais le gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear tréimhsí ón 24 Feabhra 2022, fiú má cuireadh tús leo sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas, ar choinníoll nach mbeidh siad críochnaithe roimh shíniú an chomhaontaithe deontais.

(28)

Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Mar sin féin, déantar foráil sa Rialachán seo maidir le ceanglais incháilitheachta níos sonraí. Foráiltear le Treoir 2009/81/CE go bhféadfadh na Ballstáit a áireamh ina reachtaíocht an fhéidearthacht ceanglais a fhorchur, i ndoiciméadacht an chonartha, a bhaineann le slándáil an tsoláthair a chosaint nó le slándáil faisnéise a chosaint. Cuirtear an Rialachán seo leis na forálacha de Threoir 2009/81/CE agus cruthaítear oibleagáidí do ghníomhairí soláthair maidir le ceanglais incháilitheachta atá le háireamh i ndoiciméadacht an chonartha. Ba cheart forlámhas a bheith ag oibleagáidí den sórt sin ar reachtaíocht easaontacha an Bhallstáit agus na dtíortha comhlachaithe ina bhfuil an gníomhaire soláthair lena mbaineann bunaithe.

(29)

Is é is aidhm do Mholadh (AE) 2018/624 ón gCoimisiún (8) rochtain trasteorann ar an margadh a éascú do FBManna agus do chuideachtaí idirmheánacha in earnáil na cosanta. Go háirithe, iarrtar leis go háirithe ar na Ballstáit an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil le Treoir 2009/81/CE a úsáid, mar shampla an ceann a thugtar isteach in Airteagal 21 de nó an ceann arna chur ar fáil ag úsáid mhéadaithe a bhaint as baisceanna nó ag ríomhsholáthar. Iarrann sí freisin ar na Ballstáit an t-ualach riaracháin a bhaineann le soláthar a laghdú, go háirithe trí iarrataí ar fhaisnéis nó ar chritéir roghnúcháin a choinneáil comhréireach. I gcomhthéacs an Rialacháin seo, ba cheart do na gníomhairí soláthair arna gceapadh ag na Ballstáit agus ag na tíortha comhlachaithe an leas is fearr is féidir a bhaint as moltaí an Choimisiúin i ndáil le gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag FBManna ar sholáthar tacaithe.

(30)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim don tréimhse ó 27 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025 arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (9), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(31)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (11), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (12) agus (AE) 2017/1939 (13) ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013,tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, agus ní mór do dhuine ná d’eintiteas den sórt sin a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.

(32)

De bhun Airteagal 85(1) de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle (15), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hIonstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(33)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a thuiscint le táirgí cosanta gur táirgí iad a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir sin, go háirithe gur cineálacha táirgí iad a áirítear sa liosta arm, muinisean agus ábhair chogaidh a leagtar amach i gCinneadh 255/58 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 (16). Ní áirítear sa liosta sin ach trealamh a dheartar, a fhorbraítear agus a tháirgtear chun críoch míleata go sonrach. Mar sin féin, tá an liosta cineálach agus tá sé le léirmhíniú ar bhealach leathan i bhfianaise chineál athraitheach na teicneolaíochta, na mbeartas soláthair agus na gceanglas míleata as a dtagann forbairt cineálacha nua trealaimh, mar shampla ar bhonn Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a thuiscint le táirgí cosanta freisin, cé gur le haghaidh úsáid shibhialtach a ceapadh iad i dtús báire, gur táirgí iad atá oiriúnaithe ina dhiaidh sin do chríocha míleata lena n-úsáid mar airm, muinisin nó ábhar cogaidh.

(34)

De bhun Airteagal 4(2) CAE, fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin. Cinneann na Ballstáit eatarthu féin na socruithe is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint chun críocha na soláthairtí comhoibríocha, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta.

(35)

Tugann an Coimisiún cosaint d'fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (17). I gcomhréir le Comhaontú an 4 Bealtaine 2011 idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe leis an Aontas Eorpach (18) agus Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (19), soláthraíonn na Ballstáit leibhéal cosanta d'fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach i gCinneadh 2013/488/AE.

