European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2844

27.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2844 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2023

maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2), pointí (e) agus (f), agus Airteagal 82(1), pointe (d), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht uaidh an 2 Nollaig 2020 dar teideal Digitalisation of justice in the European Union – a toolbox of opportunities [Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach – bosca uirlisí de dheiseanna], shainaithin an Coimisiún an gá atá le creat reachtach nósanna imeachta trasteorann an Aontais a nuachóiriú sa dlí sibhialta, tráchtála agus coiriúil, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’, á áirithiú an tráth céanna go bhfuil na coimircí uile is gá i bhfeidhm chun eisiamh sóisialta a sheachaint, chomh maith le hiontaoibh fhrithpháirteach, idir-inoibritheacht agus slándáil a bheith á n-áirithiú.

(2)

Chun limistéar iomlán feidhmiúil saoirse, slándála agus ceartais a ghnóthú, tá sé tábhachtach go bhféachfaidh na Ballstáit uile le haon héagothromaíochtaí atá ann cheana maidir le digitiú na gcóras a laghdú agus leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis na sásraí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais.

(3)

Chun comhar breithiúnach agus rochtain ar an gceartas a fheabhsú, ba cheart gníomhartha dlí an Aontais lena ndéantar foráil maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla, lena n-áirítear comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus idir údaráis inniúla agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha in ábhair shibhialta agus thráchtála, a chomhlánú trí choinníollacha a bhunú chun cumarsáid den sórt sin a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha.

(4)

Féachtar leis an Rialachán seo le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na nósanna imeachta breithiúnacha a fheabhsú agus rochtain ar an gceartas a éascú trí na bealaí cumarsáide atá ann cheana a dhigitiú, agus ba cheart coigilteas costais agus ama, laghdú ar an ualach riaracháin, agus athléimneacht fheabhsaithe i gcúinsí force majeure a bheith ann dá bharr le haghaidh na n-údarás uile atá páirteach i gcomhar breithiúnach trasteorann. Ba cheart laghdú a bheith ag teacht ar mhoilleanna ar phróiseáil cásanna, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, mar thoradh ar úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide digiteacha idir na húdaráis inniúla. Ba cheart tairbhe a bheith ann do dhaoine aonair, d’eintitis dhlíthiúla agus d’údaráis inniúla na mBallstát mar gheall air sin, agus ba cheart dó muinín as córais cheartais a neartú. Bheadh tairbhe ann freisin dá ndéanfaí na bealaí cumarsáide a dhigitiú i réimse na n-imeachtaí coiriúla trasteorann agus i gcomhthéacs chomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta. I ndáil leis an méid sin, is céim chun tosaigh é an t-ardleibhéal slándála is féidir a sholáthar trí bhealaí cumarsáide digiteacha, agus maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, amhail an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

(5)

Ba cheart cearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine uile lena mbaineann malartú leictreonach sonraí de bhun an Rialacháin seo, go háirithe an ceart chun rochtain éifeachtach ar an gceartas, an ceart chun triail chóir a fháil, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, a urramú go hiomlán i gcomhréir le dlí an Aontais.

(6)

Agus a ndualgais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, ba cheart do gach eintiteas prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna a urramú, ag féachaint do phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí agus do phrionsabail eile an smachta reachta.

(7)

Tá rochtain éifeachtach ar an gceartas ar cheann de na príomhchuspóirí i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Is céim thábhachtach é an claochlú digiteach chun feabhas a chur ar an rochtain ar an gceartas agus ar éifeachtúlacht, cáilíocht agus trédhearcacht na gcóras ceartais.

(8)

Tá sé tábhachtach go ndéantar bealaí agus uirlisí iomchuí a fhorbairt chun a áirithiú gur féidir le córais cheartais comhoibriú go digiteach ar bhealach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach ionstraim aonfhoirmeach teicneolaíochta faisnéise a bhunú ar leibhéal an Aontais lenar féidir sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú go leictreonach idir údaráis inniúla ar bhonn pras, díreach, idir-inoibritheach, iontaofa, inrochtana, slán agus éifeachtúil thar theorainneacha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gairmithe dlí rannpháirteach i gclaochlú digiteach na gcóras ceartais.

(9)

Forbraíodh uirlisí chun sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú go digiteach, a chiallaíonn nach gá modhnuithe costasacha a dhéanamh ar na córais TF atá ar bun cheana sna Ballstáit ná iad a athsholáthar. Is é an córas ‘Cumarsáid r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne’ (e-CODEX), a mbunaítear an creat dlíthiúil ina leith le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), an phríomhuirlis den chineál sin a forbraíodh go dtí seo chun malartú trasteorann sonraí a bhaineann le cásanna a áirithiú idir údaráis inniúla trí mhodh leictreonach atá tapa, díreach, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, iontaofa agus slán.

(10)

Le digitiú imeachtaí, ba cheart rochtain ar an gceartas a áirithiú do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Ba cheart don chóras TF díláraithe agus don phointe rochtana leictreonach Eorpach a bhunaítear leis an Rialachán seo na ceanglais inrochtaineachta gréasáin a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhlíonadh. An tráth céanna, ba cheart na modhanna íocaíochta leictreonacha dá dtagraítear sa Rialachán seo na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (5).

(11)

Le bealaí digiteacha a bhunú le haghaidh cumarsáid trasteorann, rannchuideofaí go díreach le rochtain ar an gceartas a fheabhsú, trína chur ar chumas daoine nádúrtha agus dlítheanacha cosaint a gceart a lorg agus a n-éilimh a dhéanamh, imeachtaí a thionscnamh agus sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú i bhfoirm dhigiteach le húdaráis bhreithiúnacha nó le húdaráis inniúla eile, i nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais i réimse na n-ábhar sibhialta agus tráchtála.

(12)

Chun a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag uirlisí cumarsáide leictreonaí ar rochtain ar an gceartas, ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun feabhas a chur ar scileanna digiteacha agus litearthacht dhigiteach na saoránach agus ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach mbeidh easpa scileanna digiteacha ina bacainn ar úsáid an chórais TF dhíláraithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar fáil do gach gairmí ceartais lena mbaineann, lena n-áirítear ionchúisitheoirí, breithiúna agus foireann riaracháin, agus údaráis inniúla, chun úsáid éifeachtach an chórais TF dhíláraithe a áirithiú. Ba cheart é a bheith d’aidhm le hoiliúint den sórt sin feidhmiú na gcóras ceartais ar fud an Aontais a fheabhsú, chomh maith le cearta agus luachanna bunúsacha a chaomhnú, go háirithe trína chur ar chumas gairmithe ceartais aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar aon dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn imeachtaí nó éisteachtaí arna reáchtáil trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, mar gheall ar a gcineál fíorúil. Ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun iarratas a dhéanamh ar dheontais le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna faoi chláir airgeadais ábhartha an Aontais.

(13)

Ba cheart digitiú na cumarsáide a chumhdach leis an Rialachán seo i gcásanna lena mbaineann impleachtaí trasteorann agus a thagann faoi raon feidhme gníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla. Ba cheart na gníomhartha sin a liostú sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Cumarsáid idir údaráis inniúla agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó Eurojust, i gcásanna inarb inniúil iad faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ba cheart í a chumhdach leis an Rialachán seo freisin. I gcás inarb inniúil cleachtóirí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta chun éilimh a fháil arna dtaisceadh ag creidiúnaí eachtrach in imeachtaí dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart a mheas gur údaráis inniúla de réir bhrí an Rialacháin seo iad.

(14)

Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II ach amháin na rialacha a bhaineann le cumarsáid trí modhanna digiteacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo. Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar don dlí náisiúnta maidir le hainmniú aon údaráis, aon duine nó aon chomhlachta a bhíonn ag plé le haon ghné d’fhíorú agus de chomhdú iarratas, doiciméad agus faisnéise. Níor cheart difear a dhéanamh do na ceanglais faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir le barántúlacht, cruinneas, iontaofacht agus foirm dhlíthiúil iomchuí doiciméad nó faisnéise, seachas na rialacha a bhaineann le cumarsáid trí mhodhanna digiteacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(15)

Ba cheart a chinneadh an mbeidh cás le meas mar ábhar a bhfuil impleachtaí trasteorann aige faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II. I gcás ina luaitear go sainráite sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II gur cheart nós imeachta cumarsáide idir údaráis inniúla a rialú faoin dlí náisiúnta, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo.

(16)

Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí faoin Rialachán seo maidir le cumarsáid ó bhéal, amhail ar an nguthán nó go pearsanta.

(17)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le doiciméid a sheirbheáil de bhun Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ná maidir le fianaise a ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Foráiltear leis na Rialacháin sin cheana féin do rialacha sonracha maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh. Mar sin féin, chun feabhas a chur ar sheirbheáil leictreonach na ndoiciméad, ar seirbheáil í atá le déanamh go díreach ar dhuine ag a bhfuil seoladh aitheanta le haghaidh seirbheáil i mBallstát eile, ba cheart, leis an Rialachán seo, leasuithe áirithe a thabhairt isteach ar Rialachán (AE) 2020/1784.

(18)

Nuair a chomhoibríonn an Coimisiún le gníomhaithe seachtracha i gcéimeanna deartha agus tógála an phointe rochtana leictreonaigh Eorpaigh, ba cheart taithí a bheith ag gníomhaithe den sórt sin ar fhorbairt TF atá slán, soláimhsithe agus inrochtana.

(19)

Chun cumarsáid shlán éifeachtúil ghasta idir-inoibritheach rúnda iontaofa a áirithiú idir na Ballstáit chun críoch nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla, ba cheart teicneolaíocht chumarsáide iomchuí a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le slándáil, sláine agus iontaofacht an doiciméid a fhaightear agus maidir le sainaithint na rannpháirtithe sa chumarsáid. Dá bhrí sin, ba cheart córas TF díláraithe atá slán, éifeachtúil agus iontaofa a bhunú le haghaidh malartuithe sonraí i nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann. De bhrí gur córas díláraithe é an córas TF sin, ba cheart é a bheith mar aidhm leis malartuithe slána sonraí idir údaráis inniúla a chumasú leis, gan aon bhaint a bheith ag aon cheann d’institiúidí an Aontais le bunábhar na malartuithe sin. Leis an gcóras TF díláraithe, ba cheart malartuithe slána sonraí a bheith indéanta idir Ballstát agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Eurojust, i gcásanna a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

(20)

Ba cheart an córas TF díláraithe a bheith comhdhéanta de chórais cúil sna Ballstáit agus i gcomhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, agus de phointí rochtana idir-inoibritheacha trína ndéantar na córais sin a cheangal le chéile trí úsáid a bhaint as idirnaisc atá slán. Ba cheart pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bheith bunaithe ar e-CODEX.

