European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/298

18.1.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/298 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Samhain 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n-athróg a shonrú le haghaidh ábhar ad hoc 2025 ‘Fuinneamh agus an comhshaol’ i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, staidreamh a bhunófar ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Soláthraítear le fearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/1700, an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Seimeastar Eorpach (2) agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (3), go háirithe maidir le dáileadh ioncaim, leis an mbochtaineacht agus le heisiamh sóisialta. Soláthraítear leis freisin faisnéis le haghaidh beartais éagsúla eile an Aontais a bhaineann le dálaí maireachtála agus leis an mbochtaineacht.

(2)

Is ríthábhachtach an t-ábhar ad hoc a bheidh le bailiú in 2025 maidir le ‘Fuinneamh agus an comhshaol’ i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 (4) ón gCoimisiún, go háirithe i bhfianaise na Teachtaireachta ‘Oiriúnach do 55’ (5) ón gCoimisiún lena mbeartaítear togra le haghaidh moladh (6) maidir le haistriú i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú.

(3)

Ba cheart don Choimisiún líon agus teideal na n-athróg le haghaidh ábhar ad hoc‘Fuinneamh agus an comhshaol’ a shonrú.

(4)

De bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/1700, níor cheart líon na n-athróg a bheidh le bailiú a dhul thar 5 % de líon na n-athróg a bailíodh le haghaidh fhearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála amhail an 3 Samhain 2019,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is san Iarscríbhinn a leagtar amach líon agus teideal na n-athróg le haghaidh ábhar ad hoc 2025 maidir le ‘Fuinneamh agus an comhshaol’ i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1.

(2)  Is é an Seimeastar Eorpach creat an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú agus faireachas beartas eacnamaíoch agus sóisialta.

(3)  D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta in 2017 ag Cruinniú Mullaigh Göteborg. Leagtar amach sa Cholún 20 príomhphrionsabal a bheidh ina dtreoir againn i dtreo Eoraip láidir shóisialta atá cothrom, ionchuimsitheach agus lán deiseanna sa 21ú haois.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú (IO L 54, 26.2.2020, lch. 1).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Oiriúnach do 55’: lena mbaintear Sprioc Aeráide 2030 an Aontais amach ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta’ (COM(2021) 550 final).

(6)  Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (COM(2021) 801 final).


IARSCRÍBHINN

Líon agus teideal na n-athróg le haghaidh ábhar ad hoc 2025 ‘Fuinneamh agus an comhshaol’ i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála:

Modúl

Aitheantóir na hathróige

Ainm na hathróige

Ábhar ad hoc 2025 maidir le Fuinneamh agus an comhshaol

(20 athróg éigeantach)

HEE01

Fad siúil chuig an spás glas poiblí is gaire

PW201

Sásamh le spásanna glasa poiblí sa cheantar áitiúil

PEE03

Cumas rochtain a fháil ar an obair/scoil/ollscoil ar iompar poiblí, ar rothar nó de shiúl na gcos laistigh d’uair an chloig

PEE04

Modh iompair príomhúil a úsáidtear

PEE05

Modh iompair tánaisteach a úsáidtear

HC006

Bliain a tógadh an phríomhtheaghais

HC003A

Athchóiriú ar mhaithe le héifeachtúlacht fuinnimh (insliú teirmeach, fuinneoga nó córas téimh)

HEE07

Baic ar an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú

PEE08

Damáiste a rinneadh don teach/árasán de dheasca na haimsire/an chomhshaoil

HEE09

Buidéil phlaisteacha á scaradh sa bhaile

PEE10

Cé chomh minic a itear feoil, éineoil nó iasc

HEE11

Líon na ngluaisteán príobháideach, léasaithe nó cuideachta sa teaghlach

HEE12

An cineál gluaisteáin (is úire)

HEE13

An bhliain a cláraíodh an gluaisteán (is úire) den chéad uair

HEE14

An bhliain a cláraíodh an gluaisteán (is sine) den chéad uair

PEE15

Líon na n-eitiltí príobháideacha nó gnó laistigh den Eoraip

PEE16

Líon na n-eitiltí príobháideacha nó gnó lasmuigh den Eoraip

PEE17

Líon na n-uaireanta a chaitear i ngluaisteán neamhleictreach mar thiománaí le linn ghnáth-thréimhse 7 lá

PEE20

Iarracht a dhéanamh fón póca a dheisiú agus é briste

PEE21

Beart a dhéantar nuair nach féidir an fón póca a úsáid


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/298/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)