ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/923 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Bealtaine 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le luaidhe agus a comhdhúile in PVC
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 16 Nollaig 2016, thíolaic an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), ar iarraidh ón gCoimisiún, sainchomhad (2) de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”), lena léirítear go gcuireann scaoileadh luaidhe ó earraí a táirgeadh ó pholaiméirí nó ó chomhpholaiméirí de chlóiríd vinile (“PVC”), ina bhfuil cobhsaitheoirí luaidhe, le linn a saolré, go díreach nó go hindíreach le nochtadh an duine don luaidhe. Mhol an Ghníomhaireacht i sainchomhad Iarscríbhinn XV go ndéanfar cur ar an margadh nó úsáid luaidhe in earraí a táirgeadh ó PVC a shrianadh más amhlaidh go mbeidh tiúchan luaidhe 0.1 % de réir mheáchan an ábhar PVC nó níos mó ná sin. Os rud é nach bhfuil comhdhúile luaidhe in ann PVC a chobhsú ar bhealach éifeachtach i dtiúchan faoi bhun 0.5 % de réir meáchain, ba cheart go n-áiritheofar leis an teorainn tiúchana molta nach féidir comhdhúile luaidhe a chur isteach d’aon ghnó mar chobhsaitheoirí le linn cumaisc PVC a thuilleadh san Aontas. Chuir an Ghníomhaireacht roinnt maoluithe ar an srian beartaithe seo isteach i sainchomhad Iarscríbhinn XV, go háirithe maidir le hearraí PVC ina bhfuil PVC athshlánaithe. Tá “athshlánaithe” á úsáid i gcomhréir leis na sainmhíniú ar “athshlánú ábhar” in Airteagal 3, pointe 15a, de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Is substaint thocsaineach í luaidhe a bhfuil tionchar aici ar fhorbairt an néarchórais, a ghineann galar duáin ainsealach agus a bhfuil éifeachtaí díobhálacha aici ar an mbrú fola. Cé nár bunaíodh tairseach le haghaidh éifeachtaí néarfhorbartha i leanaí ná le haghaidh éifeachtaí duánacha, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Bia sáraíonn nochtadh reatha an duine do luaidhe i mbia agus ó fhoinsí eile fós na leibhéil nochta inghlactha, agus as sin tagann éifeachtaí díobhálacha néarfhorbartha i leanaí (4). |
(3) |
Le cobhsaitheoirí luaidhe, méadaítear teirmeachobhsaíocht PVC le linn cumaisc agus táirgeadh earraí. Déantar PVC a chosaint in aghaidh fótai-dhíghrádaithe leo, freisin. Chuir tionscal san Aontas deireadh go deonach le cobhsaitheoirí luaidhe a úsáid i gcumasc agus in earraí PVC agus thuairiscigh siad gur cuireadh críoch rathúil leis an bpróiseas in 2015 (5). Earraí PVC ina bhfuil luaidhe, go háirithe táirgí tógála, tá ré fada seirbhíse acu, agus leantar lena n-úsáid ar feadh tréimhsí níos faide ná roinnt dacáidí. Ina dhiaidh sin, déantar dramhaíl díobh tráth a ndiúscartha agus féadfar athchúrsáil a dhéanamh orthu, agus an fhéidearthacht ann sa chás sin go dtabharfaí luaidhe isteach arís i dtáirgí tríd an PVC athshlánaithe. Léirigh sainchomhad Iarscríbhinn XV go raibh 90 % de na hastaíochtaí luaidhe iomlána ó earraí PVC san Aontas sa bhliain 2016 mar thoradh ar earraí allmhairithe PVC, de bharr deireadh a bheith curtha le húsáid cobhsaitheoirí luaidhe san Aontas. |
(4) |
Chun forfheidhmiú an tsriain atá beartaithe a éascú, is iomchuí aon luaidhe atá in PVC a shrianadh, gan beann ar an bhfeidhm a bhí beartaithe leis. |
(5) |
An 5 Nollaig 2017, ghlac Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta (“RAC”) a thuairim dheiridh (6) lenar chinn sé gurb é an srian a mhol an Ghníomhaireacht an beart uile-Aontais ab iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh atá ann de bharr comhdhúile luaidhe a bheith ann mar chobhsaitheoirí in earraí PVC, is é sin gurb é an beart ab iomchuí é ó thaobh éifeachtachta i laghdú an riosca de, ó thaobh praiticiúlachta de agus ó thaobh inmhonatóireachta de. |
(6) |
Mhol RAC go gcuirfí toirmeasc ar aon tiúchan luaidhe a úsáid in earraí PVC. D’aontaigh RAC leis an nGníomhaireacht freisin gur ceart maolú a leagan síos maidir le hearraí PVC ina bhfuil PVC athshlánaithe. Mhol RAC áfach gur ceart teorainneacha níos airde a bhunú maidir le cion luaidhe i gcás earraí áirithe PVC ina bhfuil PVC athshlánaithe atá docht agus solúbtha, agus an teorainn sin a bhunú ag 2 % agus 1 % de réir meáchain, faoi seach. Maidir leis an rogha malartach ar earraí den sórt sin a athchúrsáil, i.e. dramhaíl PVC a dhiúscairt trí líonadh talún agus loscadh, thug an moladh sin san áireamh an meastachán go méadódh sí na hastaíochtaí sa chomhshaol agus nach laghdódh sí an riosca. Chuir na teorainneacha éagsúla a moladh san áireamh an meán-ábhar luaidhe measta de dhramhaíl PVC docht agus solúbtha in 2013, an tionchar a bhfuiltear ag súil leis ar mhéideanna athchúrsála agus gur eol go bhfuil scaoileadh luaidhe ó PVC solúbtha níos airde i gcomparáid leis an gceann ó PVC docht. Tugadh aird chuí go bhfuil cion ard de PVC athshlánaithe i roinnt earraí a d’fhéadfadh 100 % den PVC de réir meáchain a bhaint amach san earra deiridh. |
(7) |
An 15 Márta 2018, ghlac Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (“SEAC”) na Gníomhaireachta a thuairim dheiridh (7), inar chinn sé gurb é an srian atá beartaithe ag an nGníomhaireacht, arna mhodhnú ag RAC agus SEAC araon, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sainaitheanta, ó thaobh na sochar socheacnamaíoch agus na gcostas socheacnamaíoch a bhaineann leis de. Tháinig SEAC ar an gconclúid sin bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil, ag cur san áireamh airíonna luaidhe mar shubstaint thocsaineach neamhthairseach agus an tionchar atá aici ar shláinte an duine, agus inacmhainneacht na gcostas a bhaineann leis an srian atá beartaithe. Mheas SEAC go bhfuil roghanna oiriúnacha eile ar fáil go forleathan agus in úsáid cheana féin san Aontas. Rinne sé cost-éifeachtúlacht an tsriain a mheas freisin. Ar deireadh, tháinig sé ar an gconclúid gur leor fiú na tionchair theoranta ar shláinte an duine maidir le caillteanas a bhaineann leis an sainuimhir intleachta chun teacht cothrom le costais an tsriain. |
