ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.CE2011.102.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

54
2 Aibreán 2011


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2011/C /01

Seasamh (AE) Uimh. 7/2011 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n-aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 21 Feabhra 2011
 ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 102 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

2.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 7/2011 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n-aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 21 Feabhra 2011

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2011/C 102 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí na bearta a ghlacann sé de bhun Airteagal 114 de.

(2)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuirtear go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha dá barr.

(3)

D’fhonn ardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun a gceart chun faisnéise a ráthú, ba cheart a áirithiú go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go cuí maidir leis an mbia a chaitheann siad. Is féidir tionchar a bheith ag, inter alia, dálaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla ar na roghanna a dhéanann tomhaltóirí.

(4)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí um bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (3), foráiltear gur prionsabal ginearálta de dhlí um bia é bunús a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia a chaitheann siad agus chun cosc a chur ar aon chleachtas lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur ar míthreoir.

(5)

Le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma gnó-go-tomhaltóir sa mhargadh inmheánach (4), cumhdaítear gnéithe áirithe soláthair faisnéise do thomhaltóirí chun cosc a chur go sonrach ar ghníomhaíochtaí míthreoracha agus ar easnaimh faisnéise. Ba cheart go ndéanfaí na prionsabail ghinearálta maidir le cleachtais tráchtála éagothroma a chomhlánú le rialacha sonracha a bhaineann le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí.

(6)

Leagtar síos rialacha an Aontais maidir le lipéadú bia atá infheidhme maidir le gach bia i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht earraí bia (5). Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1978, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Le Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 um lipéadú cothúcháin ar earraí bia (6), leagtar síos rialacha maidir le hinneachar agus le cur i láthair faisnéise cothúcháin ar bhianna réamhphacáilte. De réir na rialacha sin, is go saorálach a dhéanfar faisnéis chothúcháin a áireamh mura rud é go ndéantar maíomh cothúcháin i dtaca leis an mbia. Tá formhór na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1990, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Comhlánaítear na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú le roinnt forálacha atá infheidhme maidir le gach bia in imthosca áirithe nó maidir le catagóirí áirithe bianna. Ina theannta sin, tá roinnt rialacha sonracha ann atá infheidhme maidir le bianna sonracha.

(9)

Cé go bhfuil bunchuspóirí agus príomhghnéithe na reachtaíochta maidir le lipéadú fós bailí, is gá an reachtaíocht sin a shruthlíniú chun comhlíonadh níos éasca, agus soiléireacht níos fearr a áirithiú do gheallsealbhóirí agus is gá í a nuachóiriú chun forbairtí nua i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh.

(10)

Tá leas an phobail i gceist sa ghaolmhaireacht atá ann idir réim bia agus sláinte agus i rogha na réime bia iomchuí chun freastal ar riachtanais aonair an duine. Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2007 maidir le Straitéis don Eoraip maidir le Cothúchán, Rómheáchan, agus saincheisteanna sláinte atá gaolmhar le Murtall (an “Páipéar Bán ón gCoimisiún”), tugadh faoi deara gur uirlis thábhachtach é an lipéadú cothúcháin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le comhdhéanamh bianna agus chun cuidiú leo rogha eolasach a dhéanamh. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2007 dar teideal “Straitéis an AE um beartas tomhaltóirí 2007-2013 — Tomhaltóirí a chumasú, leas tomhaltóirí a fheabhsú , agus tomhaltóirí a chosaint go héifeachtach” leagtar béim ar a fíorthábhachtaí atá sé, ó thaobh na hiomaíochta éifeachtaí agus ó thaobh leas na dtomhaltóirí de araon, tomhaltóirí a chumasú chun rogha eolasach a dhéanamh. Le heolas ar bhunphrionsabail an chothúcháin agus le faisnéis chothúcháin iomchuí a bheith ar bhianna, rannchuideofaí go mór le cur ar chumas an tomhaltóra rogha eolasach den sórt sin a dhéanamh.

(11)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus forfheidhmiú réasúnach agus comhsheasmhach a áirithiú, is iomchuí Treoir 90/496/CEE agus Treoir 2000/13/CE a aisghairm agus Rialachán amháin a chur ina n-ionad lena n-áiritheofar deimhneacht do thomhaltóirí agus don tionscal araon agus lena laghdófar an t-ualach riaracháin.

(12)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí gníomhartha cothrománacha eile a aisghairm agus a áireamh sa Rialachán seo, eadhon Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 1987 maidir leis an neart alcóil de réir toirte a léiriú ar an lipéadú ar dheochanna alcólacha atá ar díol leis an tomhaltóir deiridh (7), Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún an 8 Márta 1999 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe ar fhorálacha Airteagal 7 de Threoir 79/112/CEE ón gComhairle maidir le lipéadú ar earraí bia (8), Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú ar earraí bia ina bhfuil quinín, agus ar earraí bia ina bhfuil caiféin (9), Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún an 31 Márta 2004 maidir le lipéadú ar bhianna agus ar chomhábhair bhia lena gcuirtear fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil agus/nó eistir fíteastanóil (10) agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2008 maidir leis an sainordú go ndéanfar sonraí seachas na sonraí dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú ar an lipéadú ar earraí bia de (11).

(13)

Is gá sainmhínithe, prionsabail, ceanglais agus nósanna imeachta comhchoiteanna a shocrú ionas go ndéanfar creat soiléir agus bonn comhchoiteann a leagan amach do bhearta an Aontais agus do bhearta náisiúnta lena rialaítear faisnéis bhia.

(14)

Chun cur chuige cuimsitheach, éabhlóideach a leanúint maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do thomhaltóirí maidir leis an mbia a chaitheann siad, ba cheart sainmhíniú leathan a bheith ann ar an dlí um fhaisnéis bhia ar sainmhíniú é lena gclúdófaí rialacha de chineál ginearálta agus de chineál sonrach, mar aon le sainmhíniú leathan ar fhaisnéis bhia lena gclúdófaí an fhaisnéis a sholáthraítear trí mhodhanna eile seachas an lipéad.

(15)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Aontais ach amháin maidir le gnóthais, ar eintitis iad de réir a gcoincheapa a bhfuil sé intuigthe ina leith go ngabhann leanúnachas áirithe ó thaobh gníomhaíochtaí de agus leibhéal áirithe eagrúcháin leo. Níor cheart go dtiocfadh oibríochtaí amhail láimhseáil, dáileadh nó díol bia ar bhonn ócáideach ag daoine príobháideacha ag ócáidí amhail ócáidí carthanais nó aontaí agus cruinnithe áitiúla pobail faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart go ndéanfaí dóthain solúbthachta a sholáthar leis an dlí um fhaisnéis bhia chun go mbeifí in ann coimeád cothrom le dáta leis na riachtanais nua atá ag tomhaltóirí maidir le faisnéis agus chun go n-áiritheofaí cothromaíocht idir cosaint an mhargaidh inmheánaigh agus na difríochtaí i leith léargas tomhaltóirí sna Ballstáit.

(17)

Ba cheart go gceanglófaí faisnéis shainordaitheach bhia ar an ábhar, go príomha, go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí bia ar leith a shainaithint agus a úsáid go cuí agus roghanna a dhéanamh a bheidh oiriúnach dá riachtanais chothúcháin féin. Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfeadh oibreoirí gnó bia le hinrochtaineacht na faisnéise sin don lucht lagamhairc.

(18)

Chun go mbeifear in ann an dlí um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha faisnéise tomhaltóirí, maidir leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin, agus an gá atá le faisnéis shainordaitheach bhia á mheas, go bhfuil sé léirithe go forleathan gur mian le tromlach mór tomhaltóirí go nochtfaí faisnéis áirithe.

(19)

Níor cheart ceanglais shainordaitheacha nua a bhunú maidir le faisnéis bhia, áfach, ach amháin más gá sin agus i gcás inar gá sin, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na hinbhuaine.

(20)

Leis na rialacha um fhaisnéis nua, ba cheart go gcuirfí toirmeasc ar úsáid a bhaint as faisnéis a chuirfeadh an tomhaltóir ar míthreoir go háirithe faisnéis maidir le saintréithe an bhia, iarmhairtí nó airíonna an bhia, nó faisnéis a chuirfeadh airíonna leigheasacha i mbaint le bianna. Chun bheith éifeachtach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le fógraíocht agus cur i láthair bianna.

(21)

Chun cosc a chur ar ilroinnt na rialacha a bhaineann le freagracht oibreoirí gnó bia maidir le faisnéis bhia, is iomchuí freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia sa réimse seo a shoiléiriú. Ba cheart go mbeadh an soiléiriú sin i gcomhréir leis na freagrachtaí, maidir leis an tomhaltóir, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(22)

Ba cheart liosta a tharraingt suas den fhaisnéis shainordaitheach go léir ba cheart a sholáthar i bprionsabal i gcás gach bia a bheartaítear don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis a cheanglaítear a bheith ann cheana féin faoin reachtaíocht atá ann cheana a choinneáil sa liosta sin ós rud é go meastar ina leith i gcoitinne gur acquis luachmhar é i ndáil le faisnéis do thomhaltóirí.

(23)

Chun athruithe agus forbairtí i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh, ba cheart a fhoráil go gcumhachtófaí don Choimisiún sonraí áirithe a chur ar fáil trí mhodhanna malartacha. Trí dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí, ba cheart go mbeadh sé níos éasca athruithe tráthúla agus dea-roghnaithe a dhéanamh ar cheanglais maidir le faisnéis bhia.

(24)

Nuair a úsáidtear comhábhair áirithe nó substaintí áirithe eile nó táirgí áirithe (amhail áiseanna próiseála) chun bianna a tháirgeadh agus nuair atá na nithe sin fós sna bianna sin, is cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí i dtomhaltóirí, agus d’fhéadfadh roinnt de na hailléirgí nó de na héadulaingtí sin sláinte na ndaoine lena mbaineann a chur i mbaol. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faisnéis faoi bhreiseáin bhia ar fáil, faoi áiseanna próiseála agus faoi shubstaintí nó faoi tháirgí eile atá i mbianna agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó le héadulaingtí chun a chumasú do thomhaltóirí a bhfuil ailléirgí nó éadulaingtí bia orthu roghanna eolasacha sábháilte a dhéanamh.

(25)

Ba cheart go mbeadh lipéid bia soiléir agus intuigthe chun cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí le linn dóibh roghanna bia agus cothaitheacha níos eolasaí a dhéanamh. Léirítear i staidéir gur eilimint thábhachtach í an inléiteacht chun gur mó an seans go rachaidh an fhaisnéis ar an lipéad i gcion ar lucht a léite agus go bhfuil clómhéid bheag ar cheann de na príomhchúiseanna le mhíshástacht i measc na dtomhaltóirí maidir le lipéid bhia. Ba cheart, áfach, cur chuige cuimsitheach a fhorbairt chun gach gné a bhaineann le hinléiteacht a chur san áireamh.

(26)

Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis bhia, ní mór féachaint ar na bealaí go léir ina soláthraítear bia do thomhaltóirí, lena n-áirítear bia a dhíol trí chianchumarsáid. Cé go bhfuil sé soiléir gur cheart go gcomhlíonfadh aon bhia a sholáthraítear trí chiandíol na ceanglais chéanna faisnéise a chomhlíonann bia a dhíoltar sna siopaí,is gá a shoiléiriú gur cheart i gcásanna den sórt sin go mbeadh an fhaisnéis ábhartha shainordaitheach bhia ar fáil freisin sula gcuirfí an ceannach i gcrích.

(27)

D’fhonn faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, ar faisnéis í atá riachtanach dóibh chun rogha eolasach a dhéanamh, ba cheart go ndéanfaí faisnéis faoi chomhábhair deochanna alcólacha measctha a sholáthar freisin.

(28)

Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaí faisnéis faoi dheochanna alcólacha eile a sholáthar do thomhaltóirí. Tá rialacha sonracha an Aontais ann cheana maidir le lipéadú fíona. Le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (12) leagtar síos rialacha lena n-áirithítear go ndéantar tomhaltóirí a chosaint agus a chur ar an eolas i gceart. Dá bhrí sin, is iomchuí, ag an gcéim seo, fíon a dhíolmhú ón oibleagáid comhábhair a liostú agus dearbhú cothúcháin a sholáthar. Ar an gcuma chéanna, déantar cosaint an tomhaltóra i ndáil le deochanna áirithe alcólacha a áirithiú le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona cumhraithe agus manglaim a dhéantar as táirgí fíona chumhraithe (13) agus le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 agus maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (14). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an díolúine chéanna maidir leis na deochanna a chuimsítear leis an dá Rialachán sin.

(29)

Is gá déileáil ar an mbealach céanna le deochanna atá inchomparáide le fíon, fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona chumhraithe, manglaim a dhéantar as táirgí fíona chumhraithe agus biotáillí, agus a áirithiú go ndéanfar na ceanglais chéanna de chuid an dlí um fhaisnéis bhia a chur i bhfeidhm maidir leis na deochanna sin. Ba cheart, dá bhrí sin, maidir leis an díolúine ón oibleagáid na comhábhair a liostú agus chun foráil a dhéanamh maidir le dearbhú cothúcháin a sholáthar go mbeadh feidhm ag an díolúine sin freisin maidir le deochanna inar mó ná 1,2 % alcól de réir toirte an méid alcóil atá ann, ar alcól é a fhaightear trí choipeadh a dhéanamh ar thorthaí nó ar ghlasraí, maidir le meá agus maidir le gach cineál beorach.

(30)

Ba cheart, áfach, go ndeánfadh an Coimisiún, laistigh de chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tuarascáil a ullmhú i dtaobh ar cheart catagóirí áirithe deochanna a dhíolmhú go háirithe ón bhfaisnéis i ndáil leis an luach fuinnimh a sholáthar agus ar tuarascáil í ina luafaí na cúiseanna le cosaint do dhíolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an gá atá ann le comhleanúnachas le beartais ábhartha eile an Aontais Eorpaigh a áirithiú á chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a mholadh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, más gá sin.

(31)

Ba cheart go ndéanfaí léiriú maidir le tír thionscnaimh bia áirithe nó bunáitíocht bhia áirithe a sholáthar aon uair is dóigh go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir, d’uireasa na faisnéise sin, i dtaca le fíorthír thionscnaimh nó le fíorbhunáitíocht an táirge sin. I ngach cás eile, ba cheart léiriú maidir le tír thionscnaimh nó bunáitíocht a sholáthar ar bhealach nach meabhlófaí an tomhaltóir agus ar bhonn critéar arna sainiú go soiléir agus lena n-áiritheofaí machaire réidh don tionscal agus lena bhfeabhsófaí an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a bhaineann le tír thionscnaimh ábhair bia nó le bunáitíocht bhia áirithe. Níor cheart go mbeadh feidhm ag na critéir sin maidir le léirithe a bhaineann le hainm nó le seoladh an oibreora gnó bia.

(32)

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh fonn ar oibreoirí gnó bia ionad tionscnaimh bia a léiriú ar bhonn saorálach chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar cháilíochtaí a dtáirge. Ba cheart go gcomhlíonfadh léirithe den sórt sin critéir chomhchuibhithe freisin.

(33)

Mar thoradh ar ghéarchéim na heinceifileapaite spúinsí bólachta, tá an léiriú ar an ionad tionscnaimh sainordaitheach faoi láthair san Aontas i gcás mairteola agus táirgí mairteola (15) agus cruthaíodh ionchais dá bharr sin ar thaobh na dtomhaltóirí. Daingnítear leis an measúnacht tionchair ón gCoimisiún gur dealraitheach gurb é tionscnamh na feola an t-ábhar is mó cúram do thomhaltóirí. Caitear feolta eile go forleathan san Aontas, amhail muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil. Is iomchuí, dá bhrí sin, an dearbhú sainordaitheach maidir le tionscnamh a fhorchur i gcomhair na dtáirgí sin. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir na ceanglais shonracha maidir le hionad tionscnaimh cineálacha éagsúla feola de réir shaintréithe speiceas an ainmhí. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bunú ceanglas sainordaitheach trí rialacha cur chun feidhme, ar ceanglais iad a d’fhéadfadh a bheith éagsúil lena chéile ag brath ar an gcineál feola atá i gceist, agus prionsabal na comhréireachta agus an t-ualach riaracháin a bheadh ar oibreoirí gnó bia agus ar údaráis forfheidhmiúcháin á gcur san áireamh.

(34)

Forbraíodh forálacha sainordaitheacha i leith ionad tionscnaimh ar bhonn cur chuige ceartingearach a rinneadh mar shampla i gcás meala (16), torthaí agus glasraí (17), éisc (18), mairteola agus táirgí mairteola (19) agus ola olóige (20). Tá gá le fiosrú a dhéanamh i dtaobh arbh fhéidir lipéadú sainordaitheach maidir le hionad tionscnaimh a leathnú chuig lipéadú le haghaidh earraí eile bia. Dá bhrí sin, is iomchuí a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a ullmhú lena gcumhdófar na hearraí bia seo a leanas: cineálacha feola seachas mairteoil, muiceoil, caoireoil, feoil ghabhair agus éineoil; bainne; bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; agus táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu; agus comhábhair ar mó a méid ná 50 % de bhia áirithe. Ós rud é go bhfuil bainne i measc na dtáirgí a meastar ina leith go bhfuil spéis faoi leith ag baint le léiriú a ionaid tionscnaimh, ba cheart go gcuirfí tuarascáil an Choimisiúin i dtaca leis an táirge sin ar fáil a luaithe agus is féidir. Ar bhonn chonclúidí tuarascálacha den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun na forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú nó féadfaidh sé dul i mbun tionscnamh nua, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn earnála.

(35)

Déantar rialacha neamhfhabhracha an Aontais maidir le tionscnamh a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (21) agus déantar na forálacha le haghaidh cur chun feidhme a bhaineann leis na rialacha sin a leagan síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (22). Cinnfear tír thionscnaimh bianna ar bhonn na rialacha sin, ar rialacha iad a bhfuil eolas maith ag oibreoirí gnó bia agus ag luchtanna riaracháin orthu, agus ba cheart go n-éascódh sé sin iad a cur chun feidhme.

(36)

Baineann an dearbhú cothúcháin ar bhia le faisnéis maidir le fuinneamh agus le cothaithigh áirithe a bheith i mbianna. Maidir le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin, ba cheart go gcuideodh sé le gníomhaíocht i réimse an oideachais cothúcháin i gcomhair an phobail agus go dtacódh sé le roghanna eolasacha a dhéanamh i dtaobh bia.

(37)

Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún, leagadh béim ar eilimintí áirithe cothaitheacha atá tábhachtach do shláinte an phobail amhail saill sháithithe, siúcraí nó sóidiam. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí eilimintí den sórt sin a chur san áireamh sna ceanglais a bhaineann le soláthar sainordaitheach faisnéise cothúcháin.

(38)

Ós rud é gurb é ceann amháin de na cuspóirí atá ag an Rialachán seo bunús a sholáthar don tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh, tá sé tábhachtach a áirithiú i ndáil leis sin go dtuigfidh an tomhaltóir deiridh an fhaisnéis a sholáthraítear ar an lipéadú go héasca. Dá bhrí sin, is iomchuí an téarma “salann” a úsáid ar an lipéadú in ionad théarma comhfhreagrach an chothaithigh, “sóidiam”.

(39)

I gcoitinne, níl tomhaltóirí ar an eolas faoin dóigh a d’fhéadfadh deochanna alcólacha cur lena réim bia ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí a áirithiú go ndéantar faisnéis a sholáthar go háirithe maidir leis an gcion cothaithigh i ndeochanna alcólacha measctha.

(40)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas dhlí an Aontais, maidir le maímh chothúcháin nó shláinte a chuirtear ar lipéid bhia ar bhonn saorálach ba cheart go mbeidís i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna (23).

(41)

Chun go seachnófar ualaí neamhriachtanacha ar thionscal, is iomchuí go ndéanfaí catagóirí áirithe bianna neamhphróiseáilte nó catagóirí áirithe bianna, ar ina leith nach toisc bhunúsach í faisnéis chothúcháin ó thaobh rogha an tomhaltóra de a dhíolmhú ón sainordú go ndéanfar dearbhú cothúcháin a áireamh, mura rud é go ndéantar foráil faoi rialacha eile an Aontais maidir leis an oibleagáid an fhaisnéis sin a sholáthar.

(42)

Chun bheith tarraingteach don ghnáth-thomhaltóir agus chun fónamh don chríoch fhaisnéisiúil dá bhfuil sí á tabhairt isteach agus i bhfianaise an leibhéil reatha eolais maidir le cothúchán, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis chothúcháin a sholáthraítear simplí agus sothuigthe. D’fhéadfadh sé go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí dá gcuirfí an fhaisnéis chothúcháin go páirteach ar aghaidh an phacáiste agus go páirteach ar chúl an phacáiste. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an dearbhú cothúcháin sa réimse céanna radhairc. Ina theannta sin féadfar, ar bhonn saorálach, roinnt faisnéise a athrá, mar shampla ar “aghaidh an phacáiste”. D’fhéadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí dá mbeadh rogha shaor ann maidir leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a athrá. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú cén fhaisnéis a fhéadfar a athrá chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí in ann an fhaisnéis riachtanach chothúcháin a fheiceáil go héasca nuair atá bianna á gceannach acu.

(43)

Chun oibreoirí gnó bia a spreagadh chun an fhaisnéis atá sa dearbhú cothúcháin i gcomhair bianna amhail deochanna alcólacha agus bianna neamh-réamhphacáilte, ar bianna iad a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe ón dearbhú cothúcháin, a sholáthar ar bhonn saorálach, ba cheart go gceadófaí dóibh gan ach eilimintí teoranta an dearbhaithe cothúcháin a dhearbhú. Mar sin féin, is iomchuí a chinneadh go soiléir cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar ar bhonn saorálach chun nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir de bharr rogha shaor an oibreora gnó bia.

(44)

Tá forbairtí déanta le déanaí maidir leis an gcaoi a ndéanann roinnt Ballstát agus roinnt eagraíochtaí in earnáil an bhia an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair, is é sin seachas sloinneadh a dhéanamh in aghaidh na coda 100 g/100 ml, trí fhoirmeacha grafacha nó trí shiombailí a úsáid. D’fhéadfadh sé go gcabhródh na bealaí breise sin maidir le sloinneadh agus cur i láthair le tomhaltóirí an dearbhú cothúcháin a thuiscint níos fearr. Níl dóthain fianaise ann, áfach, ar fud an Aontais faoin gcaoi a dtuigeann agus a n-úsáideann an gnáth-thomhaltóir na bealaí malartacha maidir le sloinneadh nó cur i láthair na faisnéise. Dá bhrí sin, is iomchuí go lámhálfaí bealaí éagsúla a fhorbairt maidir le sloinneadh agus a cur i láthair, ar bealaí iad a fhorbrófar ar bhonn critéar a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú maidir le húsáid na mbealaí sin maidir le sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh, faoin éifeacht a bhíonn acu ar an margadh inmheánach, agus faoina inmhianaithe atá sé iad a chomhchuibhiú tuilleadh.

