ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.330.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
10 Nollaig 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1258/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí ( 1 )

21

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1259/2013 ó Pharlaimint na hEORPA agus ón gCOMHAIRLE an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha

30

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach ( 1 )

39

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 330 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

10.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1257/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Longa ar dramhaíl iad agus atá faoi réir gluaiseachtaí trasteorann chun críche athchúrsála, rialaítear iad le Coinbhinsiún Basel an 22 Márta 1989 maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíola Guaisí agus lena nDiúscairt (“Coinbhinsiún Basel”) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 cuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Basel agus leasú (4) ar an gCoinbhinsiún sin a glacadh in 1995, nach bhfuil tagtha i bhfeidhm go fóill ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus lena mbunaítear toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola guaisí chuig tíortha nach baill iad den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). Is gnách go n-aicmítear longa den sórt sin mar dhramhaíl ghuaiseach agus go bhfuil toirmeasc ar iad a onnmhairiú ón Aontas lena n-athchúrsáil i saoráidí i dtíortha nach baill de ECFE iad.

(2)

Na sásraí chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, níl siad in oiriúint do shaintréithe long ná do shaintréithe an loingsithe idirnáisiúnta. D’éirigh leis na hiarrachtaí a bhaineann le comhar idirghníomhaireachta idir an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus Rúnaíocht Choinbhinsiún Basel teacht ar chomhaontú maidir le ceanglais éigeantacha, ar an leibhéal domhanda, atá dírithe ar réiteach éifeachtúil agus éifeachtach ar chleachtais athchúrsála long atá contúirteach agus neamhfhónta i bhfoirm Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol (“Coinbhinsiún Hong Cong”).

(3)

Is neamhleor an cumas athchúrsála long atá ag tíortha ECFE faoi láthair agus a bhfuil rochtain dhleathach air ag longa atá faoi bhratach Ballstáit. Is leor an cumas athchúrsála atá ann i dtíortha nach comhaltaí de ECFE iad chun gach long atá faoi bhratach Ballstáit a chóireáil agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcumas sin faoi 2015 de thoradh gníomhaíochtaí tíortha athchúrsála chun ceanglais Choinbhinsiún Hong Cong a chomhlíonadh.

(4)

Glacadh Coinbhinsiún Hong Cong an 15 Bealtaine 2009 faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. Ní thiocfaidh Coinbhinsiún Hong Cong i bhfeidhm ach 24 mhí tar éis dháta a dhaingnithe ag 15 stát ar a laghad arb ionann a gcabhlach trádála le chéile agus 40 % ar a laghad d’olltonnáiste loingeas trádála an domhain agus arb ionann a n-uasacmhainn bhliantúil d’athchúrsáil long le chéile le linn na 10 mbliana roimhe sin agus 3 % ar a laghad d’olltonnáiste loingeas tráchtála na stát sin le chéile. Cuimsíonn an Coinbhinsiún sin ceapadh, tógáil, oibriú agus ullmhú long chun athchúrsáil atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a éascú, gan sábháilteacht ná éifeachtúlacht oibríochtúil long a chur i mbaol. Cuimsítear leis chomh maith saoráidí athchúrsála long a oibriú ar bhealach atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus sásra iomchuí forfheidhmithe maidir le hathchúrsáil long a bhunú.

(5)

Tá an Rialachán seo dírithe ar dhaingniú luath Choinbhinsiún Hong Cong a éascú san Aontas agus i dtríú tíortha araon trí rialuithe comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le longa agus le saoráidí athchúrsála long ar bhonn an Choinbhinsiúin sin.

(6)

Foráiltear go sainráiteach i gCoinbhinsiún Hong Cong go ndéanfaidh a Pháirtithe bearta níos déine a ghlacadh atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, i dtaca le longa a athchúrsáil ar bhealach atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, d’fhonn éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint, a laghdú nó a íoslaghdú. Agus é sin á chur san áireamh, ba cheart go gcuirfí cosaint ar fáil leis an Rialachán seo ó na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag ábhair ghuaiseacha ar bord gach long atá ag stopadh ag calafort nó ancaireacht de chuid Ballstáit agus comhlíonadh na bhforálacha is infheidhme maidir leis na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta a áirithiú. D’fhonn faireachán a áirithiú ar chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le hábhair ghuaiseacha faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm chun Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur chun feidhme. Faoi láthair, tá sé de chúram ar chigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt cigireacht a dhéanamh ar dheimhniú agus ar thástáil ghníomhach maidir le hábhair ghuaiseacha, lena n-áirítear aispeist, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (“SOLAS”). Le Meabhrán Tuisceana Pháras ar Rialú Stát ar Chalafoirt, cuirtear cur chuige comhchuibhithe ar fáil do na gníomhaíochtaí sin.

(7)

Is é críoch an Rialacháin seo freisin difríochtaí a laghdú idir oibreoirí san Aontas, i dtíortha ECFE agus i dtríú tíortha ábhartha i dtéarmaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair agus i dtéarmaí caighdeán maidir leis an gcomhshaol agus longa atá faoi bhratach Ballstáit a dhíriú chuig saoráidí athchúrsála long ina gcleachtaítear modhanna sábháilte atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun longa a dhíchóimeáil seachas na suímh atá ann faoi láthair agus atá faoi bhun caighdeáin faoi mar atá an cleachtas faoi láthair. Dhéanfaí an t-iomaíochas a mhéadú freisin ar an gcaoi sin i dtaca le hathchúrsáil shlán agus le cóireáil shlán agus neamhdhíobhálach don chomhshaol i saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát. Trí liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (“an Liosta Eorpach”) ina gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhunú, chuideofaí leis na cuspóirí sin a bhaint amach agus chuirfí feabhas ar chúrsaí forfheidhmithe trí rialú ar na longa atá ag dul chun athchúrsála ag an mBallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long a éascú. Ba cheart na ceanglais sin maidir le saoráidí athchúrsála long a bhunú ar cheanglais Choinbhinsiún Hong Cong. I ndáil leis seo, ba cheart go gcomhlíonfaí na ceanglais is gá le saoráidí athchúrsála long a fhormheasfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun a áirithiú go ndéanfar an comhshaol a chosaint, mar aon le sláinte agus sábháilteacht oibreoirí agus bainistiú a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol maidir le dramhaíl a gheofar ó long athchúrsáilte. Le haghaidh saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír, ba cheart go mbainfí amach leibhéal ard cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol leis na ceanglais a bheidh coibhéiseach a bheag nó a mhór leis an leibhéal cosanta san Aontas. Níor cheart saoráidí athchúrsála long nach gcomhlíonfar na híoscheanglais leo a chur sa liosta Eorpach dá bhrí sin.

(8)

Ba cheart prionsabal an chomhionannais i ndlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin, go háirithe agus an Liosta Eorpach i dtaca le saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát agus le saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta, ar saoráidí iad ina gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(9)

Spreagtar na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh lena áirithiú go ngníomhóidh longa nach mbeidh faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar bhealach a bheidh comhleanúnach leis an Rialachán seo, a mhéad is réasúnta agus is praiticiúil.

(10)

Chun dúbláil a sheachaint, tá sé riachtanach longa atá faoi bhratach Ballstáit faoi raon feidhme an Rialacháin seo a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) faoi seach. Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsiú dramhaíola ó AE, faoi réir eisiamh le haghaidh catagóirí áirithe dramhaíola i gcás ina bhfuil socruithe eile i bhfeidhm. Leis an Rialachán sin, cuirtear longa atá faoina raon feidhme faoi réir rialuithe le linn a saolré agus dírítear ann ar athchúrsáil na long sin a áirithiú ar bhealach a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá sé iomchuí dá bhrí sin a shonrú nár cheart do long atá faoi réir socruithe rialaithe eile le linn a saolré faoin Rialachán seo bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. Ba cheart do longa nach bhfuil faoi raon feidhme Choinbhinsiún Hong Cong ná faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus d’aon dramhaíl atá ar bord loinge seachas dramhaíl a ghintear le linn oibriú bheith i gcónaí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Threoir 2008/98/CE agus Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach (7).

(11)

Aithnítear chomh maith go mbeidh longa i gcónaí faoi réir coinbhinsiún idirnáisiúnta eile chun a n-oibriú sábháilte ar muir a áirithiú le linn chuid oibríochtúil a saolré agus, cé go bhféadfaidh siad cearta agus saoirsí áirithe loingseoireachta a fheidhmiú, tá sé de cheanglas ar longa fógra a thabhairt roimh ré go mbeidh siad ag teacht isteach i gcalafoirt. Ba cheart go bhféadfadh Ballstát a roghnú rialuithe breise a chur i bhfeidhm i gcomhréir le conarthaí idirnáisiúnta eile. Ní mheastar dá bhrí sin go bhfuil gá le rialuithe breise idirthurais faoin Rialachán seo.

(12)

Agus ceanglais an Rialacháin seo á léiriú, ba cheart na treoirlínte a d’ullmhaigh IMO (“treoirlínte IMO”) chun tacú le Coinbhinsiún Hong Cong a chur san áireamh.

(13)

Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh an bhrí chéanna ag an téarma “athchúrsáil” agus a thugtar di sa sainmhíniú a shanntar dó i dTreoir 2008/98/CE: ba cheart go dtabharfaí isteach sainmhíniú sonrach ar an téarma “athchúrsáil long” leis an Rialachán seo.

(14)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), déantar an Córas Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. Leis an Rialachán sin, in éineacht le Treoir 67/548/CEE ón gComhairle (9) agus le Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), foráiltear do threoir úsáideach lena chinneadh cad is ábhar guaiseach ann.

(15)

Is ceanglas lárnach é a leagtar síos i gCoinbhinsiún Hong Cong agus sa Rialachán seo fardal a choinneáil maidir le hábhair ghuaiseacha atá ar bord loinge le linn a saolré. I gcomhréir le Rialachán 8(2) de Choinbhinsiún Hong Cong, i gcás loinge a bheidh le hathchúrsáil, ba cheart go n-íoslaghdófaí léi na méideanna dramhaíola a ghinfear le linn oibriú, le linn na tréimhse sula rachaidh an long isteach sa tsaoráid athchúrsála. Má tá an dramhaíl a ghintear le linn oibriú beartaithe le seachadadh leis an long chuig saoráid athchúrsála long, ba cheart liosta de gharmheastachán ar chainníochtaí na dramhaíle sin agus ar an áit a mbeidh siad a liostú i gCuid II den fhardal.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar dhul timpeall na rialacha maidir le hathchúrsáil agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht athchúrsála long. De réir mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún Hong Cong, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a thuairisciú faoi longa ar eisíodh deimhniú fardail dóibh, faoi longa a bhfuarthas dearbhú bailchríche ina leith agus faoi athchúrsáil neamhdhleathach long agus faoi na gníomhartha iardain atá déanta acu.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i leith pionós is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus féachaint chuige go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm ionas nach féidir dul timpeall ar na rialacha maidir le hathchúrsáil long. Na pionóis sin, a d’fhéadfadh a bheith de chineál sibhialta nó de chineál riaracháin, ba cheart iad a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

(18)

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, tá sé de cheanglas ar na cúirteanna sna Ballstáit rialacha nós imeachta a léiriú, a mhéad is féidir, a bhaineann leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh d’fhonn imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a thionscnamh i gcomhréir leis na cuspóirí d’Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus.

(19)

Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus ag féachaint don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé sásra airgeadais a bhunú is infheidhme maidir le gach long atá ag stopadh ag calafort nó ancaireacht de chuid Ballstáit, beag beann ar an mbratach a bhfuil siad faoi, chun acmhainní a chur ar fáil lena n-éascófar longa a athchúrsáil agus a chóireáil ar dhóigh a bheadh neamhdhíobhálach don chomhshaol gan dreasacht a chruthú longa a chlárú i stáit eile.

(20)

Chun forbairtí a bhaineann le Coinbhinsiún Hong Cong a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí agus obair ullmhúcháin á déanamh aige, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(21)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún (11).

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon éifeachtaí díobhálacha atá ag athchúrsáil, oibriú agus cothabháil long atá faoi bhratach Ballstáit ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú nó a dhíchur, a ghnothú go leordhóthanach i ngeall ar nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta agus na hathchúrsála long, ach gur fearr is féidir, i ngeall ar a fhairsinge agus ar a éifeachtaí, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus aidhm

Is éard is aidhm don Rialachán seo, na tionóiscí, na gortuithe agus na héifeachtaí díobhálacha eile atá ag athchúrsáil long ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú, a íoslaghdú agus a oiread is féidir go praiticiúil, a dhíchur. Is éard is aidhm an Rialacháin seo an tsábháilteacht a fheabhsú mar aon le sláinte an duine agus comhshaol muirí an Aontais a chosaint le linn saolré loinge, go háirithe lena áirithiú go mbeidh dramhaíl ghuaiseach ó athchúrsáil long den sórt sin faoi réir bainistiú a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Leis an Rialachán seo, freisin, leagtar síos rialacha chun bainistiú ceart na n-ábhar guaiseach ar longa a áirithiú.

Dírítear sa Rialachán seo freisin ar dhaingniú Choinbhinsiun Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol (“Coinbhinsiún Hong Cong”) a éascú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 12, maidir le longa a bheidh faoi bhratach Ballstáit.

Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir le longa a bheidh faoi bhratach tríú tíre agus a stopfaidh ag calafort nó ancaireacht Ballstáit.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa seo a leanas:

(a)

longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh ná longa eile ar le stát iad nó a oibríonn stát agus a bheidh á n-úsáid, i láthair na huaire sin, chun seirbhísí neamhthráchtála rialtais a chur ar fáil, agus chuige sin amháin;

(b)

longa a bhfuil níos lú ná 500 olltonnáiste (GT) iontu;

(c)

longa nach n-oibreoidh le linn a saolré ach in uiscí a bheidh faoi réir cheannasacht nó dhlínse an Bhallstáit a mbeidh an long faoina bhratach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “long” gach cineál soithí a oibríonn nó a d’oibrigh sa mhuirthimpeallacht, lena n-áirítear soithí intumtha, soithí snámha, árdáin snámha, árdáin fhéinardaithe, Aonaid Snámha Stórála (FSUanna) agus Aonaid Snámha Táirgthe, Stórála agus Díluchtaithe (FPSOanna) chomh maith le soitheach ar baineadh a cuid trealaimh díobh nó aon soitheach atá ar tarraingt;

(2)

ciallaíonn “long nua”:

(a)

long a gcuirfear conradh tógála ar bun ina leith an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin; nó

(b)

i gcás nach bhfuil aon chonradh tógála ina leith ann, long a bhfuil a cíle leagtha nó atá i riocht comhchosúil déanmhais, sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin; nó

(c)

déantar an seachadadh tríocha mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin;

(3)

ciallaíonn “tancaer” tancaer ola mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinisiún Marpol”) é nó tancaer a bhfuil substaintí leachtacha urchóideacha ar bord mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin iad;

(4)

ciallaíonn “ábhar guaiseach” aon ábhar nó substaint is baolach a bheith ina chúis guaise do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol;

(5)

ciallaíonn “dramhaíl a ghintear le linn oibriú” fuíolluisce agus fuíll a ghintear ó ghnáthoibríocht long faoi réir cheanglais Choinbhinsiún Marpol;

(6)

ciallaíonn “athchúrsáil long” an ghníomhaíocht arb éard í lán-díchóimeáil nó páirt-díchóimeáil long i saoráid athchúrsála long d’fhonn comhpháirteanna agus ábhar a ghnóthú lena n-athphróiseáil lena n-ullmhú don athúsáid nó lena n-athúsáid, agus bainistiú ábhar guaiseach agus ábhar eile a áirithiú, agus áirítear leis sin oibríochtaí gaolmhara amhail stóráil agus cóireáil comhpháirteanna agus ábhar ar an láthair, ach ní áirítear a bpróiseáil ná a ndiúscairt ina dhiaidh sin i saoráidí ar leith;

(7)

ciallaíonn “saoráid athchúrsála long” limistéar sainithe ar clós nó saoráid é agus atá lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus a úsáidtear chun longa a athchúrsáil;

(8)

ciallaíonn “comhlacht athchúrsála long” úinéir na saoráide athchúrsála long nó aon eagraíocht eile nó aon duine eile a ghlac chuige freagracht na gníomhaíochta athchúrsála long ó úinéir na saoráide athchúrsála long;

(9)

ciallaíonn “roinn riaracháin” údarás rialtasach a rinne Ballstát a ainmniú mar údarás atá freagrach as cúraimí a bhaineann le longa atá faoina bhratach nó le longa a oibríonn faoina údarás;

(10)

ciallaíonn “eagraíocht aitheanta” eagraíocht a aithnítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(11)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach nó údaráis rialtasacha arna ainmniú ag Ballstát nó ag tríú tír le bheith freagrach, laistigh de limistéar geografach nó laistigh de réimse saineolais, as saoráidí athchúrsála longa, a bhaineann le gach oibríocht faoi dhlínse an stáit sin;

(12)

ciallaíonn “olltonnáiste” an t-olltonnáiste a ríomhtar i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, 1969, nó i gcomhréir leis na rialacha a bheidh in aon choinbhinsiún a ghlacfaidh a ionad;