(21)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as bogearraí arna bhforbairt ag an gCoimisiún (bogearraí cur chun feidhme tagartha) in ionad córas TF náisiúnta. Ba cheart na bogearraí cur chun feidhme tagartha sin a bheith bunaithe ar struchtúr modúlach, rud a chiallaíonn go ndéantar na bogearraí a phacáistiú agus a sheachadadh ar leithligh ó na comhpháirteanna e-CODEX is gá chun iad a nascadh leis an gcóras TF díláraithe. Ba cheart le struchtúr den sórt sin a chur ar chumas na mBallstát an bonneagar cumarsáide breithiúnaí náisiúnta atá acu cheana a athúsáid nó a fheabhsú chun críche úsáide trasteorann. Maidir le hábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála, d’fhéadfadh na Ballstáit bogearraí a úsáid freisin a d’fhorbair Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (iSupport).

(22)

Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as na bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a fhorbairt agus a chothabháil, i gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, agus le ceanglais inrochtaineachta. Ba cheart don Choimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir le ceanglais agus prionsabail na cosanta sonraí a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2018/1725 (9) agus (AE) 2016/679 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go háirithe prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, mar aon le hardleibhéal cibearshlándála. Go háirithe, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann páirt i gcruthú, forbairt nó cothabháil na gcóras TF náisiúnta nó na mbogearraí cur chun feidhme tagartha, ba cheart iad a bheith faoi cheangal ag na ceanglais agus na prionsabail sin. Ba cheart bearta teicniúla iomchuí a áireamh leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha freisin, agus ba cheart bearta eagrúcháin, lena n-áirítear an fhormhaoirseacht is gá, a chumasú leo, chun an leibhéal slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú, ar leibhéal é atá iomchuí do mhalartú faisnéise i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann. Chun idir-inoibritheacht le córais TF náisiúnta a áirithiú, ba cheart na bogearraí cur chun feidhme tagartha a bheith in ann na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/850 iad, a chur chun feidhme le haghaidh na ngníomhartha dlí comhfhreagracha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(23)

Chun cúnamh tapa, slán agus éifeachtúil a thabhairt d’iarratasóirí, ba cheart, mar riail, cumarsáid idir údaráis inniúla, amhail cúirteanna agus údaráis lárnacha a bunaíodh faoi Rialacháin (CE) Uimh. 4/2009 (12) agus (AE) 2019/1111 (13) ón gComhairle, a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe.

(24)

D’fhéadfadh sé nach bhféadfaí tarchur a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe mar gheall ar chur isteach ar an gcóras. Ba cheart do chomhlachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit aon chur isteach ar an gcóras a réiteach a luaithe is féidir. D’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta, sa chleachtas, tarchur a dhéanamh mar gheall ar chineál fisiciúil nó teicniúil a bhfuil le tarchur, amhail fianaise fhisiciúil a bheith á tarchur nó dá mba ghá an doiciméad bunaidh a tharchur i bhformáid pháipéir chun measúnú a dhéanamh ar a bharántúlacht, nó de bharr force majeure. Tagann cásanna force majeure, mar riail ghinearálta, tar éis teagmhais nárbh fhéidir a thuar agus nach féidir a sheachaint a eascraíonn as cúis lasmuigh den údarás inniúil. I gcás nach n-úsáidtear an córas TF díláraithe, ba cheart an chumarsáid a dhéanamh trí na modhanna malartacha is iomchuí. Ba cheart a bheith i gceist le modhanna malartacha den sórt sin, inter alia, an tarchur a bheith á dhéanamh chomh tapa agus is féidir agus ar bhealach slán trí mhodhanna leictreonacha slána eile, tríd an tseirbhís phoist nó trí tharchur go pearsanta i gcás ina bhfuil tarchur den sórt sin indéanta.

(25)

Ba cheart an córas TF díláraithe a úsáid mar réamhshocrú sa chumarsáid idir na húdaráis inniúla. Chun solúbthacht an chomhair bhreithiúnaigh a áirithiú, áfach, d’fhéadfadh modhanna cumarsáide eile a bheith níos iomchuí i gcásanna áirithe. D’fhéadfadh sin a bheith iomchuí i gcás ina mbeadh cumarsáid dhíreach phearsanta de dhíth ar na húdaráis inniúla, agus go háirithe i gcás cumarsáid dhíreach idir cúirteanna faoi Rialachán (AE) 2015/848 agus Rialachán (AE) 2019/1111, chomh maith le cumarsáid dhíreach idir na húdaráis inniúla faoi Chinntí Réime 2005/214/CGB (14), 2006/783/CGB (15), 2008/909/CGB (16), 2008/947/CGB (17), 2009/829/CGB (18) ón gComhairle, Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) nó Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) lena bhféadfaí an chumarsáid idir na húdaráis inniúla a dhéanamh trí mhodh ar bith nó trí aon mhodh iomchuí de réir mar a fhoráiltear dó sna gníomhartha sin. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla modhanna cumarsáide nach bhfuil chomh foirmiúil céanna a úsáid, amhail an ríomhphost.

D’fhéadfadh modhanna cumarsáide eile a bheith iomchuí freisin i gcás ina mbeadh láimhseáil sonraí íogaire i gceist leis an gcumarsáid nó i gcás ina gcuirfí ualach riaracháin díréireach, arna éirí as líon mór doiciméad a thiontú go foirm leictreonach, ar an údarás inniúil a sheolann na doiciméid sin. Ós rud é go ndéileálann údaráis inniúla le sonraí íogaire, ba cheart slándáil agus iontaofacht an mhalartaithe faisnéise a áirithiú i gcónaí agus na modhanna iomchuí cumarsáide á roghnú. Ba cheart a mheas i gcónaí gurb é an córas TF díláraithe an modh is iomchuí chun foirmeacha a mhalartú arna mbunú de bhun na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí foirmeacha a mhalartú trí mhodhanna eile, áfach, i gcásanna ina bhfuil údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i láthair san aon áit amháin i mBallstát chun cabhrú le forghníomhú nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, más gá sin de bharr phráinn an ábhair, amhail i gcásanna faoi Threoir 2014/41/AE ina dtugann an t-údarás eisiúna cúnamh chun an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach a fhorghníomhú sa Stát forghníomhaitheach nó i gcás ina ndéanann údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh a chomhordú faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ag cruinniú duine le duine.

(26)

Maidir leis na comhpháirteanna den chóras TF dhíláraithe atá faoi fhreagracht an Aontais, i gcomhréir leis na ceanglais slándála arna mbunú le Rialachán (AE) 2022/850, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an eintiteas a bhainistíonn comhpháirteanna an chórais chun a bhfeidhmiú cuí a áirithiú.

(27)

Chun críche rochtain ar na húdaráis inniúla a éascú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha in ábhair shibhialta agus thráchtála, ba cheart, leis an Rialachán seo, pointe rochtana ar leibhéal an Aontais, ‘pointe rochtana leictreonach Eorpach’ a bhunú mar chuid den chóras TF díláraithe ar cheart faisnéis a bheith ann do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha maidir lena gceart chun cúnaimh dhlíthiúil, agus trínar cheart dóibh a bheith in ann éilimh a chomhdú, faisnéis atá ábhartha ó thaobh nós imeachta de a sheoladh, a iarraidh agus a fháil, lena n-áirítear cáschomhaid digitithe nó codanna de na cáschomhaid sin, agus cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla, nó a chur de chúram ar a n-ionadaí déanamh amhlaidh thar a gceann, i gcásanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo, nó a bheith seirbheáilte le doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha. Ba cheart an pointe rochtana leictreonach Eorpach a óstáil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, a fheidhmíonn mar ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéis bhreithiúnach agus seirbhísí breithiúnacha san Aontas.

(28)

Tá feidhm ag an gceart chun cúnaimh dhlíthiúil nó chun cabhrach dlíthiúla dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Rialacháin (CE) Uimh. 4/2009 agus (AE) 2019/1111 ón gComhairle agus Treoir 2003/8/CE ón gComhairle (22). Ba cheart daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha ar an Tairseach don r-Cheartas trí naisc ar an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.

(29)

I gcomhthéacs na cumarsáide idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus údaráis inniúla in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcásanna trasteorann, ba cheart cumarsáid leictreonach a úsáid mar rogha mhalartach ar na modhanna cumarsáide atá ann cheana, lena n-áirítear modhanna náisiúnta, gan difear a dhéanamh don chaoi a ndéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha cumarsáid lena n-údaráis náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás cumarsáid idir daoine dlítheanacha agus údaráis inniúla, ba cheart úsáid modhanna leictreonacha mar réamhshocrú a mholadh. Dá ainneoin sin, chun a áirithiú nach gcuirfidh rochtain ar an gceartas trí mhodhanna digiteacha a thuilleadh leis an deighilt dhigiteach, ba cheart rogha na modhanna cumarsáide idir an chumarsáid leictreonach, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus modhanna cumarsáide eile a fhágáil faoi rogha na ndaoine lena mbaineann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun freastal ar imthosca áirithe na ndaoine nach mbeadh na modhanna teicniúla nó na scileanna digiteacha is gá acu chun rochtain a bheith acu ar sheirbhísí digiteacha agus na ndaoine faoi mhíchumas, ós rud é go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit agus ag an Aontas bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

(30)

Chun feabhas a chur ar chumarsáid agus tarchur leictreonach trasteorann doiciméad tríd an gcóras TF díláraithe, lena n-áirítear tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach, níor cheart éifeacht dhlíthiúil a dhiúltú do na doiciméid a tharchuirtear tríd an gcóras TF díláraithe, agus níor cheart a mheas go bhfuil siad neamh-inghlactha sna himeachtaí ar an aon fhoras amháin gur i bhfoirm leictreonach atá siad. Mar sin féin, ba cheart an prionsabal sin a bheith gan dochar do mheasúnú ar éifeachtaí dlíthiúla nó inghlacthacht na ndoiciméad sin, a d’fhéadfadh a bheith ina bhfianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(31)

Chun éisteachtaí ó bhéal in imeachtaí in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leo a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo d’úsáid roghnach físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile.

