ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
27 Márta 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/491 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/492 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ( 1 )

5

 

*

Rialachán (AE, Euratom) 2019/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mhéid a bhaineann le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

7

 

*

Rialachán (AE) 2019/494 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ( 1 )

11

 

*

Rialachán (AE) 2019/495 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ( 1 )

16

 

*

Rialachán (AE) 2019/496 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe

20

 

*

Rialachán (AE) 2019/497 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

22

 

*

Rialachán (AE) 2019/498 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

25

 

*

Rialachán (AE) 2019/499 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

32

 

*

Rialachán (AE) 2019/500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas ( 2 )

35

 

*

Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ( 1 )

39

 

*

Rialachán (AE) 2019/502 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ( 1 )

49

 

*

Rialachán (AE) 2019/503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ( 1 )

60

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2019/504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, de dhroim tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ( 1 )

66

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Eanáir 2019 maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle ( IO L 38, 8.2.2019 )

69

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Eanáir 2019 lena gcomhlánaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadaithe a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas ( IO L 8 I, 10.1.2019 )

69

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 85I a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

 

(2)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir leis an Eilvéis)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/491 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Cuirfear an tarraingt siar i gcrích le linn na clárthréimhse 2014-2020 tréimhse a bhfuil an Ríocht Aontaithe páirteach i 15 chlár um chomhar faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Ar na cláir sin tá dhá chlár, eadhon PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) (dá ngairtear na “cláir um chomhar”), a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus lena dtacaítear le comhar Thuaidh-Theas faoin gComhaontú Síochána Thuaisceart Éireann (“Chomhaontú Aoine an Chéasta”) a bhfuil sé ar intinn ag an Aontas leanúint díobh fiú má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar a bheith tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE. Dá bharr sin, níor cheart an Rialachán seo a bheith teoranta do na cláir um chomhar sin.

(3)

Tá na cláir um chomhar á rialú go háirithe le Rialacháin (AE) Uimh. 1299/2013 (3), (AE) Uimh. 1303/2013 (4) agus (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart don Rialachán seo forálacha a leagan síos chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar sin, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

(4)

Maidir le Comhlacht na gClár Speisialta AE (“SEUPB”) arna bhunú faoin gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena mbunaítear Comhlachtaí Cur Chun Feidhme arna shíniú an 8 Márta 1999, is faoin údarás bainistíochta sin atá na cláir um chomhar. De bhrí go mbaineann na cláir um chomhar le Tuaisceart Éireann, ba cheart dóibh leanúint de na forálacha comhlántacha is gá.

(5)

Ionas gur féidir leanúint de na cláir um chomhar, ba cheart a shoiléiriú, gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, go bhféadfaidís na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, réigiúin ar cheart iad a bheith coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3 a chumhdach.

(6)

Ionas gur féidir leanúint de na cláir um chomhar agus maoiniú á fháil acu ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Coimisiúin agus údaráis na Ríochta Aontaithe le héifeacht ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe chun gur féidir rialuithe agus iniúchtaí is gá a dhéanamh ar na cláir um chomhar. Mura féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí sin a chur i gcrích, ba cheart go mbeidh an Coimisiúin in ann sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, mar a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leanfaidh na cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún lena ndéantar an clár PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) (an 30 Samhain 2015 agus an clár Interreg VA an 12 Feabhra 2015 a fhormheas, de bheith ina gcinntí airgeadais de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046 agus dá bharr sin ina ngealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046. Na hoibleagáidí airgeadais a ghlac an Ríocht Aontaithe uirthi féin ina cáil mar Bhallstát agus a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla an Aontais, beidh dliteanas fós uirthi maidir lena íoc.

(8)

Scoirfidh an Ríocht Aontaithe, ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, de bheith ina cuid “de cuid an Aontais de limistéar an chláir” de réir bhrí Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Dá bharr sin, ba cheart na forálacha an Rialacháin sin maidir le hincháilitheacht oibríochtaí a ghlacadh ag brath ar láthair.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a ligean go leanfaí de na cláir um chomhar, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(10)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50 (2) CAE tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos forálacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE, agus i dtaca le leanúint den dá chlár um chomhar seo a leanas a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 a mbeidh an Ríocht Aontaithe páirteach iontu (dá ngairtear le chéile “na cláir um chomhar”):

(1)

PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe);

(2)

An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain).

2.   Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis na cláir um chomhar faoi réir an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Cumhdach geografach

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 féadfaidh na cláir um chomhar na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, a bheidh coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3 a chumhdach.

Airteagal 3

Údaráis chláir

De mhaolú ar Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013:

Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) atá ina óstach ar údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin na gclár um chomhar, leanfaidh sé dá chuid feidhmeanna a fheidhmiú;

leanfaidh Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann de bheith ina húdarás iniúchóireachta ar na cláir um chomhar.

Airteagal 4

Inniúlachtaí an Choimisiúin maidir le rialuithe

Déanfar cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rialuithe agus iniúchadh ar na cláir um chomhar a chomhaontú idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Cumhdófar leis na rialuithe agus na hiniúchtaí tréimhse iomlán na gclár um chomhar.

Mura féidir rialuithe agus iniúchadh riachtanacha na gclár a fhorghníomhú sna réigiúin lena mbaineann, measfar gur easnamh thromchúiseach sa chóras bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann chun críocha na mbeart a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 5

Incháilitheacht oibríochtaí, ag brath ar shuíomh

Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar amach i bpointe (b) Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 maidir leis na cláir um chomhar.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) 2019/492 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Is iad Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le chéile an creat rialála le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí aitheanta cigireachta, suirbhéireachta agus deimhniúcháin loinge.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, tá an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thíolaic an iarraidh ábhartha ar aitheantas eagraíochta, le measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge atá aitheanta ar leibhéal an Aontais ag an gCoimisiún (“eagraíochtaí aitheanta”) ar bhonn rialta agus ar a laghad gach 2 bhliain.

(4)

Ar mhaithe leis an gcóir chomhionann, na heagraíochtaí sin ar thug an Ballstát ábhartha aitheantas dóibh ar dtús i gcomhréir le Treoir 94/57/CE ón gComhairle (5), agus a bhfuil aitheantas ón Aontas acu faoi láthair faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, tá an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thug an t-aitheantas dóibh ar dtús, le measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, d'fhonn leanúint dóibh ag tairbhiú d'aitheantas ón Aontas, ní mór d'eagraíochtaí aitheanta leanúint de na ceanglais agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. Fíoraítear sin leis an measúnú leanúnach a dhéanann an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag measúnuithe rialta i dtaca le haitheantas leanúnach eagraíochtaí.

(6)

Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní bheidh sí in ann páirt a ghlacadh a thuilleadh sna measúnuithe a dhéantar de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(7)

Na heagraíochtaí aitheanta ar thug an Ríocht Aontaithe aitheantas dóibh ar dtús, tá aitheantas ón Aontas acu faoi láthair agus tá cúraimí a bhaineann le cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniú long tugtha ag Ballstáit eile dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE. Ba cheart, dá réir sin, Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú chun a áirithiú go leanfaidh na heagraíochtaí sin de bheith faoi réir measúnú i gcomhréir le ceanglais na forála sin.

(8)

Ba cheart, freisin, na hoibleagáidí faireacháin agus formhaoirseachta atá le comhlíonadh ag na Ballstáit faoi láthair faoi Airteagal 9 de Rialachán 2009/15/CE a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás don eagraíocht aitheanta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, an measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(9)

Chun comhordú na ngníomhaíochtaí náisiúnta agus ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú i dtaca leis an bhfaireachán ar eagraíochtaí aitheanta, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe agus dea-chleachtais a shainaithint agus a mhalartú chun dúbláil oibre a sheachaint agus chun an úsáid is fearr a bhaint as na cumais agus acmhainní atá ann cheana.

(10)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar bhonn práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith ag aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás do na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, measúnú ar gach eagraíocht aitheanta, ar bhonn rialta agus ar a laghad gach 2 bhliain, chun a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh acu. Teorannófar an measúnú do ghníomhaíochtaí sin na n-eagraíochtaí aitheanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.”.

Airteagal 2

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 298.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).

(4)  Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 2009, lch. 47).

(5)  Treoir 94/57/CE ón gComhairle an 22 Samhain 1994 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 319, 12.12.1994, lch. 20).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2019/493 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mhéid a bhaineann le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh stádas dlíthiúil Eorpach sonrach le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus foráiltear ann maidir lena gcistiú as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh leis freisin Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (“an tÚdarás”).

(2)

Chun a chumasú don Údarás a chúraimí a dhéanamh go hiomlán, lena n-áirítear na cúraimí nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus chun a chumasú dó sin a dhéanamh ar bhealach neamhspleách, is gá foireann a sholáthar dó ar bhealach buan agus cumhachtaí údaráis ceapacháin a thabhairt do Stiúrthóir an Údaráis.

(3)

Is léir ar theagmhais a thit amach le déanaí cé na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do phróisis toghcháin agus don daonlathas, a rioscaí iad is féidir eascairt ó úsáid neamhdhleathach sonraí pearsanta. Is gá, dá bhrí sin, sláine an phróisis dhaonlathaigh Eorpaigh a chosaint trí fhoráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí airgeadais i gcásanna ina mbaineann páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha leas as sáruithe ar rialacha cosanta sonraí pearsanta d'fhonn tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa.

(4)

Chuige sin, ba cheart nós imeachta fíorúcháin a bhunú ina leagfar síos nach mór don Údarás, i gcásanna áirithe, a iarraidh ar choiste daoine neamhspleácha oirirce a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mheas ar imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Más rud é, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin, go gcinnfear gurb amhlaidh atá, ba cheart don Údarás smachtbhannaí a fhorchur faoin gcóras smachtbhannaí éifeachtacha comhréireacha athchomhairleacha a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(5)

I gcás ina bhforchuirfidh an tÚdarás smachtbhanna ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal ne bis in idem ar dá réir nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó maidir leis an gcion céanna. Ba cheart don Údarás a áirithiú freisin go n-urramaítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil an deis tugtha don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann éisteacht a fháil.

(6)

Ba cheart an nós imeachta nua a bheith i bhfeidhm chomh maith leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm ann a úsáidtear chun comhlíonadh coinníollacha clárúcháin a fhíorú agus i gcásanna ina mbeidh sáruithe follasacha tromchúiseacha ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha ama chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha clárúcháin agus na gceanglas a shocraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir leis an nós imeachta nua.

(7)

Ós rud é gur le cinneadh ó údarás inniúil maoirsithe cosanta sonraí a chuirfear an nós imeachta ar siúl, ba cheart an deis a bheith ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an smachtbhanna má aisghairtear an cinneadh ón údarás maoirsithe náisiúnta, nó má deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, ar choinníoll go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe.

(8)

Chun a áirithiú go reáchtálfar toghcháin 2019 do Parlaimint na hEorpa faoi rialacha daonlathacha daingne agus lánurraim á tabhairt do luachanna Eorpacha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta bunúsacha, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na forálacha maidir leis an nós imeachta fíorúcháin nua i bhfeidhm go luath agus go mbeidh feidhm ag an nós imeachta a luaithe is féidir. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a thugtar isteach leis an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

“5.   Tabharfaidh baill foirne cúnamh do Stiúrthóir an Údaráis, ar ina leith a fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus na cumhachtaí a thugtar don údarás ar tugadh de chumhacht dó conarthaí fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt chun críche le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”). Féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint in aon réimse dá chuid oibre as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás.

Na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh le comhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Ní fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar roghnú na mball foirne go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, agus staonfaidh na baill foirne ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a gcuid dualgas.”.

(2)

in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Na nósanna imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ní dhéanfar iad a thionscnamh laistigh de thréimhse dhá mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama sin maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10a.”.

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta

1.   Ní imreoidh aon pháirtí polaitiúil Eorpach ná aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ní fhéachfaidh siad le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú a bheith déanta ag duine nadúrtha nó dlítheanach ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Má chuirtear an tÚdarás ar an eolas go ndearna údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí phointe 21 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) cinneadh inar fionnadh gur sháraigh duine nádúrtha nó dlítheanach na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. agus má fhágann an cinneadh sin, nó i gcás ina mbeidh forais réasúnacha eile lena chreidiúint, go bhfuil nasc ag an sárú le gníomhaíochtaí polaitiúla a rinne páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an tÚdarás an cás sin faoi bhráid choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce a bhunaítear le hAirteagal 11 den Rialachán seo. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear i mír 2 tuairim faoin gceist ar imir an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as an sárú sin. Iarrfaidh an tÚdarás an tuairim gan moill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná 1 mí amháin tar éis a bheith curtha ar an eolas faoi chinneadh an údaráis maoirseachta náisiúnta. Socróidh an tÚdarás sprioc-am gearr réasúnta don choiste a thuairim a thabhairt. Cloífidh an coiste leis an sprioc-am sin.

4.   Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás, de bhun phointe (a)(vii) d'Airteagal 27(2), an bhforchuirfidh sé smachtbhannaí airgeadais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann. Beidh réasúnú cuí ag an gcinneadh ón Údarás, go háirithe maidir leis an tuairim ón gcoiste, agus foilseofar é go gasta.

5.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”."

(4)

in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I gcás ina n-iarrfaidh an tÚdarás air é sin a dhéanamh, tabharfaidh an coiste tuairim uaidh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon sárú follasach agus tromchúiseach féideartha a dhéanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 3(2);

(b)

ar imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an coiste aon doiciméad ábhartha nó aon fhianaise ábhartha a iarraidh ar an Údarás, ar Pharlaimint na hEorpa, ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, ar pháirtithe polaitiúla, fondúireachtaí polaitiúla nó geallsealbhóirí eile, agus féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfaí éisteacht dá n-ionadaithe. Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, comhoibreoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10a leis an gcoiste i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.”.