(45)

Chun cuidiú leis an gCoimisiún an tuarascáil sin a ullmhú, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún faoin úsáid na mbealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin ar an margadh ina gcríoch. Chun déanamh amhlaidh, ba cheart go gcumhachtófaí do na Ballstáit a iarraidh ar na hoibreoirí gnó bia a bhfuil bianna á gcur ar an margadh acu ina gcríoch, ar bianna iad a bhfuil bealaí breise orthu maidir le sloinneadh nó cur i láthair, fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta faoi úsáid na mbealaí breise den chineál sin agus faoi na fírinnithe ábhartha maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo.

(46)

Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí leibhéal áirithe comhsheasmhachta a áirithiú maidir le forbairt bealaí breise maidir le sloinneadh agus cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin. Is iomchuí dá bhrí sin go ndéanfaí malartú agus roinnt na ndea-chleachtas agus na taithí ar bhonn leanúnach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a chur chun cinn agus go ndéanfaí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a chur chun cinn maidir leis na malartuithe sin.

(47)

Maidir le dearbhú mhéideanna na n-eilimintí cothaitheacha agus táscairí comparáideacha i bhfoirm atá so-aitheanta a chur sa réimse céanna radhairc sa chaoi go mbeifear in ann airíonna cothaitheacha an bhia a mheasúnú, ba cheart go mbreithneofaí an méid sin ina iomláine mar chuid den dearbhú cothúcháin agus níor cheart déileáil leis mar ghrúpa maíomh aonair.

(48)

Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go dtarlaíonn sé ina lán cásanna go dtugtar an fhaisnéis shaorálach bhia ar shlí a théann chun dochar do shoiléireacht na faisnéise sainordaithí bia. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a sholáthar chun cabhrú le hoibreoirí gnó bia agus le húdaráis forfheidhmiúcháin cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar faisnéise sainordaithí bia agus soláthar faisnéise saorálaí bia.

(49)

Ba cheart go gcoimeádfadh na Ballstáit an ceart chun rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a sholáthar a bhaineann le bianna neamh-réamhphacáilte ach sin ag brath ar na coinníollacha praiticiúla áitiúla agus ar na dálaí praiticiúla áitiúla. Cé go bhfuil éileamh tomhaltóirí ar fhaisnéis eile teoranta i gcásanna den sórt sin, meastar gur faisnéis an-tábhachtach í an fhaisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint gur féidir an chuid is mó de na teagmhais ailléirge bia a rianú siar go bia neamh-réamhphacáilte. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bhaineann le hailléirginí a d’fhéadfadh a bheith ann a sholáthar don tomhaltóir i gcónaí.

(50)

Níor cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, mura rud é go n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh le dlí an Aontais. Níor cheart go gcuirtear cosc, leis an Rialachán seo, ar Bhallstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le nithe nach ndéantar a chomhchuibhiú go sonrach sa Rialachán seo.

(51)

Ba cheart go bhféadfaí na rialacha um fhaisnéis bhia a chur in oiriúint do thimpeallacht shóisialta, eacnamaíoch agus theicneolaíoch atá ag athrú go tapa.

(52)

Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh rialacha dlí um beatha agus bia, agus comhlíonadh rialacha um shláinte ainmhithe agus rialacha um leas ainmhithe a fhíorú (24).

(53)

Ba cheart tagairtí do Threoir 90/496/CEE i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bianna (25) a thabhairt cothrom le dáta le go gcuirfí an Rialachán seo san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir.

(54)

Dá ndéanfaí na ceanglais maidir le faisnéis bhia a thabhairt cothrom le dáta go neamhrialta agus go minic, d’fhéadfadh sé go gcuirfí ualaí suntasacha riaracháin ar ghnóthaí bia go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go mbeidh feidhm, tar éis idirthréimhse iomchuí, ar an lá céanna in aon bhliain féilire, ag na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh le linn na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú. Ba cheart maoluithe ar an bprionsabal sin a cheadú i gcásanna práinne, nuair is é is cuspóir do na bearta lena mbaineann ná sláinte an duine a chosaint.

(55)

Chun a chur ar chumas na n-oibreoirí gnó bia lipéadú a dtáirgí a chur in oiriúint do na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go ndéanfaí foráil maidir le hidirthréimhsí iomchuí ann i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(56)

I bhfianaise na n-athruithe suntasacha atá á dtabhairt isteach leis an Rialachán seo ar na ceanglais a bhaineann le lipéadú cothúcháin, go háirithe athruithe i ndáil le hinneachar an dearbhaithe cothúcháin, is iomchuí a údarú d’oibreoirí gnó bia gníomhú in oirchill ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(57)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus, gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(58)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis an méid seo a leanas, inter alia, is é sin infhaighteacht sonraí sainordaitheacha áirithe ar mhodh seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad, liosta na mbianna nach gceanglaítear liosta comhábhar a thaispeáint orthu, athscrúdú a dhéanamh ar an liosta substaintí nó táirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí, nó liosta na gcothaitheach a bhféadfar dearbhú a dhéanamh ar bhonn saorálach ina dtaobh. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe.

(59)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis an méid seo a leanas, inter alia, is é sin na modhanna chun sonra amháin nó níos mó a shloinneadh trí phicteagraim nó trí shiombailí in ionad trí fhocail nó trí huimhreacha, an chodarsnacht idir an cló agus an cúlra, an chaoi ina léirítear an dáta íosmharthanachta, an chaoi ina léirítear an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht i gcás feola, beachtas na luachanna dearbhaithe don dearbhú cothúcháin, nó maidir le sloinneadh an dearbhaithe cothúcháin in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais. I gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE, déanfar rialacha agus prionsabail ghinearálta maidir leis na sásraí trína rialóidh na Ballstáit feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún a leagan síos roimh ré i rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an Rialachán nua sin, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ón gComhairle, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (26), d’fheidhm a bheith aige cé is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar nós imeachta é nach bhfuil infheidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, déantar an bunús a sholáthar chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus na difríochtaí i dtaca le brath tomhaltóirí, agus riachtanas faisnéise tomhaltóirí, á gcur san áireamh ach feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna.

2.   Leis an Rialachán seo bunaítear na prionsabail, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta lena rialaítear faisnéis bhia, agus lipéadú bia go háirithe. Leagtar síos leis na modhanna chun an ceart chun faisnéise atá ag tomhaltóirí a ráthú, na nósanna imeachta chun faisnéis bhia a sholáthar, agus an gá atá le solúbthacht leordhóthanach a sholáthar chun freagairt ar fhorbairtí amach anseo agus ar cheanglais nua faisnéise á chur san áireamh.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí gnó bia ag gach céim den bhiashlabhra, i gcás ina mbaineann a ngníomhaíochtaí le faisnéis bhia a soláthar do thomhaltóirí. Beidh feidhm aige maidir leis na bianna go léir a bheartaítear a sholáthar don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear bianna a dhéanann oll-lónadóirí a sheachadadh agus bianna a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le bianna áirithe.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

na sainmhínithe ar “bia”, “dlí um bia”, “gnó bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol”, “cur ar an margadh” agus “tomhaltóir deiridh” in Airteagal 2 agus i bpointí (1), (2), (3), (7), (8) agus (18) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b)

na sainmhínithe ar “próiseáil”, “táirgí neamhphróiseáilte” agus “táirgí próiseáilte” i bpointe (m), i bpointe (n) agus i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (27);

(c)

an sainmhíniú ar “einsím bia” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (28);

(d)

na sainmhínithe ar “breiseán bia” ar “áis phróiseála” agus ar “iompróir” i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (29);

(e)

an sainmhíniú ar “blastán” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (30);

(f)

na sainmhínithe ar “feoil” agus ar “feoil inneall-scartha” i bpointe 1.1 agus i bpointe 1.14 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de thionscnamh ainmhíoch (31);

(g)

an sainmhíniú ar “modhanna cianchumarsáide” i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí (32);

(h)

an sainmhíniú ar “fógraíocht” i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus le fógraíocht chomparáideach (33);

(i)

an sainmhíniú ar “nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu” atá i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh … /2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le bianna núíosacha (34)  (35).

2.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn “faisnéis bhia” an fhaisnéis a bhaineann le bia agus a sholáthraítear don tomhaltóir deiridh trí bhíthin lipéid, trí bhíthin aon ábhair eile a ghabhann leis an mbia, nó trí aon mhodh eile lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha nó cumarsáid ó bhéal;

(b)

ciallaíonn “dlí um fhaisnéis bhia” forálacha an Aontais lena rialaítear an fhaisnéis bhia, agus go háirithe lipéadú, lena n-áirítear rialacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach bia in imthosca faoi leith nó maidir le catagóirí áirithe bianna agus catagóirí áirithe rialacha nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le bianna sonracha;

(c)

ciallaíonn “faisnéis shainordaitheach bhia” na sonraí a gceanglaítear ina leith, le forálacha an Aontais, iad a sholáthar don tomhaltóir deiridh;

(d)

ciallaíonn “oll-lónadóir” aon bhunaíocht (lena n-áirítear feithicil nó stainnín seasta nó stainnín soghluaiste), amhail bialanna, ceaintíní, scoileanna agus ospidéil, ina n-ullmhaítear bia, i gcúrsa gnó, lena sheachadadh don tomhaltóir deiridh agus atá réidh lena chaitheamh gan tuilleadh ullmhúcháin;

(e)

ciallaíonn “bia réamhphacáilte” aon ní amháin atá le cur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí, arb éard atá ann bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht an bia a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt ná a athrú;

(f)

ciallaíonn “comhábhar” aon substaint nó táirge, lena n-áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhpháirt de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair;

(g)

ciallaíonn “an bhunáitíocht” aon áit a shonraítear gurb as a thagann bia agus nach “an tír thionscnaimh” í mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(h)

ciallaíonn “comhábhar cumaisc” comhábhar ar táirge é féin de níos mó ná comhábhar amháin;

(i)

ciallaíonn “lipéad” aon chlib, aon bhranda, aon mharc, aon ábhar pictiúrtha nó aon ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;

(j)

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocail, aon sonraí, aon trádmharcanna, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann le bia den sórt sin nó trína ndéantar tagairt dó;

(k)

ciallaíonn “réimse radhairc” gach dromchla den phacáiste, ar dromchla é ar féidir a léamh ó phointe radhairc amháin, trína bhféadtar rochtain sciobtha éasca a fháil ar fhaisnéis an lipéid sa mhéid go bhfuil tomhaltóirí in ann an fhaisnéis sin a léamh agus nach gá an pacáiste a chasadh anonn agus anall;

(l)

ciallaíonn “ainm dlíthiúil” ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha den sórt sin an Aontais, an t-ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí;

(m)

ciallaíonn “gnáthainm” ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith;

(n)

ciallaíonn “ainm tuairisciúil” ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é;

(o)

ciallaíonn “comhábhar príomha / comhábhair phríomha” comhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid/méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna;

(p)

ciallaíonn “dáta íosmharthanachta bia” an dáta ar chuige a choimeádann an bia a airíonna sonracha nuair a stóráiltear i gceart é;

(q)

ciallaíonn “cothaitheach” próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, sóidiam, vitimíní agus mianraí atá liostaithe in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar tagairt le tír thionscnaimh bia do thionscnamh bia de réir mar a chinntear í i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92.

4.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.   Agus faisnéis bhia á soláthar, féachfar le hardleibhéal cosanta sláinte agus leasanna tomhaltóirí a bhaint amach trína chumasú do thomhaltóirí deiridh roghanna eolasacha a dhéanamh i leith bia agus úsáid shábháilte a bhaint as, ag féachaint go háirithe do chúrsaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla.

2.   Is é an aidhm a bheidh ag dlí um fhaisnéis bhia saorghluaiseacht a bhaint amach san Aontas le haghaidh bia a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh go dlíthiúil, agus i gcás inarb iomchuí, an gá atá ann le leasanna dlisteanacha táirgeoirí a chosaint agus an gá atá ann le táirgeadh táirgí cáilíochta a chur chun cinn á gcur san áireamh.

3.   Nuair a dhéantar ceanglais nua a bhunú le dlí um fhaisnéis bhia, déanfar breithniú i dtaobh an bhfuil gá le hidirthréimhse tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua, ar féidir lena linn sin bianna, a bhfuil lipéid orthu nach gcomhlíonann na ceanglais nua, a chur ar an margadh agus ar dá héis is féidir leanúint de stoic bianna den sórt sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse a dhíol go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe.

Airteagal 4

Prionsabail lena rialaítear faisnéis shainordaitheach bhia

1.   I gcás ina mbeidh faisnéis shainordaitheach bhia ina ceanglas faoi dhlí um fhaisnéis bhia, bainfidh an fhaisnéis sin le faisnéis a thiocfaidh, go háirithe, faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

faisnéis i dtaca le haitheantas agus le chomhdhéanamh an bhia, agus maidir le hairíonna nó le saintréithe eile an bhia;

(b)

faisnéis i dtaca le cosaint sláinte tomhaltóirí agus maidir le húsáid shábháilte bhia. Bainfidh an fhaisnéis go háirithe:

(i)

le haitreabúidí comhdhéanaimh a d’fhéadfadh a bheith dochrach do shláinte grúpaí áirithe tomhaltóirí;

(ii)

le marthanacht, le stóráil agus le húsáid shábháilte;

(iii)

le tionchar ar an tsláinte, lena n-áirítear na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le tomhailt dhochrach bia agus tomhailt ghuaiseach bia;

(c)

faisnéis maidir le saintréithe cothaitheacha chun go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta chothaithe acu, roghanna eolasacha a dhéanamh.

2.   Agus an gá le faisnéis shainordaitheach bhia á chur san áireamh agus chun go gcuirfí ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, tabharfar aird ar aon riachtanas atá ann go forleathan ó thaobh bunáite tomhaltóirí le haghaidh faisnéise áirithe ar faisnéis í atá rí-thábhacht dóibh nó ar aon leasanna do thomhaltóirí ar leasanna iad a nglactar go ginearálta leo.

Airteagal 5

Dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

Déanfar aon bheart Aontais i réimse an dlí um fhaisnéis bhia, ar dócha ina leith go bhfuil éifeacht acu ar shláinte an phobail, a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

CAIBIDIL III

CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA AGUS FREAGRACHTAÍ NA nOIBREOIRÍ GNÓ BIA

Airteagal 6

Buncheanglas

Beidh faisnéis bhia ag gabháil le haon bhia a bheartaítear lena sholáthar don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Cóirchleachtais maidir le faisnéis

1.   Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:

(a)

maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe;

(b)

trí iarmhairtí nó airíonna a chur i leith bia ar iarmhairtí nó tréithe iad nach bhfuil aige;

(c)

trí thabhairt le tuiscint go bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis an mbia nuair atá tréithe den sórt sin ag baint le fírinne le gach bia comhchosúil;

(d)

trí thabhairt le tuiscint sa chur síos nó sa léiriúcháin phictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia cé go gcuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda a bhíonn sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin.

2.   Beidh faisnéis bhia chruinn, shoiléir agus shothuigthe don tomhaltóir.

3.   Faoi réir maoluithe dá bhforáiltear le dlí an Aontais, is infheidhme maidir le huiscí mianraí nádúrtha agus le bianna le haghaidh úsáidí cothaitheacha faoi leith, ní chuirfear síos d’aon bhia le faisnéis bhia go bhfuil sé mar airí aige galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas, ná ní dhéanfar tagairt do na hairíonna sin.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2, agus ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

fógraíocht;

(b)

cur i láthair bianna, go háirithe an cruth, an dealramh agus an phacáistíocht atá orthu, na hábhair pacáistíochta a úsáidtear, an bealach ina leagtar amach na bianna agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint iad.

Airteagal 8

Freagrachtaí

1.   Is é an t-oibreoir gnó bia a bheidh freagrach as an bhfaisnéis bhia ná an t-oibreoir gnó bia arb é is faoina ainm é nó faoi ainm a ghnó a ndéantar an bia a mhargú, nó, mura bhfuil an t-oibreoir sin bunaithe san Aontas, is é an t-allmhaireoir chuig margadh an Aontais a bheidh freagrach aisti.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir gnó bia atá freagrach as an bhfaisnéis bhia, a áirithiú go bhfuil faisnéis bhia ann agus áiritheoidh sé beachtas na faisnéise bia sin i gcomhréir leis an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus le ceanglais de chuid na bhforálacha náisiúnta ábhartha.

3.   Ní dhéanfaidh oibreoirí gnó nach bhfuil tionchar acu ar fhaisnéis bhia, bia a sholáthar ar bia é a bhfuil a fhios acu ina leith nó a thoimhdíonn siad ina leith, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh mar phroifisiúnaigh, nach gcomhlíonann sé dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus ceanglais na bhforálacha náisiúnta ábhartha.

4.   Ní mhodhnóidh oibreoirí gnó bia, laistigh de na gnóthaí faoina gcúram, an fhaisnéis a ghabhann le bia, da mba rud é go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar míthreoir mar gheall ar an modhnú sin nó dá laghdófaí mar gheall ar an modhnú sin, ar aon dóigh eile, an leibhéal cosanta do thomhaltóirí agus na deiseanna atá ag an tomhaltóir deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh. Tá oibreoirí gnó bia freagrach as aon athruithe a dhéanann siad ar fhaisnéis bhia a ghabhann le bia.

5.   Gan dochar do mhír 2 go mír 4, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, lastigh de na gnóthaí atá á rialú acu, go gcomhlíonfar ceanglais dhlí na faisnéise bia agus ceanglais forálacha náisiúnta agus atá ábhartha maidir lena ngníomhaíochtaí agus fíoróidh na hoibreoirí gnó bia sin go gcomhlíonfar na ceanglais sin.

6.   Maidir le faisnéis a bhaineann le bia neamh-réamhphacáilte ar bia é a cheaptar don tomhaltóir deiridh nó a bheartaítear a sholáthar d’oll-lónadóirí, áiritheoidh oibreoirí gnó bia laistigh de na gnóthaí a bhfuil faoina rialú féin, go ndéanfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig an oibreoir gnó bia a fhaigheann an bia chun go bhféadfar, i gcás inarb iomchuí, faisnéis shainordaitheach bhia a sholáthar don tomhaltóir deiridh.

7.   Sna cásanna seo a leanas, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, sna gnóthaí faoina rialú, go dtaispeánfar na sonraí sainordaitheacha a cheanglaítear faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 ar an réamhphacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte léi, nó sna doiciméid tráchtála ina ndéantar tagairt do na bianna i gcás ina bhféadtar a ráthú go ngabhann doiciméid den sórt sin leis an mbia a ndéanann siad tagairt dó nó gur seoladh iad sular seachadadh an bia nó tráth a sheachadta:

(a)

i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha don tomhaltóir deiridh ach go ndéantar é a mhargú ag céim níos luaithe ná tráth a dhíolta leis an tomhaltóir deiridh agus i gcás nach bhfuil díol le holl-lónadóir i gceist ag an gcéim sin;

(b)

i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha lena sholáthar d’oll-lónadóirí chun é a ullmhú, a phróiseáil, a scoilteadh nó a ghearradh suas.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, áiritheoidh oibreoirí gnó bia freisin go dtaispeánfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 9(1) ar an bpacáistíocht sheachtrach ina gcuirfear na bianna réamhphacáilte i láthair chun iad a mhargú.

8.   Déanfaidh oibreoirí gnó bia a sholáthraíonn d’oibreoirí gnó bia eile, bia nach bhfuil ceaptha don tomhaltóir deiridh ná d’oll-lónadóirí, a áirithiú go soláthrófar dóthain faisnéise do na hoibreoirí gnó bia eile sin ionas go gcuirfear ar a gcumas, i gcás inarb iomchuí, a gcuid dualgas faoi mhír 2 a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS SHAINORDAITHEACH BHIA

ROINN 1

Ábhar agus cur i láthair

Airteagal 9

Liosta de shonraí sainordaitheacha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 34 agus faoi réir na n-eisceachtaí atá sa Chaibidil seo, beidh léiriú na sonraí seo a leanas sainordaitheach:

(a)

ainm an bhia;

(b)

liosta comhábhar;

(c)

aon chomhábhar nó áis phróiseála a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a dhíorthaítear ó shubstaint nó ó tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingt agus a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó a ullmhú agus atá fós sa táirge deiridh, fiú i bhfoirm athraithe;

(d)

cainníocht comhábhar áirithe nó cainníocht catagóirí áirithe comhábhar;

(e)

glanchainníocht an bhia;

(f)

an dáta íosmharthanachta nó an dáta faoinar cheart an bia a úsáid;

(g)

aon choinníollacha speisialta stórála agus/nó aon choinníollacha speisialta úsáide;

(h)

ainm nó ainm gnóthaí agus seoladh an oibreora ghnó bhia dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(i)

an tír thionscnaimh nó bunáitíocht i gcás ina bhforáiltear dóibh in Airteagal 25;

(j)

treoracha um úsáid i gcás inar dheacair an bia a úsáid ar bhealach iomchuí d’uireasa na dtreoracha sin;

(k)

i dtaca le deochanna ar mó a gcion alcóil ná 1,2 % alcóil de réir toirte, an neart alcólach iarbhír de réir toirte;

(l)

dearbhú cothúcháin.

2.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1, léireofar iad le focail agus le huimhreacha. De rogha air sin, féadfar iad a shloinneadh freisin trí bhíthin picteagram nó siombal in ionad focal nó uimhreacha i gcásanna ina bhfuil bearta cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi mhír 3, agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na modhanna chun sonra amháin nó níos mó trí bhíthin picteagram nó siombal in ionad focal nó uimhreacha, agus fianaise ar thuiscint aonfhoirmeach tomhaltóra á cur san áireamh.

Airteagal 10

Sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna

1.   De bhreis ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 9(1), leagtar síos in Iarscríbhinn III sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna.

2.   Chun faisnéis do thomhaltóirí maidir le saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna a áirithiú agus d’fhonn dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí eolaíocha, cosaint sláinte tomhaltóirí nó úsáid shabháilte bhia a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50, in Airteagal 51 agus in Airteagal 52.

Airteagal 11

Meáchain agus tomhais

Beidh Airteagal 9 gan dochar d’fhorálacha níos sonraí an Aontais maidir le meáchain agus le tomhais.

Airteagal 12

Infhaighteacht agus suíomh na faisnéise sainordaithí bia

1.   Beidh fáil ar fhaisnéis shainordaitheach bhia agus beidh teacht uirthi go furasta, i gcomhair gach bia, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I gcás bia réamhphacáilte, taispeánfar faisnéis shainordaitheach bhia go díreach ar an bpacáiste nó ar lipéad atá ceangailte leis.

3.   Chun a áirithiú go bhféadfaidh an tomhaltóir leas a bhaint as modhanna eile chun faisnéis shainordaitheach bhia a sholáthar, ar faisnéis í atá níos oiriúnaí maidir le sonraí sainordaitheacha áirithe, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do rialacha, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49, agus faoi réir na gcionníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, ar rialacha iad a bhaineann le infhaighteacht sonraí sainordaitheacha áirithe trí mhodhanna eile seachas trí na sonraí sin a bheith ar an bpacáiste nó ar an lipéad.

4.   I gcás bia neamh-réamhphacáilte, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 42.

Airteagal 13

Cur i láthair na sonraí sainordaitheacha

1.   Gan dochar do na rialacha arna nglacadh faoi d’Airteagal 42(2), déanfar an fhaisnéis shainordaitheach bhia a mharcáil in áit fheiceálach ionas go mbeidh sí sofheicthe, inléite gan dua, agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Ní dhéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile an fhaisnéis a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón bhfaisnéis ná ní chuirfidh sé isteach uirthi.