(32)

Leis an bhfíschomhdháil nó le teicneolaíocht chianchumarsáide eile, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann céannacht na ndaoine a n-éistfear leo a fhíordheimhniú, agus ba cheart cumarsáid amhairc, fuaime agus ó bhéal a chumasú le linn na héisteachta. Níor cheart glaoch teileafóin, agus sin amháin, a mheas a bheith iomchuí mar theicneolaíocht chianchumarsáide le haghaidh éisteachtaí ó bhéal. Ba cheart an teicneolaíocht a úsáidtear a bheith ag cloí leis na caighdeáin is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht cumarsáide agus slándáil sonraí, gan beann ar an gcineál éisteachta dá n-úsáidtear í.

(33)

Níor cheart éisteacht trí fhíschomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a dhiúltú díreach toisc nach ann do rialacha náisiúnta lena rialaítear úsáid na teicneolaíochta cianchumarsáide. I gcás den sórt sin, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na rialacha is iomchuí is infheidhme faoin dlí náisiúnta, amhail rialacha maidir le fianaise a ghlacadh.

(34)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don cheart chun ateangaireachta, agus ba cheart úsáid ateangaireachta a chumasú trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáidtear in imeachtaí in ábhair shibhialta, thráchtála nó choiriúla.

(35)

Chun éisteachtaí ó bhéal in imeachtaí in ábhair shibhialta agus thráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leo a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le húsáid roghnach físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile le haghaidh rannpháirtíocht na bpáirtithe nó a n-ionadaithe in éisteachtaí den sórt sin, faoi réir infhaighteacht na teicneolaíochta ábhartha, an fhéidearthacht atá ag na páirtithe tuairim a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta den sórt sin agus oiriúnacht úsáid teicneolaíochta den sórt sin in imthosca sonracha an cháis. Níor cheart don Rialachán seo cosc a chur ar dhaoine a thugann cabhair do pháirtí ná ar ionchúisitheoirí poiblí in ábhair shibhialta agus thráchtála a bheith ag freastal ar an éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(36)

Ba cheart an nós imeachta chun éisteachtaí a thionscnamh agus a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile a rialú in ábhair shibhialta agus thráchtála le dlí an Bhallstáit ina bhfuil na himeachtaí ar siúl. I gcás ina bhforáiltear do thaifeadadh éisteachtaí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an éisteacht á seoladh aige in ábhair shibhialta nó thráchtála, ba cheart na páirtithe a chur ar an eolas faoi na forálacha sin agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh, faoin deis atá acu agóid a dhéanamh i gcoinne an taifeadta.

(37)

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe agus a n-ionadaithe a cheadú in éisteacht in ábhair shibhialta agus thráchtála trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, ba cheart don údarás inniúil modh iomchuí a roghnú chun tuairimí na bpáirtithe a fhiosrú i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta.

(38)

I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag údarás inniúil in imeachtaí in ábhair shibhialta nó thráchtála cead a thabhairt do cheann amháin ar a laghad de na páirtithe nó do dhaoine eile a bheith rannpháirteach in éisteacht trí fhíschomhdháil, ba cheart don údarás inniúil sin a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine den sórt sin ar an éisteacht sin trí fhíschomhdháil. Go háirithe, ba cheart don údarás inniúil nasc a sheoladh chuig daoine den sórt sin le go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach san fhíschomhdháil sin agus cúnamh teicniúil a thabhairt. Mar shampla, ba cheart don údarás inniúil treoracha a sholáthar maidir leis na bogearraí a úsáidfear agus, i gcás inar gá, tástáil theicniúil a eagrú roimh an éisteacht. Ba cheart don údarás inniúil riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh.

(39)

I gcás ina bhfuil leanbh rannpháirteach in imeachtaí in ábhair shibhialta nó thráchtála, go háirithe mar pháirtí, faoin dlí náisiúnta, ba cheart an leanbh a bheith in ann a bheith rannpháirteach san éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus a chearta nós imeachta á gcur san áireamh. Ar an lámh eile, i gcás ina bhfuil an leanbh rannpháirteach sna himeachtaí le go nglacfaí fianaise in ábhair shibhialta nó thráchtála, mar shampla i gcás ina bhfuil an leanbh le héisteacht mar fhinné, d’fhéadfaí éisteacht leis an leanbh freisin trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1783.

(40)

I gcás ina n-iarrann údarás inniúil go mbeadh duine rannpháirteach le go nglacfaí fianaise in ábhair shibhialta nó thráchtála, ba cheart rannpháirtíocht duine den sórt sin san éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile a rialú le Rialachán (AE) 2020/1783.

(41)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húsáid físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcás ina bhfuil foráil déanta maidir le húsáid den sórt sin cheana sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná in ábhair nach ngabhann impleachtaí trasteorann leo. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húsáid físchomhdhála ná teicneolaíochta cianchumarsáide eile i nósanna imeachta fíordheimhnithe nótaireachta.

(42)

In ábhair choiriúla, ba cheart an nós imeachta chun éisteachtaí a thionscnamh agus a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile a rialú le dlí an Bhallstáit a bhfuil an éisteacht á seoladh aige. Ba cheart a thuiscint gurb é an Ballstát a bhfuil an éisteacht á seoladh aige trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile an Ballstát a d’iarr go n-úsáidfí físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile.

(43)

Na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le húsáid na físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile le haghaidh éisteachtaí i nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le héisteachtaí trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile chun fianaise a ghlacadh nó triail a reáchtáil a bhféadfadh cinneadh maidir le ciontacht nó neamhchiontacht duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe a bheith mar thoradh orthu. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2014/41/AE, don Choinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, agus do Chinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle (23).

(44)

Chun an ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta a choimirciú, ba cheart don duine atá faoi dhrochamhras, don duine atá cúisithe nó ciontaithe, nó do dhuine dá ndéantar difear, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1805, seachas duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe nó ciontaithe, a thoiliú a thabhairt go n-úsáidfí físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile le haghaidh éisteacht i nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla. Níor cheart don údarás inniúil a bheith in ann maolú ar an gceanglas toiliú a lorg ón duine atá faoi dhrochamhras, ón duine atá cúisithe nó ciontaithe ná ón duine dá ndéantar difear, ach amháin in imthosca eisceachtúla ina bhfuil údar cuí le maolú den sórt sin de bharr bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí agus ar an tsláinte phoiblí, a léirítear iad a bheith fíor agus a bheith ann nó iad a bheith intuartha. Ba cheart an úsáid díolúine i ndáil le toiliú a lorg le haghaidh físchomhdhála a theorannú don mhéid is gá agus ba cheart Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) a urramú go hiomlán. Mura bhfuil toiliú á lorg, ba cheart an deis a bheith ag an duine atá faoi dhrochamhras, ag an duine atá cúisithe nó ciontaithe nó ag an duine dá ndéantar difear athbhreithniú a lorg i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir iomlán leis an gCairt.

(45)

I gcás ina sáraítear cearta duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe nó ciontaithe i gcomhthéacs éisteacht a sheoltar trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, ba cheart rochtain ar leigheas éifeachtach a ráthú i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Ba cheart rochtain ar leigheas éifeachtach a ráthú freisin do dhaoine eile dá ndéantar difear, seachas duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe nó ciontaithe, i gcomhthéacs éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in imeachtaí faoi Rialachán (AE) 2018/1805.

(46)

Ba cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach as éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in ábhair choiriúla a áirithiú go mbeidh an chumarsáid idir an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó ciontaithe nó an duine dá ndéantar difear in imeachtaí faoi Rialachán (AE) 2018/1805 agus a dhlíodóir, díreach roimh an éisteacht agus lena linn, faoi rún i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(47)

I gcás ina n-eagraítear éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in ábhair choiriúla, ba cheart don údarás inniúil a fhaigheann an iarraidh éisteacht den sórt sin a chur ar bun (‘an t-údarás inniúil iarrtha’) a áirithiú go mbeidh rochtain ag an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó ciontaithe, nó an duine dá ndéantar difear mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1805, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar an mbonneagar is gá chun físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid. Ba cheart go n-áireofaí leis sin freagracht as rochtain a sholáthar, mar shampla, ar an áitreabh ina bhfuil an éisteacht le reáchtáil agus ar an trealamh teicniúil atá ar fáil. I gcás nach bhfuil trealamh teicniúil ar fáil in áitreabh an údaráis inniúil iarrtha, ba cheart don údarás sin a bheith in ann na socruithe praiticiúla a dhéanamh tríd an éisteacht a eagrú in áitreabh údaráis eile chun í a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, más féidir, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

(48)

Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) bunaítear comhchreat rialála de chuid an Aontais chun modhanna ríomh-shainaitheantais agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe a aithint (‘seirbhísí iontaoibhe e-IDAS’), go háirithe ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta agus fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, a aithnítear thar theorainneacha mar sheirbhísí a bhfuil an stádas céanna dlí acu agus atá ag a gcoibhéisí fhisiciúla. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le seirbhísí iontaoibhe e-IDAS a úsáid chun críocha na cumarsáide digití.

