ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 245

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
22 Meán Fómhair 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1629 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear bearta chun Ceratocystis platani (J.M. Walter) Engelbr. & T.C. Harr. a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe

14

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1630 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe

27

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/1631 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i gcáblaí agus sreanga forsheoltacha ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait agus luaidhe ina naisc leictreacha ( 1 )

45

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/1632 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i bhfeistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh áirithe ( 1 )

48

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1633 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Bulgáire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

52

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2022/1634 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán

56

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-na hEilvéise an 6 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972, arna leasú [2022/1635]

66

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis ( IO L 173, 30.6.2022 )

70

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

CINNTÍ

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/1


CINNEADH (AE) 2022/1628 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meán Fómhair 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)

In earrach 2014 thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe, chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,6 billiún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an teannais a bhí ag méadú ag an teorainn leis an Rúis, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún, i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas de suas le EUR 1 bhilliún de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Ba é an cúnamh sin an chéad chéim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleannáilte ón Aontas suas le EUR 9 mbilliún don Úcráin, a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht dar teideal “Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine” an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022. Is é an Cinneadh seo an dara céim de chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil sin ón Aontas atá beartaithe. Déanann sé bunús a leagan síos chun méid breise suas le EUR 5 bhilliún de chúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin de réir téarmaí ar ardleibhéal lamháltais. Ba cheart cinneadh breise a chur i bhfeidhm lena gcuirtear chun feidhme an tríú céim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleannáilte iomlán ón Aontas go pras i ndiaidh na Treorach seo le haghaidh suas le EUR 3 bhilliún sa bhreis nuair a chinnfear dearadh an chúnaimh sin.

(3)

Is é an cogadh foghach a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 i leith, is cúis leis an gcailleadh rochtain ar an margadh agus an laghdú ollmhór ar an ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach sin, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go bhfuil bearna urghnách mhaoinithe de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh dá mbeadh an tacaíocht idirnáisiúnta a gealladh go dtí seo eisíoctha go hiomlán. Maidir le soláthar pras den chúnamh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoin gCinneadh seo, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, faoi na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Tá an méid breise suas le EUR 5 bhilliún den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin Treoir seo, le tacú le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú agus lena cumas i dtreo téarnamh a chothú, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(4)

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin gCinneadh seo, rannchuideofar go mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a shásamh, riachtanais arna meas ag CAI agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontais á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. Ba cheart tiomantas údaráis na hÚcráine don dlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le bearta éigeandála gearrthéarmacha a cheapadh agus a chur chun feidhme a aithint, mar aon leis an rún atá acu oibriú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le clár eacnamaíoch iomchuí, nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin. Iarradh clár den sórt sin go foirmiúil i mí Lúnasa 2022. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas cobhsaíocht agus athléimneacht mhacrairgeadais a choimeád ar bun faoi imthosca an chogaidh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(5)

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(6)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Níor cheart, de bharr an chogaidh agus go háirithe staid reatha an dlí airm atá ann faoi láthair, cur isteach ar na prionsabail sin, d’ainneoin chomhchruinniú na cumhachta sa bhrainse feidhmiúcháin.

(7)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“an Rialachán Airgeadais”).

(8)

Ba cheart an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a bheith nasctha le ceanglais tuairiscithe dhiana agus le coinníollacha beartais, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana (“MT”). Is é is ceart a bheith d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe dhiana sin, faoi imthosca an chogaidh atá ann faoi láthair, a áirithiú go ndéanfar na cistí a úsáid ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus cuntasach. Maidir le coinníollacha beartais, ar ceart é a bheith d’aidhm acu athléimneacht láithreach na hÚcráine a neartú mar aon lena hinbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach, agus ar an gcaoi sin, na rioscaí a bhaineann le haisíoc a hoibleagáidí airgeadais gan íoc, agus na hoibleagáidí airgeadais a bheidh ann amach anseo, a laghdú.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(10)

Ba cheart meánaibíocht uasta 25 bliana a bheith ag na hiasachtaí a chuirtear ar fáil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 le chéile.

(11)

Ós rud é go dtugann na hiasachtaí faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 na rioscaí céanna le fios maidir le buiséad an Aontais agus gur cheart an mheánaibíocht 25 bliana a bheith acu, ba cheart méid iomlán de EUR 6 bhilliún de chúnamh macrairgeadais an Aontais don Úcráin faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, a chumhdach le modheolaíocht chomhchoiteann chun na himpleachtaí airgeadais agus buiséadacha a bhainistiú. Ba cheart, go háirithe, an leibhéal céanna cumhdaigh bhuiséadaigh a bhunú mar chosaint leordhóthanach ar an bhféidearthacht nach ndéanfadh an Úcráin cuid de na hiasachtaí nó na hiasachtaí go léir a aisíoc ag an am sceidealaithe. Na soláthairtí a cuireadh ar fáil ó bhuiséad an Aontais i gcoinne an dá shraith iasachtaí a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart iad a bhainistiú mar shraith chomhtháite soláthairtí. Le bainistíocht den sórt sin, cuirfear feabhas ar athléimneacht agus ar sholúbthacht bhuiséad an Aontais mar fhreagairt ar aon chás neamhíocaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2022/1201 a leasú dá réir.

(12)

Dliteanas airgeadais don Aontas is ea an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 laistigh de mhéid foriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Maidir le suim iomlán na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin ar luach suas le EUR 6 bhilliún, ba cheart gur chun tairbhe na suime sin an soláthar íoctha 9 % atá ar fáil le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Ba cheart méid an tsoláthair a mhaoiniú as an imchlúdach airgeadais arna chlárú le haghaidh cúnamh macrairgeadais faoi Rialachán (AE) 2021/947 le haghaidh méid iomlán soláthair de EUR 540 milliún. Ba cheart an méid sin a ghealladh agus a íoc isteach sa chiste don soláthar coiteann faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027, a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (8).

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais, measfar gur dliteanais inbhuanaithe iad na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha nó as cúnamh airgeadais arna n-íoc ó bhuiséad an Aontais má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (9). Chun cur ar chumas an Aontais tacaíocht shuntasach a thabhairt don Úcráin tríd an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas i méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar bhealach atá sábháilte ó thaobh airgeadais de, agus seasamh ard creidmheasa an Aontais á chaomhnú san am céanna, agus, dá bhrí sin, a chumas maoiniú éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthéacs a bheartas inmheánach agus seachtrach araon, tá sé ríthábhachtach buiséad an Aontais a chosaint go leormhaith ar theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach sin agus a áirithiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, de réir bhrí Airteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais.

(14)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart an ciste don soláthar coiteann a dhaingniú trí mhodhanna a bheadh i gcomhréir leis na rioscaí a eascraíonn as na dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas seo d’aon tairbhí amháin, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Gan daingniú den sórt sin, ní bheadh buiséad an Aontais in ann, ar bhonn sábháilte ó thaobh airgeadais de, an méid mór cúnaimh a chur ar fáil, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, chun freastal ar riachtanais na hÚcráine de bharr an chogaidh. Chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart go mbainfeadh na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin ar luach suas le EUR 6 bhilliún tairbhe as cumhdach 70 % trí sholáthar íoctha (ar leibhéal 9 %) a d’fhéadfaí a fhorlíonadh le ráthaíochtaí ó na Ballstáit chun cumhdach buiséadach a chur ar fáil le haghaidh caillteanais suas le 61 % eile de luach na n-iasachtaí.

(15)

Tá na hacmhainní faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 faoi bhrú mór i bhfianaise thosaíochtaí caiteachais foriomlána an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, réiteach eile a lorg maidir le hacmhainní breise, réiteach nach ndéanfadh difear don ghnáthchaiteachas dá bhforáiltear i gclárú airgeadais chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027.

(16)

Táthar tar éis ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a shainaithint mar uirlis iomchuí chun cosaint a chur ar fáil sa bhreis ar an soláthar íoctha tosaigh. Ba cheart ráthaíochtaí ó na Ballstáit a chur ar fáil go deonach agus ba cheart na ráthaíochtaí sin a bheith ina gcúlstop iomchuí lena dtacófar le buiséad an Aontais tar éis do na soláthairtí sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 a bheith tarraingthe anuas nó go bhfuil an méid sin le tarraingt anuas ina n-iomláine. Ba cheart na ranníocaíochtaí faoi na ráthaíochtaí sin a áireamh i méid an dliteanais airgeadais údaraithe de mhaolú ar Airteagal 211(1), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais. Ba cheart na méideanna sin a chur san áireamh i ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, de mhaolú ar Airteagal 211(4), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais.

(17)

Na ráthaíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit, ba cheart a chumhdach leo an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 (“cúnamh macrairgeadais faoi chumhdach”). Ba cheart na ráthaíochtaí sin a bheith neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach agus ar éileamh. Ba cheart na ráthaíochtaí sin cumas an Aontais a áirithiú chun na cistí a fuarthas ar iasacht sna margaí caipitil nó ó na hinstitiúidí airgeadais a aisíoc. Níor cheart iad a ghlaoch ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha dochta, a bhaineann le leordhóthanacht na bhforálacha atá ar fáil, agus i gcás nach bhfaigheadh an tAontas íocaíocht ón Úcráin as na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil arna ndeonú faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach in am chun oibleagáidí airgeadais an Aontais ó bhannaí a shásamh nó i gcás ina modhnófaí sceideal íocaíochta na n-iasachtaí arna ndeonú faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach. Ba cheart ráthaíochtaí a sholáthraíonn na mBallstát a ghlaoch le haghaidh méid a chomhfhreagraíonn don mhéid arna eascairt as caillteanais ar chúnamh airgeadais don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach agus chun an ciste don soláthar coiteann a athshlánú go dtí an leibhéal riachtanach soláthair íoctha. Níor cheart na glaonna faoi ráthaíochtaí na mBallstát a dhéanamh ach amháin tar éis an méid an tsoláthair tosaigh a cuireadh i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach a bheith tarraingthe anuas, nó go bhfuil an méid sin le tarraingt anuas ina n-iomláine. Maidir le méideanna a aisghabhadh faoi na comhaontuithe iasachta i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, ba cheart na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit a chomhlíon na glaonna ráthaíochta, de mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

(18)

Maidir le híocaíocht oibleagáidí airgeadais an Aontais arna n-eascairt as bannaí le haghaidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, má rinneadh an íocaíocht sin, go sealadach, trí sholáthairtí a cuireadh i leataobh sa chiste don soláthar coiteann chun dliteanais airgeadais eile an Aontais a chumhdach, féadfar an glao ar ráthaíochtaí a sholáthraíonn ag na Ballstát a úsáid chun soláthar na ndliteanas airgeadais sin a athshlánú.

(19)

I bhfianaise chineál eisceachtúil an chúnaimh macrairgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na ráthaíochtaí, is iomchuí na soláthairtí arna sealbhú a bhainistiú i gcoinne na ndliteanas airgeadais a eascraíonn as an gcúnamh macrairgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach agus i gcás aon eisíocaíocht tar éis an 15 Iúil 2022 d’iasachtaí arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus an bainistiú sin a bheith scartha ó bhainistiú aon dliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus faoin gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, go n-úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann le haghaidh dliteanais airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, agus lena n-aghaidh sin amháin, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Thairis sin, is iomchuí freisin go n-úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na hiasachtaí arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE a íocadh tar éis an 15 Iúil 2022 le haghaidh na ndliteanas airgeadais ó na hiasachtaí sin, agus le haghaidh na ndliteanas sin amháin, agus go gcuirfear rialacha an Rialacháin Airgeadais i bhfeidhm maidir leis an soláthar, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Mar chomhlánú ar an méid sin, ba cheart an soláthar a chuirtear i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo a eisiamh ó chur i bhfeidhm an ráta soláthair éifeachtaigh, de mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais.

(20)

Ba cheart sciar coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit (treoir ranníoca) sa mhéid foriomlán ráthaithe a bheith ag freagairt do sciartha coibhneasta na mBallstát d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais. Ba cheart na glaonna ar an ráthaíocht a dhéanamh pro rata agus an treoir ranníoca sin á cur i bhfeidhm.

(21)

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit a nósanna imeachta náisiúnta i gcrích chun go dtiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm mar ábhar ardtosaíochta. I bhfianaise a phráinní atá an staid, níor cheart go gcuirfeadh an t-am is gá chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích moill ar eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gCinneadh seo, cúnamh a bhfuil géarghá leis. Déanfar na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais breise faoin gCinneadh seo a shocrú go pras ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, ar ghlacadh MT agus ar shíniú an chomhaontaithe iasachta.

(22)

I bhfianaise na staide deacra mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a bealach i dtreo cobhsaíocht fhadtéarmach, is iomchuí maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e) den Rialachán Airgeadais agus a cheadú go mbeidh d’fhéidearthacht ag an Aontas na costais ráta úis a bhaineann leis na hiasachtaí faoin gCinneadh seo a chumhdach agus na costais riaracháin a bheadh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú go heisceachtúil mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais agus ba cheart é a íoc as buiséad an Aontais, le linn thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 ar a laghad. Le linn na tréimhse ó 2021 go dtí 2027, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947.

(23)

Ba cheart Úcráin a bheith in ann an fóirdheontas ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain faoi dheireadh mhí an Mhárta. Ionas go mbeadh solúbthacht ann maidir le haisíoc na príomhshuime, ba cheart é a bheith indéanta freisin na hiasachtaí gaolmhara a ndearnadh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais.

(24)

Agus aghaidh á tabhairt aige ar riachtanais phráinneacha mhaoinithe na hÚcráine, chomhaontaigh an Coimisiún, i mí Iúil 2022, athrú cuspóra a dhéanamh maidir le hiasachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1,59 billiún sa bhreis agus iad a eisíoc don Úcráin, iasachtaí arna ráthú faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh 2014-2020. Mar sin féin, ós rud é gur iasachtaí iad sin le haghaidh eintitis cheannasacha na hÚcráine agus le haghaidh eintitis atá faoi úinéireacht stáit, tá an leibhéal céanna riosca ag baint leo maidir le buiséad an Aontais agus atá ag baint le hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart buiséad an Aontais an cur chuige céanna réamhchúraim a ghlacadh i leith na neamhchosanta sin is a ghlacann sé i leith na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach. Dá bhrí sin, cuireann an Cinneadh seo ráta soláthair 70 % i bhfeidhm maidir leis an EUR 1,59 billiún d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir agus maidir le haon eisíocaíocht eile d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh leis an Úcráin. Ba cheart feidhm a bheith ag an ráta soláthair sin in ionad an ráta soláthair atá ann a leagtar amach in Airteagal 31(8), an tríú habairt, de Rialacháin (AE) 2021/947. Is ó bhuiséad an Aontais a mhaoineofar an soláthar 70 % d’eisíocaíocht na n-iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1,59 billiún leis an Úcráin.

(25)

Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an soláthar le haghaidh na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais agus na n-iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta faoi seach gach 6 mhí, agus tús a chur leis sin an 30 Meitheamh 2023 nó níos luaithe, más iomchuí. Ba cheart a mheas san athbhreithniú sin, go háirithe, cé acu atá nó nach bhfuil athrú tagtha ar staid na hÚcráine ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh gá leis an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú. D’fhéadfadh an Coimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an ráta soláthair ar bhonn ad hoc, go háirithe má tá teagmhas suntasach ábhartha ina údar leis sin. Chun a áirithiú go mbeidh an ráta soláthair leordhóthanach fós maidir leis na rioscaí airgeadais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(27)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.

(28)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CÚNAMH MACRAIRGEADAIS EISCEACHTÚIL ÓN AONTAS

Airteagal 1

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil d’uasmhéid EUR 5 000 000 000 a chur ar fáil don Úcráin (“an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas”) d’fhonn tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin. Rannchuideofar leis le bearna mhaoinithe na hÚcráine a chumhdach mar a shainaithnítear í i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

2.   Chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 le chéile.

3.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar fáil ag tosú ar an lá tar éis theacht i bhfeidhm MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus le linn na tréimhse infhaighteachta a leagtar amach ann, fiú mura bhfuil na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II, Roinn 1, den Chinneadh seo soláthartha go fóill.

4.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

Airteagal 2

Réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas

1.   Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus na himthosca san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí airm ann á gcur san áireamh freisin.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (12).

Airteagal 3

Meabhrán Tuisceana

1.   Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin coinníollacha beartais a bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas nasctha leo. Déanfar na coinníollacha beartais a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana (“MT”).

2.   Áireofar in MT na ceanglais tuairiscithe a glacadh faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na húsáide a bhainfear as an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

3.   Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún, go eatraimh thráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

Airteagal 4

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a scaoileadh

1.   Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil i dtráthchodanna, a mbeidh gach ceann díobh ina hiasacht. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1) a urramú;

(b)

cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a chomhaontaítear in MT;

(c)

i gcás an dara tráthchuid agus na dtráthchodanna ina dhiaidh sin, dul chun cinn sásúil i gcur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT.

Sula ndéanfar uasmhéid chúnamh macrairgeadais an Aontais a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a leagtar amach in MT.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

5.   Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine, i bprionsabal, a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú in MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin bhuiséadaigh iarmharach, féadfar cistí an Aontais a eisíoc chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deiridh.

Airteagal 5

Oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

1.   Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

2.   I gcás inar gá, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara arna ndéanamh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh.

Airteagal 6

Fóirdheontas ráta úis

1.   De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na n-iasachtaí faoin gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

3.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947 a úsáid chun costais na n-íocaíochtaí úis a bhaineann le cúnamh macrairgeadais ón Aontas le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a chumhdach mar fhóirdheontas ráta úis.

Airteagal 7

Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

Airteagal 8

Measúnú ar chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas

Le linn chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, déanfaidh an Coimisiún a athmheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh. Féadfar an measúnú oibríochtúil sin a dhéanamh in éineacht leis an measúnú oibríochtúil dá bhforáiltear faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

CAIBIDIL II

AN CISTE DON SOLÁTHAR COITEANN A DHAINGNIÚ

Roinn 1

Ráthaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201

Airteagal 9

Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

1.   Féadfaidh na Ballstáit an soláthar i leith cúnamh macrairgeadais a choimeádtar sa Chiste don Soláthar Coiteann a chomhlánú trí ráthaíochtaí a sholáthar suas le méid iomlán EUR 3 660 000 000 i leith an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin faoi Airteagal 1 den Chinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 (“an cúnamh macrairgeadais faoi chumhdach”).

2.   Má dhéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, soláthrófar iad i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh trí chomhaontú ráthaíochta a bheidh le tabhairt i gcrích leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   Beidh sciar coibhneasta ranníocaíocht an Bhallstáit lena mbaineann (treoir ranníoca) den mhéid dá dtagraítear i mír 1 ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit sin d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais, de thoradh ar cheannteideal “Ioncam Ginearálta” an bhuiséid do 2022, Cuid A, (“Buiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, Réamhrá”), Tábla 4, colún (1), a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach an 24 Samhain 2021 (13).

