ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 264

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
11 Deireadh Fómhair 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/1922 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh ribidióisídí M, D agus AM a tháirgtear trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastócáin duilleog stevia íonaithe agus na sonraíochtaí maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil ó Stevia (E 960c(i)) ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/1923 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad ascorbach (E 300), ascorbáit shóidiam (E 301) agus ascorbáit chailciam (E 302) a úsáid i dtuinnín ( 1 )

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1924 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

12

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 264/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1922 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh ribidióisídí M, D agus AM a tháirgtear trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastócáin duilleog stevia íonaithe agus na sonraíochtaí maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil ó Stevia (E 960c(i))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(2)

Féadfar na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

An breiseán bia “gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach” (E 960c) atá údaraithe faoi láthair, áirítear é sa ghrúpa “gliocóisídí steibhióil (E960ú-E960c)” i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, déantar foráil go ndéantar “ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsímeach a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil ó Stevia” (E 960c(i)) a fháil trí bhith-thiontú a dhéanamh ar eastócáin duilleog steibhióil gliocóisíde íonaithe, ón bplanda Bertoni Stevia rebaudiana trí úsáid bhaint as einsímí UDP-glúcóisíoltrasfaráise agus siontáise siúcróise a tháirgtear leis na giostaí géinmhodhnaithe K. phaffi UGT-a agus K. phaffi UGT-b.

(5)

An 18 Feabhra 2019, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun leasú a dhéanamh ar na sonraíochtaí a bhaineann leis an mbreiseán bia gliocóisídí steibhióil (E 960). Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(6)

I mí an Mheithimh 2021, rinne an t-iarratasóir athbhreithniú ar a iarratas agus d’iarr sé go ndéanfaí tiontú einsíme ar ribidióisíd A nó steibhióisíd ó eastócáin duilleog Stevia chuig ribidióisídí M agus D agus ribidióisíd AM faoi seach, ag úsáid einsímí arna dtáirgeadh ag miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a dhíorthaítear ó thréithchineálacha E. coli K-12, lena n-úsáid mar phróiseas táirgthe malartach le haghaidh E 960c.

(7)

Is éard atá i gceist leis an bpróiseas nua táirgthe seo tiontú einsíme a dhéanamh ar eastócáin duilleog stevia íonaithe ribidióisíd A nó steibhióisíde (≥ 95 % gliocóisídí steibhióil) trí phróiseas ilchéimiúil einsíme le heinsímí a ullmhaítear ag an gcéad chéim den phróiseas. De réir fhad éagsúil an imoibrithe einsíme ar an ribidióisíd A íonaithe agus ar an eastócán duilleog stevia steibhióisíde, is féidir trí phríomhmheascán ina bhfuil cion ard ribidióisíd M, D agus AM acu a fháil. Téann na meascáin atá mar thoradh air sin faoi shraith céimeanna íonaithe agus leithlisithe chun an ribidióisíd M, D nó AM deiridh (≥ 95 % gliocóisídí steibhióil) a chur ar fáil.

(8)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht “ullmhóidí gliocóisídí steibhióisíde a fhaightear trí bhith-thiontú a dhéanamh ar eastóscáin duilleog ribidióisíd A nó eastócán stevia steibhióisíde” agus ghlac sé a thuairim an 22 Meitheamh 2021 (4). Mheas an tÚdarás nach bhfuil aon imní sábháilteachta ann maidir le gliocóisídí steibhióil ina bhfuil cion ard ribidióisídí M, ribidióisíd D agus ribidióisíd AM, nuair a fhaightear iad tríd an bpróiseas atá i gceist, atá le húsáid mar bhreiseáin bia. Mheas an tÚdarás nach mbeidh nochtadh do ribidióisíd AM (arna sloinneadh mar choibhéis steibhióil) níos airde ná an nochtadh do ghliocóisídí steibhióil (E 960ú), dá gcuirfí ribidióisíd AM ina n-ionad. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil feidhm ag ADI 4 mg/kg bw in aghaidh an lae a bhfuil feidhm aige maidir leis an 60 gliocóisídí steibhióil a liostaítear in Aguisín A a ghabhann leis an tuairim a glacadh an 24 Márta 2020 (5), arna sloinneadh mar choibhéis steibhióil, maidir le ribidióisíd M, D agus AM a fhaightear ón tiontú einsíme atá i gceist.

(9)

Dá bhrí sin, sonraíochtaí maidir le ribidióisíd M, D agus AM a tháirgtear trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastócáin duilleog stevia íonaithe A nó steibhióisíde, ba cheart iad a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(10)

Thairis sin, chun soiléireacht a áirithiú, is iomchuí an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar an mbreiseán “Ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil ó steivia a ailíniú san iontráil E 960c(i) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 le foclaíocht chonclúid an Údaráis a mhéid a bhaineann le sábháilteacht a phróisis monaraíochta i ndáil le cealla inmharthana agus DNA iarmharach na ngiostaí K. phaffii UGT-a agus K. phaffii UGT-b a bheith in easnamh sa bhreiseán bia.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6691, 22 lch.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(4):6106, 32 lch.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 mar a leanas:

(1)

san iontráil a bhaineann le E 960c(i) Ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme a dhéanamh ar ghliocóisídí Steibhióil ó stevia, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh sa ró “Sainmhíniú”:

“Cealla inmharthana na ngiostaí K. phaffii UGT-a agus K. phaffii UGT-b agus a gcuid DNA ní bhraithfear iad sa bhreiseán bia”;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 960c(i):

E 960c(ii) RIBIDIÓISÍD M A THÁIRGTEAR TRÍ THIONTÚ EINSÍMEACH A DHÉANAMH AR EASTÓSCÁIN DUILLEOG STEVIA REBAUDIOSIDE ARDÍONAITHE

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Ribidióisíd M, a tháirgtear trí thiontú einsímeach a dhéanamh ar eastacóin duilleog stevia ribidióisíd A ardíonaithe, is gliocóisíd steibhióil é atá comhdhéanta den chuid is mó de ribidióisíd M le mionmhéideanna gliocóisídí steibhióil eile amhail ribidióisíd A agus ribidióisíd D.

Táirgtear ribidióisíd M trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastóscáin ribidióisíd A ghliocóisíde steibhióil ardíonaithe (95 % gliocóisídí steibhióil) a fhaightear ó phlanda Bertoni Stevia rebaudiana ag baint úsáide as UDP-glúcaisioltraisfearáis agus einsímí siontáise siúcróise a tháirgtear leis na tréithchineálacha géinmhodhnaithe de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) a éascaíonn aistriú glúcóis ó shiúcrós agus UDP-glúcóis go gliocóisídí steibhióil trí nascanna gliocóisídeacha. Tar éis na heinsímí a bhaint trí dheighilt sholadach-leachtach agus trí chóireáil teasa, is éard atá i gceist leis an íonú ribidióisíd M a thiúchan trí asú roisín, agus athchriostalú a dhéanamh ar na gliocóisídí steibhióil ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh táirge deiridh ina mbeidh rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd M. Ní bhraithfear cealla inmharthana de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) agus a gcuid DNA sa bhreiseán bia.

Ainm ceimiceach

Ribidióisíd M: 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]aigéad cúir-16-éan-18-óch, 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-eistear glúcaipioranóisil

An fhoirmle mhóilíneach

Ainm Tagartha

An fhoirmle

Fachtóir coinbheartaithe

Ribidióisíd M

C56H90O33

0,25

Meáchan móilíneach agus Uimhir CAS

Ainm Tagartha

Uimhir CAS

Meáchan móilíneach (g/mol)

Ribidióisíd M

1220616-44-3

1 291,29

Measúnacht

Rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd M ar an mbonn triomaithe.

Tuairisc

Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 150 agus 350 uair níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %).

Sainaithint

Intuaslagthacht

Intuaslagtha in uisce, cuid de nó é ar fad

pH

Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100)

Íonacht

Iomlán na luatha

Rud nach mó ná 1 %

Caillteanas de bharr a thriomaithe

Rud nach mó ná 6 % (105 °C, 2h)

Tuaslagóir iarmharach

Rud nach mó ná 5 000 mg/kg d’eatánól

Arsanaic

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Luaidhe

Rud nach mó ná 0,2 mg/kg

Caidmiam

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Mearcair

Rud nach mó ná 0,07 mg/kg

Próitéin iarmharach

Rud nach mó ná 5 mg/kg

Méid na gcáithníní

Nach lú ná 74 μm [trí úsáid a bhaint as #200 criathar ag a bhfuil teorainn 74 μm le méid an chaithnín]

E 960c(iii) RIBIDIÓISÍD D A THÁIRGTEAR TRÍ THIONTÚ EINSÍMEACH A DHÉANAMH AR EASTÓCÁIN DUILLEOG STEVIA RIBIDIÓISÍDE ARDÍONAITHE

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Ribidióisíd D, a tháirgtear trí thiontú einsímeach a dhéanamh ar úisc duilleoga stevia ribidióisíd A ardíonaithe, is gliocóisíd steibhióil é atá comhdhéanta den chuid is mó de ribidióisíd D le mionmhéideanna gliocóisídí steibhióil eile amhail ribidióisíd A agus ribidióisíd M.

Táirgtear ribidióisíd D trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastóscáin ribidióisíd A ghliocóisíde steibhióil ardíonaithe (95 % gliocóisídí steibhióil) a fhaightear ó phlanda Bertoni Stevia rebaudiana ag baint úsáide as UDP-glúcaisioltraisfearáis agus einsímí siontáise siúcróise a tháirgtear leis na tréithchineálacha géinmhodhnaithe de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) a éascaíonn aistriú glúcóis ó shiúcrós agus UDP-glúcóis go gliocóisídí steibhióil trí nascanna gliocóisídeacha. Tar éis na heinsímí a bhaint trí dheighilt sholadach-leachtach agus trí chóireáil teasa, is éard atá i gceist leis an íonú ribidióisíd D a thiúchan trí asú roisín, agus athchriostalú a dhéanamh ar na gliocóisídí steibhióil ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh táirge deiridh ina mbeidh rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd D agus ribidióisíd A. Ní bhraithfear cealla inmharthana de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) agus a gcuid DNA sa bhreiseán bia.

Ainm ceimiceach

Ribidióisíd D: 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]aigéad cúir-16-éan-18-óch, 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-eistear glúcaipioranóisile.

Ribidióisíd A: 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]aigéad cúir-16-éan-18-óch, β-D-eistear glúcaipioranóisile

An fhoirmle mhóilíneach

Ainm Tagartha

An fhoirmle

Fachtóir coinbheartaithe

Ribidióisíd D

C50H80O28

0,29

Ribidióisíd A

C44H70O23

0,33

Meáchan móilíneach agus Uimhir CAS

Ainm Tagartha

Uimhir CAS

Meáchan móilíneach (g/mol)

Ribidióisíd D

63279-13-0

1 291,15

Ribidióisíd A

58543-16-1

967,01

Measúnacht

Rud nach lú ná 95 % de ribidióisídí D agus A ar an mbonn triomaithe.

Tuairisc

Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 150 agus 350 uair níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %).

Sainaithint

Intuaslagthacht

Intuaslagtha in uisce, cuid de nó é ar fad

pH

Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100)

Íonacht

Iomlán na luatha

Rud nach mó ná 1 %

Caillteanas de bharr a thriomaithe

Rud nach mó ná 6 % (105 °C, 2h)

Tuaslagóir iarmharach

Rud nach mó ná 5 000 mg/kg d’eatánól

Arsanaic

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Luaidhe

Rud nach mó ná 0,2 mg/kg

Caidmiam

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Mearcair

Rud nach mó ná 0,07 mg/kg

Próitéin iarmharach

Rud nach mó ná 5 mg/kg

Méid na gcáithníní

Nach lú ná 74 μm [trí úsáid a bhaint as #200 criathar ag a bhfuil teorainn 74 μm le méid an chaithnín]

E 960c(ii) RIBIDIÓISÍD AM A THÁIRGTEAR TRÍ THIONTÚ EINSÍME A DHÉANAMH AR EASTÓCÁIN DUILLEOG STEVIA STEIBHIÓISÍDE ARDÍONAITHE

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Ribidióisíd AM, a tháirgtear trí thiontú einsímeach a dhéanamh ar eastócáin duilleog stevia steibhióisíde ardíonaithe, is gliocóisíd steibhióil é atá comhdhéanta den chuid is mó de ribidióisíd AM le mionmhéideanna gliocóisídí steibhióil eile amhail steibhióisíd agus ribidióisíd E.

Táirgtear ribidióisíd AM trí thiontú einsíme a dhéanamh ar eastóscáin steibhióisíde ghliocóisíde steibhióil ardíonaithe (95 % gliocóisídí steibhióil) a fhaightear ó phlanda Bertoni Stevia rebaudiana ag baint úsáide as UDP-glúcaisioltraisfearáis agus einsímí siontáise siúcróise a tháirgtear leis na tréithchineálacha géinmhodhnaithe de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) a éascaíonn aistriú glúcóis ó shiúcrós agus UDP-glúcóis go gliocóisídí steibhióil trí nascanna gliocóisídeacha. Tar éis na heinsímí a bhaint trí dheighilt sholadach-leachtach agus trí chóireáil teasa, is éard atá i gceist leis an íonú ribidióisíd AM a thiúchan trí asú roisín, agus athchriostalú a dhéanamh ar na gliocóisídí steibhióil ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh táirge deiridh ina mbeidh rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd AM. Ní bhraithfear cealla inmharthana de E. coli (pPM294, pFAF170 agus pSK401) agus a gcuid DNA sa bhreiseán bia.

Ainm ceimiceach

Ribidióisíd AM: 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóiseal)osca]aigéad cúir-16-éan-18-óch, 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-eistear glúcaipioranóisile.

An fhoirmle mhóilíneach

Ainm Tagartha

An fhoirmle

Fachtóir coinbheartaithe

Ribidióisíd AM

C50 H80 O28

0,29

Meáchan móilíneach agus Uimhir CAS

Ainm Tagartha

Uimhir CAS

Meáchan móilíneach (g/mol)

Ribidióisíd AM

2222580-26-7

1 291,15

Measúnacht

Rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd AM ar an mbonn triomaithe.