(5)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2):

“2.   Ní mór don pháirtí polaitiúil Eorpach agus don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 23 a chomhlíonadh, agus, ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna cumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas, fanacht faoi chlárú sa Chlár agus ní fhéadfaidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointe (a)(v), (vi) agus (vii) d'Airteagal 27(2).”.

(6)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a) de mhír (2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(vii)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 10a, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gcás inar aisghaireadh cinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10a, nó inar deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, agus ar choinníoll go bhfuil na leigheasanna náisiúnta uile ídithe, athbhreithneoidh an tÚdarás aon smachtbhanna a forchuireadh de bhun phointe (a)(vii) de mhír 2 ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

11


RIALACHÁN (AE) 2019/494 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san Aontas. Chuige sin, bunaíodh córas deimhnithe le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta éagsúla chun na leibhéil sábháilteachta a cheanglaítear a bhaint amach agus chun gur féidir na fíoraithe riachtanacha a dhéanamh agus na deimhnithe arna n-eisiúint a ghlacadh go frithpháirteach.

(3)

I réimse na sábháilteachta eitlíochta, is féidir le cuid mhór geallsealbhóirí an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus ar fhormheasanna a leigheas le bearta éagsúla. Ar na bearta sin tá aistriú chuig údarás eitlíochta sibhialta de cheann amháin de na 27 mBallstát atá fágtha, nó iarratas a dhéanamh, roimh dháta na tarraingthe siar, ar dheimhniú a eiseoidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”), a thiocfaidh i bhfeidhm ón dáta sin amháin agus, dá bhrí sin, a bheidh coinníollach ar an Ríocht Aontaithe a bheith ina tríú tír as sin amach.

(4)

Mar sin féin, murab ionann agus réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, is ann do chásanna sonracha nach féidir deimhniú a fháil ó Bhallstát eile ná ón nGníomhaireacht ós rud é, ó dháta na tarraingthe siar ar aghaidh, go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe, i gcás a dlínse féin, a ról mar “an stát inar dearadh” faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. Maidir leis an Ríocht Aontaithe féin, ní féidir léi deimhnithe a eisiúint sa ról nua sin go dtí go mbeidh an ról sin glactha aici, is é sin le rá nuair a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

(5)

Is gá, dá bhrí sin, sásra sealadach a chur ar bun chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe, chun go mbeidh go leor ama ag na hoibreoirí lena mbaineann agus ag an nGníomhaireacht chun na deimhnithe riachtanacha a eisiúint faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír a chur san áireamh.

(6)

Ba cheart fad an tsínidh sin arna chur le bailíocht deimhnithe a theorannú don mhéid is fíorghá chun déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais.

(7)

Chun gur féidir am breise a thabhairt, nuair is gá, deimhnithe faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh breise a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe dá dtagraítear i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)

Lena chois sin, murab ionann agus an chuid is mó de réimsí eile dhlí an Aontais maidir le hearraí, ní ar chur ar an margadh a bhíonn tionchar ag neamhbhailíocht deimhnithe ach ar fhíorúsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas eitlíochta san Aontas, nuair a bhítear ag suiteáil comhpháirteanna agus fearas ar aerárthaí de chuid an Aontais a bhíonn ag oibriú san Aontas, mar shampla. Níor cheart tionchar a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar úsáid sin na dtáirgí eitlíochta san Aontas.

(9)

I gcóras sábháilteachta eitlíochta an Aontais, déantar rialú docht ar oiliúint píolótaí agus meicneoirí agus tá na modúil oiliúna comhchuibhithe. Na daoine a ghlacann páirt i modúl oiliúna i mBallstát amháin, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann aistriú go Ballstát eile le linn na hoiliúna sin. Ba cheart an cás áirithe sin a chur san áireamh i mbearta teagmhais an Aontais.

(10)

Ba cheart d'fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a soirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe a eisítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139 do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus maidir le cásanna áirithe a bhaineann le hoiliúint eitlíochta.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, deimhnithe iad a bheidh bailí ar an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a d'eisigh aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe, de réir mar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn; nó

(b)

daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha arna ndeimhniú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn.

3.   I dteannta na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag sainmhínithe comhfhreagracha Rialachán (AE) 2018/1139 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 3

Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2)

Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2), beidh siad bailí fós go ceann tréimse naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás inar gá am breise chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 4

Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2)

Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós.

Airteagal 5

Modúil oiliúna a aistriú

De mhaolú ar Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (6) agus (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (7), cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nár eisíodh ceadúnas go fóill mar thoradh orthu roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) den Rialachán seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil de chuid Ballstáit.

Airteagal 6

Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4

1.   Deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 maidir le heintitis a bhfuil a bpríomhionad gnó i dtríú tír.

2.   Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna gníomhaíochta ceartaithí uile a bhaineann leis na deimhnithe a eisíodh le 3 bliana roimh an iarraidh a sheachadadh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir mar is infheidhme.

3.   Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon ghníomhaíocht a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe a d'fhéadfadh teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 7

Údarás inniúil

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe agus eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 8

Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún (8) maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu nó á n-eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tíortha.

Airteagal 9

Modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach

Féadfaidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón dáta tar éis an dáta a scoirfidh na gConarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 5 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna tabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill an Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haerfhiúntas leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 593/2007 (IO L 93, 28.3.2014, lch. 58).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA NDEIMHNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

Roinn 1:

Deimhnithe a eisíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus le haghaidh aerárthaí dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:

1.1.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (1), Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid B (Deimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil shrianta)

1.2.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid D (Athruithe ar dheimhnithe cineáil agus deimhnithe srianta ar chineál)

1.3.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid E (Deimhnithe cineáil forlíontacha)

1.4.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid M (Deisiú)

1.5.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinnt A, Fochuid O (Údaruithe de réir Ord Teicniúil Caighdeánach na hEorpa)

1.6.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid J (Rormheasanna eagraíochtaí dearaidh)

Roinn 2:

Deimhnithe le haghaidh táirgí, comhpháirteanna nó fearais a eisíonn daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha arna ndeimhniú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:

2.1.

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Roinn A, Fochuid G, pointe 21.A.163(c) (deimhnithe údaraithe um scaoileadh le haghaidh táirgí, comhpháirteanna agus fearas)

2.2.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(e) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála)

2.3.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(f) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.4.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(d) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse ar chríochnú na cothabhála)

2.5.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(e) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.6.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid G, pointe M.A.711(a)(4) nó (b)(1) (deimhnithe athbhreithnithe aerfhiúntais agus síntí orthu)

2.7.

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid-M, Roinn A, Fochuid H, pointe M.A.801(b)(2) agus (3) agus (c) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhís i dtaca le críochnú na cothabhála).


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


RIALACHÁN (AE) 2019/495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm chomhaontaithe um tharraingt siar nó ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar ionstraim mhaoiniúcháin lárnach de chuid an Aontais í, le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal trasteorann agus leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh, d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun an t-iomaíochas a fheabhsú, agus chun rannchuidiú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe.

(3)

Leagtar amach i gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 liosta de naoi gcinn de chonairí an chroíghréasáin. Is ionstraim iad na conairí sin chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin a éascú. Ba cheart dóibh rannchuidiú le comhtháthú an chroíghréasáin trí chomhar críochach feabhsaithe, déileáil leis na cuspóirí beartais iompair i gcoitinne agus idir-inoibritheacht, comhtháthú módach agus oibríochtaí ilmhódacha a éascú.

(4)

Is cuid í an Ríocht Aontaithe de Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara, lena n-áirítear naisc idir Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Corcaigh ar oileán na hÉireann, agus naisc sa Bhreatain Mhór ó Ghlaschú agus ó Dhún Éideann, ó Thuaidh, chuig Folkestone agus Dover, ó Dheas. Tá codanna agus nóid na Ríochta Aontaithe san áireamh sa tábla dar teideal “Codanna réamhshainithe lena n-áirítear tionscadail” de na conairí croíghréasáin atá san áireamh i bpointe 2 de Chuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

(5)

Ag féachaint do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, titfidh na codanna sin d'ailíniú Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, agus na codanna agus na nóid de chuid na Ríochta Aontaithe atá san áireamh sa tábla de chodanna réamhshainithe lena n-áirítear tionscadail, titfidh siad as feidhm agus ní bheidh éifeachtaí dlíthiúla leo a thuilleadh ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(6)

Caoi lárnach ag Éirinn iad na naisc mhuirí chun nascacht na tíre le mór-roinn na hEorpa a áirithiú, go háirithe ó tharla nach cinnte cé mar a bheidh feasta ag sreabha trádála a dhéanfaidh a mbealach trasna “dhroichead talún” na Ríochta Aontaithe.

(7)

D'fhonn staid a sheachaint ina ndéanfar Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara a dheighilt ina dhá cuid ar leith gan aon nasc eatarthu agus chun nascacht a áirithiú idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, ba cheart, le Conair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh — na Meánmhara, naisc mhuirí nua a áireamh idir calafoirt na hÉireann agus calafoirt na Beilge, na Fraince, agus na hÍsiltíre, ar cuid den Chonair sin iad. Anuas ar an méid sin, ach nasc a bheith ann idir conair na Mara Thuaidh — na Meánmhara agus conair an Atlantaigh trí Le Havre, atá ar chonair an Atlantaigh, ba cheart a áirithiú gur fearrde nascacht agus comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh.

(8)

Is tábhachtach go gcuirfí san áireamh na hiarmhairtí meántéarmacha a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar naisc agus ar shreabha tráchta, go háirithe i dtaca le hath-imscaradh féideartha ar shreabha tráchta, agus ionstraim á ceapadh le teacht i gcomharbas ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus meastóireacht á déanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, faoin mbliain 2021, athbhreithniú luath a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, d'fhonn aon athruithe féideartha ar an sreabhadh earraí, nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas, a chur san áireamh.

(9)

Is den ríthábhacht d'infheistíochtaí bonneagair leanúnacha agus amach anseo agus don tsoiléireacht agus don chinnteacht dhlíthiúil i dtaca le pleanáil bhonneagair an nasc a choinneáil idir Éire agus na Ballstáit eile atá ar Chonair na Mara Thuaidh — na Meánmhara agus ar chuid theoranta de Chonair an Atlantaigh. Is den riachtanas an bonneagar ábhartha a fhorbairt chun na sreabha trádála idir Éire agus mór-roinn na hEorpa a choinneáil ar bun agus chun tacú leo, anois agus amach anseo.

(10)

Ba cheart an infheistíocht i dtrealamh agus i mbonneagar do shlándáil na dteorainneacha seachtracha agus seiceálacha ar na teorainneacha seachtracha a bheith mar ghníomhaíocht tosaíochta le linn na céime deiridh de chur chun feidhme chlárthréimhse reatha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa

(11)

Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, ba cheart don Choimisiún clár oibre nua bliantúil a mholadh.

(12)

Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh ar an gclár oibre ilbhliantúil d'fhonn é a oiriúnú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ba cheart, go háirithe, gníomhaíochtaí a chur san áireamh darb aidhm an bonneagar iompair don tslándáil agus do sheiceálacha ar na teorainneacha seachtracha a neartú.

(13)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 7(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(m)

gníomhaíochtaí lena n-oiriúnófar an bonneagar iompair chun críocha shlándáil na dteorainneacha seachtracha agus seiceálacha ar na teorainneacha seachtracha.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir oibre ilbhliantúla leath bealaigh tríd ar a laghad. San earnáil iompair, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil chun é a oiriúnú i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Más gá, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-athbhreithneofar an clár oibre ilbhliantúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   San earnáil iompair, beidh na gníomhaíochtaí sin a shonraítear faoi phointe (m) d'Airteagal 7(2) ina dtosaíochtaí sa chlár oibre bliantúil a ghlacfar an 28 Márta 2019 nó dá éis.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá i ndiaidh an lae a scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 301.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 173.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

In Iarscríbhinn I, Cuid I, pointe 2 (“Conairí an chroíghréasáin”), sa roinn “An Mhuir Thuaidh — an Mheánmhuir”, foroinn “Ailíniú”, cuirtear an líne seo a leanas isteach tar éis na líne “Béal Feirste — Baile Átha Cliath/Dublin — Corcaigh/Cork”:

“Sionainn-Faing/Baile Átha Cliath/Dublin/Corcaigh/Cork — Le Havre/Calais/Dunkerque/Zeebrugge/Terneuzen/Gent/Antwerpen/Rotterdam/Amsterdam”.


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

20


RIALACHÁN (AE) 2019/496 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009ón gComhairle (2), bunaítear córas comhchoiteann chun onnmhairiú earraí dé-úsáide a rialú, córas atá riachtanach chun slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus chun cothrom iomaíochta a thabhairt d'onnmhaireoirí de chuid an Aontais.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, déantar foráil maidir le “údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas” lena n-éascaítear na rialuithe ar onnmhairiú ar riosca íseal earraí dé-úsáide chuig tríú tíortha áirithe. Faoi láthair, faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, cumhdaítear an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

(4)

Tá an Ríocht Aontaithe ina páirtí sna conarthaí idirnáisiúnta ábhartha, tá sí ina comhalta de chórais idirnáisiúnta neamhiomadaithe, cloíonn sí le comhlíonadh iomlán ar na hoibleagáidí gaolmhara agus ar na gealltanais ghaolmhara. Cuireann an Ríocht Aontaithe rialuithe comhréireacha leordhóthanacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghnéithe d'úsáidí deiridh atá beartaithe agus den bhaol atreoraithe atá ann, i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(5)

Ós tábhachtach an ceann scríbe atá sa Ríocht Aontaithe i gcomhair earraí dé-úsáide a tháirgtear san Aontas, is iomchuí an Ríocht Aontaithe a chur ar liosta na gceann scríbe a chumhdaítear faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach na rialuithe a áirithiú ar fud an Aontais, chun cothrom na hiomaíochta a chur chun cinn le haghaidh onnmhaireoirí an Aontais, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, agus slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta á gcosaint ag an am céanna.