(49)

I gcás ina bhfuil séala nó síniú ag teastáil i ndoiciméad a tharchuirtear mar chuid de chumarsáid leictreonach faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis inniúla ríomhshéala cáilithe nó ríomhshíniú cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid agus ba cheart do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ríomhshíniú cáilithe nó ríomh-shainaitheantas cáilithe a úsáid. Leis an Rialachán seo, áfach, níor cheart difear a dhéanamh do na ceanglais fhoirmiúla is infheidhme maidir le doiciméid a thugtar ar aird chun tacú le hiarraidh, a d’fhéadfadh a bheith ina mbunchóipeanna digiteacha nó ina gcóipeanna deimhnithe. Ba cheart don Rialachán seo freisin a bheith gan dochar don dlí náisiúnta maidir le doiciméid a thiontú agus d’aon cheanglais maidir le barántúlacht, cruinneas, iontaofacht, inchreidteacht agus foirm dhlíthiúil iomchuí na ndoiciméad nó na faisnéise, ach amháin i ndáil leis na coinníollacha a bhaineann leis an gcumarsáid trí mhodhanna digiteacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(50)

Chun íocaíocht táillí a éascú i gcásanna lena mbaineann impleachtaí trasteorann a thagann faoi raon feidhme ghníomhartha dlí an Aontais in ábhair shibhialta agus thráchtála a liostaítear in Iarscríbhinn I, ba cheart na modhanna teicniúla chun táillí a íoc go leictreonach na rialacha is infheidhme maidir le hinrochtaineacht a chomhlíonadh. Ba cheart a bheith in ann úsáid a bhaint as modhanna íocaíochta atá ar fáil go forleathan ar fud an Aontais, amhail cártaí creidmheasa, cártaí dochair, tiachóg leictreonach agus aistrithe bainc, i dtimpeallacht ar líne agus inrochtana tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.

(51)

Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo go hiomlán agus chun gníomhartha dlí an Aontais atá ann cheana in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla a ailíniú leis an Rialachán seo, is gá leasuithe a thabhairt isteach leis an Rialachán seo sna gníomhartha dlí seo a leanas: Rialacháin (CE) Uimh. 805/2004 (25), (CE) Uimh. 1896/2006 (26), (CE) Uimh. 861/2007 (27), (AE) Uimh. 606/2013 (28), (AE) Uimh. 655/2014 (29), (AE) 2015/848 agus (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Féachtar leis na leasuithe sin lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo. Déantar leasuithe ar Threoracha agus ar Chinntí Réime in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla a thabhairt isteach le Treoir (AE) 2023/2843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

(52)

I gcomhréir le míreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (31), ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin, lena n-áirítear measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla le haghaidh gach ceann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin seo ar an láthair, go háirithe chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht dhigitiú an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

(53)

Maidir leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún mar chóras cúil, ba cheart iad a bheith ríomhchláraithe chun na sonraí a bhailiú is gá chun críoch faireacháin agus ba cheart sonraí den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit córas TF náisiúnta a úsáid in ionad na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún, d’fhéadfaí córas den sórt sin a fheistiú chun bheith in ann na sonraí sin a bhailiú le ríomhchlár agus, sa chás sin, ba cheart na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún. D’fhéadfaí fearas lena bhféadfaí sonraí staidrimh ábhartha a aisghabháil a fheistiú freisin ar an nascóir e-CODEX.

(54)

I gcásanna nach féidir sonraí maidir le líon na n-éisteachtaí inar úsáideadh físchomhdháil a bhailiú go huathoibríoch, agus chun an t-ualach riaracháin breise a bhaineann le bailiú sonraí a theorannú, ba cheart do gach Ballstát cúirt amháin nó údarás inniúil amháin ar a laghad a ainmniú chun críche sampla faireacháin a bhunú. Ba cheart a chur de chúram ar an gcúirt ainmnithe sin nó ar an údarás inniúil ainmnithe sin sonraí den sórt sin a bhailiú agus a sholáthar don Choimisiún maidir lena héisteachtaí nó éisteachtaí féin agus ba cheart go bhfónfadh siad chun meastachán a sholáthar do Bhallstáit ar leith maidir leis na sonraí is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an chúirt ainmnithe nó an t-údarás inniúil ainmnithe a bheith inniúil ar éisteachtaí a sheoladh trí fhíschomhdháil i gcomhréir leis an Rialachán seo. I réimsí ina meastar gur údaráis inniúla iad údaráis nach cúirteanna ná ionchúisitheoirí iad de réir bhrí an Rialacháin seo, amhail nótairí, ba cheart an sampla faireacháin ainmnithe a bheith ina léiriú chomh maith ar chur chun feidhme an Rialacháin seo acu.

(55)

Tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do scaradh na gcumhachtaí agus do neamhspleáchas na mbreithiúna sna Ballstáit, agus do chearta nós imeachta mar a chumhdaítear sa Chairt agus i ndlí an Aontais freisin, amhail na treoracha maidir le cearta nós imeachta, eadhon Treoracha 2010/64/AE (32), 2012/13/AE (33), 2013/48/AE (34), (AE) 2016/343 (35), (AE) 2016/800 (36) agus (AE) 2016/1919 (37) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe don cheart chun ateangaireachta, don cheart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir, don cheart chun rochtain a fháil ar an gcáschomhad, don cheart chun cúnamh dlíthiúil a fháil, agus don cheart chun bheith i láthair ag an triail.

(56)

Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sa chóras TF díláraithe. Chun soiléiriú a dhéanamh ar an bhfreagracht as próiseáil sonraí pearsanta a sheoltar nó a fhaightear tríd an gcóras TF díláraithe, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo cé is ceart féachaint air mar rialaitheoir na sonraí pearsanta. Chun na críche sin, ba cheart a mheas go bhfuil críoch agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta cinnte ag gach eintiteas seolta nó glactha ar leithligh.

(57)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an gcóras TF díláraithe a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38). Ba cheart, leis na gníomhartha cur chun feidhme, a chur ar chumas na mBallstát a gcórais TF náisiúnta ábhartha a oiriúnú chun nascadh leis an gcóras TF díláraithe.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe digitiú comhchuibhithe an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, toisc, inter alia, nach féidir a ráthú go bhfuil córais TF na mBallstát agus chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais idir-inoibritheach, ach, de bharr ghníomhaíocht chomhordaithe an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(59)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(60)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(61)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 25 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat dlíthiúil aonfhoirmeach le haghaidh úsáid cumarsáide leictreonaí idir údaráis inniúla i nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla agus le haghaidh úsáid cumarsáide leictreonaí idir daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus údaráis inniúla i nósanna imeachta breithiúnacha in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Ina theannta sin, leagtar síos leis rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

úsáid físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile chun críoch eile seachas fianaise a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2020/1783;

(b)

ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a chur i bhfeidhm;

(c)

éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad;

(d)

táillí a íoc go leictreonach.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cumarsáid leictreonach i nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla, dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4, agus maidir le héisteachtaí trí fhíschomhdháil nó trí mhodhanna eile teicneolaíochta cianchumarsáide in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla, dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ cúirt, oifig ionchúisitheora phoiblí, údarás lárnach agus údaráis inniúla eile a shainmhínítear sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a ainmnítear agus atá faoi réir fógra i gcomhréir leo, chomh maith le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ghlacann páirt i nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh i gcomhréir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II; chun críocha Airteagal 5, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ freisin aon chúirt nó aon údarás eile atá inniúil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta chun éisteachtaí a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in ábhair shibhialta agus thráchtála; chun críocha Airteagal 6, ciallaíonn ‘údarás inniúil’ freisin aon chúirt nó aon údarás eile a ghlacann páirt i nósanna imeachta a leagtar síos sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(2)

ciallaíonn ‘cumarsáid leictreonach’ malartú digiteach faisnéise ar an idirlíon nó ar líonra eile cumarsáide leictreonaí;

(3)

ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ líonra de chórais TF agus de phointí rochtana idir-inoibritheacha, a oibríonn faoi fhreagracht aonair agus bainistiú aonair gach Ballstáit nó gach comhlachta nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, lena gcumasaítear faisnéis a mhalartú ar bhealach slán iontaofa trasteorann;

(4)

ciallaíonn ‘pointe rochtana leictreonach Eorpach’ tairseach atá inrochtana ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha nó ag a n-ionadaithe, ar fud an Aontais, agus atá nasctha le pointe rochtana idir-inoibritheach i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe;

(5)

ciallaíonn ‘táillí’ íocaíochtaí arna dtobhach ag údaráis inniúla i gcomhthéacs na n-imeachtaí faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(6)

ciallaíonn ‘físchomhdháil’ teicneolaíocht tarchurtha closamhairc lenar féidir cumarsáid chomhuaineach dhéthreo le híomhá agus le fuaim a dhéanamh, rud a fhágann gur féidir idirghníomhaíocht amhairc, fuaime agus bhéil a dhéanamh.

CAIBIDIL II

CUMARSÁID IDIR ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 3

Modhanna cumarsáide idir údaráis inniúla

1.   Cumarsáid de bhun na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil, agus, de bhun na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil agus údarás inniúil náisiúnta agus comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, lena n-áirítear malartú foirmeacha a bunaíodh leis na gníomhartha sin, déanfar í trí chóras TF díláraithe atá slán, éifeachtúil agus iontaofa.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla cumarsáid a dhéanamh, áfach, trí mhodhanna malartacha i gcás nach féidir cumarsáid leictreonach a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 mar gheall ar an méid seo a leanas:

(a)

cur isteach ar an gcóras TF díláraithe;

(b)

cineál fisiciúil nó teicniúil an ábhair tarchurtha; nó

(c)

force majeure.

Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh na modhanna malartacha cumarsáide a úsáidtear ar na cinn is tapúla agus is iomchuí agus go n-áiritheofar malartú faisnéise slán iontaofa leo.

3.   De bhreis ar na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 2, i gcás nach iomchuí úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe i gcás ar leith, féadfar aon mhodh cumarsáide eile a úsáid. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an malartú faisnéise faoin mír seo ar bhealach slán iontaofa.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir leis an malartú foirmeacha dá bhforáiltear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

I gcásanna ina bhfuil údaráis inniúla Ballstát éagsúil i láthair ag an aon suíomh amháin i mBallstát chun cabhrú le nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh a fhorghníomhú faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad na foirmeacha a mhalartú trí mhodhanna iomchuí eile más gá mar gheall ar a phráinní atá an t-ábhar. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an malartú foirmeacha dá dtagraítear san fhomhír seo ar bhealach slán iontaofa.