(8) |
Ag féachaint don éabhlóid réamh-mheasta ar an tiúchan luaidhe in PVC athshlánaithe, d’aontaigh SEAC leis an moladh i sainchomhad Iarscríbhinn XV go laghdódh an tiúchan sin faoi 2035 - 2040 a dhóthain chun ligean d’earraí PVC ina bhfuil PVC athshlánaithe an teorainn ghinearálta tiúchana luaidhe 0.1 % atá beartaithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an maolú ar earraí PVC áirithe ina bhfuil PVC athshlánaithe ar feadh 15 bliana ó theacht i bhfeidhm an tsriain. D’aontaigh SEAC freisin, chun an éiginnteacht maidir leis na treochtaí amach anseo a chur san áireamh maidir le méid na dramhaíola PVC a bheidh á athchúrsáil agus an t-ábhar luaidhe a bheidh ag baint leis, gur cheart an tréimhse chur i bhfeidhm sin a athmheasúnú laistigh de 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an tsriain. I gcomhréir le haidhm Phlean Gníomhaíochta 2015 an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach (8) chun timthriallta ábhar neamhthocsaineach a chur chun cinn agus an t-ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a chaomhnú, mheas an Coimisiún gur cheart an tréimhse chur i bhfeidhm sin a athmheasúnú laistigh de 7.5 bliana ó theacht i bhfeidhm an tsriain. |
(9) |
Chuathas i gcomhairle le Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú na Gníomhaireachta maidir leis an srian a bheartaítear agus cuireadh a thuairim san áireamh, rud a d’fhág go ndearnadh cur síos modhnaithe ar an raon feidhme agus ar na maoluithe ón srian a bheartaítear. |
(10) |
An 26 Aibreán 2018, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí deiridh RAC agus SEAC faoi bhráid an Choimisiúin. |
(11) |
Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus tuairimí RAC agus SEAC á gcur san áireamh, agus os rud é go bhfuil riosca doghlactha do shláinte an duine ó luaidhe in earraí PVC, mhol an Coimisiún dréacht-rialachán ón gCoimisiún lena gcuirtear srian ar úsáid aon tiúchan luaidhe agus a chomhdhúile in earraí PVC agus ar chur ar an margadh luaidhe agus comhdhúile luaidhe in earraí PVC i dtiúchan atá cothrom le 0.1 % nó níos mó ná 0.1 % de réir meáchain den ábhar PVC (“an dréacht-rialachán”). An 20 Samhain 2019, fuair an dréacht-rialachán tuairim fhabhrach ón gCoiste a bunaíodh faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
(12) |
I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ghlac Parlaimint na hEorpa rún lena ndearnadh an dréachtrialachán a agóid an 12 Feabhra 2020 (9). Dá bhrí sin, níor ghlac an Coimisiún an dréachtrialachán. |
(13) |
Ina rún, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún deireadh a chur leis na maoluithe maidir le PVC athshlánaithe, toisc go mbeadh tuliompar luaidhe go táirgí nua de thoradh air. D’iarr an Pharlaimint freisin go gcuirfí deireadh leis an maolú don dá lí luaidhe atá faoi réir an chórais údaraithe faoi REACH. Ina theannta sin, na ceanglais mharcála atá beartaithe le haghaidh earraí PVC ina bhfuil PVC athshlánaithe, iarradh ar an gCoimisiún na ceanglais sin a scriosadh toisc gur mheas sí go raibh sé míthreorach agus nach léiríonn sé go bhfuil méideanna níos airde luaidhe in PVC athshlánaithe ná mar atá in PVC nuatháirgthe. Ar deireadh, maidir leis an idirthréimhse a bheartaítear ina mbeidh feidhm ag forálacha an rialacháin, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún an idirthréimhse sin a laghdú. |
(14) |
Tá measúnú cúramach déanta ag an gCoimisiún ar rún na Parlaiminte agus admhaíonn sé gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní áirithe. Ina theannta sin, measann sé go bhfuil riosca doghlactha fós ann do shláinte an duine ó luaidhe in earraí PVC, rud nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. I bhfianaise an chúlra sin, chinn an Coimisiún roinnt d’fhorálacha an dréachtrialacháin a leasú chun na hargóintí a rinne an Pharlaimint a léiriú agus chun sonraí ábhartha nua a fuarthas ón nGníomhaireacht agus ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh. |
(15) |
Go háirithe, measann an Coimisiún, maidir le teicneolaíochtaí athchúrsála glaine lena gceadaítear substaintí leagáide ar údar imní iad, lena n-áirítear luaidhe, a bhaint ó dhramhaíl PVC, gur cheart na teicneolaíochtaí sin a mholadh. Teicneolaíochtaí athchúrsála atá ann faoi láthair, áfach, féadfaidh siad substaintí leagáide a laghdú ach gan iad a dhíothú go hiomlán. Is gá, dá bhrí sin, teorainn tiúchana 0.1 % luaidhe de réir meáchain a shocrú, ní hamháin chun luaidhe agus a chomhdhúile in PVC a chur ar an margadh, ach chun go bhféadfar earraí ina bhfuil níos lú ná 0.1 % luaidhe de réir meáchain d’ábhar PVC a chur ar an margadh agus leanúint d’ábhar PVC ina bhfuil luaidhe faoi bhun na teorann sin a úsáid in earraí, amhail ábhar PVC a athshlánaítear trí athchúrsáil cheimiceach nó trí thuaslagadh tuaslagóra agus ina bhfuil méideanna an-bheag luaidhe. |
(16) |
Mar mhodh chun teorainn a chur le tuliompar luaidhe i dtáirgí nua, ba cheart an maolú d’earraí PVC ina bhfuil PVC solúbtha athshlánaithe a bhaint as an dréachtrialachán. Ba cheart tréimhse 24 mhí a dheonú d’oibreoirí eacnamaíocha chun go mbeidís in ann oiriúnú do na ceanglais nua. |
(17) |