2.   Gan dochar d’fhorálacha sonracha an Aontais is infheidhme maidir le bianna áirithe ó thaobh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k) d’Airteagal 9(1), nuair a dhéantar na sonraí sainordaitheacha a liostaítear in Airteagal 9(1) a thaispeáint ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, déanfar na sonraí sin a chló ar an bpacáiste nó ar an lipéad i gcarachtair a mbeidh clómhéid acu inarb ionann is 1,2 mm nó níos mó ná 1,2 mm an x-airde, mar atá sí sainithe in Iarscríbhinn IV. Déanfar na sonraí sainordaitheacha a thaispeáint ionas go ndéanfar a áirithiú go mbeidh codarsnacht shuntasach idir an cló agus an cúlra.

3.   I gcás pacáistíochta ar lú ná 60 cm2 an dromchla is mó atá uirthi nó i gcás coimeádán ar lú ná 60 cm2 an dromchla is mó atá orthu, beidh x-airde na clómhéide dá dtagraítear i mír 2 ar cóimhéid le 0,9 mm (x-airde) nó níos mó ná 0,9 mm.

4.   Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach mhír 2 den Airteagal seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gcodarsnacht idir an cló agus an cúlra.

5.   Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, critéir a bhunú maidir le hinléiteacht, ar critéir iad, a bheidh de bhreis ar na critéir a shonraítear faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Chun na críche céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, na ceanglais faoi mhír 6 den Airteagal seo a leathnú go dtí sonraí sainordaitheacha breise maidir le saghsanna sonracha bianna nó le catagóirí sonracha bianna.

6.   Déanfar na sonraí a liostaítear i bpointí (a), (e), (f), agus (k) d’Airteagal 9(1) a thaispeáint sa réimse céanna radhairc.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 den Airteagal seo sna cásanna a shonraítear in Airteagal 16(1) agus (2).

Airteagal 14

Ciandíol

1.   Gan dochar do na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Airteagal 9, i gcás bianna réamhphacáilte a dhíoltar trí bhíthin na cianchumarsáide:

(a)

beidh faisnéis shainordaitheach bhia ar fáil, seachas na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1), sula gcuirtear an ceannach i gcrích agus taispeánfar í ar an ábhar a ghabhann leis an gciandíol nó soláthrófar í trí mhodhanna iomchuí eile arna sainaithint ag an oibreoir gnó bia go soiléir. Nuair a úsáidfear modhanna iomchuí eile, soláthrófar an fhaisnéis shainordaitheach bhia gan costais bhreise a bheith á ngearradh ar thomhaltóirí ag an oibreoir gnó bia;

(b)

beidh na sonraí sainordaitheacha uile ar fáil tráth an tseachadta.

2.   I gcás bianna neamh-réamhphacáilte a dhíoltar tríd an gcianchumarsáid, cuirfear na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 42 ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le bianna a dhíoltar trí bhíthin meaisíní díola uathoibríocha nó trí bhíthin áitribh tráchtála uathoibrithe.

Airteagal 15

Ceanglais maidir le teangacha

1.   Gan dochar d’Airteagal 9(2), taispeánfar faisnéis shainordaitheach bhia i dteanga atá sothuigthe do thomhaltóirí na mBallstát ina ndéantar bia a mhargú.

2.   Laistigh dá gcríoch féin, féadfaidh na Ballstáit, ina ndéantar ábhar bia a mhargú, a leagan síos go dtabharfar na sonraí sin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   Ní chuirfear, le mír 1 ná le mír 2, aon bhac ar na sonraí sin a léiriú i roinnt teangacha.

Airteagal 16

Sonraí áirithe sainordaitheacha a fhágáil ar lár

1.   I gcás buidéal gloine a cheaptar don athchúrsáil agus a bhfuil marc doscriosta orthu agus dá bhrí sin nach bhfuil aon lipéad, aon fháinne ná aon choiléar orthu, ní bheidh sainordaitheach ach na sonraí a liostaítear i bpointí (a), (c), (e), (f) agus (l) d’Airteagal 9(1).

2.   I gcás pacáistíochta nó i gcás coimeádán ar lú ná 10 cm2 achar an dromchla is mó uirthi nó orthu, is iad na sonraí a liostaítear i bpointí (a), (c), (e) agus (f) d’Airteagal 9(1) amháin a bheidh sainordaitheach ar an bpacáiste nó ar an lipéad. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9(1) a sholáthar trí mhodhanna eile nó soláthrófar iad arna iarraidh sin don tomhaltóir.

3.   Gan dochar d’fhorálacha eile an Aontais lena gceanglaítear dearbhú sainordaitheach cothúcháin, ní bheidh an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach i gcás na mbianna a liostaítear in Iarscríbhinn V.

4.   Gan dochar d’fhorálacha eile an Aontais lena gceanglaítear liosta comhábhar nó dearbhú sainordaitheach cothúcháin, ní bheidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (l) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach maidir le:

(a)

fíonta a chumhdaítear le hIarscríbhinn XIb de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;

(b)

táirgí a chumhdaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91;

(c)

deochanna atá comhchosúil leis na deochanna a luaitear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo, ar deochanna iad ina bhfuil níos mó ná 1,2 % alcóil de réir toirte, ar alcól é a fhaightear trí choipeadh torthaí nó trí choipeadh glasraí;

(d)

meá;

(e)

gach cineál beorach; agus

(f)

biotáillí, mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

Faoin … (36), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i gcrích maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus Airteagal 29(1) i dtaca leis na táirgí dá dtagraítear sa mhír seo, agus lena bhféachfar ar cheart catagóirí áirithe deochanna a dhíolmhú, go háirithe, ón gceanglas maidir le faisnéis i ndáil leis an luach fuinnimh a sholáthar agus faoi na cúiseanna lena dtabharfaí údar le díolúintí féideartha, agus an gá atá ann go n-áiritheofaí comhchuibheas le beartais ábhartha eile an Aontais á chur san áireamh.

Féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin ar togra é lena gcinnfear na rialacha i dtaca le liosta comhábhar nó dearbhú sainordaitheach cothúcháin i gcás na dtáirgí sin.

ROINN 2

Forálacha mionsonraithe maidir le sonraí sainordaitheacha

Airteagal 17

Ainm an bhia

1.   Is é a ainm dlíthiúil a bheidh mar ainm an bhia. D’uireasa ainm den sórt sin, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, mura bhfuil gnáthainm ann dó nó mura n-úsáidtear an gnáthainm, déanfar ainm tuairisciúil a sholáthar don bhia.

2.   Ceadófar, sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú, ainm an bhia a úsáidtear le linn don táirge a mhonarú go dlíthiúil agus a mhargú go dlíthiúil sa Bhallstát ina dtáirgtear é. Dá mba rud é go gcuirfí bac ar thomhaltóirí sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú fios a fháil i leith fhíorchineál an bhia agus conas idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus bianna a bhféadfaidís ceapadh ina leith gurb iad na bianna céanna iad, de bharr chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Rialacháin seo, go háirithe na forálacha a leagtar amach in Airteagal 9, soláthrófar faisnéis thuairisciúil eile i dteannta ainm an bhia agus beidh sí suite i ngaireacht d’ainm an bhia.

3.   I gcásanna eisceachtúla, ní dhéanfar ainm an bhia sa Bhallstát ina dtáirgtear an bia a úsáid sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú nuair atá an bia a dhéantar a ainmniú leis an ainm sin sa Bhallstát ina dtáirgtear an bia, chomh éagsúil ó thaobh a chomhdhéanaimh nó a phróisis mhonaraithe de, ón mbia a bhfuil aithne air faoin ainm sin sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú, agus nach leor mír 2 chun a áirithiú go bhfaighidh na tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú an fhaisnéis cheart.

4.   Ní dhéanfar ainm a dhéantar a chosaint mar mhaoin intleachtúil, mar ainm branda nó mar aon ainm maisiúil a chur in ionad ainm an bhia.

5.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le hainm an bhia agus na sonraí a ghabhfaidh leis.

Airteagal 18

An liosta comhábhar

1.   Beidh ceannteideal oiriúnach ar barr an liosta comhábhar nó roimh an liosta comhábhar, arb éard a bheidh ann an focal “comhábhair” nó ar ceannteideal é lena n-áirítear an focal sin. Áireofar leis an liosta gach comhábhar an bhia, in ord íslitheach de réir meáchain, mar a thaifeadadh iad tráth a n-úsáide agus an bia á mhonarú.

2.   Déanfar comhábhair a ainmniú lena n-ainm sonrach, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 17 agus in Iarscríbhinn VI.

3.   Maidir leis na comhábhair go léir atá ann i bhfoirm nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, déanfar iad a léiriú go soiléir ar an liosta comhábhar. Cuirfear an focal “nano” idir lúibíní i ndiaidh ainmneacha comhábhar den chineál sin.

4.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VII rialacha teicniúla chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 19

An liosta comhábhar a fhágáil ar lár

1.   Maidir leis na bianna seo a leanas, ní cheanglaítear liosta comhábhar a chur leo:

(a)

torthaí úra ná glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh, nár gearradh nó nach ndearnadh a chóireáil ar dhóigh chomhchosúil;

(b)

uisce carbónáitithe, nuair a léirítear lena thuairisc go ndearnadh é a charbónáitiú;

(c)

fínéagair choipthe a dhíorthaítear go heisiach ó tháirge bunúsach amháin, ar choinníoll nár cuireadh aon chomhábhar eile leo;

(d)

cáis, im, bainne coipthe agus uachtar coipthe, nár cuireadh aon chomhábhar eile leo seachas táirgí lachtacha, einsímí agus cultúir mhiocrorgánacha atá sár-riachtanach don mhonarú, nó i gcás na cáise nach cáis úr ná cáis phróiseáilte í, an salann is gá chun í a mhonarú;

(e)

bianna nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin:

(i)

i gcás inarb ionann ainm an bhia agus ainm an chomhábhair; nó

(ii)

i gcás ina bhféadtar cineál an chomhábhair a shainaithint go soiléir de bharr ainm an bhia.

2.   Chun go gcuirfí san áireamh an ábharthacht atá ag baint, don tomhaltóir, le liosta comhábhar le haghaidh saghasanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna eisceachtúla, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, mír 1 den Airteagal seo, a fhorlíonadh, ar choinníoll nach é a bheidh de thoradh ar nithe a fhágáil ar lár ná nach mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil don tomhaltóir deiridh ná d’oll-lónadóirí.

Airteagal 20

Comhpháirteanna bia a fhágáil ar lár ón liosta comhábhar

Gan dochar d’Airteagal 21, ní cheanglófar na comhpháirteanna bia seo a leanas a áireamh sa liosta comhábhar:

(a)

comhpháirteanna comhábhair, ar comhpháirteanna iad a rinneadh a scaradh go sealadach le linn an phróisis mhonaraithe agus a athcuireadh leis ach gan dul thar a gcoibhneas bunaidh;

(b)

breiseáin bhia agus einsímí bia:

(i)

nach bhfuil i mbia áirithe ach amháin ar an gcúis go raibh siad i gcomhábhar amháin nó níos mó den bhia sin, i gcomhréir le prionsabal an tabhartha anonn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ar choinníoll nach bhfuil feidhm theicneolaíoch acu sa táirge críochnaithe; nó

(ii)

a úsáidtear mar áiseanna próiseála;

(c)

iompróirí agus substaintí nach breiseáin bhia iad, ach a úsáidtear ar an mbealach céanna agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag na hiompróirí, agus nach n-úsáidtear ach sna méideanna atá dianriachtanach;

(d)

substaintí nach breiseáin bhia iad ach a úsáidtear ar an mbealach céanna, a bhfuil an cuspóir céanna acu le háiseanna próiseála, agus atá fós sa táirge deiridh, fiú amháin má athraíodh a bhfoirm;

(e)

uisce:

(i)

i gcás nach n-úsáidtear an t-uisce le linn an phróisis mhonaraithe ach chun comhábhar a úsáideadh i bfhoirm tiubhaithe nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéanamh; nó

(ii)

i gcás meáin leachtaigh nach ndéantar é a chaitheamh de ghnáth.

Airteagal 21

Substaintí áirithe nó táirgí áirithe is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí, a lipéadú

1.   Gan dochar do na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 42(2), léireofar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) sa liosta comhábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18(1), le tagairt shoiléir d’ainm na substainte nó d’ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

In éagmais liosta comhábhar, beidh na focail “ina bhfuil” ina gcuid den léiriú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) agus beidh ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II ina ndiaidh.

I gcás ina dtagann roinnt comhábhar bia éagsúil nó roinnt áiseanna próiseála bia éagsúla ó shubstaint aonair nó ó tháirge aonair, ar substaint í nó ar táirge é, atá liostaithe in Iarscríbhinn II, beidh sin soiléir ón lipéadú i leith gach comhábhar nó gach áis próiseála lena mbaineann.

Ní bheidh gá ann leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) a léiriú i gcásanna ina dtagraítear le hainm an bhia go soiléir don tsubstaint nó don táirge lena mbaineann.

2.   Chun faisnéis níos fearr a áirithiú don tomhaltóir agus chun an dul chun cinn eolaíoch agus an t-eolas teicniúil is déanaí a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún an liosta in Iarscríbhinn II a athscrúdú go rianúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50, in Airteagal 51 agus in Airteagal 52.

Airteagal 22

Léiriú cainníochtúil comhábhar

1.   Beidh gá le léiriú i leith cainníochta comhábhair nó i leith cainníochta catagóire comhábhar a úsáidtear chun bia a mhonarú nó a ullmhú:

(a)

i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar ann mar chuid d’ainm an bhia nó i gcás ina ndéanann an tomhaltóir iad agus an t-ainm sin a chomhcheangal le chéile de ghnáth; nó

(b)

i gcás ina gcuirtear béim ar an gcomhábhar sin nó ar an gcatagóir sin comhábhar lena mbaineann ar an lipéadú le focail, le pictiúir nó le grafaicí; nó

(c)

i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar sár-riachtanach chun tuairisc a thabhairt i leith bia agus chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí a bhféadfaí ceapadh ina leith gurb ionann iad agus an bia mar gheall ar a ainm nó ar a chruth.

2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VIII rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an léiriú cainníochta i leith comhábhar áirithe.

Airteagal 23

Glanchainníocht

1.   Déanfar glanchainníocht bhia a shloinneadh, trí lítir, trí cheintilítir, trí mhillilítir, trí chileagraim nó trí ghraim a úsáid, de réir mar is iomchuí:

(a)

in aonaid toirte i gcás táirgí leachta;

(b)

in aonaid mhaise i gcás táirgí eile.

2.   Chun a áirithiú gur fearr a thuigfidh an tomhaltóir an fhaisnéis bhia atá ar an lipéadú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás bianna áirithe sonracha, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, modh éagsúil a bhunú chun an ghlanchainníocht a shloinneadh seachas an modh a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Leagtar síos in Iarscríbhinn IX na rialacha teicniúla chun mír 1 a chur i bfheidhm, lena n-áirítear cásanna sonracha ar dá réir nach gceanglaítear an ghlanchainníocht a léiriú.

Airteagal 24

An dáta íosmharthanachta agus an dáta “éaga”

1.   I gcás bianna atá an-mheatach, ó thaobh na micribhitheolaíochta de, agus ar dóigh ina leith dá réir sin go mbainfeadh riosca láithreach do shláinte an duine leo tar éis tréimhse giorra, déanfar an dáta éaga a chur in ionad an dáta íosmharthanachta. Tar éis an dáta éaga, measfar go mbeidh bia neamhshábháilte i gcomhréir le mír 2 go mír 5 d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2.   Déanfar an dáta iomchuí a shloinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn X.

3.   Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach an bealach ina léirítear an dáta íosmharthanachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn X, féadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis seo, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 25

Tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia mar speisialtachtaí traidisiúnta faoi ráthaíocht (37) agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia talmhaíochta a chosaint (38).

2.   Beidh léiriú na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta sainordaitheach:

(a)

más rud é ina éagmais sin go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir maidir le fíorthír thionscnaimh an bhia nó maidir le fíorbhunáitíocht an bhia, go háirithe dá dtabharfaí le tuiscint, thairis sin, leis an bhfaisnéis a ghabhann leis an mbia nó leis an lipéad, ina iomláine, go bhfuil tír thionscnaimh éagsúil nó bunáitíocht éagsúil ag an mbia;

(b)

maidir le feoil, a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“AC”) a liostaítear in Iarscríbhinn XI. Beidh cur i bhfeidhm an phointe seo faoi réir ghlacadh rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

3.   I gcás ina dtugtar an tír thionscnaimh nó bunáitíocht bhia áirithe agus ina bhfuil sí éagsúil le tír thionscnaimh nó bunáitíocht a phríomh-chomhábhair:

(a)

tabharfar tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair atá i gceist freisin; nó

(b)

léireofar nach ionann tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht an bhia.

Beidh cur i bhfeidhm na míre seo faoi réir ghlacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

4.   Laistigh de chúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm pointe (b) de mhír 2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun meastóireacht a dhéanamh ar an léiriú sainordaitheach i leith tíre tionscnaimh nó i leith bunáitíochta i gcomhair táirgí dá dtagraítear sa phointe sin.

5.   Faoin … (39), cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cineálacha feola seachas mairteoil agus iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(b)

bainne;

(c)

bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta;

(d)

feoil a úsáidtear mar chomhábhar;

(e)

bianna neamhphróiseáilte;

(f)

táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu;

(g)

comhábhair ar mó iad ná 50 % den bhia.

Cuirfear san áireamh leis na tuarascálacha sin gur gá do thomhaltóirí a bheith ar an eolas, an bhféadfar an léiriú sainordaitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar agus anailís ar na costais agus ar na leasanna a bhaineann le tabhairt isteach beart den sórt sin, lena n-áirítear an tionchar dlíthiúil ar an margadh inmheánach agus an tionchar ar thrádáil idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis na tuarascálacha sin chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú.

6.   Faoin … (40), glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm pointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus le cur i bhfeidhm mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 26

Treoracha um úsáid

1.   Déanfar na treoracha um úsáid bhia a léiriú i gcaoi ina bhféadfar an bia a úsáid go hiomchuí.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme mír 1 den Airteagal seo i leith bianna áirithe.

Airteagal 27

Neart alcólach

1.   I gcás táirgí a aicmítear sa “AC” cód 2204, is iad na rialacha a bhaineann le léiriú an nirt alcólaigh de réir toirte na rialacha a leagtar síos i bhforálacha sonracha an Aontais is infheidhme maidir le táirgí den sórt sin.

2.   Déanfar an neart alcólach iarbhír de réir toirte do dheochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu, seachas na deochanna dá dtagraítear i mír 1, a léiriú i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.

ROINN 3

Dearbhú cothúcháin

Airteagal 28

Gaolmhaireacht le reachtaíocht eile

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le bianna a thagann faoi réim na reachtaíochta seo a leanas:

(a)

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia (41);

(b)

Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (42).

2.   Beidh feidhm ag an Roinn seo gan dochar do Threoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia atá ceaptha chun críocha cothúcháin áirithe (43) agus do na Treoracha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin.

Airteagal 29

Inneachar

1.   Áireofar sa dearbhú sainordaitheach cothúcháin an méid seo a leanas:

(a)

an luach fuinnimh; agus

(b)

méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéiní agus salann.

I gcás inarb iomchuí, féadfar ráiteas a thaispeáint i ndlúthghairecht don dearbhú cothúcháin ar ráiteas é lena léirítear go bhfuil an méid salainn atá ann de thoradh sóidiam a fhaightear go nádúrtha ann.

2.   Féadfar inneachar an dearbhaithe sainordaithí chothúcháin dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh le léiriú i leith méideanna ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

tras-saillte;

(b)

monai-neamhsháitheáin;

(c)

polai-neamhsháitheáin;

(d)

polóil;

(e)

stáirse;

(f)

snáithín;

(g)

aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus atá ann i méideanna suntasacha, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII.

3.   Nuair is ar lipéadú ábhair bhia réamhphacáilte a sholáthrófar an dearbhú cothúcháin sainordaitheach dá dtagraítear i mír 1, féadfar an fhaisnéis maidir leis an luach fuinnimh agus leis na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn a athrá air.

4.   De mhaolú ar Airteagal 35(1), nuair a sholáthrófar le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 16(4), dearbhú cothúcháin féadtar inneachar an dearbhú a theorannú don luach fuinnimh amháin.

5.   Gan dochar d’Airteagal 42 agus de mhaolú ar Airteagal 35(1), nuair a chuirtear le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), dearbhú cothúcháin ar fáil féadfar inneachar an dearbhaithe sin a theorannú:

(a)

don luach fuinnimh; nó

(b)

don luach fuinnimh agus do mhéideanna na saille, na sáitheán, na siúcraí agus an tsalainn.

6.   Chun ábharthacht na sonraí dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo, maidir le faisnéis do thomhaltóirí, a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, na liostaí atá i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo a leasú, trí shonraí a chur leo nó trí shonraí a bhaint.

Airteagal 30

Ríomh

1.   Déanfar an luach fuinnimh a ríomh trí na fachtóirí coinbhéartachta atá liostaithe in Iarscríbhinn XIV a úsáid.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, fachtóirí coinbhéartachta a ghlacadh le haghaidh na vitimíní agus le haghaidh na mianraí dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, chun cion vitimíní den sórt sin agus cion mianraí den sórt sin i mbianna a ríomh ar dhóigh níos cruinne. Déanfar na fachtóirí coinbhéartachta sin a chur le hIarscríbhinn XIV.

3.   Is iad an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach sa bhia mar a dhíoltar é a bheidh sa luach fuinnimh agus i méideanna na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5).

I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh an fhaisnéis leis an mbia tar éis a ullmhaithe, ar choinníoll go dtugtar treoracha ullmhúcháin sách mionsonraithe agus go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia mar a ullmhaítear é lena thomhailt.

4.   Is é a bheidh sna luachanna a dhearbhaítear, de réir an cháis ar leith, na meánluachanna a bhunófar:

(a)

ar anailís an mhonaróra ar an mbia;

(b)

ar ríomh ar bhonn mheánluachanna aitheanta nó iarbhír na gcomhábhar a úsáidtear; nó

(c)

ar ríomh ar bhonn sonraí atá bunaithe go ginearálta agus a nglactar go ginearálta leo.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre seo ó thaobh bheachtas na luachanna dearbhaithe de, amhail na difríochtaí idir na luachanna dearbhaithe agus na luachanna arna mbunú le linn seiceálacha oifigiúla.

Airteagal 31

Sloinneadh in aghaidh 100 g nó in aghaidh 100 ml

1.   Déanfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5), a shloinneadh trí úsáid a bhaint as na haonaid tomhais a liostaítear in Iarscríbhinn XV.

2.   Déanfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5), a shloinneadh in aghaidh 100 g nó in aghaidh 100 ml.

3.   I gcás ina sholáthraítear é, déanfar an dearbhú maidir le vitimíní agus mianraí, de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i mír 2, a shloinneadh freisin mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII i gcoibhneas leis an 100 g nó leis an 100 ml.

