ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 240

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
16 Meán Fómhair 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, a bhaineann leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1

 

*

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

2

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/1531 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó atá tocsaineach don atáirgeadh, a úsáid i dtáirgí cosmaideacha agus lena gceartaítear an Rialachán sin ( 1 )

3

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1532 ón gComhairle an 24 Eanáir 2022 lena gceaptar comhalta arna mholadh ag an Ungáir, de Choiste na Réigiún

9

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

16.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/1


Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, a bhaineann leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, a bhaineann leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meitheamh 2019 (1), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2022, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de, tar éis na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm a bheith curtha i gcrích an 28 Aibreán 2022.


(1)  IO L 32, 4.2.2020, lch. 3.


16.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/2


Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

An Prótacal idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, a síníodh sa Bhruiséil an 24 Deireadh Fómhair 2019 (1), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de, tar éis na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm a bheith curtha i gcrích an 9 Lúnasa 2022.


(1)  IO L 64, 3.3.2020, lch. 3.


RIALACHÁIN

16.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/3


RIALACHÁN (AE) 2022/1531 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó atá tocsaineach don atáirgeadh, a úsáid i dtáirgí cosmaideacha agus lena gceartaítear an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus Airteagal 15(2), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le haicmiú comhchuibhithe substaintí mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh (CMR) bunaithe ar mheasúnú eolaíoch arna dhéanamh ag an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Déantar na substaintí a aicmiú mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, mar shubstaintí CMR de chatagóir 1B nó mar shubstaintí CMR de chatagóir 2 ag brath ar an leibhéal fianaise i dtaca lena n-airíonna CMR.

(2)

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, foráiltear maidir le toirmeasc a chur ar shubstaintí atá aicmithe mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, de chatagóir 1B nó de chatagóir 2 faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (substaintí CMR) a úsáid i dtáirgí cosmaideacha. Féadfar substaint CMR a úsáid i dtáirgí cosmaideacha, áfach, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír, den Rialachán sin.

(3)

D’fhonn an toirmeasc ar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den mhargadh inmheánach, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go háirithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, ba cheart gach substaint CMR a áireamh i liosta de shubstaintí a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, i gcás inarb ábhartha, a scriosadh ó na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír, den Rialachán sin, ba cheart na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú dá réir.

(4)

Leis an Rialachán seo cumhdaítear substaintí a aicmítear mar shubstaintí CMR de chatagóirí 1A, 1B nó 2 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 ón gCoimisiún (3), a mbeidh feidhm aige ón 17 Nollaig 2022.

(5)

Maidir leis an tsubstaint “2-hiodrocsaibeansóáit mheitile” (Uimh. CAS 119-36-8), a bhfuil an t-ainm “Salaicioláit Mheitile” uirthi mar ainm Ainmníocht Idirnáisiúnta na gComhábhar Cosmaideach (INCI), a aicmíodh mar shubstaint CMR de chatagóir 2 (Tocsaineach don Atáirgeadh), an 25 Bealtaine 2021 cuireadh iarratas isteach maidir le hAirteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i dtaca le húsáid na substainte sin mar chomhábhar cumhráin i dtáirgí cosmaideacha éagsúla.

(6)

Úsáidtear Salaicioláit Mheitile mar chomhábhar cumhráin, mar oibreán blastanais agus mar oibreán a thugann faoiseamh i dtáirgí cosmaideacha éagsúla agus níl sé liostaithe faoi láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009.

(7)

I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, féadfar substaintí CMR de chatagóir 2 a úsáid i dtáirgí cosmaideacha i gcás ina ndearna an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) meastóireacht ar an tsubstaint agus gur aimsíodh go bhfuil sé sábháilte í a úsáid sna táirgí sin.

(8)

Ina thuairim uaidh an 26-27 Deireadh Fómhair 2021 (4) chinn CEST gur féidir a mheas go bhfuil Salaicioláit Mheitile sábháilte mar chomhábhar i dtáirgí cosmaideacha suas go dtí na huastiúchain a sholáthair an t-iarratasóir. I bhfianaise aicmiú Salaicioláit Mheitile mar shubstaint CMR de chatagóir 2 agus i bhfianaise leagan deiridh thuairim CEST, ba cheart Salaicioláit Mheitile a chur le liosta na substaintí atá srianta i dtáirgí cosmaideacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009.

(9)

Maidir leis na substaintí uile seachas Salaicioláit Mheitile, ar substaintí iad a aicmíodh mar shubstaintí CMR de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849, níor cuireadh isteach aon iarraidh maidir lena n-úsáid i dtáirgí cosmaideacha mar eisceacht air sin. Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí CMR nach bhfuil liostaithe fós in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a chur le liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid i dtáirgí cosmaideacha, san Iarscríbhinn sin.