Mar sin féin, ba cheart maolú a leagan síos maidir le hearraí PVC áirithe ina bhfuil PVC docht athshlánaithe chun cothromaíocht chuí a bhaint amach idir na buntáistí fadtéarmacha foriomlána ó úsáid chiorclach na n-ábhar sin agus na hábhair imní sláinte fadtéarmacha foriomlána a bhaineann leis an ábhar athshlánaithe sin. Tar éis tuairiscí ón tionscal go bhfuil an meántiúchan luaidhe in PVC docht athshlánaithe faoi bhun 1.5 % mar gheall ar ghnáth-mheascadh dramhaíola réamh-thomhaltóra agus iar-thomhaltóra, ba cheart an teorainn tiúchana luaidhe atá ceadaithe in PVC docht athshlánaithe a laghdú ó 2 % go 1.5 % de réir meáchain. Chun cosc a chur ar láisteadh luaidhe agus ar fhoirmiú deannaigh ina bhfuil luaidhe, ba cheart PVC docht athshlánaithe in earraí atá maolaithe a iniamh go hiomlán laistigh de shraith de PVC nuatháirgthe, de PVC athshlánaithe nó d’ábhar oiriúnach eile ina bhfuil níos lú ná 0.1 % luaidhe de réir meáchain, mura bhfuil an t-earra atá maolaithe dorochtana le linn gnáthúsáide. Ina theannta sin, aontaíonn an Coimisiún leis an bParlaimint gur cheart na tairbhí do chosaint sláinte a bhaintear amach leis an srian a shaothrú níos tapúla. Dá bhrí sin, ba cheart fad an mhaolaithe a laghdú ó 15 go 10 mbliana. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar an maolú 5 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an tsriain. Ba cheart go n-áireofar san athbhreithniú fíorú treochtaí maidir le tiúchan luaidhe in PVC athshlánaithe, infhaighteacht teicnící dí-éilliúcháin leordhóthanacha agus an tionchar socheacnamaíoch a bhaineann le deireadh a chur leis an maolú, ag cur san áireamh an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol. |
(18) |
Chun an méid luaidhe ó PVC docht athshlánaithe a theorannú chuig earraí aitheanta áirithe, maidir le PVC docht a athshlánaíodh ó phróifílí agus ó leatháin i bhfoirgnimh agus in oibreacha innealtóireachta sibhialta agus ina bhfuil níos mó ná 0.1 % de luaidhe de réir meáchain den PVC, níor cheart an PVC docht sin a úsáid ach amháin chun próifílí agus leatháin PVC a tháirgeadh le haghaidh na bhfeidhmeanna céanna. In éineacht le hoibleagáidí marcála iomchuí, ba cheart go n-áiritheofaí leis seo freisin sainaithint táirgí a bhfuil luaidhe iontu agus go n-éascófaí gníomhaíochtaí dí-éilliúcháin amach anseo. Ba cheart freisin bailiú agus athchúrsáil ar leithligh píopaí PVC a chur chun cinn (is annamh a athchúrsáiltear iad faoi láthair), mar go mbeidh ar tháirgeoirí píopaí a bhaineann úsáid as PVC a athshlánaíodh ó phróifílí agus ó leatháin chun píopaí nua a tháirgeadh faoi láthair foinse eile PVC a chur ina ionad. Mar sin féin, chun dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha bailiú agus athchúrsáil dramhaíola PVC tiomnaithe a chur i bhfeidhm, a slabhraí soláthair a atheagrú agus, i gcás inar gá, PVC athshlánaithe a fháil ó fhoinsí eile seachas próifílí agus leatháin, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin tar éis 36 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(19) |
Chun críoch forfheidhmithe agus chun a áirithiú go gcuirtear gairmithe agus tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart earraí PVC ina bhfuil PVC docht athshlánaithe a mharcáil má tá luaidhe iontu i dtiúchan atá cothrom le 0.1 % nó níos mó ná 0.1 % de réir meáchain den ábhar PVC. Ba cheart go n-éascódh sé seo freisin bailiú ar leithligh de dhramhaíl ina bhfuil luaidhe. |
(20) |
Ag cur san áireamh na deacrachtaí maidir le fáil amach an de bhunadh athshlánaithe é PVC in earraí, ba cheart go mbeadh soláthraithe earraí PVC a bhaineann leas as maoluithe a bhaineann lena n-ábhar in PVC athshlánaithe in ann tionscnamh athshlánaithe an ábhair a chruthú trí fhianaise dhoiciméadach a chur i láthair. San Aontas, tá roinnt scéimeanna deimhniúcháin, agus iad ar fad bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla in EN 15343:2007 (10), ar fáil d’athchúrsálaithe chun tacú le héilimh ar inrianaitheacht PVC athshlánaithe. I bhfianaise an easpa modhanna praiticiúla oiriúnacha le go bhféadfaidh údaráis forfheidhmithe éilimh um athshlánú a bhaineann le PVC athshlánaithe in earraí allmhairithe a fhíorú, ba cheart bunús a thabhairt d’éilimh den sórt sin trí dheimhniú neamhspleách tríú páirtí. |
(21) |
An maolú sonrach a moladh roimhe seo do na líocha luaidhe “sulfa-crómáit luaidhe - buí” agus “crómáit luaidhe, molabdáit luaidhe agus sulfáit luaidhe - dearg”, ba cheart an maolú sin a bhaint as an dréachtrialachán. I bhfianaise cásdlí le déanaí (11) agus rún na Gníomhaireachta sainchomhad srianta a thíolacadh de bhun Airteagal 69(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a bhaineann leis na rioscaí a eascraíonn as úsáid an dá lí luaidhe sin, measann an Coimisiún nach bhfuil gá leis an maolú sin anois. |
(22) |
I bhfianaise na rioscaí ísle agus an easpa roghanna oiriúnacha eile, ba cheart go leagfaí amach maolú le haghaidh deighilteoirí PVC-silice i gceallraí luaidhe ar feadh tréimhse 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus meastar go mbeidh roghanna malartacha oiriúnacha ar fáil ina dhiaidh sin. |
(23) |
Chun rialáil dhúbailte a sheachaint, ba cheart maolú a leagan síos maidir le hearraí a chumhdaítear cheana le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a rialaíonn ábhar luaidhe in PVC. |
(24) |
Ós rud é nach bhfuil tionscal san Aontas ag baint úsáid as cobhsaitheoirí luaidhe in PVC ó 2015, meastar gur leor tréimhse 18 mí chun go mbeidh formhór na n-oibreoirí eacnamaíocha in ann oiriúnú do na ceanglais nua, a stoc a dhiúscairt agus faisnéis ábhartha maidir leis an srian a chur in iúl laistigh dá slabhraí soláthair. Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an srian maidir le hearraí PVC a cuireadh ar an margadh cheana roimh dheireadh na tréimhse sin, mar go mbeadh deacrachtaí forfheidhmithe suntasacha mar thoradh air sin. |
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin. |
(26) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) https://echa.europa.eu/documents/10162/e70aee23-157b-b2a4-2cae-c42a1278072c (tuarascáil); https://echa.europa.eu/documents/10162/cc1c37a8-22f9-7a7a-cb33-5c29edba7094 (iarscríbhinn)
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(4) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific Opinion on lead in food [Tuairim Eolaíoch maidir le luaidhe i mbia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2010; 8(4):1570.