Tuairisc

Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 150 agus 350 uair níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %).

Sainaithint

Intuaslagthacht

Intuaslagtha in uisce, cuid de nó é ar fad

pH

Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100)

Íonacht

Iomlán na luatha

Rud nach mó ná 1 %

Caillteanas de bharr a thriomaithe

Rud nach mó ná 6 % (105 °C, 2h)

Tuaslagóir iarmharach

Rud nach mó ná 5 000 mg/kg d’eatánól

Arsanaic

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Luaidhe

Rud nach mó ná 0,2 mg/kg

Caidmiam

Rud nach mó ná 0,015 mg/kg

Mearcair

Rud nach mó ná 0,07 mg/kg

Próitéin iarmharach

Rud nach mó ná 5 mg/kg

Méid na gcáithníní

Nach lú ná 74 μm [trí úsáid a bhaint as #200 criathar ag a bhfuil teorainn 74 μm le méid an chaithnín]”.


11.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 264/8


RIALACHÁN (AE) 2022/1923 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad ascorbach (E 300), ascorbáit shóidiam (E 301) agus ascorbáit chailciam (E 302) a úsáid i dtuinnín

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar thionscnamh an Choimisiúin (2) nó tar éis iarratas a fháil.

(3)

De bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, údaraítear aigéad ascorbach (E 300), ascorbáit sóidiam (E 301) agus ascorbáit chailciam (E 302) (“na breiseáin bia”) faoi láthair mar bhreiseáin bia in, i measc catagóirí eile, catagóir 09.1.1 “Éisc neamhphróiseáilte” agus catagóir 09.2 “Éisc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh”, ag quantum satis. Mheas an Coiste Eolaíoch um Bia go raibh a n-úsáid mar fhrithocsaídeoirí inghlactha. Sa tuairim eolaíoch uaidh lena rinneadh athmheastóireacht ar shábháilteacht na mbreiseán bia (3), dheimhnigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) nach bhfuil aon ábhar imní ann ó thaobh na sábháilteachta de maidir lena n-úsáid mar bhreiseáin bia i leith na n-úsáidí agus ar na leibhéil úsáide a thuairiscítear agus nach bhfuil gá le hiontógáil uimhriúil laethúil inghlactha. Is éard is ciall le conclúid dá leithéid gur ábhar imní an-bheag é an tsubstaint ó thaobh na sábháilteachta de, go bhfuil faisnéis iontaofa ann maidir le nochtadh agus maidir le tocsaineacht agus go bhfuil dóchúlacht íseal ann go mbeidh éifeacht dhíobhálach ar shláinte an duine ag dáileoga nach cúis neamhchothroime chothaithe in ainmhithe iad. Faoi láthair, ní leagtar síos aon uasleibhéal uimhriúil i leith na mbreiseán bia sin agus tá siad le húsáid i gcomhréir leis an dea-chleachtais mhonaraithe, ar leibhéal nach bhfuil níos airde ná an leibhéal is gá chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach agus ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir.

(4)

In éisc neamhphróiseáilte, úsáidtear frithocsaídeoirí chun moill a chur ar dhídhathú na feola agus ar theacht chun cinn na bréine. Maidir le tuinnín neamhphróiseáilte, déanann na tomhaltóirí ceangal idir an dath dearg a bhíonn ar fheoil úr tuinnín agus an úire féin.

(5)

Tá luanta tuinnín díreoite a mhargaítear mar thuinnín “úr” le fáil ó thuinnín a reoitear ag teocht faoi bhun -18 °C tar éis a ghabháil (“tuinnín úr”), agus níl luanta tuinníní díreoite eile le húsáid ach amháin le cur i gcannaí (“tuinnín le cur i gcannaí”), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Nuair a bhaintear úsáid as breiseáin bia i dtuinnín le cur i gcannaí i méideanna móra chun dath fheoil an tuinnín úir a thabhairt ar ais go saorga, bíonn an deis ann an tuinnín sin le cur i gcannaí a mhargú go calaoiseach mar thuinnín úr, agus é a dhíol ar phraghas níos airde, rud a chuireann na tomhaltóirí ar míthreoir maidir leis an táirge agus a nochtann iad do riosca nimhithe hiostaimín.

(6)

Ní chomhlíonann úsáid sin na mbreiseán bia na coinníollacha ginearálta maidir le breiseáin bia a chur ar liostaí an Aontais agus a úsáid, áfach, ná prionsabal an quantum satis.

(7)

Tar éis imscrúduithe maidir le calaois bia faoi Rialachán (CE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tuairiscíonn údaráis inniúla go rialta cásanna ina bhfaightear amach go bhfuil na breiseáin bia i luanta tuinnín a dhíoltar mar thuinnín úr i méideanna níos airde ná na méideanna a mheasann na húdaráis inniúla sin is gá chun an éifeacht thipiciúil frithocsaídeora ar thuinnín úr a bhaint amach. Ar bhonn an mhéid sin, tá amhras ar na húdaráis inniúla go bhfuil na breiseáin bia á n-úsáid ar thuinnín le cur i gcannaí chun a dhath a thabhairt ar ais agus chun é a chur ar an margadh mar thuinnín úr.

(8)

Ós rud é gur faoi na húdaráis inniúla náisiúnta atá sé a shuíomh nár comhlíonadh prionsabal an quantum satis agus go bhféadfadh sé sin a bheith deacair, d’iarr na Ballstáit, agus go háirithe an Spáinn, ar an gCoimisiún uasleibhéal iomchuí a leagan síos le haghaidh úsáid na mbreiseán bia mar fhrithocsaídeoirí i dtuinnín díreoite a dhíoltar mar thuinnín úr (neamhphróiseáilte) nó mar thuinnín maranáidithe (próiseáilte).

(9)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, agus d’fhonn ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus cleachtais chothroma a áirithiú i dtrádáil bia, is iomchuí, dá bhrí sin, uasleibhéal úsáide a shocrú i dtuinnín i leith na mbreiseán i gcatagóirí bhia 09.1.1 agus 09.2 i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(10)

Leis an uasleibhéal, ba cheart gur féidir na leibhéil reatha úsáide dlisteanaí a choinneáil i gcomhréir le dea-chleachtais mhonaraíochta. Ar bhonn na faisnéise a chuir an tionscal ar fáil don Údarás i bhfianaise na hathmheastóireachta ar shábháilteacht na mbreiseán bia, meastar go bhfuil uasleibhéal 300 mg/kg iomchuí. Is é an leibhéal sin an leibhéal úsáide is airde a thuairiscíonn an tionscal, de réir mar atá liostaithe sa tuairim eolaíoch ón Údarás.

(11)

Cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi staidéir a rinne tionscal an iascaigh agus faoi thuairim ó údarás inniúil amháin a tháinig ar an gconclúid gur gá 900 mg/kg de bhreiseáin bia a úsáid chun ocsaídiú a rialú i luanta tuinnín a choinnítear faoi bhun 4 °C ar feadh 10 lá. Mar sin féin, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, agus go háirithe ós rud é gur léirigh rialuithe oifigiúla a rinne roinnt údaráis inniúla eile gur féidir seilfré 10 lá a bhaint amach do thuinnín díreoite le cóireáil ag 300 mg/kg gan athrú a theacht ar an dath tosaigh, is cosúil gur leor an leibhéal 300 mg/kg chun an éifeacht frithocsaídeora inmhianaithe a bhaint amach.

(12)

Ní dócha go mbeidh tionchar ar shláinte an duine de dheasca uasleibhéal a shocrú maidir le haigéad ascorbach (E 300), ascorbáit shóidiam (E 301) agus ascorbáit chailciam (E 302) a úsáid mar fhrithocsaídeoirí i dtuinnín. Dá bhrí sin, faoi Airteagal 3(2), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní gá tuairim a iarraidh ón Údarás.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(14)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(5):4087, 124 lch.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(5)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:

(i)

i gcatagóir bhia 09.1.1 “Éisc neamhphróiseáilte”, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas idir an iontráil le haghaidh E 302 Ascorbáit chailciam agus an iontráil le haghaidh E 315 Aigéad eireatorbach:

 

“E 300

Aigéad ascorbach

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

 

E 301

Ascorbáit shóidiam

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

 

E 302

Ascorbáit chailciam

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

(96):

Údaraítear E 300, E 301 agus E 302 ina n-aonar nó i gcomhcheangal; beidh feidhm ag an uasteorainn maidir leis an tsuim arna sloinneadh mar aigéad ascorbach”;

(ii)

i gcatagóir bhia 09.2 “Éisc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh”, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas idir an iontráil le haghaidh E 251-252 Níotráití agus E 315 Aigéad eireatorbach:

 

“E 300

Aigéad ascorbach

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

 

E 301

Ascorbáit shóidiam

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

 

E 302

Ascorbáit chailciam

300 mg/kg

(96)

tuinnín amháin

(96):

Údaraítear E 300, E 301 agus E 302 ina n-aonar nó i gcomhcheangal; beidh feidhm ag an uasteorainn maidir leis an tsuim arna sloinneadh mar aigéad ascorbach”.

11.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 264/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1924 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Athbhreithnithe a rinneadh cheana agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

An 19 Nollaig 2002, tar éis do thionscal an Aontais gearán a thaisceadh, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) agus na hIndinéise iad (“an t-imscrúdú bunaidh”) (2). Le Rialachán (CE) Uimh. 435/2004 (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí cioglamáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise (“na bearta bunaidh”).

(2)

Rinneadh dhá athbhreithniú éaga (4) ina dhiaidh sin ar na bearta bunaidh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán (“na hathbhreithnithe éaga roimhe sin”), agus rinneadh páirt-athbhreithniú eatramhach (5) orthu de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

(3)

Bhí feidhm ag na bearta bunaidh maidir leis na hallmhairí cioglamáite sóidiam uile de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise, cé is moite d’allmhairí cioglamáite sóidiam a tháirgeann na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha Fang Da Food Additive (Shen Zhen) Limited agus Fang Da Food Additive (Yang Quan) Limited (is leis an ngrúpa céanna na cuideachtaí agus tabharfar “Fang Da” orthu anseo feasta). Rinneadh ráta dleachta nialasach a shocrú le haghaidh na cuideachta sin ar dtús, toisc nár aimsíodh aon dumpáil uathu (6).

(4)

I gcomhréir leis an Tuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála sa chás Meicsiceo — Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha ar Mhairteoil agus Rís (7), ní dhearnadh scrúdú ar Fang Da sna hathbhreithnithe éaga a rinneadh roimhe seo ar na bearta a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 435/2004, agus ní raibh sé faoi réir na mbeart a bhí i bhfeidhm i ndiaidh na n-athbhreithnithe sin.

(5)

An 12 Lúnasa 2015, tar éis do thionscal an Aontais gearán a thaisceadh, thionscain an Coimisiún imscrúdú frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí cioglamáite sóidiam isteach san Aontas ar de thionscnamh na Síne iad, imscrúdú a bhí teoranta do ghrúpa Fang Da. (8) Le Rialachán (AE) 2016/1159 (9), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh na Síne iad agus a tháirgeann Fang Da.

(6)

Dá thoradh sin, bhí an ráta dleachta is infheidhme maidir leis an Indinéis idir 0,24 EUR/kg agus 0,27 EUR/kg agus bhí an ráta is infheidhme maidir leis an tSín idir 0,23 EUR/kg agus 1,17 EUR/kg (“na bearta atá i bhfeidhm”).

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(7)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (10), fuair an Coimisiún iarraidh maidir le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(8)

Chuir Productos Aditivos S.A. (“an t-iarratasóir”) an t-iarratas ar athbhreithniú isteach an 14 Aibreán 2021; ba é an t-aon mhonaróir cioglamáite sóidiam ón Aontas é agus, dá bhrí sin, is é a rinne 100 % de tháirgeadh iomlán cioglamáite sóidiam an Aontais. Bunaíodh an iarraidh ar athbhreithniú ar an bhforas gur dócha, de thoradh dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil ón tSín agus go dtarlóidh an dumpáil ón Indinéis, agus go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais (11) arb iad allmhairí ón tSín agus an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil ón Indinéis is cúis léi.

(9)

D’iarr an t-iarratasóir an t-athbhreithniú éaga ar na bearta a forchuireadh le Rialachán (AE) 2016/1159 agus le Rialachán (AE) 2016/1160 (12).

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(10)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun an t-athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún an t-athbhreithniú éaga an 16 Iúil 2021 maidir le hallmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”) iad isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (13) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(11)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta sna tíortha lena mbaineann agus údaráis na dtíortha lena mbaineann, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(13)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Níor iarr na páirtithe éisteacht.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(14)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le tionscnamh ó Rialtas na hIndinéise. Mhaígh Rialtas na hIndinéise gurbh amhlaidh, ó ba rud é go raibh dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm ó bhí 2004 ann, a rinneadh aon díobháil a raibh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ina gcúis léi a leigheas go hiomlán. Thairis sin, luaigh sé, gurbh amhlaidh, má ba rud é go raibh díobháil fós á déanamh do thionscal an Aontais, a bhí an díobháil sin á déanamh ag fachtóirí eile seachas allmhairí an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear díobháil a dhéanann sé dó féin, amhail míbhainistiú nó rogha an tomhaltóra, agus d’fhéadfadh úsáideoirí táirgí allmhairithe a roghnú thar tháirgí intíre dá mbarr sin. Luaigh sé gur cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na fachtóirí sin.

(15)

Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir Rialtas na hIndinéise aon fhianaise isteach chun tacú lena mhaíomh agus, dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh toisc nach raibh bunús tugtha leis. Mar sin, mheas an Coimisiún go raibh gur leor an fhianaise a bhí curtha ar fáil san iarraidh lena léiriú gur dócha, de thoradh dhul in éag na mbeart, go leanfaí den dumpáil agus go dtarlódh sí arís, agus go leanfaí den díobháil agus go dtarlódh sí arís, agus go gcomhlíontar ar an gcaoi sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Thairis sin, maidir leis na maímh eile a rinne Rialtas na hIndinéise, cé nach raibh bunús leo, rinneadh mionscrúdú orthu le linn an imscrúdaithe agus pléitear a thuilleadh iad thíos.

