European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1038

10.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1038 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil tocsainí T-2 agus HT-2 i mbia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2023/915 (2) ón gCoimisiún socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia.

(2)

Míceatocsainí is ea iad tocsainí T-2 agus HT-2 arna dtáirgeadh ag speicis éagsúla Fusarium. Meitibilítear an tocsain T-2 chuig líon mór táirgí go tapa, agus príomhmheitibilít is ea an tocsain HT-2.

(3)

In 2018 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist do shláinte ainmhithe agus do shláinte an phobail de bharr láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2 i mbeatha agus i mbia. (3). Bhunaigh an tÚdarás iontógáil laethúil infhulaingthe (TDI) grúpa ina bhfuil 0,1 μg/kg de mheáchan coirp (bw) do shuim thocsainí T-2 agus HT-2. Tugtar le fios le meastacháin maidir le teagmháil chothúcháin ainsealach an duine le suim tocsainí T-2 agus HT-2, meastacháin atá bunaithe ar na sonraí tarluithe atá ar fáil, go raibh daoine i ngach aoisghrúpa faoin TDI grúpa, agus dá bhrí sin níorbh ábhar imní láithreach iad ó thaobh na sláinte de.

(4)

Agus conclúidí thuairim eolaíoch2011 á gcur san áireamh, glacadh Moladh 2013/165/AE ón gCoimisiún (4) chun tuilleadh sonraí a bhailiú maidir le tocsainí T-2 agus HT-2 i ngránaigh agus i dtáirgí gránach, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an athrú sa mhinicíocht ó bhliain go bliain agus chun tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le tionchar na próiseála bia (e.g. cócaireacht) agus tosca agranamaíocha ar láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2.

(5)

In 2017, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir lena iomchuí a bhí sé luach treoraíochta grúpa sláintebhunaithe a shocrú do thocsainí T-2 agus HT-2 agus a bhfoirmeacha modhnaithe (5). Socraíodh géardháileog thagartha ghrúpa (ARfD) arb é atá inti 0,3 μg/kg de mheáchan coirp do shuim thocsainí T-2 agus HT-2 agus a bhfoirmeacha modhnaithe. Ina theannta sin, socraíodh TDI grúpa do shuim thocsainí T-2 agus HT-2 agus a bhfoirmeacha modhnaithe arb é atá ann 0,02 μg/kg de mheáchan coirp , a tháinig in ionad an TDI grúpa a bhí ann roimhe sin (0,1 μg/kg de mheáchan coirp).

(6)

Ina theannta sin, d'fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil eolaíoch in 2017 maidir le teagmháil chothúcháin daoine agus ainmhithe le tocsainí T-2 agus HT-2 (6). Níor tugadh le fios sa mheastachán ar an ngéartheagmháil chothúcháin go raibh an ARfD grúpa arna bhunú ag an Údarás á shárú. I gcásanna áirithe a bhain le teagmháil chothúcháin ainsealach bia, bhí sárú beag ann ar an TDI grúpa i gcás naíonán, lapadán agus leanaí eile, áfach, agus ag leibhéil arda teagmhála i measc déagóirí, rud a léiríonn go bhfuil imní féideartha ann don tsláinte.

(7)

Chun leibhéal ard cosanta sláinte poiblí a áirithiú, dá bhrí sin, tá sé iomchuí uasleibhéil a bhunú maidir le láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2 i mbia, agus na sonraí tarluithe is déanaí á gcur san áireamh. Ní bhaineann na huasleibhéil reatha ach le suim foirmeacha modhnaithe tocsainí T-2 agus HT-2, áfach, toisc nach bhfuil ach sonraí tarluithe an-srianta ar fáil, agus toisc nach bhfuil aon ghnáthmhodh anailíse ar fáil chun anailís a dhéanamh orthu.

(8)

Chun a áirithiú go gcuirfear dea-chleachtais talmhaíochta i bhfeidhm chun láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2 a laghdú i ngránaigh, tá sé tábhachtach uasleibhéal a leagan síos do ghránaigh neamhphróiseáilte. Ós rud é go gcuirtear coirce neamhphróiseáilte ar an margadh agus an crotal air roimh an muilleáil, nó sula gcuirtear le táirgí gránaigh é lena gcur ar an margadh don tomhaltóir deiridh, ba cheart na huasleibhéil do thocsainí T-2 agus HT-2 i ngráinní coirce neamhphróiseáilte a chur i bhfeidhm maidir le gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil an crotal orthu, fiú amháin mura bhfuil an crotal inite.

(9)

Ós rud é go bhfuil na rátaí tarluithe tocsainí T-2 agus HT-2 is airde ann i ngráinní coirce, tá sé tábhachtach go ndéanfar iarrachtaí breise láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2 i ngráinní coirce a laghdú a thuilleadh agus go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar agus maidir leis na sonraí tarluithe nua, d'fhonn uasleibhéil tocsainí T-2 agus HT-2 a laghdú a thuilleadh i ngráinní coirce agus táirgí grán coirce sa todhchaí.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/195 a leasú dá réir.

(11)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do bhia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus é á chur san áireamh go bhfuil seilfré fhada ag bianna áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(12)

Chun é a chur ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil nua i bhfeidhm.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 8, cuirtear mír 5 seo a leanas leis:

‘5.   Faoin 1 Eanáir 2028, cuirfidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara in iúl don Choimisiún torthaí na n-imscrúduithe a rinneadh agus an dul chun cinn a rinneadh maidir le bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chun éilliú ó thocsainí T-2 agus HT-2 a sheachaint i ngráinní coirce agus i dtáirgí grán coirce.

Cuirfidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara tuarascálacha faoi bhráid an Údaráis ar bhonn tráthrialta maidir leis na sonraí tarluithe a bhaineann le tocsainí T-2 agus HT-2 i ngráinní coirce agus i dtáirgí grán coirce’.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Iúil 2024, féadfaidh sé fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

(3)   Scientific opinion on the risks for animal and public health related to the presence of T-2 and HT-2 toxin in food and feed. [Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist do shláinte ainmhithe agus don phobal de bharr láithreacht tocsainí T-2 agus HT-2 i mbeatha agus i mbia.]. (EFSA Journal [Iris EPSA] 2011;9(12):2481, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2011.2481).

(4)  Moladh 2013/165/AE ón gCoimisiún an 27 Márta 2013 maidir le láithreacht thocsain T-2 agus HT-2 i ngránaigh agus i dtáirgí gránach (IO L 91, 3.4.2013, lch. 12).

(5)  Tuairim eolaíoch maidir lena iomchuí atá sé luach treoraíochta grúpa sláintebhunaithe a shocrú do thocsain T2 agus HT2 agus a fhoirmeacha modhnaithe: (EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(1):4655, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4655).

(6)  Tuarascáil eolaíoch maidir le teagmháil chothúcháin daoine agus ainmhithe le tocsain T-2 agus HT-2. (EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(8):4972, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4972).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas 1.9 (Míceatocsainí T-2 agus HT-2) isteach i roinn 1 (Míceatocsainí) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915:

‘1.9

Tocsainí T-2 agus HT-2

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Suim tocsainí T-2 agus HT-2

Maidir le suim tocsainí T-2 agus HT-2, tagraíonn uasleibhéil do thiúchain cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

1.9.1

Gráinní gránaigh neamhphróiseáilte seachas táirgí a liostaítear in 1.9.1.1., 1.9.1.2, 1.9.1.3 agus 1.9.1.4

50

Seachas gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte atá le próiseáil trí fhliuchmhuilleáil agus seachas rís.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní gránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

1.9.1.1

Gráinní eorna bhraiche neamhphróiseáilte

200

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní eorna bhraiche neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

1.9.1.2

Gráinní eorna neamhphróiseáilte seachas gráinní eorna bhraiche

150

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní eorna neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

1.9.1.3

Gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte agus gráinní cruithneachta crua neamhphróiseáilte

100

Seachas gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú nó trí cheann scríbe, go bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i bpróiseas fliuchmhuilleáil amháin (táirgeadh stáirse).

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte agus gráinní cruithneachta crua neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

1.9.1.4

Gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil crotal do-ite orthu

1 250

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil crotal orthu a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na gráinní coirce a bhfuil an crotal do-ite orthu.

1.9.2

Gránaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas táirgí a liostaítear in 1.9.2.1 agus 1.9.2.2

20

Seachas rís.

1.9.2.1

Coirce a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

100

 

1.9.2.2

Eorna, arbhar Indiach agus cruithneacht crua a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

50

 

1.9.3

Táirgí muilleála gránach seachas na táirgí a liostaítear in 1.9.3.1 agus 1.9.3.2

20

Seachas táirgí muilleála ríse.

1.9.3.1

Táirgí muilleála coirce (lena n-áirítear bran coirce)

100

 

1.9.3.2

Bran ó ghránaigh seachas coirce agus táirgí muilleála arbhair Indiaigh

50

 

1.9.4

Earraí bácála seachas na táirgí a liostaítear in 1.9.5, pasta, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bricfeasta seachas na táirgí a liostaítear in 1.9.6, 1.9.7 agus 1.9.8

20

Seachas táirgí ríse.

Lena n-áirítear earraí beaga bácála.

Ciallaíonn pasta pasta (tirim) le cion uisce de thart ar 12 %.

1.9.5

Earraí bácála ina bhfuil 80 % ar a laghad de tháirgí muilleála coirce

100

Seachas táirgí ríse.

Lena n-áirítear earraí beaga bácála.

1.9.6

Calóga coirce

100

 

1.9.7

Gránaigh bricfeasta ina bhfuil 50 % ar a laghad de bhran gránaigh, táirgí muilleála gráinní coirce, táirgí muilleála gráinní arbhair Indiaigh, slánghráinní coirce, gráinní eorna, gráinní arbhair Indiaigh nó gráinní cruithneachta crua, agus ina bhfuil 40 % ar a laghad de tháirgí muilleála gráinní coirce agus slánghráinní coirce.

50

 

1.9.8

Gránaigh bricfeasta ina bhfuil 50 % ar a laghad de bhran gránaigh, táirgí muilleála gráinní coirce, táirgí muilleála gráinní arbhair Indiaigh, slánghráinní coirce, gráinní eorna, gráinní arbhair Indiaigh nó gráinní cruithneachta crua, agus atá comhdhéanta de ar a laghad de tháirgí muilleála gráinní coirce agus slánghráinní coirce.

75

 

1.9.9

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga (3)

10

Seachas táirgí ríse.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

1.9.10

Bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3)

10

Seachas táirgí ríse.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1038/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)