(36)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta ar an Ionstraim a tharraingt suas agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sa tuarascáil mheastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim, agus machnamh criticiúil á dhéanamh freisin ar na bealaí chun na comhpháirteanna uile a áirithiú i slabhra soláthair cosanta an Aontais agus aird chuí á tabhairt maidir leis an tábhacht a bhaineann le socruithe i ndáil le slándáil an tsoláthair, agus le feidhmiú EDTIB. Thairis sin, ba cheart easnaimh agus spleáchais chriticiúla ar thríú tíortha neamhchomhlachaithe a shainaithint sa tuarascáil mheastóireachta maidir le hamhábhair, comhpháirteanna agus acmhainneachtaí táirgeachta, ag cur leis an obair a rinneadh i gcomhthéacs na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla. Ba cheart an tuarascáil sin a bheith mar bhonn eolais d’obair an Choimisiúin maidir le treochláir teicneolaíochta, lena n-áirítear bearta maolaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus ar na spleáchais chriticiúla sin.

(37)

Tá an Rialachán seo gan dochar do lánrogha na mBallstát i ndáil lena mbeartais maidir le honnmhairiú táirgí atá bainteach le cosaint.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(39)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir, ba cheart dó teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear ionstraim ghearrthéarmach chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (‘an Ionstraim’), ar feadh na tréimhse ón 27 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘soláthar comhoibríoch’ soláthar a dhéanann trí Bhallstát ar a laghad i gcomhpháirt le chéile;

(2)

ciallaíonn ‘rialú’ maidir le conraitheoir nó fochonraitheoir’ an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar chonraitheoir nó fochonraitheoir go díreach, nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó;

(3)

ciallaíonn ‘struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin’ comhlacht eintitis dhlíthiúil, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a chumhachtaítear chun straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis dhlíthiúil sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

(4)

ciallaíonn ‘eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe’ eintiteas dlíthiúil arna bhunú i dtríú tír neamhchomhlachaithe nó, i gcás ina bhfuil sé bunaithe san Aontas nó i dtír comhlachaithe, a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin aige i dtríú tír neamhchomhlachaithe;

(5)

ciallaíonn ‘gníomhaire soláthair’ údarás conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint nó eagraíocht idirnáisiúnta, agus arna ainmniú ag Ballstáit agus tíortha comhlachaithe chun soláthar comhoibríoch a dhéanamh ar a son;

(6)

ciallaíonn ‘táirgí cosanta’ táirgí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 di, lena n-áirítear trealamh leighis comhraic;

(7)

ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe’ faisnéis nó ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla de dhochar do leasanna an Aontais, nó ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, agus ar a bhfuil marc rúnaicmithe de chuid an Aontais nó marc rúnaicmithe comhfhreagrach, de réir mar a bhunaítear é sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (20);

(8)

ciallaíonn ‘faisnéis íogair’ faisnéis agus sonraí neamh-rúnaicmithe, atá le cosaint ó rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe mar gheall ar oibleagáidí arna leagan síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, nó atá le cosaint d’fhonn príobháideacht nó slándáil duine nádúrtha nó duine dlítheanach a choimirciú.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Tá ag an Ionstraim na cuspóirí seo a leanas:

(a)

iomaíochas agus éifeachtúlacht Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a chothú, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ar mhaithe le hAontas atá níos athléimní agus níos sláine, go háirithe trí dhlús a chur, ar bhealach comhoibríoch, le coigeartú an tionscail d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trína acmhainneachtaí monaraíochta a chruthú agus borradh a chur fúthu agus slabhraí soláthair le haghaidh comhar trasteorann a oscailt ar fud an Aontais, rud a ligfidh do EDTIB na táirgí cosanta a theastaíonn ó na Ballstáit a chur ar fáil;

(b)

comhar a chothú sna próisis soláthair cosanta idir na Ballstáit rannpháirteacha chun rannchuidiú leis an dlúthpháirtíocht, éifeachtaí plódaithe amach a chosc, éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a mhéadú agus ilroinnt iomarcach a laghdú, as a dtiocfaidh méadú i ndeireadh na dála ar chaighdeánú na gcóras cosanta agus idir-inoibritheacht níos fearr idir cumais na mBallstát, agus iomaíochas agus éagsúlacht na dtáirgí atá ar fáil do na Ballstáit agus sa slabhra soláthair á gcaomhnú ag an am céanna.

