European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/256

18.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/256 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Eanair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 maidir leis na coinníollacha lena rialaítear allmhairí bia agus beatha de thionscnamh tríú tíortha tar éis na timpiste ag stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (1), agus go háirithe Airteagal 53(1), pointe (b)(ii), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha i bhfeidhm mar aon le rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 54(4), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 90, an chéad fhomhír, pointí (a), (c) agus (f), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 (3) ón gCoimisiún maidir leis na coinníollacha lena rialaítear allmhairí bia agus beatha de thionscnamh tríú tíortha tar éis na timpiste ag stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail.

(2)

I Rialachán (AE) 2020/1158 ón gCoimisiún, fágadh ar lár go hearráideach an fonóta lena sainítear conas an t-uasleibhéal a chur i bhfeidhm maidir le táirgí tiubhaithe nó triomaithe agus dá bhrí sin ba cheart é a chur isteach arís.

(3)

Aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628 (4) ón gCoimisiún maidir le deimhnithe oifigiúla caighdeánacha le haghaidh ainmhithe agus earraí áirithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (5) ón gCoimisiún agus tá earráidí sa tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI den Rialachán sin maidir le tagairtí d’Airteagail chomhfhreagracha den dá ghníomh. Baineann na hearráidí comhghaoil siúd le hairteagail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628 dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 agus dá bhrí sin ba cheart tagairt cheart d’airteagail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a chur in ionad na tagartha d’airteagail Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2019/628.

(4)

Ceanglaítear le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 maidir le gach coinsíneacht de tháirgí ó thríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a liostaítear in Iarscríbhinn II don Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus tagairt ag gabháil leo don chód AC ábhartha ón Ainmníocht Chomhcheangailte, go mbeadh an deimhniú oifigiúil ábhartha ag gabháil leis agus é sainaitheanta trí bhíthin cóid aitheantais a shonrófar ar an deimhniú oifigiúil agus ar an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún (6), atá infheidhme ó Eanáir 2022, tugadh isteach cóid AC nua le haghaidh beacán den ghéineas Cantharellus (AC 0709 53), Boletus (AC 0709 52), Shiitake (AC 0709 54, (AC 0712 34), Matsutake (AC 0709 55) agus strufail (CN 0709 56), (CN 0710 80 95) (CN 2001 90 97). Tháinig na beacáin sin faoi chód AC 0709 59 roimh an athrú sin ar an Ainmníocht Chustaim. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin ar na cóid AC a léiriú.

(6)

Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Aontais maidir le coinníollacha lena rialaítear allmhairí bia agus beatha de thionscnamh tríú tíortha agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, is tábhachtach a shoiléiriú agus éiginnteacht dhlíthiúil ar bith a sheachaint go bhfuil na coinníollacha um theacht isteach san Aontas infheidhme maidir le gach táirge ina bhfuil beacáin fhiáine agus torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium nó atá díorthaithe astu. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha nua a chur leis.

(7)

Ba cheart táirgí áirithe a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158, nach raibh feidhm ag na coinníollacha lena rialaítear allmhairí bia agus beatha de thionscnamh tríú tíortha maidir leo roimhe seo. Baineann sé sin go háirithe le meascáin de chnónna agus de thorthaí triomaithe, subha, glóthaí torthaí, marmaláidí, purée torthaí nó cnónna agus leafaois torthaí nó cnónna, meascáin de shútha, uiscí blaistithe agus táirgí bia áirithe atá comhdhéanta de roinnt comhábhar ina bhfuil na beacáin agus na torthaí liostaithe. Trí na táirgí siúd a áireamh d’áiritheofaí ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus sheachnófaí aon amhras go bhfuil na coinníollacha um theacht isteach san Aontas infheidhme maidir le gach táirge ina bhfuil beacáin fhiáine agus torthaí fiáine liostaithe nó atá díorthaithe astu.

(8)

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158, ba cheart na rialuithe fisiceacha ar tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, atá faoi réir seiceálacha ag poist rialaithe teorann, a dhéanamh ag an bpost rialaithe teorann nó ag lárionad rialaithe ainmnithe.

(9)

Ós rud é go bhféadfadh comhábhair de bhunadh ainmhíoch a bheith freisin i mbianna áirithe ina bhfuil beacáin fhiáine nó caora fiáine, níor cheart na rialuithe fisiceacha ar na bianna sin a dhéanamh ach amháin ag an bpost rialaithe teorann.