(13)

ciallaíonn “duine inniúil” duine a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha, oiliúint oiriúnach agus eolas, taithí agus scil leordhóthanach aige chun an obair i gceist a dhéanamh;

(14)

ciallaíonn “úinéir loinge” an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá cláraithe mar úinéir na loinge, lena n-áirítear an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach ar leis an long ar feadh tréimhse teoranta fad is atá a díol le saoráid athchúrsála long nó a aistriú chuig saoráid athchúrsála long ar feitheamh, nó de cheal clárú, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach ar leis an long nó aon eagraíocht eile nó aon duine eile, amhail an bainisteoir nó cairtfhostóir lánchostais, a ghlac chuige an fhreagracht an long a oibriú ó úinéir na loinge, mar aon leis an duine dlítheanach a oibríonn long atá faoi úinéireacht stáit;

(15)

ciallaíonn “suiteáil nua” suiteáil córas, trealaimh, inslithe nó ábhair eile ar long tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm;

(16)

ciallaíonn “plean athchúrsála long” plean arna fhorbairt ag oibreoir na saoráide athchúrsála loinge do gach long shonrach atá le hathchúrsáil faoina fhreagracht agus treoirlínte ábhartha agus rúin ábhartha IMO á gcur san áireamh;

(17)

ciallaíonn “plean saoráide athchúrsála long” plean arna ullmhú ag oibreoir na saoráide athchúrsála long agus a ghlacfaidh an Bord nó an comhlacht iomchuí rialaithe don chuideachta athchúrsála long ina gcuirtear síos ar na próisis oibríochtúla agus na nósanna imeachta oibríochtúla a bhaineann le hathchúrsáil long ag an tsaoráid athchúrsála long agus lena gclúdófar go háirithe sábháilteacht agus oiliúint d’oibreoirí, sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ról agus freagracht an phearsanra, ullmhacht i gcás práinne agus freagairt agus córais fhaireacháin, tuairisciú agus taifead a choimeád agus treoirlínte agus rúin ábhartha IMO á gcur san áireamh;

(18)

ciallaíonn “sábháilte chun dul isteach” spás lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

(a)

tá an cion ocsaigine san atmaisféar agus tiús na ngal inlasta laistigh de theorainneacha sábháilte;

(b)

tá aon ábhar tocsaineach san atmaisféar laistigh de thiúis incheadaithe;

(c)

ní bheidh mar thoradh ar aon iarmhar ná ar aon ábhar a bhaineann leis an obair a údaraíonn an duine inniúil, má choimeádtar mar atá siad, scaoileadh neamhrialaithe d’ábhair thocsaineacha ná tiús neamhshábháilte de ghala inlasta, faoi na dálaí atmaisféaracha má a choimeádtar amhlaidh iad de réir na dtreoracha;

(19)

ciallaíonn “sábháilte chun obair the a dhéanamh” spás lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

(a)

tá dálaí atmaisféaracha sábháilte neamhphléascach ann, gan aon ghás ann go háirithe, chun trealamh stuatháthaithe leictrigh nó trealamh gástáthaithe, trealamh gearrtha nó dóite nó cineálacha eile lasracha gan chosaint a úsáid agus oibríochtaí téimh, meilte nó spréachghiniúna a dhéanamh;

(b)

tá na critéir “sábháilte chun dul isteach” a leagtar amach i bpointe 18 comhlíonta;

(c)

ní thiocfaidh athrú ar na dálaí atmaisféaracha mar thoradh ar an obair the;

(d)

rinneadh glanadh ar gach áit chóngarach, rinneadh támh iad nó rinneadh cóireáil leordhóthanach orthu sa tslí is go gcuirfear cosc ar bhriseadh amach nó leathnú dóiteán;

(20)

ciallaíonn “dearbhú bailchríche” dearbhú deimhniúcháin a eisíonn oibreoir na saoráide athchúrsála long gur cuireadh bailchríoch ar an athchúrsáil long i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(21)

ciallaíonn “deimhniú fardail” deimhniú is sonrach do long arna eisiúint do longa i gcomhréir le hAirteagal 9, agus atá á fhorlíonadh ag fardal ábhar guaiseach i gcomhréir le hAirteagal 5;

(22)

ciallaíonn “deimhniú ullmhachta chun athchúrsála” deimhniú is sonrach do long arna eisiúint do longa atá faoi bhratach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(9) agus a mbeidh fardal ábhar guaiseach ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 5(7) agus an plean athchúrsála long a fhormheasfar i gcomhréir le hAirteagal 7;

(23)

ciallaíonn “ráiteas maidir le comhlíonadh” deimhniú is sonrach do long, ar ráiteas é a eisítear do longa atá faoi bhratach tríú tíre, agus a bhfuil fardal ábhar guaiseach ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 12;

(24)

ciallaíonn “tonnaí toillíochta éadroime (LDT)” meáchan loinge i dtonnaí gan lastas, gan bhreosla, gan ola bhealaithe in umair stórála, gan uisce ballasta, gan fhionnuisce, gan uisce fotha, gan tomhaltáin, gan phaisinéirí, gan chriú ná a mhaoin phearsanta agus is éard atá i gceist leis suim mheáchan chabhlach, struchtúr, innealra, threalamh agus fheisteas na loinge.

2.   Chun críocha Airteagal 7(2)(d) agus Airteagal 13, Airteagal 15 agus Airteagal 16 beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas maidir leo:

(a)

tá le “dramhaíl”, “dramhaíl ghuaiseach”, “cóireáil”, agus “bainistiú dramhaíola” an bhrí chéanna agus atá leo in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(b)

ciallaíonn “cigireacht láithreáin” cigireacht ar an tsaoráid athchúrsála long lena ndéantar meastóireacht an bhfuil na dálaí arb ann dóibh ar an láithreán comhseasmhach leis na dálaí a bhfuil tuairisc orthu sna doiciméid a fíoraíodh;

(c)

ciallaíonn “oibrí” aon duine a dhéanann obair, is cuma cé acu obair rialta nó shealadach í, i gcomhthéacs caidrimh fostaíochta, lena n-áirítear baill foirne a oibríonn do chonraitheoirí agus d’fhochonraitheoirí;

(d)

ciallaíonn “bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol” gach céim phraiticiúil a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl agus ábhair ghuaiseacha a bhainistiú ar bhealach ina ndéanfar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar na hábhair agus an dramhaíl sin.

3.   Chun críocha phointe 13 de mhír 1, is éard a fhéadfaidh a bheith i nduine inniúil oibrí oilte, nó fostaí bainistíochta atá in ann priacail cheirde, rioscaí agus an baol go nochtfaí fostaithe d’ábhair nó do dhálaí i saoráid athchúrsála long a d’fhéadfadh a bheith guaiseach a aithint agus a mheasúnú, agus atá in ann a shonrú cad iad an chosaint agus na réamhchúraimí is gá chun na guaiseanna, na rioscaí nó an nochtadh sin a dhíchur nó a laghdú.

Gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), féadfaidh an t-údarás inniúil na critéir iomchuí a shainiú chun na daoine sin a ainmniú agus féadfaidh sé na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh a chinneadh.

TEIDEAL II

LONGA

Airteagal 4

Ábhair ghuaiseacha a rialú

Cuirfear cosc nó teorainn ar ábhair ghuaiseacha a shuiteáil nó a úsáid ar longa ar ábhair iad dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, gan dochar do cheanglais dhlí ábhartha eile an Aontais lena bhféadfaí bearta breise a éileamh.

Airteagal 5

Fardal na n- ábhar guaiseach

1.   Beidh fardal ábhar guaiseach ar bord gach loinge nua, ina sainaithneofar, ar a laghad, na hábhair ghuaiseacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus a bheidh i struchtúr nó i dtrealamh na loinge, an áit ina mbeidh siad, agus garmheastachán ar a gcainníochtaí.

2.   Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2), déanfaidh longa atá ann faoi láthair mír 1 a chomhlíonadh a mhéid is féidir.

I gcás long a bheidh ag imeacht lena n-athchúrsáil, comhlíonfaidh siad mír 1 den Airteagal seo a mhéid is féidir ón dáta a bhfoilseofar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (“an Liosta Eorpach”) mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) é.

Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2), nuair a fhorbrófar fardal na n-ábhar guaiseach, déanfar na hábhair ghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar a laghad, a shainaithint.

3.   Maidir le fardal na n-ábhar guaiseach:

(a)

bainfidh sé le long faoi leith;

(b)

beidh sé ina fhianaise go bhfuil an long ag urramú an toirmisc nó na srianta ar shuiteáil nó ar úsáid ábhar guaiseach i gcomhréir le hAirteagal 4;

(c)

beidh treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh nuair a bheidh sé á chur le chéile;

(d)

fíoróidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údarófar í.

4.   Fairis mír 3, ullmhófar plean i leith long atá ann cheana ina mbeidh cur síos ar an tseiceáil amhairc nó ar an tseiceáil de réir samplála lena ndéanfar fardal na n-ábhar guaiseach a fhorbairt agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh.

5.   Beidh trí chuid i bhfardal na n-ábhar guaiseach:

(a)

liosta ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, agus a bheidh i struchtúr nó i dtrealamh na loinge, an áit a mbeidh siad, agus garmheastachán ar a gcainníochtaí (Cuid I);

(b)

liosta den dramhaíl a ghinfear le linn oibrithe a bheidh ar bord na loinge (Cuid II);

(c)

liosta de na stórais a bheidh ar bord na loinge (Cuid III);

6.   Déanfar Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta mar is ceart i gcaitheamh shaolré oibríochtúil na loinge, agus cuirfear san áireamh inti aon suiteálacha nua ina mbeidh ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus aon athruithe ábhartha ar struchtúr agus ar threalamh na loinge.

7.   Roimh an athchúrsáil agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh, déanfar Cuid II, a mhéad a bhaineann le dramhaíl a ghintear le linn oibriú na loinge agus Cuid III do stórais, a ionchorprú i bhfardal na n-ábhar guaiseach, mar aon le Cuid I a dhéanfar a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta mar is ceart, agus déanfaidh an t-údarás riarachán nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sé é a fhíorú.

8.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun an liosta ítimí ar fhardal na n-ábhar guaiseach atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go mbeidh ar a laghad na substaintí a liostaítear in Aguisín 1 agus in Aguisín 2 den Choinbhinsiún Hong Cong san áireamh ar an liosta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe eile maidir le gach substaint a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II nó le scrios uathu.

Airteagal 6

Ceanglais ghinearálta d’úinéirí long

1.   Agus long á hullmhú lena cur le haghaidh athchúrsála, déanfaidh úinéirí long an méid a leanas:

(a)

an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chur ar fáil d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, ar faisnéis í a mbeidh gá léi chun an plean athchúrsála long a leagtar amach le hAirteagal 7 a fhorbairt;

(b)

fógra i scríbhinn a thabhairt don roinn riaracháin is ábhartha, laistigh de scála ama a bheidh le cinneadh ag an roinn riaracháin sin, faoin rún an long a athchúrsáil i saoráid shonrach athchúrsála long nó i saoráidí sonracha athchúrsála long. Beidh an méid a leanas ar a laghad san áireamh san fhógra:

(i)

fardal na n-ábhar guaiseach; agus

(ii)

an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chuirfear ar fáil faoi phointe (a).

2.   Áiritheoidh úinéirí long go mbeidh an méid atá thíos fíor faoi na longa a bheidh le hathchúrsáil:

(a)

nach ndéanfar iad a athchúrsáil ach i saoráidí athchúrsála atá ar an Liosta Eorpach amháin;

(b)

le linn na tréimhse sula rachaidh an long isteach sa tsaoráid athchúrsála long, go n-oibreofar iad sa tslí go laghdófar a oiread is féidir a mbeidh fágta ar bord d’iarmhar lasta, d’ola breosla agus de dhramhaíl a gineadh le linn oibriú na loinge;

(c)

go mbeidh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála acu a eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí sula ndéanfar aon athchúrsáil ar an long, agus tar éis an plean athchúrsála long arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(3) a fháil.

3.   Ina theannta sin, áiritheoidh úinéirí long go mbeidh na humair lasta agus na seomraí caidéil i riocht gur féidir bheith ullamh a dheimhniú go bhfuil sé sábháilte dul isteach iontu agus sábháilte obair the a dhéanamh iontu nuair a bhaineann siad an tsaoráid athchúrsála long amach.

4.   Cuirfidh úinéirí long cóip den deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar fáil d’oibreoir na saoráide athchúrsála long a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 9.

5.   Beidh úinéirí long freagrach as an long agus déanfaidh siad socruithe an long a chothabháil i gcomhréir le ceanglais roinne riaracháin an bhratstáit go dtí an t-am a ghlacfaidh oibreoir na saoráide athchúrsála long an fhreagracht don long sin. Féadfaidh oibreoir na saoráide athchúrsála long diúltú an long a ghlacadh le haghaidh athchúrsála mura mbeidh an riocht ina bhfuil an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe, lena n-áirítear gan Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach a bheith á coinneáil agus á tabhairt cothrom le dáta mar is ceart chun athruithe ar struchtúr agus trealamh na loinge a léiriú. Sna himthosca sin, beidh úinéir na loinge freagrach as an long sin agus cuirfidh sé sin in iúl don roinn riaracháin gan mhoill.

Airteagal 7

Plean athchúrsála long

1.   Sula ndéanfar aon athchúrsáil ar long, ullmhófar plean athchúrsála long a bhainfidh le long faoi leith. Tabharfaidh an plean athchúrsála long aghaidh ar aon dálaí a bhainfidh leis an long faoi leith nach gclúdófar faoi phlean na saoráide athchúrsála long, nó a mbeidh nósanna imeachta speisialta ag teastáil dóibh.

2.   Maidir leis an bplean athchúrsála long:

(a)

is é oibreoir na saoráide athchúrsála long féin a fhorbróidh an plean i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong, agus treoirlínte ábhartha IMO agus an fhaisnéis is abhartha don long a sholáthraíonn úinéir na loinge i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) á gcur san áireamh, chun go mbeidh a bhfuil ann comhleanúnach leis an bhfaisnéis san fhardal ábhar guaiseach;

(b)

tabharfar soiléiriú ann an ndéanfar, agus a mhéad a dhéanfar, aon obair réamhullmhúcháin — amhail réamhchóireáil, guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus stórais a bhaint — ag ionad nach í an tsaoráid athchúrsála long í a luafar sa phlean athchúrsála long. Ba cheart go gcuimseofaí sa phlean athchúrsála long an t-ionad ina mbeidh an long féin á stáitsiú le linn oibríochtaí athchúrsála mar aon le plean achomair maidir le rochtain agus stáitsiú sábháilte na loinge faoi leith a bheidh le hathchúrsáil;

(c)

ba cheart go gcuimseofaí ann faisnéis maidir le bunú, agus coinneáil ar bun na gcoinníollacha “sábháilte chun dul isteach” agus “sábháilte chun obair theasa a dhéanamh” i leith na loinge faoi leith agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu, agus sainghnéithe amhail a struchtúr, a cumraíocht agus a lasta roimhe seo á gcur san áireamh, agus aon fhaisnéis riachtanach eile maidir le modh cur chun feidhme an phlean athchúrsála long;

(d)

beidh faisnéis ann maidir le cineál agus méid na n-ábhar guaiseach agus na dramhaíola a ghinfidh long-athchúrsáil na loinge faoi leith, lena n-áirítear na hábhair sin agus an dramhaíl a shainaithneofar san fhardal ábhar guaiseach, agus maidir leis an gcaoi a gcóireálfar agus a stórálfar iad sa tsaoráid athchúrsála long agus i saoráidí eile ina dhiaidh sin; agus

(e)

ullmhófar plean ar leith do gach saoráid athchúrsála long lena mbaineann, i bprionsabal, i gcás ina n-úsáidfear níos mó ná saoráid athchúrsála long amháin, agus sainaithneofar ord na húsáide ann chomh maith leis na gníomhaíochtaí a údaraíodh agus a dhéanfar sna saoráidí sin.

3.   Formheasfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long go hintuigthe nó go sainráite i gcomhréir le ceanglais an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long, i gcás inarb infheidhme.

Beidh formheas sainráite ann nuair a sheolfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoina chinneadh maidir leis an bplean athchúrsála long chuig oibreoir na saoráide athchúrsála long, chuig úinéir na loinge agus chuig an roinn riaracháin.

Féadfar glacadh leis go bhfuil formheas intuigthe ann mura dtabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoi aon agóid in aghaidh an phlean athchúrsála long d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, d’úinéir na loinge ná don roinn riaracháin laistigh de thréimhse athbhreithnithe a leagfar síos i gcomhréir le ceanglais an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long, i gcás inarb fheidhme, agus a dtabharfar an fógra faoi i gcomhréir le hAirteagal 15(2)(b).