2.   Saothrófar na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 agus béim á leagan ar EDTIB a neartú agus a fhorbairt ar fud an Aontais ionas go mbeidh sé in ann aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na riachtanais is práinní agus is criticiúla maidir le táirgí cosanta, go háirithe na riachtanais sin a léiríodh nó a méadaíodh mar gheall ar an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, mar shampla táirgí cosanta a loingsiú chuig an Úcráin, agus cuspóirí an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta. Féadfar é sin a bhaint amach trí athsholáthar stoc-charn a ídítear mar thoradh ar aistriú táirge cosanta chuig an Úcráin, lena n-áirítear leis an trealamh atá ar fáil ar an margadh, agus trí threalamh atá imithe i léig a athsholáthar agus trí chumais a atreisiú.

Airteagal 4

Buiséad

1.   Is é EUR 300 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ionstraim a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 27 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2025.

2.   Féadfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Ionstraim a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an Ionstraim, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 5

Tíortha comhlachaithe

Beidh an Ionstraim oscailte do rannpháirtíocht na gcomhaltaí sin de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (tíortha comhlachaithe), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Úsáidfear cistiú ón Aontas chun an comhar idir na Ballstáit a dhreasú d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh. Bunófar an ranníocaíocht airgeadais agus cineál comhoibríoch an tsoláthair chomhoibríoch á chur san áireamh mar aon leis an ngá an éifeacht dreasachta is gá a chruthú chun comhar a spreagadh.

3.   De mhaolú ar Airteagal 193 den Rialachán Airgeadais féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais, i gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí a chumhdach a tosaíodh roimh dháta na hiarrata ar ranníocaíochtaí airgeadais le haghaidh na gníomhaíochta sin, ar choinníoll nár cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí sin roimh an 24 Feabhra 2022 agus nár críochnaíodh iad sular síníodh an comhaontú deontais. Déanfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe go cúlghabhálach gach critéar incháilíochta dá bhforáiltear in Airteagail 8 agus 9 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

Maoiniú a úsáid nach bhfuil nasctha le costais

1.   Is i bhfoirm maoiniúcháin nach bhfuil bainteach le costais a bheidh deontais, de bhun Airteagal 180(3) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar leibhéal na ranníocaíochta ón Aontas a thugtar do gach gníomhaíocht a shainiú ar bhonn fachtóirí amhail an méid seo a leanas:

(a)

castacht an tsoláthair chomhoibríoch, a bhféadfadh cion de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch agus an taithí a fuarthas agus gníomhaíochtaí comhchosúla á ndéanamh feidhmiú mar mhéid ionadach ina leith ar dtús;

(b)

saintréithe an chomhair ar dócha go n-eascródh torthaí idir-inoibritheachta níos fearr agus comharthaí infheistíochta fadtéarmacha chuig an tionscal astu; nó

(c)

líon na mBallstát rannpháirteach nó na dtíortha comhlachaithe nó Ballstáit bhreise nó tíortha comhlachaithe breise a chur leis an gcomhar atá á dhéanamh cheana.

3.   Ní rachaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gach gníomhaíocht thar 15 % den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus cuirfear uasteorainn léi ag 15 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch in aghaidh an chuibhreannais Ballstát agus tíortha comhlachaithe.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gach gníomhaíocht a bheith chomh mór le 20 % den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus cuirfear uasteorainn léi ag 20 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an Úcráin nó an Mholdóiv ar na faighteoirí cainníochtaí breise de tháirgí cosanta sa ghníomhaíocht soláthair, i gcomhréir le hAirteagal 9(3);

(b)

leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch ar FBManna nó ar chuideachtaí meánchaipitlithe, mar chonraitheoirí nó mar fhochonraitheoirí.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí atá i gcomhréir le gach ceann de na critéir seo a leanas incháilithe do chistiú ón Aontas faoin Ionstraim:

(a)

beidh comhar idir na heintitis incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 10 i gceist leo maidir le soláthar comhoibríoch lena dtabharfar aghaidh ar na riachtanais a bhaineann leis na táirgí cosanta is práinní agus is criticiúla agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 á gchur chun feidhme;

(b)

beidh comhar nua i gceist leo, lena n-áirítear laistigh de chreat atá ann cheana, nó leathnófar comhar atá á dhéanamh cheana chuig Ballstát nua amháin nó chuig tír chomhlachaithe ar a laghad;

(c)

is cuibhreannas ina mbeidh trí Bhallstát ar a laghad a dhéanfaidh iad;

(d)

beidh siad i gcomhréir leis na coinníollacha breise a leagtar amach in Airteagal 9.

2.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do chistiú:

(a)

gníomhaíochtaí le haghaidh soláthar comhoibríoch earraí nó seirbhísí a bhfuil toirmeasc orthu faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(b)

gníomhaíochtaí le haghaidh soláthar comhoibríoch arm uathrialaitheach marfach gan an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfadh duine rialú fónta ar chinntí maidir le roghnú agus comhrac, agus ionsaithe á ndéanamh ar dhaoine.

Airteagal 9

Coinníollacha incháilitheachta breise

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch gníomhaire soláthair a cheapadh, d’aon toil, chun gníomhú thar a gceann chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch sin. Is é an gníomhaire soláthair a dhéanfaidh na nósanna imeachta soláthair agus tabharfaidh sé na conarthaí a thiocfaidh astu i gcrích leis na conraitheoirí thar ceann na dtíortha rannpháirteacha. Féadfaidh an gníomhaire soláthair a bheith rannpháirteach sa bheart mar thairbhí agus gníomhú mar chomhordaitheoir an chuibhreannais agus, dá bhrí sin, féadfaidh sé a bheith in ann cistí ón Ionstraim agus cistí ó na Ballstáit rannpháirteacha agus tíortha comhlachaithe a bhainistiú agus a chomhcheangal.

Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe ag údaráis chonarthacha nó eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála, a leagtar síos i dTreoir 2009/81/CE.

2.   Na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i mír 1, beidh siad bunaithe ar chomhaontú a bheidh le síniú ag na Ballstáit rannpháirteacha agus tíortha comhlachaithe leis an ngníomhaire soláthair faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre. Cinnfear leis an gcomhaontú, go háirithe, na socruithe praiticiúla a rialaíonn an soláthar comhoibríoch agus an próiseas cinnteoireachta maidir le roghnú an nós imeachta, measúnú na dtairiscintí agus dámhachtain an chonartha.

3.   Leis an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 2, féadfar a údarú don ghníomhaire soláthair cainníochtaí breise den táirge cosanta lena mbaineann a sholáthar don Úcráin nó don Mholdóiv. Déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch údarú den sórt sin a fhormheas d’aon toil.

Beidh na socruithe soláthair breise sin gan dochar do dhlí is infheidhme an Aontais agus beidh siad i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta na mBallstát maidir le táirgí a bhaineann le cosaint a onnmhairiú.

4.   Áireofar le nósanna imeachta agus conarthaí soláthair chomhoibríoch na ceanglais rannpháirtíochta le haghaidh conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a leagtar amach i míreanna 5 go 12.

5.   Conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch, beidh siad bunaithe san Aontas agus beidh a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin acu san Aontas nó i dtír chomhlachaithe. Ní bheidh siad faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe nó, de rogha air sin, beidh siad faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe, agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialacháin seo á gcur san áireamh.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, i gcás eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch má sholáthraíonn sé ráthaíochtaí arna bhfíorú ag an mBallstát nó ag an tír chomhlachaithe ina bhfuil an conraitheoir nó an fochonraitheoir a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch bunaithe. Soláthrófar dearbhuithe sna ráthaíochtaí nach sárófaí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear i gcreat an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V de CAE, ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo de dheasca rannpháirtíocht an chonraitheora nó an fhochonraitheora a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch.