4.   De bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 29(1), (3), (4) agus (5), a shloinneadh, de réir mar is iomchuí, mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII i gcoibhneas leis an 100 g nó leis an 100 ml.

Airteagal 32

Sloinneadh de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais

1.   Sna cásanna seo a leanas, féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5), a shloinneadh de réir coda agus/nó de réir aonad tomhaltais, atá so-aitheanta ag an tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an chuid nó an t-aonad a chainníochtú ar an lipéad agus go sonrófar líon na gcodanna nó na n-aonad atá sa phacáiste:

(a)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 31(2) arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;

(b)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 31(3) maidir le méideanna vitimíní agus méideanna mianraí, arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;

(c)

de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 31(4), arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml nó in ionad an bhealaigh sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 31(2), sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 29(3), (4) agus (5), féadfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach agus/nó céatadán na n-iontógálacha tagartha, ar iontógálacha iad a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII, a shloinneadh in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais amháin.

3.   Léireofar an chuid nó an t-aonad a úsáidtear i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin.

4.   Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú i leith shloinneadh an dearbhaithe chothúcháin in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais agus d’fhonn foráil a dhéanamh do bhonn comparáide aonfhoirmeach don tomhaltóir, féadfaidh an Coimisiún, agus iompar tomhaltais iarbhír tomhaltóirí mar aon le moltaí cothúcháin á gcur san áireamh aige, rialacha a ghlacadh maidir le sloinneadh in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais i gcomhair catagóirí sonracha bianna, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 33

Cur i láthair

1.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus (2) a áireamh sa réimse céanna radhairc. Cuirfear i láthair i dteannta a chéile iad i bhformáid shoiléir agus, i gcás inarb iomchuí, san ord don chur i láthair dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XV.

2.   Cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus (2) i láthair, más leor an spás atá ann dó sin, i bhfoirm tábla agus na huimhreacha ailínithe ann. Mura leor an spás, taispeánfar an dearbhú i bhformáid líneach.

3.   Féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 29(3) a chur i láthair le chéile:

(a)

i réimse radhairc atá difriúil leis an réimse radhairc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; agus

(b)

i bhformáid atá difriúil leis an bhformáid a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 29(4) agus (5) a chur i láthair i bhformáid atá difriúil leis an bhformáid a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo.

5.   I gcásanna ina bhfuil luach diomaibhseach fuinnimh nó méid diomaibhseach cothaithigh nó cothaitheach i dtáirge, féadfar ráiteas, amhail “a bhfuil méideanna diomaibhseacha … ann/inti” a chur in ionad na faisnéise maidir leis na heilimintí sin agus taispeánfar an ráiteas sin i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin, más ann dó.

Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha a ghlacadh maidir leis an luach fuinnimh agus le méideanna cothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5) a bhféadfar breathnú air nó orthu mar luach diomaibhseach nó mar mhéideanna diomaibhseacha.

6.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an mbealach a ndéantar an dearbhú cothúcháin a chur i láthair sna formáidí dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, maidir leis seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 34

Bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh

1.   De bhreis ar na bealaí chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 31(2) agus (4) agus in Airteagal 32 agus na bealaí curtha i láthair dá dtagraítear in Airteagal 33(2), féadfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(1) go (5) a thabhairt trí bhealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh agus/nó a cur i láthair trí mhodhanna grafacha nó trí shiombailí a úsáid de bhreis ar fhocail nó ar uimhreacha ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

nach gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir leo, mar a thagraítear in Airteagal 7;

(b)

go ndéantar leo tuiscint tomhaltóirí a éascú maidir le rannchuidiú an bhia nó tábhacht an bhia maidir le cion fuinnimh agus cion cothaitheach réime bia;

(c)

go bhfuil fianaise ann chun tacaíocht leo, ar fianaise í lena léirítear go dtuigeann an gnáth-thomhaltóir na bealaí sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh; agus

(d)

i gcás bealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh, go bhfuil siad bunaithe ar iontógálacha comhchuibhithe tagartha, nó dá n-uireasa sin, ar chomhairle eolaíoch a nglactar léi go ginearálta maidir le hiontógálacha fuinnimh nó cothaitheach.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a mholadh d’oibreoirí gnó bia bealach breise amháin nó níos mó a úsáid chun an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair arb é an bealach é nó arb iad na bealaí is fearr dar leo, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1. Cuirfidh na Ballstáit sonraí na mbealaí breise chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh den chineál sin ar fáil don Choimisiún.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán iomchuí ar bhealaí breise atá ar an margadh ina gcríoch ar bealaí iad ina ndéantar an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair.

Ar mhaithe le héascú an fhaireacháin ar úsáid na mbealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí gnó bia a chuireann bianna a bhfuil an fhaisnéis sin orthu ar an margadh ina gcríoch fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir le húsáid bealaigh bhreise chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh agus féadfaidh na Ballstáit a cheangal orthu na cosaintí ábhartha a thabhairt dóibh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1. I gcásanna den sórt sin, féadfar a cheangal freisin go dtabharfaí faisnéis maidir le scor d’úsáid a bhaint as na bealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún malartú na faisnéise idir na Ballstáit, é féin agus geallsealbhóirí a éascú agus a eagrú, faoi ábhair a bhaineann le haon bhealaí breise a úsáid chun an dearbhú cothúcháin a shloinneadh nó a chur i láthair.

5.   Faoin … (44), i bhfianaise na taithí arna bhfáil aige, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh, maidir leis an éifeacht atá acu ar an margadh inmheánach agus i dtaca le hinmholtacht comhchuibhithe bhreise i leith na mbealaí sin chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh. Chun na críche seo, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha don Choimisiún maidir le húsáid na mbealaí breise sin chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh atá ar an margadh ina gcríoch. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis an tuarascáil sin le haghaidh forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú.

6.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme mír 1, le mír 3 agus le mír 4 den Airteagal seo.

CAIBIDIL V

FAISNÉIS SHAORÁLACH BHIA

Airteagal 35

Ceanglais is infheidhme

1.   I gcás ina ndéanfar an fhaisnéis bhia dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 a sholáthar ar bhonn saorálach, comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 agus i Roinn 3 de Chaibidil IV den Rialachán seo.

2.   Maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn saorálach, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní chuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leo, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi;

(c)

beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2), rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i dtaca le faisnéis shaorálach bhia faoi na substaintí nó na táirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a d’fhéadfadh a bheith i mbia, agus nach d’aon toil a bheidís ann.

4.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar tomhaltóirí a chur ar an eolas go hiomchuí, i gcás ina ndéanfaidh na hoibreoirí gnó bia faisnéis shaorálach bhia a sholáthar ar mhodhanna éagsúla a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur ar an tomhaltóir, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51, a fhoráil go ndéanfar faisnéis shaorálach bhia a sholáthar i gcásanna eile, chomh maith leis an gcás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 36

Cur i láthair

Ní thaispeánfar an fhaisnéis bhia shaorálach chun aimhleas an spáis atá ar fáil le haghaidh na faisnéise bia éigeantaí.

CAIBIDIL VI

BEARTA NÁISIÚNTA

Airteagal 37

Bearta náisiúnta

1.   Maidir leis na cúrsaí a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun ina leith mura bhfuil sé sin údaraithe faoi dhlí an Aontais. Ní eascróidh bac ar shaorghluaiseacht earraí as na bearta náisiúnta sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 38, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le hábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcuirtear cosc, bac ná srian leo ar shaorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 38

Bearta náisiúnta maidir le sonraí sainordaitheacha breise

1.   De bhreis ar na sonraí sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 43, bearta lena gceanglaítear sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr ar a laghad ceann amháin de na forais seo a leanas:

(a)

sláinte an phobail a chosaint;

(b)

tomhaltóirí a chosaint;

(c)

bac a chur ar chalaois;

(d)

cearta maoine tionsclaíche agus tráchtála a chosaint, léirithe bunáitíochta agus ainmnaíochtaí cláraithe tionscnaimh a chosaint, agus iomaíocht éagothrom a chosc.

2.   Trí bhíthin mhír 1, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach maidir le léiriú sainordaitheach thír tionscnaimh an bhia nó léiriú sainordaitheach bhunáitíocht an bhia ach i gcás ina mbeidh nasc cruthaithe ann idir cáilíochtaí áirithe an bhia agus a thionscnamh nó a bhunáitíocht. Agus fógra á thabhairt don Choimisiún faoi na bearta sin, cuirfidh na Ballstáit fianaise ar fáil lena léireofar gur mór ag formhór na dtomhaltóirí go soláthrófaí an fhaisnéis sin.

Airteagal 39

Bainne agus táirgí bainne

Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh de mhaolú ar Airteagal 9(1) agus ar Airteagal 10(1) i gcás bainne agus táirgí bainne a chuirtear i láthair i mbuidéil ghloine a cheaptar lena n-athúsáid.

Cuirfidh siad téacs na mbeart seo in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 40

Deochanna alcólacha

Go dtí go nglacfar na forálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16(4), féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a choimeád ar bun maidir le comhábhair a liostú i gcás deochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu.

Airteagal 41

Glanchainníocht a shloinneadh

Cheal na bhforálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) maidir leis an nglanchainníocht a shloinneadh le haghaidh bianna sonraithe ar mhodh atá éagsúil leis an modh dá bhforáiltear in Airteagal 23(1), féadfaidh na Ballstáit na bearta náisiúnta a ghlac siad roimh … (45) a choimeád ar bun.

Faoin … (46), cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta den sórt sin. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

Airteagal 42

Bearta náisiúnta le haghaidh bia neamh-réamhphacáilte

1.   I gcás ina gcuirfear bianna ar díol gan réamhphacáistíocht don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí, nó i gcás ina ndéantar bianna a phacáil san áitreabh díola ar iarratas ón tomhaltóir, nó ina ndéantar é a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dhírigh:

(a)

beidh soláthar na sonraí a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach;

(b)

ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 a sholáthar mura nglacfaidh Ballstáit bearta lena gceanglaítear go ndéanfar cuid de na sonraí sin nó na sonraí sin go léir nó eilimintí de na sonraí sin a sholáthar.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh maidir leis na bealaí trína gcuirfear ar fáil na sonraí sin nó eilimintí de na sonraí sin a shonraítear i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, an bealach ina ndéanfar iad a shloinneadh nó a chur i láthair.

3.   Déanfaidh Ballstáit téacs na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i mír 2 a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 43

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát a mheasann gur gá reachtaíocht nua a ghlacadh maidir le faisnéis bhia, fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta a bheartaítear agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena dtugtar cosaint do na bearta sin.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 má mheasann sé go mbeadh an comhairliúchán sin fóinteach nó má iarrann aon Bhallstát air an comhairliúchán sin a dhéanamh.

3.   Ní fhéadfaidh an Ballstát a mheasann gur gá reachtaíocht nua maidir le faisnéis bhia a ghlacadh na bearta a bheartaítear a ghlacadh go dtí trí mhí tar éis an dáta a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach bhfuil tuairim dhiúltach faighte aige ón gCoimisiún.

4.   Más tuairim dhiúltach í an tuairim a fhaightear ón gCoimisiún, agus sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo in éag, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2) a thionscnamh chun a chinneadh an bhféadfar na bearta a chur chun feidhme ach sin faoi réir na modhnuithe iomchuí, más gá.

5.   Maidir le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (47), ní bheidh feidhm aici maidir leis na bearta a thagann faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt a shonraítear san Airteagal seo.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Chun go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha, sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí le faisnéis, agus faoi réir forálacha d’Airteagal 10(2) agus d’Airteagal 21(2) a bhaineann leis na leasuithe a rinneadh ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51.

Airteagal 45

Idirthréimhse maidir leis na bearta cur chun feidhme nó na gníomhartha tarmligthe agus dáta chur i bhfeidhm na mbeart nó na ngníomhartha sin

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, agus na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú aige chun bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2) nó trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 go hAirteagal 52, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

bunfaidh sé idirthréimhse iomchuí chun na bearta nua a chur i bhfeidhm, idirthréimhse í ar lena linn a fhéadfar bianna a chur ar an margadh ar bianna iad a mbeidh lipéid orthu ar lipéid iad nach mbeidh na bearta nua á gcomhlíonadh acu agus idirthréimhse ar dá héis a fhéadfar leanúint de bheith ag díol stoic na mbianna sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse go dtí go mbeidh siad go léir ídithe; agus

(b)

áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na bearta sin ón 1 Aibreán in aon bhliain féilire.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna práinne, i gcás inarb é is cuspóir do na bearta dá dtagraítear sa mhír sin sláinte an duine a chosaint.

Airteagal 46

Coiste

1.   Cabhróidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe leis an gCoimisiún.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 47

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006

In Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

“Beidh sé sainordaitheach lipéadú a dhéanamh maidir le cothúchán do tháirgí a ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte ina leith, cé is moite d’fhógraíocht chineálach. Is éard a bheidh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. … /2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (48). I gcás ina ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte i gcomhair cothaithigh dá dtagraítear in Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. … /2011 dearbhófar méid an chothaithigh sin i gcomhréir le hAirteagal 30 go hAirteagal 33 den Rialachán sin.

Maidir le méid na substainte agus méid na substaintí, méideanna na substainte agus méideanna na substaintí lena mbaineann maíomh cothúcháin nó sláinte nach dtaispeántar ar an lipéadú cothúcháin déanfar é nó iad a lua sa réimse radhairc céanna leis an lipéadú cothúcháin agus sloinnfear é/iad i gcomhréir le hAirteagal 30, le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. … /2011. Beidh na haonaid tomhais a úsáidtear chun méid na substainte a shloinneadh iomchuí do na substaintí aonair lena mbaineann.

Airteagal 48

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006

Cuirtear an méid seo in ionad mhír 3 d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006:

“3.   Táirgí ar cuireadh vitimíní nó mianraí leo agus a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh sé sainordaitheach lipéadú cothúcháin a chur orthu. Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthrófar an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. … /2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (49) agus na méideanna iomlána de na vitimíní agus de na mianraí a bhí ann nuair a cuireadh leis an mbia iad.

Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 10(2), 12(3), 13(5), 19(2), 21(2), 23(2), 29(6), 30(2), 35(4) agus Airteagal 44 a thabhairt don Choimisiún go ceann cúig bliana tar éis … (50). Tráth nach déanaí ná sé mhí sula rachaidh an tréimhse 5 bliana in éag, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcumhacht tarmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 50.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50 agus in Airteagal 51 a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

4.   Más rud é, i gcás ina dtagann riosca tromchúiseach nua do shláinte an duine chun cinn, go gceanglaítear amhlaidh mar gheall ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 21(2).

Airteagal 50

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 10(2), 12(3), 13(5), 19(2), 21(2), 23(2), 29(6), 30(2), 35(4), agus Airteagal 44 a chúlghairm tráth ar bith.

2.   Féachfaidh an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le cúlghairm.

3.   Cuirfear an cinneadh chun an tarmligean a chúlghairm deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 51

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thugtar an fógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann ceachtar acu Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in gcoinne gnímh tharmligthe, lastigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 52

An nós imeachta práinne

1.   Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéantar agóid i gcomhréir le mír 3.

2.   Dearbhófar san fhógra maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Airteagal seo, ar fógra é a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle na cúiseanna lenar baineadh úsáid as an nós imeachta práinne.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe a glacadh faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 51. I gcásanna den sórt sin, tiocfaidh deireadh le feidhm an ghnímh. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne gnímh tharmligthe den sórt sin na cúiseanna a bheidh aige maidir leis sin.

Airteagal 53

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 le héifeacht amhail ón … (51).

2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 54

Bearta idirthréimhseacha

1.   Bianna arna gcur ar an margadh nó arna gcur lipéid orthu roimh an … (52), agus nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.

Bianna arna gcur ar an margadh nó arna gcur lipéid orthu roimh an … (53), agus nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar síos i bpointe (l) d’Airteagal 9(1) féadfar iad a chur ar an margadh go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.

2.   Idir … (52) agus … (53), i gcás ina ndéantar an dearbhú cothúcháin a sholáthar ar bhonn saorálach, comhlíonfar leis an dearbhú sin forálacha Airteagal 29 go hAirteagal 34 den Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar Threoir 90/496/CEE, ar Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus ar Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, féadfar bianna arna lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 29 go hAirteagal 34 den Rialachán seo a chur ar an margadh roimh … (52).

Airteagal 55

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (54), cé is moite de phointe (l) d’Airteagal 9(1), a mbeidh feidhm aige amhail ón … (55).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 81.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 21 Feabhra 2011. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an ….

(3)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(4)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(5)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(6)  IO L 276, 6.10.1990, lch. 40.

(7)  IO L 113, 30.4.1987, lch. 57.

(8)  IO L 69, 16.3.1999, lch. 22.

(9)  IO L 191, 19.7.2002, lch. 20.

(10)  IO L 97, 1.4.2004, lch. 44.

(11)  IO L 27, 31.1.2008, lch. 12.

(12)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(13)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

(14)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(16)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1580/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2200/96 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2201/96 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1182/2007 ón gComhairle in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí (IO L 350, 31.12.2007, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle an 17 Nollaig 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 17, 21.1.2000, lch. 22).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1019/2002 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2002 maidir le caighdeáin mhargaíochta i leith ola olóige (IO L 155, 14.6.2002, lch. 27).

(21)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(22)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

(23)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(24)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(25)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(26)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(27)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.

(28)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.

(29)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(30)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(31)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(32)  IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.

(33)  IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.

(34)  Doic. 2008/0002 (COD).

(35)  IO L …

(36)  Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(37)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.

(38)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

(39)  Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(40)  Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(41)  IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.

(42)  IO L 164, 26.6.2009, lch. 45.

(43)  IO L 124, 20.5.2009, lch. 21.

(44)  Ocht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(45)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(46)  Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(47)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(48)  IO L …”.

(49)  IO L …”.

(50)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(51)  Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(52)  An chéad lá den mhí trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(53)  An chéad lá den mhí cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(54)  An chéad lá den mhí trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(55)  An chéad lá den mhí cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE SONRACHA

Dá dtagraítear in Airteagal 2(4)

1.

ciallaíonn “dearbhú cothúcháin” nó “lipéadú cothúcháin” an fhaisnéis arb é atá inti:

(a)

luach fuinnimh; nó

(b)

luach fuinnimh agus ceann amháin nó níos mó de na cothaithigh seo a leanas agus a gcomhábhair a luaitear go sonrach:

saill (sáitheáin, tras-saillte, monai-neamhsháitheáin, pola-neamhsháitheáin),

carbaihiodráit (siúcraí, polóil, stáirse),

salann,

snáithín,

próitéin,

aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí atá liostaithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII; agus a bhfuil méideanna suntasacha díobh ann mar a shonraítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII;

2.

ciallaíonn “saill” iomlán na lipidí, agus áirítear ann fosfailipidí;

3.

ciallaíonn “sáitheáin” aigéid shailleacha nach bhfuil nasc dúbailte iontu;

4.

ciallaíonn “tras-saill” aigéid shailleacha a bhfuil ar a laghad nasc dúbailte carbóin-charbóine neamh-chomhchuingeach (eadhon nasc atá á idirscor ag grúpa meitiléine amháin ar a laghad) amháin sa tras-chumraíocht;

5.

ciallaíonn “monai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil nasc dúbailte cis amháin iontu;

6.

ciallaíonn “polai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil dhá nasc dúbailte cis, cis-mheitiléine idirscortha nó níos mó iontu;

7.

ciallaíonn “carbaihiodráit” aon charbaihiodráit a dhéantar a mheitibiliú i ndaoine, agus lena n-áirítear polóil;

8.

ciallaíonn “siúcraí” na monaisiúicrídí agus na déshiúicrídí ar fad atá sa bhia, gan polóil a chur san áireamh;

9.

ciallaíonn “polóil” alcóil le dhá ghrúpa hiodrocsaile nó níos mó iontu;

10.

ciallaíonn “próitéin” an méid próitéine a ríomhtar tríd an bhfoirmle seo a leanas:

próitéin = nítrigin Kjeldahl iomlán × 6,25;

11.

ciallaíonn “salann” an méid chomhionann salainn agus é á ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas: salann = sóidiam × 2,5;

12

ciallaíonn “snáithín” polaiméirí carbaihiodráite a bhfuil trí cinn nó níos mó d’aonaid mhonaiméireacha iontu, nach ndéantar a dhíleá ná a ionsú i stéig bheag an duine agus ar de na catagóirí seo a leanas iad:

polaiméirí carbaihiodráite inite a fhaightear go nádúrtha sa bhia mar a itear é,

polaiméirí carbaihiodráite inite a fuarthas ó amhábhar bia ar mhodh fisiciúil, ar mhodh einsímeach nó ar mhodh ceimiceach agus a bhfuil dea-éifeacht fhiseolaíoch acu a léirítear le fianaise eolaíoch a bhfuil glacadh ginearálta léi,

polaiméirí carbaihiodráite sintéiseacha inite a bhfuil dea-éifeacht fhiseolaíoch acu a léirítear le fianaise eolaíoch a bhfuil glacadh ginearálta léi;

13.

ciallaíonn “meánluach” an luach is fearr a sheasann do mhéid an chothaithigh i mbia áirithe, agus a léiríonn lamháltais d’inathraitheacht shéasúrach, patrúin tomhaltais agus dálaí eile a d’fhéadfadh an fíorluach a athrú.


IARSCRÍBHINN II

SUBSTAINTÍ NÓ TÁIRGÍ IS CÚIS LE hAILLÉIRGÍ NÓ LE hÉADULAINGTÍ

1.

Gránaigh a bhfuil glútan iontu, eadhon: cruithneacht, seagal, eorna, coirce, speilt, camut nó a dtréithchineálacha hibridithe, agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

síoróipí glúcóis chruithneacht-bhunaithe, lena n-áirítear deaslós (1);

(b)

maltódeisliní chruithneacht-bhunaithe (1);

(c)

síoróipí glúcóis eorna-bhunaithe;

(d)

gránaigh a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta.

2.

Crústaigh agus táirgí a rinneadh astu.

3.

Uibheacha agus táirgí a rinneadh astu.

4.

Éisc agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

geilitín éisc a úsáidtear mar iompróir d’ullmhóidí vitimíneacha nó d’ullmhóidí caraitéanóideacha;

(b)

geilitín éisc nó iascghlae, a úsáidtear mar oibreán mínitheach i mbeoir agus i bhfíon.

5.

Píseanna talún agus táirgí a rinneadh astu.

6.

Pónairí soighe agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:

(a)

ola agus saill soighe atá scagtha go hiomlán (1);

(b)

tócaifearóil mheasctha nádúrtha (E306), tócaifearól D-alfa nádúrtha, aicéatáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha, sucanáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha a fhaightear ó phónairí soighe;

(c)

fíteastaróil atá díorthaithe ó olaí glasraí agus eistir fíteastaróil a fhaightear ó phónairí soighe;

(d)

eistear stanóil planda a tháirgtear ó staróil ola glasraí ó phónairí soighe.

7.

Bainne agus táirgí a rinneadh as (lena n-áirítear lachtós), seachas an méid seo a leanas:

(a)

meadhg a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;

(b)

lactiteal.

8.