4.   Tiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm maidir le gach Ballstát ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 10

Comhaontuithe ráthaíochta

Tabharfaidh an Coimisiún i gcrích comhaontú ráthaíochta le gach Ballstát a sholáthraíonn ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9. Leis an gcomhaontú sin, leagfar amach na rialacha lena rialófar an ráthaíocht, rialacha a bheith mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile, lena n-áirítear, go háirithe, forálacha:

(a)

lena leagtar síos an oibleagáid ar na mBallstát glaonna ráthaíochta arna ndéanamh ag an gCoimisiún a urramú i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach, nuair a bheidh méideanna iomlána an tsoláthair tosaigh nó athshlánaithe ina dhiaidh sin, a cuireadh ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i leith an dliteantais airgeadais a eascraíonn as an gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach tarraingthe anuas nó nuair a bheidh na méideanna sin le tarraingt anuas go hiomlán;

(b)

lena n-áirithítear go ndéantar na glaonna ráthaíochta pro rata agus an treoir ranníoca dá dtagraítear in Airteagal 9(3) á cur i bhfeidhm;

(c)

ar coinníoll go n-áirithíonn na glaonna ráthaíochta cumas an Aontais na cistí a fuarthas ar iasacht, de bhun Airteagal 1(2), sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, a aisíoc tar éis neamhíocaíocht ar thaobh na hÚcráine, fiú má bhí coinne leis an neamhíocaíocht, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar athruithe ar sceideal íocaíochta, cibé cúis atá leis sin, chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuil coinne leo;

(d)

lena n-áirithítear go bhféadfar na glaonna ráthaíochta a úsáid chun an ciste don soláthar coiteann a athshlánú le haghaidh soláthar i gcás inar tarraingíodh anuas é i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach;

(e)

lena n-áirithítear go leanann Ballstát nár urramaigh glao de bheith faoi dhliteanas é a urramú;

(f)

maidir leis na coinníollacha íocaíochta.

Roinn 2

Soláthar an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach agus roinnt dliteanas airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin

Airteagal 11

Soláthar an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach

1.   I gcás an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach, beidh feidhm ag ráta soláthair 70 % in ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947. Mar sin féin, coinneofar leibhéal an tsoláthair a íoctar isteach sa chiste don soláthar coiteann ag 9 % den dliteanas gan íoc ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, agus má tharraingítear anuas é, déanfar é a athshlánú, gan dochar d’Airteagal 10, pointe (a), den Chinneadh seo, go dtí go dtarraingeofar go hiomlán ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Beidh méideanna a thagann ó ghlaonna ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9 ina n-ioncam sannta seachtrach maidir leis na dliteanais airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach a aisíoc agus le haghaidh íocaíochtaí leis an gciste don soláthar coiteann i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii) den Rialachán Airgeadais.

3.   De mhaolú ar Airteagal 211(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, den Rialachán Airgeadais, áireofar méid na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) i méid an dliteanais airgeadais údaraithe. De mhaolú ar Airteagal 211(4), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, cuirfear méideanna an tsoláthair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo san áireamh maidir le ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach.

4.   De mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais, maidir leis na méideanna a aisghabhtar ón Úcráin i ndáil leis na cúnaimh macrairgeadais faoi chumhdach, leis na méideanna sin, ní rannchuideofar leis an soláthar suas le méid na nglaonna ráthaíochta a chomhlíonann na Ballstáit de bhun Airteagal 10, pointe (a), den Chinneadh seo. Déanfar na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit sin.

Airteagal 12

An soláthar a dhaingniú i leith roinnt dliteanas airgeadais san Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE

1.   De mhaolú ar an tríú habairt d’Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, beidh feidhm ag an ráta soláthair 70 % maidir le méideanna iasachta arna eisíoc tar éis an 15 Iúil 2022 faoi oibríochtaí maoiniúcháin de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) san Úcráin arna síniú ag BEI roimh an 31 Nollaig 2021 agus arna ráthú ag an Aontas i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE (“an dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin”) agus beidh feidhm ag Airteagail 211, 212 agus 213 den Rialachán Airgeadais, faoi réir Airteagail 13 agus 14 den Chinneadh seo.

2.   Chun críocha Airteagal 211(1), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, faoin 31 Nollaig 2027, sroichfidh an soláthar an leibhéal a chomhfhreagraíonn don ráta soláthair arna chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán na ndliteanas gan íoc ó dhliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

Airteagal 13

Measúnú ar leordhóthanacht an ráta soláthair agus nós imeachta athbhreithnithe

1.   Gach 6 mhí ag tosú an 30 Meitheamh 2023 ar aghaidh, agus aon uair a thagann an Coimisiún ar an gconclúid go léirítear le cúiseanna nó imeachtaí eile gur gá é a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil forbairtí nua ann a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leordhóthanacht an ráta soláthair ar bhealach marthanach agus fóinteach, lena n-áirítear ráta an tsoláthair íoctha, dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12. Sainaithneoidh an Coimisiún go háirithe gurb ann d’athrú mór leanúnach ar phróifíl riosca creidmheasa na neamhchosaintí sin trí bhíthin sonraí a bhaineann le tréimhse 2 bhliain ar a laghad.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Airteagail 11 agus 12 a leasú chun an ráta soláthair a choigeartú, go háirithe chun na forbairtí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú.

Airteagal 14

Soláthar arna choinneáil sa chiste don soláthar coiteann

1.   In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach.

In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ó na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin gCiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach.

2.   De mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar arna chur i leataobh sa choiste don soláthar coiteann i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach agus na ndliteanas airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, is é a bheidh in aon bharrachas soláthair dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Chinneadh seo ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ar ioncam é den chlár cúnaimh sheachtraigh faoina bhfuil an Úcráin incháilithe.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 23 Meán Fómhair 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Tuarascáil bhliantúil

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil, measúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Chaibidil I an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2);

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach in MT, staid mhacrairgeadais leanúnach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna chúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

CAIBIDIL IV

LEASUITHE AR CHINNEADH (AE) 2022/1201 AGUS FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 18

Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2022/1201

Leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2), an dara habairt:

“Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí faoi mhír 1 agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) le chéile.”.

(*1)  Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 21.9.2022, lch. 1).;"

(2)

scriostar Airteagal 7.

Airteagal 19

Foráil chríochnaitheach

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022.

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(10)  Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanais faoi oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(13)  IO L 45, 24.2.2022.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1629 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2022

lena mbunaítear bearta chun Ceratocystis platani (J.M. Walter) Engelbr. & T.C. Harr. a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 28(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), i gCuid B d’Iarscríbhinn II, leagtar síos liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais is eol a bheith ann i gcríoch an Aontais.

(2)

Áirítear Ceratocystis platani (J.M. Walter) Engelbr. & T.C. Harr. (“an lotnaid shonraithe”) ar an liosta sin, toisc gur eol é a bheith ann i gcodanna áirithe de chríoch an Aontais, agus go mbíonn tionchar suntasach aige ar phlandaí Platanus L. (“na plandaí sonraithe”) agus ar adhmad Platanus L. (“an adhmad sonraithe”), arb iad príomhóstaigh na lotnaide sin.

(3)

Léirítear leis na suirbhéanna a rinneadh de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/2031 nach bhfuil sé indéanta a thuilleadh an lotnaid shonraithe a dhíothú i limistéir chríochaithe áirithe.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú chun an lotnaid shonraithe a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe sin, limistéir ina mbeidh criosanna ionfhabhtaithe agus criosanna maolánacha. Ba cheart na bearta sin a bheith i gcomhréir leis an bhfianaise theicniúil agus eolaíoch atá ar fáil maidir leis na plandaí sonraithe agus an adhmad sonraithe.

(5)

Ba cheart do na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt chun a áirithiú go mbeidh an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla a mbaineann na bearta imshrianta sna limistéir chríochaithe leo ar an eolas faoi na bearta atá curtha i bhfeidhm agus faoi theorannú na limistéar críochaithe chun na críche sin.

(6)

Mar sin féin, má aimsítear an lotnaid shonraithe i gcrios maolánach timpeall ar chrios ionfhabhtaithe atá faoi réir bearta chun an lotnaid shonraithe a imshrianadh, ba cheart don údarás inniúil limistéar críochaithe nua a bhunú dá thoradh sin, limistéar ina dtabharfaí faoi dhíothú.

(7)

Suirbhéanna bliantúla ar láithreacht na lotnaide sonraithe, mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (3), ba cheart iad a dhéanamh chun a áirithiú go mbraithfear an lotnaid shonraithe go luath i limistéir de chríoch an Aontais nach eol an lotnaid shonraithe a bheith i láthair iontu. Ba cheart na suirbhéanna sin a bheith bunaithe ar an gcárta suirbhé lotnaide ar an lotnaid shonraithe a fhoilsíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, toisc go gcuirtear san áireamh ann na forbairtí eolaíochta agus teicniúla is déanaí.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta chun Ceratocystis platani (J.M. Walter) Engelbr. & T.C. Harr. a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe sin nach bhfuil sé indéanta é a dhíothú uathu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an lotnaid shonraithe”Ceratocystis platani (J.M. Walter) Engelbr. & T.C. Harr.;

(2)

ciallaíonn “na plandaí sonraithe” plandaí den ghéineas Platanus L. seachas síolta;

(3)

ciallaíonn “an t-adhmad sonraithe” adhmad den ghéineas Platanus L.;

(4)

ciallaíonn “an limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh” limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn I, limistéar nach féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú uaidh;

(5)

ciallaíonn “an cárta suirbhé lotnaide” an foilseachán “Cárta suirbhé lotnaide ar Ceratocystis platani” (4) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia.

Airteagal 3

Limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh a bhunú

Bunóidh na húdaráis inniúla na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh na lotnaide sonraithe, limistéir ina mbeidh crios ionfhabhtaithe agus crios maolánach a bhfuil leithead 1 km ar a laghad aige timpeall an chreasa ionfhabhtaithe.

Airteagal 4

Bearta laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh

1.   Sna criosanna ionfhabhtaithe, áiritheoidh na húdaráis inniúla na rudaí seo a leanas:

(a)

go mbainfear plandaí sonraithe agus adhmad sonraithe atá ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe roimh an gcéad séasúr fáis eile, agus cuirfear i bhfeidhm bearta iomchuí chun leathadh na lotnaide sonraithe ag an stumpa, ag min sáibh, ag codanna adhmaid agus ag smionagar ithreach ar an láithreán leagtha a chosc agus áiritheofar a scriosadh ag saoráidí cóireála iomchuí;

(b)

go gcuirfear toirmeasc ar ghluaiseacht adhmaid shonraithe a dhéanfaí de thoradh plandaí sonraithe atá ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe a bhaint den chrios ionfhabhtaithe, seachas sna cásanna seo a leanas:

(i)

i gcás nach bhfuil saoráid cóireála iomchuí ar fáil laistigh den chrios ionfhabhtaithe;

(ii)

i gcás ina ndéantar an chóireáil sa tsaoráid cóireála is gaire lasmuigh den chrios ionfhabhtaithe atá in ann an chóireáil a dhéanamh; agus

(iii)

i gcás ina ndéantar an iompar faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil agus laistigh d’fheithiclí iata, lena n-áirithítear go gcuirfear cosc ar dhoirteadh an adhmaid shonraithe agus nach féidir leis an lotnaid shonraithe leathadh;

(c)

go gcuirfear toirmeasc ar phlandú plandaí sonraithe sna criosanna ionfhabhtaithe atá i gceist, seachas na plandaí sin is eol iad a bheith frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe;

(d)

go gcuirfear toirmeasc ar bhaint agus iompar ithreach ó chrios ionfhabhtaithe go criosanna eile, ach amháin má cuireadh i bhfeidhm cóireáil iomchuí roimhe sin chun a áirithiú go mbeidh sé saor ón lotnaid shonraithe;

(e)

go ndéanfar uirlisí prúnála agus innealra a ghlanadh agus a dhíghalrú sula ndéanfaidh siad teagmháil leis na plandaí sonraithe nó a n-ithir, agus i ndiaidh na teagmhála sin; agus

(f)

go gcóireálfar loit phrúnála le cóireálacha coisctheacha iomchuí, i gcás prúnáil plandaí sonraithe.

2.   Sna criosanna maolánacha, áiritheoidh na húdaráis inniúla na rudaí seo a leanas:

(a)

go gcuirfear toirmeasc ar phlandú plandaí sonraithe sa chrios maolánach, seachas na plandaí sin is eol iad a bheith frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe;

(b)

go ndéanfar uirlisí prúnála agus innealra a ghlanadh agus a dhíghalrú sula ndéanfaidh siad teagmháil leis na plandaí sonraithe nó a n-ithir, nó le hadhmad sonraithe, agus i ndiaidh na teagmhála sin; agus

(c)

go gcóireálfar loit phrúnála le cóireálacha coisctheacha iomchuí, i gcás prúnáil plandaí sonraithe.

3.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil an lotnaid shonraithe ann sa chrios maolánach, beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.

4.   Laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, déanfaidh na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta a ghlacfar chun a leathadh lasmuigh de na limistéir sin a chosc.

Cuirfidh na húdaráis inniúla an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann ar an eolas faoi theorannú an limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh.

Airteagal 5

Suirbhéanna

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na suirbhéanna dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3, agus an fhaisnéis dá dtagraítear ar an gcárta suirbhé lotnaide á cur san áireamh.

2.   Déanfaidh siad suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla ar láithreacht na lotnaide sonraithe i limistéir de chríoch an Aontais nach eol an lotnaid shonraithe a bheith i láthair iontu ach ina bhféadfadh sí a bheith bunaithe.

3.   I gcriosanna maolánacha na limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh, déanfaidh siad suirbhéanna bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, chun láithreacht na lotnaide sonraithe a bhrath.

Áireofar sna suirbhéanna sin:

(a)

scrúduithe amhairc ar na plandaí sonraithe chun an lotnaid shonraithe a bhrath; agus

(b)

sampláil agus tástáil, i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil an lotnaid shonraithe ann.

Beidh na suirbhéanna sin níos déine ná na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 2, agus déanfar níos mó scrúduithe amhairc agus, i gcás inarb iomchuí, sampláil agus tástáil mar chuid de na suirbhéanna sin.

Airteagal 6

Tuairisciú

Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid na mBallstát eile torthaí na suirbhéanna a rinneadh, sa bhliain féilire roimhe sin, de bhun:

(a)

Airteagal 5(2) den Rialachán seo, agus úsáid á baint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231;

(b)

Airteagal 5(3) den Rialachán seo, agus úsáid á baint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir leis an bhformáid agus na treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar thorthaí na suirbhéanna agus maidir le formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).

(4)  Pest survey card on Ceratocystis platani [Cárta suirbhé lotnaide ar Ceratocystis platani]. Foilseachán tacaíochta EFSA 2021:EN-6822. doi:10.2903/sp.efsa.2021.EN-6822. Le fáil ar líne: https://arcg.is/15CyXW


IARSCRÍBHINN I

Liosta na limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh dá dtagraítear in Airteagal 2

An Fhrainc

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (DA)

Crios an DA

Réigiún

Bardais nó teorannuithe eile riaracháin/geografacha

1.

Canal du Midi et Canal de la Robine

Crios ionfhabhtaithe

Aude (11)

100 m ar gach taobh den chanáil sna bardais seo a leanas: Alzonne; Argeliers; Argens-Minervois; Azille; Blomac; Bram; Carcassonne; Castelnaudary; Caux-et-Sauzens; Ginestas; Homps; La Redorte; Lasbordes; Marseillette; Mirepeisset; Montréal; Moussan; Narbonne; Ouveillan; Paraza; Pexiora; Pezens; Puichéric; Roubia; Saint-Martin-Lalande; Saint-Nazaire-d’Aude; Sainte-Eulalie; Sallèle d’Aude; Trèbes; Ventenac-en-Minervois; Villalier; Villedubert; Villemoustaussou; Villepinte; Villesèquelande

Hérault (34)

100 m ar gach taobh den chanáil sna bardais seo a leanas: Agde; Béziers; Capestang; Cers; Colombiers; Cruzy; Nissan-lez-Ensérune; Olonzac; Poilhes; Portiragnes; Quarante; Vias; Villeneuve-les-Béziers

Crios maolánach

Aude (11)

1 km thart ar an gcrios ionfhabhtaithe sna bardais seo a leanas: Alzonne; Argeliers; Argens-Minervois; Arzens; Azille; Badens; Bages; Baraigne; Barbaira; Berriac; Blomac; Bouilhonnac; Bram; Canet; Capendu; Carcassonne; Castelnau d’Aude; Castelnaudary; Caux-et-Sauzens; Conques sur Orbiel; Cuxac d’Aude; Floure; Fonties d’Aude; Ginestas; Gruissan; Homps; La Redorte; Labastide-d-Anjou; Lasbordes; Lézignan Corbières; Marseillette; Mas-saintes-Puelles; Mirepeisset; Mireval Lauragais; Montferrand; Montréal; Moussan; Narbonne; Ouveillan; Paraza; Pennautier; Pexiora; Peyriac de Mer; Pezens; Port-la-Nouvelle; Puichéric; Raissac d’Aude; Roquecourbe Minervois; Roubia; Rustiques; Saint-Couat d’Aude; Sainte-Eulalie; Sainte-Valière; Saint-Marcel sur Aude; Saint-Martin-Lalande; Saint-Nazaire-d’Aude; Sallèle d’Aude; Sigean; Tourouzelle; Trèbes; Ventenac Cabardès; Ventenac-en-Minervois; Villalier; Villedubert; Villemoustaussou; Villepinte; Villesèquelande

Hérault (34)

1 km thart ar an gcrios ionfhabhtaithe sna bardais seo a leanas: Agde; Béziers; Capestang; Cers; Colombiers; Cruzy; Marseillan; Montady; Montels; Montouliers; Nissan-lez-Ensérune; Olonzac; Poilhes; Portiragnes; Quarante; Sauvian; Sérignan; Vias; Villeneuve-les-Béziers

2.

Adour et affluents

Crios ionfhabhtaithe

Hautes-Pyrénées (65)

Andrest; Ansost; Artagnan; Aureilhan; Aurensan; Auriébat; Barbachen; Bazet; Bazillac; Bordères-sur-l’Échez; Bours; Caixon; Camalès; Escondeaux; Estirac; Gayan; Gensac; Horgues; Lafitole; Lagarde; Laloubère; Larreule; Liac; Marsac; Maubourguet; Monfaucon; Nouilhan; Odos; Oursbelille; Pujo; Rabastens-de-Bigorre; Saint-Lézer; Sarniguet; Sarriac-Bigorre; Sauveterre; Ségalas; Séméac; Siarrouy; Sombrun; Soues; Talazac; Tarbes; Tostat; Ugnouas; Vic-en-Bigorre; Villenave-près-Marsac

Gers (32)

Haget

Crios maolánach

Hautes-Pyrénées (65)

Castelnau-Rivière-Basse; Caussade-Rivière; Hères; Labatut-Rivière; Villefranque

1 km thart ar an gcrios ionfhabhtaithe sna bardais seo a leanas: Barbazan-Debat; Boulin; Buzon; Castéra-Lou; Chis; Dours; Ibos; Juillan; Lacassagne; Lahitte-Toupières; Lascazères; Lescurry; Louey; Momères; Mingot; Orleix; Orois; Pintac; Saint-Martin; Salles-Adour; Sanous; Sarrouilles; Tarasteix

Gers (32)

Armentieux; Jû-Belloc; Ladevèze-Ville; Tieste-Uragnoux

1 km thart ar an gcrios ionfhabhtaithe sna bardais seo a leanas: Beccas; Betplan; Cazeaux-Villecomtal; Malabat; Marciac; Montégut-Arros; Saint-Justin; Sembouès; Villecomtal-Sur-Arros

Pyrénées-Atlantique (Région Nouvelle-Aquitaine)

1 km thart ar an gcrios ionfhabhtaithe sna bardais seo a leanas: Castéide-Doat; Labatut; Lamayou; Moncaup; Montaner; Monségur

3.