7.   Féadfaidh na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a bheith bunaithe ar theimpléad caighdeánaithe arna sholáthar ag an gCoimisiún, le cúnamh ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 16, agus beidh siad mar chuid de na sonraíochtaí tairisceana, chun cur chuige chomhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú. Tabharfar bunús sna ráthaíochtaí, go háirithe, go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

nach bhfeidhmeofar rialú ar an gconraitheoir nó ar an bhfochonraitheoir a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch ar bhealach lena gcuirfear srian nó teorainn lena chumas an t-ordú a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach; agus

(b)

go mbeidh cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann leis an soláthar comhoibríoch agus go mbeidh imréiteach náisiúnta slándála arna eisiúint ag Ballstát, nó ag tír comhlachaithe, ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta.

8.   Tabharfaidh gníomhairí soláthair fógra don Choimisiún maidir leis na bearta maolaithe arna gcur i bhfeidhm de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nó maidir leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Cuirfear ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta maolaithe a cuireadh i bhfeidhm nó maidir leis na ráthaíochtaí. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo ar an eolas faoi aon fhógra a thabharfar i gcomhréir leis an mír seo.

9.   Maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na gconraitheoirí agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a úsáidtear chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch tíre comhlachaithe. I gcás nach bhfuil aon rogha malartach ná bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní ábhartha ar fáil go héasca do chonraitheoirí nó d’fhochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch san Aontas nó i dtír chomhlachaithe, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a mbonneagar, a saoráidí a sócmhainní, agus a n-acmhainní féin atá lonnaithe nó atá á sealbhú lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na Ballstáit agus go bhfuil sí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

10.   Áireofar le nósanna imeachta agus conarthaí soláthair chomhoibríoch ceanglas nach mbeidh an táirge cosanta faoi réir srianadh ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil amháin nó níos mó lena dteorannaítear cumas Ballstáit an táirge cosanta sin a úsáid.

11.   De mhaolú ar mhír 10, agus i bhfianaise na staide geopholaitiúla agus an géarghá a bhaineann le soláthar táirgí cosanta a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim, ní bheidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear i mír 10 maidir le táirgí cosanta práinneacha agus criticiúla, ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

geallann na Ballstáit nó na tíortha comhlachaithe atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch go ndéanfaidh siad staidéar ar a indéanta atá sé comhpháirt mhalartach, saor ó shrianta, de thionscnamh an Aontais a chur in ionad na gcomhpháirteanna is cúis leis an srian;

(b)

bhí na táirgí cosanta arna soláthar in úsáid roimh an 24 Feabhra 2022 laistigh d’fhórsaí armtha i dtromlach na mBallstát atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch.

12.   Ní rachaidh costas na gcomhpháirteanna de thionscnamh an Aontais nó tíortha comhlachaithe faoi bhun 65 % de luach measta an táirge deiridh. Ní dhéanfar aon chomhpháirteanna a fháil ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta.

13.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch’ aon eintiteas a sholáthraíonn ionchuir chriticiúla a bhfuil tréithe uathúla acu atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú táirge agus ar a leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach an chonartha.

Airteagal 10

Eintitis incháilithe

Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad seo a leanas na heintitis atá incháilithe do chistiú:

(a)

údaráis phoiblí na mBallstát;

(b)

údaráis phoiblí tíortha comhlachaithe;

(c)

gníomhairí soláthair.

Airteagal 11

Critéir dhámhachtana

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thograí ar bhonn na gcritéar seo a leanas maidir le dámhachtain na ndeontas:

(a)

líon na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe atá rannpháirteach i ngach soláthar comhoibríoch;

(b)

luach measta an tsoláthair chomhoibríoch;

(c)

léiriú ar rannchuidiú na gníomhaíochta le hiomaíochas, agus le hoiriúnú, nuachóiriú agus forbairt EDTIB a neartú ionas go mbeidh sé in ann aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na riachtanais is práinní agus is criticiúla maidir le táirgí cosanta, dá dtagraítear in Airteagal 3(2), lena n-áirítear i ndáil le hagaí seachadta, infhaighteacht agus soláthar;

(d)

léiriú ar rannchuidiú na gníomhaíochta le hathshlánú stoc-charn, lena n-áirítear iad siúd atá ídithe mar thoradh ar an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, chomh maith le hathsholáthar an trealaimh atá imithe i léig agus atreisiú na gcumas dá dtagraítear in Airteagal 3;