(10)

Chun oibreoirí eacnamaíocha a chumasú leis na bearta riachtanacha a ghlacadh chun ceanglais a chomhlíonadh maidir le sampláil, anailís agus deimhniú le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann an beart sin agus chun go bhféadfar aistriú go rianúil chuig na rialacha nua, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse nach gá lena linn go mbeidh deimhniú oifigiúil ag gabháil le coinsíneachtaí a thagann faoi chóid AC ex 0813 50, ex 2007, ex 2008 97, ex 2009 90, ex 2202 10, ex 2202 99, ex 1704 90, ex 1806 agus ex 1905 mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158.

(11)

I gcás beacáin fhiáine áirithe a tháinig faoi chód AC ex 0709 59 roimhe seo, bunaíodh cóid AC nua ó bhí 2020 ann i.e. ex 0709 52 00, ex 0709 53 00, ex 0709 54 00, ex 0709 55 00, ex 0709 56 00 agus ex 0712 34 00. Thairis sin, déantar strufail fhiáine phróiseáilte a bhí clúdaithe roimhe seo faoi chóid AC ex 0710 80 69 agus ex 2001 90 50 a thrádáil faoi chóid AC ex 7108095 agus ex 2001 90 97. Dá bhrí sin, ní gá foráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha le haghaidh na dtáirgí sin ós rud é go bhfuil Airteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 infheidhme cheana maidir leo.

(12)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 a leasú dá réir sin.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Comhlíonfaidh na táirgí na huasleibhéil cheadaithe charntha seo a leanas d’éilliú radaighníomhach i dtéarmaí caeisiam-137 (*1):

(a)

370 Bq/kg le haghaidh bainne agus táirgí bainne agus le haghaidh bia do naíonáin agus leanaí óga mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)(a) agus (b) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013;

(b)

600 Bq/kg le haghaidh gach táirge eile lena mbaineann.

(*1)  Ríomhfar an leibhéal is infheidhme maidir le táirgí tiubhaithe nó triomaithe ar bhonn an táirge athbhunaithe mar atá réidh le caitheamh.’ "

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   An deimhniú oifigiúil nach gcuireann isteach údarás inniúil thríú tír a eisiúna sa Chóras Bainistíochta Faisnéise do Rialuithe Oifigiúla (CBFRO), comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhnithe oifigiúla caighdeánacha nach gcuirtear isteach in CBFRO a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

4.   Ní fhéadfaidh údaráis inniúla deimhniú oifigiúil athsholáthair a eisiúint ach amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.’

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh coinsíneachtaí de tháirgí nach de bhunadh ainmhíoch iad dá dtagraítear in Airteagal 3(3) faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach san Aontas dóibh ag post rialaithe teorann agus/nó ag lárionad rialaithe ainmnithe.

Beidh coinsíneachtaí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) ina bhfuil comhábhar nó comhábhair de bhunadh ainmhíoch faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach san Aontas dóibh ag post rialaithe teorann.’

(4)

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Beart idirthréimhseach

Maidir le coinsíneachtaí táirgí a thagann faoi chóid AC ex 0813 50, ex 2007, ex 2008 97, ex 2009 90, ex 2202 10, ex 2202 99, ex 1704 90, ex 1806 agus ex 1905, a seoladh chuig an Aontas ó thríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad teacht isteach san Aontas go dtí an 7 Márta 2024 gan an deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil leo de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad gach ceanglas eile de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir leo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1158 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2020 maidir leis na coinníollacha lena rialaítear allmhairí bia agus beatha de thionscnamh tríú tíortha tar éis na timpiste ag stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail (IO L 257, 6.8.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 maidir le deimhnithe oifigiúla caighdeánacha le haghaidh ainmhithe agus earraí áirithe agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 a mhéid a bhaineann leis na deimhnithe caighdeánacha sin (IO L 131, 17.5.2019, lch. 101).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

Liosta táirgí a bhfuil feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(3) maidir leo

Cód AC

Tuairisc

 