Cnónna, eadhon: almóinní (Amygdalus communis L.), cnónna coill (Corylus avellana), gallchnónna (Juglans regia), cnónna caisiú (Anacardium occidentale), cnónna peagáin (Carya illinoinensis (Wangenh.) K. Koch), cnónna Brasaíleacha (Bertholletia excelsa), cnónna pistéise (Pistacia vera), cnónna macadaíme nó cnónna Thír na Banríona (Macadamia ternifolia), agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin: cnónna a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta.

9.

Soilire agus táirgí a rinneadh as.

10.

Mustard agus táirgí a rinneadh as.

11.

Síolta seasamain agus táirgí a rinneadh astu.

12.

Ní mór dé-ocsaíd sulfair agus suilfítí ag tiúchan de bhreis agus 10 mg/kg nó 10 mg/lítear maidir leis an méid iomlán SO2, ar dé-ocsaíd sulfair agus suilfítí iad atá le ríomh i dtaca le táirgí mar a chuirtear ar fáil lena dtomhailt iad nó mar tháirgí a athrinneadh i gcomhréir le treoracha na monaróirí.

13.

Lúipín agus táirgí a rinneadh as.

14.

Moilisc agus táirgí a rinneadh astu.


(1)  Agus na táirgí a rinneadh astu, sa mhéid nach gcuirfidh an bealach inar athraíodh iad lena leibhéal ailléirgeachta mar atá measúnaithe ag an Údarás atá freagrach as an táirge ábhartha as ar tháinig siad.


IARSCRÍBHINN III

BIANNA AR GÁ CEANN AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE SONRAÍ BREISE A ÁIREAMH AR A LIPÉADÚ

Cineál nó catagóir an bhia

Sonraí

1.   Bianna atá pacáistithe i ngáis áirithe

1.1

Bianna ar cuireadh lena mharthanacht trí bhíthin gás pacáistíochta atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“pacáistíodh an táirge seo in atmaisféar cosanta”.

2.   Bianna a bhfuil milseoirí ann

2.1

Bianna ina bhfuil milseoir nó milseoirí atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“tá milseoir(í) ann”, rachaidh an ráiteas seo le hainm an bhia.

2.2

Bianna ina bhfuil siúcra nó siúcraí breise agus milseoir nó milseoirí ann atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“tá siúcra(í) agus milseoir(í) ann” gabhfaidh an ráiteas seo le hainm an bhia.

2.3

Bianna ina bhfuil aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“tá foinse feiniolalainín ann”.

2.4

Bianna ar cuireadh breis agus 10 % polóil leis atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

“d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar a róthomhailt”.

3.   Bianna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó salann amóiniam ann

3.1

Milseogra nó deochanna le haigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 100 mg/kg nó 10 mg/l nó níos mó.

Cuirfear “tá liocras ann” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar, seachas nuair a bhíonn an téarma “liocras” san áireamh sa liosta comhábhar nó in ainm an bhia cheana. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

3.2

Milseogra le haigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 4 g/kg nó níos mó.

Cuirfear “tá liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

3.3

Deochanna le haigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 50 mg/l nó níos mó, nó 300 mg/l nó níos mó i gcás deochanna le breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu (1).

Cuirfear “tá liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia.

4.   Deochanna a bhfuil ardchion caiféine iontu nó bianna lena gcuirtear caiféin

4.1

Deochanna, seachas deochanna atá bunaithe ar chaife, ar thae nó ar úsc caife nó ar úsc tae nuair a áirítear in ainm an bhia an téarma “caife” nó “tae”, deochanna atá:

ceaptha bheith ólta gan aon athrú orthu agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu, ó cibé foinse, nó

i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm thirim a gcuirtear caiféin iontu le linn an phróisis athdhéanta, ó cibé foinse, agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu.

“Ardchion caiféine iontu. Ní mholtar do leanaí ná do mhná torracha” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm na dí, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh na 100 ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo.

4.2

Bianna seachas na cinn sin a luaitear faoi phointe 4.1, ina gcuirtear caiféin leo chun críche cothúla nó fiseolaíche.

“Caiféin curtha leis seo. Ní mholtar do leanaí ná do mhná torracha” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm an táirge, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh na 100 g/ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo. I gcás breiseán bia, déanfar an cion caiféine a shloinneadh ar an lipéad, in aghaidh na coda, de réir an mholta maidir le tomhaltas laethúil.

5.   Bianna lena gcuirtear fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil

5.1

Bianna nó comhábhair bhia ina gcuirtear fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil.

(1)

“tá stéaróil phlanda bhreise ann” nó “tá stanóil phlanda bhreise ann” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm an bhia;

(2)

sonrófar cion an méid fíteastaról breise, an méid eistear fíteastaról breise, an méid fíteastanól breise nó an méid eistear fíteastanól breise sa táirge (arna shloinneadh mar % nó mar g saor-staról planda/saor-stanól planda an 100 g nó an 100 ml bia) sa liosta comhábhar;

(3)

ráiteas a léiríonn go bhfuil an bia beartaithe do dhaoine gur mhian leo leibhéal colaistéaról a gcuid fola a laghdú;

(4)

ráiteas nár chóir do dhaoine a bhfuil cógas laghdaithe colaistéaróil á thógáil acu an táirge seo a ithe ach faoi mhaoirseacht dochtúra;

(5)

ráiteas sofheicthe go bhféadfadh an bia gan a bheith oiriúnach ó thaobh cothaithe de do mhná torracha nó do mhná a bhfuil leanbh á bheathú acu le bainne na cíche nó do pháistí faoi chúig bliana d’aois;

(6)

an chomhairle gur gá an bia a úsáid mar chuid de réim chothrom, ilchineálach bia, lena n-áirítear torthaí agus glasraí a ithe go rialta chun cabhrú leis na leibhéil charaitéanóideacha a choimeád;

(7)

sa réimse céanna radhairc ina bhfuil an ráiteas a cheanglaítear faoi phointe (3) thuas, ráiteas nár chóir iontógáil breis agus 3 g de stéaróil bhreise phlanda/stanóil bhreise phlanda in aghaidh an lae;

(8)

cur síos ar chuid den bhia nó ar chuid an chomhábhair bhia lena mbaineann (i g nó i ml de rogha) agus an méid stéaróil/stanóil phlanda atá i ngach cuid díobh.


(1)  Beidh feidhm ag an leibhéal seo maidir leis na táirgí mar a thairgtear iad atá réidh le hithe nó le hól nó mar tháirgí athdhéanta i gcomhréir le treoracha na monaróirí.


IARSCRÍBHINN IV

SAINMHÍNIÚ AR x-AIRDE

x-Airde

Image


IARSCRÍBHINN V

BIANNA ATÁ DÍOLMHAITHE ÓN gCEANGLAS I dTACA LE DEARBHÚ SAINORDAITHEACH COTHÚCHÁIN

1.

Táirgí neamhphróiseáilte nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin de chomhábhar.

2.

Táirgí próiseáilte nach ndearnadh aon phróiseáil orthu ach iad a aibiú agus nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin de chomhábhair.

3.

Uisce a bheartaítear lena ól ag daoine, lena n-áirítear uisce nár cuireadh de chomhábhair bhreise ann ach dé-ocsaíd charbóin agus/nó blastáin.

4.

Luibh, spíosra nó meascán den dá rud.

5.

Salann agus ionadaigh salainn.

6.

Milseoirí barr tábla.

7.

Táirgí a chumhdaítear le Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus shiocaire (1), pónairí caife iomlána nó meilte agus pónairí caife iomlána nó meilte gan chaiféin.

8.

Insiltí luibheanna agus torthaí, tae, tae gan chaiféin, tae ar an toirt nó intuaslagtha nó úsc tae, tae ar an toirt gan chaiféin nó tae intuaslagtha gan chaiféin nó úsc tae gan chaiféin, nach bhfuil comhábhair bhreise eile iontu i gcomparáid le blastáin nach n-athróidh luach cothaitheach an tae.

9.

Fínéagair choipthe agus ionadaigh fínéagair, lena n-áirítear fínéagair nach bhfuil de chomhábhair bhreise iontu ach blastáin.

10.

Blastáin.

11.

Breiseáin bhia.

12.

Áiseanna próiseála.

13.

Einsímí bia.

14.

Geilitín.

15.

Cumaisc théachtaithe suibhe.

16.

Giosta.

17.

Guma coganta.

18.

Bia pacáistithe nó bia i gcoimeádáin ar lú ná 25 cm2 an dromchla is mó atá orthu.

19.

Bia a sholáthraíonn monaróirí i méideanna beaga táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh.


(1)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.


IARSCRÍBHINN VI

AINM AN BHIA AGUS NA SONRAÍ A GHABHANN LEIS

CUID A —   SONRAÍ SAINORDAITHEACHA A GHABHANN LE hAINM AN BHIA

1.

Áireofar, le hainm an bhia, sonraí maidir le staid fhisiceach an bhia nó an bealach sonrach inar cuireadh cóireáil air nó beidh na sonraí sin ag gabháil leis (mar shampla, púdraithe, reothriomaithe, mear-reoite, dlúth, deataithe) i ngach cás ina bhféadfaí an ceannaitheoir a chur ar míthreoir d’uireasa na faisnéise sin.

2.

I gcás bianna a reoitear sula ndíoltar iad agus a dhíoltar díreoite, beidh an ainmníocht “dí-reoite” ag gabháil leis an mbia.

3.

I gcás bianna atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch, taispeánfar ceann de na sonruithe seo a leanas air:

“ionradaithe” nó “cóireáilte le radaíocht ianaíoch”, agus sonraí eile mar a luaitear i dTreoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch (1).

4.

I gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú — chomh maith leis an liosta comhábhar — ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán.

CUID B —   CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LE hAINMNÍOCHT “MIONFHEOIL”

1.

Critéir maidir le comhdhéanamh a dhéantar a sheiceáil ar bhonn an mheáin laethúil:

 

Cion saille

Collaigin/cóimheas próitéine-feola (2)

mionfheoil thrua

≤ 7 %

≤ 12 %

fíor-mhionmhairteoil

≤ 20 %

≤ 15 %

mionfheoil ina bhfuil muiceoil

≤ 30 %

≤ 18 %

mionfheoil ó speicis eile

≤ 25 %

≤ 15 %

2.

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil IV de Chuid V d’Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, taispeánfar na nathanna seo a leanas ar an lipéadú:

“céatadán saille ≤ … %”,

“collaigin / cóimheas próitéine-feola ≤ … %”.

3.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfí mionfheoil ar an margadh nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo le marc náisiúnta uirthi ionas nach féidir na marcanna eile dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a thógáil ina ainriocht.


(1)  IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.

(2)  Sloinntear an cóimheas collaigine/próitéine feola mar chéatadán na collaigine i bpróitéin feola. Ciallaíonn cion na collaigine cion an hiodrocsapróilín arna iolrú faoi fhachtóir 8.


IARSCRÍBHINN VII

COMHÁBHAIR A SHONRÚ AGUS AINMNÍOCHT COMHÁBHAR

CUID A —   FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE COMHÁBHAIR A SHONRÚ IN ORD ÍSLITHEACH DE RÉIR MEÁCHAIN

Catagóir an chomhábhair

Foráil maidir le meáchan a shonrú

1.

Uisce breise agus táirgí so-ghalaithe.

Déanfar na comhábhair seo a liostú in ord a meáchain sa táirge críochnaithe. Déanfar an méid uisce a chuirfear leis an mbia mar chomhábhar a ríomh trí mhéid iomlán na gcomhábhar eile a bhaint de mhéid iomlán an táirge chríochnaithe. Ní chaithfear an méid sin a chur san áireamh mura mó é ná 5 % de réir meáchain den táirge críochnaithe. Níl feidhm ag an maolú seo maidir le bia neamhphróiseáilte.

2.

Comhábhair a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéantar tráth an mhonaraithe.

Féadfar iad a liostú in ord a meáchain a taifeadadh sular dlúthaíodh nó sular díhiodráitíodh iad.

3.

Comhábhair a úsáidtear i mbia dlúth nó i mbia díhiodráitithe, a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leo.

Féadfar iad a liostú in ord a gcion sa táirge athdhéanta ar an gcoinníoll go gcuirtear frása leo, amhail “comhábhair an táirge athdhéanta”, nó “comhábhair an táirge réidh le húsáid”.

4.

Torthaí, glasraí nó beacáin, nach troime ná a chéile ar bhealach suntasach aon cheann díobh agus a úsáidtear i gcionmhaireachtaí ar dual dóibh athrú, i meascán mar chomhábhair bhia.

Féadfar iad a ghrúpáil le chéile ar an liosta comhábhar faoin ainmníocht: “torthaí”, “glasraí” nó “beacáin” agus an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” ina dhiaidh sin, agus go díreach ina dhiaidh sin, liosta na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge. I gcásanna den sórt sin, áireofar an meascán sa liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge.

5.

Meascáin de spíosraí nó de luibheanna, nach troime go suntasach aon cheann díobh ó thaobh chionmhaireacht an mheáchain de.

Féadfar iad a liostú in ord difriúil ar choinníoll go mbeidh frása, amhail “i gcionmhaireacht athraitheach”, ag dul leis an liosta comhábhar.

6.

Comhábhair ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe.

Féadfar iad a liostú in ord eile i ndiaidh na gcomhábhar eile.

7.

Comhábhair, atá comhchosúil lena chéile nó ar féidir iad a úsáid in ionad a chéile, ar dhócha go n-úsáidfear iad chun bia a dhéanamh nó a ullmhú gan a chomhdhéanamh, a nádúr nó a luach meabhairbhraite a athrú, agus sa mhéid nach bhfuil iontu ach níos lú ná 2 % den táirge críochnaithe.

Féadfar tagairt dóibh sa liosta comhábhar trí bhíthin an fhrása “tá … agus/nó … ann”, i gcás ina mbeidh ar a laghad comhábhar amháin de, ar a mhéid, dhá chomhábhar sa táirge críochnaithe. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia nó comhábhair a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn seo, ná maidir le substaintí ná táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II is cúis le hailléirgí nó éadulaingt.

CUID B —   AINMNÍOCHT COMHÁBHAIR ÁIRITHE LE hAINM CATAGÓIRE SEACHAS LE hAINM SONRACH

Gan dochar d’Airteagal 21, comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí de bhia liostaithe thíos agus ar comhpháirteanna iad de bhia eile, féadfar iad a ainmniú faoi ainm na catagóire sin in ionad an ainm shonraigh.

Sainmhíniú ar chatagóir an bhia

Ainmníocht

1.

Olaí scagtha seachas ola olóige.

“Ola”, agus

an aidiacht “plandúil” nó “ainmhíoch”, mar is iomchuí, nó

léiriú maidir lena dtionscnamh sonrach plandúil nó faoina dtionscnamh sonrach ainmhíoch.

Ní mór an aidiacht “hidriginithe” go páirteach nó hidriginithe go hiomlán, mar is iomchuí, a bheith i léiriú na n-olaí hidriginithe mura n-áirítear méid na sáitheán agus tras-saillte sa dearbhú cothúcháin.

2.

Saillte scagtha.

“Saill”, agus

an aidiacht “plandúil” nó “ainmhíoch”, mar is iomchuí, nó

líonrú maidir lena dtionscnamh sonrach plandúil nó faoina dtionscnamh sonrach ainmhíoch.

Ní mór an aidiacht “hidriginithe” go páirteach nó hidriginithe go hiomlán, de réir mar is iomchuí, a bheith i léiriú na saille hidriginithe mura n-áirítear méid na sáitheán agus tras-saillte sa dearbhú cothúcháin.

3.

Meascáin de phlúir a dhéantar as dhá ghránspeiceas nó níos mó.

“Plúr”, agus liosta ina dhiaidh sin de na gránaigh a úsáideadh chun an plúr a dhéanamh, in ord íslitheach de réir meáchain.

4.

Stáirsí, agus stáirsí a athraíodh ar mhodh fisiceach nó trí einsímí.

“Stáirse”.

5.

Gach speiceas éisc nuair a úsáidtear an t-iasc mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach ndéantar tagairt le hainm ná le cur i láthair an bhia sin do shainspeiceas éisc.

“Éisc”.

6.

Gach cineál cáise nuair a úsáidtear an cháis nó meascán de cháiseanna mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach tagairt é ainm agus cur i láthair an bhia sin do shainchineál cáise.

“Cáis”.

7.

Spíosraí nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia.

“Spíosra(í)” nó “spíosraí measctha”.

8.

Luibheanna nó codanna de luibheanna nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia.

“Luibh(eanna)” nó “luibheanna measctha”.

9.

Gach cineál ullmhóidí guma a úsáidtear chun bonn guma a mhonarú le haghaidh guma coganta.

“Bonn guma”.

10.

Gach cineál táirge gránaigh bácáilte faoi ghrabhróga.

“Grabhróga” nó “roscaí” mar is iomchuí.

11.

Gach cineál siúcróis.

“Siúcra”.

12.

Deaslós anhiodrach nó deaslós monaihiodrach.

“Deaslós”.

13.

Síoróip ghlúcóis agus síoróip ghlúcóis anhiodrach.

“Síoróip ghlúcóis”.

14.

Gach cineál próitéine bainne (cáiséiní, cáiséineáití agus próitéiní meidhg) agus meascáin a dhéantar astu.

“Próitéiní bainne”.

15.

Im cócó brúite, asbhrúite nó scagtha.

“Im cócó”.

16.

Gach cineál fíona a chumhdaítear le hIarscríbhinn XIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

“Fíon”.

17.

Matáin chnámharlaigh (1) de speicis mhamacha agus éan a nglactar leo a bheith oiriúnach lena nithe ag daoine agus a bhfuil fíochán cuimsithe nó greamaitheach nádúrtha orthu, nuair nach mó cion iomlán na saille agus an fhíocháin tacaíochta ná na luachanna atá léirithe thíos agus nuair a úsáidtear an fheoil mar chomhábhar i mbia eile. Uaschionta na saille agus an fhíocháin tacaíochta do chomhábhair dá dtagraítear leis an téarma “… fheoil”.

Speiceas

Cion saille

Collaigin / cóimheas próitéine-feola  (3)

Mamaigh (seachas coiníní agus muca) agus meascáin de speicis arb mamaigh iad den chuid is mó

25 %

25 %

Muca

30 %

25 %

Éin agus coiníní

15 %

10 %

“… fheoil” agus ainm(neacha) (2) speicis na n-ainmhithe óna bhfaightear í.

Má dhéantar na huasteorainneacha sin a shárú, ach má chomhlíontar na critéir eile don sainmhíniú “feoil”, ní mór cion na “… feola” a ísliú dá réir sin agus ní mór saill agus/nó fíochán tacaíochta a lua sa liosta comhábhar i dteannta an téarma “… fheoil”.

Eisiatar ón sainmhíniú seo na táirgí a chumhdaítear faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha”.

 

18.

Gach cineál táirge a thagann faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha”.

“feoil inneall-scartha” agus ainm(neacha) (2) speiceas na n-ainmhithe óna bhfaightear í.

CUID C —   AINMNÍOCHT COMHÁBHAR ÁIRITHE DE RÉIR AINM A gCATAGÓIRE AGUS A nAINM SONRACH NÓ A nE-UIMHIR SHONRACH INA DHIAIDH

Gan dochar d’Airteagal 21, ní mór breiseáin bhia agus einsímí bia a bhaineann le ceann de na catagóirí a liostaítear sa Chuid seo, seachas na cinn a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20 a ainmniú de réir na catagóire sin agus a n-ainm sonrach nó a n-uimhir E, más iomchuí, a chur síos ina dhiaidh sin. Má bhaineann comhábhar le breis agus catagóir amháin, sonrófar an chatagóir is oiriúnaí don phríomhfheidhm i gcás an bhia lena mbaineann.

 

Aigéad

 

Rialtán aigéadachta

 

Oibreán frithstolptha

 

Oibreán frithchúrtha

 

Frithocsáideoir

 

Toirteoir

 

Dath

 

Eiblitheoir

 

Salainn eiblithe (4)

 

Oibreán teannta

 

Méadaitheoir blais

 

Oibreán plúrchóireála

 

Oibreáin chúrtha

 

Oibreán glóthúcháin

 

Oibreán glónrúcháin

 

Taisleán

 

Stáirse mionathraithe (5)

 

Leasaitheach

 

Gás tiomána

 

Oibreán éiritheach

 

Leithliseoirí

 

Cobhsaitheoir

 

Milseoir

 

Tiúsóir

CUID D —   AINMNÍOCHT BLASTÁN SA LIOSTA COMHÁBHAR

1.

Ainmneofar blastáin tríd an bhfocal “blastán/blastáin” nó trí ainm níos sonraí ar an mblastán nó cur síos níos sonraí air a úsáid.

2.

Cuinín agus/nó caiféin a úsáidtear mar bhlastán agus bia á tháirgeadh nó á ullmhú, is ina n-ainmneacha a luafar iad sa liosta comhábhar, díreach tar éis an téarma “blastán/blastáin”.

3.

Féadfar an focal “nádúrtha” nó aon fhocal a bhfuil an bhrí chéanna leis, a bheag nó a mhór, a úsáid le haghaidh blastán ina bhfuil substaintí ar chun blaistithe amháin iad sa chomhchuid blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) den Rialachán sin iad.

4.

Má tá ar fáil in ainm an bhlastáin tagairt do chineál plandúil nó ainmhíoch nó do thionscnamh plandúil nó ainmhíoch na substaintí atá ann, ní fhéadfar an focal “nádúrtha” ná aon fhocal a bhfuil an bhrí chéanna leis, a bheag nó a mhór, a úsáid ach amháin nuair a rinneadh an chomhchuid blaistithe a leithlisiú, go hiomlán nó beagnach go hiomlán, trí phróisis iomchuí fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribitheolaíocha nó trí phróisis thraidisiúnta ullmhúcháin bia, ón mbia nó ó fhoinse an bhlaistithe lena mbaineann.

CUID E —   AINMNÍOCHT COMHÁBHAR CUMAISC

1.

Féadfar comhábhar cumaisc a áireamh sa liosta comhábhar, faoina ainmíocht féin sa mhéid go bhfuil sé seo leagtha amach de réir dlí nó bunaithe de réir custaim, ina mheáchan iomlán, agus liosta a chomhábhar a bheith díreach ina dhiaidh sin.

2.

Gan dochar d’Airteagal 21, ní bheidh an liosta comhábhar éigeantach le haghaidh comhábhar cumaisc:

(a)

nuair a shainmhínítear comhdhéanamh an chomhábhair chumaisc i bhforálacha reatha an Aontais, agus sa mhéid gur lú ná 2 % an comhábhar cumaisc den táirge críochnaithe; ní bheidh feidhm, áfach, ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20;

(b)

maidir le comhábhair chumaisc arb é atá iontu meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe, seachas breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20; nó

(c)

nuair is éard atá sa chomhábhar cumaisc ná bia ar ina leith nach gá liosta comhábhar a sholáthar faoi fhorálacha an Aontais.


(1)  Is cuid de na matáin chnámharlaigh iad an scairt agus na matáin choganta, ach ní chuirtear an croí, an teanga, matáin an chinn (seachas na matáin choganta), matáin an charpais, an tarsais agus an eireabaill san áireamh.

(2)  Don lipéadú sa Bhéarla, féadfar ainm ginearálta an chomhábhair don speiceas ainmhithe lena mbaineann a úsáid, in ionad na hainmníochta seo.