(e)

an méid a rannchuidíonn an ghníomhaíocht leis an gcomhar a neartú i measc na mBallstát nó tíortha comhlachaithe, go háirithe trí chomhroinnt chomhréireach rioscaí agus deiseanna teicniúla airgeadais, bunaithe ar choincheap atá comhoibritheach i ndáiríre, chomh maith le hidir-inoibritheacht táirgí arna soláthar faoin Rialachán seo;

(f)

rannchuidiú na gníomhaíochta le constaicí ar sholáthar comhoibríoch a shárú;

(g)

an méid a rannchuidíonn an ghníomhaíocht le hiomaíochas agus le hoiriúnú EDTIB d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear athruithe teicneolaíocha, trí, inter alia, acmhainneacht monaraíochta atá sé beartaithe a chruthú nó tríd an mborradh atá sé beartaithe a chur faoi na acmhainneachtaí monaraíochta sin, trí acmhainneachtaí monaraíochta a fhorchoimeád agus le slándáil an tsoláthair;

(h)

rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe;

(i)

comhar trasteorann nua idir conraitheoirí agus fochonraitheoirí sna slabhraí soláthair ar fud an Aontais a chruthú;

(j)

cáilíocht agus éifeachtúlacht na bpleananna chun an ghníomhaíocht a dhéanamh.

2.   Leagfar síos sa chlár oibre tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar síos i mír 1, lena n-áirítear aon ualú le cur i bhfeidhm. Ní shocrófar tairseacha aonair leis an gclár oibre.

3.   Roinnfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta ar ghlaonna leis an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 16. Roinnfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe leis na hiarratasóirí ar thoradh na meastóireachta ar a dtogra.

Airteagal 12

Clár oibre

1.   Is trí chlár oibre ilbhliantúil a chuirfear an Ionstraim chun feidhme de bhun Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais (‘an clár oibre’).

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an clár oibre. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Sa chlár oibre, leagfar amach:

(a)

íosmhéid airgeadais na ngníomhaíochtaí soláthair chomhpháirtigh;

(b)

méid táscach na tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an líon íosta Ballstát a cheanglaítear le hAirteagal 8, (1), pointe (c);

(c)

dreasachtaí le haghaidh soláthar ar luach níos airde agus chun Ballstáit bhreise nó tíortha comhlachaithe breise i gcomhar atá á dhéanamh cheana a áireamh;

(d)

méid foriomlán ranníocaíocht an Aontais le gach tosaíocht cistiúcháin lena mbaineann;

(e)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí lena mbaineann comhar maidir le soláthar comhoibríoch;

(f)

luach measta an tsoláthair chomhoibríoch;

(g)

an nós imeachta maidir le meastóireacht agus roghnú na dtograí;

(h)

tuairisc ar na garspriocanna, atá le dearadh ar bhealach ina léireofar dul chun cinn suntasach maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí, na torthaí atá le baint amach agus na méideanna cistiúcháin gaolmhara atá le heisíoc;

(i)

socruithe le haghaidh fhíorú na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (h), comhlíonadh na gcoinníollacha agus bhaint amach na dtorthaí; agus

(j)

na modhanna chun na méideanna cistiúcháin a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, na méideanna cistiúcháin a choigeartú.

4.   Leagfar amach sa chlár oibre tosaíochtaí cistiúcháin i gcomhréir leis na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Is é is aidhm do na tosaíochtaí cistiúcháin sin a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach de na táirgí cosanta is práinní agus is criticiúla ar fáil chun na bearnaí cumais is práinní, dá dtagraítear i Roinn 4 den teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis ‘an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh’, a líonadh.

Airteagal 13

Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair a chur i bhfeidhm

1.   Faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe atá rannpháirteach i soláthar comhoibríoch, cinnfidh siad eatarthu féin na socruithe is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch sin, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta.

(b)

áiritheoidh gach Ballstát go ndéanann sé leibhéal cosanta a thairiscint d’fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a sholáthraítear le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach i gCinneadh 2013/488/AE;

(c)

tabharfaidh an Coimisiún cosaint d'fhaisnéis rúnaicmithe a fhaightear i ndáil leis an Ionstraim i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444.

