European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/833

12.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/833 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 a mhéid a bhaineann leis an dliteanas i leith damáiste de bhun Airteagal 94(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 i dtaca le cearta comhphobail maidir le cineálacha plandaí (1), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 ón gCoimisiún (2) leagtar amach rialacha cur chun feidhme maidir leis an díolúine talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94. Go háirithe, le hAirteagal 18(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le dliteanas chun damáiste breise a chúiteamh de bhun Airteagal 94(2) de Rialachán Uimh. 2100/94 i gcás neamhchomhlíonadh i ndáil le cineál amháin nó níos mó de chuid an tsealbhóra chéanna.

(2)

An 16 Márta 2023 dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás C-522/21 (3) go bhfuil Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 neamhbhailí. Shonraigh an Chúirt, a mhéid a leagtar amach in Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 méid an chúitimh atá le híoc i ndáil leis an táille cheadúnais, go mbunaítear leis an Airteagal sin toimhde dhofhrisnéise maidir leis an méid is lú den damáiste a bhain don sealbhóir agus cuirtear teorainn le rogha na Cúirte a dtugtar an cás os a comhair, rud atá contrártha d’Airteagal 94(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 arna léirmhíniú ag an gCúirt.

(3)

Ar an gcúis sin, ba cheart an fhoráil sin a bhaint.

(4)

Thairis sin, ba cheart foráil nua a chur ina hionad chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 94(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 agus chun leasanna dlisteanacha an phóraitheora agus an fheirmeora a chosaint.

(5)

Mar is léir ón taithí a fuarthas, de ghnáth is éard a bhíonn in aon damáiste breise de bhun Airteagal 94(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 costais na n-imscrúduithe a dhéanann an sealbhóir chun raon feidhme an neamhchomhlíonta sin a shainaithint agus chun meastóireacht a dhéanamh air.

(6)

Ar an gcúis sin, ba cheart a léiriú le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 go bhféadfadh na costais sin a bheith ina ngné ábhartha chun aon damáiste breise a bhain don sealbhóir a ríomh, ar damáiste é a tharla mar gheall ar shárú d’aon ghnó nó sárú faillíoch ar chearta an sealbhóra faoi Airteagal 14(3), an ceathrú fleasc, de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 a leasú dá réir sin.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Chearta maidir le Cineálacha Plandaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1768/95

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1768/95:

‘2.   Murar chomhlíon an duine sin, d’aon ghnó nó go faillíoch, a oibleagáid de bhun Airteagal 14(3), an ceathrú fleasc, den bhunrialachán, i ndáil le cineál amháin nó níos mó de chuid an tsealbhóra chéanna, maidir leis an dliteanas chun cúiteamh a thabhairt don sealbhóir i ndáil le haon damáiste breise de bhun Airteagal 94(2) den bhunrialachán, féadfar a áireamh ann costais na n-imscrúduithe arna ndéanamh ag an sealbhóir chun raon feidhme an neamhchomhlíonta sin a shainaithint agus chun meastóireacht a dhéanamh air.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 227, 1.9.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2100/2008-01-31.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 ón gCoimisiún an 24 Iúil 1995 lena gcuirtear chun feidhme rialacha maidir leis an díolúine talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 14 (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle i dtaca le cearta comhphobail maidir le cineálacha plandaí (IO L 173, 25.7.1995, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/1768/oj).

(3)  Breithiúnas an 16 Márta 2023, MS v Saatgut-Treuhandverwaltungs GmbH, C-522/21, EU:C:2023:218.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/833/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)