4.   Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar a gcuid rann riaracháin an fhaisnéis a chuirfidh úinéir na loinge ar fáil de bhun Airteagal 6(1)(b) agus na sonraí seo a leanas a sheoladh chuig údarás inniúil an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe:

(i)

an dáta ar cláraíodh an long sa stát a bhfuil a bhratach ar foluain aici;

(ii)

uimhir aitheantais na loinge (uimhir IMO);

(iii)

an uimhir cabhlach i gcás ina ndéanfar long nua a sheachadadh;

(iv)

ainm agus cineál na loinge;

(v)

an calafort lena bhfuil an long cláraithe;

(vi)

ainm agus seoladh an úinéara long agus uimhir aitheantais IMO an úinéara chláraithe;

(vii)

ainm agus seoladh na cuideachta;

(viii)

ainm aon chomhlacht aicmiúcháin a bhfuil an long cláraithe leo;

(ix)

príomhthréithe na loinge (Fad iomlán (LOA), Leithead (Múnlaithe), Doimhneacht (Múnlaithe), Tonnaí Toillíochta Éadroime (LDT), Olltonnáiste agus Glantonnáiste, agus cineál agus rátáil an innill).

Airteagal 8

Suirbhéanna

1.   Is oifigigh de chuid na roinne riaracháin nó de chuid eagraíochta aitheanta a údaróidh sí a dhéanfaidh suirbhéanna ar longa agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh acu.

2.   I gcás ina mbainfidh roinn riaracháin leas as eagraíochtaí aitheanta chun suirbhéanna a dhéanamh, mar a léirítear i mír 1 é, tabharfaidh sí an chumhacht d’eagraíochtaí aitheanta den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

a éileamh go gcomhlíonfaidh long a ndéanfaidh siad suirbhé uirthi an Rialachán seo, agus

suirbhéanna a dhéanamh arna iarraidh sin d’údaráis chuí de chuid Ballstáit.

3.   Beidh longa faoi réir na suirbhéanna seo a leanas:

(a)

suirbhé tosaigh;

(b)

suirbhé athnuachana;

(c)

suirbhé breise;

(d)

suirbhé deiridh.

4.   Déanfar an suirbhé tosaigh ar long nua sula gcuirfear an long i seirbhís, nó sula n-eiseofar an deimhniú fardail. Maidir le longa atá ann cheana, déanfar suirbhé tosaigh laistigh faoin 31 Nollaig 2020. Fíorófar leis an suirbhé go bhfuil Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

5.   Déanfar an suirbhé athnuachana ag tréimhsí a shonróidh an roinn riaracháin, tréimhsí nach mbeidh níos faide ná cúig bliana. Fíorófar leis an suirbhé go bhfuil Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

6.   Déanfar an suirbhé breise, cibé acu suirbhé ginearálta nó páirteach a bheidh ann, ag brath ar na himthosca, arna iarraidh sin d’úinéir na loinge, tar éis struchtúr, trealamh, córais, feistis, cóirithe agus ábhar na loinge a athrú, a athsholáthar nó mórdheisiú a dhéanamh orthu, a mbeidh tionchar acu ar an bhfardal ábhar guaiseach. Déanfar an suirbhé ar bhealach lena n-áirithítear go ndearnadh aon athrú, aon athsholáthar nó aon mhórdheisiú go gcomhlíonfaidh an long ceanglais an Rialacháin seo fós féin, agus go leasófar Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach de réir mar is gá.

7.   Déanfar an suirbhé deiridh sula dtógfar an long as seirbhís agus sula gcuirfear tús le hathchúrsáil na loinge.

Fíorófar an méid seo a leanas leis an suirbhé sin:

(a)

go gcomhlíonann fardal na n-ábhar guaiseach ceanglais Airteagal 5;

(b)

gur léiriú ceart é an plean athchúrsála long ar an bhfaisnéis atá i bhfardal na n-ábhar guaiseach agus go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 7;

(c)

go n-áirítear sa Liosta Eorpach an tsaoráid athchúrsála long ina bhfuil an long le hathchúrsáil.

8.   I gcás long atá ann cheana agus a bhfuil a long-athchúrsáil beartaithe, féadfaidh sé go ndéanfar an suirbhé tosaigh agus an suirbhé deiridh ag an am céanna.

Airteagal 9

Deimhnithe a eisiúint agus a fhormhuiniú

1.   Tar éis suirbhé tosaigh nó suirbhé athnuachana a chur i gcrích go rathúil, eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú fardail. Forlíonfar an deimhniú sin le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach dá dtagraítear in Airteagal 5(5)(a).

I gcás ina ndéanfar an suirbhé tosaigh agus an suirbhé deiridh ag an am céanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(8), ní eiseofar ach an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun formáid an deimhnithe fardail a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú fardail a fhormhuiniú arna iarraidh sin d’úinéir na loinge tar éis suirbhé breise a bheith curtha i gcrích go rathúil agus é a bheith déanta i gcomhréir le hAirteagal 8(6).

3.   Faoi réir mhír 4, déanfaidh roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí, de réir mar is iomchuí, deimhniú fardail a eisiúint nó a fhormhuiniú, de réir mar is iomchuí, i gcás ina gcuirtear an suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil:

(a)

laistigh den tréimhse trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;

(b)

tar éis dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;

(c)

níos mó ná trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ón dáta ar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích.

4.   I gcás ina gcuirtear suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil agus nach bhféadfar deimhniú fardail nua a eisiúint nó a chur ar bord roimh dháta dhul in éag don deimhniú atá ann cheana, féadfaidh an roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí an deimhniú atá ann cheana a fhormhuiniú agus glacfar leis an deimnhiú sin mar dheimhniú bailí le haghaidh tréimhse breise nach faide ná cúig mí ón dáta éaga.

5.   I gcás ina n-eiseofar deimhniú fardail le haghaidh tréimhse is lú ná cúig bliana, féadfaidh an roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí bailíocht an deimhnithe atá ann cheana a shíneadh ar feadh tréimhse breise nach faide ná cuig bliana.

6.   In imthosca speisialta a chinnfidh an roinn riaracháin, ní gá go ndátófar deimhniú fardail nua ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana féin, mar a éilítear le pointe (a) agus le pointe (b) de mhír 3 agus le mír 7 agus le mír 8. Sna himthosca speisialta sin, beidh an deimhniú nua bailí ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta inar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích.

7.   I gcás nach mbeidh long ag an gcalafort nó ar ancaireacht san áit ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi tráth a rachaidh an deimhniú fardail in éag, féadfaidh an roinn riaracháin, más cuí é sin a dhéanamh, tréimhse bailíochta an deimhnithe a shíneadh le haghaidh tréimhse nach faide ná trí mhí chun go bhféadfaidh an long a turas farraige a chur di chomh fada leis an gcalafort ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi. Beidh sé ina choinníoll maidir le haon síneadh a dheonófar go mbeidh an suirbhé críochnaithe ag an gcalafort sin sula gcuirfidh an long chun bealaigh. Long ar deonaíodh síneadh ina leith, ar stríocadh an chalafoirt di ina ndéanfar suirbhéireacht uirthi, ní bheidh sí i dteideal an calafort a fhágáil de bhua síneadh den sórt sin gan deimhniú nua a fháil. Nuair a bheidh an suirbhé athnuachana críochnaithe, beidh an deimhniú fardail nua bailí ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ó dháta dul in éag an deimhnithe a bhí ann cheana sular deonaíodh an síneadh.

8.   Féadfaidh an roinn riaracháin síneadh a chur le deimhniú fardail i gcomhair long a dhéanfaidh gearrthurasanna farraige agus nár cuireadh síneadh leis cheana de réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 7, mar atá, oiread le mí amháin de thréimhse chairde a thabhairt ó dháta a éaga. Nuair a bheidh an suirbhé athnuachana críochnaithe, beidh an deimhniú fardail nua bailí go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe a bhí ann cheana, sular deonaíodh an síneadh.

9.   Eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú ullmhachta chun athchúrsála tar éis suirbhé deiridh a bheith curtha i gcrích go rathúil i gcomhréir le hAirteagal 8(7). Beidh fardal na n-ábhar guaiseach agus an plean athchúrsála long ina bhforlíonadh ar an deimhniú fardail sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe le go mbunófar formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 4 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo. Glacfaidh na Ballstáit eile le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eisítear tar éis suirbhé deiridh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go mbeidh sé ar aon bhailíocht le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eiseoidh siad féin.

Airteagal 10

Fad agus bailíocht na ndeimhnithe

1.   Faoi réir Airteagal 9, eiseofar deimhniú fardail a bheidh bailí le haghaidh tréimhse a shonróidh an roinn riaracháin agus nach mbeidh níos faide ná cúig bliana.

2.   Scoirfidh deimhniú fardail a eiseofar nó a fhormhuineofar faoi Airteagal 9 den Rialachán seo de bheith bailí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

mura mbeidh an riocht ina bhfuil an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe fardail, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach á choimeád mar is ceart ná á thabhairt cothrom le dáta mar is ceart, sa tslí go léireofar ann cibé athruithe a rinneadh ar struchtúr agus ar threalamh na loinge, agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;

(b)

i gcás nach gcríochnófar an suirbhé athnuachana laistigh de na heatraimh a shonraítear in Airteagal 8(5).

3.   Eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a bheidh bailí le haghaidh tréimhse nach faide ná trí mhí.

4.   Deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar bith a eiseofar faoi Airteagal 9(9), scoirfidh sé de bheith bailí i gcás nach mbeidh an riocht ina mbeidh an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe fardail.

5.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí síneadh a chur leis an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ionas go bhféadfar aon turas amháin ó bhall go ball chuig an tsaoráid athchúrsála long a dhéanamh.

Airteagal 11

Rialú Stát an chalafoirt

1.   Cuirfidh Ballstáit forálacha rialála i bhfeidhm maidir le longa i gcomhréir lena ndlí náisiúnta ag féachaint do Threoir 2009/16/CE. Faoi réir mhír 2, ní bheidh d’fheidhm ag scrúdúchán den sórt sin ach a sheiceáil go mbeidh deimhniú fardail nó deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar bord ar deimhniú é a cheapfar, i gcás ina mbeidh sé bailí, bheith leordhóthanach chun an scrúdúchán a fhormheas.

2.   Féadfaidh an t-údarás iomchuí a mbaineann gníomhaíochtaí rialaithe Stát an chalafoirt leis mionchigireacht a dhéanamh, agus treoirlínte IMO lena mbaineann á gcur san áireamh aige, i gcás nach mbeidh deimhniú bailí ar bord nó go mbeidh cúiseanna soiléire ann le ceann den dá ní seo a leanas a chreidiúint:

(a)

nach bhfuil riocht nó trealamh na loinge ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe, le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach, nó an dá rud; nó

(b)

nach gcuirtear aon nós imeachta chun feidhme ar bord na loinge le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach a choimeád ar bun.

3.   Féadfar rabhadh a thabhairt i leith loinge, í a choinneáil, í a chur chun bealaigh nó í a eisiamh ó na calafoirt nó ó chríochfoirt amach ón gcósta a bheidh faoi dhlínse Ballstáit, i gcás nach gcuirfear faoi bhráid údarás ábhartha an Bhallstáit sin cóip den deimhniú fardail nó cóip den deimhniú ullmhachta chun athchúrsála, de réir mar is iomchuí, agus arna iarraidh sin do na húdaráis sin, gan dochar d’Airteagal 9. Aon Bhallstát a dhéanfaidh gníomh den sórt sin, cuirfidh sé roinn riaracháin na loinge lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn. I gcás nach mbeidh fardal na n-ábhar guaiseach tugtha cothrom le dáta, ní uireasa inchoinneála, ach tuairisceofar aon neamhréireachtaí i bhfardal na n-ábhar guaiseach don roinn riaracháin lena mbaineann agus ceartófar iad tráth a ndéanfar an chéad suirbhé eile.

4.   Féadfaidh údarás ábhartha Ballstáit rochtain ar chalafort ar leith nó ar ancaireacht ar leith a cheadú i gcás force majeure nó cúinsí sáraitheacha sábháilteachta, nó chun an baol truaillithe a mhaolú nó a íoslaghdú nó chun uireasaí a cheartú, ar an gcoinníoll go mbeidh bearta leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an úinéir, ag an oibreoir nó ag an máistir loinge chun sástachta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin d’fhonn dul isteach sábháilte a áirithiú.

Airteagal 12

Ceanglais le haghaidh long a bheidh faoi bhratach tríú tír

1.   Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2) maidir le long a bheidh ar cuairt chuig calafort nó chuig ancaireacht de chuid Bhallstáit, beidh ar bord na loinge a bheidh faoi bhratach tríú tír fardal ábhar guaiseach a chomhlíonfaidh forálacha Airteagal 5(2).

In ainneoin na chéad fhomhíre, is féidir go gceadóidh údarás ábhartha Ballstáit rochtain ar chalafort nó ar ancaireacht ar leith i gcás force majeure nó cúinsí sáraitheacha sábháilteachta, nó chun an baol truaillithe a mhaolú nó a íoslaghdú nó chun uireasaí a cheartú, ar an gcoinníoll go mbeidh bearta leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an úinéir, ag an oibreoir nó ag an máistir loinge chun sástachta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin d’fhonn dul isteach sábháilte a áirithiú.

2.   Toirmiscfear ábhair ghuaiseacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó cuirfear srian lena suiteáil ar longa a bheidh faoi bhratach tríú tír, agus iad i gcalafort nó ar ancaireacht de chuid Bhallstáit, de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I.

Déanfar úsáid na n-ábhar guaiseach, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar longa a bheidh faoi bhratach tríú tír, a thoirmisc nó a shrianadh, agus iad i gcalafort nó ar ancaireacht de chuid Bhallstáit, de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, gan dochar do na díolúintí ná do na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta.

3.   Beidh fardal na n-ábhar guaiseach sonrach do gach long ar leith, tiomsófar é agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh agus soiléireofar ann go bhfuil an long ag cloí le mír 2 den Airteagal seo. Nuair a fhorbrófar fardal na n-ábhar guaiseach, déanfar na hábhair ghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar a laghad, a shainaithint. Bunóidh an long a bheidh faoi bhratach tríú tír plean ina ndéanfar cur síos ar an tseiceáil amhairc/ar an tseiceáil de réir samplála, ar dá réir a forbraíodh fardal na n-ábhar guaiseach agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh.

4.   Coimeádfar fardal na n-ábhar guaiseach mar is ceart agus tabharfar cothrom le dáta é mar is ceart i gcaitheamh shaolré oibríochtúil na loinge, agus áiritheofar ann aon suiteálacha nua ina mbeidh ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus aon athruithe ábhartha ar struchtúr agus ar threalamh na loinge, agus na díolúintí agus na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

5.   Féadfar rabhadh a thabhairt i leith loinge a bheidh faoi bhratach tríú tír, í a choinneáil, í a chur chun bealaigh nó í a eisiamh ó na calafoirt nó ó chríochfoirt amach ón gcósta a bheidh faoi dhlínse Ballstáit, sa chás nach gcuirfear faoi bhráid údarás ábhartha an Bhallstáit sin cóip den ráiteas lena ndeimhneofar go bhfuil na forálacha dá dtagraítear i mír 6 agus i mír 7 á gcomhlíonadh aici mar aon le fardal na n-ábhar guaiseach, mar is iomchuí agus arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha. Aon Bhallstát a dhéanfaidh an gníomh sin, cuirfidh sé údaráis ábhartha an tríú tír a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn. I gcás ina mainneofar fardal na n-ábhar guaiseach a thabhairt cothrom le dáta, ní uireasa inchoinneála, ach tuairisceofar aon neamhréireachtaí i bhfardal na n-ábhar guaiseach d’údarais ábhartha an tríú tír a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long sin.

6.   Eiseofar an ráiteas maidir le comhlíonadh, tar éis d’údaráis ábhartha an tríú tír a mbeidh a bhratach ar foluain ag an long, nó d’aon eagraíocht a údaróidh siad, fardal na n-ábhar guaiseach a fhíorú i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta. Féadfar an ráiteas maidir le comhlíonadh a bhunú ar bhonn Aguisín 3 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong.

7.   Tarraingeofar suas an ráiteas maidir le comhlíonadh agus fardal na n-ábhar guaiseach i dteanga oifigiúil údarais ábhartha eisiúna an tríú tír a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long agus, i gcás nach Béarla, Fraincis nó Spáinnis í an teanga atá in úsáid, áireofar aistriúchán go ceann amháin de na teangacha sin sa téacs.

8.   Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2) áiritheoidh longa a bheidh faoi bhratach tríú tír agus iarratas istigh acu lena gclárú faoi bhratach de chuid Ballstáit go mbeidh ar bord acu fardal ábhar guaiseach, dá bhforáiltear in Airteagal 5(2), nó go mbunófar ceann laistigh de shé mhí tar éis dóibh clárú faoi bhratach an Bhallstáit sin nó le linn an chéad suirbhé eile faoi Airteagal 8(3), cibé ceann acu is luaithe.