2.   Cuirfidh an Coimisiún córas malartaithe slán ar bun chun malartú faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire a éascú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe agus, i gcás inarb iomchuí, leis na hiarratasóirí agus na faighteoirí. Cuirfear rialacháin náisiúnta slándála na mBallstát san áireamh sa chóras sin.

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hIonstraime agus tuairisceoidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá i bhfeidhm.

2.   Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an Ionstraim a tharraingt suas lena ndéantar measúnú ar thionchar agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim (‘an tuarascáil mheastóireachta’) agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

3.   Cuirfidh an tuarascáil mheastóireachta le comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha agus déanfar measúnú inti ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Déanfar meastóireacht inti ar scrogaill fhéideartha i bhfeidhmiú na hIonstraime, agus déanfar, go háirithe, meastóireacht ar rannchuidiú na hIonstraime leis an méid seo a leanas:

(a)

comhar idir Ballstáit agus tíortha comhlachaithe, lena n-áirítear comhar trasteorann nua a chruthú;

(b)

rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sna gníomhaíochtaí;

(c)

comhar trasteorann nua idir conraitheoirí agus fochonraitheoirí sna slabhraí soláthair ar fud an Aontais a chruthú;

(d)

iomaíochas, agus oiriúnú, nuachóiriú agus forbairt EDTIB a neartú chun go mbeidh sé in ann aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na táirgí cosanta is práinní agus is criticiúla;

(e)

luach foriomlán na gconarthaí soláthair chomhoibríoch le haghaidh na dtáirgí cosanta is práinní agus is criticiúla a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim.

4.   Ag tógáil ar na ranníocaíochtaí atá ar fáil ón ngníomhaire soláthair, mar shampla, staidéir indéantachta, de bhun Airteagal 9(11), pointe (a), agus, i gcás inarb ábhartha, obair a rinneadh i gcomhthéacs na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla, sainaithneofar sa tuarascáil mheastóireachta easnaimh agus spleáchais chriticiúla ar thríú tíortha neamhchomhlachaithe i gcás táirgí arna soláthar le tacaíocht airgeadais ón Ionstraim. Beidh an tuarascáil mheastóireachta mar bhonn eolais d’obair an Choimisiúin maidir le treochláir teicneolaíochta, lena n-áirítear bearta maolaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus ar na spleáchais chriticiúla sin. Déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh ar bhearta a mholadh chun easnaimh agus spleáchais chriticiúla ar thríú tíortha neamhchomhlachaithe a mhaolú i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Cosanta, i gcás inarb iomchuí, agus é ag smaoineamh chun cinn ar bhonn criticiúil ar na bealaigh chun na comhpháirteanna uile is gá i slabhra soláthair EDTIB a áirithiú.

5.   Beidh gach ceanglas tuairiscithe de chuid na mBallstát gan dochar do dhlíthe agus do rialacháin náisiúnta agus d’Airteagal 346 CFAE.

Airteagal 15

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme ná do na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta is infheidhme le haghaidh chosaint na faisnéise rúnaicmithe agus na faisnéise íogaire, tabharfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistiúcháin ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a thabhairt do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí arna mbaint amach.

3.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a barúlacha agus a saineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Iarrfar ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí freisin cúnamh a thabhairt don choiste.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 168.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(5)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain i dtaca le conarthaí áirithe oibreacha, soláthair agus seirbhíse a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(8)  Moladh (AE) 2018/624 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 maidir le rochtain trasteorann ar an margadh d’fhosholáthraithe agus do FBManna in earnáil na cosanta (IO L 102, 23.4.2018, lch. 87)

(9)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(12)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(13)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an EPPO’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(15)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6).

(16)  Cinneadh lena sainítear liosta na dtáirgí (airm, muinisin agus ábhar cogaidh) a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 223(1)(b) – anois Airteagal 296(1)(b) – den Chonradh maidir leo (255/58). Miontuairiscí an 15 Aibreán 1958: 368/58.

(17)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(18)   IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.

(19)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(20)   IO C 202, 8.7.2011, lch. 13

(21)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(22)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)