1.7.   Sampláil

(16)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil na n-allmhaireoirí

(17)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(18)

Ós rud é nár chuir ach allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh ar fáil, níor ghá na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a shampláil.

1.7.2.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín agus san Indinéis an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar Mhisean na hIndinéise chuig an Aontas Eorpach, faoi seach, táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(20)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh aon cheann acu a bheith san áireamh sa sampla.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(21)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(22)

Rinne an Coimisiún naisc chuig na ceistneoirí a sheoladh chuig an aon táirgeoir amháin ón Aontas a sholáthair an fhaisnéis a iarradh san Fhógra Tionscnaimh. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (14) an lá a tionscnaíodh an t-athbhreithniú.

(23)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón aon táirgeoir amháin ón Aontas, ó allmhaireoir neamhghaolmhar amháin agus ó dhá úsáideoir ón Aontas.

1.9.   Fíorú

(24)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus go dtarlóidh siad arís, agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoir an Aontais

Productos Aditivos S.A., Montcada i Reixac, an Spáinn.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(25)

Is é an táirge atá faoi athbhreithniú an táirge a bhí san imscrúdú bunaidh agus sna hathbhreithnithe éaga roimhe seo, is é sin cioglamáit sóidiam, atá faoi láthair faoi chód AC ex 2929 90 00 (cód TARIC 2929900010) (“an táirge faoi athbhreithniú”).

(26)

Is táirge tráchtearraí í cioglamáit sóidiam a bhíonn á húsáid mar bhreiseán bia agus go forleathan mar mhilseoir ag an tionscal bia, agus ag táirgeoirí milseoirí boird diaitéiteacha agus milseoirí boird ar bheagán calraí. Úsáideann an tionscal cógaisíochta méideanna beaga freisin.

(27)

Substaint atá íon ó thaobh ceimice de is ea cioglamáit sóidiam. Ach mar is amhlaidh i gcás aon cheimiceán íon, d’fhéadfadh cion beag neamhíonachta a bheith ann i méideanna mg/kg den táirge. Is de réir an chion neamhíonachta, a shocraítear le reachtaíocht an Aontais, a shainítear cáilíocht na cioglamáite sóidiam. Is féidir cioglamáit sóidiam a fháil in dhá fhoirm éagsúla: hiodráitithe, ina bhfuil cion taise 15 %; agus ainhidriúil, ina bhfuil cion taise suas le 1 %. Tá na príomhthréithe agus na príomhúsáidí céanna ag an dá chineál cioglamáite sóidiam sin; an t-aon difear atá eatarthu an leibhéal milseachta; níl an cineál hiodráitithe chomh milis céanna mar gheall ar an gcion uisce. Tá na praghsanna éagsúla ar an gcúis chéanna. Tá an cineál ainhidriúil níos costasaí ná an cineál hiodráitithe. Mar sin ba cheart a mheas, chun críocha na n-imeachtaí gurb aon táirge amháin atá sa dá chineál.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(28)

Is é an táirge lena mbaineann san imscrúdú seo an táirge de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise atá faoi athbhreithniú.

2.3.   An táirge comhchosúil

(29)

Ar nós an méid a suíodh sa chéad tréimhse imscrúdaithe, chomh maith leis na hathbhreithnithe éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann; agus

an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

(30)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An tSín

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(31)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú chun a fháil amach an leanfadh an tSín de bheith i mbun dumpála nó an rachaidís i mbun dumpála arís de thoradh dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

(32)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leanadh de chioglamáit sóidiam a allmhairiú ón tSín ar leibhéil arda. De réir Comext (15), allmhairí cioglamáite sóidiam ón tSín a bhí in [51 % - 66 %] de mhargadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le 38 % go 45 % den mhargadh an Aontais le linn an athbhreithnithe éaga roimhe sin, agus idir 0 % agus 2 % de mhargadh an Aontais a bhí in allmhairí ón Indinéis le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le 0 % go 1 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe éaga roimhe sin. I ndearbhthéarmaí, bhí méideanna na n-allmhairí dumpáilte ón tSín (gan allmhairí ón onnmhaireoir Fang Da a áireamh) agus ón Indinéis ar leibhéil san athbhreithniú éaga seo atá cosúil leis na leibhéil a bhí san athbhreithniú éaga roimhe seo.

(33)

Mar a luaitear in aithris (23), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, an 31 Lúnasa 2021 chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(34)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil ón tSín nó go dtarlóidh sí arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis atá san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, ar fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibritheacha le linn an imscrúdaithe (is é sin, an t-iarratasóir) agus ar fhaisnéis ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí, go háirithe an tAtlas Trádála Domhanda (“GTA”) (16).

3.1.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a shocrú faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh na Síne iad

(35)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena léiriú, maidir leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(36)

An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(37)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, an 10 Meitheamh 2022 chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(38)

Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfaí an Téalainn a bheith ina tír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(39)

An 8 Márta 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgthe uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáideadh chun cioglamáit sóidiam a tháirgeadh. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn mar thíortha iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha ionadaíocha. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

(40)

An 5 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa Dara Nóta, shainaithin an Coimisiún gurb í an Mhalaeisia an tír ionadaíoch iomchuí agus chuir sé in iúl do pháirtithe leasmhara go suífidh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabúis (SGA) bunaithe ar shonraí na cuideachta Ajinomoto (Malaysia) Berhad (“Ajinomoto Malaysia”), ar monaróir bia, blastanas agus milseoirí sintéiseacha sa Mhalaeisia é. Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.3.   Gnáthluach

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “déanfar an gnáthluach a shuí de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(42)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “más rud é go gcinntear […] nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “aireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús”.

(43)

Mar a mhínítear thíos tuilleadh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don éagmais comhair ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.3.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(44)

San imscrúdú a rinneadh le déanaí maidir le potaisiam aicéasuilféime (17) de thionscnamh na Síne, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán san earnáil ceimiceán agus san earnáil peitriceimiceán sa tSín. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú sin gur ar bhonn na fianaise ar bhí ar fáil, b’iomchuí freisin Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(45)

San imscrúdú sin, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (18).

(46)

Go háirithe, san imscrúdú ar photaisiam aicéasuilféime, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil leibhéal suntasach úinéireachta ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (19).

(47)

Thairis sin, shuigh an Coimisiún go raibh Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (20).

(48)

Rinne an Coimisiún amach thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. An córas pleanála sa tSín, fágann sé freisin go mbíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (21).

(49)

Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (22).

(50)

Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil ceimiceán de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (23), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir rochtain ag cuideachtaí ar chaipiteal sa tSín (24).

(51)

Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil ceimiceán sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú.

(52)

Rinne an Coimisiún an anailís ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise san iarraidh, chomh maith le tuarascáil an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach sa tSín (25) (“Tuarascáil”), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

(53)

Rinneadh tagairt sa chás sin don Tuarascáil, go háirithe do Chaibidil 16 di ina dtugtar tuairisc ar earnáil ceimiceán na Síne.

(54)

Rinne an Coimisiún an fhaisnéis a bhí san iarraidh a fhorlíonadh a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a suíodh in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo.

(55)

Is ann do chuid mhór úinéireachta agus smachta ag Rialtas na Síne san earnáil ceimiceán fós (26), de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhar ó aon onnmhaireoir ón tSín den táirge faoi athbhreithniú, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí cioglamáite sóidiam príobháideacha agus faoi úinéireacht an Stáit a dhearbhú a thuilleadh.

(56)

Shuigh an Coimisiún, áfach, go bhfuil roinnt táirgeoirí cioglamáite sóidiam Síneacha faoi úinéireacht stáit, amhail Tianjin North Food Co. Ltd., atá faoi rialú 100 % Tianjin Bohai Light Industry Investment Group Co, atá faoi úinéireacht stáit (27).

(57)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, le linn an imscrúdaithe shuigh an Coimisiún ceangail phearsanta a bheith ann idir Páirtí Cumannach na Síne (“CCP”) agus cuideachtaí a mhonaraíonn an táirge faoi athbhreithniú. Chun sampla a chur ar fáil, sa chuideachta thuasluaite Tianjin North Food Co. Ltd., tá Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí ina Rúnaí ar eagraíocht Pháirtí na Cuideachta ag an am céanna (28).

(58)

Tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil ceimiceán faoi réir maoirseachta agus treoraíochta beartais. Ar nós aon earnáil eile sa tSín, cuirtear iallach ar na táirgeoirí sin gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí a óstáil agus bíonn dlúthchleamhnacht acu le Páirtí Cumannach na Síne agus lena idé-eolaíocht. Léirítear sna samplaí seo a leanas an treocht maidir le leibhéal méadaitheach idirghabhála ó Rialtas na Síne in earnáil na cioglamáite sóidiam freisin.

(59)

Ar an gcéad dul síos, nochtadh leis an imscrúdú gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí in Tianjin Bohai Light Industry Group. Luaitear ar shuíomh gréasáin na cuideachta, agus tagairt á déanamh do chruinniú Choiste Araíonachta an Ghrúpa in Aibreán 2021, gur ‘eagraigh Coiste Araíonachta Chuideachta an Ghrúpa cruinniú den ghrúpa comhordúcháín chun stíl an pháirtí a thógáil, chun obair rialtais ghlain agus frith-éillithe, chun aiseolas a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme iomlán phríomhchúraimí an Choiste Araíonachta Bardais agus na Foirne um Chigireacht Araíonachta agus Maoirseacht de Choiste SASAC Bardais an Pháirtí in 2021, agus chun éisteacht le comrádaithe ábhartha freagracha de Roinn Forbartha Straitéisí, Roinn Bainistíochta Airgeadais, Roinn Bainistíochta Oibriúcháin agus Roinn Bainistíochta Comhlíontachta Chuideachta an Ghrúpa maidir le cur chun feidhme i dtaca le hathchóiriú úinéireachta measctha na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit’ (29).

(60)

Dílseacht do cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne, deimhnítear í freisin leis an tagairt seo a leanas do cheiliúradh 100 bliain ar an bPáirtí laistigh den Ghrúpa i mí Iúil 2021: “Chuir gach duine in iúl gur gá éisteacht go huile agus go hiomlán le focail an Pháirtí, a bheith buíoch don Pháirtí, agus an Páirtí a leanúint. ‘D’éist mé le hóráid thábhachtach an Ard-Rúnaí ag an gcruinniú ceiliúrtha, agus bhí sceitimíní orm. Cuirfidh mé ar aghaidh i gcónaí an spiorad iontach a bhí ann tráth bhunú an Pháirtí, cuirfidh mé chun feidhme an rún bunaidh, glacfaidh mé freagracht as an misean, chun go gcuirfidh mé go hiomchuí le cur chun cinn fhorbairt ardchaighdeáin an Ghrúpa’, arsa Gao Lei, comhalta Páirtí Cumannaigh den scoth de chuid Ghrúpa Boqing agus leas-stiúrthóir Roinn an Ghrúpa um Bainistiú Comhlíontachta” (30).

(61)

Ní ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit amháin a gcuireann Páirtí Cumannach na Síne isteach. Léirigh an t-imscrúdú go mbaineann ról maoirseachta agus ról treoraíochta beartais an Pháirtí le cuideachtaí príobháideacha freisin. Cuirtear ar fáil i sampla alt a d’fhoilsigh údarás an cheantair Jianan (31), maidir le Crios Náisiúnta Forbartha Eacnamaíoch agus Teicneolaíochta Xuchang (32): ‘Chuaigh Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh go dtí Crios Náisiúnta Forbartha Eacnamaíoch agus Teicneolaíochta Xuchang chun scrúdú a dhéanamh ar thógáil príomhthionscadal […] D’fhiosraigh sé go mionsonraithe orduithe, soláthar páirteanna, etc. […] Ag láithreán tionscadail Ruida Food Additives Co., Ltd., áit a ndéantar 15 000 tona cioglamáite sóidiam gach bliain, mhol infheisteoirí de chuid Tianjin Pharmaceutical Group Xuchang arís agus arís eile as a dhea-thimpeallacht ghnó. Chuir Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh in iúl go raibh súil aige go neartódh Tianjin Pharmaceutical Group a mhuinín infheistíochta agus go nglacfadh sé Xuchang mar phointe tacaíochta. […] Mar cheirtleán ardmhonaraíochta agus mar phol fáis eacnamaíoch réigiúnach, ní mór do Chrios Náisiúnta Forbartha Eacnamaíoch agus Teicneolaíochta Xuchang smaoineamh eacnamaíoch Xi Jinping maidir le ré nua na heacnamaíochta sóisialaí a bhfuil saintréithe Síneacha aici a chur chun feidhme go cuimsitheach, an coincheap forbartha nua a chur chun feidhme go hiomlán agus go cruinn, a bheith stuama ciallmhar an t-am ar fad, agus feabhas a chur ar an mbraistint freagrachta agus géarchéime. Bunaithe ar an bpátrún forbartha nua, is é sin an “déchúrsaíocht”, pleanáil na bpríomhthionscal a neartú agus díriú ar fheabhas a chur ar acmhainneacht forbartha.’ An tagairt dhíreach don táirgeoir cioglamáite sóidiam faoi úinéireacht phríobháideach, Xuchang Ruida Food Additives, atá faoi úinéireacht 100 % Ruida Bio-Technology, (33) (34) i gcomhthéacs bheartais thionsclaíocha Pháirtí Cumannach na Síne a bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh an chrios thionsclaíoch iad, léiríonn an tagairt sin go cuí tionchar an Pháirtí ar iompar gnó na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair, gan beann ar an gcineál úinéireachta.

(62)

Thairis sin, fuarthas amach go bhfuil beartais lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar an margadh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán i bhfeidhm san earnáil cioglamáite sóidiam. Meastar go bhfuil breiseáin bia, amhail an táirge faoi athbhreithniú, ríthábhachtach do bheartas sábháilteachta bia agus léirítear iad dá réir sin sa 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Nuálaíocht Teicneolaíochta Bia (35). Liostaítear milseoirí sintéiseacha ceimiceacha freisin i leagan 2019 den Chatalóg Treorach maidir le hathstruchtúrú tionsclaíoch a choigeartú (36), agus dá bhrí sin tá siad faoi réir na mbeartas rialtas faoi seach atá i bhfeidhm.