(6)

Mar gheall ar an bpráinn atá ag roinnt le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní mór gurbh fhéidir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras maidir leis an Ríocht Aontaithe a thabhairt san áireamh in údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Níor cheart an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas ach amháin i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar ar bith a thabharfar i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tagtha i bhfeidhm faoin dáta ar a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil “Onnmhairí chuig an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá”:

“Onnmhairí chuig an Astráil, chuig Ceanada, chuig an tSeapáin, chuig an Nua-Shéalainn, chuig an Iorua, chuig an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá”;

(b)

i gCuid 2, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh na fleisce “— an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin”:

“—

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar a tugadh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tagtha i bhfeidhm faoin dáta faoin dáta dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus é infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairí, aistriú, bróicéireacht agus iompar earraí dé-úsáide idir dhá áit a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


RIALACHÁN (AE) 2019/497 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Sa chomhaontú um tharraingt siar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2019 (2) tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríochta Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)

Nuair a scoirfidh CBI d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) ina gcuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, in éagmais comhaontaithe um tharraingt siar, tá soithí an Aontais i mbaol rochtain a chailleadh ar uiscí na Ríochta Aontaithe agus ar na deiseanna iascaireachta iontu ón 30 Márta 2019. Bheadh tionchar suntasach aige sin ó thaobh gníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais agus ó thaobh tairbhí eacnamaíocha de.

(4)

Tá bearta ann cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) is féidir a úsáid chun éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú ar fud an tslabhra iomláin táirgeachta agus margaíochta.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, leagtar síos na rialacha agus na socruithe maidir le cúiteamh airgeadais a dheonú d'iascairí agus d'úinéirí soithí iascaireachta i gcásanna ina scoirtear de ghníomhaíochtaí iascaireachta go sealadach. Leis na critéir lena gceadaítear scor sealadach, ní cheadaítear cúiteamh i leith tarraingt siar Ballstáit as an Aontas ná i leith rochtain a chailleadh ar uiscí an Stáit sin agus ar dheiseanna iascaireachta iontu ina dhiaidh sin.

(6)

I dteannta na mbeart atá ar fáil cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, chun na héifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a bheith ann mar gheall ar tharraingt siar Ballstáit as an Aontas a mhaolú, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil d'iascairí agus d'oibreoirí atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá fuílleach na leithreasuithe ar fáil chun bheith tiomanta d'aon bheart incháilithe lena maolófar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(9)

Ar mhaithe leis an tsimplíocht, iarrtar ar na Ballstáit lena mbaineann a mheas an ndéanfar leasuithe ar a gclár oibríochtúil a chumasc i gcomhthéacs Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(10)

I bhfianaise an ghá tá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go mbeidh tacaíocht ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás nach ndeonóidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar na huiscí sin ó dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus d'fhéadfadh gurbh é an 30 Márta 2019 an dáta sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.   Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit an méid a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a shárú agus titim faoi bhun na méideanna a leagtar amach i mír 3 go mír 7 den Airteagal seo chun tacú leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán seo mura ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).”;

(2)

In Airteagal 25, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   An ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in i bpointe (d) d'Airteagal 33(1), ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh na tairsí a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a thagann as cás nach ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) (CAE).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   An tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020 agus an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta naoi mí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020. Aon chaiteachas a bhaineann le pointe (d) de mhír 1, beidh sé incháilithe ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/497 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2019/497. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 22.).”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) de CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(2)  IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


RIALACHÁN (AE) 2019/498 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar, nó ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Sa chomhaontú um tharraingt siar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2019 (2) tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)

Nuair a scoirfidh feidhm de bheith ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, i gcás éagmais ar chomhaontú um tarraingt siar, tá an baol ann nach mbeidh soithí iascaireachta an Aontais ná soithí na Ríochta Aontaithe in ann na deiseanna iascaireachta arna mbunú le haghaidh 2019 a úsáid ina n-iomláine.

(4)

Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a áirithiú, agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch roinnt pobal san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, ba cheart an deis a bheith fós ann socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain iascaireachta chómhalartach ag soithí iascaireachta an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile, nuair a scoirfidh CBI d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát, go ceann tréimhse theoranta. Is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil iomchuí a chruthú le haghaidh rochtain chómhalartach den sórt sin.

(5)

Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)

Thángthas ar chomhaontú faoi na deiseanna iascaireachta do 2019 de bhun Rialacháin (AE) 2019/124 (3) agus (AE) 2018/2025 (4) ón gComhairle, lena n-áirítear leis an Ríocht Aontaithe, le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas. Bunaíodh na deiseanna iascaireachta sin agus go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 agus Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na Farraige. Chun saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní na farraige agus chun cobhsaíocht laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú, ba cheart na leithdháiltí agus na scaireanna cuótaí arna gcomhaontú maidir leis na Ballstáit agus leis an Ríocht Aontaithe a bheith ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(7)

I bhfianaise phatrúin iascaireachta sheanbhunaithe shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais agus a mhalairt, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le sásra do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun rochtain a bheith acu ar uiscí an Aontais trí bhíthin údaruithe, chun bheith in ann iascaireacht a dhéanamh ar a scaireanna cuótaí leithdháilte arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2019/124 agus faoi Rialachán (AE) 2018/2025 faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le soithí iascaireachta an Aontais, go ceann tréimhse theoranta ama. Níor cheart údaruithe iascaireachta den sórt sin a dheonú ach amháin má leanann an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais ar fáil, agus a mhéid a dhéanann sí sin, chun úsáid a bhaint as deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh orthu i gcomhréir leis na Rialacháin ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta.

(8)

Le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leagtar amach na rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú do shoithí in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír agus do shoithí iascaireachta tríú tír agus iad i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

(9)

Le Rialachán (AE) 2017/2403 leagtar síos rialacha maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tír lasmuigh de chreat iascaireachta comhaontaithe, agus déantar foráil ann go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh deonú údaruithe den sórt sin. I bhfianaise líon shoithí iascaireachta an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh moilleanna nach beag ann mar gheall ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin agus bheadh ualach breise riaracháin ann in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó comhaontú iascaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha chun eisiúint na n-údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais a éascú don Ríocht Aontaithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe.

(10)

Is gá maolú ar na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta tríú tír agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha lena bhféadfaidh an tAontas údaruithe a eisiúint do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí an Aontais.

(11)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tugtar de chumhacht do na Ballstáit na deiseanna iascaireachta ar fad a leithdháiltear orthu, nó cuid díobh, a mhalartú. Bíonn isteach agus amach le 1 000 malartú cuótaí ann in aghaidh na bliana idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe. Gan dochar d'inniúlacht eisiach an Aontais, tá córas solúbtha ag teastáil nuair a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, rud a d'fhágfadh go mbeadh an tAontas in ann cuótaí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann plé a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe agus, mar is iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach fós as aistriú cuótaí nó malartú den sórt sin. Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar leithdháileadh an Bhallstáit lena mbaineann, nó a bhaintear uaidh.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir.

(13)

I bhfianaise an ghá atá ann, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, creat dlíthiúil a bhfuil sé mar aidhm aige scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás nach ndeonóidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar na huiscí sin ó dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a sheachaint, agus d'fhéadfadh gurbh é an 30 Márta 2019 an dáta sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(14)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe, ach i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm faoin dáta sin. Ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2019.

(15)

Ionas go mbeidh oibreoirí an Aontais agus oibreoirí na Ríochta Aontaithe araon in ann leanúint de bheith ag iascaireacht i gcomhréir leis na deiseanna ábhartha iascaireachta a leithdháiltear orthu, níor cheart údaruithe iascaireachta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dheonú ar shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe má mheasann an Coimisiún, agus ag brath ar a mhéid a mheasann sé, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana a dheonú do shoithí iascaireachta an Aontais chun dul i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 mar a leanas:

(1)

i gCaibidil II de Theideal II, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

Roinn 4

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann ag soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe

Airteagal 18a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Roinn 3, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 18b

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘uiscí na Ríochta Aontaithe’ uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe arna mbunú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 18c

An nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil ón Ríocht Aontaithe

1.   Ballstát brataí a d'fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an t-iarratas comhfhreagrach nó liosta na n-iarratas ar údarú ón Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún.

2.   I ngach iarratas nó liosta iarratas, beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh údarú a eisiúint, agus í leagtha amach san fhormáid is gá, arna cur in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus an fhormáid dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh a chur chuig an mBallstát brataí chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 á gcomhlíonadh.

4.   Ar iarratas nó aon fhaisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun mhír 3 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe gan mhoill.

5.   A luaithe a chuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint nó a dhiúltú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin.

6.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin d'oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe tar éis é a chur ar an eolas gur chinn an Ríocht Aontaithe údarú a eisiúint don soitheach iascaireachta ábhartha de chuid an Aontais.

7.   Ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go mbeidh údarú iascaireachta eisithe ag an mBallstát brataí agus ag an Ríocht Aontaithe araon.

8.   I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

9.   I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Ballstát brataí ar an eolas ar bhonn díreach go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

Airteagal 18d

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar eisiúint na n-údaruithe iascaireachta ón Ríocht Aontaithe d'oibreoirí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.”;

(2)

Cuirtear an Teideal seo a leanas isteach:

“TEIDEAL IIIa

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA NA RÍOCHTA AONTAITHE IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 38a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Theideal III, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais.

Airteagal 38b

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe

Féadfaidh soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2019/124 (*1) agus (AE) 2018/2025 (*2) ón gComhairle lena mbunaítear na deiseanna iascaireachta.

Airteagal 38c

Prionsabail ghinearálta

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an t-údarú sin dó ach amháin má chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.   Féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint do shoithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe más amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí ag an soitheach iascaireachta arna eisiúint ag údarás na Ríochta Aontaithe;

(b)

go bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe ag an Ríocht Aontaithe ar chlár cabhlaigh a bhfuil rochtain ag an gCoimisiún air;

(c)

go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nach bhfuil an Ríocht Aontaithe liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn deiseanna iascaireachta neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012;

(f)

go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Ríocht Aontaithe.

3.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear na hoibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú.

Airteagal 38d

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Cuirfidh an Ríocht Aontaithe chuig an Coimisiún an t-iarratas nó liosta na n-iarratas ar údaruithe le haghaidh a cuid soitheach iascaireachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2).

3.   Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2) á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir gan mhoill.

Airteagal 38e

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 38c(2) a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear chun an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún eisiúint údaruithe a dhiúltú nó a chur ar fionraí nó féadfaidh sé aon údarú arna eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar tháinig athrú ó bhonn ar chúinsí;

(b)

i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí;

(c)

i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach chun iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh;

(d)

i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí ar bhonn thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin de bhun Airteagal 18d;

(e)

i gcás ina ndiúltaíonn an Ríocht Aontaithe údarú go míchuí nó i gcás ina gcuireann sí an t-údarú sin ar fionraí nó ina ndeánann sí an t_udarú do shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe a chúlghairm go míchuí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas láithreach i gcás ina ndéanann sé údarú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 38f

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.   I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh don Ríocht Aontaithe ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don Ríocht Aontaithe agus d'údaráis chigireachta inniúla na mBallstát. D'fhonn a áirithiú go leanfar d'oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, oibríochtaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ríocht Aontaithe bearta teicniúla a chur in iúl dó, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.   Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na n-oibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.   Measfar gur tarraingíodh údaruithe iascaireachta siar más rud é go mbaineann fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2 leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

Airteagal 38g

Ró-iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh an Ríocht Aontaithe na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí eile a leithdháileadh ar Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n-asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i gcúinsí comhchosúla.

Airteagal 38h

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha rialúcháin faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n-oibríonn sé.

2.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí iascaireachta an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d'ainmnigh sé, na sonraí arna bhfáil i gcomhréir le mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.   Déanfaidh Ballstát cósta aon sárú a rinne soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 38i

Aistrithe agus malartuithe cuótaí

1.   Féadfaidh Ballstát dul i mbun plé neamhfhoirmiúil leis an Ríocht Aontaithe agus, más iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe.

2.   Nuair a gheobhaidh an Coimisiún fógra ón mBallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún an t-aistriú cuótaí nó an malartú cuótaí comhfhreagrach a dhéanamh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an t-aistriú cuótaí nó an malartú cuótaí arna chomhaontú in iúl do na Ballstáit.

4.   Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar na Ballstáit lena mbaineann, nó a asbhaintear ó na cuótaí sin, ón nóiméad a mbeidh feidhm ag an aistriú cuótaí nó ag an malartú cuótaí. Ní dhéanfar aon athrú ar an eochair leithdháilte mar gheall ar leithdháileadh nó asbhaint den sórt sin chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal chobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta.”.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/124 an 30 Eanáir 2019 ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 29, 31.1.2019, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7)."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE, go dtí an 31 Nollaig 2019.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE i bhfeidhm faoin lá a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(2)  IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L, 31.1.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (AE) 2019/499 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Is i rith chlárthréimhse 2014-2020 chlár Erasmus+ atá an tarraingt siar ag tarlú, clár a bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear agus rialaítear clár Erasmus+. Ba cheart don Rialachán seo rialacha a leagan síos ionas gur féidir leanúint de na gealltanais dhlíthiúla a a gabhadh ar láimh cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, maidir le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(4)

Ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith mar thír de chuid an Chláir de réir bhrí Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013. Ionas nach mbeadh ar rannpháirtithe reatha Erasmus+ éirí as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá idir lámha acu, ba cheart na rialacha maidir le hincháilitheacht gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi chlár Erasmus+ a oiriúnú.