(5) Tuarascáil VinylPlus ar dhul chun cinn don bhliain 2017, lch. 14; féach https://vinylplus.eu/uploads/downloads/VinylPlus_Progress_Report_2017.pdf.
(6) https://echa.europa.eu/documents/10162/86b00b9e-2852-d8d4-5fd7-be1e747ad7fa.
(7) https://echa.europa.eu/documents/10162/86b00b9e-2852-d8d4-5fd7-be1e747ad7fa.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An Ciorcal a shlánú - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach. COM/2015/0614 críochnaitheach.
(9) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le luaidhe agus comhdhúile luaidhe (IO C 294, 23.7.2021, lch. 2).
(10) Caighdeán EN 15343:2007 maidir le Plaistigh - Plaistigh Athchúrsáilte - Inrianaitheacht athchúrsála plaistigh agus measúnú ar chomhréireacht agus ar ábhar athchúrsáilte, arna fhormheas ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú an 2 Samhain 2007.
(11) An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Sualainne, Cás C-389/19 P, ECLI:EU:C:2021:131.
IARSCRÍBHINN
In iontráil 63, colún 2, d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
|
|
CINNTÍ
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/7 |
CINNEADH (AE) 2023/924 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE arna bhunú le Comhaontú LEE (“Comhchoiste LEE”) a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú. |
(3) |
Tá Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).
DRÉACHT
CHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. […]
an […]
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), arna cheartú le IO L 83, 10.3.2022, lch. 66 agus IO L 161, 16.6.2022, lch. 121, le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2021 lena leasaítear, chun críche a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh (2) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Tá Cinneadh (AE) 2020/1178 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2020 maidir leis na forálacha náisiúnta ar thug Ríocht na Danmhairge fógra fúthu de bhun Airteagal 114(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cion an chaidmiam i leasacháin (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Tá Cinneadh (AE) 2020/1184 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 maidir leis na forálacha náisiúnta ar thug an Ungáir fógra fúthu de bhun Airteagal 114(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cion an chaidmiam i leasacháin fosfáite (4) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Tá Cinneadh (AE) 2020/1205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020 maidir leis na forálacha náisiúnta ar thug Poblacht na Slóvaice fógra fúthu de bhun Airteagal 114(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cion an chaidmiam i leasacháin fosfáite (5) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Tá Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cuma amhairc an lipéid ar tháirgí leasacháin AE dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(7) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(8) |
An maolú faoinar féidir le Stáit CSTE srian a chur le margú leasachán ina margaí mar gheall ar chion an chaidmiam, tá sé i bhfeidhm i gComhaontú LEE ó tháinig sé i bhfeidhm in 1994. Maidir leis na Ballstáit ar deonaíodh na maoluithe céanna dóibh i ndáil le cion an chaidmiam i leasacháin, tá na himthosca fíorasacha lena n-éilítear an maolú sin fós bailí. |
(9) |
Tá Rialacháin (CE) Uimh. 2076/2004 (8), (CE) Uimh. 162/2007 (9), (CE) Uimh. 1107/2008 (10), (CE) Uimh. 1020/2009 (11), (AE) Uimh. 137/2011 (12), (AE) Uimh. 223/2012 (13), (AE) Uimh. 463/2013 (14), (AE) Uimh. 1257/2014 (15), (AE) 2016/1618 (16), (AE) 2019/1102 (17), (AE) 2020/1666 (18) agus (AE) 2021/862 (19) ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE, imithe i léig agus tá siad le haisghairm dá réir sin faoi Chomhaontú LEE. |
(10) |
Tá forálacha maidir le hábhair thréidliachta sa Chinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I. |
(11) |
Ba cheart, da bhrí sin, Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas le pointe 9b (Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 7.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 1009: Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 83, 10.3.2022, lch. 66 agus le IO L 161, 16.6.2022, lch. 121.’. |
Airteagal 2
Déanfar Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú mar a leanas:
1. |
cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1 (Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIV: ‘32019 R 1009: Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 83, 10.3.2022, lch. 66 agus IO L 161, 16.6.2022, lch. 121, arna leasú leis an Rialachán seo a leanas:
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5 (Cinneadh 2006/390/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil XIV:
GNÍOMHARTHA A dTABHARFAIDH NA PÁIRTITHE CONARTHACHA DÁ nAIRE Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha na gníomhartha seo a leanas dá n-aire:
|
3. |
leasaítear pointe 13 (Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV mar a leanas:
|
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2019/1009, arna ceartú le IO L 83, 10.3.2022, lch. 66 agus IO L 161, 16.6.2022, lch. 121, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768, Cinntí (AE) 2020/1178, (AE) 2020/1184 agus (AE) 2020/1205, agus i dtéacsanna na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le cuma amhairc an lipéid ar tháirgí leasacháin AE dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle san Íoslainnis agus san Ioruais, ar téacsanna iad atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.
(2) IO L 356, 8.10.2021, lch. 8.
(3) IO L 259, 10.8.2020, lch. 14.
(4) IO L 261, 11.8.2020, lch. 42.
(5) IO L 270, 18.8.2020, lch. 7.
(6) IO C 119, 7.4.2021, lch. 1.
(7) IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.
(8) IO L 359, 4.12.2004, lch. 25.
(9) IO L 51, 20.2.2007, lch. 7.
(10) IO L 299, 8.11.2008, lch. 13.
(11) IO L 282, 29.10.2009, lch. 7.
(12) IO L 43, 17.2.2011, lch. 1.
(13) IO L 75, 15.3.2012, lch. 12.
(14) IO L 134, 18.5.2013, lch. 1.
(15) IO L 337, 25.11.2014, lch. 53.
(16) IO L 242, 9.9.2016, lch. 24.
(17) IO L 175, 28.6.2019, lch. 25.
(18) IO L 377, 11.11.2020, lch. 3.
(19) IO L 190, 31.5.2021, lch. 74.
(*) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/13 |
CINNEADH (AE) 2023/925 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán EASA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú. |
(3) |
Ba cheart Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a ionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(2) IO L 001, 3.1.1994, lch. 3.