Vaucluse/Bouches-du-Rhône/Var

Crios ionfhabhtaithe

Bouches du Rhône (13)

Aix-en-Provence; Allauch; Arles; Aubagne; Auriol; Barbentane; Berre-l’Etang; Cabannes; Cadolive; Carry-le-Rouet; Ceyreste; Châteaurenard; Cornillon-Confoux; Cuges-les-Pins; Eygalières; Eyguières; Eyragues; Fuveau; Gémenos; Gignac-la-Nerthe; Grans; Graveson; Gréasque; Istres; Jouques; La Bouilladisse; La Ciotat; La Destrousse; La Fare-les-Oliviers; La Penne-sur-Huveaune; Lamanon; Lambesc; Le Tholonet; Les Pennes-Mirabeau; Maillane; Mallemort; Marignane; Marseille; Martigues; Mas-Blanc-des-Alpilles; Maussane-les-Alpilles; Meyrargues; Meyreuil; Mollégès; Mouriès; Noves; Orgon; Pélissanne; Peyrolles-en-Provence; Plan-de-Cuques; Plan-d’Orgon; Port-de-Bouc; Port-Saint-Louis-du-Rhône; Puyloubier; Rognonas; Roquevaire; Saint-Andiol; Saint-Chamas; Saint-Etienne-du-Grès; Saint-Martin-de-Crau; Saint-Rémy-de-Provence; Saint-Victoret; Salon-de-Provence; Sénas; Simiane-Collongue; Tarascon; Trets; Velaux; Venelles; Ventabren; Verquiéres; Vitrolles

Var (83)

Cogolin; Draguignan; Hyères; La Garde; La Londe-les-Maures; La Seyne-sur-Mer; Le Beausset; Le Luc; Les Arcs; Pignans; Saint-Cyr-sur-Mer; Saint-Maximin-la-Sainte-Baume; Saint-Tropez; Saint-Zacharie; Toulon

Vaucluse (84)

Althen-des-Paluds; Apt; Avignon; Beaumes-de-Venise; Bédarrides; Bonnieux; Cadenet; Caderousse; Camaret-sur-Aigues; Carpentras; Caumont-sur-Durance; Cavaillon; Châteauneuf-de-Gadagne; Châteauneuf-du-Pape; Courthézon; Entraigues-sur-la-Sorgue; Fontaine-se-Vaucluse; Gargas; Gignac; Gigondas; Gordes; Goult; Jonquerettes; Jonquières; La Tour-d’Aigues; Lagnes; Lapalud; Lauris; Le Pontet; Le Thor; L’Isle-sur-la-Sorgue; Loriol-du-Comtat; Lourmarin; Malaucène; Mazan; Mérindol; Modène; Mondragon; Monteux; Morières-lès-Avignon; Oppède; Orange; Pernes-les-Fontaines; Pertuis; Piolenc; Robion; Saignon; Saint-Didier; Saint-Saturnin-lès-Apt; Saint-Saturnin-lès-Avignon; Sarrians; Saumane-de-Vaucluse; Sorgues; Travaillan; Vedène; Velleron; Venasque; Villelaure; Violes

Crios maolánach

Bouches du Rhône (13)

Alleins; Aureille; Aurons; Beaurecueil; Belcodène; Bouc-Bel-Air; Boulbon; Cabriès; Carnoux-en-Provence; Cassis; Charleval; Châteauneuf-le-Rouge; Châteauneuf-les-Martigues; Coudoux; Eguilles; Ensuès-la-Redonne; Fontvieille; Fos-sur-Mer; Gardanne; La Barben; La Roque-d’Anthéron; Lançon-Provence; Le Puy-Sainte-Réparade; Le Rove; Les Baux-de-Provence; Mimet; Miramas; Paradou; Peynier; Peypin; Rognac; Rognes; Roquefort-la-Bédoule; Rousset; Saint-Antonin-sur-Bayon; Saint-Cannat; Saintes-Maries-de-la-Mer; Saint-Estève-Janson; Saint-Marc-Jaumegarde; Saint-Mitre-les-Remparts; Saint-Paul-lès-Durance; Saint-Pierre-de-Mézoargues; Saint-Savournin; Sausset-les-Pins; Septèmes-les-Vallons; Vauvenargues; Vernègues

Var (83)

Ampus; Bandol; Besse-sur-Issole; Bormes-les-Mimosas; Bras; Brue-Auriac; Cabasse; Carnoules; Carqueiranne; Cavalaire-sur-Mer; Châteaudouble; Collobrières; Evenos; Figanières; Flassans-sur-Issole; Flayosc; Gassin; Gonfaron; Grimaud; La Cadiere-d’Azur; La Crau; La Croix-Valmer; La Farlède; La Mole; La Motte; La Valette-du-Var; Le Cannet-des-Maures; Le Castellet; Le Muy; Le Pradet; Le Revest-les-Eaux; Le Thoronet; Les Mayons; Lorgues; Nans-les-Pins; Ollières; Ollioules; Pierrefeu-du-Var; Plan-d’Aups-Sainte-Baume; Pourcieux; Pourrières; Puget-Ville; Ramatuelle; Rians; Riboux; Rougiers; Sainte-Maxime; Saint-Mandrier-sur-Mer; Sanary-sur-Mer; Seillons-Source-d’Argens; Signes; Six-Fours-les-Plages; Taradeau; Tourves; Trans-en-Provence; Vidauban

Vaucluse (84)

Ansouis; Aubignan; Auribeau; Beaumettes; Beaumont-de-Pertuis; Beaumont-du-Ventoux; Bedoin; Blauvac; Bollène; Buoux; Cabrieres-d’Avignon; Cairanne; Caromb; Caseneuve; Castellet; Cheval-Blanc; Crestet; Crillon-le-Brave; Cucuron; Entrechaux; Grambois; Joucas; La Bastidonne; La Motte-d’Aigues; La Roque-Alric; La Roque-sur-Pernes; Lacoste; Lafare; Lagarde-d’Apt; Lamotte-du-Rhône; Le Barroux; Le Beaucet; Lioux; Malemort-du-Comtat; Maubec; Ménerbes; Méthamis; Mirabeau; Mormoiron; Mornas; Murs; Puget; Puyvert; Rasteau; Roussillon; Rustrel; Sablet; Saint-Christol; Sainte-Cécile-les-Vignes; Saint-Hippolyte-le-Graveyron; Saint-Léger-du-Ventoux; Saint-Martin-de-Castillon; Saint-Martin-de-la-Brasque; Saint-Pantaléon; Saint-Pierre-de-Vassols; Sannes; Sault; Seguret; Sérignan-du-Comtat; Sivergues; Suzette; Taillades; Uchaux; Vacqueyras; Vaison-la-Romaine; Vaugines; Viens; Villars

Alpes-de-Haute-Provence (04)

Simiane-la-Rotonde

Ardèche (07)

Bourg-Saint-Andéol; Saint-Just-d’Ardèche; Saint-Marcel-d’Ardèche

Drôme (26)

Mollans-sur-Ouvèze; Pierrelatte; Rochegude; Saint-Paul-Trois-Châteaux; Suze-la-Rousse

Gard (30)

Aramon; Beaucaire; Chusclan; Codolet; Fourques; Laudun-l’Ardoise; Les Angles; Montfaucon; Pont-Saint-Esprit; Roquemaure; Saint-Alexandre; Saint-Etienne-des-Sorts; Saint-Geniès-de-Comolas; Saint-Gilles; Sauveterre; Vallabrègues; Vénéjan; Villeneuve-lès-Avignon


IARSCRÍBHINN II

Teimpléid chun torthaí na suirbhéanna bliantúla arna ndéanamh de bhun Airteagal 6, pointe (b), a thuairisciú

CUID A

1.   Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú

Image 1

2.   Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar an teimpléad seo isteach, ná líontar isteach an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

Le haghaidh cholún 1:

Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (DA) seo a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2:

Tabhair méid an DA roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3:

Tabhair méid an DA i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4:

Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (C). Úsáid an oiread rónna agus is gá, ag brath ar an líon DAnna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.

Le haghaidh cholún 5:

Tabhair crios an DA ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios ionfhabhtaithe (IZ) nó crios maolánach (BZ), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, tabhair limistéar an BZ ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an BZ, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6:

Tabhair líon agus tuairisc na suíomhanna suirbhéireachta, trí cheann amháin de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgeachta): 1.1. gort (curaíocht, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. suíomhanna poiblí; 2.3. limistéar caomhantais; 2.4. plandaí fiáine i limistéir seachas limistéir chaomhantais; 2.5. eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, uisciú agus córas draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. suíomh príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. suíomh poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7:

Tabhair na limistéir riosca a sainaithníodh bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide/lotnaidí, ar láithreacht plandaí óstacha, ar dhálaí éicea-aeráide agus ar láithreacha riosca.

Le haghaidh cholún 8:

Tabhair na limistéir riosca a áiríodh sa suirbhé, ó na cinn sin a sainaithníodh i gcolún 7.

Le haghaidh cholún 9:

Tabhair plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus an cás ar leith á shonrú.

Le haghaidh cholún 10:

Tabhair liosta na speiceas/na ngéineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.

Le haghaidh cholún 11:

Tabhair na míonna den bhliain a ndearnadh an suirbhé lena linn.

Le haghaidh cholún 12:

Tabhair mionsonraí an tsuirbhé, ag brath ar cheanglais dlí shonracha gach lotnaide. Tabhair le fios le N/B nuair nach mbaineann faisnéis colúin áirithe le hábhar.

Le haghaidh cholúin 13 agus 14:

Tabhair na torthaí, más infheidhme, agus an fhaisnéis atá ar fáil á tabhairt sna colúin chomhfhreagracha. Ciallaíonn “éiginnte” na samplaí anailísithe sin nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g méid faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – sampla neamh-shainaitheanta, seansampla).

Le haghaidh cholún 15:

Tabhair fógraí ráigeanna na bliana ina ndearnadh an suirbhé le haghaidh torthaí sa BZ. Ní gá uimhir fógra na ráige a áireamh agus cinneadh déanta ag an údarás inniúil gur cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 atá i gceist leis an toradh. Sa chás sin, tabhair an chúis nach dtugtar an fhaisnéis sin i gcolún 16 (“Nótaí”).

CUID B

1.   Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla bunaithe ar staidreamh a thuairisciú

Image 2

2.   Treoracha maidir leis an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar an teimpléad seo isteach, ná líontar isteach an teimpléad i gCuid A den Iarscríbhinn seo.

Mínigh na toimhdí foluiteacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide. Tabhair achoimre agus bonn cirt leis na rudaí seo a leanas:

an spriocdhaonra, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid iniúchta,

modh an bhraite agus íogaireacht an mhodha,

an fachtóir/na fachtóirí riosca, lena léirítear na leibhéil riosca agus na rioscaí comhfhreagracha gaolmhara agus na sciartha de dhaonra an phlanda óstaigh.

Le haghaidh cholún 1:

Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (DA) seo a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.

Le haghaidh cholún 2:

Tabhair méid an DA roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3:

Tabhair méid an DA i ndiaidh an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4:

Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (C). Úsáid an oiread rónna agus is gá, ag brath ar an líon DAnna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.

Le haghaidh cholún 5:

Tabhair crios an DA ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios ionfhabhtaithe (IZ) nó crios maolánach (BZ), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, tabhair limistéar an BZ ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an BZ, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6:

Tabhair líon agus tuairisc na suíomhanna suirbhéireachta, trí cheann amháin de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgeachta): 1.1. gort (curaíocht, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. suíomhanna poiblí; 2.3. limistéar caomhantais; 2.4. plandaí fiáine i limistéir seachas limistéir chaomhantais; 2.5. eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, uisciú agus córas draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. suíomh príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. suíomh poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus sonrú ar an gcás ar leith (e.g. ionad garraíodóireachta, suíomhanna tráchtála a úsáideann ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7:

Tabhair na míonna den bhliain a ndearnadh na suirbhéanna lena linn.

Le haghaidh cholún 8:

Tabhair an spriocdhaonra roghnaithe agus liosta na speiceas/na ngéineas óstach agus an limistéar a clúdaíodh á dtabhairt dá réir sin. Sainmhínítear an spriocdhaonra mar chomhchuibheas na n-aonad iniúchta. De ghnáth, le haghaidh limistéir talmhaíochta sainítear a mhéid i heicteáir, ach d’fhéadfadh gabháltais, goirt, tithe gloine, etc. a bheith i gceist. Tabhair bonn cirt leis an rogha sna toimhdí foluiteacha. Tabhair na haonaid iniúchta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn “aonad iniúchta” plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaide a ndearna grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.

Le haghaidh cholún 9:

Tabhair na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, mar aon lena dtuairisc agus a n-aonad tomhais. Ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” limistéar aonchineálach ina mbeadh na hidirghníomhuithe idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus dálaí aibitheacha agus bitheacha ina gcúis leis an eipidéimeolaíocht chéanna, dá mbeadh an lotnaid i láthair. Na haonaid eipidéimeolaíocha, is foroinn den spriocdhaonra iad atá aonchineálach le haon phlanda óstach amháin ar a laghad i dtéarmaí na heipidéimeolaíochta. I gcásanna áirithe, féadfar an spriocdhaonra iomlán i réigiúin/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. Féadfaidh réigiúin de chuid Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní nó feirmeacha rósanna, nó heicteáir a bheith i gceist leo. Tabharfar bonn cirt leis an rogha sna toimhdí foluiteacha.

Le haghaidh cholún 10:

Tabhair na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, an líon gníomhaíochtaí i ngach cás san áireamh, ag brath ar cheanglais dlí shonracha gach lotnaide. Tabhair le fios le N/B nuair nach bhfuil faisnéis colúin áirithe ar fáil.

Le haghaidh cholún 11:

Tabhair meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna planda ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil agus é i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é éifeachtacht sampla ithreach a roghnú ina bhfuil an lotnaid agus an lotnaid i láthair i limistéar an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 12:

Ciallaíonn “íogaireacht an mhodha” an dóchúlacht go roghnófaí modh chun láithreacht lotnaide a bhrath i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht go mbeadh toradh deimhneach ag óstach fíordheimhneach. Is í iolrú éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófaí codanna planda ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtuithe) faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arb é is saintréith di an scrúdú amhairc agus/nó tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh cholún 13:

Tabhair na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. I gcás gach fachtóra riosca, tabhair an leibhéal riosca agus an riosca comhfhreagrach gaolmhar agus an sciar den daonra óstach.

Le haghaidh cholún B:

Tabhair mionsonraí an tsuirbhé, ag brath ar cheanglais dlí shonracha gach lotnaide. Tabhair le fios le N/B nuair nach mbaineann faisnéis colúin áirithe le hábhar. Tá baint ag an bhfaisnéis atá le soláthar sna colúin sin leis an bhfaisnéis i gcolún 10 “Modhanna an bhraite”.

Le haghaidh cholún 18:

Tabhair an líon suíomhanna gaisteoireachta i gcás ina bhfuil an líon sin éagsúil leis an líon gaistí (Colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh cholún 21:

Tabhair an líon samplaí a raibh toradh deimhneach, diúltach nó éiginnte acu. Ciallaíonn “éiginnte” na samplaí anailísithe sin nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g méid faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – sampla neamh-shainaitheanta, seansampla etc.).

Le haghaidh cholún 22:

Tabhair fógraí ráigeanna na bliana ina ndearnadh an suirbhé le haghaidh torthaí sa chrios maolánach. Ní gá uimhir fógra na ráige a áireamh nuair a bheidh cinneadh déanta ag an údaráis inniúil gur ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 atá i gceist leis an toradh. Sa chás sin, tabhair an chúis nach dtugtar an fhaisnéis sin i gcolún 25 (“Nótaí”).

Le haghaidh cholún 23:

Tabhair íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (ISPM 31). An luach seo den leibhéil muiníne a baineadh amach maidir le saoirse ó lotnaidí, ríomhtar é ar bhonn na scrúduithe (agus/nó na samplaí) a rinneadh i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus leitheadúlacht an dearaidh.

Le haghaidh cholún 24:

Tabhair leitheadúlacht an dearaidh bunaithe ar mheastachán réamhshuirbhé ar leitheadúlacht iarbhír dhóchúil na lotnaide sa ghort. Socraítear leitheadúlacht an dearaidh mar sprioc de chuid an tsuirbhé agus comhfhreagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca an lotnaid a bheith ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.


22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1630 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2022

lena mbunaítear bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 28(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais is eol a bheith ann i gcríoch an Aontais.

(2)

Tá fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna (“an lotnaid shonraithe”) san áireamh sa liosta sin, toisc gurb eol é a bheith i gcodanna áirithe de chríoch an Aontais, agus go mbíonn tionchar nach beag aige ar shaothrú plandaí Vitis L. (“plandaí sonraithe”), arb é an príomhóstach é don lotnaid sin.

(3)

Sainaithníodh Scaphoideus titanus Ball (“an veicteoir sonraithe”) mar veicteoir éifeachtúil i leith na lotnaide sonraithe. Tá ról tábhachtach ag an veicteoir sin i mbunú agus i leathadh breise fhíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna (3) i gcríoch an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart bearta a bhunú chun é a shainaithint agus a rialú.

(4)

Léiríonn na suirbhéanna a rinneadh de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/2031 nach féidir a thuilleadh an lotnaid shonraithe a dhíothú i limistéir chríochaithe áirithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú maidir leis an lotnaid shonraithe a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe sin, lena gcuimsítear criosanna ionfhabhtaithe agus criosanna maolánacha. Ba cheart é a bheadh i gceist leis na bearta sin na plandaí sonraithe ionfhabhtaithe a scriosadh agus a bhaint agus cóireálacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun leathadh na lotnaide sonraithe go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais a chosc.

(6)

Ba cheart do na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt lena áirithiú go mbeidh an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla, lena mbaineann na bearta imshrianta sna limistéir chríochaithe, ar an eolas faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm agus faoi theorannú na limistéar críochaithe chun na críche sin.

(7)

Más rud é go n-aimsítear an lotnaid shonraithe i gcrios maolánach mórthimpeall crios ionfhabhtaithe atá faoi réir bearta maidir leis an lotnaid shonraithe a imshrianadh, áfach, ba cheart é a bheith ina thoradh ar aimsiú úr sin na lotnaide go mbunóidh an t-údarás inniúil limistéar críochaithe nua, ina saothrófar díothú.

(8)

Ba cheart suirbhéanna bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe agus an veicteora shonraithe mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (4) a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar an lotnaid shonraithe a bhrath go luath i limistéir de chríoch an Aontais nach eol an lotnaid shonraithe a bheith iontu. Ba cheart na suirbhéanna sin a bheith bunaithe ar an gcárta suirbhéireachta lotnaidí i leith na lotnaide sonraithe agus a veicteoir arna fhoilsiú ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, toisc go gcuirtear san áireamh ann na forbairtí eolaíocha agus teicniúla is déanaí.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe nach féidir é a dhíothú iontu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an lotnaid shonraithe” fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna;

(2)

ciallaíonn “na plandaí sonraithe” plandaí Vitis L., seachas torthaí agus síolta;

(3)

ciallaíonn “an veicteoir sonraithe”Scaphoideus titanus Ball;

(4)

ciallaíonn “an limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh” limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nach féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú ann;

(5)

ciallaíonn “an cárta suirbhé lotnaidí” an foilseachán Pest survey card on flavescence dorée phytoplasma and its vector Scaphoideus titanus [Cárta suirbhé lotnaidí maidir le fíteaplasma galair buíochain agus a veicteoir Scaphoideus titanus(5) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia.

Airteagal 3

Limistéir chríochaithe a bhunú le haghaidh imshrianadh

Bunóidh na húdaráis inniúla na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh na lotnaide sonraithe, limistéar a bheidh comhdhéanta de chrios ionfhabhtaithe agus crios maolánach a bhfuil leithead 2,5 km ar a laghad ann, thart timpeall ar an gcrios ionfhabhtaithe.

Airteagal 4

Bearta laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh

1.   Sna criosanna ionfhabhtaithe, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na bearta seo a leanas:

(a)

na plandaí sonraithe a fuarthas a bheith ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe a bhaint agus a scriosadh a luaithe is féidir agus roimh thús an chéad séasúir fáis eile ar a dhéanaí;

(b)

cóireálacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun an veicteoir sonraithe a rialú.