(10)

Rinneadh an tsubstaint N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam (Uimh. CAS 70161-44-3) a aicmiú mar shubstaint charcanaigineach de chatagóir 1B agus mar shubstaint shó-ghineach de chatagóir 2 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún (5). Leanann sé ó nótaí 8 agus 9 a ghabhann leis an aicmiú sin nach bhfuil sé infheidhme ach amháin mura féidir a thaispeáint gur lú ná 0,1 % an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, gan beann ar an bhfoinse, agus é á chur ar an margadh. I Rialachán (AE) 2021/1902 ón gCoimisiún (6), cuireadh “N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam” isteach go hearráideach mar iontráil 1669 i liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc orthu in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, in ainneoin go raibh sé liostaithe cheana féin in iontráil 51 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin faoin ainm cineálach ceimiceach/INN “Aicéatáit hiodrocsaimeitiolaimín sóidiam” mar leasaitheach atá ceadaithe i dtáirgí cosmaideacha faoi choinníollacha áirithe. Níor cheart substaint a liostú in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn V freisin a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus ba cheart, dá bhrí sin, iontráil 1669 a scriosadh ó Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(11)

Maidir leis an gcoinníoll breise a tugadh isteach i gcolún h d’iontráil 51 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 le Rialachán (AE) 2021/1902 maidir le huastiúchan teoiriciúil an fhormaildéid, tugadh go hearráideach foclaíocht atá beagán éagsúil leis an gcoinníoll a leagtar amach i nótaí 8 agus 9 a ghabhann le haicmiú CMR de “N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam”. Chun an toirmeasc ar an tsubstaint sin i dtáirgí cosmaideacha a léiriú i gceart ar bhonn an aicmithe CMR, ba cheart foclaíocht na gcoinníollacha a ailíniú agus ba cheart iontráil 51 a oiriúnú dá réir.

(12)

In iontráil 51 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 tá earráid ann freisin i gcolún b maidir le hainm ceimiceach na substainte. Is é “N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam” ainm ceart na substainte, dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú agus a cheartú dá réir.

(14)

Na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 atá bunaithe ar aicmithe substaintí ábhartha mar shubstaintí CMR le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849, ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta céanna a bheidh feidhm ag na haicmithe sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 17 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 188, 28.5.2021, lch. 27).

(4)  CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), Tuairim maidir le salaicioláit mheitile (2-hiodrocsaibeansóáit mheitile), réamhleagan an 24-25 Meitheamh, leagan deiridh an 26-27 Deireadh Fómhair 2021, SCCS/1633/21.

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2020 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 261, 11.8.2020, lch. 2).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1902 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó atá tocsaineach don atáirgeadh, a úsáid i dtáirgí cosmaideacha (IO L 387, 3.11.2021, lch. 120).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Ainm ceimiceach/INN

Uimhir CAS

Uimhir CE

a

b

c

d

“1681

Teitreafluaireitiléin

116-14-3

204-126-9

1682

6,6’-dé-treas-búitil-2,2’-meitiléindé-p-créasól; [DBMC]

119-47-1

204-327-1

1683

(5-clóra-2-meatocsa-4-meitil-3-piridil)(4,5,6-trímheatocsa-o-toilil)meatanón; pirióifeanón

688046-61-9

692-456-8

1684

carbónáit mheitile (RS)-1-{1-eitil-4-[4-meisil-3-(2-meatocsa-eatocsa)-o-tolúóil]piorasól-5-iolocsa}eitile; toilpioraláit

1101132-67-5

701-225-3

1685

Asaimeitiafos (ISO); tiafosfáit O,O-démheitile S-[(6-clóra-2-ocsó-ocsasóló[4,5-b]piridín-3(2H)-il)meitil]

35575-96-3

252-626-0

1686

3-meitilpiorasól

1453-58-3

215-925-7

1687

N-meatocsa-N-[1-meitil-2-(2,4,6-tríchlóraifeinil)-eitil]-3-(défhluaraimeitil)-1-meitilpiorasól-4-carbocsaimíd; pidhéfhluimeitifein

1228284-64-7

817-852-1

1688

N-{2-[[1,1’-dé(cigleapróipil)]-2-il]feinil}-3-(défhluaraimeitil)-1-meitil-1H-piorasól-4-carbocsaimíd; seadacsán

874967-67-6

688-331-2

1689

4-meitilpeantán-2-ón; céatón meitile iseabúitile (MIBK)