(3)  Sloinntear cóimheas collaigine/próitéine feola mar chéatadán na collaigine i bpróitéin feola. Ciallaíonn cion na collaigine cion an hiodrocsapróilín arna iolrú faoi fhachtóir 8.

(4)  Do cháiseanna próiseáilte agus do tháirgí atá bunaithe ar cháiseanna próiseáilte agus dóibh sin amháin.

(5)  Ní cheanglófar an t-ainm sonrach ná an uimhir E a thaispeáint.


IARSCRÍBHINN VIII

LÉIRIÚ CAINNÍOCHTÚIL COMHÁBHAR

1.

Ní gá léiriú cainníochtúil:

(a)

i leith comhábhair nó catagóire de chomhábhair:

(i)

a bhfuil a meáchan glan díscithe á shonrú i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn IX;

(ii)

a bhfuil sé sainordaitheach cheana féin a chainníochtaí a thaispeáint ar an lipéadú faoi fhorálacha an Aontais;

(iii)

nach n-úsáidtear ach i gcainníochtaí beaga chun críocha blaistithe;

(iv)

nach leor an comhábhar, cé gur ann dó in ainm an bhia, le go mbeadh rogha an tomhaltóra á rialú aige sa tír ina gcuirtear ar an margadh é, toisc nach bhfuil baint riachtanach ag athraithe i gcainníocht an chomhábhair le saintréithiúlacht an bhia nó nach leor iad le go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir é agus bianna eile atá cosúil leis;

(b)

i gcás ina leagtar síos go cruinn, le forálacha sonracha an Aontais, cainníocht an chomhábhair nó cainníocht catagóire de chomhábhair ach nach bhforáiltear dá léiriú ar an lipéadú; nó

(c)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 4 agus i bpointe 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn VII.

2.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 22(1) i gcás:

(a)

aon chomhábhair nó aon chatagóire de chomhábhair a chumhdaítear leis an léiriú “tá milseoir(í) ann” nó “tá siúcra(í) agus milseoir(í) ann” má ghabhann an tásc sin le hainm an bhia, de bhun Iarscríbhinn III; nó

(b)

aon vitimín breise nó aon mhianra breise más substaint í atá faoi réir dearbhaithe maidir le cothúchán.

3.

Déanfar cainníocht an chomhábhair nó na catagóire de chomhábhair:

(a)

a shloinneadh mar chéatadán, a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair nó na gcomhábhar ag an am a úsáidtear é/iad; agus

(b)

a thaispeáint in ainm an bhia nó díreach in aice le hainm an bhia nó i liosta comhábhar i dtaca leis an gcomhábhar nó leis an gcatagóir de chomhábhair lena mbaineann.

4.

De mhaolú ar phointe 3:

(a)

i gcás ina mbeidh taise caillte ag bianna i ndiaidh teaschóireála nó cóireála eile, sloinnfear an chainníocht mar chéatadán a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáideadh i gcomparáid leis an táirge críochnaithe, ach amháin más mó ná 100 % an chainníocht sin nó cainníocht iomlán na gcomhábhar ar fad a shonraítear ar an lipéadú, cás ina dtaispeánfar an chainníocht bunaithe ar mheáchan an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáidtear chun 100 g den táirge críochnaithe a ullmhú;

(b)

sonrófar cainníocht na gcomhábhar so-ghalaithe bunaithe ar a gcionmhaireacht de réir meáchain sa táirge críochnaithe;

(c)

féadfar cainníocht na gcomhábhar a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm dhíhiodráitithe agus a athdhéantar le linn an phróisis mhonaraithe a shonrú bunaithe ar a gcionmhaireacht de réir meáchain sa táirge críochnaithe mar a taifeadadh sula ndearnadh iad a dhlúthú nó a dhíhiodráitiú;

(d)

i gcás bianna tiubhaithe nó bianna díhiodráitithe a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leis, féadfar cainníocht na gcomhábhar a shonrú bunaithe ar a gcionmhaireacht de réir meáchain sa táirge athdhéanta.


IARSCRÍBHINN IX

DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN nGLANCHAINNÍOCHT

1.

Ní bheidh sé sainordaitheach dearbhú na glanchainníochta a thaispeáint sna cásanna seo a leanas:

(a)

bianna a d’fhéadfadh cuid shuntasach dá thoirt nó dá mhais a chailliúint agus a dhíoltar de réir an lín nó a dhéantar a mheá i láthair an cheannaitheora;

(b)

bianna ar lú a ghlanchainníocht ná 5 g nó 5 ml; ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le spíosraí ná luibheanna; nó

(c)

bianna a dhíoltar de ghnáth de réir an lín, ar choinníoll gur féidir líon na n-earraí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh, nó mura féidir, go dtaispeántar ar an lipéadú é.

2.

I gcás ina gceanglaítear cineál áirithe cainníochta (mar shampla an chainníocht ainmniúil, an íoschainníocht, an mheánchainníocht) a shonrú, le forálacha an Aontais nó, cheal forálacha an Aontais, le forálacha náisiúnta, measfar gurb í an chainníocht sin an ghlanchainníocht chun críocha an Rialacháin seo.

3.

I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá earra nó níos mó ná dhá earra réamhphacáilte ar leith ina mbíonn an chainníocht chéanna den táirge céanna, sonrófar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht atá i ngach pacáiste ar leith agus líon iomlán na bpacáistí sin a lua. Ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí sin a shonrú áfach, i gcás inar féidir líon iomlán na bpacáistí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh agus i gcás inar féidir léiriú amháin ar a laghad de ghlanchainníocht gach phacáiste ar leith a fheiceáil go soiléir ón taobh amuigh.

4.

I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá phacáiste nó níos mó ná dhá phacáiste nach measfar mar aonaid dhíolacháin, tabharfar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht iomlán agus an líon pacáistí ar leith a shonrú.

5.

I gcás ina gcuirfear bia soladach i láthair i meán leachtach, sonrófar freisin meáchan glan díscithe an bhia. I gcás bia a rinneadh a ghlónrú, ní áireofar an glónrú i meáchan glan dearbhaithe an bhia.

Chun críocha an phointe seo, ciallóidh “meán leachtach” na táirgí seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i meascáin nó a bheith reoite nó mear-reoite chomh maith, ar an gcoinníoll nach mbeidh sa leacht ach gné chúnta i dtaca le heilimintí riachtanacha na hullmhóide sin agus nach toisc chinntitheach é don cheannach: uisce, tuaslagáin uisciúla de shalainn, sáile, tuaslagáin uisciúla d’aigéid bhia, fínéagar, tuaslagáin uisciúla de shiúcraí, tuaslagáin uisciúla de shubstaintí milsitheacha eile, súnna torthaí nó glasraí i gcás torthaí nó glasraí.


IARSCRÍBHINN X

DÁTA ÍOSMHARTHANACHTA AGUS DÁTA “ÉAGA”

1.

Sonrófar an dáta íosmharthanachta mar a leanas:

(a)

Beidh na focail seo a leanas roimh an dáta:

“B’fhearr roimh …” nuair a shonraítear an lá leis an dáta,

“B’fhearr roimh dheireadh …” i gcásanna eile.

(b)

Gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a):

an dáta féin, nó

tagairt don áit ina sonrófar an dáta ar an lipéad.

Más gá, tabharfar cur síos, i ndiaidh na sonraí seo, ar na coinníollacha stórála is gá a chomhlíonadh le go bhfanfaidh an táirge marthanach don tréimhse atá sonraithe.

(c)

An lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.

Ach:

i gcás bia nach seasfaidh níos faide ná trí mhí, is leor an lá agus an mhí a shonrú,

i gcás bia a sheasfaidh níos faide ná trí mhí ach nach seasfaidh níos faide ná 18 mí, is leor an mhí agus an bhliain a shonrú,

i gcás bia a sheasfaidh níos faide ná 18 mí, is leor an bhliain a shonrú.

(d)

Faoi réir aon fhoráil an Aontais lena bhforchuirtear modhanna eile chun an dáta a shonrú, ní cheanglófar an dáta íosmharthanachta a shonrú:

le haghaidh torthaí úra ná glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh, nár gearradh nó nach ndearnadh a chóireáil ar dhóigh chomhchosúil; ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le síolta péactha agus táirgí dá samhail, amhail péacáin léagúim,

fíonta, fíonta licéir, fíonta súilíneacha, fíonta cumhraithe, agus táirgí comhchosúla a tháirgtear ó thorthaí eile seachas fíonchaora, agus deochanna a thagann faoin gcód AC 2206 00 a tháirgtear ó fhíonchaora nó ó úrfhíonta fíonchaora,

le haghaidh deochanna a bhfuil 10 % alcóil de réir toirte iontu nó níos mó,

le haghaidh earraí bácála nó cócaireachta sudóige a itear laistigh de 24 uair i ndiaidh a monaraithe de ghnáth, de bharr a gcineáil,

le haghaidh fínéagair,

le haghaidh salainn chócaireachta,

le haghaidh siúcra sholadaigh,

le haghaidh táirgí milseogra arb éard atá iontu siúcraí blaistithe agus/nó daite den chuid is mó,

le haghaidh gumaí coganta agus táirgí coganta comhchosúla.

2.

Léireofar mar a leanas dáta éaga an bhia:

(a)

Beidh na focail “le húsáid roimh …” roimhe;

(b)

Gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail i bpointe (a):

dáta féin, nó

tagairt don áit ina sonrófar an dáta ar an lipéad.

Tabharfar cur síos i ndiaidh na sonraí sin ar na coinníollacha stórála a chaithfear a chomhlíonadh.

(c)

An lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.


IARSCRÍBHINN XI

CINEÁLACHA FEOLA A bhFUIL SÉ SAINORDAITHEACH AN TÍR THIONSCNAIMH NÓ AN BHUNÁITÍOCHT A LUA INA LEITH

Cóid AC

(Ainmníocht Chomhcheangailte 2010)

Tuairisc

0203

Muiceoil, úr, fhuaraithe nó reoite

0204

Caoireoil nó feoil ghabhar, úr, fhuaraithe nó reoite

Ex02 07

Éineoil dar ceannteideal 0105, úr, fhuaraithe nó reoite


IARSCRÍBHINN XII

NEART ALCÓLACH

Is le figiúr a mbeidh ann nach mó ná an t-aon ionad deachúlach amháin a shonrófar an neart iarmhír alcólach de réir toirte le haghaidh deochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcól de réir toirte iontu. Beidh an siombal “% toirte” ina dhiaidh agus féadfar an focal “alcól” nó an giorrúchán “alc” a chur roimhe.

Cinnfear an neart alcólach ag teocht 20 °C.

Is mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas a bheidh na lamháltais dheimhneacha agus na lamháltais dhiúltacha a cheadófar i leith shonrú an nirt alcólaigh de réir toirte agus sloinnfear i luachanna absalóideacha iad. Beidh feidhm acu gan dochar do na lamháltais a dhíorthófar ón modh anailíse a úsáidfear chun an neart alcólach a chinneadh.

Cur síos ar an deoch

Lamháltas deimhneach nó diúltach

1.

Beoracha faoi chód AC 2203 00 a bhfuil neart alcólach nach mó ná 5,5 % de réir toirte iontu; deochanna gan súilíní a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora.

0,5 % toirte.

2.

Beoracha a bhfuil neart alcólach de bhreis agus 5,5 % de réir toirte iontu; deochanna súilíneacha a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora, ceirtlis, leannta piorraí, fíonta torthaí agus a leithéidí, a fhaightear ó thorthaí seachas fíonchaora, bídís nó ná bídís leathshúilíneach nó súilíneach; meá.

1 % toirte.

3.

Deochanna a bhfuil torthaí maothaithe nó codanna de phlandaí iontu.

1,5 % toirte.

4.

Aon deoch eile a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte inti.

0,3 % toirte.


IARSCRÍBHINN XIII

IONTÓGÁLACHA TAGARTHA

CUID A —   IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)

1.   Vitimíní agus mianraí a d’fhéadfaí a dhearbhú agus a luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de (LTCanna)

Vitimín A (μg)

800

Vitimín D (μg)

5

Vitimín E (mg)

12

Vitimín K (μg)

75

Vitimín C (mg)

80

Tiaimin (mg)

1,1

Ribeaflaivin (mg)

1,4

Niaicin (mg)

16

Vitimín B6 (mg)

1,4

Aigéad fólach (μg)

200

Vitimín B12 (μg)

2,5

Bitin (μg)

50

Aigéad pantaitéineach (mg)

6

Potaisiam (mg)

2 000

Clóiríd (mg)

800

Cailciam (mg)

800

Fosfar (mg)

700

Maignéisiam (mg)

375

Iarann (mg)

14

Sinc (mg)

10

Copar (mg)

1

Mangainéis (mg)

2

Fluairíd (mg)

3,5

Seiléiniam (μg)

55

Cróimiam (μg)

40

Molaibdéineam (μg)

50

Iaidín (μg)

150

2.   Méid suntasach vitimíní agus mianraí

Mar riail, ba cheart na luachanna seo a leanas a chur san áireamh agus an méid suntasach á chinneadh:

15 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 agus a sholáthraítear le 100 g nó le 100 ml i gcás táirgí eile seachas deochanna, nó

7,5 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 agus a sholáthraítear le 100 ml i gcás deochanna, nó

15 % de na luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de a shonraítear i bpointe 1 de réir coda mura bhfuil ach cuid amháin sa phacáiste.

CUID B —   IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH FUINNIMH AGUS COTHAITHEACH ROGHNAITHE EILE SEACHAS VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)

Fuinneamh nó cothaitheach

Iontógáil tagartha

Fuinneamh

8 400 kJ (2 000 kcal)

Iomlán na saille

70 g

Sáitheáin

20 g

Carbaihiodráit

260 g

Siúcraí

90 g

Salann

6 g


IARSCRÍBHINN XIV

FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA

FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA CHUN FUINNEAMH A RÍOMH

An luach fuinnimh a bheidh le dearbhú, ríomhfar é leis na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas:

carbaihiodráit (seachas polóil)

4 kcal/g — 17 kJ/g

polóil

2,4 kcal/g — 10 kJ/g

próitéin

4 kcal/g — 17 kJ/g

saill

9 kcal/g — 37 kJ/g

salaitrimí

6 kcal/g — 25 kJ/g

alcól (eatánól)

7 kcal/g — 29 kJ/g

aigéad orgánach

3 kcal/g — 13 kJ/g

snáithín

2 kcal/g — 8 kJ/g

eiríotról

0 kcal/g — 0 kJ/g


IARSCRÍBHINN XV

SLOINNEADH AGUS CUR I LÁTHAIR AN DEARBHAITHE MAIDIR LE COTHÚCHÁN

Is mar seo a leanas a bheidh na haonaid tomhais atá le húsáid sa dearbhú cothúcháin i gcás fuinnimh (ciligiúil (kJ) agus cileacalraí (kcal)) agus i gcás maise (gram (g), milleagraim (mg), agus micreagraim (μg)) agus ord cur i láthair na faisnéise, mar is iomchuí:

fuinneamh

kJ agus kcal

saill

g

arb é atá ann

 

sáitheáin

g

tras-saillte

g

mona-neamhsháitheáin

g

pola-neamhsháitheáin

g

carbaihiodráit

g

arb é atá ann

 

siúcraí

g

polóil

g

stáirse

g

snáithín

g

próitéin

g

salann

g

vitimíní agus mianraí

na haonaid a shonraítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 1 Feabhra 2008, ar bhonn Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — an Conradh), rinne an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi bhia (1) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach.

2.

Ag gníomhú di i gcomhréir le hAirteagal 294(3) den Chonradh, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh (2) an 16 Meitheamh 2010, agus 247 leasú ar an mbuntogra ón gCoimisiún á bhformheas aici.

I gcomhréir le hAirteagal 114(1) den Chonradh, thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 18 Meán Fómhair 2008 (3).

3.

I gcomhréir le hAirteagal 294(5) den Chonradh, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh trí thromlach cáilithe an 21 Feabhra 2011.

II.   CUSPÓIR

1.

Is é príomhchuspóir an dréachtRialacháin maidir le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi bhia forálacha reachtacha an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir le lipéadú bia, agus lipéadú cothúcháin go háirithe, a thabhairt cothrom le dáta agus a réasúnú. Leis an dréachtRialachán, cumasctar míreanna reachtaíochta éagsúla i Rialachán amháin, amhail Treoir 2000/13/CE (4) agus Treoir 90/496/CEE (5), agus tugtar mórbheart nua isteach leis ag an am céanna: gur cheart an dearbhú cothúcháin a bheith sainordaitheach.

2.

Is é is aidhm don dréachtRialachán ardleibhéal cosanta a bhaint amach do shláinte agus do leasanna na dtomhaltóirí trí chaoi a thabhairt do thomhaltóirí deiridh roghanna eolasacha a dhéanamh agus bia a úsáid go sábháilte, agus na difríochtaí i dtuiscint na dtomhaltóirí agus a riachtanais faisnéise á gcur san áireamh.

3.

Is é an sprioc a bheidh ag an dréachtRialachán feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú, saorghluaiseacht a bhaint amach san Aontas do bhia a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh go dlíthiúil, agus go gcuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, an gá atá le leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí a chosaint agus an gá atá le táirgeadh táirgí d’ardchaighdeán a chur chun cinn.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

(A)    An togra ón gCoimisiún

Ina seasamh ar an gcéad léamh, thug an Chomhairle isteach roinnt athruithe ar an togra ón gCoimisiún, go háirithe maidir le:

(a)

raon feidhme an dréachtRialacháin (Airteagal 1(3)): shonraigh an Chomhairle go sainráite go mbeidh feidhm ag an dréachtRialachán maidir le gníomhaíochtaí oibreoirí gnó bia. Cumhdaítear leis sin leasú 6, leasú 39 (5ú cuid) agus leasú 305 (go páirteach);

(b)

bia bréige (Airteagal 7(1)(d) agus Iarscríbhinn VI): thug an Chomhairle isteach forálacha atá dírithe ar chosc a chur ar fhaisnéis faoi bhia lena gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir trí thabhairt le tuiscint go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia cé gur bia é, go fírinneach, inar cuireadh comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda a bhíonn ann go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth. Thairis sin, éilíonn an Chomhairle go ndéanfaí an chomhchuid nó an comhábhar a úsáideadh don ionadú a lipéadú. Cumhdaítear leis sin éirim leasú 77, leasú 78 agus leasú 230, le heisceacht amháin: measann an Chomhairle go dtugtar an fhaisnéis ábhartha do thomhaltóirí má thugtar léiriú soiléir ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú, agus má thugtar ainm an bhia;

(c)

an t-ainm ar an lipéad (Airteagal 9(1)(h)): shoiléirigh an Chomhairle go bhfuil sé sainordaitheach ainm agus seoladh an oibreora gnó bia a bheidh freagrach as an bhfaisnéis faoi bhia a lua ar an lipéadú; féadfar ainmneacha agus seoltaí breise a lua ar bhonn saorálach chun oibreoirí gnó bia eile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas táirgthe bia a ainmniú;

(d)

ciandíol (Airteagal 14): i gcás bia réamhphacáilte, éilítear go gcuirfear an fhaisnéis shainordaitheach bhia go léir ar fáil, seachas an dáta íosmharthanachta nó an “dáta faoinar cheart an bia a úsáid”, sula gcuirfear an ceannach i gcrích; ar aon nós, ní mór na sonraí sainordaitheacha uile a chur ar fáil tráth an tseachadta; cumhdaítear leasú 20, leasú 118 agus leasú 119 mar sin;

(e)

deochanna alcólacha (Airteagal 16(4)): leag an Chomhairle amach ar bhealach níos mionsonraithe cuspóirí na tuarascála i dtaobh na díolúine ar dheochanna alcólacha a thíolacfaidh an Coimisiún laistigh de chúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an dréachtRialachán i bhfeidhm;

(f)

an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht (Airteagal 25): beidh lipéadú maidir leis an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht sainordaitheach:

(a)

más rud é go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir in éagmais aon léirithe;

(b)

do mhuiceoil, do chaoireoil, d’fheoil ghabhair agus d’éineoil, agus do tháirgí dá bhfuil an lipéadú sainordaitheach cheana de bhua reachtaíochta ingearaí, ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún tuarascáil laistigh de 5 bliana ón dáta a dtiocfaidh an lipéadú sainordaitheach i bhfeidhm.

Maidir le táirgí eile (cineálacha eile feola, bainne, bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; comhábhair as a ndéantar os cionn 50 % de bhia áirithe), ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur isteach laistigh de thrí bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh an bhféadfaí an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a shonrú maidir leis na táirgí sin, chun measúnú a dhéanamh maidir le hanailís chostais/sochair lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla an mhargaidh inmheánaigh agus maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann don trádáil idirnáisiúnta má shonraítear an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht i gcás na dtáirgí sin. Éilíonn an Chomhairle chomh maith go sonrófar tionscnamh an phríomh-chomhábhair murab ionann é agus tionscnamh an táirge bia (nó go sonrófar nach as an áit chéanna dóibh ar a laghad);

(g)

dearbhú cothúcháin (Airteagal 29, Airteagal 33): seo a leanas na gnéithe a bhaineann leis an dearbhú sainordaitheach cothúcháin: an fuinneamh, an tsaill, na sáitheáin, na carbaihiodráití, na siúcraí, an phróitéin agus an salann; féadfar iad a fhorlíonadh go saorálach leis an ngné a shonraítear in Airteagal 29(2); ba cheart na gnéithe sin go léir a léiriú sa réimse céanna radhairc (ar aghaidh na pacáistíochta nó in áit éigin eile). Thairis sin, féadfar cuid den fhaisnéis a athlua in aon réimse radhairc (ar aghaidh na pacáistíochta nó in áit éigin eile). Tá sé sin ag teacht le leasú 298;

(h)

sloinneadh “in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml” (Airteagal 31, Airteagal 32): sa seasamh ón gComhairle, tá sé éigeantach go mbainfear úsáid as an sloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml i ngach cás, chun go bhféadfar comparáid a dhéanamh idir táirgí comhchosúla. Ceadaítear an sloinneadh “de réir coda” chomh maith leis an sloinneadh thuas. Cumhdaítear leis seo leasú 32 (1ú chuid);

(i)

bianna neamh-réamhphacáilte (Airteagal 42): mar phrionsabal, maidir le bianna neamh-réamhphacáilte, is í an fhaisnéis ar ailléirginí amháin atá sainordaitheach. Féadfaidh Ballstáit socrú ar an leibhéal náisiúnta, áfach, go bhfuil na sonraí eile a liostaítear in Airteagal 9 nó in Iarscríbhinn III sainordaitheach. Féadfaidh siad na modhanna agus na leaganacha faoina bhféadfar an fhaisnéis a chur ar fáil a chinneadh chomh maith. Tá sé seo ag teacht leis na leasuithe seo a leanas: leasuithe 7, 34, 37, 39 (4ú cuid), 93, 127, 136, 184 (1ú chuid), 185, 220;

(j)

bealaí breise le faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair (Airteagal 34): ag teacht leis na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa, scrios an Chomhairle an Chaibidil maidir le “scéimeanna náisiúnta” a bhí sa togra ón gCoimisiún freisin. Mar sin féin, bhí sé de rún ag an gComhairle cead a thabhairt d’oibreoirí gnó bia leas a bhaint as bealaí breise le faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair, faoi réir na gceanglas dlíthiúil. Shocraigh an Chomhairle ar chreat íosta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le bealaí breise chun faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair. Tá sé seo ag teacht leis na leasuithe seo a leanas: leasuithe 59, 155, 156, 170 (3ú cuid) agus 301;

(k)

comhfhogasú leis an gConradh: rinneadh an bunús dlí a chomhfhogasú leis an gConradh; thairis sin, cuireadh an téarmeolaíocht in oiriúint agus rinneadh rialacha nua a bhaineann leis na cumhachtaí a tugadh don Choimisiún chun an Rialachán a chur chun feidhme a chur isteach sa téacs. Tá sé seo ag teacht leis na leasuithe seo a leanas ó Pharlaimint na hEorpa: leasuithe 82, 105, 138, 188, 329, 330, 331, 333, 336, 337, 340 (go páirteach), 346, 347, 348, 349;

(l)

bearta idirthréimhseacha do bhearta cur chun feidhme nó do ghníomhartha tarmligthe (Airteagal 45): leagtar síos sa dréachtRialachán go n-áireofar idirthréimhse ar na bearta a ghlacfaidh an Coimisiún chun go n-ídeofar stoic an bhia ar a bhfuil lipéadú; i bprionsabal, cumhdaítear leasú 69 leis sin;

(m)

cur i bhfeidhm an dréachtRialacháin (Airteagal 55): tiocfaidh an dréachtRialachán i bhfeidhm trí bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm seachas i gcás Airteagal 29 go hAirteagal 34, a thiocfaidh i bhfeidhm 5 bliana ón dáta a dtiocfaidh an dréachtRialachán i bhfeidhm; féadfar a bheith ag coinne leis, áfach, go gcuirfear na rialacha maidir leis an dearbhú cothúcháin i bhfeidhm: ar bhonn saorálach, féadfaidh an t-oibreoir gnó bia Airteagal 29 go hAirteagal 34 a chur i bhfeidhm trí bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm (Airteagal 54(3)).