(3) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle, (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. [..]
an …
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Gníomhaíochtaí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’), féadfaidh siad difear a dhéanamh do leibhéal sábháilteachta na heitlíochta sibhialta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1139 a ionchorprú i gComhaontú LEE chun go bhféadfaidh Stáit CSTE a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. |
(4) |
Roinnt forálacha maidir le bainistiú aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta de chuid Rialachán (AE) 2018/1139, agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, eascraíonn siad ó Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago), ó Nósanna Imeachta maidir le Seirbhísí Aerloingseoireachta (PANS) agus ó Nósanna Imeachta Forlíontacha Réigiúnacha (SUPPS) is infheidhme maidir le réigiúin na hEorpa (EUR) agus/nó réigiún na hAfraice agus an Aigéin Indiaigh (AFI) de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), nósanna imeachta a d’fhéadfadh a bheith mí-oiriúnach nó neamhoiriúnach dóibh siúd is infheidhme maidir le réigiún an Atlantaigh Thuaidh (NAT) de chuid ICAO. Cé go bhfuil an Íoslainn tiomanta d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139 a shásamh agus a chomhlíonadh, í a bheith suite i réigiún NAT, is rud é a thugann le tuiscint go ndéanann sí na SUPPS is infheidhme maidir le réigiún NAT a shásamh agus a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, SUPPS NAT agus ábhar treorach a bhaineann go sonrach le réigiún NAT, féadfar a mheas gurb iomchuí iad mar Mhodhanna Inghlactha Comhlíonta (AMC) agus mar Ábhar Treorach (GM) i gcás na hÍoslainne. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní II agus XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 7e (Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil X: ‘, arna leasú le:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 4zzr (Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVIII: ‘, arna leasú le:
|
Airteagal 2
Leasófar Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
1. |
Leasaítear pointe 64a (Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar seo a leanas:
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas le pointí 66a (Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle), 66n (Rialachán (CE) Uimh 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 66w (Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas le pointí 66d (Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 66gc (Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle): ‘, arna leasú le:
|
4. |
Leasaítear pointe 66za (Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar seo a leanas:
|
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 66zab (Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/1139 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, nó an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*), cibé acu is déanaí.
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an ...
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(*) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha i gCinneadh Uimh. .../... lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/22 |
CINNEADH (AE) 2023/926 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (EU-OSHA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú. |
(3) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go bhféadfaidh an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 1 Eanáir 2023. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, a bhaineann le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3) Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 58).
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …
an …
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1) a chumhdach. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/126, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go bhféadfaidh an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 1 Eanáir 2023, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs mhír 11 d’Airteagal 5 de Phrótacal 31:
‘(a) |
Beidh Stáit CSTE rannpháirteach go hiomlán sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), dá ngairtear an ‘Ghníomhaireacht’ anseo feasta, arna bunú leis an ngníomh seo a leanas de chuid an Aontais:
|
(b) |
Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíochtaí airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus le Prótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú. |
(c) |
Beidh Stáit CSTE rannpháirteach go hiomlán sa Bhord Bainistíochta agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála. |
(d) |
Na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus téarmaí eile, lena dtagraítear dá n-eintitis phoiblí, atá in Airteagal 12 den Rialachán, tuigfear gur téarmaí iad lena gcuimsítear Stáit CSTE agus a n-eintitis phoiblí siúd, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán. |
(e) |
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. Beidh aici, i stáit uile na bPáirtithe Conarthacha, an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe. |
(f) |
Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Ghníomhaireacht agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo sin atá i bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh. |
(g) |
De mhaolú ar Airteagail 12(2)(a) agus 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh. |
(h) |
De mhaolú ar Airteagail 12(2)(e), 82(3)(e) agus 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú, measfaidh an Ghníomhaireacht gur teangacha de chuid an Aontais iad dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i ndáil lena baill foirne. |
(i) |
De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú maidir leis an mír seo. |
(j) |
Maidir le Rialachán (AE) 2019/126 a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (3) i ndáil le haon doiciméad de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le Stáit CSTE freisin.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ....
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.
(2) IO L 216, 20.8.1994, lch. 1.
(3) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(*) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha
i gCinneadh Uimh…/... lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/27 |
CINNEADH (CBES) 2023/927 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Bealtaine 2023
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine trí armlón a sholáthar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
(2) |
Tá Fórsaí Armtha na hÚcráine ag cur i gcoinne an fhogha arna thabhairt ag an Rúis, agus tá taismigh mhíleata agus shibhialtacha leanúnacha ann dá bharr sin, le roinnt blianta anuas. Ghéaraigh fogha na Rúise go mór i mí Feabhra 2022 de bharr an ionraidh iomláin gan chúis a rinne fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin. |
(3) |
An 25 Feabhra 2022, rinne Rialtas na hÚcráine iarraidh phráinneach ar an Aontas cúnamh a thabhairt trí threalamh míleata a sholáthar. Mar fhreagairt air sin, cuireadh tacaíocht ar fáil faoi SES ón 28 Feabhra 2022 de bhun Chinntí (CBES) 2022/338 (2) agus (CBES) 2022/339 (3) ón gComhairle. |
(4) |
Le linn an 24ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 3 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit go dtacóidh siad i gcónaí leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine sa chogadh foghach atá fós ar bun ag an Rúis a fhad is gá. Ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bhí ar siúl an 9 agus an 10 Feabhra 2023, leag Uachtarán na hÚcráine béim ar an ngéarghá atá le tuilleadh tacaíochta míleata don Úcráin. |
(5) |
An 2 Márta 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh ón Úcráin ar chúnamh ón Aontas i ndáil le hurchair airtléire dar calabra 155-mm a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. |
(6) |