(5)

Ionas gur féidir leanúint den mhaoiniú a dhéantar ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl, ba cheart don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú lena gceadófaí rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin. Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha a chur i gcrích, is é ba cheart a mheas gur easnamh tromchúiseach seo sa chóras bainistíochta agus rialuithe.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo a bheidh tosaithe, ar a dhéanaí, ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(7)

I bhfianaise go scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó síneadh na tréimhse 2 bhliain tar éis fhógra na Ríochta Aontaithe agus i bhfianaise an ghá atá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go leanfar de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(8)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige amhail ón lá tar éis an lá a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Sa Rialachán seo, leagtar síos forálacha chun leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama, dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a tharlaíonn sa Ríocht Aontaithe nó a bhfuil baint ag eintitis nó ag rannpháirtithe ón Ríocht Aontaithe leo agus a bheidh tosaithe ar a dhéanaí ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 2

Incháilitheacht

1.   Gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1, leanfaidh siad de bheith incháilithe le haghaidh maoinithe.

2.   Chun aon fhorálacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a chur i bhfeidhm, ar forálacha agus gníomhartha iad atá riachtanach chun éifeacht thabhairt do mhír 1, is mar Bhallstát a chaithfear leis an Ríocht Aontaithe, faoi réir an Rialacháin seo.

Mar sin féin, ní bheidh ionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe rannpháirteach sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

Airteagal 3

Rialuithe agus iniúchtaí

Is idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe a chomhaontófar cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le rialuithe agus iniúchtaí na ngníomhaireachta soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1. Leis na rialuithe agus na hiniúchtaí, cumhdófar tréimhse iomlán na ngníomhaireachtaí soghluaisteachta foghlama agus na hiaroibre gaolmhaire.

Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha ar chlár Erasmus+ a chur i gcrích sa Ríocht Aontaithe, is é a bheidh i gceist leis sin easnamh tromchúiseach i gcomhlíonadh na bpríomhoibleagáidí i leith chur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil idir an Coimisiún agus údarás náisiúnta na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) 2019/500 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

In éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse 2 bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, scoirfidh rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 (2) agus (CE) Uimh. 987/2009 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019.

(3)

Mar thoradh air sin, maidir le daoine a bhain leas dlisteanach, ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais, as an gceart chun saorghluaiseachta nó as an gceart chun na saoirse bunaíochta a chumhdaítear in Airteagal 45 agus Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí, ní féidir leo brath a thuilleadh ar rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann lena dteidlíochtaí slándála sóisialta bunaithe ar na fíricí agus ar na himeachtaí a tharla, agus ar na tréimhsí árachais, tréimhsí fostaíochta, tréimhsí féinfhostaíochta nó na tréimhsí cónaithe a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar agus lena raibh an Ríocht Aontaithe bainteach. Imreofar an tionchar céanna ar dhaoine gan stát agus ar dhídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht de chuid Ballstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staideanna lena mbaineann an Ríocht Aontaithe, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

(4)

Chun an aidhm a bhaint amach teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, ba cheart do na Ballstáit leanúint de chur i bhfeidhm na bprionsabal um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú de chuid an Aontais faoi mar a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, anuas ar rialacha na Rialachán sin atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail sin, i dtaobh daoine arna gcumhdach, fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(5)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009. Ní dochar an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag an Aontas nó ag na Ballstáit bearta a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar chomhar riaracháin agus ar an malartú faisnéise le hinstitiúidí inniúla sa Ríocht Aontaithe chun éifeacht a thabhairt do phrionsabail an Rialacháin seo. Thairis sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear d'aon inniúlacht atá ag an Aontas ná ag na Ballstáit chun coinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó leis an Ríocht Aontaithe a chumhdaíonn an tréimhse tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(6)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'aon chearta a fuarthas nó a bhí á bhfáil i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstáit le linn na tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá comhar maith riachtanach le gur féidir cearta den sórt sin a chosaint agus seasamh leo. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil faisnéis iomchuí agus thráthúil ar fáil do na daoine lena mbaineann.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur i bhfeidhm aonfhoirmeach aontaobhach na bprionsabal slándála sóisialta um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfreagairt a chomhordú, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(8)

I bhfianaise, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse 2 bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, go scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, agus i bhfianaise an ghá atá ann deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, le CFAE agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(9)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dó feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura mbeidh comhaontú um tharraingt siar leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Airteagal 2

Daoine atá cumhdaithe

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na daoine seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh de Bhallstát, daoine gan stát agus dídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staid lena mbaineann an Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí;

(b)

náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

Airteagal 3

Ábhair a chumhdaítear

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le brainsí uile na slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 4

Cóir chomhionann

Beidh feidhm ag an bprionsabal um chóir chomhionann faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le haon staid a tharla roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Asamhlú agus comhshuimiú

1.   Beidh feidhm ag an bprionsabal um asamhlú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tairbhí nó ioncam a fuarthas agus na fíricí nó na himeachtaí a tharla sa Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Beidh feidhm ag an bprionsabal um chomhshuimiú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe sa Ríocht Aontaithe a tugadh chun críche roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Beidh feidhm ag aon fhoráil eile de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail a leagtar síos faoi mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Gaol le hionstraimí comhordaithe eile

1.   Ní dochar an Rialachán seo do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

2.   Ní dochar an Rialachán seo do choinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arna dtabhairt i gcrích tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE agus a chumhdaíonn an tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go dtugann na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe sin éifeacht do na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo, go gcuireann siad na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán seo i bhfeidhm, go bhfuil siad bunaithe ar phrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus go bhfuil siad i gcomhréir le meon an Rialacháin sin.

Airteagal 7

Tuarascáil

Bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tabharfaidh an tuarascáil sin, go háirithe, aghaidh ar fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn do na daoine lena mbaineann, lena n-áirítear na fadhbanna sin a eascraíonn as easpa leanúnachais i gcomhordú na gcóras slándála sóisialta.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


RIALACHÁN (AE) 2019/501 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (3) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.

(3)

Is é córas cuótaí iltaobhaobach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an t-aon chreat dlíthiúil eile ar a bhfeadfaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú tar éis dháta na tarraingthe siar. Mar sin féin, i ngeall ar an líon teoranta ceadanna atá ar fáil faoi chóras ECMT faoi láthair agus ar an raon feidhme teoranta atá aige i dtaobh na gcineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar a chumhdaítear, níl an acmhainn sa chóras faoi láthair chun aghaidh iomlán a thabhairt ar na riachtanais iompair lasta de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(4)

Chun cur isteach tromchúiseach a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr a chosc, lena n-áirítear i dtaca leis an ord poiblí, is gá sraith de bhearta sealadacha a bhunú lena gcuirfear ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí agus paisinéirí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na seacht mBallstát is fiche eile nó ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfaí ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaí cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofaí iomaíocht chóir.

(5)

Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo, ní áirítear Giobráltar ann, agus maidir le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)

Is ceann de mhórghníomhartha bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh é an ceart chun oibríochtaí iompair a chur i gcrích laistigh de chríoch Ballstáit nó idir Ballstáit agus níor cheart, i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus in éagmais aon fhoráil shainráite dá mhalairt, é a bheith ar fáil a thuilleadh d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas. Chun cur isteach tobann díreach i ndiaidh na tarraingthe siar sin a mhaolú, áfach, lena n-áirítear cur isteach ó thaobh an oird phoiblí de, ba cheart bearta sealadacha céimnithe amach a bheartú chun cead a thabhairt d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe líon teoranta oibríochtaí breise a dhéanamh laistigh de chríoch an Aontais i gcomhthéacs na n-oibríochtaí idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. Tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas gan comhaontú um tharraingt siar, ba cheart go gcabhródh bearta den sórt sin le cur isteach ar shreabha tráchta a chosc, a mheastar gur féidir a bheith ag súil leo de thoradh ar rialuithe breise feithiclí agus a gcuid lasta, agus bagairtí ar ord poiblí ina dhiaidh sin. Ba cheart dóibh cuidiú, go háirithe, le maolú ar an mbrú ag na pointí teorann ar beag an líon díobh agus arb iad is dóichí go mbeadh cur isteach den sórt sin i gceist leo, toisc nach gá do na feithiclí filleadh láithreach. Ba cheart dóibh a bheith comhréireach, níor cheart dóibh a bheith ina macasamhail de na cearta atá ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais faoi rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart deireadh a chur leo de réir a chéile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(7)

In éagmais aon fhorálacha speisialta, bheadh cur isteach tromchúiseach ina thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, lena n-áirítear ó thaobh an oird phoiblí de, i gcomhthéacs seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar. Is é an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Paisinéirí de Bhóthar trí Sheirbhísí Ócáideacha Cóiste agus Bus (5) (“Comhaontú Interbus”) an t-aon chreat dlíthiúil eile lena soláthraítear bonn i gcomhair paisinéirí a iompar ar bhus nó ar chóiste idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis dháta na tarraingthe siar. Tiocfaidh an Ríocht Aontaithe chun bheith ina Páirtí Conarthach í féin i gComhaontú Interbus ón 1 Aibreán 2019. Ní chumhdaítear i gComhaontú Interbus, áfach, ach seirbhísí ócáideacha agus, dá bhrí sin, ní leor é chun aghaidh a thabhairt ar an gcur isteach a eascróidh as an tarraingt siar i bhfianaise an lín aird daoine a bheadh ag iarraidh taisteal a dhéanamh fós idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Rinne Páirtithe Conarthacha Chomhaontú Interbus prótacal a rialaíonn seirbhísí iompair do phaisinéirí agus a ghabhann leis an gComhaontú a chaibidliú, ach níltear ag súil leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am chun réiteach malartach inmharthana a sholáthar ar an staid atá ann faoi láthair don tréimhse go díreach i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, le haghaidh seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar bhus agus ar chóiste, ní thugtar aghaidh leis na hionstraimí atá ann faoi láthair ar riachtanais an iompair paisinéirí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Chun maolú a dhéanamh ar an gcur isteach mór a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr agus a d'fhéadfadh an t-ord poiblí a chur i mbaol, is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt d'iompróirí na Ríochta Aontaithe paisinéirí a iompar ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas agus vice versa ar choinníoll go ndeonódh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha ar a laghad d'iompróirí AE. Ba cheart na cearta sin a dheonaítear faoin Rialachán seo a bheith teoranta do thréimhse ama ghearr, chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí trasteorann cóiste agus bus idir Éire agus Tuaisceart Éireann do na pobail a bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann, d'fhonn nascacht bhunúsach a áirithiú idir pobail, inter alia, mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Trí phaisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiúin ar an dá thaobh den teorainn, tacaítear le hinmharthanacht na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, ba cheart bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe a údarú i gcónaí i réigiúin na teorann le linn seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta ar chóiste agus ar bhus idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Ba cheart na cearta sin a dheonú ar feadh tréimhse theoranta ama (go dtí an 30 Meán Fómhair 2019) ionas gur féidir socruithe malartacha a chur i bhfeidhm.

(8)

Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach fós gan fasach a bhunú, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Ó thaobh oibríochtaí tarlaithe de bhóthar de, is ann don teorainn ama mar gheall ar na socruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a dhéanamh i gcóras ECMT, agus gan dochar d'aon chomhaontú a d'fhéadfaí a chaibidliú agus freisin a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus do rialacha a bheidh ag an Aontas amach anseo maidir le hiompar. Ó thaobh iompar paisinéirí ar bhus agus ar chóiste de, is ann don teorainn ama chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin, agus tá sé gan dochar d'aon chomhaontú a d'fheadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an ábhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(9)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Is ar bhonn práinne ar cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Comharthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Ba cheart go scoirfeadh an Rialachán seo, i gcás ar bith, d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019. Dá bhrí sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht a fheidhmítear tríd an Rialachán seo a fheidhmiú tar éis an dáta sin. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh na mbeart sin, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE, i ndiaidh an dáta sin. Tá inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse an iompair de bhóthar le cinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí, agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur san áireamh.

(11)

Más gá, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a tharmligean don Choimisiúin, chun go dtabharfar ar ais an choibhéis idir na cearta arna ndeonú ag an Aontas d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe chomh maith le hoibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, lena n-áirítear sa chás ina ndéantar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe a dheonú ar bhonn an Bhallstáit tionscnaimh nó ar bhonn eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn cothrom d'oibreoirí uile an Aontais, agus chun cásanna d'iomaíocht éagóracha a dhéanfadh dochar d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais a réiteach.

(12)

Leis na gníomhartha tarimligthe, ba cheart prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh a dtéarmaí i gcomhréir leis na fadhbanna a thiocfadh chun cinn tríd an mainneachtain cearta coibhéiseacha a dheonú nó trí dhálaí iomaíochta éagóracha. Níor cheart don Choimisiún a bheartú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí ach amháin sna cásanna is déine, i gcás nach ndéanfadh an Ríocht Aontaithe aon chearta coibhéiseacha ar chor ar bith a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthair an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais nó i gcás inarbh fhíorbheag na cearta a dheonófaí, nó i gcás ina mbeadh an méid sin de dhifríocht idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais agus go bhfágfadh sé nach mbeadh soláthar na seirbhísí atá i gceist ag oibreoirí an Aontais inmharthana dóibh ó thaobh na heacnamaíochta de.