(B)    Leasuithe Pharlaimint na hEorpa

(a)   Na leasuithe a ionchorpraítear

D’ionchorpraigh an Chomhairle 75 leasú ó Pharlaimint na hEorpa ina Seasamh.

Ghlac an Chomhairle na leasuithe seo a leanas ina n-iomláine:

59, 301 (an chaibidil ar scéimeanna náisiúnta a scrios), 57, 58 (an sainmhíniú ar “phríomh-chomhábhar” a shimpliú), 76 (gné bhunúsach), 82 (comhfhogasú le Conradh Liospóin), 83 (cleachtais mhíthreoracha), 103 (an inniúlacht liosta na mionsonraí a athrú), 149 (simpliú), 184 (an 1ú chuid), 185 (bianna neamh-réamhphacáilte), 217 (bianna a dhíolmhaítear ón dearbhú cothúcháin), 243 (liosta na vitimíní), 105, 138, 188, 329, 330, 331, 333, 336, 337, 346, 347, 348, 349 (cumhachtaí cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe).

Glacadh leis na leasuithe seo a leanas go páirteach:

17, 332, 340 (cumhachtaí cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe) 88, 89 (freagracht), 118, 119 (ciandíol), 155 (bealaí le faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair), 300 (scéimeanna náisiúnta), 322 (Iarscríbhinn I).

Glacadh leis na leasuithe seo a leanas i bprionsabal:

6, 305 (go páirteach) (raon feidhme an Rialacháin), 7, 34, 37, 39 (an 4ú cuid agus an 5ú cuid), 93, 127, 136, 285 (bia neamh-réamhphacáilte), 14, 84, 86, 326 (freagracht), 20, 118, 119 (ciandíol), 31 (an réimse céanna radhairc), 32 (an chéad chuid) (cainníochtaí a shloinneadh), 40 (bianna ó thríú tíortha), 69 (bearta idirthréimhseacha), 77, 78, 230 (bia bréige), 130 (“nana-ábhair”), 134 (einsímí), 156, 160, 165 (bealaí le faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair), 170 (an chéad chuid) (faisnéis shaorálach), 170 (an 3ú cuid) (bealaí breise le faisnéis a shloinneadh nó a chur i láthair), 178 (saorghluaiseacht earraí), 194 (teacht i bhfeidhm Airteagal 29 go hAirteagal 34), 202, 203, 204, 245, 255 (Iarscríbhinní), 298 (an dearbhú cothúcháin a athlua).

(b)   Leasuithe a chumhdaítear cheana féin leis an Togra ón gCoimisiún

Tá líon áirithe leasuithe nár chomhtháthaigh an Chomhairle go sainráite ina théacs mar mheas sí go gcumhdaítear cheana féin iad leis an togra ón gCoimisiún i gcodanna nár athraigh an Chomhairle. Mar sin féin, comhaontaíonn an Chomhairle leis na prionsabail atá taobh thiar de leasú 71, leasú 72 agus leasú 142 (go páirteach) (catagóirí faisnéise), 98, 99 (coinníollacha stórála), 114, 122 (ceanglais maidir le teangacha), 115, 265, 276, 293 (an tomhaltóir a chur ar míthreoir), 116, 224 (go páirteach) (inléiteacht), 209 (torthaí agus glasraí), 211 (uiscí mianraí), 215, 216 (breiseáin).

Ar an iomlán, tá 92 leasú de chuid Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir ar a laghad le spiorad an tSeasaimh ón gComhairle.

(c)   Leasuithe nár glacadh leo

Níor ghlac an Chomhairle leis na leasuithe seo a leanas:

(1)   Cuspóir an dréacht-Rialacháin

Leagtar amach cuspóirí riachtanacha an dréachtRialacháin in aithris 1, aithris 2 agus in aithris 3 den seasamh ón gComhairle. Measadh nach raibh na nithe breise a cuireadh le haithris 2 i leasú 1 riachtanach.

Sainaithnítear cuspóir an Rialacháin le hAirteagal 1(1) den togra ón gCoimisiún; bheadh sé neamhleor dá scriosfaí é. Diúltaíodh do leasú 38 dá bhrí sin.

Mheas an Chomhairle gur sloinneadh cuspóir an dréachtRialacháin mar is ceart le hAirteagal 3(1) den seasamh ón gComhairle. Measadh nach raibh aon ghá le hathrú ar an bhfoclaíocht, mar sin níor glacadh le leasú 66.

Is é is aidhm don dréachtRialachán go bunúsach tomhaltóirí a chosaint, ach ní ann d’aon chosaint tomhaltóra gan táirgeadh bia; dá bhrí sin, is ar mhaithe leis na tomhaltóirí atá sé gur cheart leasanna an táirgeora mar aon le caighdeán na dtáirgí a chur san áireamh. Diúltaíodh do leasú 68 dá bhrí sin.

(2)   Oideachas agus feachtais faisnéise

Le leasú 4 agus leasú 5 tugtar isteach sna haithrisí den dréachtRialachán sin ón Aontas Eorpach tagairtí d’fheachtais oideachais agus faisnéise, ar ionstraimí ar leibhéal náisiúnta iad, áfach; thairis sin, níl aon ní a chomhfhreagraíonn do na haithrisí sin i bhforálacha an téacs dlí. Diúltaíodh do na leasuithe sin.

(3)   An tomhaltóir a chur ar míthreoir

An toirmeasc ar thréithe leigheasacha a shannadh do bhianna in aithris 20 den seasamh ón gComhairle, bhí sé sin níos tábhachtaí don Chomhairle ná a raibh sa leagan ó Pharlaimint na hEorpa. Diúltaíodh do leasú 12 dá bhrí sin.

Riachtanais speisialta chothaithe: le Treoir 2009/39/CE (6) maidir le hearraí bia atá ceaptha chun críocha sonracha maidir le cothú, déantar an toirmeasc dá bhforáiltear ag Parlaimint na hEorpa i leasú 81 uaithi a chumhdach cheana féin.

(4)   Maímh chothúcháin nó shláinte

Déantar maímh chothúcháin agus shláinte a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (7) maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna. Ba cheart aon fhorluí a bheadh ann idir an dréachtRialachán reatha agus an Rialachán maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a sheachaint. Dá bhrí sin, measadh gur tagairt mhíchuí a bhí sa tagairt a tugadh isteach san aithris le leasú 13.

Aon bhéim a chuirtear ar chothaitheach gan a bheith i láthair nó a bheith i láthair i gcainníocht laghdaithe, d’fhéadfadh an bhéim sin a bheith i limistéar liath teorann idir faisnéis agus maíomh; ba cheart aon fhorluí idir an dréachtRialachán reatha agus an Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a sheachaint. Diúltaíodh do leasú 79 agus do leasú 80.

(5)   Teicneolaíochtaí nua

Le leasú 16, tugtar isteach aithris nua lena ndéantar cur síos ar roghanna malartacha lenar féidir le tomhaltóirí faisnéis a fháil ó fhoinsí seachas lipéid bhia, foinsí amhail an tIdirlíon. Aithris thuairisciúil ar fad atá inti agus níl aon tagairt chomhfhreagrach i gcorp an téacs.

(6)   Ailléirginí

Maidir le substaintí is cúis le hailléirgí, le leasú 18, déantar ceanglas (chun rianta na substainte a léiriú) a thabhairt isteach in aithris, ar ceanglas é nach bhfuil aon tagairt chomhfhreagrach dó i gcorp an téacs.

De réir leasú 135, ba cheart go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh láithreach idir ailléirge nó éadulaingt a d’fhéadfadh tarlú agus aon tagairtí d’ailléirgí ar liosta na gcomhábhar. Measann an Chomhairle gur faisnéis atá soiléir go leor don tomhaltóir é léiriú ar ainm an táirge a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hailléirge nó le héadulaingt.

(7)   Beartas sláinte poiblí

Ní cheaptar gur comhthéacs iomchuí é aithris i Rialachán ón Aontas Eorpach chun a léiriú do na Ballstáit an chaoi ar cheart dóibh a mbeartas sláinte poiblí a sheoladh, ar beartas é atá ina inniúlacht náisiúnta; diúltaíodh do leasú 26 dá bhrí sin.

(8)   Reachtaíocht náisiúnta

Ordaítear le hAirteagal 37 den seasamh ón gComhairle go bhféadfar nach n-eascróidh bacainní ar shaorghluaiseacht earraí as bearta náisiúnta. Dá réir sin tá leasú 35 iomarcach.

(9)   Sainmhínithe

Measann an Chomhairle gur bunriachtanach é an sainmhíniú ar an dlí um fhaisnéis bhia i gcomhthéacs an dréachtRialacháin agus nár cheart é a scriosadh; diúltaíodh do leasú 44.

Leis an sainmhíniú ar fhaisnéis shainordaitheach bhia, soiléirítear brí an téacs dlí agus níor cheart an sainmhíniú sin a scriosadh; diúltaíodh do leasú 45.

An sainmhíniú ar bhia réamhphacáilte a mhol an Coimisiún, lena dtagraítear don phacáistiú agus lena sonraítear go gcuirtear an bia isteach sa phacáistiú sula gcuirfear ar díol é, is sainmhíniú é atá níos críochnúla agus níos cruinne ná an leagan a mholtar le leasú 47; diúltaíodh don leasú sin.

Is iomarcach é an sainmhíniú ar “bhia neamh-réamhphacáilte” agus bheadh sé fritorthúil toisc gurb ionann “bia neamh-réamhphacáilte” agus an bia go léir nach bhfuil réamhphacáilte agus tá sainmhíniú ann ar bhia réamhphacáilte; chomh maith leis sin, dá gcuirfí sainmhíniú ar bhia neamh-réamhphacáilte ar fáil, d’fhéadfadh sé go gcuirfí in iúl leis sin gurb ann do bhia nach raibh pacáilte ná neamhphacáilte agus ní fhéadfaí an neamhchinnteacht dhlíthiúil a sheachaint dá bharr sin; diúltaíodh do leasú 48 dá bhrí sin.

Ní úsáidtear an coincheap de tháirge bia lámhdhéanta sa seasamh ón gComhairle; is iomarcach an sainmhíniú é mar sin; diúltaíodh do leasú 292.

Leis an abairt “ní mheasfar gur comhábhair iad iarmhair”, cuirtear soiléire agus cinnteacht leis an sainmhíniú ar “chomhábhar”; níor cheart í a scriosadh; diúltaíodh do leasú 49.

An sainmhíniú a mhol an Coimisiún ar “réimse radhairc”, meastar go bhfuil sé níos cruinne; diúltaíodh do leasú 52.

Ar chúiseanna na soiléire dlíthiúla agus na cinnteachta dlíthiúla, b’fhearr leis an gComhairle an togra ón gCoimisiún le haghaidh sainmhíniú ar “ainm dlíthiúil” sa téacs dlí a choinneáil agus dá bhrí sin dhiúltaigh sí do leasú 54 agus do leasú 129.

Rinne an Chomhairle an sainmhíniú ar “phríomh-chomhábhar” a shimpliú, scrios sí na sainmhínithe ar chomhábhair shuntasacha agus ar chomhábhair a bhaineann le saintréithiúlacht, ach choinnigh sí an sainmhíniú ar phríomh-chomhábhar sa téacs dlí toisc go n-úsáidtear i gceann amháin de na forálacha é; diúltaíodh do leasú 56.

Measann an Chomhairle go bhfuil an coincheap de “táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu” soiléir go leor agus nach bhfuil gá le sainmhíniú air; níor glacadh le leasú 350.

Chinn an Chomhairle gan sainmhíniú ar “bia bréige” a chur sa téacs, ionas go seachnófar an baol go ndéanfaí na cásanna a bhféadfaí breathnú orthu mar chásanna um “bia bréige” a eisiamh ón sainmhíniú sin, agus ar cásanna iad ba cheart a chumhdach leis an socrú céanna; níor glacadh le leasú 63.

(10)   Bianna neamh-réamhphacáilte

Choinnigh an Chomhairle bianna neamh-réamhphacáilte laistigh de raon feidhme an dréachtRialacháin agus cumhdaítear le hAirteagal 41 iad. Mar thoradh air sin, diúltaíodh do leasú 39 (an dara cuid agus an tríú cuid) agus do leasú 109.

I bprionsabal, ní éilítear aon fhaisnéis i gcás bianna neamh-réamhphacáilte seachas i dtaca le hailléirgí. Ní thrasnaítear teorainneacha le bianna neamh-réamhphacáilte de ghnáth. Tá sé loighciúil mar sin an inniúlacht a thabhairt do na Ballstáit a cheangal, ar an leibhéal náisiúnta, go soláthrófar faisnéis bhreise i gcomhréir lena gcúrsaí náisiúnta cothaithe agus lena dtosaíochtaí sláinte poiblí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do leasú 6 agus do leasú 184 (an dara cuid).

(11)   Dáta monaraithe

Phléigh an Chomhairle “dáta monaraithe” go ginearálta. Faisnéis bhreise a bheadh sa mhéid sin, ar faisnéis í a chuirfeadh an t-oibreoir gnó bia ar fáil, rud a bheadh ina ualach breise ar oibreoirí gnó. Mar sin, sula n-éileofar é, ní mór dianmhachnamh a dhéanamh maidir leis an ngá a bheadh leis agus a úsáidí a bheadh sé. Dá bhrí sin, diúltaíodh do leasú 62, do leasú 97 agus do leasú 140.

(12)   Ionad tionscnaimh an bhia

Ceann de na prionsabail atá mar bhonn do na rialacha maidir le tionscnamh sa seasamh ón gComhairle is ea go seachnófar an tomhaltóir a chur ar míthreoir. Is é is aidhm don bhforáil a scriosadh le leasú 172 ó Pharlaimint na hEorpa go seachnófar an tomhaltóir a chur ar míthreoir. Mar thoradh air sin diúltaíodh do leasú 172 agus do leasú 173.

Mhol Parlaimint na hEorpa leasuithe lena gceanglófaí dearbhú láithreach maidir le tionscnamh i gcás bianna amhail feoil, táirgí déiríochta, torthaí agus glasraí úra, táirgí eile nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu agus feoil agus iasc nuair a úsáidtear mar chomhábhair i mbianna próiseáilte iad. Sa seasamh ón gComhairle ceanglaítear freisin go léireofar an tír tionscnaimh nó an bhunáitíocht do mhuiceoil, do chaoireoil, d’fheoil ghabhair agus d’éineoil. Maidir le táirgí eile, áfach, (cineálacha eile feola, bainne, bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; comhábhair arb ionann iad agus os cionn 50 % de bhia), rinne an Chomhairle foráil do réamhthuarascáil ón gCoimisiún lena dheimhniú an bhféadfar an t-ionad tionscnaimh a léiriú. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 101, leasú 309 ná leasú 328.

Diúltaíodh do leasú 24 mar nár ceapadh gurb iomchuí déileáil ar leibhéal an Rialacháin leis an tsaincheist sin a bhain leis an Aontas Eorpach a bheith mar thagairt do bhunáitíocht an bhia. B’fhearr déileáil leis an tsaincheist sin mar cheann de na gnéithe ar a ndéanfaí meastóireacht leis na tuarascálacha ón gCoimisiún agus, i gcás inar gá, dhéanfaí í a bhunú le bearta cur chun feidhme ina dhiaidh sin.

Maidir le leasú 50, b’fhearr leis an gComhairle raon feidhme níos leithne an tsainmhínithe ar “bunáitíocht” dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún a choimeád. Diúltaíodh don leasú sin.

Maidir le leasú 177, ní raibh aon rún ag an gComhairle an coincheap “bunáitíocht” a shrianadh.

D’fhág an Chomhairle an rogha ag na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh maidir le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta de bhianna i gcás ina mbeidh nasc cruthaithe ann idir cáilíochtaí áirithe an bhia agus a thionscnamh nó a bhunáitíocht, chun cáilíocht an bhia áitiúil a chosaint. Níorbh fholáir diúltú do leasú 179.

(13)   Deochanna alcólacha

Rinne an Chomhairle deochanna alcólacha sainainmnithe a dhíolmhú ó liosta na gcomhábhar agus an dearbhú cothúcháin a bheith ina n-iomláine orthu. Go dtí go bhfoilseofar tuarascáil ón gCoimisiún laistigh de chúig bliana leis an staid a athbhreithniú, is féidir faisnéis a sholáthar go saorálach agus, go háirithe maidir leis an dearbhú cothúcháin, d’fhéadfaí luachanna fuinnimh amháin a thabhairt i gcás na ndeochanna díolmhaithe sin. Ní éilítear faisnéis fuinnimh áfach i seasamh na Comhairle. Diúltaíodh mar sin do leasú 28.

Is d’aon ghnó nach ndearna an Chomhairle deochanna ina mbíonn meascán d’alcól agus deochanna neamhmheisciúla (dá ngairtear “mianraí meisciúla”) a dhíolmhú, ar deochanna iad a ólann daoine óga den mhórchuid i gcainníochtaí móra. Dá thoradh sin, níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 145, leasú 294 ná leasú 339. Rinne Parlaimint na hEorpa mianraí meisciúla a dhíolmhú, ach ar an dtaobh eile d’iarr sí go ndéanfaí aithris chun go leagfaí síos ceanglais níos déine ina leith maidir le lipéadú. Measann an Chomhairle go gcuirtear go leor faisnéis faoi na deochanna sin ar fáil le cur i bhfeidhm na gceanglas coiteann. Diúltaíodh do leasú 21.

Mar riail, díolmhaítear deochanna alcólacha ó liosta na gcomhábhar a bheith orthu. I gcás áfach, ina mbeadh forálacha eile i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta níl cúis ar bith ann gan iad a choimeád. Ní fhéadfadh an Chomhairle glacadh le leasú 181.

(14)   Inléiteacht

Tá méid sainordaitheach an chló ar cheann d’eilimintí riachtanacha na hinléiteachta, dar leis an gComhairle, curtha i gcrích le codarsnacht agus critéir bhreise a bheidh le sainiú ag an gCoimisiún trí ghníomhartha tarmligthe. Dá bhrí sin, bhunaigh an Chomhairle méid na litreacha ag 1,2 mm (airde-x) le go measfaí téacs a bheith inléite agus tagraíonn Parlaimint na hEorpa do chritéar suibiachtiúil (áiseanna optúla). Maidir le leasú 19, leasú 113 agus leasú 334, níor bhreithnigh Parlaimint na hEorpa aon chritéar intomhaiste ar leith chun an inléiteacht a chinneadh, rud nach raibh inghlactha ag an gComhairle.

Bunaíonn Parlaimint na hEorpa liosta dúnta de chritéir bhreise ach d’fhag an Chomhairle an liosta oscailte lena mheas ag an gCoimisiún. Ní féidir leis an gComhairle glacadh le leasú 53.

Le leasú 67, tugtar foráil aicmeach isteach ina bhfuil coincheapa doiléire nach bhféadfaí a gcomhlíonadh a fhíorú.

I bhfianaise an cheanglais ghinearálta maidir leis an gclómhéid i seasamh na Comhairle, níl bun ná barr ar leasú 111 lena éilítear clómhéid do bhianna ar leith.

Mheas an Chomhairle gur ghá cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh ar an gcodarsnacht idir an cló agus an cúlra i bhfianaise nádúr fíortheicniúil na forála seo. Níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 112 dá bhrí sin.

Maidir le leasú 117, dá mba rud é go mbeadh an t-ualach ar an gcomhshaol ina chritéar tábhachtach don reachtóir d’fhonn teorainn a chur leis an bhfaisnéis sainordaitheach a éilítear, níor cheart go mbeadh sé infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí gnó bia. Cuirfidh na hoibreoirí gnó bia faisnéis sainordaitheach ar fáil a bheidh inléite agus gan an méadú i méid an ábhair phacála ná an méadú san ualach ar an gcomhshaol a chur san áireamh. Diúltaíodh do leasú 10 freisin, mar go moltar in aithris a ghabhann leis go mbeadh an t-ualach ar an gcomhshaol ina chritéar chun faisnéis sainordaitheach nua a bhunú, ach ní fhreagraítear leis sin don fhoráil i gcorp an téacs.

(15)   Catagóirí faisnéise

Mheas an Chomhairle go mbeadh sé tábhachtach tomhaltóirí a chur ar an eolas trí lipéadú a dhéanamh i leith an bhaoil a bheadh ann don tsláinte de dheasca a bheith ag ithe nó ag ól an iomarca, i ndiaidh an dáta faoinar cheart an bia a úsáid, srl.; diúltaíodh do leasú 73, a scriosann an fhéidearthacht sin.

(16)   Sonraí sainordaitheacha

Critéir chun faisnéis sainordaitheach a bhunú: ag teacht le togra an Choimisiúin, measann an Chomhairle gurb é gá na dtomhaltóirí le faisnéis an critéar cinntitheach maidir le faisnéis a dhéanamh sainordaitheach. Diúltaíodh do leasú 75.

Comhábhair: níl an tagairt don Iarscríbhinn a thugann leasú 94 isteach riachtanach agus d’fhéadfadh sé go gcothófaí fadhbanna leis má dhéantar modhnú ar an Rialachán seo nó má ghlactar forálacha ábhartha trí ítim eile reachtaíochta.