An 20 Márta 2023, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige trí rian d’fhonn, go háirithe, dlús a chur le seachadadh agus le soláthar comhpháirteach, agus é mar aidhm leis milliún urchar armlóin airtléire a sholáthar don Úcráin mar iarracht chomhpháirteach laistigh den 12 mhí seo romhainn, agus d’iarr sí go gcuirfí na trí rian sin chun feidhme go pras, ar rianta iad atá idirnasctha agus ar gá iad a shaothrú go comhthreomhar agus ar bhealach comhordaithe. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit armlón talamh go talamh agus airtléire a sheachadadh go práinneach chuig an Úcráin agus, arna iarraidh sin, diúracáin. A mhéid a bhaineann leis an tríú rian, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún freisin tograí nithiúla a thíolacadh chun tacú go práinneach le hacmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, slabhraí soláthair a dhaingniú, nósanna imeachta éifeachtúla soláthair a éascú, aghaidh a thabhairt ar easnaimh in acmhainneachtaí táirgeachta, agus infheistíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhuiséad an Aontais a shlógadh. |
(7) |
Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit urchar airtléire dar calabra 155-mm, agus, arna iarraidh sin, diúracáin, a sholáthar go comhpháirteach don Úcráin ar an mbealach is tapúla is féidir roimh an 30 Meán Fómhair 2023 ó thionscal cosanta na hEorpa (agus ón Iorua) laistigh de na paraiméadair arna sainiú i gcomhthéacs tionscadal de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) atá ann cheana nó trí thionscadail chomhlántacha fála comhpháirtí arna stiúradh ag Ballstát. |
(8) |
Níl na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo ábhartha ach amháin do sholáthairtí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 3 den nóta dar teideal “Speeding up delivery and joint procurement of ammunition for Ukraine” [dlús a chur le seachadadh agus soláthar comhpháirteach armlóin don Úcráin] a d’fhormheas an Chomhairle an 20 Márta 2023 agus tá siad gan dochar d’aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cinntí nó rialacháin a bhaineann le tionscal cosanta na hEorpa amach anseo. |
(9) |
Táthar chun bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“rialacha cur chun feidhme SES”), lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh an trealaimh mhíleata. De mhaolú ar Airteagal 50 de Leabhar 3 de rialacha cur chun feidhme SES, agus de bharr na n-imthosca sonracha, níl rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh le haghaidh armlóin agus diúracáin atá le maoiniú tríd an mbeart cúnaimh sin ar oscailt ach d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas nó san Iorua agus a tháirgeann an t-armlón agus na diúracáin seo san Aontas agus san Iorua, gan dochar d’aon chinntí a dhéanfar amach anseo. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart a mheas go bhfuil armlón agus diúracáin a bhfuil céim thábhachtach sa mhonarú curtha i gcrích acu san Aontas nó san Iorua, arb é atá ann cóimeáil deiridh, incháilithe freisin. Féadfar oibreoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó den Iorua, nó a bhfuil a dtáirgeadh lasmuigh díobh sin, a áireamh i slabhraí soláthair na n-oibreoirí sin. Ba cheart leasanna slándála agus cosanta na mBallstát a chur san áireamh ina leith sin. |
(10) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
(11) |
Gheobhaidh an Chomhairle tuairisc rialta mhíosúla maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh faoin gCinneadh seo chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an aidhm milliún urchar armlóin airtléire a chur ar fáil don Úcráin. Eagrófar freisin cruinnithe rialta ar leibhéal na Stiúrthóirí Armála Náisiúnta leis an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta (an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, GEC) chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais agus ar na cumais thionsclaíocha agus chun an dlúthchomhar riachtanach a áirithiú, go háirithe maidir le soláthar ó stoic, athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana agus na tionscadail éagsúla fála comhpháirtí, chun cur chun feidhme leordhóthanach na dtrí rian éagsúla a áirithiú. |
(12) |
Déanfaidh Coiste na mBuanionadaithe faireachán ar chur chun feidhme comhordaithe comhthreomhar an chur chuige trí rian. |
(13) |
Thug an Chomhairle dá haire freisin go bhfuil sí tiomanta i gcónaí tacaíocht pholaitiúil agus mhíleata a thabhairt don Úcráin, go háirithe trí SES agus trí Mhisean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin, gan dochar do cháilíocht shonrach na mbeartas slándála agus cosanta atá ag Ballstáit áirithe agus é á áirithiú aici go dtugtar an aird chuí ar leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Bunaítear leis seo beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (“an beart cúnaimh”).
2. Is é cuspóir an bhirt cúnaimh atá beartaithe cuidiú le cumais agus teacht aniar Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint, agus an pobal sibhialta a chosaint ar an bhfogha míleata leanúnach, trí urchair airtléire dar calabra 155-mm agus, arna iarraidh sin, diúracáin, arna soláthar go comhpháirteach ó thionscal cosanta na hEorpa a chur ar fáil ar an mbealach is tapúla is féidir.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh soláthar urchar airtléire dar calabra 155-mm d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, agus, arna iarraidh sin, diúracáin. Déanfar an t-armlón agus na diúracáin sin a sholáthar go comhpháirteach ó oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas nó san Iorua agus a tháirgeann an t-armlón agus na diúracáin seo san Aontas nó san Iorua. Beidh feidhm ag na rialacha tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Measfar armlón agus diúracáin a bhfuil céim thábhachtach sa mhonarú curtha i gcrích acu san Aontas nó san Iorua, arb é atá ann cóimeáil deiridh, a bheith incháilithe freisin. Féadfar oibreoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó den Iorua, nó a bhfuil a dtáirgeadh lasmuigh díobh sin, a áireamh i slabhraí soláthair na n-oibreoirí sin. Déanfar leasanna slándála agus cosanta na mBallstát a chur san áireamh ina leith sin. Déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 4(3) na soláthairtí comhpháirteacha a dhéanfar faoin mbeart cúnaimh sin a chur i gcrích laistigh de na paraiméadair a shainítear i gcomhthéacs tionscadail de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint atá ann cheana nó trí thionscadail chomhlántacha fála comhpháirtí faoi stiúir Ballstáit
4. Mairfidh an beart cúnaimh 56 mhí ó dháta ghlactha an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 1 000 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme (“rialacha cur chun feidhme SES”), lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh an trealaimh mhíleata. De mhaolú ar rialacha cur chun feidhme SES, ní bheidh rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh ar oscailt ach d’oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).
3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 1 000 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sna buiséid ghaolmhara leasaitheacha agus bhliantúla a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh.
4. Déanfar na conarthaí soláthair nó na horduithe ceannaigh a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a thabhairt i gcrích ar an mbealach is tapúla is féidir idir an 20 Márta 2023 agus an 30 Meán Fómhair 2023. Beidh an caiteachas gaolmhar incháilithe ón 20 Márta 2023 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina gcinntear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus le rialacha cur chun feidhme SES, ag teacht leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Beidh sonraíochtaí an urchair airtléire dar calabra 155-mm agus na ndiúracán a sholáthrófar faoin mbeart cúnaimh ag teacht leis na tosaíochtaí a chuir an Úcráin in iúl trí Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh. Cinnfidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 an creat is infheidhme maidir le maoiniú na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus maidir leis na socruithe i ndáil le haisíocaíocht i gcás inarb iomchuí.