Baineann bianna a liostaítear mar mheascáin anseo feasta le meascáin ina bhfuil beacáin fhiáine agus/nó torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium i gcainníocht is mó ná 20 % de tháirge aonair nó mar shuim na mbeacán fiáin agus na dtorthaí fiáine den ghéineas Vaccinium.

ex 0709 51 00

beacáin den ghéineas Agaricus, iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Agaricus, iad úr nó fuaraithe

ex 0709 52 00

beacáin den ghéineas Boletus, iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Boletus, iad úr nó fuaraithe

ex 0709 53 00

beacáin den ghéineas Cantharellus, iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Cantharellus iad úr nó fuaraithe

ex 0709 54 00

shiitake (Lentinus edodes), iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de shiitake saothraithe agus fiáine (Lentinus edodes), iad úr nó fuaraithe

ex 0709 55 00

matsutake (Tricholoma matsutake, Tricholoma magnivelare, Tricholoma anatolicum, Tricholoma dulciolens, Tricholoma caligatum), iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de matsutake saothraithe agus fiáine (Tricholoma matsutake, Tricholoma magnivelare, Tricholoma anatolicum, Tricholoma dulciolens, Tricholoma caligatum), iad úr nó fuaraithe

ex 0709 56 00

strufail (Tuber spp.), iad úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de thrufail shaothraithe agus fhiáine (Tuber spp.), iad úr nó fuaraithe

ex 0709 59 00

beacáin eile, úr nó fuaraithe, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de bheacáin shaothraithe agus de bheacáin fhiáine eile, iad úr nó fuaraithe

ex 0710 80 61

beacáin den ghéineas Agaricus (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), iad reoite, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Agaricus (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), reoite

ex 0710 80 69

beacáin eile (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), iad reoite, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de bheacáin shaothraithe agus de bheacáin fhiáine eile (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), reoite

ex 0710 80 95

strufail (Tuber spp.) (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), iad reoite, seachas beacáin shaothraithe;

meascán de strufail shaothraithe agus fhiáine (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce), reoite

ex 0711 51 00

beacáin den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin

ex 0711 59 00

beacáin agus strufail eile atá leasaithe go sealadach, ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin agus strufail shaothraithe agus fhiáine eile atá leasaithe go sealadach, ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin

ex 0712 31 00

beacáin den ghéineas Agaricus, iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar ach gan ullmhú thairis sin orthu, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin shaothraithe agus fhiáine den ghéineas Agaricus, iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 0712 32 00

cluasa adhmaid (Auricularia spp.), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de chluasa adhmaid saothraithe agus fiáine (Auricularia spp.), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 0712 33 00

fungais ghlóthaí (Tremella spp.), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de fhungais ghlóthaí shaothraithe agus fhiáine (Tremella spp.), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 0712 34 00

shiitake (Lentinus edodes), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de shiitake saothraithe agus fiáine (Lentinus edodes), iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 0712 39 00

beacáin agus strufail eile, iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin agus de strufail shaothraithe agus fhiáine eile, iad triomaithe, iomlán, gearrtha, sliste, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 2001 90 50

beacáin ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin shaothraithe agus fhiáine ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 2001 90 97

strufail (Tuber spp.) ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach seachas beacáin shaothraithe

meascáin de strufail shaothraithe agus fhiáine (Tuber spp), iad ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 2003

beacáin agus strufail, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, seachas beacáin shaothraithe;

meascáin de bheacáin agus de strufail shaothraithe agus fhiáine, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 0810 40

mónóga fiáine, fraocháin fhiáine agus torthaí fiáine eile den ghéineas Vaccinium, iad úr;

meascáin de mhónóga, de fhraocháin agus de thorthaí eile fiáine agus saothraithe den ghéineas Vaccinium, iad úr

ex 0811 90 50

torthaí fiáine den speiceas Vaccinium myrtillus, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh;

meascáin de thorthaí fiáine agus saothraithe den speiceas Vaccinium myrtillus, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

ex 0811 90 70

torthaí fiáine den speiceas Vaccinium myrtillus, agus Vaccinium angustifolium, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh;

meascáin de thorthaí fiáine agus saothraithe den speiceas Vaccinium myrtillus, agus Vaccinium angustifolium, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

ex 0811 90 95

torthaí fiáine de speiceas eile den ghéineas Vaccinium, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh;