2.   Sna criosanna maolánacha, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear cóireálacha iomchuí i bhfeidhm chun an veicteoir sonraithe a rialú, i gcás ina mbeidh an veicteoir sonraithe iontu.

I gcás inar deimhníodh go hoifigiúil gurb ann don lotnaid shonraithe sna plandaí sonraithe sa chrios maolánach, beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.

3.   Laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, músclaíodh na húdaráis inniúla feasacht an phobail maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta a glacadh chun leathadh breise na lotnaide sin lasmuigh de na limistéir sin a chosc.

Cuirfidh na húdaráis inniúla an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann ar an eolas maidir le teorannú an limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh.

Airteagal 5

Suirbhéanna

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na suirbhéanna dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh acu.

2.   Déanfaidh siad suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe agus an veicteora shonraithe sna limistéir de chríoch an Aontais nach eol go bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair iontu ach ina bhféadfadh sé teacht chun bheith bunaithe.

3.   Sna criosanna maolánacha de chuid na limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh, déanfaidh siad suirbhéanna bliantúla, mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, chun láithreacht na lotnaide sonraithe agus a veicteora shonraithe a bhrath.

Áireofar leis na bearta sin:

(a)

scrúduithe amhairc ar na plandaí sonraithe chun an lotnaid shonraithe a bhrath;

(b)

sampláil agus tástáil i gcás ina bhfuil amhras ann gur ann don lotnaid shonraithe; agus

(c)

gaisteoireacht iomchuí chun an veicteoir sonraithe a bhrath.

Beidh na suirbhéanna sin níos déine ná na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 2 agus déanfar líon níos mó scrúduithe amhairc, agus, i gcás inarb iomchuí, sampláil agus tástáil.

Airteagal 6

Tuairisciú

Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile torthaí na suirbhéanna a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin de bhun na nithe seo a leanas:

(a)

Airteagal 5(2) den Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231;

(b)

Airteagal 5(3) den Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2014. Scientific Opinion on pest categorisation of Grapevine Flavescence Dorée [Tuairim Eolaíoch maidir le haicmiú lotnaidí i dtaobh Fhíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna.] EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(10):3851, 31 lch. doi:10.2903/j.efsa.2014.3851.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir le formáid agus treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar thorthaí na suirbhéanna agus ar fhormáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla ina leith, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).

(5)  Pest survey card on flavescence dorée phytoplasma and its vector Scaphoideus titanus [Cárta suirbhé lotnaidí maidir le fíteaplasma galair buíochain agus a veicteoir Scaphoideus titanus] Foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1909. 36 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1909.


IARSCRÍBHINN I

Liostaí de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh dá dtagraítear in Airteagal 2

1.   An Chróit

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

1.

Crios ionfhabhtaithe

Réigiún Panónach na Cróite

(contae Bjelovar-Bilogora, contae Virovitica-Podravina, contae Požega-Slavonija, contae Brod-Posavina, contae Osijek-Baranja, contae Vukovar-Srijem, contae Karlovac, contae Sisak-Moslavina)

 

Bardais chadastracha

 

Bedenik, Bjelovar, Bojana, Brezovac, Ciglena, Čazma, Dapci, Diklenica, Draganec, Gornje Plavnice, Kapela, Kobasičari, Kraljevac, Križic, Orovac, Petrička, Podgorci, Pupelica, Ribnjička, Sišćani, Veliko Korenovo, Veliko Trojstvo, Vrtlinska, Zrinski Topolovac;

 

Borova, Čačinci, Donja Pištana, Duzluk, Kozice, Krajna, Nova Jošava, Pčelić, Podravska Slatina, Sedlarica, Stara Jošava, Šumeđe, Turnašica, Virovitica, Vukosavljevica; agus

 

Kutjevo, Mitrovac, Venje;

 

Cernik, Nova Gradiška, Šumetlica;

 

Draž, Majar, Trnava, Zmajevac I;

 

Bapska, Grabovo, Ilok, Lovas, Mohovo, Opatovac, Sotin, Šarengrad, Tovarnik, Vukovar;

 

Belaj, Bratovanci, Breznik, Brlog Ozaljski, Bubnjarci, Donji Lović, Draganić, Duga Resa 2, Dvorište Vivodinsko, Ferenci, Gršćaki, Ilovac, Jurovo, Lišnica, Lović Prekriški, Mala Švarča, Mrzlo Polje Mrežničko, Oštri Vrh Ozaljski, Ozalj, Police Pirišće, Svetice, Svetičko Hrašće, Vivodina, Vrhovac, Zagradci, Zajačko Selo, Zaluka, Žakanje; agus

 

Batina, Gornja Jelenska, Ilova, Katoličko Selišće, Kutina, Popovača, Repušnica, Voloder.

Crios maolánach

Réigiún Panónach na Cróite

(contae Bjelovar-Bilogora, contae Virovitica-Podravina, contae Požega-Slavonija, contae Brod-Posavina, contae Osijek-Baranja, contae Vukovar-Srijem, contae Karlovac, contae Sisak-Moslavina)

Bardais chadastracha

 

Bačkovica, Bedenička, Berek, Bjelovar-Sredice, Blatnica, Bosiljevo, Bršljanica, Brzaja, Cerina, Cjepidlake, Cremušina, Čađavac, Dapčevica, Daskatica, Dautan, Dereza, Donja Kovačica, Drljanovac, Đurđic, Galovac, Gornja Garešnica, Gornja Kovačica, Gornje Rovišće, Gudovac, Ivanska, Kakinac, Kaniška Iva, Klisa, Klokočevac, Kostanjevac, Kozarevac Račanski, Križ Gornji, Laminac, Lasovac, Lipovčani, Mala Pisanica, Mali Grđevac, Malo Trojstvo, Martinac, Međurača, Miklouš, Mosti, Narta, Nevinac, Nova Rača, Nove Plavnice-Hrgovljani, Obrovnica, Orlovac, Pavlin Kloštar, Pobjenik, PRedavac, Prespa, Prgomelje, Rajić Gudovački, Rašenica, Ravneš, Removac, Rovišće, Ruškovac, Samarica, Sasovac, Severin, Sibenik, Slovinska Kovačica, Sredice Gornje, Srijedska, Stara Plošćica, Stare Plavnice, Šandrovac, Šimljana, Šimljanik, Štefanje, Šušnjara, Tomaš, Topolovica, Trojstveni Markovac, Turčević Polje, Vagovina, Velika Peratovica, Velika Pisanica, Veliki Grđevac, Višnjevac, Vukovje, Zdelice, Zrinska Žabjak, Ždralovi;

 

Antunovac, Bačevac, Bakić, Bankovci, Bokane, Brezovljani, Budanica, Budrovac, Lukački, Bušetina, Cabuna, Crnac, Ćeralije, Dinjevac, Dobrović, Dolci, Donja Bukovica, Donje Bazije, Donje Kusonje, Donje Predrijevo, Donji Meljani, Duga Međa, Dugo Selo Lukačko, Đuričić, Gaćište, Gornja Bukovica, Gornja Pištana, Gornje Bazje, Gornje Kusonje, Gornje Viljevo, Gornji Miholjac, Grabrovnica, Gradina, Gvozdanska, Hum Varoš, Hum Voćinski, Ivanbrijeg, Jasenaš, Kapan, Kapinci, Kladare, Kokočak, Krasković, Kutovi, Levinovac, Lozan, Lukač, Lukavac, Macute, Mala Črešnjevica, Manastir Orahovica, Medinci, Mikleuš, Miljevci, Naudovac, Nova Bukovica, Obradovci, Orahovica, Orešac, Otrovanec, Paušinci, Pitomača I, Pitomača II, Pivnica, Požari, Pušina, Radosavci, Rezovac, Rijenci, Rogovac, Sladojevci, Slatinski Drenovac, Slatinski Lipovac, Slavonske Bare, Sopje, Stari Gradac, Suha Mlaka, Suhopolje, Špišić Bukovica, Turanovac, Vaška, Velika Črešnjevica, Virovitica-centar, Virovitica-city, Vrneševci, Zdenci;

 

Bektež, Bjelajci, Cerovac, Ciglenik, Cikote, Doljanovci, Duboka, Grabarje, Gradište, Jakšić, Kaptol, Knežci, Kričke, Kula, Lakušija, Latinovac, Lukač, Podgorje, Poreč, Rogulje, Sesvete, Šnjegavić, Šumetlica, Tominovac, Vetovo, Zarilac;

 

Adžamovci, Baćin Dol, Banićevac, Bobare, Bodavljaci, Donji Andrijevci, Drežnik, Garčin, Giletinci, Golobrdac, Gorice, Gunjavci, Klokočevik, Kovačevac, Ljupina, Mačkovac, Mašić, Medari, Novo Topolje, Opatovac, Podvrško, Poljane, Prvča, Rešetari, Rogolji, Sičice, Stari Perkovci, Staro Topolje, Šagovina Cernička, Šagovina Mašićka, Širinci, Trnava, Vrbje, Žuberkovac;

 

Batina, Beljevina, Bokšić, Branjin Vrh, Branjina, Breznica Đakovačka, Dalj, Donja Motičina, Dragotin, Duboševica, Đurđenovac, Feričanci, Gajić, Gašinci, Gazije, Gornja Motičina, Gradac Našički, Hrkanovci Đakovački, Kneževi Vinogradi, Kondrić, Kotlina, Lapovci, Levanjska Varoš, Mandićevac, Musić, Nabrđe, Novi Perkovci, Paučje, Podolje, Pridvorje, Selci Đakovački, Seona, Slatinik Drenjski, Slobodna Vlast, Suza, Svetoblažje, Topolje;

 

Apševci, Banovci, Berak, Bogdanovci, Borovo, Borovo Naselje, Bršadin, Čakovci, Ilača, Lipovača, Marinci, Mikluševci, Negoslavci, Nijemci, Pačetin, Petrovci, Podgrađe, Srijemske Laze, Stari Jankovci, Svinjarevci, Tompojevci, Trpinja;

 

Banska Selnica, Barilović, Blatnica Pokupska, Brajakovo Brdo, Brašljevica, Bukovlje, Cerovac Barilovićki, Cerovac Vukmanički, Donje Mekušje, Donje Pokupje, Donji Budački, Donji Skrad, Donji Zvečaj, Gornje Mekušje, Gornje Prilišće, Gornje Stative, Gornji Zvečaj, Griče, Jarče Polje, Jaškovo, Kamensko, Karlovac I, Karlovac II, Kosijersko Selo, Kozalj Vrh, Ladešići, Lipa, Lipnik, Luka Pokupska, Mahično, Maletići, Malinci, Martinski Vrh, Modruš Potok, Mračin, Mrežnički Novaki, Mrzljaki, Novaki Ozaljski, Piščetke, Podbrežje, Pokupje, Pravutina, Rečica, Ribnik, Rosopajnik, Skakavac, Slapno, Sračak, Šišljavić, Tomašnica, Trg, Turanj, Tušilović, Velika Jelsa, Vinski Vrh, Vodena Draga, Vukmanić, Zadobarje, Zagrad, Zorkovac; agus

 

Banova Jaruga, Bistrač, Bobovac, Cerje Letovanićko, Crkveni Bok, Čaire, Čigoč, Grabrov Potok, Gračenica, Gušće, Husain, KRaljeva Velika, Kratečko, Krivaj, Kutinica, Lipovljani, Lonja, Ludina, Međurić, Mikleuška, Mužilovčica, Okoli, Osekovo, Pešćenica, Piljenice, Potok, Puska, Ruškovica, Selište, Stremen, Stružec, Stupovača, Svinjičko, Šartovac, Vidrenjak, Vukojevac, Zbjegovača.

2.

Crios ionfhabhtaithe

An Chróit Aidriadach

(contae Istria)

Bardais chadastracha

Bačva, Brkač, Brtonigla, Buje, Donja Mirna, Frata, Grožnjan, Kaldir, Karojba, Kaštel, Kaštelir, Kostajnica, Krasica, Kršete, Labinci, Lovrečica, Materada, Motovun, Nova Vas, Novigrad, Petrovija, Savudrija, Sveti Ivan, Sveti Vital, Umag, Višnjan, Vižinada, Završje, Žbandaj.

Crios maolánach

An Chróit Aidriadach

(contae Istria)

Bardais chadastracha

Baderna, Beram, Brdo, Čepić, Dračevac, Funtana, Fuškulin, Gradina, Grdoselo, Kašćerga, Kringa, Kršikla, Kuberton, Kućibreg, Lim, Lovreč, Marčenegla, Merišće, Momjan, Mugeba, Muntrilj, Mušalež, Novaki Motovunski, Oprtalj, Pazin, Poreč, Rakotule, Rovinj, Rovinjsko Selo, Senj, Sovinjak, Sovišćina, Šterna, Tar, Tinjan, Triban, Trviž, Vabriga, Varvari, Vrh, Vrsar, Zamask, Zrenj, Zumesk.

3.

Crios ionfhabhtaithe

An Chróit Thuaidh mar aon le réigiún Chathair Shágraib

(contae Međimurje, contae Varaždin, contae Koprivnica-Križevci, contae Krapina-Zagorje, contae Shágraib, Cathair Shágraib)

Bardais chadastracha

 

Badličan, Bogdanovec, Donji Vidovec, Dragoslavec, Dunjkovec, Gornja Dubrava, Gornji Mihaljevec, Gradiščak, Kotoriba, Lopatinec, Martinuševec, Preseka, Pretetinec, Prhovec, Robadje, Selnica, Slakovec, Stanetinec, Sveta Marija, Sveti Martin na Muri, Sveti Urban, Šenkovec, Štrigova, Štrukovec, Vukanovec, Zasadbreg, Zebanec, Železna Gora;

 

Babinec, Bednja, Beletinec, Beretinec, Bolfan, Breznica, Butkovec, Cerje Tužno, Čanjevo, Črešnjevo, Čukovec, Donja Višnjica, Donja Voća, Donje Makojišće, Drenovec, Dubrava Križovljanska, Đurinovec, Gornja Višnjica, Gornje Ladanje, Gornji Martijanec, Grana, Hrastovec Toplički, Hrastovsko, Ivanec, Jakopovec, Jalžbet, Jerovec, Kamena Gorica, Kamenica, Kaniža, Kelemen, Klenovnik, Ključ, Kneginec, Lepoglava, Ludbreg, Ljubelj Kalnički, Ljubešćica, Mali Bukovec, Marčan, Natkrižovljan, Novakovec, Očura, Podevčevo, Poljana, Radovan, Remetinec, Rinkovec, Segovina, Sigetec Ludbreški, Sudovec, Sveti Ilija, Svibovec, Šaša, Šćepanje, Tuhovec, Tužno, Varaždin Breg, Varaždinske Toplice, Vidovec, Vinica Breg, Vinično, Vinogradi Ludbreški, Visoko;

 

Apatovec, Bakovčica, Bočkovec, Bojnikovec, Borje, Botinovac, Budrovac, Carevdar, Cirkvena, Cubinec, Čepelovac, Dijankovec, Donja Brckovčina, Dubovec, Đurđevac II, Đurđic, Erdovec, Finčevec, Fodrovec, Glogovac, Glogovnica, Gornja Rijeka, Gregurovec, Guščerovec, Hampovica, Hudovljani, Jagnjedovec, Jagnjedovec-grad, Javorovac, Kalinovac, Kalnik, Kamešnica, Kloštar Podravski, Kloštar Vojakovački, Koprivnica, Kozarevac, Križevci, Kunovec, Kunovec Breg, Lemeš, Lukačevec, Majurec, Mala Mučna, Mičetinac, Miholec, Miholjanec, Novi Glog, Novigrad Podravski, Osijek Vojkovački, Plavšinac, Podvinje Miholečko, Pofuki, Potočec, Potok Kalnički, Prkos, Prugovac, Rasinja, Rašćani, Raven, Ruševac, Sokolovac, Subotica Podravska, Suha Katalena, Sveta Helena, Sveti Ivan Žabno, Sveti Petar Čvrstec, Sveti Petar Orehovec, Šemovci, Špiranec, Štrigovec, Trema, Velika Mučna, Veliki Grabičani, Veliki Poganac, Virje, Vojakovac, Vojnovec Kalnički, Zaistovec;

 

Andraševec, Bedekovčina, Belec, Budinščina, Donja Batina, Donja Stubica, Donja Šemnica, Dubovec, Dubrovčan, Globočec, Gornja Stubica, Gubaševo, Hrašćina, Hrašćinski Kraljevec, Hum Stubički, Jertovec, Jesenje, Klanjec, Komor, Kraljev Vrh, Krapina, Krapina jug, Krapina-city, Laz Bistrički, Mače, Marija Bistrica, Martinci Zlatarski, Mirkovec, Oštrc, Peršaves, Petrova Gora, Poljanica Bistrička, Poznanovec, Purga, Pustodol, Radoboj, Ravno Brezje, Razvor, Selnica, Slani Potok, Strmec, Strmec Stubički, Stubička Slatina, Stubičko Podgorje, Sveti Križ, Sveti Križ Začretje, Sveti Matej, Šemnica, Špičkovina, Tomaševec, Tugonica, Tuhelj, Veleškovec, Veliko Trgovišće, Veternica, Vojnovec Loborski, Vrtnjakovec, Zabok, Zagorska Sela, Zajezda, Zlatar;

 

Bedenica, Bešlinec, Blaškovec, Blaževdol, Brckovljani, Caginec, Dijaneš, Donja Lomnica, Dubranec, Dubrava, Dugo Selo I, Fuka, Gostović, Gradec, Habjanovac, Haganj, Helena, Hrastje, Hrebinec, Hrnjanec, Hruškovica, Kloštar Ivanić, Komin, Kozjača, Krašić II, Kupljenovo, Laktec, Lonjica, Lovrečka Varoš, Lukavec, Mala Gorica, Molvice, Novoselec, Obreška, Orešje, Paukovec, Pluska, Prekrižje, Prozorje, Psarjevo, Rakitje, Stari Glog, Strmec Samoborski, Sveti Nedelja, Šiljakovina, Šumećani, Tkalec, Tomaševec, Velika, Vrbovec, Zelina, Žitomir; agus

 

Adamovec, Blaguša, Čučerje, Đurđekovec, Glavnica, Gornji Stenjevec, Gračani, Granešina, Kašina, Maksimir, Podsused, Remete, Sesvete.