5.   Ní dochar an tAirteagal seo do na forálacha nós imeachta is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir le hinghlacthacht doiciméad, cé is moite de cheanglais a bhaineann leis na modhanna cumarsáide.

6.   Féadfaidh gach Ballstát a chinneadh an córas TF díláraithe a úsáid le haghaidh cumarsáid idir a údaráis náisiúnta i gcásanna a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II.

7.   Féadfaidh comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a chinneadh an córas TF díláraithe a úsáid le haghaidh cumarsáid laistigh den chomhlacht nó den ghníomhaireacht i gcásanna a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL III

CUMARSÁID IDIR DAOINE NÁDÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA

Airteagal 4

Pointe rochtana leictreonach Eorpach

1.   Bunófar pointe rochtana leictreonach Eorpach ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

2.   Féadfar an pointe rochtana leictreonach Eorpach a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a n-ionadaithe agus údaráis inniúla sna cásanna seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1896/2006, (CE) Uimh. 861/2007 agus (AE) Uimh. 655/2014;

(b)

nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 805/2004;

(c)

imeachtaí maidir le haitheantas, dearbhú in-fhorfheidhmitheachta nó diúltú aitheantais dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) Uimh. 650/2012, (AE) Uimh. 1215/2012 (39) agus (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 4/2009, (AE) 2016/1103 (40), (AE) 2016/1104 (41) agus (AE) 2019/1111 ón gComhairle;

(d)

nósanna imeachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas a eisiúint, a cheartú agus a tharraingt siar:

(i)

sleachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 4/2009,

(ii)

an Deimhniú Eorpach Comharbais agus na fianuithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 650/2012,

(iii)

deimhnithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012,

(iv)

deimhnithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 606/2013,

(v)

fianuithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1103,

(vi)

fianuithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1104,

(vii)

deimhnithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1111;

(e)

éileamh á thaisceadh ag creidiúnaí eachtrach in imeachtaí dócmhainneachta faoi Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2015/848;

(f)

cumarsáid idir daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a n-ionadaithe leis na hÚdaráis Lárnacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 agus Rialachán (AE) 2019/1111 nó na húdaráis inniúla faoi Chaibidil IV de Threoir 2003/8/CE.

3.   Beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú teicniúil, forbairt, inrochtaineacht, cothabháil, slándáil agus tacaíocht theicniúil úsáideoirí an phointe rochtana leictreonaigh Eorpaigh. Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil don úsáideoir saor in aisce.

4.   Beidh sa phointe rochtana leictreonach Eorpach faisnéis do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha maidir leis an gceart atá acu cúnamh dlíthiúil a fháil, lena n-áirítear in imeachtaí trasteorann. Cumasófar leis freisin dá n-ionadaithe gníomhú thar a gceann. Cumasófar leis an bpointe rochtana leictreonach Eorpach do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, nó dá n-ionadaithe, sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, éilimh a chomhdú, iarrataí a sheoladh, faisnéis atá ábhartha ó thaobh nós imeachta de a sheoladh agus a fháil agus cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla, nó a bheith seirbheáilte le doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha.

Le cumarsáid tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach, comhlíonfar ceanglais dhlí an Aontais agus dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, go háirithe maidir le foirm, teanga agus ionadaíocht.

5.   Glacfaidh na húdaráis inniúla le cumarsáid tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach sna cásanna dá dtagraítear i mír 2.

6.   Ar choinníoll gur thug duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó a n-ionadaí toiliú sainráite roimh ré maidir leis an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach a úsáid mar mhodh cumarsáide nó mar mhodh seirbheála, déanfaidh údaráis inniúla cumarsáid leis an duine nádúrtha sin nó leis an duine dlítheanach sin nó lena n-ionadaí sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 agus úsáid á baint acu as an bpointe rochtana sin, agus féadfaidh siad doiciméid a sheirbheáil orthu tríd an bpointe rochtana sin. Bainfidh gach toiliú go sonrach leis an nós imeachta ina dtugtar é agus tabharfar ar leithligh é chun críoch doiciméid a chur in iúl agus a sheirbheáil. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag duine nádúrtha nó dlítheanach an pointe rochtana leictreonach Eorpach a úsáid ar a dtionscnamh féin le haghaidh cumarsáide in imeachtaí, beidh siad in ann a dtoiliú a thabhairt le fios sa chumarsáid tosaigh sin.

7.   Beidh an pointe rochtana leictreonach Eorpach de chineál a áiritheoidh go ndéantar úsáideoirí a shainaithint.

CAIBIDIL IV

ÉISTEACHT TRÍ FHÍSCHOMHDHÁIL NÓ TRÍ THEICNEOLAÍOCHT CHIANCHUMARSÁIDE EILE

Airteagal 5

Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in ábhair shibhialta agus thráchtála

1.   Gan dochar d’fhorálacha sonracha lena rialaítear úsáid físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile in imeachtaí faoi Rialacháin (CE) Uimh. 861/2007, (AE) Uimh. 655/2014 agus (AE) 2020/1783, agus arna iarraidh sin do pháirtí nó dá n-ionadaí nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta, ar a thionscnamh féin, in imeachtaí in ábhair shibhialta agus thráchtála ina bhfuil ceann amháin de na páirtithe nó a n-ionadaí i láthair i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe agus a n-ionadaithe in éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

infhaighteacht teicneolaíochta den sórt sin;

(b)

tuairim na bpáirtithe sna himeachtaí maidir le húsáid teicneolaíochta den sórt sin; agus

(c)

oiriúnacht úsáid teicneolaíochta den sórt sin in imthosca sonracha an cháis.

2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil a bhfuil an éisteacht á seoladh aige go mbeidh rochtain ag na páirtithe agus ag a n-ionadaithe, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar an bhfíschomhdháil don éisteacht.

3.   I gcás ina bhforáiltear do thaifeadadh éisteachtaí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina dtarlaíonn na himeachtaí, beidh feidhm ag na rialacha céanna maidir le héisteachtaí a sheoltar trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile. Déanfaidh an Ballstát ina dtarlaíonn na himeachtaí bearta iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar agus go stórálfar taifeadtaí den sórt sin ar bhealach slán agus nach scaipfear go poiblí iad.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, déanfar an nós imeachta maidir le héisteachtaí trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile a rialú le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an éisteacht á seoladh aige.

Airteagal 6

Éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile in ábhair choiriúla

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí faoi na gníomhartha dlí seo a leanas:

(a)

Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (42), go háirithe Airteagal 18(1), pointe (a), de;

(b)

Cinneadh Réime 2008/909/CGB, go háirithe Airteagal 6(3) de;

(c)

Cinneadh Réime 2008/947/CGB, go háirithe Airteagal 17(4) de;

(d)

Cinneadh Réime 2009/829/CGB, go háirithe Airteagal 19(4) de;

(e)

Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), go háirithe Airteagal 6(4) di;

(f)

Rialachán (AE) 2018/1805, go háirithe Airteagal 33(1) de.

2.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil Ballstáit (‘an t-údarás inniúil iarrthach’) éisteacht a thabhairt do dhuine atá faoi dhrochamhras, do dhuine atá cúisithe nó ciontaithe, nó do dhuine dá ndéantar difear, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2018/1805, seachas duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe nó ciontaithe, atá i láthair i mBallstát eile in imeachtaí faoi na gníomhartha dlí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, ceadóidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin (‘an t-údarás inniúil iarrtha’) do dhaoine den sórt sin a bheith rannpháirteach san éisteacht trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

(a)

tugann imthosca áirithe an cháis údar le húsáid teicneolaíochta den sórt sin; agus

(b)

tá toiliú tugtha ag an duine atá faoi dhrochamhras, an duine atá cúisithe nó ciontaithe nó an duine dá ndéantar difear físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid don éisteacht sin i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo.

Sula dtabharfar toiliú chun físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid, beidh an deis ag an duine atá faoi dhrochamhras nó ag an duine atá cúisithe comhairle dlíodóra a lorg i gcomhréir le Treoir 2013/48/AE. Tabharfaidh na húdaráis inniúla faisnéis don duine a bhfuil éisteacht le tabhairt dó nó di faoin nós imeachta chun éisteacht a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, agus faoina gcearta nós imeachta, lena n-áirítear an ceart chun ateangaireachta agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir sula dtabharfar an toiliú.

Tabharfar an toiliú go deonach agus go haonchiallach, agus fíoróidh an t-údarás inniúil iarrthach an toiliú sin sula gcuirfear tús le héisteacht den sórt sin. Déanfar fíorú an toilithe a thaifeadadh i dtaifid na héisteachta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

Gan dochar do phrionsabal na trialach córa agus don cheart chun leigheas dlí a fháil faoin dlí nós imeachta náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh gan toiliú na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a lorg i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht go pearsanta ina bagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí a léirítear a bheith dáiríre agus láithreach nó intuartha.

3.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil iarrtha go mbeidh rochtain ag na daoine dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar an mbonneagar is gá chun físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid.

4.   Ní dochar an tAirteagal seo do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear d’úsáid físchomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide eile in ábhair choiriúla.

5.   Áiritheofar rúndacht cumarsáide idir duine atá faoi dhrochamhras, duine atá cúisithe nó ciontaithe nó duine dá ndéantar difear agus a ndlíodóir roimh an éisteacht agus lena linn trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

6.   Sula dtabharfar éisteacht do leanbh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, déanfar sealbhóirí freagrachta tuismitheora mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/800 nó duine fásta iomchuí eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Treoir sin a chur ar an eolas go pras. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh éisteacht a thabhairt do leanbh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, cuirfidh an t-údarás inniúil leas an linbh san áireamh.

7.   I gcás ina ndéantar foráil maidir le héisteachtaí a thaifeadadh faoi dhlí náisiúnta Ballstáit le haghaidh cásanna intíre, beidh feidhm ag na rialacha céanna maidir le héisteachtaí a sheoltar trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile i gcásanna trasteorann. Déanfaidh an Ballstát iarrthach bearta iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar taifeadtaí den sórt sin, go stórálfar iad ar bhealach slán, agus nach scaipfear go poiblí iad.