Cainníocht: is léir gurb é is ciall do “glanchainníocht” cainníocht an bhia nuair a chuirtear isteach sa phacáiste é; níl gá le míniú eile; diúltaíodh do leasú 95.

Cainníocht leachtanna: le leasú 139, tugtar isteach tagairt do ghníomh dlíthiúil a measadh nach raibh riachtanach do shoiléire an téacs.

Meachain agus tomhais (Airteagal 11): in leasú 106, tugann Parlaimint na hEorpa isteach an tagairt do phíosa ar leith reachtaíochta nach mór a chomhlíonadh; leis an tagairt aonair sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí le tuiscint go dtiteann aon reachtaíocht eile lasmuigh de raon feidhme Airteagal 11, teachtaireacht a bheadh mícheart.

Suíomh: dhíchuir Parlaimint na hEorpa an rogha maidir leis an bhfaisnéis a chur ar lipéad a bheadh ceangailte den phacáiste; bhí an Chomhairle i bhfábhar na solúbthachta agus choinnigh sí an rogha sin; diúltaíodh do leasú 107.

(17)   Liosta na gComhábhar - an dearbhú cothúcháin

Díolmhuithe ón dearbhú cothúcháin: le leasú 30, thug Parlaimint na hEorpa isteach in aithris sampla eile d’imthosca ina ndíolmhaítear bia ón dearbhú cothúcháin. Mheas an Chomhairle nár ghá na cásanna um dhíolmhú a luaitear in Iarscríbhinn V a athlua san aithris.

Dar leis an gComhairle, ba cheart gurb iad na heilimintí seo a leanas a bheadh sna heilimintí sainordaitheacha den dearbhú sainordaitheach cothúcháin: an fuinneamh, an tsaill, na sáitheáin, na carbaihiodráití, na siúcraí, an phróitéin agus an salann. Dá bhrí sin, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le leasú 144, leasú 152 ná le leasú 319.

Ní fhéadfaidh an Chomhairle aontú le leasú 146 (an chéad chuid) ach oiread; measann an Chomhairle an fhaisnéis ar cholaistéaról a bheith gan úsáid don tomhaltóir agus go dtugann sí míthreoir don tomhaltóir de bhrí nach bhfuil aon bhaint dhíreach idir an colaistéaról a thomhlaítear agus na leibhéil cholaistéaróil atá i gcorp an duine.

Measann an Chomhairle gurb í Iarscríbhinn XIII ba cheart a chomhlánú, más rud é gur liosta neamhiomlán atá sa liosta vitimíní. Ní raibh glacadh le leasú 146 (an dara cuid).

Éilíonn an Chomhairle go mbeidh ábhar an dearbhaithe sainordaitheach cothúcháin le feiceáil sa réimse céanna radhairc den phacáiste — sa réimse radhairc tosaigh nó i réimse radhairc eile. Áiritheofar leis seo go mbeidh rochtain láithreach ag an tomhaltóir ní amháin ar fhaisnéis faoi na cáilíochtaí diúltacha nó dearfacha den bhia ach ar fhaisnéis iomlán. Thairis sin, cheadódh an Chomhairle go n-athléireofaí codanna ar leith den fhaisnéis in aon áit ar an bpacáiste go saorálach. Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh mar sin le leasú 161, ná le leasú 313.

Cur i láthair chion an fhuinnimh: dar leis an gComhairle, ba cheart go bhfaigheadh an tomhaltóir, a mhéid is féidir, an fhaisnéis is mó is féidir a fháil faoin mbia ar an gcéad amharc. Níor cheart go bhfaigheadh an tomhaltóir faisnéis faoin mbia a bheadh neamhiomlán nó claonta. Níor aontaigh an Chomhairle mar sin leis an smaoineamh go ndéanfaí faisnéis faoi eilimint amháin a aibhsiú, rud a rachadh chun aimhleas eilimintí eile agus dhiúltaigh sí do leasú 158, do leasú 159 agus do leasú 162.

Níl an fhoclaíocht bhreise a éilítear le leasú 151 beacht agus ar aon nós theastódh feachtas oideachais leis chun í a chur i gcomhthéacs. Ar an dtaobh eile, má chuirtear an feachtas oideachais chun feidhme mar is ceart ní bheidh aon ghá leis an bhfoclaíocht fhada sin ar gach lipéad.

Faisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn saorálach: measann an Chomhairle maidir le faisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn saorálach fiú, gur cheart an fhaisnéis sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla a leagtar síos i gCuid 2 agus i gCuid 3 de Chaibidil IV den Rialachán. Ní raibh an Chomhairle mar sin in ann glacadh le scriosadh Airteagal 35(1) agus dhiúltaigh sí do leasú 169. Is deacair leasú 170 (an dara cuid) a chur i bhfeidhm agus b’éigean don Chomhairle diúltú dó: cé a bheadh freagrach as an bhfaisnéis a chur ar fáil don phobal?

Buidéil ghloine a cheaptar don athúsáid a bhfuil marc doscriosta orthu: mheas an Chomhairle go raibh géarghá leis na ceanglais chothúcháin. Diúltaíodh do leasú 124 agus do leasú 223.

Maidir leis an sainmhíniú ar phacáistí beaga i ndáil leis na sonraí sainordaitheacha a éilítear, níor ghlac an Chomhairle le leasú 125 agus tháinig sí leis an gCoimisiún: sainmhíníonn an Chomhairle pacáiste beag mar phacáiste a bhfuil achar níos lú ná 10 cm2 ag a dhromchla is mó agus éilíonn an Chomhairle níos lú faisnéise ná mar a éilíonn Parlaimint na hEorpa.

Maidir leis an sainmhíniú ar phacáistí beaga a dhíolmhaítear ón gceanglas i ndáil leis an dearbhú sainordaitheach cothúcháin, chloígh an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiúin: is pacáiste beag é pacáiste a bhfuil achar níos lú ná 25 cm2 ag a dhromchla is mó agus ní éilítear fiú luachanna fuinnimh do na pacáistí sin. Diúltaíodh do leasú 219.

Ríomh luachanna fuinnimh agus cothaithigh: de réir leasú 340 (an chéad chuid), ba cheart na luachanna dearbhaithe a chinneadh ag deireadh na tréimhse íosmharthanachta. Níor aithin an Chomhairle aon chúis tréimhse ama mar sin a shonrú.

(18)   Na ceanglais maidir le lipéadú i reachtaíocht shonrach

Thug Parlaimint na hEorpa leasuithe isteach lena gceanglófar ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú de na ceanglais maidir le lipéadú dá bhforáiltear i reachtaíocht shonrach an Aontais Eorpaigh atá infheidhme maidir le bianna ar leith. Agus é á chur san áireamh go bhfuil bunachair shonraí ar fáil don phobal (m.sh. ar an idirlíon) lena dtugtar an reachtaíocht atá i bhfeidhm, measann an Chomhairle gur ualach breise neamhriachtanach a bheadh ann liosta mar sin a dhréachtú, ar liosta é a gcaithfí a uasdátú i gcónaí le go mbeadh sé úsáideach. Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le leasú 15 ná le leasú 41.

I leasú 42, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún a dhearbhú go gcomhlíontar an dréachtRialachán seo leis na ceanglais shonracha. Is féidir leis an gComhairle luach aon dearbhaithe mar sin a aithint, ach ó tharla nach bhforáiltear do ghealltanas buiséadach sa dréachtRialachán seo a bhfuil an aidhm sin aige, ní hí an reachtaíocht seo an áit cheart chun ualach breise a leagan ar an gCoimisiún. Níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 42.

(19)   An t-ainm a bheidh ar an lipéad

De réir na Comhairle, is é an duine atá ainmnithe ar an lipéad an duine ba cheart a bheith freagrach as an bhfaisnéis maidir leis an mbia. Agus an cheist a bhain le spás ar na lipéid á cur san áireamh ag an gComhairle, ní raibh sí in ann glacadh le leasú 100 agus a liostaí de dhaoine atá le hainmniú.

(20)   An sloinneadh “de réir coda”

Éilíonn Parlaimint na hEorpa an sloinneadh “de réir coda” den dearbhú cothúcháin chomh maith le sloinneadh a dhéanamh de réir an 100 g nó de réir an 100 ml (leasú 313) agus mar sin scrios sí Airteagal 32(1) den togra ón gCoimisiún, áit nár luadh an sloinneadh “de réir coda” ach mar fhéidearthacht (leasú 153). Ceadaíonn an Chomhairle an sloinneadh “de réir coda”, chun an sloinneadh de réir an 100 g nó de réir an 100 ml a chomhlánú, an t-aon bhealach le faisnéis a shloinneadh a cheadaítear leis comparáid a dhéanamh idir na táirgí. Diúltaíodh don dá leasú.

(21)   Bealaí breise le faisnéis a shloinneadh agus a chur i láthair

Tugann an Chomhairle údarú d’oibreoirí gnó bia leas a bhaint as bealaí breise le faisnéis a shloinneadh agus a chur i láthair agus meastar di go bhfuil leasú 11 agus leasú 102 róshriantach.

Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis go scriosfaí mír (1) go (3) d’Airteagal 34 den togra ón gCoimisiún maidir le bealaí le faisnéis a chur i láthair agus dhiúltaigh sí, dá réir sin, do leasú 316.

(22)   Maoluithe i gcás mionchuideachtaí

Fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide atá i bhformhór na n-oibreoirí gnó bia a mbíonn a gcuid táirgí á gcur acu ar mhargadh na hEorpa. Dá dtabharfaí díolúine do mhionchuideachtaí ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa dréachtRialachán, chiallódh sé go mbeadh díolúine ag cuid mhór de na táirgí atá ar mhargadh an AE ó fhaisnéis atá riachtanach a chur ar fáil. Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le leasú 104 ná le leasú 221.

(23)   Cumhachtaí cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe

Tá tuairimí éagsúla ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le cumhachtaí reachtacha a tharmligean chuig an gCoimisiún, go háirithe i gcás Airteagal 13(3) (leasú 108); i gcás Airteagal 26(2) agus Airteagal 30(4) (leasú 338 agus leasú 341 (an dara cuid)); i gcás Airteagal 29(4) (leasú 146, (an tríú cuid)); i gcás Airteagal 35(6) (leasú 174).

(24)   Feoilséanadh

Maidir le leasú 175, bhí an chuma air go raibh sé pas beag luath dhá choincheap a chur isteach i dtéacs dlí ar coincheapa iad nach bhfuil sainmhíniú tugtha ina leith ar leibhéal an AE ná ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar coincheapa iad lena mbaineann an iomad neamhchinnteachta. Dhiúltaigh an Chomhairle don leasú sin.

(25)   An dáta íosmharthanachta agus an dáta faoinar cheart an bia a úsáid

Mhol Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar an dáta “faoinar cheart an bia a úsáid” (Airteagal 2). B’fhearr leis an gComhairle an míniú atá ann in Airteagal 24(1) a choimeád seachas sainmhíniú a thabhairt isteach. Diúltaíodh do leasú 61.

Sa liosta de na sonraí sainordaitheacha (Airteagal 9), déantar an sainmhíniú atá i leasú 96 maidir leis an dáta “faoinar cheart an bia a úsáid” a chlúdach go leordhóthanach in Airteagal 25. Diúltaíodh don leasú.

Chinn Parlaimint na hEorpa téacs an ábhair in Iarscríbhinn IX, agus mionathruithe déanta air, a aistriú isteach i gcorp an dréachtRialacháin. Ní fhacthas don Chomhairle go mbeadh aon bhuntáiste leis ó thaobh na soiléireachta de é sin a dhéanamh. Measadh go raibh leasú 141 agus leasú 241 iomarcach agus dá bhrí sin níor glacadh leo.

(26)   Dul i gcomhairle le geallsealbhóirí i gcomhthéacs na mbeart náisiúnta a thagann faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt

Rinne Parlaimint na hEorpa foráil do nós imeachta foirmiúil um fhógra a thabhairt i gcás na geallsealbhóirí uile i gcomhréir le Treoir 98/34/CE. Meastar don Chomhairle, ag teacht leis an moladh ón gCoimisiún, gur cheart aon chinneadh maidir leis an gá atá ann dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí a dhéanamh cás ar chás agus ar bhealach neamhfhoirmiúil. Diúltaíodh do leasú 186 agus do leasú 187.

(27)   Iarscríbhinní

Iosamatúlóis agus D-tagatós: níl a thuairim tugtha uaidh fós ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir leis an dá tháirge sin; mheas an Chomhairle go mbeadh sé roimh am na táirgí a áireamh sa téacs sula mbeadh na torthaí eolaíochta faighte — diúltaíodh do leasú 197.

Próitéin bhainne: leis an bhfoirmle dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún, tugtar meánluach an mhéid próitéine atá sa táirge i gcás gach táirge; dá gcuirfí foirmle éagsúil ar fáil do gach cás ar leith, bheadh an ríomh ró-chasta agus ró-dheacair. Chloígh an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún agus dhiúltaigh sí do leasú 198.

Órdhuile le haghaidh na cócaireachta: ní gá sainmhíniú a thabhairt toisc nach mbaintear leas as an gcoincheap sa seasamh ón gComhairle. Níor glacadh le leasú 199.

Aghaidh an phacáiste: ní gá sainmhíniú a thabhairt toisc nach mbaintear leas as an gcoincheap sa seasamh ón gComhairle. Níor glacadh le leasú 200.

Táirgí feola ó mharú speisialta: ní raibh sé ar intinn ag an gComhairle lipéadú sonrach a ghlacadh i gcás na feola sin. Níor glacadh le leasú 205.

Milseoirí: níor chuir an Chomhairle mar cheanglas ainm an bhia a bheith le feiceáil sa phríomhréimse radhairc; ina theannta sin, níor mheas an Chomhairle go raibh géarghá le milseoirí a lipéadú sa phríomhréimse radhairc. Diúltaíodh do leasú 317.

Feiniolalainín an téarma ceart eolaíochta ar an tsubstaint is cúis le fadhbanna díobhálacha sláinte i ndaoine. Ní fhacthas don Chomhairle go raibh aon chúis ann téarma eile a chur in áit an téarma sin a úsáidtear agus a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Diúltaíodh do leasú 206.

Breiseáin a lipéadú: tá breiseáin ar an liosta comhábhar cheana féin; leis an gceanglas a leagtar síos le leasú 275, d’fhágfadh sé go mbeadh lipéadú á dhéanamh faoi dhó.

Próitéiní mairteola agus próitéiní muicfheola á n-úsáid chun táirgí sicín a tháirgeadh: cé go bhféadfadh sé go mbeadh an-tábhacht leis an bhfaisnéis sin, go háirithe i gcás daoine a bhíonn ag cloí le réim bia atá faoi réir ag cúrsaí creidimh, mheas an Chomhairle nach raibh gá le lipéadú faoi dhó ó tharla gur cheart mairteoil agus muiceoil a shainaithint ar an liosta comhábhar; diúltaíodh do leasú 207.

Blastanais: tá coincheap na mblastanas chomh leathan sin agus chomh doiléir sin go bhféadfadh sé go n-áireofaí leis anlainn le haghaidh sailéid, mar shampla, agus ní theastaíonn ón gComhairle go ndéanfaí iad sin a dhíolmhú ó dhearbhú sainordaitheach cothúcháin; diúltaíodh do leasú 212.

Siúcraí, siúcraí núíosacha agus cineálacha plúr: mheas an Chomhairle gur cheart go mbeadh an fhaisnéis ábhartha bhia ar na táirgí sin; diúltaíodh do leasú 213 agus do leasú 214.

I gcás pacáistiú féiríní, ilphacáistí measctha agus ilchnuasaigh, seans maith go mbeadh bia iontu ina mbeadh na gnáthchothaithigh agus ní mór an tomhaltóir a chur ar an eolas ina leith; níor cheart milseogra ná siúcra ná deilbhíní seacláide a dhíolmhú ar an gcúis chéanna nach dtugtar díolúine i gcás siúcra ná i gcás seacláide; diúltaíodh do leasú 218.

Bia ar lú ná 5 g/ml é: de réir an tseasaimh ón gComhairle, i gcás bia réamhphacáilte, clúdaítear go ginearálta é le fleasc 18; i gcás bia neamh-réamhphacáilte, ba cheart gurb iad na Ballstáit a dhéanfadh é a rialú; diúltaíodh do leasú 222.

Reoite an athuair, dí-reoite: cuirtear an dá théarma le liosta, nach bhfuil ann ach liosta samplaí; ní gá iad a lua le go measfaí go bhfuil siad ar an liosta; is cuma an gcuirtear leis an liosta iad nó nach gcuirtear; níor glacadh le leasú 225.

Tionscnamh ainmhíoch éagsúil nó uisce a shonrú in éineacht le hainm an bhia: tá sé mar cheangal na comhábhair sin a shonrú ar an liosta comhábhar; dá gcaithfí iad a shonrú arís in éineacht le hainm an bhia, d’fhágfadh sin go mbeadh lipéadú á dhéanamh faoi dhó, rud nach ndéanfadh simpliú ná soiléiriú ar inléiteacht na lipéad agus rud a chuirfeadh ualach breise ar oibreoirí gnó bia agus gan aon bhuntáiste ábhartha aige don tomhaltóir; diúltaíodh do leasú 226, do leasú 227 agus do leasú 228.

Craicne ispíní: ní mór craicne saorga a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(j) den seasamh ón gComhairle; is gnách go mbaineann craicne nádúrtha le réimse na faisnéise deonaí: tá an dá chraiceann sábháilte agus ní bheadh sé ceart ná cóir pionós a ghearradh ar shaghas amháin craicinn thar an tsaghais eile toisc gur as foinsí nádúrtha a thagann craicinn chollaigine freisin; táirgeoirí ar mian leo na craicne a thagann as an gconair stéigeach nó as ainmhithe crúbscoilte a chur chun cinn, féadfaidh siad é sin a dhéanamh as a stuaim féin; diúltaíodh do leasú 229.

Ullmhóidí spíosraí agus luibheanna: más téarma comhchiallach ar meascáin é an coincheap seo, tá sé iomarcach; más éard atá i gceist leis ullmhóid de spíosraí agus de luibheanna agus comhábhair eile ina theannta, ní sa tsraith seo den tábla seo is cóir dó a bheith. Diúltaíodh do leasú 231.

Tionscnamh na hola nó na saille: tá sé tugtha ar a haird ag an gComhairle go mbeadh tuilleadh costais á chur ar oibreoirí gnó bia dá gcaithfí faisnéis níos mionsonraithe a thabhairt maidir le tionscnamh ainmhíoch/plandúil na hola nó na saille agus nach mbeadh sé sin inchosanta nuair a chuimhnítear ar an méid a bheifí ag treisiú leis an bhfaisnéis chothaitheach. Diúltaíodh do leasú 263 agus do leasú 279.

Hidriginithe: más ann don fhaisnéis cheana féin trí fhoinsí eile, níl aon ghá é a athrá. Chloígh an Chomhairle leis an leagan ón gCoimisiún agus dhiúltaigh sí do leasú 232.

Stáirsí: cumhdaítear gach cineál stáirse leis an seasamh ón gComhairle; ní fhacthas don Chomhairle go raibh aon bhuntáiste leis na fo-chineálacha stáirsí a shonrú tuilleadh; níl aon chiall leis an leasú seo agus mar sin diúltaíodh do leasú 234.

Dathúchán bia: is catagóir ginearálta é seo a bhféadfaí cineálacha éagsúla comhábhar a áireamh leis; b’fhearr na comhábhair a shonrú agus gan iad a áireamh le catagóir domhanda, rud a laghdódh an fhaisnéis a bheadh á fáil ag na tomhaltóirí; diúltaíodh do leasú 235.

Feoil inneall-scartha: chloígh an Chomhairle leis an gcoincheap lena gcumhdaítear an dá phróiseas maidir le feoil a scaradh le hinneall agus é á chur san áireamh acu nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an dá phróiseas nuair a bhíonn na próisis curtha i gcrích. Ní raibh an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le riachtanas agus úsáid feola inneall-scartha amach anseo san Aontas Eorpach, lena -áirítear an beartas faisnéise i ndáil le tomhaltóirí (8) ar fáil tráth a ndearna an Chomhairle an cinneadh sin. Níor ghlac an Chomhairle le leasú 236.

Einsímí agus úsc ceallalóis: ní catagóirí feidhmiúla iad ceachtar acu agus níl ionad acu ar an liosta atá in Iarscríbhinn V den seasamh ón gComhairle; déantar lipéadú einsímí a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 (9); nuair a úsáidtear úsc ceallalóis mar bhreiseán i mbia, déantar é a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 (10); dá bhrí sin, diúltaíodh do leasú 237 agus do leasú 307.

Arna dhíol de réir an lín nó arna mheá: is gnách gur bia neamh-réamhphacáilte a bhíonn i mbia a dhéantar a dhíol i láthair an cheannaitheora, ach ní gá gurb ea; níl aon bhuntáiste le srian a chur ar raon feidhme na forála seo; diúltaíodh do leasú 238.

Díolúintí eile: tá an fhoráil iomarcach; diúltaíodh do leasú 239.

Iontógálacha tagartha: is léir ón gcomhthéacs gur “in aghaidh an lae” iad luachanna na n-iontógálacha tagartha; níl gá leis an leasú. Diúltaíodh do leasú 242.

Faisnéis in kJ: na haonaid tomhais a chaithfear a úsáid de réir dlí chun cainníochtaí fuinnimh a shloinneadh, déantar iad a shuíomh le Treoir 80/181/CEE; le pointe 1.2.3 den Iarscríbhinn, suitear gur cheart an chainníocht fuinnimh a shloinneadh i giúil; dá bhrí sin, is oibleagáid de réir dlí é fuinneamh a shloinneadh in kJ i gcás lipéadú bia; diúltaíodh do leasú 246 agus do leasú 248.

Ní léirítear roinnt leasuithe sa seasamh ón gComhairle toisc go meastar nach bhfuil gá leo agus/nó go meastar go bhfuil siad ag teacht salach ar an seasamh sin. Go háirithe:

Diúltaíodh do leasuithe 2, 3, 8, 9, 27, 29, 43, 46, 55, 60, 70, 92, 123, 126, 132, 133, 137, 143, 168, 201, 208, 299 toisc nach raibh iontu go bunúsach ach ceist teanga nó toisc nár tháinig aon athrú mór ar bhrí an téacs dá mbarr.

IV.   CONCLÚID

Creideann an Chomhairle go bhfuil cothromaíocht ann, ina seasamh ar an gcéad léamh, idir leibhéal ard cosanta a bhaint amach maidir le sláinte agus leasanna na dtomhaltóirí agus an gá atá ann leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí a chosaint, táirgeadh táirgí ar ardchaighdeán a chur chun cinn, agus ag an am céanna, saorghluaiseacht earraí a ráthú.

Tá an Chomhairle ag súil le pléití cuiditheacha le Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh chun go nglacfaí an Rialachán seo go luath.


(1)  6172/08.

(2)  10972/10 [P7_TA(2010)0222].

(3)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 81.

(4)  Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht ar earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).

(5)  Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 i ndáil le lipéadú cothúcháin ar earraí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

(6)  Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia atá ceaptha chun críocha sonracha maidir le cothú (IO L 124, 20.5.2009, lch. 21).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).

(8)  17547/10.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).