108-10-1

203-550-1

1690

Démheatamorf (ISO); (E,Z)-4-(3-(4-clóraifeinil)-3-(3,4-démheatocsaifeinil)aicriolóil)morfóilín

110488-70-5

404-200-2

1691

Iomasamocs (ISO); aigéad (RS)-2-(4-iseapróipil-4-meitil-5-ocsa-2-imíodasóilin-2-il)-5-meatocsaimeitilnicitíneach

114311-32-9

601-305-7

1692

Tiaimeatocsam (ISO); 3-(2-clóra-tiasól-5-ilmeitil)-5-meitil[1,3,5]ocsaidhé-aisíonán-4-ilidéin-N-níotraimín

153719-23-4

428-650-4

1693

Tríthiaconasól (ISO); (RS)-(E)-5-(4-clóraibeinsilidéin)-2,2-démheitil-1-(1H-1,2,4-trí-asól-1-meitil)ciglipeantánól

138182-18-0

-

1694

Deismeideafam (ISO); 3-feiniolcarbamóiliocsaifeiniolcarbamáit eitile

13684-56-5

237-198-5”

(2)

in Iarscríbhinn III, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Srianta

Foclaíocht na gcoinníollacha úsáide agus rabhadh

Ainm Ceimiceach/INN

Ainm Coiteann i nGluais na gComhábhar

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cinéal táirge, Baill den chorp

Uastiúchan in ullmhóid atá réidh le húsáid

Eile

a

b

c

d

e

f

g

h

i

“324

2-hiodrocsaibeinseoáit mheitile

Salaicioláit Mheitile

119-36-8

204-317-7

(a)

Táirgí craicinn neamhshruthlaithe (seachas smideadh aghaidhe, lóis choirp spraeála/aerasóil, díbholaíoch spraeála/aerasóil agus cumhráin hidrea-alcólbhunaithe) agus táirgí gruaige neamhshruthlaithe (seachas táirgí spraeála/aerasóil)

(a)

0,06 %

Ná húsáidtear i dtáirgí le haghaidh leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois, cé is moite de (k) ‘Taos fiacla’.”

 

(b)

Smideadh aghaidhe (seachas táirgí do na liopaí, smideadh súl agus glantóir smididh)

(b)

0,05 %

(c)

smideadh súl agus glantóir smididh

(c)

0,002 %

(d)

táirgí gruaige neamhshruthlaithe (sprae/aerasóil)

(d)

0,009 %

(e)

Díbholaíoch spraeála/aerasóil

(e)

0,003 %

(f)

Lóis choirp spraeála/aerasóil

(f)

0,04 %

(g)

Táirgí craicinn sruthlaithe (seachas gallúnach láimhe) agus táirgí gruaige sruthlaithe

(g)

0,06 %

(h)

Gallúnach láimhe

(h)

0,6 %

(i)

Cumhráin hidrea-alcólbhunaithe

(i)

0,6 %

(j)

Táirgí do na liopaí

(j)

0,03 %

(k)

Taos fiacla

(k)

2,52 %

(l)

Folcadh béil atá beartaithe le haghaidh leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois

(l)

0,1 %

(m)

Folcadh béil atá beartaithe le haghaidh leanaí os cionn 10 mbliana d’aois agus do dhaoine fásta

(m)

0,6 %

(n)

Sprae don bhéal

(n)

0,65 %


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, scriostar pointe 1669;

(2)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 51:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Coinníollacha

Foclaíocht na gcoinníollacha úsáide agus na rabhadh

Ainm ceimiceach/INN

Gluais Ainmneacha Coiteann na gComhábhar

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cinéal táirge, Baill den chorp

Uastiúchan in ullmhóid atá réidh le húsáid

Eile

a

b

c

d

e

f

g

h

i

“51

N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam

Hiodrocsaimeitilglicionáit sóidiam

70161-44-3

274-357-8

 

0,5  %

Ná húsáidtear mura féidir a thaispeáint gur < 0,1 % meáchan/meáchan an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, gan beann ar an bhfoinse, agus é á chur ar an margadh”.

 


CINNTÍ

16.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/9


CINNEADH (AE) 2022/1532 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Eanáir 2022

lena gceaptar comhalta arna mholadh ag an Ungáir, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hUngáire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis János Ádám KARÁCSONY a bheith éirithe as an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh é a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hUngáire, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, János Ádám KARÁCSONY, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach (Pest Megyei Közgyűlés tagja — Ball de Chomhairle Contae Pest Megye), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar János Ádám KARÁCSONY, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Pest Megyei Közgyűlés tagja (Ball de Chomhairle Contae Pest Megye) (athrú sainordaithe) mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).