3. Féadfaidh siad seo a leanas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme:
(a) |
Aireacht Cosanta na Beilge; |
(b) |
Aireacht Cosanta na Bulgáire; |
(c) |
Aireacht Cosanta na Cróite; |
(d) |
Aireacht Cosanta na Cipire; |
(e) |
Aireacht Cosanta Phoblacht na Seice; |
(f) |
Aireacht Cosanta na Danmhairge; |
(g) |
Lárionad na hEastóine d’Infheistíochtaí Cosanta (ECDI) thar ceann Aireacht Cosanta na hEastóine; |
(h) |
Aireacht Cosanta na Fionlainne; |
(i) |
Aireacht Cosanta na Fraince; |
(j) |
Aireacht Cosanta, Oifig Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha agus Aireacht Cónaidhme Gnóthaí Baile agus Gnóthaí Pobail na Gearmáine; |
(k) |
Aireacht Cosanta na Gréige; |
(l) |
Aireacht Cosanta na hIodáile; |
(m) |
Aireacht Cosanta na Laitvia agus Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit Laitvia; |
(n) |
Aireacht Cosanta Náisiúnta na Liotuáine; |
(o) |
Stiúrthóireacht Cosanta Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg; |
(p) |
Aireacht Cosanta na hÍsiltíre; |
(q) |
Aireacht Cosanta na Polainne; |
(r) |
Aireacht Cosanta na Portaingéile; |
(s) |
Aireacht Cosanta Náisiúnta na Rómáine; |
(t) |
Aireacht Cosanta Phoblacht na Slóvaice; |
(u) |
Aireacht Cosanta na Slóivéine; |
(v) |
Aireacht Cosanta na Spáinne; |
(w) |
Aireacht Cosanta na Sualainne/Údarás Ábhar Cosanta na Sualainne. |
Airteagal 5
Grinnscrúdú ó na Ballstáit
Ceadóidh na Ballstáit idirthuras urchar airtléire dar calabra 155-mm agus diúracáin, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás, ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Airteagal 6
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus cuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Eagrófar an rialú iarlastála ar threalamh ar bhealach atá i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh beart cúnaimh faoi SES.
Airteagal 7
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil don Choiste Polaitiúla agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Déanfar é sin a fhorlíonadh trí tuairisc rialta mhíosúla a thabhairt don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, lena n-áirítear maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta chun a chuspóir a bhaint amach, bunaithe ar fhaisnéis, arna cur ar fáil ag na Ballstáit, faoi sheachadtaí urchar airtléire dar calabra 155 mm, agus, arna iarraidh sin, diúracáin. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.
Airteagal 8
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh freisin go ndéanfadh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 20 Márta 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).
(4) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/32 |
CINNEADH UIMH. 1/2023 ón gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN
an 16 Márta 2023
a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh [2023/928]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 7(6) de,
De bhrí, de bhun Airteagal 7(6) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’), go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rialacha nós imeachta
Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Oleksandr KUBRAKOV
Kristian SCHMIDT
IARSCRÍBHINN
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE
Airteagal 1
Cinn Toscaireachta
1. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach Páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, Leas-Cheann a thoscaireachta. Féadfar an Leas-Cheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.
2. Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Úcráin ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn an duine sin as láthair, an Leas-Cheann nó an t-ainmní a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.
Airteagal 2
Cruinnithe
1. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de.
2. Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe go pearsanta nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).
3. Reáchtálfar na cruinnithe, a mhéid is féidir, ar bhonn idirmhalartach, i mBallstát den Aontas Eorpach agus san Úcráin, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.
5. Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh na hÚcráine.
6. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.
Airteagal 3
Toscaireachtaí
1. Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.
2. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara an tionscail iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.
3. Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.
4. Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.
Airteagal 4
Rúnaíocht
Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar na hÚcráine, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.
Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe
1. Leagfaidh na Cinn Toscaireachta síos clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Seolfaidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag roimh dháta an chruinnithe ar a dhéanaí.
2. Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.
3. An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta iad a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 6
Miontuairiscí
1. Déanfar dréacht-mhiontuairiscí gach cruinnithe den Chomhchoiste a dhréachtú tar éis an chruinnithe. Léireofar iontu na hítimí a pléadh agus na cinntí a glacadh.
2. Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.
3. Nuair a bheidh na Miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.
4. Mura n-iarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt, beidh Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste ar fáil go poiblí.
5. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chuige sin, pléifidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n-iarrtar cinneadh an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an cinneadh sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t-ábhar a phlé.
Airteagal 8
Pléití
1. Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.
2. Beidh an teideal ‘Cinneadh’ ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar i ndiaidh an teidil.
3. Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.
4. Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.
5. Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.
Airteagal 9
Meithleacha
1. Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.
2. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.
3. Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste dá dtuairisceoidh siad tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
4. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.
Airteagal 10
Costais
1. I dtaca leis na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na bPáirtithe i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha, glanfaidh na Páirtithe na costais sin, a mhéid a bhaineann le costais foirne, taistil agus chothaithe agus le costais phoist agus teileachumarsáide chomh maith.
2. Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábhartha na gcruinnithe.
Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí bhithín cinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú.
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/36 |
CINNEADH Uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
an 16 Márta 2023
maidir le leanúint leis an gComhaontú [2023/929]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 1/2023 uaidh an 16 Márta 2023, ghlac an Comhchoiste a Rialacha Nós Imeachta. |
(2) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (“an Comhaontú”), tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2023. |
(3) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 7(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, lena n-áirítear fad na leanúna. |
(4) |
Léiríodh leis an bhfaireachán ar an gComhaontú go bhfuil sé tagtha chun a bheith fíor-riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais-na hÚcráine. |
(5) |
Dá bharr, is freagra é fadú an Chomhaontaithe ar an nglaoch ó Chinn Stáit agus Rialtais an Aontais ar an Aontas Eorpach “leanúint d’fheabhas a chur ar éifeachtúileacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta uile” mar leis na Lánaí seo, “bhíothas in ann líon suntasach de bharra, de tháirgí talmhaíochta agus de leasacháin na hÚcráine a onnmhairiú chuig na tíortha is mó atá i ngátar” (2). |
(6) |
Tá tionchar dearfach tar éis a bheith ag an gComhaontú ar an Aontas Eorpach freisin ós rud é go rabhthas in ann onnmhairí a mhéadú chun na hÚcráine. Ar an taobh eile, ní raibh ina thoradh ar an gComhaontú ach méadú teoranta maidir le hoibríochtaí ar chríoch an Aontais Eorpaigh a dhéanann oibreoirí iompair de bhóthar de chuid na hÚcráine, agus níor tháinig méadú ar leibhéal na hiomaíochta ar bhealach neamh-inghlactha le haghaidh oibreoirí iompair de bhóthar an Aontais. |
(7) |
Tá an comhaontú tar éis tacú freisin leis an ngníomhaíocht ó údaráis na mBallstát atá inniúil chun doiciméid tiománaí a rialú maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe. |
(8) |
Ba cheart féachaint ar fhadú an Chomhaontaithe mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
(9) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leanúint leis an gComhaontú
Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Oleksandr KUBRAKOV
Kristian SCHMIDT
(1) IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.
(2) Conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 20 agus 21 Deireadh Fómhair 2022, pointe 15 (EUCO 31/22, 21.10.2022).