(63)

Cuireann an Stát isteach freisin ar mhargaí ionchur a úsáidtear chun cioglamáit sóidiam a tháirgeadh, go háirithe na margaí leictreachais. Cé go bhfuil leictreachas ar cheann de na príomh-ionchuir i monarú cioglamáite sóidiam, níl na praghsanna leictreachais bunaithe ar an margadh sa tSín agus déanann saobhadh suntasach difear dóibh (trí shocrú lárnach praghsanna, trí dhifreáil praghsanna agus trí chleachtais cheannaigh cumhachta dírí), mar a suíodh sa Tuarascáil (37).

(64)

Cé gur tháinig roinnt athruithe agus athchóirithe ar an margadh fuinnimh sa tSín, níl roinnt praghsanna atá ábhartha don chóras fuinnimh bunaithe ar an margadh go fóill. Aithníonn an rialtas go bhfuil na praghsanna fós faoi smacht an Stáit den chuid is mó: ‘Tá bainistíocht na bpraghsanna leictreachais fós bunaithe ar phraghsanna rialtais. Is minic a bhíonn coigeartuithe praghais chun deiridh ar athruithe ar chostais agus tá sé deacair costais úsáide leictreachais a léiriú go tráthúil agus go réasúnta […] Níor bunaíodh sásra éifeachtach iomaíoch chun leictreachas a dhíol go fóill, tá idirbhearta mhargaidh idir fiontair giniúna leictreachais agus úsáideoirí teoranta, agus tá sé deacair ról cinntitheach an mhargaidh a chomhtháthú sa leithdháileadh acmhainní’ (38).

(65)

Tá an laige margaidh sin arb é an Stát is cúis léi ag tionscnamh iarrachtaí breise chun an margadh a bhainistiú, rud a léirítear i roinnt doiciméad riaracháin a tháinig ina dhiaidh sin. Mar shampla, i mí na Samhna 2020, d’eisigh NDRC an Fógra maidir le síniú conarthaí leictreachais meántéarmacha agus fadtéarmacha 2021 a chur chun cinn (39).

(66)

Leis an doiciméad tugtar ordú ‘d’údaráis inniúla na rialtas áitiúil […] gach iarracht a dhéanamh lena áirithiú nach mbeidh an méid leictreachais atá ar conradh níos ísle ná 80 % den mheánmhéid le trí bliana anuas’, agus maidir le praghsáil chun ‘sásra réitigh athraithe a shuí […] i rialacháin an mhargaidh áitiúil chun dul i ngleic le hathruithe idir an méid cumhachta atá ar conradh agus an cur chun feidhme iarbhír’ agus chun ‘feabhas a chur ar shásra meántéarmach agus fadtéarmach an phraghais idirbhirt. Cuirfidh gach ceantar na praghsanna tarchurtha agus dáilte cumhachta arna bhformheas ag an rialtas chun feidhme go docht.’

(67)

Tá forálacha sonracha maidir le cur chun feidhme san Fhógra freisin, go háirithe trí shásra rianaithe don dul chun cinn maidir le síniú conartha a bhunú, nó trí fhaireachán, trí nochtadh agus trí fhorfheidhmiú conarthaí a neartú (40).

(68)

Cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine in earnáil na gceimiceán de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc, den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (49), níor tháinig an t-imscrúdú ar aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ag an méid sin ar mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú.

(69)

Ina theannta sin, tá earnáil na gceimiceán faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (50) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín).

(70)

Thairis sin, níor tíolacadh aon fhianaise san imscrúdú sin a léiríonn nach ndéanann idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais difear d’earnáil na gceimiceán de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den Rialachán bunúsach, dá dtagraítear freisin thuas in aithris (50). Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstaintiúil an rialtais sa chóras airgeadais.

(71)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a dhéanann táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú na hionchuir sin a cheannach nó conradh a dhéanamh ina dtaobh, tá na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar chostais) gan cosaint ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe seo. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa; féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir an tsaofa san earnáil airgeadais nó sa leithdháileadh caipitil; agus bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus gach earnáil.

(72)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil.

(73)

Go deimhin, idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh caipitil, talamh, lucht saothair, fuinneamh agus amhábhair, is ann do na hidirghabhálacha sin ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgthe le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir agus mar sin de.

(74)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(75)

Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear.

(76)

Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás seo.

(77)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.1.3.2.   An tír ionadaíoch

3.1.3.2.1.   Barúlacha ginearálta

(78)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá comhionann le hollioncam náisiúnta na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (41).

Táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (42).

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(79)

Mar a mhínítear in aithrisí (39) agus (40), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuí: an chéad nóta maidir le tosca táirgthe an 8 Márta 2022 agus an dara nóta maidir le tosca táirgthe an 5 Bealtaine 2022. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Mhalaeisia a úsáid ina tír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.1.3.2.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(80)

Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgthe, mhínigh an Coimisiún nár chosúil gur táirgeadh cioglamáit sóidiam in aon cheann de na tíortha a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na Síne i gcomhréir leis na critéir a luaitear in aithris (78). Níor táirgeadh í ach sa tSín, san Indinéis agus san Aontas.

(81)

Dá thoradh sin, mheas an Coimisiún arbh ann do tháirgeadh táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl go mbreithneodh sé táirgeadh milseoirí, blastán agus breiseán bia, ar táirgí iad a bhí sa chatagóir ghinearálta chéanna le cioglamáit sóidiam, chun tír ionadaíoch iomchuí a shuí le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(82)

Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgthe, shainaithin an Coimisiún an Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncaim náisiúnta, agus ar tíortha iad arb eol don Choimisiún go monaraítear táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna iontu.

3.1.3.2.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(83)

Sa Chéad Nóta, shainaithin an Coimisiún cuideachta amháin san Airgintín, cuideachta amháin sa Mhalaeisia agus ceithre chuideachta sa Téalainn a raibh faisnéis airgeadais le haghaidh táirgí sa chatagóir ghinearálta céanna leis an táirge faoi athbhreithniú le fáil go héasca i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet (43) nó ar shuíomh gréasáin na cuideachta.

(84)

Maidir leis an Airgintín, d’aimsigh an Coimisiún i mbunachar sonraí 2020 Dun and Bradstreet faisnéis airgeadais atá ar fáil go héasca i gcás táirgeoir amháin táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú, táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna le cioglamáit sóidiam, arb é Laboratorios Argentinos Farmesa, ach níor aimsigh an Coimisiún ráitis airgeadais foilsithe.

(85)

Maidir leis an Malaeisia, d’aimsigh an Coimisiún i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet ráitis airgeadais foilsithe atá ar fáil go héasca i gcás táirgeoir amháin táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú, arb é Ajinomoto Malaysia, ráitis do na blianta airgeadais dar críoch an 31 Márta 2018, 2019, 2020 agus 2021 (44), mar aon le sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca don chuideachta sin.

(86)

Maidir leis an Téalainn, d’aimsigh an Coimisiún i mbunachar sonraí Dun and Bradstreet sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca maidir le trí tháirgeoir táirgí sa chatagóir ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú, don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2020 do tháirgeoir amháin agus don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Márta 2021 don dá cheann eile. Thairis sin, d’aimsigh an Coimisiún sonraí atá ar fáil go héasca don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Márta 2021 i gcás Ajinomoto Company (Thailand) Ltd. Ach tugadh an fhaisnéis airgeadais maidir le Ajinomoto Company (Thailand) Ltd isteach i dtuarascáil bhliantúil Ajinomoto Group gan aon dearbhú ar leith i gcás Ajinomoto Company (Thailand). Níor úsáideadh na sonraí maidir leis na trí chuideachta Téalannacha eile toisc nár chumhdaigh na sonraí ina leith cuid mhór de thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus nár chuir siad a gcuid cuntas iniúchta iomlán ar fáil ar a suíomh gréasáin.

(87)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún gurbh í an fhaisnéis airgeadais atá ar fáil le haghaidh na cuideachta ón Malaeisia, Ajinomoto Malaysia, an fhoinse is oiriúnaí chun costais SGA agus brabúis a shuí ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh. Tá ráitis airgeadais iniúchta a bhfuil forluí 9 mí acu le tréimhse an imscrúdaithe ar fáil go héasca i gcás Ajinomoto Malaysia agus is féidir úsáid a bhaint astu chun costais SGA agus an corrlach brabúis a ríomh go hiontaofa chun an gnáthluach a thógáil. Ina theannta sin, is cuideachta mhór í Ajinomoto Malaysia agus tá táirgeacht shuntasach táirgí aige sa chatagóir ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú. Ar an taobh eile, mar a mhínítear thuas, rinneadh an fhaisnéis maidir le Ajinomoto Company (Thailand) Ltd a chomhdhlúthú ar leibhéal an ghrúpa gan aon dearbhú ar leith a thabhairt maidir leis na sonraí airgeadais i gcás Ajinomoto Thailand.

(88)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na sonraí airgeadais maidir le Ajinomoto Malaysia, lenar áiríodh blastáin agus breiseáin bia, iomchuí chun críche an athbhreithnithe seo.

(89)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar allmhairí na bpríomhthosca táirgthe go dtí an Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn. Tugadh faoi deara maidir le tosca táirgthe áirithe le haghaidh cioglamáit sóidiam gur de thionscnamh na Síne céatadán suntasach d’allmhairí amhábhar go dtí an Airgintín, an Mhalaeisia agus an Téalainn. Bhí méideanna suntasacha carbóin ghníomhachtaithe ón tSín ann i ngach ceann de na trí thír. I gcás aigéad sulfamach, bhí méideanna suntasacha ann san Airgintín agus sa Téalainn. I gcás cioglaiheicsilaimín, bhí méideanna suntasacha ann sa Mhalaeisia agus sa Téalainn. Ina theannta sin, bhí méideanna suntasacha aigéid hidreaclóraigh ann sa Téalainn. B’amhlaidh an cás maidir le tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail an Bhrasaíl, na Filipínigh, Peiriú, an Rúis, an Chasacstáin, an Tuirc agus an Afraic Theas, nach raibh an Coimisiún in ann táirgeoirí táirge comhchosúla a aimsiú iontu a raibh faisnéis airgeadais ar fáil go héasca fúthu. Thuairiscigh Meicsiceo agus an Cholóim méid réasúnta allmhairí na dtosca táirgthe sin ó thíortha eile. Ach ní raibh an Coimisiún in ann táirgeoirí táirgí comhchosúla a aimsiú sna tíortha sin a raibh faisnéis airgeadais ar fáil go héasca fúthu.

(90)

Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh iarmhairt shaobhach a bheith ag méid ard na n-allmhairí ón tSín le haghaidh na dtosca táirgthe a luaitear thuas ar phraghas na n-allmhairí ó thíortha eile, ós rud é gur athbhreithniú éaga an t-imscrúdú reatha de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán nach n-éilítear leis an corrlach dumpála a ríomh go beacht ach an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís a shuí, mheas an Coimisiún sa chás sin gur féidir leis an praghas allmhairiúcháin ó thíortha eile a úsáid de réir na modheolaíochta a luaitear in aithris (100) in ainneoin mhéid ard na n-allmhairí ón tSín.

(91)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Dara Nóta go mbeartaíonn sé an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus Ajinomoto (Malaysia) Berhad a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(92)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Malaeisia mar thír ionadaíoch agus ar Ajinomoto (Malaysia) Berhad mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.3.2.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(93)

Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Mhalaeisia ar bhonn na ngnéithe uile thuas, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

3.1.3.2.5.   Conclúid

(94)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Mhalaeisia an critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.1.3.3.   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí

(95)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgthe amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgthe a luaitear sa nóta sin.

(96)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgthe sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an Institiúid um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (ILMIA) (45) chun costais saothair neamhshaofa a shuí mar aon le faisnéis faoi phraghsanna leictreachais a d’fhoilsigh an chuideachta leictreachais Tenaga Nasional Berhad (TNB) ar a shuíomh gréasáin (46) le haghaidh costais leictreachais. I gcás staitisticí maidir le praghsanna gáis, úsáidfidh sé sonraí a fhoilsíonn Coimisiún Fuinnimh na Malaeisia (Suruhanjaya Tenaga) ar a shuíomh gréasáin (47) ina phreaseisiúintí tráthrialta.

3.1.3.3.1.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

3.1.3.3.1.1.   Tosca táirgthe

(97)

I bhfianaise na faisnéise uile atá bunaithe ar an iarraidh agus ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin agus a bailíodh le linn na cuairte fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgthe seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a dhéanamh amach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgthe cioglamáite sóidiam

Toisc tháirgeachta

Cód an tráchtearra sa Mhalaeisia

Luach neamhshaofa

Aonaid tomhais

Amhábhair

Aigéad Hidreaclórach

28061000

28061010

28061020

3,29 CNY

kg

Aigéad Sulfamach

28111920

7,09 CNY

kg

Cioglaiheicsilaimín

29213000

26,97 CNY

kg

Hiodrocsaíd Sóidiam

28151200

1,15 CNY

kg

fioghual Gníomhachtaithe (Carbón)

38021000

18,89 CNY

kg

Saothar

Saothar díreach agus indíreach san earnáil monaraíochta

[N/BH]

53,6 CNY

In aghaidh uaireanta

Fuinneamh

Leictreachas

[N/BH]

0,54 CNY

leictreachas kWh

Gás

[N/BH]

0,13 CNY

gás kWh

(98)

Chuir an Coimisiún luach ar fhorchostais mhonaraíochta ar áireamh freisin chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgthe dá dtagraítear thuas. In aithris (106), mínítear go hiomchuí an mhodheolaíocht chun an méid sin a shuí.

Amhábhair

(99)

Cinntear struchtúr costais cioglamáite sóidiam go príomha le costais na n-amhábhar, i.e. ceimiceáin éagsúla, chomh maith le fuinneamh.

(100)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48). Chinn an Coimisiún allmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithrisí (44)-(77) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis eisiamh allmhairí ón tSín agus ó chomhaltaí nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, bhí na hallmhairí ó thríú tíortha eile fós ionadaíoch.

