Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2598 |
20.11.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2598 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Meán Fómhair 2023
lena gceartaítear an leagan Slóivéinise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 75(2) agus 78(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Slóivéinise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 8(6) a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir leis an áit tionscnaimh. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na forála sin. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Slóivéinise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún (IO L 284, 4.11.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2598/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)