TEIDEAL III

SAORÁIDÍ ATHCHÚRSÁLA LONG

Airteagal 13

Ceanglais riachtanacha maidir le saoráidí athchúrsála long atá le háireamh ar Liosta Eorpach

1.   Chun go n-áireofar í sa Liosta Eorpach, comhlíonfaidh saoráid athchúrsála long na ceanglais seo a leanas, i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong agus treoirlínte ábhartha IMO, EIS, Choinbhinsiún Basel agus Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha agus treoirlínte idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh:

(a)

tá údarás aici óna húdaráis inniúla a cuid oibríochtaí athchúrsála long a dhéanamh;

(b)

tá a dearadh, a tógáil agus a hoibriú sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(c)

oibríonn sí ar struchtúir a tógadh;

(d)

bunaíonn sí córais bainistíochta agus faireacháin, nósanna imeachta agus teicnící a bhfuil sé mar aidhm acu na nithe seo a leanas a chosc, a mhaolú, a íoslaghdú agus, a mhéid is féidir, a dhíothú:

(i)

rioscaí do shláinte na n-oibrithe lena mbaineann agus don daonra atá i gcomharsanacht na saoráide athchúrsála long; agus

(ii)

éifeachtaí díobhálacha ar an gcomshaol arb í an athchúrsáil long is cionsiocair leo;

(e)

déanann sí plean saoráide athchúrsála long a ullmhú;

(f)

déanann sí éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus an chomhshaoil a chosc, lena n-áirítear smachtú ar aon sceitheadh a d’fhéadfadh bheith ann, i limistéir idirthaoideacha go háirithe, a thaispeáint;

(g)

déanann sí a áirithiú go ndéanfar ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bhainistiú ar bhealach sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear:

(i)

rialú a dhéanamh ar gach ábhar guaiseach a bheidh ar bord le linn phróiseas athchúrsála long tríd síos, d’fhonn aon scaoileadh de na hábhair sin isteach sa chomhshaol a sheachaint; agus, fairis sin, gan ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bheith á láimhseáil le linn phróiseas athchúrsála long ach amháin ar urláir neamhscagacha ag a mbeidh córais éifeachtacha draenála;

(ii)

féachaint chuige go ndéanfar cibé dramhaíl a thiocfaidh as gníomhaíocht athchúrsála long, agus a cainníochtaí, a dhoiciméadú agus gur chuig saoráidí bainistithe dramhaíola amháin a aistreofar í, saoráidí a údarófar chun í a chóireáil gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(h)

déanann sí plean ullmhachta agus freagartha le haghaidh cásanna práinne a bhunú agus a choinneáil ar bun; féachaint chuige go mbeidh rochtain ag trealamh práinnfhreagartha, amhail trealamh agus feithiclí comhraicthe dóiteáin, otharchairr agus crainn tógála, ar an long agus ar gach limistéar sa tsaoráid athchúrsála long;

(i)

déanann sí soláthar a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus oiliúint oibrithe, lena n-áirítear féachaint chuige go n-úsáidfear trealamh cosanta pearsanta le linn oibríochtaí ina mbeidh an trealamh sin ag teastáil;

(j)

déanann sí taifid a choinneáil ar theagmhais, ar óspairtí, ar ghalair cheirde agus ar éifeachtaí ainsealacha, agus arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, tuairisc a thabhairt ar aon teagmhais, aon óspairtí, aon ghalair cheirde nó aon éifeachtaí ainsealacha a chuirfeadh sábháilteacht oibrithe, sláinte an duine nó an comhshaol i mbaol, nó a d’fhéadfadh iad a chur i mbaol;

(k)

aontaíonn sí go ndéanfaidh sí ceanglais mhír 2 a chomlíonadh.

2.   Déanfaidh oibreoir saoráide athchúrsala long na méid seo a leanas:

(a)

an plean athchúrsála long a sheachadadh, a luaithe a bheidh sé formheasta i gcomhréir le hAirteagal 7(3), chuig úinéir na loinge agus an roinn riaracháin nó chuig eagraíocht aitheanta a údaróidh sí;

(b)

tuairisciú don roinn riaracháin go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long réidh ar gach uile bhealach chun tús a chur le hathchúrsáil na loinge;

(c)

nuair a bheidh athchúrsáil iomlán nó pháirteach na loinge críochnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, laistigh de 14 lá ó dháta na hathchúrsála iomláine nó páirtí i gcomhréir leis an bplean athchúrsála long, dearbhú a sheoladh chuig an roinn riaracháin a d’eisigh an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála lena ndearbhófar go bhfuil an athchúrsáil críochnaithe. Beidh ag gabháil leis an dearbhú sin maidir le críochnú, beidh tuairisc ar aon teagmhais agus ar aon tionóiscí a rinne dochar do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol, dá mba ann dóibh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar:

(a)

formáid na tuairisce a cheanglaítear le pointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo le háirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le hAguisín 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong; agus

(b)

formáid na tuairisce a cheanglaítear le pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo le háirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le hAguisín 7 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong;

Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo.

Airteagal 14

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát a údarú

1.   Gan dochar d’fhorálacha dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais, údaróidh na húdaráis inniúla saoráidí athchúrsála long a bheidh lonnaithe ar a gcríoch agus a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 chun athchúrsáil long a dhéanamh. Féadfar an t-údarú sin a thabhairt do na saoráidí athchúrsála long sin go ceann uastréimhse cúig bliana agus iad a athnuachan dá réir.

Ar choinníoll go gcloífear le ceanglais an Rialacháin seo, aon cheadúnas a thabharfar ar aird de bhun fhorálacha ábhartha dlí eile, náisiúnta nó de chuid an Aontais, is féidir é a úsáid in éineacht leis an údarú faoin Airteagal seo chun gurb é an t-aon cheadúnas amháin a bheidh ann, agus sheachnófaí mar sin aon dúbláil neamhriachtanach faisnéise nó dúbailt na hoibre d’oibreoir na saoráide athchúrsála long nó don chuideachta athchúrsála long nó don údarás inniúil. Sna cásanna sin, féadfar síneadh a chur leis an údarú i gcomhréir le córas na gceadúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach sin ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.

2.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na saoráidí athchúrsála long a bheidh údaraithe acu i gcomhréir le mír 1 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta.

3.   Cuirfear an liosta dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún gan mhoill tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2015.

4.   I gcás ina scoirfidh saoráid athchúrsála long de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 13, cuirfidh an Ballstát ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long an t-údarú a tugadh dó ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é nó ceanglóidh sé gníomhartha ceartaitheacha ar an gcuideachta athchúrsála long lena mbaineann agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

5.   I gcás ina n-údarófar saoráid athchúrsála long i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 15

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír

1.   Cuideachta athchúrsála long a mbeidh saoráid athchúrsála long aige atá lonnaithe i dtríú tír agus a bheartaíonn longa a athchúrsáil a bheidh faoi bhratach Ballstáit, cuirfidh siad iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun an tsaoráid athchúrsála long sin a chur sa liosta Eorpach.

2.   Cuirfear leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1 fianaise go gcomhlíonann an tsaoráid athchúrsála long sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13 chun athchúrsáil long a dhéanamh agus chun a bheith áirithe sa liosta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfaidh an chuideachta athchúrsála long an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a thug a údaráis inniúla di longa a athchúrsáil a lua agus, i gcás inarb ábhartha, an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a lua a thug na húdaráis inniúla dá cuid conraitheoirí agus fochonraitheoirí uile a mbeidh baint dhíreach acu leis an bpróiseas athchúrsála long agus sonróidh sí an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 16(2);

(b)

sonróidh sé cé acu trí mheán nós imeachta intuigthe nó nós imeachta shainráite a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas, agus an tréimhse athbhreithnithe á sonrú i ndáil le formheas intuigthe, i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;

(c)

deimhneoidh sé nach nglacfar ach le long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici d’athchúrsáil i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(d)

soláthróidh sé fianaise go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long in ann na critéir sábháilte chun obair the a dhéanamh agus sábháilte chun dul isteach a bhunú, a choinneáil ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu i rith an phróisis athchúrsála long;

(e)

léarscáil a chur i gceangal ina dtaispeánfar teorainn na saoráide athchúrsála long agus an áit a ndéanfar an athchúrsáil long;

(f)

i gcás gach ábhair guaisigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcás gach ábhair ghuaisigh a d’fhéadfadh a bheith ina chuid de struchtúr na loinge, na nithe seo a leanas a shonrú:

(i)

cé acu atá nó nach bhfuil an tsaoráid athchúrsála long údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint. Nuair a údaraítear sin, tabharfar le fios cé hiad an fhoireann ábhartha a bheidh údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint agus soláthrófar fianaise dá n-inniúlacht sin;

(ii)

an próiseas bainistithe dramhaíola a chuirfear i bhfeidhm laistigh nó lasmuigh den tsaoráid athchúrsála long, amhail loisceadh, líonadh talún, nó modh eile bainistithe dramhaíola, ainm agus seoladh na saoráide bainistithe dramhaíola má tá sí éagsúil leis an tsaoráid athchúrsála long í, agus fianaise a sholáthar go ndéanfar an próiséas a chur i bhfeidhm gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh slán don chomhshaol;

(g)

deimhneoidh sí go bhfuil an chuideachta tar éis plean don tsaoráid athchúrsála long a ghlacadh, agus na treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;

(h)

an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint.

3.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid na faisnéise a shonrú a bheidh riachtanach chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

4.   Le bheith áirithe sa liosta Eorpach, deimhneofar comhlíonadh na saoráidí athchúrsála long a bheidh lonnaithe i dtríú tíortha i leith na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13, tar éis d’fhíoraitheoir neamhspleách a bhfuil na cáillíochtaí cuí aige cigireacht a dhéanamh ar an láthair. Cuirfidh an chuideachta athchúrsála long an deimhniúchán sin chuig an gCoimisiún an tráth a mbeidh sí ag cur iarratais isteach ar a bheith sa liosta Eorpach agus, gach cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an láithreacht sa liosta sin á hathnuachan aici. Idir bheith curtha sa liosta den chéaduair agus an athnuachan, beidh athbhreithniú lárthéarma freisin ann chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13 a dhearbhú.

Agus iarratas á chur isteach acu ar a bheith ar an liosta Eorpach, glacann cuideachtaí athchúrsála long leis go bhféadfadh an tsaoráid athchúrsála long lena mbaineann bheith faoi réir cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún, nó ag gníomhairí a bheadh ag gníomhú thar a cheann, sula gcuirfear ar an liosta Eorpach iad, nó ina dhiaidh sin, d’fhonn a fhíorú go bhuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 á gcomhlíonadh acu. Comhoibreoidh an fíoraitheoir neamhspleách, an Coimisiún nó gníomhairí ag feidhmiú thar ceann an Choimisiúin le húdaráis inniúla an tríú tír ina mbeidh an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe chun na cigireachtaí ar an láthair sin a chur i gcrích.

Féadfaidh an Coimisiún nótaí treorach teicniúla a eisiúint chun cabhrú leis an deimhniúchán sin.

5.   Chun críocha Airteagal 13, maidir le córas cóireála nó diúscairte na dramhaíola a úsáidtear, ní fhéadfar a mheas gur bainistiú a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol a bheidh ar siúl ach amháin ar choinníoll gur féidir leis an gcuideachta athchúrsála long a thaispeáint go mbeidh an tsaoráid bainistithe dramhaíola a ghlacann an dramhaíl á hoibriú i gcomhréir le caighdeáin maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach a bheag nó a mhór le caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Aontais.

6.   Soláthróidh an chuideachta athchúrsála long fianaise cothrom le dáta gan mhoill i gcás ina mbeadh aon athrú san fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún agus fógróidh sí, i gcónaí, trí mhí roimh dhul in éag do gach tréimhse cúig bliana de bheith áirithe sa Liosta Eorpach:

(a)

go bhfuil an fhianaise atá soláthraithe aici iomlán agus cothrom le dáta;

(b)

go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long fós ag comhlíonadh ceanglais Airteagal 13 agus go leanfaidh sí de bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 16

An Liosta Eorpach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar Liosta Eorpach na saoráidí athchúrsála long:

(a)

atá lonnaithe san Aontas agus ar thug na Ballstáit fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14(3);

(b)

atá lonnaithe i dtríú tír agus atá ar an liosta ar bhonn mheasúnú na faisnéise agus na fianaise tacaíochta a soláthraíodh nó a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 15.

Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

2.   Déanfar an Liosta Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016. Déanfar é a roinnt ina dhá fholiosta lena sonrófar saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát agus saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas uile maidir leis an tsaoráid athchúrsála long sa Liosta Eorpach:

(a)

an modh athchúrsála;

(b)

cineál agus toisí na long is féidir a athchúrsáil;

(c)

aon teorainn nó aon choinníollacha a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear maidir le bainistiú dramhaíola guaisí; agus

(d)

mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas;

(e)

an t-uas-aschur athchúrsála long bliantúil.

3.   Sonróidh an Liosta Eorpach an dáta a rachaidh láithreacht na saoráide athchúrsála long sa liosta in éag. Nuair a chuirfear saoráid athchúrsála long sa liosta, beidh sé sin bailí ar feadh uastréimhse cúig bliana agus beidh an tréimhse sin in-athnuaite.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ar bhonn tráthrialta chun an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta:

(a)

chun saoráid athchúrsála long a chur sa Liosta Eorpach i gcás:

(i)

inar údaraíodh í a chur sa Liosta i gcomhréir le hAirteagal 14;

(ii)

ina ndearnadh an cinneadh í a chur sa Liosta Eorpach i gcomhréir le mír 1(b) den Airteagal seo;

(b)

chun saoráid athchúrsála long a bhaint den Liosta Eorpach i gcás:

(i)

ina scoireann an tsaoráid athchúrsála long de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13; nó

(ii)

nach gcuirtear an fhianaise a tugadh cothrom le dáta ar fáil ar a laghad trí mhí roimh dhul in éag don tréimhse cúig bliana a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

5.   Agus an Liosta Eorpach á bhunú agus á thabhairt cothrom le dáta aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sna Conarthaí agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

6.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis go léir a d’fhéadfadh a bheith ábhartha le haghaidh an Liosta Eorpacha a thabhairt cothrom le dáta a chur in iúl don Choimisiún. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA RIARACHÁIN

Airteagal 17

Teanga

1.   Déanfar an plean athchúrsála long dá dtagraítear in Airteagal 7 a fhorbairt i dteanga a nglacann an stáit a d’údaraigh an tsaoráid athchúrsála long léi. Sa chás nach Béarla, Fraincis nó Spáinnis í an teanga a úsáidtear, déanfar an plean athchúrsála long a aistriú go ceann de na teangacha sin, ach amháin más deimhin leis an roinn riaracháin nach gá sin.

2.   An deimhniú fardail agus an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eiseofar de bhun Airteagal 9, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid na roinne riaracháin a eiseoidh iad. Sa chás nach Béarla, Fraincis nó Spáinnis í an teanga a úsáidtear, beidh aistriúchán go ceann de na teangacha sin in áireamh sa téacs.

Airteagal 18

Údaráis inniúla agus ranna riaracháin a ainmniú

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla agus na ranna riaracháin a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún i leith na n-ainmniúchán sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú i bhfaisnéis den sórt sin.

2.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liostaí de na húdaráis inniúla agus na ranna riaracháin a ainmneofar agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

Airteagal 19

Daoine teagmhála a ainmniú

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún duine teagmhála amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as faisnéis nó comhairle a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann fiosrúcháin. Déanfaidh duine teagmhála an Choimisiúin aon cheisteanna a gheofar a bhaineann leis na Ballstáit a chur chuig daoine teagmhála na mBallstát, agus déanfaidh daoine teagmhála na mBallstát amhlaidh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmniú na ndaoine teagmhála. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú san fhaisnéis sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liostaí de na daoine teagmhála a ainmneofar agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

Airteagal 20

Cruinnithe idir daoine teagmhála

Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstáit, nó i gcás ina measfaidh sé féin gur cuí sin, cruinnithe idir na daoine teagmhála a eagrú go rialta chun na ceisteanna a eascróidh ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a phlé. Tabharfar cuireadh do gheallsealbhóirí ábhartha freastal ar na cruinnithe sin, nó ar chodanna díobh, i gcás ina mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar aon aigne gurb iomchuí déanamh amhlaidh.

TEIDEAL V

TUAIRISCIÚ AGUS FORGHNÍOMHÚ

Airteagal 21

Tuarascálacha ó na Ballstáit

1.   Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

liosta de na longa atá faoina bhratach agus ar eisíodh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála dóibh, mar aon le hainm na cuideachta athchúrsála long agus an áit a bhfuil an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe de réir mar atá sa deimhniú ullmhachta chun athchúrsála;

(b)

liosta de na longa atá faoina bhratach a bhfuarthas dearbhú maidir le críochnú uathu;

(c)

faisnéis maidir le hathchúrsáil mhídhleathach long, pionóis agus gníomhaíochtaí leantacha a rinne an Ballstát.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil a tharchur gach trí bliana go leictreonach chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse trí bliana a chumhdófar inti.

Cumhdóidh an chéad tuarascáil leicreonach an tréimhse ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go dtí deireadh na chéad thréimhse rialta trí bliana tuairiscithe, a shonraítear in Airteagal 5 de Threoir 91/692/CEE ón gComhairle (14), a thiocfaidh tar éis thúsdáta na chéad tréimhse tuairiscithe.