(101)

Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Dá bhrí sin, agus an toradh in aithris (114) á chur san áireamh, mar aon le cineál an imscrúdaithe sin ar an athbhreithniú éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin nó an bhféadfadh sé tarlú arís, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

Saothar

(102)

D’úsáid an Coimisiún na staitisticí a d’fhoilsigh an Institiúid um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (ILMIA) (49) sa Mhalaeisia chun an pá sa Mhalaeisia a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis maidir le meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí in earnáil na monaraíochta le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe.

Leictreachas

(103)

Tá praghsanna leictreachais le haghaidh cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíochta) sa Mhalaeisia foilsithe ag an gcuideachta leictreachais Tenaga Nasional Berhad (TNB) ar a shuíomh gréasáin (50). Foilsíodh na rátaí is déanaí an 1 Eanáir 2014 agus bhí siad fós infheidhme i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Chun costas an leictreachais in aghaidh kWh a shuí, d’úsáid an Coimisiún ráta tharaif E1 is infheidhme maidir leis an taraif thionsclaíoch ghinearálta mheánvóltais, a measadh a bheith iomchuí do thionscal na cioglamáite sóidiam.

Gás nádúrtha

(104)

Foilsíonn Coimisiún Fuinnimh na Malaeisia (Suruhanjaya Tenaga) praghas an gháis nádúrtha do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Mhalaeisia ar a shuíomh gréasáin (51) ina phreaseisiúintí tráthrialta. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir leis na meánphraghsanna tionsclaíocha gáis agus iad tiontaithe go kWh, sonraí lena gcumhdaítear tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

3.1.3.3.1.2.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(105)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta’. Ina theannta sin, ní mór luach a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta ar mhaithe leis na costais nár cuimsíodh sna tosca táirgthe dá dtagraítear thuas a chumhdach.

(106)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus toisc comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a bheith in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar na sonraí a cuireadh san áireamh san iarraidh ar an athbhreithniú, bhunaigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin maidir le luach neamhshaofa an chostais monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

(107)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh costais SGA agus brabúis, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Márta 2020 i gcás Ajinomoto Malaysia. Chuir an Coimisiún na sonraí sin ar fáil do pháirtithe leasmhara sa Dara Nóta.

3.1.3.4.   Ríomh an ghnáthluacha

(108)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(109)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun cioglamáit sóidiam a tháirgeadh. D’fhíoraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais sin, a sholáthair an t-iarratasóir le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a tugadh faoi deara sa tír ionadaíoch (an Mhalaeisia).

(110)

Nuair a bhí na costais mhonaraíochta neamhshaofa suite, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus an brabús leis na costais sin. Cinneadh forchostais mhonaraíochta bunaithe ar na sonraí a chuir an t-iarratasóir san iarraidh ar an athbhreithniú. Cinneadh costais SGA agus an brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Ajinomoto Malaysia don bhliain dar críoch Márta 2021 mar a tuairiscíodh i gcuntais iniúchta na cuideachta (52). Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa:

Forchostais mhonaraíochta, arbh é bhí iontu [2 % - 4 %] de chostais dhíreacha na monaraíochta ar an iomlán,

Costais SGA, arbh é a bhí iontu 34,7 % de Chostais Earraí Díolta Ajinomoto Malaysia, agus

Brabúis, arbh ionann é agus 19,8 % de na Costais Earraí Díolta mar a bhain Ajinomoto Malaysia amach iad.

(111)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.1.4.   An praghas onnmhairiúcháin

(112)

In éagmais comhair ó na táirgeoirí Síneacha, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn bhunachar sonraí CAL Comext (Eurostat) agus é coigeartaithe chuig leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh praghas CAL a laghdú de réir an chostais lasta (mara), an chostais árachais agus an chostais iompair intíre sa tSín.

3.1.5.   Comparáid

(113)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach comhdhéanta i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a shuitear thuas.

3.1.6.   Corrlach dumpála

(114)

Ar an mbonn sin, na meánchorrlaigh dumpála ualaithe, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag an teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha, bhí siad níos airde ná 100 %. Is é an chonclúid ar thángthas air dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

3.2.   An Indinéis

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(115)

Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí allmhairí cioglamáite sóidiam ón Indinéis beagnach imithe agus dá bhrí sin níorbh fhéidir an méid fánach sin a bheith ina bhunús leis na torthaí maidir le leanúint den dumpáil. Rinne an Coimisiún anailís ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís sa chéad roinn eile.

4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO dTARLÓIDH SÍ ARÍS

4.1.   An tSín

(116)

Sa bhreis ar an gconclúid gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, mar a luadh in aithris (114), rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm maidir le hallmhairí ón tSín.

(117)

De thoradh an neamh-chomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí sa tSín, is ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán a bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú, eadhon maidir le torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin a luadh in aithris (5), maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, faisnéis atá ar fáil go héasca, agus GTA. Rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgthe agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha, agus an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith i margaí tríú tíortha.

4.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín

(118)

In éagmais comhar ó onnmhaireoirí/táirgeoirí na Síne, bhí ar an gCoimisiún dul i muinín a thaighde féin, na sonraí a bailíodh le linn na n-athbhreithnithe éaga roimhe sin, na sonraí a bhí ar fáil san iarraidh ar an athbhreithniú agus na staitisticí. Le 10 mbliana anuas tá acmhainneacht táirgthe na Síne idir 75 000 agus 80 000 tona in aghaidh na bliana (53).

(119)

Ní raibh an Coimisiún in ann faisnéis a bhí ar fáil go héasca a aimsiú maidir leis an éileamh ar chioglamáit sóidiam sa tSín. De réir GTA, onnmhairíodh thart ar 23 000 tona ón tSín chuig tríú tíortha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. [5 % - 15 %] a bhí in acmhainneacht bhreise an táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch san imscrúdú frithdhumpála a rinneadh in 2016 (54). Is cur chuige coimeádach é sin, mar ní dócha go mbeadh úsáid acmhainneachta ar fud na tíre chomh hard sin. Bunaithe air sin, mar nach bhfuil aon fhaisnéis eile ar fáil, fiú dá mbeadh úsáid acmhainneachta na Síne chomh hard sin, mheas an Coimisiún gurb í acmhainneacht bhreise na Síne [5 % - 15 %] nó [3 750 - 12 000], arb é sin [1,05-2,5] uair níos airde ná an t-éileamh iomlán san Aontas.

4.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(120)

Ba léir a tharraingtí atá margadh an Aontais d’onnmhairí na Síne mar gheall ar ollmhéid na n-onnmhairí agus gurbh ann dóibh i gcónaí, fiú agus bearta frithdhumpála ann – bhí sciar suas le [51 % - 66 %] de mhargadh an Aontais acu le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar a luaitear i dtábla 3.

(121)

Thairis sin, scrúdaigh an Coimisiún cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a mhéadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte a thuilleadh i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar leibhéil phraghais tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas i gcomparáid le margaí tríú tír eile.

(122)

In éagmais comhair, bhain an Coimisiún úsáid as GTA. Fuarthas amach go raibh meánphraghas díola thionscal an Aontais ([1 807 - 2 650] EUR/tona) níos airde ná an meánphraghas onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (1 373 EUR/tona). Dá bhrí sin, dá rachadh na bearta in éag, bheadh dreasacht eacnamaíoch ann do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne onnmhairiú go dtí an tAontas in ionad tríú tíortha, toisc go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach. I gcásanna den sórt sin, bheadh táirgeoirí na Síne in ann onnmhairiú go dtí an tAontas ar phraghsanna níos airde ná praghsanna a n-onnmhairí chuig margaí tríú tír, ach fós faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais.

4.1.3.   Cumas ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha

(123)

Mar a tugadh le fios cheana i Rialachán (AE) 2016/1160, tá toirmeasc ar úsáid cioglamáite sóidiam i mbia, deochanna agus táirgí cógaisíochta i roinnt margaí mór tríú tír, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe. Ní raibh aon chomhartha sa chomhad a thabharfadh le fios go meastar go dtiocfadh méadú ar mhargaí tríú tír eile le haghaidh cioglamáit sóidiam, ná aon chomhartha sa chomhad maidir le méid mhargadh intíre na Síne agus fás measta an mhargaidh sin.

(124)

Dá bhrí sin, meastar go bhfuil acmhainneacht ionsúcháin na margaí nach margadh an Aontais iad íseal agus, mar sin, ba mhargadh tarraingteach an tAontas dá gceadófaí do na bearta dul in éag.

4.1.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(125)

Bunaithe ar an acmhainneacht bhreise thuasluaite sa tSín, ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ar fianaise uirthi sin praghsanna onnmhairiúcháin tríú tíortha, agus ar acmhainneacht ionsúcháin íseal na margaí eile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

(126)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúnachas na dumpála le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a mhínítear in aithris (125), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón tSín in éag.

4.2.   An Indinéis

(127)

Rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil má dhéantar na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgthe agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha, mar aon leis an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann i margaí tríú tíortha.

(128)

Mar a luaitear in aithris (20), níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí ó Indinéis san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún údaráis na hIndinéise ar an eolas go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an Indinéis. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(129)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh dumpáil arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis atá san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, ar fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibritheacha le linn an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, ar staitisticí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil go poiblí.

4.2.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san Indinéis

(130)

In éagmais comhar ó onnmhaireoirí/táirgeoirí na hIndinéise, bhí ar an gCoimisiún dul i muinín na sonraí a bailíodh le linn na n-athbhreithnithe éaga roimhe sin, na sonraí a bhí ar fáil san iarraidh ar an athbhreithniú agus GTA. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil maidir le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón Indinéis, measadh gur 10 000 tona ar a laghad a bhí in acmhainneacht na hIndinéise sa dara hathbhreithniú éaga (55). De réir na hiarrata ar athbhreithniú, níor tháinig athrú ar an acmhainneacht táirgthe san Indinéis. De réir GTA, bhíothas in ann a shuí gur onnmhairíodh thart ar 2 500 tona ón Indinéis chuig tríú tíortha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ar an mbonn sin, is féidir a mheas gurb é 7 500 tona atá in acmhainneacht shaor na hIndinéise dá margadh intíre agus do mhargadh an Aontais. Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur meastachán coimeádach é sin, mar measadh sa chéad athbhreithniú éaga gurbh é 18 000 tona a bhí in acmhainneacht iomlán na hIndinéise in 2008.

(131)

Ós rud é nach bhfuil aon sonraí ar fáil maidir le díolachán intíre tháirgeoirí na hIndinéise, níorbh fhéidir ach meastachán garbh a dhéanamh ar an acmhainneacht shaor (atá ar fáil) a d’fhéadfaí a chur i dtreo mhargadh an Aontais. Sa dara hathbhreithniú éaga, measadh gurbh é 2 000 tona a bhí i ndíolachán intíre chuideachtaí na hIndinéise (56), agus de réir an mheastacháin reatha ar acmhainneacht tháirgeoirí na hIndinéise, d’fhágfadh sé sin go mbeadh 5 500 tona d’acmhainneacht shaor ann do mhargadh an Aontais. [115 % - 154 %] de thomhaltas an Aontais a bheadh ann le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht bhreise shuntasach ann san Indinéis chun díolachán le margadh an Aontais a mhéadú go suntasach dá gceadófaí na bearta atá i bhfeidhm dul in éag.

4.2.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(132)

Bunaithe ar fhreagra an táirgeora ón Aontas ar an gceistneoir, agus ar staitisticí GTA, tá meánphraghas díola thionscal an Aontais ([1 807 - 2 650] EUR/tona) níos airde ná an meánphraghas onnmhairiúcháin ón Indinéis chuig tríú tíortha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (1 526 EUR/tona). Dá bhrí sin, dá rachadh na bearta in éag, bheadh dreasacht eacnamaíoch ann do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise onnmhairiú go dtí an tAontas in ionad tríú tíortha. I gcásanna den sórt sin, bheidís in ann onnmhairiú go dtí an tAontas ar phraghsanna níos airde ná praghsanna a n-onnmhairí chuig margaí tríú tír, ach fós faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais.

(133)

Thairis sin, chun go mbeadh comhartha ag an gCoimisiún ar na praghsanna dóchúla don Aontas in éagmais beart, chuir an Coimisiún praghas onnmhairiúcháin na hIndinéise le tríú tíortha i gcomparáid le gnáthluach na hIndinéise.

(134)

In éagmais comhar ón Indinéis, chinn an Coimisiún an gnáthluach bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil go héasca. San iarraidh, tógadh an gnáthluach ar bhonn na gcomhchodanna de chostas an táirgeora ón Aontas, amhail amhábhair, saothar, fuinneamh agus uisce, cothabháil, dímheas agus forchostais. Na costais iomlána a ríomhadh ar an mbealach sin, méadaíodh iad faoi bhrabús. Choigeartaigh an Coimisiún na comhchodanna den chostas de réir boilsciú idir an tréimhse thagartha a úsáideadh san iarraidh ar an athbhreithniú (i.e. 2020) agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ina theannta sin, choigeartaigh an Coimisiún costais amhábhar agus costais saothair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca.

(135)

In éagmais comhar ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón Indinéis, d’úsáid an Coimisiún faisnéis eile a bhí ar fáil chun an praghas onnmhairiúcháin a shuí. Úsáideadh staitisticí onnmhairiúcháin na hIndinéise a bhí ar fáil in GTA chun praghsanna onnmhairiúcháin a shuí. Úsáideadh an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig gach tríú tír. Rinneadh an praghas saor ar bord ó GTA a laghdú de réir an chostais iompair intíre (57) chun é a choigeartú go dtí an leibhéal díreach ón monarcha.

(136)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach ríofa agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

(137)

Ar an mbonn sin, 29,6 % a bhí sa difríocht idir na praghsanna mar chéatadán den phraghas CAL ag an teorainn, a bhí níos airde ná an corrlach dumpála ba mhó a suíodh san imscrúdú bunaidh (18,1 %).

(138)

Tugtar le fios leis sin gur dócha go mbeadh an corrlach dumpála níos airde ná mar a bhí san imscrúdú bunaidh dá rachadh na bearta in éag.