Crios maolánach

An Chróit Thuaidh mar aon le réigiún Chathair Shágraib

(contae Međimurje, contae Varaždin, contae Koprivnica-Križevci, contae Krapina-Zagorje, contae Shágraib, Cathair Shágraib)

Bardais chadastracha

 

Cirkovljan, Čakovec, Črečan, Čukovec, Donja Dubrava, Donji Kraljevec, Donji Mihaljevec, Draškovec, Goričan, Gornji Hrašćan, Gornji Kraljevec, Gornji Pustakovec, Gornji Vidovec, Hemuševec, Hlapičina, Ivanovec, Krištanovec, Križovec, Kuršanec, Macinec, Mačkovec, Mihovljan, Mursko Središće, Nedelišće, Novo Selo Rok, Oporovec, Orehovica, Peklenica, Podbrest, Prelog, Pribislavec, Pušćine, Savska Ves, Strahoninec, Šandrovec, Totovec, Trnovec, Vratišinec, Vularija, Žiškovec;

 

Bela, Bisag, Biškupec, Biškupec II, Čalinec, Črnec Biškupečki, Donje Ladanje, Donji Kućan, Drašković, Druškovec, Družbinec, Gojanec, Gornja Voća, Gornji Kućan, Hrastovljan, Hrženica, Jalkovec, Kapela Kalnička, Kapela Podravska, Karlovec Ludbreška, Križovljan, Kućan Marof, Leskovec Toplički, Lunjkovec, Majerje, Martijanec, Maruševec, Nedeljanec, Nova Ves Petrijanečka, Novi Marof, Novo Selo Podravsko, Petrijanec, Poljana Biškupečka, Radovec, Selnik, Sesvete Ludbreške, Slanje, Slokovec, Sračinec, Struga, Sveti Đurđ, Sveti Petar, Šemovec, Trakošćan, Trnovec, Varaždin, Veliki Bukovec, Vinica, Vratno, Zamlača, Zbelava, Žabnik;

 

Branjska, Budančevica, Delovi, Drnje, Duga Rijeka, Đelekovec, Đurđevac I, Ferdinandovac, Gola, Gorica, Heršin, Hlebine, Hrsovo, Imbriovec, Koledinec, Koprivnički Bregi, Koprivnički Ivanec, Kutnjak, Kuzminec, Legrad, Lepa Greda, Lepavina, Marinovec, Međa, Mikovec, Molve, Novačka, Novo Virje, Petranec, Podravske Sesvete, Selnica Podravska, Severovci, Sigetec, Sirova Katalena, Srijem, Sveta Ana, Torčec, Veliki Otok, Vojakovečke Sesvete, Zablatje, Ždala;

 

Cigrovec, Črešnjevec, Čret, Desinić, Donja Pačetina, Đurmanec, Gorjakovo, Gornja Pačetina, Gornja Čemehovec, Gotalovec, Gusakovec, Hlevnica, Jelenjak, Jezero Klanječko, Klokovec, Konjščina, Košnica, Kraljevec na Sutli, Krapinske Toplice, Lepa Ves, Lovrečan, Mala Erpenja, Mihovljan, Miljana, Modrovec, Mokrice, Novi Dvori Klanječki, Oroslavje, Pešćeno, Petrovsko, Plemešćina, Podgrađe Bistričko, Poljana Sutlanska, Pregrada, Putkovec, Radakovo, Selno, Sopot, Sušobreg, Svedruža, Škarićevo, Švaljkovec, Velika Erpenja, Velika Horvatska, Velika Ves, Vinagora, Vrbanec;

 

Andrilovec, Bađinec, Bistransko Podgorje, Bolč, Brčevec, Brdovec, Breška Greda, Brezine, Brezje, Brlenić, Bukovčak, Cerje Samoborsko, Cerovski Vrh, Cugovec, Cvetković, Cvetković Brdo, Čeglje, Črnkovec, Desinec, Domagović, Domaslovec, Donja Bistra, Donja Kupčina, Donja Zelina, Drežnik Podokićki, Dubravica, Dugo Selo II, Farkaševac, Glagovo, Gornja Bistra, Gornja Kupčina, Gornji Hruševec, Gornji Vinkovec, Grabar, Gradići, Gustelnica, Hrastilnica, Hrušćica, Hudovo, Ivanić-Grad, Jakovlje, Jastrebarsko, Ježevo, Kabal, Kalinovica, Kalje, Kerestinec, Klinča Sela, Klokočevec, Klokočevec Samoborski, Konšćica, Kosnica, Kostanjevac, Kraj, Krašić I, Kravarsko, Križ, Kupinec, Kupljenovo-novo, Kurilovec, Lazina Čička, Lekneno, Leprovica, Lepšić, Lučelnica, Lepšić, Lučelnica, Luka, Lukinić Brdo, Lupoglav, Mahovljić, Marinkovac, Mičevec, Mirkovoplje, Mlaka, Mraclin, Mrzlo Polje Žumberačko, Negovec, Nova Kapela, Nova Marča, Novaki, Novo Brdo, Novo Čiče, Novo Mjesto, Obrezina, Obrež, Okešinec, Okić, Okunšćak, Opatinec, Ostrna, Otok Samoborski, Paruževac, Pećno, Petrovina, Pirakovec, Pleso, Podjales, Podvornica, Pojatno, Poljana, Poljanski Lug, Posavski Bregi, Prečec, Preseka, Pribić, Prosinec, Pušća, Radoišće, Rakov Potok, Rakovec, Rakovica, Roženica, Rude, Rugvica, Salnik, Samobor, Samoborec, Slavetić, Sošice, Staro Čiče, Stupnik, Šarampov, Šćitarjevo, Širinec, Šušnjari, Topolje, Trebovec, Tučenik, Valetić, Velika Buna, Velika Gorica, Velika Jamnička, Velika Mlaka, Vinkovec, Volavje, Vrbovec, Vrbovec 1, Vukomerić, Vukovina, Vukšinac, Zabrđe, Zaprešić, Zdenčina, Zetkan, Zvonik, Željezno Žumberačko, Žumberak; agus

 

Blato, Brezovica, Centar, Čehi, Črnomerec, Demerje, Dragonožec, Dubrava, Goranec, Gornje Vrapče, Granešina Nova, Horvati, Jakuševec, Klara, Lučko, Lužan, Markuševec, Mikulići, Odra, Odranski Obrež, Peščenica, Planina, Resnik, Rudeš, Sesvetski Kraljevec, Starjak, Stenjevec, Šašinovec, Šestine, Trešnjevka, Trnje, Trpuci, Vrapče, Vugrovec, Vurnovec, Zaprudski Otok, Žitnjak.

2.   An Ungáir

Leathnú ar chriosanna maolánacha de chuid limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Cróite agus na Slóivéine iad, ar chríoch na hUngáire:

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

1.

Crios maolánach

Contae Bács-Kiskun Dúiche Baja

Hercegszántó

Crios maolánach

Contae Baranya Dúiche Mohács

Kölked, Homorúd

2.

Crios maolánach

Contae Zala Dúiche Letenye

Tótszerdahely, Molnári

3.

Crios maolánach

Contae Zala Dúiche Lenti

Bödeháza, Nemesnép, Lendvajakabfa, Márokföld, Szentgyörgyvölgy

4.

Crios maolánach

Contae Zala Dúiche Lenti

Lendvadedes

3.   An Iodáil

Leathnú ar chriosanna maolánacha de chuid limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Cróite agus na Slóivéine iad, ar chríoch na hIodáile:

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

(go páirteach)

1.

Crios maolánach

Giulia Friuli Venezia

Cúige Gorizia

Dolegna Del Collio, Gorizia, San Floriano Del Collio, Savogna D’isonzo

2.

Crios maolánach

Giulia Friuli Venezia

Cúige Trieste

Duino-Aurisina, Monrupino, Muggia, San Dorligo Della Valle - Dolina, Sgonico, Trieste

3.

Crios maolánach

Giulia Friuli Venezia

Cúige Udine

Prepotto

4.   An Phortaingéil

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

1.

Crios ionfhabhtaithe

An Phortaingéil Thuaidh

Alijó, Amarante, Amares, Baião, Barcelos, Braga, Cabeceiras de Basto, Castelo de Paiva, Celorico de Basto, Cinfães, Esposende, Fafe, Felgueiras, Guimarães, Lousada, Maia, Marco de Canaveses, Monção, Mondim de Basto, Paços de Ferreira, Paredes, Paredes de Coura, Penafiel, Peso da Régua, Ponte de Lima, Póvoa de Lanhoso, Póvoa de Varzim, Ribeira de Pena, Sabrosa, Santa Márta de Penaguião, Santo Tirso, Trofa, Valença, Valongo, Vieira do Minho, Vila do Conde, Vila Nova de Famalicão, Vila Pouca de Aguiar, Vila Real, Vila Verde agus Vizela;

Cuid de na bardais seo a leanas:

Arcos de Valdevez, Ponte da Barca, Terras de Bouro agus Viana do Castelo.

Crios maolánach

An Phortaingéil Thuaidh

Mesão Frio;

Cuid de na bardais seo a leanas:

Arcos de Valdevez, Armamar, Arouca, Boticas, Caminha, Chaves, Carrazeda de Ansiães, Gondomar, Lamego, Matosinhos, Melgaço, Montalegre, Murça, Porto, Ponte da Barca, Resende, Santa Maria da Feira, São João da Pesqueira, Tabuaço, Terras de Bouro, Valpaços, Viana do Castelo, Vila Nova de Cerveira, Vinhais.

An Phortaingéil Láir

Cuid de bhardas Castro Daire.

5.   An tSlóivéin

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

1.

Crios ionfhabhtaithe

An tSlóivéin Thiar

Ankaran, Koper, Izola agus Piran; agus

Sežana, Komen (seachas bardas cadastrach Brestovica — ID 2408) agus Renče-Vogrsko.

Crios maolánach

An tSlóivéin Thiar

Brda, Nova Gorica, Miren-Kostanjevica, Šempeter-Vrtojba, Ajdovščina, Vipava, Divača agus Hrpelje-Kozina, agus bardas cadastrach Brestovica (ID 2408) i mbardas Komen.

2.

Crios ionfhabhtaithe

An tSlóivéin Thoir Theas

Dolenjske Toplice, Straža, Mirna Peč, Novo mesto (seachas bardais chadastracha Črešnjice — ID 1458 agus Herinja vas — ID 1459).

Crios maolánach

An tSlóivéin Thoir Theas

Žužemberk, Trebnje, Mirna, Šentrupert, Sevnica, Krško, Brežice, Mokronog-Trebelno, Šmarješke Toplice, Škocjan, Šentjernej, Kostanjevica na Krki, Semič, Črnomelj agus Metlika, agus bardais chadastracha i mbardas Novo mesto: Črešnjice (ID 1458) agus Herinja vas (ID 1459).

3.

Crios ionfhabhtaithe

An tSlóivéin Thoir Thuaidh

 

Dubrovnic agus Lendava;

 

Trnovska vas, Destrnik, Sveti Jurij ob Ščavnici, Sveti Tomaž;

 

na bardais chadastracha seo a leanas i mbardas Ljutomer: Desnjak (ID 262), Bučkovci - ID 252, Drakovci - ID 253, Moravci - ID 254, Godemarci - ID 255, Presika (ID 271, Nunska Graba (ID 270), Rinčetova Graba (ID 269), Kamenščak (ID 260), Stara cesta (ID 261), Mekotnjak (ID 263), Radomerje (ID 264), Gresovščak (ID 265), Plešivica (ID 266), Ilovci (267), Slamnjak (ID 268) agus an chuid de Globoka (ID 274);

 

an chuid de bhardas cadastrach Globoka atá i mbardas Razkrižje; agus

 

bardais chadastracha i mbardas Ormož: Vičanci (ID 322), Senešci (ID 323), Sodinci (ID 324), Velika Nedelja (ID 331), Šardinje (ID 321), Hum (ID 314), Lahonci (ID 290), Žvab (ID 291), Runeč (ID 292), Stanovno (ID 293), Ivanjkovci (ID 294), Žerovinci (ID 295), Cerovec Stanka Vraza (ID 296), Veličane (ID 297), Mali Brebrovnik (ID 299), Veliki Brebrovnik (ID 300), Vinski vrh (ID 301), Miklavž (ID 302), Hermanci (ID 303), Gomila (ID 304), Kog (ID 305), Vuzmetinci (ID 306), Kajžar (ID 307), Zasavci (ID 308), Lačaves (ID 309), Jastrebci (ID 310), Vitan (ID 312), Pavlovski vrh (ID 315), Pavlovci (ID 317), Hardek (ID 318), Ormož (332) agus Ključarovci pri Ormožu (ID 287).

Crios maolánach

An tSlóivéin Thoir Thuaidh

 

Cankova, Rogašovci, Kuzma, Grad, Gornji Petrovci, Šalovci, Puconci, Moravske Toplice, Hodoš, Kobilje, Tišina, Murska Sobota, Beltinci, Turnišče, Odranci, Velika Polana, Črenšovci;

 

Razkrižje, seachas an chuid de bhardas cadastrach Globoka;

 

Ljutomer, seachas na bardais chadastracha seo a leanas: Desnjak (ID 262), Bučkovci (ID 252), Drakovci (ID 253), Moravci (ID 254), Godemarci (ID 255), Presika (ID 271), Nunska Graba (ID 270), Rinčetova Graba (ID 269), cuid de Globoka (ID 274), Kamenščak (ID 260), Stara cesta (ID 261), Mekotnjak (ID 263), Radomerje (ID 264), Gresovščak (ID 265), Plešivica (ID 266), Ilovci (267) agus Slamnjak (ID 268);

 

Ormož, seachas na bardais chadastracha seo a leanas: Vičanci (ID 322), Senešci (ID 323), Sodinci (ID 324), Velika Nedelja (ID 331), Šardinje (ID 321), Hum (ID 314), Lahonci (ID 290), Žvab (ID 291), Runeč (ID 292), Stanovno (ID 293), Ivanjkovci (ID 294), Žerovinci (ID 295), Cerovec Stanka Vraza (ID 296), Veličane (ID 297), Mali Brebrovnik (ID 299), Veliki Brebrovnik (ID 300), Vinski vrh (ID 301), Miklavž (ID 302), Hermanci (ID 303), Gomila (ID 304), Kog (ID 305), Vuzmetinci (ID 306), Kajžar (ID 307), Zasavci (ID 308), Lačaves (ID 309), Jastrebci (ID 310), Vitan (ID 312), Pavlovski vrh (ID 315), Pavlovci (ID 317), Hardek (ID 318), Ormož (332) agus Ključarovci pri Ormožu (ID 287); agus

 

Središče ob Dravi, Maribor, Duplek, Lenart, Cerkvenjak Kungota, Pesnica, Šentilj, Sveti Jurij v Slovenskih goricah, Sveta Ana, Apače, Benedikt, Sveta Trojica v Slovenskih goricah, Gornja Radgona, Radenci, Križevci, Veržej, Sveti Andraž v Slovenskih goricah, Juršinci, Ptuj, Dornava, Gorišnica, Miklavž na Dravskem polju, Starše, Kidričevo, Hajdina, Markovci, Hoče-Slivnica, Rače-Fram, Zreče, Oplotnica, Slovenska Bistrica, Majšperk, Žetale, Podlehnik, Videm, Cirkulane, Zavrč, Vojnik, Slovenske Konjice, Poljčane, Makole, Šentjur, Šmarje pri Jelšah, Rogaška Slatina, Rogatec, Podčetrtek, Kozje agus Bistrica ob Sotli.

6.   An Spáinn

Leathnú ar chriosanna maolánacha de limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Portaingéile iad, ar chríoch na Spáinne:

Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC)

Crios an LC

Réigiún

Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile

1.

Crios maolánach

An Ghailís

Cúige Pontevedra

A cañiza:

 

Cuid de pharóiste Valeixe (Santa Cristina),

Arbo:

 

Paróistí Barcela (San Xoán) agus Cequeliños (San Miguel), Cuid de pharóistí Arbo (Santa María), Cabeiras (San Sebastián), Mourentán (San Cristovo) agus Sela (Santa María),

Crecente:

 

Paróistí Albeos (San Xoán), Quintela (San Caetano) agus Ribeira (Santa Mariña)

 

Cuid de pharóistí Crecente (San Pedro), O Freixo (San Roque), Sendelle (Santa Cruz) agus Vilar (San Xorxe),

Tomiño:

 

Paróistí Amorín (San Xoán) agus Currás (San Martiño).

 

Cuid de pharóistí Piñeiro (San Salvador), Sobrada (San Salvador) agus Taborda (San Miguel),

Tui:

 

Paróistí Baldráns (Santiago), Caldelas de Tui (San Martiño), Paramos (San Xoán) agus Tui (O Sagrario).

 

Cuid de pharóistí Areas (Santa Mariña), Guillarei (San Mamede), Pazos de Reis (O Sagrario), Pexegueiro (San Miguel), Randufe (Santa María da Guía) agus Rebordáns (San Bartolomeu),

As Neves:

 

Paróistí As Neves (Santa María), Liñares (Santa María), Setados (Santa Euxenia) agus Vide (Santa María).

 

Cuid de pharóistí Rubiós (San Xoán), San Cibrán de Ribarteme (San Cibrán), Santiago de Ribarteme (Santiago) agus Tortoreos (Santiago),

Salvaterra do Miño:

 

Paróistí Arantei (San Pedro), Oleiros (Santa María) agus Porto (San Paulo).

 

Cuid de pharóistí Alxén (San Paio), Cabreira (San Miguel), Fiolledo (San Paio), Meder (Santo Adrián), Pesqueiras (Santa Mariña) agus Salvaterra (San Lourenzo),

Salceda de Caselas:

 

Cuid de pharóistí Entenza (Santos Xusto e Pastor) agus Soutelo (San Vicente).

An Ghailís

Cúige Orense

Padrenda:

Cuid de pharóistí Crespos (San Xoán), Desteriz (San Miguel), O Condado (Santa María) agus Padrenda (San Cibrán).


IARSCRÍBHINN II

Teimpléid chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla a dhéantar de bhun Airteagal 6, pointe (b)

CUID A

1.   Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú

Image 3

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Le haghaidh cholún 1

:

Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é.

Le haghaidh cholún 2

:

Léirigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3

:

Léirigh méid an LC tar éis an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4

:

Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (I). Áirigh an oiread rónna is gá, ag brath ar an líon LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir.

Le haghaidh cholún 5

:

Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus áirigh an oiread rónna is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), ag baint úsáid as rónna ar leithligh. Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. i bhfoisceacht 20 km den CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) ar rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6

:

Tabhair uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1. páirc (talamh curaíochta, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhantais; 2.4. plandaí fiáine i limistéir seachas limistéir chaomhantais; 2.5. eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Cúinsí iata: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7

:

Léirigh cad iad na limistéir riosca a sainaithníodh bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide/na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh cholún 8

:

Tabhair na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, as measc na limistéar a shainaithnítear i gcolún 7.

Le haghaidh cholún 9

:

Tabhair plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás áirithe.

Le haghaidh cholún 10

:

Tabhair an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.

Le haghaidh cholún 11

:

Tabhair míonna na bliana ina ndearnadh an suirbhé.

Le haghaidh cholún 12

:

Tabhair sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme.

I gcás cholúin 13 agus 14

:

Tabhair na torthaí, más infheidhme, agus soláthair sna colúin chomhfhreagracha an fhaisnéis atá ar fáil. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 15

:

Léirigh na fógraí faoi ráigeanna sa bhliain ina ndearnadh an suirbhé i leith torthaí sa CM. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (“Nótaí”).

CUID B

1.   Teimpléad chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla ar bhonn staidrimh

Image 4

2.   Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach

Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid A den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.

Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:

an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta,

an modh braite agus íogaireacht an mhodha,

an toisc riosca nó na tosca riosca, agus léirigh na leibhéil riosca agus rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail plandaí óstacha.

Le haghaidh cholún 1

:

Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é.

Le haghaidh cholún 2

:

Léirigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 3

:

Léirigh méid an LC tar éis an tsuirbhé.

Le haghaidh cholún 4

:

Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (I). Áirigh an oiread rónna is gá, ag brath ar an líon LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir.

Le haghaidh cholún 5

:

Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus áirigh an oiread rónna is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), ag baint úsáid as rónna ar leithligh. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. i bhfoisceacht 20 km den CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) ar rónna éagsúla.

Le haghaidh cholún 6

:

Tabhair uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1. páirc (talamh curaíochta, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhantais; 2.4. plandaí fiáine i limistéir seachas limistéir chaomhantais; 2.5. eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Cúinsí iata: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás áirithe sonraithe (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid).

Le haghaidh cholún 7

:

Tabhair na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna.

Le haghaidh cholún 8

:

Tabhair an spriocphobal a roghnaíodh agus soláthair dá réir liosta na speiceas/géineas agus an limistéar a cumhdaíodh. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir talmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur gabháltais, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Tabhair údar leis an rogha a dhéantar sna toimhdí bunúsacha. Tabhair na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn “aonad cigireachta” plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.

Le haghaidh cholún 9

:

Tabhair na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, lena n-áirítear tuairisc orthu agus a n-aonad tomhais. Ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna ina toradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mba ann don lotnaid. Is fo-rannán den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá ar aon chineál ó thaobh na heipidéimeolaíochta de le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar an pobal óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad um aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí bunúsacha le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.