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis na tuarascálacha a fháil ó na Ballstáit.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i mbunachar sonraí leictreonach a mbeidh buanrochtain ag an bpobal air.

Airteagal 22

Forfheidhmiú sna Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Comhoibreoidh na Ballstáit le chéile, go déthaobhach nó go hiltaobhach, d’fhonn aon dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus a bhrath.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit na baill dá mbaill bhuana foirne a bheidh freagrach as an gcomhoibriú dá dtagraítear i mír 2. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún liosta achomhair chuig na baill sin.

4.   Cuirfidh na Ballstáit forálacha a ndlí náisiúnta a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus leis na pionóis is infheidhme in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Gníomhaíocht a iarraidh

1.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanfaidh sárú ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b) den Rialachán seo difear dóibh nó ar móide don sárú sin difear a dhéanamh dóibh, nó a bhfuil leas mór a dhóthain acu sa phróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol i leith sáruithe ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b) den Rialachán seo, beidh siad i dteideal gníomhaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún faoin Rialachán seo i ndáil le sárú den sórt sin nó i ndáil le garbhaol de shárú den sórt sin.

An leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann chun cinn cosaint an chomhshaoil agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), measfar gur leas leordhóthanach é an leas sin chun críocha na chéad fhomhíre.

2.   Beidh ag gabháil le hiarraidh ar ghníomhaíocht an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha chun tacú leis an iarraidh sin.

3.   I gcás ina léireoidh an iarraidh ar ghníomhaíocht agus an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh ag gabháil léi, ar bhealach inchreidte, gur tharla sárú ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b), nó go bhfuil garbhaol ann go dtarlóidh sárú den sórt sin, breithneoidh an Coimisiún aon iarrataí den sórt sin ar ghníomhaíocht agus aon fhaisnéis agus sonraí den sórt sin. Sna himthosca sin, tabharfaidh an Coimisiún deis don chuideachta athchúrsála long lena mbaineann a cuid tuairimí a nochtadh maidir leis an iarraidh ar ghníomhaíocht agus an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh ag gabháil léi.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus i gcomhréir le forálacha ábhartha dlí an Aontais, na daoine a chuir iarraidh isteach de bhun mhír 1, a chur ar an eolas faoin gcinneadh atá déanta aige glacadh leis an iarraidh ar ghníomh nó diúltú di, agus luafaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagráitear in Airteagal 5(8) ar feadh tréimhse cúig bliana ón 30 Nollaig 2013. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i ndáil le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(8) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(8), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 26

Foráil idirthréimhseach

Amhail ó dháta foilsithe an Liosta Eorpaigh, féadfaidh na Ballstáit, roimh an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, athchúrsáil long a údarú i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach. Sna dálaí sin, ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

Airteagal 27

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006

In Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(i)

longa atá faoi bhratach Ballstáit a thig faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/16/CE

Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn IV:

“49.

Deimhniú maidir le fardal na n-ábhar guaiseach nó ráiteas maidir le comhlíonadh de réir mar is infheidhme de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Airteagal 29

Dreasacht airgeadais

Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoina indéanta a bheadh sé ionstraim airgeadais a bhunú lena n-éascófaí athchúrsáil shlán, fhónta long agus cuirfidh sé togra le haghaidh reachtaíochta ar aghaidh leis freisin, más iomchuí.

Airteagal 30

Athbhreithniú

1.   Measúnóidh an Coimisiún cé na sáruithe ar an Rialachán seo ar cheart a chur faoi raon feidhme Treoir 2008/99/CE chun coibhéis a bhaint amach idir na forálacha i ndáil le sáruithe sa Rialachán seo agus iad siúd i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir lena mheasúnú faoi 31 Nollaig 2014 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra le haghaidh reachtaíochta ar aghaidh.

2.   Athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán seo tráth nach déanaí ná 18 mí roimh an dáta a dtiocfaidh Coinbhinsiún Hong Cong i bhfeidhm agus cuirfidh sé ar aghaidh, ag an am céanna, más iomchuí, aon tograí iomchuí le haghaidh reachtaíochta chun na críche sin. San athbhreithniú sin, féachfar an bhféadfaí saoráidí athchúrsála long atá údaraithe ag Coinbhinsiún Hong Cong a chur sa Liosta Eorpach chun dúbailt na hoibre agus ualach an riaracháin a sheachaint.

3.   Leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo agus, más iomchuí, déanfaidh sé moltaí tráthúla chun tabhairt faoina mbeidh ag tarlú i ndáil le Coinbhinsiúin idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún Basel, más gá sin.

4.   D’ainneoin mhír 2, taobh istigh de chúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo, a mbeidh tograí le haghaidh reachtaíocht ag gabháil léi, más iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh na cuspóirí á mbaint amach agus go mbeidh éifeacht aige mar is ceart agus bonn cirt leis an éifeacht sin.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 32

Cur i bhfeidhm

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas ach tráth nach túisce ná an 31 Nollaig 2015:

(a)

6 mhí tar éis an dáta arb ionann comh-uas-aschur bliantúil athchúrsála long na saoráidí athchúrsála long atá áirithe sa Liosta Eorpach agus 2,5 milliún tonna toillíochta éadroime (LDT) nó ar mó é ná sin. Ríomhtar aschur bhliantúil athchúrsála long de chuid saoráide athchúrsála long mar shuim mheáchan na long á sloinneadh i LDT a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin. Cinntear an t-uas-aschur bliantúil athchúrsála long tríd an luach is airde dá raibh ann sa tréimhse 10 mbliana roimhe sin do gach saoráid athchúrsála long, nó, i gcás saoráide athchúrsála long nua-údaraithe, an luach bliaintúil is airde dá raibh ann sa tsaoráid sin; nó

(b)

an 31 Nollaig 2018.

2.   Maidir leis na forálacha seo a leanas, áfach, beidh feidhm ag na dátaí cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

Airteagal 2, an dara fomhír d’Airteagal 5(2), Airteagail 13, 14, 15, 16, 25 agus 26 ón 31 Nollaig 2014; agus

(b)

an chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2), agus Airteagal 12(1) agus (8) ón 31 Nollaig 2020.

3.   Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nuair a bheidh na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta.

4.   Má tá Ballstát tar éis a clár náisiúnta long a dhúnadh nó, murar cláraíodh aon long faoina bhratach, ar feadh tréimhse trí bliana, agus fad is nach mbeidh aon long cláraithe faoina bhratach, féadfaidh an Ballstát sin maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagail 4, 5, 11, 12, 13, 14, 16(6), 18, 19, 20, 21 agus 22. I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát úsáid a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 158.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(4)  Leasú ar Choinbhinsiún Basel (“An leasú toirmisc”) arna ghlacadh le Cinneadh III/1 ó Pháirtithe Choinbhinsiún Basel.

(5)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt a chur chun feidhme (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(6)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(7)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(9)  Treoir 67/548/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1967 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí contúirteacha (IO 196, 16.8.1967, lch. 1).

(10)  Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú (IO L 200, 30.7.1999, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).

(13)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(14)  Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1991 lena gcaighdeánaítear agus lena réasúnaítear tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

ÁBHAIR GHUAISEACHA A RIALÚ

Ábhar guaiseach

Sainmhínithe

Bearta rialaithe

Aispeist

Ábhair ina bhfuil aispeist

I gcás gach loinge nua, beidh cosc ar ábhair a bhfuil aispeist iontu a shuiteáil.

Substaintí a ídíonn an t-ózón

Substaintí rialaithe a shainítear in Airteagal 1(4) de Phrótacal Montréal maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, 1987, a liostaítear in Iarscríbhinní A, B, C, nó E a ghabhann leis an bPrótacal sin faoi mar a bheidh sé i bhfeidhm tráth a gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm nó tráth a léireofar í.

Substaintí a ídíonn an t-ózón agus a d’fhéadfadh a bheith ar bord loinge, lena n-áirítear, inter alia, iad seo a leanas:

 

Halón 1211 Brómaclóradéfhluaraimeatán,

 

Halón 1301 Brómaitrífhluaraimeatán

 

Halón 2402 1,2-Débhrómai-1,1,2,2-teitreafluaireatán (ar a dtugtar Halon 114B2 freisin)

 

CFC-11 Tríchlórafluaraimeatán

 

CFC-12 Déchlóraidéfhluaraimeatán

 

CFC-113 1,1,2-Tríchlóra-1,2,2-trífhluaireatán

 

CFC-114 1,2-Déchlóra-1,1,2,2-teitreafluaireatán

 

CFC-115 Clóraipeinteafluaireatán

 

HCFC-22

 

Clóraipeinteafluaireatán

Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil substaintí a ídíonn an t-ózón iontu ar gach long.

Défheinilí polaclóirínithe (PCB)

Ciallaíonn “défheinilí polaclóirínithe” comhdhúile aramataca atá foirmithe ar dhóigh go bhféadfar suas le deich gcinn de hadaimh clóirín a chur in ionad na n-adamh hidrigine ar an móilín défheinil (dhá fháine beinséin atá nasctha le chéile le nasc amháin carbón-carbón)

I gcás gach loinge nua, beidh cosc ar ábhair a bhfuil défheinil pholaclóirínithe iontu a shuiteáil.

Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) (1)

Ciallaíonn “aigéad sulfónach sárfhluarochtáin” (PFOS) aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh

Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) agus a dhíorthaigh iontu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

Comhdhúile agus córais frithsmálaithe

Comhdhúile agus córais frithsmálaithe a rialaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, 2001 (Coinbhinsiún AFS) a bheidh i bhfeidhm tráth a léireofar an Iarscríbhinn seo.

1.

Ní fhéadfaidh aon long córais frithsmálaithe a fheidhmiú ina mbeidh comhdhúile orgánastáin mar bhithicídí nó aon chóras eile frithsmálaithe a bhfuil cosc ar a fheidhmiú ná ar a úsáid faoin gCoinbhinsiún AFS.

2.

Ní fheidhmeofar ná ní úsáidfear comhdhúile nó córais frithsmálaithe ar aon long nua nó in aon suiteálacha nua ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir le Coinbhinsiún AFS.


(1)  Ní bheidh feidhm aige seo maidir le longa faoi bhratach tríú tír.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE, (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA EARRAÍ LE hAGHAIDH FHARDAL NA nÁBHAR GUAISEACH

1.

Aon ábhar guaiseach a liostaítear in Iarscríbhinn I

2.

Caidmiam agus Comhdhúile Caidmiam

3.

Cróimiam Heicsifhiúsach agus Comhdhúile Cróimiam Heicsifhiúsaigh

4.

Luaidhe agus Comhdhúile Luaidhe

5.

Mearcair agus Comhdhúile Mearcair

6.

Défheinilí Polabróimínithe (PBBanna)

7.

Éitir Dhéfheiníle Pholabróimínithe (PBDEnna)

8.

Naftailéiní Polaclóirinithe (breis agus trí adamh clóirín)

9.

Substaintí Radaighníomhacha

10.

Pairifíní Clóirínithe Gearrshlabhra áirithe (Alcáin, C10-C13, clóra)

11.

Lasairmhoilleoir Bróimínithe (HBCDD)


10.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1258/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tuarascáil i ndáil le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí.

(2)

Sa tuarascáil sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar bhealaí chun rialú na trádála in ainhidríd aicéiteach a neartú, ar shubstaint sceidealaithe í i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, de bhun Airteagal 2(a) den Rialachán sin, chun cosc níos fearr a chur ar atreorú ainhidríde aicéití chun hearóin a tháirgeadh go haindleathach.

(3)

Ina Conclúidí an 25 Bealtaine 2010 maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasuithe reachtacha a mholadh tar éis dó an tionchar a d’fhéadfaidís a imirt ar údaráis agus ar oibreoirí eacnamaíocha na mBallstát a mheasúnú go cúramach.

(4)

Déanann an Rialachán seo an sainmhíniú ar shubstaintí sceidealaithe a shoiléiriú: i dtaca leis seo, scriostar an téarma “ullmhóid chógaisíochta” a thagann as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne na Gáinneála Aindleathaí ar Dhrugaí Támhshuanacha agus ar Shubstaintí Síceatrópacha a glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988, toisc go bhfuil sé clúdaithe ag téarmaíocht ábhartha ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, eadhaon “táirgí íocshláinte”. Thairis sin, scriostar an téarma “ullmhóidí eile” mar is ionann é agus an téarma “meascáin” atá in úsáid sa sainmhíniú sin cheana féin.

(5)

Ba cheart sainmhíniú ar an téarma “úsáideoir” a thabhairt isteach i gcomhair daoine a bhfuil substaintí ina seilbh acu chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh agus ba cheart a shoiléiriú nach mór do dhaoine atá ag úsáid substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh ceadúnas a fháil.

(6)

Ba cheart rialacha níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le clárúchán chun coinníollacha aonfhoirmeacha clárúcháin a áirithiú i ngach Ballstát i gcás substaintí sceidealaithe i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004. I gcás substaintí atá sceidealaithe san fhochatagóir nua 2A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart úsáideoirí, de bhreis ar oibreoirí, bheith faoi réir ceanglais chlárúcháin.

(7)

I gcás ina ndéantar táillí a ghearradh chun ceadúnas nó clárúchán a fháil, ba cheart do na Ballstáit féachaint faoi na táillí sin a mhodhnú chun iomaíochas micreaghnóthas a chosaint.

(8)

Ba cheart go ndéanfaí a shoiléiriú go bhfuil an deis ag na Ballstáit gníomhú i ndáil le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe ionas go mbeidh siad in ann gníomhú níos sciobtha i ndáil le treochtaí nua i dtáirgeadh aindleathach drugaí.

(9)

Ba cheart bunachar sonraí Eorpach (“an bunachar sonraí Eorpach”) maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chruthú chun an tuairisciú ag na Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo, i gcás inar féidir, ar bhealach comhiomlánaithe agus gan ainmneacha a lua agus sa bhealach is lú a dhéanann cúngracht i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun príobháideachas a neartú agus prionsabal an teorannaithe sonraí á chur san áireamh. Ba cheart don bhunachar sonraí Eorpach bheith mar chlár Eorpach d’oibreoirí agus d’úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán acu lena n-éascófar fíorú dlisteanachta idirbheart tráchtála lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus ba cheart go gcuirfí ar chumas oibreoirí faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

(10)

Le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, beartaítear faisnéis a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil, chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear réamhtheachtaithe drugaí ar an margadh agus cosc a chur ar atreorú substaintí sceidealaithe. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a bheadh ag cloí le cuspóir an Rialacháin sin agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, go háirithe, le ceanglais Aontais a bhaineann le cáilíocht sonraí, le comhréireacht, le teorannú de réir cuspóra, agus le cearta maidir le faisnéis, le rochtain, le sonraí a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil, bearta eagrúcháin agus teicniúla agus aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta.

(11)

Le próiseáil arna déanamh ar shonraí pearsanta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, agus ag aon gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglachadh dá bhun, ba cheart go n-urramófaí an ceart bunúsach chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart um chosaint sonraí pearsanta a ráthaítear le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áireofaí leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme go dtarlaíonn aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(12)

Ba cheart ainhidríd aicéiteach, atá sceidealaithe i gcatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 faoi láthair, a chur san fhochatagóir nua 2A d’Iarscríbhinn I a ghabhainn leis an Rialachán ionas go bhféadfar rialú níos mó a dhéanamh ar a trádáil. Ba cheart na substaintí de chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 atá fágtha a liostú i bhfochatagóir 2B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(13)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagadh síos i gCinneadh 1999/468/CE (6).

(14)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(15)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na ceanglais agus na coinníollacha a shonrú maidir le deonú an cheadúnais agus an chlárúcháin, maidir le hoibreoirí agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán faighte acu sna bunachair sonraí Eorpacha a liostú, maidir le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid, maidir le meascáin ina bhfuil substaintí sceidealaithe a dhoiciméadú nó a lipéadú, maidir le soláthar faisnéise ag na hoibreoirí i dtaobh idirbheart lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus maidir le soláthar faisnéise ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart faireacháin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus chun na hIarscríbhinní a leasú. Ba cheart go gcinnfí leis na gníomhartha tarmligthe sin freisin catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfaidh na Ballstáit agus oibreoirí a phróiseáil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus na catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfar a stóráil sa bhunachar sonraí Eorpach agus na cosaintí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(16)

Tá sé tábhachtach freisin go n-iarrfadh an Coimisiún a thuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus gníomhartha tarmligthe a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta á n-ullmhú aige.

(17)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú d’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na mionsonraí a chinneadh maidir leis an gcaoi ar cheart dearbhuithe custaiméirí a sholáthar i bhfoirm leictreonach agus maidir leis an gcaoi a soláthrófar do bhunachar sonraí Eorpach an fhaisnéis faoi idirbhearta oibreoirí lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

(18)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neartú na rialacha maidir le clárúchán oibreoirí atá ag cur substaintí sceidealaithe chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ar an margadh nó a bhfuil substaintí den sórt sin ina seilbh acu, go háirithe ainhidríd aicéiteach, chun cosc a chur ar a atreorú i dtreo táirgthe aindleathaigh dhrugaí, a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur leas na ngáinneálaithe éagsúlachtaí náisiúnta maidir le clárúchán agus toisc go n-aistríonn siad a ngnó aindleathach go dtí na háiteanna is éasca réamhtheachtaithe drugaí a atreorú chucu, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 18 Eanáir 2013 (8).