(13)

Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh aon ghníomh tarmligthe den chineál sin dochar míchuí d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(14)

Chun a áirithiú go bhfuil cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibritheoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar coibhéiseach iad leis na cearta sin arna ndeonú leis an Rialachán seo d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí uile an Aontais, ba cheart raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leathnú amach ar bhonn sealadach. Leis na Rialacháin sin, cumhdaítear cheana féin an chuid den turas idir Ballstát agus tríú tír a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear le linn an idirthurais. Ní mór, áfach, a áirithiú, i gcás den sórt sin, go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 chomh maith maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar lódáil nó dílódáil, agus go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach. Is é is aidhm leis an leathnú amach sin ná a áirithiú gur féidir le hoibreoirí an Aontais oibríochtaí trastrádála a dhéanamh go dtí an Ríocht Aontaithe nó uaithi, chomh maith le stadanna breise nuair a bhíonn iompar paisinéirí á oibriú acu,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar chomh maith le soláthar seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “feithicil”, ó thaobh iompar earraí de, mótarfheithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe, as a mbaintear úsáid go heisiach le haghaidh iompar earraí. Féadfaidh sé gur leis an ngnóthas an fheithicil, gur cheannaigh sé í faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil sé fruilithe aige, ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ó thaobh iompar paisinéirí de, ciallaíonn “feithicil” bus nó cóiste;

(2)

ciallaíonn “iompar ceadaithe earraí”:

(a)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)

i ndiaidh turas ualaithe ó chríoch na Ríochta Aontaithe a chumhdaítear le pointe (a) den phointe seo, déanamh, laistigh de seacht lá ón dílódáil laistigh de chríoch an Aontais, suas le dhá oibríocht bhreise lódála agus dílódála laistigh de chríoch an Aontais ar feadh tréimhse ceithre mhí ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 12, agus déanamh oibríochta amháin laistigh de seacht lá ón díluchtú laistigh de chríoch an Aontais, le linn thréimhse trí mhí ina dhiaidh sin;

(c)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(d)

turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c);

(3)

ciallaíonn “iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus”:

(a)

turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste chun iompar paisinéirí a sholáthar ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)

turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(c)

turas gan paisinéirí a iompar i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(d)

bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta idir Éire agus Tuaisceart Éireann, go dtí an 30 Meán Fómhair 2019;

(4)

ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá taobh leis an teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann;

(5)

ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar an Aontais” gnóthas a iompraíonn earraí de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

(6)

ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe dá gceadaítear earraí a iompar de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí de chuid na Ríochta Aontaithe aige;

(7)

ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe”, i gcás ina n-eisítear é d'oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i dtaca le hiompar ceadaithe earraí de. I gcás ina n-eisítear é d'oibreoir seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe chun críocha iompar idirnáisiúnta i dtaca le hiompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus;

(8)

ciallaíonn “bus nó cóiste” feithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, atá oiriúnach agus ceaptha, de thairbhe a tógála agus a trealaimh, chun níos mó ná naonúr paisinéirí a iompar agus an tiománaí á chur san áireamh;

(9)

ciallaíonn “seirbhísí rialta” seirbhísí lena ndéantar foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh shonraithe feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;

(10)

ciallaíonn “seirbhísí rialta speisialta” seirbhísí rialta, is cuma cé a eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;

(11)

ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid an Aontais” gnóthas a iompraíonn paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009;

(12)

ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe atá údaraithe chun paisinéirí a iompar ar chóiste nó ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí na Ríochta Aontaithe aige;

(13)

ciallaíonn “oibreoir” oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhíse cóiste nó bus;

(14)

ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” aon dlí maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfadh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí iompair lasta de bhóthar nó do sheirbhísí cóiste agus bus:

(a)

Iompraíocht arb é atá ann:

(i)

comhaontuithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, cinntí a dhéanann comhlachtaí oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm acu an t-iomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)

mí-úsáid arna baint as ceannasacht ag oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhísí cóiste agus bus amháin nó níos mó;

(iii)

bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá dtugann an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó (ii); agus

(b)

comhchruinnithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, a chuireann isteach go mór ar an iomaíochas, go háirithe de bharr suíomh ceannasach a bheith cruthaithe nó neartaithe acu;

(15)

ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a mbaineann sochar leis, a dheonaíonn an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar leibhéal ar bith d'oibreoir lena n-áirítear:

(a)

aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, agus glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)

ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;

(c)

earraí nó seirbhísí cé is moite de bhonneagar ginearálta a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach; nó

(d)

íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) a dhéanamh, feidhmeanna a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag difear atá idir an cleachtas sin agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.

Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí atá i gceist;

(16)

ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an t-údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)

agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, tá ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)

tá na cinntí a dhéanann an t-údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

(17)

ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, a sholáthar i gcás oibríocht seirbhísí iompair lasta de bhóthar nó seirbhísí cóiste agus bus, nó i dtaca leis an gcaoi a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

(18)

ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch sin de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag CAE agus ag CFAE maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin.

Airteagal 3

An ceart chun iompar ceadaithe earraí a dhéanamh

1.   Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe an t-iompar ceadaithe earraí a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe earraí den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(7), a bheith de dhíth:

(a)

iompar poist mar sheirbhís uilíoch;

(b)

iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;

(c)

iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear leantóirí, thar 3,5 tona;

(d)

iompar táirgí leighis, gaireas, trealamh agus earraí eile a bhíonn de dhíth le haghaidh cóir leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha;

(e)

iompar earraí, ar choinníoll:

(i)

gur leis an ngnóthas na hearraí arna n-iompar nó gurb é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d'fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;

(ii)

gurb é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an gnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;

(iii)

gur pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;

(iv)

gur leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó gurb é an gnóthas a cheannaigh iad faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil siad fruilithe aige ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE; agus

(v)

níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais.

Airteagal 4

An ceart chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh

1.   Féadfaidh oibreoirí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh arb é atá iontu ná seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta.

2.   Ní mór d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe údarú a bheith acu arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh ar fruiliú agus ar luach saothair.

3.   Féadfar leanúint de na húdaruithe atá bailí fós faoi mhír 2 den Airteagal seo a úsáid fós chun na gcríoch a shainítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é gur athnuadh iad faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna, nó gur athraíodh iad ó thaobh stadanna, táillí nó sceidil, agus faoi réir rialacha agus nósanna imeachta Airteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 i gcomhair tréimhse bhailíochta nach rachaidh thar an 31 Nollaig 2019.

4.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó dlítheanach sin; agus

(b)

is maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu nó tá siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó tá conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus tá siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, ag an duine nádúrtha é féin, nó ag comhaltaí foirne arna bhfostú ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach.

Beidh na hoibríochtaí iompair sin díolmhaithe ó aon chóras um údarú laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ag an duine a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige údarú náisiúnta arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

5.   Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha

Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo lena linn. Ó thaobh na tréimhse sin de, ní dheonóidh siad aon cheart eile d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe seachas na cearta a dheonaítear leis an Rialachán seo, gan dochar do na comhaontuithe iltaobhacha atá ann cheana.

Airteagal 6

Rialacha sóisialta agus teicniúla

Le linn iompar ceadaithe earraí nó paisinéirí ar chóiste nó ar bhus a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha seo a leanas:

(a)

maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(b)

maidir le reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(d)

maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe, na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(e)

maidir le toisí údaraithe uasta agus meáchain údaraithe uasta feithiclí áirithe bóthair, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle (12);

(f)

maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 92/6/CE ón gComhairle (13);

(g)

maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 91/671/CEE ón gComhairle (14);

(h)

maidir le hoibrithe a phostú, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(i)

maidir le cearta paisinéirí, Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Airteagal 7

Coibhéis maidir le cearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.   I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh deonaithe ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a dheonaítear d'oibreoirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear aon chearta coibhéiseacha d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó inar fíorbheag na cearta a dheonaítear;

(b)

teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe nó a bheith le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)

srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

Airteagal 8

Iomaíocht chóir

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina mbíonn oibreoirí an Aontais in iomaíocht le hoibreoirí na Ríochta Aontaithe i dtaca le soláthar na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na seirbhísí cóiste agus bus a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go suntasach níos mífhabhraí ná na coinníollacha atá ag oibreoirí na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) a chur ar fionraí sa chás gur ann do dhifear chomh mór sin idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais nach mbeadh sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de d'oibreoirí an Aontais seirbhísí a sholáthar;

(b)

teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe, nó a bheidh le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)

srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

3.   Déanfar gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na staideanna seo a leanas a réiteach:

(a)

fóirdheontais arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)

gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm ná á chur i bhfeidhm go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe;

(c)

gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choimeád ag an Ríocht Aontaithe;

(d)

caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó an comhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)

caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le ceadúnais a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 (17);

(f)

caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe gairmiúla ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE;

(g)

muirearú bóthar agus rialacha cánachais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, atá éagsúil leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18); agus

(h)

aon chineál idirdhealaithe i gcoinne oibreoirí an Aontais.

4.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó ar oibreoirí na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 9

Síneadh le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009

1.   I gcomhthéacs earraí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an lódáil nó an dílódáil.

2.   I gcomhthéacs paisinéirí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir seirbhísí cóiste agus bus de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an bailiú nó an scaoileadh amach.

Airteagal 10

Comhairliúchán agus comhar

1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur chun feidhme.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 7(2) nó Airteagal 8(2), rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

3.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má bhíonn comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(5)  IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82).

(8)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair ar bhóithre (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(11)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ar thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(12)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(13)  Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).

(14)  Treoir 91/671/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí (IO L 373, 31.12.1991, lch. 26).

(15)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(18)  Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

49


RIALACHÁN (AE) 2019/502 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta an Aontais a dheonú d'aeriompróirí agus bunaítear leis an tsaoirse chun aersheirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach.

(3)

In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.

(4)

Dá bharr sin, is gá sraith beart sealadach a bhunú lena gcumasófar d'iompróirí atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe seirbhísí aeriompair a chur ar fáil idir a críoch sin agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 Ballstát eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha d'aeriompróirí atá ceadúnaithe san Aontas agus go mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.

(5)

Chun léiriú a thabhairt ar an nádúr sealadach atá ag cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart é a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d'aon chomhaontú a bhféadfaí caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí soláthar aersheirbhísí leis an Ríocht Aontaithe, arb aersheirbhísí iad a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu. Ba cheart údarú a thabhairt don Choimisiún, a luaithe is féidir, arna mholadh sin, chun comhaontú cuimsitheach aeriompair a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe. Ba cheart an comhaontú sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích gan mhoill.

(6)

Chun leibhéil nascachta a bheidh chun leasa an dá thaobh a chothabháil, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail códroinnt d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí an Aontais araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.

(7)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a bhfuil gá leis an Rialachán seo a ghlacadh ina leith agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht chomhroinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Rialacháin seo, áfach, ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart an inniúlacht a bheidh á feidhmiú ag an Aontas a fheidhmiú dá bhrí sin ach amháin i leith thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht chomhroinnte a bheidh á feidhmiú ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige. I gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh na Ballstáit, dá bhrí sin, a n-inniúlacht a fheidhmiú arís amhail ón tráth sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 25 maidir le hinniúlacht chomhroinnte atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Rialachán seo ach amháin na heilimintí a rialaítear leis an Rialachán seo agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Déanfar inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse an aeriompair a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur i gcuntas.

(8)

De réir Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, chun ceadúnais oibríochta bhailí a choinneáil, tá ar aeriompróirí an Aontais, go háirithe, na ceanglais úinéireachta agus rialaithe a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh an t-am ar fad. I gcás ina dtarlóidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan an comhaontú um tharraingt siar, is dócha go mbeidh deacrachtaí ag roinnt aeriompróirí de chuid an Aontais na ceanglais sin a chomhlíonadh amhail ón dáta um tharraingt siar. Is gá, dá bhrí sin, bearta teagmhasacha a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta, ba cheart na bearta sin a bheith teoranta dá bhfuil géarghá leis chun dul i ngleic leis na fadhbanna a eascróidh as tarraingt siar neamhordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas. I bhfianaise na bprionsabal céanna, is gá sásraí a bhunú freisin chun gur féidir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar cheanglais úinéireachta agus rialaithe a chomhlíonadh agus chun an ceadúnas oibríochta a tharraingt siar i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin. Chun scor tobann na n-oibríochtaí a sheachaint agus chun lamháil go háirithe do phaisinéirí a ndéanfar difear dóibh a aisdúichiú, ba cheart, i gcás nach ndearnadh aon phlean iomchuí le haghaidh gníomhaíocht feabhais a chur isteach, go mbeadh éifeacht ag cúlghairm ceadúnais oibríochta neamhchomhlíontaigh 2 sheachtain tar éis chinneadh an chinnidh cúlghairme.

(9)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar údaruithe a bheith á n-eisiúint ag na Ballstáit chun aersheirbhísí sceidealaithe a bheith á n-oibriú ag aeriompróirí an Aontais le linn dóibh na cearta arna dtabhairt dóibh ag an Ríocht Aontaithe a fheidhmiú, ar an gcaoi chéanna le cásanna a tharlaíonn i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta. Níor cheart do na Ballstáit idirdhealú a dheanamh idir aeriompróirí an Aontais i leith na n-údaruithe sin.