4.2.3.   Cumas ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha

(139)

Mar a luaitear in aithris (131), meastar gurb é 5 500 tona acmhainneacht shaor na cioglamáite sóidiam san Indinéis, sin níos mó ná dhá oiread mhéid iomlán na n-onnmhairí ón Indinéis chuig tríú tíortha le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 25 % ar onnmhairiú chuig tríú tíortha agus ní raibh aon chomhartha ann a thabharfadh le fios go meastar go dtiocfadh méadú ar mhargaí tríú tír eile le haghaidh cioglamáit sóidiam (ná ní raibh aon chomhartha ann maidir le fás measta mhargadh intíre na hIndinéise). Maidir leis sin ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, mar a luaitear in aithris (123), go bhfuil toirmeasc ar chioglamáit sóidiam a úsáid i roinnt margaí móra tríú tíortha. Ar an mbonn sin, meastar go bhfuil acmhainneacht ionsúcháin na margaí tríú tír réasúnta íseal agus, mar sin, ba mhargadh tarraingteach an tAontas dá n-aisghairfear na bearta.

4.2.4.   Conclúid

(140)

I bhfianaise an mheasúnaithe a rinneadh in aithrisí (130) go (139), go háirithe maidir le hacmhainneacht bhreise shuntasach onnmhaireoirí na hIndinéise, acmhainneacht ionsúcháin íseal na margaí tríú tír agus na bpraghsanna díola arda san Aontas i gcomparáid le margaí tríú tír, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go mbeadh allmhairí dumpáilte ón Indinéis ann arís dá gceadófaí do na bearta atá i bhfeidhm dul in éag.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(141)

Rinne táirgeoir amháin san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse a breithníodh. Is é an táirgeoir sin atá i “dtionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(142)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ag [1 462 – 1 827] tona.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(143)

Ní tháirgtear cioglamáit sóidiam ach san Aontas, sa tSín agus san Indinéis. Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais móide méid na n-allmhairí ón tSín agus ón Indinéis, bunaithe ar Eurostat.

(144)

Forbraíodh tomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Tomhaltas iomlán an Aontais

[3 629 - 4 838 ]

[3 564 – 4 752 ]

[4 001 – 5 335 ]

[3 583 – 4 778 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

98

110

99

Margadh faoi chuing

[22 - 29 ]

[23 - 30 ]

[13 - 17 ]

[16 - 22 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

104

59

76

An saormhargadh

[3 607 – 4 809 ]

[3 541 – 4 722 ]

[3 988 – 5 318 ]

[3 567 – 4 756 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

98

111

99

Tomhaltas faoi chuing vs tomhaltas ar an saormhargadh

0,60  %

0,64  %

0,32  %

0,46  %

Foinse: Eurostat agus freagra tháirgeoir an Aontais ar an gCeistneoir

(145)

Bhí tomhaltas cioglamáite sóidiam an Aontais ar an margadh saor réasúnta cobhsaí idir 2018 agus 2019. Tháinig méadú air le linn 2020 mar gheall ar COVID-19, agus dá bharr sin mhéadaigh cuideachtaí a gcuid stoc, go háirithe sa chéad leath den bhliain. Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, d’fhill tomhaltas an Aontais chuig an leibhéal a bhí ann in 2018.

(146)

Tá tomhaltas an-bheag faoi chuing freisin san Aontas, arb é níos lú ná 0,7 % de thomhaltas an mhargaidh shaoir le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Tháinig méadú 24 % ar an tomhaltas faoi chuing le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

5.3.1.   Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(147)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh atá ag na hallmhairí ar bhonn shonraí Eurostat agus na sonraí a sholáthair tionscal an Aontais.

(148)

D’fhorbair na hallmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann mar seo a leanas:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

1 371

1 472

2 402

2 370

Innéacs (FY2018 = 100)

100

107

175

173

Sciar den mhargadh

[29  % -38  %]

[32  % -41  %]

[46  % -60  %]

[51  % -66  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

109

158

175

Méid na n-allmhairí as an Indinéis

113

19

24

5

Innéacs (FY2018 = 100)

100

17

21

4

Sciar den mhargadh

[2,3  % -3,1  %]

[0,4  % -0,5  %]

[0,4  % -0,6  %]

[0,11  % -0,14  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

17

19

4

Foinse: Eurostat agus freagra tháirgeoir an Aontais ar an gCeistneoir

(149)

Tháinig méadú suntasach 73 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú.

(150)

Tháinig laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí ón Indinéis le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú, agus bhí méid fíorbheag ann i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(151)

Tháinig méadú 75 % ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún dá aire gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín, agus gurbh é tionscal an Aontais a bhí thíos leis sin ó thaobh méid díolachán agus sciar den mhargadh de, mar a thuairiscítear in aithrisí (168) go (170).

5.3.2.   Córas próiseála isteach

(152)

Déantar cioglamáit sóidiam a allmhairiú ón tSín faoin ngnáthchóras chomh maith lena allmhairiú faoin gcóras próiseála isteach. Maidir leis an Indinéis, níor allmhairíodh cioglamáit sóidiam ach faoin ngnáthchóras.

(153)

Rinneadh na hallmhairí ón tSín faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4

Méid allmhairí (tonaí) ón tSín faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Méid allmhairí ón tSín faoin ngnáthchóras

1 206

1 204

2 157

2 116

Innéacs (FY2018 = 100)

100

100

179

175

Sciar den mhargadh

[26  % -33  %]

[26  % -34  %]

[41  % -54  %]

[45  % -59  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

102

162

177

Méid allmhairí ón tSín faoin gcóras próiseála isteach

166

268

246

254

Innéacs (FY2018 = 100)

100

162

148

153

Sciar den mhargadh

[2  % -6  %]

[3  % -10  %]

[3  % -8  %]

[3  % -10  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

165

134

155

Foinse: Eurostat agus freagra tháirgeoir an Aontais ar an gCeistneoir

(154)

Rinneadh 12 % de na hallmhairí iomlána ón tSín a allmhairiú tríd an gcóras próiseála isteach i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tháinig méadú 53 % ar a líon le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.3.3.    Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(155)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn Eurostat.

(156)

D’fhorbair meánphraghas allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann mar seo a leanas:

Tábla 5

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An tSín

1 901

1 889

1 678

1 608

Innéacs (FY2018 = 100)

100

99

88

85

An Indinéis

1 907

1 864

1 750

2 012

Innéacs (FY2018 = 100)

100

98

92

105

Foinse: Eurostat (gan allmhairí faoi phróiseáil isteach)

(157)

Bhí an praghas allmhairiúcháin ón tSín ag ísliú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú 15 % air le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú.

(158)

Tháinig laghdú 8 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ón Indinéis idir 2018 agus 2020. I gcás thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tugann an Coimisiún dá aire go raibh méid na n-allmhairí ón Indinéis fíorbheag agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas go bhfuil a bpraghas ionadaíoch.

(159)

I bhfianaise an neamhchomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndinéise mar a luadh in aithrisí (33) agus (128), chinn an Coimisiún an sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe trí mheánphraghas díola ualaithe a ghearr an t-aon táirgeoir amháin ón Aontas, arna ghearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú chuig an leibhéal díreach ón monarcha a chur i gcomparáid leis na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe ó bhunachar sonraí 14(6), lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, agus coigeartuithe iomchuí á ndéanamh i gcomhair dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin. Maidir leis na hallmhairí ón tSín, níor cuireadh praghsanna mhéideanna cioglamáite sóidiam a allmhairíodh faoin gcóras próiseála isteach san áireamh toisc nach bhfuil na méideanna sin scaoilte i saorchúrsaíocht i margadh an Aontais.

(160)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas an aon táirgeora amháin ón Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. I gcás na Síne, ba é [17 % - 26 %] an corrlach sladghearrtha a léiríodh.

(161)

Mar a mhínítear in aithris (150), bhí méid na n-allmhairí ón Indinéis fíorbheag agus dá bhrí sin níor ríomhadh aon chorrlach sladghearrtha i gcás na hIndinéise.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín agus an Indinéis

(162)

Allmhairí cioglamáite sóidiam ó thríú tíortha nach an tSín ná an Indinéis iad, bhí 1 % go 8 % den sciar den mhargadh i gceist leo thar an tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é nach dtáirgtear cioglamáit sóidiam ach sa tSín, san Indinéis agus san Aontas, mheas an Coimisiún gur aicmíodh na hallmhairí sin go mícheart mar chioglamáit sóidiam, nó gur dearbhaíodh a dtionscnamh go mícheart. Ar an gcúis sin, ní dhearna an Coimisiún tuilleadh meastóireachta ar na hallmhairí sin ina anailís díobhála.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(163)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgthe agus úsáid acmhainneachta

(164)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgthe agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgthe agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An méid táirgeachta (tonaí)

[2 343 – 2 928 ]

[2 184 – 2 730 ]

[2 147 – 2 684 ]

[1 462 – 1 827 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

93

92

62

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

[4 000 – 5 000 ]

[4 000 – 5 000 ]

[4 000 – 5 000 ]

[4 000 – 5 000 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

[44  % -70  %]

[41  % -66  %]

[40  % -64  %]

[27  % -44  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

93

92

62

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(165)

Tháinig laghdú suntasach 38 % ar mhéid táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i gcomhréir leis an laghdú ar dhíolachán a ndéantar tuairisc air in aithrisí (168) go (170).

(166)

I bhfianaise an laghdaithe ar dhíolacháin, ní raibh aon dreasacht ag tionscal an Aontais leis an acmhainneacht a mhéadú. Dá bharr sin, rinneadh acmhainneacht táirgthe thionscal an Aontais a choimeád ar an leibhéal céanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(167)

Laghdaíodh an úsáid acmhainneachta i gcomhréir leis an laghdú ar an méid táirgthe bliantúil a ndéantar tuairisc air in aithris (165), is é sin 38 %.

5.5.3.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(168)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

Méid na ndíolachán (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An méid iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais

[2 145 - 2 776 ]

[2 077 - 2 689 ]

[1 705 - 2 206 ]

[1 350 - 1 747 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

97

79

63

Sciar den mhargadh

[57  % -66  %]

[56  % -65  %]

[41  % -48  %]

[36  % -42  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

99

72

64

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(169)

Tháinig laghdú ar mhéid díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig laghdú suntasach 37 % ar an méid díolachán.

(170)

Tháinig laghdú suntasach 36 % ar sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus allmhairíodh ón tSín de rogha air sin mar a thuairiscítear in aithris (149).

5.5.4.   Fás

(171)

Mar a luadh thuas, cé go raibh tomhaltas an Aontais ar an saormhargadh cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú suntasach 37 % ar mhéid díolachán an Aontais, rud arb ionann é agus 36 % den sciar den mhargadh a chailliúint.

5.5.5.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(172)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Líon na bhfostaithe

[15 - 22 ]

[15 - 22 ]

[15 - 22 ]

[15 - 22 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

100

100

100

Táirgiúlacht (tonaí/fostaí)

[119 - 152 ]

[111 - 141 ]

[109 - 139 ]

[74 - 95 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

93

92

62

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(173)

Ó 2018 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe, bhí tionscal an Aontais seasmhach ó thaobh líon na bhfostaithe de.

(174)

Ag an am céanna, i gcomhréir leis an laghdú ar an méid táirgthe, tháinig laghdú 38 % ar an táirgiúlacht sa tréimhse chéanna.

5.5.6.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

(175)

Tá gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba shuntasach an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, mar gur leanadh de mhéid suntasach cioglamáite sóidiam a allmhairiú ag praghsanna dumpála ó tháirgeoirí na Síne.

(176)

D’fhág praghsáil éagórach leanúnach ó onnmhaireoirí ón tSín freisin nach raibh tionscal an Aontais in ann téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo.

5.5.7.   Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(177)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe an aon táirgeora amháin ón Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

[1 749 – 2 565 ]

[1 797 – 2 636 ]

[1 817 – 2 664 ]

[1 807 – 2 650 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

103

104

103

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

Innéacs (FY2018 = 100)

100

106

97

115

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(178)

Tháinig laghdú 3 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(179)

Bhí an costas táirgthe ag athrú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú 6 % air idir 2018 gus 2019, ach tháinig laghdú 3 % air idir 2018 agus 2020 mar gheall ar an laghdú ar phraghas roinnt príomh-amhábhar. Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig méadú 15 % ar an gcostas táirgthe in aghaidh an aonaid de dheasca na gcostas seasta, ós rud é gur tháinig laghdú suntasach ar an méid táirgthe, mar a luadh in aithris (165).

5.5.8.   Costais saothair

(180)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair an aon táirgeora amháin ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

[28 234 – 41 409 ]

[33 039 – 48 457 ]

[32 903 – 48 258 ]

[31 458 – 46 138 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

117

117

111

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(181)

Lean costais saothair thionscal an Aontais le ceanglais dhlí na Spáinne. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 11 % ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí.

5.5.9.   Fardail

(182)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic an aon táirgeora amháin ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Stoic dheiridh (tonaí)

[165 - 238 ]

[115 - 166 ]

[419 - 606 ]

[157 - 227 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

70

255

95

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

[6  % -9  %]

[5  % -7  %]

[17  % -25  %]

[10  % -14  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

75

278

153

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(183)

Bhí fardail ag luainiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 30 % orthu idir 2018 agus 2019 ach tháinig méadú 155 % orthu idir 2018 agus 2020. Ba é an chúis leis an méadú sin ar fhardail gur choinnigh tionscal an Aontais a mhéid táirgthe ar an leibhéal céanna, beagnach, leis an mbliain roimhe sin in ainneoin an laghdaithe ar mhéid na ndíolachán chun tairbhe a bhaint as an laghdú ar phraghas na n-amhábhar agus chun táirgí a tháirgeadh ar chostas táirgthe níos ísle. Ar an iomlán, tháinig laghdú 5 % ar na leibhéil stoic le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.10.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú

(184)

Tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoir aonair an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 12

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

Innéacs (FY2018 = 100)

- 100

- 196

230

- 440

Sreabhadh airgid (EUR)

[- 203 365 ; -67 788 ]

[- 332 146 ; - 110 715 ]

[8 815 – 2 938 ]

[- 838 886 ; - 279 629 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

- 100

- 163

104

- 413

Infheistíochtaí (EUR)

[0 - 50 000 ]

[0 - 50 000 ]

[0 - 50 000 ]

[0 - 50 000 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

100

100

100

Toradh ar infheistíochtaí

[-41  %; -14  %]

[-90  %; -30  %]

[22  %; 65  %]

[- 139  %; -46  %]

Innéacs (FY2018 = 100)

- 100

- 221

261

- 344

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(185)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoir aonair an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig caillteanas ar thionscal an Aontais, cé is moite de 2020 nuair a laghdaíodh costas táirgthe in aghaidh an aonaid go sealadach mar gheall ar an laghdú ar phraghas roinnt amhábhar. Ach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig méadú ar chostas táirgthe in aghaidh an aonaid agus tá sé ar leibhéil níos airde ná mar a bhí sna blianta roimhe sin.