Le haghaidh cholún 10

:

Tabhair na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear an líon gníomhaíochtaí i ngach cás, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis i gcolún áirithe.

Le haghaidh cholún 11

:

Tabhair meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair a bhíonn sé i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht a bhaineann le sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid a roghnú nuair a bhíonn an lotnaid i láthair sa limistéar suirbhé.

Le haghaidh cholún 12

:

Ciallaíonn “íogaireacht an mhodha” an dóchúlacht i leith modha go mbraithfí láithreacht lotnaide i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheith ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófar codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithiú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).

Le haghaidh cholún 13

:

Soláthair na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint agat as an oiread rónna is gá. I gcás gach toisce riosca, tabhair an leibhéal riosca agus riosca agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail óstaigh.

Le haghaidh cholún B

:

Tabhair sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Baineann an fhaisnéis atá le soláthar sna colúin seo leis an bhfaisnéis a áirítear i gcolún 10 “Modhanna braite”.

Le haghaidh cholún 18

:

Tabhair an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).

Le haghaidh cholún 21

:

Tabhair an líon samplaí a fuarthas a bhí deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean).

Le haghaidh cholún 22

:

Tabhair na fógraí a tugadh faoi ráigeanna sa bhliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (“Nótaí”).

Le haghaidh cholún 23

:

Sonraigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear i gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 31. Luach sin an leibhéil muiníne a bhaintear amach maidir le saoirse lotnaidí, déantar é a ríomh bunaithe ar na scrúduithe (agus/nó samplaí) a dhéantar i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus na leitheadúlachta dearaidh.

Le haghaidh cholún 24

:

Sonraigh an leitheadúlacht dearaidh bunaithe ar mheastachán a rinneadh roimh an suirbhé ar leitheadúlacht dhóchúil iarbhír na lotnaide ar an láthair. Socraítear an leitheadúlacht dearaidh mar sprioc i leith an tsuirbhé agus freagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.


TREORACHA

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/45


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/1631 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2022

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i gcáblaí agus sreanga forsheoltacha ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait agus luaidhe ina naisc leictreacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí monatóireachta agus rialúcháin agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí TLL a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é luaidhe a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

An 25 Márta 2019, fuair an Coimisiún iarratas arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid luaidhe i bhforsheoltóir ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait lena húsáid i gcáblaí agus sreanga agus luaidhe i naisc leictreacha ábhartha le comhpháirteanna TLL eile (“an díolúine a iarradh”). Is féidir BSCCO atá dópáilte le luaidhe a úsáid chun ciorcaid mhaighnéadacha fhorsheoltacha a chruthú i gcomhair feistí leighis agus ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta.

(5)

Mar chuid den mheastóireacht ar an iarraidh ar dhíolúine, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(6)

Úsáidtear sádair a bhfuil luaidhe iontu chun cáblaí agus sreanga forsheoltacha a nascadh le comhpháirteanna TLL eile. Faoi láthair níl rogha malartach saor ó luaidhe ar fáil ar an margadh a thabharfadh leibhéal leordhóthanach iontaofachta maidir le feidhmeanna ina bhfuil gá le hairíonna amhail insínteacht agus friotachas leictreach íseal ag teochtaí ísle.

(7)

Maidir le meastóireacht na díolúine a iarradh, inar áiríodh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch (2), ba é a conclúid go dtugtar buntáistí teicniúla agus feidhmiúla le luaidhe a chur le BSCCO nach dtugtar gan luaidhe a úsáid. Íomhánna níos mine le haghaidh diagnóis leighis nó le haghaidh taighde agus nuálaíochta, agus modh oibrithe níos cobhsaí le haghaidh na feidhmeanna ábhartha, is iad sin na buntáistí teicniúla agus feidhmiúla. Is féidir trealamh níos éifeachtúla agus iontaofa a tháirgeadh le luaidhe a chur le BSCCO, rud a théann chun tairbhe don chúram sláinte agus don nuálaíocht.

(8)

Tá sé dodhéanta faoi láthair luaidhe a ionadú nó a dhíothú san ábhar forsheoltach agus sna sádair bhainteacha a bhfuil an fheidhmíocht theicniúil chéanna acu, agus ní mheasfar go mbeidh sé indéanta sa todhchaí is intuartha. Tá an díolúine a iarradh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú.

(10)

D’fhéadfadh sé go mbeadh acmhainneacht ag na buntáistí teicniúla maidir le hábhar BSCCO atá dópáilte le luaidhe chun feabhsuithe agus nuálaíocht a spreagadh sa diagnóisic leighis agus sa taighde. Ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad thréimhse na díolúine ar an nuálaíocht. Dá bhrí sin, is iomchuí an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse bhailíochta fhada, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Márta 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar sheacht n-iarratas ar dhíolúine a bhaineann le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

“48.

Luaidhe i gcáblaí agus sreanga forsheoltacha ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait (BSCCO) agus luaidhe sna naisc leictreacha a ghabhann leis na sreanga sin

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027.”


22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/48


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/1632 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2022

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i bhfeistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí monatóireachta agus rialúcháin agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é luaidhe a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Treoir Tharmligthe 2014/7/AE (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine i leith úsáid luaidhe i sádair, bratuithe foircinn de chomhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha agus cláir ciorcad phriontáilte, naisc de shreanga leictreacha, sciatha agus nascóirí iata a úsáidtear i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh áirithe (“an díolúine”), trí na feidhmeanna sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 30 Meitheamh 2020.

(5)

An 12 Nollaig 2018, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an iarraidh ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir leis an bhforáil sin, leanann an díolúine de bheith bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarraidh ar athnuachan.

(6)

Áiríodh le meastóireacht na hiarrata ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)

Ba é conclúid na meastóireachta ar an iarraidh ar athnuachan, a raibh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch (3) mar chuid di, go mbraitheann feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh den seandéanamh ar luaidhe ina bhfuil comhpháirteanna íomháithe athshondais mhaighnéadaigh agus go bhfuil siad an-teoranta maidir lena gcomhoiriúnacht le comhpháirteanna íomháithe athshondais mhaighnéadaigh nua atá saor ó luaidhe. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go bhfuil samhlacha cornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh atá saor ó luaidhe ar fáil cheana féin. É sin ráite, a mhéid a bhaineann le feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh le cornaí comhtháite, tá gá le tuilleadh ama maidir leis an bhforbairt theicniúil agus an nós imeachta formheasa chun réitigh saor ó luaidhe a fhorbairt.

(8)

Ba cheart úsáid luaidhe i gcornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh a dearadh le déanaí agus i bhfeistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh saor ó luaidhe le cornaí comhtháite atá le teacht a eisiamh ón díolúine le dátaí sonracha.

(9)

Mura ndéantar an iarraidh ar dhíolúine a dheonú, d’fhéadfadh sé go gcuirfí feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh amú roimh am de dheasca easpa comhpháirteanna comhoiriúnacha nó roghanna athdheartha. D’fhéadfadh sé go mbeadh bearna sa soláthar maidir le trealamh íomháithe athshondais mhaighnéadaigh mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar chúram sláinte d’othair.

(10)

Is dócha gur mó tionchair dhiúltacha iomlána an ionadaithe don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(11)

Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan na díolúine a dheonú.

(12)

Chun trealamh íomháithe athshondais mhaighnéadaigh comhoiriúnach a sholáthar do sheirbhísí sláinte agus le go mbeidh a dhóthain ama ann chun roghanna malartacha atá saor ó luaidhe a fhorbairt, is iomchuí athnuachan na díolúine a dheonú, le raon feidhme athbhreithnithe, ar feadh uastréimhse 7 mbliana go dtí an 30 Meitheamh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Márta 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe 2014/7/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith luaidhe i sádair, bratuithe foircinn de chomhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha agus cláir ciorcad phriontáilte, naisc de shreanga leictreacha, sciatha agus nascóirí iata a úsáidtear i (a) réimsí maighnéadacha laistigh de gha 1 m thart timpeall ar isealár an mhaighnéid i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, lena n-áirítear monatóirí othair a dheartar lena n-úsáid laistigh den gha sin, nó (b) i réimsí maighnéadacha laistigh de raon 1 m ó dhromchlaí seachtracha maighnéad cioglatróin, maighnéid le haghaidh bíomaí a iompar agus treoir bíomaí a rialú a chuirtear i bhfeidhm maidir le teiripe cáithníní (IO L 4, 9.1.2014, lch. 57).

(3)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar sheacht n-iarratas ar dhíolúine a bhaineann le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE (Pacáiste 18).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, in iontráil 27, cuirtear isteach na pointí (c) agus (d) seo a leanas:

 

“(c)

cornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, a eisiatar Dearbhú Comhréireachta na samhla sin ina leith den chéad uair roimh an 23 Meán Fómhair 2022, nó

(d)

feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, lena n-áirítear cornaí comhtháite, a úsáidtear i réimsí maighnéadacha laistigh de gha 1 m thart timpeall ar isealár an mhaighnéid i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, a eisiatar Dearbhú Comhréireachta ina leith den chéad uair roimh an 30 Meitheamh 2024.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027.”


CINNTÍ

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/52


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1633 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Bulgáire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhreis ar iarraidh ón mBulgáir an 7 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 (2), cúnamh airgeadais don Bhulgáir i bhfoirm iasachta ar luach uasmhéid EUR 511 000 000 í le meánaibíocht uasta 15 bliana, agus tréimhse infhaighteachta 18 mí aici, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Bulgáire chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a chomhlánú.

(2)

Bhí an iasacht le húsáid ag an mBulgáir chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 a mhaoiniú.

(3)

Leanann ráig COVID-19 de shrian a chur ar chuid shuntasach de lucht saothair na Bulgáire. Mar thoradh air sin, tá mórmhéadú tobann tagtha arís is arís eile ar chaiteachas poiblí sa Bhulgáir i ndáil leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343.

(4)

Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Bhulgáir chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun an ráig sin agus a tionchar socheacnamaíoch agus a tionchar a bhaineann le sláinte a shrianadh, bhí tionchar ollmhór acu ar an airgeadas poiblí agus tá go fóill. In 2020, bhí easnamh agus ollfhiachas rialtais ghinearálta ag an mBulgáir de 4,0 % agus 24,7 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach, méideanna a mhéadaigh go 4,1 % agus 25,1 % faoi seach ag deireadh 2021. De réir réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh easnamh agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 3,7 % agus 25,3 % de OTI faoi seach ag an mBulgáir faoi dheireadh 2022. Tuartar go dtiocfaidh méadú 2,1 % ar OTI na Bulgáire in 2022.

(5)

An 23 Meitheamh 2022, d’iarr an Bhulgáir tuilleadh cúnamh airgeadais ar an Aontas ar mhéid EUR 460 170 000 d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú, is iarrachtaí a gabhadh de láimh in 2020, 2021 agus 2022 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe. Go háirithe, rinne an Bhulgáir na fóirdheontais phá a leathnú tuilleadh agus leasaigh sí na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla dá dtagraítear in aithris (6).

(6)

Cuirtear an fóirdheontas pá leathnaithe ar fáil do ghnóthais a d’fhulaing laghdú 30 % ar a laghad ar ioncam de bharr ráig COVID-19 mar gheall ar shrianta ar a ngníomhaíochtaí idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020. Ní mór fostaíocht fostaithe a chothabháil le linn na tréimhse rannpháirtíochta sa bheart agus ar feadh tréimhse chomhionainn ina dhiaidh sin. Is ionann an fóirdheontas pá míosúil do na gnóthais incháilithe agus idir 50 agus 60 % d’olltuarastal míosúil (lena n-áirítear ranníocaíochtaí slándála sóisialta fostóra) an fhostaí, ag brath ar mhéid an laghdaithe ar ioncam. Is éard atá sa bheart sin leathnú ar an mbeart a dtugtar tuairisc air in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343, agus dá bhforáiltear i bhForaithne Uimh. 151 an 3 Iúil 2020 ó Chomhairle na nAirí, arna leasú le Foraithne Uimh. 278 an 12 Deireadh Fómhair 2020, Foraithne Uimh. 416 an 30 Nollaig 2020, Foraithne Uimh. 93 an 18 Márta 2021, Foraithne Uimh. 213 an 1 Iúil 2021, Foraithne Uimh. 322 an 7 Deireadh Fómhair 2021, Foraithne Uimh. 482 an 30 Nollaig 2021 agus Foraithne Uimh. 40 an 31 Márta 2022 (3).

(7)

Comhlíonann an Bhulgáir na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Bhulgáir fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú de EUR 1 015 050 000 tagtha ar chaiteachas poiblí iarbhír agus pleanáilte amhail ón 1 Feabhra 2020 mar thoradh ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é sin toisc go mbaineann sé le síneadh a chur leis, nó leasú a dhéanamh ar, na bearta náisiúnta atá ann cheana a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de na gnóthais agus den lucht saothair sa Bhulgáir. Beartaíonn an Bhulgáir EUR 43 880 000 de mhéid méadaithe an chaiteachais a mhaoiniú trína maoiniú féin.

(8)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBulgáir agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus pleanáilte a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in iarraidh an 23 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an mBulgáir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

(10)

Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a léirítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 imithe in éag, tá gá le tréimhse infhaighteachta nua le haghaidh an chúnaimh airgeadais bhreise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 agus, dá thoradh sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse infhaighteachta iomlán dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343.

(11)

Ba cheart don Bhulgáir agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

(12)

Ba cheart nár dhochar an Cinneadh seo do thoradh aon nóis imeachta a d’fhéadfaí a chur ar bun a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh faoi chásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann.

(13)

Ba cheart don Bhulgáir an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta faoi chur chun feidhme an chaiteachais phoiblí phleanáilte, chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Bhulgáir an caiteachas sin chun feidhme.

(14)

Thángthas ar chinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar, agus riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na Bulgáire á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Bhulgáir ar luach uasmhéid EUR 971 170 000 í. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.

2.   Naoi mí is tríocha dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais arna dheonú leis an gCinneadh seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a tugadh i gcrích idir an Bhulgáir agus an Coimisiún agus a thagann in áit an chomhaontaithe iasachta bhunaidh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Féadfaidh an Bhulgáir na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

fóirdheontais phá do ghnóthais dá bhforáiltear i bhForaithne Uimh. 55 an 30 Márta 2020 ó Chomhairle na nAirí;

(b)

fóirdheontais phá do ghnóthais dá bhforáiltear i bhForaithne Uimh. 151 an 3 Iúil 2020 ó Chomhairle na nAirí, arna leasú le Foraithne Uimh. 278 an 12 Deireadh Fómhair 2020, Foraithne Uimh. 416 an 30 Nollaig 2020, Foraithne Uimh. 93 an 18 Márta 2021, Foraithne Uimh. 213 an 1 Iúil 2021, Foraithne Uimh. 322 an 7 Deireadh Fómhair 2021, Foraithne Uimh. 482 an 30 Nollaig 2021 agus Foraithne Uimh. 40 an 31 Márta 2022.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Cuirfidh an Bhulgáir an Coimisiún ar an eolas faoin 30 Márta 2021, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí phleanáilte go dtí go gcuirfear an caiteachas poiblí pleanáilte sin chun feidhme ina iomláine.

2.   I gcás ina mbeidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 bunaithe ar chaiteachas poiblí pleanáilte agus i gcás ina raibh siad faoi réir chinneadh cur chun feidhme lena leasaítear an Cinneadh seo, cuirfidh an Bhulgáir an Coimisiún ar an eolas laistigh de 6 mhí ó dháta glactha an chinnidh cur chun feidhme leasaithigh sin, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí phleanáilte, go dtí go gcuirfear an caiteachas poiblí pleanáilte sin chun feidhme ina iomláine.”.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Bulgáire.

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar an dáta a dtabharfar fógra ina leith don seolaí.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1343 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Bulgáire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú san éigeandáil tar éis ráig COVID-19 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 10).

(3)  Prom. Iris an Stáit Uimh. 60 an 07 Iúil 2020, arna leasú ag agus arna fhorlíonadh le SG Uimh. 89 an 16 Deireadh Fómhair 2020, arna fhorlíonadh le SG Uimh. 110 an 29 Nollaig 2020, arna leasú ag SG Uimh. 2 an 08 Eanáir 2021, arna leasú ag agus arna fhorlíonadh le SG Uimh. 24 an 23 Márta 2021, arna leasú ag agus arna fhorlíonadh le SG Uimh. 56 an 06 Iúil 2021, arna leasú ag agus arna fhorlíonadh le SG Uimh. 85 an 12 Deireadh Fómhair 2021, arna fhorlíonadh le SG Uimh. 97 an 19 Samhain 2021, arna leasú ag SG Uimh. 1 an 04 Eanáir 2022, arna leasú ag SG Uimh. 27 an 05 Aibreán 2022.


MOLTAÍ

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/56


MOLADH (AE) 2022/1634 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meán Fómhair 2022

maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról uathúil ag seirbhísí meán neamhspleácha sa mhargadh inmheánach. Is earnáil iad atá ag athrú go tapa agus lena bhfuil tábhacht eacnamaíoch agus an tráth céanna, soláthraíonn na seirbhísí meán sin rochtain ar iolracht tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon, agus ar an gcaoi sin comhlíonann siad feidhm leasa ghinearálta “an mhaoirseora phoiblí”.

(2)

Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí meán i sochaithe daonlathacha toisc go soláthraíonn siad faisnéis chun leas an phobail. Chun ról fíorthábhachtach sochaíoch den sórt sin a chomhlíonadh agus chun go mbeidh rath orthu ar an margadh, ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán a bheith in ann a gcuid seirbhísí a sholáthar gan srian agus go neamhspleách i margadh atá oscailte agus trédhearcach, agus a fhágann gur féidir iolrachas gníomhaithe sna meáin agus iolracht tuairimí a bheith ann.

(3)

Ní hamháin go bhfuil cosaint ag soláthraithe seirbhíse meán faoi rialacha an Aontais lena rialaítear an margadh inmheánach ach tá cosaint acu faoi Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (“an Chairt”) freisin toisc go bhfuil siad tábhachtach chun leas a bhaint as an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Foráiltear le hAirteagal 11 den Chairt freisin go n-urramófar saoirse agus iolrachas na meán agus go n-áirítear leis an gceart chun tuairimí a nochtadh saoirse chun faisnéis a fháil agus a roinnt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha na mBallstát. Thairis sin, tá tionchar díreach ag feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ar an smacht reachta agus ar an daonlathas, ar luachanna bunúsacha de chuid an Aontais iad a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(4)

Mar gheall ar chaillteanas na n-ioncam fógraíochta le deich mbliana anuas, go háirithe i ngeall ar an méadú ar dháileadh ábhair meán ar líne agus ar an athrú ar nósanna tomhaltais, baineadh acmhainní airgeadais d’earnáil na meán traidisiúnta, rud a rinne difear dá hinbhuanaitheacht, agus do cháilíocht agus d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil dá réir sin. Léiríonn an treocht sin an chaoi nach bhfuil ag éirí leis an margadh torthaí inbhuanaithe a sholáthar don nuacht neamhspleách agus don iriseoireacht ar ardchaighdeán, ar leasanna poiblí iad a chuidíonn le cur i gcoinne na bréagaisnéise.

(5)

Mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (1), tá sraith tionscnamh curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun tacú le saoirse agus iolrachas na meán. Ghlac sé moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (2). Chuir sé i láthair freisin togra le haghaidh Treoir (3) agus Moladh (4) maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”). Thairis sin, chuir an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí chun feidhme chun tacú le téarnamh agus claochlú earnáil na meán agus an chlosamhairc, mar chuid de phlean gníomhaíochta na Meán agus an chlosamhairc (5). Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán freisin ar thrasuí agus ar chur chun feidhme píosaí tábhachtacha reachtaíochta le haghaidh earnáil na meán, go háirithe Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (6) agus an Treoir maidir le Cóipcheart (7).