(10)

Ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit réiteach a fháil ar na fadhbanna a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do na scéimeanna um dháileadh tráchta atá ann cheana mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Go háirithe, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun go bhféadfar a áirithiú go bhfuil na scéimeanna sin á gcomhlíonadh go hiomlán agus chun foráil a dhéanamh a mhéid is féidir d'aistriú ordúil chun cur isteach ar phaisinéirí agus ar chuideachtaí san Aontas a sheachaint.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh aeriompróirí an Aontais dul in iomaíocht le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a sholáthar. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I bhfianaise an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar nascacht na mBallstát, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh,. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach, más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais phráinne. D'féadfadh go mbeadh baint ag na cásanna sin a bhfuil údar cuí leo le cásanna ina mainneoidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt d'aeriompróirí an Aontais agus, ar an gcaoi sin, go mbeidh sé ina chúis le míchothromaíocht fhollasach, nó i gcás ina mbeidh coinníollacha iomaíochta is lú fabhair ná na coinníollacha a theachtann aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i soláthar seirbhisí aeriompair arna gcumhdach ag an Rialachán seo ina mbagairt d'inmharthanacht eacnamaíoch aeriompróirí an Aontais.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos chun an t-aeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(14)

Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne maidir le ceannasacht ar an gcríoch ina bhfuil aerfort Ghiobráltar suite.

(15)

Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm chomh luath géar agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a bheidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart forálacha áirithe a bheith i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear an t-aeriompar idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

Airteagal 2

Feidhmiú inniúlachta

1.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Rialacháin seo teoranta do thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a shainítear in Airteagal 16(4). Tar éis dheireadh na tréimhse sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Rialacháin seo gan dochar d'inniúlacht na mBallstát maidir le cearta tráchta in aon chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, in aon síniú nó in aon tabhairt i gcrích de chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le haersheirbhísí leis an Ríocht Aontaithe agus le haon tríú tír eile, i leith na tréimhse ar dá éis a scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige.

3.   Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach amháin na heilimintí a rialaítear leis an Rialachán seo.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an aeriompair maidir leis na heilimintí seachas iad siúd a rialaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “aeriompar” paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó i gcomhcheangal, a chuirtear ar fáil don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, lena n-áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;

2.

ciallaíonn “aeriompar idirnáisiúnta” aeriompar a ghabhann tríd an aerspás thar chríoch níos mó ná Stát amháin;

3.

ciallaíonn “aeriompróir de chuid an Aontais” aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;

4.

ciallaíonn “aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe” aeriompróir:

(a)

a bhfuil a phríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe; agus

(b)

a chomhlíonann ceann amháin den dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gur leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach, trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; nó

(ii)

gur le Ballstáit an Aontais agus/nó le náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus/nó le Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus/nó náisiúnaigh na Stát sin, in aon chomhcheangal díobh sin, bídís ina n-aonar nó leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin;

(c)

sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2);

5.

ciallaíonn “rialú le fírinne” caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:

(a)

tríd an gceart sócmhainní uile gnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;

(b)

trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;

6.

ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” an dlí is ábhartha maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfaidh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair:

(a)

iompraíocht arb é atá ann:

(i)

comhaontuithe idir aeriompróirí, cinntí a dhéanann comhlachtaí aeriompróirí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar chuspóir agus mar éifeacht acu an iomaíocht a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)

mí-úsáid ceannasachta a dhéanann aeriompróir amháin nó níos mó

(iii)

bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó pointe (ii); agus

(b)

comhchruinnithe idir aeriompróirí a chuireann bac ar an iomaíocht éifeachtach, go háirithe de thoradh ceannasacht a chruthú nó a neartú;

7.

ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a thugann an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar aon leibhéal d'aeriompróir, lena mbaineann sochar, agus ina n-áirítear:

(a)

aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)

ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;

(c)

earraí nó seirbhísí, cé is moite de bhonneagar ginearálta, a sholáthar nó a cheannach; nó

(d)

íocaíochtaí a dhéanamh le sásra cistiúcháin nó iad a chur ar iontaoibh comhlachta phríobháidigh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear in (a), (b) agus (c) a dhéanamh, ar feidhmeanna iad a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí eile iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag an difear atá idir an cleachtas agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.

Ní mheastar go mbaineann aon sochar le ranníocaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí i gceist;

8.

ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an t-údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)

agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, beidh ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)

tá na cinntí a dhéanann an t-údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

9.

ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál idirdhealaithe a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, i gcás oibríocht seirbhísí aeriompair, nó i ndáil leis an tslí a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

10.

ciallaíonn “seirbhís aeriompair sceidealta” sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:

(a)

ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);

(b)

oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort chéanna, cibé acu:

(i)

de réir tráthchlár foilsithe; nó

(ii)

le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;

11.

ciallaíonn “seirbhís aeriompair neamhsceidealaithe” seirbhís aeriompair tráchtála a fheidhmítear, cé is moite d'aersheirbhís sceidealaithe;

12.

ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch talún sin, na huiscí inmheánacha sin agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t-aerspás os a gcionn;

13.

ciallaíonn “críoch na Ríochta Aontaithe” críoch talún, uiscí inmheánacha agus uiscí teorann na Ríochta Aontaithe agus an t-aerspás os a gcionn;

14.

ciallaíonn “Coinbhinsiún Chicago” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, arna shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944.

Airteagal 4

Cearta tráchta

1.   Féadfaidh iompróirí na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

eitilt thar chríoch an Aontais gan tuirlingt;

(b)

stadanna a dhéanamh i gcríoch an Aontais chun críocha nach mbaineann le trácht, de réir bhrí Choinbhinsiún Chicago;

(c)

seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;

(d)

ar feadh 5 mhí ar a mhéad ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2), seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do sheirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch an Aontais agus an ceann eile suite i gcríoch tríú tír, mar chuid de sheirbhís ina bhfuil tionscnamh nó ceann scríbe i gcríoch na Ríochta Aontaithe. Ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe do na seirbhísí sin thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018 faoi seach, pro rata temporis;

(e)

ar feadh 7 mí ar a mhéad ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2), leanúint d'aersheirbhísí sceidealta a sholáthar ar bhealaí faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcás inar deonaíodh an ceart chun oibriú i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faoi réir na coinníollacha do na seirbhísí sin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a bheith á gcomhlíonadh.

2.   Úsáidfidh na Ballstáit an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 chun aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh na seirbhísí poiblí a mheastar a bheith riachtanach tar éis don tréimhse sin dul in éag, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

3.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i leith na tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag an Rialachán seo. Maidir leis an tréimhse sin, ní dheonóidh siad ar aon slí eile d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, i dtaca le haeriompar, aon chearta seachas na cearta sin a dheonaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Socruithe margaíochta comhoibritheacha

1.   Féadfar seirbhísí aeriompair i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a sholáthar faoi shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail socruithe maidir le suíocháin in áirithe nó socruithe códroinnte, mar a leanas:

(a)

féadfaidh an t-aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a theachtann na cearta tráchta is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht.

(b)

féadfaidh an t-aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir oibriúcháin, le haon iompróir margaíochta arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir margaíochta de chuid tríú tír a theachtann na cearta bealaigh is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht.

2.   Maidir le dul ar iontaoibh socruithe margaíochta, bíodh sé mar iompróir oibriúcháin nó mar iompróir margaíochta, ní bheidh mar thoradh air i gcás ar bith, i dtaobh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, go mbeidh cearta á bhfeidhmiú aige seachas na cearta sin dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

3.   Ní dhéanfar i gcás ar bith na cearta arna ndeonú d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi mhír 1 a fhorléiriú mar aon chearta a bheith á dtabhairt d'aeriompróirí tríú tír seachas na cearta sin atá acu faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

4.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a cheangal go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear i mír 1 a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir le sábháilteacht agus slándáil.

Airteagal 6

Léasú aerárthaí

1.   Agus na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) á bhfeidhmiú aige, féadfaidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe seirbhísí aeriompair a sholáthar lena aerárthaí féin agus i ngach cás díobh seo a leanas:

(a)

ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú gan chriú ó aon léasóir;

(b)

ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú le criú ó aon aeriompróir eile de chuid na Ríochta Aontaithe;

(c)

ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú le criú ó aeriompróirí d'aon tír seachas an Ríocht Aontaithe, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an léasú ar bhonn riachtanais eisceachtúla, riachtanais toillte shéasúracha, nó deacrachtaí oibríochtúla an léasaí agus nach maireann an léasú níos faide ná an fad a bhfuil géarghá leis chun na riachtanais sin a chomhlíonadh nó na deacrachtaí sin a shárú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a cheangal go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear i mír 1 a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ansin agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir le sábháilteacht agus slándáil.

Airteagal 7

Ceadúnais oibríochta a láimhseáil i bhfianaise na gceanglas úinéireachta agus rialaithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, i gcás ina scoireann aeriompróir a bhfuil ceadúnas oibríochta aige, arna eisiúint ag Ballstát seachas an Ríocht Aontaithe, de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe (f) d'Airteagal 4 den Rialachán sin (“ceanglais úinéireachta agus rialaithe”) mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ní dhéanfaidh mainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh difear do bhailíocht an cheadúnais oibríochta go dtí tréimhse 6 mhí ón gcéad lá den chur i bhfeidhm a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2) den Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

2.   Taobh istigh de 2 sheachtain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an t-aeriompróir plean i dtaca le gníomh feabhais i láthair don údarás ceadúnaithe inniúil. Leagfar amach leis an bplean sin, ar bhealach iomlán agus beacht, na bearta atá beartaithe chun lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe a bhaint amach ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar a dhéanaí. I gcás nach mbeidh plean curtha i láthair ag an aeriompróir laistigh den teorainn ama, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir a bharúlacha a chur in iúl, an ceadúnas oibríochta a chúlghairm láithreach, ach ar a luaithe ón dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2), agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm sin coicís tar éis chinneadh an údaráis ceadúnaithe, ach ar a luaithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe a chinneadh in iúl don aeriompróir agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.

3.   I gcás ina mbeidh plean i dtaca le gníomh feabhais curtha i láthair ag an aeriompróir laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, taobh istigh de 2 mhí ón bplean a fháil, measúnú ar cibé an mbainfí amach de thoradh ar na bearta arna leagan amach ann lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, agus ar cibé an dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin. Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil an t-aeriompróir agus an Coimisiún ar an eolas maidir lena mheasúnú.

4.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann a bharúlacha a chur in iúl, nach mbainfí amach lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe de thoradh ar na bearta a leagtar amach sa phlean ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás nár dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin, féadfaidh sé an ceadúnas oibríochta a chúlghairm láithreach. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm sin coicís tar éis chinneadh an údaráis ceadúnaithe. Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe a chinneadh in iúl don aeriompróir agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.

5.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil go mbainfí amach lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe de thoradh ar na bearta a leagtar amach sa phlean ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, agus i gcás inar dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin, déanfaidh sé grinnfhaireachán leanúnach ar chur chun feidhme an phlean agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le torthaí an fhaireacháin.

6.   Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cibé an bhfuil na ceanglais úinéireachta agus rialaithe á lánchomhlíonadh ag an aeriompróir. Má chinneann an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann a bharúlacha a chur in iúl, nach bhfuil na ceanglais úinéireachta agus rialaithe á lánchomhlíonadh ag an aeriompróir, déanfaidh sé an ceadúnas oibríochta a chúlghairm amhail ón gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

7.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don údarás ceadúnaithe inniúil agus don aeriompróir a mbarúlacha a chur in iúl, gur mhainnigh an t-údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta ábhartha a chúlghairm, i gcás ina bhfuil gá leis an gcúlghairm sin faoi mhír 2 nó faoi mhír 6 den Airteagal seo, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta a chúlghairm i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 15(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Beidh feidhm ag an tríú fomhír agus ag an gceathrú fomhír d'Airteagal 15(3) den Rialachán sin.

8.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhorála eile a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

Airteagal 8

Coibhéis maidir le cearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais agus na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhchosúil d'aeriompróirí uile an Aontais, déanfaidh an Coimisiún gan mhoill agus d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe i gcomhair seirbhísí aeriompair sceidealaithe a bheidh ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)

a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm; nó

(c)

dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(3), más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil easpa mhór choibhéise chun críocha mhír 2, má cheanglaítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais práinne.

Airteagal 9

Iomaíocht chóir

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina rachaidh aeriompróirí agus aerfoirt an Aontais in iomaíocht le haeriompróirí agus aerfoirt na Ríochta Aontaithe i dtaca leis na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sholáthar.

2.   I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha atá á dteachtadh ag aeriompróirí de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, chun an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe i gcomhair seirbhísí aeriompair sceidealaithe a bheidh ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)

a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm maidir le haeriompróirí uile na Ríochta Aontaithe nó roinnt díobh; nó

(c)

dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(3), más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil bagairt d'inmharthanacht eacnamaíoch oibríochta amháin nó níos mó de chuid aeriompróirí an Aontais, go gceanglaítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais práinne.

3.   Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a ghlacadh faoi réir na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na cásanna seo a leanas a réiteach:

(a)

fóirdheontais a bheith á ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)

gan dlí na hiomaíochta a bheith ar bun ag an Ríocht Aontaithe nó curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe;

(c)

gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun agus á choinneáil ar bun ag an Ríocht Aontaithe;

(d)

caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, an comhshaol, nó cearta paisinéirí, atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)

aon chineál idirdhealaithe i gcoinne aeriompróirí an Aontais.

4.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróirí na Ríochta Aontaithe nó aerfoirt na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróir na Ríochta Aontaithe nó aerfort na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.

5.   Ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Údarú oibríochta

1.   Gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta, chun na cearta a dheonaítear dóibh faoi Airteagal 4 a fheidhmiú, cuirfear de cheangal ar aeriompróirí na Ríochta Aontaithe údarú oibríochta a fháil ó gach Ballstát ina dteastaíonn uathu oibriú.

2.   Tar éis dó iarratas ar údarú oibríochta a fháil ó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-údarú oibríochta iomchuí a dheonú gan moill mhíchuí, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir; agus

(b)

go bhfeidhmíonn agus go gcoinníonn an Ríocht Aontaithe ar bun rialú rialála éifeachtach ar aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir, go sainaithnítear an t-údarás inniúil go soiléir agus go bhfuil deimhniú aeroibreora atá curtha ar fáil ag an údarás sin ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe.