8.   I gcás ina ndéantar sárú ar na ceanglais nó ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo, beidh an deis ag duine atá faoi dhrochamhras, ag duine atá cúisithe nó ciontaithe nó ag duine dá ndéantar difear leigheas éifeachtach a lorg, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus lánurraim á tabhairt don Chairt.

9.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 8, maidir leis an nós imeachta chun éisteacht a sheoladh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, déanfar é a rialú le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. Tiocfaidh na húdaráis inniúla iarrthacha agus na húdaráis inniúla iarrtha ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla don éisteacht.

CAIBIDIL V

SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE, ÉIFEACHTAÍ DLÍTHIÚLA RÍOMHDHOICIMÉAD AGUS TÁILLÍ A ÍOC GO LEICTREONACH

Airteagal 7

Ríomhshínithe agus ríomhshéalaí

1.   An creat dlíthiúil ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, beidh feidhm aige maidir le cumarsáid leictreonach faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina bhfuil séala nó síniú ag teastáil i ndoiciméad a tharchuirtear mar chuid de chumarsáid leictreonach faoi Airteagal 3 den Rialachán seo i gcomhréir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirfear ríomhshéala cáilithe nó ríomhshíniú cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ar an doiciméad.

3.   I gcás ina bhfuil síniú an duine a tharchuireann doiciméad mar chuid den chumarsáid leictreonach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo ag teastáil sa doiciméad sin, comhlíonfaidh an duine sin an ceanglas sin trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(a)

ríomh-shainaithint le leibhéal dearbhaithe atá ard mar a shonraítear in Airteagal 8(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; nó

(b)

ríomhshíniú cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(12) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Airteagal 8

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad

Ní dhiúltófar éifeacht dhlíthiúil do dhoiciméid a tharchuirtear mar chuid de chumarsáid leictreonach ná ní mheasfar go bhfuil siad neamh-inghlactha i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II ar na forais gur i bhfoirm leictreonach atá siad, agus ar na forais sin amháin.

Airteagal 9

Táillí a íoc go leictreonach

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an bhféidearthacht táillí a íoc go leictreonach, lena n-áirítear táillí ó Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an t-údarás inniúil lonnaithe.

2.   Leis na modhanna teicniúla chun táillí a íoc go leictreonach, comhlíonfar na rialacha is infheidhme maidir le hinrochtaineacht. I gcás ina bhfuil sé indéanta, leis na modhanna atá ar fáil táillí a íoc go leictreonach, beidh siad inrochtana tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 10

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo agus an pointe rochtana leictreonach Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, lena leagtar amach an méid seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla do na modhanna cumarsáide trí mhodhanna leictreonacha chun críocha an chórais TF dhíláraithe;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla do na prótacail chumarsáide;

(c)

na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála chun faisnéis a phróiseáil agus a chur in iúl laistigh den chóras TF díláraithe;

(d)

na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe;

(e)

caighdeáin nós imeachta dhigiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2022/850;

(f)

tráthchlár cur chun feidhme lena leagtar síos, inter alia, na dátaí a bheidh na bogearraí cur chun feidhme tagartha, dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo, ar fáil, na dátaí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla iad a shuiteáil, agus, i gcás inarb ábhartha, na dátaí a chríochnófar na coigeartuithe ar na córais TF náisiúnta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den mhír seo; agus

(g)

na sonraíochtaí teicniúla don phointe rochtana leictreonach Eorpach, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun an t-úsáideoir a ríomh-shainaithint ar an leibhéal dearbhaithe atá ard mar a shonraítear in Airteagal 8(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus an tréimhse choinneála chun faisnéis agus doiciméid a stóráil.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh faoi na dátaí seo a leanas:

(a)

An 17 Eanáir 2026 i gcás na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I agus na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 1, 10 agus 11 d’Iarscríbhinn II;

(b)

An 17 Eanáir 2027 i gcás na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 1, 8, 9 agus 10 d’Iarscríbhinn I agus na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 5 agus 9 d’Iarscríbhinn II;

(c)

An 17 Eanáir 2028 i gcás na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 6, 11 agus 12 d’Iarscríbhinn I agus na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 2, 3, 4 agus 8 d’Iarscríbhinn II; agus

(d)

An 17 Eanáir 2029 i gcás na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 2, 5, 7 agus 13 d’Iarscríbhinn I agus na ngníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 6 agus 7 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 11

Oiliúint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na gairmithe ceartais lena mbaineann agus na húdaráis inniúla tairiscint don oiliúint is gá chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an gcóras TF díláraithe agus chun físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid go hiomchuí. Gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach ná do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais agus le hurraim chuí do neamhspleáchas ghairm an dlí, spreagfaidh na Ballstáit oiliúint den sórt sin do bhreithiúna, d’ionchúisitheoirí agus do ghairmithe ceartais eile.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh oiliúint gairmithe ceartais maidir le húsáid éifeachtúil an chórais TF dhíláraithe ar cheann de na tosaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ó chláir airgeadais ábhartha an Aontais.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis chun dea-chleachtais a roinnt maidir le físchomhdháil chun costais a laghdú agus éifeachtúlacht a mhéadú.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin deis iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, faoi chláir airgeadais ábhartha an Aontais.

Airteagal 12

Bogearraí cur chun feidhme tagartha

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a fhorbairt agus a chothabháil agus as inrochtaineacht na mbogearraí sin, ar bogearraí iad a fhéadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm mar a gcóras cúil seachas córas TF náisiúnta. Is as buiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar cruthú, forbairt agus cothabháil na mbogearraí cur chun feidhme tagartha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a sholáthar agus a chothabháil saor in aisce agus tacóidh sé leo saor in aisce.

3.   Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha, cuirfear comhéadan coiteann ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh le córais TF náisiúnta eile.

Airteagal 13

Costais an chórais TF dhíláraithe, an phointe rochtana leictreonaigh Eorpaigh agus na gcóras TF náisiúnta

1.   Gach Ballstát nó eintiteas a oibríonn pointe rochtana údaraithe e-CODEX mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2022/850, íocfaidh sé na costais a bhaineann le pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bhfuil siad freagrach astu a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil.

2.   Gach Ballstát nó eintiteas a oibríonn pointe rochtana údaraithe e-CODEX mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2022/850, íocfaidh sé na costais a bhaineann lena chórais ábhartha náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, córais TF eile a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus íocfaidh sé na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin deis iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, faoi chláir airgeadais ábhartha an Aontais.

4.   Íocfaidh comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais na costais a bhaineann le comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe atá faoina bhfreagracht a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil.

5.   Íocfaidh comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais na costais a bhaineann lena gcórais bainistithe cásanna a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus íocfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

6.   Íocfaidh an Coimisiún na costais go léir a bhaineann leis an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.

Airteagal 14

Faisnéis arna tarchur a chosaint

1.   Measfar gur rialaitheoir de réir bhrí Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 nó Threoir (AE) 2016/680 é an t-údarás inniúil i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a sheoltar nó a fhaightear tríd an gcóras TF díláraithe.

2.   Measfar gur rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 é an Coimisiún i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an bpointe rochtana leictreonach Eorpach.

3.   Faisnéis a tharchuirtear i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann chuig údarás inniúil eile agus a mheastar a bheith rúnda faoi dhlí an Bhallstát óna seoltar an fhaisnéis, áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh an fhaisnéis sin faoi réir na rialacha maidir le rúndacht a leagtar síos le dlí an Aontais agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an fhaisnéis á seoladh chuige.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Faireachán agus meastóireacht

1.   4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (d), agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil, arna tacú le faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit don Choimisiún agus le faisnéis a bhailíonn sé, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin measúnú ar an éifeacht atá ag an gcumarsáid leictreonach ar chomhionannas arm i gcomhthéacs imeachtaí sibhialta agus coiriúla trasteorann. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar chur i bhfeidhm Airteagal 5. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a chur ar fáil, lena sonraítear an teicneolaíocht ábhartha agus na caighdeáin idir-inoibritheachta agus lena mbunaítear comhar breithiúnach chun rochtain a thabhairt do na páirtithe sna himeachtaí ar an mbonneagar is gá chun físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile a úsáid in áitreabh na n-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil páirtí i láthair.

2.   Mura bhfuil feidhm ag nós imeachta coibhéiseach um fhógra a thabhairt faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún ar bhonn bliantúil an fhaisnéis seo a leanas atá ábhartha don mheastóireacht ar oibriú agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm gach ceann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3), na costais arna dtabhú chun a gcórais TF náisiúnta ábhartha a bhunú nó a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana;

(b)

3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm gach ceann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (b), fad na n-imeachtaí breithiúnacha céadchéime, ón tráth a fhaigheann an t-údarás inniúil an t-iarratas go dtí dáta an chinnidh, faoi na gníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 3, 4 agus 9 d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;

(c)

3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm gach ceann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3), an fad ama a theastaíonn chun faisnéis a tharchur faoin gcinneadh maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnais nó cinnidh bhreithiúnaigh nó, mura bhfuil sé ar fáil, chun faisnéis faoi thorthaí forghníomhaithe breithiúnais nó cinnidh bhreithiúnaigh den sórt sin a tharchur, faoi na gníomhartha dlí a liostaítear i bpointí 1 go 7 agus 9 go 11 d’Iarscríbhinn II, arna ngrúpáil de réir an ghnímh dlí chomhfhreagraigh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

(d)

3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm gach ceann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3), líon na n-iarrataí arna dtarchur tríd an gcóras TF díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2), i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil.

3.   Chun sampla a bhunú, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun na sonraí a bhailiú maidir le líon na n-éisteachtaí arna seoladh ag na húdaráis sin inar úsáideadh físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6. Soláthrófar sonraí den sórt sin don Choimisiún ón 2 Bealtaine 2026.

4.   Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha agus, i gcás ina bhfuil sé feistithe chuige sin, an córas cúil náisiúnta, déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (c) agus (d) a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus iad a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a seacht ndícheall na sonraí dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (c) agus (d), a bhailiú.