(6)

Chuir an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat coiteann um sheirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán). Foráiltear leis an togra sin do shraith coimircí i ndlí an Aontais chun iolrachas sna meáin agus neamhspleáchas eagarthóireachta sa mhargadh inmheánach a chosaint. Gabhann an Moladh seo leis an Rialachán atá beartaithe mar uirlis ag a bhfuil éifeacht láithreach chun neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chothú.

(7)

An tráth céanna, mar chomhlánú ar an reachtaíocht agus mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, tá an Coimisiún ag tacú go gníomhach le tionscnaimh féinrialála ó earnáil na meán féin. Is cuid de na hiarrachtaí sin é an Moladh seo.

(8)

Tá traidisiún seanbhunaithe féinrialála ag tionscal na meán agus thug sé faoi roinnt tionscnamh sa réimse. Ag cur leis na tionscnaimh sin agus éagsúlacht na dtraidisiún dlí agus na gcineálacha cur chuige dlí sna Ballstáit á gcur san áireamh, is féidir cleachtais dheonacha a shainaithint a bhféadfadh soláthraithe seirbhíse meán cloí leo chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus chun brú polaitiúil agus eacnamaíoch a sheasamh ar bhealach níos fearr. D’fhéadfadh an earnáil dul i mbun plé ar chleachtais dheonacha den sórt sin agus, an tráth céanna, é a fhágáil faoi na soláthraithe seirbhíse meán cinneadh a dhéanamh gan srian faoi na cleachtais ar féidir leo a bheith oiriúnach dá riachtanais aonair agus dá samhlacha gnó, go háirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh (8).

(9)

Ní mór do shaoránaigh a bheith in ann muinín a bheith acu as an bhfaisnéis a fhaigheann siad chun a gcearta daonlathacha a fheidhmiú. Ní mór rochtain a bheith acu ar iolracht tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise chun a dtuairimí féin a chur le chéile agus chun rannchuidiú leis na próisis dhaonlathacha. Tá rochtain ar fhaisnéis iontaofa chomh tábhachtach céanna chun go mbeidh gnólachtaí in ann cinntí eolasacha a dhéanamh.

(10)

Tá níos mó agus níos mó soláthraithe seirbhíse meán Eorpacha faoi réir cur isteach míchuí ar na cinntí eagarthóireachta aonair, lena n-áirítear ó úinéirí príobháideacha agus ó scairshealbhóirí, agus bíonn éifeachtaí díobhálacha aige sin ar shaoirse eagarthóireachta, ar an acmhainneacht nuacht neamhspleách a sholáthar agus, dá bhrí sin, ar infhaighteacht faisnéise iontaofa don phobal meáin. Le Monatóir ar Iolrachas sna Meáin 2022, léirítear go bhfuil ardriosca ann go mbeidh tionchar míchuí tráchtála agus úinéara i roinnt Ballstát (9). Sa ré dhigiteach, mar gheall ar an bhféidearthacht mhéadaithe a bhaineann le rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe i mBallstáit eile, tá sé fíor-riachtanach dea-chleachtais a chothú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go bhfaighidh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ábhar nuachta agus cúrsaí reatha atá neamhspleách agus éagsúil chun a gcuid tuairimí a fhorbairt agus chun roghanna eolasacha a dhéanamh, rud a chuirfidh le réimse poiblí sa mhargadh inmheánach.

(11)

Le neamhspleáchas eagarthóireachta, cosnaítear eagarthóirí agus iriseoirí ar choinbhleachtaí leasa agus cuidíonn sé leo seasamh in aghaidh cur isteach agus brú míchuí. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é chun faisnéis neamhchlaonta a tháirgeadh agus a scaipeadh agus is gné fhíor-riachtanach de shaoirse na meán é. Cuirtear ar a gcumas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais seirbhísí neamhspleách, iolraíocha meán a sholáthar agus a ghlacadh. Tá sé sin ábhartha go háirithe do sholáthraithe seirbhíse meán a chuireann ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil, gan beann ar an bhformáid (lena n-áirítear cláir faisnéise nó irisí lena gcumhdaítear saincheisteanna den sórt sin). Dá bhrí sin, tá na moltaí a bhaineann le bearta deonacha maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta dírithe ar na soláthraithe sin.

(12)

Sa chomhthéacs sin, tá bearta, caighdeáin nó sásraí rialachais chorparáidigh curtha i bhfeidhm cheana féin ag roinnt soláthraithe seirbhíse meán, amhail cairteacha nó cóid eagarthóireachta nó coistí eitice chun neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint. I roinnt eagraíochtaí nuachta, bíonn tionchar ag iriseoirí ar roghnú a bpríomheagarthóra nó ar athruithe ar úinéireacht na meán fiú. I gcuideachtaí áirithe sna meáin, tá stádas scairshealbhóirí ag iriseoirí, agus is féidir leo páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht straitéiseach agus i roinnt na ngnóthachan eacnamaíoch. I roinnt Ballstát, tá ceangal dlí le cuid de na bearta corparáideacha le haghaidh cineálacha sonracha soláthraithe seirbhíse meán (10). Ba cheart na coimircí sin agus samplaí eile de choimircí a úsáid mar fhoinsí inspioráide do bhearta deonacha agus mar bhonn le plé leanúnach faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara maidir le conas feabhas a chur ar chosaint an neamhspleáchais eagarthóireachta.

(13)

Cé go bhfuil sé dlisteanach d’úinéirí na meán príobháideach an treo eagarthóireachta fadtéarmach a roghnú agus a chinneadh, tá sé tábhachtach a chinntiú gur féidir le heagarthóirí nuacht agus cúrsaí reatha a chlúdach go neamhspleách le linn na hoibre laethúla. Go deimhin, ba cheart d’eagarthóirí cinntí eagarthóireachta aonair a bhunú ar an taighde iriseoireachta agus ar an measúnú iriseoireachta, agus ar ábharthacht na faisnéise do na léitheoirí; ba cheart dóibh a bheith in ann tuairimí criticiúla a chur in iúl gan eagla a bheith orthu go mbeidh díoltas i ndán dóibh. Tá gá le cur chuige cothrom faoi stiúir an tionscail, d’fhonn neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú, agus cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí príobháideacha na soláthraithe seirbhíse meán á n-aithint an tráth céanna maidir le saoirse ghnó agus saoirse tuairimí a nochtadh araon.

(14)

Is uirlisí éifeachtacha iad féinrialáil na meán agus caighdeáin na heitice iriseoireachta chun iriseoirí a chumhachtú agus chun cuidiú leo seasamh in aghaidh brú míchuí, lena n-áirítear brú polaitiúil agus tráchtála, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar mhuinín an phobail sna meáin (11). Mar sin féin, is féidir feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán iriseoireachta ar fud an Aontais. I Monatóir ar Iolrachas sna Meáin 2022, léirítear na heasnaimh i gcur chun feidhme éifeachtach na féinrialála (12).

(15)

Thairis sin, mar a sainaithníodh leis an tionscadal “Comhairlí Meán sa Ré Dhigiteach” a fhaigheann cistiú ón Aontas, ní fheidhmíonn comhairlí meán nó preasa ach i mbeagán os cionn leath de na Ballstáit (13). Sna Ballstáit sin, tá na comhairlí sin éagsúil maidir lena méid, maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus maidir leis an gcineál céannachta dlíthiúla nó aitheantais dhlíthiúil atá acu faoin dlí náisiúnta, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a ról éifeachtach. Sna Ballstáit sin nach bhfuil comhairlí meán nó preasa bunaithe iontu go fóill, is minic nach mbíonn dreasachtaí ann d’ionadaithe phobal na meán chun iad a fhorbairt.

(16)

Sa Mholadh seo, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán catalóg neamh-uileghabhálach agus neamhcharnach de bhearta agus de straitéisí deonacha d’fhonn an próiseas neamhspleách maidir le táirgeadh ábhair nuachta a ráthú. Baineann na bearta atá molta le príomhghnéithe an phróisis sin, idir na coinníollacha maidir le hábhar eagarthóireachta a chruthú go neamhspleách, trí iriseoirí a chumhachtú chun páirt a ghlacadh i gcinntí ríthábhachtacha i dtaca le feidhmiú eagraíochtaí meán, agus straitéisí chun cobhsaíocht fhadtéarmach i dtáirgeadh ábhair nuachta a áirithiú.

(17)

Níor cheart aon ní sa Mholadh seo, atá neamhcheangailteach de réir sainmhínithe, a léirmhíniú mar ní a dhéanann difear don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa mhargadh inmheánach nó don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse an phreasa, nó mar ní a chuireann isteach ar shaoirse eagarthóireachta nó ar shaoirse fiontraíochta. Leis na coimircí inmheánacha, níor cheart a mheas, ar bhealach ar bith, go mbaintear d’úinéirí na meán a ról maidir le spriocanna straitéiseacha a leagan síos agus fás agus inmharthanacht airgeadais a gcuideachtaí a chothú. Ina theannta sin, ba cheart aitheantas a thabhairt don ról ceannasach atá ag soláthraithe seirbhíse meán agus ag iriseoirí maidir le coimircí inmheánacha agus ionstraimí féinrialála a fhorbairt.

(18)

Tá an Moladh seo bunaithe ar mhalartuithe leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, go háirithe iriseoirí, cuideachtaí meán agus a gcomhlachais. Cuirtear leis an bplé a rinneadh ag an bhFóram Eorpach um Meáin Nuachta (14), go háirithe an dara heagrán a tionóladh an 29 Samhain 2021, inar pléadh claochlú tionsclaíoch earnáil na meán agus na dúshláin ghaolmhara (15). Cuirtear san áireamh ann freisin na tionscnaimh tionscail atá ann cheana, lena n-áirítear Journalism Trust Initiative (JTI) ó Thuairisceoirí gan Teorainneacha agus ó na comhpháirtithe, a bhfuil sé d’aidhm acu spás faisnéise níos sláintiúla a chothú agus caighdeáin tionscail ag tacú leis.

(19)

Cuireann na bearta atá molta le tionscnaimh lena ndéantar samhlacha nua gnó agus comhar a thástáil, amhail iad siúd a mhaoinítear faoi ghníomhaíocht na gcomhpháirtíochtaí iriseoireachta a fhaigheann tacaíocht ó chlár Eoraip na Cruthaitheachta (16). Cuireann siad freisin leis na scéimeanna tacaíochta airgeadais agus na tosaíochtaí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta na Meán agus an Chlosamhairc, mar chuid d’iarrachtaí ar leibhéal an Aontais tacú le héiceachóras tionsclaíoch le haghaidh na meán nuachta. Thairis sin, chuaigh soláthraithe seirbhíse meán áirithe i muinín struchtúir rialachais ina bhfuil a gcaipiteal iomlán nó cuid dá gcaipiteal ag eintitis neamhbhrabúis, amhail iontaobhais nó fondúireachtaí, agus, i gcásanna áirithe, bíonn ról tábhachtach acu maidir le ceapadh na mbord bainistíochta agus na n-eagarthóirí, a mheastar a bheith ag feidhmiú chun neamhspleáchas eagarthóireachta an tsoláthraí a chaomhnú san fhadtéarma. I measc na sásraí rialachais eile a bhfuil spriocanna comhchosúla acu tá socruithe scairshealbhóra iriseoireachta ina rialaíonn comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó a gcomhlachtaí ionadaíocha cuid de na scaireanna nó a bhfuil sé de chumhacht acu iontráil scairshealbhóra rialaithe nua a dhiúltú, ar scairshealbhóir é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don neamhspleáchas eagarthóireachta. Ar bhonn an mhéid sin, tagraítear sna bearta molta do chineálacha cur chuige a d’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse meán a mheas chun a n-inbhuanaitheacht a mhéadú, agus, dá bhrí sin, a n-athléimneacht i gcoinne brúnna polaitiúla agus margaidh a mhéadú, agus é á thabhairt dá n-aire gurb iad is fearr, mar oibreoirí eacnamaíocha, atá in ann samhlacha gnó a fhorbairt a oireann dá gcuspóirí agus dá n-acmhainneachtaí, de réir dheighleoga an mhargaidh ar a bhfuil siad dírithe.

(20)

Tá sé d’aidhm ag an Moladh seo freisin trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun cinn a thuilleadh ar fud an Aontais. Faoi láthair, spreagann caighdeáin idirnáisiúnta (17) agus reachtaíocht an Aontais maidir leis na meáin na Ballstáit le bearta earnáilsonracha a ghlacadh chun trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú. Go háirithe, in Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), sainaithnítear go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán atá faoina ndlínse faisnéis maidir lena struchtúr úinéireachta a chur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis faoina n-úinéirí tairbhiúla, i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). I Moladh 2018 ó Chomhairle na hEorpa maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán, iarrtar ar na Ballstáit creataí a chur i bhfeidhm chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a bhaineann le húinéireacht dhíreach agus thairbhiúil na meán a nochtadh. Thairis sin, tá an Coimisiún ag cómhaoiniú fhorbairt an Mhonatóra ar Úinéireacht Euromedia, arb é is aidhm dó bunachar sonraí inchuardaithe agus inscálaithe a dhearadh chun faisnéis shaor, sho-úsáidte faoi úinéireacht na meán ar fud an Aontais a sholáthar.

(21)

Bearta lena bhfeabhsófaí trédhearcacht úinéireacht na meán maidir leis an bpobal i gcoitinne, bheidís tábhachtach i bhfianaise chineál sonrach na seirbhísí meán mar leas poiblí (20). Ós rud é go bhfuil ról ag na meáin maidir le leasanna polaitiúla agus eacnamaíocha a thuairisciú agus a thabhairt chun cuntais, is gné riachtanach í trédhearcacht úinéireacht na meán d’aon éiceachóras a bhfuil sé d’aidhm aige iriseoireacht iniúchach, éagsúlacht na meán agus muinín an phobail as tuairisciú na meán a chothú. Léirigh na páirtithe leasmhara an easpa faisnéise trédhearcachta a bhaineann go sonrach leis na meáin sna comhairliúcháin a rinneadh agus an Moladh seo á ullmhú.

(22)

Tuigtear ón méid thuas go bhfuil cur chuige cuimsitheach maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán iomchuí. Chuirfí chun cinn infhaighteacht faisnéise maidir le húinéireacht na meán (nó feidhmiú na faisnéise sin) ag an rialtas, ag institiúid stáit, ag cuideachta faoi úinéireacht stáit nó ag comhlacht poiblí eile, i dtaca le leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí úinéirí i ngnólachtaí i meáin eile nó i ngnólachtaí nach gnólachtaí meán iad chomh maith le haon leas eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chinnteoireacht straitéiseach chuideachta na meán nó ar a líne eagarthóireachta. Is iomchuí freisin a mholadh go bhfoilseofar faisnéis maidir le haon athrú ar úinéireacht nó ar rialú na meán, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le faisnéis cothrom le dáta maidir leis an struchtúr úinéireachta le haghaidh faighteoirí seirbhísí. Ba cheart an cur chuige a mholtar a choigeartú ag brath ar chineál na heagraíochta meán agus ar chineál a húinéireachta. Go háirithe, i gcás eagraíochtaí meán atá faoi úinéireacht iriseoirí, níor cheart ach faisnéis faoi na húinéirí a bhfuil ról ceannaireachta acu, mar shampla, comhaltaí den bhord stiúrthóirí, a chur ar fáil.

(23)

Dá réir sin, leis an Moladh seo, féachtar le hardleibhéil trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán a chur chun cinn ar fud an Aontais trí ghníomhaíochtaí deonacha a d’fhéadfadh soláthraí seirbhíse meán agus na Ballstáit araon a dhéanamh go díreach, gan dochar do na rialacha trédhearcachta maidir le húinéireacht chothrománach ar leibhéal an Aontais faoi Threoir (AE) 2015/849 agus do na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh cuideachtaí faoi Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), chomh maith leis na córais um idirnascadh na gclár atá ann cheana ar leibhéal an Aontais.

(24)

Chun an obair leantach ar an Moladh seo a chothú, éascóidh an Coimisiún idirphlé rialta leis na Ballstáit agus le hionadaithe na soláthraithe seirbhíse meán agus iriseoirí sna fóraim ábhartha, go háirithe an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus leanfaidh sé na bearta ábhartha a ghlacfaidh soláthraithe seirbhíse meán faoin Moladh. Chun na críche sin, an fhaisnéis ábhartha is féidir a mheas go réasúnta go soláthróidh na Ballstáit í, ba cheart dóibh í a chur ar fáil don Choimisiún, ionas go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcodanna ábhartha den Mholadh atá dírithe orthu. Is féidir torthaí an fhaireacháin a chur san áireamh sa phlé faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

ROINN I

Cuspóir an Mholta

(1)

Gan dochar do rialacha an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, leis an Moladh seo:

(a)

moltar do sholáthraithe seirbhíse meán a sholáthraíonn ábhar nuachta agus cúrsaí reatha catalóg neamh-uileghabhálach de bhearta deonacha a d’fhéadfaí a ghlacadh d’fhonn neamhspleáchas a gcinntí eagarthóireachta aonair a ráthú;

(b)

spreagtar soláthraithe seirbhíse meán agus na Ballstáit le gníomhaíochtaí a dhéanamh chun trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach.

ROINN II

Coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta

(2)

Agus bearta á ndéanamh d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán an chatalóg thíos a mheas.

(3)

Is foinse inspioráide í an chatalóg seo do sholáthraithe seirbhíse meán. Ba cheart an rogha fhéideartha coimircí a bheith á threorú ag a n-infheidhmitheacht agus a gcomhréireacht, agus méid na soláthraithe seirbhíse meán agus cineál na seirbhísí meán a sholáthraítear á gcur san áireamh.

(4)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán freisin cloí le scéimeanna féinrialála agus le tionscnaimh tionscail iriseoireachta agus meán lena gcuirtear chun cinn caighdeáin eagarthóireachta agus caighdeáin iriseoireachta iontaofa eiticiúla.

Coimircí chun neamhspleáchas agus ionracas na n-eagarthóirí a áirithiú

(5)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rialacha inmheánacha a leagan síos chun sláine eagarthóireachta agus neamhspleáchas a chosaint ar leasanna míchuí polaitiúla agus gnó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinntí eagarthóireachta aonair. I gcás ina bhfuil rialacha inmheánacha den sórt sin ann, moltar d’úinéirí agus do bhainistíocht na cuideachta meán na rialacha sin a aithint agus a fhormhuiniú go hiomlán.

(6)

D’fhéadfaí rialacha inmheánacha den sórt sin a bhailiú i gcairteacha, i gcóid nó i dtreoirlínte eagarthóireachta agus i ndoiciméid bheartais eile, agus moltar do sholáthraithe seirbhíse meán iad a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a thabhairt don phobal orthu ar a suíomhanna gréasáin, agus ba cheart sin a bheith amhlaidh do dhaoine faoi mhíchumas, a mhéid is féidir.