(186)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoir an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Bhí an sreabhadh airgid diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé is moite de 2020, i gcomhréir leis an mbrabúsacht. Ní ghintear go leor airgid trí chioglamáit sóidiam a dhíol. Chun go mbeidh an t-aon táirgeoir amháin ón Aontas in ann coinneáil ar aghaidh ag táirgeadh cioglamáit sóidiam ar mhargadh an Aontais, tá gníomhaíocht cioglamáite sóidiam an táirgeora sin á maoiniú aige trí tháirgí eile a dhíol.

(187)

I bhfianaise na gcaillteanas a bhí ann le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú agus an tsreafa airgid dhiúltaigh, rinne tionscal an Aontais infheistíochtaí beaga.

(188)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean sé an treocht chéanna leis an mbrabúsacht.

5.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(189)

In ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, bhí méideanna suntasacha allmhairí dumpáilte fós ag teacht ón tSín agus bhí siad ag méadú.

(190)

Tá tionscal an Aontais i ndrochstaid airgeadais. Bhí treocht dhiúltach ag baint le beagnach gach ceann de na táscairí.

(191)

In ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, chaill tionscal an Aontais díolacháin agus ba iad allmhairí ón tSín a ceannaíodh ina n-áit ar phraghsanna dumpáilte, agus dá bharr tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín agus thaifead tionscal an Aontais caillteanais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, beagnach.

(192)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

6.   CÚISÍOCHT

(193)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha arna cruthú ag fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann i leith na n-allmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: iarmhairtí allmhairí dumpáilte, allmhairiú ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, agus tomhaltas.

6.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(194)

Maidir leis an tSín, tugadh le fios san imscrúdú gur fhan méid na n-allmhairí go suntasach os cionn leibhéil de minimis le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Fuarthas amach go ndearna na hallmhairí sin sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais faoi [17 % - 26 %] agus dleachtanna frithdhumpála san áireamh, agus faoi [27 % - 36 %] gan an dleacht frithdhumpála san áireamh. Ina theannta sin, toisc go bhfuil tionscal an Aontais ag cailleadh airgid agus i bhfianaise an sprioc-bhrabúis de 10 %, faoi mar a leagadh síos le linn an chéad imscrúdaithe (58), is léir go bhfuil allmhairí ón tSín ag dul isteach san Aontas ag praghsanna díobhálacha atá ag titim. Ina theannta sin, tháinig méadú suntasach ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín agus is é tionscal an Aontais atá thíos leis sin.

(195)

Maidir leis an Indinéis, nochtadh leis an imscrúdú go raibh méid fíorbheag allmhairí ann idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(196)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún gurbh iad na hallmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, agus nárbh fhéidir leis na hallmhairí ón Indinéis a bheith ina gcúis leis an díobháil mar gheall ar na méideanna ísle.

6.2.   Tionchair fachtóirí eile

6.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(197)

Mar a luaitear in aithris (162), ní tháirgtear cioglamáit sóidiam ach amháin sa tSín, san Indinéis agus san Aontas agus, dá bhrí sin, níor allmhairíodh aon chioglamáit sóidiam ó thríú tíortha eile isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

6.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(198)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid onnmhairí an aon táirgeora amháin ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 13

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoir an Aontais

 

2018

2019

2020

Tréimhse an Imscrúdaithe Athbhreithniúcháin

An méid onnmhairí (tonaí)

[35 - 51 ]

[32 - 47 ]

[43 - 64 ]

[44 - 64 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

92

124

126

Meánphraghas (EUR/tona)

[2 739 – 3 652 ]

[2 695 – 3 593 ]

[2 797 – 3 729 ]

[2 684 – 3 579 ]

Innéacs (FY2018 = 100)

100

98

102

98

Foinse: Freagra tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir

(199)

Tháinig méadú 26 % ar an méid onnmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ach bhí siad fós ar mhéideanna ísle mar gheall ar phraghsanna ísle onnmhaireoirí na Síne agus na hIndinéise ar mhargaí eile.

(200)

Bhí na meánphraghsanna chuig tríú tíortha níos mó ná na meánphraghsanna díola ar mhargadh an Aontais.

6.2.3.   Tomhaltas

(201)

Cé go raibh tomhaltas san Aontas seasmhach mar a luaitear in aithris (145), tháinig méadú ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín agus ba é tionscal an Aontais a bhí thíos leis sin.

6.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

(202)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún gurbh iad na hallmhairí ón tSín ba chúis leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

7.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL AGUS/NÓ GO nDÉANFAR Í ARÍS

7.1.   An dóchúlacht go leanfar den díobháil ón tSín

(203)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (192) go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr allmhairí dumpáilte ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cé acu an mbeadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil arbh iad na hallmhairí sin ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(204)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas: an méid táirgthe agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, leibhéil praghais dhóchúla na n-allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais.

(205)

Mar a mhínítear in aithrisí (116) go (124), bunaithe ar an ró-acmhainneacht shuntasach sa tSín agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, tá dóchúlacht láidir ann go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

(206)

Maidir leis an éifeacht dhóchúil ar allmhairí den sórt sin, scrúdaigh an Coimisiún a leibhéil praghsanna dóchúla i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm. Maidir leis sin, bhreithnigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe gan tásc réasúnach maidir leis an dleacht frithdhumpála. Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún go ndearnadh sladghearradh suntasach [27 % - 36 %] ar phraghsanna de chuid thionscail an Aontais.

(207)

Go deimhin, tháinig allmhairí na Síne isteach san Aontas ar phraghsanna díobhálacha le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a chuir cosc ar thionscal an Aontais leibhéal iomchuí brabúis a bhaint amach (10 %) agus, i bhfírinne, rud a d’fhág gur chaill an tionscal airgead le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, beagnach, mar a luaitear in aithris (185). Ní hamháin gur chuir na hallmhairí sin brú praghsanna ar phraghsanna an Aontais ach tháinig laghdú ar mhéideanna ó thionscal an Aontais dá bharr sin mar go ndearnadh an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a mhéadú go suntasach, rud a rinne dochar thionscal an Aontais.

(208)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtiocfadh tuilleadh meatha ar chás thionscal an Aontais, a raibh díobháil ábhartha déanta dó cheana féin, i gcás ina gceadófaí na bearta dul in éag. Go deimhin, in éagmais beart, is dóchúil go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte na Síne ag praghsanna díobhálacha brú anuas breise ar phraghsanna díolachán i margadh an Aontais. Tá dóchúlacht an-ard ann go mbeadh oibleagáid ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolachán a laghdú, rud as a dtiocfadh caillteanas breise brabúsachta agus, i ngach dóchúlacht, caillteanais shuntasacha sa ghearrthéarma.

(209)

Ina ionad sin, tá sé an-dóchúil go bhfágfadh aon iarracht chun a phraghsanna díolachán a mhéadú go dtí leibhéil bhrabúsacha ar thaobh thionscal an Aontais de go mbeidh caillteanas ann ó thaobh mhéid na ndíolachán agus sciar den mhargadh chuig allmhairí ar phraghsanna ísle. I bhfianaise na hacmhainneachta breise atá sa tSín, bheadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in ann a gcuid onnmhairí a mhéadú sa ghearrthéarma agus sciar tábhachtach den mhargadh a bhaint amach, arbh é tionscal an Aontais a bheadh thíos leis sin. Tá sé an-dóchúil go gcaillfeadh tionscal an Aontais barainneachtaí scála, rud as a dtiocfadh méadú ar an gcostas aonaid táirgthe agus dá dheasca sin a chruthódh tuilleadh laghduithe ar bhrabúsacht do tionscal an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol mór.

(210)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é is dóichí a tharlódh go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar leibhéil phraghais dhíobhálacha dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm, agus dá bharr sin dhéanfaí an díobháil do thionscal an Aontais níos measa. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol mór.

7.2.   An dóchúlacht go dtarlóidh díobháil ón Indinéis arís

(211)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (192) go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (196) nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, mar gheall ar mhéid na n-allmhairí sin ar mhargadh an Aontais a bheith an-teoranta. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis léi dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(212)

Maidir leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgthe agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin, leibhéil phraghais dhóchúla na n-allmhairí ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais.

(213)

Mar a mhínítear in aithrisí (130) go (132), bunaithe ar ró-acmhainneacht shubstaintiúil tháirgeoirí na hIndinéise, ar na praghsanna onnmhairiúcháin agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

(214)

Scrúdaigh an Coimisiún na leibhéil phraghais is dóichí a thiocfadh ar allmhairí na hIndinéise i gcas ina gceadófaí do na bearta dul in éag, bunaithe ar leibhéil phraghais allmhairiúcháin na hIndinéise chuig tríú tíortha le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar staid thionscal an Aontais. Rinne praghas onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig tríú tíortha sladghearradh os cionn 50 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Léiríonn sin, i gcás ina gceadófaí na bearta dul in éag, go mbeadh dreasacht ag táirgeoirí na hIndinéise le honnmhairiú chuig an Aontas ag leibhéil phraghais dhíobhálacha, rud a mhéadódh an brú praghsanna ar thionscal an Aontais, agus chaillfeadh an tionscal méid díolachán nó chuirfí oibleagáid orthu a leibhéil phraghais a laghdú dá bharr.

(215)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, is é sin acmhainneacht bhreise a bheith ann san Indinéis, leibhéal phraghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus na leibhéil phraghais ionchasacha ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpála agus a dtionchar ar thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón Indinéis ar phraghsanna díobhálacha de thoradh easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

8.   LEAS AN AONTAIS

(216)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí/na dtrádálaithe agus na n-úsáideoirí.

(217)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun Airteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(218)

Ar an mbonn sin scrúdaigh an Coimisiún cibé, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil i gcás na Síne agus go dtarlódh an dumpáil agus an díobháil arís i gcás na hIndinéise, bhí cúiseanna láidre ann as a dtiocfaí ar an gconclúid nárbh é leas an Aontais é na bearta reatha a choinneáil ar bun.

8.1.   Leas thionscal an Aontais

(219)

Suíodh san imscrúdú gurb amhlaidh, cé go raibh bearta i bhfeidhm i gcoinne na hIndinéise agus na Síne, a lean tionscal an Aontais de bheith ag cailleadh agus gur chaill sé táirgeadh, méid díolachán agus sciar den mhargadh i margadh an Aontais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, beagnach. Le linn na tréimhse céanna, bhí allmhairí ón tSín fós suntasach agus rinne siad sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais. Mar a mhínítear thuas, dá gceadófaí bearta dul in éag, tá dóchúlacht ard ann go dtiocfadh méadú breise ar allmhairí na Síne agus go gcuirfí tús arís le hallmhairí na hIndinéise ar phraghsanna dumpáilte. Is dócha go dtiocfadh meath breise ar staid thionscal an Aontais, ar drochstaid í cheana féin, dá thoradh sin agus d’fhéadfadh sé, i ndeireadh na dála, go gcuirfí brú ar an tionscal deireadh a chur le táirgeadh cioglamáite sóidiam, agus go gcaillfí fostaíocht agus foinsí soláthair malartacha san Aontas dá bharr sin.

(220)

Dá gcoinneofaí bearta ar bun, tá coinne leis go mbeadh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna, a tháirgeacht agus a mhéid a mhéadú agus brabús a bhaint amach arís de réir a chéile.

(221)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur chun leas thionscal an Aontais atá sé na bearta atá i bhfeidhm in aghaidh na Síne agus na hIndinéise a choinneáil ar bun.

8.2.   Leas na n-allmhaireoirí/trádálaithe neamhghaolmhara

(222)

Chuir allmhaireoir amháin freagra ar an gceistneoir isteach. Mhaígh sé, i bhfianaise mhéid teoranta ghnó na cioglamáite sóidiam ina láimhdeachas iomlán, nach raibh seasamh daingean aige maidir le leanúint na mbeart frithdhumpála. Luadh freisin gurb é an phríomhchúis chinntitheach lena ghníomhaíocht ná rochtain a bheith aige ar fhoinse iontaofa soláthair chun caighdeán ard na dtáirgí a chinntiú. Bhí gníomhaíocht iomlán an allmhaireora brabúsach ar an iomlán.

(223)

San athbhreithniú éaga roimhe seo, níor chomhoibrigh na hallmhaireoirí agus thángthas ar an gconclúid, i bhfianaise neamh-chomhoibriú na n-allmhaireoirí, go raibh sé réasúnta glacadh leis nár sciar mór de láimhdeachas na n-allmhaireoirí/na dtrádálaithe a bhí i gcioglamáit sóidiam agus nach raibh aon toisc ann a thabharfadh le fios go ndéanfaí difear díréireach d’allmhaireoirí/do thrádálaithe dá gcoinneofaí na bearta.

(224)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh an tionchar ar staid eacnamaíoch na n-allmhaireoirí suntasach.

8.3.   Leas úsáideoirí

(225)

I gcás dhá úsáideoir níor chomhoibrigh siad ach go páirteach san imscrúdú sin. Bhí ceann amháin de na húsáideoirí sin ag ceannach ó thionscal an Aontais agus ó tháirgeoirí na Síne, agus ní raibh an ceann eile ag ceannach ach ó thionscal an Aontais. Bhí an dá úsáideoir brabúsach, agus níor luaigh ach ceann amháin acu go raibh sé i gcoinne na bearta a choinneáil i bhfeidhm.

(226)

San imscrúdú roimhe sin, suíodh gur bhain sciar íseal de chostas táirgthe na n-úsáideoirí le cioglamáit sóidiam agus, ar an gcúis sin, ní raibh tionchar suntasach ag forchur an bhirt frithdhumpála.