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Raon feidhme agus cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo bearta comhchuibhithe maidir le rialú agus le faireachán in-Aontais ar shubstaintí áirithe a úsáidtear go minic i monarú aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha d’fhonn atreorú substaintí den sórt sin a chosc.”.

(2)

In Airteagal 2:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘substaint sceidealaithe’ aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhéadfar a úsáid le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha lena n-áirítear meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil na substaintí sin ach lena n-eisítear meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil substaintí sceidealaithe agus atá comhshuite ar bhealach nach féidir na substaintí sceidealaithe a úsáid go héasca ná a eastóscadh trí mhodhanna is infheidhme go héasca ná trí mhodhanna atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, táirgí íocshláinte a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus táirgí íocshláinte tréidliachta a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(*1)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67)."

(*2)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ aon soláthar, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, de shubstaintí sceidealaithe san Aontas; nó stóráil, monarú, táirgeadh, próiseáil, trádáil, dáileadh nó bróicéireacht na substaintí sin chun críche soláthair san Aontas;”;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(h)

ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach seachas oibreoir, a bhfuil substaint sceidealaithe ina sheilbh aige agus atá i mbun substaintí sceidealaithe a phróiseáil, a fhoirmliú, a thomhailt, a stóráil, a choinneáil, a chóireáil, a chur isteach i gcoimeádáin, a aistriú ó choimeádán amháin go ceann eile, a mheascadh, a chlaochlú nó a úsáid ar aon bhealach eile;

(i)

ciallaíonn ‘táirgí nádúrtha’ orgánach nó codanna d’orgánach i bhfoirm ar bith, nó aon substaint a fhaightear sa nádúr faoi mar a shainmhínítear i bpointe 39 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).”."

(3)

In Airteagal 3:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Gheobhaidh oibreoirí agus úsáideoirí ceadúnas ó údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe sula bhféadfaidh substaint sceidealaithe chatagóir 1 d’Iarscríbhinn I a bheith ina seilbh acu nó sula bhféadfaidh siad substaint den sórt sin a chur ar an margadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais speisialta a dheonú do chógaslanna, d’íoclannaí tréidliachta, d’údaráis phoiblí de chineálacha áirithe nó do na fórsaí armtha. Ní bheidh ceadúnais speisialta den sórt sin bailí ach i gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe chatagóir 1 d’Iarscríbhinn I laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n-oibreoirí lena mbaineann.

3.   Ní sholáthróidh aon oibreoir a mbeidh ceadúnas aige substaintí sceidealaithe chatagóir 1 d’Iarscríbhinn I ach d’oibreoirí nó d’úsáideoirí a mbeidh an ceadúnas sin acu agus a shínigh dearbhú custaiméara dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5, mhír 6 agus mhír 7:

“5.   Gan dochar do mhír 8, féadfaidh na húdaráis inniúla bailíocht an cheadúnais a theorannú do thréimhse nach faide ná trí bliana nó féadfaidh siad iallach a chur ar na hoibreoirí agus ar na húsáideoirí a léiriú i gceann tréimhsí nach faide ná trí bliana go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh go fóill. Luafar sa cheadúnas an t-oibreoir agus na hoibríochtaí a mbeidh sé bailí dóibh, chomh maith leis na substaintí sceidealaithe lena mbaineann sé. Déanfaidh na húdaráis inniúla, i bprionsabal, ceadúnais speisialta a dheonú ar feadh tréimhse neamhtheoranta ach féadfaidh siad iad a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair atá forais réasúnta ann chun a chreidiúint nach duine cuí cóir a thuilleadh an sealbhóir chun ceadúnas a bheith aige, nó nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas.

6.   Gheobhaidh oibreoirí clárúchán ó údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe sula bhféadfaidh siad substaint sceidealaithe chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I a chur ar an margadh. Ón 1 Iúil 2015, beidh sé de cheangal ar úsáideoirí, clárúchán a fháil ó údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe sula bhféadfaidh substaint sceidealaithe chatagóir 2A d’Iarscríbhinn I a bheith ina seilbh acu. Féadfaidh na húdaráis inniúla clárúcháin speisialta a dheonú do chógaslanna, d’íoclannaí tréidliachta, d’údaráis phoiblí de chineálacha áirithe nó do na fórsaí armtha. Ní mheasfar clárúcháin speisialta den sórt sin a bheith bailí ach i gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n-oibreoirí nó na n-úsáideoirí lena mbaineann.

6a.   Ní sholáthróidh aon oibreoir a mbeidh clárúchán aige substaintí sceidealaithe fhochatagóir 2A d’Iarscríbhinn I ach d’oibreoirí nó d’úsáideoirí eile a bhfuil clárúchán acu freisin agus a shínigh dearbhú custaiméara dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

6b.   Agus deonú clárúcháin á bhreithniú, cuirfidh na húdaráis inniúla inniúlacht agus ionracas an iarratasóra san áireamh. Féadfaidh siad an clárúchán a dhiúltú má tá forais réasúnta amhrais ann maidir le hoiriúnacht agus iontaofacht an iarratasóra nó an oifigigh a bheidh freagrach as an trádáil i substaintí sceidealaithe. Féadfaidh na húdaráis inniúla an clárúchán a chur ar fionraí nó a chúlghairm aon uair a mbeidh forais réasúnta ann lena chreidiúint nach duine cuí cóir a thuilleadh an sealbhóir le clárúchán a bheith aige, nó nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán á gcomhlíonadh a thuilleadh.

6c.   Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar oibreoirí agus ar úsáideoirí táille a íoc chun iarratas a chur isteach ar cheadúnas nó ar chlárúchán.

I gcás ina ngearrfar táille, féachfaidh na húdaráis inniúla faoi scála na táille sin a choigeartú ag brath ar mhéid an tionscadail. Gearrfar na táillí sin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus ní rachaidh thar an gcostas chun an t-iarratas a phróiseáil.

7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla oibreoirí agus úsáideoirí a mbeidh ceadúnas nó clárúchán faighte acu a liostú sa bhunachar sonraí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 13a.

8.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha seo a leanas:

(a)

deonú an cheadúnais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na catagóirí sonraí pearsanta a bheidh le soláthar;

(b)

deonú an chlárúcháin lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí na catagóirí sonraí pearsanta atá le soláthar agus;

(c)

liostú na n-oibreoirí agus na n-úsáideoirí sa bhunachar sonraí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 13a i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

Ní áireofar catagóirí speisialta sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) sna catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo.

(*4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).”."

(4)

In Airteagal 4:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, d’Airteagal 6 agus d’Airteagal 14, gheobhaidh aon oibreoir atá bunaithe laistigh den Aontas agus a sholáthróidh substaint sceidealaithe chatagóir 1 nó chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I do chustaiméir dearbhú ón gcustaiméir sin ina léireofar úsáid shonrach nó úsáideanna sonracha na substaintí sceidealaithe. Gheobhaidh an t-oibreoir dearbhú ar leith i gcás gach substainte sceidealaithe ar leith. Beidh an dearbhú sin i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III. I gcás daoine dlítheanacha, déanfar an dearbhú ar pháipéar litreacha ceannchlóite.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Oibreoir a sholáthraíonn substaintí sceidealta chatagóir 1 d’Iarscríbhinn 1, déanfaidh sé cóip den dearbhú a stampáil agus an dáta a chur air, á dheimhniú gur chóip dhílis den bhunleagan é. Beidh cóip den sórt sin ag gabháil i gcónaí leis na substaintí sin atá á mbogadh san Aontas agus tíolacfar é, arna iarraidh sin, chuig na húdaráis atá freagrach as a bhfuil i bhfeithiclí a sheiceáil le linn oibríochtaí iompair.

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid.”.

(5)

In Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le doiciméadú meascán a mbeidh substaintí sceidealaithe iontu.”

(6)

In Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le lipéadú meascán a mbeidh substaintí sceidealaithe iontu.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla

1.   Tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill maidir le haon imthosca, amhail orduithe nó idirbhearta neamhghnácha a bhaineann le substaintí sceidealaithe a bheidh le cur ar an margadh, a thabharfaidh le fios go bhféadfaí na substaintí sin a atreorú chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí aon fhaisnéis a bheidh le fáil lena bhféadfaidh na húdaráis inniúla dlisteanacht an ordaithe nó an idirbhirt ábhartha a fhíorú.

2.   Soláthróidh na hoibreoirí faisnéis i bhfoirm achomair do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

3.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha ar oibreoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a sholáthar lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na catagóirí sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil chun na críche sin agus na cosaintí maidir le sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil.

4.   Ní nochtfaidh oibreoirí sonraí pearsanta ar bith a bhaileofar de bhun an Rialacháin seo ach amháin do na húdaráis inniúla.”.

(8)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun comhar idir na húdaráis inniúla, na hoibreoirí agus tionscadal na gceimiceán a éascú, go háirithe maidir le substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.”.

(9)

In Airteagal 10:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c) de mhír 1:

“(b)

chun dul isteach in áitribh ghnó oibreoirí agus úsáideoirí chun fianaise a fháil maidir le neamhrialtachtaí;

(c)

i gcás inar gá, chun coinsíneachtaí a mhainneoidh cloí leis an Rialachán seo a choinneáil agus a ghabháil.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a ghlacadh chun a chur ar chumas a údarás inniúil idirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus go háirithe:

(a)

chun faisnéis a fháil maidir le haon orduithe le haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó maidir le haon oibríochtaí a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe;

(b)

chun dul isteach in áitribh ghnó chun fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe;

(c)

i gcás inar gá, chun coinsíneachtaí a choinneáil agus a ghabháil ionas go seachnófar úsáid substaintí neamhsceidealaithe sonracha le haghaidh monarú neamhcheadaithe drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha.

3.   Urramóidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda gnó.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 go hAirteagal 16:

“Airteagal 13

Teachtaireachtaí ó na Ballstáit

1.   D’fhonn aon oiriúnú is gá a dhéanamh ar na socruithe maidir le faireachán a dhéanamh ar thrádáil i substaintí sceidealaithe agus i substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le cur chun feidhme na mbeart faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe maidir le substaintí a úsáidtear le haghaidh monarú neamhdhleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha agus maidir le modhanna atreoraithe agus monaraithe neamhdhleathacha, agus maidir lena dtrádáil dhleathach, a thabhairt don Choimisiún ar bhonn tráthúil i bhfoirm leictreonach tríd an mbunachar sonraí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 13a.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a d’fhonn na ceanglais agus na coinníollacha a shonrú maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar faoi mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh an Coimisiún achoimre ar na teachtaireachtaí a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach i gcomhréir le hAirteagal 12(12) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus i gcomhairle leis na Ballstáit.

Airteagal 13a

Bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a)

páirtiú faisnéise de bhun Airteagal 13(1), i gcás inar féidir ar bhealach comhiomlánaithe agus gan ainmneacha a lua, sintéis agus anailís ar an bhfaisnéis sin ar leibhéal an Aontais, agus tuairisciú don Bhord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach de bhun Airteagal 13(3) a éascú;

(b)

clár Eorpach d’oibreoirí agus d’úsáideoirí, ar bronnadh ceadúnas orthu nó ar bronnadh clárúchán orthu, a chruthú;

(c)

a chur ar chumas oibreoirí faisnéis faoina n-idirbhearta i gcomhréir le hAirteagal 8(2) a thabhairt do na húdaráis inniúla i bhfoirm leictreonach, mar a shonraítear i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 14.

Is tar éis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(8) agus in Airteagal 8(3) a ghlacadh, agus tar éis sin amháin, a áireofar sonraí pearsanta sa bhunachar sonraí Eorpach.

2.   Glacfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla na bearta uile is gá chun slándáil, rúndacht agus cruinneas sonraí pearsanta a bheidh sa bhunachar sonraí Eorpach a áirithiú agus chun a áirithiú go gcosnófar cearta daoine is ábhar do na sonraí i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

3.   Maidir le faisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear sonraí pearsanta, bainfear úsáid aisti i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta agus ní choinneofar í níos faide ná an t-achar ama is gá chun críocha an Rialacháin seo. Cuirfear cosc le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a bhaineann leis an mbunachar sonraí Eorpach a chur ar fáil ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus sothuigthe don phobal i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 13b

Cosaint Sonraí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, leis na rialacháin náisiúnta agus leis na forálacha riaracháin náisiúnta lena trasuítear Treoir 95/46/CE agus faoi mhaoirseacht údarás maoirseachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 13 de Threoir 95/46/EC, is chun cosc a chur ar atreorú substaintí sceidealaithe, agus chuige sin amháin, a úsáidfear sonraí pearsanta a gheofar nó a dhéanfar a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear chun críche an bhunachair sonraí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 13a.

Airteagal 14

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:

(a)

rialacha maidir leis an mbealach chun na dearbhuithe custaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 4 a sholáthar i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb iomchuí;

(b)

rialacha maidir leis an mbealach chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a sholáthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an bealach chun í a sholáthar i bhfoirm leictreonach do bhunachar sonraí Eorpach;

(c)

rialacha nós imeachta maidir le ceadúnais a dheonú, le clárúchán a dheonú agus le hoibreoirí agus úsáideoirí a liostú sa bhunachar sonraí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 3(7).

2.   Déanfar na gníomhartha seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 14a

Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh an Coiste um Réamhtheachtaithe Drugaí a bunaíodh le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (*6) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú do threochtaí nua in atreorú réamhtheachtaithe drugaí agus chun aon leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe a leanúint.

Airteagal 15a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), sa dara mír d’Airteagal 7, Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 15 a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ón 30 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh gach tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tairmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), sa dara mír d’Airteagal 7, in Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Deanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 4(4), Airteagal 5(7), an dara mír d’Airteagal 7, Airteagal 8(3), Airteagal 13(2), nó Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Faisnéis faoi bhearta a ghlacfaidh na Ballstáit

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh siad de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe faoi na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 12. Tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin freisin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit eile.

3.   Faoin 31 Nollaig 2019, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Rialacháin seo, agus go háirithe leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann dul i mbun gníomhaíochta breise chun idirbhearta maidir le substaintí neamhsceidealaithe a mbeidh amhras fúthu a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1)."

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun monatóireacht a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lch. 1)."

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

(11)

In Iarscríbhinn I:

(a)

cuirfear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Liosta na substaintí sceidealaithe”;

(b)

i gcatagóir 1, cuirtear an cód thíos in ionad an chóid AC le haghaidh Noireifidrín:

“2939 44 00”;

(c)

i gcatagóir 1, cuirtear an tsubstaint seo a leanas le liosta na substaintí:

“Alfa-feiniolaicéataicéitinítríl, cód AC 2926 90 95, Uimh. CAS 4468-48-8”;

(d)

cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad téacs chatagóir 2.

(12)

In Iarscríbhinn III, scriostar an téacs “údarú/”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 76, 14.3.2013, lch. 54.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(6)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


IARSCRÍBHINN

CATAGÓIR 2

FOCHATAGÓIR 2A

Substaint

Ainmniúchán AC

(más éagsúil)

Cód AC (1)

Uimh. CAS (2)

Ainhidríd aicéiteach

 

2915 24 00

108-24-7

Salainn na substaintí a liostaítear sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann.


FOCHATAGÓIR 2B

Substaint

Ainmniúchán AC

(más éagsúil)

Cód AC (1)

Uimh. CAS (2)

Aigéad feiniolaicéiteach

 

2916 34 00

103-82-2

Aigéad antrainileach

 

2922 43 00

118-92-3

Pipiridín

 

2933 32 00

110-89-4

Sármhanganáit photaisiam

 

2841 61 00

7722-64-7

Salainn na substaintí a liostaítear sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann.


(1)  IO L 290, 28.10.2002, lch. 1.

(2)  Is éard atá san Uimh. CAS “uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe ceimiceacha”, ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhair faoi deara go mbeidh Uimhreacha CAS shalainn na substaintí a liostaítear thuas éagsúil ó na cinn a thugtar.


10.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1259/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún, de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (2), tuarascáil maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail i ndáil le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí.

(2)

Ní rialaítear trádáil i dtáirgí íocshláinte sa chóras rialaithe atá ann cheana san Aontas le haghaidh réamhtheachtaithe drugaí ós rud é nach bhfuil siad san áireamh faoi láthair sa sainmhíniú ar shubstaintí sceidealaithe.

(3)

Cuireadh in iúl i dtuarascáil an Choimisiúin gur atreoraíodh táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín chuig monarú aindleathach drugaí lasmuigh den Aontas, mar ionadach ar eifidrín agus súideifidrín a rialaítear go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún go neartófaí rialú ar thrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a onnmhairítear ó chríoch chustaim an Aontais nó atá faoi bhealach tríthi d’fhonn cosc a chur ar iad a atreorú le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha.

(4)

Ina Conclúidí an 25 Bealtaine 2010 maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasuithe reachtacha a mholadh tar éis dó an tionchar a d’fhéadfaidís a imirt ar údaráis agus ar oibreoirí eacnamaíocha na mBallstát a mheasúnú go cúramach.