3.   Gan dochar don ghá atá ann go leor ama a thabhairt chun measúnuithe riachtanacha a dhéanamh, beidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i dteideal a n-iarratais ar údaráis oibríochta a chur isteach ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh sé de chumhacht ag na Ballstáit na hiarratais sin a fhormheas amhail ón lá sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an bhformheas sin. Ní bheidh éifeacht ag aon údaruithe a dheonófar ar an gcaoi sin, áfach, níos túisce ná an chéad lá den chur i bhfeidhm a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Pleananna, cláir agus sceidil oibríochta

1.   Déanfaidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe pleananna, cláir agus sceidil oibríochta maidir le haersheirbhísí a thíolacadh lena bhformheas chuig údaráis inniúla gach Ballstáit lena mbaineann. Déanfar aon tíolacadh den chineál sin 30 lá ar a laghad roimh thús na n-oibríochtaí.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 10, féadfar na pleananna, na cláir agus na sceidil oibríochta do shéasúr IATA atá ann ar an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2) i bhfeidhm agus na pleananna, na cláir agus na sceidil oibríochta sin don chéad séasúr eile dá éis sin a thíolacadh agus a fhormheas roimh an dáta sin.

3.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar údaruithe a bheith á n-eisiúint ag na Ballstáit chun aersheirbhísí a bheith á n-oibriú ag iompróirí an Aontais le linn dóibh na cearta arna dtabhairt dóibh ag an Ríocht Aontaithe a fheidhmiú. Ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir iompróirí an Aontais i leith na n-údaruithe sin.

Airteagal 12

Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí agus a theorannú

1.   Diúltóidh na Ballstáit údarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe, nó de réir an cháis, déanfaidh siad é sin a chúlghairm nó a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl an t-aeriompróir cáilithe ina aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe de réir an Rialacháin seo; nó

(b)

níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10(2) comhlíonta.

2.   Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

na ceanglais sábháilteachta agus slándála atá infheidhme, níl siad á gcomhlíonadh;

(b)

na ceanglais is infheidhme maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil don aeriompar a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hiad a oibriú sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad á gcomhlíonadh;

(c)

na ceanglais is infheidhme maidir le paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post (lena n-áirítear rialacháin maidir le hiontráil, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, rialacháin maidir le post) a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hoibríochtaí ina leith sin a dhéanamh sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad á gcomhlíonadh;

3.   Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le hoibríochtaí aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur, i gcás ina gceanglóidh an Coimisiún orthu é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 9:

4.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.

Airteagal 13

Deimhnithe agus ceadúnais

Maidir le deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais arna n-eisiúint nó arna mbailíochtú ag an Ríocht Aontaithe atá i bhfeidhm fós, aithneoidh na Ballstáit go mbeidh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin bailí chun seirbhísí aeriompair a bheith á n-oibriú ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, ar choinníoll gur eisíodh agus gur bailíochtaíodh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin de bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, ar a laghad, a bunaíodh faoi Coinbhinsiún Chicago agus i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 14

Comhairliúchán agus comhar

1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí aon fhaisnéis a fuarthas de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 8 agus Airteagal 9 a chur chun feidhme.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Beidh feidhm ag Airteagal 7, Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(2), áfach, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

4.   Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige ar an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:

(a)

an dáta a thiocfaidh comhaontú cuimsitheach leis an Ríocht Aontaithe, ar páirtí an tAontas ann, i bhfeidhm lena rialófar soláthar aeriompair nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

(b)

an 30 Márta 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 162, 30.4.2004, lch. 1).


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

60


RIALACHÁN (AE) 2019/503 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

I réimse an iompair iarnróid, is féidir leis na hoibreoirí lena mbaineann an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus údaruithe a leigheas trí bhearta éagsúla. Áirítear ar na bearta sin na hoibreoirí iad féin a bhunú i gceann de na Ballstáit a bheidh fágtha agus na ceadúnais agus na deimhnithe iomchuí a fháil ann.

(3)

Bheadh gá le comhaontuithe sonracha, dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go díreach le seirbhísí agus bonneagar iarnróid trasteorann, agus, sa chaoi sin, leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú agus suaitheadh a íoslaghdú. I gcomhréir leis an Treoir sin, d'áiritheofaí leis na comhaontuithe sin freisin cóireáil chómhalartach do ghnóthais de chuid an Aontais agus do ghnóthas atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhaineann úsáid as bonneagar trasteorann.

(4)

Ní féidir comhaontuithe den sórt sin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích go dtí go ndéanfar tríú tír den Ríocht Aontaithe. Go háirithe, is faoi Choimisiún Idir-Rialtasach arna bhunú faoi Chonradh Canterbury, a síníodh an 12 Feabhra 1986, atá sé rialacha sábháilteachta an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le Tollán Mhuir nIocht, agus i réimse na sábháilteachta baineann an Coimisiún Idir-Rialtasach tairbhe as comhairle ón Údarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht. Níor mhór an córas a bunaíodh leis an gConradh sin a oiriúnú agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart an fhreagracht as an gcuid de Thollán Mhuir nIocht atá ar chríoch na Fraince a bheith faoi rialú aonair údaráis inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an gcuid sin den tollán. D'fhéadfadh an t-údarás inniúil sin, áfach, d'fhonn a chúraimí a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr is féidir agus ag féachaint do ghnéithe comhchoiteanna an tolláin ar dhá thaobh na teorann agus chun comhsheasmhacht na gcinntí a éascú, tuairimí comhlachta dhénáisiúnta, a bunaíodh faoi chomhaontú idir an dá thír, a chur san áireamh, ar comhlacht é amhail an tÚdarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht a bunaíodh le Conradh Canterbury, a thugann comhairle don Choimisiún Idir-Rialtasach, nó modhanna eile a fhorbairt le comhoibriú leis na húdaráis atá freagrach as an gcuid den tollán atá ar chríoch na Ríochta Aontaithe.

(5)

Tá na bearta sa Rialachán seo coinníollach ar chaighdeáin sábháilteachta agus ar nósanna imeachta sábháilteachta, ar cheanglais maidir le rochtain ar oibriú mar ghnóthas iarnróid, agus ar cheanglais maidir le traein a thiomáint, ceanglais atá go díreach mar an gcéanna le ceanglais an Aontais atá á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar a úsáidtear chun nascacht iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú mar aon le gnóthais a mbíonn traenacha á n-oibriú acu agus tiománaithe a mbíonn traenacha á dtiomáint acu ar an mbonneagar sin.

(6)

Chun gur féidir le páirtithe lena mbaineann na comhaontuithe is gá a dhéanamh agus chun aon bheart eile is gá a dhéanamh le suaitheadh a sheachaint, is gá, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh, síneadh a chur le bailíocht deimhnithe, údaruithe agus ceadúnas áirithe.

(7)

Maidir le fad ama an tsínidh sin le bailíocht na ndeimhnithe, na n-údaruithe, agus na gceadúnas, ba cheart é a theorannú don mhéid ama is fíorghá chun go mbeidh na Ballstáit lena mbaineann in ann na céimeanna sin is gá a ghlacadh, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dTreoir 2004/49/CE ó Pharlaimint agus ón gComhairle (4), i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i dTreoir 2012/34/AE.

(8)

Chun mórshuaitheadh ar sheirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, is den bhunriachtanas é freisin go ndéanfaidh na hoibreoirí iarnróid agus na húdaráis náisiúnta na bearta is gá go pras chun a áirithiú go ndéanfar deimhnithe, údaraithe agus ceadúnais a thagann faoin Rialachán seo a eisiúint in am trátha sula scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige, agus go ndéanfar deimhnithe, údaruithe agus ceadúnais eile is gá chun oibriú ar chríoch an Aontais a eisiúint roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an sochar arna thabhairt do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas a aistarraingt, i gcás nach n-áirithítear go bhfuil na ceanglais de chuid an Aontais á gcomhlíonadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d'fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

Ba cheart d'fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ach amháin má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta áirithe agus údaruithe sábháilteachta áirithe arna n-eisiúint faoi Threoir 2004/49/CE, ceadúnais áirithe do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoi Threoir 2007/59/CE agus ceadúnais áirithe do ghnóthais iarnróid arna n-eisiúint faoi Threoir 2012/34/AE.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe, na húdaruithe agus na ceadúnais seo a leanas, a bheith bailí an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú;

(b)

deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(c)

ceadúnais arna n-eisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(d)

ceadúnais do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2007/59/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir 2004/49/CE, Treoir 2007/59/CE agus Treoir 2012/34/AE agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Treoracha sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir leis na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir (AE) 2016/798 agus in aon ghníomh tarmligthe agus in aon ghníomh cur chun feidhme eile arna ghlacadh faoin Treoir sin, beidh feidhm acu ón dáta is infheidhme í maidir leis na húdaruithe agus na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Bailíocht na n-údaruithe sábháilteachta, na ndeimhnithe sábháilteachta, na gceadúnas oibríochta agus na gceadúnas do thiománaithe traenach

1.   Maidir leis na húdaruithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2) agus maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2), ní bheidh siad bailí ach amháin chun na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a shroicheadh ón Ríocht Aontaithe nó chun imeacht ó na stáisiúin agus na críochfoirt sin chuig an Ríocht Aontaithe.

2.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De mhaolú ar Airteagal 23(1) de Threoir 2012/34/AE, ní bheidh na ceadúnais sin bailí ach amháin sa chríoch atá suite idir na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

3.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le haghaidh tiománaithe traenach agus iad ag oibriú ar an gcríoch atá suite idir na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4

Rialacha agus oibleagáidí i ndáil le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais

1.   Maidir le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais arna rialú ag Airteagal 3 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE, Treoir (AE) 2016/798 ón dáta a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme maidir leis na n-údaruithe sin, Treoir 2012/34/AE agus Treoir 2007/59/CE, agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh faoi na Treoracha sin.

2.   Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus, de réir mar is iomchuí, an t-údarás a eisíonn iad i gcás nach ionann é agus an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta a bhfuil an bonneagar lonnaithe ar a chríoch san Aontas faoi seach, arb é sin an t-údarás faoina inniúlacht a bhfuil na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann atá liostaithe san Iarscríbhinn, comhoibreoidh siad leis an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta sin agus cuirfidh siad chuige an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir.

3.   I gcás nár seachadadh an fhaisnéis ná na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in iarrataí arna ndéanamh ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ón Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (d) d'Airteagal 1(2) den Rialachán seo, cuirfidh siad an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheidh ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2004/49/CE, faoi Threoir 2007/59/EC nó faoi Threoir (AE) 2016/798.

Cuirfidh sealbhóirí údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla eile is féidir a bheith ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2012/34/AE.

5.   Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin, go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

6.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2), chun críocha mhír (1) go mír (5) den Airteagal seo, is é a thuigfear le tagairtí don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta ná tagairtí d'údarás ceadúnúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

Airteagal 5

Faireachán ar chomhlíonadh dhlí an Aontais

1.   Déanfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid atá á gcur i bhfeidhm maidir le gnóthais iarnróid arna mbunú sa Ríocht Aontaithe a úsáideann an bonneagar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2), agus a chuirtear i bhfeidhm i leith an bhonneagair trasteorann sin. Ina theannta sin, déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta a sheiceáil go gcomhlíonann na bainisteoirí bonneagair na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus go gcomhlíonann na tiománaithe traenach atá ag oibriú ar an gcríoch faoina dhlínse na ceanglais a leagtar amach sna forálacha ábhartha de dhlí an Aontais. Cuirfidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta tuarascálacha ar fáil don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis an ábhar sin, agus cuirfidh sé ag gabháil leo, i gcás inarb iomchuí, moladh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6) den Rialachán seo faireachán ar cibé an leantar ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 19 go Airteagal 22 de Threoir 2012/34/AE i ndáil le gnóthais iarnróid atá ceadúnaithe ag an Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina mbeidh amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú bonneagair seirbhísí nó bonneagar iarnróid trasteorann atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an méid sin i gcás ina bhfuil amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a bhaineann le ceadúnas a fháil mar ghnóthas iarnróid nó le ceadúnas a fháil chun traein a thiomáint.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta nó an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), faoi seach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus sprioc-am réasúnta a leagan síos. I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis a iarradh ar fáil laistigh den tréimhse ama a bunaíodh, nó i gcás ina gcuireann faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta nó don údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), de réir mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin agus d'Údarás Sábháilteachta Náisiúnta agus udarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

Airteagal 6

Comhairliúchán agus comhar

1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Coiste

1.   Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear i mír 2.

4.   Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige 9 mí ón lá a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme i gcomhréir le mír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2019.

(2)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(5)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).


IARSCRÍBHINN

Seo a leanas na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4:

1.   ÉIRE

Dún Dealgan / Dundalk

2.   AN FHRAINC

Calais-Fréthun


CINNTÍ

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

66


CINNEADH (AE) 2019/504 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, de dhroim tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Maidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar, mar a comhaontaíodh ag na hidirbheartuithe, tá socruithe ann maidir le forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag Treoir (AE) 2018/2002 (3), lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa augs ón gComhairle (4), agus ag Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)

Le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE, a tugadh isteach le Treoir (AE) 2018/2002, ceanglaítear ar na Ballstáit rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 32,5 % ar a laghad a shocrú ionsar spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030. Agus na rannchuidithe sin á socrú acu, tá na Ballstáit le tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 ó thaobh tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh a chur san áireamh.