Airteagal 17

Faisnéis atá le cur in iúl don Choimisiún

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún faoin 17 Iúil 2024 d’fhonn í a chur ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas:

(a)

mionsonraí na dtairseach TF náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;

(b)

tuairisc ar na dlíthe náisiúnta agus ar na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le físchomhdháil i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6;

(c)

faisnéis faoi tháillí atá dlite;

(d)

mionsonraí maidir leis na modhanna íocaíochta leictreonacha atá ar fáil le haghaidh táillí atá dlite i gcásanna trasteorann;

(e)

na húdaráis a bhfuil inniúlacht acu faoi na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún cheana i gcomhréir leis na gníomhartha dlí sin.

Cuirfidh na Ballstáit aon athrú i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl don Choimisiún gan mhoill.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún má tá siad in ann Airteagal 5 nó 6 a chur i bhfeidhm nó an córas TF díláraithe a oibriú níos luaithe ná mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

CAIBIDIL VII

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA DLÍ I RÉIMSE AN CHOMHAIR BHREITHIÚNAIGH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁCHTÁLA

Airteagal 18

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 805/2004

In Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

modhanna leictreonacha seirbheála dá bhforáiltear in Airteagail 19 agus 19a de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Tíolacfar an t-iarratas trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), i bhfoirm páipéir nó trí aon mhodh cumarsáide eile, lena n-áirítear modh leictreonach, a nglacann an Ballstát tionscnaimh leis agus atá ar fáil don chúirt tionscnaimh.

(*2)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).’;"

(2)

in Airteagal 7(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Síneoidh an t-éilitheoir nó, más infheidhme, ionadaí an éilitheora an t-iarratas. I gcás ina dtíolactar an t-iarratas i bhfoirm leictreonach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, comhlíonfar an ceanglas an t-iarratas a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2023/2844. Aithneofar an ríomhshíniú sa Bhallstát tionscnaimh agus ní fhéadfar é a chur faoi réir ceanglais bhreise.’;

(3)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Féadfar an t-ordú íocaíochta Eorpach a sheirbheáil ar an gcosantóir trí mhodhanna leictreonacha seirbheála dá bhforáiltear in Airteagail 19 agus 19a de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).’;"

(4)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tíolacfar an ráiteas freasúra trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844, i bhfoirm páipéir nó trí aon mhodh cumarsáide eile, lena n-áirítear modh leictreonach, a nglacann an Ballstát tionscnaimh leis agus atá ar fáil don chúirt tionscnaimh.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Síneoidh an cosantóir nó, más infheidhme, ionadaí an chosantóra an ráiteas freasúra. I gcás ina dtíolactar an ráiteas freasúra i bhfoirm leictreonach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, comhlíonfar an ceanglas an ráiteas freasúra a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2023/2844. Aithneofar an ríomhshíniú sa Bhallstát tionscnaimh agus ní fhéadfar é a chur faoi réir ceanglais bhreise.’.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Tosóidh an t-éilitheoir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí Fhoirm chaighdeánach éilimh A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a líonadh isteach agus trína taisceadh go díreach leis an gcúirt nó leis an mbinse a bhfuil dlínse aici nó aige, tríd an bpost, trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4)nó trí aon mhodh eile cumarsáide, amhail facs nó ríomhphost, is inghlactha ag an mBallstát ina gcuirtear tús leis an nós imeachta. San fhoirm éilimh, beidh cur síos ar an bhfianaise lena dtacaítear leis an éileamh agus beidh aon doiciméad tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an bhfoirm éilimh, i gcás inarb iomchuí.

(*4)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).’;"

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

tríd an tseirbhís poist;’;

(3)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

trí mhodhanna leictreonacha seirbheála dá bhforáiltear in Airteagail 19 agus 19a de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); nó

(*5)  Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).’;"

(4)

in Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(c)

tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach a bunaíodh faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2844, ar choinníoll gur thug an seolaí toiliú sainráite roimh ré go n-úsáidfí an modh sin chun doiciméid a sheirbheáil le linn an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga lena mbaineann.’;

(5)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Gach cumarsáid nach dtagraítear di i mír 1 idir an chúirt nó an binse agus na páirtithe nó daoine eile a bhfuil baint acu leis na himeachtaí, déanfar í trí cheachtar díobh seo a leanas:

(a)

modhanna leictreonacha arna ndearbhú le hadmháil go bhfuarthas í, i gcás ina bhfuil modhanna den sórt sin ar fáil go teicniúil agus ina bhfuil siad inghlactha i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga lena mbaineann á sheoladh, ar choinníoll gur ghlac an páirtí nó an duine lena mbaineann roimh ré le modhanna cumarsáide den sórt sin nó go bhfuil an páirtí nó an duine lena mbaineann, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí nó ar an duine sin, faoi oibleagáid dhlíthiúil glacadh le modhanna cumarsáide den sórt sin; nó

(b)

na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844.’

;

(6)

in Airteagal 15a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na páirtithe íocaíochtaí leictreonacha táillí cúirte a dhéanamh trí bhíthin modhanna cianíocaíochta lena ligtear do na páirtithe an íocaíocht a dhéanamh freisin ó Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt nó an binse lonnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/2844.’

.

Airteagal 21

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 606/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol sa Bhallstát tionscnaimh, tabharfar an fógra i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i mBallstát seachas an Ballstát tionscnaimh, tabharfar an fógra trí litir chláraithe lena ngabhann admháil fála nó a comhionann nó trí mhodhanna leictreonacha seirbheála dá bhforáiltear in Airteagail 19 agus 19a de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6). I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i dtríú tír, tabharfar an fógra trí litir chláraithe lena ngabhann admháil fála é nó a comhionann.

(*6)  Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).’;"

(2)

in Airteagal 11(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol sa Bhallstát ar a ndírítear, tabharfar an fógra i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i mBallstát seachas an Ballstát ar a ndírítear, tabharfar an fógra trí litir chláraithe lena ngabhann admháil fála nó a comhionann nó trí mhodh leictreonach seirbheála dá bhforáiltear in Airteagail 19 agus 19a de Rialachán (AE) 2020/1784. I gcás ina gcónaíonn an duine is cúis leis an mbaol i dtríú tír, tabharfar an fógra trí litir chláraithe lena ngabhann admháil fála nó a comhionann.’.

Airteagal 22

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 655/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfar an t-iarratas agus na doiciméid tacaíochta a chur isteach trí aon mhodh cumarsáide, lena n-áirítear modh leictreonach, a nglactar leis faoi rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina dtaisctear an t-iarratas nó trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7)

(*7)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).’;"

(2)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Cuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don chreidiúnaí i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit tionscnaimh maidir le horduithe coibhéiseacha náisiúnta nó trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Doiciméid a tharchur

1.   I gcás ina ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le tarchur doiciméad i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar tarchur den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2844 a mhéid a bhaineann leis an gcumarsáid idir na húdaráis, nó trí aon mhodh iomchuí ina bhfuil an chumarsáid le déanamh ag creidiúnaithe, ar choinníoll go bhfuil ábhar an doiciméid a fhaightear fíor agus dílis d’ábhar an doiciméid a tarchuireadh agus gur soléite an fhaisnéis go léir atá ann.

2.   An chúirt nó an t-údarás a fuair doiciméid i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, seolfaidh sí nó sé, faoi dheireadh an lae oibre tar éis an lae a fuarthas iad:

(a)

chuig an údarás a tharchuir na doiciméid, admháil go bhfuarthas iad, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2844; nó

(b)

chuig an gcreidiúnaí nó an banc a tharchuir na doiciméid, admháil go bhfuarthas iad, agus úsáid á baint as an modh tarchurtha is tapúla dá bhfuil ann.

Úsáidfidh an chúirt nó an t-údarás a fuair doiciméid i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo an fhoirm chaighdeánach chun a admháil go bhfuarthas iad a bunaíodh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).’;

(4)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar an t-iarratas ar leigheas de bhun Airteagal 33, 34 nó 35 agus úsáid á baint as an bhfoirm leighis arna bunú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

Féadfar an t-iarratas a dhéanamh tráth ar bith agus féadfar é a thíolacadh:

(a)

trí aon mhodh cumarsáide, lena n-áirítear modhanna leictreonacha, a nglactar leis faoi rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina dtaisctear an t-iarratas; nó

(b)

trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ach amháin i gcás inar chuir an féichiúnaí an t-iarratas isteach de bhun phointe (a) d’Airteagal 34(1) nó de bhun Airteagal 35(3), eiseofar an cinneadh maidir leis an iarratas tar éis an deis a bheith tugtha don dá pháirtí a gcás a chur i láthair, lena n-áirítear trí mhodhanna iomchuí teicneolaíochta cumarsáide den sórt sin mar atá ar fáil agus a nglactar leo faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann nó trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2023/2844.’

.

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/848

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 42(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Cuirfear an comhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

(*8)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj ).’;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53:

‘Airteagal 53

An ceart éilimh a thaisceadh

Féadfaidh aon chreidiúnaí eachtrach éilimh a thaisceadh in imeachtaí dócmhainneachta trí aon mhodh cumarsáide a nglactar leis le dlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí nó trí na modhanna cumarsáide leictreonaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/2844.

Ní bheidh ionadaíocht ag dlíodóir ná gairmí dlíthiúil eile éigeantach díreach chun críche éilimh a thaisceadh.’;

(3)

in Airteagal 57(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Cuirfear an comhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2844.’.

Airteagal 24

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/1784

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1784 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó na hoifigigh chonsalacha, i gcásanna ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 17, agus an t-údarás nó an duine, i gcásanna ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 18, 19, 19a nó 20, an seolaí a chur ar an eolas go bhféadfaidh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad agus nach mór foirm L in Iarscríbhinn I nó dearbhú scríofa diúltaithe a sheoladh chuig na gníomhairí sin nó chuig na hoifigigh sin nó chuig an údarás nó duine sin faoi seach.’

;

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tá feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir leis na modhanna eile tarchurtha agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear i Roinn 2 cé is moite d’Airteagal 19a.’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 19a

Seirbheáil leictreonach tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach

1.   Duine a bhfuil seoladh aitheanta le haghaidh seirbheála aige nó aici i mBallstát eile, féadfar doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhuine den sórt sin tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach a bunaíodh faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), ar choinníoll gur thug an seolaí toiliú sainráite roimh ré go n-úsáidfí an modh leictreonach sin chun doiciméid a sheirbheáil le linn na n-imeachtaí dlíthiúla lena mbaineann.