(5)

Déanann an Rialachán seo an sainmhíniú ar shubstaint sceidealaithe a shoiléiriú: ina leith sin, scriostar an téarma “ullmhóid chógaisíochta”, a thagann as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988 (“Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe”), toisc go bhfuil sé cumhdaithe cheana féin ag téarmaíocht iomchuí ghníomhartha dlí an Aontais, eadhon “táirgí íocshláinte”. Thairis sin, scriostar an téarma “ullmhóidí eile” mar is ionann é agus an téarma “meascáin” atá in úsáid sa sainmhíniú sin cheana féin.

(6)

Ba cheart rialacha maidir le clárúchán oibreora a fhionraí nó a chúlghairm a thabhairt isteach a bheidh ag teacht leis na rialacha atá ann cheana maidir le ceadúnas a fhionraí nó a chúlghairm.

(7)

Ba cheart táirgí íocshláinte agus tairgí íocshláinte tréidliachta (“táirgí íocshláinte”) ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a rialú gan bac a chur ar a dtrádáil dhlisteanach. Chun na críche sin, ba cheart catagóir nua (Catagóir 4) a chur leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena liostaítear táirgí íocshláinte a bhfuil substaintí sceidealaithe áirithe iontu.

(8)

Sula ndéanfar aon táirgí íocshláinte a liostaítear i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, a onnmhairiú, ba cheart d’údaráis inniúla san Aontas údarú onnmhairiúcháin agus fógra réamh-onnmhairiúcháin a sheoladh chuig údaráis inniúla na tíre cinn scríbe.

(9)

Ba cheart go dtabharfaí na cumhachtaí d’údaráis inniúla na mBallstát na táirgí íocshláinte sin a stopadh nó a urghabháil i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann gur le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha atá siad ceaptha, nuair a onnmhairítear iad, nuair a allmhairítear iad nó nuair atá siad faoi bhealach.

(10)

D’fhonn a chur ar chumas na mBallstát freagairt níos tapa a thabhairt i ndáil le treochtaí nua atá ag teacht chun cinn in atreorú réamhtheachtaithe drugaí, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na deiseanna atá acu chun gníomhú i gcásanna idirbheart amhrasach lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na húdaráis inniúla a chumhachtú faisnéis a fháil maidir le haon ordú le haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó le haon oibríocht lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe, nó dul isteach in áitribh ghnó chun fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha lena mbaineann substaintí den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh na húdaráis inniúla cosc ar shubstaintí neamhsceidealaithe a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a n-imeacht uaithi, i gcás inar féidir a léiriú go n-úsáidfear substaintí den sórt sin le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha. Ba cheart go measfaí substaintí neamhsceidealaithe den sórt sin mar shubstaintí a mholtar a áireamh sa liosta faireacháin dheonaigh de shubstaintí neamhsceidealaithe.

(11)

Ba cheart go roinnfeadh údaráis inniúla na mBallstát lena chéile agus leis an gCoimisiún, tríd an mbunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí (“an bunachar sonraí Eorpach”), arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), faisnéis i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo, d’fhonn leibhéal foriomlán na faisnéise maidir le trádáil i réamhtheachtaithe drugaí, lena n-áirítear táirgí íocshláinte, a fheabhsú. Ba cheart an bunachar sonraí Eorpach a úsáid chun an tuairisciú ag na Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo. Ba cheart go bhfeidhmeodh sé freisin mar chlár Eorpach d’oibreoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán acu, lena n-éascófar fíorú dhlisteanacht a n-idirbheart lena mbaineann substaintí sceidealaithe agus ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas oibreoirí faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó idirmheánacha lena mbaineann substaintí sceidealaithe. Ba cheart an clár Eorpach sin a nuashonrú go minic agus níor cheart go n-úsáidfeadh an Coimisiún ná údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a bheadh ann ach amháin chun cosc a chur ar réamhtheachtaí drugaí a atreorú ar an margadh neamhdhlíthiúil.

(12)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 go ndéanfar sonraí a phróiseáil. Féadfar sonraí den sórt sin sonraí pearsanta a chuimsiú freisin agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais.

(13)

Trí shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, agus chun críocha aon ghníomhartha tarmligthe agus aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, ba cheart go n-urramófaí an ceart bunúsach chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, mar aon leis an gceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart um chosaint sonraí pearsanta a aithnítear le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 faoi seach de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(14)

Níor cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin ar bhealach a bheidh i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, agus na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun. Ba cheart na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(15)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (6).

(16)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(17)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun coinníollacha a bhaineann le ceadúnais agus clárúchán a dheonú a leagan amach agus chun na cásanna nach gá ceadúnas nó clárúchán iontu a chinneadh, chun na critéir a bhunú chun a chinneadh conas is féidir cuspóirí dleathacha an idirbhirt a thaispeáint, chun an fhaisnéis atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla agus ón gCoimisiún chun go mbeidh siad in ann faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin nó idirmheánacha oibreoirí a chinneadh, chun liostaí na dtíortha atá ina gcinn scríbe d’onnmhairithe substaintí sceidealaithe de chuid Chatagóir 2 agus Chatagóir 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ar cheart fógra réamh-onnmhairiúcháin a thabhairt dóibh a chinneadh, chun nósanna imeachta simplithe maidir le fógraí réamh-onnmhairiúcháin a chinneadh agus chun na comhchritéir a bheidh le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a bhunú, chun nósanna imeachta simplithe maidir le húdarú onnmhairiúcháin a chinneadh agus chun na comhchritéir a bheidh le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a bhunú, agus chun an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 a oiriúnú chun freagairt do threochtaí nua maidir le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí agus chun aon leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe a leanúint. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, eadhon chun samhail a bhunú le haghaidh ceadúnas, na rialacha nós imeachta a bhunú maidir le soláthar na faisnéise atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin nó idirmheánacha oibreoirí, agus na bearta a bhunú chun a áirithiú go ndéantar faireachán éifeachtach ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha, go háirithe maidir le dearadh agus úsáid foirmeacha údaraithe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin, chun atreorú réamhtheachtaithe drugaí a chosc. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(19)

Leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, arna leasú leis an Rialachán seo, ba cheart go ráthófaí rialú agus faireachán córasach agus comhsheasmhach ar oibreoirí.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 18 Eanáir 2013 (8).

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 mar a leanas:

(1)

i dteideal an Rialacháin agus in Airteagal 1, i bpointe (d) agus i bpointe (e) d’Airteagal 2, in Airteagal 10(1), sa chéad mhír d’Airteagal 17, sa chéad mhír d’Airteagal 20 agus in Airteagal 25, cuirtear an leagan cuí gramadaí den ainmfhocal “Aontas” nó den aidiacht chomhfhreagrach in ionad an ainmfhocail “Comhphobal”. I bpointe (e) d’Airteagal 2, i bpointe (d) d’Airteagal 13(1), sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(1), in Airteagal 14(2), in Airteagal 18 agus sa chéad mhír d’Airteagal 22, cuirtear an leagan cuí gramadaí den téarma “críoch chustaim an Aontais” in ionad “críoch chustaim an Chomhphobail”. Sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(1), cuirtear an téarma “críoch chustaim an Aontais” in ionad an téarma “críoch chustaim an Chomhphobail”;

(2)

in Airteagal 2:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘substaint sceidealaithe’ aon substaint a liostaítear san Iarscríbhinn a fhéadfar a úsáid le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha, lena n-áirítear meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil na substaintí sin, ach ní áirítear leis sin meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil substaintí sceidealaithe agus atá comhshuite ar bhealach nach féidir na substaintí sceidealaithe a úsáid go héasca nó a eastóscadh trí mhodhanna is infheidhme go héasca nó trí mhodhanna atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), seachas táirgí íocshláinte agus táirgí íocshláinte tréidliachta a liostaítear san Iarscríbhinn;

(*1)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67)."

(*2)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘allmhairiú’ aon substaintí sceidealaithe, a bhfuil stádas earraí neamh-Aontais acu, do theacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear stóráil go sealadach, cur i saorchrios nó i saorstóras, cur faoi nós imeachta fionraíochta agus scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (*3);

(*3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

ciallaíonn ‘táirge nádúrtha’ orgánach nó cuid d’orgánach, i bhfoirm ar bith, nó aon substaint a fhaightear sa nádúr faoi mar a shainmhínítear i bpointe 39 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d’Airteagal 3:

“Déanfaidh an t-oibreoir gach allmhairiú, onnmhairiú agus gníomhaíocht idirmheánach lena mbaineann substaintí sceidealaithe, cé is moite de na substaintí a liostaítear i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn, a thaifeadadh trí bhíthin doiciméad custaim agus tráchtála, amhail dearbhuithe achoimre, dearbhuithe custaim, sonraisc, lastliostaí, doiciméid iompair agus loingis eile.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh lipéid greamaithe ar aon phacáistiú ina mbeidh substaintí sceidealaithe, cé is moite de shubstaintí a liostaítear i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn, lena léireofar a n-ainm mar a shainítear san Iarscríbhinn, nó, i gcás meascáin nó táirge nádúrtha, a ainm agus ainm aon substaint sceidealaithe, cé is moite de shubstaintí a liostaítear i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn, mar a shainítear san Iarscríbhinn, atá sa mheascán nó sa táirge nádúrtha. Ina theannta sin, féadfaidh oibreoirí a ngnáthlipéid a ghreamú.”;

(5)

in Airteagal 6:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh oibreoirí atá bunaithe san Aontas i seilbh ceadúnais, cé is moite de ghníomhairí custaim agus iompróirí ag gníomhú dóibh sa cháil sin amháin, agus iad i mbun gníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirmheánacha lena mbaineann substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 1 den Iarscríbhinn. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an t-oibreoir bunaithe an ceadúnas a eisiúint.

Agus deonú ceadúnas á bhreithniú, cuirfidh an t-údarás inniúil inniúlacht agus ionracas an iarratasóra san áireamh, go háirithe éagmais sáraithe thromchúisigh nó sáruithe leantacha ar reachtaíocht i réimse na réamhtheachtaithe drugaí agus éagmais taifid ar aon chion tromchúiseach coiriúil.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun na coinníollacha chun ceadúnais a dheonú a leagan amach agus chun na cásanna nach n-éilíonn ceadúnas a chinneadh.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Bunóidh an Coimisiún samhail le haghaidh ceadúnas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh oibreoirí atá bunaithe san Aontas i seilbh clárúcháin, cé is moite de ghníomhairí custaim agus iompróirí ag gníomhú dóibh sa cháil sin amháin, agus iad i mbun gníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirmheánacha lena mbaineann substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 2 den Iarscríbhinn, nó atá ag gabháil d’onnmhairiú substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 3 den Iarscríbhinn. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an t-oibreoir bunaithe an clárúchán sin a eisiúint.

Agus deonú clárúchán á bhreithniú, cuirfidh an t-údarás inniúil inniúlacht agus ionracas an iarratasóra san áireamh, go háirithe éagmais sáraithe thromchúisigh nó sáruithe leantacha ar reachtaíocht i réimse na réamhtheachtaithe drugaí agus éagmais taifid ar aon chion tromchúiseach coiriúil.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun na coinníollacha a leagan amach chun clárúcháin a dheonú agus chun na cásanna nach n-éilíonn clárúcháin a chinneadh.

2.   D’fhéadfadh an t-údarás inniúil an clárúchán a fhionraí nó a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoinar eisíodh an clárúchán a thuilleadh nó sa chás go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil baol ann maidir le hatreorú substaintí sceidealaithe.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1.   Nuair a dhéantar na substaintí sceidealaithe a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais lena ndíluchtú nó lena stóráil go sealadach, lena stóráil i saorchrios de chineál rialaithe I nó lena stóráil i saorstóras, nó lena gcur faoi nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais, ní mór don oibreoir na cuspóirí dleathacha a léiriú, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun na critéir a bhunú chun a chinneadh conas is féidir cuspóirí dleathacha an idirbhirt a thaispeáint, chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí uile substaintí sceidealaithe laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus chun a áirithiú gur féidir an baol atreoraithe a íoslaghdú.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Tabharfaidh oibreoirí atá bunaithe san Aontas fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill maidir le haon imthosca, amhail orduithe agus idirbhearta neamhghnácha lena mbaineann substaintí sceidealaithe, a thabharfaidh le fios go bhféadfaí substaintí den sórt sin atá ceaptha le haghaidh gníomhaíochtaí allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin nó idirmheánacha a atreorú chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach.

Chuige sin, soláthróidh oibreoirí aon fhaisnéis atá le fáil, amhail:

(a)

ainm na substainte sceidealaithe;

(b)

cainníocht agus meáchan na substainte sceidealaithe; agus

(c)

ainmneacha agus seoltaí an onnmhaireora, an allmhaireora, an choinsíní deiridh agus, más infheidhme, an duine a bhfuil baint aige leis na gníomhartha idirmheánacha.

Ní bhaileofar an fhaisnéis sin ach chun críocha atreorú substaintí sceidealaithe a chosc.

2.   Soláthróidh oibreoirí faisnéis go hachomair do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó idirmheánacha.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun an fhaisnéis a chinneadh atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla le go bhféadfaidh siad faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.

Sonróidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na rialacha nós imeachta maidir le soláthar faisnéise den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm leictreonach don bhunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí atá bunaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) (“an Bunachar Sonraí Eorpach”). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).”;"

(9)

in Airteagal 10, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“4.   D’fhonn freagairt go mear do threochtaí nua atreoraithe, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún moladh a dhéanamh go gcuirfí substaint neamhsceidealaithe leis an liosta dá dtagraítear i mír 2(b) d’fhonn faireachán sealadach a dhéanamh ar a cuid trádála. Sonrófar rialacha mionsonraithe agus critéir chun nithe a chur leis an liosta nó a bhaint de sna treoirlínte dá dtagraítear i mír 1.

5.   Má mheastar nach leor faireachán deonach arna dhéanamh ag an tionscal chun cosc a chur ar shubstaint neamhsceidealaithe a úsáid le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha, féadfaidh an Coimisiún an tsubstaint neamhsceidealaithe a chur leis an Iarscríbhinn trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 30b.”;

(10)

in Airteagal 11:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“1.   Maidir le honnmhairithe uile substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 1 agus i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn agus onnmhairithe substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 2 agus i gCatagóir 3 den Iarscríbhinn go tíortha cinn scríbe áirithe, seolfar fógra réamh-onnmhairiúcháin ó na húdaráis inniúla san Aontas chuig údaráis inniúla na tíre cinn scríbe, i gcomhréir le hAirteagal 12(10) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b den Rialachán seo chun liostaí na dtíortha cinn scríbe a chinneadh d’onnmhairiú substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 2 agus i gCatagóir 3 den Iarscríbhinn chun an baol a íoslaghdú maidir le hatreorú substaintí sceidealaithe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta simplithe maidir le fógraí réamh-onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil siad sásta nach mbeidh aon bhaol ann mar thoradh air sin maidir le hatreorú substaintí sceidealaithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun nósanna imeachta den sórt sin a chinneadh agus chun na comhchritéir atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a bhunú.”;

(11)

in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Ní bheidh onnmhairithe substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 3 den Iarscríbhinn faoi réir údarú onnmhairiúcháin, áfach, ach amháin i gcás inar gá fógraí réamh-onnmhairiúcháin.”;

(12)

in Airteagal 13(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“In iarratas ar údarú onnmhairiúcháin i dtaca le honnmhairithe substaintí sceidealaithe a liostaítear i gCatagóir 4 den Iarscríbhinn, beidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír ann.”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Féadfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm chun údarú onnmhairiúcháin a dheonú i gcás ina bhfuil siad sásta nach mbeidh aon bhaol ann maidir le hatreorú substaintí sceidealaithe dá thoradh sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b chun nósanna imeachta den sórt sin a chinneadh agus chun na comhchritéir atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla a bhunú.”;

(14)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Os a choinne sin thall, i gcás ina ndéantar na substaintí dá dtagraítear sa chéad mhír a dhíluchtú nó a thrasloingsiú, faoi stóráil shealadach, a stóráil i saorchrios de chineál rialaithe I nó a stóráil i saorstóras, nó a chur faoi nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais, ní éileofar údarú allmhairiúcháin den sórt sin.”;

(15)

in Airteagal 26:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 11 go hAirteagal 25 agus do mhír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh údaráis inniúla gach Ballstáit toirmeasc ar shubstaintí sceidealaithe a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a n-imeacht uaithi, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann gur le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha atá siad ceaptha.”;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“3a.   Cuirfidh údaráis inniúla gach Ballstáit toirmeasc ar choinsíneachtaí de shubstaintí neamhsceidealaithe a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a n-imeacht uaithi i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha atá siad ceaptha.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach ina leith d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún, agus leas á bhaint aige as an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27.

Measfar na substaintí sin a bheith molta chun a chur leis an liosta de shubstaintí neamhsceidealaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(2).