Sláine eagarthóireachta

(7)

D’fhéadfaí na gnéithe seo a leanas a chumhdach i rialacha inmheánacha na soláthraithe seirbhíse meán dá dtagraítear i bpointe 5:

(a)

rialacha lena n-áirithítear sláine an ábhair eagarthóireachta (maidir le hábhar a tháirgeadh), lena n-áirítear, mar shampla, ráiteas misin eagarthóireachta, beartais chun comhdhéanamh éagsúil agus cuimsitheach seomraí nuachta a chothú, nó beartais maidir le húsáid fhreagrach foinsí;

(b)

rialacha arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc nó a nochtadh, lena n-áirítear go háirithe ceanglais chun an pobal a chur ar an eolas faoi aon nasc gnó nó gairmiúil idir na húinéirí nó na heintitis i struchtúr úinéireachta an tsoláthraí seirbhíse meán nó na n-eintiteas nó na ndaoine aonair ar leith a luaitear san ábhar eagarthóireachta nó a bhfuil leas acu sa soláthraí nó sna heintitis sin;

(c)

beartais maidir le ceartúcháin, lena n-áirítear sásraí gearáin;

(d)

rialacha lena n-áirithítear an deighilt idir gníomhaíochtaí tráchtála agus eagarthóireachta, lena n-áirítear, mar shampla, ceanglais chun a áirithiú go mbeidh an t-ábhar eagarthóireachta scartha agus gur féidir é a idirdhealú go soiléir ó ábhar fógraíochta agus bolscaireachta.

Neamhspleáchas eagarthóireachta

(8)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán sásraí a bhunú lena gcuirfear ar a gcumas do chomhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint ar chur isteach míchuí de chineál ar bith. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh le sásraí den sórt sin:

(a)

mar chomhlánú ar na hoibleagáidí a leagtar síos i rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) chun feidhme, nósanna imeachta chun aon bhrú a d’fhéadfadh a bheith orthu a chur in iúl; d’fhéadfaidís roghanna a chur ar fáil chun cásanna brú a chur in iúl go hanaithnid nó faoi rún;

(b)

ceart freasúra lena gcuirfear ar a gcumas do chomhaltaí den fhoireann eagarthóireachta diúltú ailt nó ábhar eagarthóireachta eile a shíniú a modhnaíodh i ngan fhios dóibh nó i gcoinne a dtola;

(c)

clásail choinsiasa lena gcosnaítear ar smachtbhannaí araíonachta nó ar dhífhostú treallach comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a dhiúltaíonn tascanna a mheasann siad a bheith in aghaidh caighdeáin ghairmiúla;

(d)

gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i ndlí an tsaothair nó i rialacha cosanta eile, an ceart atá ag comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a chreideann go bhféadfadh athrú úinéireachta maidir leis an soláthraí seirbhíse meán difear a dhéanamh dá sláine eagarthóireachta agus don neamhspleáchas atá acu an soláthraí sin a fhágáil agus na sochair go léir a choinneáil a bhfuil feidhm acu i leith an ama a chaitear ag an eagraíocht meán.

Comhlachtaí nó struchtúir inmheánacha

(9)

Chun tacú le cur chun feidhme na mbeartas nó na rialacha inmheánacha maidir le sláine agus neamhspleáchas eagarthóireachta, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán comhlachtaí nó struchtúir neamhspleácha inmheánacha iomchuí a bhunú a bhféadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:

(a)

coistí eitice nó maoirseachta, atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart cairteacha, cód nó treoirlínte eagarthóireachta agus doiciméad beartais eile arna nglacadh laistigh den soláthraí seirbhíse meán, agus ombudsmain atá freagrach as comhlíonadh na rialacha maidir le sláine eagarthóireachta a áirithiú. D’fhéadfadh na comhlachtaí sin gearáin a fháil maidir le sáruithe féideartha ar na beartais agus ar na rialacha agus d’fhéadfaidís féachaint le haghaidh a thabhairt orthu, mar shampla trí idirghabháil;

(b)

comhairlí seomra nuachta, boird eagarthóireachta, nó comhlachtaí eile a fheidhmíonn mar ghrúpaí ionadaíochta gairmiúla de chuid na foirne eagarthóireachta sna meáin agus mar phointí teagmhála agus idirphlé idir an bhainistíocht agus na hiriseoirí agus gairmithe eile sna meáin. D’fhéadfadh na hiriseoirí agus gairmithe eile sna meáin laistigh den soláthraí seirbhíse meán a gcomhaltaí a thoghadh. D’fhéadfaidís féachaint, go háirithe, lena áirithiú go mbeadh na cearta a leagtar amach i gcairteacha, i gcóid nó i dtreoirlínte eagarthóireachta agus i ndoiciméid bheartais eile arna nglacadh laistigh den soláthraí á dteachtadh go héifeachtach ag iriseoirí agus ag gairmithe eile sna meáin. D’fhéadfaidís féachaint lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail eiticiúla freisin;

(c)

stiúrthóirí iriseoireachta, arna gceapadh chuig na coistí feidhmiúcháin agus atá freagrach as a áirithiú go n-urramaíonn beartais an tsoláthraí seirbhíse meán prionsabail na hiriseoireachta neamhspleáiche agus shaoirse an phreasa;

(d)

na boird atá freagrach as an bpríomheagarthóir a cheapadh agus as a neamhspleáchas a chosaint;

(e)

coistí comhairliúcháin nó idirghabhála, ina bhfuil ionadaithe ón bhfoireann eagarthóireachta agus ón mbainistíocht nó ó na húinéirí, chun coinbhleachtaí idir comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta agus comhaltaí na bainistíochta nó na n-úinéirí a réiteach.

(10)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear feidhmiú na gcomhlachtaí agus na struchtúr sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon le faisnéis maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart iad a bheith ar fáil go poiblí agus ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal orthu, a mhéid is féidir, agus ba cheart sin a bheith amhlaidh freisin do dhaoine faoi mhíchumas.

Coimircí chun rannpháirtíocht iriseoirí i gcinnteoireacht cuideachtaí meán a chur chun cinn

(11)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rannpháirtíocht comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó a gcomhlachtaí ionadaíocha a chothú i bpróisis rialachais agus chinnteoireachta. D’fhéadfadh cearta faisnéise, cearta comhairliúcháin, cearta rannpháirtíochta, nó meascán díobh sin a bheith sa rannpháirtíocht sin; ní dhéanfaidh sé sin difear d’Airteagal 16 den Chairt.

(12)

D’fhéadfaí cearta faisnéise a bheartú go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a chinneann úinéirí nó bainistíocht sholáthraí seirbhíse na meán an príomheagarthóir a athrú;

(b)

nuair a thagann athrú ar chomhdhéanamh an bhoird bainistíochta;

(c)

i gcás mórathruithe a bhaineann le foirm dhlíthiúil nó úinéireacht an tsoláthraí seirbhíse meán, nósanna imeachta leachtaithe nó athruithe struchtúracha eile.

(13)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán a áirithiú go rachfar i gcomhairle le comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó lena gcomhlachtaí ionadaíocha maidir le ceapadh an phríomheagarthóra. Moltar don bhainistíocht agus don fhoireann eagarthóireachta teacht ar chomhaontú maidir leis an nós imeachta comhairliúcháin is infheidhme.

(14)

I gcás ina bhfuil sé ag teacht leis na rialacha náisiúnta is infheidhme atá i gcomhréir le dlí an Aontais, d’fhéadfaí an deis a thabhairt do chomhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a bheith rannpháirteach i mbainistiú an tsoláthraí seirbhíse meán trí ionadaí amháin nó níos mó ar an mbord bainistíochta a thoghadh.

Coimircí chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na soláthraithe seirbhíse meán agus ar infheistíocht fhadtéarmach i dtáirgeadh ábhair

(15)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán comhroinnt eolais a chur chun cinn agus dea-chleachtais a mhalartú sna fóraim ábhartha d’fhonn straitéisí a fhorbairt chun a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus a n-athléimneacht a mhéadú. Éascóidh an Coimisiún idirphlé den sórt sin laistigh den Fhóram Eorpach um Meáin Nuachta.

(16)

Léiríodh sa phlé go dtí seo go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nuálacha ábhartha i roinnt réimsí, lena n-áirítear:

(a)

samhlacha gnó lenar féidir oiriúnú go héifeachtach do nósanna nua tomhaltais, lena n-áirítear scéimeanna bunaithe ar shíntiús, scéimeanna bunaithe ar léitheoirí, sluachistiú nó straitéisí nua chun airgead a shaothrú, ar éirigh leo ioncam a mhéadú;

(b)

réitigh theicneolaíocha atá ríthábhachtach chun borradh a chur faoin rannpháirtíocht, lena n-áirítear algartaim thrédhearcacha a úsáidtear chun feabhas a chur ar mholtaí ábhair agus chun ballaí íocaíochta a oiriúnú;

(c)

cineálacha cur chuige atá dírithe ar lucht féachana a choinneáil agus a mhéadú, go háirithe trí fhormáidí nua a mholadh, uirlisí éisteachta don phobal meáin agus uirlisí forbartha pobail a fhorbairt, chomh maith le leas a bhaint as sonraí chun tuiscint níos fearr a fháil ar roghanna agus iompar an phobail mheáin, rud a chumasaíonn straitéisí maidir le spriocdhíriú agus éagsúlú;

(d)

struchtúir rialachais chorparáidigh, lena n-áirítear iontaobhais nó fondúireachtaí, socruithe maidir le scairshealbhóireacht iriseoireachta, comhlachais iriseoirí nó léitheoirí nó aon struchtúr eile a d’fhéadfadh cuidiú le hathléimneacht soláthraithe seirbhíse meán a chothú. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil tairbhe ag baint le dul i muinín na struchtúr nó na sásraí sin ó thaobh neamhspleáchas eagarthóireachta a chaomhnú agus iriseoireacht ardcháilíochta a chur chun cinn;

(e)

straitéisí nó gealltanais chun ioncaim nó brabúis a ghintear a athinfheistiú d’fhonn infheistíocht fhadtéarmach in ábhar na meán, sa digitiú agus san iriseoireacht neamhspleách a neartú, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an ngá atá le coinneáil suas le nuálaíochtaí san airdgheilleagar.

(17)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán beartais a fhorbairt lena n-áiritheofar trédhearcacht agus úsáid chothrom tabhartas. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin, mar shampla, nochtadh deontóirí a dhéanann síntiúis os cionn tairseach áirithe nó rialacha maidir le tabhartais ó dhaoine nó ó eintitis a bhféadfadh a dtabhartas an neamhspleáchas eagarthóireachta a chur i mbaol.

(18)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán freisin féachaint ar na féidearthachtaí maidir le comhar struchtúrach, lena n-áirítear thar theorainneacha, chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an margadh inmheánach ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus chun dul i bhfeidhm ar phobail mheáin eile. Ar an gcaoi chéanna, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán iniúchadh a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí struchtúrtha, mar shampla, comhpháirtíochtaí atá dírithe ar shonraí a chomhthiomsú agus a shaothrú agus ar bhorradh a chur faoina n-acmhainneachtaí nuálaíochta.

(19)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán deiseanna gairmiúla oideachais agus oiliúna a chur chun cinn dá n-iriseoirí agus do ghairmithe eile sna meáin, lena n-áirítear athoiliúint agus athsciliú. Is féidir é sin a dhéanamh i gcomhar le comhlachtaí féinrialála meán, eagraíochtaí agus cumainn ghairmiúla, chomh maith le hinstitiúidí oideachais.

ROINN III

Trédhearcacht úinéireacht na meán

(20)

Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán a áirithiú go mbeidh rochtain éasca agus dhíreach ag an bpobal ar fhaisnéis mhionsonraithe, chuimsitheach agus cothrom le dáta maidir lena n-úinéireacht, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, daoine faoi mhíchumas. Go háirithe, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rochtain a áirithiú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil a n-úinéireacht dhíreach nó thairbhiúil i seilbh an rialtais, institiúid stáit, cuideachta faoi úinéireacht stáit nó comhlacht poiblí eile;

(b)

leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí a n-úinéirí i meáin eile nó i ngnólachtaí eile nach gnólachtaí meán iad;

(c)

aon leas eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a gcinnteoireacht straitéiseach nó ar a líne eagarthóireachta;

(d)

aon athrú ar a n-úinéireacht nó ar a socruithe rialaithe.

(21)

Moltar do na Ballstáit gníomhú chun Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun feidhme go héifeachtach. Go háirithe, moltar do na Ballstáit é a chur de chúram ar údarás nó ar chomhlacht rialála náisiúnta ábhartha bunachar sonraí tiomnaithe d’úinéireacht na meán ar líne a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ina mbeidh sonraí imdhealaithe faoi chineálacha éagsúla meán, lena n-áirítear ar leibhéil réigiúnacha agus/nó áitiúla, ar a mbeadh rochtain éasca, thapa agus éifeachtach ag an bpobal saor in aisce, agus lena soláthrófaí tuarascálacha rialta maidir le húinéireacht seirbhísí meán faoi dhlínse Ballstáit ar leith.

(22)

Moltar do na Ballstáit agus dá n-údaráis nó dá gcomhlachtaí rialála náisiúnta malartuithe rialta dea-chleachtas a dhéanamh i réimse thrédhearcacht úinéireacht na meán. Go háirithe, ba cheart na malartuithe sin a bheith dírithe ar na bearta nó na huirlisí is éifeachtaí a shainaithint agus a chur chun cinn chun trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú agus chun feabhas a chur ar chomhar riaracháin sa réimse sin.

ROINN IV

Faireachán agus forálacha críochnaitheacha

(23)

Chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar na bearta agus ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun obair leantach a dhéanamh ar an Moladh seo, ba cheart do na Ballstáit — 18 mí tar éis a ghlactha agus arna iarraidh sin ina dhiaidh sin — gach faisnéis ábhartha maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a shonraítear i Roinn III a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(24)

Beidh plé ag an gCoimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun obair leantach a dhéanamh ar an Moladh seo, go háirithe ionadaithe soláthraithe seirbhíse meán agus iriseoirí, i bhfóraim ábhartha, go háirithe an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta.

(25)

Más gá, breithneoidh an Coimisiún Moladh nua a ghlacadh, a chuirfear in ionad an Mholta seo, agus an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, mar a ghlac na comhreachtóirí é, á chur san áireamh, chomh maith le plé leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Chun amhras a sheachaint, i gcás aon fhorluí idir forálacha an Mholta seo agus an Rialachán lena mbunaítear creat coiteann do sheirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán), arna ghlacadh go críochnaitheach ag na comhreachtóirí, scoirfidh forálacha ábhartha an Mholta seo d’fheidhm a bheith acu nuair a bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin sin.

Dírítear an Moladh seo chuig soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe san Aontas agus, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a shonraítear i Roinn III, chuig na Ballstáit freisin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (COM/2020/790 final).

(2)  Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8).

(3)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”) (COM(2022) 177 final).

(4)  Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (COM/2020/784 final).

(6)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

(7)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(8)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(9)  Tuarascáil iomlán an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (2022), lch. 67.

(10)  Mar shampla sa Fhrainc, Dlí Uimh. 2016-1524 (dá ngairtear “Loi Bloche”), agus sa Phortaingéil, Dlí Uimh. 1/99 an 13 Eanáir.

(11)  Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán.

(12)  Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (2022) (tuarascáil iomlán), lch. 82.

(13)  R.A. Harder & P. Knapen, Media Councils in the Digital Age: An inquiry into the practices of media self-regulatory bodies in the media landscape today, vzw Vereniging van de Raad voor de Journalistiek, an Bhruiséil, 2021.

(14)  Bhunaigh an Coimisiún an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta faoi phlean gníomhaíochta na meán agus an chlosamhairc chun an comhar le páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na meáin a neartú.

(15)  Féach na taifeadtaí agus achoimre ar an imeacht: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/european-news-media-forum-industrial-transformation-glance

(16)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(17)  Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán.

(18)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(20)  Féach An Chomhairle Eorpach: transparency of media ownership can help to make media pluralism effective by bringing ownership structures behind the media – which can influence editorial policies – to the awareness of the public and regulatory authorities [is féidir trédhearcacht úinéireacht na meán cuidiú le hiolrachas na meán a bheith éifeachtach trí na húdaráis phoiblí agus rialála a chur ar an eolas faoi struchtúir úinéireachta taobh thiar de na meáin — ar féidir leo tionchar a imirt ar bheartais eagarthóireachta], brollach Mholadh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán. Féach freisin an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc: “The transparency of media ownership can stabilise and promote confidence that this power will not be abused for subversively advancing the respective owners’ own political, economic and societal interests but instead used to promote the common good, namely, to carry out media-related fact checks”, féach M. Cappello (eag.), Transparency of media ownership, IRIS Special, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, Strasbourg, 2021.

(21)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(22)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/66


CINNEADH Uimh. 1/2022 ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH-NAhEILVÉISE

an 6 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972, arna leasú [2022/1635]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 (1), arna leasú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena leasaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 a mhéid a bhaineann leis na forálacha is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte (2) (dá ngairtear “Comhaontú” anseo feasta), agus go háirithe Prótacal 2, Airteagal 7, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Prótacal 2, Airteagal 5(2), a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, ina gcáil mar Pháirtithe Conarthacha, praghsanna tagartha intíre 2021 na n-amhábhar uile a gcuirtear bearta cúitimh praghsanna i bhfeidhm ina leith ar fáil don Chomhchoiste. Eascraíonn sé as na praghsanna sin go bhfuil athrú tagtha ar staid iarbhír na bpraghsanna maidir leis na hamhábhair sin i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha.

(2)

Is gá, dá bhrí sin, na praghsanna tagartha intíre agus na difríochtaí praghsanna d’amhábhair talmhaíochta a liostaítear i bPrótacal 2, Tábla III, a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le bunmhéideanna na n-amhábhar talmhaíochta a liostaítear i dTábla IV den Phrótacal sin a oiriúnú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Thábla III;

(b)

i dTábla IV, cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad phointe (b).

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Chomhchoiste

An Cathaoirleach

p.p. Rita ADAM

Ceannaire Mhisean


(1)  IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

(2)  IO L 23, 26.1.2005, lch. 19.


IARSCRÍBHINN I

“Tábla III

Praghsanna tagartha intíre an Aontais agus na hEilvéise

Amhábhar talmhaíochta

Praghas tagartha intíre na hEilvéise

Praghas tagartha intíre an Aontais

Airteagal 4(1)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Difríocht na hEilvéise/ Praghas tagartha an Aontais

Airteagal 3(3)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Difríocht na hEilvéise/ Praghas tagartha an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

CHF in aghaidh an 100 kg glan

CHF in aghaidh an 100 kg glan

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

51,80

23,54

28,25

0,00

Cruithneacht chrua

1,20

0,00

Seagal

42,80

18,50

24,30

0,00

Eorna

Arbhar Indiach

Plúr cruithneachta boige

91,60

46,68

44,90

0,00

Púdar bainne

629,60

323,59

306,00

0,00

Púdar bainne bhearrtha

420,10

260,22

159,90

0,00

Im

1 128,35

409,97

718,40

0,00

Siúcra bán

Uibheacha

38,00

0,00

Prátaí úra

40,05

17,05

23,00

0,00

Saill phlandúil

170,00

0,00 ”.


IARSCRÍBHINN II

“(b)

Méideanna bunúsacha le haghaidh amhábhair thalmhaíochta a chuirtear san áireamh chun na comhpháirteanna talmhaíochta a ríomh:

Amhábhar talmhaíochta

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise

Airteagal 3(2)

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh an Aontais

Airteagal 4(2)

CHF in aghaidh an 100 kg glan

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

23,00

0,00

Cruithneacht chrua

1,00

0,00

Seagal

19,80

0,00

Eorna

Arbhar Indiach

Plúr cruithneachta boige

36,60

0,00

Púdar bainne

248,45

0,00

Púdar bainne bhearrtha

130,30

0,00

Im

570,15

0,00

Siúcra bán

Uibheacha

30,95

0,00

Prátaí úra

18,20

0,00

Saill phlandúil

138,55

0,00 ”.


Ceartúcháin

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/70


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 173 an 30 Meitheamh 2022 )

Ar leathanach 27, Airteagal 1, pointe (2), in Airteagal 6d(1)(b) nua:

in ionad:

“(b)

ó 2023: mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a(4).”,

léitear:

“(b)

ó 2023: mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a(7).”.