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/38 |
CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA
an 24 Aibreán 2023
lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2023/930]
TÁ AN COISTE COMHLACHAIS I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA (dá ngairtear an “Coiste Trádála” anseo feasta),
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 465(3) de agus Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thánig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
(2) |
Le hAirteagal 1(2), pointe (d), den Chomhaontú foráiltear gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t-aistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt chun críche trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais. |
(3) |
In Airteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais in earnáil na seirbhísí teileachumarsáide. Tá gealltanas tugtha ag an Úcráin go n-áiritheoidh sí go ndéanfar na dlíthe atá aici faoi láthair agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo a chomhoiriúnú le acquis an Aontais de réir a chéile. Foráiltear leis an gcomhfhogasú sin go leathnófar de réir a chéile gníomhaíochtaí uile acquis an Aontais dá dtagraítear i bhFoscríbhinní XVII-2 go XVII-5 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú agus ba cheart, a luaithe agus a chomhlíonfar na coinníollacha ina leith, go ndéanfaí an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
(4) |
D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh chun críche fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
(5) |
Is cuid d’acquis teileachumarsáide an Aontais iad na rialacha maidir le fánaíocht, ach níor áiríodh iad i bhFoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart Foscríbhinn XVII-3 a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
(6) |
Ag an gcéim reatha d’fhorbairt eacnamaíoch agus dhlíthiúil mhargadh inmheánach an Aontais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is iad seo a leanas gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht: Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún (3), agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún (4). |
(7) |
Tá Treoir (AE) 2018/1972 san áireamh cheana féin i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Is gá na gníomhartha eile is ábhartha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a áireamh san Fhoscríbhinn sin chun go bhféadfar an Úcráin a aistriú de réir a chéile chuig achtú iomlán agus chuig cur chun feidhme iomlán na bhforálacha uile is infheidhme maidir le hearnáil na teileachumarsáide, go háirithe na forálacha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
(8) |
Measúnú dearfach ar reachtaíocht na hÚcráine, ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta sin, arna ndéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, is réamhchoinníoll riachtanach é sin le haghaidh aon chinneadh ón gCoiste Trádála i dtaca le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII i ndáil le hearnáil ar leith. I gcomhthéacs acquis an Aontais maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, maidir leis an gceanglas i dtaca le hachtachán iomlán agus cur chun feidhme iomlán a bhaint amach sula nglacfar an cinneadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh faoi Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII, níor cheart a thuiscint gurb é atá i gceist leis an gceanglas sin go gcuirfí teorainneacha coimirce i bhfeidhm idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le meánmhuirir mhórdhíola chun seirbhísí rialáilte a sholáthar a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Is amhlaidh atá maidir leis na huasrátaí foirceanta rialáilte do ghuthghlaonna i dtaca leis an tseirbhís chun glao a fhoirceannadh le húsáideoir deiridh ar a líonra. Deonófar iad sin go cómhalartach idir Páirtithe sa Chomhaontú amhail ón dáta a shonrófar i gcinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII. |
(9) |
Chun an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe maidir le seirbhísí teileachumarsáide, beidh gá, inter alia, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 a chur chun feidhme go huile agus go hiomlán, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin sin. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta san Úcráin. Maidir le cur chun feidhme na n-uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta guthghlaonna san Úcráin, níl sé fíor-riachtanach, áfach, chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán laistigh de thrí bliana ó chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
(10) |
Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 freisin faoi choinníollacha áirithe maidir le glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír, agus é mar aidhm na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus eisiamh glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí margaidh inmheánaigh agus chun comhréireacht a áirithiú. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche glaonna de thionscnamh uimhreacha tríú tír. Maidir le cur chun feidhme na n-uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críoch foirceanta ó uimhreacha tríú tír, cé nach bhfuil sé fíor-riachtanach chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, bheadh gá le hachtachán iomlán agus le cur chun feidhme iomlán Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ag an Úcráin chun ailíniú leis na rialacha is infheidhme i margadh inmheánach an Aontais do sheirbhísí teileachumarsáide a áirithiú. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán roimh aon chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
(11) |
Le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2022/612 agus Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine faoi láthair. Dá bhrí sin, tá gá le hoiriúnú i ndáil leis na forálacha sin chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid na rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine. |
(12) |
Le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, tugtar de chumhacht don Choiste Trádála na ceithre ghníomh eile de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú trí mhodhnú a dhéanamh air. |
(13) |
A luaithe a mheasfaidh an Úcráin go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, déanfaidh an Úcráin na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí chur chun feidhme na hÚcráine, a chur faoi bhráid chomhrúnaí an Aontais ar an gCoiste Trádála chun go bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach dul ar aghaidh leis an measúnú cuimsitheach dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn XVII-6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
(14) |
I bhfianaise cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’fhéadfadh cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Chinneadh seo a bheith dodhéanta go hoibiachtúil nó thar a bheith deacair le baint amach laistigh de na hamlínte a chuirtear ar fáil. Sa chás sin, ba cheart don Úcráin an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Trádála i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, a dhéanfaidh an tsaincheist a mheas i gcomhréir le hAirteagail 3(4) agus (5) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo leagtha síos sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Aibreán 2023
Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála
An Cathaoirleach
Léon DELVAUX
Na Rúnaithe
Rikke MENGEL-JØRGENSEN
Oleksandra NECHYPORENKO
(1) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.)
(2) Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1.)
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lch. 46.)
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO L 137, 22.4.2021, lch. 1.)
IARSCRÍBHINN
Déanfar Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú tríd an méid seo a leanas a chur isteach faoi roinn “A. Beartas foriomlán Eorpach um chumarsáid leictreonach” agus i ndiaidh na hítime a bhaineann le “Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a a laghdú”:
“Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú)
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis an oiriúnú a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.
— |
Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na forálacha seo a leanas:
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/612 chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [1/2023].
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh [1/2023].
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnaithe seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) gan athrú.
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún chun feidhme roimh Rialachán (AE) 2022/612 agus laistigh de 11 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinnidh [1/2023], leis na heisceachtaí seo a leanas:
— |
Maidir le glaonna náisiúnta a thionscnaítear agus a fhoirceanntar ó uimhreacha na hÚcráine san Úcráin, beidh feidhm ag Airteagal 1(3) laistigh de 3 bliana ón dáta a shonraítear chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir sa mhargadh inmheánach a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII |
— |
Cuirfear Airteagal 1(4) chun feidhme sula ndéanfaidh an Coiste Trádála cinneadh faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú do sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII |
Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.
— |
Beidh údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí rannpháirteach go hiomlán in obair Bhord Rialálaithe BEREC, mheithleacha BEREC agus Bhord Bainistíochta Oifig BEREC. Na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus na hoibleagáidí atá orthu, beidh na cearta sin ag údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus beidh na hoibleagáidí céanna air, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta |
— |
Ina fhianaise sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán BEREC. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán an Aontais thuasluaite, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige. |
— |
Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na hÚcráine lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtais arna nglacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú. |
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [1/2023].”.