3b.   Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a ghlacadh chun a chur ar chumas a údarás inniúil idirbhearta lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe agus a mbeidh amhras fúthu a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe:

(a)

chun faisnéis a fháil maidir le haon orduithe le haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó maidir le haon oibríochtaí lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe;

(b)

chun dul isteach in áitribh ghnó chun fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha lena mbaineann substaintí neamhsceidealaithe.”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil V:

“GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

I dteannta na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 26, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta a leagan síos, nuair is gá, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta chun a áirithiú go ndéantar faireachán éifeachtach ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha, go háirithe maidir le dearadh agus úsáid foirmeacha údaraithe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin, chun atreorú na réamhtheachtaithe drugaí a chosc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).”;

(18)

scriostar Airteagal 29;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

1.   Beidh an Coiste um Réamhtheachtaithe Drugaí de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(20)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 30a

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b den Rialachán seo chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis seo a oiriúnú do threochtaí nua maidir le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí, go háirithe substaintí gur féidir a chlaochlú go héasca ina substaintí sceidealaithe, agus chun cloí le haon leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 30b

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 6(1), sa tríú fomhír d’Airteagal 7(1), in Airteagal 8(2), sa dara fomhír d’Airteagal 9(2), in Airteagal 10(5), in Airteagal 11(1) agus (3), in Airteagal 19 agus in Airteagal 30a agus in Airteagal 32(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 30 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 6(1), sa tríú fomhír d’Airteagal 7(1), in Airteagal 8(2), sa dara fomhír d’Airteagal 9(2), in Airteagal 10(5), in Airteagal 11(1) agus (3), in Airteagal 19 agus in Airteagal 30a agus in Airteagal 32(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 6(1), an tríú fomhír d’Airteagal 7(1), Airteagal 8(2), an dara fomhír d’Airteagal 9(2), Airteagal 10(5), Airteagal 11(1) agus (3), Airteagal 19 agus Airteagal 30a agus Airteagal 32(2) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(21)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

“Airteagal 32

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le cur chun feidhme na mbeart faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe maidir le substaintí a úsáidtear le haghaidh monarú aindleathach drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha agus maidir le modhanna atreoraithe agus monaraithe aindleathaigh, agus maidir lena dtrádáil dhleathach, a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn tráthúil i bhfoirm leictreonach tríd an mbunachar sonraí Eorpach.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30b d’fhonn na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar faoi mhír 1 den Airteagal seo a shonrú.

3.   Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit, measúnú ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 12(12) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil a dhréachtú lena cur faoi bhráid an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann dul i mbun gníomhaíochta breise chun idirbhearta maidir le substaintí neamhsceidealaithe a mbeidh amhras fúthu a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu.”;

(22)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 32a

Bainfidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún úsáid as an mbunachar sonraí Eorpach faoi na coinníollacha úsáide do na feidhmeanna seo a leanas:

(a)

chun cur in iúl faisnéise de bhun Airteagal 32(1) a éascú, chomh maith le tuairisc a thabhairt don Bhord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach de bhun Airteagal 32(3);

(b)

chun clár Eorpach d’oibreoirí a bhainistiú, ar deonaíodh ceadúnas nó clárúchán orthu;

(c)

chun oibreoirí a chumasú le faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin, allmhairiúcháin nó idirmheánacha de réir Airteagal 9(2), i bhfoirm leictreonach.”;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta agus le forálacha riaracháin náisiúnta lena ndéantar Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) a thrasuí agus faoi mhaoirseacht údarás maoirseachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear chun críche an bhunachair sonraí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

3.   Ní phróiseálfar aon chatagóirí speisialta de shonraí de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE chun críocha an Rialacháin seo.

4.   Maidir leis na sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus ní choinneofar iad níos faide ná an t-achar ama is gá chun na gcríoch ar ar bailíodh iad.

5.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 32a.

Gan dochar d’Airteagal 13 de Threoir 95/46/CE, is chun cosc a chur ar atreorú substaintí sceidealaithe a úsáidfear sonraí pearsanta a gheofar nó a dhéanfar a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo.

(*7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31)."

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”;"

(24)

san Iarscríbhinn:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Liosta de shubstaintí sceidealaithe”;

(b)

cuirtear isteach an fo-theideal seo a leanas roimh an gcéad tábla:

“Catagóir 1”;

(c)

i gCatagóir 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chód AC le haghaidh Noireifidríne:

“2939 44 00”;

(d)

i gCatagóir 1, cuirtear an tsubstaint seo a leanas leis an liosta de shubstaintí:

“Alfa-feiniolaicéataicéitinítríl, Cód AC 2926 90 95, Uimh. CAS 4468-48-8”;

(e)

cuirtear isteach an chatagóir seo a leanas:

“Catagóir 4

Substaint

Ainmniúchán AC (más éagsúil)

Cód AC

Táirgí íocshláinte agus táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil eifidrín nó a shalainn

Ina bhfuil eifidrín nó a shalainn

3003 40 20

3004 40 20

Táirgí íocshláinte agus táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil súideifidrín nó a shalainn

Ina bhfuil súideifidrín (INN) nó a shalainn

3003 40 30

3004 40 30 ”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(6)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.


10.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1260/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), amhail ón 1 Samhain 2014, tá tromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle le sainiú inter alia ar bhonn dhaonra na mBallstát.

(2)

Tugann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sainordú go rialta don Choiste um Beartas Eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus ar cháilíocht an airgeadais phoiblí ar bhonn réamh-mheastachán daonra a chuireann Eurostat ar fáil.

(3)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i dtaca le staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a mhiondealaítear de réir aonad críochach. Dá réir sin, d’fhonn staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainiú i gcomhréir le haicmiú NUTS.

(4)

I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú. Tá sonraí réigiúnacha bliantúla ar leibhéal réigiúnach NUTS 3 riachtanach chun na tuarascálacha sin a ullmhú agus chun faireachán rialta a dhéanamh ar athruithe déimeagrafacha agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i réigiúin an Aontais, lena n-áirítear cineálacha éagsúla réigiún amhail réigiúin teorann, réigiúin chathrach, réigiúin tuaithe agus réigiúin shléibhteacha agus oileánacha, tá gá le sonraí réigiúnacha bliantúla ar leibhéal réigiúnach NUTS 3. Ós rud é go mbíonn difríochtaí móra réigiúnacha le sonrú in aosú an daonra, ceanglaítear ar Eurostat réamh-mheastacháin réigiúnacha a ullmhú ar bhonn rialta chun an cur síos déimeagrafach ar réigiúin NUTS 2 san Aontas a chomhlánú.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 159 CFAE, tá tuarascáil le tarraingt suas ag an gCoimisiún gach bliain ar an dul chun cinn i ngnóthú chuspóirí Airteagal 151 CFAE lena n-áirítear an staid dhéimeagrafach san Aontas.

(6)

Ina Theachtaireacht an 20 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal “Dlúthpháirtíocht i gcúrsaí sláinte: éagothroime sláinte a laghdú san AE”, thacaigh an Coimisiún le sonraí a fhorbairt tuilleadh agus le sonraí a bhailiú tuilleadh, agus le táscairí sláinte a fhorbairt tuilleadh, de réir aoise, gnéis, stádais shocheacnamaíoch agus toisí geografacha.

(7)

Is é is cuspóir do Straitéis an Aontais um Fhorbraíocht Inbhuanaithe, arna seoladh ag an gComhairle Eorpach in Gothenburg in 2001 agus arna hathnuachan i Meitheamh 2006, feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht beatha na glúine seo agus na nglún atá le teacht. I dtuarascáil faireacháin an Choimisiúin (Eurostat), a fhoilsítear gach dhá bhliain, tugtar cur síos oibiachtúil staidrimh ar an dul chun cinn atá déanta, bunaithe ar shraith táscairí Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe.

(8)

Tá staidreamh déimeagrafach bliantúil ríthábhachtach chun staidéar a dhéanamh ar raon leathan beartas agus iad a shainiú, go háirithe ó thaobh saincheisteanna sóisialta agus eacnamaíocha, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Ainmneoir tábhachtach, i gcás raoin leathan táscairí beartas, is ea staidreamh Eorpach maidir leis an daonra.

(9)

Soláthraíonn cuspóir straitéiseach H.3 de Chaibidil IV de Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising (1995) creat tagartha maidir le giniúint agus scaipeadh sonraí agus faisnéise atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de le haghaidh cúiseanna pleanála agus meastóireachta beartais.

(10)

Cuid shár-riachtanach den mheastachán ar an daonra iomlán a dhéantar faoi chuimsiú Chóras Eorpach na gCuntas is ea staidreamh déimeagrafach. Is tábhachtach sonraí a nuashonrú agus a athbhreithniú nuair a bhíonn staidreamh á bhunú ar an leibhéal Eorpach.

(11)

Chun cáilíocht na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil, ó thaobh inchomparáideachta de go háirithe, a áirithiú, agus chun forbhreathnú iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna, agus ba cheart iad a bheith ag tagairt don dáta tagartha céanna nó don tréimhse thagartha chéanna.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), soláthraítear creat tagartha maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach. Ceanglaítear leis, go háirithe, comhlíonadh na bprionsabal maidir le neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

(13)

Ba cheart an fhaisnéis maidir le déimeagrafaíocht a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ábhartha arna bailiú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chuige sin, ba cheart modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe a mheasúnú, agus ba cheart a n-úsáid a spreagadh.

(14)

Agus staidreamh Eorpach á fhorbairt, á chur ar fáil agus á scaipeadh acu, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eorpacha, agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha ábhartha eile, aird a thabhairt ar na prionsabail a leagtar amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, mar a athbhreithníodh agus a nuashonraíodh é ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011.

(15)

Ráthaítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(16)

Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh déimeagrafach Eorpach sna Ballstáit a chur ar fáil go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann dlí chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

le “náisiúnta” tagraítear do chríoch Bhallstáit de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 is infheidhme ag an am tagartha;

(b)

ciallaíonn “réigiúnach” leibhéal NUTS 1, leibhéal NUTS 2 nó leibhéal NUTS 3 de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 is infheidhme ag an am tagartha; i gcás ina n-úsáidtear an téarma seo i dtaca le tíortha nach ballstáit den Aontas iad, ciallaíonn “réigiúnach” na réigiúin staidrimh ar leibhéal 1, leibhéal 2 nó leibhéal 3, arna gcomhaontú idir na tíortha sin agus an Coimisiún (Eurostat), ag an am tagartha;

(c)

ciallaíonn “daonra gnáthchónaithe” gach duine a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát ag an am tagartha;

(d)

ciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit a gcaitheann duine an sos laethúil go hiondúil, is cuma é a bheith as láthair go sealadach chun críocha áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireála leighis nó oilithreachta reiligiúnaí. Measfar gurb iad na daoine seo a leanas amháin gnáthchónaitheoirí i gceantar geografach sonrach:

(i)

na daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad roimh an am tagartha; nó

(ii)

na daoine a tháinig chun cónaí ina ngnátháit chónaithe sa 12 mhí roimh an am tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

I gcás nach féidir na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i bpointe (i) nó i bpointe (ii) a shuíomh, is féidir glacadh leis go gciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe, ach amháin chun críocha Airteagal 4.

Agus an sainmhíniú ar “gnátháit chónaithe” á chur i bhfeidhm acu, déileálfaidh na Ballstáit le cásanna speisialta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún (9);

(e)

ciallaíonn “beobhreith” breith linbh a análaíonn nó a léiríonn aon chomhartha eile beatha, amhail bualadh an chroí, cuisle na sreinge imleacáin nó gluaiseacht chinnte i matáin dheonacha, beag beann ar an aois sa tréimhse iompair;

(f)

ciallaíonn “bás” buandul ar ceal gach comhartha beatha am ar bith i ndiaidh beobhreithe (scor iarbhreithe na bhfeidhmeanna atá riachtanach don bheatha gan cumas athbheochana);

(g)

ciallaíonn “teagmhais bheatha” beobhreitheanna agus básanna mar a shainmhínítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) iad.

Airteagal 3

Sonraí maidir le daonra agus maidir le teagmhais bheatha

1.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na sonraí maidir lena ndaonra gnáthchónaithe ag an am tagartha. Cumhdóidh na sonraí arna soláthar an daonra de réir aoise, gnéis agus réigiúin cónaithe.

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí maidir lena dteagmhais bheatha a tharla le linn na tréimhse tagartha. Úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú céanna a úsáideann siad i gcás na sonraí dá dtagraítear i mír 1. Cumhdóidh na sonraí arna soláthar na hathróga seo a leanas:

(a)

beobhreitheanna de réir gnéis, mhí na breithe, ord na beobhreithe, aois na máthar, bhliain bhreithe na máthar, thír bhreithe na máthar, thír saoránachta na máthar agus réigiúin cónaithe na máthar;

(b)

básanna de réir aoise, gnéis, bhliain na breithe, an réigiúin cónaithe, thír na breithe, thír na saoránachta agus mhí na breithe.

3.   Úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú céanna ar dhaonra do gach leibhéal “náisiúnta” agus “réigiúnach” mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le miondealú na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, agus maidir le spriocdhátaí agus athbhreithnithe sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 4

An daonra iomlán chun críocha sonracha de chuid an Aontais

1.   Chun críocha vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí ar an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta ag an am tagartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(c), laistigh d’ocht mí ó dheireadh na bliana tagartha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar an daonra iomlán dá dtagraítear i mír 1 ón daonra atá ina chónaí go dlíthiúil nó ón daonra cláraithe agus úsáid á baint as modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu, atá dea-dhoiciméadaithe, agus atá ar fáil go poiblí.

Airteagal 5

Minicíocht agus am tagartha

1.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gach bliain sonraí maidir lena ndaonra agus maidir lena dteagmhais bheatha don bhliain roimhe sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gach bliain sonraí maidir leis an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh an t-am tagartha an dáta tagartha dá dtagraítear i mír 4 nó an tréimhse thagartha dá dtagraítear i mír 5, de réir mar is iomchuí.

4.   Is é a bheidh sa dáta tagartha i gcás sonraí maidir leis an daonra ná deireadh na tréimhse tagartha (meán oíche an 31 Nollaig). Beidh an chéad dáta tagartha in 2013 agus beidh an dáta tagartha deiridh in 2027.

5.   Is é a bheidh sa tréimhse thagartha i gcás sonraí maidir le teagmhais bheatha ná an bhliain féilire inar tharla na teagmhais. Is í an chéad tréimhse thagartha a bheidh ann ná 2013 agus is í an tréimhse thagartha deiridh a bheidh ann ná 2027.

Airteagal 6

Sonraí agus meiteashonraí a sholáthar

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear a thabhairt faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le sonraí agus meiteashonraí a idirmhalartú arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí sin a sholáthar trí sheirbhísí an Phointe Iontrála Aonair ionas gur féidir leis an gCoimisiún (Eurostat) iad a fháil, nó déanfaidh siad iad a tharchur trí sheirbhísí an Phointe Iontrála Aonair a úsáid.

Airteagal 7

Foinsí sonraí

Beidh na sonraí bunaithe ar na foinsí sonraí arna roghnú ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí agus cleachtas náisiúnta. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear modhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe.

Airteagal 8

Staidéir féidearthachta

1.   Cuirfidh na Ballstáit staidéir féidearthachta i gcrích maidir le húsáid an tsainmhínithe “gnátháit chónaithe” don daonra agus do na teagmhais bheatha amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2).

2.   Déanfar torthaí na staidéar féidearthachta dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2016.

3.   Chun cur i gcrích na staidéar féidearthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a éascú, féadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a sholáthar do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 9

Ceanglais cháilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí tarchurtha a áirithiú.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur.

3.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir leis na meiteashonraí tagartha, agus caighdeáin na gCóras Staidrimh Eorpach á n-úsáid acu, agus tuairisc á déanamh go háirithe acu maidir leis na foinsí sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna meastacháin a úsáideadh don chéad bhliain thagartha, agus coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi aon athruithe air sin.

4.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile dó is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí maidir leis an daonra a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 3 den Rialachán seo comhsheasmhach leis na sonraí a cheanglaítear a thabhairt le pointe (c) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Clásal Athbhreithnithe

1.   Cuirfidh an Coimisiún an chéad tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2018, agus dara tuarascáil faoin 31 Nollaig 2023. Sna tuarascálacha sin, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit san áireamh agus déanfaidh sé meastóireacht ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid, ar an ualach breise arna fhorchur ar na Ballstáit agus ar na freagróirí, agus ar inchomparáideacht an staidrimh sin. Déanfar meastóireacht leis na tuarascálacha sin ar úsáid mhodhanna meastacháin staidrimh a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus atá dea-dhoiciméadaithe maidir le meastachán a dhéanamh ar an “daonra gnáthchónaithe” ón daonra atá ina chónaí go dlíthiúil nó ón daonra cláraithe. Cumhdóidh an chéad tuarascáil torthaí na stáidéar féidearthachta dá dtagraítear in Airteagal 8 freisin.

2.   Más iomchuí, beidh ag gabháil leis na tuarascálacha tograí atá ceaptha chun feabhas breise a chur ar an gcreat coiteann dlí chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Lúnasa 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lch. 14).

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla na dtopaicí agus lena miondealuithe (IO L 329, 15.12.2009, lch. 29).