2.   Deimhneoidh an seolaí go bhfuarthas na doiciméid le hadmháil go bhfuarthas iad, lena n-áirítear an dáta a bhfuarthas iad. Is é an dáta a shonraítear san admháil fála dáta seirbheála na ndoiciméad. Beidh feidhm ag an riail chéanna i gcás seirbheáil doiciméad a diúltaíodh a bhfuarthas leigheas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(5).

(*9)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).’;"

(4)

in Airteagal 37, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Beidh feidhm ag Airteagal 19a ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(a) de Rialachán (AE) 2023/2844.’

.

CAIBIDIL VIII

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA DLÍ I RÉIMSE AN CHOMHAIR BHREITHIÚNAIGH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Airteagal 25

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1805

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1805 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar ordú reo a tharchur trí bhíthin deimhniú reo. Déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú reo dá bhforáiltear in Airteagal 6 a tharchur go díreach chuig an údarás forghníomhaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás lárnach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’

;

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tuairisceoidh an t-údarás forghníomhaitheach don údarás eisiúna maidir le forghníomhú an ordaithe reo, lena n-áirítear tuairisc ar an maoin a reodh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, meastachán ar a luach a sholáthar. Déanfar tuairisciú den sórt sin gan moill mhíchuí a luaithe a chuirfear in iúl don údarás forghníomhaitheach go ndearnadh an t-ordú reo a fhorghníomhú.’

;

(3)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Aon chinneadh gan an t-ordú reo a aithint nó a fhorghníomhú, déanfar é gan mhoill agus tabharfar fógra ina leith láithreach don údarás eisiúna.’

;

(4)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   An cinneadh maidir leis an ordú reo a aithint agus a fhorghníomhú, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é in iúl gan mhoill don údarás eisiúna.’

;

(5)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Tuairisceoidh an t-údarás forghníomhaitheach don údarás eisiúna láithreach gur cuireadh siar forghníomhú an ordaithe reo, agus sonrófar sa tuarascáil na forais lena chur siar agus, i gcás inar féidir, cé chomh fada a mheastar a mhairfidh an cur siar.

3.   A luaithe a scoirfidh na forais leis an gcur siar de bheith ann, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach na bearta is gá láithreach chun an t-ordú reo a fhorghníomhú agus cuirfidh sé an t-údarás eisiúna ar an eolas faoi sin.’

;

(6)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chuig an údarás eisiúna chun teorainn a chur leis an tréimhse a bhfuil an mhaoin le reo. Déanfar iarraidh den sórt sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis tacaíochta ábhartha, a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna. Agus iarraidh den sórt sin á scrúdú aige, cuirfidh an t-údarás eisiúna na leasanna uile san áireamh, lena n-áirítear leasanna an údaráis fhorghníomhaithigh. Tabharfaidh an t-údarás eisiúna freagra ar an iarraidh a luaithe is féidir. Mura n-aontaíonn an t-údarás eisiúna leis an teorannú, cuirfidh sé an t-údarás forghníomhaitheach ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin. I gcás den sórt sin, fanfaidh an mhaoin reoite i gcomhréir le mír 1. Mura dtugann an t-údarás eisiúna freagra laistigh de shé seachtaine ón iarraidh a fháil, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás forghníomhaitheach a thuilleadh an t-ordú reo a fhorghníomhú.’

;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar ordú coigistíochta a tharchur trí bhíthin deimhniú coigistíochta. Déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú coigistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 17 a tharchur go díreach chuig an údarás forghníomhaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás lárnach dá dtagraítear in Airteagal 24(2) den Rialachán seo.’

;

(8)

in Airteagal 16(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forghníomhaitheach ar an eolas láithreach i gcás:’;

(9)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   A luaithe a bheidh forghníomhú an ordaithe coigistíochta curtha i gcrích, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach an t-údarás eisiúna ar an eolas maidir le torthaí an fhorghníomhaithe.’

;

(10)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Aon chinneadh gan an t-ordú coigistíochta a aithint nó a fhorghníomhú, déanfar é gan mhoill agus tabharfar fógra ina leith láithreach don údarás eisiúna.’

;

(11)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   An cinneadh maidir leis an ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é in iúl gan mhoill don údarás eisiúna.’

;

(12)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Tuairisceoidh an t-údarás forghníomhaitheach don údarás eisiúna gan mhoill gur cuireadh siar forghníomhú an ordaithe coigistíochta, agus sonrófar sa tuarascáil na forais lena chur siar agus, i gcás inar féidir, cé chomh fada a mheastar a mhairfidh an cur siar.

4.   A luaithe a scoirfidh na forais leis an gcur siar de bheith ann, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach na bearta is gá, gan mhoill, chun an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú agus cuirfidh sé an t-údarás eisiúna ar an eolas faoi sin.’

;

(13)

in Airteagal 25:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Modhanna cumarsáide’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cé is moite de chumarsáid faoi Airteagal 8(2) agus (4), Airteagal 9(5), Airteagal 19(2), Airteagal 20(4) agus Airteagal 29(3), déanfar cumarsáid oifigiúil faoin Rialachán seo idir an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

2.   I gcás inar ainmnigh Ballstát údarás lárnach, beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le cumarsáid oifigiúil le húdarás lárnach Ballstáit eile.

3.   I gcás inar gá, rachaidh an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle le chéile gan mhoill, trí úsáid a bhaint as modh cumarsáide iomchuí ar bith, lena áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtúil.

(*10)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).’;"

(14)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forghníomhaitheach ar an eolas láithreach faoi aistarraingt ordaithe reo nó ordaithe coigistíochta agus faoi aon chinneadh nó aon bheart is cúis le hordú reo nó ordú coigistíochta a bheith aistarraingthe.

3.   Foirceannfaidh an t-údarás forghníomhaitheach forghníomhú an ordaithe reo nó an ordaithe coigistíochta, a mhéid nár críochnaíodh an forghníomhú go fóill, a luaithe a bheidh sé curtha ar an eolas faoi ag an údarás eisiúna i gcomhréir le mír 2. Seolfaidh an t-údarás forghníomhaitheach dearbhú chuig an Stát eisiúna faoin bhfoirceannadh gan moill mhíchuí.’

;

(15)

in Airteagal 31(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Déanfar na comhairliúcháin, nó ar a laghad toradh na gcomhairliúchán, a thaifeadadh.’.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4, áfach, maidir leis na cásanna a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinní I nó II ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha, dá dtagraítear in Airteagal 10(3), lena mbunaítear an córas TF díláraithe le haghaidh gach ceann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

4.   Beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 maidir le himeachtaí a thionscnaítear ón lá dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, a 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 77.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX) agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(6)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(7)  Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).

(8)  Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO L 178, 2.7.2019, lch. 1).

(14)  Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16).

(15)  Cinneadh Réime 2006/783/CGB ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe coigistíochta (IO L 328, 24.11.2006, lch. 59).

(16)  Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 27).

(17)  Cinneadh Réime 2008/947/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm i ndáil le breithiúnais agus cinntí promhaidh d’fhonn maoirseacht a dhéanamh ar bhearta promhaidh agus ar smachtbhannaí malartacha (IO L 337, 16.12.2008, lch. 102).

(18)  Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm, idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ar chinntí faoi bhearta maoirseachta mar rogha mhalartach ar choinneáil shealadach (IO L 294, 11.11.2009, lch. 20).

(19)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe reo agus d’orduithe coigistíochta (IO L 303, 28.11.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 107).

(22)  Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 chun rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin (IO L 26, 31.1.2003, lch. 41).

(23)  Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha imscrúdúcháin (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO L 199, 31.7.2007, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lch. 4).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L 189, 27.6.2014, lch. 59).

(30)  Treoir (AE) 2023/2843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Treoracha 2011/99/AE agus 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2003/8/CE ón gComhairle agus Cinntí Réime 2002/584/CGB, 2003/577/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB, 2008/947/CGB, 2009/829/CGB agus 2009/948/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh. (IO L, 2023/2843, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2843/oj).

(31)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(32)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

(33)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun teacht ar fhaisnéis in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

(34)  Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus chun dul i dteagmháil le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalacha i gcás caillte saoirse (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).

(35)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).

(36)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

(37)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forfheidhmiú cinntí in ábhair chórais maoine pósta (IO L 183, 8.7.2016, lch. 1).

(41)  Rialachán (AE) 2016/1104 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair maidir le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe (IO L 183, 8.7.2016, lch. 30).

(42)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(43)  Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Gníomhartha dlí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála

(1)   

Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir leis an rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a leagan síos a bhaineann le cúnamh dlí a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin.

(2)   

Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe.

(3)   

Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta.

(4)   

Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

(5)   

Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála.

(6)   

Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú.

(7)   

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú).

(8)   

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta.

(9)   

Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú.

(10)   

Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta.

(11)   

Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair réimis maoine pósta.

(12)   

Rialachán (AE) 2016/1104 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair maidir le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe.

(13)   

Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí.


IARSCRÍBHINN II

Gníomhartha dlí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

(1)   

Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit.

(2)   

Cinneadh Réime 2003/577/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le horduithe a fhorghníomhú san Aontas Eorpach d’fhonn maoin nó fianaise a reo (1).

(3)   

Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais.

(4)   

Cinneadh Réime 2006/783/CGB ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le feidhm a bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le horduithe coigistíochta.

(5)   

Cinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach.

(6)   

Cinneadh Réime 2008/947/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i ndáil le breithiúnais agus cinntí promhaidh d’fhonn maoirseacht a dhéanamh ar bhearta promhaidh agus ar smachtbhannaí malartacha.

(7)   

Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm, idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ar chinntí faoi bhearta maoirseachta mar rogha mhalartach ar choinneáil shealadach.

(8)   

Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 ar easaontachtaí maidir le feidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (2).

(9)   

Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach.

(10)   

Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla.

(11)   

Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe reo agus d’orduithe coigistíochta.


(1)   IO L 196, 2.8.2003, lch. 45.

(2)   IO L 328, 15.12.2009, lch. 42.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)