(227)

I bhfianaise na tuairime thuas, is é sin go bhféadfadh go mbeadh ar thionscal an Aontais, in éagmais beart, deireadh a chur le táirgeadh cioglamáite sóidiam, agus ós rud é nach ann ach do líon beag táirgeoirí cioglamáite sóidiam ar fud an domhain, is dócha go rachaidh na bearta chun tairbhe d’úsáideoirí a mhéid a chaomhnóidh siad táirgeadh cioglamáite sóidiam san Aontas agus a chaomhnóidh siad an rogha atá ag úsáideoirí cioglamáit sóidiam a tháirgeann táirgeoirí éagsúla atá in iomaíocht lena chéile a aimsiú.

(228)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh tionchar suntasach acu ar staid eacnamaíoch na n-oibreoirí sin.

8.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(229)

Ar bhonn a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise iad a choinneáil ar bun.

9.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(230)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil i gcás na Síne agus go dtarlódh an dumpáil agus an díobháil i gcás na hIndinéise, agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar chioglamáit sóidiam ar de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise í a choinneáil ar bun.

(231)

Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(232)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(233)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(234)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Sine agus na hIndinéise iad agus arna dtáirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear a hainm i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cuideachtaí a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí dleachta frithdhumpála aonair.

(235)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (59). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(236)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(237)

Cuireadh gach páirtí leasmhar ar an eolas faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na bearta atá ann cheana choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Fuarthas barúlacha ó Rialtas na hIndinéise.

(238)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta, mhaígh Rialtas na hIndinéise gurb amhlaidh, ós rud é go raibh na bearta i bhfeidhm ó bhí 2004 ann, a léirigh sé sin go raibh an t-iarratasóir ag lorg róchosanta ón gCoimisiún agus, más rud é go raibh díobháil ábhartha fós á déanamh don iarratasóir, fágann sé sin nach raibh na dleachtanna éifeachtach agus dá bhrí sin nach raibh siad ábhartha maidir le cosaint an iarratasóra.

(239)

Mar fhreagairt ar an maíomh sin, luaitear nach gcuirtear srian le fad na mbeart le teorainneacha ama fad a chomhlíontar na coinníollacha maidir le forchur nó coinneáil na mbeart. Chomh maith leis sin, sa chás seo tá údar leis na bearta mar deimhnítear leis na torthaí gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil i gcás na Síne agus go ndéanfaí an dumpáil agus an díobháil i gcás na hIndinéise, mar a luaitear in aithrisí (116) go (140) agus (203) go (215). Thairis sin, san imscrúdú sin a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní féidir leis an gCoimisiún leibhéal na mbeart a athrú agus, dá bhrí sin, is cuma cé acu éifeachtach nó neamhéifeachtach atá na bearta atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

(240)

Mhaígh Rialtas na hIndinéise freisin nach bhfuil údar le bearta frithdhumpála a úsáid ach amháin chun leigheas a chur ar fáil do thionscal an Aontais nuair a dhéantar díobháil ábhartha dó arbh iad allmhairí dumpáilte ón tSín is cúis léi, ar dhíobháil shuntasach í, seachas allmhairí dumpáilte ón Indinéis, nach raibh ach méid fíorbheag díobh ann.

(241)

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. Fiú dá mbeadh méid fíorbheag allmhairí ón Indinéis ann agus, dá bhrí sin, mura bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar a luaitear in aithris (196), thángthas ar an gconclúid gur dócha go ndéanfaí dumpáil agus díobháil arís i gcás na hIndinéise mar a luaitear in aithrisí (127) go (140) agus (211) go (215). De bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, is féidir síneadh a chur leis na bearta atá i bhfeidhm nuair a thagtar ar an gconclúid in imscrúdú gur dócha go ndéanfar dumpáil agus díobháil arís freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá maíomh.

(242)

Thairis sin, luaigh Rialtas na hIndinéise gurb amhlaidh, ós rud é go raibh méid fíorbheag allmhairí ón Indinéis ann, a cheistigh sé cinneadh an Choimisiúin maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar díobháil de bharr na hIndinéise arís agus cinneadh an Choimisiúin na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir leis na hallmhairí ón Indinéis a choinneáil ar bun.

(243)

Tugann an Coimisiún dá aire nár thug Rialtas na hIndinéise aon bharúil uaidh maidir le haon ghné den anailís ar athdhéanamh dumpála agus díobhála a chuirtear i láthair in aithrisí (127) go (140) agus (211) go (215). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin toisc nach raibh bunús leis.

(244)

Luaigh Rialtas na hIndinéise freisin nár chomhoibrigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise leis an imscrúdú sin toisc go raibh díomá orthu faoi chinneadh an Choimisiúin sa chéad imscrúdú ar an athbhreithniú éaga in 2010 (61), nuair a chinn an Coimisiún fós, cé nár aimsigh sé aon dumpáil i gcás PT Golden Sari, gur leanadh den dumpáil i gcás cuid shuntasach de tháirgeoirí na hIndinéise agus chinn an Coimisiún fós bearta frithdhumpála a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuideachta sin.

(245)

In imscrúdú a rinneadh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní féidir leis an gCoimisiún teacht ar chonclúid ach amháin maidir le leanúint de na bearta nó iad a fhoirceannadh. In imscrúdú den sórt sin, ní féidir leis an gCoimisiún leibhéal na mbeart a athrú fiú mura n-aimsítear dumpáil i gcás aon onnmhaireora amháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá maíomh.

(246)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam, a thagann faoi chód CN ex 2929 90 00 (cóid TARIC 2929900010) faoi láthair agus ar de thionscnamh na Síne agus na hIndinéise iad.

2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a mhonaraíonn na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (EUR in aghaidh an chileagraim)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Golden Time Enterprise (Shenzhen) Co. Ltd, Shanglilang, Cha Shan Industrial Area, Buji Town, Shenzhen City, Guangdong Province, Daon-Phoblacht na Síne; Golden Time Chemical (Jiangsu) Co., Ltd, No 88 Panyao Road, Nanjing Chemical Industry Park, Nanjing, Jiangsu Province, Daon-Phoblacht na Síne

0,23

A473

Daon-Phoblacht na Síne

Fang Da Food Additive (Shen Zhen) Limited, Gong Le Industrial Estate, Xixian County, Bao An, Shenzhen, 518102, Daon-Phoblacht na Síne

1,17

A471

Daon-Phoblacht na Síne

Fang Da Food Additive (Yang Quan) Limited, Da Lian Dong Lu, Economic and Technology Zone, Yangquan City, Shanxi 045000, Daon-Phoblacht na Síne

1,17

A472

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

0,26

A999

An Indinéis

PT. Golden Sari (Chemical Industry), Mitra Bahari Blok D1- D2, Jalan Pakin No 1, Sunda Kelapa, Jakarta 14440, an Indinéis

0,24

A502

An Indinéis

Gach cuideachta eile

0,27

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é in [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   I gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (62), déanfar céatadán ar leith a chomhfhreagraíonn do chionroinnt an phraghais iarbhír a íocadh nó an phraghais atá iníoctha a bhaint de mhéid na dleachta frithdhumpála, arna ríomh ar bhonn na méideanna a shocraítear thuas.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí cioglamáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise (IO C 318, 19.12.2002, lch. 7).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 435/2004 ón gComhairle an 8 Márta 2004 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad (IO L 72, 11.3.2004, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 492/2010 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na nIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (IO L 140, 8.6.2010, lch. 2) (“an chéad athbhreithniú éaga”). Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1160 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 192, 16.7.2016, lch. 49) (“an dara hathbhreithniú éaga”).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 398/2012 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2012 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 492/2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, inter alia, iad (IO L 124, 11.5.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 435/2004.

(7)  WT/DS295/AB/R, an 29 Samhain 2005, AB-2005-6.

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí cioglamáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le Fang Da Food Additive (Shen Zhen) Limited agus Fang Da Food Additive (Yang Quan) Limited (IO C 264, 12.8.2015, lch. 32).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1159 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus a tháirgeann Da Food Additive (Shen Zhen) Limited agus Fang Da Food Additive (Yang Quan) Limited (IO L 192, 16.7.2016, lch. 23).

(10)  IO C 344, 16.10.2020, lch. 16.

(11)  Toisc nach ann ach d’aon táirgeoir cioglamáite sóidiam amháin san Aontas, déantar cuid de na sonraí sa Rialachán seo a chur i láthair i raonta nó i bhfoirm innéacs chun rúndacht shonraí an táirgeora san Aontas a chosaint.

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1160.

(13)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad (IO C 284, 16.7.2021, lch. 4).

(14)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2533

(15)  Is é Comext bunachar sonraí tagartha Eurostat le haghaidh staitisticí mionsonraithe maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí.

(16)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/116 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí potaisiam aicéasuilféime de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 19, 28.1.2021, lch. 22)

(18)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 82-88 agus 121-122

(19)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 91-92

(20)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 93-94, 96. An ceart atá ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí an pháirtí. Roimhe seo, ní léir gur cloíodh leis an gceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne, ar bhonn prionsabal polaitiúil, na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear i measc táirgeoirí cioglamáite sóidiam agus soláthróirí na n-ionchur a úsáidtear iontu.

(21)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 97-100.

(22)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 101-104.

(23)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 105-106.

(24)  Rialachán (AE) 2022/116, aithrisí 107-117.

(25)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20.12.2017, ar fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(26)  Féach Roinn 16.2.5. den Tuarascáil.

(27)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta: www.tjbfsp.com (a bhfuarthas rochtain air an 18 Bealtaine 2022).

(28)  Féach: www.news.enorth.com.cn/system/2019/05/13/037219775.shtml (a bhfuarthas rochtain air an 18 Bealtaine 2022).

(29)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin chuideachta sealbhaíochta an Ghrúpa: www.bhqgtz.com/jituanxinwen/jituanxinwen/2021/0412/983.html (a bhfuarthas rochtain air an 18 Bealtaine 2022).

(30)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin chuideachta sealbhaíochta an Ghrúpa: www.bhqgtz.com/jituanxinwen/jituanxinwen/2021/0705/1055.html (a bhfuarthas rochtain air an 18 Bealtaine 2022).

(31)  Féach: www.jianan.gov.cn/jrja/001006/20181228/936cda63-979e-4778-8be8-64fd8e5de48d.html (a bhfuarthas rochtain air an 19 Bealtaine 2022).

(32)  Féach> www.gjxcjkq.xuchang.gov.cn/dwzwn/044006/20120222/052f3659-8118-4505-9ad9-9eeb5f565f28.html

(33)  Féach: www.qixin.com/company/0987a693-1b64-40c5-abb2-f8a59f211ab3 ( a bhfuarthas rochtain air an 19 Bealtaine 2022).

(34)  Féach: https://www.strategic-electrical.com/h020190916/c7d31162-874d-4712-8d55-fe6bc6d2f30b.html (a bhfuarthas rochtain air an 19 Bealtaine 2022)

(35)  Roinn IV.3.1. den phlean. Féach: www.most.gov.cn/xxgk/xinxifenlei/fdzdgknr/fgzc/gfxwj/gfxwj2017/201706/t20170602_133347.html (a bhfuarthas rochtain air an 19 Bealtaine 2022).

(36)  Féach Roinn 12 – Tionscal Éadrom; ar fáil anseo: www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/content_5449193.htm (a bhfuarthas rochtain air an 19 Bealtaine 2022).

(37)  Tuarascáil, Caibidil 10, lgh. 221-230.

(38)  Tuairimí maidir le hathchóiriú an chórais cumhachta leictrí a dhoimhniú a thuilleadh, arna eisiúint an 15 Márta 2015 ag Coiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne agus ag Comhairle an Stáit (ZhongFa [2015] uimh. 9 https://chinaenergyportal.org/en/opinions-of-the-cpc-central-committee-and-the-state-council-on-further-deepening-the-reform-of-the-electric-power-system-zhongfa-2015-no-9/ (a bhfuarthas rochtain air an 8 Aibreán 2022).

(39)  https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/tz/202012/t20201202_1252094.html (a bhfuarthas rochtain air an 8 Aibreán 2022)

(40)  Go háirithe: ‘Tuairisceoidh ranna rialtais, i gcomhar leis an eintiteas a tugadh ar iasacht don Údarás Náisiúnta um Fhuinneamh, don Choimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta agus don Údarás Stáit um Fhuinneamh go tráthúil maidir le conarthaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a shíniú agus maidir le saincheisteanna ábhartha, agus áiritheoidh siad an nasc idir síniú na gconarthaí meántéarmacha agus fadtéarmacha agus an spotchumhacht.’

(41)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncaim, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income

(42)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(43)  https://globalfinancials.com/index-admin.html

(44)  https://www.ajinomoto.com.my/investors/annual-reports

(45)  https://www.ilmia.gov.my/index.php/my/labour-cost

(46)  https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

https://www.tnb.com.my/assets/files/Tariff_Rate_Final_01.Jan.2014.pdf

(47)  https://www.st.gov.my

(48)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(49)  https://www.ilmia.gov.my/index.php/my/labour-cost

(50)  https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

https://www.tnb.com.my/assets/files/Tariff_Rate_Final_01.Jan.2014.pdf

(51)  https://www.st.gov.my

(52)  www.ajinomoto.com.my.

(53)  Tuarascáil Uimh. 4 maidir le Tionscal na Míncheimiceán, Sinolink Securities, an 18 Nollaig 2019, lch. 12. http://www.invest-data.com/eWebEditor/uploadfile/2019122015272136364446.pdf

(54)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1159.

(55)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1160, aithris 61.

(56)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1160, aithris 62.

(57)  In éagmais faisnéis níos beaichte, rinneadh an coigeartú sin trí úsáid a bhaint as an gcóimheas céanna idir an praghas saor ar bord agus an praghas díreach ón monarcha mar a bhí sa athbhreithniú éaga deiridh.

(58)  Rialachán (CE) Uimh. 1627/2003 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2003 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad (IO L 232, 18.9.2003, lch. 12).

(59)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

(60)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(61)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 492/2010.

(62)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).