meascáin de thorthaí fiáine agus saothraithe den speiceas eile den ghéineas Vaccinium, iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

ex 0812 90 40

torthaí fiáine den speiceas Vaccinium myrtillus, atá leasaithe go sealadach ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin;

meascáin de thorthaí fiáine agus saothraithe den speiceas Vaccinium myrtillus atá leasaithe go sealadach ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa riocht sin;

ex 0813 40 95

torthaí fiáine, triomaithe, den ghéineas Vaccinium

ex 0813 50 15

ex 0813 50 19

ex 0813 50 91

ex 0813 50 99

meascán de thorthaí triomaithe nó de chnónna agus de thorthaí triomaithe ina bhfuil torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium

ex 2007

subha, glóthacha torthaí, marmaláidí, purée torthaí nó cnónna agus leafaois torthaí nó cnónna, a fhaightear trí chócaráil, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise eile curtha leo nó ná bíodh, atá déanta de Vaccinium nó táirgí próiseáilte díobh agus/nó ina bhfuil torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium nó táirgí próiseáilte díobh

ex 2008 93

mónóga fiáine (Vaccinium macrocarpon, Vaccinium oxycoccos) agus bódhearca (Vaccinium vitis-idaea), iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile;

meascáin de mhónóga fiáine agus saothraithe (Vaccinium macrocarpon, Vaccinium oxycoccos) agus bódhearca (Vaccinium vitis-idaea), iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile

ex 2008 97

Meascáin de thorthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise eile nó biotáille bhreise curtha leo nó ná bíodh, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile, ina bhfuil torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium

ex 2008 99 28

ex 2008 99 34

ex 2008 99 37

ex 2008 99 40

ex 2008 99 49

ex 2008 99 67

ex 2008 99 99

torthaí fiáine eile den ghéineas Vaccinium, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise eile nó biotáille bhreise curtha leo nó ná bíodh, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile;

meascáin de thorthaí fiáine agus saothraithe eile den ghéineas Vaccinium, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise eile nó biotáille bhreise curtha leo nó ná bíodh, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile

ex 2009 81

sú mónóg (Vaccinium macrocarpon, Vaccinium oxycoccos) agus sú bódhearc (Vaccinium vitis-idaea) ó thorthaí fiáine, neamhchoipthe agus nach bhfuil biotáille bhreise curtha leis, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh;

sú mónóg (Vaccinium macrocarpon, Vaccinium oxycoccos) agus sú bódhearc (Vaccinium vitis-idaea) ó mheascán de thorthaí fiáine agus saothraithe, neamhchoipthe agus nach bhfuil biotáille bhreise curtha leis, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

ex 2009 89 35

ex 2009 89 38

ex 2009 89 79

ex 2009 89 86

ex 2009 89 89

ex 2009 89 99

Súnna eile de thorthaí fiáine den ghéineas Vaccinium, iad neamhchoipthe agus nach bhfuil biotáille bhreise curtha leo, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

ex 2009 90 21

ex 2009 90 29

ex 2009 90 51

ex 2009 90 59

ex 2009 90 94

ex 2009 90 96

ex 2009 90 98

meascáin de shúnna déanta as torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium agus/nó ina bhfuil torthaí fiáine den ghéineas Vaccinium nó meascáin de shúnna déanta as táirgí próiseáilte de na nithe sin agus/nó ina bhfuil siad

ex 2202 10

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uisce aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe ina bhfuil sú nó táirgí próiseáilte eile ó thorthaí fiáine den ghéineas Vaccinium

ex 2202 99

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uisce aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe agus deochanna neamh-mheisciúla eile, ina bhfuil sú nó táirgí próiseáilte eile ó thorthaí fiáine den ghéineas Vaccinium

 

Mar gheall ar an riosca éillithe ó radaighníomhaíocht, bianna a liostaítear anseo feasta atá comhdhéanta de chomhábhar amháin nó níos mó ná sin, agus ina bhfuil aon cheann de na táirgí aonair a liostaítear thuas i gcainníocht is mó ná 20 % de tháirge aonair nó mar shuim na dtáirgí a liostaítear

ex 1704 90

Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann, seachas guma coganta, bíodh sé brataithe le siúcra nó ná bíodh

ex 1806

Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

ex 1905

Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh, abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/256/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)