(4)

Leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 ó thaobh tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh a chur san áireamh ina rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ionsar spriocanna an Aontais. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 29(3) den Rialachán sin, tá tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais ábhartha, freisin, don mheasúnú ón gCoimisiún ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna an Aontais a bhaint amach le chéile.

(5)

Mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is gá na figiúirí tomhaltais fuinnimh réamh-mheasta don Aontas in 2030 a leasú chun Aontas ina bhfuil 27 mBallstát, gan an Ríocht Aontaithe a áireamh, (“AE27”) a léiriú. Léirítear sna réamh-mheastacháin a rinneadh ar phríomhspriocanna an Aontais de 32,5 % ar a laghad gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 273 milliún tona de choibhéis ola (Mtoe) agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 956 Mtoe in 2030 le haghaidh Aontas ina bhfuil 28 mBallstát. Léirítear sna réamh-mheastacháin choibhéiseacha le haghaidh AE27 gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 128 Mtoe agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 846 Mtoe in 2030. Dá bharr sin, ní mór na figiúirí do na leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 a leasú.

(6)

Tá na réamh-mheastacháin chéanna ar an tomhaltas fuinnimh in 2030 ábhartha freisin d'Airteagal 6 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (6), tá scor cur i bhfeidhm gníomhartha, ar scor é atá socraithe ar dháta ar leith, le tarlú ar dhul in éag uair dheireanach an lae a thiteann ar an dáta sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón dáta a leanann an dáta a scoirfidh Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun ullmhúchán a dhéanamh gan mhoill do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 2012/27/AE

In Airteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Socróidh gach Ballstát rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ionsar spriocanna 2030 an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Agus na rannchuidithe sin á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh nach bhféadfaidh tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 a bheith níos mó ná 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil agus/nó nach bhféadfaidh sé a bheith níos mó ná 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na rannchuidithe sin don Choimisiún mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 7 go hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Ina rannchuidiú táscach náisiúnta féin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030 agus don bhliain deiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin de bhun phointe (b)(1) d'Airteagal 4, déanfaidh gach Ballstát a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2020 le bheith os cionn 1 483 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil ná a bheith os cionn 1 086 Mtoe d'fhuinneamh deiridh agus nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 le bheith os cionn 1 228 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/ná a bheith os cionn 846 Mtoe d'fhuinneamh deiridh.”;

(2)

in Airteagal 29(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le chéile i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil, agus 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh, a bhaint amach ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE.”.

Airteagal 3

Teorainneacha ama

Ní dochar Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Chinneadh seo do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2002 agus in Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus Airteagal 2 ón dáta a leanann an dáta a scoirfidh Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 23 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.

(3)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).


Ceartúcháin

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Eanáir 2019 maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 38 Eagrán Speisialta Gaeilge an 8 Feabhra 2019 )

Ar leathanach 18, Iarscríbhinn, Cuid A, tábla, líne 11 (a bhaineann le huimhir ordaithe 094166):

in ionad:

“Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

25 516

OT

094166

88 %

22 442 ”,

léitear:

“Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

25 516

EO

094166

88 %

22 442 ”.


27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Eanáir 2019 lena gcomhlánaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadaithe a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 8 I/1 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Eanáir 2019 )

Ar leathanach 1, an teideal:

in ionad:

“RIALACHÁN (AE) 2019/26 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Eanáir 2019 lena gcomhlánaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadaithe a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas”,

léitear:

“RIALACHÁN (AE) 2019/26 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Eanáir 2019 lena gcomhlánaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas”.

Ar leathanach 2, aithris 6, an tríú habairt:

in ionad:

“Dá bhrí sin, is gá cineálcheaduithe a thabhairt do mhonaróirí ceaduithe nua a fháil ó údaráis cineálcheadaithe na mBallstát seachas an Ríocht Aontaithe.”,

léitear:

“Dá bhrí sin, is gá cead a thabhairt do mhonaróirí cineálcheaduithe nua a fháil ó údaráis chineálcheadaithe na mBallstát seachas an Ríocht Aontaithe.”.

Ar leathanach 2, aithris 8:

in ionad:

“Chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a sholáthar do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do mhonaróirí, is gá coinníollacha is infheidhme sna Ballstáit uile a leagan síos ar dhóigh thrédhearcach.”,

léitear:

“Chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a sholáthar do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do mhonaróirí, is gá coinníollacha cothroma is infheidhme sna Ballstáit uile a leagan síos ar dhóigh thrédhearcach.”.

Ar leathanach 2, aithris 9, ón tríú líne ar aghaidh:

in ionad:

“[…] cineálacha sin ionas go bhfaighidh siad ceadú ó údarás Ballstáit seachas an Ríocht Aontaithe ná na ceanglais is infheidhme maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh nua a chur ar an margadh agus níor cheart na ceanglais is infheidhme maidir le cineálacha nua a bheith san áireamh.”,

léitear:

“cineálacha sin ionas go bhfaighidh siad ceadú ó údarás cineálcheadaithe an Bhallstáit seachas an Ríocht Aontaithe ná na ceanglais is infheidhme maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh nua a chur ar an margadh agus níor cheart na ceanglais is infheidhme maidir le cineálacha nua a bheith san áireamh.”.

Ar leathanach 3, aithris 14:

in ionad:

“Ag an am céanna, ós rud é go mbeidh údaráis cheadaithe de chuid an Aontais freagrach go hiomlán as cineálcheaduithe nua an Aontais a dheonóidh siad, ba cheart an lánrogha a bheith acu a éileamh go ndéanfaí tástálacha nua ar aon ghné den chineálcheadú de réir mar is cuí leo.”,

léitear:

“Ag an am céanna, ós rud é go mbeidh údaráis chineálcheadaithe de chuid an Aontais freagrach go hiomlán as cineálcheaduithe nua an Aontais a dheonóidh siad, ba cheart an lánrogha a bheith acu a éileamh go ndéanfaí tástálacha nua ar aon ghné den chineálcheadú de réir mar is cuí leo.”.

Ar leathanach 3, aithris 16, an tríú habairt:

in ionad:

“Dá bhrí sin, ní mór don údarás a dheonaíonn cineálcheadú an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo na hoibleagáidí sin a ghabháil air féin freisin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá bunaithe ar an gcineál céanna agus a cuireadh ar margadh an Aontais cheana ar bhonn cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe chun a áirithiú gurb ann d'údarás cineálcheadaithe freagrach.”,

léitear:

“Dá bhrí sin, ní mór don údarás a dheonaíonn cineálcheadú an Aontais na hoibleagáidí sin a ghabháil air féin freisin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá bunaithe ar an gcineál céanna agus a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana ar bhonn cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe chun a áirithiú gurb ann d'údarás cineálcheadaithe freagrach.”.

Ar leathanach 3, aithris 17, an dara habairt:

in ionad:

“Ós rud é nár cheart go mbeadh monaróirí faoi mhíbhuntáiste de bharr gur bhaineadar úsáid as an Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt an stoc d'fheithiclí, de chórais, de chomhpháirteanna agus d'aonaid theicniúla ar leithligh atá comhlántach agus a táirgeadh ar bhonn cineálcheadú ón Ríocht Aontaithe a chur ar an margadh, a chlárú agus a chur i mbun seirbhíse ón uair a bheidh cineálcheadú nua ón Aontas faighte ag na monaróirí agus chomh fada agus a leanann reachtaíocht cineálcheadaithe an Aontais d'fheidhm a bheith aici i leith na Ríochta Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ar an gcoinníoll go leanann na feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh sin de cheanglais ghinearálta na ngníomhartha a liostaítear in Airteagal 1 a chomhlíonadh.”,

léitear:

“Ós rud é nár cheart go mbeadh monaróirí faoi mhíbhuntáiste de bharr gur bhaineadar úsáid as an Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt an stoc d'fheithiclí, de chórais, de chomhpháirteanna agus d'aonaid theicniúla ar leithligh atá comhlíontach agus a táirgeadh ar bhonn cineálcheadú ón Ríocht Aontaithe bailí a chur ar an margadh, a chlárú agus a chur i mbun seirbhíse ón uair a bheidh cineálcheadú nua ón Aontas faighte ag na monaróirí agus chomh fada agus a leanann reachtaíocht cineálcheadaithe an Aontais d'fheidhm a bheith aici i leith na Ríochta Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ar an gcoinníoll go leanann na feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh sin de cheanglais ghinearálta na ngníomhartha a liostaítear in Airteagal 1 a chomhlíonadh.”.

Ar leathanach 3, aithris 17, an tríú habairt:

in ionad:

“Ós rud é go bhféadfadh difríocht a bheith idir na hamanna a tharlaíonn cur ar an margadh, clárú agus dul i mbun seirbhíse, ba cheart an t-am a tharlaíonn an chéad cheann de na céimeanna sin a úsáid chun a chinntiú na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo.”,

léitear:

“Ós rud é go bhféadfadh difríocht a bheith idir an tráth a tharlaíonn cur ar an margadh, clárú agus dul i mbun seirbhíse, ba cheart gurb é an tráth a tharlaíonn an chéad cheann de na céimeanna sin an tráth a úsáidfear leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo a chinneadh.”.

Ar leathanach 3, aithris 18, an chéad abairt:

in ionad:

“Ní mór freisin go ngabhfadh údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais oibleagáidí áirithe chucu féin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a cuireadh ar an margadh ar bhonn cineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe ach nach bhfuil bailí a thuilleadh de bhun Airteagal 17 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1628 nó nach bhfuil cineálcheadú á iarraidh ina leith.”,

léitear:

“Ní mór freisin go ngabhfadh údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais oibleagáidí áirithe chucu féin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a cuireadh ar an margadh ar bhonn cineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe ach nach bhfuil bailí a thuilleadh de bhun Airteagal 17 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1628 nó nach bhfuil cineálcheadú de chuid an Aontais á iarraidh ina leith.”.

Ar leathanach 3, aithris 20:

in ionad:

“Na díolúintí agus na forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir le hinnill nó feithiclí agus soghluaiste nach innealra bóthair é, ina bhfuil innill den sórt sin suiteáilte iontu mar a leagtar amach in Airteagal 10(7) de Threoir 97/68/CE, Airteagal 34(7) agus (8) nó Airteagal 58(5) go (11) de Rialachán (AE) 2016/1628, agus i ngníomhartha a glacadh ar bhonn Airteagal 19(6), Airteagal 20(8), Airteagal 28(6) agus Airteagal 53(12) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus a cheadaíonn innill, feithiclí agus soghluaiste nach innealra bóthair é den sórt sin a chur ar an margadh gan gá a bheith le cineálcheadú bailí, ba cheart go leanfaidís d'fheidhm a bheith acu.”,

léitear:

“Na díolúintí agus na forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir le hinnill nó feithiclí agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, ina bhfuil innill den sórt sin suiteáilte iontu mar a leagtar amach in Airteagal 10(7) de Threoir 97/68/CE, Airteagal 34(7) agus (8) nó Airteagal 58(5) go (11) de Rialachán (AE) 2016/1628, agus i ngníomhartha a glacadh ar bhonn Airteagal 19(6), Airteagal 20(8), Airteagal 28(6) agus Airteagal 53(12) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus a cheadaíonn innill, feithiclí agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é den sórt sin a chur ar an margadh gan gá a bheith le cineálcheadú bailí, ba cheart go leanfaidís d'fheidhm a bheith acu.”.

Ar leathanach 5, Airteagal 5, pointe 3, an dara habairt:

in ionad:

“Sa chás sin, féadfaidh seirbhís theicniúil atá ainmnithe agus a bhfuil fógra tugtha ina leith ag na mBallstát, ina bhfuil an t-údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais suite, na tastálacha sin a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) 2016/1628.”,

léitear:

“Sa chás sin, déanfaidh seirbhís theicniúil atá ainmnithe agus a bhfuil fógra tugtha ina leith ag an mBallstát ina bhfuil an t-údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais suite na tastálacha sin i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) 2016/1628.”.

Ar leathanach 5, Airteagal 5, pointe 4, an tríú habairt:

in ionad:

“I gcás feithiclí, beidh sa deimhniú cineálcheadaithe agus sa deimhniú comhréireachta, faoi ‘Nótaí:’, an trácht ‘Cineálcheadaithe cheana mar’ agus déanfar tagairt iontu d'uimhir agus do dháta an deimhnithe cineálcheadaithe a fuarthas ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe. I gcás córas, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, is ‘Cineálcheadaithe cheana agus marcáilte mar’ a bheidh sa trácht sa deimhniú ar chineálcheadú agus déanfar tagairt ann don mharcáil cineálcheadaithe a fuarthas ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe.”,

léitear:

“I gcás feithiclí, beidh sa deimhniú cineálcheadaithe agus sa deimhniú comhréireachta, faoi ‘Nótaí:’, an trácht ‘Cineálcheadaithe cheana mar’ agus déanfar tagairt iontu d'uimhir agus do dháta an deimhnithe cineálcheadaithe de chuid AE a fuarthas ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe. I gcás córas, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, is ‘Cineálcheadaithe cheana agus marcáilte mar’ a bheidh sa trácht sa deimhniú ar chineálcheadú agus déanfar tagairt ann don mharcáil cineálcheadaithe a fuarthas tar éis chineálcheadú na Ríochta Aontaithe.”.

Ar leathanach 6, Airteagal 6, pointe 4:

in ionad:

“Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais údaráis cineálcheadaithe na mBallstát eile agus an Coimisiún ar an eolas i dtaobh na gcineálacha ar thoiligh sé oibleagáidí údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe ina leith a ghlacadh chuige féin i gcomhréir le mír 1.”,

léitear:

“Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais údaráis chineálcheadaithe na mBallstát eile agus an Coimisiún ar an eolas i dtaobh na gcineálacha ar a ghabh sé oibleagáidí údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe ina leith i gcomhréir le mír 1.”.